EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh (CEMI) (2014-2020)

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 — an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Féachtar leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh (CEMI) cuidiú a thabhairt do phobail chósta agus dóibh siúd atá ag obair sna hearnálacha iascaireachta agus dobharshaothraithe oiriúnú do chomhbheartas iascaigh (CBI) nua–athchóirithe an Aontais Eorpaigh don tréimhse 2014-2020.

PRÍOMHPHOINTÍ

Buiséad agus tosaíochtaí

Tá buiséad €6.5 billiún ag CEMI don tréimhse 2014-2020, agus féachtar leis an gciste sin:

  • stoic éisc a athshlánú, tionchar na hiascaireachta ar an muirthimpeallacht a laghdú agus deireadh a chur le héisc aischurtha* de réir a chéile;
  • tacú leis an iascaireacht áitiúil ar mhionscála agus le hiascairí óga;
  • cabhrú le pobail a ngeilleagar áitiúil a éagsúlú;
  • tionscadail a mhaoiniú a chruthóidh poist agus a chuirfidh feabhas ar an mianach saoil ar chóstaí na hEorpa;
  • tacú leis an dobharshaothrú Eorpach (feirmeoireacht éisc agus sliogéisc);
  • cistiúchán a chur ar fáil chun feabhas a chur ar an eolas eolaíoch faoin timpeallacht mhuirí agus chun sonraí ábhartha a bhailiú, ionas go ndéanfar cinntí bunaithe ar fhaisnéis iontaofa;
  • cláir um rialú iascaireachta a neartú;
  • tacú le hinfheistíochtaí nuálachain árthaí iascaireachta, mar shampla chun roghnaíocht an trealaimh iascaireachta* a fheabhsú;
  • tacú (faoi choinníollacha áirithe) le hinfheistíocht i dtrealamh nó ar bord na mbád iascaireachta a fhéachann le hastú truailleán nó gáis ceaptha teasa a laghdú;
  • margaíocht agus próiseáil sna hearnálacha iascaireachta agus dobharshaothraithe a fheabhsú;
  • tacú le beartas muirí comhtháite AE trí chomhordú trasna teorainneacha agus idir earnálacha a éascú (mar shampla pleanáil spásúil mhuirí agus faireachas muirí comhtháite, agus maidir le heolas faoi staid na muirthimpeallachta a fheabhsú).

Cur chun feidhme

Bearta sealadacha phaindéim COVID-19 — leasú ar an rialachán

  • Tugadh bearta sonracha isteach, a bheidh ar fáil go dtí an 31 Nollaig 2020, chun tionchar socheacnamaíoch phaindéim COVID-19 a mhaolú faoi Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/560. Éascaítear leo sin freisin ath–leithdháileadh níos solúbtha maidir le hacmhainní airgeadais laistigh de chlár oibriúcháin gach Ballstáit agus simplítear leo an nós imeachta chun cláir oibriúcháin a leasú. Faoi choinníollacha áirithe, féadfar an méid seo a leanas a sholáthar faoi CEMI freisin:
    • tacaíocht maidir le scor sealadach de ghníomhaíochtaí iascaireachta;
    • cúiteamh i leith caillteanais eacnamaíocha áirithe arna dtabhú ag táirgeoirí dobharshaothraithe agus fiontair phróiseála;
    • caipiteal oibre do tháirgeoirí dobharshaothraithe agus d’fhiontair phróiseála; agus
    • tacaíocht d’eagraíochtaí táirgeoirí agus do chumainn eagraíochtaí táirgeoirí le haghaidh stóráil táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe.

Bearta chun maolú a dhéanamh ar iarmhairtí chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine - leasú ar an rialachán

  • Le Rialachán leasaitheach (AE) 2022/1278 féadfaidh na Ballstáit a gcláir oibriúcháin a leasú chun acmhainní eile CEMI a úsáid chun cúiteamh a thabhairt d’oibreoirí agus do tháirgeoirí as an ioncam caillte, mar aon leis na costais bhreise a thabhaítear mar gheall ar an gcogadh, amhail an méadú ar fhuinneamh, ar amhábhair agus ar phraghsanna beatha éisc.
  • Is féidir le hiascairí a raibh orthu scor dá gcuid gníomhaíochtaí mar gheall ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine tacaíocht CEMI a fháil chomh maith.
  • Cuirtear tacaíocht ar fáil go cúlghabhálach ón 24 Feabhra 2022, nuair a thosaigh ionsaí na Rúise, ag ráta cómhaoinithe 75% den chaiteachas poiblí incháilithe.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

  • Tá feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ón 1 Eanáir 2014.
  • Tá feidhm ag Rialachán leasaitheach (AE) 2022/1278 ón 23 Iúil 2022.

CÚLRA

Is é CEMI an ionstraim airgeadais lena dtacaítear le CBI don tréimhse 2014-2020. Tá sé ar cheann de na cúig cinn de Chistí Struchtúrtha agus Infheistíochta AE a chomhlánaíonn a chéile agus a bhfuil sé mar aidhm leo fás agus poist a chur chun cinn.

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Éisc aischurtha. Dumpáil gabhálacha de thaisme ar muir — nuair a chuirtear éisc ar ais san fharraige, bídís marbh nó fós beo, toisc go bhfuil na héisc róbheag, toisc nach bhfuil aon chuóta ag an iascaire chun iad a ghabháil, nó mar gheall ar rialacha áirithe maidir le comhdhéanamh gabhála.
Roghnaíocht an trealaimh iascaireachta. Trealamh a dhíríonn agus a ghabhann éisc de réir méide agus speicis agus a fhágann go seachnaítear éisc eile nó go scaoilfear saor iad gan dochar a dhéanamh dóibh.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n–aisghairtear Rialacháin (CE) 2328/2003, (CE) Uimh. 861/2006, (CE) Uimh. 1198/2006 agus (CE) Uimh. 791/2007 ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 1255/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 149, 20.5.2014, lgh. 1-66).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) 2020/560 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2020 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 508/2014 agus (AE) Uimh. 1379/2013 a mhéid a bhaineann le bearta sonracha chun tionchar ráig COVID-19 a mhaolú in earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe (IO L 130, 24.4.2020, lgh. 11-17).

Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/852 ón gCoimisiún an 27 Márta 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ar chásanna de neamhchomhlíonadh agus cásanna tromchúiseacha de neamhchomhlíonadh maidir le rialacha an chomhbheartais iascaigh a bhféadfadh idirbhriseadh spriocdháta íocaíochta nó fionraí íocaíochtaí faoin gCiste Eorpach Muirí bheith mar thoradh orthu (IO L 135, 2.6.2015, lgh. 13-17).

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1362/2014 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le nós imeachta simplithe do cheadú leasuithe áirithe ar na cláir oibriúcháin arna maoiniú faoin gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus rialacha i dtaca le formáid agus cur i láthair sonraí carnacha tuarascálacha bliantúla maidir le cur chun feidhme na gclár sin (IO L 365, 19.12.2014, lgh. 124-136).

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1243/2014 ón gCoimisiún an 20 Samhain 2014 lena leagtar síos rialacha de bhun Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh i dtaca leis an bhfaisnéis atá le seoladh ag na Ballstáit, agus maidir le riachtanais agus sineirgí sonraí idir foinsí sonraí féideartha (IO L 334, 21.11.2014, lgh. 39-51).

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1242/2014 ón gCoimisiún an 20 Samhain 2014 lena leagtar síos rialacha de bhun Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh i dtaca le cur i láthair sonraí carnacha ar oibríochtaí (IO L 334, 21.11.2014, lgh. 11-38).

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1014/2014 an 22 Iúil 2014 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2328/2003 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 861/2006 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 791/2007 ón gComhairle, agus Rialachán (AE) Uimh. 1255/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hinneachar agus struchtúr comhchóras faireacháin agus meastóireachta le haghaidh na n-oibríochtaí atá maoinithe faoin gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh (IO L 283, 27.9.2014, lgh. 11-19).

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 763/2014 an 11 Iúil 2014 lena leagtear síos rialacha chun Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh a chur i bhfeidhm maidir le tréithe teicniúla na mbeart faisnéise agus poiblíochta agus treoracha chun feathal an Aontais a chruthú (IO L 209, 16.7.2014, lgh. 1-4).

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2014/372 ón gCoimisiún an 11 Meitheamh 2014 lena leagtar amach miondealú bliantúil de réir gach Ballstáit ar acmhainní domhanda an Chiste Eorpaigh Mhuirí agus Iascaigh ar acmhainní iad atá ar fáil faoi chuimsiú na bainistíochta comhpháirtí don tréimhse 2014-2020 (IO L 180, 20.6.2014, lgh. 18-20).

Nuashonraithe 07.10.2022

Top