This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document C:2023:173:FULL
Official Journal of the European Union, C 173, 15 May 2023
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, C 173, 15 Bealtaine 2023
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, C 173, 15 Bealtaine 2023
|
ISSN 1977-107X |
||
|
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 173 |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Faisnéis agus Fógraí |
66 |
|
Clár |
Leathanach |
|
|
|
IV Fógraí |
|
|
|
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH |
|
|
|
Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh |
|
|
2023/C 173/01 |
|
GA |
|
IV Fógraí
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH
Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh
|
15.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 173/1 |
Foilseacháin deiridh de chuid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh
(2023/C 173/01)
Foilseachán deiridh
Foilseacháin stairiúla
Is féidir teacht ar na téacsanna sin anseo:
EUR-Lex: http://eur-lex.europa.eu
V Fógairtí
NÓSANNA IMEACHTA CÚIRTE
Cúirt Bhreithiúnais
|
15.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 173/2 |
Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Chéad Dlísheomra) an 23 Márta 2023 – PV v an Coimisiún
(Cás C-640/20 P) (1)
(Achomharc - Státseirbhís - Ciapadh síceolaíoch - Comhairle leighis - Neamhláithreachtaí gan údar - Luach saothair - Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh - Airteagal 11a - Coinbhleacht leasa - Airteagal 21a - Ordú atá neamhdhleathach go follasach - Airteagal 23 - Dlíthe agus rialacháin phóilíneachta a chomhlíonadh - Imeachtaí araíonachta - Cúlghairm - Dífhostú a tharraingt siar - Imeachtaí araíonachta nua - Dífhostú breise)
(2023/C 173/02)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Achomharcóir: PV (ionadaí: D. Birkenmaier, Rechtsanwalt)
Páirtí eile sna himeachtaí: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: T. S. Bohr, B. Mongin agus A.-C. Simon, ar dtús, agus T. S. Bohr agus A.-C. Simon ina dhiaidh sin, Gníomhairí)
An chuid oibríochtúil
|
1) |
Diúltaítear don achomharc. |
|
2) |
Ordaítear do PV a chostais féin agus na costais arna dtabhú ag an gCoimisiún Eorpach a íoc. |
|
15.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 173/2 |
Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Séú Dlísheomra) an 23 Márta 2023 – an Coimisiún Eorpach v an Phoblacht Heilléanach
(Cás C-70/21) (1)
(Mainneachtain Stáit - Comhshaol - Treoir 2008/50/CE - Cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh - Airteagal 13(1) - Iarscríbhinn XI - Sárú córasach agus leanúnach ar an teorainnluach laethúil do mhicreacháithníní (PM10) i gceirtleán Thessaloniki (EL 0004 - Airteagal 23(1) - Iarscríbhinn XV - Tréimhse sáraithe “chomh gearr agus is féidir” - Bearta iomchuí)
(2023/C 173/03)
Teanga an cháis: an Ghréigis
Páirtithe
Iarratasóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: M. Konstantinidis agus M. Noll-Ehlers, Gníomhairí)
Costantóir: An Phoblacht Heilléanach (ionadaí: E. Skandalou, Gníomhaire)
An chuid oibríochtúil
|
1) |
Mhainnigh an Phoblacht Heilléanach,
|
|
2) |
Ordaítear don Phoblacht Heilléanach na costais a íoc. |
|
15.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 173/3 |
Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Cúigiú Dlísheomra) an 23 Márta 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Oberlandesgericht Bamberg – an Ghearmáin) – Imeachtaí coiriúla i gcoinne MR
(Cás C-365/21 (1), Generalstaatsanwaltschaft Bamberg (Eisceacht ar phrionsabal ne bis in idem))
(Tarchur chun réamhrialú - Comhar breithiúnach in ábhair choiriúla - AnCoinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen a chur chun feidhme - Airteagal 54 - Prionsabal ne bis in idem - Airteagal 55(1)(b) - Eisceacht maidir le cur i bhfeidhm phrionsabal ne bis in idem - Cion in aghaidh slándála nó leasanna bunriachtanacha eile an Bhallstáit - Airteagal 50 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh - Prionsabal ne bis in idem - Airteagal 52(1) - Teorainneacha ar phrionsabal ne bis in idem - Comhoiriúnacht dearbhaithe náisiúnta lena bhforáiltear d'eisceacht ar phrionsabal ne bis in idem - Eagraíocht choiriúil - Cionta maoine)
(2023/C 173/04)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Oberlandesgericht Bamberg
Páirtithe sna príomhimeachtaí coiriúla
MR
Idiragraí: Generalstaatsanwaltschaft Bamberg
An chuid oibríochtúil
|
1) |
Níor nocht scrúdú na chéad cheiste aon toisc de chineál a dhéanann difear do bhailíocht Airteagal 55(1)(b) den Choinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen an 14 Meitheamh 1985 a chur chun feidhme idir Rialtais Stáit Aontas Eacnamaíoch Benelux, Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine agus Phoblacht na Fraince maidir le seiceálacha ag a gcomhtheorainneacha a dhíothú de réir a chéile, a síníodh i Schengen an 19 Meitheamh 1990 agus a tháinig i bhfeidhm an 26 Márta 1995, maidir le hAirteagal 50 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. |
|
2) |
Maidir le hAirteagal 55(1)(b) den Choinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen a chur chun feidhme, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 50 agus le hAirteagal 52(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: cuirtear cosc leis ar chúirteanna Ballstáit léiriú a thabhairt ar an dearbhú arna dhéanamh ag an mBallstát sin faoi Airteagal 55(1) den choinbhinsiún sin nach bhfuil an Ballstát sin faoi cheangal ag forálacha Airteagal 54 den choinbhinsiún sin maidir leis an gcion arb éard é eagraíocht choiriúil a bhunú, i gcás ina ndearna an eagraíocht choiriúil inar ghlac an duine cúisithe páirt go heisiach cionta in aghaidh maoine, ar choinníoll go bhfuil sé beartaithe leis na himeachtaí sin, ag féachaint d'iompar na heagraíochta sin, cionta in aghaidh slándála nó leasanna comhriachtanacha eile de chuid an Bhallstáit sin a phionósú. |
|
15.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 173/4 |
Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Ceathrú Dlísheomra) an 23 Márta 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Tribunalul Satu Mare – an Rómáin) – Dual Prod SRL v Direcţia Generală Regională a Finanţelor Publice Cluj-Napoca – Comisia regională pentru autorizarea operatorilor de produse supuse accizelor armonizate
(Cás C-412/21 (1), Dual Prod)
(Tarchur chun réamhrialú - Dleacht mháil - Treoir 2008/118/CE - Airteagal 16(1) - Údarú chun gníomhú mar stóras cánach d'earraí máil - Bearta fionraí comhleanúnacha - Cineál coiriúil - Airteagail 48 agus 50 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh - Prionsabal thoimhde na neamhchiontachta - Prionsabal ne bis in idem - Comhréireacht)
(2023/C 173/05)
Teanga an cháis: an Rómáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Tribunalul Satu Mare
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Dual Prod SRL
Cosantóir: Direcţia Generală Regională a Finanţelor Publice Cluj-Napoca – Comisia regională pentru autorizarea operatorilor de produse supuse accizelor armonizate
An chuid oibríochtúil
|
1) |
Maidir le hAirteagal 48(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, ní mór léiriú a dhéanamh mar ní lena gcuirtear cosc ar údarú chun gníomhú mar stóras cánach le haghaidh earraí máil a chur ar fionraí ó thaobh riaracháin de, go dtí go bhfaighfear toradh imeachtaí coiriúla, ar an bhforas amháin go bhfuil stádas an chúisí faighte ag sealbhóir an údaraithe sin sna himeachtaí coiriúla sin, más smachtbhanna de chineál coiriúil é an fhionraí. |
|
2) |
Maidir le hAirteagal 50 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, ní mór léiriú a dhéanamh mar ní lena gcuirtear cosc ar phionós de chineál coiriúil, i gcás sáruithe ar na rialacha maidir le hearraí máil, a fhorchur ar dhuine dlítheanach a bhí ina ábhar cheana féin, i ndáil leis na gníomhartha céanna, smachtbhanna de chineál coiriúil atá tagtha chun bheith críochnaitheach, ar choinníoll:
|
|
15.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 173/5 |
Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Ceathrú Dlísheomra) an 23 Márta 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Court of Appeal – Ireland) – Forghníomhú dhá bharántas gabhála Eorpacha a eisíodh i gcoinne LU (C-514/21), PH (C-515/21)
(Cásanna Uamtha C-514/21 agus C-515/21 (1) Minister for Justice and Equality (Deireadh a chur leis an mbac) agus páirtithe eile)
(Tarchur chun réamhrialú - Comhar póilíneachta agus comhar breithiúnach in ábhair choiriúla - Cinneadh Réime 2002/584/CGB - Nósanna imeachta um thabhairt suas idir na Ballstáit - Coinníollacha cur chun feidhme - Forais le haghaidh neamhfhorghníomhú roghnach - Airteagal 4a(1) - Barántas a eisíodh chun pianbhreith choimeádta a fhorghníomhú - Coincheap “triail as ar eascair an cinneadh” - Raon feidhme - An chéad phianbhreith ar fionraí - An dara ciontú - Neamhláithreacht an duine lena mbaineann ag an triail - Cúlghairm an bhaic ar phianbhreith - Cearta na cosanta - An Coinbhinsiún chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint - Airteagal 6 - Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh - Airteagail 47 agus 48 - Sárú - Iarmhairtí)
(2023/C 173/06)
Teanga an cháis: an Béarla
An chúirt a rinne an tarchur
Court of Appeal
Páirtithe sna príomhimeachtaí
LU (C-54/21), PH (C-515/21)
Idiragraí: Minister for Justice and Equality
An chuid oibríochtúil
|
1) |
Maidir le hAirteagal 4a(1) de Chinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach agus na nósanna imeachta um thabhairt suas idir na Ballstáit, arna leasú le Cinneadh Réime 2009/299/CGB ón gComhairle an 26 Feabhra 2009, arna léamh i bhfianaise Airteagail 47 agus 48 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: i gcás ina gcúlghairtear forghníomhú pianbhreithe coimeádta mar gheall ar chiontú coiriúil nua agus go n-eisítear barántas gabhála Eorpach chun an phianbhreith sin a fhorghníomhú, is ionann an phianbhreith choiriúil sin, a fhuaimnítear in absentia, agus “cinneadh” de réir bhrí na forála sin. Ní hé sin an cás leis an gcinneadh lena gcúlghairtear forghníomhú na pianbhreithe sin a chur ar fionraí. |
|
2) |
Maidir le hAirteagal 4a(1) de Chinneadh Réime 2002/584, arna leasú le Cinneadh Réime 2009/299, ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: údaraíonn sé don údarás breithiúnach forghníomhaitheach diúltú an duine iarrtha a thabhairt suas don Bhallstát eisiúna i gcás inar dealraitheach gur in absentia a tharla an nós imeachta as ar eascair dara ciontú coiriúil an duine sin, atá cinntitheach chun an barántas gabhála Eorpach a eisiúint, mura rud é go bhfuil ceann de na tásca dá bhforáiltear san fhoráil sin sa bharántas gabhála Eorpach maidir leis an nós imeachta sin, (a) go (d). |
|
3) |
Cinneadh Réime 2002/584, arna leasú le Cinneadh Réime 2009/299, arna léamh i bhfianaise Airteagal 47 agus Airteagal 48(2) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: cuirtear cosc leis ar an údarás breithiúnach forghníomhaitheach diúltú an duine iarrtha a thabhairt suas don Bhallstát eisiúna ar an bhforas gur in absentia a tharla an nós imeachta as ar eascair cúlghairm fionraí na pianbhreithe díothachta saoirse ar eisíodh an barántas gabhála Eorpach lena fhorghníomhú, nó go ndéanann sé nó sí an duine sin a thabhairt suas faoi réir ráthaíochta go mbeidh sé nó sí in ann tairbhe a bhaint as, sa Bhallstát sin, breithiúnas nua, nó achomharc lena gceadaítear cinneadh den sórt sin a chúlghairm nó an dara ciontú coiriúil a forchuireadh air in absentia agus atá cinntitheach maidir le heisiúint an bharántais. |
|
15.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 173/6 |
Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Tríú Dlísheomra) an 23 Márta 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Nejvyšší soud – Poblacht na Seice) – QT v 02 Czech Republic a. s.
(Cás C-574/21 (1), 02 Czech Republic)
(Tarchur chun réamhrialú - Gníomhairí tráchtála féinfhostaithe - Treoir 86/653/CEE - Airteagal 17(2)(a) - Foirceannadh chonradh na gníomhaireachta - Ceart an ghníomhaire tráchtála chun cúitimh - Coinníollacha maidir le deonú - Cúiteamh cóir - Measúnú - Coincheap “coimisiúin a chailleann an gníomhaire tráchtála” - Coimisiúin ar idirbhearta amach anseo - Custaiméirí nua a thug an gníomhaire tráchtála isteach - Custaiméirí reatha lenar fhorbair an gníomhaire tráchtála na hidirbhearta go suntasach - Coimisiúin aonuaire)
(2023/C 173/07)
Teanga an cháis: an Seicis
An chúirt a rinne an tarchur
Nejvyšší soud
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: QT
Cosantóir: 02 Czech Republic a. s.
An chuid oibríochtúil
|
1) |
Maidir le hAirteagal 17(2)(a) de Threoir 86/653/CEE ón gComhairle an 18 Nollaig 1986 maidir le comhordú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le gníomhairí tráchtála féinfhostaithe, ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: caithfear na coimisiúin a bheadh faighte ag an ngníomhaire tráchtála i gcás leanúint go hipitéiseach den chomhaontú gníomhaireachta, i ndáil le hidirbhearta a thabharfaí i gcrích, tar éis fhoirceannadh an chomhaontaithe gníomhaireachta sin, leis na cliaint nua a thug sé chuig an bpríomhaí roimh an bhfoirceannadh sin nó leis na cliaint lenar fhorbair sé na hidirbhearta go suntasach roimh an bhfoirceannadh sin, a chur san áireamh agus an tslánaíocht dá bhforáiltear in Airteagal 10(1) á cinneadh. |
|
2) |
Maidir le hAirteagal 17(2)(c) de Threoir 86/653, ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: ní eisiann íocaíocht coimisiúin aonuaire ó ríomh na slánaíochta, dá bhforáiltear in Airteagal 17(2), coimisiúin a chailleann an gníomhaire tráchtála agus a eascraíonn as na hidirbhearta a rinne an phríomhshuim, tar éis fhoirceannadh an chonartha gníomhaireachta tráchtála, le custaiméirí nua a thug sé chuig an bpríomhaí roimh an scor sin nó le custaiméirí lenar fhorbair sé na hidirbhearta go suntasach roimh an scor sin, i gcás ina bhfreagraíonn coimisiúin den sórt sin do luach saothair ar ráta comhréidh faoi aon chonradh nua arna thabhairt i gcrích leis na custaiméirí nua sin nó le custaiméirí reatha an phríomhoide, tríd an ngníomhaire tráchtála. |
|
15.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 173/7 |
Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an tOchtú Dlísheomra) an 23 Márta 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Conseil d’État — an Fhrainc) – Syndicat Uniclima v Ministre de l’Intérieur
(Cás C-653/21 (1), Syndicat Uniclima)
(Tarchur le haghaidh réamhrialú - An margadh inmheánach - Comhchuibhiú dlíthe náisiúnta maidir le hinnealra, trealamh leictreach agus brú-threalamh - Treoir 2006/42/CE - Treoir 2014/35/AE - Treoir 2014/68/AE - “Marcáil CE” - Forchur, le reachtaíocht náisiúnta, ceanglais sa bhreis ar na buncheanglais sábháilteachta a leagtar síos leis na treoracha sin - Coinníollacha - Reachtaíocht náisiúnta maidir le baol dóiteáin agus scaoill in áitribh atá ar oscailt don phobal)
(2023/C 173/08)
Teanga an cháis: an Fhraincis
An chúirt a rinne an tarchur
Conseil d’État
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Syndicat Uniclima
Cosantóir: Ministre de l’Intérieur
An chuid oibríochtúil
Maidir le hAirteagal 3(2), arna léamh i gcomhar le hAirteagal 2(31) agus an chéad fhomhír d’Airteagal 5(1) de Threoir 2014/68/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le brú-threalamh a chur ar fáil ar an margadh,
ní mór é léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:
cuirtear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta lena bhforchuirtear ceanglais ar bhrú-threalamh agus ar chóimeálacha ina n-úsáidtear cuisneáin inadhainte chun sláinte agus sábháilteacht daoine a chosaint i ndáil le rioscaí dóiteáin in áitribh atá ar oscailt don phobal, ar ceanglais iad nach bhfuil mar chuid de na buncheanglais sábháilteachta a leagtar síos leis an treoir sin, chun an trealamh agus na cóimeálacha sin a chur ar fáil ar an margadh nó a chur i seirbhís, d’ainneoin go bhfuil an mharcáil CE orthu.
|
15.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 173/7 |
Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Deichiú Dlísheomra) an 23 Márta 2023 (iarradh ar réamhrialú ón Korkein hallinto-oikeus – an Fhionlann) – Imeachtaí arna dtionscnamh ag Booky.fi Oy
(Cás C-662/21 (1), Booky.fi)
(Tarchur chun réamhrialú - Airteagail 34 agus 36 CFAE - Saorghluaiseacht earraí - Beart éifeachta atá coibhéiseach le srian cainníochtúil - Taifeadtaí de chláir chlosamhairc - Díolacháin ar líne - Rialacha Ballstáit lena bhforchuirtear aicmiú aoise agus marcáil clár - Cosaint mionaoiseach - Clárúcháin atá aicmithe agus marcáilte cheana féin i mBallstát eile - Comhréireacht)
(2023/C 173/09)
Teanga an cháis: an Fhionlainnis
An chúirt a rinne an tarchur
Korkein hallinto-oikeus
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Booky.fi Oy
Idiragraí: Kansallinen audiovisuaalinen instituutti (KAVI)
An chuid oibríochtúil
Maidir le hAirteagail 34 agus 36 CFAE, ní mór léiriú a dhéanamh mar ní a chuireann cosc ar reachtaíocht Ballstáit lena gceanglaítear, chun mionaoisigh a chosaint ar inneachar closamhairc a d'fhéadfadh dochar a dhéanamh dá bhfolláine agus dá bhforbairt, go mbeadh cláir chlosamhairc arna dtaifeadadh ar mheán fisiciúil agus arna margú trí shiopa ar líne faoi réir nós imeachta rialaithe agus aicmithe roimhe sin, ag brath ar theorainneacha aoise, agus marcáil chomhfhreagrach i gcomhréir le dlí an Bhallstáit sin, lena n-áirítear i gcás ina raibh na cláir sin ina n-ábhar cheana féin do nós imeachta comhchosúil agus aicmiú agus marcáil chomhchosúil faoi dhlí Ballstáit eile, ar choinníoll go bhfuil na rialacha sin iomchuí chun a áirithiú go mbainfear amach an cuspóir sin agus nach dtéann siad thar a bhfuil riachtanach chun é a bhaint amach.
I ndáil leis sin, níl tábhacht chinntitheach ag baint le cuid de na taifeadtaí a fhéadfar a mhargú sa Bhallstát lena mbaineann ó Bhallstát eile ó raon feidhme na reachtaíochta sin, ar choinníoll nach gcuireann teorainn den sórt sin gnóthú an chuspóra atá á shaothrú i mbaol. Níl sé cinntitheach ach an oiread nach bhforáiltear sa reachtaíocht náisiúnta lena mbaineann do mhaolú ar an gceanglas sin i gcás inar féidir a shuíomh go bhfuil aois dhlíthiúil ag ceannaitheoir clárúcháin a chumhdaítear leis an reachtaíocht sin.
|
15.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 173/8 |
Ordú ón gCúirt Bhreithiúnais (an Naoú Dlísheomra) an 7 Márta 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Bundesverwaltungsgericht (Innsbruck) – an Ostair) – Willy Hermann Service GmbH, DI v Präsidentin des Landesgerichts Feldkirch
(Cás C-561/22 (1), Willy Hermann Service)
(Iarratas ar réamhrialú - Airteagal 99 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais - Treoir 2013/34/AE - Airteagal 30 agus Airteagal 51 - Cuntais bhliantúla a nochtadh - Pionóis mar gheall ar mhainneachtain nochtadh - Fíneálacha ag cúirt shibhialta a fhorchur - Imeachtaí riaracháin chun na fíneálacha pionósacha sin atá tagtha chun bheith críochnaitheach a ghnóthú - Rialachán lena n-eisiatar athbhreithniú a dhéanamh ar na fíneálacha sin ag cúirt riaracháin - Fórsa dlíthiúil - Prionsabal na héifeachtachta - Comhréireacht)
(2023/C 173/10)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Bundesverwaltungsgericht (Innsbruck)
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Willy Hermann Service GmbH, DI
Cosantóir: Präsidentin des Landesgerichts Feldkirch
An chuid oibríochtúil
Maidir le dlí an Aontais,
ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:
ní chuirtear bac ar reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear go bhfuil cúirt riaracháin, a dhéanann rialú ar aisghabháil íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchuirtear ar chuideachta agus a bainisteoir maidir le mainneachtain na cuntais bhliantúla a fhoilsiú, faoi cheangal ag cinneadh na cúirte sibhialta, ar cinneadh críochnaitheach é, cinneadh lenar forchuireadh na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla sin agus ar socraíodh a méid chun a áirithiú go gcomhlíonfar na hoibleagáidí a eascraíonn as Airteagal 30 agus Airteagal 51 de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus na tuarascálacha gaolmhara de chineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 78/660/CEE agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle, arna dtrasuí sa dlí baile.
(1) Dáta an taiscthe: 24.8.2022
|
15.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 173/9 |
Iarraidh ar réamhrialú ó Sąd Rejonowy dla Warszawy-Woli w Warszawie (an Pholainn) a taisceadh an 5 Feabhra 2022 – QI v Santander Bank Polska S.A.
(Cás C-76/22)
(2023/C 173/11)
Teanga an cháis: an Pholainnis
An chúirt a rinne an tarchur
Sąd Rejonowy dla Warszawy-Woli w Warszawie
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: QI
Cosantóir: Santander Bank Polska S.A.
Na ceisteanna a tharchuirtear
|
1. |
An gcaithfear Airteagal 25(1) de Threoir 2014/17/AE (1) a léiriú ar an mbealach céanna le hAirteagal 16(1) de Threoir 2008/48/CE, (2) is é sin le rá sa chaoi go gclúdaítear le ceart an tomhaltóra laghdú a fháil ar chostas iomlán an chreidmheasa morgáiste i gcás aisíocaíocht luath an chreidmheasa sin na costais go léir a ghearrtar ar an tomhaltóir, lena n-áirítear an coimisiún a bhaineann leis an iasacht a dheonú? |
|
2. |
An bhfuil an oibleagáid faoi Airteagal 25(1) de Threoir 2014/17/AE chun costas iomlán an chreidmheasa morgáiste a laghdú i gcás aisíocaíocht luath an chreidmheasa morgáiste le léiriú sa chaoi nach mór costas iomlán an chreidmheasa sin a bheith laghdaithe i gcomhréir leis an gcóimheas idir, ar thaobh amháin, fad na tréimhse ó lá aisíocaíocht luath an chreidmheasa go dtí an lá a comhaontaíodh i dtosach don aisíocaíocht sin agus, ar an taobh eile, fad na tréimhse a comhaontaíodh i dtosach ón lá ar scaoileadh an creidmheas go dtí an lá a aisíocfar é ina iomláine, nó ar cheart a mheas nach mór don laghdú ar chostas iomlán an chreidmheasa morgáiste a bheith comhréireach le caillteanas brabúis an iasachtóra, is é sin le rá an cóimheas idir an t-ús atá fós le híoc tar éis aisíocaíocht luath an chreidmheasa (dlite don tréimhse ón lá tar éis lá na haisíocaíochta iomláine iarbhír go dtí lá na haisíocaíochta iomláine a comhaontaíodh i dtosach) agus an t-ús atá dlite ar feadh fad iomlán an chomhaontaithe creidmheasa a comhaontaíodh i dtosach (ón lá ar scaoileadh an creidmheas go dtí an lá a comhaontaíodh a aisíocaíocht iomlán)? |
(1) Treoir 2014/17/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí a bhaineann le maoin chónaithe dho-aistrithe agus lena leasaítear Treoracha 2008/48/CE agus 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO 2014 L 60, lch. 34).
(2) Treoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 maidir le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 87/102/CEE ón gComhairle (IO 2008 L 133, lch. 66).
|
15.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 173/9 |
Achomharc arna thabhairt an 18 Lúnasa 2022 ag Asociación de Delineantes de Hacienda i gcoinne ordú na Cúirte Ginearálta (an Dara Dlísheomra) a tugadh an 13 Iúil 2022 i gCás T-280/22, Asociación de Delineantes de Hacienda v an Spáinn
(Cás C-552/22 P)
(2023/C 173/12)
Teanga an cháis: an Spáinnis
Páirtithe
Achomharcóir: Asociación de Delineantes de Hacienda (ionadaí: D. Álvarez Cabrera, Abogado)
Páirtí eile sna himeachtaí: Ríocht na Spáinne
Le hordú an 17 Márta 2023 dhiúltaigh an Chúirt Bhreithiúnais (an Séú Dlísheomra) don achomharc toisc é a bheith gan bunús go follasach agus d’ordaigh sí don achomharcóir a chostais féin a íoc.
|
15.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 173/10 |
Achomharc arna thabhairt an 16 Meán Fómhair 2022 ag Hijos de Moisés Rodríguez González, SA i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Séú Dlísheomra, Comhdhéanamh Méadaithe) a tugadh an 29 Meitheamh 2022 i gCás T-306/20, Hijos de Moisés Rodríguez González v EUIPO – Éire agus Ornua (La Irlandesa 1943)
(Cás C-605/22 P)
(2023/C 173/13)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Achomharcóir: Hijos de Moisés Rodríguez González, SA (ionadaí: J. García Domínguez, abogado)
Páirtithe eile sna himeachtaí: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh, Éire agus Ornua Co-operative Ltd
Le hordú an 8 Márta 2023, chinn an Chúirt Bhreithiúnais (an Dlísheomra a chinneann ar chóir ligean d’achomhairc dul ar aghaidh) nár chóir ligean don achomharc dul ar aghaidh agus gur cheart do Hijos de Moisés Rodríguez González a chostais féin a íoc.
|
15.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 173/10 |
Achomharc arna thabhairt an 28 Samhain 2022 ag G-Core Innovations Sàrl i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Cúigiú Dlísheomra) a tugadh an 28 Meán Fómhair 2022 i gCás T-454/21, G-Core Innovations v EUIPO – Coretransform (G CORELABS)
(Cás C-732/22 P)
(2023/C 173/14)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Achomharcóir: G-Core Innovations Sàrl (ionadaí: L. Axel Karnøe Søndergaard, advokat)
Páirtithe eile sna himeachtaí: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh. Coretransform
Le hordú an 23 Márta 2023, chinn an Chúirt Bhreithiúnais (an Dlísheomra a chinneann ar chóir ligean d’achomhairc dul ar aghaidh) nár chóir ligean don achomharc dul ar aghaidh agus gur cheart do G-Core Innovations Sàrl a chostais féin a íoc.
|
15.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 173/10 |
Achomharc arna thabhairt an 29 Samhain 2022 ag Primagran sp. z o.o. i gcoinne ordú na Cúirte Ginearálta (an Naoú Dlísheomra) a tugadh an 22 Meán Fómhair 2022 i gCás T-624/21, Primagran v EUIPO – Primagaz (prımagran)
(Cás C-735/22 P)
(2023/C 173/15)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Achomharcóir: Primagran sp. z o.o. (ionadaí: E. Jaroszyńska-Kozłowska, radca prawny)
Páirtithe eile sna himeachtaí: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh, Compagnie des gaz de pétrole Primagaz
Le hordú an 24 Márta 2023, chinn an Chúirt Bhreithiúnais (an Dlísheomra a chinneann ar chóir ligean d’achomhairc dul ar aghaidh) nár chóir ligean don achomharc dul ar aghaidh agus gur cheart do Primagran sp. z o.o. a chostais féin a íoc.
|
15.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 173/11 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal Supremo (an Spáinn) a taisceadh an 20 Nollaig 2022 – M.S.G. agus páirtithe eile v Banco Santander, SA
(Cás C-775/22, Banco Santander)
(2023/C 173/16)
Teanga an cháis: an Spáinnis
An chúirt a rinne an tarchur
Tribunal Supremo
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóirí: M.S.G. agus páirtithe eile
Cosantóir: Banco Santander, SA
An cheist a tharchuirtear
An bhfuil léiriú le déanamh ar na forálacha d’Airteagal 34(1)(a) agus (b), i ndáil leis na forálacha d’Airteagal 53(1) agus (3), na forálacha den chéad fhomhír (b) agus (c) d’Airteagal 60(2) agus na forálacha d’Airteagal 64(4)(b) de Threoir Uimh. 2014/59/AE, (1) amhail go gcuirtear toirmeasc leo — i ndiaidh na bintiúir thánaisteacha (ionstraimí caipitil leibhéal 2) a chomhshó ina scaireanna agus a aistriú tar éis sin, gan comaoin iarbhír a bheith ann, ar bintiúir thánaisteachta iad a d’eisigh institiúid creidmheasa atá faoi réir nós imeachta réitigh agus nár tháinig chun bheith dlite ar ghlacadh an nós imeachta réitigh — ar chaingean le haghaidh neamhniú an chonartha chun na bintiúir tháinisteacha sin a shuibscríobh a thionscnamh ag ceannaitheoirí na mbintiúr tánaisteach sin, sula gcuirtear tús lena leithéid de nós imeachta réitigh, i gcoinne na hinstitiúide sin nó na hinstitiúide a thagann i gcomharbas uirthi, lena lorgaítear aisíocaíocht an phraghais arna íoc as na bintiúir thánaisteacha sin a shuibscríobh móide an t-ús arna fhabhrú ó dháta thabhairt i gcrích an chonartha sin ar aghaidh?
(1) Treoir Uimh. 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat do théarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir Uimh. 82/891/CEE ón gComhairle agus Uimh. 2001/24/CE, Uimh. 2002/47/CE, Uimh. 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, Uimh. 2011/35/AE, Uimh. 2012/30/AE agus Uimh. 2013/36/AE, agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (IO 2014 L 173, lch. 190).
|
15.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 173/11 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal Supremo (an Spáinn) a taisceadh an 22 Nollaig 2022 – M.C.S. v Banco Santander, SA
(Cás C-779/22, Banco Santander)
(2023/C 173/17)
Teanga an cháis: an Spáinnis
An chúirt a rinne an tarchur
Tribunal Supremo
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: M.C.S.
Cosantóir: Banco Santander SA
An cheist a tharchuirtear
An bhfuil léiriú le déanamh ar na forálacha d’Airteagal 34(1)(a) agus (b), i ndáil leis na forálacha d’Airteagal 53(1) agus (3), agus na forálacha den chéad fhomhír (b) agus (c) d’Airteagal 60(2) de Threoir Uimh. 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014, (1) amhail go bhféadfaí a mheas go bhfuil éileamh nó ceart – a d’fhéadfadh a eascairt ó ordú go n-íocfadh institiúid, a tháinig i gcomharbas ar Banco Popular, cúiteamh de dheasca ceannach ionstraime caipitil a chur ar neamhní (stoic thosaíochta), ar ionstraim caipitil í a ndearnadh scaireanna an bhainc di sular glacadh bearta réitigh Banco Popular (7 Meitheamh 2017) – ina dhliteanas dá ndéantar difear leis an bhforáil in Airteagal 53(3) de Threoir Uimh. 2014/59/AE maidir le díluacháil nó múchadh, mar oibleagáidí nó éilimh “nár tháinig chun bheith dlite”, ionas gurb amhlaidh go mbeadh sé fuascailte agus nach mbeadh sé infhorfheidhmithe i gcoinne Banco Santander mar chomharba ar Banco Popular, i gcás ina ndéanfaí an t-iarratas is siocair leis an ordú cúiteamh a íoc i ndiaidh nós imeachta réitigh an bhainc a thabhairt chun críche?
Nó mar mhalairt air sin, an bhfuil léiriú le déanamh ar na forálacha sin amhail go bhfuil an t-éileamh nó ceart dá dtagraítear ina oibleagáid “a tháinig chun bheith dlite” (Airteagal 53(3) den Treoir) nó ina “dhliteanas fabhraithe cheana féin” agus an banc á réiteach (Airteagal 60(2)(b)), agus nach ndéantar difear dó leis na hoibleagáidí nó na héilimh sin a fhuascailt nó a chur ar ceal, cé go ndearnadh na scaireanna a dhílúcháil agus a mhúchadh, agus, dá dheasca sin, go mbeadh Banco Santander faoi dhliteanas ina leith mar chomharba ar Banco Popular, fiú i gcás ina ndéanfaí an t-iarratas is siocair leis an ordú íoctha cúitimh i ndiaidh nós imeachta réitigh an bhainc a thabhairt chun críche?
(1) Treoir Uimh. 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat do théarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir Uimh. 82/891/CEE ón gComhairle agus Treoracha Uimh. 2001/24/CE, Uimh. 2002/47/CE, Uimh. 2004/25/CE, Uimh. 2005/56/CE, Uimh. 2007/36/CE, Uimh. 2011/35/AE, Uimh. 2012/30/AE agus Uimh. 2013/36/AE, agus Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 648/2012, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs ábhartha maidir le LEE) (IO 2014 L 173, lch. 190).
|
15.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 173/12 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal Supremo (an Spáinn) a taisceadh an 23 Nollaig 2022 – FSC v Banco Santander SA
(Cás C-794/22, Banco Santander)
(2023/C 173/18)
Teanga an cháis: an Spáinnis
An chúirt a rinne an tarchur
Tribunal Supremo
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: FSC
Cosantóir: Banco Santander SA
An cheist a tharchuirtear
An bhfuil léiriú le déanamh ar na forálacha d’Airteagal 34(1)(a) agus (b), i ndáil leis na forálacha d’Airteagal 53(1) agus (3), [agus] na forálacha den chéad fhomhír (b) agus (c) d’Airteagal 60(2) de Threoir Uimh. 2014/59/AE, (1) amhail go bhféadfaí a mheas go bhfuil éileamh nó ceart – a d’fhéadfadh a eascairt ó ordú go n-íocfadh institiúid, ar tháinig i gcomharbas ar Banco Popular, cúiteamh de dheasca caingean maidir le dliteanas as siocair táirge airgeadais a thráchtálú (bannaí tánaisteacha ar gá dóibh a bheith in-chomhshóite i scaireanna an bhainc sin), ar táirge airgeadais é nach bhfuil ar na hionstraimí breise caipitil dá dtagraítear le bearta réitigh Banco Popular agus a ndearnadh scaireanna an bhainc díobh sular glacadh bearta réitigh an bhainc (7 Meitheamh 2017) – ina dhliteanas dá ndéantar difear leis an bhforáil in Airteagal 53(3) de Threoir Uimh. 2014/59/AE maidir le díluacháil nó múchadh, mar oibleagáid nó éileamh “nár tháinig chun bheith dlite”, ionas gurb amhlaidh go mbeadh sé fuascailte agus nach mbeadh sé infhorfheidhmithe i gcoinne Banco Santander mar chomharba ar Banco Popular, i gcás ina ndéanfaí an t-iarratas is siocair leis an ordú íoctha cúitimh i ndiaidh nós imeachta réitigh an bhainc a thabhairt chun críche?
Nó mar mhalairt air sin, an bhfuil léiriú le déanamh ar na forálacha sin amhail go bhfuil an t-éileamh nó ceart dá dtagraítear ina oibleagáid nó éileamh “a tháinig chun bheith dlite” – Airteagal 53(3) den Treoir – nó ina “dhliteanas atá fabhraithe cheana féin” agus an banc á réiteach – Airteagal 60(2)(b) –, agus nach ndéantar difear dó leis na hoibleagáidí nó na héilimh sin a fhuascailt nó a chur ar ceal agus, dá dheasca sin, go mbeadh Banco Santander faoi dhliteanas ina leith mar chomharba ar Banco Popular, fiú i gcás ina ndéanfaí an t-iarratas is siocair leis an ordú íoctha cúitimh i ndiaidh nós imeachta réitigh an bhainc a thabhairt chun críche?
(1) Treoir Uimh. 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat do théarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir Uimh. 82/891/CEE ón gComhairle agus Treoracha Uimh. 2001/24/CE, Uimh. 2002/47/CE, Uimh. 2004/25/CE, Uimh. 2005/56/CE, Uimh. 2007/36/CE, Uimh. 2011/35/AE, Uimh. 2012/30/AE agus Uimh. 2013/36/AE, agus Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 648/2012, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs ábhartha maidir le LEE) (IO 2014 L 173, lch. 190).
|
15.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 173/13 |
Iarraidh ar réamhrialú ó Okresný súd Bratislava III (an tSlóvaic) a taisceadh an 24 Eanáir 2023 – NFŠ a.s. v Slovenská republika, ag gníomhú dó trí Ministerstvo školstva, vedy, výskumu a športu Slovenskej republiky, agus Ministerstvo školstva, vedy, výskumu a športu Slovenskej republiky
(Cás C-28/23, NFŠ)
(2023/C 173/19)
Teanga an cháis: an tSlóvaicis
An chúirt a rinne an tarchur
Okresný súd Bratislava III
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: NFŠ a.s.
Cosantóirí: Slovenská republika, ag gníomhú dó trí Ministerstvo školstva, vedy, výskumu a športu Slovenskej republiky, agus Ministerstvo školstva, vedy, výskumu a športu Slovenskej republiky
Na ceisteanna a tharchuirtear:
|
(1) |
An “conarthaí oibreacha poiblí” de réir bhrí Airteagal 1(2)(b) de Threoir Uimh. 2004/18 (1) nó Airteagal 2(6)(c) de Threoir Uimh. 2014/24 (2) iad comhaontú deontais agus comhaontú chun comhaontú díolacháin a dhéanamh amach anseo arna dtabhairt i gcrích idir aireacht (an Stát) agus eintiteas arna rialú ag an dlí príobháideach nár roghnaíodh mar chuid de nósanna imeachta, i gcás inar státchabhair arna fhormheas ag an gCoimisiún Eorpach chun críocha Airteagal 107(3)(c) CFAE é an comhaontú deontais, ina bhfuil oibleagáid ar an Stát sa chomhaontú deontais fóirdheontas a thabhairt mar aon le hoibleagáid ar an eintiteas arna rialú ag an dlí príobháideach an foirgneamh a thógáil de réir coinníollacha arna sonrú ag an aireacht agus cead a thabhairt d’eagraíocht spóirt chun úsáid a bhaint as cuid den fhoirgneamh, agus ina bhfuil rogha aontaobhach sa chomhaontú chun comhaontú díolacháin a dhéanamh amach anseo a thugtar don eintiteas arna rialú ag an dlí príobháideach i bhfoirm oibleagáide ar an Stát an foirgneamh tógtha a cheannach, bíodh is gurb ionann na comhaontuithe sin agus creat oibleagáidí frithpháirteacha idir an aireacht agus an t-eintiteas arna rialú ag an dlí príobháideach atá nasctha ó thaobh ama agus ábhair de? |
|
(2) |
An gcuirtear toirmeasc le hAirteagal 1(2)(b) de Threoir Uimh. 2004/18 nó Airteagal 2(6)(c) de Threoir Uimh. 2014/24 ar reachtaíocht náisiúnta Ballstáit faoina bhfuil aon ghníomh dlí lena sáraítear nó lena dtéitear timpeall ar an dlí nó atá contrártha do phrionsabail na moráltachta a bhfuil glacadh leo, de dheasca a ábhar nó a chríche, go huile agus go hiomlán neamhbhailí (is é sin le rá, ó thús/ex tunc) i gcás inar tromchúiseach an sárú é ar na rialacha maidir le soláthar poiblí? |
|
(3) |
An gcuirtear toirmeasc le hAirteagail 2d(1)(a) agus Airteagal 2d(2) de Threoir Uimh. 89/665 nó Airteagal 2(6)(c) de Threoir Uimh. 2014/24 ar reachtaíocht náisiúnta Ballstáit faoina bhfuil aon ghníomh dlí lena sáraítear nó lena dtéitear timpeall ar an dlí nó atá contrártha do phrionsabail na moráltachta a bhfuil glacadh leo, de dheasca a ábhar nó a chríche, go huile agus go hiomlán neamhbhailí (is é sin le rá, ó thús/ex tunc) i gcás inar tromchúiseach an sárú (dul timpeall) é ar na rialacha maidir le soláthar poiblí, mar atá sna príomhimeachtaí? |
|
(4) |
An bhfuil léiriú le déanamh ar Airteagal 1(2)(b) de Threoir Uimh. 2004/18 nó Airteagal 2(6)(c) de Threoir Uimh. 2014/14 amhail go gcuirtear toirmeasc ex tunc ar an toimhde go raibh éifeachtaí dlí ag comhaontú chun comhaontú díolacháin a dhéanamh amach anseo, mar atá sna príomhimeachtaí? |
(1) Treoir Uimh. 2004/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 maidir leis na nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí oibreacha poiblí, conarthaí soláthair phoiblí agus conarthaí seirbhíse poiblí a chomhordú (IO 2004, L 134, lch. 114).
(2) Treoir Uimh. 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir Uimh. 2004/18/CE (IO L 94, lch. 65).
|
15.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 173/14 |
Achomharc arna thabhairt an 26 Eanáir 2023 ag an gCoimisiún Eorpach i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Seachtú Dlísheomra, Méadaithe) a fógraíodh an 16 Samhain 2022 i gCás T-469/20, Ríocht na hÍsiltíre v an Coimisiún
(Cás C-40/23 P)
(2023/C 173/20)
Teanga an cháis: an Ollainnis
Páirtithe
Achomharcóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: B. Stromsky, H. van Vliet, I. Georgiopoulos, i gcáil Gníomhairí)
Páirtí eile sna himeachtaí: Ríocht na hÍsiltíre
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Bhreithiúnas:
|
— |
go gcuirfí ar ceal breithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Seachtú Dlísheomra Méadaithe) an 16 Samhain 2022 i gCás T-469/20, Ríocht na hÍsiltíre v an Coimisiún, EU:T:2022:713; |
|
— |
go ndiúltófaí don cheathrú saincheist dlí agus don chúigiú saincheist dlí i gCás T-469/20; |
|
— |
a dlínse a fheidmiú faoin dara abairt den chéad fhomhír d’Airteagal 61 de Reacht Chúirt Bhreithiúnas an Aontais Eorpaigh chun breithiúnas críochnaitheach a thabhairt san ábhar agus an t-ordú a dhíbhe mar ordú gan bunús ina iomláine; |
|
— |
a ordú do Ríocht na hÍsiltíre na costais a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Ardaíonn an t-iarratasóir saincheist dlí amháin, ina bhfuil dhá chuid.
Dearbhaíodh leis an gcinneadh ón gCoimisiún sa chéad chéim (1) (“an cinneadh”) go raibh beart ar neamhréir leis an margadh inmheánach gan cinneadh críochnaitheach a thabhairt an Státchabhair de réir bhrí 107(1) CFAE é nó nach ea.
Éilítear sa chéad chuid go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí lena cinneadh nach féidir leis an gCoimisiún cinneadh a ghlacadh gan aon agóid a dheánamh de réir bhrí Airteagal 4(3) de Rialachán 2015/1589 (2) ach amháin i gcás ina bhfuil rialú tugtha cheana féin an Státchabhair é an beart atá faoi scrúdú nó nach ea. Áitíonn an Coimisiún nach dtacaítear leis an gconclúid seo leis na modhanna éagsúla léirithe ar dhlí an Aontais. Go háirithe, áitíonn an Coimisiún go dtagtar salach leis an mbreithiúnas faoi achomharc ar chuspóir reachtaíocht an Aontais chun a fháil amach go soiléir sciobtha an bhfuil nó nach bhfuil bearta i gcomhréir leis an margadh aonair. Go deimhin, d’fhéadfadh seasamh leis an mbreithiúnas a bheith ina chúis lena cheangal ar an gCoimisiún scrúdú fadálach agus neamhriachtanach a dhéanamh an gcuimsítear nó nach gcuimsítear i mbeart áirithe gach cuid d’Airteagal 107(1) CFAE, in ainneoin go bhfuil sé cinnte dearfa go bhfuil an beart i gcomhréir leis an margadh inmheánach.
Éilítear sa dara cuid go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid i léiriú an dlí lena cinneadh gur sáraíodh prionsabal na deimhneachta dlíthiúla leis an gcinneadh. A mhalairt ar fad, cuireadh leis an deimhneacht dhlíthiúil leis an gcinneadh trí dhearbhú go raibh an beart i gcomhréir leis an margadh aonair ar theacht don Choimisiún ar chonclúid dá leithéid sin.
(1) Cinneadh C(2020) críochnaitheach 2998 ón gCoimisiún an 12 Bealtaine 2020 maidir le Státchabhair SA.54537 (2020/NN) – an Ísiltír – Cosc ar ghual ar mhaithe le táirgeacht leictreachais san Ísiltír.
(2) Rialachán (AE) 2015/1589 ón gComhairle an 13 Iúil 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le hAirteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm (IO 2015, L 248, lch. 9).
|
15.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 173/15 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Bundesgerichtshof (an Ghearmáin) a taisceadh an 3 Feabhra 2023 – WY v Laudamotion GmbH, Ryanair DAC
(Cás C-54/23, Laudamotion agus Ryanair)
(2023/C 173/21)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Bundesgerichtshof
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: WY
Cosantóirí: Laudamotion GmbH, Ryanair DAC
Na ceisteanna a tharchuirtear:
|
1. |
An eisiatar go ginearálta faoi Airteagail 5, 6 agus 7 de Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 (1) ceart chun cúitimh mar gheall ar mhoill eitilte ar feadh, ar a laghad, trí uair an chloig, i gcás ina n-úsáideann paisinéir, agus bagairt de mhoill fhada ann, eitilt mhalartach a chuireann sé in áirithe é féin agus, dá bharr sin, ina mbaineann sé a cheann scríbe amach le moill níos lú ná trí uair an chloig, nó an bhféadfadh ceart chun cúitimh a bheith ann ar aon nós sna himthosca sin i gcás ina bhfuil, roimh an am is déanaí don phaisinéir a bheith i láthair don tseiceáil isteach, faisnéis sách iontaofa ann go mbeidh moill ar feadh trí uair an chloig ar a laghad sula sroicheann an eitilt an ceann scríbe? |
|
2. |
Má thugtar freagra ar Cheist 1 de réir na brí deiridh sin: sa chás sin, faoin gceart chun cúitimh faoi Airteagail 5, 6 agus 7 de Rialachán Uimh. 261/2004 mar gheall ar mhoill eitilte ar feadh, ar a laghad, trí uair an chloig, an coinníoll é go mbeadh an paisinéir i láthair don tseiceáil isteach in am trátha faoi Airteagal 3(2)(a) den Rialachán? |
(1) Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 lena mbunaítear comhrialacha maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí i gcás nach gceadófar dóibh bordáil agus i gcás ina gcuirfear eitiltí ar ceal nó i gcás ina gcuirfear moill fhada orthu, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 295/91 (IO 2004 L 46, lch. 1).
|
15.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 173/15 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Nejvyšší správní soud (Poblacht na Seice) a taisceadh an 2 Feabhra 2023 – JH v Policejní prezidium
(Cás C-57/23, Policejní prezidium)
(2023/C 173/22)
Teanga an cháis: an tSeicis
An chúirt a rinne an tarchur
Nejvyšší správní soud
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: JH
Cosantóir: Policejní prezidium
Na ceisteanna a tharchuirtear
|
(1) |
Cé chomh idirdhealaitheach sin nach mór a bheith idir ábhair sonraí ar leith faoi Airteagal 4(1)(c) nó Airteagal 6 i gcomhar le hAirteagal 10 de Threoir 2016/880? (1) An bhfuil sé i gcomhréir leis an oibleagáid chun próiseáil sonraí pearsanta a íoslaghdú agus leis an oibleagáid idirdhealú a dhéanamh idir catagóirí éagsúla ábhar sonraí cead a thabhairt leis an dlí náisiúnta sonraí géiniteacha a bhailiú i ndáil le gach duine a bhfuil drochamhras ann, nó a chuirtear ina leith, go ndearna sé nó sí cion coiriúil d’aon ghnó? |
|
(2) |
An bhfuil sé i gcomhréir le hAirteagal 4(1)(e) de Threoir 2016/680 má dhéantar measúnú, faoi threoir gníomhaíocht choiriúil a chosc, a imscrúdú agus a bhrath go ginearálta, ag údaráis phóilíneachta ar bhonn a rialacháin inmheánacha, ar an ngá le próifíl DNA a choinneáil go leanúnach, rud a chiallaíonn go minic go gcoinnítear sonraí pearsanta íogaire ar feadh tréimhse neamhshonraithe gan uasteorainn a chur ar fhad coinneála na sonraí pearsanta? Murab amhlaidh an cás, cad iad na critéir faoinar cheart measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht thréimhse coinneála na sonraí pearsanta arna mbailiú agus arna gcoinneáil chun na críche sin? |
|
(3) |
I gcás sonraí pearsanta fíor-íogaire a thagann faoi Airteagal 10 de Threoir 2016//680, cad é raon feidhme íosta na gcoinníollacha substainteacha nó nós imeachta lena leithéid de shonraí a fháil, a choinneáil agus a scriosadh atá le rialú le “foráil a bhfuil feidhm ghinearálta aici” de réir dlí Ballstáit? An féidir a mheas gur “dlí Ballstáit” é cásdlí breithiúnach de réir bhrí Airteagal 8(2) i gcomhar le hAirteagal 10 de Threoir 2016/880? |
(1) Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 i ndáil le cosaint daoine nádúrtha maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, lch. 89).
|
15.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 173/16 |
Iarraidh ar réamhrialú ó Juzgado Contencioso-Administrativo no 5 de Barcelona (an Spáinn) an 6 Feabhra 2023 – Pedro Francisco v Subdelegación del Gobierno en Barcelona
(Cás C-62/23, Pedro Francisco)
(2023/C 173/23)
Teanga an cháis: an Spáinnis
An chúirt a rinne an tarchur
Juzgado Contencioso-Administrativo no 5 de Barcelona
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Pedro Francisco
Cosantóir: Subdelegación del Gobierno en Barcelona
Na ceisteanna a tharchuirtear
|
1) |
An gcaithfear Airteagal 27 de Threoir 2004/38/CE (1) a léiriú sa chaoi go bhféadfaidh taifid phóilíneachta a bheith mar bhunús nó bonn d’iompar pearsanta an duine lena mbaineann agus measúnú á dhéanamh an bhfuil fíorbhagairt ann nuair is é is cuspóir don triail coiriúil fírinne an bhagartha sin a chruthú? |
|
2) |
Má thugtar freagra dearfach ar an gcéad cheist, i bhfianaise Airteagal 27 [den] Treoir[,] an gcaithfear a léiriú nach mór don údarás rialtais na fíorais a bhfuil mar bhunús leo agus na himeachtaí dlíthiúla arna dtionscnamh chomh maith lena dtorthaí a lua go sainráite agus go mion, chun a chinntiú nach toimhde tosaigh amháin atá i gceist? |
(1) Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le cearta shaoránaigh an Aontais agus ceart bhaill dá dteaghlaigh gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus lena n-aisghairtear Treoracha 64/221/CEE, 68/360/CEE, 72/194/CEE, 73/148/CEE, 75/34/CEE, 75/35/CEE, 90/364/CEE, 90/365/CEE agus 93/96/CEE (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (IO L 158, lch. 77).
|
15.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 173/17 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Juzgado Contencioso-Administrativo no 5 de Barcelona (an Spáinn) a taisceadh an 6 Feabhra 2023 – Sagrario agus páirtithe eile v Subdelegación del Gobierno en Barcelona
(Cás C-63/23, Sagrario)
(2023/C 173/24)
Teanga an cháis: an Spáinnis
An chúirt a rinne an tarchur
Juzgado Contencioso-Administrativo no 5 de Barcelona
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóirí: Sagrario, Joaquín, Prudencio
Cosantóir: Subdelegación del Gobierno en Barcelona
Na ceisteanna a tharchuirtear
|
(1) |
An gcumhdaítear go huathoibríoch le hAirteagail 15(3) in fine agus 17 [de] Threoir Uimh. [2003/86/CE], (1) ar labhairt ar “imthosca atá an-deacair”, na himthosca ar fad lena ndéantar difear do mhionaoiseach agus/nó na himthosca atá ar aon dul le hAirteagal 15? |
|
(2) |
An bhfuil reachtaíocht stáit nach bhforáiltear léi do chead cónaithe uathrialach a dheonú, lena ráthaítear nach mbeadh daoine muinteartha athaontaithe ina gcónaí go neamhdhleathach ó thaobh an riaracháin de i gcás ina dtarlaíonn na himthosca an-deacra sin i gcomhréir le hAirteagal 15(3) in fine agus 17 [den] Treoir? |
|
(3) |
An bhféadfaí léiriú a dhéanamh ar Airteagail 15(3) in fine agus 17 [den] Treoir amhail go dtugtar an ceart chun cead cónaithe uathrialach leo i gcás, ar chúiseanna nach bhfuil aon neart aige orthu, nach bhfuil cead cónaithe ag an teaghlach athaontaithe? |
|
(4) |
An bhfuil reachtaíocht stáit nach bhforáiltear léi, sula ndiúltaítear athnuachan a dhéanamh ar chónaí daoine muinteartha athaontaithe, do mheasúnú riachtanach agus éigeantach a dhéanamh ar imthosca Airteagal 17 den Treoir i gcomhréir le hAirteagail 15(3) agus 17 [den] Treoir? |
|
(5) |
An bhfuil reachtaíocht náisiúnta nach bhforáiltear léi, mar chéim ghnásúil sula ndiúltaítear do, nó sula ndéantar athnuachan ar chead cónaithe an duine athaontaithe, do chéim ghnásúil éisteachta ar leith le haghaidh mionaoisigh i gcás inar diúltaíodh do chead cónaithe an urraitheora, nó inar diúltaíodh athnuachan a dhéanamh air i gcomhréir le hAirteagail 15(3) agus 17 [den] Treoir mar aon le hAirteagail 6(1), 8(1) agus 8(2) den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine agus Airteagail 47, 24, 7 agus 33(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh? |
|
(6) |
An bhfuil reachtaíocht náisiúnta nach bhforáiltear léi, mar chéim ghnásúil sula ndiúltaítear do, nó sula ndéantar athnuachan ar chead cónaithe céile, i gcás inar diúltaíodh do, nó inar diúltaíodh athnuachan a dhéanamh ar chead cónaithe an urraitheora, go bhféadfadh an céile na himthosca dá dtagraítear in Airteagal 17 den Treoir a agairt d’fhonn a iarraidh go ndeonófaí an rogha dó fanacht ina chónaitheoir gan briseadh i ndáil lena chúinsí cónaithe roimhe seo i gcomhréir le hAirteagail 15(3) agus 17 [den] Treoir mar aon le hAirteagail 6(1), 8(1) agus 8(2) den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine agus Airteagail 47, 24, 7 agus 33(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh? |
(1) Treoir 2003/86/CE ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le ceart chun athaontú teaghlaigh (IO 2003 L 251, lch. 12.).
|
15.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 173/17 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Bundesarbeitsgericht (an Ghearmáin) a taisceadh an 8 Feabhra 2023 – MK v K GmbH
(Cás C-65/23, K GmbH)
(2023/C 173/25)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Bundesarbeitsgericht
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: MK
Cosantóir: K GmbH
Na ceisteanna a tharchuirtear:
|
1. |
An gcaithfear foráil dlí náisiúnta arna glacadh faoi Airteagal 88(1) de Rialachán (AE) 2016/679 (1) (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí, “RGCS”), ar nós Mír 26(4) den Bundesdatenschutzgesetz (“BDSG”), lena bhforáiltear go gceadaítear próiséail sonraí pearsanta, lena n-áirítear catagóirí speisialta sonraí pearsanta, a bhaineann le fostaithe chun críoch an chaidrimh fostaíochta ar bhonn comhaontuithe comhchoiteanna, faoi réir chomhlíonadh Airteagal 88(2) de RGCS, a léiriú sa chiall nach mór na ceanglais eile in RGCS, ar nós Airteagal 5, Airteagal 6(1), agus Airteagal 9(1) agus (2) de RGCS, a chomhlíonadh freisin? |
|
2. |
Más freagra dearfach a thabharfar ar Cheist 1: An bhféadfaí foráil dlí náisiúnta arna glacadh faoi Airteagal 88(1) de RGCS, ar nós Mír 26(4) de BDSG, a léiriú sa chiall go bhfuil na páirtithe i gcomhaontú comhchoiteann (sa chás seo, páirtithe i gcomhaontú cuideachta) i dteideal discréid áirithe, agus measúnú á dhéanamh ar an ngá le próiseáil sonraí de réir bhrí Airteagal 5, Airteagal 6(1) agus Airteagal 9(1) agus (2) de RGCS, nach bhféadfaí ach athbhreithniú breithiúnach teoranta a dhéanamh ina leith? |
|
3. |
Más freagra dearfach a thabharfar ar Cheist 2: I gcás den sórt sin, cad iad na teorainneacha a d’fhéadfaí a chur leis an athbhreithniú breithiúnach? |
|
4. |
An gcaithfear Airteagal 82(1) de RGCS a léiriú sa chiall go bhfuil duine i dteideal cúitimh le haghaidh damáiste neamhábhartha a luaithe is a phróiseáiltear a shonraí pearsanta ar bhealach atá contrártha le ceanglais RGCS, nó an coinníoll leis an gceart chun cúitimh le haghaidh damáiste neamhábhartha é go léireodh an t-ábhar sonraí gur fhulaing sé damáiste neamhábhartha de thromchúis éigin? |
|
5. |
An bhfuil tréithe coisctheacha sonracha nó ginearálta ag Airteagal 82(1) de RGCS agus an gcaithfear aird a thabhairt air sin agus measúnú á dhéanamh ar mhéid an damáiste neamhábhartha nach mór an rialaitheoir nó an próiseálaí a chúiteamh ar bhonn na forála sin? |
|
6. |
An mbraitheann an measúnú ar mhéid an damáiste neamhábhartha atá le cúiteamh ar bhonn Airteagal 82(1) de RGCS ar a lochtaí is atá an rialaitheoir nó an próiseálaí? Go sonrach, an féidir a chur san áireamh i bhfábhar an rialaitheora nó an phróiseálaí go bhfuil sé saor ó locht nó nach bhfuil ach locht beag air? |
(1) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO 2016 L 119, lch. 1).
|
15.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 173/18 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Simvoulio tis Epikratias (an Ghréig) arna taisceadh an 7 Feabhra 2023 — Elliniki Ornithologiki Etaireia, Syllogos Diktyo Oikologikon Organoseon Aigaiou, Perivallontikos Syllogos Rethymnou, Politistikos Syllogos Thronos Kleisidiou, KX agus páirtithe eile v Ypourgos Esoterikon, Ypourgos Oikonomikon, Ypourgos Anaptyxis kai Ependyseon, Ypourgos Perivallontos kai Energeias, Ypourgos Agrotikis Anaptyxis kai Trofimon
(Cás C-66/23)
(2023/C 173/26)
Teanga an cháis: an Ghréigis
An chúirt a rinne an tarchur
Symvoulio tis Epikrateias
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóirí: Elliniki Ornithologiki Etaireia (Cumann Éaneolaíoch Heilléanach)
Syllogos Diktyo Oikologikon Organoseon Aigaiou (Comhlachas na nEagraíochtaí Éiceolaíochta sa Mhuir Aeigéach)
Perivallontikos Syllogos Rethymnou (Cumann Timpeallachta Rethymno)
Politistikos Syllogos Thronos Kleisidiou (Cumann Cultúrtha Thronos Klisidiou)
KX agus páirtithe eile
Cosantóirí: Ypourgos Esoterikon (An tAire Gnóthaí Baile)
Ypourgos Oikonomikon (An tAire Airgeadais)
Ypourgos Anaptyxis kai Ependyseon (An tAire Forbartha agus Infheistíochta)
Ypourgos Perivallontos kai Energeias (An tAire Comhshaoil agus Fuinnimh)
Ypourgos Agrotikis Anaptyxis kai Trofimon (An tAire Forbartha Tuaithe agus Bia)
Na ceisteanna a tharchuirtear
|
1) |
An gcaithfear Airteagal 4(1) agus (2) de Threoir 2009/147/CE (1), arna léamh i gcomhar le forálacha Airteagal 6(2), (3) agus (4) de Threoir 92/43/CEE, (2) a léiriú mar chosc ar fhorálacha náisiúnta, amhail iad siúd a leagtar amach [sa chuid oibríochtúil] lena bhforáiltear nach mbeidh feidhm ag bearta speisialta lena ndéantar speicis éan fiáin agus gnáthóga a chosaint, a chaomhnú agus a athchóiriú i limistéir faoi chosaint speisialta (SPAanna) ach amháin maidir le “speicis ainmnithe”, is é sin le rá, maidir leis na speicis d'éin fhiáine a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2009/147/CE agus maidir le héin imirceacha a fhaightear go rialta laistigh de gach SPA, ar speicis iad a úsáidtear, in éineacht leis na critéir chun SPAnna a aicmiú, chun tacú le limistéar a ainmniú mar SPAnna? |
|
2) |
An bhfuil sé ábhartha don fhreagra sin gurb iad na bearta speisialta cosanta, caomhnaithe agus athchóirithe thuasluaite do speicis éan fiáin agus do ghnáthóga i Limistéir faoi Chosaint Speisialta (SPAnna), go beacht, bearta cosanta coisctheacha bunúsacha (“bearta réamhchúraim”) SPAnna, atá á gcur i bhfeidhm go cothrománach, is é sin le rá, i gcás gach SPA, agus, go dtí seo, nár glacadh aon phleananna bainistíochta i ndlíchóras na Gréige do gach SPA, lena leagtar síos na cuspóirí agus na bearta is gá chun gach SPA agus na speicis laistigh de a bhaint amach nó a áirithiú? |
|
3) |
An bhfuil sé ábhartha don fhreagra ar an dá cheist roimhe sin, faoin oibleagáid measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol a dhéanamh ar thionscadail (3) agus ar ghníomhaíochtaí faoi Threoir 2011/92/AE agus “measúnú iomchuí” faoi Airteagal 6(2) go (4) de Threoir 92/43/CEE, go liostaítear na speicis uile a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2009/147/CE nó na héin imirceacha a bhíonn laistigh de gach SPA go rialta sa mheasúnú ar éifeachtaí gach tionscadail phoiblí nó phríobháidigh ar leith ar an gcomhshaol? |
(1) Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú (Leagan códaithe) (IO 2010 L 20, lch. 7).
(2) Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flora fiáine a chaomhnú, (IO 1992 L 206, lch. 7).
(3) Treoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí tionscadal áirithe poiblí agus príobháideach ar an gcomhshaol (códú) (IO 2012 L 26, lch. 1).
|
15.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 173/19 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Administratīvā apgabaltiesa (an Laitvia) an 15 Feabhra 2023 — Biedrība “Latvijas Informācijas un komunikācijas tehnoloģijas asociācija” v Valsts ieņēmumu dienests
(Cás C-87/23, Latvijas Informācijas un komunikācijas tehnoloģijas asociācija)
(2023/C 173/27)
Teanga an cháis: an Laitvis
An chúirt a rinne an tarchur
Administratīvā apgabaltiesa
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Biedrība “Latvijas Informācijas un komunikācijas tehnoloģijas asociācija”
Cosantóir: Valsts ieņēmumu dienests
Na ceisteanna a tharchuirtear
|
1) |
An gcaithfear Airteagal 9(1) de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (1) a léiriú sa chaoi nach mór eagraíocht neamhbhrabúis a bhfuil sé de chuspóir lena gníomhaíochtaí scéimeanna státchabhrach arna maoiniú ag Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa a chur chun feidhme a mheas mar dhuine inchánach a chuireann gníomhaíocht eacnamaíoch i gcrích? |
|
2) |
An gcaithfear Airteagal 28 de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha a léiriú sa chaoi nach mór eagraíocht nach soláthraíonn seirbhísí oiliúna a mheas, d’ainneoin sin, mar a bheith ionann le soláthróir na seirbhíse nuair a fuarthas na seirbhísí ó oibreoir eacnamaíoch eile chun cur chun feidhme scéime státchabhrach arna maoiniú ag Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa a cheadú? |
|
3) |
Mura bhfaigheann soláthróir na seirbhíse ach comaoin pháirteach ó fhaighteoir na seirbhíse don tseirbhís a soláthraíodh (30 %) ach go gcumhdaítear an chuid eile de luach na seirbhíse le híocaíocht den chabhair ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, an ionann an chomaoin inchánach, i gcomhréir le hAirteagal 73 de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha, agus an méid iomlán a fhaigheann soláthróir na seirbhíse ó fhaighteoir na seirbhíse agus ó thríú páirtí i bhfoirm íocaíocht den chabhair araon? |
|
15.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 173/20 |
Iarraidh ar réamhrialú ó Amtsgericht Groß-Gerau (an Ghearmáin) a taisceadh an 23 Feabhra 2023 – PU v SmartSport Reisen GmbH
(Cás C-108/23, SmartSport Reisen)
(2023/C 173/28)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Amtsgericht Groß-Gerau
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: PU
Cosantóir: SmartSport Reisen GmbH
An cheist a tharchuirtear
An gcaithfear Airteagal 18(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1215/2015 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (1) a léiriú sa chiall go leagtar síos leis an bhforáil sin, in éineacht leis an riail maidir le dlínse idirnáisiúnta, riail nach mór don chúirt a bhfuil na himeachtaí os a comhair a chur san áireamh maidir le dlínse chríche na gcúirteanna náisiúnta in ábhair a bhaineann le conarthaí taistil i gcás ina bhfuil a suíomh sa Bhallstát céanna ag an tomhaltóir, mar thaistealaí, agus ag a pháirtí conarthach, mar thionscnóir turas, ach nach bhfuil ceann scríbe an turais sa Bhallstát sin ach i dtír eile agus, mar thoradh air sin, go bhfuil an tomhaltóir in ann éilimh chonarthacha a dhéanamh i gcoinne an tionscnóra turais, mar fhorlíonadh ar na forálacha náisiúnta, sa chúirt dá áit chónaithe?
|
15.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 173/21 |
Achomharc arna thabhairt an 22 Feabhra 2023 ag Autoridad Portuaria de Bilbao i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Cúigiú Dlísheomra) a tugadh an 14 Nollaig 2022 i gCás T-126/20, Autoridad Portuaria de Bilbao v an Coimisiún
(Cás C-110/23 P)
(2023/C 173/29)
Teanga an cháis: an Spáinnis
Páirtithe
Achomharcóir: Autoridad Portuaria de Bilbao (ionadaithe: D. Sarmiento Ramírez-Escudero agus X. Codina García-Andrade, Dlíodóirí)
Páirtí eile sna himeachtaí: An Coimisiún Eorpach
An t-ordú atá á lorg
|
— |
Go gcuirfear breithiúnas na Cúirte Ginearálta ar neamhní, ar bhonn na gcúiseanna a leagtar amach sa trí shaincheist dlí agus go ndearbhófar go bhfuil earráid dlí sa bhreithiúnas; |
|
— |
Go dtabharfar breith ar shubstaint an cháis, i gcomhréir le hAirteagal 61 den Reacht agus Airteagal 170 de na Rialacha Nós Imeachta, lena ndearbhaítear nach mór glacadh leis an gcaingean le haghaidh neamhniú maidir leis na cinntí faoi chonspóid os comhair na Cúirte Ginearálta, arna tabhairt ag an gcéadchéim ag Autoridad Portuaria de Bilbao; |
|
— |
Go n-ordófar don Choimisiún na costais arna dtabhú ag Autoridad Portuaria de Bilbao a íoc, sna himeachtaí céadchéime agus sna himeachtaí seo os comhair na Cúirte Breithiúnais. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
An chéad saincheist dlí:
Tá earráid dlí i mbreithiúnas na Cúirte Ginearálta, mar gheall ar shárú ar Airteagal 107(1) CFAE, trí ghlacadh leis nach ndearna an Coimisiún, agus é ag teacht chun na conclúide gur buntáiste í díolúine ó cháin na Bioscáine, anailís air sin mar thacar casta.
Mar thaca leis an gcéad saincheist dlí, maítear go bhfuil réasúnaíocht na Cúirte Ginearálta chun a chinneadh nach bhfuil aon bhearta de chineál casta ann bunaithe ar fhorais atá foirmiúil amháin nach gcomhlíonann an anailís substaintiúil a éilítear le cásdlí na Cúirte Breithiúnais.
An dara saincheist dlí:
Tá earráid dlí sa bhreithiúnas, mar gheall ar shárú ar Airteagal 107 CFAE, Rialachán 2015/1589 (1) agus an cásdlí lena léirítear iad, i gcomhar le hAirteagail 4(3) CAE, 296 CFAE agus 41 den Chairt, trí theacht chun na conclúide nach bhfuil ar an gCoimisiún anailís iomlán a dhéanamh ar na sonraí atá ar fáil nuair is léir nach bhfuil ach tairbhí amháin ann den scéim cabhrach.
Mar thaca leis an dara saincheist dlí, maítear go bhfuil láithreacht eintitis aonair is tairbhí de dhíolúine ó cháin na Bioscáine (Autoridad Portuaria de Bilbao) ina fhíoras faoina bhfuil cách ar an eolas agus arna bhunú ag dlíchóras na Spáinne. Sa chás sin, cé gur féidir an beart a rangú mar “scéim cabhrach” chun críocha Rialachán 2015/1589, ní mór don Choimisiún anailís iomlán a dhéanamh ar na sonraí atá ar fáil. Is é sin an cás má fhéachtar ar bhunchuspóir an chásdlí lena gceadaítear don Choimisiún gan anailís den sórt sin a dhéanamh, arna léiriú i bhfianaise Airteagail 4(3) CAE, 296 CFAE agus 41 den Chairt.
An tríú saincheist dlí:
Tá earráid dlí sa bhreithiúnas, mar gheall ar shárú ar Airteagal 108 CFAE agus Rialachán 2015/1589, i bhfianaise Airteagal 4(3) CAE, trí mheas, i nós imeachta comhair, go bhfuil oibleagáidí níos teoranta ar an gCoimisiún is a bhfuil i nós imeachta fiosrúcháin.
Mar thaca leis an tríú saincheist dlí, maítear go ndearbhaítear i mbreithiúnas na Cúirte Ginearálta, gan údar a thabhairt dó ar aon bhealach, go bhfuil níos lú ráthaíochtaí ag Ballstát i nós imeachta comhair faoi Airteagal 21 de Rialachán 2015/1589, ná mar atá aige i nós imeachta fiosrúcháin. Sa tsaincheist dlí seo, maítear ar bhonn fhoclaíocht Airteagail 21 go 23 de Rialachán 2015/1589, agus an dlúthbhaint idir Airteagal 108 CFAE, as a n-eascraíonn an nós imeachta comhair de Rialachán 2015/1589, agus prionsabal an chomhair dhílis d’Airteagal 4(3) CAE, gur chóir don Choimisiún anailís a dhéanamh ar an bhfaisnéis arna soláthar ag an mBallstát.
(1) Rialachán (AE) 2015/1589 ón gComhairle an 13 Iúil 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le hAirteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm (IO 2015 L 248, lch. 9).
|
15.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 173/22 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Vilniaus apygardos administracinis teismas (an Liotuáin) a taisceadh an 28 Feabhra 2023 – Virgilijus Valančius v Lietuvos Respublikos vyriausybė
(Cás C-119/23, Valančius)
(2023/C 173/30)
Teanga an cháis: an Liotuáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Vilniaus apygardos administracinis teismas
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Virgilijus Valančius
Cosantóir: Lietuvos Respublikos vyriausybė
Na ceisteanna a tharchuirtear:
|
1. |
An léitear Airteagal 254 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh i gcomhar le hAirteagal 19(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, lena bhforáiltear go roghnófar comhaltaí Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh as daoine “nach bhfuil a neamhspleáchas inchurtha in amhras agus a bhfuil acu an ábaltacht is gá chun feidhmeanna breithiúnacha a fheidhmiú”, ar chaoi go gceanglaítear orthu iarrthóir atá le ceapadh chuig Cúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh a roghnú i mBallstát den Aontas Eorpach go heisiach ar bhonn ábaltacht proifisiúnta? |
|
2. |
An bhfuil cleachtas náisiúnta, amhail an ceann atá i gceist sa chás seo, ina dtarlaíonn sé, d’fhonn trédhearcacht roghnú iarrthóra áirithe a áirithiú, go mbunaíonn Rialtas Ballstáit, atá freagrach as iarrthóir a mholadh lena cheapadh chun oifig Bhreithimh de chuid Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh, grúpa saineolaithe neamhspleácha chun na hiarrthóirí a mheasúnú, grúpa a chuireann liosta rangaithe ar aghaidh, tar éis agallamh a chur ar na hiarrthóirí go léir, de na hiarrthóirí ar bhonn critéir roghnúcháin atá soiléir agus oibiachtúil a leagtar síos roimh ré agus, i gcomhréir leis na coinníollacha a fógraíodh roimh ré, a chuireann ar aghaidh chuig an Rialtas an t-iarrthóir a bheidh ar an rang is airde ar bhonn a chumais agus a inniúlachta gairmiúla, ach go mbeartaíonn an Rialtas iarrthóir seachas an t-iarrthóir atá sa chéad áit ar an liosta rangaithe a cheapadh ina Bhreitheamh den Aontas Eorpach, ag luí leis an gceanglas nach mbeidh neamhspleáchas an bhreithimh inchurtha in amhras agus leis na ceanglais eile maidir le hoifig bhreithiúnach atá leagtha síos in Airteagal 254 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 19(2) den Chonradh ar Aontas Eorpach, ag cur san áireamh go bhféadfadh tionchar a bheith ag breitheamh a ceapadh go neamhdhleathach ar chinntí Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh? |
|
15.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 173/23 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Varhoven administrativen sad (an Bhulgáir) a taisceadh an 1 Márta 2023 – Direktor na Direktsia “Obzhalvane i danachno-osiguritelna praktika” Sofia pri Tsentralno upravlenie na Natsionalnata agentsia za prihodite v Legafact EOOD
(Cás C-122/23, Legafact)
(2023/C 173/31)
Teanga an cháis: an Bhulgáiris
An chúirt a rinne an tarchur
Varhoven administrativen sad
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Achomharcóir ar phointe dlí: Direktor na Direktsia “Obzhalvane i danachno-osiguritelna praktika” Sofia pri Tsentralno upravlenie na Natsionalnata agentsia za prihodite
Freagróir ar an achomharc ar phointe dlí: Legafact EOOD
Na ceisteanna a tharchuirtear
|
1. |
An sáraítear prionsabail an chomhchórais cánach breisluacha san Aontas Eorpach le foráil náisiúnta faoina gcaitear, i ndáil leis an díolúine ó cháin faoi Chaibidil 1 de Theideal XII de Threoir 2006/112 (1) ón gComhairle maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha, go héagsúil le daoine inchánach ag brath ar a thapúla is a shroicheann siad an tairseach láimhdeachais le haghaidh clárú éigeantach do cháin bhreisluacha? |
|
2. |
An gcuirtear cosc, le Treoir 2006/112 ón gComhairle, ar fhoráil náisiúnta más rud é go mbraitheann an díolúine ó cháin i leith soláthair faoi Chaibidil 1 de Theideal XII de Threoir 2006/112 ón gComhairle ar chomhlíonadh na hoibleagáide atá ar an soláthraí chun cur isteach ar chlárú éigeantach do cháin bhreisluacha in am trátha? |
|
3. |
Cé hiad na critéir, arna n-eascairt ón léiriú ar an Treoir maidir le cáin bhreisluacha, chun a chinneadh cé acu an ionann an fhoráil náisiúnta thuasluaite, lena bhforáiltear do thabhú dliteanais cánach i gcás ina gcuirtear an t-iarratas le haghaidh clárú éigeantach do cháin bhreisluacha isteach go déanach, agus forail phionósach nó nach ionann? |
|
15.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 173/23 |
Iarraidh ar réamhrialú ó Oberlandesgericht Düsseldorf (an Ghearmáin) a taisceadh an 3 Márta 2023 – Müller Reisen GmbH v Stadt Olsberg
(Cás C-128/23, Müller Reisen)
(2023/C 173/32)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Oberlandesgericht Düsseldorf
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir agus Achomharcóir: Müller Reisen GmbH
Cosantóir agus Freagróir: Stadt Olsberg
Páirtí uamtha: Tuschen Transporte
An cheist a tharchuirtear
An gcaithfear Airteagal 32(2)(c) de Threoir 2014/24 (1), i bhfianaise Airteagal 14 CFAE, a léiriú go sriantach, sa chaoi gur féidir bronnadh conartha phoiblí i leith seirbhísí leasa ghinearálta, i gcás mórchúiseanna práinne, a dhéanamh faoi nós imeachta idirbheartaíochta gan iarratas ar thairiscintí a fhoilsiú roimh ré, fiú más rud é go raibh an teagmhas intuartha don chonraitheoir agus gur féidir na himthosca a luaitear mar údar leis na mórchúiseanna práinne a chur ina leith?
(1) Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO 2014 L 94, lch. 65).
|
15.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 173/24 |
Caingean arna tabhairt an 17 Márta 2023 – an Coimisiún Eorpach v Poblacht na Bulgáire
(Cás C-165/23)
(2023/C 173/33)
Teanga an cháis: an Bhulgáiris
Páirtithe
Iarratasóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: Gr. Koleva agus S. Herme, Gníomhairí)
Cosantóir: Poblacht na Bulgáire
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Baineann an cás seo le neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí faoi Airteagal 13(2) agus (5) agus Airteagal 14(1) agus (2) de Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 (1) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le tabhairt isteach agus leathadh speiceas coimhthíoch ionrach a chosc agus a bhainistiú (“an Rialachán”) de pháirt Phoblacht na Bulgáire.
Faoi Airteagal 14(1) den Rialachán, bhí go dtí an 13 Eanáir 2018 ag Poblacht na Bulgáire chun córas faireachais ar speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní don Aontas a bhunú nó é a chuimsiú sa chóras atá acu cheana féin, ar córas é lena mbailítear agus lena dtaifeadtar sonraí maidir le speicis choimhthíocha ionracha a bheith sa timpeallacht trí bhíthin suirbhé, faireacháin nó nósanna imeachta eile chun cosc a chur le leathadh speicis choimhthíocha ionracha chuig an Aontas nó laistigh den Aontas. Níor mhór an córas faireachais a bheith i gcomhréir leis na riachtanais in Airteagal 14(2) den Rialachán.
De bhun Airteagal 13(2) agus (5) den Rialachán, bhí go dtí an 13 Iúil 2019 ag Poblacht na Bulgáire chun aon phlean gníomhaíochta amháin nó tacar de phleananna a bhunú agus a chur chun feidhme agus é/iad a sheoladh chuig an gCoimisiún gan mhoill.
Níor chomhlíon Poblacht na Bulgáire na hoibleagáidí thuasluaite.
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:
|
— |
a chinneadh nár chomhlíon Poblacht na Bulgáire a hoibleagáidí faoi Airteagal 14(1) agus (2) den Rialachán toisc nár chruthaigh sí córas faireachais ar speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní don Aontas (nó nár chuimsigh sí é sa chóras atá acu cheana féin), lena gcumhdaítear freisin an fhaisnéis go léir arna leagan síos in Airteagal 14(2); |
|
— |
a chinneadh gur sháraigh Poblacht na Bulgáire a hoibleagáidí faoi Airteagal 13(2) agus (5) den Rialachán toisc nach ndearna sí aon phlean gníomhaíochta amháin nó tacar de phleananna gníomhaíochta a bhunú agus a chur chun feidhme ná é/iad a sheoladh chuig an gCoimisiún gan mhoill; |
|
— |
a ordú do Phoblacht na Bulgáire na costais a íoc. |
|
15.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 173/25 |
Caingean arna tabhairt an 17 Márta 2023 –an Coimisiún Eorpach v an Phoblacht Heilléanachan
(Cás C-167/23)
(2023/C 173/34)
Teanga an cháis: an Ghréigis
Páirtithe
Iarratasóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: A. Bouchagiar agus C. Hermes, i gcáil Gníomhairí)
Cosantóir: an Phoblacht Heilléanach
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
a chinneadh, mar gheall go bhfuil teipthe ar an bPoblacht Heilléanach na bearta riachtanacha go léir a ghlacadh chun córas faireachais speiceas choimhthíoch ionrach is ábhar imní don Aontas a bhunú agus chun pleananna gníomhaíochta a ghlacadh, a chur chun feidhme agus a sheoladh chun aghaidh a thabhairt ar na conairí tosaíochta agus chun cosc a chur ar speicis choimhthíoch ionrach a leathadh go neamhbheartaithe, mhainnigh sí na hoibleagáidí atá le comhlíonadh aici de réir Airteagal 14(1) agus (2), agus Airteagal 13(2) agus (5) de Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 (1) agus de réir an Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh; |
|
— |
a ordú don Phoblacht Heilléanach na costais a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Measann an Coimisiún nár bhunaigh an Phoblacht Heilléanach córas faireachais speiceas choimhthíoch ionrach is ábhar imní don Aontas (nó nach bhfuil sé mar chuid dá dlíchóras mar atá sé faoi láthair), mar a cheanglaítear le hAirteagal 14(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014. Toisc nach bhfuil córas faireachais aici, sháraigh an Phoblacht Heilléanach na coinníollacha substainteacha atá le comhlíonadh lena leithéid de chóras faireachais de réir Airteagal 14(2) den Rialachán sin chomh maith.
Thairis sin, measann an Coimisiún Eorpach nach ndearna an Phoblacht Heilléanach aon phlean gníomhaíochta amháin nó tacar de phleananna gníomhaíochta a bhunú agus a chur chun feidhme agus nár sheol sé iad chuig an gCoimisiún gan mhoill. Mar sin, níor chomhlíon an Phoblacht Heilléanach Airteagal 13(2) agus (5) den Rialachán atá faoi chonspóid.
Ar na forais sin, sháraigh an Phoblacht Heilléanach Airteagal 14(1) agus (2) chomh maith le hAirteagal 13(2) agus (5) de Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 mar aon leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
(1) Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le tabhairt isteach agus leathadh speiceas coimhthíoch ionrach a chosc agus a bhainistiú (IO 2014 L 317, lch. 35).
|
15.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 173/25 |
Caingean arna tabhairt an 21 Márta 2023 – an Coimisiún Eorpach v Éire
(Cás C-172/23)
(2023/C 173/35)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: C. Hermes agus E. Sanfrutos Cano, Gníomhairí)
Cosantóir: Éire
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
A dhearbhú gur mhainnigh Éire a hoibleagáidí a chomhlíonadh faoi Airteagal 13(2) agus (5) de Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le tabhairt isteach agus leathadh speiceas coimhthíoch ionrach a chosc agus a bhainistiú (1) trí mhainneachtain pleananna gníomhaíochta a bhunú agus a chur chun feidhme do na conairí tosaíochta go léir a shainaithnítear agus iad a sheoladh chuig an gCoimisiún gan mhoill;
a ordú d’Éirinn na costais a íoc.
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí.
De réir Airteagal 13(2) agus (5) de Rialachán 1143/2014, bhí trí bliana ó glacadh liosta an Aontais ag Éirinn chun pleananna gníomhaíochta a bhunú, a chur chun feidhme agus a sheoladh chuig an gCoimisiún chun aghaidh a thabhairt ar na conairí tosaíochta a bhaineann le tabhairt isteach agus leathadh neamhbheartaithe speicis choimhthíocha ionracha atá ina ábhar imní don Aontas arna sainaithint de bhun Airteagal 13(1) de Rialachán 1143/2014. Ghlac an Coimisiún liosta an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 13 de Rialachán 1143/2014 an 13 Iúil 2016 ionas go rachadh an spriocdháta trí bliana in éag an 13 Iúil 2019.
D’aithin Éire trí chonair tosaíochta (slatiascaireacht, bádóireacht áineasa agus iompar ábhar gnáthóige) de bhun Airteagal 13(1) den Rialachán.
Mar sin féin, tá pleananna gníomhaíochta bunaithe ag Éirinn agus táthar tar éis iad a tharchur chuig an gCoimisiún do dhá cheann as na trí chonair tosaíochta aitheanta.
|
15.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 173/26 |
Caingean arna tabhairt an 21 Márta 2023 — An Coimisiún Eorpach v An Phoblacht Heilléanach
(Cás C-180/23)
(2023/C 173/36)
Teanga an cháis: an Ghréigis
Páirtithe
Iarratasóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: D. Triantafyllou agus P. Messina, Gníomhairí)
Cosantóir: An Phoblacht Heilléanach
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt:
|
— |
a dhearbhú, trí mhainneachtain an comhaontú conarthach idir údaráis na Gréige agus OSE a thabhairt i gcrích agus a fhoilsiú, comhlacht bainistíochta bonneagair na Gréige gur mhainnigh an Phoblacht Heilléanach a hoibleagáidí a chomhlíonadh faoi Airteagal 30 (2) agus (6) den Treoir 2012/34 (1), arna léamh i gcomhar le hIarscríbhinn V a ghabhann léi; |
|
— |
a ordú don Phoblacht Heilléanach na costais a íoc. |
Saincheisteanna dlí arna maíomh
Níor thug an Phoblacht Heilléanach an comhaontú dá bhforáiltear in Airteagal 30 de Threoir 2012/34 maidir le bonneagar iarnróid i gcrích leis an gcomhlacht bainistíochta bonneagair (OSE). Mar sin féin, ba cheart an comhaontú a bheith tugtha i gcrích faoin 16 Meitheamh 2015 (Airteagal 64 den Treoir) agus ba cheart gnéithe uile Iarscríbhinn V a chumhdach ann.
(1) Treoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 lena mbunaítear limistéar iarnróid Eorpach aonair (athmhúnlú) (IO 2012 L 343, lch. 32).
|
15.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 173/27 |
Caingean arna tabhairt an 21 Márta 2023 – An Coimisiún Eorpach v Poblacht Mhálta
(Cás C-181/23)
(2023/C 173/37)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: C. Ladenburger, E. Montaguti, J. Tomkin, Gníomhairí)
Cosantóir: Poblacht Mhálta
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:
|
— |
a dhearbhú, trí chlár institiúidithe a bhunú agus a oibriú, amhail Saoránacht Mhálta trí Eadóirseacht as Seirbhísí Eisceachtúla trí Infheistíocht Dhíreach bunaithe ar Airteagal 10(9) den Acht um Shaoránacht Mhálta arna leasú leis an Acht um Shaoránacht Mhálta (Leasú Uimh. 2), 2020, agus na Rialacháin um Shaoránacht a Dheonú as Seirbhísí Eisceachtúla, 2020, lena gcuirtear eadóirseacht ar fáil in éagmais fíornasc idir na hiarratasóirí agus an tír, mar mhalairt ar íocaíochtaí nó infheistíochtaí réamhchinntithe, nár chomhlíon Poblacht Mhálta a hoibleagáidí faoi Airteagal 20 CFAE agus faoi Airteagal 4(3) CAE; |
|
— |
a ordú do Phoblacht Mhálta na costais a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Tar éis leasú a dhéanamh ar an Acht um Shaoránacht Mhálta i mí na Samhna 2013, thug Málta isteach a chéad scéim saoránachta d’infheisteoirí in 2014.
Cuireadh an clár “Saoránacht Mhálta trí Eadóirseacht as Seirbhísí Eisceachtúla trí Infheistíocht Dhíreach” in ionad Scéim 2014, ina dhiaidh sin, in 2020. Bunaíodh an scéim nua leis an Acht um Shaoránacht Mhálta (Leasú Uimh. 2), 2020 agus leis na Rialacháin um Shaoránacht a Dheonú as Seirbhísí Eisceachtúla, 2020.
Le dlí an Aontais Eorpaigh, cuirtear cosc ar scéimeanna náisiúnta d’infheisteoirí saoránachta lena gceadaítear náisiúntacht Ballstáit a dheonú go córasach mar mhalairt ar íocaíochtaí nó infheistíochtaí réamhchinntithe in éagmais ceanglas maidir le fíornasc idir an Stát agus na daoine aonair lena mbaineann.
Measann an Coimisiún gur scéim neamhdhleathach infheisteoirí saoránachta den sórt sin atá i Scéim Saoránacht Mhálta trí Eadóirseacht as Seirbhísí Eisceachtúla trí Infheistíocht Dhíreach (2020). Trí scéim den sórt sin a bhunú agus a choinneáil ar bun, cuireann Málta as do bunbhrí agus sláine shaoránacht an Aontais Eorpaigh agus baineann sé an bonn de, de shárú ar Airteagal 20 CFAE agus de shárú ar phrionsabal an chomhair dhílis a chumhdaítear in Airteagal 4(3) CAE.
|
15.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 173/27 |
Caingean arna tabhairt an 24 Márta 2023 — an Coimisiún Eorpach v Poblacht na Portaingéile
(Cás C-191/23)
(2023/C 173/38)
Teanga an cháis: an Phortaingéilis
Páirtithe
Iarratasóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: C. Hermes agus L. Santiago de Albuquerque, Gníomhairí)
Cosantóir: Poblacht na Portaingéile
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:
|
1) |
Go ndearbhófar gur mhainnigh Poblacht na Portaingéile na hoibleagáidí atá uirthi de bhun Airteagal 13(2) agus (5) de Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le tabhairt isteach agus leathadh speiceas coimhthíoch ionrach a chosc agus a bhainistiú (1) a chomhlíonadh ós rud é nár bhunaigh sí ná nár chuir sí chun feidhme pleananna gníomhaíochta lena gcomhlíontar na ceanglais a shonraítear in Airteagal 13 den Rialachán sin agus ós rud é nár chuir sí in iúl don Choimisiún iad gan mhoill. |
|
2) |
A ordú do Phoblacht na Portaingéile na costais a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
I gcomhréir le hAirteagal 13(2) agus (5) de Rialachán Uimh. 1143/2014, bhí tréimhse trí bliana ag Poblacht na Portaingéile, ó ghlacadh liosta na speiceas coimhthíoch ionrach atá ina n-ábhar imní don Aontas (“liosta an Aontais”), chun tacar de phleananna gníomhaíochta chun aghaidh a thabhairt ar na conairí tosaíochta trína dtugtar isteach agus trína leatar na speicis sin go neamhbheartaithe ar a gcríoch agus ina n-uiscí mara a bhunú, a chur chun feidhme agus a sheoladh chuig an gCoimisiún.
D’aithin Poblacht na Portaingéile 11 chonair tosaíochta, atá ina n-ábhar do sheacht dtogra do phleananna gníomhaíochta.
Níor chuir Poblacht na Portaingéile in iúl, áfach, an dáta a mbeidh na pleananna sin críochnaithe agus formheasta aici, agus níor sheol sí chuig an gCoimisiún iad.
|
15.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 173/28 |
Caingean arna tabhairt an 24 Márta 2023 — Coimisiún Eorpach v Poblacht na Laitvia
(Cás C-192/23)
(2023/C 173/39)
Teanga an cháis: an Laitvis
Páirtithe
Iarratasóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: C. Hermes agus I. Naglis, Gníomhairí)
Cosantóir: Poblacht na Laitvia
An t-ordú atá á lorg
|
— |
Go ndearbhófar gur mhainnigh Poblacht na Laitvia na hoibleagáidí atá uirthi de bhun Airteagal 13(2) agus (5) de Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le tabhairt isteach agus leathadh speiceas coimhthíoch ionrach a chosc agus a bhainistiú (1) a chomhlíonadh ós rud é nár bhunaigh sí ná nár chuir sí chun feidhme pleananna gníomhaíochta do na conairí tosaíochta tabhairt isteach arna sainaithint agus ós rud é nár chuir sí in iúl don Choimisiún iad gan mhoill. |
|
— |
Go n-ordófar do Phoblacht na Laitvia na costais a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
I gcomhréir le hAirteagal 13(2) agus (5) de Rialachán Uimh. 1143/2014, bhí tréimhse trí bliana ag Poblacht na Laitvia, ó ghlacadh liosta an Aontais, chun tacar de phleananna gníomhaíochta chun aghaidh a thabhairt ar na conairí tosaíochta trína dtugtar isteach agus trína leatar, go neamhbheartaithe, speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní don Aontas, arna sainaithint i gcomhréir le hAirteagal 13(1) de Rialachán Uimh. 1143/2014, a bhunú, a chur chun feidhme agus a sheoladh chuig an gCoimisiún. Ghlac an Coimisiún an liosta a luaitear in Airteagal 13 de Rialachán Uimh. 1143/2014 an 13 Iúil 2016, sa chaoi is go ndeachaigh an tréimhse trí bliana in éag an 13 Iúil 2019.
I gcomhréir le hAirteagal 13(1) den Rialachán, d’aithin an Laitvia ar a laghad cúig chonair tosaíochta (conairí gairneoireachta, tabhairt isteach tánaisteacha agus uisceadáin do phlandaí agus conairí tabhairt isteach tánaisteacha agus éalaithe ó shaoráidí coimeádta d’ainmhithe).
Níor bhunaigh agus níor sheol Poblacht na Laitvia pleananna gníomhaíochta chuig an gCoimisiún ach maidir le ceann amháin de na conairí tosaíochta sin, áfach.
|
15.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 173/29 |
Caingean arna tabhairt an 24 Márta 2023 — An Coimisiún Eorpach v Poblacht na hIodáile
(Cás C-193/23)
(2023/C 173/40)
Teanga an cháis: an Iodáilis
Páirtithe
Iarratasóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: C. Hermes agus G. Gattinara, i gcáil Gníomhairí)
Cosantóir: Poblacht na hIodáile
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an Coimisiún ar an gCúirt
|
— |
a dhearbhú, gur mhainnigh Poblacht na hIodáile a hoibleagáidí a chomhlíonadh faoi Airteagal 13(2) agus (5) de Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 (1) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le tabhairt isteach agus leathadh speiceas coimhthíoch ionrach a chosc agus a bhainistiú, trí mhainneachtain plean aonair nó sraith pleananna gníomhaíochta a tharraingt suas agus a chur chun feidhme chun aghaidh a thabhairt ar chonairí tosaíochta na speiceas coimhthíoch ionrach agus trí mhainneachtain iad a tharchur chuig an gCoimisiún nó iad a tharchur chuig an gCoimisiún gan mhoill; |
|
— |
a ordú do Phoblacht na hIodáile costais na n-imeachtaí a íoc. |
Saincheisteanna dlí arna maíomh
Maíonn an Coimisiún saincheist dlí amháin, gur mhainnigh Poblacht na hIodáile a hoibleagáidí a chomhlíonadh faoi Airteagal 13(2) agus (5) de Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le tabhairt isteach agus leathadh speiceas coimhthíoch ionrach a chosc agus a bhainistiú trí mhainneachtain plean aonair nó sraith pleananna gníomhaíochta a tharraingt suas agus a chur chun feidhme chun aghaidh a thabhairt ar chonairí tosaíochta na speiceas coimhthíoch ionrach agus trí mhainneachtain iad a tharchur chuig an gCoimisiún nó iad a tharchur chuig an gCoimisiún gan mhoill.
Go háirithe, ag dáta dhul in éag na tréimhse dá dtagraítear sa tuairim réasúnaithe, eadhon an 9 Aibreán 2022, ní raibh plean aonair ná sraith pleananna gníomhaíochta tarraingthe suas ná curtha chun feidhme ag an gcosantóir chun aghaidh a thabhairt ar chonairí tosaíochta speiceas coimhthíoch ionrach de réir bhrí Airteagal 13(2) den Rialachán, ná níor chuir sé an plean nó an tsraith pleananna sin in iúl gan mhoill de bhun Airteagal 13(5) den Rialachán.
Chúirt Ghinearálta
|
15.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 173/30 |
Caingean arna tabhairt an 20 Feabhra 2023 – ABLV Bank v BCE
(Cás T-100/23)
(2023/C 173/41)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: ABLV Bank AS (Ríge, an Laitvia) (ionadaí: O. Behrends, Dlíodóir)
Cosantóir: an Banc Ceannais Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
cinneadh BCE dar dáta an 8 Nollaig 2022 maidir leis an iarratasóir lenar dhiúltaigh BCE d’iarraidh an iarratasóra ar rochtain ar dhoiciméid BCE de bhun na rialacha lena rialaítear rochtain phoiblí ar dhoiciméid, a chur ar neamhní; |
|
— |
a ordú don chosantóir costais an iarratasóra a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí.
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir cúig shaincheist dlí.
|
1. |
An chéad saincheist dlí lena n-éilítear go raibh liosta na ndoiciméad a sholáthair an cosantóir sa chinneadh atá faoi chonspóid neamhiomlán go follasach. |
|
2. |
An dara saincheist dlí lena n-éilítear go ndearna BCE an t-iarratasóir a tharchur go neamhdhlisteanach chuig suíomh gréasáin údaráis tríú tír in ionad an doiciméid ábhartha atá ina sheilbh aige féin a nochtadh. |
|
3. |
An tríú saincheist dlí lena n-éilítear gur dhiúltaigh an cosantóir rochtain ar sheacht ndoiciméad go neamhdhleathach.
|
|
4. |
An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear gur mhainnigh BCE rochtain ar an gcomhad a sholáthar. |
|
5. |
An cúigiú saincheist dlí lena n-éilítear gur scoir an cosantóir go neamhdhlisteanach agus gan aon bhunús dlí de phróiseáil cuid den iarraidh ar rochtain. |
(1) Cinneadh 2004/258/CE (BCE/2004/3) (IO 2004 L 80, lch. 42).
|
15.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 173/31 |
Caingean arna tabhairt an 27 Feabhra 2023 – Kargins v an Coimisiún
(Cás T-110/23)
(2023/C 173/42)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Rems Kargins (Ríge, an Laitvia) (ionadaí: O. Behrends, Dlíodóir)
Cosantóir: an Coimisiún Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
cinneadh ón gCoimisiún, dar dáta an 12 Nollaig 2022 agus a fuarthas an 16 Nollaig 2022, maidir leis an iarratasóir lenar dhiúltaigh an Coimisiún d’iarraidh an iarratasóra ar rochtain ar dhoiciméid de bhun na rialacha lena rialaítear rochtain phoiblí ar dhoiciméid, a chur ar neamhní; |
|
— |
a ordú don chosantóir costais an iarratasóra a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí.
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir sé shaincheist dlí.
|
1. |
An chéad saincheist dlí lena n-éilítear go bhfuil liosta na ndoiciméad a sholáthair an cosantóir sa chinneadh atá faoi chonspóid neamhiomlán go follasach. |
|
2. |
An dara saincheist dlí lena n-éilítear go ndearna an cosantóir codanna suntasacha de na doiciméid a fholú go neamhdhlisteanach. |
|
3. |
An tríú saincheist dlí lena n-éilítear gur dhiúltaigh an cosantóir rochtain ar cheithre dhoiciméad déag go neamhdhleathach agus go ndearna sé amhlaidh ar bhonn léirmhíniú agus cur i bhfeidhm mícheart Airteagal 4(2) de Rialachán 1049/2001 (1) maidir leis an mbonn a d’fhéadfadh a bheith ann d’imeachtaí cúirte. |
|
4. |
An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear go bhfuil seasamh an chosantóra maidir le leas poiblí sáraitheach féideartha curtha ó bhail ag roinnt lochtanna lena n-áirítear, inter alia, nár thagair an cosantóir d’aon díobháil le linn nochtadh, nár bhreithnigh sé tábhacht pholaitiúil agus eacnamaíoch an cháis seo, agus nár mheas sé gur féidir leis an bpobal measúnú a dhéanamh ar an difríocht idir litir dhlisteanach amicus curiae agus cur isteach neamhdhlisteanach ag an gCoimisiún ar riaradh an cheartais i mBallstát, trí aird a thabhairt ar an gcúirt náisiúnta atá i gceannas ar iarmhairtí díobhálacha achomhairc a éisteacht don Bhallstát lena mbaineann mar thoradh ar chaingean dhíobhálach arna déanamh ag an gCoimisiún mura ndéantar an cinneadh ar na cúirteanna níos ísle a chealú. |
|
5. |
An cúigiú saincheist dlí lena n-éilítear gur mhainnigh an cosantóir rochtain ar an gcomhad a dheonú don iarratasóir. |
|
6. |
An séú saincheist dlí lena n-éilítear gur sáraíodh an spriocdháta de bhun Airteagal 8(1) agus (2) de Rialachán 1049/2001 ar bhealach chomh hiomlánach sin is go mbeadh sé ina dhiúltú rochtana ag an am ábhartha, trí chinneadh atá faoi chonspóid a eisiúint don iarratasóir beagnach bliain amháin tar éis an t-iarratas daingniúcháin a sheoladh. |
(1) Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún.
|
15.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 173/31 |
Caingean arna tabhairt an 2 Márta 2023 — Debreceni Egyetem v an Chomhairle
(Cás T-115/23)
(2023/C 173/43)
Teanga an cháis: an Ungáiris
Páirtithe
Iarratasóir: Debreceni Egyetem (Debrecen, an Úngáir) (ionadaithe: J. Rausch agus Á. Papp, Dlíodóirí)
Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
Ar bhonn Airteagal 263 CFAE, go gcuirfear ar neamhní, le héifeacht ex tunc, is é sin, go cúlghabhálach ó thráth a ghlactha, Airteagal 2(2) de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2506 ón gComhairle (1) an 15 Nollaig 2022 maidir le bearta chun buiséad an Aontais a chosaint i gcoinne sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta san Ungáir. |
|
— |
Go n-ordófar don chosantóir na costais go léir arna dtabhú ag an iarratasóir sna himeachtaí seo a íoc leis. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca lena chaingean, maíonn an t-iarratasóir 19 saincheist dlí.
|
1. |
An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar Airteagal 2 CAE
|
|
2. |
An dara saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar Airteagal 4 CAE
|
|
3. |
An tríú saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar Airteagal 5 CAE
|
|
4. |
An ceathrú saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar Airteagal 7 CAE
|
|
5. |
An cúigiú saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar Airteagal 9 CAE
|
|
6. |
An séú saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar Airteagal 11 CAE
|
|
7. |
An seachtú saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar Airteagal 2 CFAE
|
|
8. |
An t-ochtú saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar Airteagal 9 CFAE
|
|
9. |
An naoú saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar Airteagal 56 CFAE
|
|
10. |
An deichiú saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar Airteagal 67 CFAE
|
|
11. |
An t-aonú saincheist dlí déag, lena n-éilítear sárú ar Airteagal 120 CFAE
|
|
12. |
An dara saincheist dlí déag, lena n-éilítear sárú ar Airteagal 124 CFAE
|
|
13. |
An tríú saincheist dlí déag, lena n-éilítear sárú ar Airteagal 165 CFAE
|
|
14. |
An ceathrú saincheist dlí déag, lena n-éilítear sárú ar Airteagal 179 CFAE
|
|
15. |
An cúigiú saincheist dlí déag, lena n-éilítear sárú ar Airteagal 13 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”)
|
|
16. |
An séú saincheist dlí déag, lena n-éilítear sárú ar Airteagal 2 CAE
|
|
17. |
An seachtú saincheist dlí déag, lena n-éilítear sárú ar Airteagal 48 den Chairt
|
|
18. |
An t-ochtú saincheist dlí déag, lena n-éilítear sárú ar Airteagal 52 den Chairt
|
|
19. |
An naoú saincheist dlí déag, lena n-éilítear sárú ar an Rialachán Cumasúcháin (2)
|
(2) Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint (IO 2020 L 433, lch. 1).
|
15.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 173/34 |
Caingean arna tabhairt an 8 Márta 2023 – Synapsa Med v EUIPO – Gravity Products (Gravity)
(Cás T-125/23)
(2023/C 173/44)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Pholainnis
Páirtithe
Iarratasóir: Synapsa Med sp. z o.o. (Jelcz Laskowice, an Pholainn) (ionadaí: G. Kuchta, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Gravity Products LLC (Nua-Eabhrac, Stáit Aontaithe Mheiriceá)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Dílseánach an trádmhairc faoi cheist: Iarratasóir sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc
Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “Gravity” – Iarratas ar chlárú Uimh. 17 982 729
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí cealaithe
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gcúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 9 Eanáir 2023 i gCás R 923/2022-5
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
cinneadh an 9 Eanáir 2023 ón gCúigiú Bord Achomhairc de EUIPO a athrú trí sheasamh leis an achomharc i gcoinne chinneadh an 11 Aibreán 2022 lena ndearbhaítear go bhfuil focalmharc de chuid an Aontais GRAVITY ZTUE-017982729 neamhbhailí agus lena ndiúltaítear don iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta. |
Saincheist dlí arna maíomh
|
— |
Sárú ar Airteagal 95(1) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus ar Airteagal 7(2), Airteagal 7(3), Airteagal 16 agus Airteagal 17(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/625 ón gCoimisiún; |
|
— |
Sárú ar Airteagal 60(1)(a) agus Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. |
|
15.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 173/35 |
Caingean arna tabhairt an 15 Márta 2023 v Vintae Luxury Wine Specialists v EUIPO – Grande Vitae (vintae)
(Cás T-136/23)
(2023/C 173/45)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Vintae Luxury Wine Specialists SLU (Logroño, an Spáinn) (ionadaithe: L. Broschat García agus L. Polo Flores, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Grande Vitae GmbH (Delmenhorst, an Ghearmáin)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Dílseánach an trádmhairc atá faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta
Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “vintae” – Iarratas ar chlárú Uimh. 5 851 092
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí cealaithe
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 16 Eanáir 2023 i gCás R 2238/2021-1
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní; |
|
— |
ordú do EUIPO an trádmharc atá i gceist a dhearbhú go bhfuil an trádmharc bailí maidir leis na hearraí agus na seirbhísí in Aicmí 33 agus 35; |
|
— |
a ordú do EUIPO agus don idiragraí, Grande Vitae GmbH, na costais go léir a bhaineann leis an díospóid os comhair na Cúirte Ginearálta a íoc, lena n-áirítear na costais a bhaineann leis na himeachtaí os comhair an Chéad Bhoird Achomhairc. |
Saincheisteanna dlí arna maíomh
|
— |
Sárú ar Airteagal 60(1)(a) i gcomhar le hAirteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; |
|
— |
Sárú ar Airteagal 61 de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. |
|
15.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 173/35 |
Caingean arna tabhairt an 23 Márta 2023 – Kirov v EUIPO – Pasticceria Cristiani (CRISTIANI)
(Cás T-149/23)
(2023/C 173/46)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Georgi Kirov (Prág, Poblacht na Seice) (ionadaí: J. Matzner, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Pasticceria Cristiani Sas di Sergio Cristiani & C. (Livorno, an Iodáil)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Dílseánach an trádmhairc faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta
Trádmharc atá faoi cheist: Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh “CRISTIANI” – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 13 498 381
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí cealaithe
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 16 Eanáir 2023 i gCás R 835/2022-1
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní ina iomláine; |
|
— |
a ordú don chosantóir agus don idiragraí na costais a íoc. |
Saincheisteanna dlí
|
— |
Sárú ar Airteagal 94 de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; |
|
— |
Sárú ar Airteagal 58 de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. |
|
15.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 173/36 |
Caingean arna tabhairt an 23 Márta 2023 – an Pholainn v an Coimisiún Eorpach
(Cás T-156/23)
(2023/C 173/47)
Teanga an cháis: an Pholainnis
Páirtithe
Iarratasóir: An Pholainn (ionadaithe: B. Majczyna agus S. Żyrek, i gcáil Gníomhairí)
Cosantóir: An Coimisiún Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
an Cinneadh ón gCoimisiún Eorpach atá sa litir dar dáta an 13 Eanáir 2023 (1) a chur ar neamhní i ndáil leis na méideanna is infhaighte a fhritháireamh trí íocaíochtaí pionósacha laethúil arna bhforchur le hOrdú ó Leas-Uachtarán na Cúirte Breithiúnais an 27 Deireadh Fómhair 2021, an Coimisiún v an Pholainn (C-204/21 R, EU:C:2021:878) maidir leis an tréimhse ón 30 Lúnasa go dtí an 28 Deireadh Fómhair 2022; |
|
— |
a ordú don Choimisiún na costais a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir saincheisteanna dlí lena n-éilítear sárú ar Airteagail 101 agus 102 de Rialachán 2018/1046, (2) arna léamh i gcomhar le hAirteagal 98 de, mar thoradh ar an nós imeachta um méideanna is infhaighte a aisghabháil trí fhritháireamh, in ainneoin gur forchuireadh le hOrdú an 27 Deireadh Fómhair 2021 íocaíocht phionósach laethúil go dtí dáta cur chun feidhme Ordú an 14 Iúil 2021, an Coimisiún v an Pholainn (C-204/21 R, EU:C:2021:593) agus nach bhfuil feidhm a thuilleadh ón 15 Iúil 2022 ag na forálacha ar ghá an t-Ordú sin a chur ar fionraí.
(1) Litir ón gCoimisiún Eorpach an 13 Eanáir 2023, Tag. ARES(2023)240070.
(2) Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018, maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014 agus Cinneadh Uimh. 541/2014/UE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO 2018 L 193, lch. 1).
|
15.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 173/37 |
Caingean arna tabhairt an 24 Márta 2023 – Kneipp v EUIPO – Patou (Joyful by nature)
(Cás T-157/23)
(2023/C 173/48)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Kneipp GmbH (Würzburg, an Ghearmáin) (ionadaí: M. Pejman, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Jean Patou (Páras, an Fhrainc)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Iarratasóir an trádmhairc faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta
Trádmharc atá faoi chonspóid: Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “Joyful by nature” – Iarratas ar chlarú Uimh. 18 159 946
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh an Dara Bord Achomhairc de chuid EUIPO an 19 Eanáir 2023 i gCás R 532/2022-2
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarrastasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
an cinneadh atá faoi chonspóid a mhéid a dhíbhe sé achomharc an iarratasóra i gcoinne an diúltaithe don iarratas ar earraí agus seirbhísí in Aicmí 3, 4, 35 agus 44 a chur ar neamhní; |
|
— |
a ordú do EUIPO táillí an iarratasóra agus costais na caingne chomh maith le táillí an iarratasóra agus costais na n-imeachtaí freasúra a íoc. |
Saincheist dlí
|
— |
Sárú ar Airteagal 8(5) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. |
|
15.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 173/37 |
Caingean arna tabhairt an 24 Márta 2023 – VO v an Coimisiún
(Cás T-160/23)
(2023/C 173/49)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: VO (ionadaí: É. Boigelot, Dlíodóir)
Cosantóir: An Coimisiún Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
cinneadh an 20 Bealtaine 2022 ar tugadh fógra ina leith an lá céanna trí Ares (2022) 3814828 (faoi rún), (1) ar dá réir, ina cáil mar údarás ceapacháin, a chinn sé an t-iarratasóir a íosghrádú ó ghrád AST2/3 go grád AST1/3 le héifeacht ón gcéad lá den mhí tar éis an chinnidh sin, eadhon ar an 1 Meitheamh 2022, a chur ar neamhní; |
|
— |
a ordú don Choimisiún, mar chúiteamh as damáiste ábhartha, faoi réir méadú nó laghdú le linn na n-imeachtaí, suim EUR 533,88 a íoc a chomhfhreagraíonn don difríocht idir luach saothair an iarratasóra agus na sochair is iníoctha mar gheall ar a grád AST2/3 agus iad siúd a fuarthas go hiarbhír mar thoradh ar an íosghrádú atá faoi chonspóid; |
|
— |
a ordú don Choimisiún EUR 10 000 a íoc mar chúiteamh as damáiste neamhábhartha agus as damáiste dá clú, faoi réir méadú nó laghdú le linn na n-imeachtaí; |
|
— |
a ordú don chosantóir na costais a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí.
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir trí shaincheist dlí.
|
1. |
An chéad saincheist dlí lena n-éilítear go ndearnadh sárú ar Airteagal 51 de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus na forálacha inmheánacha arna nglacadh chun na Rialacháin sin a chur chun feidhme, go háirithe Cinneadh C (2019) 6855 an 4 Deireadh Fómhair 2019 maidir le nósanna imeachta chun déileáil le neamhinniúlacht ghairmiúil, agus, go háirithe, Airteagail 4 go 7 de, agus a chuirtear in ionad Chinneadh C (2004) 1597/7 ón gCoimisiún an 28 Aibreán 2004 maidir le caighdeáin ghairmiúla a chothabháil. |
|
2. |
An dara saincheist dlí lena n-éilítear go ndearnadh sárú ar an bprionsabal nach mór don riarachán cinneadh a ghlacadh ar fhorais atá inghlactha ó thaobh dlí de amháin, is é sin le rá, atá ábhartha agus nach bhfuil curtha ó bhail trí earráidí follasacha measúnaithe, fíorais nó dlí, agus ar an oibleagáid ráiteas cuí leordhóthanach ar chúiseanna a sholáthar. |
|
3. |
An tríú saincheist dlí lena n-éilítear, ar an gcéad dul síos, go ndearnadh sárú ar phrionsabail an dualgais chúraim, ionchais dhlisteanacha agus muinín dhlisteanach, prionsabal an dea-riaracháin, prionsabal na córa comhionainne agus, ar an dara dul síos, mí-úsáid agus drochúsáid cumhachtaí. |
(1) Sonraí rúnda fágtha ar lár.
|
15.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 173/38 |
Caingean arna tabhairt an 25 Márta 2023 – Schönegger Käse-Alm v EUIPO – Jumpseat3D plus Germany (Rebell)
(Cás T-161/23)
(2023/C 173/50)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Ghearmáinis
Páirtithe
Iarratasóir: Schönegger Käse-Alm GmbH (Prem, an Ghearmáin) (ionadaí: M.-C. Seiler, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Jumpseat3D plus Germany GmbH (Beirlín, an Ghearmáin)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Dílseánach an trádmhairc faoi cheist: Iarratasóir
Trádmhairc atá faoi cheist: Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “Rebell” –Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 2 810 950
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le cealú
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 13 Eanáir 2023 i gCás R 295/2022-1
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní a mhéid a dearbhaíodh go raibh an trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 2 810 950 “Rebell” in Aicme 29 cúlghairthe le haghaidh na n-earraí “táirgí bainne, go háirithe im, ullmhóidí ime, im ghléghlanta, ola ime, cuarc, bia cuarc, táirgí déiríochta, táirgí bainne triomaithe, bia-ábhair chothaithe déanta as bainne agus táirgí bainne”; |
|
— |
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní a mhéid a ordaíodh don iarratasóir costais na n-imeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc a íoc; |
|
— |
a ordú do EUIPO agus do Jumpseat 3D plus Germany GmbH, má dhéanann an páirtí eile idiragairt sna himeachtaí i gcoinne an chosantóra, na costais a íoc, lena n-áirítear costais an iarratasóra sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc. |
Saincheisteanna dlí arna maíomh
|
— |
Sárú ar Airteagal 58(1)(a) agus (2) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 21(1)(e) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/625 ón gCoimisiún; |
|
— |
Sárú ar Airteagal 58(1)(a) agus (2) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, arna léamh i gcomhar leis an dara habairt d’Airteagal 94(1) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; |
|
— |
Sárú ar Airteagal 58(1)(a) agus (2) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, arna léamh i gcomhar leis an gceathrú habairt d’Airteagal 19(1) agus Airteagal 10(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/625 ón gCoimisiún. |
|
15.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 173/39 |
Caingean arna tabhairt an 27 Márta 2023 – Sengül Ayhan v EUIPO – Pegase (Rock Creek)
(Cás T-162/23)
(2023/C 173/51)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Sengül Ayhan eK (Essen, an Ghearmáin) (ionadaí: M. Boden, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Pegase SAS (Saint-Malo, an Fhrainc)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Iarratasóir an trádmhairc faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta
Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “Rock Creek” – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 352 299
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 10 Eanáir i gCás R 1237/2022-5
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
an cinneadh atá faoi chonspóid agus cinneadh an Rannáin Freasúra an 12 Bealtaine 2022 a chur ar neamhní; |
|
— |
a ordú do EUIPO na costais a íoc. |
Saincheist dlí arna maíomh
|
— |
Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. |
|
15.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 173/40 |
Caingean arna tabhairt an 28 Márta 2023 – Dekoback v EUIPO – DecoPac (DECOPAC)
(Cás T-166/23)
(2023/C 173/52)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Ghearmáinis
Páirtithe
Iarratasóir: Dekoback GmbH (Helmstadt-Bargen, an Ghearmáin) (Ionadaí: V. von Moers, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maointe Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: DecoPac, Inc. (Anoka, Minnesota, na Stáit Aontaithe)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Dílseánach an trádmhairc faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc
Trádmharc atá faoi cheist: Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “DECOPAC” – Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 160 747
Imeachtaí os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le cealú
An cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc de EUIPO an 30 Eanáir 2023 i gCás R 754/2022-4
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní; |
|
— |
trádmharc Uimh. 160 747 “DECOPAC” atá cláraithe don pháirtí DecoPac, Inc. a chur ar neamhní ina iomláine. |
An tsaincheist dlí arna maíomh
|
— |
Sárú ar Airteagal 52 de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 ón gComhairle. |
|
15.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 173/40 |
Caingean arna tabhairt an 29 Márta 2023 – RT France v an Chomhairle
(Cás T-169/23)
(2023/C 173/53)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: RT France (Boulogne-Billancourt, an Fhrainc) (ionadaí: E. Piwnica, Dlíodóir)
Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
Cinneadh (CBES) 2023/191 ón gComhairle an 27 Eanáir 2023 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine a chur ar neamhní; |
|
— |
a ordú do Chomhairle an Aontais Eorpaigh na costais ina n-iomláine a íoc; |
leis na hiarmhairtí dlíthiúla uile lena mbaineann.
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí.
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir trí shaincheist dlí.
|
1. |
An chéad saincheist dlí lena n-éilítear gur sháraigh an cosantóir an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh atá faoi chosaint Airteagal 11 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. |
|
2. |
An dara saincheist dlí lena n-éilítear gur sháraigh an cosantóir an tsaoirse chun gnó a sheoladh atá faoi chosaint Airteagal 16 den Chairt um Chearta Bunúsacha. |
|
3. |
An tríú saincheist dlí lena n-éilítear gur sháraigh an cosantóir prionsabal an neamh-idirdhealaithe atá faoi chosaint Airteagal 21 den Chairt um Chearta Bunúsacha. |
|
15.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 173/41 |
Caingean arna tabhairt an 30 Márta 2023 – VR v an Pharlaimint
(Cás T-171/23)
(2023/C 173/54)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: VR (ionadaithe: L. Levi and P. Baudoux, Dlíodóirí)
Cosantóir: Parlaimint na hEorpa
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
a dhearbhú go bhfuil an chaingean seo inghlactha agus go bhfuil bunús maith léi; |
agus dá bhrí sin,
|
— |
cinneadh an 9 Meitheamh 2022 lena gcuirtear in iúl don iarratasóir go gcuirfí deireadh lena chonradh agus, a mhéid is gá, cinneadh an 20 Nollaig 2022 lena ndiúltaítear gearán an iarratasóra i gcoinne chinneadh an 9 Meitheamh 2022 a chur ar neamhní; |
|
— |
a ordú don chosantóir an damáiste a d’fhulaing an t-iarratasóir a shlánú; |
|
— |
a ordú don chosantóir na costais go léir a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí.
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir trí shaincheist dlí.
|
1. |
An chéad saincheist dlí lena n-éilítear earráid fhollasach mheasúnaithe maidir leis na forais leis an gcinneadh agus sárú ar phrionsabal na comhréireachta. |
|
2. |
An dara saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar Airteagal 41 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus, go sonrach, an ceart chun éisteacht a fháil, an oibleagáid cúiseanna a lua, comhlíonadh cheanglas na neamhchlaontachta ar thaobh an riaracháin agus dualgas na dícheallachta. |
|
3. |
An tríú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar an dualgas cúraim. |
|
15.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 173/42 |
Ordú na Cúirte Ginearálta an 20 Márta 2023 – ZK v an Coimisiún
(Cás T-627/18) (1)
(2023/C 173/55)
Teanga an cháis: an Fhraincis
D’ordaigh Uachtarán an Cúigiú Dlísheomra an cás a bhaint ón gclár.
|
15.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 173/42 |
Ordú na Cúirte Ginearálta an 17 Márta 2023 – NV v BEI
(Cás T-16/22) (1)
(2023/C 173/56)
Teanga an cháis: an Fhraincis
D’ordaigh Uachtarán an Deichiú Dlísheomra an cás a bhaint ón gclár.
|
15.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 173/42 |
Ordú na Cúirte Ginearálta an 16 Márta 2023 – Ilunga Luyoyo v an Chomhairle
(Cás T-97/22) (1)
(2023/C 173/57)
Teanga an cháis: an Fhraincis
D’ordaigh Uachtarán an Cheathrú Dlísheomra an cás a bhaint ón gclár.
|
15.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 173/42 |
Ordú na Cúirte Ginearálta an 17 Márta 2023 – NV v BEI
(Cás T-447/22) (1)
(2023/C 173/58)
Teanga an cháis: an Fhraincis
D’ordaigh Uachtarán an Deichiú Dlísheomra an cás a bhaint ón gclár.