Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document C:2023:125:FULL

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, C 125, 5 Aibreán 2023


Display all documents published in this Official Journal
 

ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 125

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

66
5 Aibreán 2023


Clár

Leathanach

 

 

PARLAIMINT NA hEORPA
SEISIÚN 2022-2023
Suíonna ón 12 go dtí an 15 Meán Fómhair 2022
TÉACSANNA ATÁ GLACTHA

1


 

I   Rúin, moltaí agus tuairimí

 

RÚIN

 

Parlaimint na hEorpa

 

Dé Máirt 13. Meán Fómhair 2022

2023/C 125/01

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Meán Fómhair 2022 le moltaí don Choimisiún maidir le cistiúchán príobháideach freagrach na dlíthíochta (2020/2130(INL))

2

2023/C 125/02

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Meán Fómhair 2022 ar Straitéis Foraoise nua AE do 2030 – Bainistiú Inbhuanaithe ar Fhoraoisí san Eoraip (2022/2016(INI))

23

2023/C 125/03

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Meán Fómhair 2022 ar an tionchar atá ag dúnadh gníomhaíochtaí oideachasúla, cultúrtha, óige agus spóirt ar leanaí agus ar dhaoine óga in AE i ngeall ar COVID-19 (2022/2004(INI))

44

 

Dé Céadaoin 14. Meán Fómhair 2022

2023/C 125/04

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Meán Fómhair 2022 maidir leis an Bauhaus Eorpach Nua (2021/2255(INI))

56

 

Déardaoin 15. Meán Fómhair 2022

2023/C 125/05

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Meán Fómhair 2022 maidir le sáruithe ar chearta an duine i gcomhthéacs díbirt éigeantais sibhialtach de chuid na hÚcráine chuig an Rúis agus uchtú éigeantais leanaí de chuid na hÚcráine sa Rúis (2022/2825(RSP))

67

2023/C 125/06

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Meán Fómhair 2022 maidir le sáruithe ar chearta an duine in Uganda agus sa Tansáin a bhaineann le hinfheistíochtaí i dtionscadail breoslaí iontaise (2022/2826(RSP))

72

2023/C 125/07

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Meán Fómhair 2022 maidir le Nicearagua, go háirithe gabháil an easpaig Ronaldo Álvarez (2022/2827(RSP))

73

2023/C 125/08

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Meán Fómhair 2022 maidir le staid na gceart bunúsach san Aontas Eorpach in 2020 agus 2021 (2021/2186(INI))

74

2023/C 125/09

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Meán Fómhair 2022 maidir le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach in AE: an 8ú Tuarascáil faoin gComhtháthú (2022/2032(INI))

94

2023/C 125/10

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Meán Fómhair 2022 ar réigiúin teorann an Aontais Eorpaigh: saotharlanna beo na lánpháirtíochta Eorpaí (2021/2202(INI))

108

2023/C 125/11

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Meán Fómhair 2022 maidir le cur chun feidhme na Straitéise Nua Tionsclaíochta Nuashonraithe don Eoraip ag ailíniú caiteachas le beartas (2022/2008(INI))

118

2023/C 125/12

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Meán Fómhair 2022 maidir le hiarmhairtí triomach, dóiteán agus feiniméan eile adhaimsire: iarrachtaí an Aontais a mhéadú chun an t-athrú aeráide a chomhrac (2022/2829(RSP))

129

2023/C 125/13

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Meán Fómhair 2022 maidir leis an staid i gCaolas na Téaváine (2022/2822(RSP))

130

 

MOLTAÍ

 

Parlaimint na hEorpa

 

Dé Céadaoin 14. Meán Fómhair 2022

2023/C 125/14

Moladh ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Meán Fómhair 2022 chuig an gCoimisiún agus chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh / Ardionadaí an Aontais Eorpaigh do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála maidir leis an gcomhpháirtíocht athnuaite le Comharsanacht an Deiscirt – clár oibre nua don Mheánmhuir (2022/2007(INI))

131


 

III   Gníomhartha ullmhúcháin

 

Parlaimint na hEorpa

 

Dé Máirt 13. Meán Fómhair 2022

2023/C 125/15

P9_TA(2022)0303
Nósanna imeachta aonfhoirmeacha i dtaca le seiceálacha ar iompar earraí contúirteacha de bhóthar (códú) ***I
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Meán Fómhair 2022 ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le nósanna imeachta aonfhoirmeacha i dtaca le seiceálacha ar iompar earraí contúirteacha de bhóthar (códú) (COM(2021)0483 – C9-0347/2021 – 2021/0275(COD))
P9_TC1-COD(2021)0275
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 13 Meán Fómhair 2022 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2022/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le nósanna imeachta aonfhoirmeacha i dtaca le seiceálacha ar iompar earraí contúirteacha de bhóthar (códú)

143

2023/C 125/16

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Meán Fómhair 2022 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle a bhaineann le tabhairt i gcrích na leasuithe ar an gComhaontú Idirnáisiúnta Siúcra, 1992 (07978/2022 – C9-0181/2022 – 2022/0082(NLE))

144

2023/C 125/17

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Meán Fómhair 2022 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Oileán Mhuirís a bhaineann le síneadh a chur leis an bPrótacal lena leagtar amach na deiseanna iascaireachta agus an ranníocaíocht airgeadais dá bhforáiltear leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Oileán Mhuirís (05657/2022 – C9-0166/2022 – 2022/0014(NLE))

145

2023/C 125/18

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Meán Fómhair 2022 ar an seasamh ón gComhairle ar dhréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 2/2022 an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022 – Barrachas ón mbliain airgeadais 2020 a iontráil (11467/2022 – C9-0297/2022 – 2022/0119(BUD))

146

2023/C 125/19

P9_TA(2022)0307
Leasú a dhéanamh ar an Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil i réimse an réitigh (Togra an tslabhra maidir le suibscríobh indíreach) ***I
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Meán Fómhair 2022 maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus Treoir 2014/59/AE a mhéid a bhaineann le láimhseáil stuamachta grúpaí institiúidí a bhfuil tábhacht shistéamach dhomhanda leo agus a bhfuil straitéis réitigh ilphointí iontrála acu mar aon le modheolaíocht le haghaidh suibscríobh indíreach ionstraimí atá incháilithe chun an t-íoscheanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe a chomhlíonadh (COM(2021)0665 – C9-0398/2021 – 2021/0343(COD))
P9_TC1-COD(2021)0343
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 13 Meán Fómhair 2022 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2022/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus Treoir 2014/59/AE a mhéid a bhaineann le láimhseáil stuamachta institiúidí a bhfuil tábhacht shistéamach dhomhanda leo agus a bhfuil straitéis réitigh ilphointí iontrála acu mar aon le modhanna le haghaidh ionstraimí a shuibscríobh go hindíreach atá incháilithe chun an t-íoscheanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe a chomhlíonadh

148

2023/C 125/20

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Meán Fómhair 2022 ar thogra 2021 maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil (COM(2021)0569 – 2021/0429R(APP))

149

2023/C 125/21

Leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 13 Meán Fómhair 2022 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tráchtearraí agus táirgí áirithe atá bainteach leis an dífhoraoisiú agus leis an díghrádú foraoise a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais agus a onnmhairiú ón Aontas mar aon leis sin agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 (COM(2021)0706 – C9-0430/2021 – 2021/0366(COD))

157

2023/C 125/22

P9_TA(2022)0312
Bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe atá infheidhme i Limistéar Rialála Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh (NAFO) ***I
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Meán Fómhair 2022 maidir leis an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/833 lena leagtar síos bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe is infheidhme i Limistéar Rialála Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh (COM(2022)0051 – C9-0046/2022 – 2022/0035(COD))
P9_TC1-COD(2021)0035
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 13 Meán Fómhair 2022 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2022/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/833 lena leagtar síos bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe is infheidhme i Limistéar Rialála Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh

270

2023/C 125/23

P9_TA(2022)0313
Limistéar an Choinbhinsiúin Iascaigh san Aigéan Ciúin Iartharach agus san Aigéan Ciúin Láir: Bearta caomhnaithe agus bainistíochta ***I
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Meán Fómhair 2022 maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos bearta caomhnaithe agus bainistíochta is infheidhme i Limistéar an Choinbhinsiún maidir le Stoic Éisc Mhórimirceacha san Aigéan Ciúin Iartharach agus san Aigéan Ciúin Láir a Chaomhnú agus a Bhainistiú agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 520/2007 ón gComhairle (COM(2021)0198 – C9-0153/2021 – 2021/0103(COD))
P9_TC1-COD(2021)0103
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 13 Meán Fómhair 2022 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2022/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos bearta caomhnaithe agus bainistíochta is infheidhme i Limistéar an Choinbhinsiúin Iascaigh san Aigéan Ciúin Iartharach agus san Aigéan Ciúin Láir agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 520/2007 ón gComhairle

271

 

Dé Céadaoin 14. Meán Fómhair 2022

2023/C 125/24

Leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 14 Meán Fómhair 2022 ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le héifeachtúlacht fuinnimh (athmhúnlú) (COM(2021)0558 – C9-0330/2021 – 2021/0203(COD))
[Leasú 1, mura léirítear a mhalairt]

272

2023/C 125/25

P9_TA(2022)0316
Pá íosta leordhóthanach san Aontas Eorpach ***I
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Meán Fómhair 2022 Togra ón gCoimisiún le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le pá íosta leordhóthanach san Aontas Eorpach (COM(2020)0682 – C9-0337/2020 – 2020/0310(COD))
P9_TC1-COD(2020)0310
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 14 Meán Fómhair 2022 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2022/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le pá íosta leordhóthanach san Aontas Eorpach

374

2023/C 125/26

Leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 14 Meán Fómhair 2022 maidir leis an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 98/70/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn, agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle (COM(2021)0557 – C9-0329/2021 – 2021/0218(COD))
[Leasú 1, mura léirítear a mhalairt]

375

 

Déardaoin 15. Meán Fómhair 2022

2023/C 125/27

P9_TA(2022)0323
Cúnamh macrairgeadais eisceachtúil don Úcráin agus lena ndaingnítear an ciste don soláthar coiteann ***I
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Meán Fómhair 2022 ar an togra le haghaidh Chinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena soláthraítear cúnamh macrairgeadais eisceachtúil don Úcráin, lena ndaingnítear an Ciste don Soláthar Coiteann le ráthaíochtaí ó na Ballstáit agus le soláthar sonrach le haghaidh roinnt dliteanas airgeadais a bhaineann leis an Úcráin, arna ráthú faoi Chinneadh Uimh. 466/2014/AE, agus lena leasaítear Cinneadh (AE) 2022/1201 (COM(2022)0557 – C9-0303/2022 – 2022/0281(COD))
P9_TC1-COD(2022)0281
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 15 Meán Fómhair 2022 chun go nglacfaí Cinneadh (AE) 2022/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena soláthraítear cúnamh macrairgeadais eisceachtúil don Úcráin, lena ndaingnítear an ciste don soláthar coiteann le ráthaíochtaí ó Bhallstáit agus le soláthar sonrach le haghaidh roinnt dliteanas airgeadais a bhaineann leis an Úcráin arna ráthú faoi Chinneadh Uimh. 466/2014/AE, agus lena leasaítear Cinneadh (AE) 2022/1201

439

2023/C 125/28

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Meán Fómhair 2022 ar an togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle lena gcinntear, de bhun Airteagal 7(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, gur ann do bhaol soiléir go bhfuil sárú tromchúiseach á dhéanamh ag an Ungáir ar na luachanna ar a bhfuil an tAontas fothaithe (2018/0902R(NLE))

440

2023/C 125/29

Leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 15 Meán Fómhair 2022 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le reacht agus cistiú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha (athmhúnlú) (COM(2021)0734 – C9-0432/2021 – 2021/0375(COD))

462


Eochair do na siombailí a úsáidtear

*

An nós imeachta comhairliúcháin

***

Nós imeachta an toilithe

***I

An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh

***II

An gnáthnós imeachta reachtach: an dara léamh

***III

An gnáthnós imeachta reachtach: an tríú léamh

(Braitheann an cineál nós imeachta ar an mbunús dlí a mholtar sa dréachtghníomh.)

Leasuithe ó Pharlaimint na hEorpa:

Léirítear téacs nua le cló trom iodálach . Léirítear téacs atá scriosta trí leas a bhaint as an tsiombail ▌ nó cuirtear líne tríd an téacs. Léirítear téacs atá curtha in ionad téacs eile tríd an téacs nua a aibhsiú le cló trom iodálach agus tríd an téacs atá á ionadú a scriosadh nó trí líne a chur tríd.

GA

 


5.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 125/1


PARLAIMINT NA hEORPA

SEISIÚN 2022-2023

Suíonna ón 12 go dtí an 15 Meán Fómhair 2022

TÉACSANNA ATÁ GLACTHA

 


I Rúin, moltaí agus tuairimí

RÚIN

Parlaimint na hEorpa

Dé Máirt 13. Meán Fómhair 2022

5.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 125/2


P9_TA(2022)0308

Cistiúchán príobháideach freagrach na dlíthíochta

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Meán Fómhair 2022 le moltaí don Choimisiún maidir le cistiúchán príobháideach freagrach na dlíthíochta (2020/2130(INL))

(2023/C 125/01)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint d’Airteagal 225 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint d’Airteagal 47 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint d’Airteagal 5 de Chinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Meán Fómhair 2005 lena nglactar Reacht Fheisirí Pharlaimint na hEorpa (1),

ag féachaint do Threoir (AE) 2020/1828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2020 maidir le caingne ionadaíocha chun comhleasanna tomhaltóirí a chosaint agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/22/CE (2),

ag féachaint do Mholadh ón gCoimisiún an 11 Meitheamh 2013 maidir le prionsabail choiteanna le haghaidh sásraí comhshásaimh urghaire agus cúiteacha sna Ballstáit a bhaineann le sáruithe ar chearta arna ndeonú faoi dhlí an Aontais,

ag féachaint don staidéar a rinne Seirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa i mí an Mhárta 2021 dar teideal Responsible private funding of litigation [Cistiúchán príobháideach freagrach na dlíthíochta],

ag féachaint do Rialacha 47 agus 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A9-0218/2022),

A.

de bhrí go bhfuil príomhfhreagracht ar na Ballstáit cúnamh dlíthiúil leordhóthanach a chur ar fáil dóibh siúd nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu d’fhonn rochtain ar an gceartas a áirithiú do chách, i gcomhréir le hAirteagal 47 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh; de bhrí gurb iad cúnamh dlíthiúil poiblí agus ionchúiseamh poiblí na sásraí lárnacha chun an ceart bunúsach chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a ráthú, agus nach mór dóibh fanacht mar sin i gcónaí;

B.

de bhrí gur cleachtas atá ag dul i méid é cistiú dlíthíochta tráchtála tríú páirtí (TPLF) trína ndéanann infheisteoirí príobháideacha (“cisteoirí dlíthíochta”), nach páirtí i ndíospóid iad, infheistíocht chun brabús a dhéanamh in imeachtaí dlíthiúla agus costais dhlíthiúla agus costais eile a íoc, mar mhalairt ar sciar d’aon dámhachtain a dhéanfar sa deireadh; de bhrí nach bhfuil i gcomhshásamh ach cineál amháin dlíthíochta ina n-úsáidtear TPLF faoi láthair, agus gur samplaí eile iad eadránú, imeachtaí dócmhainneachta, aisghabháil infheistíochta, éilimh in aghaidh trustaí agus eile;

C.

de bhrí go bhféadfaí TPLF a úsáid níos minice, dá ndéanfaí é a rialáil i gceart, mar uirlis chun tacú le rochtain ar cheartas, go háirithe i dtíortha ina bhfuil costais dhlíthiúla an-ard nó do mhná agus do ghrúpaí imeallaithe a bhfuil bacainní cistiúcháin breise acu; de bhrí go bhféadfadh TPLF cuidiú níos mó freisin chun a áirithiú go dtabharfar cásanna a bhaineann le leas an phobail chun na cúirte agus chun míchothromaíochtaí eacnamaíocha suntasacha atá ann idir corparáidí agus na saoránaigh sin a bhfuil sásamh á lorg acu a laghdú, agus ar an gcaoi sin cuntasacht chorparáideach iomchuí a áirithiú;

D.

de bhrí go léiríonn tuarascáil ó British Institute of International and Comparative Law [Institiúid Dlí Idirnáisiúnta agus Comparáidigh na Breataine] (BIICL) maidir le “State of Collective Redress in the EU in the context of the Commission Recommendation” [Staid an tSásaimh Chomhchoitinn in AE i gcomhthéacs an Mholta ón gCoimisiún] go bhfuil cistiú tríú páirtí tagtha chun bheith ina thoisc bhunriachtanach i roinnt Ballstát chun comhshásamh a bhaint amach (3); de bhrí go léirítear i dTuarascáil COM(2018)0040 ón gCoimisiún maidir le cur chun feidhme mholtaí neamhcheangailteacha 2013 maidir le comhshásamh gur príomhghné den chomhshásamh é TPLF, a bhfuil gné thábhachtach trasteorann ag baint leis (4);

E.

de bhrí go bhféadfadh cisteoirí dlíthíochta atá rannpháirteach in imeachtaí dlíthiúla gníomhú chun a leasa eacnamaíoch féin, seachas chun leasa éilitheoirí; de bhrí go bhféadfadh siad iarracht a dhéanamh an dlíthíocht a rialú agus toradh a éileamh a íocfaidh an toradh is mó leo agus sa mhéid ama is giorra (5); de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach a áirithiú go n-íocfar damáistí leordhóthanacha le híospartaigh;

F.

de bhrí, cé nach bhfuil a leithéid de rud agus TPLF san Eoraip, gur feiniméan é a bhfuil borradh faoi in eadráin infheistíochta a mhéadaíonn líon agus méid na n-éileamh ó infheisteoirí príobháideacha i gcoinne na Stát;

G.

de bhrí, de réir na sonraí atá ar fáil, go bhféadfaidh cisteoirí dlíthíochta, i mBallstáit áirithe, sciar díréireach de na fáltais a éileamh a sháraíonn torthaí tipiciúla cineálacha eile infheistíochtaí; de bhrí gur gnách go mbíonn na méideanna a éilíonn cisteoirí dlíthíochta idir 20 % agus 50 % den dámhachtain ar fud an Aontais (6), ach gur féidir le héilimh den sórt sin lasmuigh den Aontas a bheith ina bhfáltais ar infheistíocht suas le 300 % i gcásanna áirithe; de bhrí gur cheart rialacha a thabhairt isteach chun a áirithiú go bhfuil na táillí a íoctar le cisteoirí dlíthíochta comhréireach agus go ndeonaítear an dámhachtain ar dtús do na héilitheoirí, sula n-íocfar an táille leis an gcisteoir dlíthíochta;

H.

de bhrí nach é TPLF an t-aon bhealach amháin chun rochtain ar cheartas a éascú, agus go bhfuil ionstraimí eile, amhail cúnamh dlíthiúil nó árachas costas dlíthiúil, ar fáil chun an rochtain sin a éascú, agus go bhfuil leigheasanna seachbhreithiúnacha ann freisin chun sásamh a lorg, amhail idirghabháil, ADR/ODR, an tOmbudsman nó trí chórais casaoide arna mbainistiú ag cuideachtaí; de bhrí go bhféadfadh cúiteamh níos tapúla agus níos leordhóthanaí d’éilitheoirí a bheith mar thoradh ar na réitigh sin cé nach gá go mbeadh na leigheasanna sin éifeachtach go leor i gcónaí maidir le sásamh leordhóthanach a sholáthar; de bhrí gur cheart an deis a thabhairt i gcónaí d’éilitheoirí leigheas breithiúnach a lorg go díreach;

I.

de bhrí go bhfuil TPLF forleathan san Astráil, i SAM, i gCeanada, sa Ríocht Aontaithe agus san Ísiltír, agus go measann roinnt daoine gur phríomhghné é chun a áirithiú go bhfuil rochtain ar cheartas ar fáil (7), mar sin féin, tá imní ann freisin maidir le cleachtais drochúsáide i roinnt dlínsí; de bhrí go léiríonn sonraí eimpíreacha (8) gur minic a roghnaíonn cisteoirí dlíthíochta cásanna arb ionann iad agus na torthaí féideartha is fearr, agus nach ndéanfadh siad infheistíocht i gcásanna a mheasann siad a bheith ró-riosca nó gan a bheith brabúsach go leor;

J.

de bhrí gur deacair líon na gcisteoirí dlíthíochta a chinneadh, agus gurb eol go n-oibríonn ar a laghad 45 cisteoir den sórt sin san Aontas; de bhrí, cé go bhfuil cleachtas TPLF teoranta go dtí seo i bhformhór na mBallstát, go meastar go mbeidh ról méadaitheach aige sna blianta amach romhainn, ach go bhfuil sé fós neamhrialáilte den chuid is mó san Aontas, in ainneoin go bhféadfadh sé, ní hamháin go mbainfeadh tairbhí leis, ach go bhféadfadh rioscaí ábhartha do riar an cheartais nach mór aghaidh a thabhairt orthu a bheith ag baint leis freisin;

K.

de bhrí, san fholús rialála atá ann faoi láthair, go bhfuil baol ann go n-oibreoidh cisteoirí dlíthíochta ar bhealach neamh-thrédhearcach, agus go bhféadfadh cúirteanna, uaireanta, dámhachtainí a dhéanamh d’éilitheoirí gan a thuiscint go ndéanfar sciar den dámhachtain, a d’fhéadfadh a bheith díréireach uaireanta, a atreorú ina dhiaidh sin chuig cisteoirí dlíthíochta ar chostas éilitheoirí; de bhrí go bhféadfadh easpa trédhearcachta den sórt sin a bheith i gceist freisin agus gur beag eolas, nó nach bhfuil aon eolas ar bith, ag na tairbhithe ionchasacha faoi dháileadh na ndámhachtainí nó na gcomhaontuithe cistiúcháin, go háirithe i gcás ina bhfuil feidhm ag sásra um rogha gan a bheith páirteach laistigh de chórais chomhshásaimh; de bhrí, in éagmais íoschaighdeáin choiteanna ar leibhéal an Aontais, go bhfuil baol ilroinnte agus míchothromaíochtaí rialála ann i réimse an chistiúcháin dlíthíochta;

L.

de bhrí go sainaithnítear le Treoir (AE) 2020/1828 deiseanna agus coimircí a bhaineann le cistiú dlíthíochta, atá teoranta, áfach, do chaingne ionadaíocha thar ceann tomhaltóirí faoi shainchúram na Treorach sin, agus, dá bhrí sin, nach rialáiltear cineálacha eile caingne, amhail iad siúd a bhaineann le gnó nó cearta an duine, nó catagóirí éilitheoirí, amhail eagraíochtaí um chearta an duine nó oibrithe; de bhrí gur cheart feidhm a bheith ag bearta agus coimircí éifeachtacha maidir le gach cineál éilimh;

Réamhrá

1.

ag tabhairt dá haire, cé go bhfuil teorainn fós le húsáid a bhaint as cistiú dlíthíochta tríú páirtí, gur cleachtas é atá ag dul i méid san Aontas, a bhfuil ról méadaitheach aige i gcórais cheartais roinnt Ballstát, agus ar an gcaoi ar féidir le saoránaigh na hEorpa rochtain a fháil ar an gceartas, go háirithe maidir le cásanna trasteorann. á thabhairt dá haire go bhfuil cistiú dlíthíochta neamhrialáilte den chuid is mó ar leibhéal an Aontais go dtí seo;

2.

ag tabhairt dá haire gur cheart rialáil TPLF a bheith fite fuaite le beartais lena bhfeabhsaítear rochtain ar cheartas d’éilitheoirí, amhail trí chostais dhlíthiúla a laghdú, trí chistiú poiblí leordhóthanach a chur ar fáil d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta, lena n-áirítear eagraíochtaí cosanta tomhaltóirí, nó trí chleachtais eile a chur chun cinn amhail cúnamh dlíthiúil nó sluachistiú; ag iarraidh ar na Ballstáit dea-chleachtas a mhalartú maidir leis an ábhar sin agus leas a bhaint as na bearta dá dtagraítear in Airteagal 20 de Threoir (AE) 2020/1828 a mhéid a bhaineann le rochtain éifeachtach ar cheartas a áirithiú;

3.

á chur in iúl go bhfuil sí deimhin de, chun rochtain ar cheartas a áirithiú do chách agus go dtugtar tús áite do shásamh do pháirtithe díobhálaithe sna córais cheartais, seachas leasanna infheisteoirí príobháideacha nach bhféadfadh ach deiseanna tráchtála a lorg ó dhíospóidí dlíthiúla, gur gá íoschaighdeáin chomhchoiteanna a bhunú ar leibhéal an Aontais, lena dtugtar aghaidh ar na príomhghnéithe a bhaineann le TPLF, lena n-áirítear trédhearcacht, cothroime agus comhréireacht;

4.

á chur i bhfáth gurb é an aidhm a bheadh le córas rialála den sórt sin gníomhaíochtaí cistiúcháin dlíthíochta ag cisteoirí dlíthíochta a rialáil. á chur i bhfios gur cheart do chóras den sórt sin gníomhaíochtaí cistiúcháin a rialáil i ndáil le gach cineál éilimh, gan beann ar chineál na n-éileamh, agus gur cheart é a bheith gan dochar do dhlí idirnáisiúnta, do dhlí an Aontais agus don dlí náisiúnta atá ann cheana lena gceadaítear éilimh a thabhairt, go háirithe an dlí maidir le comhleasanna tomhaltóirí a chosaint, maidir le cosaint an chomhshaoil, agus an dlí lena rialaítear imeachtaí dócmhainneachta nó dliteanas;

5.

á chreidiúint, trí íoschaighdeáin choiteanna an Aontais maidir le TPLF a bhunú, go mbeidh reachtóirí in ann maoirseacht éifeachtach a dhéanamh agus a áirithiú go ndéanfar leasanna na n-éilitheoirí a chosaint. á chur i bhfios gur féidir ról dearfach a bheith ag sásraí rialála deonacha agus ag cóid iompair dheonacha, ach nár ghlac tromlach mór na gcisteoirí síntiús leo go dtí seo, rud a fhágann go bhfuil éilitheoirí neamhchosanta go mór;

Rialáil agus maoirseacht ar chisteoirí dlíthíochta

6.

á mholadh go mbunófaí córas údaraithe do chisteoirí dlíthíochta, lena n-áiritheofar, ar an gcaoi sin, go gcuirfear deiseanna éifeachtacha ar fáil d’éilitheoirí chun úsáid a bhaint as TPLF agus go gcuirfear coimircí leordhóthanacha i bhfeidhm, lena n-áirítear trí cheanglais rialachais chorparáidigh agus cumhachtaí maoirseachta a thabhairt isteach chun éilitheoirí a chosaint agus chun a áirithiú nach gcuirfidh ach eintitis atá tiomanta d’íoschaighdeáin a chomhlíonadh maidir le trédhearcacht, neamhspleáchas, rialachas agus leordhóthanacht chaipitil cistiú ar fáil, agus caidreamh muiníneach a urramú vis-à-vis éilitheoirí agus tairbhithe beartaithe; á chur i bhfáth gur gá a áirithiú nach gcruthóidh an córas sin ualach riaracháin iomarcach do na Ballstáit ná do chisteoirí dlíthíochta;

Saincheisteanna eiticiúla

7.

á mholadh go gcuirfí d’oibleagáid ar chisteoirí dlíthíochta dualgas muiníneach cúraim a urramú, lena gceanglaítear orthu gníomhú chun leasa éilitheora. á chreidiúint nach féidir le cisteoirí dlíthíochta smacht míchuí a bheith acu ar na himeachtaí dlíthiúla a mhaoiníonn siad; ní mór don éilitheoir agus dá n-ionadaithe dlíthiúla a bheith freagrach as an rialú sin ar na himeachtaí dlíthiúla; d’fhéadfadh rialú foirmiúil a bheith i gceist le rialú den sórt sin ar imeachtaí dlíthiúla cistithe, amhail trí shocruithe conarthacha, agus rialú neamhfhoirmiúil, amhail trí bhagairtí an cistiú a tharraingt siar;

8.

á chur i bhfios go láidir go bhféadfadh coinbhleachtaí leasa teacht chun cinn i gcás ina bhfuil caidreamh míchuí idir cisteoirí dlíthíochta, eintitis ionadaíocha, gnólachtaí dlí, comhbhailitheoirí, lena n-áirítear ardáin bailithe éileamh agus ardáin dáilte dámhachtana, agus eintitis eile a d’fhéadfadh a bheith rannpháirteach in éilimh agus a bhfuil leas acu i dtoradh cáis cúirte; ag tabhairt dá haire go bhfuil treocht mhéadaitheach ann maidir le cisteoirí dlíthíochta a aontaíonn gnólachtaí dlí a mhaoiniú i sraith cásanna a bheidh ann amach anseo (maoiniú punainne) (9); á mholadh go nglacfaí coimircí chun coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann a chosc, chun cearta éilitheoirí a leagan síos agus chun a cheangal go nochtfar mionsonraí maidir leis an gcaidreamh idir cisteoirí dlíthíochta agus na páirtithe eile lena mbaineann;

9.

á chreidiúint, ach amháin in imthosca eisceachtúla a rialáiltear go docht, nár cheart a cheadú do chisteoirí dlíthíochta páirtithe cistithe a thréigean sa dlíthíocht ag céim ar bith sa phróiseas dlíthíochta, rud a fhágann nach bhfuil ach éilitheoirí freagrach as costais uile na dlíthíochta, nach ndéanfaí a shaothrú, b’fhéidir, ach amháin mar gheall ar rannpháirtíocht an chisteora; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, gur cheart socruithe conarthacha ar bhonn cistiú coinníollach a mheas a bheith ar neamhní;

10.

á chreidiúint, díreach cosúil le éilitheoirí, gur cheart cisteoirí dlíthíochta a bheith freagrach as costais na gcosantóirí a eascraíonn as dlíthíocht nár éirigh leis, amhail mar gheall ar dhámhachtain costas díobhálach; á chur i bhfáth gur cheart go gcuirfeadh rialáil cosc ar chisteoirí dlíthíochta a ndliteanas a theorannú do chostais i gcás toradh nár éirigh leo;

Dreasachtaí agus teorainneacha maidir le téarnamh

11.

á mheas gur cheart, leis an reachtaíocht, teorainneacha a fhorchur ar chion na dámhachtana a bhfuil cisteoirí dlíthíochta i dteideal a fháil i gcás dlíthíocht nó socraíocht rathúil agus ar bhonn socrú conarthach; á chreidiúint nár cheart go n-imeodh socruithe idir cisteoirí dlíthíochta agus éilitheoirí ón riail ghinearálta ach amháin in imthosca eisceachtúla go n-íocfar 60 % ar a laghad den ollsocraíocht nó de na damáistí leis na héilitheoirí;

Nochtadh agus trédhearcacht

12.

á mheas gur cheart go mbeadh trédhearcacht ann maidir le rannpháirtíocht chistiúchán dlíthíochta in imeachtaí dlíthiúla, lena n-áirítear oibleagáidí ar éilitheoirí agus ar a ndlíodóirí comhaontuithe cistiúcháin a nochtadh do na cúirteanna ar thionscnamh na cúirte nó tar éis iarraidh arna déanamh chuig an gcúirt ag an gcosantóir, agus an chúirt a chur ar an eolas faoi chistiú tráchtála a bheith ann agus faoi chéannacht an chisteora don chás atá faoi chaibidil; á mheas gur cheart don chúirt an cosantóir a chur ar an eolas faoi TPLF a bheith ann agus faoi chéannacht an chisteora. ag tabhairt dá haire, i láthair na huaire, gur minic nach bhfuil cúirteanna nó údaráis riaracháin agus cosantóirí ar an eolas go bhfuil éileamh á chistiú ag gníomhaí tráchtála;

Cumhachtaí na n-údarás maoirseachta agus athbhreithniú na gcúirteanna agus na n-údarás riaracháin

13.

á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart go mbeadh na cumhachtaí ag údaráis mhaoirseachta, cúirteanna agus údaráis riaracháin, i gcás inarb iomchuí i gcomhréir leis an dlí nós imeachta náisiúnta, chun forfheidhmiú na reachtaíochta a glacadh a éascú chun na spriocanna a leagtar amach thuas a bhaint amach; á mholadh go mbunófaí córas gearán nach n-eascróidh costais iomarcacha nó ualach riaracháin iomarcach as do na Ballstáit; á mheas gur cheart go mbeadh na cumhachtaí ag údaráis mhaoirseachta, cúirteanna agus údaráis riaracháin, i gcás inarb iomchuí i gcomhréir leis an dlí nós imeachta náisiúnta, chun aghaidh a thabhairt ar chleachtais mhí-úsáideacha ag cisteoirí dlíthíochta údaraithe, agus gan bac a chur ar rochtain ar cheartas d’éilitheoirí agus do thairbhithe beartaithe ag an am céanna;

Gnéithe críochnaitheacha

14.

ag iarraidh ar an gCoimisiún dlúthfhaireachán agus dlúthanailís a dhéanamh ar fhorbairt cistiúcháin dlíthíochta tríú páirtí sna Ballstáit, ó thaobh an chreata dhlíthiúil agus an chleachtais de araon, agus aird ar leith á tabhairt ar chur chun feidhme Threoir (AE) 2020/1828; ag iarraidh freisin ar an gCoimisiún, tar éis dhul in éag an spriocdháta maidir le cur i bhfeidhm Threoir (AE) 2020/1828, eadhon an 25 Meitheamh 2023, agus éifeachtaí na Treorach sin á gcur san áireamh, togra le haghaidh Treoir a thíolacadh, ar bhonn Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, chun íoschaighdeáin chomhchoiteanna a bhunú ar leibhéal an Aontais maidir le cistiú dlíthíochta tráchtála tríú páirtí, i gcomhréir leis na moltaí a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis seo;

15.

á mheas nach mbeidh impleachtaí airgeadais ag gabháil leis an togra atá iarrtha;

o

o o

16.

á threorú dá hUachtarán an rún seo agus na moltaí a ghabhann leis a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún agus chuig an gComhairle.

(1)  IO L 262, 7.10.2005, lch. 1.

(2)  IO L 409, 4.12.2020, lch. 1.

(3)  https://www.biicl.org/documents/1881_StudyontheStateofCollectiveRedress.pdf, lch. 19.

(4)  https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=CELEX:52018DC0040&from=EN, lch. 10.

(5)  Tháinig Parlaimint na hAstráile ar an gconclúid “mar thoradh ar leibhéal na cumhachta agus an tionchair atá ag cisteoirí dlíthíochta i gcaingne aicmeacha, bíonn cásanna ann ina dtéann a leasanna airgeadais i gcion ar leasanna an ghearánaí ionadaíoch agus na gcomhaltaí aicmeacha”, féach Coimisiún Athchóirithe Dlí na hAstráile (2019): An Inquiry into Class Action Proceedings and Third-Party Litigation funders [Fiosrúchán ar Imeachtaí Caingne Aicmeacha agus ar Chisteoirí Dlíthíochta Tríú Páirtí], lch. 19.

(6)  Staidéar EPRS (2021): Cistiúchán príobháideach freagrach na dlíthíochta. Iarscríbhinn — Staid na himeartha maidir le tírdhreach cistiúcháin príobháideach dlíthíochta an Aontais agus rialacha reatha an Aontais is infheidhme maidir le cistiúchán príobháideach dlíthíochta.

(7)  Féach https://www.biicl.org/documents/1881_StudyontheStateofCollectiveRedress.pdf, lch. 269: “Bhí an dearcadh ginearálta ar chur chuige na Ríochta Aontaithe maidir le cistiú tríú páirtí fabhrach agus mheas freagróirí go raibh fáil ar mhaoiniú den sórt sin mar phríomhghné ina gcinneadh páirt a ghlacadh in imeachtaí comhchoiteanna. Ar an iomlán, taithí dhearfach a bhí ann ar mhaoiniú tríú páirtí d”éilimh chomhchoiteanna. Ní raibh aon taithí ag aon duine de na freagróirí ar eagraíocht a bhí ag iarraidh éileamh a mhaoiniú i gcoinne iomaitheoir. Ní raibh aon taithí ag aon duine de na freagróirí go ndearna cisteoir iarracht fhollasach an dlíthíocht a rialú, cé go ndearna dlíodóir amháin cur síos ar chás ina ndearna cisteoir cuid den chistiú a tharraingt siar cuid den bhealach tríd an éileamh rud a d’fhág gur socraíodh an cás roimh an am’.

(8)  Féach Coimisiún Athchóirithe Dlí na hAstráile (2019): An Inquiry into Class Action Proceedings and Third-Party Litigation funders [Fiosrúchán ar Imeachtaí Caingne Aicmeacha agus ar Chisteoirí Dlíthíochta Tríú Páirtí], lch. 34.

(9)  Staidéar EPRS (2021): Cistiúchán dlíthíochta freagrach. Staid na himeartha maidir le creat cistiúcháin príobháideach dlíthíochta AE agus rialacha reatha AE is infheidhme maidir le cistiúchán príobháideach dlíthíochta, lch. 28-29.


IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN:

MOLTAÍ I dTAOBH INNEACHAR AN TOGRA ARNA IARRAIDH

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

ar chistiúchán dlíthíochta tríú páirtí a rialú

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don iarraidh ó Pharlaimint na hEorpa chuig an gCoimisiún Eorpach (1),

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is cleachtas é cistiú dlíthíochta tráchtála tríú páirtí atá ag forbairt ina mhargadh seirbhísí dlíthíochta gan creat reachtach sonrach a bheith i bhfeidhm ar leibhéal an Aontais. In ainneoin go bhfuil cisteoirí dlíthíochta bunaithe go rialta agus ag feidhmiú i mBallstáit éagsúla, ar bhonn intíre nó thar theorainneacha, bhí siad faoi réir rialacha agus cleachtais náisiúnta éagsúla sa mhargadh inmheánach go dtí seo, i gcás ina bhfuil rialacha ilroinnte go ginearálta agus fiú folús reachtach ann, ag brath ar an mBallstát lena mbaineann, sa réimse sin. Is dócha go mbeadh rialacha agus cleachtais dhibhéirseacha sna Ballstáit ina mbac ar fheidhmiú an margaidh inmheánaigh. Níl easpa soiléireachta maidir leis na téarmaí ar a bhféadfaidh cisteoirí dlíthíochta tráchtála tríú páirtí feidhmiú (“cisteoirí dlíthíochta”) comhoiriúnach le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh, agus é á chur san áireamh go háirithe go bhféadfadh sé a bheith indéanta cásanna trasteorann a chistiú trí thríú páirtí amháin, agus go bhfuil na cásanna sin tarraingteach go háirithe do chisteoirí dlíthíochta. Baineann riosca idirdhealaithe maidir le rochtain ar cheartas idir éilitheoirí i mBallstáit éagsúla le díbhéirseacht sa chreat dlíthiúil is infheidhme i ngach Ballstát, go háirithe i gcásanna a bhfuil gné thrasteorann ag baint leo, chomh maith leis an riosca go ndéanfaidh cisteoirí dlíthíochta siopadóireacht fóram, a bhféadfadh tionchar a bheith aige ar fhabhair rialacha náisiúnta áirithe maidir lena mbunú, an dlí is infheidhme maidir le comhaontuithe cistiúcháin agus rialacha náisiúnta nós imeachta.

(2)

Féachann dlí an Aontais le cothromaíocht a áirithiú idir rochtain ar cheartas a dheonú agus coimircí iomchuí a sholáthar dóibh siúd atá i mbun imeachtaí, chun cosc a chur ar a gceart chun rochtain a fháil ar cheartas a shaothrú go míchóir. Nuair a chuireann cisteoirí dlíthíochta maoiniú ar fáil d’imeachtaí dlíthiúla mar mhalairt ar sciar d’aon chúiteamh a bhronntar, d’fhéadfadh baol éageartais a bheith ann. Áirítear leis an riosca sin cisteoirí dlíthíochta a bheith in ann leas a bhaint as éilitheoirí, nó iad siúd a ndéanann siad ionadaíocht orthu, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, tomhaltóirí a ndéanann eintitis cháilithe ionadaíocht ar a leasanna, chun a gcríoch féin a chomhlíonadh agus chun dtoradh féin a uasmhéadú, rud a fhágann go bhfuil sciar laghdaithe den dámhachtain fhéideartha ag éilitheoirí nó tairbhithe beartaithe. Is féidir leis na rioscaí a bheith an-ghéar nuair is tomhaltóirí nó íospartaigh sáruithe ar chearta bunúsacha iad na daoine sin a bhfuil súil acu tairbhe a bhaint as dlíthíocht, a d’fhéadfadh fáilte a chur roimh rannpháirtíocht cisteora dlíthíochta atá réidh chun íoc as imeachtaí, gan a chur in iúl go bhféadfaí a leasanna a threascairt i bhfabhar leasanna an chisteora dlíthíochta féin.

(3)

Dá mbunófaí creat coiteann de chuid an Aontais d’íoschaighdeáin maidir le cistiú freagrach dlíthíochta tráchtála tríú páirtí, chuideofaí le rochtain ar cheartas a chur chun cinn agus cuntasacht chorparáideach iomchuí a áirithiú. Go deimhin, is minic gurb ann d’éagothroime eacnamaíoch shuntasach idir cuideachtaí agus saoránaigh atá ag lorg sásaimh, agus is féidir le cistiú dlíthíochta tríú páirtí an éagothroime sin a laghdú má mhaolaítear na rioscaí gaolmhara, agus má oibríonn an cistiú sin i gcomhlántacht le bearta eile lena mbaintear bacainní ar rochtain ar cheartas. Chuige sin, tá sé ríthábhachtach cothromaíocht riachtanach a áirithiú idir feabhas a chur ar rochtain na n-éilitheoirí ar an gceartas agus coimircí iomchuí chun dlíthíocht mhí-úsáideach a sheachaint. Is féidir le cistiú dlíthíochta tríú páirtí freagrach costais a laghdú, iad a dhéanamh níos intuartha, nósanna imeachta neamhriachtanacha a shimpliú agus seirbhísí éifeachtúla a sholáthar ar chostais atá i gcomhréir leis na méideanna atá faoi dhíospóid.

(4)

Ós rud é go n-éascaíonn an margadh inmheánach trádáil trasteorann a mhéadú, ós rud é go bhfuil díospóidí ag éirí níos trasteorann de réir a chéile, agus ós rud é gur de chineál domhanda iad gníomhaíochtaí cisteoirí dlíthíochta, d’fhéadfadh baol a bheith ann go mbeidh éagsúlachtaí ábhartha i gcur chuige na mBallstát ó thaobh na coimircí agus na cosaintí is gá maidir le cistiú dlíthíochta tráchtála tríú páirtí. D’éirigh go maith le cuir chuige dheonacha go pointe áirithe ach níor ghlac tromlach na ngníomhaithe tionscail leo i gcónaí, agus, i gcás ar bith, ní bheadh bearta neamhreachtacha iomchuí i bhfianaise rioscaí ábhartha den sórt sin, mar shampla do chatagóirí leochaileacha saoránach, lena n-áirítear ó thríú tíortha.

(5)

Is é is aidhm don Treoir seo cistiú dlíthíochta tráchtála tríú páirtí a rialáil, cleachtas trína ndéanann eintitis tríú páirtí, nach bhfuil baint dhíreach acu le díospóid, infheistíocht ar mhaithe le brabús in imeachtaí dlíthiúla, de ghnáth mar mhalairt ar chéatadán d’aon socrú nó dámhachtain (dá ngairtear “cistiú dlíthíochta tríú páirtí” anseo feasta). Cumhdaíonn cistiú dlíthíochta tríú páirtí cásanna ina ndéanann gníomhaí tráchtála infheistíocht ar mhaithe le brabús agus ina ngníomhaíonn sé chun a leasanna gnó a chur chun cinn; dá bhrí sin, ní áirítear leis soláthar cistí chun urraíocht a dhéanamh ar dhlíthíocht ar bhonn carthanúil nó ar bhonn tabhartas, i gcás nach bhfuil mar aidhm ag an gcisteoir ach na costais a tabhaíodh a aisghabháil, nó gníomhaíochtaí comhchosúla a dhéantar ar bhonn pro bono publico. Is é is aidhm don Treoir seo freisin coimircí a leagan síos, ar thaobh amháin, chun rochtain éifeachtúil ar cheartas agus cosaint leasanna na bpáirtithe sa díospóid a áirithiú agus, ar an taobh eile, coinbhleachtaí leasa, dlíthíocht mhí-úsáideach chomh maith le leithdháileadh díréireach dámhachtainí airgeadaíochta do chisteoirí dlíthíochta a chosc.

(6)

Ba cheart a thuiscint leis an téarma “cisteoir dlíthíochta” go dtagraíonn sé d’aon ghnóthas nach páirtí in imeachtaí é, ach a dhéanann comhaontú cistiúcháin dlíthíochta tríú páirtí (“comhaontú cistiúcháin tríú páirtí” anseo feasta) i ndáil leis na himeachtaí sin. I gcomhréir le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, áirítear leis an gcoincheap “gnóthas” aon eintiteas atá ag gabháil do ghníomhaíocht eacnamaíoch, beag beann ar a stádas dlíthiúil agus ar an gcaoi a maoinítear é, agus áirítear leis, dá bhrí sin, aon duine dlítheanach, lena n-áirítear a thuismitheoirí, a fhochuideachtaí nó a chleamhnaithe agus d’fhéadfaí soláthraithe gairmiúla cistiúcháin dlíthíochta, soláthraithe seirbhísí airgeadais, gnólachtaí bainistíochta éileamh nó soláthraithe seirbhíse eile a áireamh leis. Níl sé i gceist go n-áireofaí le coincheap an chisteora dlíthíochta dlíodóirí a dhéanann ionadaíocht ar pháirtí in imeachtaí dlíthiúla, ná soláthraithe rialáilte seirbhísí árachais do pháirtí den sórt sin.

(7)

I gcomhréir le traidisiúin dlí agus uathriail na mBallstát, is faoi gach Ballstát atá sé a chinneadh ar cheart soláthar cistiúcháin dlíthíochta a cheadú laistigh dá chóras dlí féin agus a mhéid ar cheart sin a dhéanamh. I gcás ina roghnaíonn na Ballstáit cistiú dlíthíochta tríú páirtí den sórt sin a cheadú, déantar foráil sa Treoir seo maidir le híoschaighdeáin chun éilitheoirí cistithe a chosaint, ionas go gcumhdófar iad siúd a d’fhéadfadh dul i muinín cistiúchán dlíthíochta san Aontas le híosleibhéal cosanta, atá comhsheasmhach ar fud an Aontais.

(8)

Sna Ballstáit sin ina bhféadfadh costais dhlíthiúla a bheith ina mbacainn shuntasach ar rochtain ar an gceartas, áfach, d’fhéadfadh sé gur mhian leis na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar reachtaíocht a thabhairt isteach chun cistiú dlíthíochta tríú páirtí a cheadú agus sa chás sin ba cheart dóibh coinníollacha agus coimircí soiléire a bhunú atá i gcomhréir leis an Treoir seo. Cé nach bhfuil feidhm ag an Treoir seo maidir le caingne ionadaíocha amháin, ba cheart do na Ballstáit bearta a dhéanamh arb é is aidhm dóibh a áirithiú nach gcuirfidh costais na n-imeachtaí a bhaineann le caingne ionadaíocha cosc ar eintitis cháilithe a gceart chun sásamh a lorg a fheidhmiú go héifeachtach, i gcomhréir le Treoir (AE) 2020/1828 agus go háirithe Airteagal 20 de.

(9)

I gcás ina gceadaítear gníomhaíocht cistiúcháin dlíthíochta tríú páirtí, tá gá le córas chun cisteoirí dlíthíochta a údarú agus a mhaoirsiú ag comhlachtaí neamhspleácha riaracháin sna Ballstáit chun a áirithiú go gcomhlíonann na cisteoirí dlíthíochta sin na critéir agus na caighdeáin íosta a leagtar síos sa Treoir seo. Ba cheart go mbeadh cisteoirí dlíthíochta faoi réir formhaoirseachta ar bhealach atá cosúil le modh an chórais maoirseachta stuamachta atá ann cheana agus is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhísí airgeadais.

(10)

Ba cheart a cheangal ar chisteoirí dlíthíochta atá gníomhach san Aontas a ngnó a dhéanamh ó laistigh den Aontas, a bheith údaraithe laistigh den Aontas, agus a gcomhaontuithe cistiúcháin tríú páirtí a thabhairt i gcrích faoi réir dhlíthe Bhallstát na n-imeachtaí nó, más éagsúil, Ballstát an éilitheora nó na dtairbhithe beartaithe, chun a áirithiú go bhfuil maoirseacht faoi dhlí an Aontais agus faoin dlí náisiúnta leordhóthanach.

(11)

Ba cheart údaráis mhaoirseachta laistigh den Aontas, a dheonaíonn údaruithe chun gníomhaíochtaí cistiúcháin dlíthíochta tríú páirtí a dhéanamh, a chumhachtú chun a cheangal go gcomhlíonfaidh cisteoirí dlíthíochta na critéir íosta a leagtar síos leis an Treoir seo. Ba cheart a áireamh ar na critéir sin forálacha maidir le rúndacht, neamhspleáchas, rialachas, trédhearcacht, leordhóthanacht chaipitil, agus comhlíonadh dualgais mhuinínigh i leith éilitheoirí agus tairbhithe beartaithe. Ba cheart an chumhacht a thabhairt d’údaráis mhaoirseachta aon orduithe is gá a dhéanamh, lena n-áirítear an chumhacht iarratais ar údarú a fháil ó chisteoirí dlíthíochta agus cinneadh a dhéanamh ina dtaobh, aon fhaisnéis is gá a bhailiú, aon údarú a dheonú, a dhiúltú, a chur ar fionraí nó a tharraingt siar nó aon choinníoll, srian nó pionós a fhorchur ar aon chisteoir dlíthíochta, chomh maith le gearáin i gcoinne aon chisteoir dlíthíochta a dhéanann gníomhaíochtaí laistigh dá ndlínse, arna gcur isteach ag aon duine nádúrtha nó dlítheanach, a imscrúdú gan moill mhíchuí, cé is moite den chosantóir. Maidir le hábhair imní a tharraing cosantóir anuas maidir leis an gcisteoir dlíthíochta le linn imeachtaí dlíthiúla leanúnacha, ba cheart don chúirt ábhartha nó don údarás riaracháin ábhartha déileáil leo.

(12)

I measc na gcritéar údaraithe eile, ba cheart do na Ballstáit a cheangal ar chisteoirí dlíthíochta a léiriú go bhfuil caipiteal leordhóthanach acu chun a n-oibleagáidí airgeadais a chomhlíonadh. Cruthaíonn easpa ceanglais chaipitil leordhóthanacha riosca go ndéanfaidh cisteoir dlíthíochta tearc-chaipitlithe comhaontú cistiúcháin tríú páirtí agus nach bhfuil sé toilteanach nó ábalta ina dhiaidh sin costais na dlíthíochta ar chomhaontaigh sé tacaíocht a thabhairt di a chumhdach, lena n-áirítear na costais nó na táillí is gá chun go mbeifí in ann na himeachtaí a thabhairt chun críche, nó aon dámhachtain costais dhíobhálach a bhaint amach. Is féidir leis sin éilitheoirí, a bhraitheann ar chisteoirí dlíthíochta, a nochtadh do riosca caillteanais eacnamaíoch ábhartha gan choinne, agus don riosca go dtréigfí imeachtaí atá inmharthana ar shlí eile mar gheall ar imthosca gnó nó cinntí an chisteora dlíthíochta.

(13)

Ba cheart go mbeadh sé de dhualgas ar chisteoirí dlíthíochta gníomhú go cothrom, go trédhearcach, go héifeachtúil agus ar mhaithe le leas éilitheoirí agus tairbhithe beartaithe éileamh. D’fhéadfadh easpa ceanglais maidir le leasanna éilitheoirí agus tairbhithe beartaithe a chur roimh leasanna an chisteora dlíthíochta féin an riosca a chruthú go ndíreofar imeachtaí ar bhealach a fhónann ar deireadh do leasanna an chisteora dlíthíochta, seachas leasanna an éilitheora.

(14)

Chun cosc a chur ar dhul timpeall ar cheanglais na Treorach seo, níor cheart aon éifeacht dhlíthiúil a bheith ag comhaontuithe a dhéantar le cisteoirí dlíthíochta nach bhfuil an t-údarú riachtanach acu. Ba cheart an t-ualach chun na húdaruithe riachtanacha a fháil a bheith ar na cisteoirí dlíthíochta iad féin, agus dá bhrí sin ba cheart go ndéanfaí éilitheoirí agus tairbhithe beartaithe a shlánú i ndáil le haon dochar a dhéanann cisteoir dlíthíochta nach bhfuil an t-údarú riachtanach aige.

(15)

Ba cheart don Treoir seo gníomhaíochtaí cisteoirí dlíthíochta a rialáil, ach ba cheart di a bheith gan dochar d’aon oibleagáidí nó córais rialála eile, amhail rialacha atá ann cheana lena rialaítear soláthar seirbhísí airgeadais a d’fhéadfadh feidhm a bheith acu, agus traidisiúin dhlíthiúla na mBallstát á n-urramú freisin, a neamhspleáchas agus a gcinntí maidir le hoiriúnacht cistiú dlíthíochta a cheadú ina gcórais dlí náisiúnta.

(16)

Chun cur i bhfeidhm seasmhach na Treorach seo a éascú, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcuirfidh a n-údaráis mhaoirseachta an Treoir seo i bhfeidhm i ndlúthchomhar le húdaráis mhaoirseachta na mBallstát eile. Ba cheart go n-eagrófaí comhordú idir údaráis mhaoirseachta ar leibhéal an Aontais chun díbhéirseacht caighdeán maoirseachta a sheachaint, rud a d’fhéadfadh feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a chur i mbaol.

(17)

Ba cheart don Choimisiún comhordú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí na n-údarás maoirseachta agus cruthú líonra comhair iomchuí chun na críche sin a éascú. Ba cheart a chur ar chumas na n-údarás maoirseachta dul i gcomhairle leis an gCoimisiún de réir mar is gá, agus ba cheart cead a bheith ag an gCoimisiún treoirlínte, moltaí, fógraí dea-chleachtais nó tuairimí comhairleacha a eisiúint chuig údaráis mhaoirseachta maidir le cur i bhfeidhm na Treorach seo, agus i ndáil le haon neamhréireacht dhealraitheach maidir le cur chun feidhme na Treorach seo. Ba cheart d’údaráis mhaoirseachta sonraí a gcuid gníomhaíochtaí a roinnt leis an gCoimisiún chun comhordú a éascú, lena n-áirítear sonraí a roinnt faoi na cinntí go léir a rinne siad agus faoi na cisteoirí dlíthíochta ar fad a údaraíonn siad.

(18)

Chun soláthar seirbhísí cistiúcháin dlíthíochta trasteorann a éascú sna Ballstáit sin ina gceadaítear é faoin dlí náisiúnta, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann comhoibriú, faisnéis agus dea-chleachtas a roinnt, agus ba cheart ceangal a bheith orthu aird iomlán a thabhairt ar chinntí údarúcháin a chéile. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh rochtain iomlán agus saor ag gach saoránach a d’fhéadfadh sásamh a lorg, lena n-áirítear ag na grúpaí is leochailí, ar fhaisnéis agus treoir chuimsitheach agus shoiléir maidir le roghanna cistiúcháin d’éilimh, agus maidir leis na coinníollacha agus na ceanglais a bhfuil feidhm acu maidir le héilimh a chistiú. I gcomhréir le hAirteagal 56 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ba cheart do na Ballstáit réamhúdaruithe a aithint go frithpháirteach agus, dá bhrí sin, údarú a dheonú go huathoibríoch do chisteoirí dlíthíochta atá ag oibriú ar a gcríoch agus atá údaraithe oibriú i mBallstát eile, ar choinníoll go leanfaidh an t-údarú tosaigh de bheith bailí. I gcás ina bhfuil údarás maoirseachta, i mBallstát is faighteoir, ar an eolas faoi neamhrialtachtaí in iompar cisteora dlíthíochta, ba cheart dó an t-údarás maoirseachta freagrach a chur ar an eolas go díreach.

(19)

Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach mbeidh tionchar míchuí ag an gcisteoir dlíthíochta ar chinntí maidir leis na himeachtaí dlíthiúla ábhartha, lena n-áirítear cinntí maidir le socraíocht, ar bhealach a dhéanfadh dochar do leasanna na n-éilitheoirí lena mbaineann an ghníomhaíocht sin.

(20)

Chun aon eolas nó míchothromaíocht acmhainní idir cisteoir dlíthíochta agus éilitheoir a réiteach, agus measúnú á dhéanamh ar a oiriúnaí atá comhaontú cistiúcháin tríú páirtí, ba cheart do chúirteanna nó d’údaráis riaracháin leibhéal soiléireachta agus trédhearcachta na gcomhaontuithe sin a chur san áireamh, mar aon lena mhéid a cuireadh aon rioscaí agus sochair i láthair go trédhearcach d’éilitheoirí nó dóibh siúd a bhfuil éilitheoirí ag déanamh ionadaíochta orthu, agus a mhéid a rinneadh na rioscaí agus na sochair sin a chur i láthair go feasach.

(21)

Ba cheart comhaontuithe cistiúcháin tríú páirtí a chur faoi bhráid éilitheoirí i dteanga a thuigeann siad, agus ba cheart raon na dtorthaí féideartha a leagan amach go soiléir agus i dtéarmaí iomchuí, chomh maith le haon rioscaí agus teorainneacha ábhartha.

(22)

Ní féidir maoirseacht leordhóthanach ar chisteoirí dlíthíochta agus ar chomhaontuithe cistiúcháin tríú páirtí a áirithiú in éagmais oibleagáidí ar chisteoirí dlíthíochta a bheith trédhearcach maidir lena ngníomhaíochtaí. Áirítear leis sin trédhearcacht i leith cúirteanna nó údarás riaracháin, cosantóirí agus éilitheoirí. Dá bhrí sin, ba cheart oibleagáidí a leagan síos chun an chúirt nó an t-údarás riaracháin ábhartha a chur ar an eolas faoi chistiú tráchtála a bheith ann agus faoi chéannacht an chisteora, agus chun comhaontuithe cistiúcháin tríú páirtí a nochtadh ina n-iomláine do chúirteanna nó d’údaráis riaracháin, arna iarraidh sin dóibh nó arna iarraidh sin ag an gcosantóir don chúirt agus faoi réir teorainneacha iomchuí chun aon rúndacht is gá a chosaint. Ba cheart go dtabharfaí de chumhacht do chúirteanna nó d’údaráis riaracháin rochtain a fháil ar fhaisnéis ábhartha maidir le gach gníomhaíocht cistiúcháin dlíthíochta tríú páirtí atá ábhartha do na himeachtaí dlíthiúla atá faoina bhfreagracht. Ina theannta sin, ba cheart don chúirt nó don údarás riaracháin cosantóirí a chur ar an eolas faoi chistiú dlíthíochta tríú páirtí a bheith ann agus faoi chéannacht an chisteora.

(23)

Ba cheart go dtabharfaí de chumhacht do chúirteanna nó d’údaráis riaracháin, i gcás ina bhfuil comhaontú cistiúcháin tríú páirtí ábhartha maidir leis an gcás os a gcomhair, a mheas an gcomhlíonann an comhaontú cistiúcháin tríú páirtí an Treoir seo agus, i gcomhréir le hAirteagal 16, agus í a athbhreithniú más gá, arna iarraidh sin do pháirtí sna himeachtaí, nó ar thionscnamh na cúirte nó an údaráis riaracháin, nó tar éis caingean a thabhairt os a gcomhair i gcoinne chinneadh riaracháin údaráis mhaoirseachta atá críochnaitheach.

(24)

Ba cheart do chisteoirí dlíthíochta próisis inmheánacha dea-rialachais a bhunú chun coinbhleachtaí leasa idir an cisteoir dlíthíochta agus éilitheoirí a sheachaint. Ba cheart go n-áiritheofaí le comhlíonadh na gceanglas trédhearcachta go bhfuil éilitheoirí go hiomlán ar an eolas faoi aon chaidreamh a d’fhéadfadh a bheith ag cisteoir dlíthíochta le cosantóirí, dlíodóirí, cisteoirí dlíthíochta eile, nó aon tríú páirtí eile a bhfuil baint aige leis an gcás, rud a d’fhéadfadh coinbhleacht iarbhír nó coinbhleacht bhraite a chruthú.

(25)

Níor cheart do chisteoirí dlíthíochta luach saothair éagórach, díréireach nó míréasúnta a éileamh i gcás ar bith ar chostas éilitheoirí. Ba cheart go dtabharfaí de chumhacht do chúirteanna nó d’údaráis riaracháin measúnú a dhéanamh ar chomhaontuithe cistiúcháin dlíthíochta tríú páirtí atá ábhartha don chás atá os a gcomhair, agus na himthosca agus an cúlra inar tugadh an comhaontú i gcrích á gcur san áireamh, chun a chinneadh go héifeachtach an bhfuil sé cothrom agus an gcomhlíonann sé an Treoir seo agus reachtaíocht ábhartha uile an Aontais agus an reachtaíocht náisiúnta ábhartha uile.

(26)

I gcás ina gceadaíonn comhaontuithe cistiúcháin tríú páirtí do chisteoirí dlíthíochta sciar d’aon luach saothair nó táillí áirithe a fháil mar thosaíocht i ndáil le haon dámhachtain a leithdháiltear ar éilitheoirí, d’fhéadfaí an dámhachtain atá ar fáil a laghdú ionas nach bhfágfaí ach beagán nó gan rud ar bith a fhágáil d’éilitheoirí. Dá bhrí sin, ba cheart a áirithiú i gcónaí le comhaontuithe cistiúcháin tríú páirtí go n-íocfar aon dámhachtain leis an éilitheoir ar dtús, is é sin le rá go dtugtar tosaíocht do theidlíocht an éilitheora ar theidlíocht an chisteora. Níor cheart go gceadófaí do chisteoirí dlíthíochta a éileamh go dtabharfaí tosaíocht dá luach saothair féin.

(27)

Ós rud é gur féidir le sciar aon luach saothair a fhaigheann cisteoirí dlíthíochta i roinnt Ballstát aon fhaoiseamh a fhaigheann éilitheoirí a laghdú, ba cheart do chúirteanna nó d’údaráis riaracháin formhaoirseacht a dhéanamh ar luach agus ar chion an sciar sin chun cosc a chur ar leithdháileadh díréireach dámhachtainí airgeadaíochta ar chisteoirí dlíthíochta. Ach amháin in imthosca eisceachtúla, i gcás ina ndéanfadh an sciar d’aon luach saothair a éilíonn cisteoir dlíthíochta an dámhachtain a chaolú, lena n-áirítear gach méid damáistí, costais, táillí agus speansais eile, atá ar fáil d’éilitheoirí agus do thairbhithe beartaithe go 60 % nó níos lú, ba cheart a thoimhdiú go bhfuil sí éagórach agus measfar í a bheith neamhbhailí.

(28)

Ba cheart coinníollacha breise a chur i bhfeidhm chun a áirithiú nach mbeidh tionchar míchuí ag cisteoirí dlíthíochta ar chinntí éilitheoirí le linn imeachtaí, is é sin le rá ar bhealach a rachadh chun tairbhe don chisteoir dlíthíochta féin ar chostas an éilitheora. Go háirithe, níor cheart do chisteoirí dlíthíochta tionchar míchuí a imirt ar chinntí maidir le conas a shaothraítear cásanna, maidir le cé na leasanna a dtugtar tosaíocht dóibh, ná maidir le cé acu ar cheart nó nár cheart d’éilitheoirí glacadh le haon toradh, dámhachtain nó socraíocht ar leith.

(29)

Níor cheart cead a bheith ag cisteoirí dlíthíochta an cistiú a chomhaontaigh siad a sholáthar a aistarraingt, ach amháin in imthosca teoranta mar a leagtar amach sa Treoir seo nó sa dlí náisiúnta arna ghlacadh de bhun na Treorach seo, ionas nach dtarraingeofar siar cistiú ag céim ar bith den phróiseas dlíthíochta, faoi mhíbhuntáiste na n-éilitheoirí nó na dtairbhithe beartaithe, mar gheall ar leasanna gnó nó dreasachtaí an chisteora dlíthíochta a bheith ag athrú.

(30)

I gcás inar thug cisteoirí dlíthíochta tacaíocht nó cistiú d’imeachtaí nach n-éiríonn leo, ba cheart dóibh a bheith faoi dhliteanas i gcomhpháirt le héilitheoirí as aon chostais dhíobhálacha a tharraing siad ar chosantóirí agus a d’fhéadfadh cúirteanna nó údaráis riaracháin a dhámhachtain. Ba cheart cumhachtaí leordhóthanacha a thabhairt do chúirteanna nó d’údaráis riaracháin chun éifeachtacht oibleagáide den sórt sin a áirithiú, agus níor cheart freagracht as costais dhíobhálacha den sórt sin a eisiamh ó chomhaontuithe cistiúcháin tríú páirtí.

(31)

Ba cheart cúirteanna nó údaráis riaracháin na mBallstát a bheith i dteideal aon dámhachtainí costas díobhálacha a chinneadh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, lena n-áirítear trí spleáchas ar aon fhianaise eolaíoch, staidrimh nó theicniúil a d‘fhéadfadh a bheith ábhartha, nó trí spleáchas ar aon saineolaithe, measúnóirí nó cuntasóirí cánach, de réir mar a d’fhéadfadh a bheith oiriúnach in imthosca na n-imeachtaí.

(32)

Leis an Treoir seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear, go háirithe, i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Dá réir sin, ba cheart an Treoir seo a léiriú agus a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na cearta agus leis na prionsabail sin, lena n-áirítear na cearta agus na prionsabail a bhaineann leis an gceart chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil, chomh maith leis an gceart chun cosanta.

(33)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo, eadhon comhchuibhiú ar rialacha na mBallstát is infheidhme maidir le cisteoirí dlíthíochta agus a ngníomhaíochtaí a áirithiú, agus, dá bhrí sin, rochtain ar cheartas a chumasú, agus íoschaighdeáin choiteanna a thabhairt isteach maidir le cearta éilitheoirí cistithe agus tairbhithe beartaithe a chosaint in imeachtaí arna maoiniú go hiomlán nó go páirteach ag comhaontuithe cistiúcháin tríú páirtí, a bhfuil feidhm acu sna Ballstáit uile ina gceadaítear cistiú dlíthíochta, a bhaint amach go leordhóthanach mar gur féidir le cisteoirí dlíthíochta oibriú i roinnt Ballstát agus go bhfuil siad faoi réir rialacha agus cleachtais náisiúnta éagsúla, ach is fearr is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, mar gheall ar scála an mhargaidh atá ag teacht chun cinn maidir le cistiúchán dlíthíochta tríú páirtí, an gá atá le rialacha agus cleachtais dibhéirsithe a sheachaint ar dócha go mbeidh siad ina gconstaic ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh agus ar “siopadóireacht fóraim” ag cisteoirí dlíthíochta atá ag iarraidh rialacha náisiúnta a optamú. Féadfaidh an tAontas, dá bhrí sin, bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(34)

I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin, ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an caidreamh idir codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na n-ionstraimí náisiúnta trasuite. I ndáil leis an Treoir seo, measann an reachtóir go bhfuil údar cuí le doiciméid den sórt sin a tharchur.

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Caibidil I

Forálacha ginearálta

Airteagal 1

Ábhar agus cuspóir

Leagtar amach leis an Treoir seo na rialacha íosta is infheidhme maidir le cisteoirí dlíthíochta tráchtála tríú páirtí agus a ngníomhaíochtaí údaraithe, agus soláthraítear léi creat chun tacú le héilitheoirí cistithe agus tairbhithe beartaithe agus iad a chosaint, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, iad siúd a ndéanann eintitis cháilithe ionadaíocht ar a leasanna, in imeachtaí arna maoiniú go hiomlán nó go páirteach le cistiú dlíthíochta tríú páirtí. Leagtar síos léi coimircí chun coinbhleachtaí leasa, dlíthíocht mhí-úsáideach chomh maith le leithdháileadh díréireach dámhachtainí airgeadaíochta ar chisteoirí dlíthíochta a chosc, agus a áirithiú ag an am céanna go gceadaítear d’éilitheoirí agus do thairbhithe beartaithe rochtain chuí a fháil ar cheartas le cistiú dlíthíochta tríú páirtí, agus go n-áiritheofar cuntasacht chorparáideach.

Airteagal 2

Raon feidhme

Tá feidhm ag an Treoir seo maidir le cisteoirí tráchtála dlíthíochta tríú páirtí (“cisteoirí dlíthíochta” anseo feasta) agus le comhaontuithe maoinithe tríú páirtí tráchtála (“comhaontuithe maoinithe tríú páirtí” anseo feasta), beag beann ar chineál na n-éileamh gaolmhar. Tá sé gan dochar do dhlí idirnáisiúnta, do dhlí an Aontais ná don dlí náisiúnta atá ann cheana lena gceadaítear éilimh a thionscnamh, go háirithe an dlí maidir le cosaint comhleasanna tomhaltóirí, maidir le cosaint an chomhshaoil, agus an dlí lena rialaítear imeachtaí dócmhainneachta nó dliteanas.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “cisteoir dlíthíochta” aon ghnóthas tráchtála a dhéanann comhaontú cistiúcháin tríú páirtí i ndáil le himeachtaí, cé nach páirtí sna himeachtaí sin é, ná dlíodóir ná gairmí dlíthiúil eile a dhéanann ionadaíocht ar pháirtí sna himeachtaí sin, ná soláthraí seirbhísí árachais rialáilte do pháirtí in imeachtaí den sórt sin, agus arb é is príomhaidhm dó toradh a fháil ar infheistíocht a dhéanann sé trí chistiú a sholáthar i ndáil leis na himeachtaí sin nó trí bhuntáiste iomaíoch a fháil i margadh sonrach;

(b)

ciallaíonn “éilitheoir” ’aon duine nádúrtha nó duine dlíthiúil a thionscnaíonn imeachtaí nó a bhfuil sé beartaithe aige imeachtaí a thionscnamh i gcoinne páirtí eile os comhair cúirte nó údarás riaracháin;

(c)

ciallaíonn “cúirt nó údarás riaracháin” cúirt inniúil, údarás riaracháin inniúil, comhlacht eadrána inniúil nó comhlacht eile a bhfuil sé de chúram air breithniú a dhéanamh ar imeachtaí, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta;

(d)

ciallaíonn “tairbhí beartaithe” duine atá i dteideal sciar de dhámhachtain a fháil in imeachtaí agus a ndéanann an t-éilitheoir cistithe nó eintiteas cáilithe, a thugann an chaingean mar pháirtí is éilitheoir thar ceann an duine sin, ionadaíocht ar a leasanna sna himeachtaí le linn caingne ionadaíocha;

(e)

ciallaíonn “imeachtaí” aon dlíthíocht shibhialta nó tráchtála, intíre nó trasteorann, nó aon nós imeachta eadrána deonach nó sásra um réiteach malartach díospóidí, trína ndéantar sásamh a lorg maidir le díospóid os comhair cúirte nó údarás riaracháin san Aontas;

(f)

ciallaíonn “eintiteas cáilithe” eagraíocht a dhéanann ionadaíocht ar leasanna tomhaltóirí agus atá ainmnithe mar eintiteas cáilithe faoi Threoir (AE) 2020/1828;

(g)

ciallaíonn “údarás maoirseachta” údarás poiblí arna ainmniú ag Ballstát le bheith freagrach as an údarú do chisteoirí dlíthíochta a dheonú, a chur ar fionraí nó a tharraingt siar, agus as maoirseacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí cisteoirí dlíthíochta;

(h)

ciallaíonn “comhaontú cistiúcháin tríú páirtí” comhaontú ina gcomhaontaíonn cisteoir dlíthíochta costais na n-imeachtaí go léir nó cuid díobh a chistiú mar mhalairt ar sciar den mhéid airgeadaíochta arna dhámhachtain don éilitheoir a fháil nó táille ratha a fháil, ionas go ndéanfar an cisteoir dlíthíochta a aisíoc as an gcistiú a soláthraíodh agus, i gcás inarb infheidhme, a luach saothair as an tseirbhís a soláthraíodh a chumhdach, bunaithe go hiomlán nó go páirteach ar thoradh na n-imeachtaí. Cumhdaítear leis an sainmhíniú seo gach comhaontú ina gcomhaontaítear luach saothair den sórt sin, cibé acu a thairgtear é mar sheirbhís neamhspleách, nó a bhaintear amach trí cheannach nó sannadh an éilimh.

Caibidil II

Formheas gníomhaíochtaí cisteoirí dlíthíochta laistigh den Aontas

Airteagal 4

Córas an údaraithe

1.   Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, an féidir comhaontuithe cistiúcháin tríú páirtí a thairiscint i ndáil le himeachtaí laistigh dá ndlínse, ar mhaithe le héilitheoirí nó tairbhithe beartaithe a bhfuil cónaí orthu laistigh dá gcríoch.

2.   I gcás ina gceadaítear gníomhaíochtaí cistiúcháin tríú páirtí, cruthóidh na Ballstáit córas chun gníomhaíochtaí cisteoirí dlíthíochta laistigh dá gcríoch a údarú agus faireachán a dhéanamh orthu. Áireofar sa chóras sin roinn nó údarás maoirseachta neamhspleách a ainmniú a mbeidh sé de chúram air údaruithe a dheonú, a chur ar fionraí nó a tharraingt siar do chisteoirí dlíthíochta agus maoirseacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí cisteoirí dlíthíochta.

3.   Ní bheidh feidhm ag córas an údaraithe dá bhforáiltear san Airteagal seo ach amháin maidir leis na gníomhaíochtaí a bhaineann le comhaontuithe cistiúcháin tríú páirtí a bheith á dtairiscint ag cisteoirí dlíthíochta. I gcás inar soláthraithe seirbhísí eile dlí, airgeadais nó bainistithe éileamh arna maoirsiú ag údarás eile laistigh den Aontas iad na cisteoirí dlíthíochta, beidh an Treoir seo gan dochar d’aon chóras maoirseachta agus údaraithe atá ann i ndáil leis na seirbhísí eile sin.

Airteagal 5

Coinníollacha maidir le húdarú

1.   Áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfaidh na húdaráis mhaoirseachta ach údaruithe a dheonú nó a choinneáil, cibé acu le haghaidh dlíthíocht intíre nó trasteorann nó le haghaidh imeachtaí eile, do chisteoirí dlíthíochta a chomhlíonann an Treoir seo, agus a chomhlíonann, sa bhreis ar aon oiriúnacht nó critéir eile a fhéadfar a leagan amach sa dlí náisiúnta, na critéir seo a leanas ar a laghad:

(a)

déanann siad a ngnó trí oifig chláraithe i mBallstát, agus déanann siad iarratas ar údarú agus coimeádann siad an t-údarú sa Bhallstát céanna sin;

(b)

geallann siad comhaontuithe cistiúcháin tríú páirtí a thabhairt i gcrích faoi réir dhlíthe an Bhallstáit maidir le haon imeachtaí atá beartaithe, nó, murab ionann iad, dlí Bhallstát an éilitheora nó na dtairbhithe beartaithe;

(c)

léiríonn siad, chun sástacht an údaráis mhaoirseachta, go bhfuil nósanna imeachta agus struchtúir rialachais i bhfeidhm acu chun a áirithiú go gcomhlíonann siad an Treoir seo ar bhonn leanúnach, na ceanglais trédhearcachta agus caidrimh mhuiníneacha dá bhforáiltear sa Treoir seo, agus tá nósanna imeachta inmheánacha bunaithe acu chun coinbhleacht leasa idir iad féin agus na cosantóirí in imeachtaí a bhaineann leis an gcisteoir dlíthíochta a chosc;

(d)

comhlíonann siad na ceanglais maidir le leordhóthanacht chaipitil a leagtar amach in Airteagal 6; agus

(e)

sásaíonn siad an t-údarás maoirseachta go bhfuil an rialachas agus na nósanna imeachta i bhfeidhm acu chun a áirithiú go ndéanfar an dualgas muiníneach dá bhforáiltear in Airteagal 7 a urscaoileadh agus a urramú.

2.   Tabharfaidh na Ballstáit aitheantas frithpháirteach d’údarú arna thabhairt do chisteoir dlíthíochta i mBallstát eile agus, dá bhrí sin, ceadóidh siad go huathoibríoch dóibh oibriú ina mBallstát, ar choinníoll go leanfaidh an t-údarú tosaigh de bheith bailí.

3.   Ní dochar córas an údaraithe, arna bhunú faoi Airteagal 4, do chur i bhfeidhm dhlí an Aontais lena rialaítear soláthar seirbhísí airgeadais, gníomhaíocht infheistíochta, nó cosaint tomhaltóirí.

Airteagal 6

Leordhóthanacht caipitil

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé de chumhacht ag na húdaráis mhaoirseachta a fhíorú cibé an mbeadh sé ar chumas cisteoirí dlíthíochta acmhainní leordhóthanacha airgeadais a bheith acu i gcónaí chun a ndliteanais faoina gcomhaontuithe cistiúcháin tríú páirtí a chomhlíonadh. Go háirithe, áiritheoidh na húdaráis mhaoirseachta go mbeidh cisteoirí dlíthíochta in acmhainn an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

na fiacha uile a thagann as a gcomhaontuithe cistiúcháin tríú páirtí a íoc nuair a bheidh siad dlite agus iníoctha; agus

(b)

gach céim d’aon imeachtaí atá geallta acu a mhaoiniú, lena n-áirítear an triail agus aon achomharc ina dhiaidh sin.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh cead ag cisteoirí dlíthíochta a léiriú go gcomhlíonann siad na critéir a leagtar amach i mír 1 trí dheimhniú nó fianú a sholáthar go gcumhdódh scéim árachais na costais uile dá dtagraítear i mír 1, i gcás inar gá.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar de chumhacht do na húdaráis mhaoirseachta a fhíorú cibé an mbeadh cisteoirí dlíthíochta in ann rochtain a choimeád i gcónaí ar an íosmhéid leachtachta is gá chun na costais dhíobhálacha intuartha uile a íoc ina n-iomláine sna himeachtaí uile a ndearna siad cistiú ina leith. Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir lena gcúirteanna nó lena n-údaráis riaracháin a iarraidh ar chisteoirí dlíthíochta urrús a sholáthar le haghaidh costas sna foirmeacha a cheadaítear leis an dlí náisiúnta, i gcás ina n-iarrann éilitheoir amhlaidh bunaithe ar ábhair imní shonracha réasúnaithe.

4.   Féadfaidh na Ballstáit ciste árachais sonrach a bhunú chun costais uile na n-éilitheoirí atá i mbun dlíthíochta de mheon macánta a chumhdach, i gcás ina dtiocfaidh cisteoir dlíthíochta chun bheith dócmhainneach le linn an nós imeachta dlíthíochta. I gcás ina mbunaíonn Ballstát ciste den sórt sin, áiritheoidh an Ballstát sin go ndéanfar é a bhainistiú go poiblí agus a mhaoiniú trí tháillí bliantúla is iníoctha ag cisteoirí dlíthíochta údaraithe.

Airteagal 7

Dualgas muiníneach

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar de chumhacht do na húdaráis mhaoirseachta a fhíorú go bhfuil an rialachas agus na nósanna imeachta inmheánacha i bhfeidhm ag cisteoirí dlíthíochta chun a áirithiú go bhfuil na comhaontuithe cistiúcháin tríú páirtí a dhéanann siad bunaithe ar chaidreamh muiníneach agus go ngeallann siad, faoi na comhaontuithe sin, go ngníomhóidh siad go cothrom, go trédhearcach agus go gcomhlíonfaidh siad dualgas muiníneach cúraim lena gceanglaítear orthu gníomhú ar mhaithe le leas an éilitheora.

2.   I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag éilitheoir éileamh a dhéanamh thar ceann daoine eile in imeachtaí, amhail i gcás inar eintiteas cáilithe é an t-éilitheoir a dhéanann ionadaíocht ar thomhaltóirí, ceanglófar ar an gcisteoir dlíthíochta dualgas muiníneach a chur ar na tairbhithe beartaithe sin. Beidh sé d’oibleagáid ar chisteoirí dlíthíochta gníomhú ar bhealach atá comhsheasmhach lena ndualgas muiníneach le linn na n-imeachtaí. I gcás coinbhleacht idir leasanna an chisteora dlíthíochta agus leasanna na n-éilitheoirí nó na dtairbhithe beartaithe, geallfaidh an cisteoir dlíthíochta go gcuirfear leasanna na n-éilitheoirí nó na dtairbhithe beartaithe roimh a leasanna féin.

Caibidil III

Cumhachtaí na n-údarás maoirseachta agus comhordú eatarthu

Airteagal 8

Cumhachtaí na n-údarás maoirseachta

1.   I gcás ina gceadaítear comhaontuithe cistiúcháin tríú páirtí i gcomhréir le hAirteagal 4, déanfaidh na Ballstáit foráil go bhfuil údarás maoirseachta poiblí neamhspleách freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar údarú cisteoirí dlíthíochta atá bunaithe laistigh dá dhlínse, comhaontuithe cistiúcháin tríú páirtí a thairiscint d’éilitheoirí agus do thairbhithe beartaithe laistigh dá dhlínse, nó i ndáil le himeachtaí laistigh dá dhlínse.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh nós imeachta gearáin i bhfeidhm d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach ar mian leis ábhair imní a ardú os comhair údarás maoirseachta maidir le comhlíonadh a oibleagáidí faoin Treoir seo agus faoin dlí náisiúnta is infheidhme ag cisteoir dlíthíochta.

3.   D’ainneoin an nós imeachta gearáin dá dtagraítear i mír 2, i gcás imeachtaí dlíthiúla leanúnacha a bhaineann leis an gcisteoir dlíthíochta, is í an chúirt inniúil nó an t-údarás riaracháin i gcomhréir le hAirteagal 16(2) a dhéileálfaidh leis na hábhair imní a tharraing an cosantóir anuas sna himeachtaí sin maidir le comhlíonadh a oibleagáidí faoin Treoir seo agus faoin dlí náisiúnta is infheidhme ag cisteoir dlíthíochta.

4.   Tabharfar de chumhacht agus cuirfear de cheangal ar gach údarás maoirseachta na nithe seo a leanas go háirithe a dhéanamh:

(a)

iarratais ar údarú agus aon fhaisnéis is gá chun na hiarratais sin a mheas a fháil ó chisteoirí dlíthíochta, agus cinneadh a dhéanamh ar aon iarratas den sórt sin ar bhealach tráthúil;

(b)

na cinntí is gá a ghlacadh chun údarú a dheonú nó a dhiúltú d’aon chisteoir dlíthíochta is iarratasóir, chun aon údarú a tharraingt siar, nó chun coinníollacha, srianta nó pionóis a fhorchur ar aon chisteoir dlíthíochta údaraithe;

(c)

cinneadh a dhéanamh maidir le hoiriúnacht agus feiliúnacht cisteora dlíthíochta, lena n-áirítear trí thagairt a dhéanamh dá dtaithí, dá gcáil, dá bpróisis inmheánacha chun coinbhleachtaí leasa/eolais a sheachaint agus a réiteach;

(d)

aon chinneadh a glacadh de bhun phointe (b) a fhoilsiú ar a láithreán gréasáin, agus aird chuí á tabhairt ar rúndacht tráchtála;

(e)

measúnú a dhéanamh, gach bliain ar a laghad, ar cibé an leanann cisteoir dlíthíochta údaraithe de bheith ag comhlíonadh na gcritéar maidir le húdarú dá dtagraítear in Airteagal 5(1) agus a áirithiú go gcuirfear an t-údarú sin ar fionraí nó go dtarraingeofar siar é mura gcomhlíonann an cisteoir dlíthíochta ceann amháin nó níos mó de na critéir sin a thuilleadh. Ní dhéanfaidh fionraí nó tarraingt siar den sórt sin difear do chearta éilitheoirí agus thairbhithe na n-imeachtaí a bhféadfadh baint a bheith ag an gcisteoir leo; agus

(f)

faoin gcóras dá dtagraítear in Airteagal 9, gearáin a fháil agus a imscrúdú i ndáil le hiompar cisteora dlíthíochta agus i ndáil le comhlíonadh an chisteora dlíthíochta sin leis na forálacha a leagtar síos i gCaibidil IV den Treoir seo agus le haon cheanglais eile is infheidhme faoin dlí náisiúnta.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit go gceanglófar ar chisteoirí dlíthíochta fógra a thabhairt d’údarás maoirseachta gan moill mhíchuí maidir le haon athruithe a dhéanann difear do chomhlíonadh na gceanglas leordhóthanachta caipitil a leagtar síos in Airteagal 6, míreanna 1 agus 2. Ina theannta sin, áiritheoidh na Ballstáit go ndeimhneoidh cisteoirí dlíthíochta gach bliain go bhfuil siad fós i gcomhréir leis na míreanna sin.

6.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh údaráis mhaoirseachta maoirseacht ar chaidrimh mhuiníneacha idir cisteoirí dlíthíochta agus éilitheoirí agus tairbhithe beartaithe i gcoitinne, agus go mbeidh siad in ann treoracha agus orduithe a dhéanamh chun a áirithiú go gcosnófar leasanna na n-éilitheoirí agus leasanna na dtairbhithe beartaithe.

Airteagal 9

Imscrúduithe agus gearáin

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh córas gearán i bhfeidhm lena bhféadfar gearáin a ghlacadh agus a imscrúdú amhail dá dtagraítear in Airteagal 8, mír 2.

2.   Faoin gcóras gearán dá dtagraítear i mír 1, áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar de chumhacht do na húdaráis mhaoirseachta a mheas gan moill mhíchuí an bhfuil cisteoir dlíthíochta i gcomhréir le haon oibleagáidí nó coinníollacha a bhaineann lena údarú, le forálacha na Treorach seo agus le haon cheanglais eile is infheidhme faoin dlí náisiúnta.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit, agus a bhformhaoirseacht á feidhmiú acu maidir le comhlíonadh na n-oibleagáidí nó na gcoinníollacha a bhaineann lena n-údarú ag cisteoirí dlíthíochta, go dtabharfar de chumhacht d’údaráis mhaoirseachta an méid seo a leanas a dhéanamh:

(i)

imscrúdú a dhéanamh ar ghearáin a fhaightear ó aon duine nádúrtha nó dlítheanach i gcomhréir le hAirteagal 8(2) agus faoi réir Airteagal 8(3);

(ii)

gearáin ó aon údarás maoirseachta eile nó ón gCoimisiún a imscrúdú;

(iii)

imscrúduithe a thionscnamh ar bhonn ex officio;

(iv)

imscrúduithe a thionscnamh tar éis moladh a fháil ó chúirt nó ó údarás riaracháin a bhfuil ábhair imní aici a eascraíonn as aon imeachtaí os comhair cúirte nó údaráis riaracháin den sórt sin maidir le comhlíonadh na n-oibleagáidí nó na gcoinníollacha a bhaineann lena údarú ag cisteoir dlíthíochta.

Airteagal 10

Comhordú idir na húdaráis mhaoirseachta

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh a n-údaráis mhaoirseachta an Treoir seo i bhfeidhm i ndlúthchomhar le húdaráis mhaoirseachta na mBallstát eile.

2.   Déanfaidh an Coimisiún maoirseacht agus comhordú ar ghníomhaíochtaí na n-údarás maoirseachta i bhfeidhmiú na bhfeidhmeanna a leagtar amach sa Treoir seo, agus tionólfaidh sé líonra údarás maoirseachta agus déanfaidh sé cathaoirleacht orthu. Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 11 chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí na rialacha mionsonraithe maidir le comhar laistigh de líonra na n-údarás maoirseachta a leagan síos, agus déanfaidh sé athbhreithniú orthu go tréimhsiúil, i ndlúthchomhar leis na húdaráis mhaoirseachta.

3.   Féadfaidh na húdaráis mhaoirseachta dul i gcomhairle leis an gCoimisiún maidir le haon ábhar a bhaineann le cur chun feidhme na Treorach seo. Féadfaidh an Coimisiún treoirlínte, moltaí, fógraí dea-chleachtais agus tuairimí comhairleacha a eisiúint do na húdaráis mhaoirseachta maidir le cur chun feidhme na Treorach seo, agus maidir le haon neamhréireacht dhealraitheach ina thaobh sin, nó i dtaca le maoirseacht a dhéanamh ar aon chisteoirí dlíthíochta. Féadfaidh an Coimisiún lárionad inniúlachta a chur ar bun freisin chun saineolas cáilithe a chur ar fáil don chúirt nó d’údaráis riaracháin a bhfuil comhairle á lorg acu maidir le conas measúnú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí cisteoirí dlíthíochta laistigh den Aontas.

4.   Déanfaidh gach údarás maoirseachta liosta de chisteoirí dlíthíochta údaraithe a chur ar bun, é a chur in iúl don Choimisiún agus an liosta sin a chur ar fáil go poiblí. Tabharfaidh na húdaráis mhaoirseachta an liosta sin cothrom le dáta aon uair a thiocfaidh athrú air agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas dá réir sin.

5.   Déanfaidh gach údarás maoirseachta, arna iarraidh sin air, mionsonraí na gcinntí a rinneadh maidir le maoirseacht ar chisteoirí dlíthíochta, lena n-áirítear mionsonraí na gcinntí arna ndéanamh de bhun Airteagal 8(4), pointe (b), a chur in iúl don Choimisiún agus d’údaráis mhaoirseachta eile.

6.   I gcás ina bhfuil údarú iarrtha ag cisteoir dlíthíochta ó údarás maoirseachta, agus go lorgaíonn sé údarú ó údarás eile ina dhiaidh sin, déanfaidh na húdaráis mhaoirseachta sin faisnéis a chomhordú agus a chomhroinnt a mhéid is iomchuí, d’fhonn cinntí comhsheasmhacha a dhéanamh, agus aird chuí á tabhairt ar rialacha náisiúnta dibhéirsithe.

7.   I gcás ina n-údaraíonn údarás maoirseachta i mBallstát cisteoir dlíthíochta, ach gur mian leis comhaontú cistiúcháin tríú páirtí a thairiscint ar mhaithe le héilitheoir nó le tairbhí beartaithe eile i mBallstát eile, nó le haghaidh imeachtaí i mBallstát eile, cuirfidh sé cruthúnas ar údarú óna Bhallstát baile i láthair. I gcás ina bhfuil údarás maoirseachta sa Bhallstát eile sin ar an eolas faoi neamhrialtachtaí in iompar an chisteora dlíthíochta, cuirfidh sé an t-údarás maoirseachta freagrach ar an eolas go díreach.

Airteagal 11

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 10(2) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana amhail ón… [dáta theacht i bhfeidhm an bhunghnímh reachtaigh nó aon dáta eile arna leagan síos ag na comhreachtóirí].

Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 mbliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 10(2) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 10(2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse [dhá mhí] tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú [dhá mhí] ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Caibidil IV

Comhaontuithe cistiúcháin tríú páirtí agus gníomhaíochtaí cisteoirí dlíthíochta

Airteagal 12

Ábhar comhaontuithe cistiúcháin tríú páirtí

Áiritheoidh na Ballstáit go gceanglófar comhaontuithe cistiúcháin tríú páirtí a sholáthar i scríbhinn i gceann de theangacha oifigiúla an Bhallstáit ina bhfuil cónaí ar an éilitheoir agus ar na tairbhithe beartaithe, agus go gcuirfear i láthair iad ar bhealach soiléir agus sothuigthe go héasca agus go n-áireofar iontu an méid seo a leanas ar a laghad:

a.

na costais agus na speansais éagsúla a chlúdóidh an cisteoir dlíthíochta;

b.

an sciar d’aon dámhachtain nó táillí a íocfar leis an gcisteoir dlíthíochta nó le haon tríú páirtí eile, nó aon chostais airgeadais eile a bheidh le híoc, go díreach nó go hindíreach, ag na héilitheoirí, ag na tairbhithe beartaithe, nó acu araon;

c.

tagairt do fhreagracht an chisteora dlíthíochta maidir le costais dhíobhálacha, i gcomhréir le hAirteagal 18 den Treoir seo;

d.

clásal lena sonraítear go ndéanfar aon dámhachtainí as a bhfuil táillí an chisteora inasbhainte a íoc go hiomlán ar dtús leis na héilitheoirí a fhéadfaidh aon suimeanna comhaontaithe a íoc ina dhiaidh sin le cisteoirí dlíthíochta mar tháillí nó mar choimisiún, agus na híosmhéideanna dá bhforáiltear sa Treoir seo a choinneáil;

e.

na rioscaí atá á nglacadh ag na héilitheoirí, ag na tairbhithe beartaithe nó acu ar fad, lena n-áirítear:

i.

an raon feidhme chun costais sa dlíthíocht a mhéadú, agus conas a imríonn sé sin tionchar ar leasanna airgeadais na n-éilitheoirí, na dtairbhithe nó iad ar fad;

ii.

na himthosca arna sainiú go docht inar féidir an comhaontú cistiúcháin tríú páirtí a fhoirceannadh agus na rioscaí d’éilitheoirí, do thairbhithe nó dóibh araon sa chás sin, agus

iii.

aon riosca a d’fhéadfadh a bheith ann go gcaithfí costais dhíobhálacha a íoc, lena n-áirítear cúinsí ina bhféadfadh sé nach gcumhdódh árachas nó slánaíochtaí costas díobhálach an neamhchosaint sin.

f.

séanadh maidir le neamhchoinníollacht cistiúcháin i ndáil le céimeanna nós imeachta;

g.

dearbhú nach bhfuil coinbhleacht leasa ann ón gcisteoir dlíthíochta.

Airteagal 13

Ceanglais trédhearcachta agus coinbhleachtaí leasa a sheachaint

1.   Cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar chisteoirí dlíthíochta beartas a chur ar bun agus próisis inmheánacha a chur chun feidhme chun coinbhleachtaí leasa a sheachaint agus a réiteach. Beidh an beartas agus na próisis inmheánacha sin oiriúnach do chineál, do scála agus do chastacht ghnó an chisteora dlíthíochta, agus leagfar amach i scríbhinn iad agus cuirfear ar fáil go poiblí iad ar shuíomh gréasáin an chisteora dlíthíochta. Déanfar iad a lua go soiléir freisin in iarscríbhinn a ghabhann le haon chomhaontú cistiúcháin tríú páirtí.

2.   Cuirfidh na Ballstáit freisin de cheangal ar chisteoirí dlíthíochta an fhaisnéis uile a d’fhéadfaí a mheas go réasúnach mar fhaisnéis a d’fhéadfadh a bheith ina siocair le coinbhleacht leasa a nochtadh don éilitheoir agus do na tairbhithe beartaithe sa chomhaontú cistiúcháin tríú páirtí. Áireofar an méid seo a leanas ar a laghad i nochtaí na gcisteoirí dlíthíochta:

(a)

sonraí faoi aon socruithe atá ann, ó thaobh airgeadais nó eile de, idir an cisteoir dlíthíochta agus aon ghnóthas eile a bhaineann leis na himeachtaí, lena n-áirítear aon socruithe le haon eintiteas cáilithe ábhartha, le comhbhailitheoir éileamh, le dlíodóirí, nó le páirtí leasmhar eile;

(b)

sonraí maidir le haon nasc ábhartha idir an cisteoir dlíthíochta agus cosantóir sna himeachtaí, go háirithe i ndáil le haon chás iomaíochta.

Airteagal 14

Comhaontuithe agus clásail neamhbhailí

1.   Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh aon éifeacht dhlíthiúil ag comhaontuithe cistiúcháin tríú páirtí arna dtabhairt i gcrích le daoine nádúrtha nó dlítheanacha nach bhfuil údaraithe chun gníomhú mar chisteoir dlíthíochta.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit nach gceadófar do chisteoirí tríú páirtí tionchar a imirt ar chinntí éilitheora le linn imeachtaí ar bhealach a rachadh chun tairbhe don chisteoir dlíthíochta féin ar chostas an éilitheora. Chuige sin, ní bheidh aon éifeacht dhlíthiúil ag aon chlásal i gcomhaontuithe cistiúcháin tríú páirtí lena ndeonaítear an chumhacht do chisteoir dlíthíochta cinntí a dhéanamh nó tionchar a imirt orthu i ndáil le himeachtaí. Ní bheidh aon éifeacht dhlíthiúil ag aon chlásal nó socrú den sórt sin ina mbeidh, inter alia, na nithe seo a leanas:

(a)

deonú cumhachta follasaí do chisteoir dlíthíochta chun cinntí a ghlacadh nó tionchar a imirt orthu le linn imeachtaí, amhail i ndáil le héilimh shonracha a shaothrú, leis an gcás a shocrú, nó leis na costais a bhaineann leis na himeachtaí a bhainistiú;

(b)

caipiteal nó acmhainn ar bith eile a sholáthar le luach airgid chun críocha imeachtaí, ag brath ar chisteoirí tríú páirtí a úsáid shonrach a fhormheas.

3.   Forálfaidh na Ballstáit nach mbeidh aon éifeacht dhlíthiúil ag comhaontuithe ina ráthaítear do chisteoir dlíthíochta toradh íosta a fháil ar a infheistíocht sular féidir le héilitheoir nó tairbhí beartaithe a sciar a fháil.

4.   In éagmais imthosca eisceachtúla, i gcás ina bhfágfadh comhaontú cistiúcháin dlíthíochta go mbeadh cisteoir dlíthíochta i dteideal sciar d’aon dámhachtain a fháil lena ndéanfaí an sciar atá ar fáil don éilitheoir agus do na tairbhithe beartaithe a chaolú go 60 % nó níos lú den dámhachtain iomlán, lena n-áirítear gach méid damáistí, costais, táillí agus speansais eile, ní bheidh aon éifeacht dhlíthiúil ag comhaontú den sórt sin.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh forálacha i gcomhaontuithe cistiúcháin tríú páirtí a chuireann teorainn le dliteanas cisteora dlíthíochta i gcás ordú le haghaidh costas díobhálach tar éis imeachtaí neamhrathúla. Ní bheidh aon éifeacht dhlíthiúil ag forálacha a airbheartaíonn teorainn a chur le dliteanas cisteora dlíthíochta i leith costas.

6.   Áiritheoidh na Ballstáit nach gceadófar leis na coinníollacha lena rialaítear comhaontuithe cistiúcháin tríú páirtí an cistiú sin a tharraingt siar, ach amháin in imthosca forordaithe arna sainiú sa dlí náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 15(1).

7.   Slánófar éilitheoirí agus tairbhithe beartaithe i leith aon chaillteanais a tharlaíonn mar gheall ar chisteoir dlíthíochta a rinne comhaontú cistiúcháin tríú páirtí agus a chinntear a bheith neamhbhailí. Ní dhéanfar difear do chearta na n-éilitheoirí ná do chearta thairbhithe beartaithe na n-imeachtaí.

Airteagal 15

Foirceannadh comhaontuithe cistiúcháin tríú páirtí

1.   Cuirfidh na Ballstáit toirmeasc ar chisteoir dlíthíochta comhaontú cistiúcháin tríú páirtí a fhoirceannadh go haontaobhach gan toiliú feasach an éilitheora, ach amháin i gcás inar dheonaigh cúirt nó údarás riaracháin cead don chisteoir dlíthíochta an comhaontú a fhoirceannadh, tar éis breithniú a dhéanamh i dtaobh an ndéanfaí leasanna an éilitheora agus na dtairbhithe beartaithe a chosaint go leordhóthanach in ainneoin an fhoirceanta.

2.   Beidh sé de cheangal fógra leordhóthanach, amhail dá bhforáiltear sa dlí náisiúnta, a thabhairt chun an comhaontú cistiúcháin tríú páirtí a fhoirceannadh.

Caibidil V

Athbhreithniú ag cúirteanna nó údaráis riaracháin

Airteagal 16

Nochtadh an chomhaontaithe cistiúcháin tríú páirtí

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go gceanglófar ar éilitheoirí nó ar a n-ionadaithe an chúirt nó an t-údarás riaracháin ábhartha a chur ar an eolas faoi chomhaontú cistiúcháin tríú páirtí a bheith ann agus faoi chéannacht an chisteora dlíthíochta agus cóip iomlán neamhchoigeartaithe de na comhaontuithe cistiúcháin tríú páirtí sin a bhaineann leis na himeachtaí lena mbaineann a sholáthar don chúirt nó don údarás riaracháin ábhartha, arna iarraidh sin don chúirt nó don údarás riaracháin ábhartha, don chúirt nó don údarás riaracháin ábhartha ag an gcéim is luaithe de na himeachtaí sin. Áiritheoidh na Ballstáit freisin go gcuirfidh an chúirt nó an t-údarás riaracháin cosantóirí ar an eolas faoi chomhaontú cistiúcháin tríú páirtí a bheith ann, agus faoi chéannacht an chisteora dlíthíochta.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar de chumhacht do chúirteanna nó d’údaráis riaracháin athbhreithniú a dhéanamh ar an gcomhaontú cistiúcháin tríú páirtí i gcomhréir le hAirteagal 17, arna iarraidh sin do pháirtí sna himeachtaí, i gcás ina bhfuil amhras a bhfuil údar leis ar an bpáirtí sin maidir le comhlíonadh an chomhaontaithe cistiúcháin tríú páirtí sin leis an Treoir seo agus le haon dlí náisiúnta eile is infheidhme, nó ar a dtionscnamh féin.

Airteagal 17

Athbhreithniú ag cúirteanna nó údaráis riaracháin ar chomhaontuithe cistiúcháin tríú páirtí

Ainmneoidh na Ballstáit an chúirt inniúil nó an t-údarás riaracháin inniúil chun na cúraimí breithiúnacha agus riaracháin éagsúla dá bhforáiltear faoin Treoir seo a dhéanamh. Sonrófar san ainmniú sin go háirithe go ndéanfaidh an chúirt nó an t-údarás riaracháin a dtabharfar cás atá maoinithe go príobháideach os a comhair rialuithe, gan moill mhíchuí agus arna iarraidh sin do pháirtí sna himeachtaí nó ar a dtionscnamh féin, ar thionchar na gcomhaontuithe cistiúcháin ar na cásanna atá os a gcomhair, trí chumhachtaí a fheidhmiú:

(a)

orduithe a dhéanamh nó treoracha a thabhairt atá ceangailteach ar chisteoir dlíthíochta, amhail a cheangal ar an gcisteoir dlíthíochta an cistiú a sholáthar mar a comhaontaíodh sa chomhaontú cistiúcháin ábhartha tríú páirtí nó a cheangal ar an gcisteoir dlíthíochta athruithe a dhéanamh i ndáil leis an gcistiú ábhartha;

(b)

measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh gach comhaontaithe cistiúcháin tríú páirtí leis na forálacha a leagtar síos sa Treoir seo, go háirithe an dualgas muiníneach atá dlite d’éilitheoirí agus do thairbhithe beartaithe faoi Airteagal 7, agus, i gcás ina gcinntear nach gcomhlíonann an comhaontú sin, a ordú don chisteoir dlíthíochta na hathruithe is gá a dhéanamh, nó clásal a dhearbhú a bheith ar neamhní i gcomhréir le hAirteagal 14;

(c)

meastóireacht a dhéanamh ar chomhréireacht gach comhaontaithe cistiúcháin tríú páirtí i ndáil leis na ceanglais trédhearcachta faoi Airteagal 13;

(d)

measúnú a dhéanamh an bhfuil cisteoir dlíthíochta i dteideal sciar éagórach, díréireach nó míréasúnta d’aon dámhachtain mar a thuairiscítear in Airteagal 14(4) le comhaontú cistiúcháin tríú páirtí agus comhaontú den sórt sin a neamhniú nó a choigeartú dá réir sin. Sonróidh na Ballstáit agus measúnú den sórt sin á dhéanamh acu, go bhféadfaidh cúirteanna inniúla nó údaráis riaracháin saintréithe agus cúinsí na n-imeachtaí atá beartaithe nó na n-imeachtaí atá ar siúl a chur san áireamh, lena n-áirítear, de réir mar is iomchuí:

(i)

na páirtithe atá rannpháirteach sa chás, chomh maith le tairbhithe beartaithe na n-imeachtaí, agus an méid a thuig siad a bheith comhaontaithe maidir leis an méid a gheobhadh an cisteoir dlíthíochta faoin gcomhaontú cistiúcháin, tar éis toradh rathúil a bheith ar na himeachtaí;

(ii)

luach dóchúil aon dámhachtana;

(iii)

luach ranníocaíocht airgeadais an chisteora dlíthíochta agus cion chostais fhoriomlána an éilitheora atá cistithe ag an gcisteoir dlíthíochta, agus

(iv)

an cion d’aon dámhachtain a bheidh le fáil ag an éilitheoir agus ag na tairbhithe beartaithe;

(e)

aon phionós a fhorchur a mheasann an chúirt nó an t-údarás riaracháin a bheith iomchuí chun comhlíonadh na Treorach seo a áirithiú;

(f)

dul i gcomhairle le daoine a bhfuil an t-eolas agus an neamhspleáchas iomchuí acu, nó saineolas a lorg uathu, chun cuidiú le feidhmiú chumhachtaí measúnaithe na cúirte nó an údaráis riaracháin, lena n-áirítear ó aon saineolaí a bhfuil na cáilíochtaí cuí aige nó ó údaráis mhaoirseachta.

Airteagal 18

Freagracht as costais dhíobhálacha

1.   I gcás nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha ag an bpáirtí is éilitheoir chun costais dhíobhálacha a sheasamh, áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar de chumhacht do na cúirteanna nó do na húdaráis riaracháin orduithe costais a dhéanamh i gcoinne cisteoirí dlíthíochta, bíodh sin i gcomhpháirt nó go leithleach le héilitheoirí, tar éis toradh neamhrathúil sna himeachtaí. Sa chás sin, féadfaidh cúirteanna nó údaráis riaracháin a chur de cheangal ar chisteoirí dlíthíochta aon chostais dhíobhálacha iomchuí a íoc, maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

luach agus cion aon dámhachtana a gheobhadh an cisteoir dlíthíochta dá mbeadh rath ar an éileamh;

(b)

a mhéid a thitfeadh aon chostais, nach n-íocann cisteoir dlíthíochta, ina ionad sin ar chosantóir, ar an éilitheoir, nó ar aon tairbhithe beartaithe eile;

(c)

iompar an chisteora dlíthíochta i rith na n-imeachtaí agus, go háirithe, a chomhlíonadh leis an Treoir seo agus cibé ar rannchuidigh a iompar le costas foriomlán na n-imeachtaí; agus

(d)

luach infheistíocht tosaigh an chisteora dlíthíochta.

Caibidil VI

Forálacha críochnaitheacha

Airteagal 19

Smachtbhannaí

1.   Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na smachtbhannaí is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na smachtbhannaí dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit [faoi …/gan mhoill], fógra don Choimisiún faoi na rialacha sin agus na bearta sin agus tabharfaidh siad fógra dó[, gan mhoill,] faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

2.   Féadfaidh údaráis mhaoirseachta, go háirithe, fíneálacha comhréireacha a fhorchur, arna ríomh ar bhonn láimhdeachas gnóthais, an t-údarú chun oibriú a tharraingt siar go sealadach nó ar feadh tréimhse éiginnte, agus féadfaidh siad smachtbhannaí riaracháin iomchuí eile a fhorchur.

Airteagal 20

Athbhreithniú

1.   Tráth nach déanaí ná…[(…) bliana tar éis dháta chur i bhfeidhm na Treorach seo], déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Treoir seo agus cuirfidh sé tuarascáil ar na príomhthorthaí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Déanfar an mheastóireacht i gcomhréir le treoirlínte ón gCoimisiúin maidir le reachtóireacht níos fearr. Sa tuarascáil, déanfaidh an Coimisiún, go háirithe, measúnú ar éifeachtacht na Treorach, ag féachaint go háirithe do leibhéal na dtáillí nó an úis arna asbhaint ó dhámhachtainí na n-éilitheoirí, lena n-áirítear ó thairbhithe beartaithe, chun tairbhe cisteoirí dlíthíochta, an tionchar atá ag cisteoirí dlíthíochta ar leibhéal na gníomhaíochta réitigh díospóidí agus a mhéid a cheadaigh cistiú dlíthíochta tríú páirtí rochtain níos fearr ar an gceartas.

2.   Soláthróidh na Ballstáit don Choimisiún, den chéad uair faoi .[…(.) bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo] agus go bliantúil ina dhiaidh sin, an fhaisnéis seo a leanas atá riachtanach chun an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 a ullmhú:

(a)

céannacht, líon agus cineál na n-eintiteas atá aitheanta mar chisteoirí dlíthíochta údaraithe;

(b)

aon athruithe ar an liosta sin agus na cúiseanna atá leis;

(c)

líon agus cineál na n-imeachtaí arna gcistiú go hiomlán nó go páirteach ag cisteoir dlíthíochta;

(d)

torthaí na n-imeachtaí sin ó thaobh na méideanna arna ngnóthú ag cisteoirí dlíthíochta i gcomparáid leis na dámhachtainí a thugtar d’éilitheoirí agus do thairbhithe beartaithe.

Airteagal 21

Trasuí

1.   Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin … [lá/mí/bliain]. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi sin láithreach.

Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón… [lá/mí/bliain].

Nuair a ghlacfaidh Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar tagairt den sórt sin.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs fhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 22

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 23

Seolaithe

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.


(1)  IO […]

(2)  IO […]


5.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 125/23


P9_TA(2022)0310

Straitéis Nua Foraoise AE do 2030 – Bainistiú Inbhuanaithe ar Fhoraoise san Eoraip

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Meán Fómhair 2022 ar Straitéis Foraoise nua AE do 2030 – Bainistiú Inbhuanaithe ar Fhoraoisí san Eoraip (2022/2016(INI))

(2023/C 125/02)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 16 Iúil 2021 dar teideal New EU Forest Strategy for 2030 [Straitéis Foraoise an Aontais Eorpaigh go dtí 2030] (COM(2021)0572),

ag féachaint do rún uaithi an 8 Deireadh Fómhair 2020 maidir le Straitéis Foraoise na hEorpa – An Bealach Chun Cinn (1),

ag féachaint do rún uaithi an 28 Aibreán 2015 maidir le “Straitéis nua Foraoiseachta AE d’fhoraoisí agus don earnáil foraoisbhunaithe”, (2),

ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), agus go háirithe Airteagal 4 de,

ag féachaint do Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe agus do na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe,

ag féachaint don Chomhaontú a glacadh ag an 21ú Comhdháil de chuid na bPáirtithe i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (COP21) i bPáras an 12 Nollaig 2015 (Comhaontú Pháras),

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (COM(2019)0640) agus do na treoirlínte polaitiúla ó Uachtarán an Choimisiúin, Ursula von der Leyen, agus ón gCoimisiún a d’eascair as an teachtaireacht sin,

ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (“An Dlí Aeráide Eorpach”) (3),

ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le hastaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa ó úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht a chur san áireamh i gcreat 2030 don aeráid agus don fhuinneamh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 agus Cinneadh Uimh. 529/2013/AE (4),

ag féachaint do Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn (5) (An Treoir maidir le Fuinneamh Inathnuaite),

ag féachaint do Threoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flóra fiáine a chaomhnú (an Treoir maidir le Gnáthóga) (6),

ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/268 ón gCoimisiún an 28 Deireadh Fómhair 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na leibhéil tagartha foraoise atá le cur i bhfeidhm ag na Ballstáit le haghaidh na tréimhse 2021-2025 (7),

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2020 dar teideal “EU Biodiversity Strategy for 2030 – Bringing nature back into our lives” [Straitéis Bhithéagsúlachta AE do 2030 – An dúlra a thabhairt ar ais inár saol] (COM(2020)0380),

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 10 Márta 2020 dar teideal “A New Industrial Strategy for Europe” [Straitéis thionsclaíoch nua don Eoraip] (COM(2020)0102),

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 30 Meitheamh 2021 dar teideal “A long-term Vision for the EU's Rural Areas – Towards stronger, connected, resilient and prosperous rural areas by 2040” [Fís fhadtéarmach le haghaidh cheantair thuaithe an Aontais Eorpaigh – i dtreo ceantair thuaithe níos láidre, nasctha, athléimneacha agus rathúla faoi 2040] (COM(2021)0345),

ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 14 Deireadh Fómhair 2020 dar teideal “A Renovation Wave for Europe – greening our buildings, creating jobs, improving lives” [Rabharta Athchóirithe don Eoraip – glasú na bhfoirgneamh seo againne, cruthú post agus feabhsú na cáilíochta saoil] (COM(2020)0662),

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Deireadh Fómhair 2018 dar teideal “A sustainable Bioeconomy for Europe: Strengthening the connection between economy, society and the environment” [Bithgheilleagar inbhuanaithe don Eoraip: An nasc idir an geilleagar, an tsochaí agus an comhshaol a neartú] (COM(2018)0673),

ag féachaint do Theachtaireacht an 23 Márta 2022 ón gCoimisiún maidir le slándáil bia a choimirciú agus athléimneacht na gcóras bia a athneartú (COM(2022)0133),

ag féachaint do thionscnamh Bauhaus Eorpaigh Nua.

ag féachaint don dréachtrialachán ón gCoimisiún lena ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach in earnálacha na talmhaíochta agus na foraoiseachta agus i gceantair thuaithe comhoiriúnach don mhargadh inmheánach agus i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 702/2014 ón gCoimisiún (8),

ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 5 Samhain 2021 maidir le Straitéis Foraoise nua an Aontais do 2030,

ag féachaint do thuairim ón gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta an 8 Nollaig 2021 maidir le teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal New EU Forest Strategy for 2030 [Straitéis Foraoise an Aontais Eorpaigh go dtí 2030] (9),

ag féachaint do thuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún an 28 Aibreán 2022 maidir leis an teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal New EU Forest Strategy for 2030 [Straitéis Foraoise an Aontais Eorpaigh go dtí 2030],

ag féachaint do fhreagrachtaí na mBallstát faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe chun an gaineamhlú a chomhrac,

ag féachaint do thuarascáil 2021ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa dar teideal “Special Report 21/2021 – EU funding for biodiversity and climate change in EU forests: positive but limited results” [Tuarascáil Speisialta 21/2021 – Cistiú an Aontais don bhithéagsúlacht agus don athrú aeráide i bhforaoisí an Aontais: torthaí deimhneacha ach teoranta],

ag féachaint d’fhoilseachán 2018 an Choimisiúin dar teideal “Guidance on cascading use of biomass with selected good practice examples on woody biomass” [Treoraíocht maidir le húsáid chascáideach bithmhaise maille le samplaí roghnaithe dea-chleachtais maidir le bithmhais adhmaid],

ag féachaint do thuarascáil 2020 Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin dar teideal “Mapping and Assessment of Ecosystems and their Services: An EU ecosystem assessment” [Mapáil agus Measúnú ar Éiceachórais agus a Seirbhísí: Measúnú ar éiceachóras AE],

ag féachaint do thuarascáil 2020 ón nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil dar teideal “State of nature in the EU – Results from reporting under the nature directives 2013-2018” [Staid an Dúlra in AE – Torthaí ó thuairisciú faoi na treoracha dúlra 2013-2018],

ag féachaint do thuarascáil 2020 Forest Europe dar teideal “State of Europe’s Forests 2020” [Staid Fhoraoisí na hEorpa 2020],

ag féachaint do thuarascáil mheasúnachta dhomhanda ar Sheirbhísí Bithéagsúlachta agus Éiceachórais de chuid an Chláir Idir-Rialtasaigh maidir le Beartas Eolaíochta um sheirbhísí bithéagsúlachta agus éiceachórais (IPBES),

ag féachaint do Dhearbhú Kunming – “Sibhialtacht Éiceolaíoch: Todhchaí Chomhroinnte á tógáil don Bheatha ar fud an Domhain”,

ag féachaint don Tuarascáil ó Mheitheal II ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) dar teideal “Climate Change 2022: Impacts, Adaptation and Vulnerability” [Athrú Aeráide 2022: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht].

ag féachaint do thuarascáil speisialta IPCC ar an athrú aeráide agus Talamh: Tuarascáil speisialta IPCC maidir leis an athrú aeráide, gaineamhlú, díghrádú talún, bainistíocht talún inbhuanaithe, slándáil bia, agus floscanna gás ceaptha teasa in éiceachórais talún,

ag féachaint do bhreithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 17 Aibreán 2018 i gcás C-441/17 An Coimisiún v Poblacht na Polainne (10),

ag féachaint do na tionscadail agus na cleachtais chun faisnéis faoi fhoraoisí a chomhordú san Eoraip (an Líonra Eorpach um Fhardal Náisiúnta Foraoise (ENFIN), do thionscadal FutMon, do thionscadal Diabolo, d’Atlas Eorpach na Speiceas Crann Foraoise, agus don chlár maidir le hÉiceachórais agus a Seirbhísí a Mhapáil agus a Mheasúnú (MAES),

ag féachaint don tuarascáil ar an gceardlann a bhí comhurraithe ag IPBES-IPCC maidir leis an mbithéagsúlacht agus leis an athrú aeráide an 10 Meitheamh 2021,

ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia agus ón gCoiste um Fhorbairt,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe (A9-0225/2022),

A.

de bhrí go bhfuil spriocanna ceangailteacha leagtha síos ag AE chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 55 % ar a laghad faoi 2030 agus chun aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 (11) ar a dheireanaí; de bhrí go bhfuil AE tiomanta do Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe de chuid na Náisiún Aontaithe, lena n-áirítear SDG 15, chun an úsáid inbhuanaithe den éiceachóras talún a chosaint, a athbhunú agus a chur chun cinn, chun foraoisí a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe, chun gaineamhlú a chomhrac, chun díghrádú talún a stopadh agus a aisiompú, agus chun cailliúint na bithéagsúlachta a stopadh, agus do Chomhaontú Pháras agus na méideanna a gealladh ag Comhdháil 2021 na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (COP26); de bhrí go mbeidh ról ríthábhachtach agus ról nach féidir a chur ina ionad ag foraoisí agus ag tionscail agus seirbhísí foraoisbhunaithe, mar aon le húinéirí agus oibrithe, maidir le spriocanna SDG agus Chomhaontú Pháras a bhaint amach, agus go bhfuil éiceachórais foraoise agus a linnte carbóin bunriachtanach don mhaolú ar an athrú aeráide agus don oiriúnú don athrú aeráide, ós rud é go ndéanann siad thart ar 10 % d’astaíochtaí gás ceaptha teasa (12) na hEorpa a ionsú agus a stóráil agus go bhfuil siad ina bpríomhóstaí bithéagsúlachta;

B.

de bhrí go bhforáiltear le hAirteagal 4 CFAE d’inniúlachtaí agus d’fhreagracht chomhroinnte maidir le foraoisí, go háirithe faoi chuimsiú bheartas comhshaoil AE, agus gan aon tagairt á déanamh ag an am céanna do bheartas foraoise AE agus, ar an gcaoi sin, beartas foraoise a choinneáil mar inniúlacht Ballstáit; de bhrí gur gá, mar gheall ar éagsúlacht fhoraoisí an Aontais maidir le bithgheografaíocht, struchtúr, méid, bithéagsúlacht, patrúin úinéireachta agus beartais atá ann cheana, i gcás ina mbaineann beartas comhshaoil, beartas aeráide agus beartais ábhartha eile le foraoisí, prionsabal na coimhdeachta agus prionsabal na comhréireachta a chur i bhfeidhm go cuí maidir le forbairt agus cur chun feidhme Straitéis Foraoise nua an Aontais (“an straitéis”) agus reachtaíocht ábhartha an Aontais; de bhrí gur gá mionsonraí a bhaineann le bainistíocht foraoisí a choigeartú ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach, agus cur chuige ó bhun aníos á ghlacadh; de bhrí go bhfuil gá le tuilleadh comhordaithe ar leibhéal AE chun cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach ar bhealach níos fearr agus chun a bheith in ann laghduithe ionchasacha ar astaíochtaí agus teorainneacha ar úsáid foraoise a mheas ar bhealach níos cruinne i bhfianaise ról tábhachtach na bhforaoisí i gcuspóirí aeráide na hEorpa a bhaint amach;

C.

de bhrí gur cheart don Chomhaontú Glas don Eoraip mar chur chuige trasearnálach chun dul i ngleic leis na dúshláin aeráide agus chomhshaoil, lena n-áirithítear gur féidir an dúlra agus an bhithéagsúlacht a chosaint go hiomchuí, ar bhealach lena gcruthaítear fás agus poist inbhuanaithe i ngeilleagar atá tíosach ar acmhainní, atá neodrach ó thaobh carbóin de agus atá go hiomlán ciorclach agus iomaíoch laistigh de theorainneacha an phláinéid, treoir a thabhairt do chur chun feidhme na straitéise maidir le comhbhabhtálacha a bhainistiú, sineirgí a chruthú agus an chothromaíocht cheart a aimsiú idir feidhmeanna iolracha na bhforaoisí, lena n-áirítear na feidhmeanna socheacnamaíocha, comhshaoil agus aeráide; de bhrí gur timpeallacht fhisiciúil iad “éiceachórais” atá comhdhéanta de chomhpháirteanna atá beo agus neamhbheo agus a idirghníomhaíonn lena chéile; de bhrí, ó na hidirghníomhaíochtaí sin, go gcruthaíonn éiceachórais sreabhadh tairbhí do dhaoine agus don gheilleagar ar a dtugtar “seirbhísí éiceachórais”; de bhrí gur bagairt shistéamach don tsochaí iad an t-athrú aeráide agus cailliúint na bithéagsúlachta agus na seirbhísí gaolmhara éiceachórais; de bhrí go soláthraíonn foraoisí réimse leathan seirbhísí éiceachórais, amhail soláthar adhmaid, táirgí neamhadhmaid agus bia, ceapadh carbóin, foscadh don bhithéagsúlacht, aer agus uisce glan, buntáistí don aeráid áitiúil, agus cosaint ar ghuaiseacha nádúrtha amhail maidhmeanna, tuilte, triomach agus maidhm charraige, chomh maith le luach áineasa, cultúrtha agus stairiúil a sholáthar; de bhrí gurb é is aidhm do bhainistíocht inbhuanaithe foraoisí soláthar cothrom na seirbhísí éiceachórais éagsúla a áirithiú agus tacaíocht a thabhairt d'oiriúnú don athrú aeráide agus maolú ar an athrú aeráide;

D.

de bhrí go gcuireann táirgí adhmadbhunaithe le maolú ar an athrú aeráide trí stóráil carbóin agus trí chur in ionad táirgí a bhfuil lorg mór carbóin acu, lena n-áirítear ábhair thógála agus phacáistithe, teicstílí, ceimiceáin agus breoslaí; de bhrí go bhfuil táirgí atá bunaithe ar adhmad in-athnuaite agus, den chuid is mó, in-athchúrsáilte, agus go bhfuil acmhainneacht ollmhór acu chun tacú le bithgheilleagar ciorclach dá bharr; de bhrí go bhfágann sé sin go bhfuil earnáil na foraoiseachta agus na tionscail fhoraoisbhunaithe ina bpríomhghníomhaithe i ngeilleagar glas;

E.

de bhrí, mar chuid den phacáiste “Oiriúnach do 55” agus den sprioc maidir leis an mbeartas aeráide a ailíniú le Comhaontú Pháras, leis an Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite agus leis an Rialachán maidir le hAstaíochtaí Gás Ceaptha Teasa ó Úsáid Talún, Athrú ar Úsáid Talún agus Foraoiseacht a chur san áireamh (13) á n-athbhreithniú faoi láthair; de bhrí gur mhol an Coimisiún rialachán maidir le táirgí nach mbíonn dífhoraoisiú mar thoradh orthu; de bhrí, i bhfianaise choincheap Eorpach na bhforaoisí ilfheidhmeacha, nach mór do na tionscnaimh sin a bheith comhleanúnach le spriocanna polaitiúla ardleibhéil an Chomhaontaithe Ghlais, an Phlean Gníomhaíochta maidir leis an mBithgheilleagar, na Straitéise Geilleagair Chiorclaigh, na Straitéise Foraoise, na Straitéise Bithéagsúlachta agus na Físe Fadtéarmaí do Limistéir Thuaithe;

F.

de bhrí go bhfuil úinéireacht foraoise ar fud na hEorpa éagsúil ó thaobh méide agus struchtúir úinéireachta de, as a n-eascraíonn éagsúlacht mhór sna samhlacha bainistíochta; de bhrí go bhfuil thart ar 60 % d’fhoraoisí an Aontais faoi úinéireacht 16 mhilliún úinéir príobháideach foraoisí (14), ar sealbhóirí beaga (15) iad cion suntasach díobh, agus go bhfuil thart ar 40 % d’fhoraoisí AE faoi chineálacha éagsúla úinéireachta poiblí; de bhrí go bhfuil sciar suntasach den limistéar foraoise iomlán faoi úinéireacht ag líon beag daoine, agus gur úinéirí phríomhghléasraí próiseála adhmaid AE iad cuid acu; de bhrí go mbeidh rannpháirteachas, tacaíocht agus spreagadh na n-úinéirí, sula mbaintear leas as pionós a chur ar na húinéirí sin trí chreat cuimsitheach beartais agus reachtaíochta, lena dtugtar deimhneacht dhlíthiúil, agus atá bunaithe ar aitheantas dá gcearta maoine, dá gcuid taithí mar bhainisteoirí, don tábhacht a bhaineann le hioncam a ghintear ón mbainistíocht foraoise agus do na dúshláin shonracha atá os a gcomhair, lárnach chun spriocanna na straitéise a bhaint amach, lena n-áirítear seirbhísí aeráide agus seirbhísí éiceachórais eile a sholáthar; de bhrí go bhfuil sé tábhachtach, i ndáil leis sin, a áirithiú go mbeidh an creat sin soiléir agus trédhearcach agus go seachnófar ualach riaracháin iomarcach ar na gníomhaithe uile;

G.

de bhrí go bhfuil thart ar 5 % de limistéar foraoise iomlán an domhain lonnaithe san Aontais, agus 43 % de limistéar talún AE sna foraoisí, ar céatadán é atá beagán níos airde ná an limistéar talún a mbaintear úsáid as don talmhaíocht, agus go bhfuil 80 % dá bhithéagsúlacht talún iontu (16); de bhrí, de réir thuarascáil na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil dar teideal “The European environment – state and outlook 2020: Knowledge for transition to a sustainable Europe” [Comhshaol na hEorpa – staid agus forbhreathnú 2020: Eolas ar mhaithe leis an aistriú chuig Eoraip inbhuanaithe] (17), gur tháinig laghdú ollmhór ar an mbithéagsúlacht san Eoraip; de bhrí go bhfuil beagnach 23 % d’fhoraoisí na hEorpa le fáil i láithreáin Natura 2000, le sciar níos mó ná 50 % i roinnt Ballstát; de bhrí go bhfuil leath de na gnáthóga nádúrtha i limistéir Natura 2000 ina bhforaoisí;

H.

de bhrí go léirítear leis na sonraí is déanaí a bailíodh faoi Airteagal 17 den Treoir maidir le Gnáthóga go léiríonn coinníoll paraiméadar na gnáthóige nach bhfuil ach 49 % de ghnáthóga foraoise i ndea-bhail (18), cé nach bhfuil eolas ann faoi stádas 29,6 % de ghnáthóga agus go bhfuil drochbhail ar 21,1 % díobh agus gur gá iad a fheabhsú; de bhrí go bhféadfadh sé nár leor díriú ar shonraí comhiomlánaithe, agus orthu siúd amháin, chun faisnéis ríthábhachtach maidir leis na saincheisteanna is práinní a shainaithint agus chun aghaidh a thabhairt uirthi, agus gur gá, dá bhrí sin, táscairí níos sonraí a cheadú maidir le treochtaí i ndálaí agus i mbrúnna, agus chun a áirithiú go bhfuil sonraí atá in easnamh ar fáil sa todhchaí; de bhrí nach dtacaíonn na táscairí sin le measúnú diúltach foriomlán ar staid fhoraoisí an Aontais, ach go léiríonn siad treochtaí dearfacha agus diúltacha araon (19) a dteastaíonn freagairtí caolchúiseacha cás ar chás ina leith; de bhrí go bhfuil foraoisí ag éirí níos leochailí ó thaobh iarmhairtí an athraithe aeráide de, go háirithe an méadú atá ag teacht ar leitheadúlacht dóiteán foraoise; de bhrí gur dúshlán mór fós é éifeachtaí suaití den sórt sin ar athléimneacht agus ar tháirgiúlacht na bhforaoisí a chainníochtú ar mhórscála;

I.

de bhrí gur cheart, le tuiscint níos fearr ar shuaitheadh nádúrtha a d’fhéadfadh a bheith ar fhoraoisí na hEorpa ó thaobh na haeráide de, tacú tuilleadh le treoir maidir le bainistiú foraoisí agus bonn eolais a thabhairt do bheartais oiriúnaithe lena ndírítear ar aghaidh a thabhairt ar na leochaileachtaí sin;

J.

de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach sonraí trédhearcacha iontaofa ardcháilíochta a bhailiú agus a chothabháil, eolas agus dea-chleachtais a mhalartú, agus go bhfuil taighde a chistítear go leordhóthanach agus atá dea-chomhordaithe ríthábhachtach chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin agus chun deiseanna a bhaint amach agus chun feidhmeanna iolracha na bhforaoisí a bhaint amach, lena n-áirítear na buntáistí éagsúla a sholáthraíonn táirgí ó thionscail fhoraoisbhunaithe, i dtimpeallacht atá ag éirí níos casta; de bhrí go bhfuil na sonraí maidir le foraoisí ar fáil ar leibhéal AE neamhiomlán agus ar cháilíocht éagsúil, rud a chuireann bac ar chomhordú AE agus na mBallstát ar bhainistíocht agus caomhnú foraoisí; de bhrí, go háirithe, go bhfuil gá le faireachán níos fearr a dhéanamh ar stádas éiceachórais na bhforaoisí, chomh maith le faireachán níos fearr a dhéanamh ar thionchair na mbeart foraoiseachta ar an mbithéagsúlacht agus ar an aeráid;

K.

de bhrí, ar an leibhéal idirnáisiúnta, gurb í eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (FAO) an príomhfhóram chun sainmhínithe a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta a fhorbairt i réimse na bhforaoisí agus na foraoiseachta; de bhrí go mbailíonn agus go soláthraíonn FAO sonraí maidir le foraoisí agus foraoiseacht; de bhrí go gcuireann an Coimisiún agus na Ballstáit le hobair FAO;

L.

de bhrí gur colún tábhachtach ioncaim agus fostaíochta iad seirbhísí éagsúla éiceachórais foraoise a sholáthar trí earnáil na foraoiseachta agus trí thionscail fhoraoisbhunaithe, go háirithe i limistéir thuaithe, ach i limistéir uirbeacha freisin trí úsáid iartheachtach a bhaint as seirbhísí den sórt sin; de bhrí gur cheart, le cur chun feidhme na straitéise, aird chuí a thabhairt ar fhorbairt ioncaim agus fostaíochta, ach freisin ar mhealltacht na fostaíochta san earnáil trí phoist ardcháilíochta, cosaint shóisialta, caighdeáin sláinte agus sábháilteachta, forbairt leanúnach comhpháirtíochtaí scileanna lena mbaineann geallsealbhóirí, agus deiseanna oiliúna leormhaithe do bhainisteoirí agus d’oibrithe; de bhrí gur tháinig laghdú trian ar fhostaíocht san fhoraoiseacht Eorpach idir 2000 agus 2015 – go príomha mar gheall ar mheicniú méadaithe i dtionscal an adhmaid agus an pháipéir (20); de bhrí gur féidir le dearadh feabhsaithe ar innealra foraoiseachta cur le cosaint oibrithe agus an tionchar ar ithir agus ar uisce a laghdú; de bhrí go bhfuil lománaíocht agus tionscal an adhmaid ar cheann de na hearnálacha tionsclaíocha is contúirtí agus go bhfuil leibhéil arda tionóiscí ag an obair, galar ceirde agus luathscor acu;

M.

de bhrí go bhfuil limistéar agus méid bithmhaise fhoraoisí na hEorpa ag dul i méid (21), i gcodarsnacht le treochtaí an dífhoraoisithe ar fud an domhain ar údar imní iad; de bhrí gur féidir ról tábhachtach a bheith ag AE maidir le haghaidh a thabhairt ar dhífhoraoisiú domhanda, rud a gcuirtear béim air sa togra ón gCoimisiún le haghaidh rialachán maidir le táirgí nach mbíonn dífhoraoisiú mar thoradh orthu; de bhrí, sa bhreis ar allmhairí a rialáil, go bhféadfadh Straitéis Foraoise Eorpach ina léirítear dea-chleachtais maidir le bainistíocht inbhuanaithe foraoisí atá inmharthana ó thaobh an gheilleagair de cur leis an bhfeabhas ar bhainistiú foraoisí ar fud an domhain;

N.

de bhrí go bhfuil scéimeanna deimhniúcháin deonacha domhanda maidir le bainistíocht inbhuanaithe foraoisí i bhfeidhm faoi láthair; de bhrí gur uirlis riachtanach iad scéimeanna deimhniúcháin chun ceanglais Rialachán Adhmaid AE (22) maidir le dícheall cuí a chomhlíonadh (23);

O.

de bhrí gur cheart go n-áiritheofaí leis an bpróiseas maidir le bainistíocht inbhuanaithe foraoisí san Eoraip go mbainfear an chothromaíocht cheart amach idir trí cholún na hinbhuanaitheachta – eadhon cosaint an chomhshaoil, forbairt shóisialta agus forbairt eacnamaíoch;

P.

de bhrí go bhfuil critéir agus táscairí chun bainistíocht inbhuanaithe foraoisí a úsáidtear go coitianta in AE a shainiú bunaithe ar chomhar uile-Eorpach laistigh de phróiseas Forest Europe ar a bhfuil gach Ballstát agus an Coimisiún ina sínitheoirí; de bhrí, mar chuid dá chlár oibre leanúnach, go bhfuil tús curtha ag Forest Europe le hathmheasúnú ar an sainmhíniú ar bhainistíocht inbhuanaithe ar fhoraoisí; de bhrí go ndéanann Forest Europe stádas foraoisí agus foraoiseachta agus treochtaí sna foraoisí agus san fhoraoiseacht a bhailiú agus a chur ar fáil ar bhonn na gcritéar maidir le bainistíocht inbhuanaithe foraoisí; de bhrí gur gá a áirithiú go mbeidh táscairí agus tairseacha bunaithe ar fhianaise agus go n-oibreoidh siad i ndlúthchomhar leis na Ballstáit ina leith sin; de bhrí go bhféadfadh táscairí agus tairseacha trédhearcacha nua feabhas a chur ar inbhuanaitheacht na hearnála, i bhfianaise a thábhachtaí atá sí ó thaobh luachanna comhshaoil, eacnamaíocha agus sóisialta de; de bhrí go gcaithfear an creat bainistithe inbhuanaithe foraoise a shainiú go soiléir, go háirithe maidir leis na critéir, na táscairí agus na tairseacha a bhaineann le sláinte an éiceachórais, le bithéagsúlacht agus leis an athrú aeráide, má tá sé le bheith ina uirlis scagtha níos mionsonraithe agus níos úsáidí chun cineálacha éagsúla cur chuige bainistíochta, a dtionchar agus stádas foriomlán agus caomhnú foraoisí Eorpacha a chinneadh agus a chur i gcomparáid; de bhrí gur cheart bainistiú inbhuanaithe foraoisí a bheith fite fuaite le ról ilfheidhmeach na bhforaoisí a chur chun cinn chun a áirithiú go mbeidh sé ag teacht go hiomlán le héagsúlacht na bhforaoisí agus le saintréithe sonracha gach réigiúin;

Q.

de bhrí gur sraith de chórais bainistithe talún é an agrafhoraoiseacht, a shainítear mar chórais úsáide talún ina bhfástar crainn i gcomhar le talmhaíocht ar an aonad talún céanna, a fhéadfaidh borradh a chur faoin táirgiúlacht fhoriomlán, a ghineann níos mó bithmhaise, a chothaíonn ithreacha, a chomhraiceann an gaineamhlú agus a chuireann roinnt seirbhísí luachmhara éiceachórais ar fáil; de bhrí go bhfuil dhá phríomhchineál agrafhoraoiseachta in AE: agrafhoraoisteacht féaraigh coille (ainmhithe ag innilt nó farae a tháirgtear faoi chrainn) agus agrafhoraoiseacht féaraigh curaíochta (barra a fhástar faoi chrainn, le spásáil idir rónna chun spás a thabhairt do tharracóirí); de bhrí gur córais féaraigh coille iad formhór na gcóras agrafhoraoiseachta atá ann cheana in AE agus gur féidir le méadú ar agrafhoraoiseacht cúpla buntáiste a thabhairt i bhfianaise bhrú an chomhshaoil;

R.

de bhrí go bhfuil sé d’aidhm ag Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais do 2030 “na foraoisí príomhúla agus seanfháis atá fós ann a laghdú, a mhapáil, faireachán a dhéanamh orthu agus iad a chosaint go daingean”; de bhrí go bhfuil cosaint na bhforaoisí, lena n-áirítear foraoisí príomhúla agus seanfháis uile AE atá fós ann, ríthábhachtach chun an bhithéagsúlacht a chaomhnú agus chun an t-athrú aeráide a mhaolú; de bhrí de réir tuarascáil ó 2021 de chuid an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde (24), nach bhfuil ann a thuilleadh ach 4,9 milliún heictéar d’fhoraoisí príomhúla agus seanfháis na hEorpa, arb ionann é sin agus 3 % de limistéar iomlán foraoise an Aontais agus 1,2 % dá mhórchríoch; de bhrí go bhfuil ról lárnach ag foraoisí príomhúla agus ag foraoisí seanfháis i gcaomhnú na bithéagsúlachta; de bhrí gur minic a bhíonn siad an-bhithéagsúil i gcomparáid le foraoisí eile sa réigiún éiceolaíochta céanna, go bhfuil siad ar mhórán speiceas agus go ndéanann siad flóra agus fauna speisialaithe a óstáil; de bhrí go gcuireann foraoisí príomhúla agus seanfháis raon leathan de sheirbhísí éiceachórais ríthábhachtacha eile ar fáil freisin; de bhrí go bhfuil gá le sainmhíniú oibríochtúil ar fhoraoisí príomhúla agus seanfháis chun beartais a cheapadh, a chur chun feidhme agus chun faireachán a dhéanamh orthu ar bhealach cuí;

S.

de bhrí gur ardán d’ionadaithe ó thíortha Eorpacha éagsúla é Integrate Network, ar chuir rialtais roinnt Ballstát tús leis agus go dtacaíonn Buanchoiste an Choimisiúin um Fhoraoiseacht leis, a chuireann comhairle eolaíoch ar fáil agus a atá ina spreagadh tábhachtach go dtí seo chun modhanna a shainaithint chun caomhnú an dúlra a chomhtháthú i mbainistiú inbhuanaithe foraoisí; de bhrí go raibh ról tábhachtach ag obair an ardáin i malartú taithí agus dea-chleachtas;

T.

de bhrí gur measadh le tionscadal Alterfor, ar tionscadal é atá maoinithe ag Fís 2020, go bhféadfaí barrfheabhas a chur ar mhodhanna bainistíochta foraoise atá in úsáid faoi láthair agus gur cuireadh samhlacha malartacha bainistíochta foraoise i láthair, agus go liostaítear deiseanna agus dúshláin do gach rogha mhalartach;

U.

de bhrí gur forbraíodh beartais nua agus samhlacha nua gnó le tionscadal SINCERE, ar tionscadal é atá maoinithe ag Fís 2020, trí eolas agus saineolas ón gcleachtas, ón eolaíocht agus ón mbeartas a nascadh ar fud na hEorpa agus níos faide i gcéin, agus é mar aidhm leis féachaint ar bhealaí nua chun feabhas a chur ar sheirbhísí éiceachórais foraoise ar bhealaí a théann chun tairbhe d’úinéirí foraoise, chomh maith le freastal ar riachtanais leathana na sochaí;

V.

de bhrí go mbeidh tionchar mór ag an gcogadh san Úcráin ar allmhairí adhmaid, go háirithe adhmad beithe, arb í an Rúis a chuireann 80 % den táirgeadh domhanda de ar fáil, agus ar thionscal próiseála adhmaid na hEorpa agus ar onnmhairí táirgí próiseáilte; de bhrí go n-ardaíonn na smachtbhannaí dlisteanacha a fhorchuirtear ar an Rúis an cheist maidir le spleáchas AE ar allmhairí adhmaid ón Rúis; de bhrí go bhfaigheann AE thart ar 80 % dá éileamh ar adhmad intíre, agus nach bhfuil ach thart ar 2 % den tomhaltas iomlán i gceist le hallmhairí ón Rúis; de bhrí gurb iad an Fhionlainn agus an tSualainn mór-allmhaireoirí AE de lomáin chruinne neamhphróiseáilte ón Rúis agus go ndéanfaidh toirmisc trádála difear dóibh (25);

W.

de bhrí gur fadhb leanúnach gan réiteach í an lománaíocht neamhdhleathach i roinnt Ballstát, lena n-áirítear logáil i limistéir faoi chosaint amhail limistéir Natura 2000;

X.

de bhrí go bhfuil foraoisí riachtanach do shláinte agus d’fholláine coirp agus intinne daoine, go spreagann siad an t-aistriú i dtreo geilleagar atá saor ó iontaise agus go bhfuil ról tábhachtach acu i saol na bpobal áitiúil, go háirithe i gceantair thuaithe ina rannchuidíonn siad ar bhealach tábhachtach le slite beatha áitiúla;

1.   

á chur in iúl gur geal léi go bhfuil Straitéis Nua Foraoise AE ann agus gurb é is uaillmhian don straitéis sin rannchuidiú cothromaithe foraoisí ilfheidhmeacha a mhéadú le spriocanna an Mhargaidh Ghlais agus a Straitéise Bithéagsúlachta AE go dtí 2030, go háirithe na spriocanna maidir leis an bhfás inbhuanaithe glas agus poist ghlasa a chruthú, agus geilleagar iomlán ciorclach atá neodrach ó thaobh carbóin de agus inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de laistigh de theorainneacha pláinéadacha agus aeráidneodracht a bhaint amach ar a dheireanaí faoi 2050; á thabhairt chun suntais go bhfuil tábhacht ag baint le straitéis láidir atá bunaithe ar an eolaíocht, agus gnéithe comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíocha na hinbhuanaitheachta á gcur san áireamh ar bhealach comhtháite cothrom, ós rud é go bhfuil buntáistí eacnamaíocha agus sóisialta agus réimse leathan seirbhísí ag baint le foraoisí, ó shlí mhaireachtála go háineas, chomh maith lena bheith ag cur le spriocanna aeráide agus bithéagsúlachta, amhail trí ithreacha agus uisce a chosaint;

2.   

á chur in iúl gurb oth léi nach raibh Straitéis Nua Foraoise AE forbartha i gceart in éineacht le Parlaimint na hEorpa, na Ballstáit agus na geallsealbhóirí agus nár cuireadh seasaimh na gcomhreachtóirí san áireamh go cuí; á chur i bhfáth go bhfuil tábhacht ag baint le comhar a neartú a mhéid a bhaineann le Straitéis Foraoise an Aontais Eorpaigh go dtí 2030 a chur chun feidhme;

3.   

á aithint, de réir bainistiú inbhuanaithe ar fhoraoisí agus chun cáilíocht agus éagsúlacht éiceachórais na bhforaoisí a mhéadú, gur bunchuspóirí Straitéis Foraoise AE agus bunchuspóirí gníomhaithe uile san fhoraoiseacht agus sa slabhra luacha foraoisbhunaithe iad cothabháil, cosaint, neartú, athchóiriú agus úsáid inbhuanaithe foraoisí sláintiúla athléimneacha. agus úsáid á baint as adhmad mar amhábhar ilfheidhmeach in-athnuaite chun an neamhthuilleamaíocht san Aontas a uasmhéadú; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuil na cuspóirí sin i gcomhréir le hionchais agus éilimh na sochaí agus le príomhthosaíochtaí na ndaoine in AE; á thabhairt chun suntais go bhféadfadh an fhoraoiseacht atá gar don dúlra agus bainistiú inbhuanaithe foraoisí buntáistí eacnamaíocha den chineál céanna nó níos fearr a chruthú, agus sláine agus athléimneacht na n-éiceachóras á gcaomhnú agus á gcur chun cinn, agus acmhainneacht na bhforaoisí a mhéadú mar linnte carbóin agus tearmainn bhithéagsúlachta, agus don téarnamh bithéagsúlachta.

4.   

á aithint go bhfuil ról ríthábhachtach ag foraoisí, a mbithéagsúlacht agus a n-éiceachórais éagsúla i sláinte an chomhshaoil, bearta maolaithe aeráide, aer glan, uisce agus seasmhacht ithreach a sholáthar, agus torthúlacht, agus gnáthóga éagsúla agus micreaghnáthóga á chur ar fáil do go leor speiceas, agus tacaíocht á tabhairt don bhithéagsúlacht láidir dá bharr. á thabhairt chun suntais go bhfuil ról riachtanach ag foraoisí i sláinte agus folláine an duine, lena n-áirítear coillearnacha uirbeacha agus peirea-uirbeacha ar a bhfuil rochtain acu siúd is mó nach bhfuil aon teagmháil acu leis an dúlra, mar aon le seirbhísí oideachais agus turasóireachta a chur ar fáil; ag cur béim ar an bhfíoras gur gá cur chuige “Aon Sláinte Amháin” a chur chun cinn, ar cur chuige é a aithníonn an dlúthnasc idir sláinte an duine, sláinte ainmhithe agus an dúlra sláintiúil; á chur i bhfáth go bhfuil bainistiú fónta láithreáin Natura 2000 ríthábhachtach chun an bhithéagsúlacht Eorpach agus éiceachórais na hEorpa agus na seirbhísí a chuireann siad ar fáil a chothabháil agus a fheabhsú;

5.   

á chur i bhfáth go bhfuil ról riachtanach ag éiceachórais na bhforaoisí maidir leis an athrú aeráide a mhaolú agus oiriúnú dó agus maidir le cur le cuspóir an Aontais i ndáil le neodracht aeráide a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí; á aithint go bhfuil athrú aeráide ag athrú acmhainn fáis foraoisí i roinnt áiteanna, ag méadú minicíocht agus tromchúis an triomaigh, na dtuilte agus na dtinte, chomh maith le scaipeadh lotnaidí agus galar nua a chothú a bhfuil tionchar acu ar fhoraoisí; ag tabhairt dá haire gur mó cumas na n-éiceachóras slán ná na cinn dhíghrádaithe chun strusairí comhshaoil a shárú, lena n-áirítear athruithe ar an aeráid, toisc go bhfuil airíonna nádúrtha iontu a chuireann ar a gcumas a n-acmhainn oiriúnaitheach a uasmhéadú; á chur i bhfáth go mbeidh tionchar níos diúltaí fiú ar fhoraoisí na hEorpa sna blianta atá romhainn, agus beidh an tionchar sin ar áiteanna a bhfuil seastáin foraoise comhaimseartha aonghnéithí inti go háirithe; á chur i bhfios go láidir, sa chomhthéacs sin, go bhfuil gá le hathléimneacht fhoraoisí na hEorpa a neartú, go háirithe trí éagsúlacht struchtúrach, fheidhmiúil agus chomhdhéanaimh na bhforaoisí a mhéadú; á áitiú go bhfuil athléimneacht níos mó agus cumas méadaithe oiriúnaithe i bhforaoisí measctha atá saibhir ó thaobh struchtúir de ina bhfuil fairsinge éiceolaíoch leathan le feiceáil sa chomhthéacs sin; ag tabhairt dá haire go bhféadfadh líon teoranta speiceas a bheith i bhforaois mheasctha chobhsaí i ndálaí áirithe; á chur i bhfios go láidir gur gné ríthábhachtach é talamh foraoise, mar aon lena linnte carbóin de chrainn bheo agus d’adhmad marbh faoi seach, chun teorainn a chur leis an téamh domhanda, chun cur le spriocanna an Aontais maidir le neodracht aeráide agus chun feabhas a chur ar an mbithéagsúlacht; á mheas gurb é cur chun cinn foraoisí atá éagsúil ó thaobh na bitheolaíochta de an t-árachas is éifeachtaí i gcoinne an athraithe aeráide agus chailliúint na bithéagsúlachta;

6.   

á thabhairt chun suntais go bhfuil cumhdach agus méid (26) na bhforaoisí ag fás go leanúnach in AE, cé gur cuireadh moilliú leo le blianta beaga anuas, rud atá i gcodarsnacht le treocht dhomhanda an dífhoraoisithe (27); á aithint go bhfuil iarrachtaí déanta ag na gníomhaithe uile ar fud an tslabhra luacha foraoisbhunaithe a rannchuidigh leis an bhforbairt sin; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil an brú ag méadú atá ar fhoraoisí AE agus ar a ngnáthóga, rud atá níos measa fós mar gheall ar thionchar an athraithe aeráide, agus á chur i bhfáth go bhfuil géarghá le hathléimneacht foraoisí agus éiceachórais a chosaint agus a mhéadú, lena n-áirítear trí bhearta chun cur leis an gcumas oiriúnú don athrú aeráide, agus chun brúnna a laghdú i gcás inarb indéanta, agus saintréithe na foraoise á gcur san áireamh; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur cosúil go bhfuil méadú tagtha ar leochaileacht fhoraoisí AE i leith lotnaidí agus pataiginí ionracha agus gur bagairt iad ráigeanna do charbón ceaptha (28), bithéagsúlacht agus cáilíocht adhmaid;

7.   

á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go bhforáiltear ina reachtaíocht go mbeadh an chosaint is fearr ar thruailliú agus damáiste á cur ar fáil d’fhoraoisí; á chur i bhfios, go háirithe, go bhfuil cosaint ar éilliú inti, amhail trí mhuinisin luaidhe nó lotnaidicídí, an-chomhbhrú ithreach de bharr úsáid mhíchuí innealra, agus cosaint ar dhamáiste ó ghéim ag piocadh nó damáiste ó phobal géime chrúbscaoilte atá rómhór.

8.   

á thabhairt chun suntais go bhfuil saintréithe sonracha agus éagsúla ag earnálacha foraoiseachta sna Ballstáit agus á chur i bhfios go láidir gur saintréith d’fhoraoisí an Aontais í éagsúlacht na ndálaí nádúrtha, ar nós na bithgheografaíochta, na méide, an struchtúir agus na bithéagsúlachta, mar aon leis na patrúin úinéireachta, na cineálacha rialachais, na dúshláin agus na deiseanna, agus go raibh an chuid is mó díobh múnlaithe ag na céadta blianta d’idirghníomhaíocht, idirghabháil agus bainistíocht ón duine agus go bhfuil siad ina gcineál oidhreachta cultúrtha dá bharr; á mheabhrú freisin gur fhorbair foraoisí príomhúla agus seanfháis gan mórán idirghabháil agus bainistíocht ón duine. á chur i bhfáth go bhfuil gá i gcásanna áirithe le cur chuige oiriúnaithe maidir le bainistíocht foraoisí agus soláthar seirbhísí éiceachórais chun a áirithiú go bhféadfaí an straitéis a chur chun feidhme i ngach cineál foraoise agus staide;

9.   

á aithint go bhfuil bainistiú foraoise sonrach de réir suímh agus go bhféadfadh cineálacha éagsúla cur chuige bainistíochta a bheith ag teastáil ó dhálaí éagsúla foraoise agus ó chineálacha éagsúla foraoise bunaithe ar riachtanais éagsúla éiceolaíocha agus ar shaintréithe éagsúla talún foraoise, agus cearta agus leasanna oibrithe na hearnála foraoise, úinéirí agus gníomhaithe eile lena mbaineann á gcur san áireamh;

10.   

á thabhairt chun suntais gur rannchuidigh na húinéirí foraoise agus gníomhaithe foraoise sa slabhra luacha foraoisbhunaithe leis na hiarrachtaí maidir le geilleagar inbhuanaithe agus aeráidneodrach a bhaint amach faoi 2050 agus leis an luach a bhaineann le heolas ó ghlúin go glúin agus le heolas stairiúil faoin bhforaoiseacht agus bainistíocht inbhuanaithe foraoisí;

11.   

á aithint a chasta atá sé measúnú a dhéanamh ar staid na bhforaoisí, agus go bhfuil infhaighteacht, éagsúlacht agus cáilíocht sonraí neamhchothrom, agus á chur i bhfáth, dá bhrí sin, go bhfuil gá le hidirphlé leanúnach beartais agus eolaíochta agus maoiniú breise ar gach leibhéal, ag tosú le comhairliúcháin leis na Ballstáit, agus go háirithe le bainisteoirí agus úinéirí foraoisí, chun feabhas a chur ar bhailiú sonraí maidir le staid na bhforaoisí agus, i gcás inarb iomchuí, comhchuibhiú sonraí; á chur i bhfáth gur gá acmhainní airgeadais agus acmhainní daonna a chur san áireamh freisin, go háirithe chun a bheith in ann úsáidí foraoisí agus teorainneacha i ndáil le húsáid foraoisí atá tíosach ar acmhainní a shainaithint go luath.

12.   

á chur i bhfios go láidir, cé go bhfuil an bhéim ar fhoraoisí in AE, gur cheart don straitéis agus don chur chun feidhme a bheith comhleanúnach leis an obair atá déanta ar leibhéal uile-Eorpach ag Forest Europe agus eagraíochtaí idirnáisiúnta ar nós FAO, agus nach mór dóibh tuairimí grúpaí saineolaithe agus an obair a rinneadh ar leibhéal na mBallstát chur san áireamh; á chur i bhfáth gur cheart dúbláil oibre agus méadú ar an ualach riaracháin a sheachaint sa straitéis agus sa chur chun feidhme. á chreidiúint, thairis sin, gur cheart, i bhfianaise thiomantas láidir an Aontais don bhithéagsúlacht agus na linnte carbóin a chosaint, agus do shainaithint, táirgeadh agus úsáid inbhuanaithe acmhainní a chur chun cinn ar fud an domhain, mar a chuirtear i dtreis i dtogra ón gCoimisiún le haghaidh rialachán maidir le táirgí nach mbíonn dífhoraoisiú mar thoradh orthu, an straitéis a chur chun feidhme ar bhealach ina mbeidh sí ina samhail dea-chleachtas, ag aithint na staideanna éagsúla tionscnaimh, agus í ina spreagadh ag an am céanna le haghaidh cineálacha cur chuige comhchosúla i réigiúin eile;

13.   

á chur i bhfáth nach mór an straitéis a chur chun feidhme ar bhealach atá oiriúnach don fheidhm ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil ionas go ndéanfar a cuspóirí éagsúla a bhaint amach, agus aird á tabhairt ar an tionchar socheacnamaíoch ar féidir a bheith aici, lena n-áirítear trí chur chun feidhme a chur in oiriúint do dhálaí áitiúla, do thaithí áitiúil, d’eolas traidisiúnta agus d’úsáid thraidisiúnta, agus an tuiscint eolaíoch reatha á cur san áireamh, agus trí na scileanna is gá a chur ar fáil do gheallsealbhóirí; ag tabhairt dá haire gur gá é a bhunú ar aitheantas iomlán do chearta maoine agus ar earnáil foraoiseachta atá inmharthana ó thaobh na heacnamaíochta, an chomhshaoil agus na sochaí de, agus ar an bprionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as, ós gnéithe ríthábhachtacha iad maidir le soláthar seirbhísí éagsúla foraoisí agus le feabhsú na hathléimneachta;

14.   

á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú tionchair cuimsitheach a sholáthar ar an straitéis chun na himpleachtaí ar dhálaí an mhargaidh, limistéir thuaithe agus na riachtanais mhaoiniúcháin éagsúla a shainaithint, lena n-áirítear taighde agus nuálaíocht, scileanna a fhorbairt, bonneagar, maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú dó, agus feabhsú na bithéagsúlachta;

Cothú ilfheidhmiúlachta cothroime

15.

á aithint go bhfuil ról lárnach ag foraoisí agus ag an slabhra luacha foraoisbhunaithe ar fad maidir leis an aeráid agus an bhithéagsúlacht a chosaint, agus maidir leis an athrú aeráide a mhaolú chun rannchuidiú le geilleagar inbhuanaithe agus aeráidneodrach a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí; á chur i bhfios go láidir go gcuimsítear le ról ilfheidhmeach na bhforaoisí seirbhísí éiceachórais iomadúla agus feidhmeanna socheacnamaíocha iomadúla, amhail caomhnú agus feabhsú na bithéagsúlachta agus ithreacha, maolú ar an athrú aeráide, ceapadh agus stóráil carbóin ón atmaisféar, cosc ar dhíghrádú talún, soláthar amhábhar inathnuaite agus amhábhar atá bunaithe ar an dúlra agus soláthar táirgí leighis, inite agus cócaireachta, agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha neamheastóscacha, lena n-áirítear éiceathurasóireacht inbhuanaithe, ar seirbhísí agus feidhmeanna iad as a n-eascraíonn poist agus fás eacnamaíoch i limistéir thuaithe agus uirbeacha, agus a chuireann i gcoinne bhánú na tuaithe, a rannchuidíonn le huisce agus aer glan a sholáthar, agus le cosaint ar ghuaiseacha nádúrtha agus lena mbaineann sochair chultúrtha, aeistéitice, shláinte agus áineasa; á chur i bhfáth nach mór a áirithiú le cur chun feidhme na straitéise go ndéantar gach seirbhís a sholáthar ar bhonn cothrom agus go gcoinnítear agus go bhfeabhsaítear an t-iomaíochas agus an nuálaíocht; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le bainistiú gníomhach inbhuanaithe chun seirbhísí a sholáthar go rathúil;

16.

á chreidiúint gur cheart gurb é an príomhphrionsabal maidir le cothromaíocht a aimsiú idir feidhmeanna iomadúla foraoisí agus maidir le spriocanna agus bearta a shainiú i dtreo sholáthar na seirbhísí éiceachórais uile ná féachaint le sineirgí a uasmhéadú agus le comhbhabhtálacha a íoslaghdú ar bhonn faisnéis atá bunaithe ar fhianaise;

17.

á chur i bhfáth go gcuireann foraoisí le maolú an athraithe aeráide trí cheapadh carbóin, stóráil carbóin agus ionadú inbhuanaithe an mhéid seo a leanas le hadhmad agus táirgí adhmaid: breoslaí iontaise, táirgí iontaise, ábhair, foinsí fuinnimh agus táirgí eile a bhfuil lorg ard comhshaoil agus carbóin acu; ag cur béim ar an bhfíoras gurb é adhmad an t-aon acmhainn nádúrtha inathnuaite shuntasach a d’fhéadfadh a chur in ionad roinnt ábhar atá an-dian ar fhuinneamh, amhail stroighin agus plaistigh, agus go mbeidh éileamh níos mó air amach anseo; ag tabhairt dá haire go leagtar béim ar leith sa straitéis ar stóráil in earnáil na tógála agus á chreidiúint gur cheart, agus í á cur chun feidhme, tacú go soiléir le húsáid níos leithne a bheith á baint as roghanna éagsúla le haghaidh ionadú le hadhmad agus gur cheart go mbeadh sí bunaithe ar mheasúnuithe saolré atá láidir agus bunaithe ar an eolaíocht, i gcomhréir le cuspóirí comhshaoil AE agus le spriocanna na straitéise bithgheilleagair agus tionsclaíochta, chun acmhainneacht iomlán na dtáirgí foraoisbhunaithe a scaoileadh chun an geilleagar ciorclach a neartú, an t-athrú aeráide a chomhrac agus geilleagar tar éis breosla iontaise a bhaint amach; ag cur béim ar an ról atá ag taighde ar ionadú ábhar iontaise agus breoslaí iontaise; á chur i bhfáth gur gá tomhaltas AE i gcoitinne a laghdú agus á chur in iúl gur geal léi modheolaíocht a bhunú chun na tairbhí aeráide a bhaineann le tógáil adhmaid a chainníochtú;

18.

ag cur béim ar an bhfíoras nár cheart neamhaird a thabhairt ar an tábhacht shuntasach a bhaineann le hithir foraoise atá sláintiúil agus torthúil, ós rud é go bhfuil sí éigeantach chun an saol a chothú, táirgiúlacht foraoise a mhéadú (29), carbón a stóráil agus an líonra riachtanach fungasach faoi thalamh a chosaint lena gcuirtear ar chumas crann acmhainní, amhail cothaithigh agus uisce, agus comharthaí cosanta a roinnt, frithsheasmhacht mhéadaithe a thabhairt i gcoinne lotnaidí, galar, agus fiú amháin triomaigh agus eachtraí adhaimsire (30)(31)(32), ar dócha go dtiocfaidh méadú orthu i dtaobh déine agus minicíochta de dheasca an athraithe aeráide;

19.

á thabhairt chun suntais gur gá táirgí atá bunaithe ar adhmad a úsáid ar an mbealach is éifeachtúla agus is inbhuanaithe ionas go mbeidh siad ina rannchuidiú barrmhaith le maolú an athraithe aeráide agus le geilleagar ciorclach; á chreidiúint nach mór srian a chur le baint adhmaid trí theorainneacha inbhuanaitheachta agus gur caighdeán maith iad na prionsabail sa treoir chascáideach (33) le haghaidh úsáid éifeachtúil, ach amháin mura n-úsáidfear iad mar chur chuige statach, agus nach mór, dá bhrí sin, iad a choigeartú go rialta chun úsáid nuálach a léiriú amhail sa tionscal tógála, teicstílí, bithcheimiceáin, feidhmchláir leighis agus ábhair ceallraí; á chur i bhfáth gur gá acmhainní atá bunaithe ar adhmad a úsáid ar an mbealach is éifeachtúla is féidir, trí chinntí eacnamaíocha agus oibríochtúla lena gcuirtear sainiúlachtaí náisiúnta san áireamh, agus á chur i bhfáth gur féidir le margadh dea-fheidhmiúil, neamhshaofa a bheith ina spreagadh d’úsáid inbhuanaithe éifeachtúil acmhainní atá bunaithe ar adhmad i gcomhar le bearta leormhaithe chun cosaint an chomhshaoil a áirithiú;

20.

á thabhairt chun suntais go bhfuil tábhacht ag roinnt le soláthar iontaofa inbhuanaithe adhmaid, táirgí atá bunaithe ar adhmad agus bithmhais foraoisbhunaithe a mhéid a bhaineann le spriocanna inbhuanaitheachta an Aontais a bhaint amach, lena n-áirítear an cuspóir maidir le neodracht charbóin a bhaint amach faoi 2050 agus sprioc an Chomhaontaithe Ghlais maidir le fás glas agus poist ghlasa; ag tabhairt dá haire go bhfuiltear ag dréim leis go leanfaidh an t-éileamh de bheith ag fás (34) agus gur cheart úsáid adhmaid a tháirgtear go háitiúil agus go hinbhuanaithe a spreagadh chun freastal ar an éileamh sin; á chreidiúint gurb í cuid mhór d’earnáil foraoiseachta an Aontais a sholáthraíonn amhábhair atá an-inbhuanaithe ó thaobh foinsithe de; á iarraidh ar an gCoimisiún breithniú a dhéanamh ar éifeachtaí sceite agus éifeachtaí ionadaíochta breoslaí iontaise agus ábhar neamh-inathnuaite, chomh maith leis na héifeachtaí ar iomaíochas earnáil na foraoiseachta agus na dtionscal foraoisbhunaithe, agus faireachán a dhéanamh ar aon tionchar ar infhaighteacht adhmaid tar éis do na bearta faoin straitéis a bheith curtha chun feidhme;

21.

á chur i bhfios go bhfuil dúshláin mhóra ag baint leis an méadú ar an éileamh ar adhmad mar amhábhar, go háirithe ar adhmad atá le húsáid mar fhoinse fuinnimh, i gcomhthéacs géarchéimeanna polaitiúla, amhail an cogadh san Úcráin, agus gur gá faireachán leanúnach a dhéanamh ar acmhainní foraoise intíre chun measúnú a dhéanamh ar ghanntanais a d’fhéadfadh a bheith ann; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar spleáchais ar allmhairiú adhmaid ón Rúis i bhfianaise na smachtbhannaí dlisteanacha tar éis ionradh na Rúise ar an Úcráin agus straitéisí inbhuanaithe a fhorbairt chun suaitheadh a mhaolú i gcás inar gá, agus tiontú talún talmhaíochta atá oiriúnach do tháirgeadh bia á sheachaint ar leibhéal AE; á thabhairt chun suntais a ríthábhachtaí atá cinnteacht an tsoláthair agus táirgeadh amhábhar dá chuid féin in AE, i gcomhthéacs níos leithne chuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais; á chur i bhfáth, in imthosca áirithe, go bhféadfadh cailliúint fostaíochta i limistéir thuaithe agus spleáchas méadaithe ar allmhairiú táirgí foraoisbhunaithe ó áiteanna ar fud an domhain, áiteanna nach bhfuil bainistiú foraoisí chomh hinbhuanaithe sin, teacht as faillí a dhéanamh i bhforaoisí;

22.

á mheabhrú go bhfuil 2,1 milliún duine ag obair san earnáil fhoraoisbhunaithe, agus go dtacaíonn an slabhra luacha foraoisbhunaithe ina iomláine le 4 mhilliún post sa gheilleagar glas, ar poist iad nach gcuimsíonn gníomhaíochtaí miondíola agus gníomhaíochtaí neamhadhmaid amhail gníomhaíochtaí fóillíochta agus obair eolaíoch a bhaineann le foraoisí; ag tabhairt dá haire gur tháinig laghdú 33 % ar fhostaíocht in earnáil na foraoiseachta idir 2000 agus 2015, go príomha mar gheall ar an méadú a bhí ag teacht ar mheicniú tráth a raibh méadú ag teacht ar eastóscadh adhmaid freisin; á thabhairt chun suntais go bhfuil ról tábhachtach ag foraoisí maidir le poist ghlasa a chruthú i limistéir thuaithe agus shléibhtiúla; ag cur sonrú sa ról tábhachtach atá ag táirgí foraoise neamhadhmaid, amhail bianna éagsúla atá bunaithe ar an dúlra, cógais agus réitigh d’ábhair bhunúsacha, mar fhoinse ioncaim, le luach measta de thart ar EUR 4 bhilliún in 2015 (35), agus go bhfuil na táirgí sin fréamhaithe go domhain i dtraidisiúin réigiúnacha; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar thionchair eacnamaíocha a bhaineann le cur chuige atá níos gaire don dúlra, lena n-áirítear na tionchair ar fhostaíocht dhíreach agus indíreach;

23.

á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit faireachán agus measúnú a dhéanamh ar na héifeachtaí a bhíonn ag athrú ar chothromaíocht fheidhmeanna na foraoise ar staid fhoriomlán na fostaíochta agus ar bhrabúsacht na hearnála áitiúla adhmaid, go háirithe i limistéir thuaithe agus shléibhtiúla, chomh maith le codanna iartheachtacha de na tionscail próiseála adhmaid, agus á thabhairt chun suntais gur gá tarraingteacht na fostaíochta san earnáil a choinneáil nó a fheabhsú, mar aon le sábháilteacht san ionad oibre, agus breithniú á dhéanamh ar athruithe ar chleachtais bhainistíochta;

24.

á aithint go bhfuil roinnt comhthairbhí ag baint le hathfhoraoisiú agus foraoisiú, amhail scagachán uisce, infhaighteacht mhéadaithe uisce, maolú ar thriomach, rialú tuilte, dríodrú seachanta, cruthú gnáthóg fiadhúlra, méadú ar fhána ithreach, torthúlacht fheabhsaithe ithreach agus scagachán aeir; á chur in iúl gur geal léi an treochlár athfhoraoisithe agus foraoisithe le haghaidh 3 bhilliún crann breise ar a laghad a chur san Aontas faoi 2030; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart na tionscnaimh sin a chur i gcrích i gcomhréir le prionsabail shoiléire éiceolaíocha agus go mbeadh siad go hiomlán comhoiriúnach le cuspóir na bithéagsúlachta agus tosaíocht á tabhairt d’athbhunú éiceachórais na bhforaoisí; á mheabhrú go bhfuil cur crann ag brath ar thacaíocht na ngeallsealbhóirí áitiúla agus ar phleanáil réigiúnach; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit aird ar leith a thabhairt ar chrainn oiriúnacha a chur i limistéir ina bhfuil talamh díghrádaithe agus a ndéanann gaineamhlú difear dóibh, agus á athdhearbhú a thábhachtaí atá sé foraoisí príomhúla agus seanfháis a chosaint; á chur i bhfios gur féidir le méadú ar limistéar na talún foraoisithe rannchuidiú go héifeachtach leis an gcomhrac i gcoinne an athraithe aeráide agus le hathghiniúint nádúrtha na gcóras foraoise díghrádaithe, agus forbairt eacnamaíoch agus sóisialta mar éifeacht mheántéarmach agus fhadtéarmach chomh maith le cruthú post nua; á iarraidh ar an gCoimisiún na crainn a chuirfear faoi éiciscéimeanna nua an chomhbheartais talmhaíochta (CBT) agus faoi na gealltanais chomhshaoil, aeráide agus bhainistíochta eile a áireamh ina phrionsabail breisíochta, chomh maith leis na crainn a chuirfear faoi na Pleananna Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta, ós rud é go mbeidh CBT nua agus an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta araon curtha chun feidhme tar éis ghlacadh Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais do 2030; á chur i bhfáth, ós rud é gur acmhainn fhinideach é an talamh, gur cheart tosaíocht a thabhairt do chrainn a chur sna foraoisí atá ann cheana, ar thalamh meath-thorthúil agus i limistéir uirbeacha thar thalamh talmhaíochta a thiontú, go háirithe sna himthosca geopholaitiúla nua, agus thar thiontú féaraigh agus féarthailte nádúrtha freisin, toisc nach n-eascraíonn athruithe suntasacha ar charbón orgánach san ithir as (36); ag tabhairt dá haire go bhfuil an deis ann chun forbairt foraoise uirbí a dhéanamh sa limistéar sin; á mheabhrú, áfach, go bhféadfadh comhbhabhtálacha maidir leis an mbithéagsúlacht a bheith i gceist le hathfhoraoisiú agus foraoisiú freisin, e.g. maidir le féarthailte bithéagsúla;

Cosaint, athchóiriú, athfhoraoisiú agus foraoisiú, agus bainistiú inbhuanaithe

25.

á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról ilghnéitheach ag foraoisí agus tábhacht ag baint le héiceachórais foraoise shláintiúla atá athléimneach ó thaobh na héiceolaíochta de agus a chuireann an iliomad seirbhísí ar fáil don tsochaí, amhail caomhnú na bithéagsúlachta agus soláthar amhábhar inathnuaite, lena gcabhraítear le poist a chruthú agus borradh a chur faoin bhfás eacnamaíoch i limistéir thuaithe; á chur i bhfáth go gcuideoidh beartais lena bhfeabhsaítear cosaint agus athbhunú na bithéagsúlachta le dul i ngleic leis an athrú aeráide; á iarraidh go gcuirfear bainistiú inbhuanaithe ar fhoraoisí i bhfeidhm i gcur chun feidhme na spriocanna aeráide, ós rud é go bhfuil sé ríthábhachtach chun dífhoraoisiú agus díghrádú foraoisí a laghdú, agus á áitiú gur cheart caomhnú na bithéagsúlachta agus cosaint agus caomhnú gnáthóg a chuimsiú faoi bhainistiú inbhuanaithe ar fhoraoisí;

26.

ag cur béim ar a thábhachtaí atá don Aontais cosaint, caomhnú agus athbhunú éiceachórais na bhforaoisí a chur chun cinn, agus aird á tabhairt ar Dhlí AE um Athbhunú an Dúlra atá ar na bacáin agus ar athléimneacht éiceachórais na bhforaoisí a fheabhsú, agus ag an am céanna tacú le forbairt earnála foraoiseachta bríomhaire atá inmharthana ó thaobh na heacnamaíochta de agus le forbairt na bpobal áitiúil; á iarraidh go mbeadh fís fhadtéarmach ann chun foraoisí na hEorpa a chosaint agus a athbhunú;

27.

ag tabhairt dá haire gur fhógair an Coimisiún go bhforbródh sé táscairí breise agus luachanna tairsí breise chun bainistiú inbhuanaithe a dhéanamh ar fhoraoisí, a bhfuil sé de rogha na mBallstát na táscairí agus luachanna tairsí sin a chur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach; á chreidiúint gur cheart na táscairí agus na tairseacha sin an tuiscint atá ann a fheabhsú i dtaobh an bhfuil nó nach bhfuil foraois á bainistiú go hinbhuanaithe ar leibhéal clampa foraoise, nó ar leibhéal an tírdhreacha ar a laghad, agus a chinneadh cad iad na hiarrachtaí athchóirithe ar éirigh leo; á iarraidh ar an gCoimisiún táscairí agus tairseacha atá bunaithe ar fhianaise a fhorbairt chun an creat maidir le bainistiú inbhuanaithe ar fhoraoisí a chomhlánú, go háirithe maidir le critéir shoiléire a fhorbairt a bhaineann le sláinte an éiceachórais, leis an mbithéagsúlacht agus leis an athrú aeráide, arb é is aidhm dóibh uirlis éifeachtúil a dhéanamh díobh chun inbhuanaitheacht fhoraoisí AE a fheabhsú agus chun a áirithiú go gcuirfidh bainistiú foraoisí le cuspóirí aeráide agus bithéagsúlachta AE; á mheas gur uirlisí ríthábhachtacha iad na táscairí agus na tairseacha breise sin chun an bhithéagsúlacht a chosaint agus a athbhunú agus chun an t-athrú aeráide a mhaolú agus oiriúnú dó in earnáil na foraoiseachta; á thabhairt chun suntais gur comhaontaíodh sainmhíniú ar bhainistiú inbhuanaithe ar fhoraoisí mar chuid den phróiseas uile-Eorpach Forest Europe agus go bhfuil an sainmhíniú sin ionchorpraithe i reachtaíocht náisiúnta agus córais dheonacha, amhail deimhnithe foraoise, sna Ballstáit; á chur i bhfios go láidir, dá bhrí sin, gur gá comhleanúnachas a áirithiú idir obair an Choimisiúin, obair Forest Europe agus obair FAO, chomh maith le haon dúbailt iarrachtaí nó méadú díréireach ar an ualach riaracháin a sheachaint, agus gur gá freisin a bheith i dteagmháil le húdaráis inniúla náisiúnta agus réigiúnacha, bainisteoirí foraoisí poiblí agus príobháideacha agus úinéirí foraoisí, agus le geallsealbhóirí ábhartha eile chun a áirithiú go bhfuil na táscairí agus na raonta luacha oiriúnach lena gcur i bhfeidhm ar an leibhéal réigiúnach agus áitiúil faoi dhálaí bithgheografacha sonracha; á chur i bhfios gur chuir Forest Europe tús le hobair chun féachaint arís ar an sainmhíniú ar bhainistiú inbhuanaithe ar fhoraoisí agus ar a uirlisí; á iarraidh ar na Ballstáit leanúint lena gcuid iarrachtaí na straitéisí náisiúnta agus reachtaíocht a bhaineann le bainistiú inbhuanaithe ar fhoraoisí a chur chun feidhme i gceart, agus iad a chur in oiriúint dá n-imthosca náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla; á iarraidh ar na Ballstáit reachtaíocht AE agus cuspóirí ceangailteacha maidir le foraoisí a thrasuí agus a chur chun feidhme go leormhaith, agus á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear chun feidhme agus go bhforfheidhmeofar na Treoracha maidir le hÉin agus Gnáthóga, lena n-áirítear Natura 2000;

28.

á thabhairt chun suntais go bhfuil ag méadú ar an mbrú atá ar fhoraoisí i ngeall ar lotnaidí, galair agus seadáin, tubaistí nádúrtha, cothromaíocht athraithe uisce, ardú na meánteochtaí agus suaití eile mar thoradh ar an athrú aeráide, agus gur ábhar práinne é athléimneacht agus oiriúnú éiceachóras na bhforaoisí a neartú trí bhainistiú gníomhach inbhuanaithe; ag cur sonrú sa tionchar eacnamaíoch atá ag na suaití sin ar earnáil na foraoiseachta ina hiomláine; ag tabhairt dá haire gur féidir le húsáid níos mó teicneolaíochtaí nuálacha inbhuanaithe agus cleachtas bainistíochta maidir le hathbhunú, foraoisiú agus athfhoraoisiú cuidiú leis an athléimneacht a neartú agus leis an mbithéagsúlacht a fheabhsú; á iarraidh ar an gCoimisiún eolas a bhailiú agus a scaipeadh i measc na mBallstát maidir leis an gcaoi le foraoisí a chur in oiriúint don athrú aeráide atá ann faoi láthair agus a bhfuiltear ag dréim leis, i gcomhréir le Straitéis nua AE um an Oiriúnú agus leis an Straitéis Bhithéagsúlachta; ag tabhairt dá haire go gcuimsítear réimse leathan gníomhaíochtaí agus cleachtas oiriúnaitheach le bainistiú inbhuanaithe ar fhoraoisí, mar choincheap dinimiciúil, agus go bhféadfadh ról lárnach a bheith ag go leor acu maidir le hacmhainneacht na bhforaoisí i ndáil le maolú an athraithe aeráide, agus go gcuirtear bearta ar fáil leis an mbainistiú sin maidir le speicis Eorpacha atá oiriúnaithe ar bhealach níos fearr agus bunáitíochtaí feabhsaithe a thabhairt isteach, le rannchuidiú na bhforaoisí le timthriall an uisce a neartú, le leagan a dhéanamh chun lotnaidí, pataiginí agus speicis ionracha a shrianadh, le dóiteán foraoise a chosc agus le feidhmeanna cosantacha a chothabháil, i measc nithe eile, agus, ag an am céanna, bonn taca á chur faoi róil ilfheidhmeacha na bhforaoisí; á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le rochtain a fháil ar na hacmhainní géiniteacha chun foraoisí níos mó, athléimneacha agus éagsúla a fhás; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé tacú le linnte géinte síolóige náisiúnta chun líon leordhóthanach speiceas crann dúchasach a chur ar fáil do thionscnaimh áitiúla agus réigiúnacha maidir le hathfhoraoisiú agus foraoisiú; á chur i bhfios go bhfuil ról tábhachtach ag an athghiniúint nádúrtha i ndáil le todhchaí na bhforaoisí, ós rud é gur féidir léi forbairt fréimhe nach gcuirtear isteach uirthi a chothú, chomh maith le beocht agus cobhsaíocht crann níos fearr agus costais phlandála níos ísle a chothú freisin, agus á thabhairt dá haire nach féidir i gcónaí an athghiniúint nádúrtha a bhaint amach mar gheall ar dhálaí sonracha foraoise; á chur i bhfios go láidir go bhfuil cleachtais bainistithe inbhuanaithe difreáilte ar fhoraoisí de dhíth mar gheall ar fhoraoisí éagsúla agus dálaí éagsúla aeráide an Aontais, ar cheart iad a fhorbairt tuilleadh go náisiúnta, go réigiúnach agus go háitiúil, agus ar cleachtais iad a bhfuil bonn láidir comhchoiteann acu;

29.

ag tabhairt dá haire, agus é ina chúis mhór imní di, gur dúshlán méadaitheach ar fud an Aontais Eorpaigh iad falscaithe ar mórscála agus falscaithe níos déine agus, go háirithe, nach bhfacthas a leithéid de shéasúr dóiteáin 2021 in AE riamh roimhe seo, ós rud é gur scriosadh thart ar 0,5 milliún heicteár le tine, go háirithe i réigiúin na hEorpa a bhfuil an t-ardú meánteochta is airde acu, amhail réigiún na Meánmhara; á chur i bhfios go láidir go bhfuil “tinte móra” ag méadú ó thaobh déine agus minicíochta ar fud an domhain; á mheabhrú gur cosaint nó bacainn níos fearr in aghaidh dóiteáin foraoise ar mhórscála nach féidir a rialú é tírdhreach éagsúil ina bhfuil foraoisí éagsúla; á chur i bhfáth go gcuideodh athchóiriú foraoisí éagsúla le cosc agus srianadh dóiteáin; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le níos mó acmhainní chun bainistiú dóiteáin atá bunaithe ar an eolaíocht agus tacaíocht d’fhothú acmhainneachta trí sheirbhísí comhairleacha a fhorbairt chun dul i ngleic le héifeachtaí an athraithe aeráide i bhforaoisí; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit an coincheap comhtháite maidir le bainistiú dóiteáin a chur chun cinn agus a úsáid ar bhealach níos fearr agus ag tabhairt dá haire go bhféadfadh go n-éileodh sé sin acmhainneacht rialála níos fearr sna Ballstáit, neartú na seirbhísí poiblí, agus tacaíocht thiomnaithe agus comhar méadaithe le haghaidh tubaistí a chosc, agus le hullmhacht agus le freagairt dóibh; á thabhairt chun suntas a thábhachtaí atá sé an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta a fhorbairt tuilleadh agus leas iomlán a bhaint as i ndáil le dóiteáin foraoise agus tubaistí nádúrtha eile; á iarraidh ar an gCoimisiún eolas a bhailiú agus a scaipeadh i measc na mBallstát maidir leis an gcaoi le foraoisí a chur in oiriúint don athrú aeráide atá ann faoi láthair agus a bhfuiltear ag dréim leis, i gcomhréir le straitéis nua AE um an oiriúnú; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnuithe riosca agus léarscáileanna ar dhóiteán foraoise a chruthú, ar bhonn táirgí feabhsaithe Copernicus, na hintleachta saorga agus sonraí cianbhraiteachta eile, chun tacú le gníomhaíocht choisctheach;

30.

á chur i bhfios go láidir gur cuid den bhosca uirlisí bainistithe inbhuanaithe ar fhoraoisí iad leibhéil éagsúla cosanta; ag cur béim ar an bhfíoras, in go leor cásanna, go bhfuil cineálacha áirithe idirghabhála fós ag teastáil chun foraoisí a chosaint, mar shampla chun aghaidh a thabhairt ar ghuaiseacha nádúrtha nó ar riachtanais oiriúnaithe; ag tabhairt dá haire go bhfuil foraoisí ilspeiceas a bhfuil aoiseanna éagsúla agus cosaint leanúnach acu níos athléimní maidir le tionchair aeráide amhail dóiteán, triomach, agus eachtraí aimsire neamhshéasúracha, lena n-áirítear mar chuid de bhainistiú inbhuanaithe ar fhoraoisí, agus dá bhrí sin, gur infheistíocht thábhachtach iad don todhchaí; á áitiú nár cheart tacú le monashaothrú, nach bhfuil an athléimneacht chéanna iontu i gcoinne lotnaidí agus galar, ná i leith triomaigh, gaoithe, stoirmeacha agus dóiteáin, le cistí AE;

31.

á aithint nach gcuireann gach cleachtas bainistíochta le ceapadh carbóin i bhforaoisí, ach á chur i bhfáth gur féidir cleachtais a oiriúnú agus a nuachóiriú agus gur féidir le cleachtóirí iad féin a oiriúnú agus nuachóiriú a dhéanamh chun na comhbhabhtálacha a chothromú ar an mbealach is fearr, a gcur chuige a bharrfheabhsú i leith cuspóirí iolracha a bhaint amach, agus sineirgí a chruthú le spriocanna maidir le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú dó agus le feidhmeanna iomadúla eile na bhforaoisí; á chur i bhfios, i dtaca leis sin, go gcaithfear breithniú a dhéanamh ar chomhbhabhtálacha agus ar shineirgí idir an t-éileamh ar adhmad agus an chaoi a mbítear ag dréim leis go bhfeidhmeoidh foraoisí mar linnte carbóin agus go gcuirfidh siad gnáthóga ar fáil do fhlóra agus d’fhána; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar a sheirbhísí, i ndáil leis sin, oibriú go straitéiseach chun comhleanúnachas a áirithiú in aon obair a bhaineann leis an bhforaoiseacht agus bainistiú inbhuanaithe ar fhoraoisí a fheabhsú, agus prionsabal na coimhdeachta á urramú go hiomlán; á thabhairt chun suntais gur féidir le cleachtais áirithe bhainistíochta, go háirithe lena n-áirítear talamh atá curtha i leataobh go deonach, cuidiú le foraoisí a athbhunú agus tionchar dearfach a bheith acu ar cheapadh carbóin, ar an mbithéagsúlacht agus ar stádas éiceolaíoch; ag tabhairt dá haire gur féidir leibhéil bhithéagsúlachta agus leibhéil acmhainneachta ceaptha agus stórála carbóin an-éagsúil a bheith ag foraoisí ag brath ar bhainistiú, ar an innealra a úsáidtear, ar dhéine agus ar mhinicíocht an ghearrtha, ar bhail na hithreach, ar dhéine seadán agus tinnis, ar aois clampaí foraoise etc.; á chur i bhfios go bhfuil níos mó carbóin á scaoileadh anois ag roinnt foraoisí ná mar atá á ionsú acu; ag tabhairt dá haire nár cheart foraoisí a mheas mar linnte CO2 amháin ná mar réiteach ar an easpa laghduithe ar astaíochtaí ó earnalácha eile;

32.

á chur in iúl gur geal léi comhar leanúnach an Choimisiúin agus na mBallstát maidir le treoirlínte deonacha ón Meitheal um Fhoraoisí agus um an Dúlra le haghaidh foraoiseacht atá “níos gaire don dúlra”; á chreidiúint gur cheart, chun breisluach a áirithiú, prionsabal na coimhdeachta a urramú go hiomlán sna treoirlínte maidir leis an gcoincheap sin agus gur cheart raon leathan uirlisí agus cleachtas bainistithe foraoisí atá inbhuanaithe, dírithe ar thorthaí agus cruthaithe ar bhonn eolaíoch a ionchorprú sna treoirlínte sin, go háirithe agus riachtanais ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal réigiúnach á gcur san áireamh, chun na huirlisí agus na dreasachtaí airgeadais ábhartha a thabhairt d’úinéirí foraoise agus do bhainisteoirí foraoise chun caidrimh agus comhar a fheabhsú ionas go ndéanfaí cosaint na bithéagsúlachta a chomhtháthú ar bhealach níos fearr i gcleachtais bhainisteoireachta níos fearr, ar cleachtais iad arb é is aidhm dóibh seirbhísí agus táirgí eile éiceachórais a sholáthar, mar atá léirithe ag Integrate Network; á thabhairt chun suntais go bhfuil saintréithe an-éagsúla ag foraoisí laistigh den Aontas agus dá bhrí sin, go bhfuil géarghá le cineálacha éagsúla cur chuige beartais agus bainistíochta, ar cuir chuige iad a bhfuil bonn láidir comhchoiteann acu;

33.

á thabhairt chun suntais an tábhacht a bhaineann le foraoisí príomhúla agus seanfháis, ina bhfuil bithéagsúlacht shaibhir agus a sholáthraíonn éagsúlacht ard micreaghnáthóg atá riachtanach chun ardleibhéil bhithéagsúlachta a chothú, agus an ról lárnach atá acu maidir le cosaint na bithéagsúlachta, ceapadh agus stóráil carbóin, agus soláthar fionnuisce; ag athdhearbhú na hiarrata go ndéanfaí na foraoisí seanfháis agus príomhúla uile atá fós ann a chosaint go docht, i gcomhréir le Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais do 2030; á áitiú nach mór cosaint a thabhairt freisin do na criosanna maolánacha atá cóngarach d’fhoraoisí príomhúla agus seanfháis chun tacú le saintréithe foraoise seanfháis a fhorbairt; á chur i bhfáth go gcuirfear feabhas ar nascacht gnáthóg a bhfuil ardluach éiceolaíoch acu trí chosaint iomchuí a leathnú chuig criosanna maolánacha, rud a chuideoidh go mór le caomhnú agus a mhaolóidh tionchair dhiúltacha na hilroinnte; á aithint go bhfuil beagnach gach foraois phríomhúil caillte agus á chur in iúl gur cúis bhuartha di an lománaíocht neamhdhleathach atá ag tarlú i roinnt Ballstát san Aontas; ag cur sonrú sna sainmhínithe éagsúla ar fhoraoisí príomhúla agus seanfháis arna mbunú ar an leibhéal idirnáisiúnta agus á chur i bhfáth nach mór, sula ndéanfar aon iarracht ainmniúcháin eile, sraith sainmhínithe ar cad is foraoisí príomhúla agus seanfháis ann a chomhaontú go comhchoiteann idir na Ballstáit, úinéirí foraoise agus bainisteoirí foraoise, agus geallsealbhóirí eile, ar sainmhínithe iad a chuirfear leis na cinn atá ann cheana; á chur in iúl gurb oth léi nár ghlac an Coimisiún na treoirlínte maidir leis an sainmhíniú ar fhoraoisí seanfháis agus foraoisí príomhúla in 2021, mar a léiríodh i Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais do 2030 iad, ach á chur in iúl gur geal léi an obair leanúnach atá á déanamh ag an Meitheal um Fhoraoisí agus um an Dúlra maidir leis na sainmhínithe sin; á chur i bhfios go láidir gur gá tacar cuimsitheach éagsúil saintréithe a bhreithniú, solúbthacht a áirithiú chun dálaí sonracha i réigiúin bhithgheografacha agus i gcineálacha foraoisí a chur san áireamh, agus idirdhealú cuí a dhéanamh idir foraoisí seanfháis agus clampaí foraoise níos sine a bhainistítear le haghaidh uainíocht fhada; á chur i bhfáth nach mór na sainmhínithe sin a chomhaontú mar ábhar práinne, nach mór iad a bheith bunaithe ar phrionsabail éiceolaíocha agus nach mór dóibh éagsúlacht na bhforaoisí Eorpacha, úinéirí, traidisiúin bhainistíochta, cineálacha dúlra agus aistriú criosanna aeráide a chur san áireamh, chomh maith le ceanglais bhainistíochta dhíréireacha d’fhoraoisí cóngaracha agus coillearnach a sheachaint agus bearta bainistíochta a bhaineann le saincheisteanna amhail cosc tubaistí a cheadú; ag cur i bhfios an ról atá ag dreasachtaí airgeadais i bhforbairt dheonach foraoisí seanaoise áirithe ar thalamh a bheidh curtha ar leataobh amach anseo; á thabhairt chun suntais go bhfuil dáileadh míchothrom i gceist leis na foraoisí príomhúla agus seanfháis in AE, a bhfuil 90 % díobh lonnaithe i gceithre Bhallstát (37);

34.

á chur in iúl gur geal léi go n-aithnítear sa treoir ón gCoimisiún maidir le limistéir chosanta nua go bhfuil gá le gníomhaíochtaí leanúnacha áirithe, mar shampla bainistíocht a dhéanamh ar chrúbacha trí fhiach chun raon leathan cineálacha gnáthóg foraoise a chosaint;

35.

á mheabhrú go bhfuil easnamh suntasach i mapáil na bhforaoisí príomhúla agus seanfháis agus á thabhairt chun suntais a phráinní atá sé an creat a thabhairt chun críche chun mapáil chuimsitheach agus chomhchuibhithe a áirithiú, bunaithe ar chritéir agus sainmhínithe soiléire oibríochtúla; á iarraidh ar an gCoimisiún aitheantas a thabhairt don obair a rinneadh go dtí seo chun na foraoisí sin a shainaithint, a mhapáil agus measúnú a dhéanamh orthu i roinnt Ballstát agus chun malartú dea-chleachtas agus comhroinnt eolais a spreagadh; á iarraidh an athuair ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit na sonraí atá ann cheana a chomhchuibhiú, na bearnaí maidir le suíomh na bhforaoisí príomhúla agus seanfháis agus bunachar sonraí a chruthú de na suíomhanna ionchasacha uile a chomhlíonann na critéir a bhaineann le foraoisí seanfháis agus foraoisí príomhúla; sa chomhthéacs sin, á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit bunachar sonraí trédhearcach agus so-rochtana a chruthú de na suíomhanna ionchasacha uile a chomhlíonann na critéir le bheith aicmithe mar fhoraoisí seanfháis agus foraoisí príomhúla;

36.

ag cur sonrú in obair an Choimisiúin ar threoirlínte a fhorbairt maidir le foraoisiú agus athfhoraoisiú atá neamhdhíobhálach don bhithéagsúlacht; á chur i bhfáth gur cheart béim ar leith a leagan ar na Ballstáit sin a bhfuil cumhdach foraoise íseal acu agus, i gcás inarb iomchuí agus nach ndéanfar dochar do spriocanna bithéagsúlachta, ar thalamh meath-thorthúil agus ar thalamh eile nach bhfuil oiriúnach do tháirgeadh bia, atá gar do limistéir uirbeacha agus pheirea-uirbeacha, agus i limistéir shléibhtiúla, agus ar thacú le forbairt foraoisí atá athléimneach, éagsúil agus sláintiúil; á chur i bhfáth nach mór sainmhínithe agus treoirlínte maidir le foraoisiú atá neamhdhíobhálach don bhithéagsúlacht a bheith bunaithe ar an eolaíocht, nach mór dóibh éagsúlacht na bhforaoisí Eorpacha, cineálacha úinéireachta, traidisiúin bhainistíochta agus cineálacha dúlra a chur san áireamh, chomh maith le haistriú criosanna aeráide, agus nach mór iad a leagan síos i ndlúthchomhar leis na Ballstáit agus na geallsealbhóirí ábhartha; á áitiú, thairis sin, nár cheart bogaigh nó tailte portaigh neamhdhraenáilte a dhraenáil le haghaidh foraoisithe agus, i gcás talamh a draenáladh roimhe seo, nár cheart aon draenáil bhreise eile a cheadú; á chur i bhfios, ina theannta sin, gur gá cúram ar leith a ghlacadh chun creimeadh i bhforaoisí atá suite i limistéir shléibhtiúla a sheachaint;

Ag cur ar a gcumas d’fhoraoisí agus do bhainisteoirí foraoisí spriocanna iolracha a bhaint amach

37.

ag tabhairt dá haire gurb iad CBT agus an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) na príomhfhoinsí tacaíochta do bhearta foraoiseachta, arb ionann iad agus 90 % de mhaoiniú iomlán an Aontais le haghaidh foraoiseachta; á chur in iúl gur thángthas ar an gconclúid, sa mheastóireacht a rinne an Coimisiún ar bhearta foraoiseachta in 2017, go raibh tionchar dearfach i gcoitinne ag tacaíocht forbartha tuaithe le haghaidh foraoisí agus go bhféadfadh sí rannchuidiú go suntasach le tairbhí eacnamaíocha, comhshaoil agus sóisialta a sholáthar (38); ag tabhairt dá haire nár chaith na Ballstáit ach 49 % de na cistí a bhí ar fáil idir 2014 agus 2020, gur shainaithin an Coimisiún an t-ualach riaracháin, tarraingteacht neamhleor na bpréimheanna agus easpa seirbhísí comhairliúcháin mar chúiseanna leis an úsáid íseal sin agus gur cheart na saincheisteanna sin a chur san áireamh agus pleananna straitéiseacha nua CBT á n-oiriúnú; á iarraidh ar na Ballstáit deireadh a chur leis an ualach riaracháin chun úsáid níos éifeachtúla a bhaint as CETFT i dtaobh bearta foraoiseachta; á chur in iúl gur geal léi sprioc an Choimisiúin maidir le glacadh na gcistí atá ar fáil a mhéadú agus á chur i bhfios go láidir gur gá a áirithiú nach dtacóidh cistiú agus fóirdheontais le hoibríochtaí a bhaineann an bonn ó sholáthar cothrom na seirbhísí éiceachórais éagsúla; á thabhairt chun suntais gur gá bearta atá nithiúil agus tarraingteach go leor a áireamh i bpleananna straitéiseacha CBT chun a áirithiú go nglacfar le hidirghabhálacha, chomh maith le bearta chun feabhas a chur ar bhainistiú inbhuanaithe ar fhoraoisí agus ar ról ilfheidhmeach na bhforaoisí in AE, ionas go n-áiritheofar go dtabharfar tacaíocht do thionscnaimh a bhaineann le héiceachórais foraoise go háirithe chun cailliúint na bithéagsúlachta i bhforaoisí a laghdú, chun cur speiceas dúchasach iomchuí crann a chur chun cinn i gcás ina n-oireann siad don chomhshaol sonrach, chun bainistiú foraoisí a fheabhsú agus chun a áirithiú go n-úsáidfear cistí i gcomhréir le spriocanna beartais ábhartha; á chur in iúl gur oth léi nach rianaíonn an Coimisiún caiteachas foraoiseachta faoi bhearta forbartha tuaithe eile; á chur i bhfios go láidir go bhfuil tacaíocht do bhearta deonacha caomhnaithe dúlra i gcomhréir le cearta úinéireachta agus le prionsabal na coimhdeachta;

38.

á iarraidh ar an gCoimisiún bealaí nua a aimsiú chun comhcheangal cistí éagsúla a dhéanamh níos tarraingtí agus go gcuirfí chun feidhme ar bhealach níos éasca iad, agus léiriú agus giaráil a dhéanamh ar thréithe ilfheidhmeacha na bhforaoisí agus ar sheirbhísí éiceachórais foraoise, agus chun foinsí maoinithe eile AE a chur chun cinn ar bhealach níos fearr amhail Clár LIFE, Fís Eorpach, Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, an Ciste Comhtháthaithe agus an tSaoráid Mhaoiniúcháin um Chaipiteal Nádúrtha de chuid an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar chomhsheasmhacht ionstraimí cistiúcháin éagsúla faoi bhuiséad an Aontais agus faoi Ionstraim Théarnaimh AE, lena n-áirítear Pleananna Straitéiseacha náisiúnta CBT, leis na gealltanais agus na spriocanna a leagtar amach i Straitéis Foraoise an Aontais agus i Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais; á iarraidh ar an gCoimisiún a mheas freisin an bhfuil na gealltanais a bhaineann le cosaint agus dianchosaint foraoisí a eascraíonn as Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais do 2030 agus Straitéis Nua Foraoise an Aontais do 2030 incháilithe faoin gcabhair le haghaidh seirbhísí comhshaoil agus aeráide foraoise agus caomhnú foraoise; á iarraidh ar an gCoimisiún fad a chur leis na gealltanais sin le haghaidh tréimhsí níos faide ná seacht mbliana, go háirithe i gcás limistéir foraoise atá faoi dhianchosaint;

39.

á chur i bhfios go bhfeidhmíonn earnáil na foraoiseachta go príomha, agus níos mó ná earnáil na talmhaíochta, mar earnáil mhargadhbhunaithe gan spleáchas ar leith ar fhóirdheontais, agus ag tabhairt dá haire freisin nach mór cistiú CBT a bheith dírithe go príomha ar tháirgeadh bia agus ar shlándáil bia a áirithiú san Aontas; á chur i bhfáth nár cheart go mbeadh spleáchas díréireach mar thoradh ar bhéim níos láidre a leagan ar sheirbhísí eile éiceachórais, agus ag tacú leis an gCoimisiún agus na Ballstáit leanúint d’fhorbairt íocaíochta deonaí margadhbhunaithe a shaothrú le haghaidh scéimeanna seirbhísí éiceachórais, amhail le haghaidh ceapadh carbóin, chur chun cinn na bithéagsúlachta, cosaint ithreach, bainistiú uisce, bailiú agus faireachán sonraí; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé prionsabal na breisíochta a chur i bhfeidhm agus cláir a leagan amach ar bhealach lena dtugtar aitheantas iomlán d’obair na gceannródaithe agus na rannpháirtithe eile, agus raon leathan úinéirí foraoise á spreagadh ag an am céanna; á chur i bhfios go láidir, thairis sin, nach mór raon leathan na bhforaoisí agus na dúshláin agus na deiseanna éagsúla a bhaineann leo a chur san áireamh i gceanglais shonracha na gclár; ag tabhairt dá haire go bhfuil infhaighteacht sonraí iontaofa maidir le seirbhísí éiceachórais bunriachtanach d’aon scéim íocaíochta; á chur in iúl gur geal léi an teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le feirmeoireacht charbóin (39), a bhfuil sé mar aidhm léi samhlacha nua gnó ó fhoinsí poiblí agus príobháideacha a dhreasú trí luach saothair a thabhairt do chleachtais bhainistíochta lena ndírítear ar cheapadh i mbithmhais bheo agus in ithreacha beo a mhéadú i gcomhréir le prionsabail éiceolaíocha; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil gá le tionscnaimh maidir le feirmeoireacht charbóin a bheadh bunaithe ar mhodheolaíocht láidir eolaíoch, lena n-áirítear an fhéidearthacht go mbeadh cuir chuige neamh-idirghabhálacha ann i gcomhréir leis an Straitéis Bhithéagsúlachta; á thabhairt chun suntais, i bhfianaise an tionscnaimh sin, gur féidir le bainistiú inbhuanaithe gníomhach ar fhoraoisí rannchuidiú le stoic charbóin agus fás foraoise araon a mhéadú; á chur i bhfáth gur cheart go ndíreodh baint carbóin trí fhoraoiseacht ar dhreasachtaí d’úinéirí foraoise agus bainisteoirí foraoise infheistíocht a dhéanamh i mbainistiú inbhuanaithe gníomhach ar fhoraoisí agus, i gcás inar gá, a gcosaint, rud a chuirfeadh athghiniúint agus fás méadaithe chun cinn; á chur in iúl gur geal léi an plean atá ag an gCoimisiún chun creat rialála ceangailteach de chuid an Aontais a mholadh chun baint carbóin a dheimhniú faoi dheireadh 2022, arb é is aidhm dó iarrachtaí bainte carbóin a chainníochtú, a thuairisciú agus a dheimhniú i gceart agus chun riosca na mífhaisnéise agus an tsnasa ghlais a sheachaint;

40.

á aithint a thábhachtaí atá ról na scéimeanna deimhniúcháin atá ann cheana agus atá faoi thionchar an mhargaidh agus an méid a rannchuidíonn siad le glacadh breise bainistithe inbhuanaithe ar fhoraoisí; ag tabhairt dá haire go bhfuil sé cruthaithe go bhfuil an chuid is mó de na scéimeanna sin ina n-uirlisí inchreidte agus éifeachtacha chun cleachtais maidir le bainistiú inbhuanaithe ar fhoraoisí a chur chun cinn ar fud na hEorpa; á chur in iúl gur geal léi an scrúdú leanúnach a dhéanann institiúidí an Aontais orthu toisc go gcabhraíonn sé le feabhas a chur orthu ar bhonn leanúnach; á chur in iúl gur geal léi gur fhógair an Coimisiún go bhforbrófaí scéim dheonach deimhniúcháin “níos gaire don dúlra”; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go bhfeabhsófar éiceachórais na bhforaoisí leis na tionscnaimh sin, go gcosnófar an bhithéagsúlacht agus go n-áiritheofar breisluach trí chleachtais a bhaineann le bainistiú foraoisí agus atá neamhdhíobhálach don dúlra; ag moladh don Choimisiún comhar a dhéanamh le scéimeanna deimhniúcháin atá ann cheana agus atá cruthaithe agus foghlaim uathu, agus chun tacú le hiarrachtaí chun na scéimeanna atá ann cheana a fheabhsú, lena n-áirítear maidir le trédhearcacht do thomhaltóirí agus éileamh na dtomhaltóirí á chur san áireamh; á chreidiúint nach mór, chun breisluach a chruthú, an deimhniúchán deonach “níos gaire don dúlra” a bheith bunaithe ar chreat éigeantach soiléir agus nach mór dó préimh praghsanna leordhóthanach a thairiscint d’úinéirí foraoise maidir le seirbhísí éiceachórais a sholáthar, e.g. trí lipéad cáilíochta AE a bhunú ar a bhfuil treoirlínte arna n-oiriúnú go háitiúil maidir le foraoiseacht níos gaire don dúlra chun na cleachtais bhainistíochta is neamhdhíobhálaí don bhithéagsúlacht a chur chun cinn; á iarraidh ar an gCoimisiún, tar éis dó an obair ar an sainmhíniú “níos gaire don dúlra” a thabhairt chun críche, measúnú a dhéanamh ar an mbreisluach a bhaineann le scéim deimhniúcháin den sórt sin agus ar chostais na scéime sin d’úinéirí foraoise; ag tabhairt dá haire nach bhfuil deimhniúchán deonach ach ar cheann de na céimeanna is gá chun bainistiú níos inbhuanaithe ar fhoraoisí a fhorbairt in AE;

41.

á chur in iúl gur geal léi an cinneadh ón gCoimisiún an 4 Meitheamh 2021 maidir le ceadúnú lógó Natura 2000 (40); ag tabhairt dá haire gur cheart do scéim lipéadaithe Natura 2000 na caighdeáin éiceolaíocha is déine de chuid an Aontais a chur chun cinn chun cosaint a thabhairt do na cineálacha gnáthóige agus speiceas is leochailí ar talamh; á mheabhrú go gcumhdaítear faoi Natura 2000 thart ar 18 % de limistéar talún an Aontais; á thabhairt chun suntais gur cheart do na Ballstáit a áirithiú nach dtarlóidh aon ghníomhaíochtaí lena ndéantar damáiste do speicis nó lena gcuirtear isteach ar speicis i ngnáthóga atá ainmnithe faoi Natura 2000; á iarraidh go ndéanfaí luach éiceolaíoch na láithreán ainmnithe a choinneáil agus a athbhunú trí spriocanna uaillmhianacha faoi Straitéis Foraoise an Aontais, agus riachtanais shóisialta agus chultúrtha agus gnéithe réigiúnacha agus áitiúla an limistéir á gcur san áireamh; ag tabhairt dá haire gur cheart go mbeadh iarrachtaí caomhnaithe i láithreáin Natura 2000 i gcomhréir go hiomlán leis na Treoracha maidir le Gnáthóga agus Éin agus le Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais do 2030; ag tabhairt dá haire go soláthraíonn láithreáin Natura 2000 seirbhísí luachmhara éiceachórais don phobal; á thabhairt chun suntais gur cheart go gciallódh lógó Natura 2000 a bheith curtha ar aon earraí nó seirbhísí go bhfuil na hearraí agus na seirbhísí sin ag rannchuidiú le cuspóirí caomhnaithe an láithreáin Natura 2000 óna ndíorthaítear iad;

42.

á chur in iúl gur geal léi an Plean Oibre Straitéiseach um Éicilipéad AE 2020-2024 arna fhoilsiú ag an gCoimisiún; á mheabhrú gur lipéad deonach é éicilipéad AE a léiríonn barr feabhais comhshaoil; ag tabhairt dá haire go gcuireann scéim an éicilipéid geilleagar ciorclach an Aontais chun cinn agus go gcuireann sí le cleachtais inbhuanaithe tomhaltais agus táirgthe; á iarraidh go mbeadh dianchaighdeáin agus dianfhaireachán ann chomh maith le húsáid mhéadaithe an éicilipéid a chur chun cinn in earnáil foraoise AE; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé raon feidhme an éicilipéid do tháirgí adhmaid a leathnú chun leibhéal inbhuanaitheachta na dtáirgí sin a chuimsiú; á iarraidh ar na Ballstáit táirgeoirí a spreagadh lipéad Natura 2000 a úsáid níos mó i gcás táirgí foraoise nach táirgí adhmaid iad;

43.

á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le tuilleadh taighde, nuálaíochta agus forbartha chun cuspóirí bithéagsúlachta a chomhlíonadh agus chun leas a bhaint as acmhainneacht iomlán foraoisí chun rannchuidiú le spriocanna aeráide agus geilleagair chiorclaigh an Aontais, agus gur cheart iad a dhreasú i réimsí an bhainistithe inbhuanaithe foraoisí, go háirithe oiriúnú don athrú aeráide, agus roghanna malartacha bithbhunaithe a chur ar fáil in ionad táirgí iontaise-bhunaithe agus táirgí eile a bhfuil lorg mór carbóin acu; á mholadh go dtabharfaí tacaíocht leanúnach don nuálaíocht inbhuanaithe a bhaineann le hadhmad, amhail teicstílí adhmadbhunaithe a bhfuil ardacmhainneacht acu in ionad snáithíní teicstíle sintéiseacha agus cadáis, agus ábhair adhmadbhunaithe eile a meastar iad a bheith dearfach ó thaobh an chomhshaoil agus na saolré aeráide de; á chur i bhfáth, chun a bheith iomaíoch, nach mór, le roghanna malartacha bithbhunaithe den sórt sin, go ndéanfaí táirgí a thairiscint do thomhaltóirí ar phraghsanna inacmhainne; ag tabhairt dá haire go bhféadfadh timthriallta forbartha san earnáil maireachtáil 10 mbliana nó níos faide agus á chur i bhfios go láidir gur réamhchoinníoll é timpeallacht rialála intuartha agus chobhsaí a bheith ann má táthar chun infheistíochtaí a mhealladh; á thabhairt chun suntais go bhfuil breisluach ard ag go leor nuálaíochtaí san earnáil agus go soláthraíonn siad fostaíocht ardcháilíochta i gceantair thuaithe, agus i slabhra luacha earnáil na foraoiseachta agus i dtionscail bhithbhunaithe ghaolmhara, agus á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról ag fiontair bheaga agus mheánmhéide sa chomhthéacs sin;

44.

á chreidiúint, chun feabhas a chur ar sholáthar comhordaithe seirbhísí foraoise comhshaoil, sóisialta, sochaíocha agus eacnamaíocha, ar chreatchláir ábhartha de chuid an Aontais, lena n-áirítear Fís Eorpach, clár LIFE, an Chomhpháirtíocht Eorpach um Nuálaíocht Talmhaíochta (EIP-AGRI), clár LEADER agus an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht, nach mór ailíniú níos fearr a dhéanamh orthu; á chur in iúl gur geal léi an togra ón gCoimisiún chun comhar AE a fheabhsú trí chomhpháirtíocht taighde agus nuálaíochta maidir le foraoiseacht a mholadh agus á iarraidh ar an gCoimisiún cláir chuimsitheacha atá dírithe ar fhoraoisí a fhorbairt a mbeidh feidhmeanna agus codanna éagsúla de shlabhra luacha na hearnála foraoise ag baint leo agus lena n-áirítear saotharlanna beo chun réitigh ar phríomhdhúshláin a thástáil agus a léiriú, ag tógáil ar ardáin atá ann cheana agus cruthaithe amhail an Líonra Comhtháite, an tArdán Teicneolaíochta Earnála Foraoisbhunaithe agus an Institiúid Eorpach Foraoisí, agus lena n-áirítear comhpháirtithe uile-Eorpacha agus idirnáisiúnta;

45.

á mheabhrú go bhfuil 60 % d’fhoraoisí AE faoi úinéireacht phríobháideach agus gur sealbhóirí beaga iad sciar suntasach d’úinéirí foraoise; á chur i bhfáth, chun spriocanna na straitéise a bhaint amach, nach mór díriú lena cur chun feidhme ar chur ar chumas na gcineálacha uile úinéirí agus bainisteoirí foraoise, agus go háirithe sealbhóirí beaga, ilfheidhmeanna na bhforaoisí a chomhlíonadh; á admháil go bhfuil cuid mhór solúbthachta ag teastáil ó úinéirí agus bainisteoirí foraoise ina gcleachtais maidir le bainistiú foraoisí, agus iad ag obair ar bhonn comhchoiteann láidir, ionas gur féidir leo na seirbhísí éiceachórais uile is gá a chur ar fáil, agus á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh cláir thacaíochta, scéimeanna deonacha íocaíochta d’éiceachórais agus cistiú taighde ina roghanna tarraingteacha, intuigthe agus inrochtana go héasca do shealbhóirí beaga;

46.

á chur i bhfios go láidir go bhfuil infhaighteacht seirbhísí comhairleacha ina spreagadh tábhachtach do scaipeadh cleachtas inbhuanaithe maidir le bainistiú foraoisí; á mholadh do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh seirbhísí comhairleacha ar fáil, agus aird ar leith á tabhairt ar shealbhóirí beaga;

47.

ag tabhairt dá haire go bhfuil tuairim is 40 % d’fhoraoisí an Aontais faoi úinéireacht phoiblí na mbardas agus na rialtas réigiúnach nó náisiúnta, cé go bhfuil úinéireacht phoiblí i bhfad níos airde ar fhoraoisí i roinnt Ballstát, ráta a sheasann ag 90 % ar an meán in Oirdheisceart na hEorpa; ag cur béim ar an bhfíoras gur féidir ról lárnach a bheith ag foraoisí poiblí maidir le héiceachórais foraoise a chaomhnú, cosaint na bithéagsúlachta a áirithiú, an t-athrú aeráide a mhaolú, forbairt tuaithe a fheabhsú agus earraí agus seirbhísí adhmaid agus neamhadhmaid a sholáthar, agus gur féidir ról tábhachtach a bheith ag gníomhaireachtaí foraoiseachta stáit maidir le saineolas a bhfuil géarghá leis a sholáthar d’úinéirí príobháideacha foraoise maidir le foraoiseacht gar don dúlra agus oiriúnú d’éifeachtaí an athraithe aeráide; á iarraidh go méadófar acmhainní daonna agus airgeadais do ghníomhaireachtaí foraoiseachta stáit i gcás inar gá; á iarraidh, sa chomhthéacs sin, ar na Ballstáit sampla a thabhairt maidir le bainistiú inbhuanaithe foraoise ina bhforaoisí atá faoi úinéireacht phoiblí ar mhaithe leis an bpobal, go háirithe maidir le gnéithe comhshaoil, eacnamaíocha agus sóisialta;

48.

á chur in iúl gur geal léi an teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal “A long-term Vision for the EU”s Rural Area — Towards stronger, connected, resilient and prosperous rural areas by 2040 [Fís fhadtéarmach do cheantair thuaithe AE — Ionsar ceantair thuaithe níos láidre, nasctha, athléimneacha agus rathúla faoi 2040] agus ag aithint ról na bhforaoisí agus an bhainistithe inbhuanaithe foraoise chun obair chuibhiúil agus slite beatha cuibhiúla a chosaint i limistéir thuaithe; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá earnáil na foraoiseachta agus na dtionscal adhmadbhunaithe mar sholáthraithe post i bpobail tuaithe, agus i gceantair uirbeacha trí úsáidí iartheachtacha; á chur i bhfios a thábhachtaí atá sé gníomhaíochtaí eacnamaíocha foraoisebhunaithe nach gníomhaíochtaí adhmaid iad a spreagadh chun geilleagair áitiúla agus poist áitiúla a éagsúlú agus chun treochtaí dídhaonrú na gceantar tuaithe agus iargúlta a aisiompú; ag tabhairt dá haire, agus é ina chúis mhór imní di, go bhfuil laghdú seasta tagtha ar an bhfostaíocht in earnáil na foraoiseachta agus na lománaíochta, rud a thit, de réir Eurostat, faoi 7 % idir 2000 agus 2019 (41), agus gur tharla líon ard tionóiscí san earnáil (42); á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit faireachán a dhéanamh ar éifeachtaí na mbeart arna ndéanamh faoin straitéis maidir le fostaíocht agus sábháilteacht oibre i bhfianaise cleachtais bhainistithe atá ag athrú, ós rud é gur minic a bhíonn na roghanna a pléadh fite fuaite le déine níos airde (fisiceach) saothair, lena ngabhann rioscaí éagsúla d’oibrithe agus lena n-éilítear gairmoiliúint ardcháilíochta, chomh maith le deiseanna uas-scilithe agus athscilithe; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé an cineál sin fostaíochta a dhéanamh níos tarraingtí, chomh maith leis na deiseanna a bhaineann le bainistiú níos inbhuanaithe foraoise chun na críche sin; á chur i bhfáth, ina leith sin, gur gá bearta chun sábháilteacht oibre a mhéadú agus oiliúint leordhóthanach a chur ar oibrithe agus tacú le nuachóiriú trealaimh agus uirlisí foraoiseachta; á iarraidh ar na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar a seirbhísí comhairleacha i ndáil leis sin agus iad a athbhunú i gcás inar gá, agus tús áite a thabhairt do ghairmoiliúint leanúnach ardcháilíochta in éiceathógáil agus i gceirdeanna a bhaineann le hadhmad; ag athdhearbhú gur iarr sí ar an gCoimisiún tabhairt faoi thionscnaimh, i gcomhar le monaróirí innealra foraoiseachta, chun dearadh an innealra sin a fheabhsú ó thaobh an chomhshaoil de chun ardleibhéal cosanta d’oibrithe a réiteach leis an tionchar is lú is féidir ar an ithir agus ar an uisce i bhforaoisí;

49.

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé daoine óga agus banfhiontraithe a mhealladh chuig an earnáil, go háirithe i gcomhthéacs aistrithe digiteacha agus glasa na ngníomhaíochtaí foraoisbhunaithe; á chur i bhfios, áfach, nach ionann drochdhálaí oibre in earnáil na foraoiseachta i gcodanna áirithe den Eoraip agus rogha tharraingteach ó thaobh gairme de faoi láthair; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le hinfheistíochtaí san earnáil agus ar fud an tslabhra luacha, agus le timpeallacht fhabhrach i gceantair thuaithe, lena n-áirítear bonneagar digiteach, iompair agus pobail; á chur in iúl gur geal léi na tograí ón gCoimisiún chun bunú comhpháirtíochta scileanna a chur chun cinn faoin gComhshocrú um Scileanna agus úsáid a bhaint as Ciste Sóisialta na hEorpa Plus chun oibriú le chéile chun líon na ndeiseanna uas-scilithe agus athscilithe san fhoraoiseacht a mhéadú, chun poist ardcháilíochta a chruthú agus chun deiseanna agus dálaí oibre leordhóthanacha a chur ar fáil d’oibrithe sa bhithgheilleagar adhmadbhunaithe, agus, ar an gcaoi sin, rogha gairme níos tarraingtí a dhéanamh de;

Faireachán, tuairisciú agus bailiú sonraí

50.

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sonraí cruinne, comhtháite, cainníoctúla, tráthúla, inchomparáide agus cothrom le dáta maidir le foraoisí na hEorpa agus ag tabhairt dá haire gur ann do thionscnamh maidir le togra reachtach le haghaidh creat maidir le breathnóireacht, tuairisciú agus bailiú sonraí i ndáil le foraoisí, agus prionsabal na coimhdeachta á urramú go hiomlán; á mheabhrú a thábhachtaí atá sonraí fíoraithe, go háirithe sonraí a bhailítear ar an leibhéal áitiúil, ós rud é nach féidir mórán saintréithe foraoise a fhíorú ach amháin ar an talamh; á chur i bhfios go láidir go bhfuil infhaighteacht leathan, ardcháilíocht, trédhearcacht, iomláine agus comhchuibhiú sonraí agus tuairiscithe bunriachtanach chun spriocanna na straitéise a bhaint amach agus á chreidiúint nach mór don chreat cur leis na sásraí agus na próisis atá ann cheana, amhail na fardail foraoise náisiúnta, an Córas Faisnéise Foraoise don Eoraip, líonra ENFIN, Forest Europe agus FAO, trí chur chuige ón mbun aníos chun an leas is fearr a bhaint as an saineolas agus as an taithí atá sna Ballstáit, agus nach mór é a fhorbairt i gcomhréir leis na gealltanais a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta agus le hinniúlachtaí gaolmhara na mBallstát, agus dúbailt oibre, ualach riaracháin iomarcach agus costais iomarcacha á seachaint ag an am céanna; á chur i bhfios go láidir gur cheart sásraí a áireamh sa chreat chun earráidí amhail comhaireamh dúbailte a sheachaint; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cistiú agus acmhainní daonna leormhaithe a áirithiú le haghaidh tacaíocht oibríochtúil don chreat;

51.

á chreidiúint nach mór cuir chuige nuálacha nua amhail teicneolaíochtaí cianbhraiteachta a phromhsheiceáil agus a chomhcheangal le sonraí a fhaightear trí fhaireachán ar an talamh agus nach mór iad a léirmhíniú i ndlúthchomhar le heolaithe agus le saineolaithe neamhspleácha agus áitiúla, lena n-áirítear údaráis inniúla agus bainisteoirí foraoise, chun infhaighteacht sonraí iontaofa, trédhearcacha agus ardcháilíochta a áirithiú; á chreidiúint gur féidir leis na cineálacha cur chuige sin ról a imirt freisin chun cuidiú le hilfheidhmiúlacht na bhforaoisí a chothromú agus chun cuir chuige agus cleachtais nua a fhorbairt agus a chomhroinnt, agus gur cheart go gcuimseodh siad na hacmhainní airgeadais is gá chun rochtain a fháil ar shonraí agus chun rannchuidiú lena bhfáil; á chreidiúint gur féidir leis an tsineirgíocht agus leis an gcomhlántacht idir íomhánna satailíte agus sonraí suite agus suímh a bheith ina bpríomhchumasóirí do bhainisteoirí foraoiseachta agus do chomhlachtaí rialtais; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá Copernicus chun cianfhaireachán agus cianmheasúnú sláinte ar fhardail foraoise a cheadú, chomh maith le saincheisteanna amhail lománaíocht neamhdhleathach agus dífhoraoisiú a bhrath; á chur in iúl gur geal léi go neartófar, mar chuid den Chóras Faisnéise Foraoise don Eoraip, an faireachán atá ann cheana ar éifeachtaí aeráide agus ar shuaitheadh nádúrtha nó suaití eile ar fhoraoisí de dheasca an duine; á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról ríthábhachtach ag an anailís ar shonraí chun tacú le bainistiú agus cosaint inbhuanaithe foraoisí, lena n-áirítear chun lománaíocht neamhdhleathach a chosc agus tionchair ó shuaitheadh nádúrtha, amhail stoirmeacha, falscaithe agus lotnaidí, a thuar agus a mhaolú;

52.

á mheas gur cheart sonraí Copernicus a úsáid mar fhianaise i bhforfheidhmiú an dlí agus i gceapadh beartas trí dheimhniú a dhéanamh ar na sonraí agus ar na táirgí faisnéise a dhíorthaítear uathu, agus á iarraidh go ndéanfar sonraí Copernicus a dheimhniú i gcomhthéacs an togra reachtaigh atá ar na bacáin le haghaidh creat maidir le breathnóireacht, tuairisciú agus bailiú sonraí foraoise; á chur i bhfáth go bhféadfadh ról lárnach a bheith ag sonraí deimhnithe den sórt sin maidir le faireachán a dhéanamh ar fheiniméin éagsúla (amhail cumhdach talún foraoise, lománaíocht neamhdhleathach, sláinte foraoise, tréithriú crann, patrúin fáis agus tionchar dóiteán foraoise) chomh maith le faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh;

53.

ag tabhairt dá haire go bhfuiltear ag cuimhneamh ar phleananna straitéiseacha a thabhairt isteach d’fhoraoisí faoin gcreat maidir le breathnóireacht, tuairisciú agus bailiú sonraí i ndáil le foraoisí; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuil straitéisí náisiúnta maidir le foraoisí i bhfeidhm cheana féin ag roinnt Ballstát, ar straitéisí iad nach féidir leis an gCoimisiún iad a mheasúnú ar bhealach aonfhoirmeach, agus gur cheart iad sin a bhunú nó a fhorbairt tuilleadh ar bhealach a thacaíonn le cuspóirí Straitéis Foraoise AE; á chur i bhfios go láidir gur cheart go seachnófaí leis an togra sin méadú iomarcach ar an ualach riaracháin agus ar na costais riaracháin; á thabhairt chun suntais gur cheart cuspóir beacht agus an gá atá le pleananna den sórt sin a shoiléiriú agus ag cur béim ar an oibleagáid inniúlacht na mBallstát in ábhair foraoise a urramú; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go n-urramófar go hiomlán leis an togra reachtach na straitéisí náisiúnta atá ann cheana ar leibhéal na mBallstát agus, i gcás inarb ábhartha, ar an leibhéal áitiúil, agus á chur i bhfios go láidir gur cheart don phleanáil straitéiseach ar leibhéal AE a bheith ag teacht leis na straitéisí náisiúnta atá ann cheana agus nach mbeadh sí ag teacht salach orthu; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfaí an uirlis sin a úsáid chun tacú, go háirithe, leis na Ballstáit sin nach bhfuil straitéisí náisiúnta i bhfeidhm acu go fóill;

Rialachas agus cur chun feidhme

54.

á chreidiúint gur cheart, i ngeall ar rannchuidiú ilfheidhmeach foraoisí le spriocanna éagsúla de chuid an Aontais agus i ngeall ar na leibhéil riaracháin éagsúla agus na grúpaí geallsealbhóirí éagsúla atá bainteach, go mbeadh dlúthchomhar agus malartú dea-chleachtas le saineolaithe náisiúnta agus réigiúnacha, geallsealbhóirí, go háirithe bainisteoirí príobháideacha agus poiblí foraoisí, eolaithe, scéimeanna deimhniúcháin agus an tsochaí shibhialta, lena n-áirítear ionadaíocht imleor pobal dúchasach na hEorpa agus urramú phrionsabal na coimhdeachta, ina mbunchlocha faoi chur chun feidhme na straitéise; á chur i bhfios go láidir nach mór rannpháirtíocht an Aontais agus na mBallstát le Forest Europe agus ar an leibhéal idirnáisiúnta a chur san áireamh sa rialachas, lena n-áirítear le FAO, agus gur cheart, le cur chun feidhme na straitéise, go bhféachfaí le sineirgí a chruthú leis an rannchuidiú le gealltanais agus comhar idirnáisiúnta, lena n-áirítear maidir le forbairt leanúnach téarmaíochta agus sainmhínithe; á mheabhrú a thábhachtaí atá an comhar trasteorann chun a áirithiú go mairfidh na speicis agus na gnáthóga is luachmhaire agus is mó faoi bhagairt san Eoraip; ag tathant ar gheallsealbhóirí comhshaoil agus foraoiseachta teagmháil a dhéanamh le codanna níos leithne den daonra trí uirlisí agus cláir oideachais éagsúla;

55.

á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá an Buanchoiste um Fhoraoiseacht mar fhóram saineolas cuimsitheach foraoiseachta a sholáthar agus chun plé a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí faoin straitéis agus ar bheartais an Aontais a bhfuil tionchar ar earnáil na foraoiseachta acu; á chreidiúint, chun comhleanúnachas beartais a bhaint amach, gur cheart don Choimisiún cur leis an idirphlé idir an Buanchoiste Foraoiseachta agus grúpaí saineolaithe eile amhail an Mheitheal um Fhoraoisí agus an Dúlra, an Mheitheal um Idirphlé Sibhialta maidir le Foraoiseacht agus Corc, ag a bhfuil ról tábhachtach maidir le ról cuí a thabhairt do gheallsealbhóirí i bhforbairt agus i gcur chun feidhme bheartais foraoise AE, foghrúpa um fhoraoiseacht agus dúlra de chuid an Ghrúpa Comhordaithe um an mBithéagsúlacht agus um an Dúlra, agus an Sainghrúpa um Thionscail Fhoraoisbhunaithe;

56.

á admháil go bhféadfadh athruithe sistéamacha suntasacha a bheith ann d’earnáil na foraoiseachta mar thoradh ar chur chun feidhme na straitéise, trí aistriú ó shruthanna ioncaim adhmadbhunaithe go príomha chuig sruthanna ioncaim atá níos casta, ag tógáil níos mó agus níos mó ar fhorálacha seirbhísí éiceachórais eile, agus á thabhairt chun suntais gur gá faireachán a dhéanamh ar a hiarmhairtí agus iad a thuiscint; ag tabhairt dá haire go mbíonn tionchar ag an bhforluí fairsing agus contrártha uaireanta idir beartais agus reachtaíocht, agus i gcásanna áirithe atá ag teacht salach ar chuspóirí, ar fhoraoisí agus ar earnáil na foraoiseachta agus go bhféadfadh sé a bheith ina chúis le hilroinnt reachtach; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé comhleanúnachas a áirithiú; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit measúnú leanúnach a dhéanamh ar éifeachtaí carnacha na dtionscnamh éagsúil faoin straitéis, in éineacht le reachtaíocht agus beartais ábhartha eile de chuid an Aontais chun comhleanúnachas a áirithiú in aon obair a bhaineann le foraoiseacht agus chun bainistiú inbhuanaithe foraoisí a fheabhsú, agus prionsabal na coimhdeachta á urramú go hiomlán; á thabhairt chun suntais, mar chuid de na measúnuithe sin, nach mór meastóireacht chuimsitheach a dhéanamh ar thionchar an chórais cosanta d’fhoraoisí príomhúla agus seanfháis ar phobail áitiúla i gcomhar le gníomhaithe áitiúla, agus nach ach i gceithre Bhallstát atá 90 % díobh lonnaithe (43); á iarraidh ar an gCoimisiún tuairisciú air sin mar chuid dá thuarascáil cur chun feidhme;

57.

á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di na tuairiscí ar lománaíocht neamhdhleathach agus ar athrú ar úsáid talún i roinnt Ballstát, lena n-áirítear i bhforaoisí stáit agus i limistéir faoi chosaint, agus faoi na nósanna imeachta um shárú lena mbaineann (44); á chur i bhfios go láidir go bhféadfadh éifeachtaí a bheith ag an lománaíocht neamhdhleathach atá deacair nó dodhéanta a aisiompú, gur féidir léi rannchuidiú le cailliúint na bithéagsúlachta, le dlús a chur leis an athrú aeráide agus le cailliúint acmhainní nádúrtha ó fhoraoisí a bhfuil pobail foraoise ag brath orthu, agus gur féidir sáruithe ar chearta an duine a bheith mar thoradh uirthi; á chur in iúl gur ábhar mór bróin na dúnmharuithe agus an foréigean i gcoinne pearsanra, iriseoirí agus gníomhaithe foraoiseachta mar thoradh ar an lománaíocht neamhdhleathach agus á chur in iúl go gcáineann sí go láidir na dúnmharuithe agus an foréigean ina gcoinne agus ag dréim leis go dtabharfaidh na Ballstáit déantóirí na coire chun cuntais agus go gcuirfidh siad deireadh le cos ar bolg na maor páirce; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit reachtaíocht ábhartha náisiúnta agus AE a chur chun feidhme go hiomlán agus go héifeachtach, go háirithe trí lománaíocht neamhdhleathach a shainiú, trí dhlúthfhaireachán a mhéadú, trí chaiteachas ar fhorfheidhmiú a mhéadú i gcás inar gá, tríd an éilliú a chomhrac agus trí rialachas foraoise agus talún a fheabhsú; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé ról údaráis inniúla na mBallstát a mhéadú sa chomhrac i gcoinne na lománaíochta neamhdhleathaí, ag foghlaim ó na ceachtanna ó chur chun feidhme agus ó fhorfheidhmiú Rialachán Adhmaid AE; ag tabhairt dá haire go bhféadfadh lománaíocht neamhdhleathach a bheith i gceist le lománaíocht de shárú ar bhearta cosanta dúlra, lena n-áirítear pleananna bainistíochta Natura 2000 agus an Treoir maidir le hÉin agus an Treoir maidir le Gnáthóga; á chur i bhfáth go bhfuil mórthionchair dhiúltacha eacnamaíocha, shóisialta agus chomhshaoil ag an lománaíocht neamhdhleathach agus go gcruthaíonn sí caillteanais ioncaim do phobail áitiúla; ag cur sonrú sa nasc idir lománaíocht neamhdhleathach agus drochdhálaí maireachtála; á chur in iúl gur saoth léi an fad ama a thóg an Coimisiún chun cásanna sáraithe a shaothrú, a bhfuil an baol suntasach ag baint leo go leanfar den lománaíocht neamhdhleathach agus go mbeidh sé ródhéanach an damáiste ollmhór is cúis léi a aisiompú agus a dheisiú; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit gníomhaíocht phráinneach a dhéanamh chun stop a chur leis an lománaíocht neamhdhleathach agus chun rialú na trádála adhmaid neamhdhleathaí a ghéarú, trí dhlúthfhaireachán agus forfheidhmiú a dhéanamh ar na rialacháin atá ann cheana agus trí úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí geospásúla agus cianbhraiteachta;

58.

á iarraidh ar an gCoimisiún caighdeáin agus uaillmhianta AE chun foraoisí a chosaint ar an leibhéal idirnáisiúnta a chur chun cinn;

59.

á iarraidh ar an gCoimisiún an chaibidlíocht maidir le coinbhinsiún idirnáisiúnta foraoise atá ceangailteach ó thaobh dlí a atosú, a rannchuideodh le bainistiú, le caomhnú agus le forbairt inbhuanaithe foraoisí agus lena bhforálfaí dá bhfeidhmeanna agus dá n-úsáidí comhlántacha, lena n-áirítear gníomhaíocht i dtreo athfhoraoisiú, foraoisiú agus caomhnú foraoise, agus aird á tabhairt ar riachtanais shóisialta, eacnamaíocha, éiceolaíocha, chultúrtha agus spioradálta na nglúnta atá ann anois agus na nglún atá le teacht, agus aitheantas á thabhairt don ról ríthábhachtach atá ag gach cineál foraoise maidir le próisis éiceolaíocha agus an chothromaíocht éiceolaíoch a chothabháil, agus ag tacú le céannacht, cultúr agus cearta pobal dúchais, a bpobail agus cónaitheoirí foraoise;

60.

á iarraidh ar an Aontas prionsabal an chomhtháthaithe beartas ar mhaithe le forbairt a chomhlíonadh agus comhsheasmhacht a áirithiú idir a bheartais forbartha, trádála, talmhaíochta, fuinnimh agus aeráide; ag aithint go gcuireann tionscal na foraoiseachta go dearfach leis an eacnamaíocht, leis an tsochaí agus leis an gcomhshaol agus á iarraidh go ndéanfar tuilleadh infheistíochta sa taighde, sa nuálaíocht agus i ndul chun cinn na teicneolaíochta;

61.

á iarraidh ar an gCoimisiún clásail chomhchosúla a chur chun cinn sna margaí idirnáisiúnta bithgheilleagair agus leas a bhaint as comhpháirtíochtaí uile-Eorpacha agus idirnáisiúnta agus as comhaontuithe trádála eachtraí chun uaillmhian aeráide an Aontais agus inbhuanaitheacht úsáid na bhforaoisí lasmuigh den Aontas a chur chun cinn.

o

o o

62.

á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún;

(1)  IO C 395, 29.9.2021, lch. 37.

(2)  IO C 346, 21.9.2016, lch. 17.

(3)  IO L 243, 9.7.2021, lch. 1.

(4)  IO L 156, 19.6.2018, lch. 1.

(5)  IO L 328, 21.12.2018, lch. 82.

(6)  IO L 206, 22.7.1992, lch. 7.

(7)  IO L 60, 22.2.2021, lch. 21.

(8)  IO L 189, 10.5.2022, lch. 1.

(9)  IO C 152, 6.4.2022, lch. 169.

(10)  Breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 17 Aibreán 2018, An Coimisiún v Poblacht na Polainne, C-441/17, ECLI:EU:C:2018:255 (Mainneachtain Stáit ina chuid oibleagáidí a chomhlíonadh – Comhshaol – Treoir 92/43/CEE – Gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flora fiáine a chaomhnú – Airteagal 6(1) agus (3) – Airteagal 12(1) – Treoir 2009/147/CE – éin fhiáine a chaomhnú – Airteagail 4 agus 5 – láithreán Natura 2000 “Puszcza Białowieska” – Leasú ar an bplean bainistíochta foraoise – Méadú ar an méid admhaid inbhuainte – Plean nó tionscadal nach bhfuil gá leis go díreach i mbainistíocht an láithreáin ar dócha go mbeidh tionchar suntasach aige air – Measúnú cuí ar na himpleachtaí don láithreán, – Éifeacht dhíobhálach ar shláine an láithreáin. – Cur chun feidhme iarbhír na mbeart caomhnaithe – Tionchair ar láithreáin phórúcháin agus áiteanna scíthe na speiceas atá faoi chosaint).

(11)  Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach.

(12)  Tuarascáil na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil Uimh. 5/2016 dar teideal “European forest ecosystems – State and trends” [Eiceachórais Foraoise Eorpacha – Riocht agus Treochta].

(13)  Rialachán (AE) 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le hastaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa ó úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht a chur san áireamh i gcreat 2030 don aeráid agus don fhuinneamh (IO L 156, 19.6.2018, lch. 1).

(14)  Teachtaireacht ón gCoimisiún an 16 Iúil 2021 maidir le Straitéis Foraoise an Aontais Eorpaigh go dtí 2030 (COM(2021)0572).

(15)  San Eoraip ar an iomlán, tá 10 heicteár nó níos lú ná sin ag an gcuid is mó de ghabháltais phríobháideacha – Forest Europe, “State of Europe’s Forests 2020” [Staid Fhoraoisí na hEorpa 2020], 2020; sa Ghearmáin, tá 50 % de ghnóthais foraoise atá faoi úinéireacht phríobháideach níos lú ná 20 heicteár, https://www.bmel.de/SharedDocs/Downloads/DE/Broschueren/bundeswaldinventur3.pdf;jsessionid=972A5297B9463D98948E787D1AA78F19.live921?__blob=publicationFile&v=3; sa Fhrainc, tá níos lú ná 1 heicteár ag thart ar dhá thrian d’úinéirí príobháideacha, https://franceboisforet.fr/wp-content/uploads/2021/04/Brochure_chiffresClesForetPrivee_2021_PageApage_BD.pdf; san Fhionlainn, tá níos lú ná 10 heicteár ag thart ar 45 % d’úinéirí. https://www.luke.fi/en/statistics/ownership-of-forest-land; sa Laitvia, tá níos lú ná 5 heicteár ag 50 % d’úinéirí, https://www.zm.gov.lv/public/ck/files/MAF_parskats_Silava_privat_meza_apsaimn_monitorings.pdf

(16)  Science for Environment Policy, European Forests for biodiversity, climate change mitigation and adaptation, Tuairisc Achomair faoin Todhchaí 25, an tAonad Cumarsáide Eolaíochta, UWE Bristol, 2021, https://ec.europa.eu/environment/integration/research/newsalert/

(17)  An Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil, “The European environment — state and outlook 2020: knowledge for transition to a sustainable Europe” [An Comhshaol Eorpach — staid agus ionchas 2020: eolas ar mhaithe leis an aistriú chuig Eoraip inbhuanaithe], 11 Bealtaine 2020, lch. 83, https://www.eea.europa.eu/soer-2020/

(18)  Teachtaireacht ón gCoimisiún an 16 Iúil 2021 maidir le Straitéis Foraoise an Aontais Eorpaigh go dtí 2030 (COM(2021)0572),

(19)  An tAirmheán Comhpháirteach Taighde, “Mapping and Assessment of Ecosystems and their Services: An EU ecosystem assessment” [Mapáil agus measúnú ar eiceachórais agus a seirbhísí: Measúnú ar éiceachóras AE], 2020; le haghaidh treochtaí i mbaill na bhforaoisí, féach Forest Europe, State of Europe’s Forests 2020 [Staid Fhoraoisí na hEorpa 2020], 2020.

(20)  Tuarascáil 2020 Forest Europe dar teideal State of Europe’s Forests 2020 [Staid Fhoraoisí na hEorpa 2020].

(21)  An tAirmheán Comhpháirteach Taighde, Mapping and assessment of primary and old-growth forests in Europe [Mapáil agus measúnú ar fhoraoisí príomhúla agus seanfháis san Eoraip], 2020. le haghaidh treochtaí i mbail na bhforaoisí, féach Forest Europe, State of Europe’s Forests 2020 [Staid Fhoraoisí na hEorpa 2020], 2020.

(22)  Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2010 lena leagtar síos oibleagáidí na n-oibreoirí a chuireann adhmad agus táirgí adhmaid ar an margadh (IO L 295, 12.11.2010, lch. 23).

(23)  An Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht an Chomhshaoil, “Study on certification and verification schemes in the forest sector and for wood-based products” [Staidéar ar scéimeanna deimhniúcháin agus fíoraithe in earnáil na foraoiseachta agus le haghaidh táirgí atá bunaithe ar adhmad], Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2021, https://op.europa.eu/en/publication-detail/-/publication/afa5e0df-fb19-11eb-b520-01aa75ed71a1/language-en

(24)  An tAirmheán Comhpháirteach Taighde, Mapping and assessment of primary and old-growth forests in Europe [Mapáil agus measúnú ar fhoraoisí príomhúla agus seanfháis san Eoraip], 2021.

(25)  https://www.wur.nl/ga/research-results/research-institutes/environmental-research/show-wenr/does-the-eu-depend-on-russia-for-its-wood.htm

(26)  https://www.eca.europa.eu/Lists/ECADocuments/SR21_21/SR_Forestry_GA.pdf

(27)  Forest Europe State of Europe’s Forests 2020 [Staid Fhoraoisí na hEorpa 2020], 2020.

(28)  Science for Environment Policy, European Forests for biodiversity, climate change mitigation and adaptation, Tuairisc Achomair faoin Todhchaí 25, an tAonad Cumarsáide Eolaíochta, UWE Bristol, 2021, https://ec.europa.eu/environment/integration/research/newsalert/

(29)  Teachtaireacht ón gCoimisiún an 17 Samhain 2021 dar teideal EU Soil Strategy for 2030 – Reaping the benefits of healthy soils for people, food, nature and climate [Straitéis Ithreach an Aontais do 2030 – Sochar a bhaint as ithreacha sláintiúla do dhaoine, do bhia, don dúlra agus don aeráid] (COM(2021)0699).

(30)  Pickles, B. J. agus Simard, S. W., “Mycorrhizal Networks and Forest Resilience to Drought”, Mycorrhizal Mediation of Soil – Fertility, Structure, and Carbon Storage, Elsevier, Amstardam, 2017, lgh. 319-339.

(31)  Gorzelak, M. A. et al., “Inter-plant communication through mycorrhizal networks mediates complex adaptive behaviour in plant communities”, AoB Plants, 2015.

(32)  Usman, M. et al., “Mycorrhizal Symbiosis for Better Adaptation of Trees to Abiotic Stress Caused by Climate Change in Temperate and Boreal Forests”, Frontiers in Forests and Global Change, 2021.

(33)  An Coimisiún Eorpach, An Ard-Stiúrthóireacht um an Margadh Inmheánach, Tionsclaíocht, Fiontraíocht agus Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide, Guidance on cascading use of biomass with selected good practice examples on woody biomass [Treoraíocht maidir le húsáid chascáideach bithmhaise maille le samplaí roghnaithe dea-chleachtais maidir le bithmhais adhmaid], Oifig na bhFoilseachán, 2019.

(34)  Hetemäki, L., Palahí, M. agus Nasi, R., Seeing the wood in the forests. Knowledge to Action 1, an Institiúid Eorpach um Fhoraoisí, 2020; féach freisin Tuarascáil WWF ar Fhoraisí Beo, Caibidil 5, https://wwf.panda.org/discover/our_focus/forests_practice/forest_publications_news_and_reports/living_forests_report/

(35)  I limistéar Forest Europe; féach Forest Europe, State of Europe’s Forests 2020, 2020.

(36)  Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin an 16 Iúil 2021, dar teideal The 3 Billion Tree Planting Pledge for 2030 [Gealltanas Plandála 3 Bhilliún Crann do 2030] (SWD(2021)0651).

(37)  An tAirmheán Comhpháirteach Taighde, Mapping and assessment of primary and old-growth forests in Europe [Mapáil agus measúnú ar fhoraoisí príomhúla agus seanfháis san Eoraip], 2021.

(38)  https://ec.europa.eu/eurostat/statistics-explained/index.php?title=Forests,_forestry_and_logging#Employment_and_apparent_labour_productivity_in_forestry_and_logging

(39)  Teachtaireacht ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2021 maidir le timthriallta inbhuanaithe carbóin (COM(2021)0800).

(40)  IO C 229, 15.6.2021, lch. 6.

(41)  https://ec.europa.eu/eurostat/statistics-explained/index.php?title=Forests,_forestry_and_logging#Employment_and_apparent_labour_productivity_in_forestry_and_logging

(42)  Forest Europe, State of Europe’s Forests 2020, 2020.

(43)  An tAirmheán Comhpháirteach Taighde, Mapáil agus measúnú ar fhoraoisí príomhúla agus seanfháis san Eoraip, 2021.

(44)  Cúig nós imeachta um shárú atá ar siúl i gcoinne ceithre Bhallstát (cásanna 2016/2072, 2018/2208, 2018/4076, 2020/2033 agus 2021/4029).


5.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 125/44


P9_TA(2022)0314

An tionchar atá ag dúnadh gníomhaíochtaí oideachasúla, cultúrtha, óige agus spóirt ar leanaí agus ar dhaoine óga in AE i ngeall ar COVID-19

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Meán Fómhair 2022 ar an tionchar atá ag dúnadh gníomhaíochtaí oideachasúla, cultúrtha, óige agus spóirt ar leanaí agus ar dhaoine óga in AE i ngeall ar COVID-19 (2022/2004(INI))

(2023/C 125/03)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint d’Airteagail 2, 3 agus 5(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach,

ag féachaint d’Airteagail 165, 166 agus 167 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint d’Airteagail 14, 15 agus 32 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, go háirithe prionsabail 1, 3 agus 4 de,

ag féachaint do rún uaithi an 17 Aibreán 2020 maidir le gníomhaíocht chomhordaithe AE chun paindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí a chomhrac (1),

ag féachaint do rún uaithi an 8 Deireadh Fómhair 2020 maidir le Ráthaíocht don Aos Óg (2),

ag féachaint do rún uaithi an 10 Feabhra 2021 maidir leis an tionchar atá ag COVID-19 ar an óige agus ar an spórt (3),

ag féachaint do rún uaithi an 17 Feabhra 2022 maidir le daoine óga na hEorpa a chumhachtú: fostaíocht agus téarnamh sóisialta i ndiaidh na paindéime (4),

ag féachaint do rún uaithi an 20 Bealtaine 2021 ar cheart faisnéise na Parlaiminte maidir le measúnú leanúnach ar na pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta (5),

ag féachaint do thuarascáil Chruinniú Eorpach um an Óige 2021 dar teideal “Tuarascáil Smaointe na nÓg don Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa”,

ag féachaint do Chinneadh (AE) 2021/2316 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Nollaig 2021 maidir le Bliain Eorpach an Iarnróid (2022) (6),

ag féachaint don togra le haghaidh moladh ón gComhairle an 10 Nollaig 2021 maidir le cur chuige Eorpach i leith micridhintiúir d’fhoghlaim agus d’infhostaitheacht ar feadh an tsaoil (COM(2021)0770) agus don doiciméad inmheánach oibre a ghabhann leis (SWD(2021)0367),

ag féachaint d’airteagal nuachta an 7 Aibreán 2020 dar teideal 'COVID-19: Conas is féidir freagairt do ghairmoideachas agus gairmoiliúint?', arna fhoilsiú ag Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú an Choimisiúin (7),

ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2020 dar teideal 'Plean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach 2021-2027: Oideachas agus oiliúint a athshocrú don ré dhigiteach' (COM(2020)0624),

ag féachaint do Shuirbhé Erasmus+ agus an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh ar thionchar COVID-19 ar shoghluaisteacht foghlama (8),

ag féachaint don teachtaireacht atá le teacht ón gCoimisiún maidir le cúram fadtéarmach agus le hoideachas agus cúram leanaí,

ag féachaint don staidéar dar teideal Education and youth in post-COVID-19 Europe – crisis effects and policy recommendations [Oideachas agus an óige san Eoraip iar-COVID-19 – éifeachtaí géarchéime agus moltaí beartais], a d’fhoilsigh Ard-Stiúrthóireacht na mBeartas Inmheánach an 4 Bealtaine 2021 (9),

ag féachaint don staidéar dar teideal Youth in Europe Effects of COVID-19 on their economic and social situation [An Óige san Eoraip: Éifeachtaí COVID-19 ar a staid eacnamaíoch agus shóisialta], a d’fhoilsigh a hArd-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha an 24 Meán Fómhair 2021 (10),

ag féachaint don staidéar dar teideal Cultural and creative sectors in post-COVID-19 Europe – crisis effects and policy recommendations [Earnálacha cultúrtha agus cruthaitheacha san Eoraip iar-COVID-19 – éifeachtaí géarchéime agus moltaí beartais], a d’fhoilsigh a hArd-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha an 18 Feabhra 2021 (11),

ag féachaint do thuarascáil Ad hoc NESET uimh. 3/2021 dar teideal Distance learning from pupil perspective [Cianfhoghlaim ó thaobh an dalta de] (12),

ag féachaint do thuarascáil Ad hoc NESET uimh. 2/2021 dar teideal The impact of COVID-19 on student learning outcomes across Europe: the challenges of distance education for all [Tionchar COVID-19 ar thorthaí foghlama na mac léinn ar fud na hEorpa: dúshláin an chianoideachais do chách] (13),

ag féachaint do thuarascáil anailíseach NESET dar teideal The impact of COVID-19 on the education of disadvantaged children and the socio-economic consequences thereof [Tionchar COVID-19 ar oideachas leanaí faoi mhíbhuntáiste agus na hiarmhairtí socheacnamaíocha a bhaineann leis sin] (14),

ag féachaint do thuarascáil theicniúil an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde dar teideal The likely impact of COVID-19 on education: Reflections based on the existing literature and recent international datasets [An tionchar is dócha a bheidh ag COVID-19 ar an oideachas: Machnamh bunaithe ar an litríocht atá ann cheana agus ar na tacair sonraí idirnáisiúnta is déanaí] (15),

ag féachaint do thuarascáil Fhóram Eorpach na hÓige an 17 Meitheamh 2021 dar teideal Beyond Lockdown: the “pandemic scar” on young people [Lastall den phaindéim: “rian na paindéime”ar dhaoine óga’ (16),

ag féachaint do thuarascáil UNICEF an 4 Deireadh Fómhair 2021 dar teideal: The State of the World’s Children 2021: On My Mind: promoting, protecting and caring for children’s mental health [Staid Leanaí an Domhain 2021: Ar m’Intinn: meabhairshláinte leanaí a chur chun cinn, a chosaint agus cúram a thabhairt di] (17),

ag féachaint d’fhaisnéis bheartais ECFE an 12 Bealtaine 2021 dar teideal Supporting young people’s mental health through the COVID-19 crisis [Tacaíocht a thabhairt do mheabhairshláinte daoine óga trí ghéarchéim COVID-19] (18),

ag féachaint do shuirbhé Young Minds i mí Feabhra 2021 dar teideal Coronavirus: Impact on young people with mental health needs [An Coróinvíreas: Tionchar ar dhaoine óga a bhfuil riachtanais mheabhairshláinte acu] (19),

ag féachaint do thionscadal Fhís 2020 dar teideal Prevention of child mental health problems in Southeastern Europe – Adapt, Optimise, Test, and Extend Parenting for Lifelong Health [Cosc a chur ar fhadhbanna meabhairshláinte leanaí in Oirdheisceart na hEorpa – Oiriúnaigh, Optamaigh, Tástáil, agus Leathnaigh Tuismitheoireacht do Shláinte ar Feadh an tSaoil’] (20),

ag féachaint don tuarascáil ón bhForas Meabhair-Shláinte in Albain ó Mheán Fómhair 2020 dar teideal Impacts of lockdown on the mental health and well-being of children and young people [Tionchar na glasála ar mheabhairshláinte agus ar fholláine leanaí agus daoine óga] (21),

ag féachaint do thuarascáil taighde an Fhorais Eorpaigh chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú (Eurofound) an 9 Samhain 2021 dar teideal Impact of COVID-19 on young people in the EU [Tionchar COVID-19 maidir le daoine óga in AE] (22),

ag féachaint d’fheachtas YouMoveEurope maidir leis an achainí ar Thraenálaithe Idirnáisiúnta maidir le hObair leis an Óige Responding to the Impact of COVID-19 on International Youth Work Mobility [Freagairt ar Thionchar COVID-19 ar Shoghluaisteacht Idirnáisiúnta na hOibre don Óige] (23),

ag féachaint do rún uaithi an 23 Samhain 2021 maidir le beartas spóirt AE: measúnú agus na bealaí chun cinn a d’fhéadfadh a bheith ann (24),

ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh, agus go háirithe Airteagail 12 de,

ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh an 20 Samhain 1989, agus go háirithe Airteagail 30 de,

ag féachaint do Mholadh (AE) 2021/1004 ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ráthaíocht Eorpach do Leanaí (25),

ag féachaint do rún uaithi an 8 Iúil 2020 maidir le cearta daoine faoi mhíchumas intleachta agus a dteaghlaigh i ngéarchéim COVID-19 (26),

ag féachaint do Spriocanna Eorpacha don Óige, go háirithe spriocanna 5, 9 agus 11,

ag féachaint do rún uaithi an 17 Meán Fómhair 2020 maidir le tearnamh cultúrtha na hEorpa (27),

ag féachaint do rún uaithi an 22 Deireadh Fómhair 2020 maidir le todhchaí an oideachais san Eoraip i gcomhthéacs COVID-19 (28),

ag féachaint do rún uaithi an 25 Márta 2021 maidir le beartas oideachais dhigitigh a mhúnlú (29),

ag féachaint dá rún an 20 Deireadh Fómhair 2021 maidir leis na gnéithe de chearta bunúsacha a bhaineann le lánpháirtiú na Romach in AE (30):

ag féachaint do thionscadal ECFE “Student Agency for 2030”***,

ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas (A9-0216/2022),

A.

de bhrí, le dúnadh saoráidí oideachais agus soláthair cúraim luath-óige, scoileanna, ollscoileanna, spásanna le haghaidh leas na hóige agus obair óige, chomh maith le gníomhaíochtaí seach-churaclaim, spásanna cultúrtha agus saoráidí spóirt, gur diúltaíodh do leanaí agus do dhaoine óga an deis páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí atá bunriachtanach dá bhforbairt fhoriomlán, dá ndul chun cinn foghlama, dá sláinte intleachtúil, fhisiciúil, mhothúchánach agus mheabhrach agus dá bhfolláine, agus dá gcuimsiú sóisialta agus gairmiúil;

B.

de bhrí go bhfuil leanaí agus daoine óga i measc na ngrúpaí is leochailí inár sochaí agus go raibh tionchar ag dúnadh a bhaineann le COVID-19 orthu le linn tréimhse ríthábhachtach agus chriticiúil dá saol; de bhrí go bhfuil an mheabhairshláinte ar cheann de na réamhchoinníollacha agus de na bunchlocha do shochaí agus daonlathas sláintiúil; de bhrí, dá bhrí sin, go bhfuil rochtain ar sheirbhísí meabhairshláinte doscartha ó chearta bunúsacha eile;

C.

de bhrí gur chuir cealú gníomhaíochtaí agus imeachtaí oideachais, cultúrtha, óige agus spóirt leis an aistriú digiteach chomh mór sin gur athraigh sé gnáthaimh laethúla go tobann, chomh maith leis an mbealach ina mbíonn leanaí agus daoine óga ag idirghníomhú agus ag cumarsáid lena chéile, gan teagmhálacha sóisialta nó fisiciúla; de bhrí, mar gheall ar dhúnadh scoileanna, spásanna do shaoráidí cultúir agus spóirt a bhfuil na gníomhaíochtaí agus na himeachtaí sin á n-óstáil acu, gur laghdaigh dúnadh na leibhéil folláine coirp i ndaoine óga chomh mór sin nach bhfuil ach duine as gach ceithre bliana déag d’aois i mbun go leor gníomhaíochta coirp faoi láthair; de bhrí gur fhág sé sin go raibh leanbh as gach triúr róthrom nó murtallach, rud a mhéadaigh an baol go mbeidh míchumas agus galracht níos mó ann (31);

D.

de bhrí go bhfuil an t-oideachas rangaithe i measc na n-earnálacha is mó atá ag draenáil mhothúchánach le linn phaindéim COVID-19 (32) agus go léiríonn taighde nasc soiléir idir meabhairshláinte na múinteoirí agus meabhairshláinte na mac léinn (33); de bhrí go bhfuil teorainneacha bunúsacha ag baint leis an gcianoideachas i dteagasc cúrsaí saotharlainne agus ealaíne, chomh maith le gairmoideachas agus corpoideachas; de bhrí, i mórán cásanna, nach bhfuil an cianoideachas oiriúnach go hoideolaíoch, go háirithe do dhaltaí óga, a bhfuil gá níos mó acu le teagmháil idirphearsanta leis an múinteoir, agus mar gheall ar an easpa deiseanna atá ann do mhúinteoirí a bheith oilte go leormhaith chun uirlisí digiteacha a úsáid go héifeachtach i scoileanna; de bhrí, i bhformhór na gcásanna, nár cuireadh san áireamh sa chianfhoghlaim riachtanais na bhfoghlaimeoirí a fhaigheann oideachas i dteangacha réigiúnacha nó mionlaigh; de bhrí gur féidir an cur chuige sin a mheas mar chur chuige idirdhealaitheach agus go gcruthaíonn sé anacair, imní agus braistint neamhshláine sna foghlaimeoirí sin;

E.

de bhrí nach bhfuil aon chlár ama seasta laethúil ann lena gcruthaítear “gnáthnós imeachta”, agus leis an nós atá ann freastal ar scoil ar feadh tréimhsí fada a bheith caillte i roinnt Ballstát, anois go bhfuil na scoileanna oscailte arís, gur cosúil go bhfuil a lán daltaí “scoite”, nach bhfuil suim acu i saol na scoile agus go bhfuil deacrachtaí acu a luas a aimsiú, díriú ar an ábhar, muintearas a mhothú agus spriocanna phobal na scoile a roinnt;

F.

de bhrí gur diúltaíodh do chruthaitheoirí cultúrtha óga agus, go háirithe, taibheoirí óga, tús a chur lena ngairmeacha agus iad a fhorbairt ag an gcéim ríthábhachtach seo mar gheall ar dhúnadh na n-ionad cultúrtha — arbh iad na chéad ionaid iad a dúnadh agus na cinn dheireanacha a athosclaíodh;

G.

de bhrí go raibh tionchar mór ag iarmhairtí diúltacha na paindéime ar spóirt an phobail, agus go raibh go leor acu dúnta go hiomlán ar feadh i bhfad; de bhrí go bhfuiltear ag súil fós go rachaidh clubanna spóirt gairmiúla, go háirithe ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach, i ngleic le dúshláin thromchúiseacha maidir lena dtéarnamh airgeadais san fhadtéarma; de bhrí go mbeadh tionchar díreach ag caillteanas buan spóirt an phobail ar lúthchleasaithe óga, i dtéarmaí a bhforbairt shóisialta agus a ngairmréime gairmiúla a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo sa spórt;

H.

de bhrí go bhfuil an staid ina bhfuil meabhairshláinte agus folláine na ndaoine óga tar éis dul in olcas go mór le linn na paindéime, le fadhbanna a bhaineann le dúbailt meabhairshláinte i roinnt Ballstát i gcomparáid leis an leibhéal a bhí ann roimh an ngéarchéim (34), rud a mbíonn mar thoradh air go dtugann anailísithe an “phaindéim chiúin” nó an “rian na paindéime” air sin; de bhrí gur nochtadh leis an bpaindéim an easpa tacaíochta a thugtar do dhaoine óga a bhfuil saincheisteanna acu a bhaineann leis an meabhairshláinte; de bhrí go raibh grúpaí imeallaithe, amhail LADTIA+, mionlaigh chiníocha agus eitneacha nó daoine óga a bhfuil riachtanais speisialta acu, faoi réir riosca níos airde maidir le neamhord meabhairshláinte a fhorbairt; de bhrí gur minic a bhíonn sé deacair na hiarmhairtí iarbhír a bhíonn ag saincheisteanna meabhairshláinte do dhaoine óga a shainaithint agus, go dtí seo, nach bhfuil siad le feiceáil go hiomlán fós;

I.

de bhrí go bhfuil brú breise ar mheabhairshláinte agus ar fholláine na bhfoghlaimeoirí mar gheall ar an mbrú iomarcach a chuirtear ar fhoghlaimeoirí “rófheidhmiú”, fiú ó aois óg; de bhrí go bhfuil stiogma láidir ag baint le deacrachtaí meabhairshláinte inár sochaithe, rud a fhágann go mbíonn daoine óga a bhfuil fadhbanna meabhairshláinte acu faoi réir claontachta, leithlisiú sóisialta, mí-úsáid bhriathartha nó na bulaíochta, agus dul i ngleic le suíomhanna foghlama mar thimpeallacht neamhshábháilte ina bhfuil sé deacair cabhair nó cóireáil a lorg;

J.

de bhrí go bhfuil neamhréireachtaí ollmhóra idir staideanna sonracha na mBallstát, mar gheall ar chineál éagsúil agus ar fhad na mbeart atá curtha i bhfeidhm, agus mar gheall ar dhifríochtaí sa rochtain ar theicneolaíocht agus ar uirlisí digiteacha, a chuireann dlús le neamhionannais idir an tuaith agus na ceantracha uirbeacha;

K.

de bhrí nach amháin gur ghéaraigh an t-aistriú éigeantach chuig an bhfoghlaim fhíorúil ar na neamhionannais atá ann cheana, ach go bhfuil sé tar éis cinn nua a chruthú freisin trí leanaí a fhágáil ó chúlraí atá faoi mhíbhuntáiste sóisialta mar thoradh ar dhálaí tithíochta crampáilte, easpa bonneagar digiteach nó saincheisteanna trealaimh agus nascachta, rud a mhéadaigh an riosca go mbeidh torthaí ísle foghlama ann agus, dá bhrí sin, go bhféadfadh foghlaimeoirí a bhfuil níos lú deiseanna acu éirí amach;

L.

de bhrí gur tháinig laghdú ar an eolas atá ann cheana, caillteanas na modheolaíochta chun eolas nua a fháil agus caillteanas iarbhír foghlama mar thoradh ar institiúidí foghlama a dhúnadh; de bhrí go bhfuil na caillteanais sin, ar dócha go mbeidh tionchar diúltach fadtéarmach acu ar fholláine leanaí agus daoine óga amach anseo, níos airde i measc foghlaimeoirí ó theaghlaigh atá faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch, a fuair níos lú tacaíochta lena gcuid staidéir le linn na paindéime;

M.

de bhrí gur tugadh faoi deara go raibh 64 % de na daoine óga san aoisghrúpa 18-34 i mbaol dúlagair in earrach na bliana 2021 (35) agus gurb é an féinmharú an dara cúis bháis i measc daoine óga (36) mar thoradh ar strus, uaigneas, leithlisiú agus easpa deiseanna oideachais, fostaíochta agus airgeadais; agus ar an méadú ar an dífhostaíocht i measc na n-óg, chomh maith le neamhchinnteachtaí i measc daoine óga atá nasctha le hionchais shóisialta agus saoil níos leithne;

N.

de bhrí go bhfuil bearnaí suntasacha réigiúnacha ann ar fud AE maidir le rochtain ar sheirbhísí meabhairshláinte, agus go bhfuil rochtain ag othair ó chúlraí atá faoi mhíbhuntáiste sóisialta, lena n-áirítear leanaí, teoranta tuilleadh mar gheall ar na srianta atá ann i roinnt Ballstát maidir le haisíocaíochtaí seisiún síciteiripe ó bhuiséid sláinte poiblí; de bhrí go bhfuil gá suntasach le cur chuige Eorpach maidir le meabhairshláinte do leanaí agus do dhaoine óga, agus béim ar leith á leagan ar oideachas agus ar chomhairleoireacht scoile agus óige;

O.

de bhrí go raibh tionchar diúltach ar leith ag na bearta dianghlasála ar dhaoine faoi mhíchumas nó ar dhaoine a bhfuil riachtanais speisialta acu; de bhrí gur cheart d’aon bhearta a dhéanann na Ballstáit le linn imthosca eisceachtúla a gcearta bunúsacha a urramú i gcónaí agus a áirithiú go mbeidh rochtain chomhionann agus neamh-idirdhealaitheach acu ar chúram sláinte, ar sheirbhísí sóisialta agus ar oideachas, agus ar ghníomhaíochtaí óige, cultúrtha agus spóirt;

P.

de bhrí go mbíonn tionchar ag difríochtaí a bhaineann le hinscne ar an gcaoi a bhfuil tionchar ag an bpaindéim ar leanaí agus ar dhaoine óga, agus go bhfulaingíonn cailíní agus mná óga níos mó foréigin teaghlaigh, tinneas síceatómach agus neamhord giúmair (37); de bhrí gur tháinig meath breise ar an mbearna phá idir na hinscní le linn na paindéime, rud a rinne difear do chothromaíocht oibre is saoil na mban agus dá spleáchas airgeadais ar a gcomhpháirtithe, ar a ngaolta nó ar a gcairde; de bhrí gur mhéadaigh an dianghlasáil i ndiaidh a chéile an t-ualach ar thuismitheoirí agus ar chaomhnóirí, rud a chuir leis an mbaol go ndéanfaí mí-úsáid substaintí tuismitheoirí agus foréigean laistigh den teaghlach difear do mheabhairshláinte agus d’fholláine na ndaoine is leochailí, chomh maith le leanaí agus daoine óga;

Q.

de bhrí go méadaíonn fadhbanna meabhairshláinte ag céim luath den fhorbairt phearsanta an dóchúlacht go dtarlódh saincheisteanna meabhairshláinte san aosacht, agus go mbíonn iarmhairtí forleathana aige sin maidir le forbairt phearsanta, shóisialta agus ghairmiúil agus maidir le caighdeán na beatha; de bhrí go bhfuil leanaí agus daoine óga ag dul trí chéimeanna criticiúla dá bhforbairt néareolaíoch agus go bhfuil siad an-íogair maidir le húsáid uirlisí digiteacha ar mhórscála don chianfhoghlaim; de bhrí go n-eascraíonn ceisteanna maidir le tionchar na teicneolaíochta ar shaincheisteanna foghlama as diandigiteáil an oideachais;

R.

de bhrí gur laghdaigh dúnadh na leibhéil folláine coirp i ndaoine óga chomh mór sin nach bhfuil ach duine as gach ceithre bliana déag d’aois i mbun go leor gníomhaíochta coirp faoi láthair;

S.

de bhrí gurb é 2022 Bliain Eorpach na hÓige;

T.

de bhrí nach mór, ar an gcéad dul síos, go ndéanfaí, le haon straitéis mheabhairshláinte de chuid AE atá dírithe ar leanaí agus ar dhaoine óga, deiseanna a sholáthar dóibh éisteacht a fháil agus a n-ionchur a chur san áireamh agus freagairtí cuimsitheacha á bhforbairt; de bhrí nach mór tuismitheoirí, teaghlaigh, cairde, eagraíochtaí óige agus seirbhísí leasa óige, oibrithe don óige, institiúidí cultúrtha agus clubanna spóirt a bheith rannpháirteach i straitéis rathúil, chomh maith le scoileanna agus múinteoirí, trí oiliúint iomchuí a sholáthar dóibh maidir le conas déileáil le saincheisteanna meabhairshláinte, chun cur chuige iomlánaíoch a bhunú agus chun a áirithiú go sroichfear daoine óga ó chúlraí atá faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch agus ó ghrúpaí imeallaithe;

U.

de bhrí go dtugann na sonraí eolaíocha le tuiscint go bhfuil leibhéil na muiníne institiúidí i measc bhaill na nglún níos óige tar éis titim; de bhrí gurb é is cúis leis sin an strus agus an éiginnteacht a bhaineann leis an bpaindéim féin ach chomh maith leis sin mar gheall ar éifeachtacht theoranta chainéil chumarsáide oifigiúla na mBallstát maidir leis an nglúin óg a shroicheadh, chomh maith leis an méadú ar an mbréagaisnéis agus ar an mbréagnuacht a bhaineann leis an bpaindéim; de bhrí gur gá aird ar leith a dhíriú ar an muinín sin a athghabháil, ar féidir í a bhaint amach trí rannpháirtíocht atá oiriúnach ó thaobh aoise de, lena n-áirítear trí dheiseanna a thairiscint do dhaoine óga tionscnaimh agus cinntí a dhéanamh lena múnlaítear an domhan ina bhfuil cónaí orthu agus gníomhaireacht óige a chur chun cinn chun cumhacht a thabhairt do dhaoine óga féinchinntiúchán a lorg agus athléimneacht a fhorbairt;

V.

de bhrí gur thug an phaindéim deis dúinn aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna seanbhunaithe a bhaineann leis an meabhairshláinte ar tugadh neamhaird orthu roimhe sin; de bhrí gur áiríodh an mheabhairshláinte i gcuspóirí sonracha chlár EU4Health, lena rannchuidítear le hAontas Sláinte Eorpach a thógáil bunaithe ar chórais sláinte níos láidre, níos inrochtana agus níos athléimní a bheidh réidh le haghaidh a thabhairt ar ghéarchéimeanna a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo;

W.

de bhrí gur féidir leis an gcogadh san Úcráin agus a iarmhairtí tubaisteacha daonna, bia, fuinnimh agus airgeadais, chomh maith le bagairtí domhanda eile, éiginnteachtaí a bheith ann a meastar a mbeidh tionchar diúltach breise acu ar mheabhairshláinte agus ar fholláine leanaí agus daoine óga;

X.

de bhrí gurb é an toradh atá ar an gcogadh san Úcráin go bhfuil na milliúin leanaí agus daoine óga á n-easáitiú agus go bhfuil tráma fairsing á fhulaingt acu;

1.

ag tarraingt aird ar an ról atá ag scoileanna agus ag institiúidí oideachais agus cúraim luath-óige, chomh maith le hinstitiúidí foghlama neamhfhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla, maidir leis an tacaíocht ábhartha agus shíceolaíoch is gá a sholáthar do dhaoine óga agus dá dteaghlaigh, agus á iarraidh ar na Ballstáit agus ar na réigiúin tacaíocht airgeadais leordhóthanach a sholáthar d’institiúidí oideachais príomhshrutha, go háirithe trí infheistíocht shuntasach san oideachas poiblí, agus múinteoirí agus pearsanra oideachais ardcháilithe a earcú agus a choinneáil, chun a áirithiú go ndéanfar forbairt oideolaíoch, shíceolaíoch, fhisiciúil, mhothúchánach, chognaíoch agus/nó shóisialta daoine óga a chur chun cinn níos mó agus níos mó ar bhealach sásúil;

2.

ag tathant ar na Ballstáit, sa chomhthéacs sin, caiteachas poiblí san oideachas agus san oiliúint a mhéadú go suntasach os cionn mheán AE (5 % de OTI in 2020); á chur i bhfios go láidir, go háirithe, an ról atá ag múinteoirí, oideoirí agus oibrithe don óige maidir le rannchuidiú le tacaíocht shíceolaíoch agus forbairt leanaí agus daoine óga; ina leith sin, á chur i bhfáth gur gá aitheantas a thabhairt don tábhacht a bhaineann le litearthacht mheabhairshláinte múinteoirí, pearsanra oideachais, riarthóirí scoile, oibrithe sóisialta agus oibrithe don óige a chur chun cinn, mar aon le foghlaimeoirí;

3.

á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún an tost a bhaineann le saincheisteanna meabhairshláinte a bhriseadh agus deireadh a chur leis an stiogma sóisialta idirdhealaitheach lena mbaineann i gcur chuige iomlánaíoch; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit feachtas uile-Aontais a sheoladh chun feasacht a mhúscailt maidir leis an meabhairshláinte in institiúidí oideachais agus gairmoideachais chun an stiogma atá ann cheana a chomhrac, chun rochtain ar fhaisnéis meabhairshláinte a chur ar fáil do dhaoine óga agus chun tuiscint shóisialta shoiléir agus níos leithne a chruthú ar shaincheisteanna meabhairshláinte; á iarraidh ar na Ballstáit garchabhair shíceolaíoch agus oideachas éigeantach meabhairshláinte atá saor ó stiogma a áireamh i gcuraclaim, ionas go mbeidh foghlaimeoirí, múinteoirí, ollúna, oiliúnóirí agus ceannairí acadúla ullmhaithe níos fearr chun freagairt d’fhoghlaimeoirí agus do dhaoine óga a bhfuil saincheisteanna meabhairshláinte acu, agus ar an gcaoi sin sláinte agus folláine na saoránach a chur chun cinn go cothrom ar fud an Aontais; á iarraidh ar na Ballstáit inneachar na gcuraclam a oiriúnú, gach beart is gá a dhéanamh chun na bearnaí cognaíocha a cruthaíodh le linn na cianfhoghlama a dhúnadh agus chun an méadú a d’fhéadfadh teacht ar chliseadh scoile agus ar luathfhágáil scoile a chosc; á áitiú go n-áiritheoidh na Ballstáit rochtain ar oideachas ardcháilíochta atá cuimsitheach agus cothrom do gach leanbh san Eoraip;

4.

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé cur i gcoinne fheiniméan an tearcthuairiscithe maidir leis an meabhairshláinte agus an fholláine, chomh maith le tearcionadaíocht leanaí agus daoine óga i dtaighde eolaíoch meabhairshláinte; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún taighde a dhéanamh le measúnú iomlán ar éifeachtaí fadtéarmacha na mbeart coisctheach uile a bhaineann le paindéim COVID-19 a rinne na Ballstáit ar leanaí agus ar dhaoine óga, chun éifeachtaí aon ghéarchéime sláinte a bheidh ann amach anseo a mhaolú;

5.

á chur i bhfios go láidir na dúshláin a bhaineann le meabhairshláinte agus folláine a thomhas, agus á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit comhthuiscint iomlánaíoch a fhorbairt ar an tsláinte agus ar an tsábháilteacht lena n-áirítear folláine fhisiceach, mheabhrach agus shóisialta ar an iomlán, agus lena n-éilítear straitéisí cuimsitheacha coisctheacha agus leighis, lena n-áirítear forbairt táscairí neamhchlaonta chun meabhairshláinte agus folláine, uirlisí measúnaithe riosca agus córais tuairiscithe a thomhas, i gcomhairle le múinteoirí, le foghlaimeoirí, le tuismitheoirí agus le saineolaithe agus le heolaithe a bhfuil speisialtóireacht ábhartha acu, agus gníomhaíochtaí cultúrtha, súgartha agus spóirt a chomhtháthú, agus forbairt scileanna cruthaitheacha agus sóisialta a chur chun cinn;

6.

á chur i bhfios go láidir gur gá struchtúr na hoibre Eorpaí don óige atá lagaithe nó scriosta fiú mar gheall ar an bpaindéim a atógáil agus a neartú ar bhealach inbhuanaithe agus gasta; ag cur béim ar an bhfíoras gur gá an obair don óige féin a aithint maidir leis an méid a leanas: uirlis tacaíochta a chuireann go mór le forbairt phearsanta, le folláine agus le féinréadú daoine óga; á iarraidh, dá bhrí sin, ar na Ballstáit feabhsuithe nithiúla a chur chun feidhme ar an obair don óige chun tacaíocht a sholáthar dóibh siúd is mó a bhfuil gá acu léi;

7.

á iarraidh go n-aithneofaí obair oscailte don óige ar fud AE mar mhodh lárnach sóisialú do dhaoine óga agus spásanna saora a chruthú go comhfhiosach agus níos mó ná riamh do dhaoine óga, go minic dóibh siúd den aois chéanna, lasmuigh de theach na dtuismitheoirí agus áiteanna foghlama san oideachas foirmiúil, lena soláthrófar deiseanna dóibh iad féin a eagrú agus páirt a ghlacadh i dtionscnaimh phobail;

8.

á iarraidh, ina leith sin, ar na Ballstáit an creat don tsláinte agus don tsábháilteacht i dtimpeallachtaí foghlama a fheabhsú agus a fhorbairt tuilleadh chun tacaíocht a thabhairt d’fhoghlaimeoirí, do mhúinteoirí, do dhaoine óga agus do ghairmithe ó líon leordhóthanach baill foirne cáilithe, amhail síceolaithe speisialaithe nó speisialtóirí eile meabhairshláinte, ar féidir ról ríthábhachtach a bheith acu ní hamháin do na daoine aonair, ach chomh maith leis sin do thimpeallacht fhoriomlán na scoile, chun timpeallacht shábháilte a chruthú do leanaí agus do dhaoine óga i ngach cineál institiúide oideachais, inar féidir le foghlaimeoirí cabhair shíceolaíoch a lorg i luathchéimeanna na saincheisteanna meabhracha; á iarraidh ar na Ballstáit baill foirne tacaíochta speisialta um riachtanais oideachais a sholáthar ar féidir leo rannchuidiú le seomraí ranga agus spásanna sóisialta a bheith ina n-ionad fáilteach agus tarraingteach chun fás, foghlaim, tuairimí a mhalartú i dtimpeallacht muiníne, agus difríochtaí a phlé agus a shárú ar bhealach cuiditheach; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá tacaíocht shíceolaíoch leathghairmiúil ísealthairsí d’fhoghlaimeoirí; á iarraidh go mbunófaí líonra Eorpach gníomhach chun dea-chleachtais agus modhanna a mhalartú chun dul i ngleic leis na dúshláin sin;

9.

á aithint go bhfuil sé ríthábhachtach guth a thabhairt do dhaoine óga sa chinnteoireacht, ionas gur féidir leo a gcuid riachtanas a chur in iúl agus páirt a ghlacadh ina gcur chun feidhme, chun éifeachtacht na mbeartas agus na gclár a fheabhsú; á iarraidh, dá bhrí sin, ar institiúidí foghlama cur le cearta rannpháirtíochta agus comhchinnidh mac léinn agus daoine óga i scoileanna, in ollscoileanna, i ngairmoiliúint, san ionad oibre agus in institiúidí sóisialta, agus ról a thabhairt do dhaoine óga, go háirithe mná óga, i dtaighde agus i ndearadh clár chun tuiscint níos fearr a fháil ar a n-eispéiris saoil, a dtosaíochtaí agus a ndearcthaí, agus freagairt dóibh, chun a rannpháirtíocht a áirithiú;

10.

ag tathant ar na Ballstáit infheistíochtaí trasearnála a chur chun cinn chun dul i ngleic le neamhoird mheabhracha i measc leanaí agus daoine óga, agus pleananna gníomhaíochta náisiúnta a fhorbairt lena n-áiritheofar go gcuirfear chun feidhme iad ar an leibhéal réigiúnach agus áitiúil, ag freastal ar riachtanais iarbhír leanaí agus daoine óga, agus aird ar leith á tabhairt ar na grúpaí is mó atá faoi mhíbhuntáiste; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacú le hobair eagraíochtaí don óige agus leis an obair óige a eagraítear in eagraíochtaí neamhrialtasacha iad féin ar bhealach níos córasaí agus, thar aon ní eile, i bhfianaise a dtábhachta don fhoghlaim sheachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil, ó thaobh airgeadais de freisin, agus, dá bhrí sin, a struchtúir maidir le malartú trasteorann agus comhar a dhéanamh níos frithsheasmhaí in aghaidh géarchéimeanna san fhadtéarma;

11.

á chur i bhfios go láidir a ríthábhachtaí atá gníomhaíochtaí idirphearsanta agus caidrimh idirphearsanta neamhfhíorúla sa saol laethúil i measc leanaí agus daoine óga ar mhaithe lena ndea-bhail fhoriomlán, atá mar bhonn do phróiseas an tsóisialaithe agus a chuireann dlús leis an taithí ar bhraistint chomhuintearais, agus ról tábhachtach an tsóisialaithe san oideachas á chur san áireamh; á iarraidh ar na Ballstáit, dá bhrí sin, bearta iomchuí sláinte agus sábháilteacha a dhéanamh chun a áirithiú, i gcás paindéimí a bheidh ann amach anseo nó i gcásanna eile nach bhfacthas riamh roimhe seo, go bhfanfaidh gach timpeallacht foghlama, bídís foirmiúil, neamhfhoirmiúil nó neamhfhoirmeálta ó thaobh cineáil de, oscailte go sábháilte;

12.

ag spreagadh na mBallstát, i gcásanna ina bhfuil fíorghá le bearta speisialta, dul i gcomhairle le gairmithe sláinte agus sábháilteachta, le scoileanna, le múinteoirí, le heagraíochtaí óige agus le seirbhísí leasa don óige, chomh maith le tuismitheoirí, chun riachtanais aoisghrúpaí éagsúla, grúpaí leochaileacha agus daoine óga a bhfuil riachtanais shonracha acu, saincheisteanna soghluaisteachta nó míchumais eile a chur san áireamh go leormhaith, chomh maith le grúpaí faoi mhíbhuntáiste agus imeallaithe, gan aon duine a fhágáil ar lár, agus gan cur chuige a oireann do chách a chur i bhfeidhm; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé leanúnachas teanga a áirithiú chun a chur ar chumas foghlaimeoirí a fhaigheann oideachas i dteangacha réigiúnacha nó mionlaigh leanúint de sin a dhéanamh i suíomhanna cianfhoghlama nó i suíomhanna foghlama cumaisc; á iarraidh, mar thoradh air sin, ar na Ballstáit saintréithe agus riachtanais éagsúla gníomhaíochtaí oideachais, cultúrtha, óige agus spóirt a chur san áireamh;

13.

á thabhairt chun suntais go raibh ról dearfach ag an meantóireacht i dtíortha áirithe le linn na paindéime maidir le cúnamh a thabhairt do dhaoine óga saincheisteanna a réiteach, agus ar an gcaoi sin a meabhairshláinte a chur chun cinn agus nasc idirphearsanta a sholáthar a thug tuiscint ar an dearcadh chomh maith le tacaíocht shíceolaíoch in aimsir an leithlisithe; á iarraidh ar an gCoimisiún machnamh a dhéanamh ar thacaíocht a thabhairt do na cláir mheantóireachta sin agus iad a mhaoiniú ar an leibhéal Eorpach chun a bhforbairt a spreagadh sna Ballstáit uile;

14.

á aithint gur ghéaraigh géarchéim COVID-19 na neamhionannais atá ann cheana san oideachas trí theorainn a chur le deiseanna do go leor de na leanaí agus de na daoine óga is leochailí, lena n-áirítear iad siúd atá ina gcónaí i gceantair bhochta nó i gceantair thuaithe, cailíní, dídeanaithe agus daoine faoi mhíchumas; á iarraidh go ndéanfaí iarrachtaí breise chun leanaí, daoine óga agus teaghlaigh a ndéanann an phaindéim difear díréireach dóibh a shainaithint agus tacú leo, agus na tosca cultúrtha agus comhthéacsúla a mbíonn tionchar acu orthu á gcur san áireamh, chun bearnaí roimh an bpaindéim i soláthar seirbhísí meabhairshláinte a shainaithint agus chun córais phoiblí a oiriúnú ar bhealach níos fearr; ag tathant ar na Ballstáit tionchar COVID-19 a mheas trí lionsa inscne agus a áirithiú go leanfar den oideachas gnéis agus atáirgthe i ngach imthoisc;

15.

á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit aird ar leith a thabhairt ar leanaí agus ar dhaoine óga atá an-leochaileach, amhail daoine óga LADTIA+, leanaí ciníochaithe agus daoine óga, agus iad siúd a bhfuil riachtanais mheabhairshláinte acu cheana;

16.

á thabhairt chun suntais go bhfuil ról tábhachtach ag aiste bia shláintiúil agus chothrom i meabhairshláinte leanaí agus daoine óga; á áitiú, dá bhrí sin, ar an tacaíocht shóisialta thábhachtach a chuireann scoileanna ar fáil, amhail béilí cothroma laethúla, nach bhfaigheann roinnt leanaí sa bhaile ar shlí eile; á iarraidh ar na Ballstáit Moladh 4 maidir le Ráthaíocht do Leanaí a chur chun feidhme lena n-iarrtar, i measc nithe eile, go mbeadh rochtain saor in aisce ar bhéile sláintiúil amháin ar a laghad gach lá scoile;

17.

á áitiú gur gá an cistiú a mhéadú agus na deiseanna a chuirtear ar fáil le cláir amhail Erasmus+, Eoraip na Cruthaitheachta agus an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach a chur chun cinn go leormhaith, chun eispéiris soghluaisteachta a fheabhsú a chuireann le forbairt scileanna sóisialta úsáideacha agus riachtanacha le haghaidh fhás pearsanta agus gairmiúil na nglúnta óg amach anseo, agus a n-inrochtaineacht do chách a mhéadú; sa chomhthéacs sin, á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit an ghairmoiliúint a chur chun cinn agus na cláir a dhéanamh athléimneach i leith srianta soghluaisteachta a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo, chomh maith le feabhas a chur ar chomhroinnt chórasach thorthaí na dtionscadal d’fhonn a n-infheictheacht, a dtionchar méadaithe agus a dtionchar fadtéarmach a mhéadú; á iarraidh ar an gCoimisiún cistiú na gclár Aontais sin a mhéadú sa chéad athbhreithniú eile ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil;

18.

á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhféadfadh éifeachtaí na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta (STA) ar leanaí agus ar dhaoine óga a bheith teoranta in a lán cásanna agus go bhféadfadh sé nach mbeadh torthaí ná athchóirithe struchtúracha mar thoradh orthu lena gceadófaí do leanaí agus do dhaoine óga rochtain a fháil ar oideachas ardcháilíochta nó maolú a dhéanamh ar an tionchar diúltach a bhíonn ag dúnadh ionaid chultúrtha a bhaineann le COVID agus rochtain ar chruthaitheoirí cultúrtha ar thaibheoirí óga go háirithe, ar diúltaíodh an deis dóibh a ngairmeacha a thosú agus a fhorbairt ag an luathchéim ríthábhachtach; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cistiú cuí agus dálaí conarthacha agus oibre cothroma a áirithiú do gach údar óg, taibheoir, ealaíontóir agus gach cruthaitheoir cultúrtha eile, gach oibrí agus gach gairmí eile atá ag obair in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta, lena n-áirítear ar na meáin shóisialta, a ndearnadh dochar dóibh mar thoradh ar an bpaindéim, dlús a chur lena n-iarrachtaí foriomlána chun tacú le healaíontóirí agus gairmithe cultúrtha atá ag teacht chun cinn, chun an fhiontraíocht óige agus shóisialta a chur chun cinn, agus an sprioc sin a leagan síos i roinn thiomnaithe maidir le healaíontóirí óga i Stádas Eorpach an Ealaíontóra; á athdhearbhú a moladh go rachadh 10 % de na pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta chuig an oideachas agus 2 % chuig earnáil an chultúir agus na cruthaitheachta; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún grinnmheastóireacht ar na tionscadail agus ar na hathchóirithe a bhaineann leis an oideachas, le daoine óga agus le hearnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta arna gcur chun feidhme ag na Ballstáit ó RRF, agus á athdhearbhú gur gá níos mó béime a leagan ar na hábhair sin laistigh de na tuarascálacha náisiúnta arna ndréachtú laistigh de mheastóireacht an tSeimeastair Eorpaigh;

19.

ag tarraing aird ar an tábhacht a bhaineann le taithí soghluaisteachta agus le malartú dea-chleachtas i measc múinteoirí, oideachasóirí, ollúna, oiliúnóirí, saorálaithe agus gairmithe in obair don óige agus in eagraíochtaí don óige, cruthaitheoirí cultúrtha agus cóitseálaithe spóirt maidir lena gcuid eolais a leathnú i ndáil le for-rochtain don aos óg agus na gnéithe idirnáisiúnta agus ilteangacha a neartú, go háirithe i bhfianaise Limistéar Eorpach an Oideachais atá le baint amach faoi 2025;

20.

á iarraidh tuiscint iomlánaíoch ar an tsláinte lena n-áirítear folláine fhoriomlán fhisiciúil, mheabhrach agus shóisialta, agus a éilíonn straitéisí cuimsitheacha coisctheacha agus leighis, lena n-áirítear gníomhaíochtaí cultúrtha agus spóirt, agus forbairt scileanna cruthaitheacha agus sóisialta a chur chun cinn;

21.

ag cur béim ar an ngá atá le dearadh agus soláthar seirbhísí spriocdhírithe idirghlúine a chur chun cinn, ar seirbhísí iad lena gcomhcheanglaítear taithí daoine scothaosta le misneach daoine óga i staid a théann chun tairbhe don dá thaobh;

22.

a chur i bhfios go láidir go bhfuil tábhacht bhunúsach ag baint leis an gcultúr chun féiniúlacht aonair leanaí agus daoine óga a fhorbairt, mar aon lena n-oideachas, lena n-áirítear a dtuiscint ar an tsochaí, agus ar a ndea-bhail fhoriomlán;

23.

á thabhairt chun suntais go bhfuil géarghá le timpeallacht foghlama a bheidh cuimsitheach, cruthaitheach, dinimiciúil agus sláintiúil a chruthú ó aois óg chun an baol go mbeidh neamhoird shícifiseacha ann a laghdú san aosacht; ag tathant ar na Ballstáit, sa chomhthéacs sin, a áirithiú go ndéanfar gach cineál léirithe ealaíonta a chuimsiú agus a mhéadú, i.e. ceol, amharclannaíocht, pictiúrlann, clár faisnéise, beochan, na hamharcealaíona, damhsa agus foirmeacha nua ealaíne turgnamhaí, i gcuraclaim scoile agus mar ghníomhaíochtaí seach-churaclaim ealaíonta agus spóirt, agus ar an gcaoi sin léiriú agus cruthaitheacht saor in aisce a spreagadh, agus a chur ar chumas daltaí a bheith rannpháirteach go gníomhach agus a mbuanna a fhiosrú; á chur i bhfios go láidir gur féidir leis an ealaín a bheith ina gné iontach do thionscadail idirdhisciplíneacha agus gur féidir léi smaointeoireacht chriticiúil a chur chun cinn agus nár cheart, dá bhrí sin, í a theorannú do ranganna ealaíne;

24.

ag tathant ar na Ballstáit agus ar na húdaráis phoiblí bonneagar spóirt a fhorbairt agus méid an chorpoideachais agus na ngníomhaíochtaí fisiciúla seach-churaclaim i scoileanna a mhéadú go cuimsitheach, lena n-áirítear gníomhaíochtaí atá dírithe ar leanaí agus ar dhaoine óga faoi mhíchumas; á chur i bhfios go láidir gur féidir leis an spórt, amhail an ealaín, a bheith ina uirlis láidir cuimsithe do leanaí atá i mbaol eisiaimh; á mheabhrú go bhféadfadh na healaíona agus an spórt i gcuraclaim scoile cuidiú go láidir le dul i ngleic le dúshláin dhomhanda don óige agus don oideachas, lena n-áirítear deacrachtaí foghlama agus neamhoird foghlama, chomh maith le bulaíocht, fuathchaint agus tomhaltas substaintí síceatrópacha;

25.

á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacú le tionscnaimh bheaga chultúrtha áitiúla, le clubanna spóirt, le saoráidí fóillíochta, le heagraíochtaí óige agus le hinstitiúidí leasa don óige agus iad a mhaoiniú go leormhaith chun tabhairt faoi na gníomhaíochtaí foghlama áineasa agus neamhfhoirmiúla a bhfuil ról ríthábhachtach acu i bhforbairt agus i bhfolláine daoine óga agus a dteaghlaigh, trí acmhainní tacaíochta ábhartha agus síceolaíocha a chur ar fáil, lena n-áirítear do dhaoine óga ar lú iad na deiseanna a bhíonn acu nó a bhfuil orthu aghaidh a thabhairt ar idirdhealú; á chur i bhfios go láidir gurb iad na gníomhaíochtaí sin i gceantair atá faoi mhíbhuntáiste, tuaithe agus iargúlta an t-aon deis do leanaí agus do dhaoine óga sóisialta a dhéanamh, a mbraistint saoránachta a mhéadú agus leibhéal maith meabhairshláinte a choinneáil;

26.

á iarraidh go dtabharfaí tacaíocht do ghníomhaíochtaí spóirt agus seach-churaclaim an phobail, ós rud é gur fhulaing siad go díréireach mar gheall ar iarmhairtí tubaisteacha phaindéim COVID-19; á chur i bhfios go láidir gurb iad na spóirt amaitéaracha an bonn don spórt ar an leibhéal gairmiúil agus go gcuireann siad le forbairt phearsanta agus le folláine araon, chomh maith le forbairt réigiúnach na limistéar tuaithe; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé clubanna spóirt gairmiúla agus eagraíochtaí spóirt gairmiúla a choinneáil ar oscailt agus tacú lena dtéarnamh, chomh maith le tacaíocht a thabhairt lúthchleasaithe; á iarraidh ar an gCoimisiún tacú go leormhaith leis na clubanna agus na heagraíochtaí sin, ós rud é go bhfuil ról ríthábhachtach acu i bhfolláine agus i sóisialú daoine óga;

27.

á iarraidh go ndéanfaí comhordú níos fearr ar an leibhéal Eorpach idir na Ballstáit, na húdaráis réigiúnacha agus ionadaithe áitiúla na bhfoirne agus na gcumann spóirt, comhlachais chultúir, eagraíochtaí na n-óg agus na mac léinn, comhlachtaí oideachais agus ollscoile, comhpháirtithe sóisialta atá bainteach leis an oideachas agus an earnáil phríobháideach chun an t-idirphlé agus an comhar a neartú agus líonra sóisialta il-leibhéil dinimiciúil a chruthú a bheidh in ann freagairt do dhúshláin amach anseo agus iad a oiriúnú dóibh;

28.

á iarraidh ar an gCoimisiún gníomhaíocht a dhéanamh chun a áirithiú go mbeidh AE ina iomláine níos láidre agus níos féintuilleamaí, gan aon duine a fhágáil ar lár; á chur i bhfios nach mór dó aghaidh a thabhairt ar na bearnaí leathana geografacha, inscne, sóisialta, aoise agus struchtúracha eile atá níos measa de bharr easpa bonneagar digiteach, uirlisí nascachta agus digiteacha ar fud na mBallstát uile, go háirithe i limistéir thuaithe, iargúlta, oileánacha agus shléibhtiúla, agus i dteophointí nó i limistéir eile atá faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch; á iarraidh ar an gCoimisiún an raon feidhme a leathnú agus ardáin oideachais neamhbhrabúsacha AE agus atá maoinithe ag AE a neartú, ar ardáin iad a chomhlíonann caighdeáin phríobháideachais sonraí AE, amhail eTwinning, EPALE, Erasmus+ agus an Tairseach Oideachais Scoile, ionas gur féidir le scoileanna stáit, múinteoirí, oiliúnóirí agus oideoirí AE a bheith i gcroílár an phróisis oideachais dhigitigh gan brath ar ardáin a ghineann brabús; ag tarraingt aird freisin ar an ngá atá ann na riachtanais a d’fhéadfadh a bheith ag na réimsí sin a chur san áireamh i gcás paindéimí a bheidh ann amach anseo nó i gcás aon staideanna eile nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo;

29.

á chur i bhfios go láidir gur cheart iarrachtaí a dhéanamh chun an litearthacht dhigiteach a ghinearálú ar gach leibhéal den tsochaí, lena gcumasófar úsáid chuí uirlisí agus bonneagar digiteach; á iarraidh, dá bhrí sin, ar na Ballstáit litearthacht dhigiteach a áireamh i gcuraclaim na n-institiúidí foghlama uile agus an oiliúint agus an trealamh is gá a sholáthar do mhúinteoirí agus d’oideoirí; á chur i bhfáth gur cheart béim ar leith a chur orthu siúd atá eisiata go digiteach; ag tarraingt aird ar staid dheacair na bhfoghlaimeoirí ó theaghlaigh a bhfuil go leor leanaí acu agus ó thuismitheoirí ar múinteoirí iad de réir gairme, a bhfuil eisíocaíocht chostasach agus neamh-inacmhainne ag baint leis an oibleagáid a bhaineann le bheith ag obair, ag múineadh agus ag foghlaim go cianda chun tuilleadh trealaimh a cheannach, óna n-acmhainní príobháideacha measartha, chun freastal ar riachtanais na foghlama agus/nó na cianoibre;

30.

á chur i bhfios go láidir go gcuimsíonn teicneolaíochtaí digiteacha acmhainneacht shuntasach do mhúinteoirí, oiliúnóirí, oideoirí agus foghlaimeoirí ó thaobh teicneolaíochtaí inrochtana, oscailte, sóisialta agus pearsantaithe a d’fhéadfadh conairí foghlama níos cuimsithí a bhaint amach; á chreidiúint gur féidir le húsáid chliste teicneolaíochtaí digiteacha, arna spreagadh ag modhanna teagaisc nuálacha agus lena gcumhachtaítear foghlaimeoirí, príomhinniúlachtaí don saol a thabhairt do shaoránaigh; á chur i bhfios, áfach, go bhféadfadh riosca níos airde maidir le andúil agus neamhoird mheabhairshláinte a bheith mar thoradh ar easpa maoirseachta ar fhoghlaim dhigiteach daoine óga, go háirithe iad siúd i dtimpeallachtaí atá faoi mhíbhuntáiste agus iargúlta;

31.

ag tathant ar na Ballstáit infheistíocht a dhéanamh i mbeartais shonracha, faoi chuimsiú STA freisin, a fhreagraíonn do riachtanais áitiúla chun (i) na bearnaí uile atá ann cheana a dhúnadh, lena n-áirítear neamhionannais réigiúnacha inscne, eacnamaíocha, theicneolaíocha agus shóisialta; (ii) a áirithiú go bhfaighidh institiúidí oideachais agus gairmoiliúna, eagraíochtaí agus struchtúir don óige, chomh maith le foghlaimeoirí agus daoine óga i gcoitinne, tacaíocht airgeadais leordhóthanach, le béim ar leith ar na foghlaimeoirí is leochailí atá ag titim ar gcúl agus a bhfuil tacaíocht bhreise de dhíth orthu chun na spriocanna foghlama a bhfuiltear ag súil leo a bhaint amach, agus ar na scoileanna a fhreastalaíonn ar phobail inarb ann d’ardleibhéal bochtaineachta agus do líon mór mionlach; (iii) a áirithiú go mbeidh na teicneolaíochtaí, na nuálaíochtaí, na saoráidí agus na huirlisí tacaíochta foghlama is gá, lena n-áirítear uirlisí digiteacha, i bhfeidhm chun oideachas agus oiliúint ardcháilíochta a chomhdhlúthú, a fhorbairt tuilleadh agus a sholáthar, chomh maith le deiseanna foghlama neamhfhoirmiúla agus seachfhoirmiúla do chách; agus (iv) tacú le tionscnaimh chultúrtha lena dtugtar leanaí agus daoine óga le chéile faoi chuimsiú théarnamh cultúrtha na bpobal áitiúil;

32.

á thabhairt chun suntais gur féidir le noirm agus ionchais inscne atá ann cheana a bheith ina dtosca tábhachtacha a dhéanann dochar don mheabhairshláinte agus don tsláinte choirp, chomh maith le deiseanna oideachais; á thabhairt le fios go bhfuil sé ríthábhachtach acmhainneachtaí oideoirí a fhorbairt trí acmhainní leormhaithe agus tacaíocht leormhaith chun go sainaithneofar níos fearr na hiarmhairtí inscneacha a bhaineann le dúnadh an oideachais, an chultúir agus an spóirt ar shláinte agus ar fholláine níos leithne leanaí agus daoine óga agus go dtabharfar aghaidh orthu ar bhealach níos fearr; á iarraidh ar na Ballstáit córais oideachais atá athléimneach, cothrom agus inscne-fhreagrúil a chur chun cinn lena n-áiritheofar go gcomhlíonfar riachtanais inscne-shonracha, amhail oideachas cuimsitheach gnéasachta agus foréigean inscnebhunaithe a chosc agus freagairt;

33.

á dhearbhú a thábhachtaí atá sé infheistíocht a dhéanamh sa nuálaíocht agus sa taighde san oideachas, lena gcuirfear ar chumas an chórais oideachais stáit rochtain a bheith aige ar “cultúr nuálaíochta” ar fud an Aontais agus a áirithiú go mbeidh ábhair foghlama, cineálacha cur chuige oideolaíocha agus uirlisí ar ardchaighdeán inrochtana agus ar fáil saor in aisce do chách; sa chomhthéacs sin, ag tarraingt aird ar an ngá atá le creat airgeadais lena bhféadfar uirlisí digiteacha iomchuí a cheannach nó a fháil ar cíos inaisíoctha, lena n-áirítear trealamh ríomhaireachta agus rochtain ar líonra idirlín éifeachtúil;

34.

á thabhairt chun suntais gur gá dlús a chur le digiteáil acmhainní cultúrtha agus oidhreachta, chomh maith le leabharlanna closamhairc, agus scéimeanna lascaine a thabhairt isteach lena gceadófar rochtain uilíoch ar acmhainní cultúrtha, lena n-áirítear do dhaoine imeallaithe agus do scoileanna imeallacha nach bhfuil in ann síntiúis a cheannach ar rátaí lamháltais;

35.

á thabhairt chun suntais gur gá faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí agus ar na hiarmhairtí oideolaíocha, sláinte agus sábháilteachta a bhaineann leis an dul chun cinn teicneolaíoch agus digiteach trí chomhar agus idirphlé le daoine óga go díreach, chomh maith le saineolaithe, oideoirí, comhpháirtithe sóisialta oideachais, agus ionadaithe eile na sochaí sibhialta; á thabhairt le fios go bhfuil géarghá le hathbhreithniú criticiúil a dhéanamh ar na contúirtí a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le dul chun cinn digiteach agus a n-iarmhairtí dothuartha, agus é á chur san áireamh gurb é is príomhchuspóir dóibh freastal ar riachtanais daoine;

36.

ag tathant ar na Ballstáit eolaíocht agus taighde ar mheabhairshláinte daoine óga a chur chun cinn agus measúnú a dhéanamh ar thionchar fadtéarmach na ndúnadh, go háirithe an chianfhoghlaim fhada, an leithlisiú agus an éiginnteacht, maidir le sealbhú eolais, forbairt néareolaíoch agus scileanna sochmhothúchánacha, agus bearta spriocdhírithe a fhorbairt chun tacú leo siúd is mó a ndéantar difear dóibh chun fadhbanna meabhairshláinte fadtéarmacha a chomhrac agus a chosc; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit torthaí taighde, taithí agus eolas maidir le déileáil le saincheisteanna meabhairshláinte i measc daoine óga in AE a bhailiú agus a chur i gcomparáid go córasach; á iarraidh ar an gCoimisiún, thairis sin, malartú dea-chleachtas agus foghlaim fhrithpháirteach idir na Ballstáit maidir leis na hábhair sin a éascú;

37.

á iarraidh ar an gCoimisiún feasacht a mhúscailt i measc daoine óga maidir leis na tairbhí agus na rioscaí a bhaineann leis an teicneolaíocht dhigiteach, lena n-áiritheofar ní hamháin an rochtain atá acu ar uirlisí teicneolaíochta, ach freisin a gcumas chun iad a úsáid go sábháilte agus go cuí ionas go mbeidh siad ina n-ionstraimí luachmhara don sóisialú agus don daonlathas;

38.

á chur i bhfios go láidir go bhféadfadh tionchar forleathan a bheith ag tréimhsí fada a chaitear sa timpeallacht dhigiteach ar an meabhairshláinte agus ar an tsábháilteacht ar leanaí agus ar dhaoine óga, amhail tuirse scáileáin nó andúil idirlín, agus chomh maith leis sin nochtadh d’fhoréigean agus do chiapadh ar líne, chomh maith le bréagnuacht, a bhféadfadh dúlagar, imní agus eisiamh sóisialta a bheith mar thoradh orthu, ach a bhféadfadh féinmharú i measc daoine óga a bheith mar thoradh orthu freisin; á iarraidh ar an gCoimisiún iarrachtaí coisctheacha comhoibríocha agus córasacha níos mó a chur chun cinn atá dírithe ar dhaoine óga a chosaint ar an díobháil sin;

39.

á iarraidh ar an gCoimisiún Bliain Eorpach na Meabhairshláinte a ainmniú agus plean Eorpach a fhorbairt chun meabhairshláinte a chosaint san oideachas, sa ghairmoiliúint, agus san fhoghlaim neamhfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil; den tuairim gur cheart d’aon phlean den sórt sin tógáil ar thorthaí Ghrúpa Oibre Chreat Straitéiseach an Limistéir Eorpaigh Oideachais agus treoirlínte cuimsitheacha a sholáthar, samplaí den dea-chleachtas a mholadh agus dreasachtaí a chruthú do na Ballstáit chun gníomhaíochtaí tiomnaithe agus modúil oiliúna a chur ar bun, agus ar an gcaoi sin an scil is gá a thabhairt do mhúinteoirí, d’oiliúnóirí, d’oideachasóirí, d’oibrithe don óige agus d’fhostóirí chun luathchomharthaí an dóite, an struis agus an strus shíceolaíoch a aithint i measc foghlaimeoirí, daoine óga agus intéirnigh óga, nó daoine óga maidir le gairmoiliúint, d’fhonn bearta coisctheacha spriocdhírithe a ghníomhachtú;

40.

á chreidiúint gur cheart don phlean tacaíocht shíceolaíoch atá saor agus rialta a chur chun cinn do mhúinteoirí, d’oideoirí agus do ghairmithe cúraim leanaí, agus gur cheart aird ar leith a thabhairt freisin ar ghrúpaí imeallaithe agus ar ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste agus ar dhaoine faoi mhíchumas chun a riachtanais shonracha a chur san áireamh agus chun a áirithiú go mbeidh rochtain chomhionann acu ar na gníomhaíochtaí agus na deiseanna uile; á chur i bhfios go láidir gur cheart go spreagfaí leis an bplean dlús a chur leis na naisc idir institiúidí oideachais agus eagraíochtaí cultúrtha, óige agus spóirt chun gníomhaíochtaí seach-churaclaim atá fréamhaithe sa phobal i gcoitinne a sholáthar, agus é mar aidhm leis braistint chomhuintearais na bhfoghlaimeoirí a threisiú, gníomhaireacht daoine óga a chur chun cinn agus a dtiomantas sóisialta a mhéadú;

41.

á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cloí leis na moltaí ón gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa maidir le tionchar géarchéime tromchúisí ar dhaoine óga agus ar a meabhairshláinte a íoslaghdú, agus na glúnta atá le teacht a chur san áireamh ina gcuid moltaí agus tograí uile;

42.

á iarraidh ar an gCoimisiún leanúint de bhearta maolaitheacha a fhorbairt maidir leis na hiarmhairtí diúltacha a bhaineann le dúnadh COVID-19 ar leanaí agus ar dhaoine óga le linn 2023, agus úsáid a bhaint as an mbliain seo chun oidhreacht láidir Bhliain Eorpach na hÓige 2022 a mholadh don todhchaí;

43.

á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

(1)  IO C 316, 6.8.2021, lch. 2.

(2)  IO C 395, 29.9.2021, lch. 101.

(3)  IO C 465, 17.11.2021, lch. 82.

(4)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0045.

(5)  IO C 15, 12.1.2022, lch. 184.

(6)  IO L 462, 28.12.2021, lch. 1.

(7)  https://vocational-skills.ec.europa.eu/news/covid-19-how-can-vet-respond-2020-04-07_ga

(8)  https://erasmus-plus.ec.europa.eu/sites/default/files/2021-09/coronavirus-mobility-impact-results-may2020_en.pdf

(9)  Staidéar – “‘Education and Youth in post-COVID-19 Europe – crisis effects and policy recommendations”, Parlaimint na hEorpa, Ard-Stiúrthóireacht na mBeartas Inmheánach, Roinn Beartais B – Beartais Struchtúracha agus Chomhtháthaithe, 4 Bealtaine 2021.

(10)  Staidéar – “Youth in Europe: Effects of COVID-19 on their economic and social situation”, Parlaimint na hEorpa, Ard-Stiúrthóireacht na mBeartas Inmheánach, Roinn Beartais A – um an mBeartas Eacnamaíochta, um an mBeartas Eolaíochta agus um Beartas Cháilíocht na Beatha, 24 Meán Fómhair 2021.

(11)  Staidéar – “Cultural and creative sectors in post-COVID-19 Europe: Crisis effects and policy recommendations”, Parlaimint na hEorpa, Ard-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha, Roinn Beartais B – Beartais Struchtúracha agus Chomhtháthaithe, 18 Feabhra 2021.

(12)  Diez-Palomar, J., Pulido, C. agus Villarejo, B., “Distance learning from a student perspective”, tuarascáil Ad hoc NESET uimh. 3/2021.

(13)  Sternadel, D., “The impact of COVID-19 on student learning outcomes across Europe: the challenges of distance education for all” [Tionchar COVID-19 ar thorthaí foghlama mac léinn ar fud na hEorpa:Dúshláin an chianoideachais do chách, tuarascáil Ad hoc NESET uimh. 2/2021.

(14)  Koehler, C., Psacharopoulos, G. agus Van der Graaf, L., “The impact of COVID-19 on the education of disadvantaged children and the socio-economic consequences thereof”, Tuarascáil NESET-EENEE, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2022.

(15)  Di Pietro, G., Biagi, F., Costa, P., Karpiński, Z. agus Mazza, J., “The likely impact of COVID-19 on education: Reflections based on the existing literature and recent international datasets”, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2020.

(16)  Moxon, D., Bacaiso, C. agus Serban, A., “Beyond the pandemic: The impact of COVID-19 on young people in Europe”, Fóram Eorpach na hÓige, an Bhruiséil, 2022, https://www.youthforum.org/files/European20Youth20Forum20Report20v1.2.pdf

(17)  https://www.unicef.org/press-releases/impact-covid-19-poor-mental-health-children-and-young-people-tip-iceberg

(18)  Takino, S., Hewlett, E., Nishina, Y. and Prinz, C., “Supporting young people’s mental health through the COVID-19 crisis”, Freagairtí Beartais ECFE ar Choróinvíreas (COVID-19), 2021.

(19)  https://www.youngminds.org.uk/about-us/reports-and-impact/coronavirus-impact-on-young-people-with-mental-health-needs/#main-content

(20)  https://cordis.europa.eu/project/id/779318/results

(21)  https://www.mentalhealth.org.uk/sites/default/files/2022-08/MHF-Scotland-Impacts-of-lockdown.pdf

(22)  https://www.eurofound.europa.eu/ga/publications/report/2021/impact-of-covid-19-on-young-people-in-the-eu

(23)  https://you.wemove.eu/campaigns/responding-to-the-impact-of-covid-19-on-international-youth-work-mobility

(24)  IO C 224, 8.6.2022, lch. 2.

(25)  IO L 223, 22.6.2021, lch. 14.

(26)  IO C 371, 15.9.2021, lch. 6.

(27)  IO C 385, 22.9.2021, lch. 152.

(28)  IO C 404, 6.10.2021, lch. 152.

(29)  IO C 494, 8.12.2021, lch. 2.

(30)  IO C 184, 5.5.2022, lch. 88.

(31)  Tuarascáil Réigiúnach EDS maidir le Murtall san Eoraip. 2022.

(32)  https://www.eurofound.europa.eu/ga/publications/report/2020/living-working-and-covid-19

(33)  https://op.europa.eu/webpub/eac/education-and-training-monitor-2021/en/chapters/chapter1.html#ch1-1

(34)  https://www.oecd-ilibrary.org/sites/1e1ecb53-en/1/2/2/index.html?itemId=/content/publication/1e1ecb53-en&_csp_=c628cf9bcf7362d2dc28c912508045f6&itemIGO= oecd&itemContentType=book

(35)  https://www.statista.com/statistics/1287356/risk-of-depression-in-europe-2021-by-age

(36)  Alt UNICEF “The Mental Health Burden Affecting Europe’s Children” [An tUalach Meabhairshláinte a dhéanann difear do Leanaí na hEorpa] (4 Deireadh Fómhair 2021).

(37)  Eorabharaiméadar Flash Pharlaimint na hEorpa: Mná in aimsir COVID-19.


Dé Céadaoin 14. Meán Fómhair 2022

5.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 125/56


P9_TA(2022)0319

Bauhaus Eorpach nua

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Meán Fómhair 2022 maidir leis an Bauhaus Eorpach Nua (2021/2255(INI))

(2023/C 125/04)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint do Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe agus do Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe, go háirithe Sprioc 4 maidir le hoideachas ardcháilíochta, Sprioc 11 maidir le cathracha agus pobail inbhuanaithe, agus Sprioc 13 maidir le gníomhú ar son na haeráide,

ag féachaint don tuarascáil ó Phainéal Idir-Rialtasach na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide an 4 Aibreán 2022 dar teideal “Athrú Aeráide 2022: Maolú ar an Athrú Aeráide”,

ag féachaint don Chomhaontú a glacadh ag an 21ú Comhdháil de chuid na bPáirtithe i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (COP21) i bPáras an 12 Nollaig 2015 (Comhaontú Pháras),

ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiúin an 15 Meán Fómhair 2021 dar teideal New European Bauhaus: Beautiful, Sustainable, Together [Bauhaus Eorpach Nua: Ealaíonta, Inbhuanaithe, Cuimsitheach] (COM(2021)0573),

ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 10 Meitheamh 2016 dar teideal A New Skills Agenda for Europe: Working together to strengthen human capital, employability and competitiveness [Clár Oibre Nua Scileanna don Eoraip – Ag obair le chéile chun an caipiteal daonna, an infhostaíocht agus an t-iomaíochas a neartú] (COM(2016)0381),

ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 22 Bealtaine 2018 dar teideal “A New European Agenda for Culture [Clár Oibre Eorpach nua don Chultúr] (COM(2018)0267),

ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 14 Deireadh Fómhair 2020 dar teideal ‘A Renovation Wave for Europe – greening our buildings, creating jobs, improving lives’ [Rabharta Athchóirithe don Eoraip – glasú na bhfoirgneamh seo againne, cruthú post agus feabhsú na cáilíochta saoil] (COM(2020)0662),

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 30 Meitheamh 2021 dar teideal ‘A long-term Vision for the EU's Rural Areas – Towards stronger, connected, resilient and prosperous rural areas by 2040 [Fís fhadtéarmach do cheantair thuaithe an Aontais Eorpaigh – i dtreo ceantair thuaithe níos láidre, nasctha, athléimneacha agus rathúla faoi 2040] (COM(2021)0345),

ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiúin an 14 Iúil 2021 dar teideal “Oiriúnach do 55: Sprioc Aeráide 2030 an AE a sheachadadh ar an mbealach i dtreo aeráidneodracht' (COM(2021)0550),

ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiúin an 8 Márta 2022 dar teideal “REPowerEU: Gníomhaíocht Chomhpháirteach Eorpach ar mhaithe le fuinneamh níos inacmhainne, níos sláine agus níos inbhuanaithe' (COM(2022)0108),

ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 30 Samhain 2021 maidir le cultúr, ailtireacht agus timpeallacht thógtha ardcháilíochta mar phríomhghnéithe de thionscnamh an Bauhaus Eorpaigh Nua (1),

ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 15 Samhain 2018 maidir leis an bPlean Oibre don Chultúr (2019-2022) (2),

ag féachaint do rún uaithi an 20 Deireadh Fómhair 2021 maidir le staid na n-ealaíontóirí agus an téarnamh cultúrtha in AE (3),

ag féachaint do rún uaithi an 8 Márta 2022 maidir le ról an chultúir, an oideachais, na meán agus an spóirt sa chomhrac i gcoinne an chiníochais (4),

ag féachaint do rún uaithi an 17 Meán Fómhair 2020 maidir le tearnamh cultúrtha na hEorpa (5),

ag féachaint do rún uaithi an 17 Meán Fómhair 2020 maidir le huasmhéadú a dhéanamh ar acmhainneacht ó thaobh éifeachtúlacht fuinnimh i ndáil le stoc foirgneamh AE (6),

ag féachaint do rún uaithi an 17 Nollaig 2020 ar Straitéis an Aontais Eorpaigh um an oiriúnú don athrú aeráide (7),

ag féachaint do rún uaithi an 20 Eanáir 2021 maidir le leagáid bheartais éifeachtach a ghnóthú do Bhliain Eorpach na hOidhreachta Cultúrtha (8),

ag féachaint do rún uaithi an 11 Samhain 2021 maidir leis an Limistéar Eorpach Oideachais: cur chuige iomlánaíoch agus comhchoiteann (9),

ag féachaint do rún uaithi an 25 Márta 2021 maidir leis an mbeartas comhtháthaithe agus straitéisí comhshaoil réigiúnacha sa chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide (10),

ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, agus lena leagtar síos na rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh (11) (Rialachán maidir le Fís Eorpach),

ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/783 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Clár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE) (12),

ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus maidir leis an gCiste Comhtháthaithe (13),

ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/690 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear clár don mhargadh inmheánach, d”iomaíochas fiontar, lena n áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide, do réimse na bplandaí, na n-ainmhithe, an bhia agus na beatha, agus don staidreamh Eorpach (Clár an Mhargaidh Aonair) (14),

ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/694 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Clár don Eoraip Dhigiteach (15),

ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear Erasmus+: Clár an Aontais um oideachas, um oiliúint, um an óige agus um an spórt (16),

ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear an clár “Eoraip na Cruthaitheachta” (2021 go 2027) (17),

ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/888 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear Clár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh (18),

ag féachaint do “Chairt Nua Leipzig – cumhacht chlaochlaitheach na gcathracha ar mhaithe leis an leas coiteann”, a glacadh ag an gcruinniú neamhfhoirmiúil aireachta ar chúrsaí uirbeacha an 30 Samhain 2020,

ag féachaint do thuarascail ó Mheitheal Shaineolaithe na mBallstát um Modh Oscailte Comhordúcháin an 6 Deireadh Fómhair 2021 dar teideal “I dTreo Cultúr Comhroinnte Ailtireachta infheistiú i dtimpeallacht thógtha ardchaighdeáin do gach duine”.

ag féachaint do Dhearbhú Davos a ghlac Comhdháil na nAirí Cultúir an 22 Eanáir 2018 dar teideal “Towards a high-quality Baukultur for Europe” [I dtreo Baukultur ardcháilíochta don Eoraip], agus do Chóras Cáilíochta Davos Baukultur 'Ocht gcritéar le haghaidh Baukultur ardcháilíochta' a forbraíodh ina dhiaidh sin,

ag féachaint don tuarascáil deiridh ón gCoimisiún Building Better, Building Beautiful de chuid Rialtas na Ríochta Aontaithe an 30 Eanáir 2020 dar teideal 'Living with Beauty',

ag féachaint d”Airteagal 167 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe Airteagal 17 maidir leis an gceart chun maoine, Airteagal 18 maidir leis an gceart chun tearmainn, Airteagal 19 maidir le cosaint i gcás ina dtarlaíonn aistriú, díbirt nó eiseachadadh, Airteagal 26 maidir le daoine faoi mhíchumas a lánpháirtiú, Airteagal 34 maidir le slándáil shóisialta agus cúnamh sóisialta, Airteagal 36 maidir le rochtain ar sheirbhísí ar mhaithe le leas eacnamaíoch ginearálta agus Airteagal 37 maidir le cosaint an chomhshaoil,

ag féachaint do Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, go háirithe Caibidil III maidir le cosaint shóisialta agus cuimsiú sóisialta, Prionsabal 19 maidir le tithíocht agus cúnamh do dhaoine gan dídean agus Prionsabal 20 maidir le rochtain ar sheirbhísí riachtanacha,

ag féachaint don obair a rinne Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin ar an Bauhaus Eorpach Nua (NEB),

ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach, ón gCoiste um Buiséid agus ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta,

ag féachaint don tuarascáil chomhpháirteach ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh agus ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas (A9-0213/2022),

A.

de bhrí go bhfuil an Eoraip i láthair san aistriú éiceolaíoch, digiteach agus sóisialta atá á bhrostú mar gheall ar thionchar eacnamaíoch agus sóisialta COVID-19; de bhrí go bhfuil staid gheopholaitiúil na hEorpa ag athrú mar thoradh ar ionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine; de bhrí go bhfuil méadú ag teacht ar an bpobalachas, ar an antoisceachas agus ar an meon frith-Eorpach;

B.

de bhrí go bhfuil AE ag freagairt do na dúshláin a bhaineann le díghrádú comhshaoil, leis an athrú aeráide agus leis an nganntanas méadaitheach acmhainní nádúrtha, lena n-éilítear gníomhaíocht pholaitiúil fhorleathan agus uaillmhianach chun an Comhaontú Glas don Eoraip a chur chun feidhme, rud a spreagann an iarraidh ar athnuachan agus ar nuálaíocht laistigh de theorainneacha pláinéadacha; de bhrí go bhfuil an Bauhaus Eorpach Nua mar “anam” an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, agus go bhfuil sé d’aidhm aige aghaidh a thabhairt ar riachtanais spásúla agus chomhshaoil na hEorpa ar bhealach trasdisciplíneach, inbhuanaithe, cuimsitheach agus aeistéitiúil;

C.

de bhrí gur deis iontach é an t-aistriú chuig geilleagar atá aeráidneodrach faoi 2050 chomh maith le dúshlán don Aontas, dá Bhallstáit agus do ghnólachtaí ó gach earnáil; de bhrí gur gá don Bauhaus Eorpach Nua an Bauhaus bunaidh a athléiriú i bhfianaise na géarchéime aeráide, an chogaidh, na paindéime agus tubaistí nádúrtha, atá ag méadú neamhionannais shóisialta;

D.

de bhrí go gcuireann an cultúr agus saoirse na n-ealaíon go mór le beocht na sochaí, rud a chuireann ar ár gcumas maireachtáil níos fearr le chéile, sochaithe daonlathacha, cuimsitheacha agus saora a thógáil agus braistint na féiniúlachta comhroinnte agus na muintearais a fháil ar ais; de bhrí gur cheart go mbeadh an ceart ag gach duine rochtain a fháil ar chultúr agus páirt a ghlacadh ann; de bhrí go bhfuil an cultúr bunriachtanach freisin chun iniúchadh a dhéanamh ar dhúshláin chasta na sochaí agus gur áiteanna riachtanacha iad na h-ionaid cultúrtha don tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus don tsaoirse díospóireachta;

E.

de bhrí gur earnáil straitéiseach don Aontas é an cultúr a chabhraíonn lena gheilleagar a threisiú trína rannchuidiú suntasach le OTI agus le fostaíocht, agus trína rannchuidiú indíreach le hearnálacha agus tionscail eile; de bhrí go bhfuil earnálacha agus tionscail an chultúir agus na cruthaitheachta (CCSI) ar cheann de na réimsí is measa atá buailte ag an bpaindéim, go bhfuil siad ag téarnamh níos moille ná an chuid eile de gheilleagar AE agus, dá bhrí sin, gur cheart iad a chur chun cinn agus tacú leo tuilleadh; de bhrí gur féidir le NEB tuilleadh infheistíochta a chumasú san earnáil agus gur féidir le gníomhaithe éagsúla a bheith rannpháirteach ina chur chun feidhme ar an láthair;

F.

de bhrí go bhfuil an ailtireacht, an phleanáil uirbeach agus chríochach, an tsoghluaisteacht, an dearadh, na healaíona, an tsocheolaíocht agus an innealtóireacht comhlántach agus lárnach chun sochaí chuimsitheach, inbhuanaithe agus álainn a thógáil; de bhrí gur chuir géarchéim COVID-19 isteach ar na hearnálacha sin, a bhfuil ról lárnach acu maidir le taighde agus nuálaíocht a chur chun cinn don fhorbairt inbhuanaithe, cultúr tógála inbhuanaithe agus réitigh nuálacha agus éifeachtach ó thaobh spáis de i gcomhréir lenár n-aistriú glas agus digiteach;

G.

de bhrí go bhfuil géarghá le samhlacha eacnamaíocha níos inbhuanaithe a fhorbairt in earnálacha na tógála agus an fhuinnimh, a chumasaíonn an geilleagar ciorclach agus a chabhróidh le bochtaineacht fuinnimh a chomhrac agus spriocanna aeráide an Aontais a bhaint amach;

H.

de bhrí gurb iad foirgnimh is cúis le 40 % d”ídiú fuinnimh AE agus 36 % dá astaíochtaí gás ceaptha teasa ó fhuinneamh (19);

I.

de bhrí go bhfuil sé mar aidhm ag straitéis an “rabharta athchóiriúcháin” ráta an athchóirithe foirgneamh san Eoraip a dhúbailt, arb é is aidhm di níos mó ná 35 mhilliún foirgneamh a athchóiriú agus suas le 160 000 post a chruthú in earnáil na tógála;

J.

de bhrí gur ceart bunúsach é rochtain ar thithíocht; de bhrí gur géarchéim í an easpa dídine agus an easpa rochtana ar thithíocht inacmhainne ardcháilíochta i gcodanna de AE;

K.

de bhrí gur áiteanna iolrachais, cruthaitheachta agus dlúthpháirtíochta iad cathracha; de bhrí gur cailleadh caighdeán na bhfoirgneamh ar fud na hEorpa de bharr droch-phleanáil agus drochdhearadh san fhearann poiblí agus an fás ar an sraoilleáil uirbeach; de bhrí go bhfuil sé d’acmhainn ag NEB deiseanna a fhiosrú chun úsáid a bhaint as an spás teoranta i gcathracha ar bhealach inbhuanaithe, aeistéitiúil agus cuimsitheach, chun ceantair uirbeacha agus thuaithe a nascadh ar bhealach níos fearr, agus chun rannpháirtíocht na n-áitritheoirí sa phleanáil spásúlachta a áirithiú agus chun cabhrú leo an chathair a athghabháil mar spás a cruthaíodh le haghaidh imeachtaí idirghníomhaíochta agus cultúrtha;

L.

de bhrí go gcuirtear tús le todhchaí níos fearr a thógáil le hoideachas agus oiliúint ardcháilíochta, lena n-áirítear oideachas comhshaoil, gairmoiliúint agus foghlaim ar feadh an tsaoil, inter alia trí dheiseanna foghlama ar líne ar cheart iad a bheith inrochtana do chách, chomh maith le huas-sciliú agus athsciliú; de bhrí gur ceart bunúsach é rochtain ar oideachas ardcháilíochta; de bhrí go bhfuil oideachas agus cultúr ríthábhachtach don fhorbairt phearsanta agus go bhfuil ról ríthábhachtach acu i rannpháirtíocht dhaonlathach agus shibhialta na saoránach; de bhrí go n-éilíonn timpeallacht thógtha ardcháilíochta oiliúint a chur ar ghairmithe oilte, ar cheardaithe agus ar oibrithe cultúrtha; de bhrí go mbraitheann baint amach neamhspleáchas straitéiseach an Aontais ar a chumas barr feabhais a bhaint amach san oideachas, sa taighde agus sa nuálaíocht;

M.

de bhrí go bhfuil tionchar níos mó ag an athrú aeráide agus ag díghrádú comhshaoil ar an oidhreacht chultúrtha, a léiríonn luachanna pobail, agus go bhfuil dúshláin eile os a gcomhair amhail tearcinfheistíocht, drochphleanáil agus sreafaí turasóireachta a ndéantar drochbhainistiú orthu; de bhrí gur féidir le NEB rannchuidiú lena chaomhnú, lena athchóiriú, lena oiriúnú agus lena chosaint don todhchaí; de bhrí nach mór do ghairmithe in earnáil na tógála cur leis an leas coiteann tríd an oidhreacht chultúrtha a urramú;

N.

de bhrí go n-éilíonn tionscadail NEB creat rialála tacúil, a chomhlíonann reachtaíocht earnála AE agus cleachtais soláthair phoiblí inbhuanaithe;

O.

de bhrí go bhfuil gníomhaíochtaí cogaidh na Rúise ag díriú d’aon turas ar bhonneagar poiblí, ar stoc tithíochta, ar oidhreacht chultúrtha agus ar bhonneagar sibhialta eile san Úcráin;

Príomhchuspóirí

1.

á mheabhrú gur chruthaigh gluaiseacht stairiúil Bauhaus athrú paraidíme sa dearadh, san ailtireacht agus sna healaíona, le leagáidí tábhachtacha amhail barrfheabhsú an chaidrimh foirm go feidhm, agus é mar sprioc aige an cultúr a dhaonlathú, lenar tugadh athmhachnamh radacach agus nuálaíocht agus lenar léiríodh fíorathruithe cultúrtha agus sóisialta i gcomhthéacs forásach ealaíonta agus oideachais i ndiaidh an Chéad Chogadh Domhanda, agus tairbhí fíorshaoil á gcur ar fáil do dhaoine ag an am céanna; á thabhairt dá haire, ar an mbealach céanna, gur féidir leis an Bauhaus Eorpach Nua tionchar dearfach a imirt ar ár saol laethúil trí fhíorathruithe a chruthú ar an láthair agus trí rannchuidiú le haistriú cóir;

2.

á chur in iúl gur geal léi tionscnamh NEB, ar mian leis gluaiseacht chultúrtha uile-Eorpach a chruthú a rannchuideoidh le timpeallacht mhaireachtála níos cliste, níos inbhuanaithe, níos cuimsithí agus níos taitneamhaí agus lena gcothófar eolas áitiúil agus domhanda; ag cur béim ar an bhfíoras nach mór dó díriú go príomha ar cháilíocht shaol na ndaoine a fheabhsú trí spásanna maireachtála sláintiúla agus inacmhainne a chruthú, trí athmhachnamh a dhéanamh ar an status quo agus trí na spásanna, na foirgnimh, na cathracha agus na críocha ina bhfuil cónaí orthu a athrú ó bhonn, lena n-áirítear i limistéir agus réigiúin bheagfhorbartha, fho-uirbeacha, thuaithe, iargúlta nó trasteorann, i gcomhréir leis an gClár Oibre Uirbeach don Aontas agus ag tógáil ar an obair rathúil a dhéanann URBACT, agus ag an am céanna feabhas a chur ar chómhaireachtáil agus ar spás poiblí don chomhtháthú sóisialta agus críochach agus don saol daonlathach, aghaidh a thabhairt ar leithscaradh spásúil agus eisiamh stairiúil grúpaí sóisialta agus an comhshaol a chosaint le linn phleanáil agus thógáil foirgneamh agus spásanna máguaird;

3.

á aithint gur tionscnamh cruthaitheach, idirdhisciplíneach agus trasdisciplíneach é NEB lena dtugtar le chéile ailtireacht, dearadh, na healaíona agus an eolaíocht ar thús cadhnaíochta i mbeartais an Aontais den chéad uair riamh, agus é mar aidhm aige rannchuidiú le cláir agus tionscnaimh eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear a aistrithe digiteacha agus glasa, taithí inláimhsithe, dhearfach agus chuimsitheach a dhéanamh den Chomhaontú Glas don Eoraip agus gné chruthaitheach agus chultúrtha a thabhairt dó, agus ar an gcaoi sin an chéad rabharta nuálaíochta eile a sheoladh; á chur i bhfios go láidir gur gá do NEB saoránaigh a chosaint ar thubaistí nádúrtha agus ar thubaistí a bhaineann leis an aeráid trí ghné sábháilteachta a áireamh ina chuspóirí; á thabhairt dá haire go spreagfaidh sé sin bealaí nua tógála agus úsáid ábhar tógála nuálaíoch, ardcháilíochta, inbhuanaithe agus athléimneach, lena n-áirítear athchóiriú iarthubaiste;

4.

á athdhearbhú go bhfuil sé d’acmhainn ag NEB an bealach a gceaptar beartais a athchóiriú, lena n-áirítear trí dhul i dteagmháil le pobail, chun beartais agus forbairtí reachtacha a chothú a bhfuil tionchar acu ar an timpeallacht thógtha agus ar dhea-bhail an lucht saothair, agus chun timpeallacht na todhchaí a shainiú trí aghaidh a thabhairt ar an ngá atá le spásanna atá inrochtana agus curtha in oiriúint do bhealaí maireachtála nua agus athraitheacha, amhail spásanna le haghaidh cumraíochtaí teaghlaigh neamhthraidisiúnta, tithíocht ilghlúine, spásanna solúbtha comhoibre, timpeallachtaí uirbeacha atá fabhrach do leanaí agus spásanna níos sábháilte do mhná agus do dhaoine leochaileacha; á áitiú nach mór do NEB leibhéal uaillmhéine a léiriú i gcomhréir le gealltanais aeráide an Aontais agus treoirlínte a chruthú do na Ballstáit, lena n-áirítear údaráis áitiúla agus réigiúnacha, chun é a chur chun feidhme;

5.

ag cur béim ar an bhfíoras, chun go n-éireoidh leis, nach mór do NEB a bheith inrochtana, trédhearcach, inacmhainne, cothrom agus cuimsitheach go sóisialta agus go geografach agus nach mór do shaoránaigh an Aontais, d’eagraíochtaí pobalbhunaithe agus do chónaitheoirí áitiúla a bheith rannpháirteach go gníomhach ann, lena n-áiritheofar éagsúlacht shóisialta agus chríochach agus lena dtacófar le gach scála tionscadal, ar bhealach ón mbun aníos — ó dhearadh tionscadal go cur i bhfeidhm céimneach agus meastóireacht — agus bearta gníomhacha á ndéanamh ag an am céanna chun aon chur chuige éilíteach nó éifeachtaí díobhálacha a bhaineann le uaisliú a chosc agus comhairliúcháin agus rannpháirtíocht na saoránach a fheabhsú; á thabhairt chun suntais gur gá daoine óga a rannpháirtiú sa tionscnamh, go háirithe ailtirí óga, ealaíontóirí agus oibrithe sa CSSI;

6.

á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé inrochtaineacht a áirithiú do dhaoine faoi mhíchumas nó daoine faoi mhíchumas luaineachta, do dhaoine a bhfuil riachtanais speisialta acu agus do ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste, trí sheirbhísí poiblí, an saol cultúrtha, sóisialta agus eacnamaíoch a chur ar fáil do chách; á thabhairt chun suntais, ina leith sin, a thábhachtaí atá dearadh maith; ag áitiú nach mór d’acmhainní díriú freisin ar phobail eisiata, imeallaithe agus faoi mhíbhuntáiste;

7.

á mheas go bhfuil sé d’acmhainn ag an ngluaiseacht chultúrtha nuálach sin an Eoraip a chur ar thús cadhnaíochta ar fud an domhain i réimse na hailtireachta inbhuanaithe, na pleanála críochaí agus spásúla, an deartha, an chultúir, na soghluaisteachta inbhuanaithe agus na lóistíochta inbhuanaithe, na teicneolaíochta, an gheilleagair chiorclaigh, na héifeachtúlachta fuinnimh agus an fhuinnimh in-athnuaite trí bhealaí maireachtála, oibre agus rannpháirtíochta i ngníomhaíochtaí áineasa a chur chun cinn ar bhealach níos fearr le chéile, ar féidir iad a chur i bhfeidhm lasmuigh den Aontas freisin; á chreidiúint nach mór tacaíocht leordhóthanach a thabhairt don nuálaíocht shóisialta agus theicneolaíoch, lena n-áirítear trí infheistíocht phoiblí agus phríobháideach sa taighde agus san fhorbairt;

8.

ag iarraidh ar an gCoimisiún raon feidhme NEB a leathnú tuilleadh trí pháirt a thabhairt do thíortha comhlachaithe agus do thíortha comhpháirtíochta lasmuigh den Aontas a bheith rannpháirteach sa tionscnamh, lena n-áirítear trí idirphlé buan maidir le NEB; á aithint go bhfuil sé d’acmhainn ag NEB rannchuidiú le hathbhunú cathracha, sochaithe agus an gheilleagair tar éis an chogaidh, go háirithe i gcomhthéacs an chogaidh atá ar siúl faoi láthair san Úcráin agus le rannpháirtíocht CCSI na hÚcráine agus a gairmithe;

Cistiú agus rialachas

9.

á chur i bhfáth, le linn na mblianta tosaigh dá saol, nach raibh NEB in ann dul i dteagmháil le gach tír AE ná le gach páirtí leasmhar laistigh díobh; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit feasacht a mhúscailt maidir leis an tionscnamh sin agus feabhas a chur ar an gcomhordú idir gach leibhéal rialachais, ar cheart rochtain thráthúil agus chothrom a bheith aige ar fhaisnéis, ar dheiseanna agus ar chistiú; ag moladh don Choimisiún cruinnithe rialta a thionól leis na Ballstáit agus leis na tíortha comhpháirtíochta, agus pointí fócasacha a bhunú sna Ballstáit chun cur chun feidhme an NEB agus rochtain ar chistiú a éascú; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá acmhainní leordhóthanacha ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta chun tacú le cur chun feidhme NEB ar an láthair agus le samhlacha agus nósanna imeachta cistiúcháin saincheaptha, agus chun an t-ualach riaracháin a íoslaghdú;

10.

ag spreagadh na mBallstát chun an NEB a chur chun feidhme ina mbeartais náisiúnta; á chur i bhfios go láidir gur féidir le NEB cabhrú chun aghaidh a thabhairt ar na héagothromaíochtaí suntasacha idir na Ballstáit maidir lena gcumas cuspóirí NEB a bhaint amach, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú le cothrom na Féinne; ag spreagadh na n-údarás poiblí uile, lena n-áirítear institiúidí an Aontais, prionsabail NEB a ionchorprú i mbainistiú a dtimpeallacht thógtha féin agus a nósanna imeachta soláthair phoiblí féin;

11.

ag iarraidh ar an gCoimisiún samhail rialachais atá comhtháite, neamh-idirdhealaitheach, trédhearcach, cuntasach agus struchtúrtha ar bhonn críochach a chruthú do NEB, lena n-áirítear rannpháirtíocht agus úinéireacht phoiblí, trí phleanáil chríochach iomchuí agus bunaithe ar chreat rialachais uileghabhálach;

12.

ag iarraidh ar an gCoimisiún faisnéis thráthúil a chur ar fáil maidir le conas páirt a ghlacadh sa NEB, lena n-áirítear trí chúnamh teicniúil do gheallsealbhóirí leasmhara agus dea-chleachtais agus go soiléireofaí leis na critéir ghinearálta maidir le tionscadail agus tionscnaimh NEB a roghnú agus meastóireacht a dhéanamh orthu agus maidir le cistí a leithdháileadh, go háirithe:

tacú le cur chun feidhme príomhbheartais (e.g. an Comhaontú Glas, beartais chomhshaoil, thionsclaíocha, shóisialta agus chultúrtha),

prionsabail threoracha NEB na hinbhuanaitheachta, na cuimsitheachta agus na haeistéitice a leanúint, agus inspioráid a fháil ó Chóras Cáilíochta Davos Baukultur,

poist nua a chruthú ina mbeidh dálaí oibre agus deiseanna gnó ardcháilíochta, lena gcuirfear luach eacnamaíoch agus lena gcuirfear feabhas ar iomaíochas na hEorpa, i gcomhréir le prionsabail airgeadais inbhuanaithe, agus béim ar leith á leagan ar nósanna imeachta a chuíchóiriú chun iarratas a dhéanamh ar lipéad NEB agus ar chistiú ón Aontas, agus ar inmharthanacht fiontar beag agus meánmhéide (FBManna) a fheabhsú, agus cur le ciorclaíocht agus inbhuanaitheacht gheilleagar na hEorpa,

inrochtaineacht a chur chun cinn trí chritéir shonracha tionscadail a chur i bhfeidhm, chomh maith le hinacmhainneacht, cuimsitheacht, príomhshruthú inscne, éagsúlacht, iolrachas, sábháilteacht agus forbairt caipitil shóisialta shibhialta,

rannpháirtíocht agus nasc na ngeallsealbhóirí uile a chur chun cinn, lena n-áirítear rialtais áitiúla agus réigiúnacha, an tsochaí shibhialta agus eagraíochtaí faoi stiúir an phobail, daoine aonair leasmhara, gairmithe agus a n-eagraíochtaí ionadaíocha,

rannpháirtíocht CCSI, lena n-áirítear cruthaitheoirí cultúrtha,

ailíniú an NEB le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a áirithiú, i gcomhréir le táscairí Chlár Oibre 2030, gealltanas an Aontais faoi Chomhaontú Pháras, beartais aeráide, chomhshaoil, bhithéagsúlachta agus fuinnimh an Aontais, Colún Eorpach na gCeart Sóisialta agus croíluachanna Eorpacha;

13.

ag iarraidh ar an gCoimisiún prionsabail an NEB a bheith ina gcuid dhílis den reachtaíocht ábhartha uile a bheidh ann amach anseo, agus béim á leagan ag an am céanna ar an ngá atá le NEB a shioncrónú le reachtaíocht, cláir agus tionscnaimh atá ann cheana san Aontas, agus a áirithiú go dtacaíonn an creat rialála atá ann cheana, amhail an Treoir maidir le Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh agus an Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh, le huaillmhianta agus cur chun feidhme NEB;

14.

á iarraidh, ina theannta sin, go bhforbrófar critéir shonracha do na hearnálacha ábhartha, go háirithe an tógáil agus an ailtireacht, an fuinneamh, an tsoghluaisteacht, an dearadh, an teicneolaíocht, an turasóireacht, an t-oideachas agus scileanna, an ceardaíocht, an cultúr agus na healaíona, agus an oidhreacht chultúrtha, i ndlúthchomhar le geallsealbhóirí sna hearnálacha sin, agus deimhnithe agus caighdeáin earnáilsonracha á gcur san áireamh, agus go ndéanfaí gníomhaíochtaí chun sineirgí idir na hearnálacha sin a chur chun cinn; á mheabhrú go bhfuil sé ríthábhachtach cothromaíocht gheografach a chur san áireamh chun go bhféadfaidh an NEB leathadh go cothrom ar fud AE agus níos faide i gcéin; ag cur béim ar an bhfíoras, thairis sin, nach gá do thionscadail a bheith trasnáisiúnta chun lipéad an NEB a bhronnadh orthu;

15.

á chur in iúl gur oth léi an easpa soiléireachta maidir le cistiú do NEB ó 2023 ar aghaidh; á iarraidh go leasófar an Rialachán maidir le Fís Eorpach le linn an athbhreithnithe mheántéarma ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) atá ann faoi láthair chun misean NEB a chruthú a mhaoineofar le EUR 500 milliún; á chur i bhfios go láidir gur cheart go dtacódh cláir ábhartha eile leis an gclár freisin chun tionchar breise a ghiniúint agus gur féidir le cláir de chuid an Aontais atá ann cheana cuidiú le cuspóirí NEB a bhaint amach; ag iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go gcomhlánóidh NEB beartais eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear an beartas comhtháthaithe, agus go n-áireofaí tacaíocht do NEB i gcomhaontuithe comhpháirtíochta agus i gcláir chomhpháirtíochta, a fhaigheann tacaíocht ó bheartais struchtúracha agus chomhtháthaithe AE;

16.

ag iarraidh ar an gCoimisiún togra a chur síos a luaithe is féidir chun clár nua neamhspleách AE a dhéanamh de NEB faoin gcéad CAI eile, lenar cheart cistiú leordhóthanach a bheith ag gabháil le smaointe agus cuspóirí nithiúla; ag aithint na hiarrachtaí a rinne an Coimisiún chun na chéad ghlaonna ar thionscadail a sheoladh trí airgead a ghlacadh ó na cláir atá ann cheana, ach á mheas nach bhfuil a dtionchar comhréireach le leibhéal uaillmhéine an tionscadail; á áitiú go mbeidh gá le hacmhainní nua chuige sin le líne bhuiséid thiomnaithe agus chobhsaí; á chur i bhfios go láidir nár cheart don chlár nua sin maoiniú do chláir eile tearcmhaoinithe a laghdú, go háirithe Eoraip na Cruthaitheachta, Erasmus+ agus an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach, d’ainneoin na nasc agus na sineirgí a d’fhéadfadh sé a chruthú leo, ná fócas a atreorú óna dtosaíochtaí polaitiúla comhaontaithe; á chur i bhfios go láidir gur cheart acmhainní NEB a thiomnú don taighde agus don nuálaíocht go háirithe;

17.

ag iarraidh ar an gCoimisiún plean soiléir a fhorbairt chun infheistíocht phríobháideach phoiblí agus eiticiúil a mhealladh, lena n-áirítear sluachistiú, agus béim á leagan ar cheannaireacht na mban i gcaipiteal fiontair agus i ngnólachtaí nuathionscanta a chur chun cinn; ag spreagadh na mBallstát, faoi réir a raon feidhme fioscach, cistiú leordhóthanach a leithdháileadh i gcomhréir le prionsabail NEB trína bpleananna téarnaimh agus athléimneachta agus trí chistí struchtúracha agus infheistíochta na hEorpa ar thionscadail i gcomhréir le prionsabail agus cuspóirí NEB, chun forbairt inbhuanaithe a spreagadh agus comhpháirtíochtaí, a bhfuil baint ag eintitis phoiblí agus phríobháideacha leo, a chumhdach; á thabhairt dá haire go gcruthóidh sé sin torthaí nithiúla ar an láthair; á chur i bhfios go láidir gur cheart do NEB rannchuidiú freisin le spásanna agus foirgnimh a chruthú lena n-éascaítear an fhiontraíocht;

18.

á chur in iúl gur gá dul níos faide ná céimeanna an chomhdhearaidh, an tseachadta agus an scaipthe, agus a áirithiú go leanfar den smaointeoireacht chruthaitheach ag gach céim; ag iarraidh ar an gCoimisiún sásra faireacháin agus meastóireachta trédhearcach agus fianaise-bhunaithe a chur ar bun lena n-áirítear na geallsealbhóirí ábhartha uile, lenar cheart athbhreithniú leanúnach a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí uile NEB ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, lena n-áirítear a dtionchar sochaíoch agus aeráide, a dtionchar ar fhorbairt na réigiún agus ar a gcruthú luacha iarbhír le himeacht ama, agus tuairisciú go rialta don Pharlaimint agus don Chomhairle; ag dréim leis go bhfaighidh sí an chéad tuarascáil faireacháin in 2022;

Réimsí forbartha agus fócais

19.

á chreidiúint gur cheart do ghluaiseacht NEB bealaí maireachtála níos inbhuanaithe, níos cuimsithí go sóisialta agus níos nuálaí a chur chun cinn bunaithe ar shamhlacha nua iomlánaíocha pleanála, tógála agus cónaithe ár dtimpeallacht thógtha, le rannpháirtíocht fhónta na gcónaitheoirí i bpróisis chinnteoireachta, chun freastal ar riachtanais atá ag teacht chun cinn agus patrúin tomhaltais agus soghluaisteachta athraitheacha, agus chun cabhrú le tithíocht chuibhiúil, ardcháilíochta agus inacmhainne a áirithiú do chách, go háirithe do ghrúpaí leochaileacha, lena n-áirítear trí eisiamh tithíochta agus easpa dídine a chomhrac;

20.

á mheas gur deis é NEB chun athghiniúint ghlas dea-dheartha spásanna poiblí a shamhlú d’fhonn cuspóirí dícharbónaithe a bhaint amach, foirgnimh atá imithe i léig a iarfheistiú agus a chur i bhfeidhm arís, seanlimistéir thionsclaíocha a athrú ina spásanna nua uirbeacha agus poiblí, agus an bonneagar ábhartha a thógáil chun gníomhaíocht choirp, eolas agus malartuithe cultúrtha a éascú;

21.

ag iarraidh ar NEB cathracha 15 nóiméad a chur chun cinn chun na seirbhísí agus na taitneamhachtaí riachtanacha uile a dhéanamh inrochtana do shaoránaigh laistigh d’achar siúil agus chun réitigh nuálacha a chur ar fáil chun limistéir uirbeacha inbhuanaithe a fhorbairt, lena n-áirítear réitigh soghluaisteachta inbhuanaithe; á thabhairt chun suntais gur gá do NEB foirgnimh atá inacmhainne, cuimsitheach go sóisialta agus tíosach ar fhuinneamh a chur ar taispeáint, agus rannchuidiú le haistriú módach i dtreo iompar poiblí agus iompar comhchoiteann agus modhanna iompair nach bhfuil chomh truaillithe sin;

22.

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé an stoc foirgneamh atá ann cheana a athrú, a uasghrádú agus a iarfheistiú, lena n-áirítear foirgnimh atá pleanáilte agus tógtha go dona arna dtógáil ag réimis ollsmachtacha, a thábhachtaí atá sé réitigh dhúlrabhunaithe a chur i bhfeidhm amhail adhmad agus dramhaíl a laghdú agus marthanacht, in-athúsáidteacht agus ciorclaíocht a mhéadú sa timpeallacht thógtha; á áitiú gur cheart go n-áireofaí leis sin tús áite a thabhairt d’athchóiriú agus d’athúsáid oiriúnaitheach thar scartáil agus tógáil nua, de réir mar is iomchuí, deireadh a chur le bacainní a bhaineann le dramhaíl a láimhseáil agus a iompar chomh maith le feasacht daoine a mhúscailt maidir le carbón corpraithe agus stóráilte in ábhair chun cur ar a gcumas roghanna eolasacha a dhéanamh;

23.

á chur i bhfios go láidir gur cheart do NEB tacú freisin le tionscnaimh chun tithíocht shóisialta atá inacmhainne, ar ardcháilíocht agus tíosach ar fhuinneamh a thógáil agus a athchóiriú;

24.

ag iarraidh ar na Ballstáit curaclaim nuálacha oideachais a tharraingt suas i gcomhréir le prionsabail agus cuspóirí NEB don oideachas cultúrtha agus d’fhorbairt scileanna spásúla, cruthaitheacha, treoshuímh agus tarraingthe, agus príomhphrionsabail NEB agus scileanna glasa agus digiteacha a chomhtháthú laistigh d’oideachas neamhfhoirmiúil, seachfhoirmiúil agus ardoideachas, gairmoiliúint agus foghlaim ar feadh an tsaoil, lena n-áirítear trí ghairmithe ábhartha a uas-sciliú agus a athsciliú, rud a chuideoidh freisin leis an gClár Oibre Scileanna don Eoraip a chur ar fáil; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé feasacht a mhúscailt trí oideachas maidir leis an gcomhshaol agus an oidhreacht chultúrtha a urramú, i gcomhairle leis an Oideachas le haghaidh Comhghuaillíocht Aeráide; ag iarraidh ar an Aontas iarrachtaí den sórt sin a chur chun cinn; ag iarraidh ar an gCoimisiún deiseanna soghluaisteachta a bheith ina ndlúthchuid de NEB, go háirithe do mhic léinn gairmoideachais agus gairmoiliúna agus do mhic léinn ollscoile ó dhisciplíní gaolmhara agus gairmithe oilte laistigh de CCSI;

25.

ag tathant ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún gach gné de thriantán an eolais — nuálaíocht, taighde agus oideachas — a chomhtháthú trí chomhpháirtíochtaí idir institiúidí ardoideachais a chur chun cinn, lena n-áirítear trí Comhghuaillíochtaí Ollscoile Eorpacha, eagraíochtaí taighde, lena n-áirítear ionaid taighde ailtireachta agus chultúrtha, agus tionscal, lena n-áirítear micrifhiontair agus FBManna ábhartha, fiontair shóisialta agus gnólachtaí nuathionscanta, i ndlúthchomhar leis an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT) agus leis an Airmheán Comhpháirteach Taighde; á chreidiúint gur cheart do Phobal Eolais agus Nuálaíochta EIT maidir le CCSIanna a shaineolas a chur ar fáil do chuspóirí NEB, go háirithe sna Ballstáit agus sna réigiúin ina bhfuil an cumas nuálaíochta measartha;

26.

á thabhairt chun suntais go bhféadfadh NEB tacú le slándáil agus éifeachtúlacht fuinnimh trí infheistíocht a spreagadh agus trí ábhair agus réitigh ísealfhuinnimh, astaíochtaí nialasacha agus ísealcharbóin a dhreasú, lena n-áirítear trí shamhlacha comhoibritheacha agus faoi úinéireacht an phobail do tháirgeadh fuinnimh in-athnuaite agus trí thionscadail ina n-úsáidtear córais dramhtheasa agus córais chomhtháite fuinnimh;

27.

á chur i bhfios an tsaincheist phráinneach a bhaineann le praghsanna fuinnimh atá ag ardú agus leis an méadú ar bhochtaineacht fuinnimh i measc theaghlaigh AE dá bharr; á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról lárnach ag tionscadail NEB maidir le bochtaineacht fuinnimh a chomhrac agus teaghlaigh leochaileacha a chosaint trí réitigh nuálacha d’earnálacha na foirgníochta, na tógála, na tionsclaíochta agus na n-ábhar, agus é á chur san áireamh gur réamhchoinníoll é sin chun aistriú fuinnimh cóir agus cothrom a bhaint amach;

28.

á chur i bhfios go láidir go bhféadfadh NEB an t-aistriú digiteach a éascú tríd an nascacht a fheabhsú chun an deighilt dhigiteach a mhaolú, réitigh níos éifeachtúla, níos cuimsithí, níos inrochtana agus níos éicea-inbhuanaithe a bhaint amach, agus úsáid acmhainní agus scileanna áitiúla a fheabhsú;

29.

á aithint go bhfuil NEB ina chatalaíoch chun athruithe claochlaitheacha a dhéanamh sna héiceachórais chruthaitheacha, tógála agus ghnó agus tuiscint agus cáilíocht nua maidir le pleanáil, dearadh agus tógáil, lena n-áirítear trí theicneolaíochtaí digiteacha a chur i bhfeidhm ar feadh shaolré iomlán na tógála, acmhainneacht a fhorbairt chun samhlacha nuálacha agus teicneolaíochtaí digiteacha a chruthú don phleanáil uirbeach trí, i measc nithe eile, comhar trasteorann a chothú i malartú sonraí agus prionsabail na ciorclaíochta agus na héifeachtúlachta acmhainní a chuimsiú chun bogadh i dtreo neodracht carbóin;

30.

ag iarraidh ar NEB dreasachtaí a chruthú chun úsáid teicneolaíochtaí agus ábhar inbhuanaithe agus marthanach a spreagadh, agus fuinneamh cliste agus réitigh chomhshaoil agus nuálaíocht in ábhair, próisis, uathoibriú agus teicnící a chur chun cinn ar bhealach in-athnuaite, in-athchúrsáilte agus costéifeachtúil lena laghdaítear astaíochtaí ceaptha teasa, amhail eilimintí réamhdhéanta le hábhair inbhuanaithe, bonneagar fótavoltach nó luchtaithe, ábhair bhithfhoinsithe agus gheofhoinsithe, agus teicnící tógála a tástáladh go háitiúil; á chur i bhfáth, sa chomhthéacs sin, a thábhachtaí atá sé éascú a dhéanamh ar na soláthairtí is gá chun na hábhair foirgníochta sin a tháirgeadh, lena n-áirítear amhábhair, agus cothrom iomaíochta á ráthú ag an am céanna trí shaobhadh margaidh a sheachaint;

31.

á aithint go bhfuil gné chultúrtha NEB ríthábhachtach dá ghné shóisialta agus dhaonlathach; ag iarraidh ar an gCoimisiún, ag an am céanna, modheolaíocht deartha atá bunaithe ar fhianaise a shainiú agus a fhorbairt chun a áirithiú go mbeidh na próisis chun spásanna, foirgnimh, cathracha agus críocha a athrú ó bhonn bunaithe ar thaighde eolaíoch chun na torthaí is fearr is féidir a bhaint amach;

32.

á chur in iúl gur geal léi an cur chuige nuálach comhtháite atá á mholadh ag NEB trí úsáid éifeachtúil a bhaint as an spás, trí chaomhnú, athchóiriú, luacháil, cur chun cinn agus athúsáid na hoidhreachta stairiúla, cultúrtha agus nádúrtha; ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit leas a bhaint as NEB mar dheis chun oidhreacht chultúrtha shaibhir na hEorpa a chosaint níos fearr ar thionchar an díghrádaithe comhshaoil, na turasóireachta a bhainistítear go dona agus ar dhúshláin eile; á chur i bhfios go láidir, trí athchóiriú cliste, lena n-áirítear feabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh, claochlú agus athúsáid oiriúnaitheach, gur féidir le láithreáin chultúrtha agus oidhreachta úsáidí nua agus leathnaithe a aimsiú; á aithint gur bealach é an digitiú chun an oidhreacht chultúrtha a luacháil;

Cur chun feidhme

33.

ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit an NEB a nascadh leis an Rabharta Athchóiriúcháin, agus leas á bhaint as na réitigh nuálacha a chuirtear ar fáil leis an tionscadal san athchóiriú cuimsitheach, iomlánaíoch, ardcháilíochta agus is fearr ó thaobh costais de ar ár stoc foirgneamh; á chur i bhfios go láidir gur cheart go mbeadh sé sin bunaithe ar anailís chúramach ar shaolré na bhfoirgneamh agus aird á tabhairt ar an gcomhthéacs atá sonrach don láithreán, lena n-áirítear saintréithe aeistéitiúla agus ailtireachta áitiúla, a théann níos faide ná éifeachtúlacht fuinnimh chun feabhsuithe ar cháilíocht na timpeallachta laistigh, fuinneamh in-athnuaite, marthanacht, inrochtaineacht, sábháilteacht agus díothú substaintí díobhálacha a áireamh; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit gníomhaíocht a dhéanamh chun an ráta athchóirithe a uas-scálú go tapa, inter alia trí bhacainní breise a chuireann bac ar athchóiriú a sheachaint;

34.

á chreidiúint gur cheart measúnú a dhéanamh ar thionchair chomhshaoil agus shóisialta gach tionscadail NEB le linn a saolré;

35.

ag iarraidh ar an gCoimisiún Leibhéal/Leibhéil a chomhtháthú tuilleadh, an creat nuabhunaithe d’fhoirgnimh inbhuanaithe, chun inbhuanaitheacht laistigh den earnáil a fheabhsú; á chur i bhfios go láidir gur gá an creat a bharrfheabhsú chun é a dhéanamh níos inrochtana do ghairmithe in earnáil na tógála; á áitiú go ndéanfaí an creat a nuashonrú go leanúnach chun torthaí agus conclúidí nua ó thionscadail NEB a chur san áireamh;

36.

ag tacú le lipéad NEB a chruthú, i gcomhpháirtíocht leis na geallsealbhóirí ábhartha, bunaithe ar chritéir shoiléire arna gcur i bhfeidhm ar bhealach cuimsitheach agus iomlánaíoch, measúnú a dhéanamh ar luach an tionscadail a bhaineann le hinbhuanaitheacht, eacnamaíoch, comhshaoil agus sóisialta agus sineirgí a chur chun cinn le lipéid agus uirlisí atá ann cheana, chun aitheantas a thabhairt do thionscadail agus do tháirgí chun príomhspriocanna NEB a bhaint amach agus chun cabhrú leo rochtain a fháil ar chistiú; ag iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go gcruthóidh scéimeanna cistiúcháin AE dreasachtaí chun iarratas a dhéanamh ar an lipéad, lena n-áirítear do thionscadail faoi stiúir saoránach agus faoi stiúir an phobail; á iarraidh go ndéanfar iniúchadh maidir le glacadh an lipéid sa mhargadh; á chur i bhfios go láidir gur cheart tionscadail NEB in earnáil na tógála a bheith bunaithe ar anailís chúramach ar shaolré foirgnimh agus ar anailís chostais saolré;

37.

ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit rannpháirtíocht dhíreach na n-údarás áitiúil agus réigiúnach a spreagadh i ndearadh agus i gcur chun feidhme tionscadal, lena n-áirítear trí threoirlínte mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm a fhorbairt agus a n-acmhainneacht a fhorbairt chun an NEB a chur chun feidhme; ag tathant ar údaráis réigiúnacha agus áitiúla imscrúdú a dhéanamh ar an gcaoi ar féidir le hinstitiúidí cultúrtha áitiúla tairbhe a bhaint as prionsabail NEB a chur chun feidhme, go háirithe chun a lorg aeráide a mhaolú;

38.

ag cur béim ar an bhfíoras, i ndáil leis an méid sin, gur féidir leis an réamhghníomhaíocht maidir le “Ardán Nua Eorpach um Bainistiú Eolais Bauhaus” i mbuiséad 2022 cabhrú le treoir a chuíchóiriú agus faisnéis a chomhroinnt maidir le deiseanna cistiúcháin d’iarratasóirí ionchasacha agus gur féidir í a leathnú tuilleadh ó 2023;

39.

ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé go mbeadh níos mó solúbthachta ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha chun triail a bhaint as tionscadail NEB agus á chur i bhfios go láidir an acmhainneacht a bhaineann le “clár rialála a rith sa bhosca gainimh” a cheadú chun borradh a chur faoin nuálaíocht laistigh den gheilleagar ciorclach agus laistigh de NEB;

40.

á chreidiúint gur cheart go mbeadh NEB mar chuid de Chomhaontú Cultúrtha níos leithne don Eoraip; á thabhairt chun suntais gur cheart do NEB acmhainneacht neamhshaothraithe CCSI a ghlacadh agus a chur chun cinn, lena n-áirítear cruthaitheoirí cultúrtha, mar thiomántóirí don fhás eacnamaíoch inbhuanaithe agus mar fhoinse do sheirbhísí agus do tháirgí nuálacha ardcháilíochta, trí rannpháirtíocht CCSI a ráthú, arna dtacú le treoirlínte spriocdhírithe agus deiseanna nua a chur ar fáil don chomhar, don fhoghlaim fhrithpháirteach, d’fhothú acmhainneachta agus do mhalartú cultúrtha, agus dálaí oibre cothroma agus luach saothair cothrom dóibh siúd lena mbaineann á n-áirithiú ag an am céanna; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart inbhuanaitheacht chomhshaoil na n-imeachtaí cultúrtha a bhaineann le NEB a chur chun cinn;

41.

ag iarraidh ar an gCoimisiún a cheadú do Pharlaimint na hEorpa a bheith níos rannpháirtí sna comhlachtaí ábhartha NEB amhail an cruinniú comhchéime ardleibhéil;

42.

á iarraidh go rannchuideoidh Saotharlann NEB a bheidh ann amach anseo leis an taighde agus leis an nuálaíocht laistigh de réimsí fócais NEB; á thabhairt chun suntais gur gá don tSaotharlann NNE moltaí nuálacha a dhéanamh, comhoibriú le hinstitiúidí eile, le rialtais náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, agus le geallsealbhóirí, lena n-áirítear an tsochaí shibhialta agus grúpaí pobail, agus rialacha soiléire agus trédhearcacha oibriúcháin agus tuairiscithe a bhunú i gcomhréir leis an tionscnamh; ag tathant ar an gCoimisiún dlús a chur le feidhmiú céimneach na Saotharlainne agus acmhainní leordhóthanacha a chur ar fáil dó;

43.

á chur in iúl gur geal léi gur cruthaíodh Féile NEB agus Dámhachtainí bliantúla NEB, lenar cheart éagsúlacht shaibhir chultúrtha an Aontais a léiriú agus sineirgí a lorg le dámhachtainí agus imeachtaí Eorpacha ábhartha eile; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé imeachtaí NNE a eagrú ar fud na hEorpa chun teagmháil a dhéanamh le níos mó daoine agus feasacht a mhúscailt faoin tionscnamh, lena n-áirítear trí imeachtaí sonracha, féilte agus trí Bhliain Eorpach NEB a chruthú;

44.

ag iarraidh ar an gCoimisiún cinn scríbe fhéilte bliantúla NEB a phleanáil agus cathracha Eorpacha arna roghnú ag UNESCO mar “Phríomhchathracha Ailtireachta Domhanda” á gcur san áireamh; á mholadh go dtionólfaí an fhéile NEB sna cathracha sin de chuid an Aontais a roghnaítear mar Phríomhchathracha Ailtireachta Domhanda chun feabhas a chur ar chur chun cinn ailtireacht agus nuálaíocht na hEorpa;

45.

ag iarraidh ar an gCoimisiún bunachar sonraí poiblí, digiteach agus inrochtana go poiblí de thionscadail agus de ghníomhaíochtaí NEB a chruthú agus a nuashonrú go rialta chun torthaí an tionscnaimh a dhéanamh níos infheicthe, chun an NEB a fhorbairt tuilleadh bunaithe ar dhea-chleachtais, lena n-áirítear laistigh d’earnáil an chultúir, agus chun comhroinnt eolais, taighde agus forbairt a neartú;

46.

Iarrann sí go bhfeabhsófar iarrachtaí cumarsáide, for-rochtana agus infheictheachta an NEB, agus an t-ilteangachas á urramú, chun eolas daoine ar an tionscnamh agus tacaíocht dó agus a rannpháirtíocht sa tionscnamh a mhéadú, go háirithe trí ghníomhaíochtaí rannpháirteacha for-rochtana poiblí, lena n-áirítear trí na meáin shóisialta agus trí mheán digiteach. foilseacháin, amhail feachtais mhúscailte feasachta, ardán a sholáthraíonn faisnéis, dea-chleachtais na dtionscadal NEB ó na Ballstáit ar fad agus ábhar oideachais, lena n-áirítear modúl ar an NEB, cruthú uirlisí agus spásanna a éascaíonn piarfhoghlaim, malartú smaointe agus eolas, agus suirbhéanna chun tionchar na dtionscadal NEB a mheas;

o

o o

47.

á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

(1)  IO C 501 I, 13.12.2021, lch. 13.

(2)  IO C 460, 21.12.2018, lch. 12.

(3)  IO C 184, 5.5.2022, lch. 88.

(4)  Téacsanna arna nglacadh: P9_TA(2022)0057.

(5)  IO C 385, 22.9.2021, lch. 152.

(6)  IO C 385, 22.9.2021, lch. 68.

(7)  IO C 445, 29.10.2021, lch. 156.

(8)  IO C 456, 10.11.2021, lch. 24.

(9)  IO C 205, 20.5.2022, lch. 17.

(10)  IO C 494, 8.12.2021, lch. 26.

(11)  IO L 170, 12.5.2021, lch. 1.

(12)  IO L 172, 17.5.2021, lch. 53.

(13)  IO L 231, 30.6.2021, lch. 60.

(14)  IO L 153, 3.5.2021, lch. 1.

(15)  IO L 166, 11.5.2021, lch. 1.

(16)  IO L 189, 28.5.2021, lch. 1.

(17)  IO L 189, 28.5.2021, lch. 34.

(18)  IO L 202, 8.6.2021, lch. 32.

(19)  Coimisiún, “In focus: Energy efficiency in buildings”, ['Réimse Fócais: Éifeachtúlacht fuinnimh i bhfoirgnimh'], 17 Feabhra 2020.


Déardaoin 15. Meán Fómhair 2022

5.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 125/67


P9_TA(2022)0320

Sáruithe ar chearta an duine i gcomhthéacs díbirt éigeantais sibhialtach de chuid na hÚcráine chuig an Rúis agus uchtú éigeantais leanaí de chuid na hÚcráine sa Rúis

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Meán Fómhair 2022 maidir le sáruithe ar chearta an duine i gcomhthéacs díbirt éigeantais sibhialtach de chuid na hÚcráine chuig an Rúis agus uchtú éigeantais leanaí de chuid na hÚcráine sa Rúis (2022/2825(RSP))

(2023/C 125/05)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint do na rúin uaithi roimhe seo maidir leis an Úcráin agus an Rúis, go háirithe na rúin uaithi an 7 Aibreán (1), an 5 Bealtaine (2) agus an 19 Bealtaine (3) 2022,

ag féachaint do Chairt na Náisiún Aontaithe,

ag féachaint do Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine,

ag féachaint don Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla,

ag féachaint do Choinbhinsiúin na Háige,

ag féachaint do Choinbhinsiúin na Ginéive agus dá bprótacail bhreise,

ag féachaint do Reacht na Róimhe den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta;

ag féachaint don Choinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir leis an Uile Dhuine a Chosaint ón bhFuadach Forfheidhmithe,

ag féachaint do Choinbhinsiún an 20 Samhain 1989 um Chearta an Linbh agus do na prótacail bhreise a ghabhann leis,

ag féachaint don Choinbhinsiún maidir le Coir an Chinedhíothaithe a Chosc agus a Phionósú,

ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle Eorpach maidir leis an Úcráin an 30 Bealtaine 2022,

ag féachaint do thuarascálacha na hEagraíochta um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE) maidir le sáruithe ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta agus ar an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine, ar choireanna cogaidh agus ar choireanna in aghaidh an chine dhaonna a rinneadh san Úcráin, an 13 Aibreán 2022 agus an 14 Iúil 2022,

ag féachaint do na tuarascálacha ó Choimisinéir um Chearta an Duine i bParlaimint na hÚcráine,

ag féachaint don phlé a rinneadh i gComhairle Slándála na Náisiún Aontaithe an 7 Meán Fómhair 2022 maidir le heasáitiú agus díbirt éigeantais saoránach de chuid na hÚcráine chomh maith le huchtú éigeantais leanaí de chuid na hÚcráine sa Rúis,

ag féachaint don tuarascáil ó Human Rights Watch dar teideal We Had No Choice: “Filtration” and the Crime of Forcibly Transferring Ukrainian Civilians to Russia [Ní raibh aon Rogha againn: “Scagachán” agus an Choir lena ndéantar sibhialtaigh na hÚcráine a aistriú go héigeantach chuig an Rúis], an 1 Meán Fómhair 2022,

ag féachaint do Rialacha 144(5) agus 132(4) dá Rialacha Nós Imeachta,

A.

de bhrí gur athsheolaigh Cónaidhm na Rúise cogadh foghach gan chúis, gan údar agus neamhdhleathach i gcoinne na hÚcráine an 24 Feabhra 2022; de bhrí go bhfuil sáruithe ollmhóra agus tromchúiseacha ar chearta an duine agus coireanna cogaidh déanta ag an Rúis ó thús a hionraidh iomláin ar an Úcráin, lena n-áirítear ollmharuithe sibhialtach agus príosúnach cogaidh, céasadh, foréigean gnéasach, fuadach éigeantais, díbirt éigeantais, creachadh, agus bac a chur ar aslonnú agus ar chonbhuanna daonnúla, rudaí a bhfuil toirmeasc orthu go léir faoin dlí idirnáisiúnta agus nach mór iad a ionchúiseamh;

B.

de bhrí go measann Coimisinéir Pharlaimint na hÚcráine um Chearta an Duine (an tOmbudsman) gur díbríodh níos mó ná 1 mhilliún Úcránach go héigeantach chuig Cónaidhm na Rúise ón 24 Feabhra 2022 i leith, go minic chomh fada ar shiúil le Cianoirthear na Rúise; de bhrí go léiríonn foinsí éagsúla gur meastachán róbheag atá sna huimhreacha sin – is 2,5 milliún an líon is airde a mheastar a bheith ann – agus go bhfuil líon na ndaoine i gceist ag dul i méid i rith an ama; de bhrí go léiríonn díbirt éigeantais ón Úcráin, arna héascú ag na “campaí scagacháin”, mar a thugtar orthu, cosúlachtaí láidre stairiúla le holldíbirt éigeantais Shóivéadach agus le sluachampaí géibhinn Gulag; de bhrí gur coir chogaidh é an t-aistriú éigeantais agus d’fhéadfadh sé gur cóir in aghaidh na daonnachta é freisin;

C.

de bhrí go bhfuil díbirt éigeantais mhórscála saoránach de chuid na hÚcráine chuig Cónaidhm na Rúise aitheanta ag eagraíochtaí idirnáisiúnta amhail ESCE nó na Náisiúin Aontaithe mar cheann de na sáruithe is tromchúisí ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta dá bhfuil déanta ag Cónaidhm na Rúise ina cogadh foghach i gcoinne na hÚcráine;

D.

de bhrí gur dheimhnigh Oifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine (OHCHR) gurb ann don “scagachán”, mar a thugtar air, lena ngabhann scagadh slándála atá ar mhórscála, éigeantach, pionósach agus mí-úsáideach agus a bhfuil sáruithe iomadúla ar chearta an duine i gcoinne shaoránaigh de chuid na hÚcráine mar thoradh air; de bhrí gurb amhlaidh i ndáiríre a rinneadh sibhialtaigh de chuid na hÚcráine a imtheorannú agus iad ag fanacht le dul faoin bpróiseas sin, próiseas a mhair idir cúpla uair an chloig go beagnach mí ar fad; de bhrí, le linn an “scagacháin”, go gcuirtear saoránaigh de chuid na hÚcráine faoi cheastóireacht mhionsonraithe, go ndéantar cuardach coirp orthu, agus nochtacht éigeantais i gceist uaireanta, agus go ndéantar céasadh orthu; de bhrí, in imthosca den sórt sin, go mbíonn mná agus cailíní de chuid na hÚcráine i mbaol teacht i dtír gnéasach;

E.

de bhrí gur próiseas córasach an próiseas “scagachán” agus gurb ionann é agus ollchleachtadh neamhdhleathach bailithe sonraí, lena gcuirtear méideanna ollmhóra sonraí pearsanta faoi shibhialtaigh de chuid na hÚcráine, lena n-áirítear a gcuid sonraí bithmhéadrachta, ar fáil d’údaráis na Rúise; de bhrí gur sárú soiléir é sin ar an gceart chun príobháideachta agus go bhféadfadh sé na daoine ar a ndéantar é a chur i mbaol go ndéanfaí iad a spriocdhíriú amach anseo;

F.

de bhrí, le linn an phróisis sin, gur minic a dhéanann údaráis na Rúise pasanna de chuid na hÚcráine a choigistiú agus na hÚcránaigh a chur faoi iallach comhaontuithe a shíniú chun fanacht sa Rúis, rud a chuireann bac ar a gcumas filleadh abhaile, agus is cosúil gur iarracht é comhdhéanamh déimeagrafach na hÚcráine a athrú; de bhrí, chomh maith le díbirt agus uchtú éigeantais, go bhfuil an Rúis, mar chuid dá coincheap geopholaitiúil “Russkij mir” (“domhan Rúiseach”), i mbun Rúisiú luathaithe sna críocha de chuid na hÚcráine atá faoi fhorghabháil aici;

G.

de bhrí go ndéantar saoránaigh de chuid na hÚcráine a “dteipeann orthu” sa phróiseas scagacháin a choinneáil agus a aistriú chuig ionaid choinneála agus pianchoilíneachtaí sa Rúis, agus go mbíonn siad i mbaol mórdhíobhála, lena n-áirítear céasadh agus drochíde, nó go ndéantar fuadach éigeantais orthu; de bhrí go bhfuil tuairiscí inchreidte doiciméadaithe ag OHCHR maidir le leanaí a bheith á scaradh óna dteaghlaigh nuair nár éirigh leis an duine fásta a bhí i dtionlacan leo sa phróiseas “scagacháin”;

H.

de bhrí go mbíonn leanaí atá ag teitheadh ón gcogadh, go háirithe nuair a bhíonn siad gan tionlacan, i mbaol méadaithe foréigin, mí-úsáide agus dúshaothraithe chomh maith le dul ar iarraidh agus a bheith ina n-íospartaigh gáinneála, go háirithe agus iad ag bogadh thar theorainneacha, agus go mbíonn cailíní go háirithe i mbaol foréigin inscnebhunaithe;

I.

de bhrí gur mhaígh Ombudsman na hÚcráine, an 3 Meán Fómhair 2022, gur tógadh níos mó ná 2 000 000 leanbh le héigeantas chuig Cónaidhm na Rúise cheana féin agus é mar aidhm leis sin iad a chur ar fáil lena n-uchtú ag teaghlaigh Rúiseacha agus go bhféadfadh sé imthosca díbirte éigeantais 200 000 leanbh de chuid na hÚcráine a fhíorú; de bhrí go bhfuil údaráis na Rúise ag scaradh leanaí Úcránacha d’aon turas óna dtuismitheoirí agus daoine eile a fhuadach ó dhílleachtaí, ó institiúidí eile leanaí agus ó ospidéil sula gcuirtear suas iad lena n-uchtú laistigh den Rúis; de bhrí go bhfuil an ghníomhaíocht sin a dhéanann Cónaidhm na Rúise de chineál córasach agus forleathan, lena n-áirítear, i measc cionta eile, díothú thaifid phearsanta na ndaoine a dhíbrítear;

J.

de bhrí gur chruthaigh an Úcráin an tairseach “Leanaí an Chogaidh” chun ligean do thuismitheoirí leanaí a cailleadh, a easáitíodh agus a díbríodh na sonraí uile atá ar fáil a roinnt;

K.

de bhrí, a luaithe a bhíonn leanaí i gcríocha atá faoi fhorghabháil na Rúise nó sa Rúis, gur fíorchasta an áit a fhágáil nó iad a athaontú lena gcaomhnóirí; de bhrí, gan nósanna imeachta foirmiúla a bheith i bhfeidhm chun leanaí as an Úcráin a fhilleadh ar an Úcráin nó chun iad a athaontú lena gcaomhnóirí agus lena gcúramóirí, gur ar dhaoine aonair den chuid is mó atá an próiseas sin le tacaíocht ó shaorálaithe áitiúla, ó ENRanna, agus ó chaibidlíocht rúnda;

L.

de bhrí, an 25 agus an 30 Bealtaine 2022, gur shínigh an tUachtarán Vladimir Putin foraithní lenar simplíodh an nós imeachta maidir le saoránacht na Rúise a dheonú do shaoránaigh na hÚcráine, lena n-áirítear leanaí atá gan cúram tuismitheora, agus maidir le leanaí as an Úcráin a uchtú ag teaghlaigh Rúiseacha, agus ar an gcaoi sin a bhfilleadh ar an Úcráin a dhéanamh níos casta agus asamhlú éigeantach leanaí na hÚcráine a éascú; de bhrí gur tugadh saoránacht na Rúise do na céadta leanbh ón Úcráin ó shin agus gur seoladh chuig tuismitheoirí nua iad i réigiúin éagsúla sa Rúis;

M.

de bhrí go dtoirmisctear go haonchiallach leis an dlí idirnáisiúnta díbirt laistigh de chríoch faoi fhorghabháil nó díbirt ó chríoch faoi fhorghabháil chuig críoch na cumhachta forghabhála, ar sárú tromchúiseach é ar Choinbhinsiúin na Ginéive agus ar choir chogaidh é faoi Reacht na Róimhe den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta; de bhrí go gcuireann an dlí agus an cleachtas idirnáisiúnta toirmeasc ar uchtú le linn éigeandálaí nó díreach ina ndiaidh; de bhrí gur ghlac an Úcráin moratóir maidir le huchtuithe idir tíortha sna laethanta tosaigh den chogadh; de bhrí go gcuireann Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh agus Coinbhinsiún na Ginéive maidir le Cosaint Daoine Sibhialta in Aimsir Chogaidh toirmeasc ar chumhachtaí forghabhála, stádas pearsanta leanaí a athrú, lena n-áirítear a náisiúntacht;

N.

de bhrí, de réir Airteagal II de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Coir an Chinedhíothaithe a Chosc agus a Phionósú, gur cinedhíothú é leanaí de chuid grúpa a aistriú le forneart chuig grúpa eile, agus é mar rún grúpa náisiúnta, eitneach, ciníoch nó reiligiúnach a scriosadh, go hiomlán nó go páirteach;

O.

de bhrí gur cosúil go bhfuil baol ar leith ann do dhaoine scothaosta, daoine faoi mhíchumas agus grúpaí leochaileacha eile go mbeidís sáinnithe i limistéar atá faoi fhorghabháil na Rúise nó sa Rúis, ós rud é gur minic a chuirtear iad i saoráidí in aghaidh a dtola amhail tithe altranais sa Rúis nó i limistéir atá faoi fhorghabháil na Rúise; de bhrí gur institiúidí dúnta iad na saoráidí sin, agus go mbaintear an bonn de cheart daoine leochaileacha chun saoirse gluaiseachta má chuirtear sna saoráidí sin iad;

P.

de bhrí go bhfuil deacrachtaí suntasacha ag saoránaigh na hÚcráine sa Rúis agus i gcríocha atá faoi fhorghabháil na Rúise , amhail easpa cóir mhaireachtála, neamhábaltacht hryvnia na hÚcráine a mhalartú nó cistí a aistarraingt ó chártaí bainc, easpa éadaí agus earraí sláinteachais, agus neamhábaltacht teagmháil a dhéanamh le gaolta; de bhrí go bhfuil sibhialtaigh na hÚcráine á n-athlonnú le forneart chuig limistéir atá faoi bhrú eacnamaíoch nó chuig áiteanna iargúlta sa Rúis, go minic sa tSibéir agus go bhfágtar ann iad gan aon bhealach chun filleadh; de bhrí gur minic a bhíonn deacrachtaí ag daoine a dhéanann iarracht an Rúis a fhágáil toisc nach bhfuil doiciméid chuí aitheantais acu, tar éis dóibh iad a fhágáil ina ndiaidh san Úcráin agus iad ag teitheadh ón gcogadh nó tar éis d’údaráis na Rúise iad a choigistiú;

Q.

de bhrí go bhfuil insint shaofa ar an Dara Cogadh Domhanda mar bhonn taca faoi bholscaireacht na Creimile lena dtugtar bonn cirt do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine;

1.

ag cáineadh, go neamhbhalbh, cogadh foghach Chónaidhm na Rúise i gcoinne na hÚcráine, chomh maith le rannpháirtíocht ghníomhach na Bealarúise sa chogadh sin, agus ag éileamh go gcuirfeadh an Rúis deireadh láithreach le gach gníomhaíocht mhíleata san Úcráin agus go dtarraingeodh sí gach fórsa agus trealamh míleata siar gan choinníoll ó chríoch iomlán na hÚcráine, a aithnítear go hidirnáisiúnta; ag cur a dlúthpháirtíocht iomlán le muintir na hÚcráine in iúl, ag tacú go hiomlán le neamhspleáchas, ceannasacht agus iomláine chríochach na hÚcráine laistigh dá teorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta agus á chur i bhfios go láidir gur sárú tromchúiseach ar an dlí idirnáisiúnta é an cogadh seo;

2.

ag cáineadh go láidir na hainghníomhartha tuairiscithe a rinne fórsaí armtha na Rúise, a seach-ionadaithe agus na húdaráis forghabhála éagsúla, go háirithe díbirt shibhialtaigh na hÚcráine le forneart, lena n-áirítear leanaí, chuig an Rúis, chomh maith le cleachtais uafásacha na Rúise sna “campaí scagacháin”, mar a thugtar orthu, ina bhfuil teaghlaigh scartha agus daoine a mheastar a bheith “neamhiontaofa” imithe gan tásc ná tuairisc;

3.

á iarraidh ar an Rúis cloí go hiomlán lena hoibleagáidí faoin dlí idirnáisiúnta agus deireadh a chur láithreach le sibhialtaigh na hÚcráine a dhíbirt nó a aistriú le forneart chuig an Rúis agus chuig na críocha atá faoi fhorghabháil ag an Rúis, deireadh a chur le leanbh a dhíbirt nó a aistriú le forneart chuig na críocha atá faoi fhorghabháil ag an Rúis agus chuig Cónaidhm na Rúise, agus deireadh a chur le haon uchtáil leanaí idir tíortha a aistrítear ó chríoch iomlán na hÚcráine, ar chríoch í a aithnítear go hidirnáisiúnta, á iarraidh ar an Rúis an reachtaíocht uile lena n-éascaítear uchtáil leanaí as an Úcráin a aisghairm;

4.

ag cur béim ar an bhfíoras gur gá d’eagraíochtaí idirnáisiúnta agus Eorpacha, lena n-áirítear Coiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge, Oifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe, an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce agus OHCHR, rochtain gan srian a bheith acu ar chuairt a thabhairt ar na campaí “scagacháin” agus ar áiteanna eile ina bhfuil saoránaigh na hÚcráine lonnaithe tar éis dóibh a bheith a aistrithe chuig an Rúis agus chuig na críocha atá faoi fhorghabháil na Rúise, chun faireachán a dhéanamh ar na saoráidí sin agus chun cúnamh a thabhairt do na saoránaigh sin as an Úcráin ar mian leo filleadh ar chríoch na hÚcráine é sin a dhéanamh, agus do na saoránaigh sin as an Úcráin ar mian leo dul chuig tríú tír chun tearmann a lorg agus iarratas a dhéanamh ar stádas dídeanaí agus/nó ar athaontú teaghlaigh gan dul tríd an Úcráin;

5.

á éileamh ar Chónaidhm na Rúise faisnéis a chur ar fáil láithreach faoi ainmneacha, áit a bhfuil agus dea-bhail na nÚcránach uile atá á gcoinneáil nó a díbríodh, agus go gceadófaí agus go gcumasófaí filleadh sábháilte gach sibhialtach Úcránach, lena n-áirítear leanaí, go háirithe iad siúd a díbríodh le forneart chuig críoch Chónaidhm na Rúise nó chuig críocha na hÚcráine atá faoi fhorghabháil ag Cónaidhm na Rúise faoi láthair, trí bhealaí sábháilte cumarsáide agus taistil a bhunú;

6.

á iarraidh ar gach stát agus ar gach eagraíocht idirnáisiúnta brú a chur ar an Rúis urraim a thabhairt don toirmeasc ar aistrithe le forneart, lena n-áirítear maidir le sibhialtaigh a chomhéigniú chun aslonnú chuig cinn scríbe nach mian leo dul chucu, agus an bealach sábháilte a éascú do shibhialtaigh chuig ceann scríbe is rogha leo, go háirithe do ghrúpaí leochaileacha;

7.

á éileamh go gcloífeadh an Rúis go hiomlán lena hoibleagáidí agus go gcuirfeadh sí stop le hoibríochtaí córasacha “scagacháin”, go gcuirfeadh sí stop le gach próiseas leanúnach a bhaineann le sonraí bithmhéadracha a bhailiú agus a choinneáil, go scriosfadh sí sonraí a bailíodh go neamhdhleathach agus go n-áiritheodh sí go bhféadfaidh sibhialtaigh imeacht go sábháilte agus faoi mhaoirseacht idirnáisiúnta chuig críoch atá faoi rialú na hÚcráine má roghnaíonn siad déanamh amhlaidh; á iarraidh ar an Rúis éirí as aon iarrachtaí ar Rúisiú agus as aon iarrachtaí ar fhéiniúlacht náisiúnta a bhaint de mhuintir na hÚcráine;

8.

ag cur béim ar an bhfíoras nach féidir glacadh leis gur dílleachtaí iad leanaí arna scaradh óna dtuismitheoirí le linn cogaidh nó éigeandála daonnúla agus nach mór cead a thabhairt dóibh, agus é a chur ar a gcumas, filleadh agus iad a athaontú lena dtuismitheoirí nó lena gcaomhnóirí dlíthiúla go pras;

9.

ag tathant ar údaráis Chónaidhm na Rúise rochtain a thabhairt láithreach d’eagraíochtaí idirnáisiúnta amhail OHCHR agus UNICEF ar leanaí uile na hÚcráine a díbríodh le forneart chuig críocha atá faoi fhorghabháil ag an Rúis agus chuig an Rúis; á iarraidh ar údaráis na Rúise sábháilteacht agus folláine leanaí na hÚcráine a áirithiú agus iad sa Rúis agus sna críocha atá faoi fhorghabháil ag an Rúis, agus iad a chosaint ar na contúirtí a eascraíonn as an gcogadh agus as na hiarmhairtí a bhaineann leis;

10.

á iarraidh go mbeadh ann láithreach do Phacáiste Cosanta Leanaí AE chun leanaí agus daoine óga atá ag teitheadh ón gcogadh san Úcráin a chosaint agus chun cabhrú leo, pacáiste a mbeadh gluaiseacht shábháilte, cosaint ar fhoréigean, mí-úsáid, dúshaothrú agus gáinneáil chomh maith le fóirithint éigeandála, iarrachtaí athaontaithe teaghlaigh agus tacaíocht athshlánaithe fhadtéarmach i gceist leis;

11.

á iarraidh ar Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ar na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar chruachás grúpaí leochaileacha, lena n-áirítear leanaí, daoine scothaosta agus daoine faoi mhíchumas i ráitis phoiblí AE maidir le haistrithe le forneart, agus tacú le gníomhaithe agus ENRanna ar an láthair atá ag iarraidh aire a thabhairt dóibh agus a bhfilleadh sábháilte a éascú;

12.

á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit oibriú le húdaráis na hÚcráine, le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus leis an tsochaí shibhialta chun sásraí a chur ar bun chun fíricí an aistrithe éigeantaigh a dhoiciméadú (líon agus féiniúlachtaí na ndaoine, lena n-áirítear leanaí, an áit ina bhfuil na daoine ar theip orthu sa phróiseas “scagacháin”, coinníollacha a dtréimhse lonnaithe sa Rúis, etc.), lena n-áirítear chun a fháil amach an áit ina bhfuil siad, chun aon leanaí atá ar iarraidh a aisdúichiú go háirithe agus chun cabhrú le hathaontú agus rianú teaghlaigh; á chur i bhfáth gur gá faisnéis a bhailiú, amhail ainmneacha daoine aonair a chuaigh ar iarraidh le linn an phróisis “scagacháin”, a ngaibhnithe éigeantacha, nó a n-aistrithe go dtí an Rúis;

13.

á iarraidh ar na Ballstáit tacú, trína misin taidhleoireachta sa Rúis, le doiciméid taistil shealadacha a eisiúint lena gcuirfear ar chumas shaoránaigh na hÚcráine atá sáinnithe sa Rúis gan a ndoiciméid aitheantais ná taistil an tír a fhágáil más mian leo, agus dídean sealadach a chur ar fáil in AE más gá;

14.

ag cáineadh go láidir foraitheanta Uachtaránachta na Rúise an 25 Bealtaine agus an 30 Bealtaine 2022;

15.

ag tathant ar an Rúis a beartas pas a thréigean agus cead a thabhairt d’Úcránaigh a gcuid doiciméad aitheantais bunaidh a choinneáil;

16.

á áitiú nach mór iad siúd a bhfuil coireanna cogaidh agus coireanna in aghaidh an chine dhaonna déanta acu, iad siúd a bhfuil cinedhíothú féideartha déanta acu agus iad siúd a raibh sé de rún acu cinedhíothú a dhéanamh a thabhairt chun cuntais, chomh maith leis na hoifigigh rialtais agus na ceannairí míleata atá freagrach; ag tabhairt dá haire gur sárú ar dhlí na hÚcráine agus ar an dlí idirnáisiúnta é athlonnú agus díbirt éigeantach leanaí ón Úcráin, lena n-áirítear leanaí ó institiúidí, chuig Cónaidhm na Rúise agus chuig na críocha atá faoi fhorghabháil ag an Rúis agus a n-uchtú éigeantach ag teaghlaigh Rúiseacha, go háirithe Airteagal II de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Coir an Chinedhíothaithe a Chosc agus a Phionósú; i ndáil leis sin, á iarraidh ar na Ballstáit tacú leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag údaráis na hÚcráine agus ag údaráis idirnáisiúnta fianaise a bhailiú, a dhoiciméadú agus a chaomhnú maidir leis na sáruithe ar chearta an duine a rinneadh i gcomhthéacs chogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine;

17.

á iarraidh ar Rialtas na hÚcráine Reacht na Róimhe den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta a dhaingniú chun ionchúiseamh coireanna cogaidh agus coireanna in aghaidh an chine dhaonna a éascú, lena n-áirítear ionnarbadh éigeantach, agus ar thíortha uile na hEorpa Coinbhinsiún Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe chun Gach Duine a Chosaint ó Dhíláithriú Forfheidhmithe a shíniú nó a dhaingniú;

18.

á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacú leis na próisis dhlisteanacha idirnáisiúnta agus náisiúnta uile, lena n-áirítear faoi phrionsabal na dlínse uilíche, agus coireanna líomhnaithe in aghaidh an chine dhaonna agus coireanna cogaidh a imscrúdú d’fhonn na déantóirí uile a thabhairt chun cuntais os comhair cúirte dlí, lena n-áirítear cásanna d’aistrithe le forneart, de ghlacadh éigeantach agus d’imeachta forfheidhmiúcháin; á chur in iúl gur geal léi go láidir na himscrúduithe leanúnacha atá á ndéanamh ag an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta i ndáil leis sin;

19.

á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacaíocht pholaitiúil, dhlíthiúil, theicniúil, airgeadais agus aon tacaíocht de chineál ar bith eile atá riachtanach a sholáthar chun binse speisialta a bhunú a dhéileálann le coir ionsaithe ag Cónaidhm na Rúise i gcoinne na hÚcráine;

20.

á chur in iúl gur geal léi gur ghlac an Chomhairle smachtbhannaí go pras agus á iarraidh go leanfar le haontacht i measc institiúidí AE agus na mBallstát i bhfianaise ionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine, chomh maith le hardleibhéal comhordaithe i measc G7; á iarraidh ar na comhpháirtithe uile, go háirithe tíortha is iarrthóirí AE agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha, ailíniú leis na pacáistí smachtbhannaí; á iarraidh go leathnófaí liosta na ndaoine aonair a ndírítear orthu leis na smachtbhannaí, go háirithe chun na heintitis agus na daoine uile a shainaithnítear a bheith freagrach as ullmhú agus eagrú ionnarbtha éigeantais agus as uchtuithe éigeantacha nó as oibriú na “gcampaí scagacháin”, mar a thugtar orthu, a chur san áireamh;

21.

ag tabhairt dá haire gurb ann do chosúlachtaí stairiúla láidre idir coireanna na Rúise san Úcráin agus coireanna Sóivéadacha ar fud na gcríoch a bhí faoi fhorghabháil Shóivéadach; á aithint gur coireanna in aghaidh an chine dhaonna iad olldhíbirt na Sóivéide, arna n-ordú, arna bpleanáil agus arna bhforghníomhú ag an réimeas cumannach Sóivéadach agus ag an gcóras Gulag ina iomláine; ag cur béim ar a thábhachtaí atá cuimhneachán, taighde stairiúil, agus oideachas maidir leis an stair ollsmachtach chun feasacht shibhialta a neartú agus athléimneacht i gcoinne na bréagaisnéise a chothú; á iarraidh go ndéanfar meastóireacht chríochnúil stairiúil agus dhlíthiúil agus díospóireacht phoiblí thrédhearcach ar na coireanna Sóivéadacha, thar aon ní eile sa Rúis féin, chun nach mbeidh sé indéanta coireanna comhchosúla a dhéanamh arís amach anseo;

22.

á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát, chuig Comhairle na hEorpa, chuig an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip, chuig Oifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine, chuig Oifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe, chuig an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce, chuig Coiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge, chuig an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta, chuig Ciste Leanaí na Náisiún Aontaithe, chuig Uachtarán, Rialtas agus Parlaimint na hÚcráine, chuig údaráis na Bealarúise, agus chuig Uachtarán, Rialtas agus Parlaimint Chónaidhm na Rúise.

(1)  Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Aibreán 2022 maidir le cosaint AE do leanaí agus do dhaoine óga atá ag teitheadh ón gcogadh san Úcráin (Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0120).

(2)  Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 5 Bealtaine 2022 maidir le tionchar an chogaidh i gcoinne na hÚcráine ar mhná (Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0206).

(3)  Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Bealtaine 2022 maidir leis an gcomhrac i gcoinne saoirse ó phionós i gcás coireanna cogaidh san Úcráin, (Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0218).


5.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 125/72


P9_TA(2022)0321

Sáruithe ar chearta an duine in Uganda agus sa Tansáin a bhaineann le hinfheistíochtaí i dtionscadail breoslaí iontaise

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Meán Fómhair 2022 maidir le sáruithe ar chearta an duine in Uganda agus sa Tansáin a bhaineann le hinfheistíochtaí i dtionscadail breoslaí iontaise (2022/2826(RSP))

(2023/C 125/06)

Níl an téacs seo ar fáil as Gaeilge


5.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 125/73


P9_TA(2022)0322

Nicearagua, go háirithe gabháil an easpaig Ronaldo Álvarez

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Meán Fómhair 2022 maidir le Nicearagua, go háirithe gabháil an easpaig Ronaldo Álvarez (2022/2827(RSP))

(2023/C 125/07)

Níl an téacs seo ar fáil as Gaeilge


5.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 125/74


P9_TA(2022)0325

Staid na gceart bunúsach san Aontas Eorpach in 2020 agus 2021

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Meán Fómhair 2022 maidir le staid na gceart bunúsach san Aontas Eorpach in 2020 agus 2021 (2021/2186(INI))

(2023/C 125/08)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), go háirithe Airteagal 2 de, ina luaitear go bhfuil an tAontas fothaithe ar luachanna an mheasa ar dhínit an duine, na saoirse, an daonlathais, an chomhionannais, an smachta reachta agus an mheasa ar chearta an duine, lena n-áirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad,

ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),

ag féachaint do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an “Chairt”), go háirithe Airteagail 2(1), 20 agus 21 di,

ag féachaint do Mholadh (AE) 2021/1534 ón gCoimisiún an 16 Meán Fómhair 2021 maidir le cosaint, sábháilteacht agus cumhachtú iriseoirí agus gairmithe eile sna meáin san Aontas Eorpach a áirithiú (1),

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 9 Nollaig 2021 dar teideal on a more inclusive and protective Europe: extending the list of EU crimes to hate speech and hate crime [maidir le hEoraip níos cuimsithí agus níos cosantaí: liosta de choireanna an Aontais a leathnú chuig fuathchaint agus fuathchoireacht] (COM(2021)0777),

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Márta 2020 dar teideal A Union of Equality: Gender Equality Strategy 2020-2025 [Aontas Comhionannais: Straitéis Comhionannais Inscne 2020-2025] (COM(2020)0152),

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 24 Meitheamh 2020 dar teideal EU Strategy on victims’ rights (2020-2025) [Straitéis an Aontais maidir le cearta íospartach (2020-2025)] (COM(2020)0258),

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 12 Samhain 2020 dar teideal Union of Equality: LGBTIQ Equality Strategy 2020-2025 [Aontas Comhionannais: Straitéis Comhionannais LADTIA 2020-2025] (COM(2020)0698),

ag féachaint do rún uaithi an 11 Márta 2021 maidir leis an dearbhú gur Limistéar Saoirse LADTIA atá san Aontas Eorpach (2),

ag féachaint do rún uaithi an 24 Meitheamh 2021 ar staid na sláinte agus na gceart gnéis agus atáirgthe in AE, faoi chuimsiú shláinte na mban (3),

ag féachaint do rún uaithi an 8 Iúil 2021 maidir le sáruithe ar dhlí AE agus ar chearta saoránach LADTIA san Ungáir mar thoradh ar na hathruithe dlíthiúla a ghlac Parlaimint na hUngáire (4),

ag féachaint do rún uaithi an 14 Meán Fómhair 2021 maidir le cearta LADTIA in AE (5),

ag féachaint do rún uaithi an 7 Deireadh Fómhair 2020 maidir le Sásra AE um an Daonlathas, an Smacht Reachta agus Cearta Bunúsacha a bhunú (6),

ag féachaint do rún uaithi an 18 Nollaig 2019 maidir le hidirdhealú poiblí agus fuathchaint i gcoinne dhaoine LADTI, lena n-áirítear limistéir saor ó LADTI (7),

ag féachaint do na moltaí ón Meitheal um Ghrinnscrúdú ar Frontex sa Choiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, mar a leagtar síos i dtuarascáil an choiste an 14 Iúil 2021 maidir leis an imscrúdú aimsithe fíoras ar Frontex i ndáil le sáruithe líomhnaithe ar chearta bunúsacha,

ag féachaint do thuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún an 14 Deireadh Fómhair 2021 dar teideal Union of Equality: LGBTIQ Equality Strategy 2020-2025 [Aontas Comhionannais: Straitéis Comhionannais LADTIA 2020-2025] (8),

ag féachaint don díospóireacht sa Choiste um Ghnóthaí Reatha de chuid na Comhdhála um Údaráis Áitiúla agus Réigiúnacha i gComhairle na hEorpa, agus do thuarascálacha ina dhiaidh sin uaidh an 17 Bealtaine 2021 dar teideal The role of local authorities with regard to the situation and rights of LGBTIQ people in Poland [Ról na n-údarás áitiúil maidir le staid agus cearta daoine LADTIA sa Pholainn] agus an 17 Meitheamh 2021 dar teideal Protecting LGBTI people in the context of rising anti-LGBTI hate speech and discrimination: the role of local and regional authorities [Daoine LADTI a chosaint i gcomhthéacs fuathchaint agus idirdhealú in aghaidh LADTI atá ag dul i méid: ról na n-údarás áitiúil agus réigiúnach],

ag féachaint do na tuarascálacha ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, go háirithe a tuarascálacha maidir le cearta bunúsacha do na blianta 2020 agus 2021,

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 2 Nollaig 2020 dar teideal on the strategy to strengthen the application of the Charter of Fundamental Rights in the EU [maidir leis an straitéis chun cur i bhfeidhm Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a neartú san Aontas] (COM(2020)0711),

ag féachaint do thuarascáil ón gCoimisiún an 10 Nollaig 2021 dar teideal Protecting Fundamental Rights in the Digital Age – 2021 Annual Report on the Application of the EU Charter of Fundamental Rights [Cosaint do Chearta Bunúsacha san Aois Dhigiteach – Tuarascáil Bhliantúil 2021 maidir le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a Chur i bhFeidhm] (COM(2021)0819),

ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Achainíocha,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A9-0224/2022),

A.

de bhrí gurb amhlaidh, faoi Airteagal 2 CAE, atá an tAontas Eorpach fothaithe ar luachanna an mheasa ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus an mheasa ar chearta an duine, lena n-áirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad; de bhrí nach mór d’institiúidí an Aontais agus do gach Ballstát aonair seasamh, ina mbeartais uile, leis na luachanna a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE; de bhrí go bhfuil an Coimisiún, in éineacht leis an bParlaimint agus leis an gComhairle, freagrach faoi na Conarthaí as urraim don smacht reachta a ráthú mar bhunluach de chuid an Aontais agus as a chinntiú go n-urramaítear dlí, luachanna agus prionsabail an Aontais agus go gcloítear leo;

B.

de bhrí go dtagraítear in Airteagal 151 CFAE do chearta sóisialta bunúsacha, amhail na cearta sin a leagtar amach i gCairt Shóisialta na hEorpa; de bhrí nár aontaigh an tAontas don Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine go fóill, in ainneoin na hoibleagáide atá air déanamh amhlaidh faoi Airteagal 6(2) CAE;

C.

de bhrí gur cuireadh isteach ar raon leathan ceart bunúsach in 2020 agus 2021 de bharr bearta sriantacha chun paindéim COVID-19 a chomhrac, amhail na cearta chun saorghluaiseachta agus comhthionóil, an ceart chun saoil phríobháidigh agus saoil teaghlaigh, lena n-áirítear cosaint sonraí pearsanta, agus na cearta chun oideachais, oibre agus slándála sóisialta; de bhrí gur measa na dúshláin agus na neamhionannais a bhí ann cheana i réimsí uile an tsaoil de bharr na paindéime, go ndearnadh dochar do ghrúpaí leochaileacha, ach go háirithe, mar gheall uirthi, agus go raibh sí ina cúis le méadú ar theagmhais chiníocha;

D.

de bhrí gur ceart bunúsach é an ceart chun córa comhionainne agus neamh-idirdhealaithe a chumhdaítear in Airteagail 2 agus 3(3) CAE, in Airteagail 8, 10, 19 agus 157 CFAE agus in Airteagail 21 agus 23 den Chairt;

E.

de bhrí go gcuimsíonn an téarma “Romaigh” gach duine agus leanbh ar de chúlra Romach, Kalè, Manúiseach, Lovara, Rissende, Boyash, Domare, Kalderash agus Sintíoch é nó í; de bhrí go bhfuil an sainmhíniú nua ar Romaigh níos fearr a mhéid a bhaineann le fiú iad siúd atá stiogmataithe mar ghiofóga gan an cúlra eitneach comhfhreagrach acu, amhail Éigiptigh, Aisceailígh nó Taistealaithe, a áireamh; de bhrí go bhfuil pobail na Romach fós ar cheann de na grúpaí is leochailí agus is mó a ndéantar cos ar bolg orthu san Aontas;

F.

de bhrí gur minic a baineadh úsáid as an ngéarchéim sláinte mar leithscéal chun ionsaí a dhéanamh ar mhionlaigh, lena n-áirítear imircigh, daoine ó chúlraí imirceach agus Romaigh, a bhí faoi réir idirdhealú ciníoch agus eitneach, fuathchainte agus fuathchoireachta cheana féin; de bhrí go bhfuil mná agus leanaí ar Romaigh iad, a ndéantar idirdhealú iolrach nó trasnach orthu go minic, i measc na ngrúpaí agus na ndaoine aonair is mó atá faoi bhagairt sna Ballstáit agus sna tíortha aontachais agus sna tíortha is iarrthóirí, ós rud é gur measa fós na bacainní a bhíonn rompu ná mar a bhíonn roimh fhir ar Romaigh iad sa phobal i gcoitinne, agus gur minic a bhíonn siad ina gcónaí i lonnaíochtaí bochta, tuaithe nó uirbeacha – atá neamhfhoirmiúil go minic – ina mbíonn an rochtain ar oideachas, ar obair agus ar sheirbhísí sláinte teoranta, gan rochtain ar shláintíocht ná ar uisce glan, agus gur ísle an t-ionchas saoil atá acu – staid atá níos measa fós mar gheall ar phaindéim COVID-19;

G.

de bhrí gur ghlac Coiste Airí Chomhairle na hEorpa moladh ar an 20 Bealtaine 2022 maidir leis an bhfuathchaint a chomhrac agus ina dtugtar treoir neamhcheangailteach maidir leis an gcaoi ar féidir aghaidh a thabhairt ar an bhfeiniméan; de bhrí gur cuireadh de chúram ar an gCoiste Saineolaithe nuabhunaithe maidir leis an bhFuathchoireacht a Chomhrac dréachtmholadh a ullmhú do Choiste na nAirí, faoi dheireadh 2023, maidir leis an bhfuathchoireacht;

H.

de bhrí gur spriocdíríodh d’aon ghnó ar chearta grúpaí mionlaigh áirithe i roinnt Ballstát, rud a chuir teannadh lena leithéid in áiteanna eile, agus a rian sin le haithint ar an gcúlú ar chearta na mban agus dhaoine LADTIA; de bhrí gur straitéisí d’aon ghnó iad sin arb é is aidhm leo cosaint chearta bunúsacha an Aontais a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE a lagú; de bhrí gur ghlac an Chomhdháil um Údaráis Áitiúla agus Réigiúnacha i gComhairle na hEorpa rún lena meabhraítear freagracht na n-údarás áitiúil maidir le cearta dhaoine LADTIA a chosaint agus lena n-iarrtar orthu “Saineolaí Áitiúil maidir le Comhionannas agus Éagsúlacht” a cheapadh; de bhrí gur leag Coiste Eorpach na Réigiún roinnt moltaí amach maidir le ról gníomhach na n-údarás áitiúil agus réigiúnach i ndáil le hidirdhealú dhaoine LADTIA a chosc agus maidir lena gcosaint ar an idirdhealú;

I.

de bhrí gurb amhlaidh, le linn dhianghlasálacha COVID-19, a bhí daoine LADTIA, go háirithe daoine óga, gan chosaint ar rátaí foréigin teaghlaigh agus foréigin inscnebhunaithe os cionn an mheáin mar gheall ar idirdhealú toisc gur LADTIA iad; de bhrí go bhfuil daoine LADTIA níos leochailí i leith easpa dídine, agus go ndeachaigh an staid sin chun an donais mar gheall ar dhianghlasálacha COVID-19;

J.

de bhrí go bhfuil saoirse na meán ar cheann de cholúin agus ráthaíochtaí an daonlathais fheidhmiúil agus an smachta reachta; de bhrí gur codanna ríthábhachtacha den cheart chun tuairimí a nochtadh agus den cheart um shaoráil faisnéise iad saoirse na meán, an t-iolrachas, agus neamhspleáchas agus sábháilteacht iriseoirí, agus go bhfuil siad bunriachtanach d’fheidhmiú daonlathach an Aontais agus na mBallstát; de bhrí gur cheart do na húdaráis phoiblí creat dlíthiúil agus rialála a ghlacadh lena gcothófar forbairt ar na meáin a bheidh saor, neamhspleách agus iolraíoch; de bhrí go bhfuil ag méadú i gcónaí i roinnt Ballstát ar chiapadh ar líne, bagairtí agus imeachtaí sibhialta i gcoinne iriseoirí, go háirithe iriseoirí iniúchta, ag polaiteoirí mór le rá agus ag daoine ón saol poiblí, lena n-áirítear comhaltaí den rialtas; de bhrí gur tuairiscíodh cásanna de chur isteach polaitiúil ar na meáin ar fud na mBallstát; de bhrí go bhfuil bacainní fós roimh iriseoirí a mhéid a bhaineann le rochtain a fháil ar fhaisnéis agus doiciméid phoiblí;

K.

de bhrí gur saincheist an-tromchúiseach é coirpigh a dhéanamh d’iriseoirí de bharr a gcuid oibre; de bhrí nár cheart iriseoirí a chur i bpríosún ná téarma príosúnachta a bhagairt orthu mar gheall ar chlúmhilleadh; de bhrí nár cheart do na Ballstáit pionóis choiriúla a fhorchur as cionta sna meáin ach i gcásanna ina gcuirtear isteach go mór ar chearta bunúsacha eile, agus gur cheart dóibh a áirithiú nach gcuirtear na pionóis sin i bhfeidhm ar iriseoirí ar bhealach idirdhealaitheach nó treallach;

L.

de bhrí gur tháinig sé chun solais, agus é ina cúis mhór imní, gur bhain roinnt tíortha, lena n-áirítear Ballstáit de chuid an Aontais, úsáid as an earra spiaireachta faireachais Pegasus i gcoinne iriseoirí, polaiteoirí agus gníomhaithe eile, agus gur cosúil go ndeimhníonn an méid sin go bhfuil contúirtí ag luí le mí-úsáid na teicneolaíochta faireachais chun an bonn a bhaint ó chearta an duine agus ón daonlathas;

M.

de bhrí gur gné bhunúsach den tsaoirse chun tuairimí a nochtadh í an sceithireacht agus go bhfuil ról ríthábhachtach aici maidir le héagóir a bhrath agus a thuairisciú, agus maidir le cuntasacht dhaonlathach agus trédhearcacht a neartú; de bhrí gur príomhfhoinse faisnéise í an sceithireacht sa chomhrac i gcoinne na coireachta eagraithe, agus chun cásanna éillithe laistigh den earnáil phoiblí agus den earnáil phríobháideach a imscrúdú, a shainaithint agus a phoibliú; de bhrí gur réamhchoinníollacha iad cosaint leormhaith sceithirí ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal idirnáisiúnta, chomh maith le haitheantas don ról tábhachtach atá ag sceithirí sa tsochaí, chun éifeachtacht an róil sin a áirithiú;

N.

de bhrí nach ndearna roinnt Ballstát ceanglais uile Threoir Sheirbhísí na Meán Closamhairc a chur chun feidhme go fóill (9), go háirithe na ceanglais sin maidir le neamhspleáchas rialtóirí náisiúnta mhargadh na meán;

O.

de bhrí gur ghlac an Pharlaimint, an 24 Meitheamh 2021, rún cuimsitheach maidir le sláinte ghnéis agus sláinte atáirgthe agus na cearta a bhaineann leo, ina leagtar amach an fhís atá aici maidir leis an ábhar sna Ballstáit; de bhrí go n-aithnítear sa rún gur ann d’easnaimh agus gur díol sásaimh é an dul chun cinn atá déanta, agus go dtugtar raidhse moltaí ann chun rochtain ar tháirgí míosta do chách, ar oideachas cuimsitheach gnéasachta, ar fhrithghiniúint nua-aimseartha mar straitéis maidir le comhionannas inscne, ar chúram atáirgthe sábháilte agus dlíthiúil, ar chóireálacha torthúlachta, agus ar chúram máithreachais, toirchis agus breithe do chách a áirithiú;

P.

de bhrí gurb amhlaidh, de réir suirbhé a rinne Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha maidir le foréigean in aghaidh na mban, nach ndéanann íospartaigh an fhoréigin páirtí ach na teagmhais is tromchúisí a thuairisciú do na póilíní i 14 % de chásanna, agus nach ndéanann dhá thrian d’íospartaigh ar mná iad foréigean a thuairisciú go córasach do na húdaráis, bíodh sin de bharr eagla a bheith orthu nó de bharr easpa faisnéise faoi chearta íospartach, nó mar gheall ar an tuairim ghinearálta gur ábhar príobháideach é foréigean páirtí dlúthchaidrimh nár cheart a fhógairt go poiblí;

Q.

de bhrí gur sárú tromchúiseach ar chearta bunúsacha an duine é an foréigean inscnebhunaithe agus gur bac mór é ar chomhionannas inscne a bhaint amach sa tsochaí; de bhrí go bhfuil difear díréireach á dhéanamh do mhná agus cailíní i gcónaí le foréigean inscnebhunaithe, lena n-áirítear foréigean gnéasach, ciapadh agus ciorrú ball giniúna ban, i measc cineálacha eile, chomh maith le foréigean teaghlaigh agus foréigean páirtí dlúthchaidrimh; de bhrí gur féidir na gníomhartha foréigin sin a dhéanamh go poiblí agus go príobháideach;

R.

de bhrí go bhfuil feiniméan an chibearfhoréigin inscnebhunaithe ag dul i méid, agus gur thuairiscigh bean amháin as gach cúigear idir 18 agus 29 mbliana d’aois gur fhulaing siad gnéaschiapadh ar líne san Aontas; de bhrí nach mór timpeallacht shábháilte a sholáthar do chách, lena n-áirítear mná agus cailíní, sa réimse poiblí digiteach; de bhrí nach féidir aon saoirse ó phionós a bheith sa timpeallacht ar líne; de bhrí gur iarr an Pharlaimint ar an gCoimisiún, in dhá thuarascáil reachtacha féintionscnaimh, tograí a thíolacadh maidir le foréigean inscnebhunaithe agus cibearfhoréigean a chomhrac agus maidir le foréigean inscnebhunaithe a chur leis an liosta in Airteagal 83(1) CFAE mar réimse nua coireachta;

S.

de bhrí gurb amhlaidh, i roinnt mhaith Ballstát, a samhlaíodh na bearta dianghlasála agus scartha shóisialta a tugadh isteach le linn phaindéim COVID-19 le méadú as cuimse ar leitheadúlacht agus déine na gcásanna foréigin páirtí dlúthchaidrimh, foréigin síceolaíoch agus rialaithe chomhéignigh, agus cibearfhoréigin, agus freisin le méadú 60 % ar líon na nglaonna éigeandála arna dtuairisciú ag íospartaigh an fhoréigin teaghlaigh; de bhrí gurb amhlaidh, mar gheall ar an gceanglas fanacht sa bhaile agus ar an méadú ar “scáthphaindéim” an fhoréigin inscnebhunaithe, ar cúis mhór imní é, a bhí sé deacair ar mhná agus leanaí rochtain a fháil ar chosaint éifeachtach, seirbhísí tacaíochta éifeachtacha agus ceartas éifeachtach, agus gur nochtadh nár leor na hacmhainní agus na struchtúir thacaíochta agus go raibh an rochtain a bhí ag íospartaigh ar sheirbhísí tacaíochta teoranta, rud a d’fhág go leor díobh gan cosaint leormhaith thráthúil; de bhrí gur cheart do na Ballstáit dea-chleachtais a chomhroinnt i dtaca le bearta sonracha chun cúnamh tráthúil agus inrochtana a sholáthar d’íospartaigh, lena n-áirítear córais téacsála éigeandála a chur ar bun nó pointí teagmhála a chruthú chun cabhair a lorg i gcógaslanna agus in ionaid siopadóireachta; de bhrí go bhfuil foréigean páirtí dlúthchaidrimh in aghaidh na mban á thearcthuairisciú, ar chúiseanna éagsúla, ag íospartaigh agus a dteaghlaigh, a gcairde, a lucht aitheantais agus a gcomharsana san Aontas, in ainneoin leitheadúlacht an fheiniméin, agus gurb amhlaidh a bhí, go háirithe, le linn phaindéim COVID-19; de bhrí gur ann d’easpa shuntasach sonraí cuimsitheacha, inchomparáide agus imdhealaithe ó thaobh inscne de, rud a fhágann go bhfuil sé deacair measúnú iomlán a dhéanamh ar thionchar na géarchéime;

T.

de bhrí go bhfuil cearta leanaí á sárú i gcónaí sna Ballstáit mar thoradh ar fhoréigean, mí-úsáid, dúshaothrú, bochtaineacht, eisiamh sóisialta agus idirdhealú bunaithe ar reiligiún, míchumas, inscne, féiniúlacht ghnéasach, aois, eitneacht, imirce nó stádas cónaithe; de bhrí go bhfuil beagnach 25 % de leanaí faoi bhun 18 mbliana d’aois i mbaol na bochtaineachta nó an eisiaimh shóisialta san Aontas; de bhrí go ndéantar deiseanna oideachais, cúram leanaí, cúram sláinte, bia agus tithíocht leormhaith, tacaíocht teaghlaigh agus fiú cosaint ar fhoréigean a cheilt ar leanaí de bharr na bochtaineachta agus tá sí in ann éifeachtaí a bheith aici a mhaireann ar feadh i bhfad; de bhrí go mbaineann an comhrac in aghaidh na bochtaineachta leanaí freisin le cearta bunúsacha agus le hoibleagáidí dlíthiúla, mar a thug Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha le fios; de bhrí gur cuspóir sainráite le beartais de chuid an Aontais agus leis an gCairt é an bhochtaineacht leanaí a chomhrac agus, chuige sin, ní mór tús áite a thabhairt do leasanna an linbh i ngníomhaíochtaí uile an Aontais;

U.

de bhrí gur cuireadh brú nach bhfacthas a leithéid roimhe seo ar leanaí agus teaghlaigh ar fud an Aontais mar gheall ar phaindéim COVID-19, go háirithe orthu siúd a bhí faoi mhíbhuntáiste eacnamaíoch nó sóisialta cheana; de bhrí gur minic a bhíonn trealamh leormhaith TF, rochtain ar an idirlíon, agus spás oibre iomchuí agus na dálaí oibre iomchuí de dhíth ar leanaí ó chúlraí socheacnamaíocha faoi mhíbhuntáiste, rud a chuir leis na neamhionannais foghlama a bhí ann cheana le linn na paindéime; de bhrí gur mó riosca atá ann de bharr na paindéime agus na mbeart a glacadh mar fhreagairt uirthi go mbíonn leanaí gan chosaint ar fhoréigean, lena n-áirítear teacht i dtír gnéasach leanaí agus mí-úsáid ghnéasach leanaí arna n-éascú leis an teicneolaíocht; de bhrí gur neamhleor i gcónaí iad na dálaí glactha leanaí i roinnt Ballstát, cé go bhfuil níos lú iarratais ar thearmann leanaí á dtíolacadh;

V.

de bhrí gurb amhlaidh, faoi Airteagal 47 den Chairt, a theastaíonn rochtain ar bhinse neamhspleách i leith an chirt bhunúsaigh chun leighis éifeachtaigh; de bhrí gur tharla sé arís agus arís eile nach raibh na breithiúna in ann a ról ó thaobh rialú neamhspléach ar úsáid threallach na cumhachta ag brainsí feidhmiúcháin agus reachtacha an rialtais a chomhlíonadh de bharr tionchar polaitiúil nó smacht ar na breithiúna agus bacainní comhchosúla ar neamhspleáchas na mbreithiúna aonair; de bhrí go bhfuil córas breithiúnach éifeachtach, neamhspleách agus neamhchlaonta bunriachtanach chun an smacht reachta agus cosaint chearta bunúsacha agus shaoirsí sibhialta na saoránach san Aontas a áirithiú;

W.

de bhrí gur léiríodh le paindéim COVID-19 gur mainníodh aghaidh a thabhairt ar chás na ndaoine a athchuirtear faoi choimeád; de bhrí go raibh tréimhsí coinneála níos faide ann i roinnt Ballstát mar thoradh ar mhoilleanna ar éisteachtaí cúirte agus ar imscrúduithe, cé go raibh na cleachtais a bhain le leas a bhaint as athchur faoi choimeád le linn phaindéim COVID-19 éagsúil ó Bhallstát go chéile; de bhrí go raibh daoine ar ceileadh a saoirse orthu níos leochailí i leith ráig COVID-19 ná mar a bhí an pobal i gcoitinne mar gheall ar na dálaí teoranta ina raibh siad ag cur fúthu ar feadh tréimhsí fada; de bhrí go raibh dúnadh cúirteanna agus/nó moilleanna ar éisteachtaí agus ar imscrúduithe ina gcúis le mearbhall agus éiginnteacht d’amhrastaigh, go háirithe dóibh siúd a bhí faoi choimeád, agus is ar éigean a bhí tuairim acu cén uair a bheadh a dtriail ar siúl agus cá fhad eile a choinneofaí iad;

X.

de bhrí go ndeimhnítear leis an dlí idirnáisiúnta nach féidir duine a choimeád ar an gcúis gur iarrthóir tearmainn é nó í, agus ar an gcúis sin amháin; de bhrí nach féidir coinneáil a úsáid, dá bhrí sin, ach mar rogha dheiridh agus chun críche a bhfuil bonn cirt léi, agus chun na críche sin amháin; de bhrí gurb amhlaidh, i gcás daoine atá de jure gan stát agus freisin i gcás daoine atá de facto gan stát, a fhágann a n-easpa stádais dhlíthiúil nó doiciméadachta go bhfuil an riosca ann go gcoinneofaí go ceann tréimhse éiginnte iad, rud atá neamhdhleathach faoin dlí idirnáisiúnta;

Y.

de bhrí nach mór creat gníomhaíochta a sholáthar, le straitéis an Aontais maidir le cearta íospartach (2020-2025) chun saoirse ó phionós dlíthiúil agus sóisialta a chosc, agus slándáil agus cosaint chearta bunúsacha shaoránaigh uile an Aontais a mhéadú;

Z.

de bhrí go bhfuil coimirciú na bithéagsúlachta agus na n-éiceachóras bunriachtanach don fhorbairt aeráid-díonach, agus gur ainmníodh 2021-2030 mar Dheich mBliana na Náisiún Aontaithe maidir le hAthchóiriú Éiceachóras; de bhrí gur fhógair an Coimisiún gur ghá glacadh tionscnamh reachtach ríthábhachtach maidir le cosaint an chomhshaoil, lena n-áirítear dlí suaitheanta maidir le hathchóiriú an dúlra, a chur siar roinnt mhaith míonna; de bhrí go bhfuil sé mar aidhm leis an gComhaontú Glas don Eoraip caipiteal nádúrtha an Aontais a chosaint, a chaomhnú agus a fheabhsú, agus sláinte agus dea-bhail na saoránach a chosaint ar rioscaí agus tionchair a bhaineann leis an gcomhshaol; de bhrí go mbeidh tionchar dearfach ag roinnt de na tionscnaimh reachtacha a bheartaítear ar leibhéal na cosanta comhshaoil, mar a chumhdaítear in Airteagal 37 den Chairt;

An smacht reachta agus cearta bunúsacha

1.

á chur i bhfios go láidir gur bunchloch an daonlathais é an smacht reachta, lena gcoinnítear scaradh na gcumhachtaí, lena n-áirithítear cuntasacht, lena rannchuidítear le hiontaoibh in institiúidí poiblí agus lena ráthaítear prionsabail na dlíthiúlachta, deimhneacht dhlíthiúil, toirmeasc ar chineál treallach na gcumhachtaí feidhmiúcháin, neamhspleáchas breithiúnach, neamhchlaontacht agus comhionannas os comhair an dlí; á chur i bhfáth go bhfuil an smacht reachta agus neamhspleáchas breithiúnach go háirithe ríthábhachtach do chumas na saoránach a gcuid ceart bunúsach agus a saoirse a theachtadh;

2.

á athdhearbhú gurb iad an smacht reachta, saoirse agus iolrachas na meán agus an comhrac in aghaidh an éillithe, go bunúsach, is bunchloch faoi na sochaithe seo againne, agus gur bunluachanna de chuid an Aontais iad a imríonn tionchar ar an uile cheart bunúsach; á chur in iúl gur oth léi, áfach, go bhfuiltear ag leanúint de sháruithe ar na prionsabail sin i roinnt Ballstát agus gur bagairt thromchúiseach iad ar dháileadh cóir, dlíthiúil agus neamhchlaonta chistí an Aontais;

3.

á mheas go bhfuil dlúthbhaint ag an smacht reachta le hurraim don daonlathas agus do chearta bunúsacha, agus á thabhairt chun suntais gurb ionann meath aon cheann de na luachanna sin agus ionsaí ar cholúin an Aontais a shonraítear in CAE; á iarraidh in athuair raon feidhme thuarascálacha bliantúla an Choimisiúin maidir leis an smacht reachta a leathnú chun luachanna uile Airteagal 2 CAE a áireamh chun forléargas iomlánaíoch a sholáthar ar an staid sna Ballstáit go léir; á iarraidh ar an gCoimisiún úsáid a bhaint as na huirlisí uile atá aici, lena n-áirítear an nós imeachta dá bhforáiltear faoin Sásra Coinníollachta maidir leis an Smacht Reachta, chun aghaidh a thabhairt ar na sáruithe sin ar phrionsabail an smachta reachta, an daonlathais agus na gceart bunúsach;

4.

ag cáineadh go láidir na sáruithe tromchúiseacha ar phrionsabail an smachta reachta i roinnt Ballstát, ar sáruithe iad atá ina gcúis le contúirt thromchúiseach maidir le cearta agus saoirsí bunúsacha; á mheas gur de chineál sistéamach iad na sáruithe sin i gcásanna áirithe; ag cur béim ar an nasc idir caighdeáin an smachta reachta a bheith ag dul in olcas agus sáruithe ar chearta bunúsacha, amhail iad siúd a dhéantar i réimse na breithiúnachta, ionsaithe ar iriseoirí agus ar na meáin shaora, lena n-áirítear úsáid iomarcach a bheith á baint as forneart ag údaráis forfheidhmithe dlí le linn agóidí agus ag teorainneacha an Aontais, easpa ráthaíochtaí agus próis chuí do dhaoine arna gcoimeád, gríosú chun fuatha ag gníomhaithe polaitiúla, méadú ar chumhacht na n-údarás ollfhaireachas a dhéanamh agus bailiú forleathan sonraí idircheaptha, agus srianta arna bhforchur ar eagraíochtaí na sochaí sibhialta a fhaigheann cistiú eachtrach nó bunaithe ar a gcleamhnacht reiligiúnach; á cháineadh, thairis sin, go ndearna rialtas roinnt Ballstát iarrachtaí scaradh na gcumhachtaí agus neamhspleáchas na mbreithiúna a lagú; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di, go háirithe, na cinntí lena dtarraingítear amhras ar phríomhacht an dlí Eorpaigh agus á iarraidh ar an gCoimisiún úsáid a bhaint as na modhanna uile atá ar fáil chun gníomhaíocht a dhéanamh i gcoinne na n-ionsaithe sin;

5.

á thabhairt chun suntais gur aontas é an tAontas Eorpach atá, de bhun Airteagal 2 CAE, bunaithe ar an smacht reachta, agus go bhfuil forfheidhmiú dhlí an Aontais ríthábhachtach chun a áirithiú gur féidir leis na saoránaigh leas cuí a bhaint as a gcearta bunúsacha; á chur in iúl gur oth léi, maidir leis sin, gur lú úsáid a bhain an Coimisiún as a bhosca uirlisí forfheidhmithe agus, go háirithe, níos lú agus níos lú sáruithe á dtionscnamh aige; á thabhairt dá haire, dá bhrí sin, gur mó a bhíonn ar shaoránaigh an Aontais dul i muinín na dlíthíochta chun a gcearta bunúsacha a theachtadh; á iarraidh ar an gCoimisiún tacú leis an dlíthíocht sin trí chiste tiomnaithe a chur ar bun maidir le cabhair airgeadais do dhlíthíocht straitéiseach i gcás chearta na Cairte;

6.

á chur i bhfáth go bhfuil staid an smachta reachta san Aontas Eorpach ag dul in olcas i gcónaí, in ainneoin an iliomad rún agus tuarascálacha uaithi, agus in ainneoin roinnt mhaith imeachtaí agus cinntí maidir le sárú ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) agus ón gCúirt Eorpach um Chearta an Duine (ECtHR) in 2020 agus 2021; á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil an Coimisiún in ann freagairt go cuí ar ábhair iomadúla imní na Parlaiminte maidir leis an daonlathas, an smacht reachta agus cearta bunúsacha i roinnt mhaith Ballstát; á chur i bhfáth gur gá faireachán agus forfheidhmiú cuimsitheach a dhéanamh ar chomhlíonadh luachanna uile Airteagal 2 CAE; á iarraidh ar an gCoimisiún faireachán cuimsitheach a áireamh i dtuarascáil bhliantúil ar an daonlathas, ar an smacht reachta agus ar chearta bunúsacha mar chuid de shásra an Aontais maidir leis an daonlathas, an smacht reachta agus cearta bunúsacha;

7.

á chur i bhfáth go bhfuil sé ríthábhachtach pianbhreitheanna cúirte a fhorfheidhmiú ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais, agus á cháineadh a laghad atá breithiúnais CBAE agus na gcúirteanna náisiúnta á gcomhlíonadh ag na húdaráis phoiblí lena mbaineann; ag cur béim ar an bhfíoras nach mór breithiúnais CBAE a chur chun feidhme go tráthúil agus a luaithe is féidir i gcomhréir leis na Conarthaí, go háirithe na breithiúnais sin lena bhféachtar le hidirdhealú bunaithe ar inscne, cine, dath, tionscnamh eitneach nó sóisialta, saintréithe géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairim pholaitiúil nó eile, ballraíocht de mhionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois nó claonadh gnéasach a chosc;

8.

á athdhearbhú go bhfuil an t-éilliú ina bhagairt thromchúiseach ar an daonlathas, ar an smacht reachta agus ar chóir chomhionann do gach saoránach; á thabhairt chun suntais go bhfuil nasc idir an t-éilliú agus sáruithe ar chearta bunúsacha i líon réimsí amhail neamhspleáchas na mbreithiúna, saoirse na meán agus an tsaoirse atá ag iriseoirí agus sceithirí tuairimí a nochtadh, saoráidí coinneála, rochtain ar chearta sóisialta agus an gháinneáil ar dhaoine; á iarraidh ar institiúidí an Aontais agus ar na Ballstáit an t-éilliú a chomhrac go diongbháilte agus ionstraimí éifeachtacha a cheapadh chun an t-éilliú a chosc agus a chomhrac agus smachtbhannaí a fhorchur ina leith, agus chun calaois a chomhrac, mar aon le faireachán rialta a dhéanamh ar an úsáid a bhaintear as cistí poiblí; á iarraidh ar an gCoimisiún tús a chur arís lena fhaireachán agus tuairisciú frith-éillithe láithreach bonn, lena dtagraítear d’institiúidí an Aontais agus do na Ballstáit;

9.

á chur i bhfáth gur laige a bhíonn an tAontas Eorpach ina iomláine agus go mbaintear an bonn ó iontaoibh na saoránach de bharr na neamhghníomhaíochta agus cur chuige neamartach maidir le struchtúir olagarcacha agus leis an sárú sistéamach ar an smacht reachta; á chur i bhfios go láidir gur gá a áirithiú nach i bpócaí na ndaoine sin a bhaineann an bonn ó chomhluachanna an Aontais a chríochnóidh airgead na gcáiníocóirí riamh;

10.

á chur i bhfios go láidir gur mó atá riosca an éillithe mar thoradh ar na bearta éigeandála ba chúis le comhchruinniú cumhachtaí agus maoluithe ar chearta bunúsacha; á iarraidh ar na Ballstáit dlús a chur lena n-iarrachtaí chun a áirithiú go gcuirtear reachtaíocht agus creataí institiúideacha leormhaithe chun an t-éilliú a chomhrac i bhfeidhm go héifeachtach i gcleachtas, agus go ngníomhaíonn rialtais ar bhealach trédhearcach agus cuntasach; á iarraidh ar na Ballstáit, maidir leis sin, súil ghéar a choinneáil ar na treoirlínte a d’eisigh an Grúpa Stát i gcoinne na hÉillitheachta (GRECO) i gComhairle na hEorpa in 2020 chun rioscaí éillithe a chosc i gcomhthéacs na paindéime;

11.

á chur in iúl gur oth léi go bhfuil an bonn á bhaint ón rochtain ar cheartas atá ag na saoránaigh mar gheall ar fhadhbanna struchtúracha i roinnt Ballstát maidir le neamhspleáchas na mbreithiúna agus le huathriail seirbhísí ionchúisimh, agus go bhfuil tionchar diúltach ag na fadhbanna struchtúracha sin ar a gcuid ceart agus saoirsí; á mheabhrú go mbíonn tionchar ag easnaimh sa smacht reachta i mBallstát amháin ar an Aontas ina iomláine agus go ndéanann siad difear do chearta gach duine san Aontas; á iarraidh ar na Ballstáit agus ar institiúidí an Aontais breithiúna agus ionchúisitheoirí a chosaint ar ionsaithe polaitiúla agus ar aon iarrachtaí brú a chur orthu agus, ar an gcaoi sin, an bonn a bhaint óna gcuid oibre;

12.

á chur i bhfáth gurb amhlaidh, faoi Airteagal 47 den Chairt, a theastaíonn rochtain ar bhinse neamhspleách i leith an chirt bhunúsaigh chun leighis éifeachtaigh; á thabhairt dá haire go bhfuil dúshláin ag luí le cúirteanna bunreachtúla náisiúnta agus le roinnt polaiteoirí; á áitiú nach mór do na Ballstáit dlí an Aontais agus an dlí idirnáisiúnta, chomh maith le breithiúnais CBAE agus ECtHR, lena n-áirítear na breithiúnais sin a bhaineann le neamhspleáchas na mbreithiúna, a chomhlíonadh go hiomlán; á cháineadh gur mhainnigh ar roinnt Ballstát, lena n-áirítear an Pholainn agus an Ungáir, an iliomad dlíthe de chuid an Aontais agus an iliomad breithiúnas ón gcúirt Eorpach a chomhlíonadh; á iarraidh ar na Ballstáit an ról ríthábhachtach atá ag CBAE agus ECtHR a urramú agus cloí lena gcuid rialuithe;

13.

á athdhearbhú go gcáineann sí an cleachtas maidir le breithiúna a dhéanann cáineadh ar Rialtas na Polainne a ionchúiseamh agus a chiapadh; á iarraidh ar Rialtas na Polainne athchóiriú críochnúil a dhéanamh ar an gcóras araíonachta do bhreithiúna i gcomhréir le rialuithe CBAE, agus na breithiúna go léir a bhris Dlísheomra Araíonachta neamhdhleathach na Cúirte Uachtaraí as a bpost a athbhunú, lena n-áirítear na breithiúna sin a bhfuil cosc á chur orthu i gcónaí breithniú a dhéanamh, cé gur éirigh leis an achomharc a rinne siad i gcúirt dlí i gcoinne a bhfionraithe ag an Dlísheomra; á iarraidh ar údaráis na Polainne rialuithe éagsúla CBAE agus ECtHR a chomhlíonadh maidir le comhdhéanamh agus eagrú an “Bhinse Bhunreachtúil” neamhdhlisteanaigh agus Sheomra Araíonachta na Cúirte Uachtaraí chun caighdeáin an neamhspleáchais bhreithiúnaigh a bhfuil gealltanas tugtha ag an bPolainn ina leith a chomhlíonadh;

14.

á chur in iúl gur geal léi na nósanna imeachta um shárú a sheol an Coimisiún i gcoinne na hUngáire agus na Polainne mar chuid de phacáiste um shárú mhí Iúil 2021 i ndáil le hurraim do chearta daonna dhaoine LADTIA agus le sáruithe ar dhlí an Aontais, arbh é an chéad uair é a thionscain an Coimisiún sáruithe go sonrach chun a gcearta a choimirciú; ag tabhairt tuairim réasúnaithe an Choimisiúin do Rialtas na hUngáire maidir leis an dlí “in aghaidh LADTIA” agus freagra an rialtais dá haire, agus á iarraidh ar an gCoimisiún dul ar aghaidh leis an sárú tríd an gcás a thabhairt chuig CBAE; á thabhairt dá haire go ndearna Ard-Chúirt Bhúdaipeist cinneadh lena ndearnadh an oibleagáid séanadh a phriontáil i leabhair leanaí a chur ar neamhní san Ungáir, agus á iarraidh ar an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar fhorbairt an cháis d’fhonn measúnú a dhéanamh ar na chéad chéimeanna eile is gá maidir leis an sárú; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an easpa oibre leantaí i leith nósanna imeachta um shárú maidir le limistéir “saor ó LADT” na Polainne agus an easpa comhair dhílis ar thaobh údaráis na Polainne, agus á iarraidh ar an gCoimisiún tuairim réasúnaithe a chur chuig Rialtas na Polainne;

15.

á thabhairt dá haire go ndearna an Pharlaimint, i mí Dheireadh Fómhair 2021 caingean dlí a sheoladh os comhair CBAE de bhun Airteagal 265 CFAE in aghaidh an Choimisiúin maidir lena mhainneachtain gníomhú agus an Rialachán maidir le Coinníollacht an Smachta Reachta (10) a chur i bhfeidhm, ar méid é sin a d’iarr sí in dhá rún in 2021 agus a tháinig tar éis don Choimisiún freagraí míshásúla a thabhairt agus iarracht a dhéanamh an t-am a chur i bhfad; á chur in iúl gur oth léi nach raibh freagra tugtha ag an gCoimisiún ar iarraidh na Parlaiminte Airteagal 6(1) den rialachán a ghníomhachtú agus nach raibh ach iarrataí ar fhaisnéis seolta aige chuig an Ungáir agus chuig an bPolainn faoi dheireadh 2021;

16.

ag athdhearbhú a seasaimh i ndáil leis an Rialachán maidir le Coinníollacht an Smachta Reachta, a tháinig i bhfeidhm an 1 Eanáir 2021 agus atá infheidhme go díreach ina iomláine san Aontas Eorpach agus sna Ballstáit uile maidir le gach ciste faoi bhuiséad an Aontais, lena n-áirítear acmhainní a leithdháileadh ó shin tríd an tSaoráid shealadach Téarnaimh agus Athléimneachta NextGenerationEU dar luach EUR 800 billiún; á mheabhrú go soláthraítear sainmhíniú soiléir ar an smacht reachta sa Rialachán maidir le Coinníollacht an Smachta Reachta, nach mór a thuiscint i ndáil le luachanna eile an Aontais, lena n-áirítear cearta bunúsacha agus neamh--idirdhealú; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhfuil tionchar díreach ag idirdhealú atá urraithe ag an stát i gcoinne mionlach ar na tionscadail a gcinneann na Ballstáit airgead an Aontais a chaitheamh orthu agus, dá bhrí sin, go mbíonn tionchar díreach aige ar chosaint leasanna airgeadais an Aontais; á iarraidh ar an gCoimisiún an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 6(1) den Rialachán maidir le Coinníollacht an Smachta Reachta a ghníomhachtú láithreach;

17.

á mheabhrú nár tugadh aon fhreagra cuí fós ar thionscnamh na Parlaiminte maidir le sásra de chuid an Aontais um an daonlathas, um an smacht reachta agus um chearta bunúsacha a bhunú, atá le rialú le comhaontú idirinstitiúideach idir an Pharlaimint, an Coimisiún agus an Chomhairle; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle dul i mbun caibidlíochta láithreach leis an bParlaimint maidir le comhaontú idirinstitiúideach de bhun Airteagal 295 CFAE;

18.

ag aithint an róil ríthábhachtaigh atá ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta maidir le luachanna an Aontais a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE agus sa Chairt a chur chun cinn agus a chosaint; á chur i bhfáth go rannchuidíonn siad go mór le prionsabail an smachta reachta sna Ballstáit a chaomhnú, le guth a thabhairt do dhaoine leochaileacha agus imeallaithe, agus le rochtain ar sheirbhísí sóisialta ríthábhachtacha a áirithiú; á aithint gur réamhriachtanas don daonlathas, don smacht reachta agus do chearta bunúsacha é spás sibhialta folláin; á chur i bhfáth gur cheart don Aontas, dá bhrí sin, gealltanas a thabhairt maidir le spás sibhialta a chaomhnú agus a chothú ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta agus Eorpach, lena n-áirítear trí straitéis thiomnaithe a ghlacadh chuige sin;

19.

á chur in iúl gur geal léi bunú gasta Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh atá éifeachtúil, neamhspleách agus oibríochtúil go hiomlán chun an comhrac i gcoinne na calaoise san Aontas Eorpach a neartú; á thabhairt chun suntais go bhfuil sé tábhachtach tacú leis an gcomhar idir institiúidí an Aontais Eorpaigh, na Ballstáit, an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh agus leis an gcomhar sin a neartú;

20.

á mheabhrú gurb é an toradh a bhí ar phaindéim COVID-19, go háirithe le linn na gcéimeanna tosaigh di, sáruithe tromchúiseacha ar an tsaorghluaiseacht agus ar an tsaoirse oibre, meath ar dhálaí oibre agus maireachtála, lena n-áirítear i gcás oibrithe séasúracha agus trasteorann ar fud an Aontais; á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go gcuirtear deireadh leis na srianta ar chearta bunúsacha a eascraíonn as an bpaindéim a luaithe is féidir i bhfianaise na staide sláinte poiblí, agus go ndéantar na cearta agus na saoirsí go léir a athbhunú ina n-iomláine;

21.

á thabhairt chun suntais go bhfuil cúlú ar an smacht reachta i roinnt mhaith Ballstát thar thréimhsí éagsúla agus ar leibhéil éagsúla údaráis, ó leibhéal an fheidhmeannais, mar a bhfuil nósanna imeachta amhail dlús a bheith á chur le dlíthe le linn éigeandálaí stáit, go dtí an leibhéal áitiúil, amhail mí-úsáid fhorleatach arna déanamh ag údaráis phóilíneachta; á mheabhrú gur cheart úsáid na cumhachta lánroghnaí a rialú le hathbhreithnithe breithiúnacha nó neamhspleácha eile agus gur cheart go mbeadh na leigheasanna atá ar fáil soiléir agus inrochtana go héasca, go háirithe i gcás mí-úsáide, lena n-áirítear rochtain ar ombudsman nó ar dhlínse neamhchonspóideach de chineál eile; á iarraidh ar na Ballstáit sásraí a bhunú chun mí-úsáid cumhachtaí lánroghnacha a chosc agus a cheartú agus pionós a ghearradh ina leith, agus cúiseanna leormhaithe a sholáthar lena gcinntí, go háirithe nuair a dhéanann siad difear do chearta daoine aonair;

22.

á chur in iúl gur cúis bhuartha di go raibh tionchar nach bhfacthas a leithéid roimhe seo ag paindéim COVID-19 agus ag na freagairtí a lean í ar fheidhmiú na gcúirteanna agus ar an gcumas cearta cosanta a fheidhmiú, lenar cuireadh srian mór ar chumas dlíodóirí dul i gcomhairle lena gcuid cliant; á chur i bhfios go láidir go raibh srian mór ar rochtain ar stáisiúin phóilíneachta agus ar chúirteanna, agus go ndearnadh go leor éisteachtaí cúirte a chur siar nó a bhogadh ar líne; á chur i bhfáth go raibh impleachtaí tromchúiseacha ag na bearta sin maidir le cumas daoine a gabhadh, a ionchúisíodh nó a coimeádadh a gceart chun trialach córa a fheidhmiú;

23.

á chur i bhfáth nach amhlaidh, i bhfianaise phaindéim COVID-19, a scaoiltear na húdaráis forfheidhmithe dlí ón oibleagáid atá orthu na leasanna i dtrácht a chothromú go cúramach agus a gcumhachtaí a úsáid ar bhealach a gcomhlíontar a n-oibleagáidí maidir le cearta an duine; á mheabhrú gurb amhlaidh, i gcás ina ndearnadh sáruithe ar chearta an duine a bhaineann le póilíneacht agus le húsáid fornirt, nach mór do na Ballstáit imscrúduithe prasa, críochnúla, éifeachtacha agus neamhspleácha a dhéanamh, agus a áirithiú go ndéantar gach duine atá freagrach a thabhairt chun cuntais i dtrialacha cothroma;

24.

á chur in iúl gur cúis bhuartha di tionchar ghéarchéim COVID-19 ar dhaoine atá faoi choimeád; á chur i bhfáth gur ghlac roinnt Ballstát bearta chun an líon daoine i bpríosúin a laghdú, ach gur minic nach ndearnadh amhlaidh ach ar bhonn sealadach; á chur i bhfios go láidir go bhfuil géarchéim sheanbhunaithe san Aontas a mhéid a bhaineann le plódú i bpríosúin, arb é an úsáid iomarcach a bhaintear as athchur faoi choimeád is mó is cúis leis (11); á chur in iúl gur cúis bhuartha di an méadú atá ag teacht ar na fadhbanna meabhairshláinte atá ag daoine arna n-athchur faoi choimeád; á mheabhrú nach bhfuil sé inghlactha daoine atá neamhchiontach go dlíthiúil a athchur faoi choimeád ach mar bheart eisceachtúil nuair nach bhfuil an dara rogha ann, agus á iarraidh ar na Ballstáit teorainn a chur leis an spleáchas ar an athchur faoi choimeád agus breathnú ar roghanna malartacha air; á chur i bhfáth go bhfuil gá le caighdeáin de chuid an Aontais maidir le hathchur faoi choimeád, lenar cheart an phianbhreith íosta is gá a bhunú sula bhforchuirfí athchur faoi choimeád ionas go ndíolmhófaí mionchiontóirí; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim nár cheart daoine aonair a choinneáil i bpríosún thar an teorainn dhlíthiúil agus iad ag feitheamh ar thriail, agus nach mór cásanna a thabhairt chun trialach laistigh de thréimhse réasúnach ama; á iarraidh ar an gCoimisiún íoschaighdeáin a mholadh maidir le dálaí príosúin agus coinneála san Aontas;

An ceart chun córa comhionainne

25.

á chur i bhfáth, agus é ina chúis bhuartha di, gur ann i gcónaí do chleachtais idirdhealaitheacha, bunaithe ar fhorais amhail gnéas, cine, dath, bunadh eitneach nó sóisialta, airíonna géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairim pholaitiúil nó aon tuairim eile, ballraíocht de mhionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois, gnéaschlaonadh agus féiniúlacht inscne; á iarraidh ar an gCoimisiún beartais phoiblí a chur chun cinn arb é is aidhm leo deireadh a chur leis an idirdhealú sin, agus a áirithiú go ndéantar Cinneadh Réime 2008/913/CGB ón gComhairle maidir leis an gciníochas agus an tseineafóibe a chomhrac a chur chun feidhme (12) go cuí agus go hiomlán; á chreidiúint gur cheart don Choimisiún imeachtaí um shárú a thionscnamh in aghaidh Ballstáit nach ndéanann amhlaidh;

26.

á thabhairt chun suntais gurb amhlaidh, de réir thuarascálacha bliantúla Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha maidir le cearta bunúsacha, atá cleachtais, beartais agus dlíthe institiúideacha idirdhealaitheacha á saothrú ag go leor Ballstát; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cur chun feidhme agus forfheidhmiú iomlán na reachtaíochta frith-idirdhealaithe a áirithiú, imeachtaí um shárú a sheoladh i gcoinne na mBallstát nach ndéanann reachtaíocht frith-idirdhealaithe an Aontais a thrasuí nó a chur chun feidhme go hiomlán, agus dlús a chur le bearta chun idirdhealú institiúideach a chosc, go háirithe i bhforfheidhmiú an dlí agus sa chóras breithiúnach, a bhféadfadh tionchar níos tromchúisí a bheith aige ar dhaoine aonair ó ghrúpaí ar leochaileach a gcás; á mheabhrú go bhfuil géarghá leis an gcosaint in aghaidh an idirdhealaithe a leathnú thar fhostaíocht trí chur chuige cothrománach agus trasnach; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle an Treoir maidir le Cóir Chomhionann a dhíbhlocáil gan a thuilleadh moille agus gan na caighdeáin a ísliú;

27.

á chur i bhfáth gur cheart do na Ballstáit, de réir thuarascáil 2021 Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha maidir le cearta bunúsacha, feabhas mór a chur ar éifeachtacht a gcuid beart agus socruithe institiúideacha chun an Treoir maidir le Comhionannas Ciníocha (13) a chur i bhfeidhm go cuí agus go hiomlán, go háirithe trí fheabhas a chur ar neamhspleáchas comhlachtaí comhionannais trína áirithiú go bhfuil an sainordú agus na hacmhainní cuí agus is gá acu chun na cúraimí a shanntar dóibh i reachtaíocht neamh-idirdhealaithe an Aontais a dhéanamh go héifeachtach;

28.

ag tathant ar an gCoimisiún dlús a chur lena iarrachtaí ciníochas a chomhrac, lena n-áirítear trí reachtaíocht uaillmhianach a mholadh; á iarraidh ar an gCoimisiún, thairis sin, a áirithiú go ndéantar obair leantach chuí ar phlean gníomhaíochta an Aontais in aghaidh an chiníochais 2020-2025 (14) agus sásraí éifeachtúla faireacháin agus meastóireachta a chur ar bun chun dul chun cinn a thomhas;

29.

á chur in iúl gur geal léi gur cheap an Coimisiún comhordaitheoir um chearta íospartach, gur ghlac sé a chéad straitéis maidir le cearta íospartach agus gur chuir sé ardán um chearta íospartach ar bun; á chur i bhfáth, áfach, go bhfuil dúshláin fós ann i roinnt Ballstát maidir le rochtain ar cheartas, go háirithe d’íospartaigh ar leochaileach a gcás, agus maidir le neamhspleáchas na mbreithiúna;

30.

á iarraidh go mbeidh sásra príomhshruthaithe ann maidir le comhar i mbeartais chomhionannais an Aontais agus i mbeartais chomhionannais náisiúnta agus chun na beartais sin a chomhordú, agus é á áirithiú go ndéantar an uile chineál idirdhealaithe, go háirithe cineálacha trasnacha, a chur san áireamh agus beartais á n-athbhreithniú agus á nglacadh, lena n-áirítear trí mheasúnuithe tionchair comhionannais ar bhealach rialta agus trédhearcach, i gcomhréir le spriocanna agus amlínte soiléire, ar bhonn na fianaise agus trí tháscairí feidhmíochta a úsáid; á iarraidh go mbunófar dlúthchomhar leis na geallsealbhóirí ábhartha, le heagraíochtaí tacaíochta agus le pobail agus daoine a ndéantar idirdhealú orthu, agus acmhainní leormhaithe a áirithiú, san am céanna, chun gníomhaíocht agus faireachán a dhéanamh ar bhearta;

31.

ag cáineadh an mhéadaithe ar ionsaithe ar dhaoine LADTIA agus ag tathant ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún bearta a dhéanamh chun deireadh a chur leis na hionsaithe sin agus chun comhionannas éifeachtach a ráthú do dhaoine LADTIA i ngach réimse;

32.

ag cáineadh an chur chuige a ghlac roinnt rialtas san Aontas chun reachtaíocht a ghlacadh trí nósanna imeachta meara gan aon chomhairliúchán poiblí nó fiú, i gcásanna eisceachtúla, trí athruithe bunreachtúla mar bhealach chun beartais idirdhealaitheacha a dhlisteanú, ar beartais iad nach bhféadfaí reachtaíocht a rith ina leith murach sin, amhail forálacha a dhírítear go sonrach ar dhaoine LADTIA; ag tabhairt dá haire gur formheasadh athruithe ar bhunreacht na hUngáire agus gur ghlac Parlaimint na hUngáire an bille “in aghaidh LADTIA” i mí an Mheithimh 2021, ar samplaí suntasacha den chúngach ar an gceart chun córa comhionainne agus ar phrionsabal an neamh-idirdhealaithe iad; á chur in iúl gur geal léi gur fhoilsigh 18 mBallstát ráiteas comhpháirteach ina gcáintear na leasuithe in aghaidh LADT i nDlí na hUngáire um Chosaint Leanaí; á chur in iúl gur geal léi gur athdhearbhaigh 16 Bhallstát a dtacaíocht don chomhrac i gcoinne an idirdhealaithe in aghaidh dhaoine LADTIA; á chur i bhfáth nach bhfuil aon amhras ach go n-áirítear le cur chun cinn an tionscadail Eorpaigh cur chun cinn na caoinfhulaingthe, an ghlactha, an neamh-idirdhealaithe agus na córa comhionainne;

33.

á chur in iúl gur cúis bhuartha di na tuairiscí maidir le forneart iomarcach, brúidiúlacht na bpóilíní agus mí-iompar i gcoinne na Romach ar fud an Aontais, ar tuairiscí iad atá ag teacht le torthaí Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha a foilsíodh in 2020, inar léiríodh freisin go bhfuil na Romaigh ag maireachtáil go forleathan faoi bhochtaineacht agus i ndálaí maireachtála neamhleora, go bhfuil drochshláinte acu, go n-eisiatar ó mhargadh an tsaothair iad agus go ndéantar ciapadh orthu; ag cáineadh an eisiaimh shóisialta agus an fhrithghiofógachais atá fós ann agus is siocair le coiriúlú díréireach na Romach, agus á iarraidh ar an gCoimisiún reachtaíocht níos fearr agus bearta beartais sonracha a chur ar aghaidh chun na teagmhais sin a chosc agus chun ceartas a thabhairt do na híospartaigh, agus an comhrac i gcoinne an fhrithghiofógachais á chur i gcroílár bheartais an Aontais san am céanna;

34.

á chur in iúl gur saoth léi go bhfuil líon suntasach Romach fós ag cur fúthu i lonnaíochtaí imeallaithe san Aontas, i ndálaí thar a bheith forbhásach agus in imthosca socheacnamaíocha an-lag, ar minic nach mbíonn rochtain acu ar uisce óil glan, leictreachas, tithíocht shábháilte leormhaith, oideachas, fostaíocht, cúram sláinte, saoráidí séarachais ná bailiú dramhaíola; á mheabhrú gur léir go bhfuil an staid i lonnaíochtaí Romacha ina sárú ar chearta an duine agus ar chearta bunúsacha, agus go bhfuil iarmhairtí tromchúiseacha aici, go háirithe do leanaí na Romach; ag tathant ar na Ballstáit cloí leis an moladh ón gComhairle maidir le comhionannas, cuimsiú agus rannpháirtíocht na Romach (15), agus freisin le creat straitéiseach an Aontais maidir le comhionannas, cuimsiú agus rannpháirtíocht na Romach faoi choinne 2020-2030 (16), agus leas iomlán a bhaint as cistiú an Aontais agus as cistiú náisiúnta chuige sin; á iarraidh ar an gCoimisiún dlús a chur lena fhaireachán ar dhul chun cinn na mBallstát agus céimeanna breise a ghlacadh dá réir sin;

35.

á chur in iúl gur saoth léi go bhfuil an cleachtas lena ndéantar leanaí ó ghrúpaí mionlaigh a leithscaradh i scoileanna fós ina shaincheist mhór san Eoraip; ag cur béim ar an bhfíoras gurb é is cúis leis na cleachtais sin, go minic, mídhiagnóisiú a bheith á dhéanamh go bhfuil leanaí faoi mhíchumas intleachta bunaithe ar a n-imthosca sóisialta nó pearsanta; á iarraidh ar na Ballstáit a mbeartais chuimsitheacha a neartú chun cosc a chur ar na cleachtais idirdhealaitheacha sin, bídís d’aon ghnó nó ná bídís, agus sásraí maoirseachta a bhunú chun cinntí diagnóiseacha a athbhreithniú agus a aisiompú, i gcás inar gá;

36.

á iarraidh ar na Ballstáit rannpháirtíocht chuí na gcomhlachtaí cosanta sóisialta-dlíthiúla a áirithiú maidir le leanaí agus caomhnóireacht shóisialta i bpobail imeallaithe na Romach chun a áirithiú go bhfaigheann leanaí an chosaint agus an cúram is gá dá ndea-bhail agus dá bhforbairt, agus a leasanna á n-urramú ag an am céanna, agus nósanna imeachta a chuirtear in oiriúint do riachtanais éagsúla na bpobal Romach imeallaithe a chur ar bun chun a gcuid dualgas a chur i gcrích ar an mbealach céanna le leanaí an mhóraimh;

37.

á thabhairt chun suntais go leagtar síos spriocanna uaillmhianacha i seacht bpríomhréimse i gcreat straitéiseach nua an Aontais maidir leis na Romaigh le haghaidh comhionannais, cuimsithe agus rannpháirtíochta: neamh-idirdhealú, cuimsiú, rannpháirtíocht, oideachas, fostaíocht, sláinte agus tithíocht, agus fónann sé mar chreat faireacháin níos láidre ina bhfuil raon spriocanna inchainníochtaithe agus intomhaiste chun dul chun cinn a rianú; ag tathant ar an gCoimisiún a áirithiú go ndéantar obair leantach chuí ar an straitéis agus ar dhul chun cinn; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit, thairis sin, an toirmeasc ar phróifíliú ciníoch nó eitneach a fhorfheidhmiú i bhforfheidhmiú an dlí, i mbearta frithsceimhlitheoireachta agus i rialuithe imirce, chomh maith le foréigean póilíneachta, agus cuntasacht a áirithiú;

38.

á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhféadfadh idirdhealú agus naimhdeas i gcoinne grúpaí áirithe a bheith mar thoradh ar bheartais sceimhlitheoireachta agus frithsceimhlitheoireachta, lena n-áirítear pobail de dhath, pobail Mhoslamacha, gluaiseachtaí frithchiníochais, gníomhaithe agus eagraíochtaí; á chur in iúl gur oth léi, i gcásanna áirithe, go n-áirítear leis na beartais sin dlisteanú, coiriúlú nó iarracht a dhéanamh dioscúrsaí polaitiúla, reiligiúnacha agus dioscúrsaí eile a choiriúlú, a bhféadfadh cleachtais idirdhealaitheacha forfheidhmithe dlí a bheith mar thoradh orthu, amhail próifíliú ciníoch agus reiligiúnach, agus éifeachtaí sóisialta níos leithne amhail féinchinsireacht agus laghdú ar an spás don tsochaí shibhialta;

39.

á chur in iúl gur geal léi cinneadh an Choimisiúin comhairliúchán poiblí a eagrú maidir le nuashonrú a dhéanamh ar Threoir 2012/29/AE lena mbunaítear íoschaighdeáin maidir le cearta, tacaíocht agus cosaint íospartaigh na coireachta (17) mar chuid de straitéis an Aontais maidir le cearta íospartach (2020-2025), agus é mar aidhm leis feabhas éifeachtach a chur ar an gcúnamh agus ar an gcosaint a thugtar d’íospartaigh, lena n-áirítear íospartaigh na sceimhlitheoireachta, agus á aithint a thábhachtaí atá sé a ndínit a chaomhnú; á iarraidh ar na hinstitiúidí lena mbaineann go ndéanfaí coimircí a sholáthar chun cosc a chur ar aon íospairt ina dhiaidh sin arna díorthú ó náiriú agus ionsaithe i leith íomhá na n-íospartach a thagann ó earnálacha sóisialta a bhaineann leis an ionsaitheoir;

40.

á iarraidh an athuair ar institiúidí uile AE agus ar na Ballstáit aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar dhúshláin amhail teacht i dtír gnéasach ar leanaí, pornagrafaíocht leanaí, cosaint leanaí imirceacha neamhthionlactha, staid leanaí institiúidithe agus faoi mhíchumas, cosaint leanaí a d’fhulaing foréigean baile agus teacht i dtír sa láthair oibre, agus leanaí atá ar iarraidh;

41.

á chur in iúl gur geal léi gur thug an Coimisiún aird ar mholtaí na Parlaiminte agus gur ghlac sé straitéis uaillmhianach maidir le cearta daoine faoi mhíchumas don tréimhse 2021-2030 (18); ag athdhearbhú a thábhachtaí atá sé na bearta atá beartaithe a chur chun feidhme agus bearta náisiúnta a fhorbairt tuilleadh chun a áirithiú nach mbeidh daoine faoi mhíchumas faoi mhíbhuntáiste nó nach ndéanfar idirdhealú orthu ó thaobh fostaíochta, oideachais agus cuimsiú sóisialta de agus go ráthófar go hiomlán a gcearta mar a bheartaítear iad i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas;

42.

á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an méadú atá ag teacht ar an mbochtaineacht agus ar an eisiamh sóisialta, go háirithe mar thoradh ar phaindéim COVID-19, chomh maith leis an bhfuathchaint agus leis an bhfuathchoireacht; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an brú ar leith nach bhfacthas a leithéid riamh atá curtha ag an bpaindéim ar dhaoine aonair atá i staideanna leochaileacha, lena n-áirítear mná, daoine aonair ó ghrúpaí ciníocha, imircigh agus daoine faoi mhíchumas; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di gur baineadh úsáid mhéadaitheach as géarchéim COVID-19 mar leithscéal chun ionsaí a dhéanamh ar ghrúpaí i staideanna leochaileacha, lena n-áirítear imircigh, daoine ó chúlraí imirceach agus Romaigh, atá faoi réir idirdhealú ciníoch agus eitneach, fuathchainte agus fuathchoireachta cheana féin;

43.

ag cur béim ar an bhfíoras gur nocht paindéim COVID-19 bearnaí ollmhóra in acmhainneacht agus ullmhacht chórais cúraim sláinte, oideachais, fostaíochta agus cosanta sóisialta na mBallstát; á chreidiúint go láidir nach mór do na Ballstáit feabhas mór a chur ar a gcórais cúraim sláinte, leasa shóisialta agus cúnaimh shóisialta chun a áirithiú go dtabharfaidh siad tacaíocht iomlán do chách, go háirithe do dhaoine níos leochailí, fiú le linn géarchéime, agus ar an gcaoi sin cearta sláinte, eacnamaíocha agus sóisialta gach duine a chosaint go leormhaith;

44.

á chur in iúl gur oth léi go ndearna paindéim COVID-19 difear díréireach do phobail Romacha imeallaithe mar gheall ar dhrochdhálaí tithíochta, rochtain theoranta ar uisce, ar leictreachas agus ar shláintíocht, agus easpa rochtana ar an idirlíon agus ar threalamh TF iomchuí, rud a d’fhág go raibh na Romaigh óga ag titim chun deiridh níos mó fós i /oideachas scoile; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go háirithe gur mhéadaigh tionchar phaindéim COVID-19 ar na Romaigh neamhionannais agus gur spreag sé an dochar, lena n-áirítear cásanna d’fhoréigean póilíneachta; ag tabhairt dá haire gur oth léi go ndearnadh milleán ar an bpobal Romach go minic le linn na paindéime; ag tabhairt dá haire go raibh siad neamhchosanta ar stiogmatú, ar idirdhealú agus ar fhuathchaint a nascann an víreas lena n-eitneacht; á chur in iúl gur saoth léi gur minic a léirigh roinnt meán agus líonraí sóisialta Romaigh mar ghuais don tsláinte phoiblí atá freagrach as an víreas a scaipeadh; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit dlús a chur lena mbeartais chun aghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht agus ar an eisiamh sóisialta nach mór do phobail Romacha a fhulaingt, agus aird ar leith á tabhairt ar chearta na mban Romach agus na leanaí Romacha;

45.

á chur i bhfáth gur riachtanas bunúsach í tithíocht agus gur ceart bunúsach é an rochtain ar an tithíocht, go háirithe cúnamh tithíochta, toisc nach féidir le saoránaigh nach bhfuil tithíocht acu páirt iomlán a ghlacadh sa tsochaí ná leas a bhaint as a gcearta bunúsacha uile; á iarraidh ar na Ballstáit glacadh leis, gan mhoill, gur cheart dóibh a bheith faoi cheangal ag Airteagal 31 de Chairt Shóisialta na hEorpa athbhreithnithe maidir leis an gceart chun tithíochta; á chur in iúl gur cúis bhuartha ar leith di go gceiltear ar dhaoine óga tithíocht mar gheall ar an méadú ollmhór ar phraghsanna tithe, go háirithe i gceantair uirbeacha áirithe;

46.

á aithint gur cineál eile idirdhealaithe í an bhochtaineacht a mbíonn sárú ar chearta bunúsacha mar thoradh air, go háirithe na grúpaí sin is mó a ndéantar difear dá gcearta cheana féin, amhail mná, imircigh, daoine gorma agus daoine de dhath agus mionlaigh, pobal LADTIA agus leanaí; á thabhairt chun suntais leochaileacht ar leith leanaí agus an tionchar atá ag an mbochtaineacht orthu agus ar a bhforbairt fhisiceach agus shíceolaíoch; á iarraidh ar an gCoimisiún, ar an gComhairle agus ar na Ballstáit beartais a fhorbairt chun an bhochtaineacht a laghdú, agus aird ar leith á tabhairt ar leanaí; á iarraidh ar na Ballstáit rochtain ar chúram sláinte, ar oideachas ardcháilíochta agus ar thithíocht a ráthú ar bhonn cothrom do chách agus deireadh a chur le laghdú na seirbhísí poiblí, as ar eascair rátaí bochtaineachta níos airde agus, thar aon ní eile, neamhionannais; á mheabhrú gur cearta bunúsacha iad cearta eacnamaíocha agus sóisialta; á iarraidh an athuair ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún cearta bunúsacha a bhreithniú agus tograí beartais eacnamaíoch á ndéanamh ag an am céanna;

47.

á chur i bhfáth gur cheart do na Ballstáit bearta a dhéanamh chun an ceart chun poist ardcháilíochta a ráthú, ar ceart é ar féidir a réiteach le saol pearsanta agus saol teaghlaigh an duine agus le forbairt duine, ós rud é gurb é sin an bealach is fearr chun deireadh a chur leis an mbochtaineacht; á aithint go ndéantar an ceart sin a shárú go soiléir i gcás dúshaothrú agus mí-úsáid saothair; á iarraidh ar na Ballstáit cigireachtaí saothair a neartú agus bearta a dhéanamh chun deireadh a chur le mí-úsáid saothair; á iarraidh ar an gCoimisiún féachaint cad iad na céimeanna is gá chun go n-aontóidh AE do Chairt Shóisialta na hEorpa agus creat ama a mholadh chun na críche sin;

48.

á chur in iúl gur cúis bhuartha di an easpa dul chun cinn maidir le dálaí oibre forbhásacha i seirbhísí cúraim, a bhfuil iarmhairtí suntasacha acu do dhaoine scothaosta, a bhfuil na seirbhísí sin de dhíth orthu chun saol díniteach a chaitheamh agus chun fanacht comhtháite sa tsochaí; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a n-iarrachtaí a neartú chun gach cineál idirdhealaithe i gcoinne daoine scothaosta a chomhrac agus chun a riachtanais agus a gcearta a ráthú; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé tacú le tionscnaimh a bhaineann le haosú gníomhach;

49.

ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil infhaighteacht seirbhísí ar líne ar fud an Aontais ar cheann de na réamhchoinníollacha bunúsacha maidir le cuimsiú sochaíoch iomlán san Eoraip; á thabhairt faoi deara nach bhfuil roinnt codanna de AE cumhdaithe go fóill ag seirbhísí ar líne d’ardcháilíocht, i gceantair thuaithe go minic, rud a d’fhéadfadh an bhearna neamhionannais i measc mhuintir na hEorpa a leathnú tuilleadh; ag spreagadh an Choimisiúin agus na mBallstát dlús a chur le claochlú digiteach AE, ar cheart dó díriú go cothrom ar dhea-bhail na nglúnta uile agus aghaidh a thabhairt ar shábháilteacht ar líne;

50.

á mheabhrú a thábhachtaí atá sé sonraí comhionannais éigeantacha agus imdhealaithe a bhailiú go córasach agus táscairí a fhorbairt chun dul chun cinn straitéisí AE in aghaidh an chiníochais agus an idirdhealaithe a thomhas agus a thuairisciú; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit dlús a chur lena n-iarrachtaí ina leith sin; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit sonraí comhionannais a bhailiú atá imdhealaithe de réir tionscnamh ciníoch agus eitneach, chomh maith le saintréithe cosanta eile, chun ciníochas a dhoiciméadú agus beartais phoiblí a fhorbairt a chomhlíonann riachtanais na ndaoine a ndéantar difear dóibh ar bhealach fíor agus éifeachtach, agus an ceart bunúsach chun príobháideachais, cosaint sonraí pearsanta agus reachtaíocht ábhartha AE agus náisiúnta á n-urramú go hiomlán ag an am céanna;

Ciníochas struchtúrach

51.

ag aithint agus ag cáineadh an chiníochais struchtúraigh san Aontas mar gheall ar steiréitíopaí atá buanaithe ag dioscúrsaí lena ndéantar idirdhealú ar mhionlaigh eitneacha i ngach réimse dá saol; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di cineálacha aonair, struchtúracha agus institiúideacha ciníochais agus seineafóibe in AE agus an t-idirdhealú atá ag dul i méid in aghaidh na nArabach, na nEorpach Gorm, daoine de bhunadh na hÁise, daoine Giúdacha, Moslamacha agus Romacha; ag tathant ar na Ballstáit deireadh a chur le cleachtais, beartais agus dlíthe institiúideacha idirdhealaitheacha;

52.

á chur i bhfios go láidir gur shlóg gluaiseacht Black Lives Matter sochaithe ar fud an domhain chun aghaidh a thabhairt ar chiníochas agus ar idirdhealú ag údaráis forfheidhmithe dlí; á mheabhrú di rún uaithi an 19 Meitheamh 2020 maidir le hagóidí frithchiníochais tar éis bhás George Floyd (19), inar athdhearbhaíodh Tábhacht an Phobail Ghoirm; á athdhearbhú go dtacaíonn sí leis na hagóidí forleathana i gcoinne an chiníochais agus an idirdhealaithe a rinneadh i bpríomhchathracha agus i gcathracha Eorpacha ar fud an domhain tar éis bhás George Floyd in 2020; ag tacú leis an iarraidh ó lucht agóide seasamh a ghlacadh i gcoinne cos ar bolg agus ciníochas struchtúrach san Eoraip; á chur in iúl gur geal léi ceapachán Chomhordaitheoir Frithchiníochais AE i mí na Bealtaine 2021, eagrú Chruinniú Mullaigh Frithchiníochais an Aontais, bunú buanfhóram le haghaidh comhairliúcháin leis an tsochaí shibhialta maidir leis an bhfrithchiníochas agus conclúidí ón gComhairle an 4 Márta 2022 maidir leis an gciníochas agus an frithsheimíteachas a chomhrac; á chur in iúl gur geal léi, ina theannta sin, aitheantas an Choimisiúin, den chéad uair, go bhfuil ciníochas struchtúrach ann ina phlean gníomhaíochta frithchiníochais AE do 2020-2025 agus gur leagadh amach bearta nithiúla chun dul i ngleic leis an gciníochas agus leis an idirdhealú eitneach in AE;

53.

ag tathant ar institiúidí AE agus ar na Ballstáit dul i ngleic le bunchúiseanna an chiníochais struchtúraigh; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit bearta a chur chun feidhme chun aghaidh a thabhairt ar neamhionannais struchtúracha leanúnacha i bpríomhréimsí amhail an córas ceartais choiriúil, oideachas, tithíocht, fostaíocht, cúram sláinte, earraí agus seirbhísí; á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról tábhachtach ag an oideachas agus ag na meáin maidir le cur i gcoinne insintí ciníocha agus maidir le claontachtaí agus steiréitíopaí a mhiondealú; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit oiliúint frithchiníochais a chur chun cinn;

54.

á iarraidh ar na Ballstáit pleananna gníomhaíochta náisiúnta in aghaidh an chiníochais a ghlacadh faoi dheireadh 2022 agus tosaíocht a thabhairt do ghníomhaíocht chun dul i ngleic le heaspa rochtana ar cheartas agus le neamhionannais shocheacnamaíocha mharthanacha i réimsí amhail tithíocht, cúram sláinte, fostaíocht agus oideachas, ar gá iad a aithint mar bhacainní móra ar theachtadh iomlán na gceart bunúsach agus mar phríomhbhacainní ar an gcuimsiú agus ar an gcomhionannas; á iarraidh ar an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar na pleananna gníomhaíochta náisiúnta sin agus ar phlean gníomhaíochta AE agus obair leantach chuí a áirithiú ina leith; á iarraidh ar an gCoimisiún thairis sin faireachán a dhéanamh ar an gciníochas agus ar an idirdhealú sna Ballstáit agus gníomhaíocht a dhéanamh ina gcoinne, lena n-áirítear trí nósanna imeachta um shárú a thionscnamh chun cur i bhfeidhm éifeachtach na reachtaíochta a chur chun cinn;

55.

á thabhairt chun suntais go bhfuil tuairimí ciníocha agus seineafóbacha ann atá ag dul i méid agus a chuir roinnt ceannairí tuairimíochta, polaiteoirí agus na meáin chun cinn, rud a chuidigh le timpeallacht naimhdeach a chruthú do dhaoine a thacaíonn leis an gciníochas agus d’eagraíochtaí a oibríonn in aghaidh an chiníochais; á iarraidh ar na Ballstáit Cinneadh Réime 2008/913/CGB ón gComhairle maidir le cineálacha agus léirithe áirithe ciníochais agus seineafóibe a chomhrac trí bhíthin an dlí choiriúil a thrasuí go hiomlán agus a chur i bhfeidhm; á mholadh do na Ballstáit na bearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú go measfar ghluaisteacht chiníoch nó sheineafóbach a bheith ina imthoisc ghéaraitheach nó, mar mhalairt air sin, go bhféadfaidh na cúirteanna an rún sin a chur san áireamh agus na pionóis á gcinneadh;

56.

á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di gurb ann do ghluaiseachtaí na heite deise foircneacha agus go bhfuil siad á leathadh go leanúnach in AE, go háirithe grúpaí nuafhaisisteacha agus neo-Naitsíocha; á iarraidh ar na Ballstáit bearta práinneacha a dhéanamh chun toirmeasc éifeachtach a chur ar na grúpaí sin; á iarraidh, idir an dá linn, go ndéanfaí tuilleadh taighde ar na fondúireachtaí, ar an mbonn ballraíochta agus go háirithe ar an gcistiú taobh thiar de na grúpaí sin agus é mar aidhm leis sin cur isteach eachtrach a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint; á chur i bhfáth gur gá níos mó spáis a chaitheamh i gcuraclaim na staire ar fhoghlaim oibiachtúil agus fhíorasach faoi idé-eolaíochtaí ciníocha nó eitneacha éagsúla, amhail an sclábhaíocht, an coilíneachas nó an faisisteachas, agus a bhfoirmeacha agus a mbunús, lena n-áirítear mí-úsáid na heolaíochta ar mhaithe lena mbonn cirt, chomh maith lena n-iarmhairtí agus a n-iarsmaí a d’fhéadfadh a bheith ann sa lá atá inniu ann chun dul i ngleic le hathbheochan na n-idé-eolaíochtaí sin arís agus arís eile;

57.

á mheabhrú gur gá aird ar leith a thabhairt ar an digiteáil agus ar na claontachtaí sóisialta a d’fhéadfadh a bheith ann agus a d’fhéadfaí a bheith tugtha isteach i dteicneolaíochtaí nua; á thabhairt chun suntais gur gá aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ag IS, ní mar fhadhb theicneolaíoch ach mar cheann sóisialta, go háirithe i gcás daoine aonair ó ghrúpaí ciníochaithe; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit bearta a chur i bhfeidhm chun teicneolaíochtaí nua, lena n-áirítear IS, a chosc ó idirdhealú, neamhionannais atá ann cheana agus bochtaineacht a ghéarú; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh córais IS bunaithe ar phrionsabail na trédhearcachta, na hinmhínitheachta, na cothroime agus na cuntasachta agus go ndéanfar iniúchtaí neamhspleácha chun cosc a chur ar na córais sin géarú ar an gciníochas; á iarraidh, thairis sin, ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit dul i ngleic leis an mbearna inscne agus éagsúlachta in TFC agus san eolaíocht, sa teicneolaíocht, san innealtóireacht agus sa mhatamaitic (STEM), go háirithe i bhforbairt teicneolaíochtaí nua lena n-áirítear IS, agus i bpoist chinnteoireachta go háirithe;

58.

ag tathant ar na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar an Treoir maidir le Comhionannas Ciníoch agus an Treoir maidir le Comhionannas Fostaíochta (20) a chur chun feidhme go hiomlán chun ciníochas leanúnach i gcoinne daoine ar de bhunadh, d’eitneachas nó de dhath éagsúil iad a chomhrac; ag cáineadh go mbíonn ar mhionlaigh chiníocha, eitneacha, teanga agus reiligiúnacha aghaidh a thabhairt ar chiníochas struchtúrtha agus institiúideach domhainfhréamhaithe, ar idirdhealú, ar fhuathchoireacht agus ar fhuathchaint, ar easpa rochtana ar an gceartas, agus ar neamhionannais shocheacnamaíocha leanúnacha atá ina mbacainní móra ar a gcearta bunúsacha, a gcuimsiú sóisialta agus a gcomhionannas a theachtadh go hiomlán mar shaoránaigh AE i ngach réimse den saol, lena n-áirítear tithíocht, oideachas, cúram sláinte agus fostaíocht;

Foréigean inscnebhunaithe, cearta na mban agus cearta daoine LADTIA+

59.

á cháineadh go láidir go bhfuil foréigean inscnebhunaithe ar cheann de na cineálacha foréigin is forleithne in AE, agus go bhfuil sé léirithe i suirbhéanna AE gur fhulaing bean amháin as gach triúr san Aontas — 62 mhilliún bean san iomlán — foréigean fisiciúil nó gnéasach tráth éigin ó bhí siad 15 bliana d’aois agus go bhfuil níos mó ná leath (55 %) tar éis gnéaschiapadh a fhulaingt; á chur i bhfios gur cineál idirdhealaithe agus sárú ar chearta bunúsacha é an foréigean inscnebhunaithe, chomh maith le steiréitíopaí inscne, struchtúir heitreaphatrarcacha, neamhshiméadrachtaí cumhachta agus neamhionannais struchtúracha agus institiúideacha. á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé cur chuige trasnach agus íospartach-lárnach a chur i bhfeidhm maidir leis na beartais agus na bearta uile chun aghaidh a thabhairt ar fhoréigean inscnebhunaithe; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a n-iarrachtaí a chur chun cinn sa treo sin;

60.

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé foréigean inscnebhunaithe de gach cineál a chomhrac agus comhionannas inscne agus cearta na mban a chur chun cinn; á chur in iúl gur geal léi an togra ón gCoimisiún an 8 Márta 2022 le haghaidh treoir maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chomhrac (21), ina moltar bearta maidir le cineálacha áirithe foréigin a choiriúlú, lena n-áirítear éigniú a choiriúlú bunaithe ar easpa toilithe agus ar chineálacha áirithe cibearfhoréigin, chomh maith le bearta chun íospartaigh a chosaint agus rochtain ar cheartas, ar thacaíocht agus ar chosc íospartach a fheabhsú, agus ina n-áirítear forálacha maidir le trasnú; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gné thrasteorann den fhoréigean inscnebhunaithe agus á áitiú nach mór dul i ngleic le foréigean inscnebhunaithe ar an leibhéal Eorpach; á iarraidh ar an gCoimisiún foréigean inscnebhunaithe a chur le liosta na gcoireanna fíor-thromchúiseacha a chumhdaítear in Airteagal 83(1) CFAE;

61.

ag tathant ar an gComhairle daingniú an Aontais ar Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa a thabhairt i gcrích chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac (Coinbhinsiún Iostanbúl); á chur in iúl gur oth léi nár dhaingnigh an Bhulgáir, an tSeicia, an Ungáir, an Laitvia, an Liotuáin agus an tSlóvaic an coinbhinsiún go fóill agus á iarraidh an athuair ar na tíortha sin é sin a dhéanamh; á chur i bhfios gur cheart a thuiscint gurb é Coinbhinsiún Iostanbúl an t-íoschaighdeán chun foréigean inscnebhunaithe a dhíothú; ag cáineadh go fíorláidir go ndearna roinnt Ballstát, go háirithe an Pholainn, iarrachtaí na bearta a rinneadh cheana i dtaca le cur chun feidhme Choinbhinsiún Iostanbúl a chúlghairm agus i dtaca leis an bhforéigean a chomhrac agus le tarraingt amach filleadh ar an gcoinbhinsiún;

62.

ag cáineadh gníomhaíochtaí gluaiseachtaí frithinscne agus frithfheimineacha a dhéanann ionsaí córasach ar chearta na mban agus ar chearta LADTIA; ag tathant ar an gCoimisiún a áirithiú nach ndéanfaidh eagraíochtaí na sochaí sibhialta, a fhaigheann tacaíocht agus cistiú ón Aontas, idirdhealú ar bhonn inscne a chur chun cinn; á chur in iúl gur geal léi an chéad straitéis comhionannais LADTIA riamh de chuid AE agus ag cáineadh tuilleadh cásanna méadaitheacha idirdhealaithe, fuathchoireachta agus foréigin i gcoinne daoine LADTIA; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go ndéanfar obair leantach chuí ar an straitéis;

63.

ag cáineadh na frithfhreagartha leanúnaí gan deireadh i gcoinne chearta na mban i roinnt Ballstát, go háirithe an Pholainn, an tSlóvaic, an Chróit agus an Liotuáin, lena n-áirítear i gcoinne sláinte agus cearta gnéis agus atáirgthe; á mheabhrú gur cineál foréigin inscnebhunaithe é an comhéigean atáirgthe agus diúltú do chúram ginmhillte atá sábháilte agus dlíthiúil; á chur i bhfios go láidir gur rialaigh an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine roinnt uaireanta go sáraíonn dlíthe sriantacha maidir le ginmhilleadh agus an easpa cur chun feidhme cearta daonna na mban agus na gcailíní agus a neamhspleáchas coirp; ag cáineadh na heaspa rochtana ar ghinmhilleadh do mhná in go leor tíortha, agus ag cáineadh básanna ceathrar ban ar a laghad sa Pholainn mar gheall ar chur i bhfeidhm rialachán lena gcuirtear cosc ar ghinmhilleadh i mbeagnach gach cás; ag tathant ar na Ballstáit bearta éifeachtacha a dhéanamh chun na sáruithe sin atá ann cheana ar chearta an duine agus ar chearta na mban a leigheas agus chun na sásraí is gá a chur i bhfeidhm chun a dtarlú amach anseo a chosc; á iarraidh ar an gCoimisiún breithniú a dhéanamh ar an nginmhilleadh mar cheart bunúsach, deireadh a chur le haon bhacainní ar a rochtain agus a áirithiú go ndéanfar é i gcórais cúraim sláinte phoiblí agus béim níos mó a leagan ar shláinte ghnéis agus atáirgthe agus ar chearta gnéis agus atáirgthe ina thuarascálacha bliantúla ar an smacht reachta;

64.

ag cáineadh go láidir idirdhealú agus leithscaradh ban Romach i saoráidí cúraim sláinte máthartha; á chur in iúl gur geal léi gur ghlac an tSeicia dlí cúitimh d’íospartaigh steiriliú éigeantais agus neamhdhleathach, agus ag tabhairt dá haire gur ghlac Rialtas na Slóvaice céim chun cinn in 2021 trí leithscéal a eisiúint, ach nach bhfuil aon dlí cúitimh molta faoi láthair; á mheas gur cearta bunúsacha do mhná iad an ceart chun rochtain a fháil ar chúram sláinte, go háirithe sláinte gnéis agus atáirgthe, ar cheart iad a threisiú agus nár cheart i gcás ar bith iad a laghdú ná a thabhairt chun siúil;

65.

á iarraidh ar na Ballstáit uile neamhspleáchas coirp gach duine a urramú, go háirithe trí chosc a chur ar chiorrú ball giniúna idirghnéasach, trí chleachtais “teiripe tiontaithe” mar a thugtar orthu, agus trí steiriliú éigeantach daoine trasinscneacha mar réamhchoinníoll chun aitheantas dlíthiúil inscne a dheonú dóibh; á athdhearbhú gur cheart dlíthe aitheantais inscne a ghlacadh i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta maidir le cearta an duine, agus ar an gcaoi sin aitheantas inscne a dhéanamh inrochtana, inacmhainne, riarthach, tapa agus bunaithe ar fhéinchinntiúchán;

66.

á chur i bhfáth gur gá aitheantas a thabhairt do na comhpháirtíochtaí uile chun críoch na saorghluaiseachta, lena n-áirítear do chomhpháirtithe neamh-AE de náisiúnaigh AE; á chur in iúl gur cúis mhór imní di neamhchomhlíonadh leanúnach bhreithiúnas CBAE i gCás C-673/16, Coman agus Hamilton, inar aithníodh go n-áirítear leis an téarma “céile” céilí comhghnéis faoi dhlíthe AE maidir le saoirse gluaiseachta; ag tarraingt aird ar ghearán a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin maidir le cás comhionann (A.B. agus K.V. v an Rómáin — iarratas Uimh. 17816/21; á chur i bhfáth gurb é an toradh a bhí ar easpa gníomhaíochta an Choimisiúin ná gearánaithe Coman agus Hamilton a thug an cás chuig an gCúirt Eorpach um Chearta an Duine chun iarracht a dhéanamh sásamh dlíthiúil a fháil (Coman agus eile v an Rómáin — iarratas Uimh. 2663/21); á iarraidh an athuair ar an gCoimisiún tús a chur le nósanna imeachta um shárú maidir le neamhchur chun feidhme chás Coman agus Hamilton;

67.

á chur in iúl gur geal léi tiomantas an Choimisiúin togra le haghaidh rialachán a fhoilsiú in 2022 maidir le haitheantas frithpháirteach don tuismitheoireacht idir na Ballstáit, lena ndíreofar ar dheimhneacht dhlíthiúil a chruthú do theaghlaigh bogha ceatha ar fud an Aontais;

68.

á thabhairt chun suntais gur tháinig méadú imníoch ar fhoréigean inscnebhunaithe agus ar fhoréigean baile le linn phaindéim COVID-19; ag moladh na bhfreagairtí gasta ó roinnt rialtais náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla chun bearta a chur i bhfeidhm chun cabhrú le híospartaigh an fhoréigin teaghlaigh, amhail líon na línte cabhrach agus na comhroinnte faisnéise a mhéadú, agus scéimeanna códfhocail a thabhairt isteach ag cógaslanna, ionaid chomhairleoireachta aníos i siopaí grósaera nó iarratais cheilte chun tuairisciú foréigin baile agus mí-úsáid teaghlaigh a éascú; á thabhairt le fios, áfach, go bhfuil easpa ginearálta dídine nó roghanna cóiríochta sábháilte eile ann do mharthanóirí; ag tathant ar na Ballstáit, dá bhrí sin, cistiú leormhaith a leithdháileadh ar dhídean atá ann cheana chun cabhrú leo a n-acmhainneachtaí a mhéadú, chomh maith le bunú ionad dídine breise agus saoráidí tithíochta sábháilte breise a éascú do mharthanóirí, lena n-áirítear do mhionaoisigh tionlacain; á iarraidh ar na Ballstáit, thairis sin, a áirithiú go measfar go bhfuil seirbhísí do mharthanóirí bunriachtanach agus go bhfanfaidh siad oscailte, agus go ndéanfar iad a chomhlánú le hoiliúint leormhaith agus speisialaithe d’fhórsaí póilíneachta chomh maith le freagairtí spriocdhírithe ceartais chun ullmhacht a mhéadú don todhchaí;

69.

á chur in iúl gur oth léi an fhrithfhreagairt mhéadaithe i gcoinne chearta na mban agus na gcailíní, agus go bhfuil roinnt Ballstát tar éis iarracht a dhéanamh sláinte agus cearta gnéis agus atáirgthe a rolladh siar, agus paindéim COVID-19 á húsáid mar leithscéal chun rochtain ar ghinmhilleadh, frithghiniúint agus seirbhísí gínéiceolaíocha a theorannú; á chur i bhfios go láidir go ndearnadh iarrachtaí i roinnt Ballstát, d’ainneoin na paindéime, srian a chur leis na cosaintí dlíthiúla atá ann cheana do rochtain na mban ar chúram ginmhillte, lena n-áirítear coinníollacha cúlchéimnitheacha a thabhairt isteach nach mór a chomhlíonadh sular féidir ginmhilleadh a riar, amhail comhairleoireacht éigeantach agus claonta nó tréimhsí feithimh; ag cáineadh go háirithe na 20 iarracht pharlaiminteach sa tSlóvaic chun rochtain ar ghinmhilleadh a theorannú le linn na tréimhse sin; ag cur béim láidir ar an bhfíoras nach mór seirbhísí a bhaineann le sláinte agus cearta gnéis agus atáirgthe a aithint mar sheirbhísí bunriachtanacha agus nach mór iad a bheith ar fáil, fiú le linn éigeandálaí sláinte domhanda, i bhfianaise chineál am-íogaire na seirbhísí sin;

70.

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé a áirithiú go ndéanfar gné inscne agus buiséadú inscne a ionchorprú sa fhreagairt ar ghéarchéim COVID-19, chomh maith le measúnuithe tionchair inscne ex post, mar a mholtar i straitéis comhionannais inscne an Choimisiúin do 2020-2025; ag tathant ar institiúidí AE príomhshruthú inscne a áirithiú ar fud bheartais agus ghníomhaíochtaí uile AE;

Saoirsí

71.

á mheabhrú a thábhachtaí atá sé seasamh le saoirse, le hiolrachas agus le neamhspleáchas na meán, trédhearcacht úinéireacht na meán a áirithiú agus comhchruinniú an mhargaidh a rialáil, chomh maith le cosaint iriseoirí a áirithiú; á chreidiúint go bhfuil géarghá le rialacha ceangailteacha AE lena gcuirtear cosaint láidir agus chomhsheasmhach ar fáil do na meáin neamhspleácha agus d’iriseoirí ar chásanna dlí cráiteacha atá ceaptha iad a chur ina dtost nó iad a imeaglú in AE chun cabhrú le deireadh a chur leis an gcleachtas mí-úsáideach sin; á iarraidh ar an gCoimisiún dlús a chur lena iarrachtaí ina leith sin, lena n-áirítear bearta ceangailteacha a mholadh agus cistiú don iriseoireacht iniúchach a chosaint agus a chur chun cinn;

72.

ag cáineadh go mbaintear úsáid as cásanna dlí straitéiseacha i gcoinne rannpháirtíocht an phobail (SLAPPanna), atá á n-imscaradh chun cosantóirí chearta an duine a chur ina dtost agus a imeaglú, lena n-áirítear cosantóirí chearta LADTI atá ríthábhachtach ó sháruithe ar chearta an duine; á thabhairt chun suntais nach bhfuil i gcásanna dlí SLAPP ach bagairt amháin ar na meáin shaora agus iolraíocha, agus gur ann do bhagairtí eile lena n-áirítear brúnna tráchtála agus dianriachtanais, brú polaitiúil, féinchinsireacht iriseoireachta ar shaincheisteanna a bhaineann le conspóid faoi leith, neamhshláine gairme agus ualaí troma oibre iriseoireachta, brú ar iriseoirí rochtain a choimeád ar fhoinsí uasaicmeacha trí thuairisciú neamhchriticiúil agus cur chun cinn gairme a bheith á cheilt ar iriseoirí a sháraíonn tuairimí inmheánacha agus a choinnítear faoi choim maidir leis an “dearcadh” ceart i leith saincheisteanna lena mbaineann conspóid ar leith, go háirithe maidir le beartas eachtrach; á iarraidh ar na Ballstáit meáin neamhspleácha, iolraíocha agus shaora a chosaint agus a fhorbairt; ag cáineadh, ina leith sin, aon bhearta atá dírithe ar na meáin chriticiúla a chur ina dtost agus ar an mbonn a bhaint ó shaoirse agus ó iolrachas na meán; á chur i bhfios go láidir go bhfuil géarghá le gach SLAPP a chomhrac; á chur in iúl gur geal léi an tionscnamh ón gCoimisiún le déanaí chun moladh a eisiúint maidir le cosaint, sábháilteacht agus cumhachtú iriseoirí san Aontas Eorpach a áirithiú; á iarraidh ar an gCoimisiún an Gníomh um Shaoirse na Meán a chomhlíonadh gan mhoill;

73.

á chur in iúl gur cúis bhuartha di na tuairiscí gur bhain údaráis roinnt Ballstát úsáid as earra spiaireachta Pegasus chun críoch polaitiúil nó chun críoch eile gan údar chun spiaireacht a dhéanamh ar iriseoirí, ar pholaiteoirí, ar dhlíodóirí, ar ghníomhaithe na sochaí sibhialta agus ar dhaoine aonair eile, de shárú ar dhlí AE agus ar na luachanna a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE agus sa Chairt; á chur in iúl gur cúis bhuartha di úsáid Pegasus i gcoinne iriseoirí, gníomhaithe ar son chearta an duine, pearsana freasúra agus dlíodóirí laistigh agus lasmuigh de AE; á mheabhrú nach bhfuil Pegasus ach ar cheann den iliomad samplaí de chláir a mbaineann eintitis stáit mí-úsáid astu chun ollfhaireachas aindleathach a dhéanamh ar shaoránaigh neamhurchóideacha; á chur in iúl gur geal léi bunú coiste fiosrúcháin de chuid Pharlaimint na hEorpa maidir le Pegasus, a dhéanfaidh imscrúdú ar mhí-úsáid líomhnaithe uirlisí faireachais agus ar raon feidhme na sáruithe líomhnaithe ar chearta agus ar shaoirsí a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE agus sa Chairt agus a sholáthróidh coimircí agus moltaí;

74.

á thabhairt chun suntais go bhfuil feachtais chlúmhillte i gcoinne daoine LADTIA agus na sochaí sibhialta níos forleithne sna Ballstáit ina bhfuil saoirse na meán faoi ionsaí; ag géarcháineadh na bhfeachtas leanúnach clúmhillte sna meáin phoiblí i gcoinne breithiúna, iriseoirí agus polaiteoirí atá cáinteach ar an rialtas reatha, lena n-áirítear SLAPPanna, arna dtionscnamh ag gníomhaireachtaí rialtais, oifigigh rialtais, cuideachtaí faoi úinéireacht stáit nó daoine aonair a bhfuil dlúthcheangal acu le comhghuaillithe rialtais ar fud na hEorpa; ag tathant ar an gCoimisiún na huirlisí reachtacha agus feidhmiúcháin uile atá ar fáil dó a úsáid chun cosc a chur ar na gníomhaíochtaí imeaglacha sin, lena gcuirtear an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh i mbaol; á iarraidh ar an gCoimisiún, i gcomhar le heagraíochtaí iriseoirí, faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar ionsaithe i gcoinne iriseoirí, chomh maith le cásanna dlí atá ceaptha meáin neamhspleácha a chur ina dtost nó imeaglú a dhéanamh orthu, agus rochtain ar na leigheasanna dlíthiúla iomchuí a ráthú;

75.

á chur in iúl gur oth léi nach ndéantar sábháilteacht iriseoirí a ráthú go huilíoch; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá iolrachas na meán agus gur gá iriseoirí a chosaint ar bhagairtí agus ar ionsaithe chun féinchinsireacht a chosc, chun an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus an ceart chun faisnéise a áirithiú agus chun gairm na hiriseoireachta a choimirciú; á iarraidh ar an gCoimisiún feabhas a chur ar na hionstraimí lena ndéantar measúnú ar na bearta arna nglacadh ag rialtais a d’fhéadfadh an bonn a bhaint ó shaoráil faisnéise agus iolrachas;

76.

ag géarcháineadh na n-ionsaithe, na gcoinneálacha agus an fhoréigin i gcoinne iriseoirí le linn agóidí, ar cuireadh cosc orthu tuairisciú agus, dá bhrí sin, a bpost a dhéanamh; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di cásanna brúidiúlachta na bpóilíní le linn agóidí, go háirithe i gcoinne iriseoirí, agus á iarraidh go mbeadh cuntasacht ann i leith na ngníomhartha sin; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit sábháilteacht agus cosaint iriseoirí a áirithiú, go háirithe le linn agóidí;

77.

á chur i bhfáth, faoin dlí idirnáisiúnta um chearta an duine, gur féidir srianta áirithe a chur go dleathach ar an gceart chun saoirse comhthionóil shíochánta chun an tsláinte phoiblí nó leasanna dlisteanacha eile a chosaint, ach nach mór foráil a dhéanamh dóibh leis an dlí agus iad a bheith riachtanach agus comhréireach le haidhm shonrach; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di roinnt bratchosc ar agóidí chomh maith le toirmisc agus srianta áirithe ar agóidí a forchuireadh le linn phaindéim COVID-19, cé nár cuireadh isteach ar chruinnithe poiblí eile den mhéid céanna, chomh maith le húsáid fornirt i gcoinne agóideoirí síochánta; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil tairseacha éagsúla ag na Ballstáit maidir le húsáid fornirt agus arm ag údaráis forfheidhmithe dlí chun an t-ord poiblí a choinneáil; á iarraidh ar na Ballstáit cearta bunúsacha a chosaint agus bearta agus dlíthe sriantacha á nglacadh acu maidir le saoirsí chun tuairimí a nochtadh, saoirse comhthionóil agus saoirse comhlachais agus timpeallacht a éascú ina bhfuil cáineadh mar chuid de dhíospóireacht shláintiúil maidir le haon saincheist is ábhar imní don phobal;

78.

á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di ionsaithe, ciapadh, foréigean agus bagairtí i gcoinne iriseoirí, cosantóirí chearta an duine agus daoine aonair eile a nochtann feachtais cur isteach agus bréagaisnéise ón gcoigríoch; ag tathant ar na Ballstáit, i gcomhthéacs na bréagaisnéise, na bhfoláireamh bréige agus na bolscaireachta polaitiúla atá ag méadú go tapa, gníomhaíochtaí spriocdhírithe atá oiriúnach ó thaobh aoise de a áireamh ina gcuraclaim a bheidh dírithe ar smaointeoireacht chriticiúil, litearthacht sna meáin agus scileanna digiteacha a fhorbairt; á iarraidh go gcuirfí béim níos mó ar oideachas saoránachta agus béim á leagan ar chearta bunúsacha, ar an daonlathas agus ar rannpháirtíocht i ngnóthaí poiblí;

79.

ag tabhairt dá haire go bhfuil laghdú tagtha ar sheasamh roinnt Ballstát i ranguithe idirnáisiúnta maidir le saoirse an phreasa; á thabhairt chun suntais go bhfuil ról ag meáin na seirbhíse poiblí nach bhfuil a chomhshamhail le fáil, agus á chur i bhfáth a ríthábhachtaí atá sé a neamhspleáchas ar chur isteach polaitiúil a áirithiú agus a choimeád; ag géarcháineadh na mbagairtí ar shaoirse na meán, lena n-áirítear ciapadh agus ionsaithe atá dírithe ar iriseoirí agus ar sceithirí, an neamhaird ar a gcosaint dhlíthiúil chomh maith le greamú meán nó gníomhaíochtaí atá spreagtha go polaitiúil in earnáil na meán;

80.

á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an meath breise atá tagtha ar shaoirse na meán san Ungáir, sa Pholainn agus sa tSlóivéin agus na hathchóirithe éagsúla a chuir na comhghuaillíochtaí rialaithe i bhfeidhm chun an éagsúlacht a laghdú agus guthanna criticiúla laistigh de na meáin a chur ina dtost; á chur in iúl gur cúis bhuartha di freisin an easpa tacar prionsabal trédhearcach agus soiléir maidir le dáileadh fógraíochta ar eagraíochtaí meán ag rialtais náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla i roinnt Ballstát; á chur in iúl gur oth léi go mór an meath atá tagtha ar staid eacnamaíoch na meán le linn phaindéim COVID-19 agus á mheas gur cheart bearta sonracha a dhéanamh chun tionchar na paindéime ar eagraíochtaí meán a mhaolú;

81.

á chur in iúl gur cúis bhuartha di na comhlachtaí faoi rialú an rialtais atá á gcruthú lena ndéantar bainistiú ar chodanna móra de thírdhreach na meán agus ar fhuadach eagraíochtaí mheáin na seirbhíse poiblí chun freastal ar leasanna páirtiseánacha; á mheabhrú go bhfuil baol suntasach ann d’éagsúlacht na faisnéise agus na ndearcthaí a léirítear in inneachar na meán i gcás ina bhfuil úinéireacht na meán an-chomhchruinnithe, cibé acu faoi úinéireacht rialtais nó phríobháideach atá i gceist; á mheabhrú go bhfuil an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus an tsaoráil faisnéise, lena n-áirítear an tsaoirse chun tuairimí ealaíonta a nochtadh agus saoirse na meán bunriachtanach don daonlathas agus don smacht reachta agus ag tathant ar na Ballstáit neamhspleáchas a n-údarás meán a ráthú; á thabhairt chun suntais go bhfuil ról ag meáin na seirbhíse poiblí nach bhfuil a chomhshamhail le fáil, agus á chur i bhfáth a ríthábhachtaí atá sé a neamhspleáchas ar chur isteach polaitiúil a áirithiú agus a choimeád;

82.

á iarraidh ar an gCoimisiún cur chun feidhme cuí Threoir Sheirbhísí na Meán Closamhairc a áirithiú, agus aird ar leith á tabhairt ar neamhspleáchas rialtóirí na meán, ar thrédhearcacht úinéireacht na meán agus ar litearthacht sna meáin; á iarraidh ar an gCoimisiún úsáid éifeachtach a bhaint as nósanna imeachta um shárú i gcásanna ina gcuireann na Ballstáit na forálacha sin chun feidhme go mícheart nó go neamhiomlán;

83.

ag tabhairt dá haire go raibh tionchar tromchúiseach ag roinnt bearta a rinne na Ballstáit mar fhreagairt do COVID-19 ar an gceart chun príobháideachais agus chun cosanta sonraí, nach ndeachthas i gcomhairle go hiomlán leis na húdaráis cosanta sonraí, nach raibh riachtanas ná comhréireacht soiléir i gcónaí, agus go raibh bunús láidir dlí in easnamh i roinnt mhaith cásanna agus nach ndearnadh aon mheastóireacht chuí; á iarraidh ar an gCoimisiún, ar an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus ar an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí meastóireacht a dhéanamh gan mhoill ar an staid;

84.

á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di forfheidhmiú lag agus míchothrom an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí (22), a bhfuil an baol ann nach mbeidh sa rialachán ach callán agus nach gcuirfear cosaint iarbhír ar fáil do shaoránaigh AE dá bharr; á chur in iúl gur saoth léi gur thug an Coimisiún neamhaird d’iarraidh na Parlaiminte imeachtaí um shárú a thionscnamh in aghaidh na hÉireann toisc nach ndearna sé an rialachán a fhorfheidhmiú go cuí;

85.

á chur in iúl gur cúis bhuartha di treoirlínte inmheánacha an Choimisiúin maidir le bainistiú taifead agus cartlanna, atá bunaithe ar léirmhíniú earráideach ar Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 maidir le rochtain ar dhoiciméid (23), agus maidir le teachtaireachtaí téacs a eisiamh ó raon feidhme na rialacha maidir le rochtain ar dhoiciméid, ar thug an tOmbudsman Eorpach “drochriarachán” air; á chur in iúl gur oth léi gur chuir roinnt Ballstát bac ar fheidhmiú éifeachtach cheart rochtana na saoránach ar dhoiciméid trí mhoill gan ghá a chur ar na sprioc-amanna le haghaidh iarrataí ar rochtain ar dhoiciméid nó trí dheireadh a chur leo fiú; ag cur béim ar an bhfíoras, ní hamháin go bhfuil easpa muiníne as údaráis i measc shaoránaigh AE mar thoradh air sin, gur bhain sé an bonn ó iolrachas na meán in AE freisin;

An staid agus sáruithe ar chearta bunúsacha ag teorainneacha seachtracha an Aontais

86.

á chur i bhfáth gur oibleagáid dhlíthiúil faoin dlí idirnáisiúnta agus faoi dhlí AE é beatha daoine a shábháil; ag géarcháineadh na n-imeachtaí coiriúla a thionscain roinnt Ballstát i gcoinne eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus daoine aonair de bharr cúnamh daonnúil a sholáthar d’imircigh; á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú nach saothrófar ionchúiseamh i gcoinne daoine aonair agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta a thugann cúnamh d’imircigh ar chúiseanna daonnúla;

87.

ag géarcháineadh gur ghlac roinnt Ballstát dlíthe, beartais agus cleachtais a bhaineann an bonn ó chosaint éifeachtach ar chearta an duine atá ag dídeanaithe, iarrthóirí tearmainn agus imircigh, ar talamh agus ar muir; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cearta daonna na n-imirceach, na n-iarrthóirí tearmainn agus na ndídeanaithe, chomh maith le prionsabal na comhroinnte freagrachta, a chur i gcroílár a mbeartas imirce agus tearmainn;

88.

ag géarcháineadh cásanna frithbheartaíochta agus sáruithe ar chearta bunúsacha agus ar fhoréigean ag teorainneacha seachtracha AE i leith imirceach, dídeanaithe agus iarrthóirí tearmainn, arna gcáineadh ag institiúidí amhail an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce (24), chomh maith le coiriúlú oibrithe daonnúla agus gníomhaithe daonnúla agus úsáid chistiú AE, a d’fheidhmigh go díréireach chun saoráidí dúnta a thógáil agus teorainneacha seachtracha a neartú; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit córas faireacháin lánfheidhme ar chearta bunúsacha a chur ar bun chun imscrúdú a dhéanamh ar líomhaintí maidir le brú siar agus sáruithe ar chearta bunúsacha agus chun trédhearcacht na mbeart arna ndéanamh ag na teorainneacha seachtracha a mhéadú, mar a d’iarr Gníomhaireacht AE um Chearta Bunúsacha (25); á iarraidh ar an gCoimisiún tús a chur le nósanna imeachta um shárú i gcás ina bhfuil tásca ann maidir le frithbheartaíocht agus foréigean;

89.

á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an fhaisnéis a foilsíodh faoin nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) lena n-aithnítear a rannpháirtíocht i mbrúnna siar agus go raibh sí ar eolas fúthu; á iarraidh ar Frontex Airteagal 46 dá rialachán a chur i bhfeidhm (26) agus gach oibríocht sna Ballstáit ina dtarlaíonn na cásanna sin a chur ar fionraí agus trédhearcacht agus cuntasacht iomlán a sholáthar do ghníomhaíochtaí oibríochtúla na heagraíochta; á iarraidh ar an gCoimisiún imscrúdú a dhéanamh agus na bearta is gá a dhéanamh chun deireadh a chur leis na cleachtais sin ag Frontex;

90.

á iarraidh ar na Ballstáit na nósanna imeachta cearta a chur i bhfeidhm chun a áirithiú go dtabharfar éisteacht do dhaoine aonair sula gcuirfear ar ais chuig Ballstát comharsanachta iad, agus fógra foirmiúil a thabhairt dóibh faoin gcinneadh a rinneadh; ag fíorcháineadh an fhíorais nach n-éistfear go córasach le himircigh agus iarrthóirí tearmainn a ghabhtar tar éis dóibh teorainn inmheánach nó sheachtrach an Aontais a thrasnú sula gcuirtear ar ais chuig Ballstát comharsanachta iad, ná nach dtugtar fógra dóibh go córasach ina leith; á mheabhrú go bhfuil oibleagáid ar na Ballstáit an ceart chun triail chóir a fháil agus an ceart chun comhionannais os comhair an dlí a ráthú go héifeachtach do gach duine;

91.

á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di mionaoisigh neamhthionlactha a thrasnaíonn teorainneacha seachtracha AE, go háirithe a theorainneacha thoir agus theas, agus á iarraidh ar na Ballstáit aird ar leith a thabhairt ar staid mionaoiseach neamhthionlactha ag na pointí trasnaithe sin;

92.

á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil méadú ag teacht ar úsáid na teicneolaíochta ag teorainneacha, ar féidir le cuid acu a bheith an-ionsáiteach; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit sásraí faireacháin neamhspleácha a chur ar bun ag teorainneacha, ar cheart dóibh faireachán ar ghníomhaíochtaí faireachais teorann a chumhdach freisin, agus comhlíonadh na gceart bunúsach a áirithiú;

Fuathchoireacht agus fuathchaint

93.

á chur in iúl gur cúis bhuartha di an méadú atá tagtha ar fheachtais fuathchainte agus chlúmhillte ar fud na mBallstát, ar feachtais iad a bhíonn á ndéanamh go minic ag ardoifigigh phoiblí nó ag príomhpholaiteoirí agus a dhíríonn go sonrach ar na meáin, ar ENRanna agus ar ghrúpaí sóisialta áirithe nó ar mhionlaigh, amhail daoine LADTIA; á chur i bhfáth nach féidir a dtionchar ar an spás sibhialta a shéanadh, rud a chruthaíonn timpeallacht neamhshábháilte don tsochaí shibhialta agus do chosantóirí chearta an duine; á chur in iúl gur cúis mhór imní di an iliomad samplaí d’ionsaithe ar oifigí LADTIA agus ar bhaill foirne i roinnt Ballstát in 2021 amháin;

94.

ag fíorcháineadh gach cineál fuathchoireachta, fuathchainte agus líomhaintí nach bhfuil bunús leo nó atá foirmlithe de mheon mímhacánta, as líne agus ar líne araon, arna spreagadh ag idirdhealú bunaithe ar aon fhoras amhail gnéas, cine, dath, tionscnamh eitneach nó sóisialta, airíonna géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairim pholaitiúil nó eile, ballraíocht i mionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois nó gnéaschlaonadh; á chur in iúl gur cúis bhuartha di na fuathchoireachtaí agus na coireanna a bhaineann le gríosadh chun idirdhealaithe nó foréigin a tharla le linn phaindéim COVID-19, as a leanann stiogmatú a bheith á dhéanamh ar dhaoine atá go háirithe leochaileach; á mheabhrú gur coireanna iad an ciníochas agus an tseineafóibe, agus nach tuairimí iad;

95.

á chur in iúl gur geal léi an togra ón gCoimisiún le haghaidh cinneadh ón gComhairle chun liosta na gcoireanna AE a leathnú go dtí an fhuathchaint agus an fhuathchoireacht agus á iarraidh ar an gComhairle oibriú go dícheallach chun é a ghlacadh d’aon toil; á mheabhrú gur gá don Choimisiún agus do na Ballstáit oibriú i gcomhar le cuideachtaí idirlín chun coimircí leordhóthanacha a sholáthar agus chun an Cód Iompair maidir le Fuathchaint Neamhdhleathach ar Líne a Chomhrac a chur chun feidhme go críochnúil;

Cosaint an chomhshaoil

96.

á thabhairt chun suntais, Airteagal 37 den Chairt lena ndearbhaítear nach foláir go gcomhtháthaítear bearta ionsar ardleibhéal cosanta don chomhshaol agus feabhsú cháilíocht an chomhshaoil a bhaint amach i mbeartais an Aontais;

97.

á iarraidh ar an gCoimisiún na tionscnaimh reachtacha ábhartha a ghlacadh gan mhoill agus tuilleadh reachtaíocht atá beartaithe a ghlacadh i gcomhréir leis an amlíne bhunaidh; ag leagan béim ar an ngá práinneach atá ann na hábhair imní ábhartha maidir leis an gcomhshaol a chur san áireamh sa phróiseas cinnteoireachta maidir leis na beartais agus na tionscnaimh uile; á chreidiúint nach mór don inbhuanaitheacht a bheith mar threoirphrionsabal do na beartais mhaicreacnamaíoch uile chun aistriú cóir chuig geilleagar atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a áirithiú, agus fostaíocht inbhuanaithe á cosaint agus á cruthú ag an am céanna, chun déileáil le ceann de na bagairtí is suntasaí a bhí ag an gcine daonna riamh;

98.

á iarraidh go ndéanfaí Conradh Aarhus, lena nasctar cearta comhshaoil agus cearta an duine, a chur chun feidhme ar fud an Aontais; á thabhairt chun suntais go bhféadfaidh iarmhairtí tromchúiseacha díobhálacha a bheith ann do dhaoine aonair de dheasca dochar a bheith á dhéanamh don chomhshaol agus mainneachtain roinnt údarás poiblí faisnéis a sholáthar faoi rioscaí tromchúiseacha comhshaoil a bhfuil daoine aonair nochta dóibh; á iarraidh go ndéanfaí iriseoirí, gníomhaithe, ENRanna, cosantóirí ceart, sceithirí agus forais faire phoiblí atá ag obair sna réimsí sin a chosaint;

o

o o

99.

á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát.

(1)  IO L 331, 20.9.2021, lch. 8.

(2)  IO C 474, 24.11.2021, lch. 140.

(3)  IO C 81, 18.2.2022, lch. 43.

(4)  IO C 99, 1.3.2022, lch. 218.

(5)  IO C 117, 11.3.2022, lch. 2.

(6)  IO C 395, 29.9.2021, lch. 2.

(7)  IO C 255, 29.6.2021, lch. 7.

(8)  IO C 61, 4.2.2022, lch. 36.

(9)  Treoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2010 maidir le comhordú forálacha áirithe arna leagan síos leis an dlí, rialachán nó gníomh riaracháin sna Ballstáit i dtaobh seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (IO L 95, 15.4.2010, lch. 1).

(10)  Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 1).

(11)  Fair Trials, Europe: Increase in pre-trail detention rates erodes rule of law, 28 Aibreán 2021.

(12)  Cinneadh Réime 2008/913/CGB ón gComhairle an 28 Samhain 2008 maidir le cineálacha agus léirithe áirithe ciníochais agus seineafóibe a chomhrac trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 328, 6.12.2008, lch. 55).

(13)  Treoir 2000/43/CE an 29 Meitheamh 2000 lena gcuirtear i bhfeidhm prionsabal na córa comhionainne idir daoine gan beann ar thionscnamh ciníoch nó eitneach (IO L 180, 19.7.2000, lch. 22).

(14)  Teachtaireacht ón gCoimisiún an 18 Meán Fómhair 2020 dar teideal A Union of equality: EU anti-racism action plan 2020-2025 [Aontas an Chomhionannais: plean gníomhaíochta an Aontais in aghaidh an chiníochais 2020-2025] (COM(2020)0565).

(15)  Moladh ón gComhairle an 12 Márta 2021 maidir le comhionannas, cuimsiú agus rannpháirtíocht na Romach (IO C 93, 19.3.2021, lch. 1).

(16)  Teachtaireacht ón gCoimisiún an 7 Deireadh Fómhair 2020 dar teideal A Union of equality: EU Roma strategic framework for equality, inclusion and participations [Aontas an Chomhionannais: creat straitéiseach maidir leis na Romaigh le haghaidh comhionannais, cuimsithe agus rannpháirtíochta (COM(2020)0620).

(17)  Treoir 2012/29/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 lena mbunaítear íoschaighdeáin maidir le cearta, tacaíocht agus cosaint íospartaigh na coireachta (IO L 315, 14.11.2012, lch. 57).

(18)  Teachtaireacht ón gCoimisiún an 3 Márta 2021 dar teideal Union of Equality: Strategy for the Rights of Persons with Disabilities 2021-2030 [An tAontas Comhionannais: Straitéis maidir le Cearta Daoine atá faoi Mhíchumas 2021-2030] (COM(2021)0101).

(19)  IO C 362, 8.9.2021, lch. 63.

(20)  Treoir 2000/78/CE ón gComhairle an 27 Samhain 2000 lena mbunaítear creat ginearálta le haghaidh na córa comhionainne san fhostaíocht agus sa tslí bheatha (IO L 303, 2.12.2000, lch. 16).

(21)  COM(2022)0105.

(22)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(23)  Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).

(24)  An Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce, “IOM calls for end to pushbacks and violence against migrants at EU external borders” [Iarrann EII go gcuirfí deireadh le brú siar agus foréigean in aghaidh imirceach ag teorainneacha seachtracha an Aontais], 9 Feabhra 2021.

(25)  Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, Tuarascáil 2021 maidir le Cearta Bunúsacha, Aibreán 2021.

(26)  Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach, IO L 295, 14.11.2019, lch. 1).


5.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 125/94


P9_TA(2022)0326

Comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach san Aontas Eorpach: An 8ú Tuarascáil faoin gComhtháthú

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Meán Fómhair 2022 maidir le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach in AE: an 8ú Tuarascáil faoin gComhtháthú (2022/2032(INI))

(2023/C 125/09)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint d’Airteagail 2 agus 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach,

ag féachaint d’Airteagail 4, 162, 174 go 178, agus 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),

ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim an ionstraim um bainistiú teorainneacha agus um víosaí (1) (Rialachán na bhForálacha Coiteanna),

ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus maidir leis an gCiste Comhtháthaithe (2),

ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir (3),

ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1059 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le forálacha sonracha le haghaidh sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg) a fhaigheann tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus ionstraimí maoinithe sheachtraigh (4),

ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 (5),

ag féachaint do Rialachán (AE) 2020/460 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Márta 2020 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013 agus (AE) Uimh. 508/2014 a mhéid a bhaineann le bearta sonracha chun infheistíochtaí a shlógadh i gcórais cúraim sláinte na mBallstát agus in earnálacha eile dá ngeilleagar mar fhreagairt ar ráig COVID-19 (An Tionscnamh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas) (6),

ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le tacaíocht d'fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 (7),

ag féachaint don phacáiste “Oiriúnach do 55” a ghlac an Coimisiún an 14 Iúil 2021,

ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (“An Dlí Aeráide Eorpach”) (8),

ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1306/2013 (9),

ag féachaint do Rialachán (AE) 2022/562 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Aibreán 2022 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1303/2013 agus (AE) Uimh. 223/2014 a mhéid a bhaineann le Gníomhaíocht Chomhtháthaithe le haghaidh Dídeanaithe san Eoraip (CARE) (10),

ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2021 lena mbunaítear an Cúlchiste Coigeartaithe Brexit (11),

ag féachaint do Rialachán (AE) 2020/461 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Márta 2020 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle chun cúnamh airgeadais a sholáthar do na Ballstáit agus do thíortha a bhfuil a n-aontachas leis an Aontas Eorpach á chaibidliú acu, ar tíortha iad atá buailte go trom ag mór-éigeandáil sláinte poiblí (12) (Ciste Dlúthpháirtíochta AE — CDAE),

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint (13) (“an Rialachán maidir le Coinníollacht an Smachta Reachta”),

ag féachaint don togra ón gCoimisiún an 29 Bealtaine 2018 le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sásra chun constaicí dlí agus riaracháin a réiteach i gcomhthéacs trasteorann (COM(2018)0373),

ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 4 Feabhra 2022 dar teideal “An 8ú Tuarascáil faoin gComhtháthú: Comhtháthú san Eoraip i dtreo 2050” (COM(2022)0034),

ag féachaint don Teachtaireacht ón gCoimisiún an 3 Bealtaine 2022 dar teideal “Putting people first, securing sustainable and inclusive growth, unlocking the potential of the EU’s outermost regions” [Daoine a chur chun tosaigh, fás inbhuanaithe agus cuimsitheach a áirithiú, acmhainneacht na réigiún is forimeallaí de chuid an AE a scaoileadh] (COM(2022)0198),

ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 30 Meitheamh 2021 dar teideal “A long-term Vision for the EU's Rural Areas – Towards stronger, connected, resilient and prosperous rural areas by 2040” [Fís fhadtéarmach le haghaidh cheantair thuaithe an Aontais Eorpaigh – i dtreo ceantair thuaithe níos láidre, nasctha, athléimneacha agus rathúla faoi 2040] (COM(2021)0345),

ag féachaint do Chomhaontú Amstardam lena mbunaítear an Clár Oibre Uirbeach do AE, a comhaontaíodh ag an gcruinniú neamhfhoirmiúil a bhí ag airí AE atá freagrach as cúrsaí uirbeacha a reáchtáladh an 30 Bealtaine 2016 in Amstardam,

ag féachaint do Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta a rinne Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún a fhógairt in Göteborg an 17 Samhain 2017,

ag féachaint do thuarascáil Phainéal Idir-Rialtasach na NA ar an Athrú Aeráide dar teideal “Athrú Aeráide 2022: Maolú ar an Athrú Aeráide”,

ag féachaint don tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún an 10 Nollaig 2020 dar teideal “EU strategy for Rural Revival” [Straitéis an Aontais Eorpaigh maidir le hAthbheochan na Tuaithe] (14),

ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) an 18 Meán Fómhair 2020 maidir le ról bheartas struchtúrach agus comhtháthaithe AE chun claochlú an gheilleagair a chur chun cinn ar bhealach nuálach agus cliste (15),

ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 25 Meán Fómhair 2021 dar teideal “Ról an bheartais comhtháthaithe chun éagothromaíochtaí a chomhrac i rith na clárthréimhse nua tar éis ghéarchéim COVID-19. Comhlántachtaí agus forluí féideartha leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF) agus leis na pleananna téarnaimh náisiúnta” (16),

ag féachaint don tuairim ó CESE an 27 Aibreán 2021 maidir le ról an gheilleagair shóisialta i gcruthú post agus i gcur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta (17),

ag féachaint do Mholadh (AE) 2021/402 ón gCoimisiún an 4 Márta 2021 maidir le tacaíocht ghníomhach éifeachtach don fhostaíocht i ndiaidh ghéarchéim COVID-19 (EASE) (18),

ag féachaint don tionscnamh ón gCoimisiún maidir le Bauhaus Nua Eorpach a seoladh an 14 Deireadh Fómhair 2020,

ag féachaint do Thionscnamh um Ghabháil an Choimisiúin (ar a dtugtar an Tionscnamh um Réigiúin a bhfuil a fhorbairt tite ar gcúl freisin) a seoladh in 2015, i.e.

ag féachaint do Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bunaíodh i mí Mheán Fómhair 2015 faoi Chlár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe,

ag féachaint don chomhaontú a glacadh ag an 21ú Comhdháil de chuid na bPáirtithe i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (COP21) i bPáras an 12 Nollaig 2015 (Comhaontú Pháras),

ag féachaint do rún uaithi an 8 Márta 2022 ar an mbeartas comhtháthaithe mar ionstraim chun éagothromaíochtaí cúraim sláinte a laghdú agus chun feabhas a chur ar chomhar sláinte trasteorann (19),

ag féachaint do rún uaithi an 8 Márta 2022 ar ról an bheartais comhtháthaithe i ndáil le claochlú nuálach agus cliste agus nascacht TFC réigiúnach a chur chun cinn (20),

ag féachaint do rún uaithi an 15 Feabhra 2022 ar na dúshláin do limistéir uirbeacha sa ré iar-COVID-19 (21),

ag féachaint do rún uaithi an 14 Meán Fómhair 2021 i dtreo comhpháirtíocht níos láidre leis na réigiúin is forimeallaí san Aontas (22),

ag féachaint do rún uaithi an 9 Meitheamh 2021 maidir le gné na hinscne sa bheartas comhtháthaithe (23),

ag féachaint do rún uaithi an 20 Bealtaine 2021 maidir le treochtaí déimeagrafacha a aisiompú i réigiúin AE ag baint úsáid as ionstraimí an bheartais comhtháthaithe (24),

ag féachaint do rún uaithi an 25 Márta 2021 maidir leis an mbeartas comhtháthaithe agus straitéisí comhshaoil réigiúnacha sa chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide (25),

ag féachaint do rún uaithi an 13 Márta 2018 maidir le réigiúin a bhfuil a bhforbairt tite ar gcúl in AE (26),

ag féachaint do rún uaithi an 13 Meitheamh 2018 maidir le beartas comhtháthaithe agus an geilleagar ciorclach (27),

ag féachaint don tuarascáil deiridh ón gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa agus dá moltaí,

ag féachaint don staidéar dar teideal “Réigiúin AE atá tite ar gcúl:: staid reatha agus dúshláin amach anseo” arna fhoilsiú ag an Ard-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha i Meán Fómhair 2020 (28),

ag féachaint d’Athbhreithniú Uimh. 01/2020 ón gCúirt Iniúchóirí maidir le caiteachas aeráide a rianú i mbuiséad AE,

ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Buiséid agus ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach (A9-0210/2022),

A.

de bhrí, sa tréimhse airgeadais dheireanach, idir 2014 agus 2020, gur thacaigh an beartas comhtháthaithe, mar phríomhbheartas infheistíochta poiblí, le breis agus 1,4 milliún fiontar, gur rannchuidigh sé le 1 544 km de línte iarnróid agus de bhóithre níos sábháilte, gur chabhraigh sé le 45,5 milliún duine lánpháirtíocht a ghabháil i margadh an tsaothair agus OTI a mhéadú suas le 5 % sna réigiúin is lú forbairt;

B.

de bhrí, le linn na paindéime, go raibh baol na dífhostaíochta, méadú na bochtaineachta agus an bhearna idir na hinscní suntasach i réigiúin bheagfhorbartha AE; de bhrí go raibh an bhearna fostaíochta idir na hinscní beagnach dhá uair níos mó ná mar a bhí i réigiúin níos forbartha;

C.

de bhrí, in ainneoin nach ionstraim ghéarchéime é, gur chabhraigh an beartas comhtháthaithe arís agus arís eile agus go héifeachtúil le réigiúin freagairt go héifeachtach i gcásanna éigeandála agus do shuaití neamhshiméadracha amhail géarchéim COVID-19, Brexit agus géarchéim reatha na ndídeanaithe arb é ionradh na Rúise ar an Úcráin is cúis léi, lena n-áirítear trí thacú leis na Ballstáit ar an líne tosaigh maidir le dídeanaithe a thógáil isteach; de bhrí nár cheart, áfach, go mbainfeadh an cúnamh éigeandála sin an bonn de chur chuige straitéiseach na tréimhse cistiúcháin ina hiomláine, ós rud é gur beartas infheistíochta fadtéarmach é an beartas comhtháthaithe per se;

D.

de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach go ndéanfaí beartas comhtháthaithe amach anseo a fhoirmliú ar bhonn straitéise a leantar le linn na tréimhse cistiúcháin ar fad, a d’fhéadfaí, áfach, a athmheasúnú agus a choigeartú le linn an athbhreithnithe mheántéarma;

E.

de bhrí go bhfuil réigiúin forbartha oirthearacha AE ag breith suas leis an gcuid eile de AE, agus go bhfuil roinnt réigiún meánioncaim agus réigiúin bheagfhorbartha i marbhántacht eacnamaíoch nó ag meath, rud a thugann le fios go bhfuil siad i sáinn forbartha; de bhrí gur cheart go gcuirfí san áireamh le dáileadh na gcistí forbairt na n-éagothromaíochtaí, ní hamháin idir na Ballstáit ach laistigh díobh freisin;

F.

de bhrí gurb é fás láidir i réigiúin bheagfhorbartha is cúis leis an gcóineasú, ach gur dócha go laghdóidh na tairbhí a eascraíonn as costais níos ísle agus torthaí a n-infheistíochtaí le himeacht ama; de bhrí go mbeidh ar réigiúin bheagfhorbartha borradh a chur faoin oideachas agus faoin oiliúint, infheistíocht sa taighde agus sa nuálaíocht a mhéadú, agus cáilíocht a n-institiúidí a fheabhsú, agus leanúint de bheith ag infheistiú i mbonneagar, chun fás seasta a choinneáil, chun titim isteach i ngaiste forbartha a sheachaint, chun an bhearna nascachta a dhúnadh, agus chun rochtain ar sheirbhísí ardcháilíochta agus ar dhálaí maireachtála cuibhiúla a áirithiú;

G.

de bhrí, cé gur thit líon na ndaoine atá i mbaol na bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialta idir 2012 agus 2019, go bhfuil 20 % de dhaonra iomlán AE fós i mbaol na bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialta;

H.

de bhrí go bhfuil difear ollmhór idir cáilíocht bonneagair, soláthar seirbhísí, rochtain ar chúram sláinte, agus réitigh iompair agus soghluaisteachta idir réigiúin uirbeacha agus tuaithe;

I.

de bhrí go bhfuil cathracha agus naisc fheidhmiúla idir ceantair uirbeacha agus thuaithe ina spreagadh tábhachtach don fhorbairt áitiúil agus réigiúnach, don chomhtháthú agus don aistriú cóir;

J.

de bhrí go bhfuil tionchar diúltach díreach ag costais mhéadaitheacha na n-amhábhar agus na n-ábhar tógála ar go leor tionscadal bonneagair atá maoinithe ag AE agus go gcuireann siad a gcur chun feidhme i mbaol;

K.

de bhrí go bhfuil an meath déimeagrafach níos suntasaí i réigiúin tuaithe, agus faoi 2050 go mbeidh 50 % de dhaonra AE ina gcónaí i réigiún ina mbeidh an daonra ag laghdú agus ag aosú; de bhrí gur dócha go ndéanfaidh na forbairtí sin difear d’acmhainneacht fáis agus rochtain ar sheirbhísí i gceantair thuaithe; de bhrí, agus an daonra atá ag dul in aois á chur san áireamh, go bhfuil sé ríthábhachtach go mbeadh na glúnta óga rannpháirteach i bhforbairt a réigiún amach anseo;

L.

de bhrí go ndéanann imirce daoine oilte difear díréireach do réigiúin bheagfhorbartha agus, mura dtugtar aghaidh air, go mbeidh éifeachtaí fadtéarmacha buana ag an bhfeiniméan ar thodhchaí an Aontais;

M.

de bhrí go bhfuil an beartas comhtháthaithe ríthábhachtach in infheistíocht chaipitil rialtais, lena gcuirtear níos mó ná leath an chistithe infheistíochta poiblí iomlán ar fáil i roinnt Ballstát; de bhrí gur cheart go mbeadh an tacaíocht a chuireann Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa (Cistí SIE) ar fáil sa bhreis ar chaiteachas poiblí na mBallstát, agus nár cheart í a chur in ionad an chaiteachais phoiblí sin;

N.

de bhrí gur cheart an sprioc maidir le hEoraip atá neodrach ó thaobh carbóin de faoi 2050 ar a dhéanaí a cheangal leis an sprioc maidir le haistriú cothrom agus cóir; de bhrí go bhfuil truailliú aeir agus uisce fós ró-ard go ginearálta i roinnt mhaith réigiún beagfhorbartha; de bhrí nach mór ról suntasach a bheith ag réigiúin uile AE maidir le dul i ngleic le dúshláin an athraithe aeráide, trí bhearta arna gcomhordú leis na réigiúin máguaird;

O.

de bhrí go bhfuil méadú tagtha ar an deighilt nuálaíochta réigiúnaí, agus gur minic a bhíonn bearnaí oideachais, oiliúna agus scileanna idir réigiúin níos mó forbartha agus réigiúin bheagfhorbartha leathan; de bhrí go bhfuil dearlaicí scileanna comhchruinnithe i réigiúin chaipitil go háirithe, agus go bhfuil deighilt mhór idir ceantair uirbeacha agus thuaithe tagtha chun cinn;

P.

de bhrí go nascann an tionscnamh Bauhaus Eorpach Nua, trí chlaochlú na timpeallachta tógtha, an Comhaontú Glas don Eoraip le spásanna maireachtála i gceantair uirbeacha agus thuaithe araon;

Q.

de bhrí go bhfuil éagothromaíochtaí fós ann maidir le luas an aistrithe dhigitigh ar fud na hEorpa; de bhrí nach bhfuil rochtain ar naisc idirlín, ar luas an-ard, ach ag beirt as triúr cónaitheoirí cathrach agus ag duine as gach seisear cónaitheoirí tuaithe;

R.

de bhrí go bhfuil praghsanna tithíochta agus fuinnimh ag dul i méid, rud a léiríonn an gá atá le tithíocht shóisialta níos saoire agus athchóiriú luathaithe tithíochta chun bochtaineacht fuinnimh a chomhrac;

S.

de bhrí go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta maidir le feabhas a chur ar an bhfostaíocht agus ar an gcuimsiú sóisialta, ach go bhfuil éagothromaíochtaí réigiúnacha fós níos mó ná mar a bhí roimh an ngéarchéim airgeadais in 2008; de bhrí gur cheart don bheartas comhtháthaithe freagairtí éifeachtúla a sholáthar chun dul i ngleic leis an mbochtaineacht agus leis an eisiamh sóisialta, fostaíocht agus fás a chruthú, iomaíochas a mhéadú, infheistíocht san oideachas a chur chun cinn, lena n-áirítear san oideachas digiteach, sláinte, taighde agus nuálaíocht, an t-athrú aeráide a chomhrac agus dul i ngleic le dúshláin dhéimeagrafacha; de bhrí nach féidir leis an mbeartas comhtháthaithe na cúraimí sin go léir a chomhlíonadh ach amháin má tá sé leabaithe i gcistiú láidir;

T.

dde bhrí gur gá aird ar leith a thabhairt ar na réigiúin agus na limistéir a liostaítear in Airteagal 174 CFAE; de bhrí gur cheart go leanfaí de na bearta sonracha agus den chistiú breise do na limistéir is forimeallaí agus do na limistéir is faide ó thuaidh is tearc daonra chun míbhuntáistí móra buana nádúrtha agus déimeagrafacha na réigiún sin a fhritháireamh;

U.

de bhrí gur cheart an beartas comhtháthaithe a chur chun feidhme i gcomhréir le prionsabail an dea-rialachais agus le lánurraim do luachanna coiteanna AE a leagtar amach in Airteagal 2 CFAE, i gCairt um Chearta Bunúsacha AE agus sa Chód Iompair Eorpach maidir le Comhpháirtíocht; de bhrí go bhfuil meath tagtha ar an smacht reachta le himeacht ama i roinnt Ballstát; de bhrí gur cheart don bheartas comhtháthaithe rannchuidiú le neartú an daonlathais agus an smachta reachta;

V.

de bhrí gur deimhníodh le paindéim COVID-19 agus leis an teannas geopholaitiúil atá ann faoi láthair gur gá machnamh a dhéanamh ar an gcreat rialachais eacnamaíoch, lena n-áirítear fionraí shealadach (go dtí 2023) agus athbhreithniú ar an gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis, agus an fhéidearthacht a bheartú nár cheart caiteachas poiblí faoi bheartas comhtháthaithe na mBallstát agus na n-údarás réigiúnach agus áitiúil mar chuid de chistí SIE a mheas mar chaiteachas struchtúrach náisiúnta ná coibhéiseach mar a shainítear sa Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis;

W.

de bhrí nach leor buiséad CDAE chun freagairt leormhaith a thabhairt ar mhórthubaistí nádúrtha agus chun dlúthpháirtíocht na hEorpa le réigiúin atá buailte ag tubaistí a chur in iúl; de bhrí go dtiocfaidh méadú ar an neamhréir sin mar gheall ar mhéadú a bhfuiltear ag súil leis i dtubaistí nádúrtha a eascraíonn as an athrú aeráide agus athruithe níos déine á dhéanamh ar shaol na ndaoine; de bhrí nach gcumhdaítear le ranníocaíochtaí ó chistí AE ach athbhunú an status quo ante maidir le bonneagar agus trealamh, agus nach mór na costais bhreise a bhaineann le struchtúir atá níos athléimní ó thaobh na haeráide de a atógáil a bheith (có)mhaoinaithe ag na Ballstáit;

1.

á chur in iúl go bhfuil sí cinnte de nach féidir leis an mbeartas comhtháthaithe leanúint dá ról faoi láthair mar veicteoir don infheistíocht agus do chruthú post, mar ionstraim chun éagothromaíochtaí réigiúnacha agus idir-réigiúnacha a laghdú, agus sásra dlúthpháirtíochta do réigiúin uile an Aontais ach amháin má tá cistiú láidir aige bunaithe ar phrionsabail na comhpháirtíochta agus an rialachais il-leibhéil; á chur i bhfáth go dtugtar le tuiscint leis sin go ndéanfar foráil don leibhéal céanna cistiúcháin ar a laghad agus a bhí sa tréimhse airgeadais 2021-2027, i bhfianaise an chúlaithe eacnamaíochta a bhfuiltear ag súil leis freisin, ar cuireadh leis acmhainní buiséadacha an Chiste um Aistriú Cóir (CUAC) II; á mheabhrú go bhfuil gá le hairgead úr le haghaidh dúshláin nua agus á iarraidh go gcuirfí acmhainní buiséadacha nua leis an mbeartas comhtháthaithe chun a chur ar chumas na mBallstát agus na n-údarás réigiúnach aghaidh a thabhairt ar na dúshláin agus na géarchéimeanna éagsúla a dhéanann difear don Aontas;

2.

ag tabhairt dá haire go bhféadfaidh na Ballstáit iarraidh chuí-réasúnaithe a dhéanamh ar sholúbthacht bhreise laistigh de chreat reatha an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis maidir le caiteachas struchtúrach poiblí nó coibhéiseach, arna thacú ag an riarachán poiblí trí chómhaoiniú a dhéanamh ar infheistíochtaí arna ngníomhachtú mar chuid de Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), den Chiste Comhtháthaithe (CC) agus den Chiste um Aistriú Cóir (CUAC); á mheabhrú, agus an coigeartú fioscach á shainiú faoin ngné choisctheach nó cheartaitheach den Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis, nach mór don Choimisiún measúnú cúramach a dhéanamh ar an iarraidh sin ar bhealach a léiríonn tábhacht straitéiseach na n-infheistíochtaí arna gcómhaoiniú ag CFRE, CC agus CUAC;

3.

ag athdhearbhú a tiomantais láidir don bheartas comhtháthaithe, ar cuid den acquis communautaire é, dá bhrí sin, tá sé doscartha ón tionscadal Eorpach, agus tá sé bunaithe ar phrionsabal na dlúthpháirtíochta idir na Ballstáit agus na réigiúin; á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé cruthaithe gur uirlis nua-aimseartha agus sholúbtha é an beartas comhtháthaithe, ar féidir í a úsáid go tapa i gcásanna éigeandála; á chur i bhfáth gurb é an aidhm bhunaidh atá ag an mbeartas comhtháthaithe — “forbairt chomhchuí fhoriomlán” a Bhallstát agus a réigiún a chur chun cinn agus tacú léi — agus gur cheart go leanfadh sé de bheith mar phríomhról ag cláir an bheartais chomhtháthaithe; á thabhairt chun suntais, áfach, nár cheart don bheartas comhtháthaithe a bheith ina fhoinse maoinithe chun easnaimh sa tsolúbthacht bhuiséadach a bhaint amach, ná chun aghaidh a thabhairt ar chiorruithe buiséadacha mar fhreagairt ar an ngéarchéim, agus, mar bheartas infheistíochta fadtéarmach, gur cheart go gcabhródh an beartas comhtháthaithe chun réigiúin a ullmhú do dhúshláin a bheidh ann amach anseo;

4.

á chur in iúl gur oth léi go raibh moilleanna suntasacha ar an tréimhse chlársceidealaithe mar gheall ar mhoilleanna sa chaibidlíocht a bhain leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil (CAI), a raibh tionchar acu ar údaráis bhainistíochta agus ar thairbhithe; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit dlús a chur le glacadh comhaontuithe comhpháirtíochta agus clár, ós rud é go mbíonn riaráiste neamhghnách in íocaíochtaí sa dara leath de thréimhse chur chun feidhme CAI mar thoradh ar thearc-chur chun feidhme faidréiseach an bheartais chomhtháthaithe, rud a chuireann brú breise ar íocaíochtaí le linn na caibidlíochta maidir le CAI iar-2027; ag iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, measúnú a dhéanamh ar an bhféidearthacht dhlíthiúil dhá chuid ar leith a chruthú laistigh de Rialachán na bhForálacha Coiteanna (CPR), eadhon an chuid a bhaineann le hinneachar (polaitiúil) agus an chuid a bhaineann le CAI (acmhainní airgeadais), don tréimhse chlársceidealaithe tar éis-2027; á chreidiúint gur cheart an chuid a bhaineann le hinneachar a chaibidliú agus a thabhairt i gcrích roimh an chuid a bhaineann le CAI, chun go mbeidh údaráis bhainistíochta in ann tús a chur leis an ullmhúchán ar bhealach tráthúil; á chur i bhfios go láidir, laistigh den chreat sin, gur gá an chéad CAI eile a ghlacadh go pras, ionas go mbeidh fís shoiléir ag na Ballstáit agus ag na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla maidir lena n-imchlúdaigh airgeadais agus go mbeidh siad in ann roghanna polaitiúla a dhéanamh agus tosaíochtaí infheistíochta a bhunú;

5.

á chur in iúl gur geal léi an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF) mar uirlis thábhachtach chun tionchar eacnamaíoch agus sóisialta phaindéim an choróinvíris a mhaolú agus chun geilleagair agus sochaithe na hEorpa a dhéanamh níos inbhuanaithe, níos athléimní agus níos ullmhaithe do na dúshláin agus do na deiseanna a bhaineann leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé a chomhlántachtaí agus a shineirgí leis an mbeartas comhtháthaithe a áirithiú; ag cáineadh na heaspa gné críochaí laistigh den tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus á athdhearbhú a thábhachtaí atá prionsabal na comhpháirtíochta laistigh de bheartais chríochacha AE; á chur in iúl gur oth léi go bhfuil imscaradh RRF thar a bheith láraithe agus nach bhfuil aon chomhairliúchán ann le réigiúin agus bardais agus á chur i bhfáth nach mór na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 174 CFAE a chur san áireamh agus beartais agus gníomhaíochtaí an Aontais á gceapadh agus á gcur chun feidhme agus nach mór rannchuidiú lena mbaint amach; á mheas, thairis sin, nár cheart go ndéanfadh pleananna téarnaimh náisiúnta arna maoiniú ag an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta difear don chumas Cistí SIE a shlógadh;

6.

ag cur béim ar an bhfíoras gur cháin Cúirt Iniúchóirí na hEorpa an easpa difreála idir maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú aeráide; á chur i bhfáth gur cheart difreáil den sórt sin a áireamh sa bheartas comhtháthaithe amach anseo san fhaireachán ar chaiteachas agus ar a dhíriú téamach; á chur i bhfáth gurb é an t-athrú aeráide an bhagairt is tromchúisí do shochaithe an duine ar fud an domhain agus go ndéanann sé difear do na réigiúin uile; á thabhairt chun suntais, dá bhrí sin, gur gá dlús a chur leis na hiarrachtaí chun an t-athrú aeráide a chomhrac agus chun maolú ar an athrú aeráide a fheabhsú; ag cur béim ar an bhfíoras nach mór don bheartas comhtháthaithe tacú le príomhshruthú láidir aeráide;

7.

á chur in iúl gur geal léi gur thug an Coimisiún CUAC isteach chun tacú le réigiúin a bhfuil dúshláin rompu san aistriú i dtreo neodracht ó thaobh carbóin de; ag tathant ar na Ballstáit a bhfuil drogall orthu dul ar aghaidh lena chur chun feidhme agus ag iarraidh ar an gCoimisiún ceachtanna a fhoghlaim ó chur chun feidhme CUAC; á iarraidh go mbunófaí ciste nua, CUAC II, sa tréimhse chlársceidealaithe iar-2027 ar leibhéal NUTS 3, le modh leithdháilte athbhreithnithe; á chreidiúint gur cheart an ciste a chomhtháthú go hiomlán in RFC, agus prionsabail na bainistíochta comhroinnte agus na comhpháirtíochta á gcur i bhfeidhm ag an am céanna; á chreidiúint gur cheart rochtain a bheith ag réigiúin a bhfuil leibhéal ard CO2 per capita acu, chomh maith le tionscail atá i mbun aistrithe, ar an gciste sin, ar cheart níos mó acmhainní airgeadais a thabhairt dó ná CUAC reatha agus raon feidhme níos leithne; á iarraidh go ndéanfadh CUAC II nua idirdhealú idir maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú aeráide, agus ag cur béim ar an ngá atá le struchtúr simplí a dhearadh don bheartas comhtháthaithe amach anseo;

8.

á chur in iúl gur geal léi an prionsabal “gan dochar a dhéanamh don chomhtháthú”, rud a chiallaíonn nár cheart go gcuirfeadh aon ghníomhaíocht isteach ar phróiseas an chóineasaithe ná go gcuirfeadh sí le héagothromaíochtaí réigiúnacha; á chreidiúint gur cheart do Choiste Eorpach na Réigiún a bheith rannpháirteach i ndearadh an phrionsabail sin agus gur cheart é a leagan síos sa reachtaíocht chun raon feidhme agus módúlachtaí a chur i bhfeidhm a shainiú go soiléir chun é a bhunú mar phrionsabal trasghearrtha i mbeartais AE;

9.

ag tabhairt dá haire, cé nach ionstraim ghéarchéime é an beartas comhtháthaithe, gur cheart méid solúbthachta neamh-leithdháilte a choinneáil chomh hard agus atá sa tréimhse reatha go dtí tar éis an athbhreithnithe mheántéarma chun athléimneacht agus freagrúlacht na réigiún a neartú, rud a chuirfidh ar a gcumas aghaidh a thabhairt ar dhúshláin nua atá ag teacht chun cinn agus turraingí neamhshiméadracha a sheasamh; á áitiú gur cheart beartas láidir comhtháthaithe le cistiú méadaithe a áirithiú sa CAI iar-2027, ach nár cheart an beartas a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar gach dúshlán nua; ag iarraidh ar an gCoimisiún a mholadh go slógfaí leithdháiltí comhtháthaithe 2021 nár úsáideadh le haghaidh tuilleadh solúbthachta ó 2022 ar aghaidh chun teacht ar réitigh ar chostais mhéadaithe na dtionscadal bonneagair arna maoiniú ag an Aontas (iompar, fuinneamh, cúrsaí digiteacha etc.); á mheabhrú go gcuireann praghas na n-amhábhar agus na n-ábhar tógála cur chun feidhme go leor tionscadal bonneagair atá maoinithe ag AE i mbaol;

10.

á chur i bhfáth, sna blianta atá romhainn, gurb é an t-athrú aeráide an bhagairt is tromchúisí do shochaithe an duine ar fud an domhain; á mheabhrú go bhfuil an méadú ar líon agus ar dhéine na dtubaistí nádúrtha agus na bhfeiniméan aeráide foircneacha (tuilte, stoirmeacha, cioclóin, triomaigh, tonnta teasa, dóiteáin foraoise etc.) ina iarmhairt infheicthe agus inláimhsithe cheana féin ar an athrú aeráide; á mheas go mbeidh na costais don Aontas, do gach tír agus do gach réigiún, mar gheall ar gan a bheith ag súil leis an athrú aeráide agus gan dul in oiriúint dó, an-ard; á iarraidh go dtiocfaidh méadú suntasach ar bhuiséad CDAE chun cabhrú le réigiúin éifeachtaí an athraithe aeráide a réamh-mheas agus a mhaolú agus chun raon feidhme CDAE a leathnú ionas gur féidir leis tacú freisin le hathbhunú nó tógáil bonneagair phoiblí agus phríobháidigh atá níos athléimní ó thaobh na haeráide de; ag iarraidh ar an gCoimisiún a mheas an féidir buiséad CDAE a mhéadú trí chineál árachais ina n-íocann na Ballstáit táille bhliantúil bunaithe ar líon a n-áitritheoirí, a infheistiú i sócmhainní sábháilte agus a chur ar fáil má tharlaíonn géarchéimeanna;

11.

á chreidiúint nár cheart an ráta cómhaoinithe don sprioc “Infheistíocht i bpoist agus san fhás” ar leibhéal gach tosaíochta, i ngnáthchúinsí, a bheith níos airde ná:

(a)

85 % le haghaidh na réigiún beagfhorbartha agus na réigiún is forimeallaí;

(b)

75 % le haghaidh réigiúin trasdula, i gcás ina gcoinnítear ar bun iad;

(c)

70 % le haghaidh réigiúin níos forbartha;

á chreidiúint gur cheart gach ceann de na trí ráta a mhéadú i gcásanna práinne, ag baint úsáid as an méid solúbthachta;

12.

á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart don Chiste Comhtháthaithe tacú leis na Ballstáit sin ar lú a OIN per capita, arna thomhas de réir caighdeáin cumhachta ceannaigh agus arna ríomh ar bhonn fhigiúirí an Aontais don tréimhse 2025-2027, ná 90 % de mheán-OIN per capita an Aontais don tréimhse tagartha céanna;

13.

á chur i bhfáth nach gcuireann OTI, mar an t-aon táscaire forbartha amháin, inbhuanaitheacht chomhshaoil, éifeachtúlacht acmhainní, comhtháthú agus dul chun cinn sóisialta san áireamh; á mheabhrú, sa bhreis ar shaincheisteanna eacnamaíocha, gur codanna lárnacha de shamhail forbartha AE iad an tsláinte, an t-oideachas, an inbhuanaitheacht, an cothromas agus an cuimsiú sóisialta; á iarraidh go ndéanfaí OTI a chomhlánú le critéir nua (e.g. critéir shóisialta, chomhshaoil, dhéimeagrafacha), chun forléargas socheacnamaíoch níos fearr a thabhairt ar na réigiúin, aghaidh a thabhairt ar thosaíochtaí reatha an Aontais, amhail an Comhaontú Glas don Eoraip agus Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, agus léiriú níos fearr a thabhairt ar na haistrithe éiceolaíocha, digiteacha agus déimeagrafacha agus ar dhea-bhail na ndaoine;

14.

ag moladh machnamh a dhéanamh ar rannchuidiú an bheartais chomhtháthaithe chun cuspóirí straitéiseacha fadtéarmacha an Aontais a bhaint amach, go háirithe i bhfianaise na ndúshlán nua atá romhainn; á chreidiúint go bhfuil na haistrithe glasa agus digiteacha fós ina mórdhúshláin ar cheart dúinn ár n-infheistíochtaí a dhíriú orthu chun cosc a chur ar éagothromaíochtaí nua a fhorbairt; ag iarraidh ar an gCoimisiún, ar na Ballstáit agus ar na húdaráis bhainistíochta an t-idirphlé a neartú agus oibriú i gcomhar le chéile chun na cuspóirí straitéiseacha a shainaithint a bhfuiltear ag súil go rannchuideoidh comhtháthú amach anseo leo;

15.

ag tabhairt dá haire go bhfuil “criosanna meirge” fós i bhformhór na mBallstát; ag tathant go dtacófaí le haistriú tionsclaíoch, sóisialta agus comhshaoil na réigiún sin agus á chreidiúint, chun aghaidh a thabhairt ar an tionchar diúltach a d’fhéadfadh a bheith ag aistriú seantionscal amhail cruach agus alúmanam agus chun tacú le tionscail den sórt sin, gur cheart acmhainní CUAC II a dhíriú ar iad a nuachóiriú i gcás inar féidir, agus straitéisí cliste speisialtóireachta a chruthú atá saincheaptha do riachtanais gach ceann de na réigiúin atá san aistriú tionsclaíoch, fás faoi stiúir na nuálaíochta a chothú agus leathadh na sochar fáis a áirithiú;

16.

ag creidiúint, cé go bhfuil dúshláin shonracha roimh roinnt réigiún atá san aistriú tionsclaíoch amhail díthionsclú mar gheall ar sheachfhoinsiú na táirgeachta tionsclaíche chuig geilleagair atá ag teacht chun cinn, leibhéil ísle táirgiúlachta agus easpa fíorstraitéise do ghairmeacha atá dírithe ar an todhchaí, go bhfuil acmhainneacht réasúnta láidir ag réigiúin eile, amhail traidisiún i ngníomhaíochtaí monaraíochta agus nuálaíochta sofaisticiúla i dtionscail nideoige áitiúla; ag tabhairt dá haire go bhfuil réigiúin níos tionsclaithe níos athléimní i leith suaití eacnamaíocha agus sóisialta éagsúla agus ag iarraidh ar an gCoimisiún beartas uaillmhianach ationsclaithe a fhorbairt do réigiúin AE; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá táirgeadh agus tomhaltas áitiúil agus réigiúnach; á iarraidh, thairis sin, go mbeadh tionscnamh sonrach AE ann chun tacú le réigiúin íseal fháis agus réigiúin bhochta an Aontais atá éagsúil go hinmheánach agus go seachtrach ó mheán AE, ag tógáil ar na ceachtanna a foghlaimíodh ón Tionscnamh um Ghabháil; á athdhearbhú go bhfuil gá le ceapadh beartais áitbhunaithe trí anailís iomchuí a dhéanamh ar phatrúin ísealfhásta agus trí na huirlisí is gá chun aghaidh a thabhairt orthu;

17.

ag tabhairt dá haire go raibh níos mó ná an ceathrú cuid de dhaonra AE ina gcónaí i réigiún in 2019 nár fhill fíor-OTI fós go dtí an leibhéal a bhí ann roimh an ngéarchéim airgeadais in 2007, go háirithe sa Ghréig, sa Chipir, san Iodáil agus sa Spáinn; á chur i bhfáth go ndearna géarchéim eacnamaíoch agus shóisialta COVID-19 difear níos suntasaí do na tíortha céanna sin arís;

18.

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé tacú le limistéir thuaithe trína n-éagsúlacht agus a n-acmhainneacht a luacháil, trí fheabhas a chur ar nascacht iompair, leathanbhanda ardluais, soláthar seirbhísí, éagsúlú eacnamaíoch agus cruthú post, agus cabhrú leo freagairt do dhúshláin amhail tréigean tuaithe, aosú an daonra, dídhaonrú agus tréigean tuaithe, meath na bpobal i gcoitinne, lena n-áirítear lárionaid chathrach, agus easpa deiseanna cúraim sláinte agus oideachais, agus béim á leagan ag an am céanna ar a thábhachtaí atá naisc uirbeacha-tuaithe i gcomhthéacs limistéir uirbeacha fheidhmiúla; ag cur béim ar an ról atá ag mná óga go háirithe i gceantair thuaithe, rud a bhíonn forbhásach de ghnáth; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go rannchuideodh an tionscnamh Bauhaus Eorpach Nua chun ceantair thuaithe a dhéanamh níos tarraingtí; ag tabhairt dá haire go gcabhródh na bearta sin go léir le cathracha atá ag fás chun dul i ngleic leis na dúshláin atá rompu;

19.

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá réitigh soghluaisteachta inbhuanaithe ar fud AE; ag iarraidh ar an gCoimisiún soghluaisteacht chliste agus ghlas agus céimniú amach breoslaí iontaise a chur chun cinn chun rannchuidiú le Comhaontú Glas AE agus leis an bpacáiste “Oiriúnach do 55”; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá an Comhaontú Glas agus an pacáiste “Oiriúnach do 55” agus ag tabhairt dá haire go bhfuil infheistíochtaí ar an leibhéal réigiúnach agus áitiúil bunriachtanach chun go n-éireoidh leo; ag tathant ar an gCoimisiún tuilleadh tacaíochta a thabhairt do chaiteachas a bhaineann leis an aeráid agus an prionsabal “gan dochar suntasach a dhéanamh” a threisiú;

20.

á chur i bhfáth nádúr ilghnéitheach na forbartha tuaithe, a théann níos faide ná talmhaíocht per se; á áitiú gur gá sásra um promhadh leas na tuaithe a chur chun feidhme chun measúnú a dhéanamh ar thionchar thionscnaimh reachtacha AE ar cheantair thuaithe; ag tabhairt dá haire, áfach, nach n-oibríonn ach 11,5 % de na daoine atá ina gcónaí i gceantair thuaithe sa talmhaíocht, san fhoraoiseacht agus san iascach; á iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfaí CETFT a athimeascadh faoi chreat straitéiseach RTF mar chiste ar leith; ag cur béim ar an bhfíoras, toisc gur cuid de chistí an bheartais comhtháthaithe é, go neartaítear na féidearthachtaí agus na sineirgí — trí chur chuige comhtháite, ilchiste — d’infheistíochtaí i gceantair thuaithe lasmuigh den talmhaíocht agus don fhorbairt réigiúnach; ag tabhairt chun suntais an rannchuidiú luachmhar atá déanta ag clár LEADER leis an bhforbairt tuaithe, a bhfuil sé mar aidhm leis gníomhaithe áitiúla a rannpháirtiú i ndearadh agus i seachadadh straitéisí, cinnteoireachta agus leithdháileadh acmhainní dá gceantair thuaithe;

21.

á iarraidh go neartófaí Airteagail 174 agus 349 CFAE i mbeartais uile an Aontais chun gnóthú na gcuspóirí a leagtar amach iontu a chur chun cinn; á chur in iúl gur oth léi nach dtugtar aird ar leith sa 8ú Tuarascáil faoin gComhtháthú ar an dul chun cinn atá déanta maidir le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a bhaint amach i réigiúin a bhfuil míbhuntáistí móra buana nádúrtha agus déimeagrafacha acu, amhail na réigiúin is forimeallaí, na réigiúin is faide ó thuaidh agus is lú daonra, oileáin, limistéir shléibhtiúla agus réigiúin trasteorann; á mheabhrú go bhfuil ról ríthábhachtach ag an mbeartas comhtháthaithe sna réigiúin is forimeallaí; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé cláir agus bearta saincheaptha a cheapadh do na réigiúin sin agus á chur i bhfáth gur gá na bearta uile atá ceaptha go sonrach dóibh a choinneáil, ós rud é go bhfuil formhór na réigiún is forimeallaí fós i measc na réigiún beagfhorbartha, arb ionann iad agus 6 cinn de na 30 réigiún de chuid an Aontais a bhfuil an OTI is ísle per capita acu; á athdhearbhú, sa chomhthéacs sin, a thábhachtaí atá comhar réigiúnach dinimiciúil chun leas a bhaint as acmhainneacht na réigiún is forimeallaí;

22.

á chur in iúl go bhfuil sí cinnte de gur cheart ról na gcathracha, na mbailte agus na sráidbhailte beaga a neartú chun tacú le geilleagair áitiúla agus chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhéimeagrafacha agus aeráide; ag athdhearbhú a thábhachtaí atá naisc uirbeacha-thuaithe agus forbairt straitéisí bunaithe ar limistéir fheidhmiúla, agus aird ar leith á tabhairt ar bhailte beaga agus meánmhéide, agus é mar aidhm leis sin cosc a chur ar limistéir thuaithe a laghdú; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé cineálacha cur chuige saincheaptha críochacha a chur chun feidhme agus infheistíocht a dhéanamh go háirithe i dtionscnamh na sráidbhailte cliste, agus é mar aidhm leis seirbhísí tuaithe a athbheochan tríd an nuálaíocht dhigiteach agus shóisialta; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sineirgí idir uirlisí cistiúcháin éagsúla, amhail CETFT, CFRE, CSE+ agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe, chun leibhéal leordhóthanach cistiúcháin a dhíriú ar cheantair thuaithe trí chur chuige ilchiste;

23.

ag athdhearbhú ról an bheartais chomhtháthaithe maidir le dálaí maireachtála do chách a chomhchuibhiú agus a fheabhsú ar fud an Aontais; ag tabhairt dá haire, áfach, go bhfuil méadú ag teacht ar theacht chun cinn limistéar atá faoi mhíbhuntáiste agus bochtaithe, lena n-áirítear laistigh de réigiúin agus limistéir níos forbartha; á chur i bhfios go láidir, cé gur spreagthóirí réigiúnacha iad cathracha don fhás agus don aistriú, agus go bhfuil go leor buntáistí ag baint le maireachtáil agus oibriú iontu, go bhféadfadh iarmhairtí a bheith ag tiúchan ard daonra agus ag fás os cionn an mheáin daonra i gceantair uirbeacha áirithe ar inacmhainneacht tithíochta, ar leibhéil truaillithe agus ar cháilíocht na beatha; ag iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún togra a thíolacadh maidir le tionscnamh Bauhaus Eorpach Nua a bheith ina chlár de chuid an Aontais le haghaidh CAI iar-2027, le buiséad tiomnaithe bunaithe ar acmhainní nua lena soláthrófaí réitigh chun limistéir uirbeacha inbhuanaithe agus nuálacha a fhorbairt; á chreidiúint gur cheart go mbeadh rochtain dhíreach ag údaráis uirbeacha ar chistiú AE amach anseo; á athdhearbhú a thábhachtaí atá coimircí lena gcoiscfí pionósú éagórach na n-údarás réigiúnach agus áitiúil atá lonnaithe i dtíortha a d’fhéadfadh a bheith faoi réir ghníomhachtú shásra an smachta reachta, agus ag iarraidh ar an gCoimisiún bealaí a bhunú trína bhféadfaidh sé na cistí a sheachadadh go díreach chuig a dtairbhithe deiridh;

24.

á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé an cur chuige ón mbun aníos maidir le forbairt tuaithe agus áitiúil a neartú, ar bealach é don nuálaíocht shóisialta agus don fhothú acmhainneachta, agus ar an gcaoi sin saoránaigh a chumhachtú chun úinéireacht a ghlacadh ar fhorbairt a limistéar; á áitiú, dá bhrí sin, go ndéanfaí údaráis áitiúla agus réigiúnacha, chomh maith le ENRanna agus saoránaigh, a áireamh go hiomlán sa phróiseas cinnteoireachta agus cur chun feidhme chun a áirithiú go dtabharfar aghaidh mar is ceart ar a riachtanais; ag tabhairt dá haire go bhféadfaí leas níos fearr a bhaint as an acmhainneacht atá ann ar an leibhéal áitiúil trí fhorbairt áitiúil faoi stiúir an phobail (CLLD) a neartú agus a éascú; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart go mbeadh forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail éigeantach do na Ballstáit;

25.

ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart do shochaithe agus do gheilleagair leas a bhaint as a n-acmhainneacht chruthaitheach agus aghaidh á tabhairt ag an am céanna ar na dúshláin a bhaineann leis an aistriú i dtreo neodracht carbóin, amhail i gcás seanréigiúin thionsclaíocha, ar cheart dóibh tionscal na cruthaitheachta a úsáid mar chatalaíoch ildisciplíneach do phróisis aistrithe, lena gcomhtháthaítear smaointe ó thionscail an chultúir agus na cruthaitheachta i bpróisis riaracháin; á chreidiúint gur féidir le húdaráis bhainistíochta cabhrú le seanréigiúin thionsclaíocha; á chur i bhfáth gur gá, dá bhrí sin, tacú leis an gcomhar ildisciplíneach; á thabhairt chun suntais, thairis sin, a thábhachtaí atá an cultúr sa bheartas comhtháthaithe, rud a chabhraíonn le réigiúin bhríomhar a áirithiú agus a mealltacht a mhéadú, malartuithe cultúrtha a spreagadh, agus éagsúlacht agus dlúthpháirtíocht a chur chun cinn;

26.

ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, na dúshláin dhéimeagrafacha atá os comhair AE, go háirithe i réigiúin áirithe, amhail daonraí atá ag dul in aois, dídhaonrú limistéar tuaithe agus iargúlta, brú déimeagrafach ar limistéir eile, amhail limistéir chósta agus uirbeacha, agus sreabha imirce agus teacht na ndídeanaithe; á áitiú gur gá freagairt láithreach a ullmhú ar theacht na ndídeanaithe chun a áirithiú go ndéanfar iad a lánpháirtiú go tapa agus go héasca; ag spreagadh na mBallstát, thairis sin, bearta sonracha a cheapadh agus a chur chun feidhme chun oiliúint agus fostaíocht a chur chun cinn, chomh maith le cearta bunúsacha a chosaint; á chur i bhfáth go bhfuil údaráis áitiúla agus réigiúnacha, comhlachais ghairmiúla agus ENRanna bunriachtanach chun riachtanais shonracha infheistíochta agus seirbhísí bunúsacha don tsoghluaisteacht agus don inrochtaineacht chríochach i limistéir thuaithe agus uirbeacha a shainaithint agus a mheasúnú agus gur cheart ról cinntitheach a bheith acu mar rannpháirtithe gníomhacha i bhforbairt straitéisí críochacha a eascraíonn as pobail áitiúla; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé freagairt bhuiséadach shonrach do cheantair thuaithe a áireamh, lena n-áirítear chun treochtaí diúltacha déimeagrafacha a aisiompú i gcláir ábhartha AE;

27.

á chur i bhfios go láidir gur gá feabhas a chur ar an gcaidreamh idir an beartas comhtháthaithe agus rialachas eacnamaíoch AE, agus cur chuige pionósach á sheachaint ag an am céanna; á chur i bhfáth gur cheart don Seimeastar Eorpach cuspóirí an bheartais chomhtháthaithe faoi Airteagail 174 agus 175 CFAE a chomhlíonadh; á iarraidh go mbeadh na réigiúin rannpháirteach i gcomhlíonadh na gcuspóirí sin agus go mbeadh cur chuige críochach níos láidre ann; á iarraidh go ndéanfar próiseas machnaimh ar choincheap na coinníollachta maicreacnamaíche agus go bhféachfaí an bhféadfaí foirmeacha nua coinníollachta a chur in ionad an choincheapa sin chun léiriú níos fearr a thabhairt ar na dúshláin nua atá romhainn; á mheas go bhfuil gá an Comhshocrú Cobhsaíochta a chur ar fionraí go dtí 2023 agus go ndéanfaí athbhreithniú air mar gheall ar staid shocheacnamaíoch AE, atá níos measa fós mar gheall ar iarmhairtí ghéarchéim COVID-19 agus ionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine;

28.

á thabhairt faoi deara go bhfuil roinnt réigiún meánioncaim ag dul i ngleic le 'gaiste meánioncaim', agus gur minic a bhíonn daonraí atá ag laghdú agus ag dul in aois, tionscail laga mhonaraíochta, fás íseal, nuálaíocht, iomaíochas, táirgiúlacht agus cáilíocht institiúideach agus rialtais, easpa dul chun cinn i dtreo aistriú cóir agus leochaileacht i leith suaití arb é an domhandú is cúis leo ag bagairt orthu; ag tarraingt aird ar an ngéarú atá ag teacht ar an treocht sin, ar cúis imní é, agus ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit céimeanna tromchúiseacha a ghlacadh chun aghaidh a thabhairt ar an dúshlán sin agus chun teacht ar réitigh ar na réigiúin sin ionas nach bhfágfar ar gcúl iad san fhadtéarma, ach ina ionad sin go dtacófar leo chun a láidreachtaí sonracha a fhorbairt;

29.

ag tabhairt dá haire go bhfuil go leor spreagthóirí fáis fós comhchruinnithe i réigiúin níos forbartha agus i limistéir uirbeacha; á chur in iúl go bhfuil sí cinnte de gur dúshlán mór don bheartas comhtháthaithe a bheidh ann amach anseo tacaíocht iomchuí a chur ar fáil do réigiúin thearcfhorbartha, agus gur cheart, leis an mbeartas comhtháthaithe, éagothromaíochtaí a laghdú agus na réigiúin sin a chosc ó thitim ar gcúl, trí na treochtaí agus na dinimicí éagsúla a chur san áireamh agus trí thacaíocht bhuiséadach shonrach a chur ar fáil do limistéir thuaithe, lena n-áirítear chun treochtaí diúltacha déimeagrafacha i gcláir ábhartha de chuid an Aontais a aisiompú;

30.

ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil laghdú mór tagtha le blianta beaga anuas ar chistiú arna leithdháileadh ag na Ballstáit ar a réigiúin is boichte; á mheabhrú a thábhachtaí atá sé prionsabal na breisíochta AE a urramú; ag iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go dtabharfaidh na húdaráis náisiúnta aird chuí ar chomhtháthú inmheánach agus tionscadail Chiste SIE á ndréachtú agus á gcur chun feidhme acu;

31.

ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil saintréithe éagsúla ag na réigiúin atá sa ghaiste meánioncaim nó atá i mbaol titim isteach sa ghaiste sin agus go bhfuil réitigh shaincheaptha ag teastáil uathu chun borradh a chur faoi infheistíochtaí in oideachas ardcháilíochta, caipiteal daonna, taighde agus forbairt, oiliúint don lucht saothair, seirbhísí sóisialta agus straitéisí maolaithe; ag tathant ar an gCoimisiún na réigiúin sin a shainiú chun tuiscint níos fearr a fháil ar na fachtóirí struchtúracha as a n-eascraíonn an gaiste meánioncaim, chun tacú leo trí chur chuige difreáilte agus áitbhunaithe agus chun méideanna níos airde a leithdháileadh orthu faoi CSE+ sa chéad tréimhse chlársceidealaithe eile;

32.

á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart go mbeadh simpliú ar cheann de phríomhspreagthóirí an bheartais chomhtháthaithe amach anseo; ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit gan ualach riaracháin breise a chur ar údaráis bhainistíochta agus á mheabhrú gur gá an t-ualach riaracháin ar na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla agus ar na tairbhithe a íoslaghdú; ag iarraidh ar na Ballstáit ró-rialáil a sheachaint, cláir a dhéanamh straitéiseach agus beacht agus ionstraimí a bheith solúbtha, agus comhaontuithe maoinithe idir údaráis bhainistíochta agus na tairbhithe a bheith mar uirlis simpliúcháin; ag spreagadh úsáid leanúnach roghanna costais simplithe (SCOanna), trí na tairseacha a ardú, b’fhéidir, ar cheart úsáid na RCSanna sin a bheith éigeantach faoina mbun; ag iarraidh ar na Ballstáit dlús a chur le cur chun feidhme an ríomh-chomhtháthaithe; ag tabhairt chun suntais acmhainneacht an digitithe maidir le gníomhaíochtaí faireacháin agus tuairiscithe; ag iarraidh ar an gCoimisiún, thairis sin, trédhearcacht a rialacha iniúchóireachta a fheabhsú agus úsáid phrionsabal na hiniúchóireachta aonair a leathnú chun dúbláil iniúchtaí agus fíorú bainistíochta an chaiteachais chéanna a sheachaint; á chreidiúint gur cheart go bhforbrófaí an caidreamh idir an Coimisiún agus na húdaráis bhainistíochta i dtreo “conradh muiníne” a bheadh bunaithe ar chritéir oibiachtúla a fhorbairt agus a bhunú, agus á mheas gur gá lipéad a thabhairt isteach chun aitheantas a thabhairt d’údaráis bhainistíochta a léirigh a gcumas na rialacha a chomhlíonadh agus a ráta earráide a laghdú;

33.

á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhfuil gá ar leith le leithdháileadh cistiúcháin cuí agus oiriúnach a choinneáil faoin gCiste Comhtháthaithe do na Ballstáit sin a bhfuil easnamh mór acu i mbonneagar iompair agus comhshaoil, ar choinníoll go ndéantar an ciste a bhainistiú go comhpháirteach;

34.

á chreidiúint gur cheart beartais struchtúracha AE, náisiúnta agus réigiúnacha a bheith fite fuaite le cur chuige áitbhunaithe chun rannchuidiú le comhtháthú críochach, chun aghaidh a thabhairt ar leibhéil éagsúla rialachais, chun comhar agus comhordú a áirithiú, agus chun leas a bhaint as acmhainneacht uathúil na réigiún, agus an gá atá le réitigh shaincheaptha á aithint ag an am céanna; á chreidiúint, thairis sin, gur cheart an beartas comhtháthaithe a dhíriú níos mó ar infheistíocht i ndaoine, ós rud é gur féidir borradh a chur faoi gheilleagair réigiúnacha trí mheascán éifeachtach d’infheistíochtaí sa nuálaíocht, sa chaipiteal daonna, sa dea-rialachas agus san acmhainneacht institiúideach;

35.

ag tabhairt dá haire gur príomhchuspóir den bheartas comhtháthaithe é an comhar críochach Eorpach; á thabhairt chun suntais breisluach an chomhair chríochaigh i gcoitinne agus comhar trasteorann go háirithe; á thabhairt faoi deara go raibh tionchar ar leith ag an bpaindéim ar réigiúin teorann agus go mbíonn a dtéarnamh níos moille ná téarnamh na réigiún cathrach; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé, dá bhrí sin, bacainní ar chomhar trasteorann a bhaint agus ag cur béim ar an bhfíoras go gcabhródh an sásra chun constaicí dlí agus riaracháin a réiteach (ECBM) a mhol an Coimisiún le deireadh a chur le níos mó ná 50 % de na bacainní atá ann cheana; á chur in iúl gur oth léi go mór gur chuir an Chomhairle bac ar an nós imeachta reachtach a bhaineann le ECBM; ag iarraidh ar an gCoimisiún gach tionscnamh is gá a dhéanamh, lena n-áirítear an ECBM a athsheoladh, chun an comhar seo a dhéanamh níos dinimiciúla agus níos éifeachtaí chun leasa na ndaoine; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá cistiú méadaithe do Interreg chun tacú le comhar na réigiún thar theorainneacha; ag cur béim, dá bhrí sin, ar a thábhachtaí atá tionscadail ar mhionscála agus trasteorann chun daoine a thabhairt le chéile; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá infheistíochtaí trasteorann chun nuálaíocht, aistriú teicneolaíochta, réitigh choiteanna agus sineirgí coiteanna a fheabhsú;

36.

á chur i bhfáth go bhfuil ról ríthábhachtach ag infheistíochtaí i seirbhísí poiblí ardcháilíochta maidir le hathléimneacht shóisialta a fhorbairt agus déileáil le géarchéimeanna eacnamaíocha, sláinte agus sóisialta;

37.

á thabhairt dá haire gur rannchuidigh athchóiriú an bheartais chomhtháthaithe don tréimhse airgeadais 2021-2027 le húsáid shimplithe agus sholúbtha a bhaint as cistiú do thairbhithe agus d’údaráis bhainistíochta; á chur in iúl gur geal léi an tsolúbthacht atá molta ag tograí na Gníomhaíochta Comhtháthaithe le haghaidh Dídeanaithe san Eoraip (CARE) agus an Tionscnaimh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas Plus (CRII+), ar léiríodh gur uirlis den scoth é an beartas comhtháthaithe i gcásanna géarchéime; á mheabhrú, áfach, gur beartas infheistíochta fadtéarmach é an beartas comhtháthaithe agus gur cheart, dá bhrí sin, sásra tiomnaithe freagartha ar ghéarchéimeanna a chruthú laistigh den chéad CAI eile; ag iarraidh ar an gCoimisiún suirbhé a dhéanamh ar éifeachtaí praiticiúla na mbeart simpliúcháin agus simpliú breise a chur chun cinn, lena n-áirítear i bhfoirm digitithe, solúbthachta agus rannpháirtíocht na saoránach; ag iarraidh, dá bhrí sin, ar na Ballstáit cabhrú le tairbhithe, go háirithe tairbhithe na dtionscadal ar mhionscála, tacú le tionscnaimh phríobháideacha mar ghineadóirí post agus taighde, forbartha agus nuálaíochta, agus an beartas comhtháthaithe a thabhairt níos gaire do shaoránaigh uile an Aontais;

38.

á chur i bhfáth go mbunaítear leis an Rialachán maidir le Coinníollacht an Smachta Reachta urraim don smacht reachta mar choinníoll le haghaidh chistiú an bheartais chomhtháthaithe; á mheas gur gá urraim don smacht reachta agus do chearta bunúsacha a atreisiú i gcur chun feidhme an bheartais chomhtháthaithe; ag iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, na huirlisí uile atá ar fáil dó a úsáid chun bealaí a bhunú chun a áirithiú nach mbainfear tairbhí chistí AE de shaoránaigh na mBallstát ar spreagadh Airteagal 7(1) CFAE ina leith mar thoradh ar ghníomhaíochtaí a rialtas agus nach ngearrfar pionós ar údaráis réigiúnacha agus áitiúla na mBallstát sin i gcás inar cuireadh sásra an smachta reachta i ngníomh; ag súil leis, dá bhrí sin, go gcuirfidh an Coimisiún gnéithe den smacht reachta san áireamh go hiomlán le linn phróiseas iomlán ullmhúcháin agus cur chun feidhme chláir an bheartais chomhtháthaithe;

39.

ag iarraidh ar na Ballstáit straitéisí misniúla a sheoladh chun infheistíocht phoiblí agus phríobháideach in aistrithe glasa, digiteacha agus déimeagrafacha a scaoileadh chun athstruchtúrú a dhéanamh ar shamhail an gheilleagair shóisialta margaidh ar bhealach dearfach don tsochaí;

40.

ag spreagadh laghdú ar líon na gcomhlachtaí idirmheánacha a bhfuil baint acu le cistí comhtháthaithe a bhainistiú agus a rialú trí chomhordú agus inniúlachtaí comhlachtaí idirmheánacha de mhéid criticiúil a neartú agus ionaid ilfhreastail a shainaithint do thairbhithe, i gcás inar féidir;

41.

á chur i bhfáth gur gá creat a bhunú lena ráthaítear cobhsaíocht dhlíthiúil trí rialacha simplí, soiléire agus intuartha, go háirithe maidir le bainistiú agus iniúchóireacht; á iarraidh go ndéanfar aon chur i bhfeidhm cúlghabhálach agus léirmhíniú ar na rialacha a sheachaint a mhéid is féidir; á mholadh go ndéanfaí próiseas machnaimh a sheoladh maidir le tairseach an ráta earráidí iomlán le haghaidh gach bliain faoina meastar go bhfuil córas bainistithe agus rialaithe an chláir ag feidhmiú go héifeachtach agus cumas na n-údarás bainistíochta an fhoráil sin den rialachán a chomhlíonadh gan tairbhithe a phionósú; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart an tairseach sin a ardú go 5 %;

42.

á chur in iúl gur oth léi go bhfuil an chuma ar an scéal go bhfuil SDGanna na Náisiún Aontaithe imithe ar gcúl de réir a chéile in insint AE, go háirithe maidir le héifeachtaí maolaithe géarchéime, rud a chuireann a ndeiseanna cur chun feidhme faoi 2030 i mbaol; ag spreagadh tiomantas láidir leanúnach chistí bheartas comhtháthaithe an Aontais chun cuidiú leis na SDGanna a chur chun feidhme ar an leibhéal réigiúnach agus áitiúil, e.g. maidir leis an ngeilleagar ciorclach; á chur i bhfáth, sa chomhthéacs sin, gur cheart gnéithe den chomhionannas agus den chuimsiú a neartú tuilleadh san fhorbairt réigiúnach; á mheabhrú a thábhachtaí atá príomhshruthú inscne sa bheartas comhtháthaithe agus á thabhairt chun suntais ról sonrach na mban, go háirithe i gceantair thuaithe iargúlta, a bhfuil ról tábhachtach acu sa tsochaí shibhialta agus san fhás eacnamaíoch inbhuanaithe, ach ag an am céanna a bhfuil deacrachtaí acu rochtain a fháil ar mhargadh an tsaothair, chomh maith le pá comhionann, agus seirbhísí poiblí, amhail cúram sláinte agus cúram leanaí;

43.

ag tacú leis an méadú ar an mbuiséad a leithdháiltear don tréimhse 2021-2027 ar an mbeartas comhtháthaithe nua, lena soláthrófar, i gcomhréir leis an mbéim láidir ar ghníomhaíochtaí cliste, glasa agus sóisialta, muinín leordhóthanach do thionscadail nuálacha nua; á iarraidh go mbeadh comhordú láidir ann idir na cistí sin agus cláir agus gníomhaíochtaí nua Bauhaus Eorpach;

44.

á chur i bhfáth go bhfuil infheistíocht i ndaoine ríthábhachtach chun cabhrú lena scileanna a fhorbairt, chun a gcruthaitheacht a spreagadh agus chun nuálaíocht a spreagadh, rud a bhféadfadh an obair dheonach rannchuidiú leis; á chreidiúint gur cheart fostaíocht ardcháilíochta, ar phá maith, mar aon le tacaíocht don oiliúint nó don athoiliúint a choinneáil nó a chruthú chun bochtaineacht a chomhrac agus lánpháirtiú imirceach agus dídeanaithe a spreagadh, agus comhtháthú sóisialta á neartú ag an am céanna agus a áirithiú nach bhfágfar aon duine ar lár;

45.

á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé seasamh le prionsabal na comhpháirtíochta i gclársceidealú, i gcur chun feidhme agus i bhfaireachán uile bheartas comhtháthaithe an Aontais agus a thábhachtaí atá sé comhar láidir a bhunú idir údaráis réigiúnacha agus áitiúla, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus geallsealbhóirí eile; á chur i bhfáth gur cheart don Choimisiún a bheith níos gníomhaí maidir le cistí an bheartais chomhtháthaithe a chosaint ar bhagairtí a eascraíonn as brú ar an daonlathas agus ar a luachanna i mBallstáit áirithe;

46.

á mheabhrú gur rannchuidigh tionchar Brexit le cur isteach ar an ngeilleagar, ar chomhar idir-réigiúnach, ar éiceachórais taighde, agus ar chórais oideachais agus oiliúna do réigiúin AE; ag iarraidh ar gach duine lena mbaineann leanúint de thacaíocht a thabhairt d’údaráis réigiúnacha agus áitiúla atá thíos le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ó AE; á mheas gur gá breithniú leanúnach a dhéanamh ar iarmhairtí fadtéarmacha eacnamaíocha agus sóisialta Brexit ar réigiúin AE chun machnamh a dhéanamh ar an mbeartas comhtháthaithe tar éis-2027; á iarraidh, ina theannta sin, ar Rialtas na Ríochta Aontaithe maoiniú a thabhairt do rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe sna cláir Interreg;

47.

á mheabhrú go bhforáiltear le hAirteagal 175 CFAE do thuairisciú ón gCoimisiún gach trí bliana ar an dul chun cinn atá déanta maidir le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a bhaint amach; á mheas gur gá measúnú mionsonraithe a dhéanamh ar thionchar comhcheangailte ghéarchéim COVID-19 agus an chogaidh san Úcráin sa 9ú Tuarascáil faoin gComhtháthú faoi mhí na Bealtaine 2025 ar a dhéanaí;

48.

á iarraidh go mbeadh rochtain níos fearr ar chistiú chun infheistíochtaí san aistriú fuinnimh áitiúil a chumasú, lena n-áirítear éifeachtúlacht fuinnimh, dáileadh díláraithe fuinnimh agus béim láidir ar fhoinsí in-athnuaite; á thabhairt chun suntais, sa chomhthéacs sin, go bhfuil gá le beartas comhtháthaithe chun tacú le hathchóiriú fuinneamhéifeachtúil chun acmhainní a shábháil agus tithíocht a áirithiú do chách; á chur i dtreis, ina theannta sin, gur gá foirgnimh atá suntasach ó thaobh na staire agus na socheacnamaíochta de a chaomhnú agus a chlaochlú;

49.

ag iarraidh ar an gCoimisiún machnamh a dhéanamh ar an bhféidearthacht nár cheart caiteachas na mBallstát agus na n-údarás réigiúnach agus áitiúil faoi Chistí SIE a mheas mar chaiteachas struchtúrach náisiúnta nó coibhéiseach mar a shainítear sa Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis, go háirithe mura n-imíonn siad ó chomhlíonadh chuspóirí Chomhaontú Pháras;

50.

á chur i bhfios go láidir gur cheart na rialacha maidir le Státchabhair a ailíniú le haghaidh bheartais AE ionas nach gcuirfear cláir an bheartais chomhtháthaithe ar gá dóibh na rialacha uile maidir le Státchabhair a leanúint i riocht faoi mhíbhuntáiste i gcomparáid le beartais eile de chuid an Aontais atá díolmhaithe uaidh; á iarraidh, thairis sin, go dtabharfaí isteach, i gcás inar féidir, toimhde comhlíontachta leis an gcóras Státchabhrach, chun beartais infheistíochta uile AE a chur ar chomhchéim agus iomaíocht eatarthu a sheachaint;

51.

ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit leanúint d’iarrachtaí a dhéanamh chun cumarsáid agus infheictheacht a fheabhsú trí fheabhas a chur ar an malartú faisnéise maidir le hoibríochtaí a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leo agus ar ghlaonna ar thograí atá le teacht; á chur in iúl gur geal léi seoladh bhunachar sonraí nua Kohesio agus á iarraidh go gcuirfí an suíomh gréasáin ar fáil i dteangacha oifigiúla uile an Aontais a luaithe is féidir; á chur i bhfáth gur cheart do Kohesio sonraí a sholáthar maidir leis na tionscadail chomhtháthaithe agus chríochacha uile, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le forbairt tuaithe, arna gcómhaoiniú faoi EARDF agus clár Leader, agus é a chur ar chumas úsáideoirí tionscadail a bhaineann lena réimsí téamacha a chuardach, agus é mar aidhm ardán a chur ar fáil lena roinnfear dea-chleachtais agus lena gcuirfear tionscadail barr feabhais chun cinn;

52.

á chur i bhfáth gur féidir le beartais eile de chuid an Aontais an bonn a bhaint den chomhtháthú; á chur in iúl gur geal léi tuairim an Choimisiúin, dá bhrí sin, gur cheart promhadh réigiúnach a ionchorprú i mbeartais chothrománacha agus ag iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh freisin ar an tionchar atá ag beartais eile ar éifeachtacht an bheartais chomhtháthaithe;

53.

á thabhairt chun suntais go bhféadfadh caiteachas an bheartais chomhtháthaithe, mar is amhlaidh i gcás chaiteachas eile uile AE, a bheith faoi réir gníomhaíochtaí neamhrialta a bhaineann le héilliú agus le calaois; á iarraidh go ndéanfaí maoiniú agus foirne leordhóthanach a sholáthar do na gníomhaireachtaí agus do na comhlachtaí ábhartha, go háirithe Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh agus an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise, ionas gur féidir leo imscrúduithe a dhéanamh go cuí agus cistí mí-úsáidte a aisghabháil; á iarraidh ar an gCoimisiún go ndéanfar grinnmheasúnú chun cosc a chur ar aon mhí-úsáid ar chistí AE agus ar sháruithe ar an smacht reachta, agus comhlíonadh na Cairte um Chearta Bunúsacha a áirithiú sula bhformheasfaidh sé aon chomhaontuithe comhpháirtíochta agus aon chláir beartais chomhtháthaithe;

54.

á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil raon feidhme méadaithe i dtogra REPowerEU ón gCoimisiún maidir le leithdháiltí buiséadacha a aistriú chuig an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta ón mbeartas comhtháthaithe; á chur i bhfios go láidir go ndéanfar os cionn EUR 100 billiún d’acmhainní an bheartais chomhtháthaithe a infheistiú san aistriú fuinnimh, sa dícharbónú agus san fhuinneamh in-athnuaite faoi 2030; á iarraidh, dá bhrí sin, go gcuirfí dlús le cur chun feidhme an bheartais chomhtháthaithe;

55.

á chur i bhfios go bhfuil gá le cur chun feidhme éifeachtach agus comhchuibhithe ar leibhéal an Aontais maidir leis an bplean teagmhasach chun soláthar bia agus slándáil bia a áirithiú le linn tréimhse géarchéime, a leagtar amach sa teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis sin (COM(2021)0689);

56.

á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, chuig Coiste Eorpach na Réigiún, agus chuig parlaimintí náisiúnta agus réigiúnacha na mBallstát.

(1)  IO L 231, 30.6.2021, lch. 159.

(2)  IO L 231, 30.6.2021, lch. 60.

(3)  IO L 231, 30.6.2021, lch. 1.

(4)  IO L 231, 30.6.2021, lch. 94.

(5)  IO L 231, 30.6.2021, lch. 21.

(6)  IO L 99, 31.3.2020, lch. 5.

(7)  IO L 347, 20.12.2013, lch. 487.

(8)  IO L 243, 9.7.2021, lch. 1.

(9)  IO L 435, 6.12.2021, lch. 187.

(10)  IO L 109, 8.4.2022, lch. 1.

(11)  IO L 357, 8.10.2021, lch. 1.

(12)  IO L 99, 31.3.2020, lch. 9.

(13)  IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 1.

(14)  IO C 37, 2.2.2021, lch. 16.

(15)  IO C 429, 11.12.2020, lch. 153.

(16)  IO C 517, 22.12.2021, lch. 1.

(17)  IO C 286, 16.7.2021, lch. 13.

(18)  IO L 80, 8.3.2021, lch. 1.

(19)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0058.

(20)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0059.

(21)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0022.

(22)  IO C 117, 11.3.2022, lch. 18.

(23)  IO C 67, 8.2.2022, lch. 16.

(24)  IO C 15, 12.1.2022, lch. 125.

(25)  IO C 494, 8.12.2021, lch. 26.

(26)  IO C 162, 10.5.2019, lch. 24.

(27)  IO C 28, 27.1.2020, lch. 40.

(28)  Staidéar – “Réigiúin AE atá tite ar gcúl: staid reatha agus dúshláin amach anseo”, Parlaimint na hEorpa, an Ard-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha, an Roinn Beartais um na Beartais Struchtúracha agus Chomhtháthaithe, Meán Fómhair 2020.


5.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 125/108


P9_TA(2022)0327

Réigiúin teorann an Aontais: Saotharlanna beo na lánpháirtíochta Eorpaí

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Meán Fómhair 2022 ar réigiúin teorann an Aontais Eorpaigh: saotharlanna beo na lánpháirtíochta Eorpaí (2021/2202(INI))

(2023/C 125/10)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint d’Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach,

ag féachaint d’Airteagail 4, 162, 174, 175, 176, 177, 178 agus 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),

ag féachaint do Threoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flora fiáine a chaomhnú (1) (an Treoir maidir le Gnáthóga),

ag féachaint do Threoir 2007/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le measúnú agus bainistiú baol tuilte (2),

ag féachaint do Threoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú (3) (an Treoir maidir le hÉin),

ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa, an Ciste Comhtháthaithe agus an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (4),

ag féachaint don chomhaontú a glacadh ag an 21ú Comhdháil de chuid na bPáirtithe i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (COP21) i bPáras an 12 Nollaig 2015 (Comhaontú Pháras),

ag féachaint do thuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún an 8 Feabhra 2017 dar teideal Missing transport links in border regions [Naisc iompair ar lár i réigiúin teorann] (5),

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Meán Fómhair 2017 dar teideal Boosting growth and cohesion in EU border region[Borradh a chur faoin bhfás agus faoin gcomhtháthú i réigiúin teorann AE] (COM(2017)0534),

ag féachaint don togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Bealtaine 2018 maidir le sásra chun constaicí dlí agus riaracháin a réiteach i gcomhthéacs trasteorann (sásra trasteorann Eorpach) (COM(2018)0373),

ag féachaint do rún uaithi an 13 Meitheamh 2018 maidir le beartas comhtháthaithe agus an geilleagar ciorclach (6),

ag féachaint do rún uaithi an 11 Meán Fómhair 2018 maidir le borradh a chur faoin bhfás agus faoin gcomhtháthú i réigiúin teorann AE (7),

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 3 Aibreán 2020 dar teideal Guidelines on EU Emergency Assistance on Cross-Border Cooperation in Healthcare related to the COVID-19 crisis [Treoirlínte maidir le Cúnamh Éigeandála AE i ndáil le Comhar Trasteorann sa Chúram Sláinte a bhaineann le géarchéim COVID-19 (C(2020)2153),

ag féachaint do chomhairliúchán poiblí an Choimisiúin ón 22 Iúil go dtí an 11 Deireadh Fómhair 2020 maidir le deireadh a chur le bacainní trasteorann (8),

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2020 dar teideal Achieving the European Education Area by 2025 [Limistéar Eorpach Oideachais a bhaint amach faoi 2025] (COM(2020)0625),

ag féachaint do Chinneadh (AE) 2020/2228 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Nollaig 2020 maidir le Bliain Eorpach an Iarnróid (2021) (9),

ag féachaint do thuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún an 5 Feabhra 2021 dar teideal Cross-border public services in Europe [Seirbhísí poiblí trasteorann san Eoraip] (10),

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 2 Meitheamh 2021 dar teideal A strategy towards a fully functioning and resilient Schengen area [Straitéis i dtreo limistéar Schengen lánfheidhmiúil agus athléimneach] (COM(2021)0277),

ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus maidir leis an gCiste Comhtháthaithe (11) (“Rialachán Interreg”),

ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1059 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le forálacha sonracha le haghaidh sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg) a fhaigheann tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus ionstraimí maoinithe sheachtraigh (12),

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 14 Iúil 2021 dar teideal EU Border Regions: Living labs of European integration [Réigiúin teorann an Aontais Eorpaigh: Saotharlanna beo na lánpháirtíochta Eorpaí] (COM(2021)0393),

ag féachaint don Tuarascáil Speisialta ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) dar teideal Climate Change 2021: the Physical Science Basis. Working Group I contribution to the Sixth Assessment Report of the Intergovernmental Panel on Climate Change [Athrú Aeráide 2021: An Bunús Eolaíochta Fisicí. Ionchur ó Mheitheal I don Séú Tuarascáil Mheasúnachta ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide], a foilsíodh an 7 Lúnasa 2021 (13),

ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2021 lena mbunaítear an Cúlchiste Coigeartaithe Brexit (14),

ag féachaint do rún ó Choiste Eorpach na Réigiún an 29 Deireadh Fómhair 2021 maidir le fís don Eoraip: a bhfuil i ndán don chomhar trasteorann (15),

ag féachaint do na trí fhoilseachán théamacha ón gCoimisiún agus ó Chomhlachas Réigiúin Teorann na hEorpa an 9 Nollaig 2021 maidir le constaicí agus réitigh ar chomhar trasteorann in AE, dar teideal More and better cross-border public services [Tuilleadh seirbhísí poiblí trasteorann agus seirbhísí poiblí trasteorann níos fearr] (16), Vibrant cross-border labour markets [Margaí saothair trasteorann bríomhara] (17), agus Border regions for the European Green Deal [Réigiúin Teorann don Chomhaontú Glas don Eoraip] (18),

ag féachaint do thuarascáil ón gCoimisiún agus ó Chomhlachas Réigiúin Teorann na hEorpa an 9 Nollaig 2021 dar teideal B-solutions: Solving Border Obstacles. A Compendium 2020-2021 [B-réitigh: Constaicí Teorann a Réiteach. Coimre 2020-2021] (19),

ag féachaint don togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (COM(2021)0891),

ag féachaint do thuarascáil ó IPCC an 4 Aibreán 2022 dar teideal Climate Change 2022: Mitigation of Climate Change [Athrú Aeráide 2022: Maolú ar an Athrú Aeráide],

ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach (A9-0222/2022),

A.

de bhrí go bhfuil 40 teorainn talún inmheánacha agus réigiún teorann inmheánaí san Aontas Eorpach agus sna tíortha comharsanacha is gaire dó atá i gComhlachas Saorthrádála na hEorpa, agus de bhrí go gcuimsíonn na réigiúin sin 40 % de chríoch AE, ar réigiúin iad ina bhfuil cónaí ag 30 % de dhaonra AE, ina dtáirgtear beagnach aon trian de OTI an Aontais agus a bhfuil acmhainneacht shuntasach acu borradh níos mó a chur faoina gheilleagair;

B.

de bhrí gur gnách go mbíonn dálaí forbartha nach bhfuil chomh fabhrach céanna ag réigiúin teorann, go háirithe iad siúd a bhfuil dlús íseal daonra iontu agus, go háirithe, ceantair thuaithe, agus nach mbíonn rath eacnamaíoch orthu go ginearálta i gcomparáid le réigiúin eile laistigh de na Ballstáit, agus de bhrí nach bhfuil lánúsáid á baint as a n-acmhainneacht eacnamaíoch;

C.

de bhrí, in ainneoin na n-iarrachtaí a rinneadh, go bhfuil roinnt mhaith bacainní riaracháin, teanga agus dlíthiúla fós ann agus go gcuireann siad bac ar an bhfás inbhuanaithe, ar an bhforbairt shocheacnamaíoch agus ar an gcomhtháthú idir réigiúin teorann agus laistigh díobh; de bhrí go n-iarrtar tuilleadh comhair agus comhar níos doimhne idir údaráis sna Ballstáit chomharsanacha; de bhrí go mbainfeadh réigiúin teorann tairbhe as ionstraim dlí fhornáisiúnta a d’fhéadfadh teacht timpeall ar iarmhairtí diúltacha a d’fhéadfadh eascairt as gníomhaíochtaí na mBallstát a dhéanann an margadh aonair a ilroinnt;

D.

de bhrí go n-aithnítear go bhfuil gá fós le cur chuige ón mbun aníos i mbeartas comhtháthaithe Eorpach a neartú agus gur cheart bainistiú níos dírí ar chistí ó bhuiséad bheartas comhtháthaithe AE a chur de chúram ar na hinstitiúidí agus na gníomhaithe atá gar do na saoránaigh, amhail Grúpálacha Eorpacha um Chomhar Críochach; de bhrí go bhfuil ról tábhachtach ag tionscadail ar mhionscála agus trasteorann ina leith sin maidir le daoine a thabhairt le chéile, agus ar an gcaoi sin, deiseanna nua a chur ar fáil d’fhorbairt áitiúil inbhuanaithe agus do chomhar trasteorann;

E.

de bhrí go bhfuil bacainní an-sonrach roimh roinnt earnálacha a éilíonn comhordú níos fearr ar leibhéal AE, amhail earnáil an fhíona agus earnáil na mbiotáillí, atá faoi réir rómhaorlathas trom ar thrádáil i dtíortha comharsanacha; de bhrí nach mór réitigh phraiticiúla, amhail rochtain ar ionaid ilfhreastail, a chur ar fáil d’oibreoirí eacnamaíocha nuair is féidir;

F.

de bhrí, le paindéim COVID-19, go bhfuil sé níos deacra na bacainní sin a shárú, agus de bhrí go mbíonn ar oibrithe trasteorann dul i ngleic ar bhonn laethúil le staid ina bhfuil rialacha sláinte éagsúla agus fritorthúla i bhfeidhm ar an dá thaobh den teorainn;

G.

de bhrí gur nocht dúnadh teorainneacha náisiúnta mar gheall ar phaindéim COVID-19 leochaileacht agus idirspleáchas uathúil réigiúin trasteorann na hEorpa; de bhrí go raibh iarmhairtí díobhálacha eacnamaíocha mar thoradh ar shuaitheadh ar shaorghluaiseacht earraí, seirbhísí, daoine agus trealaimh leighis bhunriachtanaigh;

H.

de bhrí go raibh dúnadh sealadach seirbhísí trasteorann poiblí agus cúraim sláinte ina mbagairt ar shlite beatha oibrithe trasteorann agus go raibh cruatan airgeadais d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) i réigiúin teorann mar thoradh air sin; de bhrí go raibh géarchéim COVID-19 freagrach as teacht chun cinn dúshlán dlíthiúil agus riaracháin nua i réigiúin teorann, amhail teilea-obair, agus de bhrí go dtugann teilea-oibrithe aghaidh ar shaincheisteanna a bhaineann le cosaint shóisialta agus dlíthe cánach;

I.

de bhrí go ndearnadh gníomhartha suntasacha dlúthpháirtíochta idir Ballstáit chomharsanacha mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19 freisin, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal áitiúil araon;

J.

de bhrí go bhfuil roinnt réigiúin teorann ag tabhairt aghaidh ar dhúshláin chriticiúla bonneagair nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo a bhaineann le géarchéim na ndídeanaithe mar gheall ar fhogha míleata leanúnach na Rúise san Úcráin; de bhrí go gcuireann an staid nua iar-COVID lena leochaileacht freisin;

K.

de bhrí go ndéantar críocha nádúrtha a scoilteadh rómhinic fós le teorainneacha náisiúnta, rud a fhágann nach bhfuil an chosaint a thugtar dóibh agus an bainistiú a dhéantar orthu chomh héifeachtach céanna, go háirithe ós rud é go gcuirtear creataí dlíthiúla i bhfeidhm ar bhealaí éagsúla;

L.

de bhrí go léiríonn ollimeacht ó réigiúin teorann, go háirithe ó thaobh daoine óga agus lucht saothair oilte de, an easpa deiseanna eacnamaíocha sna réigiúin sin agus go bhfágann sé sin nach bhfuil siad chomh tarraingteach céanna ó thaobh fostaíochta agus forbairt eacnamaíoch inbhuanaithe de; de bhrí go bhfuil easpa deiseanna foghlama teanga ann, chomh maith le heaspa tionscnamh lena n-ardaítear feasacht ar na tairbhí do chónaitheoirí teorann a bhaineann le teanga chomharsanach a fhoghlaim; de bhrí nach ndearnadh gach doiciméad riaracháin a aistriú go teangacha na mBallstát teorann; de bhrí gur cheart do na Ballstáit bearta a dhéanamh chun an staid sin a leigheas agus gur cheart don Choimisiún comhairle a chur orthu maidir leis an bpróiseas sin;

M.

de bhrí, le Rialachán Interreg nua le haghaidh 2021-2027, go bhfuil creat soiléir tacaíochta airgeadais ag réigiúin teorann anois le haghaidh rialachas trasteorann níos fearr chun an téarnamh eacnamaíoch a spreagadh, chun comhthionscnaimh chomhshaoil a chruthú agus chun éifeachtaí an athraithe aeráide a mhaolú;

N.

de bhrí go bhfuil tabhairt i gcrích na gComhaontuithe Comhpháirtíochta i gcomhthéacs bheartas comhtháthaithe 2021-2027 ag titim ar gcúl, rud a bhaineann an bonn de leithdháileadh acmhainní ríthábhachtacha sna críocha atá i ngátar;

O.

de bhrí gur féidir le comhar trasteorann ilroinnte agus neamhleor a bheith ina chúis le leochaileacht mhéadaithe i leith tubaistí nádúrtha agus teagmhais adhaimsire i réigiúin teorann;

P.

de bhrí go bhfuil AE comhdhéanta de réigiúin trasteorann mhuirí freisin i bhfoirm oileán sa Mheánmhuir agus réigiúin is forimeallaí san Aigéan Atlantach agus san Aigéan Indiach; de bhrí, mar gheall ar iargúltacht gheografach roinnt oileáin Eorpacha, in éineacht lena staid mar réigiúin teorann, go nochtar iad do theaglaim srianta ar an margadh saothair agus i réimsí an iompair agus an chúraim sláinte, rud a chuireann isteach go mór ar a n-acmhainneacht fáis;

Q.

de bhrí go n-aithnítear go bhfuil gá le hathruithe ar mhodhanna maoiniúcháin i réigiúin teorann mar gheall ar leochaileacht uathúil na réigiún teorann chun machaire comhréidh a chruthú ar deireadh do réigiúin teorann i leith croíthailte; de bhrí go moltar, thairis sin, go n-áireofaí ar na hathruithe sin “billiún críochthalaimh” arna choigeartú ó thaobh boilscithe de a asbhaint ó bhuiséad comhtháthaithe an Aontais agus é a fhorchoimeád go sonrach do réigiúin teorann;

R.

de bhrí go meastar gurbh cuidiú é glacadh an togra le haghaidh rialachán maidir le sásra trasteorann Eorpach, a d’fhoilsigh an Coimisiún i mí na Bealtaine 2018 ar mholadh ó iarUachtaránacht Lucsamburg ar an gComhairle, le 30 % ar a laghad, agus gach seans le 50 % fiú, de na bacainní aitheanta ar chomhar trasteorann a shárú;

1.   

á chur in iúl gur geal léi an teachtaireacht a d’fhoilsigh an Coimisiún in 2021 dar teideal EU border regions: living labs of European integration [Réigiúin teorann an Aontais: saotharlanna beo na lánpháirtíochta Eorpaí], lena n-áirítear faisnéis mhionsonraithe faoi na bacainní atá roimh réigiúin teorann san Aontas;

Saintréithe sonracha na réigiún teorann

2.

á mheabhrú go dtugtar aitheantas in Airteagal 174 CFAE do na dúshláin atá os comhair na réigiún teorann agus go leagtar síos ann gur cheart don Aontas aird ar leith a thabhairt ar na réigiúin sin agus gníomhaíochtaí á ndéanamh aige chun comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach san Aontas a neartú;

3.

ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil na dúshláin atá os comhair réigiúin teorann, go háirithe na réigiúin teorann nach bhfuil acu ach teorainneacha muirí, mar theorainneacha sonracha lena riachtanais féin, chomh maith le limistéir thuaithe agus limistéir ina bhfuil daonra an-íseal, éagsúil ó réigiún amháin go dtí an chéad réigiún eile ag brath ar na himthosca dlíthiúla, riaracháin, teanga, cultúrtha, socheacnamaíocha, comhshaoil, déimeagrafacha agus geografacha a bhfuil feidhm acu sa réigiún lena mbaineann; ag cur béim ar an ngá atá le cistí AE a úsáid go héifeachtach agus a chomhordú níos fearr chun cur chuige níos cuimsithí a áirithiú maidir leis na dúshláin thuasluaite; á iarraidh go mbeadh údaráis áitiúla agus pobail áitiúla rannpháirteach mar chuid de chreat rialachais il-leibhéil, mar aon le cuir chuige shaincheaptha atá comhtháite, saincheaptha agus réigiúnsonrach; á chur i bhfáth gur gá machnamh a dhéanamh ar na dúshláin atá os comhair roinnt réigiúin teorann a bhaineann le fogha leanúnach na Rúise san Úcráin;

4.

ag moladh go ndéanfaí tionscnamh AE chun cúrsaí teanga a chur ar fáil do theangacha comharsanacha ar chostas íseal do rannpháirtithe i ngach réigiún NUTS-3 a bhfuil teorainn ag a gcríoch le Ballstát comharsanach; ag tathant freisin go mbeadh sé de chúram ar an tionscnamh sin de chuid AE feasacht a mhúscailt maidir leis na tairbhí a bhaineann leis an teanga chomharsanach a fhoghlaim;

5.

á chur i bhfáth gur cheart go ndéanfaí ualaí díréireacha amhail na míbhuntáistí struchtúracha bunúsacha a bhíonn ag gach réigiún teorann a chúiteamh le córas ar leith le haghaidh cabhair réigiúnach atá deartha go sonrach do réigiúin teorann;

6.

á iarraidh go ndéanfaí 0,26 % de bhuiséad bheartas comhtháthaithe AE a chur i leataobh go heisiach chun réigiúin teorann a fhorbairt ag tús gach clárthréimhse nua, ag tosú leis an tréimhse 2028-2034 (“billiún críochthalaimh”); á mholadh, thairis sin, i gcás nach n-úsáidtear na cistí sin sna réigiúin teorann, gur cheart an méid atá fágtha dul ar ais chuig buiséad comhtháthaithe an Aontais;

7.

á mholadh go gcuirfí an “billiún críochthalaimh” de chúram ar na Grúpálacha Eorpacha um Chomhar Críochach (GECCanna) nó ar réigiúin teorann ina bhfuil struchtúir inchomparáide; á iarraidh go dtabharfaí ardleibhéal neamhspleáchais do GECCanna nó do struchtúir inchomparáide maidir le húsáid cistí agus roghnú tionscadal;

8.

á iarraidh ar na Ballstáit deireadh a chur leis na bacainní atá ann cheana agus leibhéal níos mó neamhspleáchais a lamháil do GECCanna maidir le roghnú tionscadal agus úsáid cistí, go háirithe trí GECCanna a shainaithint mar údaráis bhainistíochta de chláir Interreg i gcomhréir le hAirteagal 45(4) de Rialachán Interreg, trí acmhainn institiúideach agus airgeadais GECCanna a fheabhsú i gcomhréir le hAirteagal 14(4) de Rialachán Interreg nó trí GECCanna a cheapadh mar thairbhithe a bhainistíonn cistí do thionscadail bheaga, i gcomhréir le hAirteagal 25(2) de Rialachán Interreg; ag moladh don Choimisiún dreasachtaí a chruthú do na Ballstáit chun úsáid a bhaint as na roghanna thuas chun ról níos substaintiúla a thabhairt do GECCanna d’fhonn cuspóir beartais 5 de bheartas comhtháthaithe an Aontais le haghaidh 2021-2027 a chur chun feidhme i ndáiríre: Eoraip atá níos gaire do na saoránaigh;

9.

á mholadh go ndéanfaí athruithe ar Threoirlínte an Aontais maidir le Cabhair Réigiúnach; á mholadh, ós rud é go gceadaítear do níos lú ná leath de dhaonra iomlán AE cabhair réigiúnach a fháil ag an am céanna, go dtabharfaí tosaíocht do réigiúin teorann laistigh den riail sin;

Athléimneacht trí chomhar institiúideach níos dlúithe

10.

á chur in iúl gur geal léi an dul chun cinn atá déanta go dtí seo ag an gCoimisiún maidir lena phlean gníomhaíochta do 2017 a chur chun feidhme, go háirithe tríd an tionscnamh “b-réiteach” – lena rabhthas in ann tacaíocht dhlíthiúil agus riaracháin a thabhairt d’údaráis i réigiúin teorann agus 90 cás de chonstaicí ar idirghníomhaíocht a réiteach – agus tríd an tacaíocht arna tabhairt chun rochtain ar fhostaíocht a fheabhsú, ilteangachas i réigiúin trasteorann a chur chun cinn agus saoráidí cúraim sláinte a chomhthiomsú;

11.

á iarraidh ar institiúidí AE agus ar na Ballstáit feasacht a mhúscailt i measc na réigiún trasteorann maidir leis an bhféidearthacht tacaíocht a fháil ón gCoimisiún faoin tionscnamh b-réiteach; á chur i bhfios go láidir go bhféadfadh comhroinnt eolais faoi réitigh rathúla rannchuidiú le teacht chun cinn bacainní nua riaracháin agus dlíthiúla a réiteach agus a chosc;

12.

á chur i bhfios go láidir, áfach, nach féidir le b-réitigh amháin freagairt iomchuí agus éifeachtach a léiriú ar na bacainní dlíthiúla agus riaracháin a dhéanann difear do réigiúin teorann;

13.

á aithint a thábhachtaí atá an ról atá ag macrairéigiúin, ag Eora-réigiúin, ag eagraíochtaí neamhbhrabúis agus ag comhlachais neamhbhrabúis maidir le leasanna comhchoiteanna a chur chun cinn agus i ndáil leis an gcomhar trasteorann; á iarraidh ar an gCoimisiún tús a chur le measúnú domhain ar straitéisí macrairéigiúnacha, chun meastóireacht a dhéanamh ar a gcomhleanúnachas le tosaíochtaí athnuaite comhshaoil agus digiteacha an Aontais;

14.

á mheabhrú, in ainneoin na n-iarrachtaí a rinneadh, go bhfuil roinnt mhaith bacainní riaracháin, dlí agus teanga fós ann, rud a chuireann bac ar an bhfás inbhuanaithe, ar an bhforbairt shocheacnamaíoch agus ar an gcomhtháthú idir réigiúin teorann agus laistigh díobh;

15.

ag tabhairt dá haire gur de chineál dlíthiúil iad formhór na mbacainní a chuireann bac ar chomhar trasteorann, a eascraíonn as dlíthe náisiúnta éagsúla nó as dlíthe ginearálta AE; á mheabhrú, dá bhrí sin, gur eisigh an Coimisiún togra le haghaidh rialachán maidir le sásra trasteorann Eorpach in 2018 (COM(2018)0373);

16.

á chur i bhfios go bhfuil rochtain ar sheirbhísí poiblí ríthábhachtach don 150 milliún duine i limistéir trasteorann inmheánacha, agus gur minic a bhíonn an iliomad bacainní dlí agus riaracháin ina ndris chosáin uirthi; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit, dá bhrí sin, a n-iarrachtaí a uasmhéadú chun deireadh a chur leis na bacainní sin, go háirithe a mhéid a bhaineann le seirbhísí sláinte, iompar, oideachas, soghluaisteacht an lucht saothair agus an comhshaol;

17.

ag cur béim ar an bhfíoras go rannchuideodh sásra trasteorann Eorpach, mar a mhol an Coimisiún, le níos mó ná 50 % de na bacainní lena mbaineann a bhaint, lena n-áirítear na bacainní a eascraíonn as easpa iompair phoiblí trasteorann agus as rochtain theoranta ar sheirbhísí fostaíochta, oideachais, cultúrtha agus fóillíochta; á chur in iúl gur oth léi, agus an méid sin á chur san áireamh, go bhfuil bac curtha ag an gComhairle ar an bpróiseas reachtach a bhaineann leis an sásra trasteorann Eorpach; á mheabhrú go bhfuil sé mar aidhm leis an sásra sin comhar a éascú idir réigiúin trasteorann maidir le tionscadail chomhpháirteacha i réimsí éagsúla (bonneagar, cúram sláinte, saothar, etc.) trí chead a thabhairt do cheann amháin acu forálacha dlíthiúla an Bhallstáit chomharsanaigh a chur i bhfeidhm má tá constaicí dlí ag baint le cur i bhfeidhm a dhlíthe féin;

18.

ag tabhairt dá haire gur thacaigh tromlach mór sa Pharlaimint leis an togra maidir le sásra trasteorann Eorpach i mí Feabhra 2019, agus le linn na díospóireachta sa suí iomlánach tar éis na ceiste ó bhéal chuig an gComhairle i mí Dheireadh Fómhair 2021; á mheabhrú gur áiríodh i seasamh Pharlaimint na hEorpa ar an gcéad léamh maidir leis an rialachán seo foirmlithe sonracha lena n-áiritheofaí a chur i bhfeidhm deonach, agus ar an gcaoi sin ábhair imní na mBallstát a mhaolú;

19.

á iarraidh ar an gCoimisiún an togra reatha a leasú, agus na conclúidí ó sheirbhísí dlí na Comhairle agus na Parlaiminte á gcur san áireamh, d’fhonn cothromaíocht a bhaint amach idir seasaimh faoi seach na gcomhreachtóirí; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go gcuirfear san áireamh sa togra seo neartú na réigiún trasteorann, agus an damáiste intuartha a thuar sna réigiúin is mó a ndéanfaidh iarmhairtí fhogha na Rúise faoin Úcráin difear dóibh; á iarraidh ar an gCoimisiún an chaibidlíocht leis na Ballstáit a thosú arís d’fhonn córas a ghlacadh go mear chun bacainní teorann dlíthiúla nó riaracháin a imréiteach mar iarracht ar an saol a dhéanamh níos éasca d’áitritheoirí na réigiún trasteorann;

20.

á chur in iúl gur geal léi gur glacadh treoirthionscadal an Tionscnaimh Comhtháite maidir le Freagairt do Ghéarchéimeanna Trasteorann (CB-CRII), a bhfuil sé mar aidhm leis athléimneacht na réigiún teorann a threisiú i leith géarchéimeanna a bheidh ann amach anseo; ag tathant ar Ard-Stiúrthóireacht an Bheartais Réigiúnaigh agus Uirbigh de chuid an Choimisiúin an tionscadal a chur chun feidhme (20);

21.

ag cur béim ar an bhfíoras, in éineacht leis an damáiste a rinne COVID-19, go háirithe dúnadh na dteorainneacha a spreag sé, go bhfuil ar réigiúin teorann aghaidh a thabhairt freisin ar iarmhairtí Brexit, rud a chruthaíonn bacainní nua ar shaorthrádáil agus a chuireann isteach go mór ar thrádáil trasteorann idir AE agus an Ríocht Aontaithe, ar nithe iad a dhéanann an saol níos deacra do ghnólachtaí agus do shaoránaigh i réigiúin teorann; á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, an comhaontú ar thángthas air maidir le Cúlchiste Coigeartaithe Brexit chun tacaíocht airgeadais agus dhlíthiúil a chur ar fáil do na Ballstáit agus do na réigiúin a ndéanann Brexit difear dóibh;

Seirbhísí poiblí trasteorann atá níos líonmhaire agus níos fearr

22.

ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol spéise di, gur léiríodh sa chomhairliúchán poiblí maidir le constaicí teorann a shárú a rinne an Coimisiún in 2020 gurbh iad na príomhfhadhbanna a bhí ag daoine a bhí ina gcónaí i limistéir teorann, i measc nithe eile, easpa seirbhísí iompair phoiblí trasteorann iontaofa, easpa seirbhísí digiteacha agus a n-idir-inoibritheacht trasteorann theoranta, bacainní a bhí ann go díreach mar gheall ar dhifríochtaí teanga, agus bacainní a bhaineann le próisis reachtacha agus le héagsúlachtaí eacnamaíocha;

23.

ag tabhairt dá haire go bhfuil tarraingteacht na limistéar trasteorann don saol agus don infheistíocht ag brath go mór ar cháilíocht na beatha, ar infhaighteacht seirbhísí poiblí agus tráchtála do shaoránaigh agus do ghnólachtaí, agus ar cháilíocht an iompair, ar dálaí iad nach féidir a bhaint amach agus a choinneáil ach amháin le dlúthchomhar idir údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla chomh maith le gnólachtaí ar an dá thaobh den teorainn;

24.

á chur i bhfáth go bhfuil ról ríthábhachtach ag infheistíochtaí i seirbhísí poiblí ardcháilíochta maidir le hathléimneacht shóisialta a chothú agus dul i ngleic le géarchéimeanna eacnamaíocha, sláinte agus sóisialta;

25.

á chur i bhfios, dá dtabharfaí isteach seirbhísí poiblí trasteorann níos fearr, go gcuirfí feabhas, ní hamháin ar cháilíocht beatha iad siúd a bhfuil cónaí orthu i limistéir trasteorann, ach go bhfágfadh sé go mbeadh na seirbhísí sin níos costéifeachtaí;

26.

ag cur béim ar an bhfíoras nach leor fós comhordú na seirbhísí iompair i réigiúin trasteorann mar gheall, i bpáirt, ar naisc atá easnamhach nó nach bhfuil i seirbhís a thuilleadh, rud a chuireann bac ar shoghluaisteacht agus a loiteann féidearthachtaí le haghaidh forbairt trasteorann; ag cur béim ar an bhfíoras, ina theannta sin, go gcuirtear bac ar fhorbairt an bhonneagair iompair trasteorann inbhuanaithe mar gheall ar chastacht na rialacha agus na rialachán dlíthiúil agus riaracháin;

27.

á chur i bhfios go láidir go bhféadfadh sé nach é an réiteach is fearr i gcónaí bonneagar iompair trasteorann breise a chruthú, agus é costasach agus dúshlánach ó thaobh an chomhshaoil de, agus, dá bhrí sin, á chur i bhfios go láidir go bhfuil acmhainneacht ag bearta boga chun borradh a chur faoi naisc iompair trasteorann, amhail comhordú níos fearr ar sceidil iompair phoiblí, pleanáil chuimsitheach agus úsáid nuálaíochtaí saincheaptha ag údaráis áitiúla agus réigiúnacha trasteorann a bhfuil neamhspleáchas leordhóthanach acu chun comhspriocanna a shaothrú; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart go gcomhlíonfadh forbairt bonneagair nua iompair phoiblí ceanglais inbhuanaitheachta agus costéifeachtúlachta; á iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfaí an Ciste um Aistriú Cóir a leithdháileadh go tráthúil chun ról gníomhach na réigiún teorann a áirithiú maidir le spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach;

28.

ag cur béim ar ról an bheartais chomhtháthaithe maidir le haghaidh a thabhairt ar na príomhdhúshláin atá os comhair earnáil iompair an Aontais, lena n-áirítear Limistéar Iompair Eorpach Aonair a fhorbairt a fheidhmíonn go maith, lena nasctar an Eoraip trí ghréasáin bonneagair iompair atá nua-aimseartha, ilmhódach agus sábháilte agus trí aistriú chuig soghluaisteacht íseal-astaíochtaí, inter alia trí thacú leis na naisc bheaga iarnróid trasteorann atá ar iarraidh a thabhairt chun críche, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú le lánpháirtiú Eorpach na réigiún teorann;

29.

á iarraidh ar na Ballstáit creat dlíthiúil níos láidre agus níos soiléire a chur ar bun chun cáilíocht agus éifeachtúlacht na seirbhísí poiblí a fheabhsú; ag cur béim ar an bhfíoras gur príomhuirlis í an mhapáil a dhéanann an Coimisiún ar na naisc iarnróid atá in easnamh chun go mbeifear in ann dul chun cinn a dhéanamh ina leith sin;

30.

á chur i bhfáth gur gá oidhreacht pholaitiúil éifeachtach a thógáil do Bhliain Eorpach an Iarnróid, go háirithe sna réigiúin trasteorann; á chur i bhfios go dtugtar, le gné Eorpach agus trasteorann na n-iarnród, daoine níos gaire dá chéile, go gcuirtear ar a gcumas an tAontas a fhiosrú ina éagsúlacht uile agus go gcothaítear comhtháthú socheacnamaíoch agus críochach, go háirithe trí fheabhas a chur ar nascacht laistigh dá fhorimeall geografach agus lena fhorimeall geografach, lena n-áirítear trí bhíthin naisc réigiúnacha trasteorann; á chur in iúl gur geal léi gur bunaíodh comhpháirtíochtaí chun seirbhísí comhchoiteanna a fhorbairt, agus gur ndearnadh amchláir agus ticéadú a chomhchuibhiú i roinnt réigiúin trasteorann; á iarraidh ar an gCoimisiún leanúint de thacaíocht a thabhairt don chineál sin tionscnaimh agus á iarraidh air iompar rothar ar thraenacha trasteorann a spreagadh;

31.

á iarraidh go ndéanfaí digitiú méadaithe ar sheirbhísí poiblí agus beartais idir-inoibritheachta atreisithe chun a áirithiú gur seirbhísí idir-inoibritheach agus trasteorann a bheidh i seirbhísí poiblí digiteacha mar réamhshocrú; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá tacaíocht don nuálaíocht dhigiteach i measc seirbhísí poiblí agus cuideachtaí i réigiúin trasteorann agus á chur in iúl gur geal léi ina leith sin na Moil Nuálaíochta Digití Eorpacha;

Margaí saothair trasteorann dinimiciúla

32.

á chur in iúl gur geal léi an iliomad beart tábhachtach a rinneadh chun aghaidh a thabhairt ar na neamhshiméadrachtaí socheacnamaíocha sna limistéir teorann; á chur in iúl gur oth léi, áfach, an easpa measúnuithe sonracha agus staidreamh comparáideach lenar féidir forléargas a fháil ar imthosca socheacnamaíocha FBManna trasteorann, rud is mó arb údar díomá é ós rud é gurb iad FMBanna is siocair le 67 % den fhostaíocht iomlán agus le beagnach 60 % de bhreisluach an Aontais;

33.

á iarraidh ar an gCoimisiún grinnanailís a dhéanamh ar imthosca socheacnamaíocha FBManna trasteorann, agus measúnuithe sonracha agus staidreamh comparáideach a bhailiú;

34.

á chur i bhfios, de réir an ochtú tuarascáil chomhtháthaithe ón gCoimisiún (21), go léirítear le táscairí Interreg nach raibh ach 68 % de spriocanna 2023 le haghaidh shoghluaisteacht trasteorann an lucht saothair bainte amach faoi dheireadh 2020, cé i réimsí eile gur baineadh amach na spriocanna suas le 495 %; ag spreagadh na mBallstát chun leanúint ar aghaidh ar an mbealach sin chun spriocanna 2023 a bhaint amach;

35.

á aithint a thábhachtaí atá sé do na Ballstáit ioncaim chánach, córais slándála sóisialta agus éagsúlacht na gcánacha náisiúnta a áirithiú; ag tacú le dlúthfhaireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme phacáiste cánach an Choimisiúin an 15 Iúil 2020, agus á ghealladh go ndéanfaidh sí é, chun cánachas atá cothrom, éifeachtúil, inbhuanaithe agus fabhrach don digitiú a áirithiú;

36.

á chur i bhfios go láidir, áfach, in éagmais soláthar leormhaith post nó deiseanna eacnamaíocha eile agus i bhfianaise leibhéal íseal na dtuarastal, gur gnách le lucht saothair atá dea-oilte bogadh go réigiúin ina bhfuil soláthar leormhaith de na deiseanna sin, rud a fhágann go bhfuil an staid i limistéir teorann iargúlta níos dúshlánaí fós;

37.

á chreidiúint gur cheart an beartas comhtháthaithe a dhíriú níos mó ar infheistíocht a dhéanamh i ndaoine ós rud é gur féidir borradh a chur faoi gheilleagair na réigiún teorann trí mheascán éifeachtach d’infheistíochtaí sa nuálaíocht, sa chaipiteal daonna, sa dea-rialachas agus san acmhainneacht institiúideach;

38.

á chreidiúint gur cheart go bhfaigheadh réigiúin teorann a bhfuil dúshláin ar leith ag baint leo tacaíocht shaincheaptha (e.g. trí shineirgí níos fearr idir Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, an Ciste Comhtháthaithe, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus agus an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú) chun straitéisí fadtéarmacha a fhorbairt agus a chur chun feidhme bunaithe ar éagsúlú eacnamaíoch, agus beartais athscilithe agus athoiliúna d’oibrithe a leagadh as a bpost;

39.

ag tathant ar na Ballstáit páirt iomlán a ghlacadh in iarrachtaí an Choimisiúin an Limistéar Eorpach Oideachais a chur i gcrích, lena n-áiritheofar, i sineirgí leis an gclár oibre scileanna don Eoraip agus leis an Limistéar Eorpach Taighde, rochtain ar oideachas agus oiliúint spriocdhírithe ar an dá thaobh de na teorainneacha trí sheirbhísí comhroinnte oideachais a chur ar fáil, trí aitheantas frithpháirteach do dhioplómaí, scileanna agus cáilíochtaí a áirithiú agus tríd an bhfoghlaim a spreagadh;

40.

á mholadh go gcuirfí cláir um chomhar chun cinn idir réigiúin teorann AE ag teorainneacha seachtracha an Aontais agus réigiúin teorann na dtíortha comharsanacha; ag aithint na ndúshlán a bhaineann leis an gcomhar sin i bhfianaise na n-éagsúlachtaí rialála idir na réigiúin sin; á mheas gur uirlis thábhachtach é an comhar sin chun beartas AE um méadú a chur chun cinn; á thabhairt chun suntais gur féidir le cur chun cinn an chomhair trasteorann idir réigiúin chomharsanacha rannchuidiú go mór le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin mhóra a dhéanann difear don Aontas (e.g. todhchaí inbhuanaithe a áirithiú don Mheánmhuir, do Mhuir Bhailt agus d’imchuacha muirí eile; ag áirithiú todhchaí inbhuanaithe do na hAlpa, do na Piréiní, do Shléibhte Cairp agus do shliabhraon eile; agus ag áirithiú todhchaí inbhuanaithe do na habhantracha móra amhail an Réin, an Danóib agus an Meuse);

41.

á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú, mar ábhar práinne, go ndéanfaí reachtaíocht ábhartha an Aontais a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú go cuí maidir le cearta oibrithe trasteorann agus oibrithe teorann, feabhas a chur ar a bhfostaíocht, ar a ndálaí oibre, sláinte agus sábháilteachta, agus aghaidh a thabhairt ar an ngá atá le hathbhreithniú a dhéanamh ar an gcreat reachtach atá ann cheana, lena n-áirítear Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta (22) chun inaistritheacht na gceart a neartú agus comhordú leormhaith slándála sóisialta a áirithiú, agus athbhreithniú a dhéanamh ar ról na ngníomhaireachtaí oibre sealadaí, na ngníomhaireachtaí earcaíochta, na n-idirghabhálaithe agus na bhfochonraitheoirí eile d’fhonn bearnaí cosanta a shainaithint i bhfianaise phrionsabal na córa comhionainne; ag tathant ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún aitheantas a thabhairt don réaltacht a bhaineann leis an méadú atá tagtha ar an teilea-obair agus do na deacrachtaí a bhaineann léi, chun a ráthú go mbeidh rochtain ag na daoine sin a dhéanann teilea-obair óna dtír chónaithe ar chearta slándála sóisialta, ar chearta saothair agus ar chórais chánach, agus ar chinnteacht maidir leis an údarás atá freagrach as a gcumhdach;

42.

ag aithint go bhfuil gá le haitheantas níos tapúla agus níos cuimsithí a thabhairt do dhioplómaí agus do cháilíochtaí eile a fhaightear tar éis oiliúint a dhéanamh, le cúram sláinte feabhsaithe, le leathnú an iompair áitiúil agus fad-achair agus le rochtain níos fearr ar fhaisnéis maidir le folúntais i réigiúin teorann; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le méadú ar chistí chun comhordú níos fearr a éascú idir córais dlí agus riaracháin náisiúnta chomharsanacha, go háirithe maidir le malartú faisnéise faoin reachtaíocht is infheidhme maidir le hoibrithe agus bailiú sonraí maidir le hoibrithe trasteorann, chun bearnaí i gcleachtais náisiúnta a dhúnadh, rochtain níos fearr a fháil ar an bhfaisnéis atá ar fáil, agus margadh inmheánach saothair intuartha agus inrochtana a chruthú; á chur i bhfáth gur bagairt níos mó fós iad na fadhbanna sin d’oibrithe trasteorann ag dul chuig tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad agus uathu;

43.

á chreidiúint go gcuirtear deis nach bhfacthas riamh roimhe seo ar fáil leis an digitiú chun soghluaisteacht an lucht saothair a éascú agus, ag an am céanna, comhlíonadh fhorálacha infheidhme an Aontais a dhéanamh níos tapúla agus níos éasca le rialú; á iarraidh ar an gCoimisiún, i ndlúthchomhar leis an Údarás Eorpach Saothair, togra reachtach a chur ar aghaidh le haghaidh pas slándála sóisialta Eorpach do gach oibrí taistil agus gach náisiúnach neamh-AE a chumhdaítear le rialacha an Aontais maidir le soghluaisteacht laistigh den Aontas gan tuilleadh moille, lena gcuirfí ionstraim ar fáil do na húdaráis náisiúnta agus na comhpháirtithe sóisialta ábhartha chun sainaithint, inrianaitheacht, comhiomlánú agus inaistritheacht éifeachtach ceart slándála sóisialta a áirithiú agus chun forfheidhmiú rialacha an Aontais maidir le soghluaisteacht an lucht saothair agus comhordú na slándála sóisialta sa mhargadh saothair a fheabhsú ar bhealach cothrom agus éifeachtach, chun machaire comhréidh a áirithiú san Aontas;

44.

á chur i bhfios nach bhfuil, faoi láthair, aon aitheantas frithpháirteach ann do stádas míchumais i measc Bhallstáit an Aontais, agus go gcruthaíonn sé sin deacrachtaí do dhaoine faoi mhíchumas, ós rud é go bhféadfadh sé nach mbeadh a gcárta náisiúnta míchumais aitheanta i mBallstáit eile; á chreidiúint go bhfuil an mhainneachtain sin teorantach go háirithe d’oibrithe trasteorann agus do mhic léinn faoi mhíchumas ós rud é go mbaineann sé an bonn dá gceart chun seirbhísí maithe; ag aithint luach chárta míchumais AE, lena gcumasaítear aitheantas frithpháirteach do stádas míchumais sna Ballstáit uile atá rannpháirteach sa scéim faoi láthair; á chur in iúl gur geal léi go molfaidh an Coimisiún go dtabharfaí cárta míchumais AE isteach faoi dheireadh 2023 le haghaidh aitheantais i ngach Ballstát;

Réigiúin teorann don Chomhaontú Glas don Eoraip

45.

á chur i bhfios go bhfuil creat dlíthiúil tábhachtach AE ann cheana féin – lena n-áirítear go háirithe an Treoir maidir le hÉin, an Treoir maidir le Gnáthóga agus Treoir Réime Uisce (23), chomh maith le straitéis bhithéagsúlachta AE do 2030 –nach mór do na Ballstáit a chur chun feidhme go hiomlán, go córasach agus go comhpháirteach sna réigiúin trasteorann; á chur i bhfios nach stopann an dúlra, an aeráid, tubaistí nádúrtha agus galair ag teorainneacha náisiúnta agus á iarraidh go ndéanfaí láithreáin Natura 2000 a chosaint ar bhealach comhordaithe agus comhleanúnach chun bearta cur chun feidhme níos comhtháite a áirithiú; ag tathant ar rialtais náisiúnta na mBallstát bearta a dhéanamh i dtreo tuilleadh comhchuibhithe agus comhordaithe i gcur i bhfeidhm na dtreoracha sin agus treoracha eile; á chur i bhfáth gur réimse é bainistiú agus pleanáil riosca tubaistí ina bhfuil comhar trasteorann ríthábhachtach; á iarraidh ar an gCoimisiún dlúthfhaireachán a dhéanamh ar an ngné thrasteorann de straitéisí náisiúnta agus réigiúnacha maidir le hoiriúnú don athrú aeráide trí fhoráil a dhéanamh do bhearta sonracha chun tacú le réitigh iomchuí;

46.

á chur i bhfios go bhfuil tionchar tromchúiseach ag an athrú aeráide ar réigiúin teorann freisin, lena n-áirítear trí oibleagáid a chur orthu bearta coisctheacha coiteanna trasteorann saincheaptha a fhorbairt le haghaidh tubaistí nádúrtha; á mheabhrú go ndearna tubaistí nádúrtha a tharla in 2021 difear do roinnt réigiúin teorann sa Bheilg, sa Fhrainc, i Lucsamburg, san Ísiltír agus sa Ghearmáin; á thabhairt chun suntais go bhfuil oibleagáid ar na Ballstáit faoin Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta measúnuithe riosca agus anailísí a dhéanamh go rialta ar chásanna tubaiste, lena gcumhdaítear comhar trasteorann chomh maith le tuairisciú ar na príomhrioscaí a bhfuil tionchar trasteorann acu; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit comhar agus comhroinnt faisnéise maidir le bainistiú riosca tubaistí a mhéadú, d’fhonn córais luathrabhaidh a fheabhsú freisin ar fud na réigiún teorann; á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis sin, tionscadail Interreg i leith na Réine-an Meuse maidir le sábháilteacht phoiblí, bailiú sonraí, bainistiú trasteorann aibhneacha agus comhar riaracháin i réimse na pleanála spásúlachta chun riosca tuilte a laghdú;

47.

á mheas go bhfuil iontaoibh fhrithpháirteach, toil pholaitiúil agus cur chuige solúbtha i measc geallsealbhóirí il-leibhéil, lena n-áirítear an tsochaí shibhialta, ríthábhachtach chun constaicí a shárú agus borradh a chur faoin bhfás agus faoin bhforbairt inbhuanaithe i réigiúin teorann; á iarraidh, dá bhrí sin, go mbeadh comhordú agus idirphlé níos fearr ann, agus go ndéanfaí dea-chleachtais a mhalartú tuilleadh i measc na n-údarás; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit an comhar sin a fheabhsú; á iarraidh ar na Ballstáit, thairis sin, neamhspleáchas leormhaith feidhmiúil agus airgeadais na n-údarás áitiúil agus réigiúnach faoi seach a áirithiú; á chur i bhfáth, sa bhreis air sin, go gcaithfidh gach réigiún teorann ról cinntitheach a imirt maidir le dul i ngleic le dúshláin an athraithe aeráide, trí ghníomhaíochtaí comhordaithe leis na réigiúin máguaird;

48.

ag tabhairt dá haire gur róbheag an tairbhe a bhaineann na réigiúin teorann as imscaradh an gheilleagair chiorclaigh, as fuinneamh inathnuaite agus as bearta éifeachtúlachta fuinnimh; á iarraidh ar an gCoimisiún cur leis an dul chun cinn rialála atá déanta cheana agus tuilleadh tionscadal trasteorann a mhaoiniú chun fuinneamh ó fhoinsí inathnuaite a tháirgeadh, a chomhthiomsú agus a stóráil; á chreidiúint nach mór leas iomlán a bhaint as na deiseanna um chomhar atá ann cheana i gcreat dlíthiúil infheidhme an Aontais, agus á iarraidh ar na Ballstáit dlús a chur leis an gcomhordú sna réigiúin trasteorann chun straitéis an Aontais maidir le comhtháthú córas fuinnimh a chur chun feidhme; ag cur béim ar acmhainneacht na limistéar teorann ina bhfuil cónaí ar níos lú daoine chun geilleagair inbhuanaithe agus ghlasa a fhorbairt, agus, ar an gcaoi sin, breisluach a thabhairt don fhorbairt áitiúil trí phoist ghlasa nua a chruthú;

49.

ag cur béim ar an bhfíoras go mbeidh comhar i measc na mBallstát comharsanach ina ghné lárnach chun cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach agus á iarraidh ar na Ballstáit an leas is fearr is féidir a bhaint as na deiseanna um chomhar atá ann cheana faoi chreat dlíthiúil is infheidhme an Aontais;

o

o o

50.

á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, chuig Coiste na Réigiún agus chuig parlaimintí náisiúnta agus réigiúnacha na mBallstát;

(1)  IO L 206, 22.7.1992, lch. 7.

(2)  IO L 288, 6.11.2007, lch. 27.

(3)  IO L 20, 26.1.2010, lch. 7.

(4)  IO L 347, 20.12.2013, lch. 320.

(5)  IO C 207, 30.6.2017, lch. 19.

(6)  IO C 28, 27.1.2020, lch. 40.

(7)  IO C 433, 23.12.2019, lch. 24.

(8)  https://ec.europa.eu/regional_policy/en/newsroom/consultations/border-2020/

(9)  IO L 437, 28.12.2020, lch. 108.

(10)  IO C 106, 26.3.2021, lch. 12.

(11)  IO L 231, 30.6.2021, lch. 60.

(12)  IO L 231, 30.6.2021, lch. 94.

(13)  https://www.ipcc.ch/report/sixth-assessment-report-working-group-i/ https://www.ipcc.ch/report/ar6/wg1/downloads/report/IPCC_AR6_WGI_Full_Report.pdf.

(14)  IO L 357, 8.10.2021, lch. 1.

(15)  IO C 440, 29.10.2021, lch. 6.

(16)  An Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht an Bheartais Réigiúnaigh agus Uirbigh, Brustia, G., Dellagiacoma, A., Cordes, C., et al., More and better cross-border public services: obstacles and solutions to cross-border cooperation in the EU [Tuilleadh seirbhísí poiblí trasteorann agus seirbhísí poiblí trasteorann níos fearr: constaicí agus réitigh ar chomhar trasteorann san Aontas Eorpach], Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2021, https://data.europa.eu/doi/10.2776/912236

(17)  An Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht an Bheartais Réigiúnaigh agus Uirbigh, Brustia, G., Dellagiacoma, A., Cordes, C., et al., Vibrant cross-border labour markets: obstacles and solutions to cross-border cooperation in the EU [Margaí saothair trasteorann bríomhara: constaicí agus réitigh ar chomhar trasteorann san Aontas Eorpach], Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2021, https://data.europa.eu/doi/10.2776/094950

(18)  An Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht an Bheartais Réigiúnaigh agus Uirbigh, Brustia, G., Dellagiacoma, A., Cordes, C., et al., Border regions for the European Green Deal: obstacles and solutions to cross-border cooperation in the EU [Réigiúin Teorann don Chomhaontú Glas don Eoraip: constaicí agus réitigh ar chomhar trasteorann san Aontas Eorpach, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2021, https://data.europa.eu/doi/10.2776/475773

(19)  An Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht an Bheartais Réigiúnaigh agus Uirbigh, Brustia, G., Dellagiacoma, A., Cordes, C., et al., B-solutions, solving border obstacles: a compendium 2020-2021 [B-réitigh: Constaicí Teorann a Réiteach. Coimre 2020-2021], Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2021, https://data.europa.eu/doi/10.2776/625110

(20)  https://www.europarl.europa.eu/cmsdata/214920/budg2021-doc6-tab-en.pdf

(21)  An Coimisiún Eorpach, Cohesion in Europe towards 2050 – Eighth report on economic, social and territorial cohesion [Comhtháthú san Eoraip i dtreo 2050 – An t-ochtú tuarascáil ar an gcomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach], an 9 Feabhra 2022.

(22)  Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú córas slándála sóisialta (IO L 166, 30.4.2004, lch. 1).

(23)  Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1).


5.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 125/118


P9_TA(2022)0329

Cur chun feidhme na Straitéise Nua Tionsclaíochta Nuashonraithe don Eoraip: ag ailíniú caiteachas le beartas

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Meán Fómhair 2022 maidir le cur chun feidhme na Straitéise Nua Tionsclaíochta Nuashonraithe don Eoraip ag ailíniú caiteachas le beartas (2022/2008(INI))

(2023/C 125/11)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, go háirithe Airteagail 9, 151, 152, 153(1) agus (2) de sin, mar aon le hAirteagal 173 de sin, a bhaineann le beartas tionsclaíoch AE agus a thagraíonn, i measc nithe eile, d’iomaíochas earnáil tionsclaíochta an Aontais,

ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, go háirithe d’Airteagal 5(3) de sin agus do Phrótacal Uimh. 2 de sin maidir le cur i bhfeidhm phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta,

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (COM(2019)0640),

ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 19 Feabhra 2020 dar teideal “Shaping Europe’s digital future” [Todhchaí dhigiteach na hEorpa a mhúnlú] (COM(2020)0067),

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 10 Márta 2020 dar teideal “A New Industrial Strategy for Europe” [Straitéis thionsclaíoch nua don Eoraip] (COM(2020)0102),

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 10 Márta 2020 dar teideal “An SME Strategy for a sustainable and digital Europe” [Straitéis FBM d’Eoraip inbhuanaithe agus dhigiteach] (COM(2020)0103),

ag féachaint do Theachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Márta 2020 maidir le “Plean Gníomhaíochta nua don Gheilleagar Ciorclach – I gcomhair Eoraip níos glaine agus níos iomaíche” (COM(2020)0098),

ag féachaint do theachtaireacht an 8 Iúil 2020 ón gCoimisiún dar teideal “A hydrogen strategy for a climate-neutral Europe” [Straitéis hidrigine d’Eoraip aeráidneodrach] (COM(2020)0301),

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Bealtaine 2021 dar teideal “Updating the 2020 New Industrial Strategy: Building a stronger Single Market for Europe’s recovery” [Straitéis Tionsclaíochta Nua 2020 a Nuashonrú: Margadh Aonair níos láidre a Fhorbairt do théarnamh na hEorpa] (COM(2021)0350),

ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 14 Iúil 2021 dar teideal “Fit for 55”: delivering the EU’s 2030 Climate Target on the way to climate neutrality’ [Oiriúnach do 55: Sprioc Aeráide an Aontais do 2030 i dtreo aeráidneodracht a bhaint amach] (COM(2021)0550),

ag féachaint do thuairim Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 19 Eanáir 2022 dar teideal “Industrial ecosystems, strategic autonomy and well-being” [Éiceachórais thionsclaíocha, uathriail straitéiseach agus folláine],

ag féachaint do thuairim Choiste Eorpach na Réigiún an 2 Nollaig 2021 dar teideal “Updating the 2020 New Industrial Strategy: Building a stronger Single Market for Europe’s recovery” (1)[Straitéis Tionsclaíochta Nua 2020 a Nuashonrú: Margadh Aonair níos láidre a Fhorbairt do théarnamh na hEorpa],

ag féachaint do dhoiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin an 5 Bealtaine 2021 dar teideal “Annual Single Market Report 2021” [Tuarascáil Bhliantúil 2021 maidir leis an Margadh Aonair] (SWD(2021)0351),

ag féachaint do dhoiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin an 5 Bealtaine 2021 dar teideal “Strategic dependencies and capacities” [Spleáchais agus cumais straitéiseacha] (SWD(2021)0352),

ag féachaint do dhoiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin an 5 Bealtaine 2021 dar teideal “Towards competitive and clean European steel” (SWD(2021)0353) [I dtreo cruach Eorpach iomaíoch agus ghlan],

ag féachaint do thuarascáil 2019 ó Ghrúpa Ardleibhéil an Choimisiúin um Thionscail Dianfhuinnimh dar teideal “Masterplan for a Competitive Transformation of EU Energy-Intensive Industries – Enabling a Climate-neutral, Circular Economy by 2050” [Máistirphlean le haghaidh claochlú iomaíoch thionscail dianfhuinnimh an Aontais Eorpaigh le go mbeifear in ann geilleagar aeráidneodrach ciorclach a bhaint amach faoi 2050],

ag féachaint do thuarascáil speisialta 2021 ón nGníomhaireacht Fuinnimh Idirnáisiúnta dar teideal “Net Zero by 2050: A Roadmap for the Global Energy Sector” [Aeráidneodrach faoi 2050: Treochlár don Earnáil Fuinnimh Dhomhanda],

ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 21 Samhain 2018 maidir le “Straitéis Beartais Tionsclaíochta de chuid an Aontais don Todhchaí”,

ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 27 Bealtaine 2019 maidir le straitéis beartais tionsclaíochta de chuid an Aontais: fís do 2030,

ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 16 Samhain 2020 maidir le téarnamh lena gcuirtear chun cinn an t-aistriú i dtreo tionscal Eorpach níos dinimiciúla, níos athléimní agus níos iomaíche,

ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 maidir leis an téarnamh a bheith ciorclach agus glas,

ag féachaint do rún uaithi an 15 Eanáir 2020 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (2),

ag féachaint don rún uaithi an 17 Aibreán 2020 maidir le gníomhaíocht chomhordaithe AE chun paindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí a chomhrac (3),

ag féachaint do rún uaithi an 25 Samhain 2020 maidir le straitéis nua tionsclaíochta don Eoraip (4),

ag féachaint do rún uaithi an 16 Nollaig 2020 maidir le straitéis nua do FBManna Eorpacha (5),

ag féachaint do rún uaithi an 10 Feabhra 2021 maidir leis an bplean gníomhaíochta nua don gheilleagar ciorclach (6),

ag féachaint do rún uaithi an 19 Bealtaine 2021 maidir le straitéis Eorpach i ndáil le hidrigin (7),

ag féachaint do rún uaithi an 19 Bealtaine 2021 maidir le straitéis Eorpach i ndáil le comhtháthú córas fuinnimh (8),

ag féachaint do rún uaithi an 24 Samhain 2021 maidir le straitéis Eorpach i ndáil le hamhábhair chriticiúla (9),

ag féachaint don chomhaontú a glacadh ag an 21ú Comhdháil de chuid na bPáirtithe i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (COP21) i bPáras an 12 Nollaig 2015 (Comhaontú Pháras),

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2020 dar teideal “A new ERA for Research and Innovation” [LET (Limistéar Eorpach Taighde) nua don Taighde agus don Nuálaíocht] (COM(2020)0628),

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 25 Samhain 2020 dar teideal “An Straitéis Chógaisíochta don Eoraip” (COM(2020)0761),

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 26 Eanáir 2022 dar teideal “Dearbhú Eorpach a bhunú maidir le Cearta agus Prionsabail Dhigiteacha don Deacáid Dhigiteach” (COM(2022)0027),

ag féachaint do dhoiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin an 8 Aibreán 2019 dar teideal “Bonneagar Teicneolaíochta” (SWD(2019)0158),

ag féachaint do rún uaithi an 13 Nollaig 2016 maidir le beartas comhleanúnach AE do thionscail an chultúir agus na cruthaitheachta (10),

ag féachaint do Mholadh (AE) 2021/1749 ón gCoimisiún an 28 Meán Fómhair 2021 dar teideal Tús áite don éifeachtúlacht fuinnimh: ó phrionsabail go cleachtas – Treoirlínte agus samplaí dá chur chun feidhme sa chinnteoireacht san earnáil fuinnimh agus níos faide i gcéin,

ag féachaint don tuarascáil ó Phainéal Idir-Rialtasach na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide an 4 Aibreán 2022 dar teideal “Athrú Aeráide 2022: Maolú ar an Athrú Aeráide”,

ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta, ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus Cosaint Tomhaltóirí, agus ón gCoiste um Iompar agus ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh (A9-0214/2022),

A.

de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach cur ar chumas na hearnála tionsclaíochta an t-aistriú dúbailte a chur chun feidhme, agus poist ardcháilíochta a chruthú ag an am céanna agus iomaíochas agus acmhainneacht na hearnála a áirithiú chun táirgí, seirbhísí agus próisis táirgthe ghlana a fhorbairt agus a tháirgeadh;

B.

de bhrí nach mór é a bheith mar aidhm ag an Straitéis Tionsclaíochta an margadh aonair a neartú agus dul chun cinn teicneolaíochta a chothú chun go mbeidh AE ina cheannaire domhanda i dteicneolaíochtaí glasa agus digiteacha;

C.

de bhrí gurb iad na próisis thionsclaíocha agus mhonaraíochta cnámh droma mhargadh saothair AE agus gur cheart dóibh cruthú post ardcháilíochta a chothú;

D.

de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach, i ndomhan geopholaitiúil atá ag athrú, neamhspleáchas straitéiseach a neartú agus spleáchais AE ar ábhair chriticiúla, táirgí, fuinneamh, acmhainneachtaí monaraíochta agus teicneolaíochtaí criticiúla a laghdú, agus ag an am céanna geilleagar a choinneáil chomh hoscailte agus is féidir agus chomh dúnta is gá;

E.

de bhrí gur léirigh cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine arís go bhfuil AE ag brath go mór ar sholáthar fuinnimh ó thríú tíortha; de bhrí gur gá do AE a bheartais thionsclaíocha agus fuinnimh a athdhíriú agus é mar aidhm aige a fhoinsí fuinnimh a éagsúlú a luaithe is féidir, coigilteas fuinnimh agus bearta éifeachtúlachta fuinnimh a mhéadú, chomh maith le méideanna ollmhóra foinsí in-athnuaite fuinnimh a úsáid agus cur chuige i bhfad níos láidre maidir leis an ngeilleagar ciorclach a ghlacadh ar fud na dtionscal atá bunaithe ar shlabhraí soláthair athléimneacha agus inbhuanaithe;

F.

de bhrí gur féidir le hardleibhéal spleáchais ar sholáthar fuinnimh, amhail ar an Rúis, agus praghsanna arda fuinnimh dochar a dhéanamh d’acmhainneachtaí táirgeachta cuideachtaí Eorpacha; de bhrí go bhfuil infhaighteacht ábhar agus comhpháirteanna, agus acmhainneacht monaraíochta san Eoraip bunriachtanach chun spleáchas fabhraithe in ionad spleáchas fuinnimh AE a sheachaint chun mianraí tearc-chré, miotail chriticiúla eile, trealamh nó cumais mhonaraíochta a sholáthar;

G.

de bhrí go bhfuil institiúidí taighde, cuideachtaí agus daoine oilte ar thús cadhnaíochta ar domhan in AE agus go bhfuil sé d’acmhainn aige a bheith ina cheannaire domhanda sa nuálaíocht thionsclaíoch;

H.

de bhrí gur fhógair an Coimisiún, tar éis dó a spleáchais straitéiseacha a shainaithint sna héiceachórais thionsclaíocha is íogaire, go molfaidh sé bearta sistéamacha (eacnamaíocha agus rialála) nithiúla chun na spleáchais sin a laghdú, lena n-áirítear trí tháirgeadh agus infheistíocht san Eoraip a dhaingniú agus a chur chun cinn;

I.

de bhrí gur gá do AE aghaidh a thabhairt ar athléimneacht slabhraí soláthair, agus éiceachóras monaraíochta agus soláthair ardluacha tarraingteach, nuálach a chruthú ag an am céanna, atá ailínithe le spriocanna taighde agus forbartha (T&F), nuálaíochta, aeráide agus comhshaoil na hEorpa;

J.

de bhrí go bhfuil laghdú 35 % tagtha ar astaíochtaí CO2 ón tionscal ó 1990, i bpáirt mar gheall ar athlonnú an táirgthe;

K.

de bhrí gurb ionann an acmhainneacht eacnamaíoch mheasta a bhaineann le tomhaltas deiridh fuinnimh a laghdú faoi 2030, i gcomparáid le gnó mar is gnách, agus 23,5 % do thionscal na hEorpa (11);

L.

de bhrí gur aithin an Coimisiún go bhfuil níos mó earnálacha eacnamaíocha amhail earnáil na sláinte, an earnáil agraibhia, tionscal eastósctha na mianadóireachta agus na n-amhábhar agus tionscal na teicneolaíochta digití ríthábhachtach chun neamhspleáchas straitéiseach AE a bhaint amach;

M.

de bhrí gur aithin an Coimisiún sa straitéis tionsclaíochta nuashonraithe nua go bhféadfadh comhdhlúthú margaidh teacht as beartais neamh-inbhuanaithe margaidh, lena n-áirítear beartais maidir le soláthar poiblí;

1.

á chur in iúl gur geal léi an nuashonrú ar an straitéis tionsclaíochta; á chur i bhfáth, chun go mbeidh an Comhaontú Glas ina fhíorstraitéis fáis inbhuanaithe agus claochlaitheach, go laghdóidh sé spleáchais agus go gcoinneoidh sé cothrom na Féinne do thionscal na hEorpa le linn an dá aistriú, nach mór beartas tionsclaíoch uaillmhianach a bheith ag gabháil leis chun a bheith ina cheannródaí iomaíoch in astaíochtaí gás ceaptha teasa (GCT) glan-nialasacha agus i ngeilleagar inbhuanaithe, agus chun sineirgí a chruthú idir gnólachtaí, fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) agus gnólachtaí nuathionscanta, agus gur gá tacú leis le beartas uaillmhianach T&F agus le creat atá oiriúnach do FBManna; á chur i bhfáth go bhfuil méadú suntasach tagtha ar an ngá sin mar thoradh ar an ngéarchéim leanúnach aeráide agus fuinnimh agus ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine; á thabhairt chun suntais, ina leith sin, an gá atá le bearta faoisimh spriocdhírithe do chustaiméirí leochaileacha sa chomhthéacs tionsclaíoch, go háirithe FBManna leochaileacha agus micrifhiontair, a ndearna éifeachtaí phaindéim COVID-19 difear mór dóibh freisin;

2.

ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar thionchar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine ar thionscal na hEorpa agus ar a hacmhainneachtaí i dtionscnaimh agus cuspóirí atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo, agus cur chuige iomlánaíoch a ghlacadh nuair a chruthaíonn sé dreasachtaí chun tacú le hearnálacha straitéiseacha tionsclaíocha agus lena slabhraí soláthair, a bhfuil méadú mór le sárú acu ar chostais fuinnimh, iompair agus amhábhar; á aithint go bhfuil go leor beart ann a d’fhéadfadh cabhrú chun na tionchair sin a laghdú, agus astaíochtaí gás ceaptha teasa agus truailliú aeir a laghdú ag an am céanna;

3.

á chur i bhfáth gur sócmhainn thábhachtach é margadh aonair Eorpach feidhmiúil chun athléimneacht thionsclaíoch, tarraingteacht na hEorpa mar cheann scríbe infheistíochta agus iomaíochas AE a neartú, chomh maith leis an dá aistriú a fheabhsú mar bhonn don fhás nua in earnálacha tionsclaíocha;

4.

á chur i bhfios go láidir nach féidir leis an Aontas a bheith ag brath ar thíortha nach Ballstáit den Aontas iad le haghaidh táirgí, fuinnimh, acmhainneachtaí monaraíochta agus teicneolaíochtaí atá bunriachtanach dár ngeilleagar agus dár sochaí amach anseo; á chur i bhfáth gur gá do AE seasamh láidir a fháil ar ais i slabhraí luacha domhanda ríthábhachtacha agus soláthar amhábhar criticiúil a dhaingniú i dtréimhsí géarchéime, agus trí úsáid mhéadaithe a bhaint as samhlacha gnó ciorclacha freisin; á thabhairt chun suntais an tairbhe a bhaineann le slabhraí soláthair níos giorra d’athléimneacht ár ngeilleagair agus d’uaillmhianta aeráide an Aontais a bhaint amach;

5.

á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá comhar idirnáisiúnta, comhpháirtíochtaí comhionanna agus trádáil chóir dhomhanda oscailte do gheilleagar na hEorpa, agus á thabhairt dá haire gur ceann de na bealaí is éifeachtúla chun athléimneacht thionsclaíoch na hEorpa a neartú agus spleáchas a laghdú is ea slabhraí soláthair a éagsúlú trí bhearta uaillmhianacha beartais trádála, lena n-áirítear comhaontuithe straitéiseacha trádála agus infheistíochta;

6.

ag iarraidh ar an gCoimisiún conairí aistrithe soiléire atá bunaithe ar an eolaíocht don éiceachóras tionsclaíoch a chur i láthair a luaithe is féidir, lena n-áirítear trí na riachtanais le haghaidh aistriú rathúil a shainaithint ó thaobh bonneagair, teicneolaíochtaí agus scileanna de; ag iarraidh ar an gCoimisiún comhsheasmhacht, comhordú agus sineirgí a áirithiú ar fud na dtionscnamh, na gcuspóirí, an mhaoinithe agus na n-ionstraimí rialála uile a thacóidh leis an tionscal trí na haistrithe; á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le hailíniú idir na conairí aistrithe, na treochláir teicneolaíochta tionsclaíche agus Cláir Oibre Straitéiseacha um Thaighde agus Nuálaíocht na gComhpháirtíochtaí Eorpacha faoin gclár Fís Eorpach; á iarraidh go ndéanfar faireachán agus tuairisciú bliantúil ar iomaíochas, dul chun cinn teicneolaíoch, infhostaitheacht agus athléimneacht ár n-éiceachóras tionsclaíoch agus ar dhul chun cinn conairí aistrithe earnálacha aonair, lena n-áirítear a gcomhsheasmhacht le spriocanna aeráide AE, ionas gur féidir ionstraimí a oiriúnú go tapa nuair is gá; á chur i bhfáth gur cheart do na geallsealbhóirí uile sa slabhra luacha, lena n-áirítear an tsochaí shibhialta, an pobal acadúil, eagraíochtaí tomhaltóirí, ceardchumainn agus an Bord Comhairleach Eolaíoch Eorpach maidir leis an Athrú Aeráide a bheith rannpháirteach ar bhealach trédhearcach i bpróiseas na gconairí aistrithe lena n-áiritheofar faireachán leanúnach eolaíochtbhunaithe ar dhul chun cinn;

7.

ag iarraidh ar an gCoimisiún straitéis a thíolacadh a bheidh dírithe ar aistriú na dtionscal is déine ar fhuinneamh lena gcuirfí ar a gcumas a n-iomaíochas a chaomhnú agus, ag an am céanna, tacú le neamhspleáchas straitéiseach AE níos fearr, ós rud é go mbíonn tábhacht straitéiseach ag baint leis na tionscail sin go minic;

8.

á mheabhrú go mbraitheann iomaíochas tionsclaíoch na hEorpa den chuid is mó ar a cumas nuálaíochta; á thabhairt dá haire go sáraíonn feidhmíocht chumhachtaí eacnamaíocha eile feidhmíocht an Aontais i gcaiteachas T&F mar chéatadán OTI; á athdhearbhú a thábhachtaí atá leibhéal uaillmhianach infheistíochta i T&F chun seasamh iomaíoch AE sa domhan a fheabhsú; á chur in iúl gur oth léi nach ndearnadh an sprioc de 3 % d’infheistíochtaí OTI in T&F a bhaint amach go fóill i bhformhór na mBallstát; ag iarraidh ar an gCoimisiún comhordú a dhéanamh ar iarrachtaí na mBallstát tuilleadh tiomantais a dhéanamh do spriocanna infheistíochta náisiúnta T&F, go háirithe do chistiú náisiúnta poiblí agus príobháideach don nuálaíocht thionsclaíoch agus don taighde tionsclaíoch chun dul i dtreo taighde ar leibhéal ullmhachta teicneolaíochta atá bunaithe ar fhiosracht agus ar leibhéal íseal ullmhachta teicneolaíochta chun an bonn eolais lena gcothaítear nuálaíocht thionsclaíoch na hEorpa a chothabháil agus a fheabhsú; ag tabhairt chun suntais, i ndáil leis an méid sin, an ról a d’fhéadfadh a bheith ag comhpháirtíochtaí eolaíochta oscailte; ag iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go mbeidh infheistíocht in T&F dírithe freisin ar rannpháirtíocht micrifhiontar;

9.

á chur i bhfios go bhfuil gá le cláir oibre Horizon Europe agus na comhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha na himthosca nua a d’eascair as ionradh na Rúise ar an Úcráin a chur san áireamh, go háirithe braislí 4 agus 5 maidir le “tionscal, digiteach agus spás” agus maidir le “aeráid, fuinneamh agus soghluaisteacht”, agus chun T&F atá dírithe ar an tionscal a dhíriú ar bhreoslaí iontaise a athsholáthar agus ar spleáchas thionscail an AE ar allmhairí fuinnimh a laghdú;

10.

ag iarraidh ar an gCoimisiún rannchuidiú chun an bearna infheistíochta a dhúnadh le hiomaitheoirí domhanda le haghaidh eochairtheicneolaíochtaí cumasúcháin; á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis sin, an togra ón gCoimisiún le haghaidh Ionstraim Eorpach um Shliseanna agus bunú na Comhghuaillíochta Eorpaí um shonraí tionsclaíocha, an imeall-ríomhaireacht agus an néalríomhaireacht; ag iarraidh ar an gCoimisiún tús a chur go pras le hobair mhoillithe Chomhghuaillíocht Thionsclaíoch na hEorpa um próiseálaithe agus teicneolaíochtaí leathsheoltóra; ag iarraidh ar an gCoimisiún na tionscnaimh sin a leathnú go pras chuig ionstraimí eile taighde, forbartha agus nuálaíochta (TFN) agus chuig príomhtheicneolaíochtaí cumasúcháin, amhail ceallraí, intleacht shaorga, cibearshlándáil, uathoibriú agus róbataic, biteicneolaíocht, imeall ríomhaireacht, fótónaic agus ríomhaireacht chandamach agus teicneolaíocht chandamach;

11.

á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí an Choimisiúin i ndáil le héiceachóras leathsheoltóra na hEorpa, lena n-áirítear acmhainneacht táirgeachta áitiúil mhéadaithe, línte píolótacha agus láithreáin mhonaraíochta den chéad scoth le haghaidh ardteicneolaíocht sliseanna, dearadh sliseanna agus córais; á chur i bhfáth gur gá a áirithiú nach mbeidh laghdú ar mhaoiniú do chláir ghaolmhara eile de chuid an Aontais mar thoradh ar chistiú na Ionstraime Eorpaí um Shliseanna; á chur in iúl gur geal léi an Doiciméad Inmheánach Oibre a ghabhann leis an Ionstraim Eorpach um Shliseanna (SWD(2022)0147); ag iarraidh ar an gCoimisiún, mar sin féin, measúnú tionchair a dhéanamh, lena n-áirítear an tionchar ar an gcomhshaol, agus anailís chuimsitheach a dhéanamh ar na riachtanais a bheidh ann amach anseo le haghaidh sliseanna, ar an mbuntáiste iomaíoch a bhaineann le cineálacha éagsúla agus ar an acmhainneacht chun slisíní a tháirgeadh san Eoraip;

12.

á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé an Clár Oibre Straitéiseach um Thaighde agus Nuálaíocht (SRIA) de chuid an Chomhghnóthais Eochairtheicneolaíochtaí Digiteacha (KDT JU) atá ann cheana a chur chun feidhme go hiomlán, ós rud é gur clár oibre ríthábhachtach é sin le haghaidh uathriail straitéiseach an Aontais i roinnt príomhtheicneolaíochtaí cumasúcháin; á mheas gur cheart go ndéanfaí cistiú Chomhghnóthas KDT a atreorú chuig taighde ar shliseanna go sonrach faoi chuimsiú an SRIA atá ann cheana;

13.

á chur i bhfáth gur gá “Déanta in AE” a neartú agus dlús a chur le glacadh theicneolaíochtaí Tionscal 4.0, go háirithe ag FBManna; ag iarraidh ar an gCoimisiún an chomhpháirtíocht “Déanta san Eoraip” a leabú go láidir sa chlár Fís Eorpach agus é sin a dhéanamh trí chomhar FBManna le hollscoileanna agus le heagraíochtaí taighde agus teicneolaíochta a chothú; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart go seasfadh “Déanta san Eoraip” ní hamháin ar son na cáilíochta agus na nuálaíochta, ach freisin ar mhaithe le táirgí, próisis agus seirbhísí tionsclaíocha atá an-inbhuanaithe agus cothrom ó thaobh na sochaí de, agus téarnamh deiseanna fostaíochta agus monaraíochta ar ardchaighdeán a chur chun cinn ar fud an Aontais, chun tacú le forbairt chothrom agus inbhuanaithe réigiúin uile an Aontais;

14.

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá an Fóram Tionsclaíoch a bunaíodh leis an straitéis thionsclaíoch agus á thabhairt dá haire, i measc na gcúig thascfhórsa a cruthaíodh, go bhfuil ceann amháin acu ábhartha go díreach don mhargadh aonair agus go ndéanann sé anailís ar ghnéithe cothrománacha an mhargaidh aonair agus ar bhacainní a bhaint, agus go bhfuil fócas sonrach ag ceann eile ar ardmhonaraíocht mar chumasóir cothrománach do raon leathan éiceachóras;

15.

á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá uaillmhian an Aontais maidir le truailliú nialasach agus geilleagar ciorclach lán-chomhtháite chun tionscal éifeachtúil agus dícharbónaithe a chruthú; ag iarraidh ar an gCoimisiún anailísí a dhéanamh ar athchúrsáil agus ar thabhairt isteach an athuair sa timthriall táirgí; ag iarraidh ar an gCoimisiún aird ar leith a thabhairt ar dheiseanna cistiúcháin agus tairisceana do thionscadail cuideachtaí atá ina gceannródaithe nuálacha sa gheilleagar ciorclach, chomh maith leis an ngá atá le forbairt na bpríomhmhargaí a spreagadh; á mheas go bhfuil cosc ar dhramhaíl agus laghdú ar thomhaltas fuinnimh agus acmhainní a bhaineann le dramhaíl, chomh maith le hathchúrsáil lúbiata feadh earnálacha tionsclaíocha iomlána, fíor-riachtanach le haghaidh geilleagar ciorclach; á thabhairt chun suntais, thairis sin, a thábhachtaí atá caighdeáin, sainorduithe ceannaigh, cuótaí, inbhuanaitheacht agus indeisitheacht trí dhearadh lena n-éascaítear athchúrsáil agus athúsáid amhábhar (criticiúil) tábhachtach, chomh maith le húsáid fheabhsaithe agus fad saoil táirgí;

16.

á chur in iúl gur geal léi an fógra ón gCoimisiún lena n-eisítear treoir maidir le soláthar poiblí agus a iarrachtaí cómhalartacht a chur chun cinn maidir le rochtain ar mhargaí soláthair phoiblí; á chur i bhfáth gur ionstraim riachtanach é an soláthar poiblí don tslándáil náisiúnta agus eacnamaíoch, don bheartas tionsclaíoch, don inbhuanaitheacht shóisialta agus éiceolaíoch agus chun tacú le glacadh táirgí agus seirbhísí inbhuanaithe agus leis an éileamh orthu; á chur i bhfios go láidir gur cheart go dtacódh sásraí soláthair phoiblí tuilleadh le claochlú thionscal na hEorpa trí tháirgeadh earraí agus seirbhísí éiceanuálaíocha, costéifeachtacha agus inbhuanaithe a chothú, agus tríd an éileamh ar amhábhair thánaisteacha a eascraíonn as próisis táirgthe chiorclacha a chur in úsáid a mhéadú; ag iarraidh, i ndáil leis sin, ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar rialacha soláthair phoiblí agus iomaíochta i gcás inar gá, agus feidhmiú cuí an mhargaidh aonair á áirithiú ag an am céanna; á mheabhrú a thábhachtaí atá na treoirlínte a d’fhorbair an Coimisiún maidir leis an gcaoi ar cheart do na Ballstáit spriocanna feidhmíochta agus critéir cháilíochta a áireamh, chomh maith leis an gcritéar maidir leis an tairisicint is buntáistí go heacnamaíoch (MEAT), sna conarthaí a bhronntar; ag iarraidh ar an gCoimisiún rochtain do FBManna a choimirciú agus critéir soláthair a chomhrac lena leagtar síos ceanglais nó cáilíochtaí thar chroíghnéithe na seirbhíse nó na n-earraí a cheannaítear, ionas go mbeidh deis chothrom ag FBManna a bheith rannpháirteach sa mhargadh substaintiúil don soláthar poiblí; á iarraidh go mbeadh an leibhéal forairdill is airde ann maidir le gníomhaithe neamh-Eorpacha a fhaigheann bonneagar criticiúil;

17.

á mheabhrú go bhfuil ról ag cleachtais soláthair inbhuanaithe maidir le ganntanais cógas leighis a chosc, slándáil an tsoláthair a áirithiú agus infheistíochtaí monaraíochta a dhaingniú; ag tathant ar an gCoimisiún tacú leis na Ballstáit trí rialacha spriocdhírithe AE a fhorbairt maidir le cógais leighis a sholáthar, faoin treoir reatha maidir le soláthar poiblí, arb é is aidhm dó inbhuanaitheacht fhadtéarmach, iomaíocht, slándáil an tsoláthair a áirithiú agus infheistíochtaí sa mhonaraíocht a spreagadh;

18.

ag iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar na soláthairtí comhpháirteacha a seoladh le linn ráig COVID-19, iad a chur i gcomparáid leis an gcomhaontú réamhcheannaigh, agus úsáid a bhaint as na ceachtanna a foghlaimíodh chun an uirlis sin a fheabhsú trí aon mhíshocracht sa mhargadh inmheánach a sheachaint;

19.

á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé oideachas, uas-sciliú agus athsciliú a áireamh sna conairí aistrithe mar uirlisí tábhachtacha i gclaochlú thionscal an Aontais agus sna hiarrachtaí chun táirgiúlacht níos airde a bhaint amach, agus riachtanais mhargadh saothair na réigiún atá i mbun athbheochan eacnamaíoch á gcur san áireamh, chun cosc a chur ar réigiúin a bheith bochtaithe; ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit straitéis a fhorbairt le haghaidh comhpháirtíochtaí gairmoideachais agus gnó-oideachais in éineacht leis na comhpháirtithe sóisialta, go háirithe laistigh de bhraislí tionsclaíocha réigiúnacha, chun borradh a chur faoi scileanna agus feabhas a chur ar ghlacadh nuálaíochtaí atá réidh don mhargadh ag FBManna, agus trí dhreasachtaí a bhunú do FBManna chun scileanna a bpearsanra agus a n-oibrithe a oiliúint agus a fheabhsú, go háirithe i réimse na scileanna digiteacha; á thabhairt chun suntais gur gá an comhar idir T&F agus an tionsclaíocht a neartú, go háirithe i bhfoirm aistrithe teicneolaíochta chuig FBManna; á chur i bhfáth gur cheart cur chun cinn an chomhionannais inscne, príomhshruthú inscne, comhdheiseanna agus rannpháirtíocht na mban i margadh an tsaothair agus fiontraíocht a áirithiú;

20.

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá beartais réamhghníomhacha oideachais agus oiliúna lena gcothaítear earcú agus coinneáil tallainne in AE; ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacú le taighdeoirí agus múinteoirí den chéad scoth in AE a bheith i gceannas ar chlár oibre oideachais, taighde, forbartha agus oiliúna an lucht saothair a bheidh ann amach anseo agus feabhas a chur ar an gcomhar idir an t-oideachas agus an oiliúint, an taighde agus an earnáil ghnó;

21.

á chur i bhfáth gur gá do na Ballstáit an Comhshocrú um Scileanna agus tionscnaimh eile an Aontais a chur chun feidhme arb é is aidhm dóibh deiseanna athscilithe agus uas-scilithe a chruthú don lucht saothair, na scileanna is gá a thabhairt do dhaoine aonair a mbeidh éagsúlú gairmiúil mar thoradh orthu agus aghaidh a thabhairt ar ghanntanais saothair agus scileanna agus dlús a chur le hathoiliúint agus uas-sciliú oibrithe agus daoine dífhostaithe, go háirithe na hoibrithe is leochailí ó thaobh an aistrithe de; á thabhairt chun suntais gur gá na tionscnaimh a chur chun feidhme arb é is aidhm dóibh an Limistéar Eorpach Taighde, an Limistéar Eorpach Oideachais agus na hÉiceachórais Nuálaíochta Eorpacha a threisiú, lena ndéanfar margadh inmheánach láidir Eorpach a thógáil don taighde agus don nuálaíocht;

22.

á chur i bhfáth go bhfuil oibrithe nach bhfuil chomh cáilithe sin thar a bheith leochaileach; á thabhairt chun suntais, i ndáil leis sin, a ábhartha atá an Ciste um Aistriú Cóir, in ainneoin a raon feidhme teoranta;

23.

á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról lárnach ag FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta in éiceachórais thionsclaíocha an Aontais, go háirithe i ndigitiú an Aontais, agus gur foinse chriticiúil iad de shamhlacha gnó agus nuálaíocht táirgí atá inbhuanaithe agus freagrach go sóisialta; á chur i bhfáth gur gá feabhas a chur ar an rochtain atá acu ar mhaoiniú náisiúnta agus ar mhaoiniú AE, go háirithe in earnálacha traidisiúnta nach bhfuil an aistriú digiteach forbartha iontu go fóill; á chur in iúl gur oth léi an bhearna mhaoinithe d’fhiontraithe arb iad inscne, gnéaschlaonadh nó tionscnamh is cúis léi; á thabhairt chun suntais go bhfuil ról ag an gComhairle Nuálaíochta Eorpach maidir le héiceachóras nuathionscanta agus infheistíochta Eorpach a chothú atá níos fabhraí d’fhorbairt nuálaíochtaí teicneolaíochta doimhne, ardriosca agus ardluacha;

24.

á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go rannchuideoidh na tionscnaimh chun an Deacáid Dhigiteach a bhaint amach le claochlú digiteach gnólachtaí, go háirithe FBManna, atá tite ar gcúl ar chuideachtaí móra maidir le scileanna digiteacha agus maidir le digitiú a n-oibríochtaí;

25.

á thabhairt chun suntais gur gá aghaidh a thabhairt ar na bacainní atá ann cheana sa mhargadh aonair atá ag cur bac ar fhás FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta san Eoraip, chomh maith leis an ngá atá le creat dlíthiúil agus rialála feabhsaithe agus, dá bhrí sin, beartais atá fabhrach do FBManna a thabhairt isteach;

26.

á chur i bhfáth gur gá an creat rialála a nuachóiriú agus a dhaingniú i bhfad na haimsire chun cobhsaíocht agus intuarthacht rialála a áirithiú, lena n-éascaítear nuálaíocht, infheistíochtaí, formheas táirgí agus seirbhísí nuálacha, agus lena gcumasaítear an t-aistriú chuig geilleagar atá neodrach ó thaobh astaíochtaí gás ceaptha teasa de agus chun iomaíochas agus poist ardcháilíochta na hEorpa a dhaingniú, agus na gnéithe eacnamaíocha, comhshaoil, inscne agus sóisialta á gcur san áireamh ag an am céanna; ag iarraidh ar an gCoimisiún treochláir a áireamh sna conairí aistrithe, le spriocanna cainníochtúla agus cáilíochtúla ceangailteacha, tar éis measúnú tionchair a thabhairt i gcrích, agus ualaí riaracháin nach bhfuil gá leo a laghdú do ghnólachtaí Eorpacha, go háirithe FBManna; á chur i bhfáth an prionsabal “ceann amháin isteach, ceann amháin amach”;

27.

á thabhairt chun suntais gur gá ualaí riaracháin nach bhfuil gá leo a laghdú do chuideachtaí, go háirithe do FBManna agus do ghnólachtaí nuathionscanta, agus na caighdeáin is airde do thomhaltóirí, d’oibrithe, do shláinte agus do chosaint an chomhshaoil á gcoinneáil ag an am céanna; á chur i bhfáth go bhfuil cor cinniúnach san Eoraip mar thoradh ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus iarmhairtí na paindéime COVID-19; ag iarraidh ar an gCoimisiún a mheas an gcuirfeadh tograí reachtacha nua ualach rialála nó riaracháin míchuí ar chuideachtaí;

28.

ag meabhrú an ról atá ag an riarachán poiblí chun timpeallacht eacnamaíoch atá fabhrach do lucht gnó a áirithiú agus chun ualaí riaracháin nach bhfuil gá leo ar fhiontair a laghdú, agus na caighdeáin trédhearcachta is airde agus sábháilteacht oibrithe á n-áirithiú ag an am céanna; á chreidiúint gur cheart uirlisí ríomhrialtais, beartais nuálaíochta digití agus feabhsú scileanna digiteacha a chur chun cinn laistigh den earnáil phoiblí agus i measc a fostaithe;

29.

ag cur i bhfios go láidir gnéithe náisiúnta agus réigiúnacha an bheartais thionsclaíoch agus ról na straitéisí réigiúnacha um speisialtóireacht chliste, go háirithe i dtéarmaí fostaíochta agus forbartha eacnamaíche agus tionsclaíche ar fud chríoch na mBallstát; á iarraidh, i ndáil leis sin, go ndéanfaí anailís ar a bhfuil bainte amach ag straitéisí um speisialtóireacht chliste mar ardán do bhearta amach anseo ar an leibhéal réigiúnach; á chur i bhfáth go bhfuil gá le rannpháirtíocht thrédhearcach na ngeallsealbhóirí áitiúla uile, lena n-áirítear ionadaithe ón tsochaí shibhialta agus ón bpobal, in ullmhú agus i gcur chun feidhme straitéisí réigiúnacha um speisialtóireacht chliste; ag iarraidh ar an gCoimisiún ionstraimí a áireamh chun úsáid “Déanta san Eoraip” a mhéadú ar leibhéal réigiúnach;

30.

ag iarraidh ar an gCoimisiún tógáil ar éiceachórais réigiúnacha a ghlacann leas as a speisialtóireacht chliste féin, a chuidíonn le héagothromaíochtaí réigiúnacha a líonadh agus a bhfuil baint ag an riarachán poiblí, institiúidí ardoideachais, eolaithe, an tsochaí shibhialta agus lucht tionscail leo chun a gcuid eolais a chomhcheangal agus inneachar, comhthéacs agus eispéiris foghlama a chomhchruthú;

31.

á áitiú gur gá cothroime shóisialta an aistrithe thionsclaíoch a áirithiú agus bearta leormhaithe a fhorbairt chun tacú le haththionsclú na réigiún atá i mbun aistrithe trí thionscadail infheistíochta idir-réigiúnacha straitéiseacha agus trí phleananna athfhorbartha do réigiúin leochaileacha, go háirithe limistéir thuaithe agus iargúlta;

32.

á chur i bhfáth gur gá ár mbeartas fuinnimh Eorpach a atreorú ó bhonn mar fhreagairt ar ionradh foréigneach na Rúise ar an Úcráin; á iarraidh go ndéanfaí laghdú suntasach ar spleáchas fuinnimh AE, go háirithe ar ghás, ola, gual agus breosla núicléach na Rúise; ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit dlús a chur leis na hacmhainneachtaí táirgthe atá ag fuinneamh inbhuanaithe, inacmhainne, slán agus flúirseach inathnuaite agus ísealcharbóin idirthréimhseach, agus coigilteas fuinnimh agus bearta éifeachtúlachta fuinnimh a mhéadú; ag iarraidh ar an gCoimisiún tacú ar bhealach níos éifeachtaí le forbairt foinsí fuinnimh lena bhféadfar freastal ar na riachtanais mhéadaitheacha leictreachais agus comhordú phleanáil agus mhaoiniú an bhonneagair is gá a mhéadú, go háirithe don bhonneagar leictreachais, fuinnimh, cliste, hidrigine, CO2 agus téimh/fuaraithe is gá;

33.

á chur i bhfáth go bhfuil soláthar cobhsaí fuinnimh bunriachtanach d’fheidhmiú cuí éiceachóras tionsclaíoch na hEorpa; ag tabhairt rabhaidh go bhféadfadh iarmhairtí díobhálacha a bheith ag crapadh soláthair fuinnimh ar bhonneagar táirgiúil; á thabhairt chun suntais, i ndáil leis sin, go bhfuil gá le córas comhordúcháin lena ndéanfaí faireachán córasach ar infhaighteacht an gháis in aimsir géarchéime, chun straitéisí comhchoiteanna Eorpacha a éascú lena mbeifear ábalta déileáil leis an ngéarchéim;

34.

á chur i bhfios go bhfuil na próisis téimh agus fuaraithe fós ar cheann de na húsáidí fuinnimh is suntasaí san earnáil thionsclaíoch; á chur i bhfios go láidir, chun dlús a chur le laghdú astaíochtaí GCT sa tionscal, nach mór leas iomlán a bhaint as na hacmhainneachtaí éifeachtúlachta fuinnimh i dtéamh agus i bhfuarú tionsclaíoch; á chur i bhfáth gur gá úsáid níos fearr a bhaint as dramhtheas agus dramhfhuacht dosheachanta, chomh maith le braislí agus siombóisí tionsclaíocha lena dtairgtear sineirgí suntasacha agus acmhainneacht coigilte fuinnimh in go leor earnálacha, lena n-áirítear teicstílí, ceimiceáin, próiseáil bia agus innealra;

35.

ag iarraidh ar an gCoimisiún dlús a chur lena iarrachtaí acmhainneacht an bhithgheilleagair chiorclaigh a scaoileadh, ina n-úsáidtear acmhainní inbhuanaithe agus inathnuaite chun tionscail iomaíocha agus athléimneacha a chur chun cinn san fhadtéarma; á thabhairt chun suntais, i ndáil leis sin, gur féidir úsáid dramhaíola bithmhaise a chur in ionad breoslaí iontaise go héifeachtach, agus an lorg CO2 a laghdú ag an am céanna; ag tathant, dá bhrí sin, ar AE, ar údaráis náisiúnta agus áitiúla cur chuige ciorclach den sórt sin a spreagadh i ngach beartas;

36.

ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit an t-am is gá chun ceadanna a eisiúint a laghdú go mór agus nósanna imeachta meara ceadaithe a chruthú le haghaidh bonneagar a thacaíonn leis an tionscal san aistriú chuig geilleagar ciorclach atá neodrach ó thaobh na haeráide de, gan dochar do thrédhearcacht, do dhlisteanacht agus do dhlíthiúlacht na nósanna imeachta atá ann cheana; ag cur béim, sa chomhthéacs sin, ar an ngá atá le cnámh droma hidrigine a fhorbairt san Eoraip, na hidirnaisc ar fud ár mór-roinne a fhorbairt tuilleadh agus tacú le húsáid fhorleathan teicneolaíochtaí coigilte fuinnimh amhail saoráidí áitiúla giniúna fuinnimh inathnuaite atá thar a bheith éifeachtúil a shuiteáil agus comhghiniúint, go háirithe do FBManna;

37.

á athdhearbhú go bhfuil gá le creat cumasúcháin chun soghluaisteacht inbhuanaithe a fhorbairt agus chun tacú le cúpláil earnála;

38.

ag iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún dlús a chur le cur chun feidhme chláir agus ionstraimí TFN, bonneagair agus digiteacha uile an Aontais ar bhealach cliste agus roghnaitheach, lena n-áirítear tionscadail thábhachtacha ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne chun díriú ar theipeanna margaidh, agus comhghuaillíochtaí tionsclaíocha, chomh maith le bonneagair teicneolaíochta chun réitigh theicneolaíocha nua a thástáil, a bhailíochtú agus a uas-scálú, go háirithe iad siúd lena bhforbraítear na teicneolaíochtaí ceannródaíocha nuálacha is gá don dá aistriú, go háirithe iad siúd a bhaineann le táirgeadh fuinnimh, breoslaí agus eochairtheicneolaíochtaí cumasúcháin, agus chun geilleagar ciorclach éifeachtúil a chur chun feidhme, amhail cruach ghlan, eitlíocht ghlan, breoslaí sintéiseacha, leasacháin ghlana agus ríomhchraiceáil;

39.

á chur i bhfáth go bhfuil sé ríthábhachtach go ndéanfadh an Coimisiún feidhmchláir thábhachtacha ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne (IPCEI) a mheasúnú go pras le haghaidh athléimneacht thionscal na hEorpa; ag iarraidh ar an gCoimisiún treoirlínte soiléire, éifeachtacha, simplí agus cuimsitheacha a bhunú maidir le IPCEInna; á athdhearbhú a thábhachtaí atá sé go mbainfí an riosca de chistiú, amhail trí InvestEU nó tríd an gCiste don Nuálaíocht, rud atá bunriachtanach chun feabhas a chur ar chumais mhonaraíochta AE i bpríomhearnálacha straitéiseacha, amhail tionscal na gréine, lena gcuirtear ar a chumas bonn monaraíochta Eorpach láidir a atógáil;

40.

á thabhairt chun suntais go bhfuil acmhainneacht mhór ag Conarthaí Difríochta Carbóin (CCfDanna) mar ionstraim ríthábhachtach chun laghduithe ar astaíochtaí a spreagadh agus spleáchas ar bhreoslaí iontaise sa tionscal a laghdú; á mheas a thábhachtaí atá siad go háirithe d’earnálacha ar deacair iad a mhaolú, do theicneolaíochtaí a uas-scálú agus tacú lena scaipeadh laistigh d’earnálacha; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart go mbeadh CCfDanna comhréireach, i gcomhréir le reachtaíocht AE, comhlíontach le EDT agus nár cheart go mbeadh saobhadh míchuí ar mhargadh inmheánach AE mar thoradh orthu;

41.

á chur in iúl gur geal léi anailís an Choimisiúin ar spleáchais straitéiseacha agus ar acmhainneachtaí straitéiseacha, i gcomhréir le haidhm an neamhspleáchais straitéisigh; ag iarraidh ar an gCoimisiún bailchríoch a chur ar na hanailísí agus ar na treochláir teicneolaíochta tionsclaíche a luaithe is féidir agus gníomhaíochtaí a mholadh chun spleáchas ar na táirgí criticiúla arna sainaithint a laghdú, lena n-áirítear gníomhaíochtaí athchúrsála agus éifeachtúlachta acmhainní, agus soláthairtí, lena n-áirítear soláthróirí fuinnimh; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé a áirithiú go mbeidh rochtain gan bhriseadh ag trealamh riachtanach leighis agus cúraim sláinte ar chómhargadh AE, tar éis na taithí a fuarthas ó na ganntanais tosaigh ag tús phaindéim COVID-19; á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le straitéis atá bunaithe ar anailís dhomhain bhreise ar spleáchais fhrithpháirteacha chun acmhainneacht an Aontais i slabhraí luacha criticiúla agus monaraíocht chriticiúil a neartú; á chur in iúl, ag an am céanna, go bhfuil sí tiomanta don iltaobhachas agus don tsaorthrádáil;

42.

ag iarraidh ar an gCoimisiún cur chuige iomlánaíoch an tslabhra luacha a ghlacadh agus anailís á déanamh ar na spleáchais straitéiseacha ar fud na 14 éiceachóras tionsclaíocha criticiúla a shainaithin sé ina Thuarascáil Bhliantúil 2021 ar an Margadh Aonair; á mholadh go leathnófaí na grinnscrúduithe sin chuig na hearnálacha uile a mheastar a bheith straitéiseach; ag iarraidh ar an gCoimisiún tionchar na mbeart seach-chríochach arna ndéanamh ag tíortha nach bhfuil san Aontas ar thionscail AE a chur san áireamh, go háirithe ó thaobh rialuithe onnmhairiúcháin de; á chur i bhfios, ionas nach gcruthófar spleáchais agus leochaileachtaí nua, gur cheart acmhainní agus cumais theicneolaíocha Eorpacha a bheith mar bhonn leis an Straitéis Nua Tionsclaíochta Nuashonraithe;

43.

á chur i bhfios go láidir nach mór ról ríthábhachtach a bheith ag an athchúrsáil maidir le soláthar amhábhar agus ábhar tánaisteach a mhéadú, agus ar an gcaoi sin spleáchas AE ar allmhairí ó thíortha nach tíortha den Aontas iad a laghdú; ag iarraidh ar an gCoimisiún tuilleadh tacaíochta a thabhairt do bhearta chun teorainn a chur leis an méadú ar an éileamh ar amhábhair phríomhúla, amhail an geilleagar ciorclach a chur chun cinn, tacú le T&N le haghaidh ionadú ábhair, lena n-áirítear soláthairtí inbhuanaithe i gcomhaontuithe trádála, agus trí chomhpháirtíochtaí straitéiseacha le haghaidh amhábhair;

44.

ag iarraidh ar an gCoimisiún raon feidhme na Faireachlainne um Theicneolaíochtaí Criticiúla a leathnú chun faireachán, meastóireacht agus tuairisciú leanúnach a chur san áireamh maidir le táscairí athléimneachta do thionscail an Aontais, amhail spleáchais fhrithpháirteacha i bpríomhtheicneolaíochtaí, acmhainneachtaí monaraíochta, córas réamhrabhaidh do ghanntanais fhéideartha, spleáchais straitéiseacha agus fóirdheontais eachtracha in earnálacha straitéiseacha;

45.

ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit dreasachtaí ad hoc a chruthú le haghaidh infheistíochtaí i dtáirgeadh earraí criticiúla, amhail cógais bhunriachtanacha, chun a neamhspleáchas straitéiseach oscailte a bhaint amach, chomh maith le teicneolaíocht monaraíochta i ndáil le haon chineál géarchéime, lena n-áirítear cogadh, agus slabhraí soláthair athléimneacha fadtéarmacha á n-áirithiú ag an am céanna;

46.

ag iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go n-áiritheofar leis na bearta a mholtar i Straitéis Chógaisíochta an Aontais ról an Aontais mar nuálaí in T&F, chomh maith le hiomaíochas a ráthú, soláthairtí iontaofa agus inacmhainne, rochtain ar chógais nua-aimseartha a chur ar fáil agus go spreagfaidh siad nuálaíocht agus infheistíocht in T&F; ag tabhairt dá haire go dtacófar freisin le hathléimneacht AE trí thionscal cógaisíochta láidir atá bunaithe ar thaighde a mhealladh chuig an Aontas; á chur i bhfáth gur gá tacú le hinfheistíochtaí tiomnaithe in T&N, i monarú cógas agus comhábhar gníomhach in AE agus saoráidí bríomhara taighde-bhunaithe agus táirgthe a choinneáil ar a chríoch;

47.

á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di iomaíocht, infheistíochtaí agus táthcheangail éagóracha ag cuideachtaí neamh-AE arna maoiniú ag a stát ar an margadh aonair, go háirithe in earnálacha straitéiseacha amhail an soláthar fuinnimh, a bhfuil gá leo chun neamhspleáchas agus slándáil fuinnimh an Aontais a áirithiú; ag iarraidh ar an gCoimisiún anailís a dhéanamh ar an gcur isteach sin, chun cothrom na Féinne a ráthú, go háirithe do FBManna, chun bearta oiriúnacha agus fónta ó thaobh an dlí de a fhorbairt chun cur isteach a chosc, agus ag an am céanna, ar an iomlán, a áirithiú nach mbainfear an bonn de chreat seanbhunaithe bheartas iomaíochta AE agus go gcuirfear iomaíocht chóir chun cinn i measc cuideachtaí neamh-AE agus AE araon atá ag feidhmiú i margadh aonair AE;

48.

á chur in iúl gur geal léi na tograí ón gCoimisiún lena ndírítear ar chothrom na Féinne a bhunú do chuideachtaí Eorpacha agus neamh-Eorpacha araon; á chur i bhfáth gur gá iomaíochas onnmhairiúcháin na gcuideachtaí Eorpacha a choinneáil i ndáil leis na tograí sin;

49.

ag iarraidh ar an gCoimisiún, d’fhonn an chéad athbhreithniú eile a dhéanamh, raon feidhme agus sainmhínithe an chreata le haghaidh infheistíocht dhíreach choigríche a leathnú chun aghaidh a thabhairt ar éifeacht fóirdheontas eachtrach ar shlándáil eacnamaíoch in AE agus ar éifeacht aistrithe teicneolaíochta ag cuideachtaí AE i dtíortha nach bhfuil san Aontas in earnálacha straitéiseacha;

50.

ag iarraidh ar an gCoimisiún aistriú teicneolaíochtaí comhshaoil chuig tíortha i mbéal forbartha a chur chun cinn chun an t-aistriú glas ar scála domhanda a éascú;

51.

á chur in iúl gur cúis bhuartha di an méadú atá ag teacht ar spleáchas ar tháirgeoirí neamh-AE do threalamh slándála i gcodanna ríthábhachtacha agus íogaire dár sochaí, amhail slándáil teorann, cibearshlándáil agus cosanta; á chur i bhfáth gur gá teicneolaíocht slándála agus trealamh slándála a ainmniú mar earnáil straitéiseach; á iarraidh go mbeadh plean gníomhaíochta ann chun borradh a chur faoin tionscal sin san Aontais, lena n-áirítear trí rialacha oiriúnaithe maidir le soláthar poiblí;

52.

ag tabhairt chun suntais conclúidí thuarascáil Chúirt Iniúchóirí na hEorpa maidir le moilleanna i gcur chun feidhme líonraí 5G agus na rioscaí a bhaineann le díoltóirí neamh-AE (12); ag iarraidh ar an gCoimisiún cur i bhfeidhm comhordaithe 5G san Aontas a spreagadh agus spleáchais sheachtracha agus rioscaí trasnaíochta i dteicneolaíocht chumarsáide 5G agus 6G a laghdú trí thacaíocht chomhordaithe chun cur ar chumas gníomhaithe Eorpacha acmhainneachtaí T&F do chórais 6G a thógáil agus príomhmhargaí a fhorbairt do bhonneagar 5G mar bhonn do na claochluithe digiteacha agus glasa; ag iarraidh ar an gCoimisiún leibhéal leordhóthanach iomaíochais a áirithiú i réimse na dteicneolaíochtaí 5G, agus slándáil líonraí 5G á ráthú ag an am céanna;

53.

á thabhairt chun suntais go bhfuil tionscail agus earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta lárnach do ghluaiseacht Bauhaus Eorpach Nua, a bheidh ina thionscnamh ríthábhachtach; á thabhairt dá haire gur fórsa tiomána iad earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta don nuálaíocht agus don fhorbairt san Eoraip; ag iarraidh ar an gCoimisiún creat beartais tionsclaíochta cuimsitheach, comhleanúnach agus fadtéarmach a fhorbairt le haghaidh earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta;

54.

á chur in iúl gur geal léi an togra ón gCoimisiún le haghaidh an Ghnímh um Shonraí agus an tionscnamh maidir le spás coiteann Eorpach sonraí a fhorbairt; á chur i bhfios go láidir an ról a bheidh ag spásanna sonraí idir-inoibritheacha, iomaíocha agus uile-Eorpacha do roinnt earnálacha tionsclaíocha, lena n-áirítear forbairt na hintleachta saorga, soghluaisteacht, an comhshaol, sláinte agus monaraíocht chliste; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil gá le cur chuige difreáilte lena gcuirtear saintréithe gach earnála san áireamh; á chreidiúint go bhféadfadh ról ceannasach cuideachtaí neamh-AE/an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch i dtionscnaimh spásanna sonraí AE an sprioc maidir le ceannasacht theicneolaíoch AE a neartú, a laghdú; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá an geilleagar sonraí agus ag iarraidh ar an gCoimisiún dlús a chur leis na tionscnaimh uile a bhaineann le sonraí agus tacú le teacht chun cinn éiceachórais Eorpaigh spáis sonraí atá bunaithe ar iontaofacht, ar iomaíochas agus ar idir-inoibritheacht, agus cruthú bonneagar comhroinnte Eorpach a chothú chun úsáid agus malartú sonraí a éascú ar fud earnálacha tionsclaíocha, na héiceachórais sonraí, néal-éiceachórais agus imeall-éiceachórais a neartú agus infheistíochtaí sa chumarsáid ardluais a threisiú; á chur i bhfáth, ina leith sin, a thábhachtaí atá deimhneacht dhlíthiúil, rud atá ríthábhachtach d’acmhainneacht nuálach chuideachtaí AE;

55.

á thabhairt chun suntais gur gá athléimneacht na líonraí cumarsáide agus slándáil spásanna sonraí a áirithiú, agus, ar an gcaoi sin, imscaradh tapa líonraí snáithín a spreagadh a d’fhéadfadh ilchonairí agus athléimneacht in aghaidh ionsaithe fisiciúla agus cibirionsaithe a áirithiú;

56.

ag iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go mbainfidh an t-aistriú digiteach úsáid as modhanna úrscothacha agus as dea-chleachtais chun astaíochtaí gás ceaptha teasa agus castachtaí ríomhaireachta a laghdú, agus éifeachtúlacht fuinnimh agus éifeachtúlacht sonraí na gcóras atá in úsáid tháirgiúil a mhéadú; á chur i bhfáth, ina leith sin, go bhfuil gá le modh chun measúnú inbhuanaitheachta comhshaoil a áireamh san aistriú digiteach, lena n-áirítear maidir le húsáid fuinnimh, le linn shaolré iomlán na dtáirgí agus na gcóras;

57.

ag iarraidh ar an gCoimisiún bearta a thabhairt isteach chun cosc a chur ar úinéireacht neamh-AE ar chomhlachtaí AE faoina dtugtar fógra, atá ainmnithe ag tír AE chun measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht táirgí áirithe sula gcuirtear ar an margadh iad;

58.

á chur in iúl gur geal léi an tionscnamh ón gCoimisiún maidir le straitéis Eorpach um chaighdeánú a bhfuil sé d’aidhm aici tacú leis an gclaochlú digiteach agus leis an aistriú glas, agus ag teacht leis an uaillmhian cur chuige níos réamhghníomhaí a ghlacadh i leith caighdeáin a shocrú, lena n-áirítear ar an leibhéal idirnáisiúnta, le príomh-chomhpháirtithe trádála;

59.

á thabhairt dá haire, chun uathriail straitéiseach a bhaint amach, gur gá do AE a chumais chosanta a fhorbairt; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé treoir bheartais a sholáthar agus cláir phoiblí uaillmhianacha a fhorbairt chun tacú le hinfheistíochtaí sna tionscail spáis agus cosanta agus chun borradh a chur fúthu; á chreidiúint go bhfuil sé ríthábhachtach margadh Eorpach um threalamh cosanta atá iontaofa, measartha agus éifeachtúil a oibríochtú, lena n-áirítear ardleibhéal ceannasachta teicneolaíochta;

60.

á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

(1)  IO C 97, 28.2.2022, lch. 43.

(2)  IO C 270, 7.7.2021, lch. 2.

(3)  IO C 316, 6.8.2021, lch. 2.

(4)  IO C 425, 20.10.2021, lch. 43.

(5)  IO C 445, 29.10.2021, lch. 2.

(6)  IO C 465, 17.11.2021, lch. 11.

(7)  IO C 15, 12.1.2022, lch. 56.

(8)  IO C 15, 12.1.2022, lch. 45.

(9)  IO C 224, 8.6.2022, lch. 22..

(10)  IO C 238, 6.7.2018, lch. 28

(11)  Tuarascáil Speisialta 02/2022/ ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa: “Éifeachtúlacht fuinnimh i bhfiontair. Roinnt coigiltis ar fhuinneamh, ach laigí i bpleanáil agus roghnú tionscadal” https://www.eca.europa.eu/Lists/ECADocuments/SR22_02/SR_Energy-effic-enterpr_EN.pdf

(12)  Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, Tuarascáil speisialta 03/2022: Cur i bhfeidhm 5G san Aontas Eorpach: moilleanna ar chur chun feidhme líonraí le saincheisteanna slándála atá fós gan réiteach’, Oifig Foilseachán Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2022.


5.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 125/129


P9_TA(2022)0330

Iarmhairtí triomach, dóiteán agus feiniméan eile adhaimsire: iarrachtaí an Aontais a mhéadú chun an t-athrú aeráide a chomhrac

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Meán Fómhair 2022 maidir le hiarmhairtí triomach, dóiteán agus feiniméan eile adhaimsire: iarrachtaí an Aontais a mhéadú chun an t-athrú aeráide a chomhrac (2022/2829(RSP))

(2023/C 125/12)

Níl an téacs seo ar fáil as Gaeilge


5.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 125/130


P9_TA(2022)0331

An staid i gCaolas na Téaváine

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Meán Fómhair 2022 maidir leis an staid i gCaolas na Téaváine (2022/2822(RSP))

(2023/C 125/13)

Níl an téacs seo ar fáil as Gaeilge


MOLTAÍ

Parlaimint na hEorpa

Dé Céadaoin 14. Meán Fómhair 2022

5.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 125/131


P9_TA(2022)0318

An Chomhpháirtíocht Athnuaite le Comharsanacht an Deiscirt – Clár oibre nua don Mheánmhuir

Moladh ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Meán Fómhair 2022 chuig an gCoimisiún agus chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh / Ardionadaí an Aontais Eorpaigh do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála maidir leis an gcomhpháirtíocht athnuaite le Comharsanacht an Deiscirt – clár oibre nua don Mheánmhuir (2022/2007(INI))

(2023/C 125/14)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 9 Feabhra 2021 dar teideal Renewed Partnership with the Southern Neighbourhood – A New Agenda for the Mediterranean [“Comhpháirtíocht athnuaite le Comharsanacht an Deiscirt – Clár Oibre Nua don Mheánmhuir”] (JOIN(2021)0002),

ag féachaint do Dhearbhú Barcelona a glacadh ag an gComhdháil Eora-Mheánmhara an 27-28 Samhain 1995, lena mbunaítear Comhpháirtíocht Eora-Mheánmhara agus a raibh clár oibre mionsonraithe ag gabháil leis,

ag féachaint d’Airteagal 8 den Chonradh ar an Aontas Eorpach,

ag féachaint do Rún na Náisiún Aontaithe 70/1 dar teideal Ar nDomhan a Chlaochlú: Clár Oibre don Fhorbairt Inbhuanaithe” (Clár Oibre 2030)a glacadh ag Cruinniú Mullaigh na Náisiún Aontaithe maidir le Forbairt Inbhuanaithe an 25 Meán Fómhair 2015 i Nua-Eabhrac, agus lena mbunaítear na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna),

ag féachaint do SDG 14: “na haigéin, na farraigí agus acmhainní muirí a chaomhnú agus a úsáid go hinbhuanaithe ar mhaithe le forbairt inbhuanaithe”,

ag féachaint do Chomhaontú Pháras, a glacadh trí bhíthin Chinneadh 1/CP.21 ag an 21ú Comhdháil Pháirtithe (COP21) Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (UNFCCC) agus don 11ú Comhdháil Pháirtithe (COP11),

ag féachaint don 26ú Comhdháil Pháirtithe (COP26) UNFCCC, a tionóladh i nGlaschú, Ríocht Aontaithe, ó 31 Deireadh Fómhair go dtí 13 Samhain 2021,

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (COM(2019)0640),

ag féachaint don Choinbhinsiún maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe in Aghaidh na mBan a Dhíothú (CEDAW),

ag féachaint do Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun Foréigean in aghaidh na mBan agus Foréigean Teaghlaigh a Chosc agus a Chomhrac (Coinbhinsiún Iostanbúl),

ag féachaint don ocht gcoinbhinsiún bhunúsacha de chuid na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (ILO), eadhon: An Coinbhinsiún maidir le Saoirse Comhlachais agus Cosaint an Chirt Eagrúcháin, 1948; An Coinbhinsiún maidir leis an Ceart Eagrúcháin agus Cómhargáil, 1949; An Coinbhinsiún maidir le hObair Éigeantais, 1930 (agus Prótacal 2014 lena mbaineann); An Coinbhinsiún maidir le Saothar Éigeantach a Chur ar Ceal, 1957; an Coinbhinsiún maidir leis an Aois Íosta, 1973; an Coinbhinsiún maidir leis na Cineálacha is Measa de Shaothar Leanaí, 1999; an Coinbhinsiún maidir le Luach Saothair Comhionann, 1951; an Coinbhinsiún maidir le hIdirdhealú (i gCúrsaí Fostaíochta agus Slí Bheatha), 1958,

ag féachaint don Choinbhinsiún maidir le Cosaint na Muirthimpeallachta agus Réigiún Cósta na Meánmhara (Coinbhinsiún Barcelona) agus do phrótacail ghaolmhara agus do chinntí gaolmhara an Aontais,

ag féachaint do Dhearbhú Aireachta na Stát ar Chósta na Meánmhara, (Dearbhú MedFish4Ever, a glacadh i Vaileite, an Málta, an 30 Márta 2017,

ag féachaint don doiciméad inmheánach oibre comhpháirteach an 9 Feabhra 2021 dar teideal Comhpháirtíocht athnuaite le Comharsanacht an Deiscirt agus an Plean Eacnamaíoch agus Infheistíochta do Chomharsana an Deiscirt [Renewed Partnership with the Southern Neighbourhood Economic and Investment Plan for the Southern Neighbours] (SWD(2021)0023),

ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 16 Aibreán 2021 maidir le Comhpháirtíocht athnuaite le Comharsanacht an Deiscirt – Clár oibre nua don Mheánmhuir’,

ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle Eorpach an 10 agus an 11 Nollaig 2020,

ag féachaint don ráiteas ó chomhaltaí na Comhairle Eorpaí an 26 Feabhra 2021,

ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún dar teideal Comhpháirtíocht athnuaite an Aontais le Comharsanacht an Deiscirt – Clár Oibre Nua don Mheánmhuir [Renewed partnership with the Southern Neighbourhood – A new Agenda for the Mediterranean] arna glacadh ag a 145ú seisiún iomlánach an 30 Meitheamh agus an 1 Iúil 2021,

ag féachaint dá rún an 27 Márta 2019 dar teideal “I ndiaidh an Earraigh Arabaigh: bealach chun cinn i gcomhair réigiún MENA” (1),

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta i bhfoirm litreach,

ag féachaint do Riail 118 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A9-0220/2022),

A.

de bhrí gur shínigh an Comhphobal Eorpach, mar a bhí ag an am, Dearbhú Barcelona i Samhain 1995, agus teacht chun cinn limistéir chomhchoitinn á chur chun cinn ag 12 thír de chuid na Meánmhara Theas agus is iad síocháin, cobhsaíocht agus rathúnas an cuspoír deiridh a bhí acu;

B.

de bhrí in 2004, mar thoradh ar mhéadú AE as a dtáinig aontachas Ballstát nua ón Oirthear agus ón Deisceart, chinn AE a Bheartas Comharsanachta na hEorpa a sheoladh, lenar cumhdaíodh gnéithe thoir agus theas AE agus ag iarraidh an t-idirphlé agus an comhar lena thíortha comharsancha a chur chun cinn; de bhrí gur tugadh Beartas Comharsanachta na hEorpa cothrom le dáta ina dhiaidh sin in 2015; de bhrí go raibh an beartas sin á chomhlánú ar feadh blianta fada ag ionsraim thiomnaithe airgeadais do ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais, ag cur acmhainní agus cuspóirí foriomlána ar fáil, chomh maith le sainordú don Choimisiún clársceidealú bliantúil agus ilbhliantúil do chúnamh AE a mholadh; de bhrí go bhfuil an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda (NDICI) curtha in ionad ionstraim airgeadais AE do Bheartas Comharsanachta na hEorpa anois;

C.

de bhrí gurbh í 2008 tús Aontais don Réigiún Meánmhuirí (UfM), eagraíocht idir-rialtasach a cruthaíodh ionas go leantar de Phróiseas Barcelona agus a chuireann ionad tábhachtach ar fáil le haghaidh idirphlé agus comhair ar an leibhéal polaitiúil agus ar leibhéal eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus páirtithe leasmhara ábhartha; de bhrí gur comhlánú ar an UfM é Tionól Parlaiminteach (UfM-PA), a chuireann deis ríthábhachtach ar fáil le haghaidh idirphlé agus cóineasú polaitiúil, chomh maith le comhar iltaobhach i measc ionadaithe tofa AE agus a thíortha comhpháirtíochta sa Mhéanmhuir Theas;

D.

de bhrí gur fhormhuinigh an Coimisiún agus Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh / Ardionadaí an Aontais Eorpaigh do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (VP/HR) an 9 Feabhra 2021, teachtaireacht chomhpháirteach maidir le comhpháirtíocht uaillmhianach athnuaite le Comharsanacht an Deiscirt maidir le clár oibre nua don Mheánmhuir agus doiciméad inmheánach oibre comhpháirteach a ghabhann leis lena mbunaítear plean eacnamaíoch agus infheistíochta a dhíríonn, inter alia, ar chúig thosaíocht, eadhon: forbairt an duine, dea-rialachas agus an smacht reachta; athléimneacht, rathúnas agus an t-aistriú digiteach; an tsíocháin agus an tslándáil; imirce agus soghluaisteacht; agus an t-aistriú glas: athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide, fuinneamh agus an comhshaol. de bhrí gur céim dhearfach sa treo ceart i dtreo tuilleadh comhtháthaithe eacnamaíoch agus beartais le tíortha chomharsanacht an Deiscirt; de bhrí go n-athdhaingnítear le Dearbhú Chomhaontuithe Abraham Comhaontuithe Abraham a síníodh i mí Lúnasa 2020 agus tagraíonn sé do na comhaontuithe a tháinig ina dhiaidh sin, ag iarraidh an caidreamh idir Iosrael agus Stáit Arabacha eile a normalú;

E.

de bhrí gur limistéar é réigiún na Meanmhara a bhfuil tábhacht straitéiseach ríthábhachtach agus comhlántach ag baint leis do AE; de bhrí go n-áiríodh i bPróiseas Barcelona, mar a ghairtear de, a seoladh i 1995 na cuspóirí seo a leanas: limistéar comhchoiteann síochána a chruthú, cobhsaíocht agus rathúnas comhroinnte, limistéar saorthrádála Eora-Mhéanmhara a sheoladh, oibriú chun daonlathas agus urraim do chearta an duine a neartú, agus comhpháirtíocht Eora-Mhéanmhara a fhorbairt ar mhaithe le tuiscint agus gaireacht níos fearr i measc daoine; de bhrí níos mó ná 25 bliain tar éis Dearbhú Barcelona, nár baineadh amach formhór na gcuspóirí go hiomlán; de bhrí gur gá an caidreamh idir AE agus a chomhpháirtithe Méanmhara a athspreagadh chun aghaidh a thabhairt ar dhúshlain choiteanna agus tairbhe a bhaint as deiseanna coiteanna agus as acmhainneacht ár réigiún roinnte; de bhrí go bhfuil aghaidh á tabhairt ag tíortha Chomharsanacht an Deiscirt ar dhúshláin choiteanna, ach mar sin fein tá staid pholaitiúil agus eacnamaíoch shonrach agus fadhbanna faoi leith ag baint le gach ceann acu gur gá iad a aithint i mbeartais AE maidir le réigiúin faoi seach;

F.

de bhrí go bhfuil sé in ainm ag an gclár oibre don Mhéanmhuir creat beartais uileghabhálach a leagan amach mar bhealach chun ullmhú creataí polaitiúla détaobhacha a éascú, ar féidir doiciméid chomhpháirteach, tosaíochtaí comhpháirtíochta nó coibhéisí a bheith iontu, lena mbunaítear cláir oibre um athchóiriú polatiúil agus eacnamaíoch arna gcomhaontú go comhpháirteach agus uirlisí gaolmhara cur chun feidhme; de bhrí go bhfuil sé riachtanach go mbeadh beartais na mBallstát comhleanúnach le beartas Chomharsanacht an Deiscirt chun go mbainfeadh AE a gcuspóirí beartais eachtraigh amach sa réigiúin;

G.

de bhrí go bhfuil leas coiteann idir AE agus a chomhpháirtithe Chomharsanacht an Deiscirt maidir le tacú le córas iltaobhach athnuaite agus oiriúnach don fheidhm, leis na Náisiún Aontaithe ina chroílar, chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin choiteanna amhail coinbhleachtaí a réiteach agus a chosc, cothú na síochána, athrú aeráide, éilliú, an choireacht eagraithe agus an sceimhlitheoireacht, agus foréigean in aghaidh na mban;

H.

de bhrí gur gá do AE infheistíocht a dhéanamh i gComharsanacht an Deisceart mar ábhar tosaíochta; de bhrí go ndéanfaidh slándáil, cobhsaíocht, rathúnas agus athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide Chomharsanacht an Desicirt de chuid an Aontais slándáil, cobhsaíocht, rathúnas agus athléimneacht aeráide an Aontais a threisiú; de bhrí go gcuirfidh infheistíocht athnuaite i gComharsanacht an Deiscirt agus idirphlé polatiúil agus beartais threisithe idir AE agus tíortha Chomharsanacht an Deiscirt deis luachmhar ar fáil le haghaidh dlúthchomhair agus sineirgí beartais chun leas AE agus a chuid Ballstát araon, ar thaobh amháin, agus tíortha Chomharsanacht an Deiscirt, ar an taobh eile; de bhrí nár cheart Comharsanacht an Deiscirt a fheiceáil i dtimpeallacht folúis, ach i gcomhghaol le Comharsanacht an Oirthir agus Beartas níos leithne Comharsanachta na hEorpa (ENP) mar a shainmhínítear san athbhreithniú ar Bheartas Comharsanachta na hEorpa (ENP) 2015, agus machnamh straitéiseach foriomlán a dhéanamh ar conas caidreamh níos dlúithe atá chun tairbhe an dá thaobh agus cothrom a shaothrú idir AE agus a chomharsana; de bhrí go bhfuil Comharsanachtaí an Deiscirt agus an Oirthir de chuid an Aontais straitéiseach don Aontas i réimsí éagsúla, amhail an chobhsaíocht agus an tslándáil, an tslándáil fuinnimh, coinbhleachtaí agus riosca na sceimhlitheoireachta a bhainistiú, an t-athrú aeráide a chomhrac, trádáil, slándáil slabhraí soláthair agus rochtain éagsúlaithe ar mhargaí, agus an imirce a bhainistiú, i measc réimsí eile, agus leis sin is féidir leo cearta an duine agus athchóirithe daonlathacha a chur chun cinn agus, dá bhrí sin, spás níos sláine agus níos éifeachtaí le haghaidh caidreamh eacnamaíoch agus infheistíochtaí a áirithiú, m.sh. línte soláthair níos giorra; de bhrí gur cheart don Aontas spás coiteann rialála a shaothrú ina mbeidh Comharsanachtaí an Deiscirt agus an Oirthir san áireamh agus, dá bhrí sin, rochtain ar na caighdeáin bheartais, fhrith-éillithe agus ceharta an duine is airde a áirithiú dá thíortha comharsanachta, nárbh iolraitheoirí d’infheistíocht eacnamaíoch agus d’fhás eacnamaíoch cothrom agus inbhuanaithe amháin iad, ach chomh maith leis sin tá siad ríthábhachtach le haghaidh slándáil fheabhsaithe agus cobhsaíoct pholatiúil thíortha Chomharsanachtaí an Deiscirt agus an Oirthir agus AE, agus le haghaidh chosaint an chomhshaoil;

I.

de bhrí go bhfuil méadú tagtha ar an mbaol go mbeidh tuilleadh díchobhsaithe de bharr ghéarchéim COVID-19 agus impleachtaí slándála bia an chogaidh san Úcráin, mar go bhfuil na hiarmhairtí socheacnamaíocha a bhaineann leis dian do thíortha Chomharsanacht an Desicirt; de bhrí gur cheart do AE éagsúlacht agus ilchineálacht an réigiúin a aithint agus a chaidreamh a oiriúnú do chomhthéacs sainiúil gach stát;

J.

de bhrí gur cheart de bheartas Chomharsanacht an Desicirt creat beartais éifeachtach agus rochtain ar acmhainní agus ar infheistíochtaí a chur ar fáil do thíortha Chomharsanacht an Desicirt, chun fíorchomhtháthú socheacnamaíoch i gcoitinne, forbairt eacnamaíoch, fostaíocht agus próiseas forbartha acmhainne a chothú, lena n-áirítear ó thaobh an daonlathais, do na hinstitiúidí ábhartha; de bhrí gur cheart go rannchuideodh beartas Chomharsanacht an Desicirt sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma le coinbhleachtaí a dhíghéarú i gComharsanacht na hEorpa agus iad a chosc sa todhchaí; de bhrí go bhfuil mná agus páistí go háirithe buailte go dona ag na coinbhleachtaí i dtíortha na Méanmhara;

K.

de bhrí in 2021, go raibh 1,924 duine a fuair bás nó a chuaigh ar iarraidh ar bhealaí imirce na Méanmhara Láir agus Thiar, agus bhí 1 153 eile a fuair bás nó a chuaigh ar iarraidh ar bhealach muirí na hAfraice Thiar Thuaidh chuig na hOileáin Chanáracha, de réir Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe do Dhídeanaithe; de bhrí go raibh 1 776 duine a fuair bás nó a chuaigh ar iarraidh ar na trí bhealach in 2020; de bhrí go bhfuil 23 000 duine a fuair bás nó a chuaigh ar iarraidh sa Mhéanmhuir in 2014, de réir Thionscadal na nImirceach ar Iarraidh, an tionscnamh a chuir an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce chun feidhme in 2014;

L.

de bhrí gur lorg AE cur chuige cuimsitheach maidir le himirce agus le tearmann, bunaithe ar luachanna AE, is iad sin dlúthpháirtíocht agus cearta an duine agus an smacht reatha a chosaint;

M.

de bhrí go raibh iarmhairtí suntasacha ag an gcogadh san Úcráin i go leor tíortha leochaileacha ar phraghas, ar tháirgeacht agus ar sholáthar agus rochtain ar ghránaigh, go háirithe cruithneacht; de bhrí go bhfuil comhpháirtíochtaí Chomharsanacht an Deiscirt ag brath ó thaobh struchtúir de ar allmhairiú gránach agus go bhfuil tionchar suntasach ag an gcogadh san Úcráin ar shlabhraí soláthair tráchtearraí cruithneachta agus ola cócaireachta, lena ngabhann impleachtaí don tslándáil bhia; de bhrí gur seoladh an Tionscnamh Idirnáisiúnta um an Misean Athléimneachta Bia agus Talmhaíochta (FARM) an 24 Márta 2022, i gcomhar le AE, an G7 agus an tAontas Afracach, chun éifeachtaí tubaisteacha an chogaidh atá á fhearadh ag an Rúis san Úcráin ar sholáthar bia an domhain a chosc;

N.

de bhrí go bhfuil, agus go leanfaidh cogadh ionsaitheach na Rúise i gcoinne na hÚcráine d’éifeachtaí millteacha a bheith aige ar an réigiún ó thaobh na slándála bia; de bhrí gur leag an cogadh san Úcráin béim ar an mbagairt agus gurb é an léiriú is déanaí ar an mbagairt sin ó thríú tíortha a lorgaíonn ceannas polaitiúil agus eacnamaíoch ar réigiún na Méanmhara agus ar chomharsanacht an Aontais, chun dochair d’ardfheidhmeanna daonlathacha agus sláine críche spriocthíortha; de bhrí gurbh áit súgartha í Comharsanacht an Desicirt de chuid an Aontais do na hollchumhachtaí, lena n-áirítear an Rúis, an tSín agus an Iaráin, i measc tíortha eile, atá go léir ag iarraidh cur lena n-acmhainn maidir le mórcheannas polaitiúil agus/nó eacnamaíoch a fheidhmiú i dtíortha áirithe i gComharsanacht an Deiscirt, ar dhúshlán nach beag é, dá bhrí sin, do AE, a gcuid Ballstát agus tíortha Chomharsanacht an Deiscirt chun a n-acmhainní a fhorbairt chun an bhréagaisnéis a chomhrac agus chun luachanna daonlathacha amhail saoirse an phreasa, saoirsí comhlachais agus tionóla agus iolrachas na meán a chur chun cinn, arb codanna ríthábhachtacha den smacht reatha iad go léir agus gur gá cur leo; de bhrí gur cuid bhunúsach d’fhorbairt aon tír sa réigiún é sochaí shibhialta shaor, láidir agus neamhspleách;

O.

de bhrí go bhfuil iarrachtaí ar siúl ag AE chun cur i gcoinne iarrachtaí triú páirtí chun an réigiún a dhíchobhsú; de bhrí gur gá don Aontas a ról mar chomhpháirtí pribhléideach agus mar chrann taca príomhúil polaitiúil, eacnamaíoch agus daonlathach do thíortha Chomharsanacht an Deiscirt i gcúrsaí amhail cearta an duine, an daonlathas agus an smacht reatha, an tslándáil, an imirce, an comhrac i gcoinne an athraithe aeráide, agus taighde agus forbairt a athdhearbhú; de bhrí go léirítear ról bunúsach sin an Aontais, agus gur cheart go leanfar de bheith á léiriú, sa leibhéal tiomantais agus sa seasamh beartais ar leibhéal AE a bhaineann le Comharsanacht an Deiscirt;

P.

de bhrí gur tosaíocht go fóill é an comhrac i gcoinne na coireachta eagraithe agus gach cineál sceimhlitheoireachta, lena n-áirítear sceimhlitheoireacht Ioslamach; de bhrí go bhfuil an comhrac i gcoinne an Stáit Ioslamaigh ar siúl sa réigiún ó 2015; de bhrí nach bhfuil aghaidh tugtha ar chuid de na bunchúiseanna atá le gluaiseachtaí radacacha, lena n-áirítear imeallú sóisialta agus polaitiúil, go dtí an lá atá inniu ann;

Q.

de bhrí gur léiríodh leis an gcogadh san Úcráin agus leis an ngá atá ann mar thoradh air soláthar fuinnimh AE a éagsúlú tuilleadh agus a dhícharbónú an ról ríthábhachtach atá ag Comharsanacht an Deiscirt maidir le bheith ina comhpháirtí ríthábhachtach do AE maidir leis An Comhaontú Glas don Eoraip a bhaint amach, ach chomh maith leis sin soláthairtí leordhóthanacha gáis agus ola chuig AE sa ghearrthéarma a áirithiú ag a bhfuil tairbhí frithpháirteacha don Aontas agus do thíortha Chomharsanacht an Deiscirt araon; de bhrí go gcuireann fionnachtain cúltaiscí suntasacha ábhartha gáis nádúrtha agus an fhliúrse fuinneamh inathnuaite i dtíortha na Méanmhara Theas agus Thoir, go háirithe an Sahára agus an fhéidearthacht mhór atá ann do tháirgeadh leictreachais in-athnuaite, deis ar fáil d’fhorbairt eacnamaíoch sna tíortha lena mbaineann agus do chomhar fuinnimh ghlan le AE, lena n-áirítear hidrigin ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite; de bhrí gur cheart ioncam ó acmhainní nádúrtha a dháileadh go cóir agus a úsáid chun tairbhe na bpobal áitiúil; de bhrí go bhfuil comhpháirtíochtaí ag teastáil do na cúlchistí agus na soláthairtí gáis sin, d’infheistíocht agus do chomhroinnt feasa gnó idir tíortha na Meánmhara Theas agus an tAontas Eorpach agus a chuid Ballstát; de bhrí, da réir sin, go bhfuil sé á chruthú cheana gur deis atá sa chomhpháirtíocht sin le haghaidh idirphlé agus comhair i measc tíortha uile Chomharsanacht an Deiscirt lena mbaineann, rud a chuirfidh le cobhsaíocht sa réigiún; de bhrí go bhfuil Comharsanacht an Deiscirt riachtanach, dá bhrí sin, ní hamháin ar chúiseanna slándála agus cobhsaíochta réigiúnaí, ach mar phríomh-chomhpháirtí don rochtain ar fhoinsí iontaofa fuinnimh, lena n-áirítear foinsí in-athnuaite; de bhrí go bhfuil fíorchomhpháirtíocht a bhfuil tairbhí frithpháirteacha ag baint leis ríthábhachtach chun rochtain ar fhuinneamh in-athnuaite, inacmhainne agus áitiúil ar bhealach cuimsitheach a ráthú, go háirithe do dhaoine i dtíortha Chomharsanacht an Deiscirt;

R.

de bhrí go bhfuil éifeachtaí an athraithe aeráide ar tí tuilleadh easáitithe de dhaonraí atá ina gcónaí sa Mheán-Oirthear agus i dTuaisceart na hAfraice a spreagadh; de bhrí go n-óstálfaidh an Éigipt 27ú Comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an Aeráid, COP27, i Samhain 2022; de bhrí, de réir Chlár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe, go bhfuil an Mhéanmhuir ag téamh 20 % níos tapúla ná an meán domhanda; de bhrí go bhfuiltear ag súil go laghdóidh báisteach an earraigh agus an tsamhraidh 20 % faoi 2080;

S.

de bhrí go bhfuil 510 milliún duine ina gcónaí i réigiún na Méanmhara agus gurb í an mhórfharraige is is truaillithe, agus 1,25 milliún blogh phlaisteach an km2 inti; de bhrí gur gné thábhachtach é an bruscar muirí sa ghéarchéim bhithéagsúlachta agus go bhfuil costas de EUR 641 milliún sa bhliain ag baint leis do na hearnálacha turasóireachta, iascaigh agus muirí; de bhrí, de réir thuarascáil Chiste Fiadhúlra an Domhain 2019, go dtéann 0,57 milliún tonna plaistigh isteach sa Mhéanmhuir gach bliain, figiúr a mhéadóidh faoi cheathar faoi 2050; de bhrí, de réir (Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe), go ndéantar iascaireacht ag leibhéil neamh-inbhuanaithe ó thaobh na bitheolaíochta de ar 75 % de stoic na Méanmhara a bhfuil measúnuithe bailíochtaithe ar fáil dóibh;

T.

de bhrí go bhfuil dlúthghaol idir an fhorbairt, an tslándáil, an chobhsaíocht agus an daonlathas i gComharsanacht an Deiscirt agus fíor-lánpháirtiú socheacnamaíoch na mban, na hóige agus grúpaí a dhéantar idirdhealú orthu amhail daoine LGBTQI+, cearta bunúsacha do mhionlaigh chreidimh, chultúrtha agus eitneacha, agus spásanna oscailte do shaoránaigh agus an tsochaí shibhialta neamhspleách len iad féin a chur in iúl, gníomhú, agus smaointe agus tuairimí a roinnt go saorálach; de bhrí go bhfuil sé léirithe ag staidéir go bhfuil a n-acmhainn chun rochtain a fháil ar oideachas, ar ghairmoiliúint, ar fhostaíocht agus ar fhorbairt ghairmiúil fadtéarmach leordhóthanach ríthábhachtach; de bhrí gur cheart go mbeadh cearta sibhialta, polaitiúla, sóisialta agus eacnamaíoch na mban agus a gcur chun cinn i gComharsanacht an Deiscirt ina dtosaíocht ar an gclár oibre nua don Mhéanmhuir; de bhrí go bhfuil comhtháthú na mban sa mhargadh aonair i bhfad nios ísle ná mar atá in n áiteanna eile ar fud an domhain, ag 19 % ar an meán de réir thuarascáil Ban na Náisiún Aontaithe 2020, a chuireann anailís ar staid na mban i réigiún an Mhéan-Oirthir/Thuaisceart na hAfraice (MENA);

1.

á mholadh, i gcur chun feidhme na comhpháirtíochta athnuaite le Comharsanacht an Deiscirt, clár oibre nua don Mheánmhuir, don Choimisiún agus don Leas-Uachtarán/Ardionadaí:

(a)

acmhainní leordhóthanacha a shlógadh chun an clár oibre nua don Mheánmhuir a chur chun feidhme go tráthúil agus go héifeachtach bunaithe ar na cuspóirí agus na tosaíochtaí a chinntear go comhpháirteach le tíortha comhpháirtíochta Chomharsanacht an Deiscirt, ag tógáil ar shineirgí luachmhara trí chomhar trédhearcach agus tríd an ngníomhaíocht sheachtrach a chlársceidealú don réigiún faoin Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (NDICI) agus lúthchomhar a shaothrú le clársceidealú Bhallstáit chomh maith le deiseanna cumaisc a éascú a mhéid is féidir trí chomhpháirtíochtaí idir an Banc Eorpach Infheistíochta, an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha agus institiúidí airgeadais idirnáisiúnta ábhartha eile; á mheas go bhféadfaí leis an gclár oibre nua don Mheánmhuir coinníollacht dhearfach a thabhairt isteach faoina bhféadfaí comhpháirtíocht agus cóineasú breise maidir le tosaíochtaí beartais eile ar mhaithe leis an Aontas agus le tíortha Chomharsanacht an Deiscirt araon a bheith mar thoradh ar thacaíocht ghníomhach an Aontais do chomhéadan beartais níos dlúithe agus éifeachtach le tíortha Chomharsanacht an Deiscirt agus a gcuid saoránach; nuashonruithe bliantúla a thíolacadh maidir le cur chun feidhme an chláir oibre nua don Mheánmhuir agus infheictheacht an Aontais a áirithiú i ngach acmhainn airgeadais de chuid an Aontais a leithdháiltear ar an réigiún go díreach nó go hindíreach trí chomhpháirtíocht leis na Náisiúin Aontaithe, le heagraíochtaí idirnáisiúnta eile, agus comhphairtithe traidisiúnta agus neamhthraidisiúnta, ag glacadh cur chuige Fhoireann na hEorpa, agus cuntasacht bhuiséadach agus airgeadais a áirithiú ag an am céanna, bunaithe ar an modheolaíocht reatha do bhainistiú feidhmíochta agus an córas tuairiscithe do chláir AE, lena n-áirítear cur chuige dreasacht-bhunaithe. córas ginearálta coinníollachta a áireamh chun buiséad an Aontais a chosaint; a chur i bhfáth go bhfuil ionchais láidre ag sochaithe sibhialta thíortha Chomharsanacht an Deiscirt maidir leis an Aontas agus a gcuid Ballstát mar chrainn taca pholaitiúla, eacnamaíocha agus chultúrtha d’athchóirithe polaitiúla agus eacnamaíocha agus don rathúnas fadtéarmach; rabhadh a thabhairt, i bhfianaise na tábhachta straitéisí agus acmhainneacht eacnamaíoch an réigiúin, go bhfuil dúshláin ag baint le cumas AE a bheith mar an príomh-chomhpháirtí agus, dá bhrí sin, tá infheictheacht leordhóthanach do thiomantas AE i leith an réigiúin i gcoitinne riachtanach, go díreach agus trí chistí a leithdháiltear ar eagraíochtaí amhail na Náisiúin Aontaithe araon;

(b)

idirphlé agus comhar AE le tíortha Chomharsanacht an Deiscirt i réimsí beartas ábhartha a neartú agus cosc ar choinbhleachtaí agus cothú na síochana, an comhrac i gcoinne na píoráideachta, an tslándáil mhuirí, agus an comhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta, an radacaithe agus an antoisceachais a chur chun cinn;

(c)

doiciméid chomhpháirteach agus tosaíochtaí comhpháirtíochta a fhorbairt agus a chur i gcrích mar ábhar tosaíochta chun teacht in ionad na doiciméid roimhe seo, ag tógáil ar na cúig phríomhthosaíocht de chlár oibre na Meánmhara, go háirithe na cinn sin maidir le forbairt an duine, slándáil an duine, dea-rialachas agus an smacht reachta;

(d)

post an Ionadaí Speisialta AE do Chomharsanacht an Deiscirt a athbhunú, ar cheart dó tuarascáil a dhéanamh don VP/HR agus don Choimisinéir um an gComharsanacht agus um Méadú (NEAR), chun aontacht agus gníomhaíocht an Aontais sa réigiúin a mhéadú, agus ár gcomhluachanna agus ár gcomhleasanna a chur chun cinn agus a chosaint;

(e)

for-rochtain agus idirphlé taidhleoireachta le stáit Chomharsanacht an Deiscirt a threisiú, lena n-áirítear i gcreat Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, agus a thabhairt, mar ábhar tosaíochta, ar thionchar ionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine ar thíortha Chomharsanacht an Deiscirt ó thaobh shlándáil an tsoláthair bia de, agus aird ar leith á tabhairt ar na tíortha is leochailí mar gheall ar a spleáchas ar allmhairí bia, ar easpa slándála sóisialta nó ar an tsamhail eacnamaíoch; dul i mbun plé leis an bParlaimint maidir le bealaí chun slándáil bhia a áirithiú do thíortha sa Mheánmhuir Theas a bhfuil deacrachtaí i ndáil leis sin os a gcomhair agus chun freagairt stóinsithe, athléimneach agus inbhuanaithe beartais agus cúnaimh a cheapadh chun na críche sin gan a thuilleadh moille, agus chomh maith leis sin, chun cur leis an tSaoráid um Bia agus Athléimneacht chun aghaidh a thabhairt ar shlándáil an tsoláthair bhia sa réigiún, lena n-áirítear córais talmhaíochta áitiúla inbhuanaithe agus cleachtais talmhaíochta nach bhfuil chomh dian ó thaobh aschuir de agus atá níos ábhartha don athrú aeráide a chur chun cinn, a mheabhrú go ndéanann iarmhairtí na géarchéime aeráide easpa sábháilteachta an tsoláthair bia sa réigiún níos measa fós, go háirithe triomaigh agus an t-ardú ar theochtaí foircneacha; a mheabhrú a thábhachtaí atá infheictheacht leordhóthanach d’iarrachtaí agus d’acmhainní AE nuair atá cúnamh á threorú trí eagraíochtaí eile amhail an Clár Domhanda Bia agus monatóireacht leanúnach ar ghníomhaíochtaí agus ar acmhainní chun an dul chun cinn a rinneadh a athbhreithniú;

(f)

an iliomad dúshlán amhail an t-athrú aeráide, an ghéarchéim eacnamaíochta agus ionsaithe sceimhlitheoireachta atá roimh an réigiún a aithint; a thabhairt chun suntais go bhféadfadh na coinbhleachtaí is tromchúisí tarlú mar thoradh ar an strus madir le huisce de bharr riachtanas méadaithe d’fhionnuisce, mar aon le rialú straitéiseach ar aibhneacha; straitéis pholaitiúil a bhunú chun réitigh sna réimsí a bhfuil poitéinseal díchobhsaithe ag baint leo a éascú;

(g)

straitéisí chun an bochtanas a mhaolú, straitéisí tiomnaithe do chlársceidealú le haghaidh rochtana níos leithne don óige agus do mhná ar oideachas agus ar ardoideachas mar aon le cistiú leordhóthanach le haghaidh rochtain ar oideachas don daonra i gcoitinne, agus straitéisí chun tacú le struchtúir éifeachtúla ardoideachais nó ghairmoideachais a bhunú agus a fhorbairt i dtíortha Chomharsanacht an Deiscirt a chur chun feidhme, mar ábhar tosaíochta; oibriú le tíortha comhpháirtíochta ionas go gcloíonn curaclaim a scoileanna le caighdeáin síochána, lamháltais agus neamh-fhoréigin de chuid UNESCO; oibriú chun an fhuathchaint, a dhéanann an t-idirdhealú agus foréigean a ghríosú, a dhíchur agus a dhíspreagadh, agus tacú le beartais agus le tionscnaimh a bfhuil sé mar aidhm leo mionlaigh a chosaint agus léirithe na héadulaingthe, an chiníochais, na homafóibe, na seineafóibe agus cineálacha éadulaingthe creidimh a chomhrac; a chur i bhfáth go bhfuil forbairt curaclam ríthábhachtach chun sochaithe caoinfhulangacha a chothú; a mheabhrú gur ábhar mór imní dár gcomhpháirtithe sa réigiún é imirce daoine óga agus daoine oilte agus gur bagairt thromchúiseach í ar acmhainneacht fhadtéarmach d’fhás eacnamaíoch agus inmharthanacht eacnamaíoch thíortha Chomharsanacht an Deiscirt; a chur i bhfios go láidir, mar sin, a thábhachtaí atá sé infheistíocht agus fás eacnamaíoch a chur chun cinn sa réigiún i gcomhthráth le rochtain níos leithne ar oideachas, ar oiliúint ghairmiúil agus ar dheiseanna fostaíochta, ionas go mbeadh fíorsheans ag daoine óga i dtíortha Chomharsanacht an Deiscirt rochtain ar fhostaíocht agus fíorchomhtháthú socheacnamaíoch a bheith acu; a chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé rochtain ar chláir Erasmus agus Erasmus+ a mhéadú do rannpháirtithe ó thíortha Chomharsanacht an Deiscirt; lena n-áirítear na daoine sin a theith ón Úcráin, agus an cistiú a mhéadú do na malartuithe sin; cosc a chur ar thionchar diúltach a bheith ag na beartais sin ar thíortha Chomharsanacht an Deiscirt tríd an bhfeiniméan d’imirce daoine oilte; a mheabhrú a thábhachtaí atá an tsoghluaisteacht chiorclach, lena n-áirítear malartuithe agus comhpháirtíochtaí soghluaisteachta Theas-Theas, ionas go mbeidh deiseanna nithiúla ag gairmithe ó thíortha Chomharsanacht an Deiscirt a n-oiliúint agus scileanna gairmiúla a shaibhriú agus a mhéadú tuilleadh san Aontas agus filleadh ar a dtír thionscnaimh chun eolas a roinnt agus a fhorbairt;

(h)

aird a thabhairt ar an modheolaíocht reatha do bhainistiú feidhmíochta agus an córas tuairiscithe do chláir AE, lena n-áirítear an cur chuige dreasacht-bhunaithe, i gcomhtháthú socheacnamaíoch na mban sa réigiún agus comhionannas inscne a phríomhshruthú i ngach réimse de bheartais an Aontais nuair is féidir; tacaíocht spriocdhírithe ón Aontas do mhná a bhfuil sé d’aidhm aici feabhas a chur ar a rochtain ar oideachas, ar oiliúint agus ar fhostaíocht agus, ar bhonn níos ginearálta, chun deiseanna gairmiúla agus socheacnamaíocha comhionanna a chur chun cinn, agus dá bhrí sin, bheith ar son a neamhspleáchas airgeadais agus cearta comhionanna a chur chun cinn; comhpháirtíochtaí déthaobhacha agus tríthaobhacha idir ollscoileanna Chomharsanacht an Deiscirt agus ollscoileanna AE a dhreasú, lena n-áirítear trí dheiseanna cianfoghlama níos leithne do mhic léinn Chomharsanacht an Deiscirt agus deiseanna malartaithe níos leithne d’fhoireann acadúil; rochtain níos leithne ar na meáin ar líne AE-bhunaithe, lena n-áirítear trí mhoil dhigiteacha phoiblí, agus ábhar cultúrtha AE do lucht spéise i dtíortha Chomharsanacht an Deiscirt;

(i)

tacú le cur chun feidhme agus le daingniú coinbhinsiún idirnáisiúnta chun foréigean in aghaidh na mban a chosc; oibriú chun a áirithiú go ndéanfaidh na Ballstáit uile agus tíortha Chomharsanacht an Deiscirt Coinbhinsiún Iostanbúl agus Coinbhinsiún maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe in Aghaidh na mBan a Dhíothú (CEDAW) a shíniú, a dhaingniú agus a chur chun feidhme; ag tabhairt dá aire teachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 25 Samhain 2020 maidir leis an triú Plean Gníomhaíochta maidir le hInscne (GAP III) (JOIN(2020)0017) agus Plean Gníomhaíochta AE maidir le Mná, Síocháin agus Slándáil, comhpháirtíochtaí uile Chomharsanacht an Deiscirt a spreagadh chun an foréigean agus agus an t-idirdhealú inscnebhunaithe a dhíothú, a fhiosrú agus a chosc, agus rannpháirtíocht ghníomhach fhóinteach agus chomhionann na mban i ngach gné den saol poiblí agus i gcinnteoireacht, agus cearta na mban a chur chun cinn; cur chun feidhme iomlán Rún 1325 (2000) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le mná, an tsíocháin agus an tslándáil, ina gcuirtear san áireamh an tionchar díréireach atá ag coinbhleachtaí ar mhná agus ar chailíní agus ina ndéantar obair agus gníomhaíochtaí a threorú chun comhionannas inscne a chur chun cinn agus rannpháirtíocht na mban, cosaint na mban agus cearta na mban a neartú le linn thimthriall na coinbhleachta, ón gcosc ar choinbhleachtaí go dtí an atógáil iarchoinbhleachta i dtíortha comhpháirtíochta uile Chomharsanacht an Deiscirt;

(j)

an tábhacht atá le himirce dhleathach idir thíortha Chomharsanacht an Deiscirt agus an Eoraip a ndéantar bainistiú uirthi ar bhonn phrionsabail na dlúthpháirtíochta, na cothromaíochta agus na freagrachta comhroinnte a aithint, agus an smuigléireacht agus gáinneáil ar dhaoine a chomhrac freisin;

(k)

a chinntiú go ndéanann AE, a gcuid Ballstát agus a gcuid comhpháirtithe i gComharsanacht an Deiscirt beartais imirce a shaothrú a thugann lánurraim do chearta an duine atá ag imircigh agus ag dídeanaithe mar a chumhdaítear sa dlí idirnáisiúnta, réigiúnach agus náisiúnta; dlús a chur le rannpháirtíocht AE i dtíortha ina bhfuil cosantóirí chearta an duine agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus pobalbhunaithe, lena n-áirítear iad siúd a bhfuil beatha inimirceach agus iarrthóirí tearmainn á cosaint acu, faoi bhagairt; an obair thábhachtach agus fíor-riachtanach a dhéanann gníomhaireachtaí daonnúla a aithint agus a chistiú go leordhóthanach, a áirithiú go bhfuil infheictheacht leordhóthanach ag baint le cistiú AE chuige sin;

(l)

a ráthú go leithdháiltear cistiú na hIonstraime um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (NDICI) atá tiomnaithe don imirce i gComharsanacht an Deiscirt mar ábhar tosaíochta do chláir a bhfuil sé mar aidhm leo aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna easáitithe éigeantaigh, lena n-áirítear caighdeáin mhaireachtála a fheabhsú sa réigiún;

(m)

a iarraidh ar AE agus a chomhpháirtithe i gComharsanacht an Deiscirt cur chuige níos comhordaithe, níos iomlánaíche agus níos struchtúrtha a ghlacadh i leith na himirce, agus an tábhacht atá le haghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna easáitithe éigeantaigh á cur san áireamh; iarracht a dhéanamh teacht isteach neamhrialta go críoch an Bhallstáit a laghdú; tosaíocht a thabhairt d’athligean isteach imirceach nach bhfuil an ceart acu fanacht in AEi gcaidreamh le triú tíortha, agus urraim chuí á tabhairt d’oibleagáidí maidir le non-refoulement agus an dlí idirnáisiúnta; a mheabhrú nach féidir dul chun cinn a dhéanamh ach amháin trí theaglaim de chaipiteal daonna agus tacaíocht forbartha seachtraí, nár cheart go mbeadh imirce daoine oilte ann mar thoradh ar an imirce agus gur dúshlán í an imirce a bhfuil éifeacht aici ar chobhsaíocht i dtíortha na Meánmhara Theas; a chur i bhfáth nach ionann “dídeanaí” agus imirceach eacnamaíoch agus gur cheart do AE, dá bhrí sin, cineálacha éagsúla cur chuige a ghlacadh i leith an dá chatagóir; a chur i bhfáth gur cheart do AE bealaí sábháilte isteach in AE a éascú d’iarrthóirí tearmainn agus do dhídeanaithe; a iarraidh go leanfaí leis an rannpháirtíocht le comhpháirtithe Chomharsanacht an Deiscirt chun réitigh inbhuanaithe do dhídeanaithe a áirithiú; a mheabhrú go mbíonn teannas sa Mheánmhuir Theas agus a gcuid córas daonlathach óg, amhail tearcfhorbairt eacnamaíoch, coinbhleacht, easpa deiseanna do dhaoine óga, dífhostaíocht struchtúrach agus, anuas air sin, dúshlán na himirce laistigh den Afraic agus tionchar an athraithe aeráide; na tosca sin go léir a chur san áireamh in idirphlé buan an Aontais le gníomhaithe áitiúla;

(n)

dlús a chur go práinneach le comhpháirtíochtaí agus comhar le tíortha ábhartha Chomharsanacht an Deiscirt agus na rudaí sin a shaothrú chun dul i ngleic le drochthionchair láithreacha agus fhadtéarmacha an athraithe aeráide agus iad a chomhrac, cosaint an chomhshaoil a chur chun cinn agus réitigh a cheapadh chun aghaidh a thabhairt ar an nganntanas uisce, ag díriú ar iarrachtaí forbartha athléimneachta, agus oibriú i dtreo an t-aistriú glas a chur ar aghaidh agus dlús a chur faoi, i gcomhréir le Comhaontú Pháras, leis An gComhaontú Glas don Eoraip agus le Clár Oibre 2030, trí choinníollacht aeráide leordhóthanach a phríomhshruthú i gcúnamh uile an Aontais do thríú tíortha i gcomhréir leis na gealltanais aeráide atá déanta ag AE; a mheabhrú nach mbeidh straitéis an Aontais maidir le gníomhú ar son na haeráide agus maolú ar an athrú aeráide chomh héifeachtach gan infheistíocht shuntasach agus feabhas mór i gcomharsanacht an Aontais; tacú leis na tionscnaimh shuaitheanta maidir le caomhnú aeráide sa phlean eacnamaíoch agus infheistíochta do Chomharsanacht an Deiscirt; rabhadh a thabhairt faoi thionchar na hathraithe aeráide ar réigiún na Magraibe, go háirithe san Afraic fho-Shahárach, agus an ceist maidir le rochtain laghdaitheacha ar uisce i réigiúin na Magraibe agus na Maisreice; a mheabhrú go mbeidh rochtain ar uisce, athfhoraoisiú, dícharbónú, an geilleagar ciorclach, samhail ghnó atá bunaithe ar fhuinneamh inathnuaite a ghlacadh agus rochtain ar na foinsí sin ríthábhachtach do neodracht aeráide Chomharsanacht an Deiscirt agus chun í a chosaint ar éifeachtaí an athraithe aeráide; a mheabhrú, thairis sin, go méadófar leis sin, dá réir sin, acmhainneacht an Aontais a chuspóirí maidir le neodracht aeráide a bhaint amach; tacú le hidirphlé agus le comhar réigiúnach maidir le bainistiú uisce inbhuanaithe, teicneolaíocht agus rochtain ar uisce, amhail caomhnú uisce, uisce athshlánaithe agus pleananna díshalannaithe, trí fhuinneamh inathnuaite, agus tacú le tuilleadh infheistíochta i bhfoinsí fuinnimh inathnuaite, amhail fuinneamh gaoithe, gréine agus hidrigine glaise sa réigiún; a chur i bhfáth a thábhachtaí atá comhpháirtíochtaí le tíortha ábhartha Chomharsanacht an Deiscirt maidir leis an Athfhoraoisiú agus cleachtais inbhuanaithe talmhaíochta a mbeadh tomhaltas uisce laghdaithe mar thoradh orthu; a chur i bhfáth nach in AE amháin atá dea-chleachtais i réimse na talmhaíochta, ach i gComharsanacht an Deiscirt chomh maith, agus á mheas, dá bhrí sin, go bhféadfadh ról tábhachtach a bheith ag AE le hidirirphlé, comhar, agus comhpháirtíochtaí Theas-Theas maidir le malartú na gcleachtas sin a chur chun cinn;

(o)

tacú go gníomhach le comhbhearta chun saibhreas bithéagsúlachta Imchuach na Meánmhara, arb ionad uathúil éagsúlachta do speicis fauna agus flora é, a chaomhnú, a chosaint, a athbhunú agus a úsáid ar bhealach inbhuanaithe, bainistiú acmhainní inbhuanaithe a áirithiú, lena n-áirítear uisce, agus córais bhia inbhuanaithe a neartú; cuidiú le faireachán agus rialú agus comhar éifeachtach réigiúnach ar bhainistiú acmhainní bitheolaíocha na mara;

(p)

anailís a ullmhú ar an ról dearfach a d’fhéadfadh a bheith ag AE agus caidreamh AE níos doimhne féidir le tíortha Chomharsanacht an Deiscirt a imirt le hastaíochtaí carbóin a laghdú agus na hiarrachtaí comhpháirteacha a d’fhéadfadh siad a dhéanamh chun a n-acmhainní fuinnimh a éagsúlú agus a sholáthar fuinnimh a mhéadú ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite agus inbhuanaithe; straitéis a thíolacadh in am trátha chun ról Chomharsanacht an Deiscirt i gcur chun feidhme an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a chur chun cinn ar bhealach atá comhsheasmhach le gealltanais Chomhaontú Pháras a fheabhsú tuilleadh; tacú le tíortha Chomharsanacht an Deiscirt ó thaobh na teicneolaíochta agus an airgeadais de lena n-iarrachtaí a soláthairtí fuinnimh a éagsúlú trí tháirgeadh fuinneamh inathnuaite a dhianú, agus béim faoi leith ar fhuinneamh gréine agus gaoithe; a thabhairt chun suntais go bhféadfadh forbairt mhargadh an fhuinnimh ghlais rannchuidiú le postanna nua a chruthú agus dá bhrí sin an ráta fostaíochta a ardú sna tíortha atá ag glacadh leis an aistriú fuinnimh;

(q)

ról gníomhach an Aontais a shaothrú maidir le hidirphlé agus le comhar a éascú i measc thíortha uile na Meánmhara Theas agus Thoir i réimse an fhuinnimh, ag cur chun cinn, i gcás inar gá, na hacmhainneachta tuisceana, an idirphlé agus socraíochtaí deiridh maidir le líne na teorann muirí i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige (UNCLOS); ról gníomhach an Aontais a shaothrú maidir le hidirphlé agus le comhar a éascú i ndáil leis sin chun iomláine chríochach agus limistéar eacnamaíoch eisiach na dtíortha lena mbaineanna choimirciú, ag cur urraim don dlí idirnáisiúnta agus comhaontuithe caibidlithe deiridh maidir le líne na teorann muirí chun cinn;

(r)

an acmhainn idirnaisc idir AE agus tíortha sa Mheánmhuir Theas agus Thoir a tháirgeann gás nádúrtha agus cineálacha eile fuinnimh a chur chun cinn tuilleadh agus bearta a ghlacadh go práinneach chun é a neartú, trí mhoil AE ábhartha; breithniú a dhéanamh, go háirithe, ar bhonneagar leordhóthanach píbline, cuain agus eile agus teicneolaíocht atá réidh ó thaobh na hidrigine glaise de chun éifeacht ghlasála a sheachaint in AE agus i dtíortha Chomharsanacht an Deiscirt araon, chun leas na dtíortha táirgíochta uile agus na mBallstát uile; a athdhaingniú gur cheart na spleáchais ar ola agus ar ghás nádúrtha a laghdú in am trátha trí aistriú glas uilechuimsitheach i gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip, agus tacú chomh maith le haistrithe glasa sna tíortha i gComharsanacht an Deiscirt; a thabhairt dá aire go bhfeidhmíonn Fóram Gáis na Meánmhara Thoir (EMGF) mar ardán do chomhar réigiúnach dearfach;

(s)

idirnasc leictreach a chur chun cinn faoi raon feidhme acmhainní fuinnimh AE a éagsúlú agus a sholáthar fuinnimh ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite a mhéadú;

(t)

acmhainneacht an gheilleagair ghoirm chun fás inbhuanaithe agus deiseanna eacnamaíocha a chur chun cinn ar an dá thaobh den Mheánmhuir a chur san áireamh, agus é a chomhtháthú le pleanáil forbartha eacnamaíche in am trátha;

(u)

cur leis an dea-thaithí atá ag roinnt Ballstát maidir le tacaíocht a thabhairt do chuideachtaí nuathionscanta agus maidir lena gcuid oibre a chur chun cinn tuilleadh trí ghorlanna nó luasairí tiomnaithe, go háirithe i bpríomhearnálacha amhail sláinte, fuinneamh in-athnuaite, an intleacht shaorga, teicneolaíochtaí nua agus oideachas; gorlanna nó luasairí a bhunú agus tacú leo i dtíortha ábhartha Chomharsanacht an Deiscirt, tacú le cur ar bun cuideachtaí áitiúla nuathionscanta, agus a n-acmhainneachtaí digiteacha agus glasa a mhéadú; aontú leis an tábhacht a bhaineann le bonneagar digiteach thíortha ábhartha Chomharsanacht an Deiscirt a fheabhsú tuilleadh agus na tíortha sin a áireamh i gclár oibre digiteach an Aontais; a chur i bhfios gur réamhriachtanas é sin le haghaidh forbairt eacnamaíoch, lánpháirtíocht shocheacnamaíoch agus rochtain níos leithne ar oideachas; bheith ar thús cadhnaíochta le hinfheistíocht agus comhpháirtíochtaí a chur chun cinn idir cuideachtaí teileachumarsáide AE agus cuideachtaí teileachumarsáide i dtíortha ábhartha Chomharsanacht an Deiscirt chun rochtain ar bhonneagar digiteach nua-aimseartha a chur ar fáil, go háirithe líonraí soghluaiste 5G, bunaithe ar theicneolaíocht AE, agus rabhadh a thabhairt go mbeidh buntáiste iomaíoch ag triú tíortha ar mhian leo tionchar agus láithreacht eacnamaíoch agus pholaitiúil a bheith acu sa réigiún, lena n-áirítear ó thaobh na polataíochta de, mura ndéantar amhlaidh; a mheabhrú a thábhachtaí atá dlúth-idirphlé agus dlúthchomhar idir AE agus tíortha Chomharsanacht an Deiscirt i mbeartais leormhaithe chibearshlándála a fhorbairt a dhéanann cearta agus saoirsí bunúsacha na n-úsáideoirí uile a chosaint i gcomhréir le luachanna AE, agus comhpháirtíocht i bhfóraim idirnáisiúnta maidir le caighdeáin chibearshlándála, chun cibearspás oscailte, slán agus iontaofa a bhaint amach; cur le Tascfhórsa StratCom Theas leis an aidhm straitéis nithiúil a fhorbairt tuilleadh maidir leis an mbréagaisnéis a chomhrac, chomh maith le cur i gcoinne na bréagnuachta agus na bolscaireachta ón Rúis, ón tSín agus ó cumhachtaí réigiúnacha eile i dtíortha Chomharsanacht an Deiscirt, agus in AE; imní mhór a chur in iúl faoin tionchar intíre, i mBallstáit AE, atá ag feachtas bréagaisnéis ar ardáin meán sóisialta agus sna meáin thraidisiúnta, a bhfuil an Rúis agus an tSín i gceannas orthu; ag tathant ar rialtais Chomharsana an Deiscirt rochtain gan srian ar an idirlín a cheadú agus seasamh leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh do ghuthanna easaontacha gan imní faoi bhearta díoltais; a iarraidh ar rialtais Chomharsana an Deiscirt an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, an tsaoirse faisnéise agus saoirse an phreasa ar líne agus as líne araon a urramú agus a chosaint; cláir a mhaoiniú chun tacú leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus leis an bpríobháideacht, le rochtain ar an idirlíon agus le heitic ar líne;

(v)

acmhainní leordhóthanacha a áirithiú chun an clár oibre nua don Mheánmhuir a chur chun feidhme go tráthúil agus go héifeachtach, agus mar bhealach chun tacú le hinfheistíochtaí agus comhphairtíochtaí fadtéarmacha ó chuideachtaí AE-bhunaithe i gComharsanacht an Deiscirt; a thabhairt le fios, de thoradh na paindéime agus an chogaidh san Úcráin, go bhfuil go leor cuideachtaí Ae-bhunaithe ag cur a línte soláthair agus táirgíochta ar bun sa bhaile an athuair nó ag garbhunú thar lear; a aithint gur deis uathúil í seo do AE agus do Chomharsanacht an Deiscirt araon, trí chur chun feidhme tráthúil agus iomlán an chláir nua don Mheánmhuir agus an phlean eacnamaíoch agus infheistíochta, chun timpeallacht a bhaint amach atá in ann tacú leis na cuideachtaí AE-bhunaithe sin gur mian leo a gcuid táirgí a dhéanamh i ngar agus chun infheistíocht fhadtéarmach i gComharsanacht an Deiscirt a chur chun cinn, lena mbunófar ar an dóigh sin naisc pholaitiúla níos dlúithe agus comhar níos láidre le tíortha Chomharsanacht an Deiscirt;

(w)

cearta eacnamaíocha agus saothair a chur san áireamh sa chlár oibre nua, téigh i mbun nuálaíochta agus déan straitéisí a spreagadh bunaithe ar mhionanailís ar cad atá ag titim amach ar an teorainn theas, agus díriú ar obair chuibhiúil, ar fhorbairt inbhuanaithe agus ar chaighdeáin idirnáisiúnta saothair; gluaiseacht na gceardchumann a chur san áireamh ar bhealach éifeachtach i gcomhairliúcháin náisiúnta agus idirphlé sóisialta a spreagadh; oibriú i dtreo deireadh a chur le saothar leanaí agus an ceart ar thuarastal agus ar chúiteamh a ráthú agus an tsaoirse chun ceardchumann a bhunú, agus deireadh a chur le staideanna sclábhaíochta agus idirdhealaithe, ag féachaint chomh maith ar an ngá atá ann cosaint leordhóthanach a chur ar fáil do dhídeanaithe sa réigiún; idirphlé sóisialta agus cómhargáil a spreagadh, agus cuimsiú na mban agus daoine óga i struchtúir cheardchumainn agus i spásanna polaitiúla a chur chun cinn;

(x)

comhtháthú réigiúnach, foréigiúnach agus déthaobhach a chur chun cinn sa Mheánmhuir Theas, go háirithe d’fhonn deireadh a chur le haon bhacainní teorann, iompair nó trádála idir tíortha an réigiúin agus naisc agus comhpháirtíochtaí níos dlúithe a chur chun cinn go gníomhach; feabhsú ar an gcaidreamh trádala idir AE agus tíortha Chomharsanacht an Deiscirt a bhunú mar thosaíocht straitéiseach trí oibriú i dtreo limistéar saorthrádála Eora-Mhéanmhara d’earraí agus do sheirbhísí; leanúint de bheith ag díriú arinfheistíochtaí, seirbhísí agus forbairt inbhuanaithe a éascú;

(y)

ag athdhearbhú tiomantas seanbhunaithe an Aontais do rúin ábhartha na Náisiún Aontaithe, go sonrach rún ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe Eanáir 2022, agus ag meabhrú rún ón bParlaimint an 17 Feabhra 2022 maidir le cur chun feidhme an chomhbheartais eachtraigh agus slándála, i gcomhthéacs Phróiseas Síochána an Mheánoirthir, bunaithe ar an réiteach dhá Stát, le Stát Iosrael slán agus stát na Palaistíne neamhspleách, daonlathach, ceannasach agus inmharthana ag maireachtáil taobh le taobh faoi shíocháin agus go slán ar bhonn línte 1967, le malartuithe coibhéiseacha talún arna gcomhaontú go frithpháirteach agus Iarúsailéim mar phríomhchathair an dá stát; a mheabhrú go bhfuil lonnaíochtaí Iosrael sna críocha Palaistíneacha faoi fhorghabháil mídleathach faoin dlí idirnáisiúnta; a iarraidh go gcuirfí deireadh le gníomhaíochtaí a d’fhéadfadh an bonn a bhaint d’imharthanacht an réitigh dhá stát ar an talamh, agus gan dul ar aghaidh le lonnaíochtaí agus sceimhlitheoireacht, mar gurb ionann iad agus sárú ar an dlí idirnáisiúnta agus ní chuireann siad le síocháin bhuan agus chuimsitheach; rabhadh a thabhairt sa chomhthéacs geopholaitiúil atá ann faoi láthair nach féidir le Próiseas Síochána an Mheánoirthir dul chun cinn a dhéanamh ach amháin le tiomantas láidir polaitiúil agus infheistíocht ón AE agus ó na Stáit Aontaithe; caibidlíocht dhíreach idir Iosrael agus na Palaistínigh;

(z)

leanúint de bheith ag tacú, ó thaobh na polaitaíochta agus an airgeadais de araon, le hobair chomhlachtaí ábhartha NA, amhail Gníomhaireacht na Náisiún Aontaithe um Fhóirithint agus Oibreacha ar mhaithe le Dídeanaithe Palaistíneacha, le hinfheictheacht leordhóthanach do chistiú agus tacaíocht AE chuige sin agus i sineirgíocht le cuspóirí an Aontais;

(aa)

an tábhacht atá le cúnamh airgeadais AE d’Údarás Náisiúnta na Palaistíne agus do shochaí shibhialta na Palaistíne ar an talamh a aithint, go háirithe chun tacaíocht a thabhairt do dhaoine le linn géarchéimeanna bia agus ganntanais fuinnimh, agus na dálaí cearta a chur chun cinn chun iarmhairtí ionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine a mhaolú, mar a léirigh Uachtarán Ursula von der Leyen le linn a cuairt dheireanch ar Ramallah an 14 Meitheamh 2022; a chur i bhfios go láidir nár cheart stop a chur le cistiú d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta gan fianaise ar mhíleithreasú;

(ab)

leanúint de bheith ag tacú le comhar ar fud an réigiúin; Comhaontuithe Abraham a thabhairt dá aire, a raibh aitheantas frithpháirteach Iosrael, Bhairéin, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, Mharacó, na Súdáine mar thoradh orthu, agus go gcuireann siad deis ar fáil comhar idir na stáit sin a neartú;

(ac)

comhar réigiúnach a spreagadh agus tacú le normalú an chaidrimh idir Iosrael agus na Stáit Arabacha, agus cuimsiú iomlán Údarás Náisiúnta na Palaistíne, i gcomréir le hiarrachtaí an Aontais agus na Stát Aontaithe síochain, slándáil agus cobhsaíocht a bhaint amach sa réigiún agus le Creat NA, leis an Tionscnamh Síochana Arabach agus le Comhaontuithe Oslo; an móiminteam sin a thapú chun an t-idirphlé agus an comhar sa réigiún a chur chun cinn maidir le tacaíocht do phróiseas Síochána an Mheánoirthir agus don réiteach dhá Stát chomh maith le hurraim don dlí idirnáisiúnta;

(ad)

tacú go gníomhach, faoi chuimsiú a straitéise um an Tairseach Dhomhanda agus i sineirgíocht leis an bplean eacnamaíoch agus infheistíochta do Chomharsanacht an Deiscirt, na pleananna tosaigh chun nasc trádála gan uaim, trí idirnascaire iarnróid agus mara, idir an Áise Thoir Theas agus tíortha Chomhairle Comhair na Murascaille, An Iordáin, Iosrael, an Phalaistín agus an Ghréig mar mar phointí iontrála d’earraí trádáilte agus d’acmhainní fuinnimh isteach in AE agus mar rogha mhalartach ar an tionscnamh Creasa is Bóthair; a mheabhrú go ndéanfadh an bealach malartach sin línte soláthair an Aontais a éagsúlú tuilleadh agus go gcuirfeadh sé le slándáil fuinnimh an Aontais, agus go ndéanfadh sé acmhainneacht Chomharsanacht an Deiscirt a threisiú, chomh maith leis an bproiséas lánpháirtíochta réigiúnaí agus idirphlé réigiúnaigh a fheabhsú tuilleadh agus comhpháirtíocht, comhar, agus síocháin sheanbhunaithe a chur chun cinn i measc na dtíortha uile sa réigiún;

(ae)

an clár oibre nua don Mheánmhuir a chur chun feidhme trí thacaíocht AE do shochaí shibhialta shaor, láidir agus neamhspleách ar fud na Meánmhara a threisiú, agus trí idirphlé agus comhairliúchán tiomnaithe le húdaráis agus le pobail áitiúla agus réigiúnacha; na naisc idir toscaireachtaí an Aontais agus an Comhthionól Réigiúnach agus Áitiúil Eora-Mheánmhara (ARLEM) a threisiú; a mheabhrú gur nithe tábhachtacha agus riachtanacha iad seo don fhorbairt eacnamaíoch agus dhaonna inbhuanaithe agus cothrom agus go bhfuil siad níos gaire don phobal, le gur féidir straitéisí cur chun feidhme dul i bhfeidhm ar gach pobal, lena n-áirítear iad siúd is mó atá faoi mhíbhuntáiste go geografach nó i dtéarmaí socheacnamaíocha, chomh maith le cosantóirí chearta an duine; a áitiú nár cheart go mbeadh tacaíocht AE d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta ar choinníoll go bhfaighfí aontú údarás náisiúnta agus go bhfuil sé riachtanach i ngach tír sa réigiún gan eisceacht; sainordú a thabhairt do thoscaireachtaí i gComharsanacht an Deiscirt teagmháil le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus le sampla ionadaíoch den tsochaí a mhéadú, mar spreagthaí d’fhorbairt chríochach, go háirithe i gcomhairliúcháin maidir le tosaíochtaí AE do chomhpháirtíochtaí agus d’infheistíocht i dtíortha Chomharsanacht an Deiscirt; sainordú eile a thabhairt do thoscaireachtaí i gComharsanacht an Deiscirt comhairlí comhairleacha ardleibhéil a bhunú a léiríonn éagsúlacht shóisialta, eacnamaíoch agus pholaitiúil na dtíortha lena mbaineann agus lena n-áirítear ceannairí eacnamaíocha, na meán, cultúir, acadúla, na sochaí sibhialta agus ógra iomráiteacha, chomh maith le comhpháirtithe sóisialta agus príomhchosantóirí chearta an duine ó na tíortha lena mbaineann, agus ag cur tuilleadh ionchuir mhachnamhaigh ar fáil ó phríomhgheallshealbhóirí sa mhéid a bhaineann le tosaíochtaí beartas AE agus le hollstruchtúr beartais a cheap AE;

(af)

aghaidh a thabhairt ar staid chearta an duine agus ar dhúshláin atá ann don tsochaí shibhialta agus tacú le tionscnaimh nithiúla a dhéanann eagraíochtaí na sochaí sibhialta, cosantóirí chearta an duine agus na meáin neamhspleách a threisiú; a áirithiú go ndéanann tíortha comhpháirtíochta caighdeáin saothair a chur chun feidhme agus go dtugann siad aghaidh ar sháruithe chaighdeáin na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS);

(ag)

athchoiriú a dhreasú agus tacú leis trí bheartas Chomharsanacht an Deiscirt i réimsí an daonlathais, an smachta reatha, chearta an duine, dea-rialachais agus frith-éillithe chun leasa daoine agus cobhsaíocht sa réigiún;

(ah)

iarraidh ar thíortha uile na Meánmhara Theas spás saor, daingean agus trasnáisiúnta d’eagraíochtaí eolaíochta agus na sochaí sibhialta a cheadú roimh óstáil na hEigipte ar an COP27;

(ai)

plean gníomhaíochta AE uaillmhianach a thíolacadh chun dul i ngleic le saoirse ó phionóis do choireanna in aghaidh an chine dhaonna, faoi mar a d'iarr an Pharlaimint mí an Mhárta 2021, ag tabhairt tus áite don tSiria ina raibh an choinbhleacht is marfaí sa réigiún leis na deicheanna de bhlianta anuas, agus béim a chur ar an ngá atá ann oibriú chun Libia a bheadh cobhsaí, slán, aontaithe agus rachmasach a bhaint amach, rud atá chun leasa gach duine;

(aj)

nuashonruithe bliantúla a thíolacadh maidir le cur chun feidhme an chláir oibre nua don Mheánmhuir, agus aird ar leith á tabhairt ar eisíocaíocht na n-acmhainní airgeadais a cuireadh ar fáil don phlean eacnamaíoch agus infheistíochta; dul i gcomhairle go rialta leis an bParlaimint maidir leis an gclársceidealú bliantúil agus ilbhliantúil a bhaineann le cur chun feidhme an chláir oibre nua don Mheánmhuir agus maidir leis an bplean eacnamaíoch agus infheistíochta; faisnéis a thabhairt go rialta do Pharlaimint na hEorpa maidir le staid reatha an chláir oibre nua don Mheánmhuir, go háirithe cur chun feidhme a chúig thosaíocht agus críochnú agus comhlíondh doiciméad comhpháirteach agus tosaíochtaí comhpháirtíochta, agus í a choiméad ar an eolas maidir leis an gcur chun feidhme sin agus maidir leis an bhfreagra ar a gcuid moltaí i réimsí beartais uile an Aontais, agus maidir le tionscadail agus cláir bhreise chomh maith, lena dtreiseofar acmhainneacht chomhpháirtíochta an Aontais le tíortha Chomharsanacht an Deiscirt;

(ak)

iarrachtaí abhartha a dhéanamh chun idirphlé idirchultúrtha agus idirchreidmheach a chur chun cinn mar dheis luachmhar chun cearta agus saoirsí an duine a chur chun cinn, aghaidh a thabhairt i gcomhpháirt a chéile ar bhunúsaíochas reiligiúnach, ar idirdhealú, ar fhuath frith-Mhoslamach agus ar fhrithsheimíteachas, an radacú a chomhrac i gcomhphairt a chéile, ar ghríosú chun fuatha agus foréigin, agus sceimhlitheoireacht; a mheabhrú go bhfuil sé beartaithe ag Uachtarán na Parlaiminte toscaire um idirphlé idirchreidmheach a cheapadh agus dlúthpháirt a thabhairt do thoscaírí reatha um idirphlé idirchreidmheach de chuid an Choimisiúin agus na Parlaiminte in iarrachtaí comhpháirteacha d’idirphlé idirchreidmheach le tíortha Chomharsanacht an Deiscirt;

(al)

deis an clár oibre nua don Mheánmhuir a thapú chun creat láidir le haghaidh idirphlé agus comhair ar fud na Meánmhara a chruthú ar mhaithe le hoidhreacht chultúrtha a chaomhnú agus a chur chun cinn, agus ar mhaithe le feasacht a mhúscailt maidir lena luach, lena n-áirítear d’fhonn an turasóireacht agus deiseanna eacnamaíocha a chur chun cinn tuilleadh; caomhnú agus cur chun cinn Bealaí Cultúrtha Chomhairle na hEorpa ina mbíonn tíortha Chomharsanacht an Deiscirt rannpháirteach chomh maith, lena n-áirítear Bealaí Oidhreachta Andalusia, Bealach Aeneas, Bealaí an Chrainn Olóige, Bealach Iter Vitis agus Bealach na Féiníce;

(am)

an deis a thapú chun cur le hacmhainneacht an Aontais for-rochtain agus idirphlé a bheith ann le rialtais agus parlaimintí thíortha Chomharsanacht an Deiscirt trí chumas seanbhunaithe agus éifeachtach na Parlaiminte maidir le hidirphlé idirpharlaiminteach, tacaíocht dhaonlathach agus taidhleoireacht pharlaiminteach, agus tagairt ar leith á déanamh do thoscaireachtaí idirpharlaiminteacha na Parlaiminte agus dá gcumas dul chun cinn a dhéanamh, i ndlúthchomhar le Coistí ábhartha na Parlaiminte, in idirphlé daonlathach agus i mbeartais chun comhar níos dlúithe le tíortha Chomharsanacht an Deiscirt a bhaint amach;

(an)

nasc dearfach a áirithiú idir an clár oibre nua don Réigiún Meánmhuirí agus an acmhainneacht atá ag an Aontas agus a chuid Ballstát comhghuaillíocht a thógáil de thíortha atá ar aon intinn leo chun tacú le córas iltaobhach, éifeachtach, riailbhunaithe atá in ann acmhainneacht an chomhphobail idirnáisiúnta a chur chun cinn chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda; idirphlé neartaithe a áireamh sa chlár oibre nua don Mheánmhuir maidir leis an luach atá ann do thíortha Chomharsanacht an Deiscirt teacht le chéile leis an Aontas, ní hamháin maidir le hidirphlé beartais, cobhsaíocht agus fás eacnamaíoch, ach maidir le cur chun cinn na síochána agus na cobhsaíochta, seasamh le prionsabail an dlí idirnáisiúnta agus é a urramú, amhail i gcás an chogaidh ionsaithigh i gcoinne na hÚcráine, an t-antoisceachais a chomhrac, agus seasamh le luachanna daonlathacha, le saoirsí bunúsacha agus le cearta an duine i gcóras na Náisiún Aontaithe agus sna fóraim iltaobhacha ábhartha;

(ao)

dul i mbun plé le comhpháirtíochtaí uile Chomharsanacht an Deiscirt chun beartais atá bunaithe ar Chlár Oibre 2030 agus na SDGanna atá ann, agus atá dírithe ar an smacht reatha, ar dhea-rialachas agus ar urraim do chearta an duine agus don dlí idirnáisiúnta a neartú;

(ap)

an Chomhairle a spreagadh chun lanúsáid a bhaint as Córas Domhanda Smachtbhannaí AE i ndáil le Cearta an Duine i gcás sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa réigiún; oibriú chun raon feidhme an ionstraim thábhachtach sin a leathnú chun go n-áireofaí gníomhartha éillitheacha;

(aq)

úsáid phionós an bháis a cháineadh an athuair; iarraidh ar chomhpháirtithe Chomharsanacht an Deiscirt lena mbaineann moratóir ar úsáid phionós an bháis a thabhairt isteach mar chéim i dtreo deireadh a chur leis agus chun an breithiúnas báis a laghdú;

2.

á threorú dá hUachtarán an moladh seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, chuig an gCoimisiún, chuig Coiste na Réigiún agus chuig Rúnaíocht an Aontais don Réigiún Meánmhuirí agus chuig a Tionól Parlaiminteach, chomh maith le rialtais agus parlaimintí Bhallstáit an Aontais Eorpaigh agus na Stáit ar bhaill den Aontas iad don Mheánmhuir agus a gné pharlaiminteach.

(1)  IO C 108, 26.3.2021, lch. 90.


III Gníomhartha ullmhúcháin

Parlaimint na hEorpa

Dé Máirt 13. Meán Fómhair 2022

5.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 125/143


P9_TA(2022)0303

Nósanna imeachta aonfhoirmeacha i dtaca le seiceálacha ar iompar earraí contúirteacha de bhóthar (códú) ***I

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Meán Fómhair 2022 ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le nósanna imeachta aonfhoirmeacha i dtaca le seiceálacha ar iompar earraí contúirteacha de bhóthar (códú) (COM(2021)0483 – C9-0347/2021 – 2021/0275(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach – códú)

(2023/C 125/15)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2021)0483),

ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 91 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0347/2021),

ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 20 Deireadh Fómhair 2021 (1),

ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 20 Nollaig 1994 maidir le modh oibre brostaithe le haghaidh códú oifigiúil téacsanna reachtacha (2),

ag féachaint do Rialacha 109 agus 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A9-0228/2022),

A.

de bhrí, de réir Mheitheal Chomhairleach sheirbhísí dlí Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin, gurb é atá sa togra ná códú díreach ar na téacsanna atá cheana ann, gan aon athrú ina substaint;

1.

ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.

á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1)  IO C 105, 4.3.2022, lch. 148.

(2)  IO C 102, 4.4.1996, lch. 2.


P9_TC1-COD(2021)0275

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 13 Meán Fómhair 2022 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2022/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le nósanna imeachta aonfhoirmeacha i dtaca le seiceálacha ar iompar earraí contúirteacha de bhóthar (códú)

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2022/1999)


5.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 125/144


P9_TA(2022)0304

Tabhairt i gcrích na leasuithe ar an gComhaontú Idirnáisiúnta Siúcra, 1992 ***

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Meán Fómhair 2022 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle a bhaineann le tabhairt i gcrích na leasuithe ar an gComhaontú Idirnáisiúnta Siúcra, 1992 (07978/2022 – C9-0181/2022 – 2022/0082(NLE))

(Toiliú)

(2023/C 125/16)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (07978/2022),

ag féachaint do na dréachtleasuithe ar an gComhaontú Idirnáisiúnta Siúcra, 1992 (07978/2022),

ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 207(4), an chéad fhomhír, agus Airteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a) (v), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C9-0181/2022),

ag féachaint do Riail 105(1) agus (4), agus Riail 114(7) dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta (A9-0229/2022),

1.

ag tabhairt a toilithe do thabhairt i gcrích na leasuithe ar an gcomhaontú;

2.

á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát.

5.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 125/145


P9_TA(2022)0305

An Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an tAontas Eorpach agus Oileán Mhuirís: na deiseanna iascaireachta agus an ranníocaíocht airgeadais 2017-2021. Síneadh a chur leis an bPrótacal ***

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Meán Fómhair 2022 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Oileán Mhuirís a bhaineann le síneadh a chur leis an bPrótacal lena leagtar amach na deiseanna iascaireachta agus an ranníocaíocht airgeadais dá bhforáiltear leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Oileán Mhuirís (05657/2022 – C9-0166/2022 – 2022/0014(NLE))

(Toiliú)

(2023/C 125/17)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (05657/2022),

ag féachaint don dréacht-chomhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Oileán Mhuirís a bhaineann le síneadh a chur leis an bPrótacal i ndáil leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh a chur chun feidhme idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Oileán Mhuirís (05658/2022),

ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 43 agus Airteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a) (v), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C9-0166/2022),

ag féachaint do Riail 105(1) agus (4) agus Riail 114(7) dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Buiséid,

ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Iascach (A9-0211/2022),

1.

ag tabhairt a toilithe do thabhairt i gcrích an chomhaontaithe;

2.

á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus Phoblacht Oileán Mhuirís.

5.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 125/146


P9_TA(2022)0306

Dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 2/2022: barrachas ón mbliain airgeadais 2021 a iontráil

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Meán Fómhair 2022 ar an seasamh ón gComhairle ar dhréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 2/2022 an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022 – Barrachas ón mbliain airgeadais 2020 a iontráil (11467/2022 – C9-0297/2022 – 2022/0119(BUD))

(2023/C 125/18)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint d’Airteagal 314 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint d’Airteagal 106a den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (1), agus go háirithe Airteagal 44 de,

ag féachaint do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022, mar a glacadh go cinntitheach é an 24 Samhain 2021 (2),

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (3) (“Rialachán CAI”),

ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach (4),

ag féachaint do Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2014/335/AE, Euratom (5),

ag féachaint do dhréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 2/2022, a ndearna an Coimisiún é a ghlacadh an 12 Aibreán 2022 (COM(2022)0250),

ag féachaint don seasamh ar dhréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 2/2022 a ndearna an Chomhairle é a ghlacadh an 18 Iúil 2022 agus é a chur ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa an 16 Lúnasa 2022 (11467/2022 – C9-0297/2022),

ag féachaint do Rialacha 94 agus 96 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid (A9-0226/2022),

A.

de bhrí go bhfuil sé mar aidhm le dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 2/2022 an barrachas ón mbliain airgeadais 2021 a iontráil i mbuiséad 2022, arb ionann a mhéid agus EUR 3 227,1 milliún;

B.

de bhrí gurb iad na príomh-chomhpháirteanna den bharrachais sin ná toradh dearfach ar ioncaim EUR 2 574,8 milliún agus tearc-chaitheamh i gcaiteachas arb ionann é agus EUR 652,3 milliún;

C.

de bhrí, ar thaobh an ioncaim, go bhfuil an barrachas á thiomáint den chuid is mó ag méid dleachtanna custaim atá níos airde ná mar a bhíothas ag súil (EUR 1 688,7 milliún) agus méid ioncaim airgeadais, úis mhainneachtana agus fíneálacha atá níos airde ná mar a réamh-mheasadh (EUR 1 110,8 milliún níos airde) a cuireadh ar fáil do bhuiséad an Aontais le linn mhíonna deireanacha na bliana;

D.

de bhrí, ó thaobh caiteachais de, go sroicheann cur chun feidhme easnamhach na n-íocaíochtaí ag an gCoimisiún EUR 81 mhilliún do 2021 agus EUR 250 milliún do mhéideanna arna dtabhairt anonn in 2020 (a bhfuil baint ag EUR 183 milliún den mhéid sin leis an Ionstraim Tacaíochta Éigeandála), agus go sroicheann cur chun feidhme easnamhach ag na hinstitiúidí eile EUR 117 milliún le haghaidh 2021 agus EUR 77 milliún le haghaidh méideanna arna dtabhairt anonn;

1.

ag tabhairt dá haire dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 2/2022 mar a thíolaic an Coimisiún é, atá dírithe ina iomláine ar bhuiséadú an bharrachais ó 2021, le haghaidh mhéid EUR 3 227,1 milliún, i gcomhréir le hAirteagal 18(3) den Rialachán Airgeadais; ag tabhairt dá haire go raibh barrachas an-ard, arb ionann é agus EUR 3 227,1 milliún, ann in 2021; á athdhearbhú, sa chomhthéacs sin, go gcloífidh an Coimisiún le prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais agus an buiséad á chur chun feidhme aige i gcomhréir le hAirteagal 317 CFAE agus Airteagal 33 den Rialachán Airgeadais;

2.

á chur in iúl gur oth léi, maidir le EUR 183 mhilliún a bhí beartaithe chun vacsaíní COVID-19 a cheannach in 2021, nár caitheadh é mar a bhí beartaithe ag an gCoimisiún nó nár atreoraíodh chuig riachtanais eile iad;

3.

ag athdhearbhú a seasaimh gur cheart ionstraimí buiséadacha uile an Aontais atá ar fáil, lena n-áirítear an barrachas, a ghníomhachtú chun leanúint den tacaíocht eacnamaíoch agus airgeadais is láidre is féidir a chur ar fáil don Úcráin agus do thíortha túslíne, agus chun cumas dlúthpháirtíochta an Aontais a neartú tuilleadh chun aghaidh a thabhairt ar na hiarmhairtí sóisialta, fuinnimh, talmhaíochta agus eacnamaíocha atá ag cogadh na Rúise san Úcráin ar an Aontas agus ar a shaoránaigh; ag tabhairt rabhadh go n-éileofar leis na riachtanais phráinneacha sin tacaíocht bhreise ó bhuiséad an Aontais agus go bhfuil sí réidh chun tacú le méaduithe ábhartha i mbuiséad 2022 an Aontais trí bhuiséid leasaitheacha amach anseo agus á iarraidh ar an gCoimisiún buiséid leasaitheacha a chur chun cinn, i gcás inarb ábhartha, lena slógtar airgead nua chun freagairt ar na dúshláin sin; á iarraidh, sa chomhthéacs sin, ar na Ballstáit na laghduithe suntasacha a bhfuiltear ag súil leo ina ranníocaíochtaí OIN-bhunaithe agus a eascraíonn as an mbarrachas 2021 a chur i leataobh do bhuiséadú gníomhaíochtaí a bhaineann le dul i ngleic le hiarmhairtí uafásacha na cogaíochta in aghaidh na hÚcráine atá neamhdhleathach, gan chúis agus gan údar;

4.

ag tabhairt dá haire, dar leis an gCoimisiún, gurbh ionann fíneálacha iomaíochta in 2021 agus EUR 957 milliún; á mheas, i dteannta aon bharrachas a eascraíonn as cur chun feidhme easnamhach, gur cheart a chur ar chumas bhuiséad an Aontais aon ioncam atá mar thoradh ar fhíneálacha nó atá nasctha le híocaíochtaí déanacha a athúsáid gan laghdú comhfhreagrach ar ranníocaíochtaí OIN;

5.

ag formheas an tseasaimh ón gComhairle ar dhréachtbhuiséad Leasaitheach Uimh. 2/2022;

6.

á threorú dá hUachtarán a dhearbhú go bhfuil Buiséad Leasaitheach Uimh. 3/2022 glactha go cinntitheach agus socrú a dhéanamh maidir lena fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;

7.

á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig na hinstitiúidí agus na comhlachtaí eile lena mbaineann agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1)  IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(2)  IO L 45, 24.2.2022, lch. 1.

(3)  IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11.

(4)  IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28.

(5)  IO L 424, 15.12.2020, lch. 1.


5.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 125/148


P9_TA(2022)0307

Leasú a dhéanamh ar an Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil i réimse an réitigh (Togra an tslabhra maidir le suibscríobh indíreach) ***I

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Meán Fómhair 2022 maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus Treoir 2014/59/AE a mhéid a bhaineann le láimhseáil stuamachta grúpaí institiúidí a bhfuil tábhacht shistéamach dhomhanda leo agus a bhfuil straitéis réitigh ilphointí iontrála acu mar aon le modheolaíocht le haghaidh suibscríobh indíreach ionstraimí atá incháilithe chun an t-íoscheanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe a chomhlíonadh (COM(2021)0665 – C9-0398/2021 – 2021/0343(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

(2023/C 125/19)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2021)0665),

ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0398/2021),

ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do thuairim ón mBanc Ceannais Eorpach an 13 Eanáir 2022 (1),

ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 9 Nollaig 2021, (2)

ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don ghealltanas a thug ionadaí na Comhairle ina litir an 15 Meitheamh 2022 go ndéanfaí seasamh na Parlaiminte a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0020/2022),

1.

ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.

á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.

á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1)  IO C 122, 17.3.2022, lch. 33.

(2)  IO C 152, 6.4.2022, lch. 111.


P9_TC1-COD(2021)0343

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 13 Meán Fómhair 2022 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2022/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus Treoir 2014/59/AE a mhéid a bhaineann le láimhseáil stuamachta institiúidí a bhfuil tábhacht shistéamach dhomhanda leo agus a bhfuil straitéis réitigh ilphointí iontrála acu mar aon le modhanna le haghaidh ionstraimí a shuibscríobh go hindíreach atá incháilithe chun an t-íoscheanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe a chomhlíonadh

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2022/2036)


5.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 125/149


P9_TA(2022)0309

Tuarascáil eatramhach ar thogra 2021 maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Meán Fómhair 2022 ar thogra 2021 maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil (COM(2021)0569 – 2021/0429R(APP))

(2023/C 125/20)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint d’Airteagail 310, 311, 312 agus 323 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),

ag féachaint do thogra ón gCoimisiún an 22 Nollaig 2021 le haghaidh rialachán ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (COM(2021)0569),

ag féachaint do thogra ón gCoimisiún an 14 Iúil 2021 le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta (COM(2021)0568),

ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár chun acmhainní dílse nua a thabhairt isteach (1) (“IIA”),

ag féachaint do Riail 105(5) dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil eatramhach ón gCoiste um Buiséid (A9-0227/2022),

A.

de bhrí go bhfuil dlúthbhaint idir tograí ón gCoimisiún an 22 Nollaig 2021 chun an chéad ghlúin eile d’acmhainní dílse do bhuiséad an Aontais a bhunú agus athbhreithniú a dhéanamh ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil (“CAI”) don tréimhse 2021-2027 leis an bpacáiste “Oiriúnach do 55” a cuireadh ar aghaidh an 14 Iúil 2021;

B.

de bhrí, de bhun Airteagal 311 CFAE, nach mór don Aontas na hacmhainní a sholáthar dó féin chun a chuspóirí a bhaint amach agus a chuid beartas a chur i gcrích;

C.

de bhrí, i gcomhréir le seasamh seanbhunaithe na Parlaiminte, go gcaithfear gealltanais agus cuspóirí beartais nua a mheaitseáil le hairgead úr, agus nach bhfuil siad le maoiniú ar chostas chláir agus thosaíochtaí eile de chuid an Aontais;

D.

de bhrí gur ceanglas Conartha é an Ciste Aeráide Sóisialta a ionchorprú go hiomlán i mbuiséad an Aontais trí bhíthin Airteagal 310(1) CFAE agus gur réamhriachtanas é chun, inter alia, an modh Comhphobail a urramú, cuntasacht, maoirseacht agus rialú parlaiminteach a ráthú, intuarthacht an chistithe agus an chlársceidealaithe ilbhliantúil a áirithiú, agus trédhearcacht na gcinntí buiséadacha a dhéantar ar leibhéal an Aontais a chosaint;

E.

de bhrí, i gcás méadú ar an bpraghas carbóin i gcomparáid leis an toimhde tosaigh, gur cheart leithdháileadh breise a chur ar fáil don Chiste Aeráide Sóisialta ar bhonn bliantúil i gcomhréir leis an ráta méadaithe ar an bpraghas carbóin, chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt do theaghlaigh leochaileacha agus d’úsáideoirí leochaileacha iompair san aistriú i dtreo na haeráidneodrachta; de bhrí gur cheart go gcuimseofaí na treisiúcháin bhliantúla sin laistigh de CAI trí bhíthin coigeartú uathoibríoch luaineachta i bpraghsanna carbóin ar uasteorainn cheannteideal 3 “Acmhainní Nádúrtha agus an Comhshaol” agus ar an uasteorainn íocaíochta;

F.

de bhrí, de bhun Airteagal 312(5) CFAE, agus mar a shainmhínítear tuilleadh in IIA, go bhfuil sé de cheangal ar Pharlaimint na hEorpa, ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún aon bheart is gá a dhéanamh chun go n-éascófar glacadh CAI nua nó athbhreithnithe;

1.

ag cur a seasaimh in iúl maidir le togra ón gCoimisiún an 22 Nollaig 2021 amháin maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar CAI 2021-2027, agus, ar an gcaoi sin, ag roghnú cur chuige spriocdhírithe atá teoranta dá seasamh ar an bpacáiste “Oiriúnach do 55” agus i gcomhréir iomlán leis;

2.

á chur in iúl, áfach, go bhfuil gá le hathbhreithniú níos leithne ar an CAI reatha toisc go raibh a theorainneacha imithe go dtí an dóbair sa chéad bhliain cheana féin; ag tabhairt aird ar na géarchéimeanna agus na dúshláin iomadúla a bhfuil aghaidh á tabhairt ag an Aontas orthu, go háirithe an cogadh san Úcráin agus na hiarmhairtí a bhaineann leis, agus na riachtanais mhaoinithe shuntasacha a d’eascair as; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, athbhreithniú domhain a dhéanamh ar fheidhmiú an CAI reatha agus leanúint ar aghaidh le togra reachtach le haghaidh athbhreithniú cuimsitheach ar CAI a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná an chéad ráithe de 2023; á chur in iúl go bhfuil sé ar intinn aici tuilleadh mionsonraí a thabhairt maidir lena hiarrataí ar an athbhreithniú sin i dtuarascáil thiomnaithe;

3.

á chur in iúl go dtacaíonn sí go hiomlán le hionchorprú an Chiste Aeráide Sóisialta i mbuiséad an Aontais agus in CAI mar chuid dá seasamh seanbhunaithe go n-áireofar na cláir agus na cistí uile de chuid an Aontais sa bhuiséad; á chur in iúl gur geal léi, dá bhrí sin, an togra ón gCoimisiún mar thúsphointe maidir le méadú a dhéanamh ar an uasteorainn do leithreasuithe faoi chomhair gealltanas atá faoi cheannteideal 3 “Acmhainní Nádúrtha agus an Comhshaol” agus ar an uasteorainn do leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí, ar réamhchoinníoll riachtanach é ionas nach ndéanfar dochar do chláir agus do thosaíochtaí eile de chuid an Aontais le maoiniú an Chiste Aeráide Sóisialta;

4.

á chur i bhfios go láidir, áfach, go bhfuil gá le roinnt modhnuithe chun seasamh na Parlaiminte maidir leis an bpacáiste “Oiriúnach do 55” a léiriú, lena n-áirítear maidir le himchlúdach airgeadais athbhreithnithe an Chiste Aeráide Sóisialta, ina léirítear na forálacha ábhartha i dTreoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) arna leasú;

5.

ag tacú leis an togra maidir le coigeartú bliantúil sonrach bunaithe ar acmhainní dílse nua; á mheas go bhfuil sé i gcomhréir leis an bprionsabal, mar a leagtar amach in IIA, nár cheart go dtiocfadh laghdú míchuí ar chaiteachas cláir nó ar ionstraimí infheistíochta faoi CAI mar thoradh ar chaiteachas ó bhuiséad an Aontais Eorpaigh a bhaineann le haisíoc Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh, agus ag cloí le prionsabal buiséadach uilíocht an ioncaim ag an am céanna; á athdhearbhú, dá bhrí sin, go bhfuil an coigeartú bliantúil sin ag brath ar acmhainní dílse nua a thabhairt isteach i gcomhréir leis an treochlár a leagtar amach in IIA;

6.

á iarraidh ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún na moltaí agus na modhnuithe seo a leanas a chur san áireamh:

(i)

ba cheart tionchar imchlúdach airgeadais athbhreithnithe an Chiste Aeráide Sóisialta a léiriú ar fud an Rialacháin seo, lena n-áirítear san iarscríbhinn a ghabhann leis;

(ii)

ba cheart coigeartú teicniúil uathoibríoch ar na huasteorainneacha do leithreasuithe faoi chomhair gealltanas atá faoi cheannteideal 3 “Acmhainní Nádúrtha agus an Comhshaol” agus an uasteorainn do leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí a thabhairt isteach chun a áirithiú go gcuirfear leithdháiltí breise ar fáil don Chiste Aeráide Sóisialta i gcás ina méadófar praghas carbóin go leibhéal atá níos airde ná an toimhde tosaigh;

(iii)

ba cheart an coigeartú bliantúil sonrach bunaithe ar acmhainní dílse nua a leasú chun a áirithiú gur féidir síneadh a chur leis i gcás ina mbeidh moill ar ghlacadh CAI ina dhiaidh sin, i gcomhréir le hAirteagal 312(4) CFAE;

(iv)

ba cheart an togra le haghaidh rialachán ón gComhairle a mhodhnú mar a leanas:

Modhnú 1

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Modhnú

(3)

D’fhéadfadh tionchair shóisialta ghearrthéarmacha a bheith mar thoradh ar thrádáil astaíochtaí AE a thabhairt isteach le haghaidh earnáil na bhfoirgneamh agus earnáil an iompair de bhóthar, mar a leagtar amach i dTreoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14). Chun aghaidh a thabhairt ar an dúshlán sin, bunaíodh (15), le Rialachán (AE) [XXX] final ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Ciste Aeráide Sóisialta, a bheadh le maoiniú le buiséad ginearálta an Aontais faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil. Ba cheart, dá bhrí sin, an uasteorainn do leithreasuithe faoi chomhair gealltanas faoi cheannteideal 3, “Acmhainní Nádúrtha agus an Comhshaol”, agus an uasteorainn do leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí a oiriúnú le haghaidh na mblianta 2025, 2026 agus 2027.

(3)

D’fhéadfadh tionchair shóisialta ghearrthéarmacha a bheith mar thoradh ar thrádáil astaíochtaí AE a thabhairt isteach le haghaidh earnáil na bhfoirgneamh agus earnáil an iompair de bhóthar, mar a leagtar amach i dTreoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14). Chun aghaidh a thabhairt ar an dúshlán sin, bunaíodh, le Rialachán (AE) [XXX] final ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15), Ciste Aeráide Sóisialta, a bheadh le maoiniú le buiséad ginearálta an Aontais faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil. Ba cheart, dá bhrí sin, an uasteorainn do leithreasuithe faoi chomhair gealltanas faoi cheannteideal 3, “Acmhainní Nádúrtha agus an Comhshaol”, agus an uasteorainn do leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí a oiriúnú le haghaidh na mblianta 2024, 2025, 2026 agus 2027. I gcás ina mbeidh praghas níos airde carbóin ann i gcomparáid leis an toimhde tosaigh, ba cheart leithdháileadh breise a chur ar fáil don Chiste Aeráide Sóisialta ar bhonn bliantúil i gcomhréir leis an ráta méadaithe ar an bpraghas carbóin, chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt do theaghlaigh leochaileacha agus d’úsáideoirí leochaileacha iompair san aistriú i dtreo na haeráidneodrachta. Ba cheart go gcuimseofaí na treisiúcháin bhliantúla sin laistigh den chreat airgeadais ilbhliantúil trí bhíthin coigeartú uathoibríoch luaineachta i bpraghsanna carbóin ar an uasteorainn do leithreasuithe faoi chomhair gealltanas faoi cheannteideal 3 “Acmhainní Nádúrtha agus an Comhshaol”, agus ar an uasteorainn do leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.

Modhnú 2

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 3 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Modhnú

 

(3a)

Ba cheart go dtíolacfadh an Coimisiún togra le haghaidh creat airgeadais ilbhliantúil nua roimh an 1 Iúil 2025 chun go gcuirfear ar chumas na n-institiúidí é a ghlacadh in am is i dtráth sula gcuirfear tús leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil ina dhiaidh sin. I gcomhréir le hAirteagal 312(4) CFAE, na huasteorainneacha agus na forálacha eile, lena n-áirítear na coigeartuithe ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil a leagtar amach i gCaibidil 2, a chomhfhreagraíonn don bhliain dheireanach den chreat airgeadais ilbhliantúil a leagtar amach sa Rialachán seo, leanfaidh siad d’fheidhm a bheith acu i gcás nach nglacfar creat airgeadais ilbhliantúil nua roimh dheireadh théarma den chreat airgeadais ilbhliantúil a leagtar síos sa Rialachán seo.

Modhnú 3

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1– mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Modhnú

(1)

in Airteagal 4 , cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4 :

(1)

leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:

 

(a)

i mír 1, cuirtear an pointe seo a leanas léi:

 

 

“(f)

ríomh na leithdháiltí breise bunaithe ar luaineacht i bpraghsanna carbóin agus ar thoradh an choigeartaithe bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 4b”;

 

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Gan dochar d’Airteagail 4a, 6 agus 7, ní dhéanfar aon choigeartú teicniúil eile i ndáil leis an mbliain lena mbaineann, le linn na bliana nó mar cheartúcháin ex post sna blianta ina dhiaidh sin.”;

“4.   Gan dochar d’Airteagail 4a, 4b, 6 agus 7, ní dhéanfar aon choigeartú teicniúil eile i ndáil leis an mbliain lena mbaineann, le linn na bliana nó mar cheartúcháin ex post sna blianta ina dhiaidh sin.”;

Modhnú 4

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Modhnú

(2)

cuirtear isteach an tAirteagal 4a seo a leanas:

(2)

Cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach :

“Airteagal 4a

“Airteagal 4a

Coigeartú bliantúil sonrach bunaithe ar acmhainní dílse nua

Coigeartú bliantúil sonrach bunaithe ar acmhainní dílse nua

1.   Ag tosú in 2024, tar éis na cuntais shealadacha don bhliain n-1 a chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 245(3) den Rialachán Airgeadais, déanfar coigeartú suas ar an uasteorainn caiteachais do leithreasuithe faoi chomhair gealltanas faoi fho-cheannteideal 2b agus ar an uasteorainn do leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí don bhliain reatha.

1.   Ag tosú in 2024, tar éis na cuntais shealadacha don bhliain n-1 a chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 245(3) den Rialachán Airgeadais, déanfar coigeartú suas ar an uasteorainn chaiteachais do leithreasuithe faoi chomhair gealltanas faoi fho-cheannteideal 2b agus ar an uasteorainn do leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí don bhliain reatha.

2.   Na méideanna seo a leanas a bheidh i gceist leis an gcoigeartú bliantúil sin:

2.   Na méideanna seo a leanas a bheidh i gceist leis an gcoigeartú bliantúil sin:

(a)

le haghaidh na mblianta 2024, 2025 agus 2026, méid atá coibhéiseach leis an ioncam a cuireadh isteach sna cuntais shealadacha dá dtagraítear i mír 1 a eascraíonn as na hacmhainní a leagtar amach in Airteagal 2(1), pointí (e), (f) agus (g), den Chinneadh maidir le hAcmhainní Dílse.

(a)

le haghaidh na mblianta 2024, 2025 agus 2026, méid atá coibhéiseach leis an ioncam a cuireadh isteach sna cuntais shealadacha dá dtagraítear i mír 1 a eascraíonn as na hacmhainní a leagtar amach in Airteagal 2(1), pointí (e), (f) agus (g), den Chinneadh maidir le hAcmhainní Dílse.

(b)

le haghaidh na bliana 2027, méid atá coibhéiseach leis an ioncam a cuireadh isteach sna cuntais shealadacha dá dtagraítear i mír 1 a eascraíonn as na hacmhainní a leagtar amach in Airteagal 2(1), pointí (e), (f) agus (g), den Chinneadh maidir le hAcmhainní Dílse, laghdaithe faoi mhéid socraithe de EUR  8 000  milliún (i bpraghsanna 2018).

(b)

le haghaidh na bliana 2027, méid atá coibhéiseach leis an ioncam a cuireadh isteach sna cuntais shealadacha dá dtagraítear i mír 1 a eascraíonn as na hacmhainní a leagtar amach in Airteagal 2(1), pointí (e), (f) agus (g), den Chinneadh maidir le hAcmhainní Dílse, laghdaithe faoi mhéid socraithe de EUR  2 800  milliún (i bpraghsanna 2018).

Ní rachaidh na coigeartuithe bliantúla dá dtagraítear sa chéad fhomhír thar EUR 15 bhilliún (i bpraghsanna 2018) in aghaidh na bliana le haghaidh na mblianta 2024 go 2027.

Ní rachaidh na coigeartuithe bliantúla dá dtagraítear sa chéad fhomhír thar EUR 15 bhilliún (i bpraghsanna 2018) in aghaidh na bliana le haghaidh na mblianta 2024 go 2027.

3.   Cuirfidh an Coimisiún torthaí na gcoigeartuithe bliantúla dá dtagraítear i mír 2 in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle laistigh de 15 lá tar éis na cuntais shealadacha don bhliain n-1 a chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 245(3) den Rialachán Airgeadais.”;

3.   Cuirfidh an Coimisiún torthaí na gcoigeartuithe bliantúla dá dtagraítear i mír 2 in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle laistigh de 15 lá tar éis na cuntais shealadacha don bhliain n-1 a chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 245(3) den Rialachán Airgeadais.’;

 

Airteagal 4b

 

Coigeartú bliantúil sonrach bunaithe ar luaineacht i bpraghsanna carbóin

 

1.     Ag tosú in 2025, déanfar coigeartú suas bliantúil ar an uasteorainn chaiteachais do na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas faoi cheannteideal 3 ‘Acmhainní Nádúrtha agus an Comhshaol’ agus ar an uasteorainn do leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí don bhliain reatha i gcás inar mó an meánphraghas carbóin a ríomhfar i mbliain n-1 ná an toimhde tosaigh.

 

2.     Beidh an coigeartú suas bliantúil dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo coibhéiseach leis an méid a ríomhfar tríd an leithdháileadh bliantúil a thagann as an imchlúdach airgeadais a leagtar amach in Airteagal 9 de Rialachán (AE) [XXX] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta a iolrú faoin gcéatadán faoinar sháraigh an meánphraghas carbóin arna ríomh i mbliain n-1 an toimhde tosaigh.”;

Modhnú 5

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Modhnú

(3)

in Airteagal 11(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

(3)

in Airteagal 11(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“Na méideanna a fhreagraíonn do na coigeartuithe suas dá dtagraítear in Airteagal 4a(1) agus sa dara fomhír d’Airteagal 5(2), beidh siad sa bhreis ar na huasmhéideanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo.”;

“Na méideanna a fhreagraíonn do na coigeartuithe suas dá dtagraítear in Airteagal 4a(1) , Airteagal 4b agus sa dara fomhír d’Airteagal 5(2), beidh siad sa bhreis ar na huasmhéideanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo.”;

Modhnú 6

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Modhnú

(4)

Cuirtear an téacs san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn I.

(4)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn I:

“IARSCRÍBHINN I

AN CREAT AIRGEADAIS ILBHLIANTÚIL (AE-27)

(EUR milliún – i bpraghsanna 2018)

LEITHREASUITHE FAOI CHOMHAIR GEALLTANAS

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

Iomlán 2021-2027

1.

An Margadh Aonair, an Nuálaíocht agus Cúrsaí Digiteacha

19 712

 

19 133

18 633

18 518

18 646

18 473

133 326

2.

Comhtháthú, Athléimneacht agus Luachanna

49 741

51 920

52 194

53 954

55 182

56 787

58 809

378 587

2a.

Comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach

45 411

45 951

46 493

47 130

47 770

48 414

49 066

330 235

2b.

Athléimneacht agus Luachanna

4 330

5 969

5 701

6 824

7 412

8 373

9 743

48 352

3.

Acmhainní Nádúrtha agus an Comhshaol

55 242

52 214

51 489

[50 617 ]

[51 895 ]

[58 064 ]

[56 947 ]

[376 468 ]

Áirítear leis sin: Caiteachas a bhaineann leis an margadh agus íocaíochtaí díreacha

38 040

37 544

37 604

36 983

36 373

35 772

35 183

257 499

4.

Imirce agus Bainistiú Teorainneacha

2 324

2 947

3 164

3 282

3 672

3 682

3 736

22 807

5.

Slándáil agus Cosaint

1 700

1 725

1 737

1 754

1 928

2 078

2 263

13 185

6.

An Chomharsanacht agus an Domhan

15 309

15 522

14 789

14 056

13 323

12 592

12 828

98 419

7.

An Riarachán Poiblí Eorpach

10 021

10 215

10 342

10 454

10 554

10 673

10 843

73 102

Áirítear leis sin: Caiteachas riaracháin na n-institiúidí

7 742

7 878

7 945

7 997

8 025

8 077

8 188

55 852

IOMLÁN NA LEITHREASUITHE FAOI CHOMHAIR GEALLTANAS

154 049

154 754

152 848

[152 750 ]

[155 072 ]

[162 522 ]

[163 899 ]

[1 095 894 ]

IOMLÁN NA LEITHREASUITHE FAOI CHOMHAIR ÍOCAÍOCHTAÍ

156 557

156 322

149 936

[149 936 ]

[152 112 ]

[159 068 ]

[158 722 ]

[1 082 652 ]”.

7.

á chur in iúl go bhfuil sí réidh le dul i mbun caibidlíochta chun feabhas a chur ar an togra ón gCoimisiún;

o

o o

8.

á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

(1)  IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28.

(2)  Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim um liúntais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).

(14)  Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim um liúntais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).

(15)  IO […], […], lch. […].

(14)  Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim um liúntais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).

(15)  IO […], […], lch. […].


5.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 125/157


P9_TA(2022)0311

An Rialachán maidir le Dífhoraoisiú ***I

Leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 13 Meán Fómhair 2022 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tráchtearraí agus táirgí áirithe atá bainteach leis an dífhoraoisiú agus leis an díghrádú foraoise a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais agus a onnmhairiú ón Aontas mar aon leis sin agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 (COM(2021)0706 – C9-0430/2021 – 2021/0366(COD)) (1)

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

(2023/C 125/21)

Leasú 1

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(1)

Soláthraíonn foraoisí réimse leathan tairbhí comhshaoil, eacnamaíocha agus sóisialta, lena n-áirítear adhmad agus táirgí foraoise neamhadhmaid agus seirbhísí comhshaoil atá fíor-riachtanach le haghaidh an chine dhaonna, ós rud é go dtugann siad tearmann don chuid is mó de bhithéagsúlacht talún na Cruinne. Coinníonn siad feidhmeanna éiceachórais ar bun, cuidíonn siad leis an gcóras aeráide a chosaint, soláthraíonn siad aer glan agus tá ról ríthábhachtach acu chun uiscí agus ithreacha a íonú mar aon le coinneáil uisce. Ina theannta sin, corpraítear i bhforaoisí luachanna cultúrtha, sóisialta agus spioradálta, lena gcumhdaítear cuid mhór den talamh ar a raibh cónaí ar phobail dhúchasacha go traidisiúnta, agus soláthraíonn siad cothú agus ioncam do thart ar an tríú cuid de dhaonra an domhain agus baineann iarmhairtí tromchúiseacha le scriosadh foraoisí ar shlí bheatha na ndaoine is leochailí, lena n-áirítear pobail dhúchasacha agus pobail áitiúla a bhraitheann go mór ar éiceachórais foraoise (18). Thairis sin, laghdaíonn dífhoraoisiú agus díghrádú foraoise linnte carbóin riachtanacha agus méadaíonn sé an dóchúlacht go scaipfidh galair nua ó ainmhithe go daoine .

(1)

Soláthraíonn foraoisí réimse leathan tairbhí comhshaoil, eacnamaíocha agus sóisialta, lena n-áirítear adhmad agus táirgí foraoise neamhadhmaid agus seirbhísí comhshaoil atá fíor-riachtanach le haghaidh an chine dhaonna, ós rud é go dtugann siad tearmann don chuid is mó de bhithéagsúlacht talún na Cruinne. Coinníonn siad feidhmeanna éiceachórais ar bun, cuidíonn siad leis an gcóras aeráide a chosaint, soláthraíonn siad aer glan agus tá ról ríthábhachtach acu in uiscí agus ithreacha a íonú mar aon le coinneáil uisce agus athlíonadh, agus tagann níos mó ná an ceathrú cuid de chógais nua-aimseartha ó phlandaí foraoise trópaiceacha Feidhmíonn limistéir mhóra foraoise mar fhoinse taise agus cabhraíonn siad le fairsingiú fásaigh na réigiún ilchríochach a chosc . Ina theannta sin, soláthraíonn foraoisí cothú agus ioncam do thart ar an tríú cuid de dhaonra an domhain agus baineann iarmhairtí tromchúiseacha le scriosadh foraoisí ar shlí bheatha na ndaoine is leochailí, lena n-áirítear pobail dhúchasacha agus pobail áitiúla a bhraitheann go mór ar éiceachórais foraoise (18). Thairis sin, laghdaíonn dífhoraoisiú agus díghrádú foraoise agus tiontú foraoise linnte carbóin riachtanacha . Ina theannta sin, méadaíonn dífhoraoisiú, díghrádú foraoise agus tiontú foraoisí teagmhálacha idir ainmhithe fiáine, ainmhithe saothraithe agus daoine, rud a mhéadaíonn an dóchúlacht go leathfaidh galair nua agus an riosca go mbeidh eipidéimí agus paindéimí nua ann .

Leasú 2

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(2)

Tá an dífhoraoisiú agus an díghrádú foraoise ag tarlú ar ráta scanrúil . Measann Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe gur cailleadh 420 milliún heicteár d’fhoraois – thart ar 10 % de na foraoisí atá fágtha ar domhan agus limistéar is mó ná an tAontas Eorpach – ar fud an domhain idir 1990 agus 2020 (19). Tá an dífhoraoisiú agus an díghrádú foraoise, dá réir sin, ina bpríomhspreagthóirí an téimh dhomhanda agus chailliúint na bithéagsúlachta – an dá dhúshlán comhshaoil is tábhachtaí de chuid ár linne. Ach mar sin féin, leanann an domhan de 10 milliún heicteár foraoise a chailleadh gach bliain.

(2)

ardú scanrúil ag teacht ar an dífhoraoisiú, an díghrádú foraoise agus tiontú foraoise . Measann Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe gur cailleadh 420 milliún heicteár d’fhoraois – thart ar 10 % de na foraoisí atá fágtha ar domhan agus limistéar is mó ná an tAontas Eorpach – ar fud an domhain idir 1990 agus 2020 (19). Tá an dífhoraoisiú, an díghrádú foraoise agus an tiontú foraoise dá réir sin, mar phríomhspreagthóirí an téimh dhomhanda agus chailliúint na bithéagsúlachta – an dá dhúshlán comhshaoil is tábhachtaí de chuid ár linne. Ach mar sin féin, leanann an domhan de 10 milliún heicteár foraoise a chailleadh gach bliain. Tá an-tionchar ag an athrú aeráide ar fhoraoisí freisin, agus ní mór aghaidh a thabhairt ar go leor dúshlán chun inoiriúnaitheacht agus athléimneacht foraoisí a áirithiú sna blianta amach romhainn.

Leasú 3

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(3)

Is iomaí bealach a rannchuidíonn an dífhoraoisiú agus an díghrádú foraoise leis an ngéarchéim aeráide dhomhanda. Rud a bhfuil tábhacht ar leith leis, ardaíonn siad astaíochtaí gáis ceaptha teasa trí dhóiteáin foraoise ghaolmhara, agus cumais linnte carbóin á mbaint amach go buan, athléimneacht an limistéir atá thíos leis á laghdú i bhfianaise an athraithe aeráide agus laghdú substaintiúil á dhéanamh ar a bhithéagsúlacht freisin . Seasann an dífhoraoisiú féin do 11 % d’astaíochtaí gás ceaptha teasa (20).

(3)

Is iomaí bealach a rannchuidíonn an dífhoraoisiú , an díghrádú foraoise agus an tiontú foraoise leis an ngéarchéim aeráide dhomhanda. Rud a bhfuil tábhacht ar leith leis, ardaíonn siad astaíochtaí gáis ceaptha teasa trí dhóiteáin foraoise ghaolmhara, agus cumais linnte carbóin á mbaint amach go buan, athléimneacht an limistéir atá thíos leis á laghdú i bhfianaise an athraithe aeráide agus laghdú substaintiúil á dhéanamh ar a bhithéagsúlacht agus athléimneach ar ghalair agus ar fheithidí lotnaide . Seasann an dífhoraoisiú féin do 11 % d’astaíochtaí gás ceaptha teasa (20).

Leasú 4

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(4)

Spreagann cliseadh aeráide cailliúint na bithéagsúlachta go domhanda agus géaraíonn cailliúint bithéagsúlachta an t-athrú aeráide, tá siad fite fuaite le chéile, mar a deimhníodh le staidéir le déanaí. Cuidíonn an bhithéagsúlacht leis an athrú aeráide a mhaolú . Gníomhaíonn feithidí, éin agus mamaigh mar phailneoirí, scaiptheoirí síolta agus is féidir leo cuidiú le carbón a stóráil ar bhealach níos éifeachtúla, go díreach nó go hindíreach. Áirithíonn foraoisí freisin athshlánú leanúnach ar acmhainní uisce agus cosc ar thriomach agus a n-éifeachtaí dochracha ar phobail áitiúla, lena n-áirítear pobail dhúchasacha. Is é an dífhoraoisiú agus an díghrádú foraoise a laghdú go mór agus foraoisí agus éiceachórais eile a athbhunú go córasach an deis aonair is mó, atá bunaithe ar an dúlra, dá bhfuil ann maidir le maolú aeráide.

(4)

Spreagann cliseadh aeráide cailliúint na bithéagsúlachta go domhanda agus géaraíonn cailliúint bithéagsúlachta an t-athrú aeráide, tá siad fite fuaite le chéile, mar a deimhníodh le staidéir le déanaí. Tá bithéagsúlacht agus éiceachórais ríthábhachtach d’fhorbairt atá athléimneach ó thaobh na haeráide de  (1a). Gníomhaíonn feithidí, éin agus mamaigh mar phailneoirí, scaiptheoirí síolta agus is féidir leo cuidiú le carbón a stóráil ar bhealach níos éifeachtúla, go díreach nó go hindíreach. Áirithíonn foraoisí freisin athshlánú leanúnach ar acmhainní uisce agus cosc ar thriomach agus a n-éifeachtaí dochracha ar phobail áitiúla, lena n-áirítear pobail dhúchasacha. Is é an dífhoraoisiú , an díghrádú foraoise agus an tiontú foraoise a laghdú go mór agus foraoisí agus éiceachórais eile a athbhunú go córasach an deis aonair is mó, atá bunaithe ar an dúlra, dá bhfuil ann maidir le maolú aeráide.

Leasú 5

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(5)

Tá an bhithéagsúlacht fíor-riachtanach le haghaidh athléimneacht na n-éiceachóras agus a gcuid seirbhísí ar leibhéal áitiúil agus domhanda araon. Tá breis agus leath na holltáirgeachta intíre domhanda ag brath ar an dúlra agus na seirbhísí a sholáthraíonn sé. Tá trí phríomhearnáil eacnamaíocha – foirgníocht, talmhaíocht, bia agus deoch – ag brath go mór ar an dúlra. Tá cailliúint na bithéagsúlachta ina bagairt ar thimthriallta uisce inbhuanaithe agus ar ár gcórais bhia, rud a chuireann ár slándáil bia agus an cothú i mbaol. Braitheann breis agus 75 % de chineálacha bairr bia ar fud na cruinne ar phailniú ó ainmhithe. Thairis sin, braitheann roinnt earnálacha tionsclaíochta ar an éagsúlacht ghéiniteach agus ar sheirbhísí éiceachórais mar ionchuir chriticiúla le haghaidh táirgeachta , go háirithe le haghaidh cógas .

(5)

Tá an bhithéagsúlacht fíor-riachtanach le haghaidh athléimneacht na n-éiceachóras agus a gcuid seirbhísí ar leibhéal áitiúil agus domhanda araon. Tá breis agus leath na holltáirgeachta intíre domhanda ag brath ar an dúlra agus na seirbhísí a sholáthraíonn sé. Tá trí phríomhearnáil eacnamaíocha – foirgníocht, talmhaíocht, bia agus deoch – ag brath go mór ar an dúlra. Tá cailliúint na bithéagsúlachta ina bagairt ar thimthriallta uisce inbhuanaithe agus ar ár gcórais bhia, rud a chuireann ár slándáil bia agus an cothú i mbaol. Braitheann breis agus 75 % de chineálacha bairr bia ar fud na cruinne ar phailniú ó ainmhithe. Ina theannta sin, bíonn roinnt earnálacha tionsclaíocha ag brath ar éagsúlacht ghéiniteach, agus tá seirbhísí éiceachórais i láthair i bhforaoisí casta, a athghintear go nádúrtha agus a bhfuil caidreamh siombóiseach casta marthanach acu, mar ionchuir ríthábhachtacha don táirgeadh , go háirithe do leigheasanna, lena n-áirítear frithmhiocróbaigh . Ina theannta sin, is foinse mhór uisce isteach san atmaisféar é an trasghalú, an próiseas trína dtógann crainn uisce ón talamh agus trína scaoiltear isteach san atmaisféar é, agus meastar go bhfuil sé freagrach as thart ar leath den fhrasaíocht ar fad. Dá bhrí sin, bíonn tionchar mór ag an dífhoraoisiú ar chóras na báistí agus ar rialáil nádúrtha sreafaí uisce, laistigh d’fhoraoisí agus sna ceantair máguaird araon. Tá baol ann go mbeidh tionchar an dífhoraoisithe ar chóras athchúrsála uisce an Domhain chomh tubaisteach céanna lena thionchar ar an athrú aeráide.

Leasú 6

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 6

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(6)

Tá an t-athrú aeráide, cailliúint na bithéagsúlachta agus an dífhoraoisiú ina n-ábhair imní a bhfuil fíorthábhacht dhomhanda leo, lena ndéantar difear do mharthanas an chine dhaonna agus do dhálaí maireachtála marthanacha ar an gCruinne. De bharr ghéarú an athraithe aeráide, chailliúint na bithéagsúlachta agus an díghrádaithe comhshaoil, i dteannta samplaí inláimhsithe dá n-éifeachtaí millteacha ar an dúlra, ar dhálaí maireachtála an duine agus ar gheilleagair áitiúla, aithnítear an t-aistriú glas mar chuspóir sainitheach ár linne agus mar ábhar cothromais idir na glúnta .

(6)

Tá an t-athrú aeráide, cailliúint na bithéagsúlachta agus an dífhoraoisiú ina n-ábhair imní a bhfuil fíorthábhacht dhomhanda leo, lena ndéantar difear do mharthanas an chine dhaonna agus do dhálaí maireachtála marthanacha ar an gCruinne. De bharr ghéarú an athraithe aeráide, chailliúint na bithéagsúlachta agus an díghrádaithe comhshaoil, i dteannta samplaí inláimhsithe dá n-éifeachtaí millteacha ar an dúlra, ar dhálaí maireachtála an duine agus ar gheilleagair áitiúla, aithnítear an t-aistriú glas mar chuspóir sainitheach ár linne agus mar ábhar comhionannais inscne agus mar ábhar cothromais ó ghlúin go glúin .

Leasú 7

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 6 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(6a)

Maidir leis na 227 n-ionsaí marfacha a rinneadh ar chosantóirí comhshaoil agus talún a taifeadadh in 2020, bhí 70 % díobh siúd a dúnmharaíodh ag obair chun foraoisí an domhain a chosaint ar an dífhoraoisiú agus ar an bhforbairt thionsclaíoch. Leis na hionsaithe sin, díríodh go díréireach ar phobail dhúchasacha, a raibh aon trian de na dúnmharuithe a taifeadadh in 2020 dírithe orthu.

Leasú 8

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 7

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(7)

Tá tomhaltas an Aontais ina phríomhspreagthóir dífhoraoisiúcháin agus díghrádúcháin foraoise ar scála domhanda. Le tionscnamh an Mheasúnaithe Tionchair meastar gurb amhlaidh, gan idirghabháil rialála iomchuí, a ardóidh tomhaltas agus táirgeacht an Aontais maidir leis na sé thráchtearra a áirítear sa raon feidhme (adhmad, eallach, soighe, ola pailme, cócó agus caife) chuig thart ar 248 000 heicteár dífhoraoisiúcháin go bliantúil faoi 2030.

(7)

Tá tomhaltas an Aontais ina phríomhspreagthóir maidir le dífhoraoisiú, éiceachóras nádúrtha agus tiontú tiontaithe foraoise agus díghrádú éiceachórais nádúrtha agus foraoise ar scála domhanda. Le tionscnamh an Mheasúnaithe Tionchair meastar gurb amhlaidh, gan idirghabháil rialála iomchuí, a ardóidh tomhaltas agus táirgeacht an Aontais maidir le sé thráchtearra amháin (adhmad, eallach, soighe, ola pailme, cócó agus caife) chuig thart ar 248 000 heicteár dífhoraoisiúcháin go bliantúil faoi 2030.

Leasú 9

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 8

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(8)

A mhéid a bhaineann le staid na bhforaoisí laistigh den Aontas, sonraítear sa tuarascáil maidir le Staid Fhoraoisí na hEorpa 2020  (21) gurb amhlaidh, idir 1990 agus 2020, a d’ardaigh limistéar na bhforaoisí san Eoraip faoi 9 %, a d’fhás carbón atá stóráilte sa bhithmhais faoi 50 % agus a d’ardaigh an soláthar adhmaid faoi 40 %. Mar sin féin, meastar nach bhfuil ann ach méid is lú ná 5 % de limistéir foraoise na hEorpa nár cuireadh isteach orthu, nó gur limistéir nádúrtha iad , de réir na tuarascála ón nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil maidir le Staid an Chomhshaoil 2020  (22).

(8)

A mhéid a bhaineann le staid na bhforaoisí laistigh den Aontas, sonraítear sa tuarascáil maidir le Staid Fhoraoisí na hEorpa  (21) 2020 gurb amhlaidh, idir 1990 agus 2020, a d’ardaigh limistéar na bhforaoisí san Eoraip faoi 9 %, a d’fhás carbón atá stóráilte sa bhithmhais faoi 50 % agus a d’ardaigh an soláthar adhmaid faoi 40 %. Mar sin féin, tá foraoisí nádúrtha agus cianaosta faoi réir diansaothrú bainistíochta freisin agus tá a mbithéagsúlacht uathúil agus a dtréithe struchtúracha i mbaol. Meastar nach bhfuil ann ach méid is lú ná 5 % de limistéir foraoise na hEorpa nár cuireadh isteach orthu, áfach, nó gur limistéir nádúrtha iad agus eascraíonn bagairtí lena gcuimsítear ó phatrúin adhaimsire go galair as an athrú aeráide. Ní mór d’éiceachórais foraoise dul i ngleic leis an iliomad brúnna a ghintear ó ghníomhaíochtaí a bhaineann leis an duine. Áirítear orthu sin gníomhaíochtaí a mbíonn tionchar díreach acu ar éiceachórais agus ar ghnáthóga amhail cleachtais áirithe maidir le bainistiú foraoisí . Go háirithe, d’fhéadfadh foraoisí cothrom-aoisithe a dhianbhainistítear tionchar dian a bheith acu ar ghnáthóga iomlána trí ghlanleagan agus adhmad marbh a bhaint  (22) .

Leasú 10

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 9

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(9)

In 2019, ghlac an Coimisiún roinnt tionscnamh chun aghaidh a thabhairt ar ghéarchéimeanna comhshaoil an domhain, lena n-áirítear gníomhaíochtaí sonracha maidir leis an dífhoraoisiú. Ina Theachtaireacht “Dlús a Chur le Gníomhaíocht an Aontais chun Foraoisí an Domhain a Chosaint agus a Athbhunú” (23), shainaithin an Coimisiún mar thosaíocht lorg tomhaltais an Aontais ar thalamh a laghdú agus tomhaltas táirgí ó shlabhraí soláthair gan dífhoraoisiú a spreagadh san Aontas. Ina Theachtaireacht an 11 Nollaig 2019 dar teideal “An Comhaontú Glas don Eoraip” (24) leag an Coimisiún amach straitéis nua fáis a bhfuil sé d’aidhm aici sochaí chothrom agus rathúil a dhéanamh den Aontas, ina mbeidh geilleagar a bheidh nua-aimseartha, tíosach ar acmhainní agus iomaíoch mar nach mbeidh aon ghlanastaíocht gáis ceaptha teasa in 2050, agus ina mbeidh an fás eacnamaíoch díchúpláilte ó úsáid acmhainní agus mar nach bhfágfar aon duine ná aon áit chun deiridh. Tá sé d’aidhm aici freisin caipiteal nádúrtha an Aontais a chosaint, a chaomhnú agus a fheabhsú, agus sláinte agus folláine na saoránach agus na nglúnta atá le teacht a chosaint ar rioscaí agus ar thionchair a bhaineann leis an gcomhshaol. Thairis sin, tá sé d’aidhm leis an gComhaontú Glas don Eoraip, i measc nithe eile, aer úr, uisce glan, ithir fholláin agus bithéagsúlacht a sholáthar do na saoránaigh agus do na glúnta atá le teacht. Chuige sin, le Straitéis Bithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030 (25), an Straitéis ón bhFeirm go dtí an Forc (26), Straitéis Foraoise an Aontais (27), plean gníomhaíochta an Aontais maidir le Truailliú Nialasach (28) agus straitéisí ábhartha (29) eile a forbraíodh faoin gComhaontú Glas don Eoraip, cuirtear i dtábhacht a thuilleadh an tábhacht a bhaineann le gníomhaíocht um chosaint agus athléimneacht foraoise. Go háirithe, tá sé d’aidhm ag Straitéis Bithéagsúlachta an Aontais an dúlra a chosaint agus díghrádú éiceachóras a fhreaschur. Ar deireadh, le Straitéis Bithgheilleagair an Aontais (30) feabhsaítear cosaint an chomhshaoil agus na n-éiceachóras agus aghaidh á tabhairt freisin ar an éileamh méadaitheach ar bhia, beatha, fuinneamh, ábhair agus táirgí trí bhealaí nua chun táirgthe agus chun tomhailte a lorg.

(9)

In 2019, ghlac an Coimisiún roinnt tionscnamh chun aghaidh a thabhairt ar ghéarchéimeanna comhshaoil an domhain, lena n-áirítear gníomhaíochtaí sonracha maidir leis an dífhoraoisiú. Ina Theachtaireacht “Dlús a Chur le Gníomhaíocht an Aontais chun Foraoisí an Domhain a Chosaint agus a Athbhunú” (23), shainaithin an Coimisiún mar thosaíocht lorg tomhaltais an Aontais ar thalamh a laghdú agus tomhaltas táirgí ó shlabhraí soláthair gan dífhoraoisiú a spreagadh san Aontas. Ina Theachtaireacht an 11 Nollaig 2019 dar teideal “An Comhaontú Glas don Eoraip” (24) leag an Coimisiún amach straitéis nua fáis a bhfuil sé d’aidhm aici sochaí chothrom agus rathúil a dhéanamh den Aontas, ina mbeidh geilleagar a bheidh nua-aimseartha, tíosach ar acmhainní agus iomaíoch bunaithe ar shaorthrádáil inbhuanaithe agus riailbhunaithe, mar nach mbeidh aon ghlanastaíocht gáis ceaptha teasa in 2050, agus ina mbeidh an fás eacnamaíoch díchúpláilte ó úsáid acmhainní agus mar nach bhfágfar aon duine ná aon áit chun deiridh. Tá sé d’aidhm aici freisin caipiteal nádúrtha an Aontais a chosaint, a chaomhnú agus a fheabhsú, agus sláinte agus folláine na saoránach agus na nglúnta atá le teacht a chosaint ar rioscaí agus ar thionchair a bhaineann leis an gcomhshaol. Thairis sin, tá sé d’aidhm leis an gComhaontú Glas don Eoraip, i measc nithe eile, aer úr, uisce glan, ithir fholláin agus bithéagsúlacht a sholáthar do na saoránaigh agus do na glúnta atá le teacht. Chuige sin, le Straitéis Bithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030 (25), an Straitéis ón bhFeirm go dtí an Forc (26), Straitéis Foraoise an Aontais (27), plean gníomhaíochta an Aontais maidir le Truailliú Nialasach (28) agus straitéisí ábhartha (29) eile a forbraíodh faoin gComhaontú Glas don Eoraip, cuirtear i dtábhacht a thuilleadh an tábhacht a bhaineann le gníomhaíocht um chosaint agus athléimneacht foraoise. Go háirithe, tá sé d’aidhm ag Straitéis Bithéagsúlachta an Aontais an dúlra a chosaint agus díghrádú éiceachóras a fhreaschur. Ar deireadh, le Straitéis Bithgheilleagair an Aontais (30) feabhsaítear cosaint an chomhshaoil agus na n-éiceachóras agus aghaidh á tabhairt freisin ar an éileamh méadaitheach ar bhia, beatha, fuinneamh, ábhair agus táirgí trí bhealaí nua chun táirgthe agus chun tomhailte a lorg.

Leasú 11

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 10

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(10)

Léirigh na Ballstáit arís agus arís eile gur ábhar imní dóibh an dífhoraoisiú seasmhach. Chuir siad i dtábhacht ós rud é nach leor na beartais atá ann faoi láthair ná an ghníomhaíocht atá á déanamh ar leibhéal domhanda maidir le caomhnú, athbhunú agus bainistíocht inbhuanaithe foraoisí chun an dífhoraoisiú agus an díghrádú foraoise a stopadh, go bhfuil gá le gníomhaíocht fheabhsaithe ón Aontas chun rannchuidiú ar bhealach níos éifeachtaí le baint amach na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna), faoi Chlár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe, ar ghlac Ballstáit uile na Náisiún Aontaithe é in 2015. Thacaigh an Chomhairle go sonrach leis an bhfógra ón gCoimisiún sa Teachtaireacht maidir le “Dlús a Chur le Gníomhaíocht an Aontais chun Foraoisí an Domhain a Chosaint agus a Athbhunú” á rá go ndéanfadh sé measúnú ar bhearta rialála agus neamhrialála breise agus go dtíolacfadh sé tograí faoi seach (31).

(10)

Léirigh na Ballstáit arís agus arís eile gur ábhar imní dóibh an dífhoraoisiú seasmhach. Chuir siad i dtábhacht ós rud é nach leor na beartais atá ann faoi láthair ná an ghníomhaíocht atá á déanamh ar leibhéal domhanda maidir le caomhnú, athbhunú agus bainistíocht inbhuanaithe foraoisí chun an dífhoraoisiú, an díghrádú foraoise , tiontú foraoise agus cailliúint na bithéagsúlachta a stopadh, go bhfuil gá le gníomhaíocht fheabhsaithe ón Aontas chun rannchuidiú ar bhealach níos éifeachtaí le baint amach na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna), faoi Chlár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe, ar ghlac Ballstáit uile na Náisiún Aontaithe é in 2015. Tá gealltanas tugtha ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit freisin maidir le Deich mBliana Gníomhaíochta na Náisiún Aontaithe ar mhaithe leis na SDGanna, le Deich mBliana na Náisiún Aontaithe maidir le hAthchóiriú Éiceachóras agus le Deich mBliana na Náisiún Aontaithe maidir le Feirmeoireacht Teaghlaigh. Thacaigh an Chomhairle go sonrach leis an bhfógra ón gCoimisiún sa Teachtaireacht maidir le “Dlús a Chur le Gníomhaíocht an Aontais chun Foraoisí an Domhain a Chosaint agus a Athbhunú” á rá go ndéanfadh sé measúnú ar bhearta rialála agus neamhrialála breise agus go dtíolacfadh sé tograí faoi seach (31).

Leasú 12

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 11

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(11)

Chuir Parlaimint na hEorpa i dtábhacht go bhfuil scrios leanúnach fhoraoisí an domhain nasctha, den chuid is mó, le leathnú na táirgeachta talmhaíochta – go háirithe trí fhoraoisí a thiontú ina dtalamh talmhaíochta atá tiomnaithe do roinnt táirgí agus tráchtearraí ardéilimh a tháirgeadh. Ghlac an Pharlaimint an 22 Deireadh Fómhair 2020 rún (32) i gcomhréir le hAirteagal 225 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) á iarraidh ar an gCoimisiún togra a  chur isteach , ar bhonn Airteagal 192(1) CFAE, le haghaidh “creat dlíthiúil de chuid AE chun an dífhoraoisiú domhanda atá faoi thionchar AE a stopadh agus a fhreaschur”.

(11)

Chuir Parlaimint na hEorpa i dtábhacht go bhfuil scrios agus díghrádú agus tiontú leanúnach fhoraoisí agus éiceachórais nádúrtha an domhain , chomh maith le sáruithe ar chearta an duine nasctha, den chuid is mó, le leathnú na táirgeachta talmhaíochta – go háirithe trí fhoraoisí a thiontú ina dtalamh talmhaíochta atá tiomnaithe do roinnt táirgí agus tráchtearraí ardéilimh a tháirgeadh. Ghlac an Pharlaimint an 22 Deireadh Fómhair 2020 rún (32) i gcomhréir le hAirteagal 225 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) inar iarradh ar an gCoimisiún togra a  thíolacadh , ar bhonn Airteagal 192(1) CFAE, le haghaidh “creat dlíthiúil de chuid AE chun an dífhoraoisiú domhanda atá faoi thionchar AE a stopadh agus a fhreaschur” bunaithe ar dhícheall cuí éigeantach .

Leasú 13

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 12

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(12)

Tá an comhrac in aghaidh an dífhoraoisithe agus an díghrádaithe foraoise ina chuid thábhachtach den phacáiste beart is gá chun astaíochtaí gáis ceaptha teasa a laghdú agus gealltanas an Aontais a chomhlíonadh faoin gComhaontú Glas don Eoraip mar aon le Comhaontú Pháras 2015 maidir leis an Athrú Aeráide (33), agus an gealltanas atá ceangailteach ó thaobh dlí de faoi Dhlí an Aontais maidir leis an Aeráid chun an aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 agus astaíochtaí gáis ceaptha teasa a laghdú faoi 55 % ar a laghad faoi leibhéil 1990 faoi 2030.

(12)

Tá an comhrac in aghaidh an dífhoraoisithe , tiontú éiceachórais nádúrtha, an díghrádaithe foraoise agus an tiontaithe foraoise ina chuid thábhachtach den phacáiste beart is gá chun gealltanas an Aontais faoin gComhaontú Glas don Eoraip a chomhlíonadh agus faoi Chomhaontú Pháras 2015 maidir leis an Athrú Aeráide (33), agus faoin Ochtú Clár Gníomhaíochta don Chomhshaol arna ghlacadh le Cinneadh (AE) 2022/591 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  (33a) , agus leis an ngealltanas atá ceangailteach ó thaobh dlí faoi Dhlí Aeráide an AE an neodracht aeráide a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí agus astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 55 % ar a laghad faoi leibhéil 1990 faoi 2030.

Leasú 14

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 12 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(12a)

Tá an comhrac i gcoinne an dífhoraoisithe, an díghrádaithe foraoise agus an tiontaithe foraoise ina chuid thábhachtach den phacáiste beart is gá chun cailliúint na bithéagsúlachta a chomhrac agus chun gealltanais an Aontais a chomhlíonadh faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch, faoin gComhaontú Glas don Eoraip, faoi Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030 agus faoi spriocanna an Aontais maidir le hathbhunú an dúlra.

Leasú 15

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 12ba (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(12b)

Tá foraoisí príomhúla uathúil agus do-athsholáthraithe. Tá foraoisí plandála agus foraoisí plandaithe níos bithéagsúla agus ní chosnaíonn siad an comhshaol chomh maith céanna le foraoisí príomhúla agus nádúrtha. Is iomchuí, dá bhrí sin, idirdhealú soiléir a dhéanamh idir cineálacha éagsúla foraoisí i ndáil le cur chun feidhme an Rialacháin seo.

Leasú 16

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 13 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(13a)

Chun dífhoraoisiú, díghrádú foraoise, tiontú foraoise agus tiontú agus díghrádú éiceachóras eile a chomhrac, tá gá freisin le feasacht tomhaltóirí maidir le patrúin tomhaltais níos sláintiúla a bhfuil lorg comhshaoil níos lú acu.

Leasú 17

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 13 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(13b)

Cuireann próitéiní plandaí a úsáidtear chun beostoc a bheathú go mór le dífhoraoisiú, díghrádú foraoise agus tiontú foraoise agus tiontú éiceachóras eile ar fud an domhain. Is féidir cur i gcoinne dífhoraoisiú agus tiontú éiceachóras eile go háirithe trí spleáchas an Aontais ar phróitéiní plandaí allmhairithe a laghdú agus trí phróitéiní plandaí a fhoinsítear go háitiúil agus go hinbhuanaithe a chur chun cinn. Ní mór méadú ar neamhspleáchas próitéine agus cur chun feidhme straitéis de chuid an Aontais maidir le próitéiní plandaí a bheith ag gabháil le cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach.

Leasú 18

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 14

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(14)

D’allmhairigh agus thomhail an tAontas an tríú cuid de na táirgí talmhaíochta a trádáladh go domhanda atá bainteach leis an dífhoraoisiú idir 1990 agus 2008. Thar an tréimhse sin, bhí tomhaltas an Aontais freagrach as 10 % den dífhoraoisiú ar fud an domhain a bhí bainteach le táirgeadh earraí nó seirbhísí. Fiú má tá laghdú ag teacht ar sciar coibhneasta thomhaltas an Aontais, tá tomhaltas an Aontais ina spreagthóir dífhoraoisiúcháin díréireach mór. Dá bhrí sin, ba cheart don Aontas beart a dhéanamh chun íoslaghdú a dhéanamh ar an dífhoraoisiú domhanda agus ar an díghrádú foraoise atá faoi thionchar a thomhaltais maidir le tráchtearraí agus táirgí áirithe agus leis sin féachaint lena rannchuidiú le hastaíochtaí gáis ceaptha teasa agus cailliúint na bithéagsúlachta dhomhanda a laghdú mar aon le patrúin táirgeachta agus tomhaltais inbhuanaithe a chur chun cinn san Aontas agus go domhanda. Chun go mbeidh an tionchar is mó aige, ba cheart é a bheith d’aidhm ag beartas an Aontais tionchar a imirt ar an margadh domhanda, seachas ar shlabhraí soláthair chuig an Aontas agus orthu sin amháin. Tá comhpháirtíochtaí agus comhar idirnáisiúnta éifeachtúil le tíortha táirgthe agus tomhaltóra fíor-riachtanach ina leith sin.

(14)

D’allmhairigh agus thomhail an tAontas an tríú cuid de na táirgí talmhaíochta a trádáladh go domhanda atá bainteach leis an dífhoraoisiú idir 1990 agus 2008. Thar an tréimhse sin, bhí tomhaltas an Aontais freagrach as 10 % den dífhoraoisiú ar fud an domhain a bhí bainteach le táirgeadh earraí nó seirbhísí. Fiú má tá laghdú ag teacht ar sciar coibhneasta thomhaltas an Aontais, tá tomhaltas an Aontais ina spreagthóir dífhoraoisiúcháin díréireach mór. Dá bhrí sin, ba cheart don Aontas beart a dhéanamh chun íoslaghdú a dhéanamh ar an dífhoraoisiú domhanda, an díghrádú foraoise agus an tiontú foraoise atá faoi thionchar a thomhaltais maidir le tráchtearraí agus táirgí áirithe agus leis sin féachaint lena rannchuidiú le hastaíochtaí gáis ceaptha teasa agus cailliúint na bithéagsúlachta dhomhanda a laghdú mar aon le patrúin táirgeachta agus tomhaltais inbhuanaithe a chur chun cinn san Aontas agus go domhanda. Chun go mbeidh an tionchar is mó aige, ba cheart é a bheith d’aidhm ag beartas an Aontais tionchar a imirt ar an margadh domhanda, seachas ar shlabhraí soláthair chuig an Aontas agus orthu sin amháin. Tá comhpháirtíochtaí agus comhar idirnáisiúnta éifeachtúil , lena n-áirítear comhaontuithe saorthrádála (FTAnna), le tíortha táirgthe agus tomhaltóra fíor-riachtanach ina leith sin.

Leasú 19

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 15

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(15)

Is cuid fhíor-riachtanach de na SDGanna an dífhoraoisiú agus an díghrádú foraoise a stopadh . Leis an Rialachán seo ba cheart rannchuidiú go háirithe leis na spriocanna a chomhlíonadh maidir leis an mbeatha ar thalamh (SDG 15), gníomhú ar son na haeráide (SDG 13), tomhaltas agus táirgeacht fhreagrach (SDG 12), ocras nialais (SDG 2) agus sláinte mhaith agus folláine (SDG 3). Maidir le sprioc ábhartha 15.2 chun an dífhoraoisiú a stopadh faoi 2020 níor comhlíonadh í, rud a léiríonn an phráinn atá le gníomhaíocht uaillmhianach agus éifeachtach.

(15)

Cuid ríthábhachtach de na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe ( SDGanna ) is ea deireadh a chur le dífhoraoisiú, díghrádú foraoise , tiontú foraoise agus tiontú agus díghrádú éiceachóras eile . Leis an Rialachán seo ba cheart rannchuidiú go háirithe leis na spriocanna a chomhlíonadh maidir leis an mbeatha ar thalamh (SDG 15), gníomhú ar son na haeráide (SDG 13), tomhaltas agus táirgeacht fhreagrach (SDG 12), ocras nialais (SDG 2) agus sláinte mhaith agus folláine (SDG 3). Maidir le sprioc ábhartha 15.2 chun an dífhoraoisiú a stopadh faoi 2020 níor comhlíonadh í, rud a léiríonn an phráinn atá le gníomhaíocht uaillmhianach agus éifeachtach.

Leasú 20

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 17

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(17)

Leis an Rialachán seo ba cheart freagairt freisin do Dhearbhú 2021 Cheannairí Ghlaschú ar Fhoraoisí agus Talamhúsáid (37) lena n-aithnítear “chun ár spriocanna maidir le talamhúsáid, an aeráid, an bhithéagsúlacht agus ár Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a chomhlíonadh, go domhanda agus go náisiúnta araon, go gceanglófar breis gníomhaíocht chlaochlaitheach sna réimsí idirnasctha a bhaineann leis an táirgeacht agus an tomhaltas inbhuanaithe; forbairt bonneagair; trádáil, maoiniú agus infheistíocht; agus tacaíocht le haghaidh feirmeoirí beaga, pobail dhúchasacha, agus pobail áitiúla”. Chuir na sínitheoirí i dtábhacht sa Dearbhú sin freisin go neartóidh siad a n-iarrachtaí comhroinnte chun éascaíocht a dhéanamh ar bheartais trádála agus forbartha, go hidirnáisiúnta agus go hintíre, beartais lena gcuirfear chun cinn an fhorbairt inbhuanaithe agus táirgeacht agus tomhaltas inbhuanaithe tráchtearraí, a oibríonn chun tairbhe fhrithpháirteach na dtíortha , agus nach mbeidh ina spreagadh le haghaidh an dífhoraoisithe ná an díghrádaithe talún .

(17)

Leis an Rialachán seo ba cheart freagairt freisin do Dhearbhú 2021 Cheannairí Ghlaschú ar Fhoraoisí agus Talamhúsáid (37) lena n-aithnítear “chun ár spriocanna maidir le talamhúsáid, an aeráid, an bhithéagsúlacht agus ár Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a chomhlíonadh, go domhanda agus go náisiúnta araon, go gceanglófar breis gníomhaíocht chlaochlaitheach sna réimsí idirnasctha a bhaineann leis an táirgeacht agus an tomhaltas inbhuanaithe; forbairt bonneagair; trádáil, maoiniú agus infheistíocht; agus tacaíocht le haghaidh feirmeoirí beaga, pobail dhúchasacha, agus pobail áitiúla”. Gheall na sínitheoirí go gcuirfidís deireadh le caillteanas na bhforaoisí agus díghrádú talún agus go n-aisiompóidís iad faoi 2030 agus chuir siad i dtábhacht go neartóidh siad a n-iarrachtaí comhroinnte chun éascaíocht a dhéanamh ar bheartais trádála agus forbartha, go hidirnáisiúnta agus go hintíre, ar beartais iad lena gcuirfear an fhorbairt inbhuanaithe agus táirgeacht agus tomhaltas inbhuanaithe tráchtearraí chun cinn , a oibríonn chun tairbhe frithpháirtí na dtíortha.

Leasú 21

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 18

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(18)

Mar chomhalta den Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT), tá an tAontas tiomanta do chóras trádála iltaobhach atá uilíoch, bunaithe ar rialacha, oscailte, trédhearcach, intuartha, ionchuimsitheach, neamh-idirdhealaitheach agus cothromasach a chur chun cinn faoi EDT, mar aon le beartas trádála oscailte, inbhuanaithe agus teanntásach. Le raon feidhme an Rialacháin seo áireofar, dá bhrí sin, tráchtearraí agus táirgí a tháirgtear laistigh den Aontas agus tráchtearraí agus táirgí a allmhairítear chuig an Aontas araon.

(18)

Mar chomhalta den Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT), tá an tAontas tiomanta do chóras trádála iltaobhach atá uilíoch, bunaithe ar rialacha, oscailte, trédhearcach, intuartha, ionchuimsitheach, neamh-idirdhealaitheach agus cothromasach a chur chun cinn faoi EDT, mar aon le beartas trádála oscailte, inbhuanaithe agus teanntásach. Maidir le haon bhearta a thugann an tAontas isteach agus a dhéanann difear don trádáil, tá sé de cheangal orthu a bheith comhlíontach leis an Eagraíocht Dhomhanda Trádála. Thairis sin, ní mór do gach beart a thugann an tAontas isteach agus a dhéanann difear do thrádáil freagairt fhéideartha chomhpháirtithe trádála an Aontais a chur san áireamh agus a áirithiú nach mbeidh forghníomhú an bhirt sriantach go míchuí ná nach gcuirfidh sé isteach go míchuí ar thrádáil, agus ag an am céanna á chur san áireamh gur leas sáraitheach é caomhnú acmhainní nádúrtha teoranta. Le raon feidhme an Rialacháin seo áireofar, dá bhrí sin, tráchtearraí agus táirgí a tháirgtear laistigh den Aontas agus tráchtearraí agus táirgí a allmhairítear chuig an Aontas araon agus díreofar leis ar na tráchtearraí agus táirgí a mbaineann an baol is mó leo go mbeadh dífhoraoisiú, díghrádú foraoisí agus tiontú foraoise mar thoradh orthu .

Leasú 22

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 18 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(18a)

Is trí ghníomhaíocht dhomhanda amháin is féidir aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá os comhair an domhain maidir leis an athrú aeráide agus le cailliúint bithéagsúlachta. Ba cheart don Aontas a bheith ina ghníomhaí láidir domhanda agus dea-shampla á stiúradh aige agus é ar thús cadhnaíochta sa chomhar idirnáisiúnta chun córas iltaobhach oscailte agus cothrom a chruthú ina ngníomhóidh trádáil inbhuanaithe mar phríomhchumasóir an aistrithe ghlais chun an t-athrú aeráide a chomhrac agus chun an chailliúint bithéagsúlachta a athrú.

Leasú 23

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 19

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(19)

Leanann an Rialachán seo freisin an Teachtaireacht ón gCoimisiún “Beartas Trádála atá Oscailte, Inbhuanaithe agus Teanntásach” (38) inar sonraíodh gurb amhlaidh le dúshláin inmheánacha agus sheachtracha nua agus go háirithe samhail fáis nua atá níos inbhuanaithe mar a shainmhínítear leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus le Straitéis dhigiteach na hEorpa, atá gá ag an Aontas le straitéis beartais trádála nua – straitéis lena dtacófar lena chuspóirí beartais seachtracha agus intíre a bhaint amach agus lena gcuirfear chun cinn inbhuanaitheacht níos mó i gcomhréir lena ghealltanas chun Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme go hiomlán. Ní mór ról iomlán a bheith ag an mbeartas trádála sa téarnamh ó phaindéim COVID-19 agus i  gclaochluithe glasa agus digiteacha an gheilleagair agus i dtreo an Eoraip, agus í níos athléimní, a thógáil ar domhan .

(19)

Leanann an Rialachán seo freisin an Teachtaireacht ón gCoimisiún “Beartas Trádála atá Oscailte, Inbhuanaithe agus Teanntásach” (38) inar sonraíodh gurb amhlaidh le dúshláin inmheánacha agus sheachtracha nua agus go háirithe samhail fáis nua atá níos inbhuanaithe mar a shainmhínítear leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus le Straitéis dhigiteach na hEorpa, atá gá ag an Aontas le straitéis beartais trádála nua – straitéis lena dtacófar lena chuspóirí beartais seachtracha agus intíre a bhaint amach agus lena gcuirfear chun cinn inbhuanaitheacht níos mó i gcomhréir lena ghealltanas chun Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme go hiomlán. Is féidir le comhar trádála agus idirnáisiúnta a bheith ina n-uirlisí tábhachtacha chun caighdeáin níos airde inbhuanaitheachta a dhaingniú, go háirithe sa mhéid a bhaineann le hearnálacha atá nasctha le foraoisí agus a slabhraí soláthair díorthaithe; Mar sin féin, léirigh an mheastóireacht ar chomhaontuithe saorthrádála atá ann cheana go bhfuil laigí gcur chun feidhme agus i bhforfheidhmiú na gcomhaontuithe trádála atá ann cheana i gcásanna áirithe agus gur gá beartais trádála agus infheistíochta an Aontais a chuíchóiriú chun aghaidh a thabhairt ar dhúshlán an dífhoraoisithe dhomhanda ar bhealach níos éifeachtaí .

Leasú 24

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 19 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(19a)

Chun obair an Aontais maidir le comhaontuithe saorthrádála a athbheochan, chun cothrom iomaíochta a áirithiú do ghnólachtaí an Aontais agus chun gealltanais an Aontais faoi Chomhaontú Pháras agus faoin gCoinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch a chomhlíonadh, lena n-éilítear cosaint foraoisí, ba cheart do bheartas trádála an Aontais díriú ar na comhaontuithe trádála atá ann faoi láthair a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú chomh maith le caibidlíocht a dhéanamh agus comhaontuithe trádála nua a thabhairt i gcrích lena n-áirítear forálacha láidre, ceangailteacha agus infhorfheidhmithe maidir leis an bhforbairt inbhuanaithe.

Leasú 25

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 19 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(19b)

Ba cheart clásail láidre maidir le dífhoraoisiú, díghrádú foraoise, tiontú foraoise agus tiontú agus díghrádú éiceachóras eile a chur san áireamh sna sainorduithe caibidlíochta, agus ba cheart tagarmharcanna inbhuanaithe d’amhábhair ábhartha a chur san áireamh chun fabhair trádála nua a dheonú.

Leasú 26

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 19 c (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(19c)

Ba cheart rannpháirtíocht iomlán gach geallsealbhóra a chumasú le comhpháirtíocht agus le comhar ar bith le comhpháirtí trádála, lena n-áirítear an tsochaí shibhialta, pobail dhúchasacha, pobail áitiúla, údaráis áitiúla agus an earnáil phríobháideach, lena n-áirítear FBManna agus sealbhóirí beaga, agus neamhspleáchas comhpháirtithe sóisialta á chur san áireamh.

Leasú 27

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 19 d (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(19d)

Ba cheart iompar sóisialta, comhshaoil agus iompar freagrach gnó a chur san áireamh i bhforálacha soláthair phoiblí i gcomhaontuithe saorthrádála.

Leasú 28

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 19 e (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(19e)

Ba cheart go mbeadh comhaontuithe comhpháirtíochta láidre ag gabháil leis an Rialachán seo, ar comhaontuithe iad atá bunaithe ar thrádáil agus ar chomhar le tíortha is táirgeoirí móra na dtráchtearraí agus na dtáirgí ábhartha, agus leasanna speisialta na sealbhóirí beaga agus na bpobal áitiúil á gcur san áireamh.

Leasú 29

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 20

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(20)

Ba cheart an Rialachán seo a bheith ina chomhlánú ar bhearta eile a bheartaítear sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le “Dlús a Chur le Gníomhaíocht an Aontais chun Foraoisí an Domhain a Chosaint agus a Athbhunú” (39), go háirithe: 1) oibriú i  gcomhpháirtíocht le tíortha táirgíochta , chun tacú leo aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna an dífhoraoisithe, amhail rialachas lag, forfheidhmiú neamhéifeachtach an dlí agus éilliú, agus 2) comhar idirnáisiúnta le príomhthíortha tomhaltóra a neartú chun glacadh beart comhchosúil a chur chun cinn ionas nach gcuirfear táirgí a thagann ó shlabhraí soláthair atá bainteach leis an dífhoraoisiú agus leis an díghrádú foraoise ar a margaí.

(20)

Ba cheart an Rialachán seo a bheith ina chomhlánú ar bhearta eile a bheartaítear sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le “Dlús a Chur le Gníomhaíocht an Aontais chun Foraoisí an Domhain a Chosaint agus a Athbhunú” (39), go háirithe: 1) oibriú i  gcomhar le tíortha is táirgeoirí , chun tacú leo aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna an dífhoraoisithe, amhail rialachas lag, forfheidhmiú mí-éifeachtach an dlí agus éilliú, agus 2) comhar idirnáisiúnta a neartú le mórthíortha tomhaltóirí trí, i measc gníomhaíochtaí eile, comhaontuithe trádála a chur chun cinn ina n-áirítear forálacha maidir le caomhnú foraoisí agus trádáil i dtáirgí talmhaíochta agus foraoise a spreagadh atá saor ó dhífhoraoisiú, agus bearta comhchosúla a ghlacadh chun nach gcuirfear táirgí ó shlabhraí soláthair a bhaineann le dífhoraoisiú , díghrádú foraoise agus tiontú foraoise ar a margaí.

Leasú 30

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 20 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(20a)

Ba cheart go gcomhlíonfadh an Rialachán seo prionsabal an chomhtháthaithe beartas ar mhaithe le forbairt agus go bhfónfadh sé, dá bhrí sin, chun comhar le tíortha i mbéal forbartha a chur chun cinn agus a éascú, go háirithe leis na tíortha is lú forbairt (TLFanna), trí chúnamh teicniúil agus airgeadais a sholáthar, chomh maith le malartú faisnéise agus dea-chleachtas maidir le caomhnú agus úsáid inbhuanaithe foraoisí, lena dtugtar aitheantas speisialta do thionscnaimh inbhuanaitheachta arna ndéanamh ag an earnáil phríobháideach.

Leasú 31

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 20 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(20b)

Ag brath ar an tír lena mbaineann atá i mbéal forbartha agus ar a staid ghinearálta chomhshaoil, shóisialta agus eacnamaíoch, ba cheart féachaint ar chur chuige lárnach i leith na hinbhuanaitheachta, agus an ghné chomhshaoil chomh maith leis na gnéithe sóisialta agus eacnamaíocha á gcur san áireamh, go háirithe agus tagairt á déanamh do na TLFanna. Níor cheart go mbeadh mar thoradh ar bhearta an Aontais ídiú ioncaim do phobail leochaileacha, cailliúint post nó cúlú sa mhéid atá bainte amach ag tíortha atá i mbéal forbartha agus ba cheart go seachnófaí leo gníomhaíochtaí neamhdhleathacha a dhreasú, a bhfuil baint ag go leor acu leis an gcoireacht eagraithe thrasnáisiúnta, agus a bhfuil a héifeachtaí níos tubaistí fós don chomhshaol agus don tsochaí. Ba cheart tionchar diúltach phaindéim COVID-19 ar an dul chun cinn a rinneadh i dtreo SDGanna a bhaint amach, go háirithe tionchar díréireach na paindéime ar dhaoine bochta agus leochaileacha, agus ar an bhfostaíocht agus ar an neamhionannas, a chur san áireamh go leormhaith freisin.

Leasú 32

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 21

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(21)

Ba cheart don Choimisiún leanúint de bheith ag obair i gcomhpháirtíocht le tíortha táirgíochta agus ar bhealach níos ginearálta i gcomhar le heagraíochtaí agus le comhlachtaí idirnáisiúnta, agus ba cheart dó a bheith ag treisiú a thacaíochta agus a dhreasachtaí maidir le foraoisí a chosaint agus leis an aistriú chuig táirgeacht gan dífhoraoisiú, agus ról daoine dúchasacha á aithint, feabhas á chur ar rialachas agus ar thionacht talún, méadú á dhéanamh ar fhorfheidhmiú an dlí agus bainistíocht inbhuanaithe foraoise, talmhaíocht atá athléimneach ó thaobh aeráide de, diansaothrú agus éagsúlú inbhuanaithe , agra-éiceolaíocht agus agrafhoraoiseacht á gcur chun cinn. Ar an mbealach sin ba cheart dó ról daoine dúchasacha a aithint maidir le foraoisí a chosaint. Ag cur leis an taithí agus leis na ceachtanna a foghlaimíodh i gcomhthéacs na dtionscnamh atá ann cheana, ba cheart don Aontas agus do na Ballstáit oibriú i gcomhpháirtíocht le tíortha táirgíochta, arna iarraidh sin dóibh, chun ilfheidhmiúlachtaí foraoise a shaothrú, tacú leo leis an aistriú chuig bainistíocht inbhuanaithe foraoise, agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda agus riachtanais áitiúla á gcomhlíonadh agus aird á tabhairt ar na dúshláin atá roimh fheirmeoirí beaga i gcomhréir leis an Teachtaireacht maidir le Dlús a Chur leis an nGníomhaíocht chun Foraoisí an Domhain a Chosaint agus a Athbhunú. Leis an gcur chuige comhpháirtíochta ba cheart cuidiú le tíortha táirgíochta chun foraois a chosaint, a  athbhunú agus a úsáid go hinbhuanaithe, agus rannchuidiú á dhéanamh, dá réir sin, le cuspóir an Rialacháin seo chun an dífhoraoisiú agus an díghrádú foraoise a laghdú.

(21)

I gcomhar leis na Ballstáit, ba cheart don Choimisiún leanúint de bheith ag obair i gcomhpháirtíocht le tíortha táirgíochta agus ar bhealach níos ginearálta i gcomhar le heagraíochtaí agus le comhlachtaí idirnáisiúnta, chomh maith le geallsealbhóirí ábhartha atá gníomhach ar an talamh, agus ba cheart dó a bheith ag treisiú a thacaíochta agus a dhreasachtaí maidir le foraoisí a chosaint , a neartú agus a athbhunú agus leis an aistriú chuig táirgeacht gan dífhoraoisiú, agus ról agus cearta na bpobal dúchasach agus na bpobal áitiúil á aithint, feabhas á chur ar rialachas agus ar thionacht talún, an ceart chun toiliú saor, feasach agus roimh ré a fháil, méadú á dhéanamh ar fhorfheidhmiú an dlí agus bainistíocht inbhuanaithe foraoise atá gar don nádúr , bunaithe ar tháscairí agus tairseacha, éiceathurasóireacht, talmhaíocht atá athléimneach ó thaobh na haeráide de, éagsúlú, agra-éiceolaíocht agus agrafhoraoiseacht á gcur chun cinn. Agus é sin á dhéanamh aige ba cheart go n-aithneofaí go hiomlán ról agus cearta na bpobal dúchasach agus na bpobal áitiúil maidir le foraoisí a chosaint. Ag cur leis an taithí agus leis na ceachtanna a foghlaimíodh i gcomhthéacs na dtionscnamh atá ann cheana, ba cheart don Aontas agus do na Ballstáit oibriú i gcomhpháirtíocht le tíortha táirgíochta, arna iarraidh sin dóibh, agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda agus riachtanais áitiúla á gcomhlíonadh agus aird á tabhairt ar na dúshláin atá os comhair feirmeoirí beaga i gcomhréir leis an Teachtaireacht maidir le Dlús a Chur leis an nGníomhaíocht chun Foraoisí an Domhain a Chosaint agus a Athbhunú. Ba cheart go mbeadh sé mar aidhm ag rialacha agus ceanglais an t-ualach ar fheirmeoirí beaga i dtríú tíortha a íoslaghdú agus bacainní ar an rochtain atá acu ar mhargadh an Aontais agus ar thrádáil idirnáisiúnta a chosc. Ba cheart go gcabhródh an cur chuige comhpháirtíochta le tíortha is táirgeoirí foraoisí a chosaint, a  athchóiriú agus a úsáid go hinbhuanaithe, agus dá bhrí sin rannchuidiú le cuspóir an Rialacháin seo dífhoraoisiú , díghrádú foraoise agus tiontú foraoise a laghdú chomh maith le tacú le hathchóiriú foraoise, lena n-áirítear trí úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí digiteacha agus faisnéis gheospásúil .

Leasú 33

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 21 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(21a)

Aithnítear sa Rialachán seo an tábhacht eacnamaíoch a bhaineann le honnmhairí tráchtearraí do thríú tíortha chomh maith leis na dúshláin shonracha a d’fhéadfadh a bheith os comhair feirmeoirí beaga, go háirithe mná. Ós rud é gur féidir leis an sciar de na feirmeoirí beaga a tháirgeann na tráchtearraí lena mbaineann a bheith an-ard, ní mór aird ar leith a thabhairt ar na dúshláin a bheidh roimh fheirmeoirí beaga maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo. Tá sé ríthábhachtach go soláthróidh na hoibreoirí a cheannaíonn ó fheirmeoirí beaga tacaíocht airgeadais agus theicniúil chun cuidiú le feirmeoirí beaga ceanglais nua an Aontais maidir le rochtain ar an margadh a chomhlíonadh. Chun tacú le cleachtais inbhuanaithe, amhail an agra-éiceolaíocht agus bainistiú foraoisí ag an bpobal, ba cheart don Aontas dul i ngleic le spreagthóirí díreacha agus indíreacha an dífhoraoisithe, lena n-áirítear an bhochtaineacht, trí ioncam maireachtála a chur chun cinn d’fheirmeoirí beaga a tháirgeann earraí a onnmhairítear chuig an Aontas agus trí acmhainní leordhóthanacha a dhaingniú chun tacaíocht shonrach a thabhairt d’fheirmeoirí beaga i dtríú tíortha chun ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh agus an rochtain atá acu ar mhargadh an Aontais a éascú. Ag an am céanna, is féidir le bunú córais inchreidte inrianaitheachta cumhacht a thabhairt d’fheirmeoirí beaga mar go bhféadfadh sé neamhíoc préimheanna geallta inbhuanaitheachta a sheachaint, foráil a dhéanamh d’íocaíochtaí leictreonacha le táirgeoirí tríd an gcóras inrianaitheachta náisiúnta a úsáid agus ar an gcaoi sin cur ar chumas na n-údarás áitiúil eolas a bhailiú maidir le líon na ndáileachtaí táirgeoirí agus líon na bhfeirmeoirí a rialú.

Leasú 34

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 22

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(22)

Gníomhaíocht thábhachtach eile a fógraíodh sa Teachtaireacht is ea bunú Fhaireachlann an Aontais um an dífhoraoisiú, an díghrádú foraoise, athruithe i gcumhdach foraoise an domhain agus spreagthóirí comhlachaithe (“Faireachlann an Aontais”) a sheol an Coimisiún chun faireachán níos fearr a dhéanamh ar athruithe i gcumhdach foraoise an domhain agus i spreagthóirí gaolmhara. Thairis sin, ag cur le huirlisí faireacháin atá ann cheana, lena n-áirítear táirgí Copernicus, déanfaidh Faireachlann an Aontais éascaíocht ar rochtain ar fhaisnéis maidir le slabhraí soláthair le haghaidh eintitis phoiblí, tomhaltóirí agus gnólachtaí, agus sonraí agus faisnéis intuigthe á soláthar lena nasctar an dífhoraoisiú, an díghrádú foraoise, agus athruithe i gcumhdach foraoise an domhain le héileamh an Aontais ar thráchtearraí agus ar tháirgí agus le trádáil an Aontais lena n-aghaidh. Dá réir sin, le Faireachlann an Aontais tacófar go díreach le cur chun feidhme an Rialacháin seo trí fhianaise eolaíoch a sholáthar maidir leis an dífhoraoisiú domhanda agus an díghrádú foraoise agus trádáil ghaolmhar. Rachaidh Faireachlann an Aontais i ndlúthchomhar le heagraíochtaí idirnáisiúnta, institiúidí taighde , agus tríú tíortha ábhartha.

(22)

Gníomhaíocht thábhachtach eile a fógraíodh sa Teachtaireacht is ea bunú Fhaireachlann an Aontais um an dífhoraoisiú, an díghrádú foraoise, athruithe i gcumhdach foraoise an domhain agus spreagthóirí comhlachaithe (“Faireachlann an Aontais”) a sheol an Coimisiún chun faireachán níos fearr a dhéanamh ar athruithe i gcumhdach foraoise an domhain agus i spreagthóirí gaolmhara. Thairis sin, ag cur le huirlisí faireacháin atá ann cheana, lena n-áirítear táirgí Copernicus agus foinsí atá ar fáil go poiblí nó go poiblí , déanfaidh Faireachlann an Aontais éascaíocht ar rochtain ar fhaisnéis maidir le slabhraí soláthair le haghaidh eintitis phoiblí, tomhaltóirí agus gnólachtaí, agus sonraí agus faisnéis intuigthe á soláthar lena nasctar an dífhoraoisiú, an díghrádú foraoise, agus athruithe i gcumhdach foraoise an domhain le héileamh an Aontais ar thráchtearraí agus ar tháirgí agus le trádáil an Aontais lena n-aghaidh. Dá réir sin, le Faireachlann an Aontais tacófar go díreach le cur chun feidhme an Rialacháin seo trí fhianaise eolaíoch a sholáthar maidir leis an dífhoraoisiú domhanda agus an díghrádú foraoise agus trádáil ghaolmhar. Ba cheart go mbeadh acmhainní cobhsaí leordhóthanacha ag Faireachlann an Aontais agus ba cheart di a bheith rannpháirteach i gcóras mear-rabhaidh a bhunú d’oibreoirí, do thrádálaithe, don tsochaí shibhialta agus d’údaráis inniúla i gcás ina nochtar dífhoraoisiú nó gníomhaíocht díghrádaithe foraoise san anailís ar chumhdach foraoise. Chun cur chun feidhme an Rialacháin seo a éascú, ba cheart don Choimisiún scrúdú a dhéanamh freisin ar conas is féidir le Faireachlann an Aontais rannchuidiú leis an anailís ar an reachtaíocht ábhartha i dtíortha is táirgeoirí, lena n-áirítear cearta tionachta agus an ceart nós imeachta toiliú saor, roimh ré agus feasach a thabhairt. Rachaidh Faireachlann an Aontais i ndlúthchomhar le heagraíochtaí idirnáisiúnta, institiúidítaighde , eagraíochtaí neamhrialtasacha, oibreoirí agus tríú tíortha ábhartha. Comhoibreoidh sé freisin le húdaráis inniúla na mBallstát d’fhonn na sonraí agus torthaí na rialuithe a dhéanann siad ar an láthair a lárú.

Leasú 35

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 23

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(23)

Leis an gcreat reachtach de chuid an Aontais atá ann cheana dírítear ar dhul i ngleic le lománaíocht neamhdhleathach agus ar thrádáil chomhlachaithe agus ní thugtar aghaidh ar an dífhoraoisiú go díreach. Is é atá ann Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lena leagtar síos oibleagáidí na n-oibreoirí a chuireann adhmad agus táirgí adhmaid ar an margadh (40), agus Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 ón gComhairle maidir scéim ceadúnúcháin um Fhorfheidhmiú an Dlí, Rialachas agus Trádáil i dtaca le Foraoisí a bhunú le haghaidh allmhairí adhmaid isteach sa Chomhphobal Eorpach (41). Rinneadh meastóireacht ar an dá Rialachán i Seiceáil Oiriúnachta lenar cinneadh , cé go raibh tionchar dearfach ag an reachtaíocht ar rialachas foraoise , nár comhlíonadh cuspóirí ceachtar Rialachán, eadhon lománaíocht neamhdhleathach agus trádáil ghaolmhar a stopadh, agus laghdú a dhéanamh ar thomhaltas adhmaid a lománaíodh go neamhdhleathach san Aontas  (42) , agus thángthas ar an gconclúid nár leordhóthanach díriú ar dhlíthiúlacht adhmaid amháin chun na cuspóirí socraithe a chomhlíonadh .

(23)

Is éard atá i gcreat reatha um fhoraoisí de chuid an Aontais Plean Gníomhaíochta AE ar Fhorfheidhmiú an Dlí, Rialachas, agus Trádáil i dtaca le Foraoisí lena ndírítear ar dhul i ngleic le lománaíocht neamhdhleathach agus ar thrádáil chomhlachaithe agus ní thugtar aghaidh ar an dífhoraoisiú go díreach leis . Is é atá ann Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lena leagtar síos oibleagáidí na n-oibreoirí a chuireann adhmad agus táirgí adhmaid ar an margadh (40), agus Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 ón gComhairle maidir scéim ceadúnúcháin um Fhorfheidhmiú an Dlí, Rialachas agus Trádáil i dtaca le Foraoisí a bhunú le haghaidh allmhairí adhmaid isteach sa Chomhphobal Eorpach (41) lena ndéantar Comhaontuithe Comhpháirtíochta Deonaí (VPAnna) a oibríochtú . Rinneadh seiceáil oiriúnachta ar fheidhmiú agus ar chur chun feidhme an dá Rialachán lenar bhfuarthas amach , cé gur bhain an dá cheann rath áirithe amach, gur chuir roinnt dúshlán maidir le cur chun feidhme bac ar dhul chun cinn a dhéanamh i dtreo a gcuspóirí a bhaint amach go hiomlán. Le cur i bhfeidhm agus feidhmiú na scéime díchill chuí faoi Rialachán (AE) Uimh. 995/210 ar thaobh amháin , agus leis an líon teoranta de thíortha atá bainteach sa phróiseas VPA, agus ós rud é nach bhfuil ach córas ceadúnúcháin i bhfeidhm ach i gceann amháin acu (an Indinéis) go dtí seo, ar an taobh eile, cuireadh srian leis an éifeachtacht ó thaobh an cuspóir a bhaint amach maidir le tomhaltas adhmaid a lománaíodh go neamhdhleathach san Aontas .

Leasú 36

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 24

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(24)

Deimhnítear leis na tuarascálacha atá ar fáil go bhfuil cuid shuntasach den dífhoraoisiú leanúnach dlíthiúil de réir dhlíthe na tíre táirgthe. Le tuarascáil (43) a foilsíodh le déanaí meastar gurb amhlaidh idir 2013 agus 2019 a bhí thart ar 30 % den dífhoraoisiú a bhí dírithe ar an talmhaíocht tráchtála i dtíortha trópaiceacha dlíthiúil. Sna sonraí atá ar fáil is gnách go ndírítear ar thíortha ag a bhfuil rialachas lag – d’fhéadfadh sé go mbeadh an sciar domhanda den dífhoraoisiú atá neamhdhleathach ní b’ísle, ach soláthraítear sonraí soiléire iontu cheana lena léirítear go ndéantar dochar d’éifeachtacht na mbeart a bhaineann le beartais má fhágtar an dífhoraoisiú atá dlíthiúil sa tír tháirge as an áireamh.

(24)

Deimhnítear leis na tuarascálacha atá ar fáil go bhfuil cuid shuntasach den dífhoraoisiú leanúnach dlíthiúil de réir dhlíthe na tíre táirgthe. Le tuarascáil (43) a foilsíodh le déanaí meastar gurb amhlaidh idir 2013 agus 2019 a bhí thart ar 30 % den dífhoraoisiú a bhí dírithe ar an talmhaíocht tráchtála i dtíortha trópaiceacha dlíthiúil. Sna sonraí atá ar fáil is gnách go ndírítear ar thíortha ag a bhfuil rialachas lag – d’fhéadfadh sé go mbeadh an sciar domhanda den dífhoraoisiú atá neamhdhleathach ní b’ísle, ach soláthraítear sonraí soiléire iontu cheana lena léirítear go ndéantar dochar d’éifeachtacht na mbeart a bhaineann le beartais má fhágtar an dífhoraoisiú atá dlíthiúil sa tír tháirge as an áireamh.

Leasú 37

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 25

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(25)

Leis an measúnú tionchair maidir le bearta beartais féideartha chun aghaidh a thabhairt ar an dífhoraoisiú agus ar an díghrádú foraoise faoi thionchar an Aontais, le conclúidí ón gComhairle agus le rún 2020 ó Pharlaimint na hEorpa sainaithnítear go soiléir gur gá an dífhoraoisiú agus an díghrádú foraoise a bhunú mar na treoirchritéir le haghaidh bearta atá le teacht ón Aontas. Dá bhrí sin, leis an gcreat dlíthiúil nua ón Aontas ba cheart aghaidh a thabhairt ar an dlíthiúlacht agus ar cé acu atá nó nach bhfuil táirgeadh tráchtearraí agus táirgí ábhartha gan dífhoraoisiú.

(25)

Leis an measúnú tionchair maidir le bearta beartais féideartha chun aghaidh a thabhairt ar an dífhoraoisiú agus ar an díghrádú foraoise faoi thionchar an Aontais, le conclúidí ón gComhairle agus le rún 2020 ó Pharlaimint na hEorpa sainaithnítear go soiléir gur gá an dífhoraoisiú agus an díghrádú foraoise a bhunú mar na treoirchritéir le haghaidh bearta atá le teacht ón Aontas. Trí dhíriú ar dhlíthiúlacht amháin, d’fhéadfaí rás go grinneall a spreagadh i dtíortha atá ag brath go mór ar onnmhairí talmhaíochta. D’fhéadfaí cathú a dhéanamh ar na tíortha sin a gcosaint comhshaoil a ísliú d’fhonn rochtain a gcuid táirgí ar mhargadh an Aontais a éascú. Dá bhrí sin, ba cheart go ndíreodh creat dlíthiúil nua an Aontais ar dhlíthiúlacht, cibé an bhfuil táirgeadh tráchtearraí agus táirgí ábhartha gan dífhoraoisiú agus cibé ar leanfadh le cosaint chearta tionachta na bpobal dúchasach agus na bpobal áitiúil.

Leasú 38

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 26

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(26)

Ba cheart an sainmhíniú ar “gan dífhoraoisiú” a bheith sách leathan chun an dífhoraoisiú agus an díghrádú foraoise araon a chumhdach, ba cheart soiléireacht dhlíthiúil a sholáthar leis, agus ba cheart é a bheith intomhaiste bunaithe ar shonraí atá cainníochtúil, oibiachtúil agus aitheanta go hidirnáisiúnta.

(26)

Ba cheart an sainmhíniú ar “gan dífhoraoisiú” a bheith sách leathan chun an dífhoraoisiú, an díghrádú foraoise agus an tiontú foraoise a chumhdach, ba cheart soiléireacht dhlíthiúil a sholáthar leis, agus ba cheart é a bheith intomhaiste bunaithe ar shonraí atá cainníochtúil, oibiachtúil agus aitheanta go hidirnáisiúnta.

Leasú 39

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 27

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(27)

Leis an Rialachán ba cheart na tráchtearraí sin a chumhdach a bhfuil tomhaltas an Aontais maidir leo ar an tomhaltas is ábhartha ó thaobh an dífhoraoisiú domhanda agus an díghrádú foraoise a spreagadh agus ar lena n-aghaidh a d’fhéadfaí na tairbhí is airde in aghaidh luach aonaid na trádála a thabhairt le hidirghabháil bheartais ón Aontas. Athbhreithniú cuimsitheach ar an litríocht eolaíoch, eadhon ar phríomhfhoinsí lena meastar tionchar thomhaltas an Aontais ar an dífhoraoisiú domhanda agus lena nasctar an lorg sin le tráchtearraí sonracha, rinneadh é mar chuid den staidéar lena dtacaítear leis an Measúnú Tionchair agus cros-seiceáladh é trí chomhairliúchán forleathan le geallsealbhóirí. Leis an bpróiseas sin soláthraíodh an chéad liosta d’ocht dtráchtearra . Áiríodh adhmad go díreach sa raon feidhme ós rud é gur cumhdaíodh cheana é le EUTR. Laghdaíodh liosta na dtráchtearraí thairis sin ansin trí anailís éifeachtúlachta sa Mheasúnú Tionchair. Leis an anailís éifeachtúlachta sin rinneadh heicteáir an dífhoraoisithe atá nasctha le tomhaltas an Aontais, mar a measadh i bpáipéar taighde le déanaí  (44) , le haghaidh gach ceann de na tráchtearraí sin a chur i gcomparáid lena meánluach d’allmhairí an Aontais. De réir an pháipéir taighde a úsáideadh le haghaidh na hanailíse éifeachtúlachta, seasann sé thráchtearra don sciar is mó den dífhoraoisiú faoi thionchar an Aontais i measc na n-ocht dtráchtearra ar a ndearnadh anailís sa pháipéar taighde sin: ola pailme (33,95  %), soighe (32,83  %), adhmad (8,62  %), cócó (7,54  %), caife (7,01  %) agus mairteoil (5,01  %).

(27)

Leis an Rialachán ba cheart na tráchtearraí sin a chumhdach a bhfuil tomhaltas an Aontais maidir leo ar an tomhaltas is ábhartha ó thaobh an dífhoraoisiú domhanda , an díghrádú foraoise agus an tiontú foraoise a spreagadh agus ar lena n-aghaidh a d’fhéadfaí na tairbhí is airde in aghaidh luach aonaid na trádála a thabhairt le hidirghabháil bheartais ón Aontas. Mar chuid den staidéar lena dtacaítear leis an Measúnú Tionchair, rinneadh athbhreithniú cuimsitheach ar an litríocht eolaíoch, eadhon ar phríomhfhoinsí lena meastar tionchar thomhaltas an Aontais ar an dífhoraoisiú domhanda agus lena nasctar an lorg comhshaoil sin le tráchtearraí sonracha, agus cros-seiceáladh é trí chomhairliúchán forleathan le geallsealbhóirí. Leis an bpróiseas sin soláthraíodh an chéad liosta de thráchtearraí . Áiríodh adhmad go díreach sa raon feidhme ós rud é gur cumhdaíodh cheana é le EUTR. De réir páipéar taighde  (44) le déanaí a úsáideadh le haghaidh na hanailíse éifeachtúlachta, seasann sé thráchtearra don sciar is mó den dífhoraoisiú faoi thionchar an Aontais i measc na dtráchtearraí ar fad ar a ndearnadh anailís sa pháipéar taighde sin: ola pailme (33,95  %), soighe (32,83  %), adhmad (8,62  %), cócó (7,54  %), caife (7,01  %) agus mairteoil (5,01  %). Ba cheart go mbeadh feoil a allmhairítear isteach san Aontas a bheith faoi réir na rialacha céanna le feoil a tháirgtear laistigh den Aontas. Dá bhrí sin, ba cheart go gcumhdófaí feoil ó mhucra, ó éineoil agus ó chaoirigh agus ó ghabhair leis an Rialachán seo chun a áirithiú gur tugadh mar bheatha d’ainmhithe a tógadh lasmuigh den Aontas agus a allmhairítear ina dhiaidh sin le tráchtearraí nó táirgí nach mbíonn dífhoraoisiú mar thoradh orthu. Ba cheart rubar agus arbhar Indiach a chumhdach leis an Rialachán seo freisin mar gheall ar a dtionchar ar dhífhoraoisiú domhanda. Ba cheart go mbeadh an Coimisiún i dteideal gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun raon feidhme Iarscríbhinn I a leathnú.

Leasú 40

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 27 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(27a)

Ba cheart go ndéanfaí institiúidí airgeadais a chumhdach leis an Rialachán seo toisc go bhféadfadh a gcuid seirbhísí tacú le gníomhaíochtaí a bhaineann go díreach nó go hindíreach le dífhoraoisiú, díghrádú foraoise agus tiontú foraoise. Ba cheart, dá bhrí sin, go ndéanfaí gach gníomhaíocht baincéireachta, infheistíochta agus árachais de chuid institiúidí airgeadais a áireamh i raon feidhme an Rialacháin seo chun cosc a chur orthu tacú le tionscadail a bhfuil baint dhíreach nó indíreach acu le dífhoraoisiú, díghrádú foraoise nó tiontú foraoise.

Leasú 41

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 29

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(29)

Ba cheart oibleagáidí maidir le tráchtearraí agus le táirgí ábhartha a leagan síos leis an Rialachán seo chun an dífhoraoisiú agus an díghrádú foraoise a chomhrac go héifeachtach, agus chun slabhraí soláthair gan dífhoraoisiú a chur chun cinn.

(29)

Ba cheart oibleagáidí maidir le tráchtearraí agus le táirgí ábhartha a leagan síos leis an Rialachán seo chun an dífhoraoisiú, an díghrádú foraoise agus tiontú foraoise a chomhrac go héifeachtach, agus chun slabhraí soláthair gan dífhoraoisiú a chur chun cinn chomh maith le cosaint chearta an duine agus chearta na bpobal dúchasach agus áitiúil a chur chun cinn, san Aontas agus i dtríú tíortha .

Leasú 42

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 29 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(29a)

Agus measúnú á dhéanamh ar an riosca nach gcomhlíonfar ceanglais an Rialacháin seo i gcás tráchtearraí agus táirgí ábhartha a bheartaítear a chur ar mhargadh an Aontais nó a onnmhairiú amach as, ba cheart sáruithe ar chearta an duine a bhaineann le dífhoraoisiú, le díghrádú foraoise agus le tiontú foraoise, lena n-áirítear sáruithe ar chearta pobal dúchasach, pobal áitiúil agus sealbhóirí gnáthcheart tionachta, a chur san áireamh.

Leasú 43

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 30

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(30)

Maidir le roinnt eagraíochtaí agus comhlachtaí idirnáisiúnta (e.g. Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe, an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide, Clár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe, Comhaontú Pháras, an tAontas Idirnáisiúnta do Chaomhnú an Dúlra, an Coinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch), d’fhorbair siad obair i réimse an dífhoraoisithe agus an díghrádaithe foraoise agus cuirtear leis an obair sin leis na sainmhínithe sa Rialachán seo.

(30)

Maidir le roinnt eagraíochtaí agus comhlachtaí idirnáisiúnta (e.g. Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe, an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide, Clár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe, Comhaontú Pháras, an tAontas Idirnáisiúnta do Chaomhnú an Dúlra, an Coinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch), d’fhorbair siad obair i réimse an dífhoraoisithe agus an díghrádaithe foraoise chomh maith le tiontú agus díghrádú eiceachóras eile gus cuirtear leis an obair sin leis na sainmhínithe sa Rialachán seo.

Leasú 44

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 31

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(31)

Ba cheart spriocdháta a shocrú chun bunús a sholáthar leis an meastóireacht ar cé acu a bhí nó nach raibh an talamh lena mbaineann faoi réir an dífhoraoisithe nó an díghrádaithe foraoise, rud a chiallaíonn nach gceadófaí aon tráchtearra ná táirge i raon feidhme an Rialacháin seo a thabhairt isteach i margadh an Aontais ná a onnmhairiú dá dtáirgfí iad ar thalamh a bhí faoi réir an dífhoraoisithe nó an díghrádaithe foraoise tar éis an dáta sin. Ba cheart foráil a dhéanamh leis maidir leis an bhfíorú agus leis an bhfaireachán iomchuí, é a bheith ag comhfhreagairt do ghealltanais idirnáisiúnta atá ann cheana, amhail na SDGanna agus Dearbhú Nua-Eabhrac maidir le Foraoisí, agus, dá réir sin, íoslaghdú á dhéanamh ar cur isteach tobann ar shlabhraí soláthair agus aon dreasacht a bhaint maidir le dlús a chur le gníomhaíochtaí as a n-eascraíonn an dífhoraoisiú agus an díghrádú foraoise i bhfianaise theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(31)

Ba cheart spriocdháta a shocrú chun bunús a sholáthar leis an meastóireacht ar cé acu a bhí nó nach raibh an talamh lena mbaineann faoi réir an dífhoraoisithe , an díghrádaithe foraoise nó an tiontaithe foraoise, rud a chiallaíonn nach gceadófaí aon tráchtearra ná táirge i raon feidhme an Rialacháin seo a thabhairt isteach i margadh an Aontais ná a onnmhairiú dá dtáirgfí iad ar thalamh a bhí faoi réir an dífhoraoisithe nó an díghrádaithe foraoise tar éis an dáta sin. Ba cheart foráil a dhéanamh leis maidir leis an bhfíorú agus leis an bhfaireachán iomchuí, agus gealltanais idirnáisiúnta atá ann cheana á gcur i gcuntas , amhail na SDGanna agus Dearbhú Nua-Eabhrac maidir le Foraoisí, agus, dá réir sin, íoslaghdú á dhéanamh ar cur isteach tobann ar shlabhraí soláthair agus aon dreasacht a bhaint maidir le dlús a chur le gníomhaíochtaí as a n-eascraíonn an dífhoraoisiú agus an díghrádú foraoise i bhfianaise theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Leasú 45

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 32

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(32)

Chun neartú a dhéanamh ar rannchuidiú an Aontais leis an dífhoraoisiú agus leis an díghrádú foraoise a stopadh, agus chun a áirithiú nach gcuirfear tráchtearraí ná táirgí ó shlabhraí soláthair a bhaineann leis an dífhoraoisiú agus leis an díghrádú foraoise ar mhargadh an Aontais, níor cheart tráchtearraí ná táirgí ábhartha a chur ar mhargadh an Aontais ná a chur ar fáil air, ná a onnmhairiú ó mhargadh an Aontais, mura rud é go bhfuil siad gan dífhoraoisiú agus gur táirgeadh iad i gcomhréir le reachtaíocht ábhartha na tíre táirgthe . Chun a dheimhniú gurb é sin an cás, ba cheart ráiteas maidir le dícheall cuí a bheith ag gabháil leo i gcónaí.

(32)

Chun neartú a dhéanamh ar rannchuidiú an Aontais leis an dífhoraoisiú , leis an díghrádú foraoise agus leis an tiontú foraoise a stopadh, agus chun a áirithiú nach gcuirfear tráchtearraí ná táirgí ó shlabhraí soláthair a bhaineann leis an dífhoraoisiú, leis an díghrádú foraoise agus leis an tiontú foraoise ar mhargadh an Aontais ná nach ndéanfar iad a onnmhairiú ó mhargadh an Aontais , níor cheart tráchtearraí ná táirgí ábhartha a chur ar mhargadh an Aontais ná a chur ar fáil air, ná a onnmhairiú ó mhargadh an Aontais, mura rud é go bhfuil siad gan dífhoraoisiú agus gur táirgeadh iad i gcomhréir le caighdeáin agus dlíthe intíre agus idirnáisiúnta . Chun a dheimhniú gurb é sin an cás, ba cheart ráiteas maidir le dícheall cuí a bheith ag gabháil leo i gcónaí.

Leasú 46

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 33

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(33)

Ar bhonn cur chuige córasach, ba cheart d’oibreoirí na bearta iomchuí a dhéanamh chun a shuí go gcomhlíonann na tráchtearraí agus na táirgí ábhartha a bheartaíonn siad a chur ar mhargadh an Aontais ceanglais gan dífhoraoisiú agus ceanglais dlíthiúlachta an Rialacháin seo. Chuige sin, ba cheart d’oibreoirí nósanna imeachta um dhícheall cuí a bhunú agus a chur chun feidhme. Ba cheart trí eilimint a áireamh sa nós imeachta um dhícheall cuí a cheanglaítear leis an Rialachán seo: ceanglais faisnéise, measúnú riosca agus bearta maolúcháin riosca. Ba cheart na nósanna imeachta um dhícheall cuí a dhearadh chun rochtain a sholáthar ar fhaisnéis maidir le foinsí agus le soláthróirí na dtráchtearraí agus na dtáirgí atá á gcur ar mhargadh an Aontais, lena n-áirítear faisnéis lena léirítear go bhfuil na ceanglais maidir le heaspa dífhoraoisithe agus díghrádaithe foraoise agus na ceanglais dlíthiúlachta á gcomhlíonadh, inter alia trí thír agus trí limistéar an táirgthe a shainaithint, lena n-áirítear comhordanáidí suímh gheografaigh na ndáileachtaí ábhartha talún . Leis na comhordanáidí suímh gheografaigh sin atá ag brath ar uainiú, suíomh agus/nó faire na Cruinne, d’fhéadfaí úsáid a bhaint as sonraí spáis agus seirbhísí a soláthraíodh faoi chlár spáis an Aontais (EGNOS/Galileo agus Copernicus). Ar bhonn na faisnéise sin, ba cheart d’oibreoirí measúnú riosca a dhéanamh. I gcás ina sainaithnítear riosca, ba cheart d’oibreoirí an riosca sin a mhaolú chun riosca nialais nó diomaibhseach a bhaint amach. Níor cheart a cheadú don oibreoir an tráchtearra ná an táirge ábhartha a chur ar mhargadh an Aontais ná a onnmhairiú ach amháin tar éis na mbeart a cheanglaítear maidir leis an nós imeachta um dhícheall cuí a dhéanamh agus teacht ar an gconclúid nach ann d’aon riosca lena léirítear nach gcomhlíonann an tráchtearra ná an táirge ábhartha an Rialachán seo nó nach ann ach do riosca diomaibhseach gurb amhlaidh sin.

(33)

Ar bhonn cur chuige córasach, ba cheart d’oibreoirí na bearta iomchuí a dhéanamh chun a shuí go gcomhlíonann na tráchtearraí agus na táirgí ábhartha a bheartaíonn siad a chur ar mhargadh an Aontais ceanglais gan dífhoraoisiú agus ceanglais dlíthiúlachta an Rialacháin seo. Chuige sin, ba cheart d’oibreoirí nósanna imeachta um dhícheall cuí a bhunú agus a chur chun feidhme. Ba cheart ceithre eilimint a áireamh sa nós imeachta um dhícheall cuí a cheanglaítear leis an Rialachán seo: ceanglais faisnéise, measúnú riosca agus bearta maolúcháin riosca agus oibleagáidí tuairiscithe . Ba cheart na nósanna imeachta um dhícheall cuí a dhearadh chun rochtain a sholáthar ar fhaisnéis maidir le foinsí agus le soláthróirí na dtráchtearraí agus na dtáirgí atá á gcur ar mhargadh an Aontais, lena n-áirítear faisnéis lena léirítear go bhfuil na ceanglais maidir le heaspa dífhoraoisithe, díghrádaithe foraoise agus tiontaithe foraoise agus ceanglais dlíthiúlachta á gcomhlíonadh, agus go bhfuil an ceanglas dlíthiúlachta agus an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine comhlíonta ag an tír táirgthe, lena n-áirítear an ceart chun toiliú saor, feasach agus roimh ré inter alia trí thír an táirgthe nó codanna di a shainaithint, lena n-áirítear comhordanáidí geoshuímh . Leis na comhordanáidí suímh gheografaigh sin atá ag brath ar uainiú, suíomh agus/nó faire na Cruinne, d’fhéadfaí úsáid a bhaint as sonraí spáis agus seirbhísí a soláthraíodh faoi chlár spáis an Aontais (EGNOS/Galileo agus Copernicus). D’fhéadfadh dúshlán ar leith a bheith ag baint le cur i bhfeidhm an cheanglais geoshuímh in earnálacha ina seasann feirmeoirí beaga do sciar suntasach de tháirgeoirí, agus ba cheart treoir chomh maith le tacaíocht theicniúil agus airgeadais a chur ar fáil i gcás inarb ábhartha. Ar bhonn na faisnéise sin, ba cheart d’oibreoirí measúnú riosca a dhéanamh. I gcás ina sainaithnítear riosca, ba cheart d’oibreoirí an riosca sin a mhaolú chun riosca nialais nó diomaibhseach a bhaint amach. Níor cheart a cheadú don oibreoir an tráchtearra ná an táirge ábhartha a chur ar mhargadh an Aontais ná a onnmhairiú ach amháin tar éis na mbeart a cheanglaítear maidir leis an nós imeachta um dhícheall cuí a dhéanamh agus teacht ar an gconclúid nach ann d’aon riosca lena léirítear nach gcomhlíonann an tráchtearra ná an táirge ábhartha an Rialachán seo nó nach ann ach do riosca diomaibhseach gurb amhlaidh sin. Chun an trédhearcacht a chothú agus forfheidhmiú a éascú, ba cheart d’oibreoirí, ar bhonn bliantúil, tuairisciú go poiblí ar a gcóras díchill chuí, lena n-áirítear na céimeanna a glacadh chun a n-oibleagáidí a chur chun feidhme.

Leasú 47

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 33 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(33a)

Ba cheart go ndéanfadh oibreoirí iarrachtaí réasúnacha a dhéanamh chun a áirithiú go n-íocfar praghas cothrom leis na táirgeoirí óna bhfoinsíonn siad, go háirithe feirmeoirí beaga, chun ioncam maireachtála a chumasú agus chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar an mbochtaineacht mar bhunchúis leis an dífhoraoisiú.

Leasú 48

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 33 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(33b)

Ba cheart go mbeadh oibreoirí agus trádálaithe agus údaráis inniúla na mBallstát in ann tairbhe a bhaint as na huirlisí a chuireann an tAontas ar fáil agus an fhaisnéis is gá a bhailiú agus a ath-aistriú do nós imeachta an díchill chuí . Ba cheart do na gníomhaireachtaí atá i gceannas ar EGNOS/Galileo agus Copernicus a sineirgí a neartú chun cur chuige iomlánaíoch a bheith ann. Ba cheart d’oibreoirí agus do thrádálaithe, i gcomhar leis an gCoimisiún, tacú le feirmeoirí, go háirithe feirmeoirí beaga, pobail dhúchasacha agus pobail áitiúla, ionas gur féidir leo na huirlisí is gá a fháil agus a úsáid go hiomchuí chun faisnéis a bhailiú, lena n-áirítear an geoshuíomh, agus chun úinéireacht a ghlacadh orthu ar bhealach inbhuanaithe.

Leasú 49

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 34

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(34)

Ba cheart do na hoibreoirí freagracht a ghlacadh go foirmiúil as comhlíontacht na dtráchtearraí nó na dtáirgí ábhartha a bheartaíonn siad a chur ar mhargadh an Aontais nó a onnmhairiú trí ráitis maidir le dícheall cuí a chur ar fáil. Leis an Rialachán seo ba cheart teimpléad le haghaidh na ráiteas sin a sholáthar. Tá coinne leis go n-éascófar leis sin forfheidhmiú an Rialacháin seo trí na húdaráis inniúla agus na cúirteanna mar aon le comhlíontacht ó oibreoirí a mhéadú.

(34)

Ba cheart do na hoibreoirí a chuireann tráchtearra nó táirge lena mbaineann ar mhargadh an Aontais nó a onnmhairíonn táirge nó tráchtearra chuig tríú tír freagracht a ghlacadh go foirmiúil as comhlíontacht na dtráchtearraí nó na dtáirgí ábhartha a bheartaíonn siad a chur ar mhargadh an Aontais nó a onnmhairiú trí ráitis maidir le dícheall cuí a chur ar fáil. Leis an Rialachán seo ba cheart teimpléad le haghaidh na ráiteas sin a sholáthar. Tá coinne leis go n-éascófar leis sin forfheidhmiú an Rialacháin seo trí na húdaráis inniúla agus na cúirteanna mar aon le comhlíontacht ó oibreoirí a mhéadú.

Leasú 50

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 36

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(36)

Ba cheart do thrádálaithe a bheith freagrach as faisnéis a bhailiú agus a choimeád lena n-áirithítear trédhearcacht shlabhra soláthair na dtráchtearraí agus na dtáirgí ábhartha a chuireann siad ar fáil ar an margadh. Tá tionchar suntasach ag trádálaithe móra nach fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) iad ar shlabhraí soláthair agus tá ról tábhachtach acu chun a áirithiú go mbeidh siad gan dífhoraoisiú agus ba cheart na hoibleagáidí céanna a bheith orthu, dá bhrí sin, agus atá ar oibreoirí.

(36)

Ba cheart do thrádálaithe a bheith freagrach as faisnéis a bhailiú agus a choimeád lena n-áirithítear trédhearcacht shlabhra soláthair na dtráchtearraí agus na dtáirgí ábhartha a chuireann siad ar fáil ar an margadh. Tá tionchar suntasach ag trádálaithe móra nach fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) iad ar shlabhraí soláthair agus tá ról tábhachtach acu chun a áirithiú go mbeidh na slabhraí soláthair gan dífhoraoisiú agus ba cheart na hoibleagáidí céanna a bheith orthu, dá bhrí sin, agus atá ar oibreoirí.

Leasú 51

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 37

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(37)

Chun an trédhearcacht a chothú agus forfheidhmiú a éascú, ba cheart d’oibreoirí nach FBManna iad , ar bhonn bliantúil, tuairisciú go poiblí ar a gcóras díchill chuí, lena n-áirítear maidir leis na bearta a rinneadh chun a n-oibleagáidí a chur chun feidhme.

(37)

Chun an trédhearcacht a chothú agus forfheidhmiú a éascú, ba cheart d’oibreoirí, ar bhonn bliantúil, tuairisciú go poiblí ar a gcóras díchill chuí, lena n-áirítear na céimeanna a glacadh chun a n-oibleagáidí a chur chun feidhme.

Leasú 52

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 38

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(38)

Ionstraimí reachtacha eile ón Aontas lena leagtar amach ceanglais maidir le dícheall cuí sa slabhra luacha maidir le drochthionchair ar chearta an duine nó le drochthionchair chomhshaoil , ba cheart feidhm a bheith acu a mhéid nach ann d’aon fhoráil shonrach leis an gcuspóir, leis an gcineál nó leis an éifeacht chéanna sa Rialachán seo a fhéadfar a oiriúnú i bhfianaise leasuithe reachtacha amach anseo. Níor cheart cur i bhfeidhm ionstraimí reachtacha eile ón Aontas a eisiamh, lena leagtar síos ceanglais maidir le dícheall cuí i leith an tslabhra luacha, de thoradh gurb ann don Rialachán seo. I gcás ina ndéanfar foráil leis na hionstraimí reachtacha eile sin ón Aontas maidir le forálacha níos sonraí nó ina gcuirfear ceanglais leo leis na forálacha a leagtar síos sa Rialachán seo, ba cheart na forálacha sin a chur i bhfeidhm i gcomhar le forálacha an Rialacháin seo. Thairis sin, i gcás ina mbeidh níos mó forálacha sonracha sa Rialachán seo, níor cheart iad a léirmhíniú ar bhealach lena ndéantar dochar do chur i bhfeidhm éifeachtach ionstraimí reachtacha eile ón Aontas maidir le dícheall cuí nó do bhaint amach a n-aidhme ginearálta.

(38)

Maidir le hionstraimí reachtacha eile ón Aontas lena leagtar amach ceanglais díchill chuí sa slabhra luacha maidir le drochthionchair ar chearta an duine nó ar an gcomhshaol, amhail Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  (1a) agus [an Treoir maidir le Dícheall Cuí i dtaca le hInbhuanaitheacht Chorparáideach atá ar na bacáin]  (1b), ba cheart feidhm a bheith acu a mhéid nach ann d’aon fhoráil shonrach leis an gcuspóir, leis an gcineál nó leis an éifeacht chéanna sa Rialachán seo a fhéadfar a oiriúnú i bhfianaise leasuithe reachtacha amach anseo. Is é is aidhm don Rialachán seo comhréireacht tráchtearraí agus táirgí le ceanglais inbhuanaitheachta agus dlíthiúlachta a áirithiú. Tá sé infheidhme ar bhonn ex-ante sula mbeidh tráchtearraí nó táirgí onnmhairithe ó mhargadh an Aontais nó curtha ar mhargadh an Aontais. Níor cheart cur i bhfeidhm ionstraimí reachtacha eile ón Aontas a eisiamh, lena leagtar síos ceanglais maidir le dícheall cuí i leith an tslabhra luacha, de thoradh gurb ann don Rialachán seo a bhaineann go sonrach le tráchtearraí . I gcás ina ndéanfar foráil leis na hionstraimí reachtacha eile sin ón Aontas maidir le forálacha níos sonraí nó ina gcuirfear ceanglais leo leis na forálacha a leagtar síos sa Rialachán seo, ba cheart na forálacha sin a chur i bhfeidhm i gcomhar le forálacha an Rialacháin seo. Thairis sin, i gcás ina mbeidh níos mó forálacha sonracha sa Rialachán seo, níor cheart iad a léirmhíniú ar bhealach lena ndéantar dochar do chur i bhfeidhm éifeachtach ionstraimí reachtacha eile ón Aontas maidir le dícheall cuí nó do bhaint amach a n-aidhme ginearálta. Ba cheart don Choimisiún treoirlínte soiléire agus sothuigthe a eisiúint chun cabhrú le hoibreoirí agus trádálaithe, go háirithe FBManna, ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh d’fhonn an t-ualach riaracháin agus airgeadais a íoslaghdú. Ba cheart go dtacódh na treoirlínte le hoibreoirí a gceanglais díchill chuí a chomhlíonadh nuair a thagann siad faoi raon feidhme ionstraimí reachtacha den chineál céanna ina leagtar amach ceanglais eile díchill chuí.

Leasú 53

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 38 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(38a)

Tá nasc díreach idir dífhoraoisiú agus tiontú éiceachóras agus sáruithe ar chearta an duine, go háirithe cearta na bpobal dúchasach agus na bpobal áitiúil. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar a riachtanais agus iad a áireamh go hiomlán i gcur chun feidhme an Rialacháin seo. Ba cheart go n-áiritheofaí urramú iomlán ar théacsanna agus caighdeáin idirnáisiúnta, lena n-áirítear Dearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta na bPobal Dúchasach, gnáthchearta tionachta, an ceart chun toiliú saor, feasach agus agus feasach (FPIC) a fháil. Ba cheart cearta saothair mar a chumhdaítear iad i gcoinbhinsiúin bhunúsacha na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair, cearta na mban, na cearta chun cosaint an chomhshaoil agus an ceart chun cearta an duine agus an comhshaol a chosaint a chur chun cinn freisin.

Leasú 54

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 40

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(40)

Ba cheart do na Ballstáit a bheith freagrach as an Rialachán seo a fhorfheidhmiú, agus ba cheart a cheangal ar na húdaráis inniúla dá gcuid a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo go hiomlán. Forfheidhmiú aonfhoirmeach ar an Rialachán seo a mhéid a bhaineann le tráchtearraí agus le táirgí ábhartha a bheith á dtabhairt isteach i margadh an Aontais nó á gcur amach as, ní féidir é a bhaint amach ach amháin trí mhalartú faisnéise agus comhar córasach idir na húdaráis inniúla, na húdaráis chustaim agus an Coimisiún.

(40)

Ba cheart do na Ballstáit a bheith freagrach as an Rialachán seo a fhorfheidhmiú, agus ba cheart a cheangal ar na húdaráis inniúla dá gcuid a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo go hiomlán. Forfheidhmiú aonfhoirmeach ar an Rialachán seo a mhéid a bhaineann le tráchtearraí agus le táirgí ábhartha a bheith á dtabhairt isteach i margadh an Aontais nó á gcur amach as, ní féidir é a bhaint amach ach amháin trí mhalartú faisnéise agus comhar córasach idir na húdaráis inniúla, na húdaráis chustaim agus an Coimisiún. Ba cheart don Choimisiún, go háirithe, anailís a dhéanamh ar na pionóis arna gcur i bhfeidhm ag na Ballstáit agus malartú a dhéanamh leo chun cur chun feidhme comhchuibhithe an Rialacháin seo a chur chun cinn.

Leasú 55

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 40 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(40a)

Chun críocha fhorfheidhmiú éifeachtach an Rialacháin seo agus chun críocha chomhlíonadh an Rialacháin seo ag údaráis inniúla, oibreoirí agus trádálaithe, ba cheart don phobal lena mbaineann a bheith in ann beart a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíonfar dlí an chomhshaoil agus, ar an gcaoi sin, an comhshaol a chosaint.

Leasú 56

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 40 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(40b)

Is ceart daonna a aithnítear go hidirnáisiúnta é an ceart chun leighis éifeachtaigh, a chumhdaítear in Airteagal 8 de Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine, in Airteagal 9(3) de Choinbhinsiún Aarhus maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil agus in Airteagal 2(3) den Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla, agus is ceart bunúsach de chuid an Aontais é freisin de réir bhrí Airteagal 47 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, dá bhrí sin, go mbeidh rochtain chuí ar leigheas éifeachtach ag daoine den phobal lena mbaineann nó a ndéanann sárú ar an Rialachán seo difear dóibh.

Leasú 57

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 41

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(41)

Tá cur chun feidhme agus forfheidhmiú éifeachtach agus éifeachtúil an Rialacháin seo fíor-riachtanach chun a spriocanna a bhaint amach. Chuige sin, ba cheart don Choimisiún córas faisnéise a chur ar bun agus a bhainistiú chun tacú leis na hoibreoirí agus leis na húdaráis inniúla an fhaisnéis is gá a chur i láthair agus a rochtain maidir le tráchtearraí agus le táirgí ábhartha a chuirtear ar an margadh. Ba cheart do na hoibreoirí na ráitis maidir le dícheall cuí a chur faoi bhráid an chórais faisnéise. Ba cheart an córas faisnéise a bheith inrochtana ag na húdaráis inniúla agus ag na húdaráis chustaim chun éascaíocht a dhéanamh ar a n-oibleagáidí a chomhlíonadh faoin Rialachán seo. Ba cheart an córas faisnéise a bheith inrochtana ag pobal níos leithne freisin, agus na sonraí anaithnidithe á soláthar i bhformáid oscailte mheaisín-inléite i gcomhréir le Beartas Sonraí Oscailte an Aontais.

(41)

Tá cur chun feidhme agus forfheidhmiú éifeachtach agus éifeachtúil an Rialacháin seo fíor-riachtanach chun a spriocanna a bhaint amach. Chuige sin, ba cheart don Choimisiún córas faisnéise a chur ar bun agus a bhainistiú chun tacú leis na hoibreoirí agus leis na húdaráis inniúla an fhaisnéis is gá a chur i láthair agus a rochtain maidir le tráchtearraí agus le táirgí ábhartha a chuirtear ar an margadh. Ba cheart do na hoibreoirí na ráitis maidir le dícheall cuí a chur faoi bhráid an chórais faisnéise. Ba cheart go mbeadh an córas faisnéise inrochtana ag na húdaráis inniúla agus ag na húdaráis chustaim chun éascaíocht a dhéanamh ar a n-oibleagáidí a chomhlíonadh faoin Rialachán seo agus ba cheart go n-éascófaí leis aistrithe faisnéise idir na Ballstáit, údaráis inniúla agus údaráis chustaim agus ina measc . Ba cheart na sonraí nach bhfuil íogair ó thaobh na tráchtála de a bheith inrochtana ag pobal níos leithne freisin, agus na sonraí a bheith anaithnidithe – seachas faisnéis a bhaineann le liosta na n-oibreoirí agus na dtrádálaithe neamhchomhlíontacha – agus á soláthar i bhformáid oscailte mheaisín-inléite i gcomhréir le Beartas Sonraí Oscailte an Aontais.

Leasú 58

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 42

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(42)

Maidir leis na tráchtearraí ábhartha a thugtar isteach i margadh an Aontais nó a chuirtear amach as, tá sé de chúram ar na húdaráis inniúla fíorú a dhéanamh ar chomhlíontacht tráchtearraí agus táirgí ábhartha leis na hoibleagáidí faoin Rialachán seo, cé gurb é ról na n-údarás custaim a áirithiú go gcuirfear an tagairt do ráiteas maidir le dícheall cuí ar fáil sa dearbhú custaim i gcás inarb infheidhme agus, ina theannta sin ón tráth a chuirfear an comhéadan leictreonach i bhfeidhm chun faisnéis a mhalartú idir na húdaráis chustaim agus na húdaráis inniúla, chun stádas an ráitis maidir le dícheall cuí a sheiceáil tar éis anailís riosca tosaigh a bheith déanta ag na húdaráis inniúla sa Chóras Faisnéise agus gníomhú dá réir sin (i.e. tráchtearra nó táirge a chur ar fionraí nó a dhiúltú má iarrtar orthu amhlaidh a dhéanamh tríd an stádas sa Chóras Faisnéise). Leis an eagrú sonrach sin ar rialuithe faightear réidh le cur i bhfeidhm Chaibidil VII de Rialachán (AE) 2019/1020 a mhéid a bhaineann le cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú an Rialacháin seo.

(42)

Maidir leis na tráchtearraí ábhartha agus táirgí a thugtar isteach i margadh an Aontais nó a chuirtear amach as, tá sé de chúram ar na húdaráis inniúla fíorú a dhéanamh ar chomhlíontacht tráchtearraí agus táirgí ábhartha leis na hoibleagáidí faoin Rialachán seo bunaithe , inter alia, ar na ráitis díchill chuí arna dtíolacadh ag na hoibreoirí, cé gurb é ról na n-údarás custaim a áirithiú go gcuirfear an tagairt do ráiteas maidir le dícheall cuí ar fáil sa dearbhú custaim i gcás inarb infheidhme agus, ina theannta sin ón tráth a chuirfear an comhéadan leictreonach i bhfeidhm chun faisnéis a mhalartú idir na húdaráis chustaim agus na húdaráis inniúla, chun stádas an ráitis maidir le dícheall cuí a sheiceáil tar éis anailís riosca tosaigh a bheith déanta ag na húdaráis inniúla sa Chóras Faisnéise agus gníomhú dá réir sin (i.e. tráchtearra nó táirge a chur ar fionraí nó a dhiúltú má iarrtar orthu amhlaidh a dhéanamh tríd an stádas sa Chóras Faisnéise). Leis an eagrú sonrach sin ar rialuithe faightear réidh le cur i bhfeidhm Chaibidil VII de Rialachán (AE) 2019/1020 a mhéid a bhaineann le cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú an Rialacháin seo.

Leasú 59

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 42 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(42a)

Ba cheart na seiceálacha a dhéanann na húdaráis inniúla a dhéanamh ar bhealach is lú a chuireann isteach ar thrádáil agus ar oibríochtaí oibreoirí agus trádálaithe.

Leasú 60

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 43 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(43a)

Ba cheart don Choimisiún acmhainní airgeadais leormhaithe agus leordhóthanacha a áirithiú, lena n-áirítear le haghaidh tacaíocht theicniúil, lena n-áirítear tríd an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda, chun cabhrú le tíortha comhpháirtíochta na ceanglais a bhunaítear leis an Rialachán seo a chomhlíonadh. Ba cheart go mbeadh na hacmhainní sin ar fáil roimh theacht i bhfeidhm agus chur chun feidhme an Rialacháin seo ina iomláine chun cumais oiriúnaithe na bpobal a ndéantar difear dóibh a fheabhsú, agus aird ar leith á tabhairt ar fheirmeoirí beaga.

Leasú 61

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 45

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(45)

Chun próiseas rialúcháin na dtráchtearraí agus a dtáirgí ábhartha a thugtar isteach i margadh an Aontais nó a chuirtear amach as, a bharrfheabhsú agus chun an t-ualach a bhaint den phróiseas, is gá comhéadain leictreonacha a chur ar bun lena gceadaítear an t-aistriú sonraí uathoibríoch idir córais chustaim agus Córas Faisnéise na n-údarás inniúil. Tá timpeallacht Fhuinneog Aonair an Aontais do chustaim ar an iarrthóir nádúrtha chun tacú leis na haistrithe sonraí sin. Ba cheart na comhéadain a bheith an-uathoibrithe agus so-úsáidte, agus ba cheart ualach breise ar na húdaráis chustaim a theorannú. Thairis sin, i bhfianaise na ndifríochtaí teoranta idir na sonraí atá le dearbhú faoi seach sa dearbhú custaim agus an ráiteas maidir le dícheall cuí, is iomchuí cur chuige “gnólacht-chuig-rialtas” a mholadh ina ndéanann trádálaithe agus oibreoirí eacnamaíocha an ráiteas maidir le dícheall cuí de chuid tráchtearra nó táirge ábhartha a chur ar fáil trí thimpeallacht ionad ilfhreastail náisiúnta do chustaim agus ina ndéantar an ráiteas sin a tharchur go huathoibríoch chuig an gCóras Faisnéise atá in úsáid ag na húdaráis inniúla. Ba cheart do na húdaráis chustaim agus do na húdaráis inniúla rannchuidiú leis na sonraí atá le tarchur a chinneadh mar aon le haon cheanglas teicniúil eile.

(45)

Chun próiseas rialúcháin na dtráchtearraí agus a dtáirgí ábhartha a thugtar isteach i margadh an Aontais nó a chuirtear amach as, a bharrfheabhsú agus chun an t-ualach a bhaint den phróiseas, is gá comhéadain leictreonacha idir-inoibritheacha a chur ar bun lena gceadaítear an t-aistriú sonraí uathoibríoch idir córais chustaim agus Córas Faisnéise na n-údarás inniúil. Tá timpeallacht Fhuinneog Aonair an Aontais do chustaim ar an iarrthóir nádúrtha chun tacú leis na haistrithe sonraí sin. Ba cheart na comhéadain a bheith an-uathoibrithe agus so-úsáidte, agus ba cheart próisis a éascú d’údaráis chustaim chomh maith le costais agus ualach a theorannú d’oibreoirí . Thairis sin, i bhfianaise na ndifríochtaí teoranta idir na sonraí atá le dearbhú faoi seach sa dearbhú custaim agus an ráiteas maidir le dícheall cuí, is iomchuí cur chuige “gnólacht-chuig-rialtas” a mholadh ina ndéanann oibreoirí eacnamaíocha an ráiteas maidir le dícheall cuí de chuid tráchtearra nó táirge ábhartha a chur ar fáil trí thimpeallacht ionad ilfhreastail náisiúnta do chustaim agus ina ndéantar an ráiteas sin a tharchur go huathoibríoch chuig an gCóras Faisnéise atá in úsáid ag na húdaráis inniúla. Ba cheart do na húdaráis chustaim agus do na húdaráis inniúla rannchuidiú leis na sonraí atá le tarchur a chinneadh mar aon le haon cheanglas teicniúil eile.

Leasú 62

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 46

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(46)

Athraíonn an riosca a bhaineann le tráchtearraí agus le táirgí neamhchomhlíontacha a bheith á gcur ar an margadh, ag brath ar an tráchtearra agus an táirge agus ar a thír thionscnaimh agus tháirgthe mar aon leis sin . Oibreoirí a fhoinsíonn tráchtearraí agus táirgí ó thíortha nó ó chodanna díobh lena mbaineann ísealriosca maidir le tráchtearraí ábhartha a fhás, a lománú nó a tháirgeadh de shárú ar an Rialachán seo, ba cheart dóibh a bheith faoi réir níos lú oibleagáidí, rud a laghdaíonn costais chomhlíontachta agus an t-ualach riaracháin. Tráchtearraí agus táirgí ó thíortha ardriosca nó ó chodanna díobh, ba cheart iad a bheith faoi réir grinnscrúdú feabhsaithe ó na húdaráis inniúla.

(46)

Athraíonn an riosca a bhaineann le tráchtearraí agus le táirgí neamhchomhlíontacha a bheith á gcur ar an margadh, ag brath ar an tráchtearra agus an táirge, agus freisin ar a thír thionscnaimh agus tháirgthe nó codanna di . Oibreoirí a fhoinsíonn tráchtearraí agus táirgí ó thíortha nó ó chodanna díobh lena mbaineann ísealriosca maidir le tráchtearraí ábhartha a fhás, a lománú nó a tháirgeadh de shárú ar an Rialachán seo, ba cheart dóibh a bheith faoi réir níos lú oibleagáidí, rud a laghdaíonn costais chomhlíontachta agus an t-ualach riaracháin , mura rud é go bhfuil a fhios ag an oibreoir nó go bhfuil cúis aige le creidiúint gur ann do rioscaí nach gcomhlíonfar an Rialachán seo . I gcás ina dtiocfaidh údarás inniúil ar an eolas faoi riosca go bhfuiltear ag teacht timpeall ar cheanglais an Rialacháin seo, mar shampla i gcás ina ndéantar tráchtearra nó táirge ábhartha a táirgeadh i dtír ardriosca a phróiseáil ina dhiaidh sin san Aontas nó a onnmhairiú isteach san Aontas as tír ísealriosca, agus ina léireofar sa dearbhú custaim nó sa ráiteas díchill chuí gur táirgeadh an tráchtearra nó an táirge i dtír ísealriosca, ba cheart dó a fhíorú, trí sheiceálacha breise, an ann do neamhchomhlíonadh agus, más gá, gníomhaíocht iomchuí a dhéanamh, amhail an tráchtearra nó an táirge ábhartha a bheith á chur ar an margadh a urghabháil agus a chur ar fionraí, chomh maith le seiceálacha breise a dhéanamh. Tráchtearraí agus táirgí ó thíortha ardriosca nó ó chodanna díobh, ba cheart iad a bheith faoi réir grinnscrúdú feabhsaithe ó na húdaráis inniúla.

Leasú 63

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 47

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(47)

Ar an gcúis sin, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar riosca an dífhoraoisithe agus an díghrádaithe foraoise ar leibhéal tíre nó codanna di bunaithe ar réimse critéar lena léirítear sonraí cainníochtúla, oibiachtúla agus sonraí a aithnítear go hidirnáisiúnta araon, agus ar thásca go bhfuil na tíortha rannpháirteach go gníomhach sa chomhrac in aghaidh an dífhoraoisithe agus an díghrádaithe foraoise. Leis an bhfaisnéis tagarmharcála sin ba cheart a éascú d’oibreoirí san Aontas dícheall cuí a fheidhmiú agus do na húdaráis inniúla faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht agus í a fhorfheidhmiú, agus dreasacht á soláthar freisin do thíortha táirgíochta chun inbhuanaitheacht a gcóras táirgeachta talmhaíochta a mhéadú agus a dtionchar dífhoraoisiúcháin a laghdú. Ba cheart an méid sin a bheith ina chuidiú le cur le trédhearcacht agus le hinbhuanaitheacht slabhraí soláthair. Ba cheart an córas tagarmharcála sin a bheith bunaithe ar aicmiú trí chiseal de thíortha atá le meas mar thíortha ísealriosca, riosca chaighdeánaigh nó ardriosca. Chun trédhearcacht agus soiléireacht iomchuí a áirithiú, ba cheart don Choimisiún, go háirithe, na sonraí atá á n-úsáid le haghaidh na tagarmharcála, na cúiseanna le hathrú beartaithe an aicmithe agus freagra na tíre lena mbaineann, a chur ar fáil go poiblí. Le haghaidh tráchtearraí agus táirgí ábhartha ó thíortha ísealriosca nó ó chodanna díobh a shainaithnítear mar thíortha ísealriosca, ba cheart a cheadú d’oibreoirí dícheall cuí simplithe a chur i bhfeidhm, cé gur cheart a cheangal ar na húdaráis inniúla grinnscrúdú feabhsaithe a chur i bhfeidhm ar thráchtearraí agus ar tháirgí ábhartha ó thíortha ardriosca nó ó chodanna díobh a aithnítear mar thíortha ardriosca. Ba cheart a chumhachtú don Choimisiún bearta cur chun feidhme a ghlacadh chun na tíortha nó codanna díobh a shuíomh, lena mbaineann ísealriosca nó ardriosca maidir le tráchtearraí agus le táirgí ábhartha a tháirgeadh nach gcomhlíonann an Rialachán seo.

(47)

Ar an gcúis sin, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar riosca an dífhoraoisithe agus an díghrádaithe foraoise nó an tiontaithe foraoise ar leibhéal tíre nó codanna di bunaithe ar réimse critéar lena léirítear sonraí cainníochtúla, oibiachtúla agus sonraí a aithnítear go hidirnáisiúnta araon, agus ar thásca go bhfuil na tíortha rannpháirteach go gníomhach sa chomhrac in aghaidh an dífhoraoisithe, an díghrádaithe foraoise agus an tiontaithe foraoise, agus i gcur chun cinn na gceart atá ag pobail dhúchasacha agus ag pobail áitiúla . Leis an bhfaisnéis tagarmharcála sin ba cheart a éascú d’oibreoirí san Aontas dícheall cuí a fheidhmiú agus do na húdaráis inniúla faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht agus í a fhorfheidhmiú, agus dreasacht á soláthar freisin do thíortha is táirgeoirí chun inbhuanaitheacht a gcóras táirgeachta talmhaíochta a mhéadú agus a dtionchar dífhoraoisiúcháin a laghdú. Ba cheart an méid sin a bheith ina chuidiú le cur le trédhearcacht agus le hinbhuanaitheacht slabhraí soláthair. Ba cheart an córas tagarmharcála sin a bheith bunaithe ar aicmiú trí chiseal de thíortha atá le meas mar thíortha ísealriosca, riosca chaighdeánaigh nó ardriosca. Chun trédhearcacht agus soiléireacht iomchuí a áirithiú, ba cheart don Choimisiún, go háirithe, na sonraí atá á n-úsáid le haghaidh na tagarmharcála, na cúiseanna le hathrú beartaithe an aicmithe agus freagra na tíre lena mbaineann, a chur ar fáil go poiblí. Le haghaidh tráchtearraí agus táirgí ábhartha ó thíortha ísealriosca nó ó chodanna díobh a shainaithnítear mar thíortha ísealriosca, ba cheart a cheadú d’oibreoirí dícheall cuí simplithe a chur i bhfeidhm, cé gur cheart a cheangal ar na húdaráis inniúla grinnscrúdú feabhsaithe a chur i bhfeidhm ar thráchtearraí agus ar tháirgí ábhartha ó thíortha ardriosca nó ó chodanna díobh a aithnítear mar thíortha ardriosca. Ba cheart a chumhachtú don Choimisiún bearta cur chun feidhme a ghlacadh chun na tíortha nó codanna díobh a shuíomh, lena mbaineann ísealriosca nó ardriosca maidir le tráchtearraí agus le táirgí ábhartha a tháirgeadh nach gcomhlíonann an Rialachán seo.

Leasú 64

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 47 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(47a)

Chun a áirithiú nach gcruthófar srian neamhriachtanach ar thrádáil leis an Rialachán seo, ba cheart don Choimisiún comhar a dhéanamh le tíortha a sainaithnítear riosca caighdeánach nó ardriosca ina leith, agus le geallsealbhóirí ábhartha sna tíortha sin, chun obair a dhéanamh chun an leibhéal riosca a laghdú.

Leasú 65

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 48

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(48)

Ba cheart do na húdaráis inniúla seiceálacha a dhéanamh ag eatraimh thráthrialta ar oibreoirí agus ar thrádálaithe chun a fhíorú go gcomhlíonann siad go héifeachtach na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo. Thairis sin, ba cheart do na húdaráis inniúla seiceálacha a dhéanamh nuair atá faisnéis ábhartha ina seilbh acu agus bunaithe ar fhaisnéis den sórt sin, lena n-áirítear ábhair imní a bhfuil bunús leo atá curtha isteach ag tríú páirtithe. Le haghaidh cumhdach cuimsitheach ar na tráchtearraí agus na táirgí ábhartha, na hoibreoirí agus na trádálaithe faoi seach agus méideanna a sciar de thráchtearraí agus de tháirgí, ba cheart feidhm a bheith ag cur chuige dúbailte. Dá bhrí sin, ba cheart a cheangal ar na húdaráis inniúla seiceáil a dhéanamh ar chéatadán áirithe d’oibreoirí agus de thrádálaithe, agus céatadán sonrach de thráchtearraí agus de tháirgí ábhartha á chumhdach san am ceanna . Ba cheart na céatadáin sin a bheith níos airde le haghaidh tráchtearraí agus táirgí ábhartha ó thíortha ardriosca agus ó chodanna díobh.

(48)

Ba cheart do na húdaráis inniúla seiceálacha a dhéanamh ag eatraimh thráthrialta ar oibreoirí agus ar thrádálaithe chun a fhíorú go gcomhlíonann siad go héifeachtach na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo. Thairis sin, ba cheart do na húdaráis inniúla seiceálacha a dhéanamh nuair atá faisnéis ábhartha ina seilbh acu agus bunaithe ar fhaisnéis den sórt sin, lena n-áirítear ábhair imní a bhfuil bunús leo atá curtha isteach ag tríú páirtithe. Le haghaidh cumhdach cuimsitheach ar na tráchtearraí agus na táirgí ábhartha, na hoibreoirí agus na trádálaithe faoi seach agus méideanna a sciar de thráchtearraí agus de tháirgí, ba cheart feidhm a bheith ag cur chuige dúbailte. Dá bhrí sin, ba cheart a cheangal ar na húdaráis inniúla seiceáil a dhéanamh ar chéatadán áirithe d’oibreoirí agus de thrádálaithe, agus céatadán sonrach de thráchtearraí agus de tháirgí ábhartha á chumhdach san am ceánna . Ba cheart na céatadáin sin a bheith níos airde i gcás tráchtearraí agus táirgí ábhartha ó thíortha ardriosca agus nó codanna díobh , ach is féidir leo a bheith níos ísle i gcás tíortha ísealriosca nó codanna díobh .

Leasú 66

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 49

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(49)

Le seiceálacha na n-oibreoirí agus na dtrádálaithe a bheidh le déanamh ag na húdaráis inniúla, ba cheart na córais díchill chuí agus comhlíontacht na dtráchtearraí agus na dtáirgí ábhartha le forálacha an Rialacháin seo a chumhdach. Ba cheart na seiceálacha a bheith bunaithe ar phlean rioscabhunaithe um sheiceálacha. Ba cheart critéir riosca a bheith sa phlean lena gcuirtear ar a gcumas do na húdaráis inniúla anailís riosca a dhéanamh ar na ráitis maidir le dícheall cuí atá curtha isteach ag oibreoirí agus ag trádálaithe. Sna critéir riosca ba cheart a chur san áireamh riosca an dífhoraoisithe atá bainteach le tráchtearraí agus le táirgí ábhartha sa tír tháirgthe, stair chomhlíontachta na n-oibreoirí agus na dtrádálaithe le hoibleagáidí an Rialacháin seo agus aon fhaisnéis ábhartha eile atá ar fáil do na húdaráis inniúla. Leis an anailís riosca ar ráitis maidir le dícheall cuí ba cheart na húdaráis inniúla a bheith in ann aitheantas oibreoirí, trádálaithe agus tráchtearraí agus táirgí ábhartha a sheiceáil, agus ba cheart í a dhéanamh ag úsáid teicnící próiseála sonraí leictreonacha sa chóras faisnéise lena mbailítear na ráitis maidir le dícheall cuí.

(49)

Le seiceálacha na n-oibreoirí agus na dtrádálaithe a bheidh le déanamh ag na húdaráis inniúla, ba cheart na córais díchill chuí agus comhlíontacht na dtráchtearraí agus na dtáirgí ábhartha le forálacha an Rialacháin seo a chumhdach. Ba cheart na seiceálacha a bheith bunaithe ar phlean rioscabhunaithe um sheiceálacha. Ba cheart critéir riosca a bheith sa phlean lena gcuirtear ar a gcumas do na húdaráis inniúla anailís riosca a dhéanamh ar na ráitis maidir le dícheall cuí atá curtha isteach ag oibreoirí agus ag trádálaithe. Sna critéir riosca ba cheart a chur san áireamh riosca an dífhoraoisithe atá bainteach le tráchtearraí agus le táirgí ábhartha sa tír tháirgthe, stair chomhlíontachta na n-oibreoirí agus na dtrádálaithe le hoibleagáidí an Rialacháin seo agus aon fhaisnéis ábhartha eile atá ar fáil do na húdaráis inniúla. Leis an anailís riosca ar ráitis maidir le dícheall cuí ba cheart na húdaráis inniúla a bheith in ann aitheantas oibreoirí, trádálaithe agus tráchtearraí agus táirgí ábhartha a sheiceáil, agus ba cheart í a dhéanamh ag úsáid teicnící próiseála sonraí leictreonacha sa chóras faisnéise lena mbailítear na ráitis maidir le dícheall cuí. I gcás inar gá agus inar féidir, ba cheart do na húdaráis inniúla, i ndlúthchomhar le húdaráis i dtríú tíortha, rialuithe a dhéanamh freisin in situ.

Leasú 67

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 50

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(50)

I gcás ina nochtfar leis an anailís riosca ar na ráitis maidir le dícheall cuí ardriosca neamhchomhlíontachta tráchtearraí agus táirgí ábhartha sonracha, ba cheart do na húdaráis inniúla a bheith in ann bearta eatramhacha a dhéanamh láithreach ionas nach gcuirfear ar fáil ar mhargadh an Aontais iad. I gcás ina raibh na tráchtearraí agus na táirgí ábhartha sin á dtabhairt isteach i margadh an Aontais nó á gcur amach as, ba cheart do na húdaráis inniúla a iarraidh ar na húdaráis chustaim an scaoileadh i saorchúrsaíocht nó an t-onnmhairiú a chur ar fionraí chun é a chur ar a gcumas do na húdaráis inniúla na seiceálacha is gá a dhéanamh. Ba cheart an iarraidh sin a chur in iúl tríd an gcóras comhéadain idir na húdaráis chustaim agus na húdaráis inniúla. Maidir le fionraí i dtaca le cur ar mhargadh an Aontais nó cur ar fáil air, scaoileadh i saorchúrsaíocht nó onnmhairiú, ba cheart í a theorannú do 3 lá oibre seachas i gcás ina gceanglóidh na húdaráis inniúla am breise chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht na dtráchtearraí agus na dtáirgí ábhartha leis an Rialachán seo. Sa chás sin, ba cheart do na húdaráis inniúla bearta eatramhacha breise a dhéanamh chun síneadh a chur leis an tréimhse fionraí nó an síneadh sin a iarraidh le haghaidh na n-údarás custaim i gcás ina mbeidh tráchtearraí agus táirgí ábhartha á dtabhairt isteach i margadh an Aontais nó á gcur amach as.

(50)

I gcás ina nochtfar leis an anailís riosca ar na ráitis maidir le dícheall cuí ardriosca neamhchomhlíontachta tráchtearraí agus táirgí ábhartha sonracha, ba cheart do na húdaráis inniúla a bheith in ann bearta eatramhacha a dhéanamh láithreach ionas nach gcuirfear ar fáil ar mhargadh an Aontais iad ná nach ndéanfar iad a onnmhairiú ón Aontas . I gcás ina raibh na tráchtearraí agus na táirgí ábhartha sin á dtabhairt isteach i margadh an Aontais nó á gcur amach as, ba cheart do na húdaráis inniúla a iarraidh ar na húdaráis chustaim an scaoileadh i saorchúrsaíocht nó an t-onnmhairiú a chur ar fionraí chun é a chur ar a gcumas do na húdaráis inniúla na seiceálacha is gá a dhéanamh. Ba cheart an iarraidh sin a chur in iúl tríd an gcóras comhéadain idir na húdaráis chustaim agus na húdaráis inniúla. Maidir le fionraí i dtaca le cur ar mhargadh an Aontais nó cur ar fáil air, scaoileadh i saorchúrsaíocht nó onnmhairiú, ba cheart í a theorannú do 5 lá oibre , nó 72 uair an chloig do thráchtearraí agus táirgí úra a mbaineann baol trochlaithe leo, seachas i gcás ina gceanglóidh na húdaráis inniúla am breise chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht na dtráchtearraí agus na dtáirgí ábhartha leis an Rialachán seo. Sa chás sin, ba cheart do na húdaráis inniúla bearta eatramhacha breise a dhéanamh chun síneadh a chur leis an tréimhse fionraí nó an síneadh sin a iarraidh le haghaidh na n-údarás custaim i gcás ina mbeidh tráchtearraí agus táirgí ábhartha á dtabhairt isteach i margadh an Aontais nó á gcur amach as.

Leasú 68

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 50 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(50a)

Ba cheart d’oibreoirí tacú leis an Rialachán seo a bheith á chomhlíonadh ag a gcuid soláthróirí ar feirmeoirí beaga iad, lena n-áirítear trí infheistíochtaí agus trí fhothú acmhainneachta, agus freisin trí shásraí praghsála lena gcumasaítear ioncam maireachtála do na táirgeoirí a bhfoinsíonn siad uathu.

Leasú 69

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 51

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(51)

Ba cheart na pleananna um sheiceálacha a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta ar bhonn thorthaí a chur chun feidhme. Na hoibreoirí sin a léiríonn taifead teiste comhsheasmhach ar chomhlíontacht, ba cheart dóibh a bheith faoi réir seiceálacha ar bhonn níos annaimhe.

(51)

Ba cheart na pleananna um sheiceálacha a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta ar bhonn thorthaí a chur chun feidhme. Na hoibreoirí sin a léiríonn taifead teiste comhsheasmhach ar chomhlíontacht, d’fhéadfadh sé go mbeidís faoi réir seiceálacha ar bhonn níos annaimhe.

Leasú 70

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 51 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(51a)

Ba cheart sainordú a thabhairt don Choimisiún, má tá cúis aige le creidiúint nach ndéanann Ballstát rialuithe leordhóthanacha chun forfheidhmiú an Rialacháin seo a áirithiú, i gcomhphlé leis an mBallstát sin, chun athruithe a thabhairt isteach ar phlean na seiceálacha sa Bhallstát sin chun an staid a chur ina ceart.

Leasú 71

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 52

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(52)

Chun cur chun feidhme agus forfheidhmiú éifeachtach an Rialacháin seo a áirithiú, ba cheart an chumhacht a bheith ag na Ballstáit tráchtearraí agus táirgí ábhartha neamhchomhlíontacha a tharraingt siar agus a aisghairm agus gníomhaíochtaí ceartaitheacha iomchuí a dhéanamh. Ba cheart dóibh a áirithiú freisin go ngearrfar pionóis i leith sáruithe de chuid oibreoirí agus trádálaithe ar an Rialachán seo le pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha.

(52)

Chun cur chun feidhme agus forfheidhmiú éifeachtach an Rialacháin seo a áirithiú, ba cheart an chumhacht a bheith ag na Ballstáit tráchtearraí agus táirgí ábhartha neamhchomhlíontacha a tharraingt siar agus a aisghairm agus gníomhaíochtaí ceartaitheacha iomchuí a dhéanamh. Ba cheart dóibh a áirithiú freisin go ngearrfar pionóis i leith sáruithe de chuid oibreoirí agus trádálaithe ar an Rialachán seo le pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha agus go mbeidh oibreoirí a mhainníonn na hoibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh faoi dhliteanas agus faoi oibleagáid cúiteamh a dhéanamh as an díobháil a rinneadh dá mba rud é go raibh siad in ann an díobháil sin a sheachaint trí dhícheall cuí a fheidhmiú .

Leasú 72

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 52 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(52a)

Ba cheart don Choimisiún ainmneacha na n-oibreoirí agus na dtrádálaithe nach gcomhlíonann an Rialachán seo a fhoilsiú. D’fhéadfadh sé sin a bheith ina chabhrú le hoibreoirí agus trádálaithe eile ina measúnuithe riosca agus d’fhéadfaí méadú a dhéanamh, a bhuí leis, ar an mbrú a chuireann tomhaltóirí agus an tsochaí shibhialta ar oibreoirí agus trádálaithe neamhchomhlíontacha foinsiú ó shlabhraí soláthair gan dífhoraoisiú.

Leasú 73

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 53

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(53)

Agus cineál idirnáisiúnta an dífhoraoisithe agus an díghrádaithe foraoise agus na trádála gaolmhaire á chur san áireamh, ba cheart do na húdaráis inniúla dul i gcomhar le chéile, le húdaráis chustaim na mBallstát, leis an gCoimisiún, mar aon le húdaráis riaracháin tríú tíortha. Ba cheart do na húdaráis inniúla dul i gcomhar freisin leis na húdaráis inniúla chun maoirseacht agus forfheidhmiú a dhéanamh ar ionstraimí reachtacha eile ón Aontas lena leagtar amach ceanglais maidir le dícheall cuí sa slabhra luacha maidir le drochthionchair ar chearta an duine nó le drochthionchair chomhshaoil.

(53)

Agus cineál idirnáisiúnta an dífhoraoisithe, an díghrádaithe foraoise , an tiontaithe foraoise agus na trádála gaolmhaire á chur san áireamh, ba cheart do na húdaráis inniúla dul i gcomhar le chéile, le húdaráis chustaim na mBallstát, leis an gCoimisiún, mar aon le húdaráis riaracháin tríú tíortha. Ba cheart do na húdaráis inniúla dul i gcomhar freisin leis na húdaráis inniúla chun maoirseacht agus forfheidhmiú a dhéanamh ar ionstraimí reachtacha eile ón Aontas lena leagtar amach ceanglais maidir le dícheall cuí sa slabhra luacha maidir le drochthionchair ar chearta an duine nó le drochthionchair chomhshaoil.

Leasú 74

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 53 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(53a)

Chun rochtain ar fhaisnéis fhíorasach, iontaofa agus cothrom le dáta maidir le dífhoraoisiú a éascú d’oibreoirí, d’údaráis na mBallstát agus d’údaráis tríú tíortha leasmhara, agus chun éascú d’oibreoirí eacnamaíocha ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh, ba cheart don Choimisiún ardán a bhunú lena gcumhdófar limistéir foraoise ar fud an domhain agus ina mbeidh raon uirlisí chun a chur ar chumas na bpáirtithe uile bogadh go tapa i dtreo an neamh-dhífhoraoisithe ar fud slabhraí soláthair. Ba cheart léarscáileanna téamacha, léarscáil cumhdaigh talún le hamshraitheanna ón scoithdháta a bhunaítear sa Rialachán seo agus raon aicmí lenar féidir comhdhéanamh tírdhreacha a scrúdú, a áireamh san ardán. Ba cheart freisin córas foláirimh a sholáthar leis an ardán, ar córas foláirimh é a bheadh ag brath ar fhaireachán míosúil ar athrú ar chumhdach foraoise, agus raon anailísí agus aschuir atá furasta le húsáid agus slán, ina léirítear an chaoi a bhfuil nasc idir slabhraí soláthair agus dífhoraoisiú. Chun úsáid na faisnéise is cruinne agus is tráthúla a chothú, chun measúnú riosca agus anailísí riosca a fhorbairt, chun feabhas a chur ar sheiceálacha ar dhearbhuithe agus ar thagarmharcáil tíortha, agus cur chuige comhoibríoch á fhorbairt, ba cheart an t-ardán a chur ar fáil do na hoibreoirí go léir, d’údaráis na mBallstát agus d’údaráis tríú tíortha leasmhara. Ba cheart don ardán íomhánna satailíte a úsáid, lena n-áirítear Sentinel Copernicus, a bhfuil sé de chumas aige an fhaisnéis fhíorasach, iontaofa agus nuashonraithe is gá a sholáthar.

Leasú 75

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 54

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(54)

Cé go dtugtar aghaidh leis an Rialachán seo ar an dífhoraoisiú agus ar an díghrádú foraoise, mar a bheartaítear i dTeachtaireacht 2019 maidir le “Dlús a Chur le Gníomhaíocht an Aontais chun Foraoisí an Domhain a Chosaint agus a Athbhunú”, níor cheart tiontú ná díghrádú éiceachóras nádúrtha eile eascairt as cosaint foraoisí. Éiceachórais amhail bogaigh, sabhánaí agus tailte portaigh, tá an-tábhacht leo maidir le hiarrachtaí domhanda chun an t-athrú aeráide a chomhrac, mar aon le spriocanna forbartha inbhuanaithe eile agus is gá aird ar leith a thabhairt ar thiontú nó díghrádú an mhéid sin go práinneach. Chun aghaidh a thabhairt air sin, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an ngá agus ar an indéantacht a bhaineann le síneadh a chur leis an raon feidhme chuig éiceachórais eile agus tuilleadh tráchtearraí 2 bhliain tar éis an teacht i bhfeidhm. An tráth ceanna, ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh freisin ar na táirgí ábhartha a liostaítear in Iarscríbhinn I den Rialachán seo trí ghníomh tarmligthe.

scriosta

Leasú 76

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 55

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(55)

Chun a áirithiú go bhfanfaidh na ceanglais faisnéise nach mór d’oibreoirí a chomhlíonadh agus a leagtar amach sa Rialachán seo ábhartha agus i gcomhréir le forbairtí eolaíocha agus teicneolaíocha, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chornadh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith forlíonadh a dhéanamh ar na ceanglais faisnéise is gá le haghaidh an nós imeachta um dhícheall cuí, an fhaisnéis agus na critéir maidir le measúnú riosca agus le maolú riosca nach mór do na hoibreoirí a chomhlíonadh agus a leagtar amach sa Rialachán seo agus an liosta earraí a leagtar amach in Iarscríbhinn I den Rialachán seo. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go háirithe, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú gníomhartha tarmligthe a áirithiú, ba cheart do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle na doiciméid uile a fháil an tráth céanna le saineolaithe na mBallstát, agus ba cheart rochtain chórasach a bheith ag a saineolaithe ar chruinnithe shainghrúpaí an Choimisiúin a dhéileálann le hullmhú gníomhartha tarmligthe.

(55)

Chun a áirithiú go bhfanfaidh na ceanglais faisnéise nach mór d’oibreoirí a chomhlíonadh agus a leagtar amach sa Rialachán seo ábhartha agus i gcomhréir le forbairtí eolaíocha agus teicneolaíocha, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chornadh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith forlíonadh a dhéanamh ar na ceanglais faisnéise is gá le haghaidh an nós imeachta um dhícheall cuí, an fhaisnéis agus na critéir maidir le measúnú riosca agus le maolú riosca nach mór do na hoibreoirí a chomhlíonadh agus a leagtar amach sa Rialachán seo agus an liosta earraí a leagtar amach in Iarscríbhinn I den Rialachán seo. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear comhairliúcháin ar leibhéal na saineolaithe agus le geallsealbhóirí , agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go háirithe, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú gníomhartha tarmligthe a áirithiú, ba cheart do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle na doiciméid uile a fháil an tráth céanna le saineolaithe na mBallstát, agus ba cheart rochtain chórasach a bheith ag a saineolaithe ar chruinnithe shainghrúpaí an Choimisiúin a dhéileálann le hullmhú gníomhartha tarmligthe.

Leasú 77

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 57

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(57)

Le Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 leagtar síos nósanna imeachta ón Aontas chun scéim ceadúnúcháin FLEGT a chur chun feidhme trí Chomhaontuithe Comhpháirtíochta Saorálaí (VPAnna) déthaobhacha le tíortha táirgthe adhmaid. Chun na gealltanais dhéthaobhacha a ghlac an tAontas Eorpach de láimh a urramú agus chun an dul chun cinn, atá bainte amach le tíortha comhpháirtíochta ag a bhfuil córas oibriúcháin i bhfeidhm, a chaomhnú (céim cheadúnúcháin FLEGT), ba cheart foráil a áireamh sa Rialachán seo lena ndearbhaítear go ndéantar an ceanglas dlíthiúlachta faoin Rialachán seo a chomhlíonadh le hadhmad agus le táirgí adhmadbhunaithe a chumhdaítear le ceadúnas FLEGT bailí.

(57)

Le Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 leagtar síos nósanna imeachta ón Aontas chun scéim ceadúnúcháin FLEGT a chur chun feidhme trí Chomhaontuithe Comhpháirtíochta Saorálaí (VPAnna) déthaobhacha le tíortha táirgthe adhmaid. Tá sé beartaithe le VPAnna athruithe sistéamacha a chothú in earnáil na foraoiseachta, arb é is aidhm dóibh foraoisí a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe, an lománaíocht neamhdhleathach a dhíothú agus tacú leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh ar fud an domhain chun deireadh a chur le dífhoraoisiú. Cuireann VPAnna creat dlíthiúil tábhachtach ar fáil don Aontas agus dá thíortha comhpháirtíochta araon, rud a fhágann gur féidir leis na tíortha lena mbaineann dea-chomhar agus dea-chaidreamh a dhéanamh. Ba cheart VPAnna nua le comhpháirtithe breise a chur chun cinn. Leis an Rialachán seo, ba cheart tógáil ar an obair a rinneadh faoi Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005, atá fós ina sásra tábhachtach chun foraoisí an domhain a chosaint. Chun na gealltanais dhéthaobhacha a ghlac an tAontas Eorpach de láimh a urramú agus chun an dul chun cinn, atá bainte amach le tíortha comhpháirtíochta ag a bhfuil córas oibriúcháin i bhfeidhm, a chaomhnú (céim cheadúnúcháin FLEGT) agus comhpháirtithe eile a dhreasú oibriú chun an chéim sin a bhaint amach , ba cheart foráil a áireamh sa Rialachán seo lena ndearbhaítear go ndéantar an ceanglas dlíthiúlachta faoin Rialachán seo a chomhlíonadh le hadhmad agus le táirgí adhmadbhunaithe a chumhdaítear le ceadúnas FLEGT bailí , agus ar an gcaoi sin a áirithiú go ndéanfar an chuid sin den cheanglas maidir le dícheall cuí a fhíorú go héasca . Ba cheart tacú le comhpháirtíochtaí VPA trí acmhainní leormhaithe agus tacaíocht shonrach riaracháin agus fothaithe acmhainneachta. Beidh Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 ina chóras tábhachtach i gcónaí chun creata a sholáthar le haghaidh comhairliúcháin il-gheallsealbhóirí.

Leasú 78

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 57 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(57a)

Ba cheart don Choimisiún cúnamh a thabhairt do TLFanna agus do FBManna maidir leis na caighdeáin a leagtar amach sa Rialachán seo a thuiscint, a chur chun feidhme agus a chomhlíonadh, agus comhar a choinneáil oscailte ar mhaithe le fothú acmhainneachta le rialtais náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus le táirgeoirí, go háirithe táirgeoirí beaga.

Leasú 79

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 58

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(58)

Cé go dtugtar aghaidh leis an Rialachán seo ar an dífhoraoisiú agus ar an díghrádú foraoise, mar a bheartaítear i dTeachtaireacht 2019 maidir le “Dlús a Chur le Gníomhaíocht an Aontais chun Foraoisí an Domhain a Chosaint agus a Athbhunú”, níor cheart tiontú ná díghrádú éiceachóras nádúrtha eile eascairt as cosaint foraoisí. Éiceachórais amhail bogaigh, sabhánaí agus tailte portaigh, tá an-tábhacht leo maidir le hiarrachtaí domhanda chun an t-athrú aeráide a chomhrac, mar aon le spriocanna forbartha inbhuanaithe eile agus is gá aird ar leith a  thabhairt ar thiontú nó díghrádú an mhéid sin go práinneach. Meastóireacht ar an ngá agus ar an indéantacht a bhaineann le síneadh a chur le raon feidhme an Rialacháin seo chuig éiceachórais eile seachas foraoisí, ba cheart í a dhéanamh, dá bhrí sin, laistigh de 2 bhliain ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(58)

Cé go dtugtar aghaidh leis an Rialachán seo ar an dífhoraoisiú , ar an díghrádú foraoise agus ar an tiontú foraoise, mar a bheartaítear i dTeachtaireacht 2019 maidir le “Dlús a Chur le Gníomhaíocht an Aontais chun Foraoisí an Domhain a Chosaint agus a Athbhunú”, níor cheart tiontú ná díghrádú éiceachóras nádúrtha eile eascairt as cosaint foraoisí. Maidir le héiceachórais amhail bogaigh, sabhánaí agus tailte portaigh, tá an-tábhacht leo maidir le hiarrachtaí domhanda chun an t-athrú aeráide agus géarchéim na bithéagsúlachta a chomhrac, mar aon le spriocanna forbartha inbhuanaithe eile, agus tá gá, mar ábhar práinne, le gníomhaíocht ar leith a  mhéid a bhaineann lena dtiontú nó lena ndíghrádú agus ní mór iad a chosc. Níl aon amhras ach go ndéanann tomhaltas an Aontais tiontú agus díghrádú éiceachóras neamhfhoraoise bithéagsúil agus ar mhórán carbóin a spreagadh go mór ar fud an domhain. Chun lorg an Aontais ar an uile éiceachóras nádúrtha a laghdú, ba cheart meastóireacht a dhéanamh ar raon feidhme an Rialacháin seo a leathnú chuig éiceachórais eile seachas foraoisí agus coillearnach eile , mar aon le togra reachtach chun an méid sin a dhéanamh, ar a dhéanaí bliain amháin tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, ar cheart tús a chur leis na hullmhúcháin ina leith ar a dhéanaí an lá a thiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm. Bheadh an riosca ann, gcuirfí moill bhreise ar éiceachórais eile a áireamh sa Rialachán seo, go n-aistreofaí táirgeadh talmhaíochta ó fhoraoisí go héiceachórais neamh-fhoraoise. Ina theannta sin, tá éiceachórais neamh-fhoraoise faoi bhrú níos mó a mhéid a bhaineann lena dtiontú agus lena ndíghrádú i ngeall ar tháirgeadh tráchtearraí do mhargadh an Aontais. Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh freisin ar an ngá atá leis an raon feidhme a leathnú chuig tráchtearraí breise agus ar a indéanta atá sé an méid sin a dhéanamh, ar a dhéanaí 2 bhliain tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. An tráth céanna, ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh freisin, trí bhíthin gníomh tarmligthe, ar na táirgí ábhartha a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

Leasú 80

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 58 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(58a)

Agus aird á tabhairt ar an iarraidh a rinne Parlaimint na hEorpa i rún uaithi an 22 Deireadh Fómhair 2020 dar teideal “Creat dlíthiúil de chuid AE chun an dífhoraoisiú domhanda atá spreagtha ag AE a stopadh agus a aisiompú” agus formhór mór an 1,2 milliún rannpháirtí i gcomhairliúchán poiblí an Choimisiúin maidir le dífhoraoisiú éileamh-thiomáinte agus le díghrádú foraoisí agus tiontú foraoise chun éiceachórais neamhfhoraoise a áireamh sa Rialachán seo, ba cheart don Choimisiún a mheastóireacht agus a thogra reachtach chun raon feidhme an Rialacháin seo a leathnú chuig éiceachórais eile a bhunú ar na sainmhínithe ar “éiceachórais nádúrtha”, “tiontú éiceachórais nádúrtha” agus “díghrádú foraoise agus éiceachórais nádúrtha”, agus ar scoithdháta an 31 Nollaig 2019, mar a leagtar síos sa Rialachán seo.

Leasú 81

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 60

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(60)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, an dífhoraoisiú agus an díghrádú foraoise a chomhrac trí laghdú a dhéanamh ar rannchuidiú an tomhaltais san Aontas, a ghnóthú ina n-aonar agus gur fearr, dá bhrí sin, de bharr a fhairsinge, is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(60)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon an dífhoraoisiú , an díghrádú foraoise agus an tiontú foraoise a chomhrac trí laghdú a dhéanamh ar rannchuidiú an tomhaltais san Aontas agus trí laghdú dífhoraoisithe a dhreasú i dtíortha is táirgeoirí , a ghnóthú ina n-aonar agus gur fearr, dá bhrí sin, de bharr a fhairsinge, is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

Leasú 82

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 61

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(61)

Ba cheart tréimhse réasúnach a thabhairt d’oibreoirí, do thrádálaithe agus do na húdaráis inniúla chun iad féin a ullmhú chun ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh.

(61)

Chun suaitheadh sa slabhra soláthair a sheachaint agus chun tionchair dhiúltacha ar thríú tíortha a laghdú, ba cheart tréimhse réasúnach a thabhairt do chomhpháirtithe trádála, agus go háirithe d’ fheirmeoirí beaga, d’ oibreoirí, do thrádálaithe agus do na húdaráis inniúla chun iad féin a ullmhú chun ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh.

Leasú 83

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Leis an Rialachán seo leagtar síos rialacha maidir le heallach, cócó, caife, pailm ola, soighe agus adhmad (“tráchtearraí ábhartha”) a chur ar mhargadh an Aontais, a chur ar fáil air agus a onnmhairiú ó mhargadh an Aontais, mar aon le táirgí, mar a liostaítear in Iarscríbhinn I, ina bhfuil tráchtearraí ábhartha (“táirgí ábhartha”), a cothaíodh leis na tráchtearraí sin nó a rinneadh agus úsáid á baint astu d’fhonn an méid seo a leanas a dhéanamh

Leis an Rialachán seo leagtar síos rialacha maidir le heallach, mucra, caora agus gabhair, éanlaith, cócó, caife, pailm ola agus díorthaigh atá bunaithe ar ola pailme , soighe , arbhar Indiach, rubar, agus adhmad (“tráchtearraí ábhartha”), agus táirgí, lena n-áirítear fioghual agus táirgí páipéir clóite, mar a liostaítear in Iarscríbhinn I, ina bhfuil tráchtearraí ábhartha (“táirgí ábhartha”), a cothaíodh leis na tráchtearraí sin nó a rinneadh agus úsáid á baint astu a chur ar mhargadh an Aontais, a chur ar fáil air agus a onnmhairiú ó mhargadh an Aontais, d’fhonn an méid seo a leanas a dhéanamh:

Leasú 84

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)

rannchuidiú an Aontais leis an dífhoraoisiú agus leis an díghrádú foraoise ar fud an domhain a íoslaghdú

(a)

rannchuidiú an Aontais leis an dífhoraoisiú, an díghrádú foraoise agus an tiontú foraoise ar fud an domhain a íoslaghdú;

Leasú 85

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)

rannchuidiú an Aontais Eorpaigh le hastaíochtaí gáis ceaptha teasa agus le cailliúint na bithéagsúlachta dhomhanda a laghdú.

(b)

rannchuidiú an Aontais Eorpaigh le hastaíochtaí gáis ceaptha teasa agus le cailliúint na bithéagsúlachta dhomhanda a laghdú;

Leasú 86

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe b a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ba)

rannchuidiú le laghdú ar dhífhoraoisiú domhanda.

Leasú 87

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Leagtar síos leis an Rialachán seo freisin oibleagáidí ar institiúidí airgeadais a bhfuil a gceanncheathrú san Aontas acu nó a oibríonn san Aontas agus a sholáthraíonn seirbhísí airgeadais do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha arb ionann a ngníomhaíochtaí eacnamaíocha agus tráchtearraí agus táirgí ábhartha a tháirgeadh, a sholáthar, a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais nó a onnmhairiú ó mhargadh an Aontais, nó a bhfuil a ngníomhaíochtaí eacnamaíocha nasctha leis na tráchtearraí agus na táirgí ábhartha a tháirgeadh, a sholáthar, a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais nó a onnmhairiú ó mhargadh an Aontais, de réir bhrí an Airteagail seo.

Leasú 88

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(1)

ciallaíonn “dífhoraoisiú” tiontú foraoise go húsáid talmhaíochta, cé acu de thoradh an duine nó ar bhealach eile ;

(1)

ciallaíonn “dífhoraoisiú” tiontú foraoisí nó coillearnach eile go húsáid talmhaíochta nó ina bhforaoisí plandála , bíodh sé de thoradh an duine nó ná bíodh ;

Leasú 89

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(1a)

ciallaíonn “tiontú éiceachórais” athrú ar éiceachórais nádúrtha go húsáid eile talún nó athrú ar chomhdhéanamh speiceas, struchtúr nó feidhm éiceachórais nádúrtha; áirítear leis sin díghrádú tromchúiseach nó tabhairt isteach cleachtas bainistíochta arb é is toradh orthu athrú substaintiúil agus marthanach ar chomhdhéanamh speiceas, struchtúr nó feidhm an éiceachórais;

Leasú 90

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(2a)

ciallaíonn “úsáid talmhaíochta” úsáid talún chun ceann amháin nó níos mó de na críocha seo a leanas: barra sealadacha nó bliantúla a shaothrú a bhfuil timthriall fáis is ionann agus bliain amháin nó níos lú acu; barra buana nó ilbhliantúla a bhfuil timthriall fáis is mó ná bliain amháin acu, lena n-áirítear barra crainn; móinéir nó féaraigh bhuana nó shealadacha a shaothrú, mar aon le feirmeoireacht ainmhithe; agus talamh branair ar bhonn sealadach;

Leasú 91

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 2 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(2b)

ciallaíonn “coillearnach eile” talamh nach n-aicmítear mar fhoraois é, ar talamh é is fairsinge ná 0,5  heicteár agus é faoi chrainn is airde ná 5 mhéadar agus clúdach téastair idir 5 % agus 10 % aici, nó faoi chrainn atá in ann na tairseacha sin a bhaint amach in situ, nó le clúdach comhcheangailte tor, tom, agus crann is airde ná 10 % seachas talamh atá faoi úsáid talmhaíochta nó úsáid talún uirbí den chuid is mó;

Leasú 92

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 5 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(5a)

ciallaíonn “éiceachóras nádúrtha” éiceachóras, lena n-áirítear éiceachóras arna bhainistiú ag an duine, atá cosúil, ó thaobh comhdhéanamh speiceas, struchtúir, agus feidhm éiceolaíochta de, le héiceachóras atá i limistéar ar leith in éagmais mórthionchair dhaonna, nó a bheadh le haimsiú ann; áirítear leis sin, go háirithe, talamh ina bhfuil stoic arda charbóin agus talamh ag a bhfuil ardluach bithéagsúlachta;

Leasú 93

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 6

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(6)

ciallaíonn “díghrádú foraoise” oibríochtaí lománaíochta nach bhfuil inbhuanaithe agus a chruthaíonn laghdú nó cailliúint maidir le táirgeacht agus le castacht bhitheolaíoch nó eacnamaíoch éiceachóras foraoise, arb é a thagann as laghdú fadtéarmach ar sholáthar foriomlán na dtairbhí ó fhoraois, lena n-áirítear adhmad, bithéagsúlacht agus táirgí nó seirbhísí eile ;

(6)

ciallaíonn “díghrádú foraoise agus díghrádú éiceachórais nádúrtha eile ” laghdú nó cailliúint táirgiúlachta bitheolaíche nó eacnamaíche agus castachta foraoisí, agus coillearnach eile agus éiceachóras nádúrtha eile, lena ndéantar difear dá gcomhdhéanamh speiceas, dá struchtúr nó dá bhfeidhm, bíodh daoine ina gcúis dhíreach leis nó ná bíodh; áirítear leis sin saothrú neamhdhleathach foraoisí, coillearnach eile nó éiceachóras nádúrtha eile, chomh maith le húsáid cleachtas bainistíochta arb é a bhíonn mar thoradh orthu tionchar suntasach marthanach ar a gcumas tacú leis an mbithéagsúlacht nó seirbhísí éiceachórais a sheachadadh ;

Leasú 94

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 7

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(7)

ciallaíonn “oibríochtaí lománaíochta inbhuanaithe” lománaíocht a dhéantar i bhfianaise chothabháil cháilíocht na hithreach agus na bithéagsúlachta arb é is aidhm dó sin tionchair dhiúltacha a íoslaghdú, ar bhealach lena seachnaítear lománú stumpaí agus fréamhacha, díghrádú foraoise príomhúla nó a dtiontú ina bhforaoisí plandála, agus lománú ar ithreacha leochaileacha; íoslaghdaítear leis sin glanleagan mór agus áirithítear leis tairseacha atá iomchuí ó thaobh áite maidir le heastóscadh adhmad marbh agus ceanglais chun córais lománaíochta a úsáid lena n-íoslaghdaítear tionchair ar cháilíocht na hithreach, lena n-áirítear balcadh ithreach, agus ar ghnéithe bithéagsúlachta agus ar ghnáthóga;

scriosta

Leasú 95

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 8

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(8)

ciallaíonn “gan dífhoraoisiú” an méid seo a leanas

(8)

ciallaíonn “gan dífhoraoisiú” gur táirgeadh na tráchtearraí agus na táirgí ábhartha, lena n-áirítear iad sin a úsáidtear le haghaidh táirgí ábhartha nó atá iontu, ar thalamh nach raibh faoi réir an dífhoraoisithe, agus nach raibh siad ina spreagadh don díghrádú foraoise ná don tiontú foraoise, ná nach raibh siad ina rannchuidiú leis an díghrádú foraoise ná leis an tiontú foraoise, tar éis an 31 Nollaig 2019;

(a)

táirgeadh na tráchtearraí agus na táirgí ábhartha, lena n-áirítear iad sin a úsáidtear le haghaidh táirgí ábhartha nó atá iontu, ar thalamh nach raibh faoi réir an dífhoraoisithe tar éis an 31 Nollaig 2020, agus

 

(b)

lománaíodh an t-adhmad ón bhforaois gan bheith ina chúis leis an díghrádú foraoise tar éis an 31 Nollaig 2020;

 

Leasú 240

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 9

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(9)

ciallaíonn “táirgthe” fásta, lománaithe nó tógtha ar dháileacht ábhartha talún, cothaithe uaithi nó faighte uirthi;

(9)

ciallaíonn “táirgthe” fásta, lománaithe nó faighte ar dháileacht ábhartha talún , nó, i gcás beostoic, ciallaíonn “táirgthe” na dáileachtaí talún ar fad a bhfuil baint acu leis an bpróiseas tógála beostoic ;

Leasú 96

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 16

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(16)

ciallaíonn “riosca diomaibhseach” nuair a léirítear nach ann d’aon chúis imní le measúnú iomlán ar an bhfaisnéis tháirgeshonrach agus ar an bhfaisnéis ghinearálta araon maidir le comhlíonadh Airteagal 3(a) agus 3(b) ag tráchtearraí nó táirgí ábhartha.

(16)

ciallaíonn “riosca diomaibhseach” an leibhéal riosca a bhfuil feidhm aige maidir le tráchtearraí agus táirgí ábhartha atá le cur ar mhargadh an Aontais nó le honnmhairiú uaidh, i gcás nach ann d’aon chúis imní i leith na dtráchtearraí nó na dtáirgí sin cúis ar fhorais measúnú iomlán ar an bhfaisnéis tháirge-shonrach agus ar an bhfaisnéis ghinearálta maidir le hAirteagal 3 a bheith á chomhlíonadh agus maidir leis na bearta maolaithe iomchuí a bheith á gcur i bhfeidhm;

Leasú 97

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 16 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(16a)

ciallaíonn “rannpháirtíocht fhóinteach le geallsealbhóirí” tuiscint a fháil ar ábhair imní agus leasanna na ngeallsealbhóirí ábhartha, go háirithe na grúpaí is leochailí, amhail feirmeoirí beaga agus pobail dhúchasacha, chomh maith le pobail áitiúla, lena n-áirítear mná, trí dhul i gcomhairle leo go díreach agus ar bhealach ina gcuirtear na bacainní a d’fhéadfadh a bheith ar rannpháirtíocht éifeachtach san áireamh;

Leasú 98

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 18

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(18)

ciallaíonn “táirgí neamhchomhlíontacha” tráchtearraí agus táirgí ábhartha nár táirgeadh ar bhealach “gan dífhoraoisiú”, nó nár táirgeadh i gcomhréir le reachtaíocht ábhartha na tíre táirgthe, nó an dá rud ;

(18)

ciallaíonn “táirgí neamhchomhlíontacha” tráchtearraí agus táirgí ábhartha nár táirgeadh ar bhealach “gan dífhoraoisiú”, nó nár táirgeadh i gcomhréir leis na dlíthe agus na caighdeáin ábhartha, lena n-áirítear iad sin maidir le cearta pobal dúchasach, cearta tionachta pobal áitiúil, agus an ceart chun saorthoiliú feasach roimh ré, agus nár cumhdaíodh le ráiteas cruinn díchill chuí ;

Leasú 99

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 21

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(21)

ciallaíonn “ábhar imní a bhfuil bunús leis” maíomh a bhfuil bonn maith leis bunaithe ar fhaisnéis oibiachtúil agus infhíoraithe maidir le neamhchomhlíonadh an Rialacháin seo agus lena bhféadfar idirghabháil ó na húdaráis inniúla a cheangal;

(21)

ciallaíonn “ábhar imní a bhfuil bunús leis” maíomh bunaithe ar fhaisnéis oibiachtúil agus infhíoraithe maidir le neamhchomhlíonadh an Rialacháin seo agus lena bhféadfar idirghabháil ó na húdaráis inniúla a cheangal;

Leasú 100

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 28

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(28)

ciallaíonn “ reachtaíocht ábhartha na tíre táirgthe” na rialacha is infheidhme sa tír tháirgthe maidir le stádas dlíthiúil an cheantair tháirgthe i dtéarmaí cearta úsáide talún, cosaint an chomhshaoil, cearta tríú páirtithe agus rialacháin ábhartha trádála agus custaim faoin gcreat reachtaíochta is infheidhme sa tír tháirgthe;

(28)

ciallaíonn “ dlíthe agus caighdeáin ábhartha”:

 

(a)

na rialacha is infheidhme sa tír tháirgthe maidir le stádas dlíthiúil an limistéir táirgthe i dtéarmaí cearta úsáide talún, cosaint an chomhshaoil, cearta tríú páirtithe agus rialacháin ábhartha trádála agus custaim faoin gcreat reachtaíochta is infheidhme sa tír tháirgthe;

 

(b)

cearta an duine arna gcosaint faoin dlí idirnáisiúnta, go háirithe ionstraimí lena gcosnaítear cearta tionachta gnáiche agus an ceart chun saorthoiliú feasach roimh ré (FPIC), mar a leagtar amach, inter alia, i nDearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta na bPobal Dúchasach, i mBuan-Fhóram na Náisiún Aontaithe maidir le Saincheisteanna Dúchasacha, i gcomhaontuithe idirnáisiúnta ceangailteacha atá ann cheana agus sa Choinbhinsiún (Uimh. 169, 1989) maidir le Pobail Dhúchasacha agus Threibheacha, lena gcumhdaítear an ceart chun cosaint comhshaoil, an ceart chun an comhshaol a chosaint, saor ó aon chineál géarleanúna agus ciaptha, agus cearta eile an duine a aithnítear go hidirnáisiúnta agus a bhaineann le húsáid talún, le rochtain ar thalamh nó le húinéireacht talún;

Leasú 101

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 28 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(28a)

ciallaíonn “saorthoiliú feasach roimh ré (FPIC)” ceart comhchoiteann daonna atá ag pobail dhúchasacha agus ag pobail áitiúla chun a dtoiliú a thabhairt agus a choinneáil siar sula gcuirfí tús le haon ghníomhaíocht a d’fhéadfadh difear a dhéanamh dá gcuid ceart, talún, acmhainní, críoch, slite beatha, agus slándála bia; is ceart é arna fheidhmiú trí ionadaithe dá rogha féin agus ar bhealach atá comhsheasmhach lena gcuid custam, luachanna agus norm féin.

Leasú 102

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 28 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(28b)

ciallaíonn “cosantóirí chearta an duine” daoine aonair, grúpaí agus orgáin na sochaí a dhéanann cearta an duine agus saoirsí bunúsacha a aithnítear go huilíoch a chur chun cinn agus a chosaint; féachann cosantóirí chearta an duine le cearta sibhialta agus cearta polaitiúla a chosaint agus le cearta eacnamaíocha, sóisialta agus cúltúrtha a chur chun cinn, a chosaint agus a réadú; déanann cosantóirí chearta an duine cearta ball grúpaí, amhail pobail dhúchasacha, a chur chun cinn agus a chosaint freisin;

Leasú 103

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 28 c (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(28c)

ciallaíonn “cosantóirí chearta an duine maidir leis an gcomhshaol” daoine aonair agus grúpaí a fhéachann, ina gcáil phearsanta nó ghairmiúil agus ar bhealach síochánta, le cearta an duine a bhaineann leis an gcomhshaol, lena n-áirítear uisce, aer, talamh, flóra agus fána, a chosaint agus a chur chun cinn;

Leasú 104

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)

táirgeadh iad i gcomhréir le reachtaíocht ábhartha na tíre táirgthe ; agus

(b)

táirgeadh iad i gcomhréir leis na dlíthe agus na caighdeáin ábhartha , mar a shainmhínítear i bpointe (28) d’Airteagal 2 ; agus

Leasú 105

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 3a

Ní sholáthróidh institiúidí airgeadais seirbhísí airgeadais ach amháin nuair a chinnfidh siad gur diomaibhseach, ar a mhéad, an riosca go dtugtar tacaíocht dhíreach nó indíreach, leis na seirbhísí i dtrácht, do ghníomhaíochtaí as a dtagann dífhoraoisiú, díghrádú foraoise nó tiontú foraoise.

Leasú 106

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Feidhmeoidh oibreoirí dícheall cuí sula gcuirfidh siad tráchtearraí agus táirgí ábhartha ar mhargadh an Aontais nó sula n-onnmhaireoidh siad tráchtearraí agus táirgí ó mhargadh an Aontais chun a chinntiú go gcomhlíonfar Airteagal 3 (a) agus (b) . Chuige sin, úsáidfidh siad creat nósanna imeachta agus beart, dá ngairtear “dícheall cuí”, mar a leagtar amach in Airteagal 8, anseo feasta.

1.   Feidhmeoidh oibreoirí dícheall cuí sula gcuirfidh siad tráchtearraí agus táirgí ábhartha ar mhargadh an Aontais nó sula n-onnmhaireoidh siad tráchtearraí agus táirgí ó mhargadh an Aontais chun a chinntiú go gcomhlíonfar Airteagal 3. Chuige sin, úsáidfidh siad creat nósanna imeachta agus beart, dá ngairtear “dícheall cuí”, mar a leagtar amach in Airteagal 8, anseo feasta.

Leasú 107

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.   Maidir le hoibreoirí a thagann ar an gconclúid agus dícheall cuí, dá dtagraítear in Airteagal 8, á fheidhmiú acu go gcomhlíonann na tráchtearraí agus táirgí ábhartha ceanglais an Rialacháin, cuirfidh siad ráiteas maidir le dícheall cuí ar fáil do na húdaráis inniúla tríd an gcóras faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 31 sula gcuirfear na tráchtearraí agus táirgí ábhartha ar mhargadh an Aontais nó sula n-onnmhaireofar na tráchtearraí agus táirgí ábhartha. Deimhneofar leis an ráiteas sin go ndearnadh dícheall cuí agus nach bhfuarthas aon riosca nó nach bhfuarthas ach riosca diomaibhseach , agus beidh sa ráiteas an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn II le haghaidh na dtráchtearraí agus na dtáirgí ábhartha.

2.   Maidir le hoibreoirí a thagann ar an gconclúid agus dícheall cuí, dá dtagraítear in Airteagal 8, á fheidhmiú acu go gcomhlíonann na tráchtearraí agus táirgí ábhartha ceanglais an Rialacháin, cuirfidh siad ráiteas maidir le dícheall cuí ar fáil do na húdaráis inniúla tríd an gcóras faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 31 sula gcuirfear na tráchtearraí agus táirgí ábhartha ar mhargadh an Aontais nó sula n-onnmhaireofar na tráchtearraí agus táirgí ábhartha. Leis an ráiteas sin , a bheidh ar fáil go leictreonach, agus a bheidh in-tarchurtha agus deimhnithe, deimhneofar go ndearnadh dícheall cuí , nochtfar na céimeanna a glacadh i ndáil leis sin chun a fhíorú an raibh an Rialachán seo á chomhlíonadh ag na tráchtearraí agus na táirgí ábhartha, agus tabharfar míniú ar an measúnú cén fáth nach bhfuarthas aon riosca nó nach bhfuarthas ach riosca diomaibhseach. Beidh faisnéis ann freisin a leagtar amach in Iarscríbhinn II le haghaidh na dtráchtearraí agus na dtáirgí ábhartha. Déanfaidh na hoibreoirí na ráitis agus an deimhniú le haghaidh grinnscrúdú riaracháin, sibhialta agus eolaíoch a fhoilsiú agus a chur ar fáil, gan moill mhíchuí, agus rialacha cosanta sonraí á gcur san áireamh.

Leasú 108

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.    Trí bhíthin an ráiteas maidir le dícheall cuí a chur ar fáil, glacann an t-oibreoir freagracht as comhlíontacht an tráchtearra nó táirge ábhartha le ceanglais an Rialacháin seo. Coimeádfaidh oibreoirí taifead ar na ráitis maidir le dícheall cuí ar feadh 5 bliana ón dáta a chuirfear ar fáil é tríd an gcóras faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 31.

3.   Glacann an t-oibreoir freagracht as ceanglais an Rialacháin seo a bheith á gcomhlíonadh ag an tráchtearra nó an táirge ábhartha . Dá bhrí sin, déanfaidh oibreoirí iarrachtaí réasúnacha doiciméadaithe chun tacú le feirmeoirí beaga na forálacha agus na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo a chomhlíonadh. Coimeádfaidh siad taifead ar na ráitis díchill chuí go ceann 5 bliana ar feadh 5 bliana ón dáta a chuirfear ar fáil iad tríd an gcóras faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 31 agus comhroinnfidh siad na ráitis díchill chuí leis na hoibreoirí agus na trádálaithe a thagann ina ndiaidh sa slabhra soláthair .

Leasú 109

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 5 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)

ní chomhlíonann na tráchtearraí ná na táirgí ábhartha Airteagal 3 (a) nó (b) ;

(a)

ní chomhlíonann na tráchtearraí ná na táirgí ábhartha Airteagal 3;

Leasú 110

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 5 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)

nochtadh le feidhmiú díchill chuí riosca neamhdhiomaibhseach nach gcomhlíonann na tráchtearraí agus táirgí ábhartha Airteagal 3 (a) nó (b) ;

(b)

nochtadh le feidhmiú díchill chuí riosca neamhdhiomaibhseach nach gcomhlíonann na tráchtearraí agus táirgí ábhartha Airteagal 3;

Leasú 111

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 5 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

5a.     Beidh córas i bhfeidhm ag na hoibreoirí chun ábhair imní a bhfuil bunús leo a fháil ó pháirtithe leasmhara agus déanfaidh siad imscrúdú críochnúil ar gach ábhar imní a bhfuil bunús leis agus arna thabhairt isteach sa chóras sin.

Leasú 112

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 6

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

6.    Cuirfidh oibreoirí a bhfuil faisnéis nua faighte acu, lena n-áirítear ábhair imní a bhfuil bunús leo, nach bhfuil an tráchtearra nó táirge ábhartha atá curtha ar an margadh acu i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin seo údaráis inniúla na mBallstát, inar chuir siad an tráchtearra nó táirge ábhartha ar an margadh, ar an eolas láithreach. I gcás onnmhairí ó mhargadh an Aontais, cuirfidh oibreoirí údarás inniúil an Bhallstáit, arb í an tír tháirgthe í, ar an eolas.

6.    Déanfaidh oibreoirí a bhfuil faisnéis nua ábhartha faighte nó braite acu, lena n-áirítear ábhair imní a bhfuil bunús leo, nó faisnéis arna soláthar trí na sásraí mear-rabhaidh, lena léirítear riosca neamhdhiomaibhseach nach mbeidh an tráchtearra nó an táirge ábhartha atá curtha ar an margadh acu i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin, seo údaráis inniúla na mBallstát, inar chuir siad an tráchtearra nó an táirge ábhartha ar an margadh, a chur ar an eolas láithreach , chomh maith leis na trádálaithe ar sholáthair siad an tráchtearra nó an táirge ábhartha dóibh d’fhonn cúrsaíocht bhreise ar mhargadh an Aontais nó onnmhairiú ó mhargadh an Aontais a chosc . I gcás onnmhairí ó mhargadh an Aontais, cuirfidh oibreoirí údarás inniúil an Bhallstáit, arb í an tír tháirgthe í, ar an eolas.

Leasú 113

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 7

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

7.   Tabharfaidh na hoibreoirí gach cúnamh is gá do na húdaráis inniúla chun déanamh na seiceálacha faoi Airteagal 15 a éascú, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le rochtain ar áitreabh agus le tíolacadh doiciméad nó taifead.

7.    Déanfaidh na húdaráis inniúla córas díchill chuí na n-oibreoirí a fhíorú ar bhonn bliantúil. Tabharfaidh na hoibreoirí gach cúnamh is gá freisin do na húdaráis inniúla chun déanamh na rialuithe faoi Airteagal 15 a éascú, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le rochtain ar áitribh agus le tíolacadh doiciméad nó taifead.

Leasú 114

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 7 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

7a.     Déanfaidh na hoibreoirí na bearta is gá chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

 

(a)

dul i dteagmháil go fóinteach le geallsealbhóirí leochaileacha, amhail feirmeoirí beaga, pobail dhúchasacha agus pobail áitiúla, ina slabhra soláthair;

 

(b)

a áirithiú go bhfaighidh na geallsealbhóirí leochaileacha sin cúnamh leormhaith agus luach saothair cóir ionas gur féidir lena gcuid tráchtearraí agus táirgí na rialacha a chomhlíonadh, go háirithe maidir leis an gceanglas geoshuímh, agus a áirithiú go ndéanfar na costais a eascraíonn as cur chun feidhme an Rialacháin seo a chomhroinnt go cothrom idir na gníomhaithe éagsúla sa slabhra luacha; agus

 

(c)

obair leantach a dhéanamh maidir le gealltanais chomhaontaithe a chur chun feidhme, lena n-áirithítear go dtabharfar aghaidh ar dhrochthionchair ar gheallsealbhóirí a shainaithnítear a bheith leochaileach.

Leasú 115

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 4a

 

Oibleagáidí ar thrádálaithe agus díolúintí do thrádálaithe is FBManna

 

1.     Níl cead ag trádálaithe ar FBManna iad tráchtearraí agus táirgí ábhartha a chur ar fáil ar an margadh mura rud é go bhfuil an fhaisnéis a cheanglaítear faoi mhír 3 acu.

 

2.     Measfar trádálaithe nach FBManna iad a bheith ina n-oibreoirí agus beidh siad faoi réir na n-oibleagáidí agus na bhforálacha in Airteagail 3, 4, 5, 8 go 12, Airteagal 14(9), agus Airteagail 15 agus 20 den Rialachán seo maidir leis na tráchtearraí agus na táirgí ábhartha a chuireann siad ar fáil ar mhargadh an Aontais.

 

3.     Baileoidh agus coinneoidh trádálaithe ar FBManna iad an fhaisnéis seo a leanas a bhaineann leis na tráchtearraí agus na táirgí ábhartha a bheartaíonn siad a chur ar fáil ar an margadh:

 

(a)

ainm, trádainm cláraithe nó trádmharc cláraithe, seoladh poist agus ríomhphoist, agus má tá sé ar fáil, seoladh gréasáin na n-oibreoirí nó na dtrádálaithe ar sholáthair siad na tráchtearraí agus na táirgí ábhartha dóibh;

 

(b)

ainm, trádainm cláraithe nó trádmharc cláraithe, seoladh poist agus ríomhphoist, agus má tá sé ar fáil, seoladh gréasáin na dtrádálaithe ar sholáthair siad na tráchtearraí agus táirgí ábhartha dóibh;

 

4.     Déanfaidh trádálaithe ar FBManna iad an fhaisnéis dá dtagraítear san Airteagal seo a choimeád go ceann 5 bliana ar a laghad agus soláthróidh siad an fhaisnéis sin do na húdaráis inniúla, arna hiarraidh sin.

 

5.     Maidir le trádálaithe ar FBManna iad agus a bhfuil faisnéis nua ábhartha faighte nó braite acu, lena n-áirítear ábhair imní a bhfuil bunús leo, lena léirítear riosca neamhdhiomaibhseach nach mbeidh an tráchtearra nó an táirge ábhartha, atá curtha ar fáil ar an margadh cheana acu, i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin seo, cuirfidh siad údaráis inniúla na mBallstát inar chuir siad an tráchtearra nó an táirge ábhartha ar fáil ar an margadh, ar an eolas láithreach.

 

6.     Tabharfaidh trádálaithe, bídís ina FBManna nó ná bídís, gach cúnamh is gá do na húdaráis inniúla chun déanamh na seiceálacha faoi Airteagal 16 a éascú, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le rochtain ar áitribh agus le tíolacadh doiciméad nó taifead.

 

7.     Féadfaidh an Coimisiún cúnamh teicniúil a thabhairt do FBManna nach bhfuil sé d’acmhainn acu na ceanglais faoin Airteagal seo a chomhlíonadh.

Leasú 116

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.    Soláthróidh an t-ionadaí údaraithe cóip den sainordú i dteanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh do na húdaráis inniúla , arna hiarraidh sin .

2.    Arna iarraidh sin dó, déanfaidh an t-ionadaí údaraithe cóip den sainordú i dteanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh agus cóip i dteanga an Bhallstáit ina láimhseáiltear an ráiteas díchill chuí nó, ina éagmais sin, i mBéarla, a sholáthar do na húdaráis inniúla.

Leasú 117

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Airteagal 6

Scriosta

Oibleagáidí ar thrádálaithe

 

1.     Níl cead ag trádálaithe, ar FBManna iad, tráchtearraí agus táirgí ábhartha a chur ar fáil ar an margadh, ach amháin más rud é go bhfuil an fhaisnéis a cheanglaítear faoi mhír 2 acu.

 

2.     Baileoidh agus coinneoidh trádálaithe ar FBManna iad an fhaisnéis seo a leanas a bhaineann leis na tráchtearraí agus na táirgí ábhartha a bheartaíonn siad a chur ar fáil ar an margadh:

 

(a)

ainm, trádainm cláraithe nó trádmharc cláraithe, seoladh poist agus ríomhphoist, agus má tá sé ar fáil, seoladh gréasáin na n-oibreoirí nó na dtrádálaithe a sholáthair na tráchtearraí agus táirgí ábhartha dóibh;

 

(b)

ainm, trádainm cláraithe nó trádmharc cláraithe, seoladh poist agus ríomhphoist, agus má tá sé ar fáil, seoladh gréasáin na dtrádálaithe ar sholáthair siad na tráchtearraí agus táirgí ábhartha dóibh;

 

3.     Déanfaidh trádálaithe ar FBManna iad an fhaisnéis dá dtagraítear san Airteagal seo a choimeád go ceann 5 bliana ar a laghad agus soláthróidh siad an fhaisnéis sin do na húdaráis inniúla, arna hiarraidh sin.

 

4.     Maidir le trádálaithe, ar FBManna iad a bhfuil faisnéis nua faighte acu, lena n-áirítear ábhair imní a bhfuil bunús leo, nach bhfuil an tráchtearra nó táirge ábhartha, atá curtha ar fáil ar an margadh cheana acu, i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin seo, cuirfidh na trádálaithe sin údaráis inniúla na mBallstát inar chuir siad an tráchtearra nó táirge ábhartha ar fáil ar an margadh, ar an eolas láithreach.

 

5.     Measfar trádálaithe, nach FBManna iad, a bheith ina n-oibreoirí agus beidh siad faoi réir oibleagáidí agus forálacha in Airteagail 3, 4, 5, 8 go 12, Airteagal 14(9), Airteagail 15 agus 20 den Rialachán seo maidir le tráchtearraí agus le táirgí ábhartha a chuireann siad ar fáil ar mhargadh an Aontais.

 

6.     Tabharfaidh trádálaithe gach cúnamh is gá do na húdaráis inniúla chun déanamh na seiceálacha faoi Airteagal 16 a éascú, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le rochtain ar áitreabh agus le tíolacadh doiciméad nó taifead.

 

Leasú 118

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Airteagal 7

Airteagal 7

Earraí á gcur ar an margadh ag oibreoirí atá bunaithe i dtríú tíortha

Earraí á gcur ar an margadh ag oibreoirí atá bunaithe i dtríú tíortha

I gcás ina gcuirfidh duine nádúrtha nó duine dlítheanach lasmuigh den Aontas tráchtearraí agus táirgí ábhartha ar mhargadh an Aontais, measfar gurb é an chéad duine nádúrtha nó duine dlítheanach, atá bunaithe san Aontas, a cheannaíonn tráchtearraí nó táirgí ábhartha den sórt sin nó a ghlacann seilbh orthu sin, an t-oibreoir de réir bhrí an Rialacháin seo.

I gcás ina ndéanfaidh duine nádúrtha nó duine dlítheanach , gan beann ar a mhéid, atá bunaithe lasmuigh den Aontas, tráchtearraí agus táirgí ábhartha a chur ar mhargadh an Aontais, measfar gurb é an chéad duine nádúrtha nó duine dlítheanach, atá bunaithe san Aontas, a cheannaíonn tráchtearraí nó táirgí ábhartha den sórt sin nó a ghlacann seilbh orthu sin, an t-oibreoir de réir bhrí an Rialacháin seo.

 

Mura bhfuil aon mhonaróir ná allmhaireoir bunaithe san Aontas, comhlíonfaidh margaí ar líne na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagail 8 go 11 maidir le táirgí agus tráchtearraí a n-éascaíonn siad an díol ina leith.

Leasú 119

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 8 – mír 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2a.     Ní bheidh gá le nós imeachta díchill chuí breise i gcás comhpháirteanna táirgí a ndearnadh dícheall cuí ina leith cheana i gcomhréir le hAirteagal 4(1). Maidir le comhpháirteanna nár cumhdaíodh le nós imeachta díchill chuí, beidh feidhm i gcónaí ag na ceanglais díchill chuí.

Leasú 120

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 – mír 1 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Baileoidh oibreoirí faisnéis, doiciméid agus sonraí lena léireofar go gcomhlíonann na tráchtearraí agus táirgí ábhartha Airteagal 3. Chun na críche sin, baileoidh, eagróidh agus coimeádfaidh an t-oibreoir an fhaisnéis seo a leanas a bhaineann leis na tráchtearraí nó táirgí ábhartha ar feadh 5 bliana, agus fianaise ag tacú léi:

Baileoidh oibreoirí faisnéis, doiciméid agus sonraí lena léireofar go gcomhlíonann na tráchtearraí agus táirgí ábhartha Airteagal 3. Chun na críche sin, déanfaidh an t-oibreoir an fhaisnéis seo a leanas a bhaineann le gach tráchtearra nó táirge ábhartha arna chur ar mhargadh an Aontais nó arna onnmhairiú ón Aontas a bhailiú, a eagrú agus a choinneáil, go ceann 5 bliana, agus fianaise ag tacú léi:

Leasú 121

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 – mír 1 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)

tuairisc, lena n-áirítear an trádainm agus cineál na dtráchtearraí agus táirgí ábhartha, mar aon le hainm coiteann an speicis, i gcás inarb infheidhme, agus an t-ainm eolaíoch iomlán;

(a)

tuairisc, lena n-áirítear an trádainm agus cineál na dtráchtearraí agus táirgí ábhartha, mar aon le hainm coiteann an speicis, i gcás inarb infheidhme, agus an t-ainm eolaíoch iomlán; áireofar sa tuairisc ar an táirge an liosta tráchtearraí atá ann nó a úsáidtear chun na táirgí sin a dhéanamh; i gcás táirgí ainmhithe, áireofar sa tuairisc liosta na dtráchtearraí a úsáidtear chun na hainmhithe a bheathú;

Leasú 122

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 – mír 1 – pointe c

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c)

aitheantas na tíre táirgthe;

(c)

sainaitheantas na tíre táirgthe nó codanna di ;

Leasú 123

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 – mír 1 – pointe d

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(d)

Comhordanáidí geologánaithe , domhanleithead agus domhanfhad gach dáileachta talún mar ar táirgeadh na tráchtearraí agus táirgí ábhartha, mar aon leis an dáta nó raon ama an táirgthe ;

(d)

Comhordanáidí geoshuímh , domhanleithead agus domhanfhad i gcás gach dáileachta talún na ceapacha talún uile mar ar táirgeadh na tráchtearraí agus na táirgí ábhartha, nó comhordanáidí geoshuímh, domhanleithead agus domhanfhad pointí uile polagáin i gcás na ndáileachtaí talún mar ar táirgeadh na tráchtearraí agus na táirgí ábhartha; de bharr aon dífhoraoisiú nó díghrádú sna dáileachtaí talún ar leith, is cuma cibé acu le pointe domhanleithid agus domhanfhaid amháin nó le polagán a shainaithnítear é, dícháileofar go huathoibríoch na táirgí agus na tráchtearraí go léir ó na dáileachtaí talún sin óna gcur ar an margadh agus óna gcur ar fáil ar an margadh, nó óna n-onnmhairiú uaidh; soláthróidh na hoibreoirí dáta nó raon ama nó séasúr buainte táirgthe an tráchtearra nó an táirge ; tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun an Rialachán seo a fhorlíonadh maidir le méid na ndáileachtaí talún a bhfuil sé de cheangal ar chuideachtaí polagáin a sholáthar os a cionn, mar an t-aon mhodh geoshuímh amháin i gcás na dtráchtearraí agus na dtáirgí ábhartha;

Leasú 124

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 – mír 1 – pointe h

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(h)

faisnéis leordhóthanach agus infhíoraithe go ndearnadh an táirgeadh i gcomhréir le reachtaíocht ábhartha na tíre táirgthe, lena n-áirítear aon socrú a thugann an ceart an ceantar faoi leith a úsáid chun an tráchtearra ábhartha a tháirgeadh ;

(h)

faisnéis leormhaith agus infhíoraithe go ndearnadh an táirgeadh i gcomhréir le reachtaíocht ábhartha na tíre táirgthe, agus freisin leis na dlíthe agus na caighdeáin ábhartha, mar a shainmhínítear i bpointe (28) d’Airteagal 2 ;

Leasú 125

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 – mír 1 – pointe h a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ha)

faisnéis leormhaith agus infhíoraithe, arna fáil trí iniúchtaí neamhspleácha agus próisis iomchuí chomhairliúcháin, nach bhfuil an limistéar a úsáidtear chun na tráchtearraí agus na táirgí ábhartha a tháirgeadh faoi réir aon éileamh ar bhonn cearta tionachta dúchasaí, cearta tionachta gnáiche nó cearta tionachta dlisteanaí eile ná faoi réir aon díospóid maidir lena n-úsáid, lena n-úinéireacht nó lena lonnú;

Leasú 126

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 – mír 1 – pointe h b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(hb)

faisnéis leormhaith agus infhíoraithe ina nochtfar tuairimí aon phobail dhúchasacha, aon phobail áitiúla agus aon ghrúpaí eile a mhaíonn cearta tionachta i dtaca leis an limistéar a úsáidtear chun na tráchtearraí agus na táirgí ábhartha a tháirgeadh i ndáil le táirgeadh na dtráchtearraí agus na dtáirgí ábhartha sin.

Leasú 127

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 – mír 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1a.     Baileoidh institiúidí airgeadais an fhaisnéis, na doiciméid agus na sonraí lena léireofar go gcomhlíonann soláthar na seirbhísí airgeadais do chustaiméirí Airteagal 11a. Beidh an méid seo a leanas ar a laghad san áireamh san fhaisnéis, sna doiciméid agus sna sonraí:

 

(a)

tuairisc ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha an chustaiméara, ar ghníomhaíochtaí na n-eintiteas arna rialú ag an gcustaiméir agus ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha sholáthróirí na gcustaiméirí;

 

(b)

faisnéis maidir leis na tráchtearraí agus na táirgí ábhartha a chuirtear ar mhargadh an Aontais, a chuirtear ar fáil air nó a onnmhairítear uaidh, agus maidir le feidhmiú gaolmhar an díchill chuí faoin Rialachán seo;

 

(c)

i gcás na ngníomhaíochtaí faoi phointe (a), úsáid tráchtearraí agus táirgí ábhartha, lena n-áirítear faisnéis maidir leis na tráchtearraí agus na táirgí ábhartha a úsáidtear go héifeachtach agus maidir le feidhmiú gaolmhar an díchill chuí faoin Rialachán seo;

 

(d)

beartais arna nglacadh agus arna gcur chun feidhme ag an gcustaiméir agus ag na heintitis agus na soláthróirí dá dtagraítear faoi phointe (a) d’fhonn a áirithiú nach mbeidh a gcuid gníomhaíochtaí ina gcúis le dífhoraoisiú, le díghrádú foraoise ná le tiontú foraoise;

 

(e)

sainaithint na tíre táirgthe agus comhordanáidí geologánaithe, domhanleithead agus domhanfhad na ndáileachtaí talún uile ina dtáirgfear na tráchtearraí agus na táirgí ábhartha.

Leasuithe 128 agus 253

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.     Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 33 chun mír 1 a fhorlíonadh maidir le faisnéis ábhartha bhreise atá le fáil a bhféadfaidh gá a bheith léi chun éifeachtacht an chórais díchill chuí a chinntiú.

scriosta

Leasú 129

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 – mír 3 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

3a.     Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 33 chun míreanna 1 agus 1a a fhorlíonadh i ndáil le faisnéis ábhartha bhreise atá le fáil agus a bhféadfaidh gá a bheith léi chun éifeachtacht an chórais díchill chuí a áirithiú.

Leasú 130

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Déanfaidh oibreoirí faisnéis a bhailítear i gcomhréir le hAirteagal 9 agus aon doiciméadacht ábhartha eile a fhíorú agus a anailísiú, agus ar an mbonn sin, déanfaidh siad measúnú riosca chun a shuí cé acu atá riosca ann nó nach bhfuil nach gcomhlíonann na tráchtearraí agus táirgí ábhartha, a bhfuil sé beartaithe iad a chur ar mhargadh an Aontais nó iad a onnmhairiú uaidh, ceanglais an Rialacháin seo. Mura féidir leis na hoibreoirí a léiriú go bhfuil an riosca neamhchomhlíontachta diomaibhseach, ní chuirfidh siad an tráchtearra nó táirge ábhartha ar mhargadh an Aontais ná ní onnmhaireoidh siad é.

1.   Déanfaidh oibreoirí agus institiúidí airgeadais faisnéis a bhailítear i gcomhréir le hAirteagal 9 agus aon doiciméadacht ábhartha eile a fhíorú agus a anailísiú agus , ar an mbonn sin, déanfaidh siad measúnú riosca chun a shuí cé acu atá nó nach bhfuil riosca ann nach gcomhlíonann na tráchtearraí agus na táirgí ábhartha, a bhfuil sé beartaithe iad a chur ar mhargadh an Aontais nó a onnmhairiú uaidh, ceanglais an Rialacháin seo. I gcás nach bhféadfaidh oibreoir an fhaisnéis a cheanglaítear leis an Rialachán seo a bhailiú ar bhealach leormhaith, beidh sé de cheart aige soiléiriú nó cúnamh a iarraidh ar an údarás inniúil maidir le cur chun feidhme. Mura féidir leis na hoibreoirí a léiriú go bhfuil an riosca neamhchomhlíontachta diomaibhseach, ní chuirfidh siad an tráchtearra nó an táirge ábhartha ar mhargadh an Aontais ná ní onnmhaireoidh siad é. Mura bhféadfaidh na hinstitiúidí airgeadais a chinneadh gur diomaibhseach an riosca neamhchomhlíonta, ní sholáthróidh siad seirbhísí airgeadais do na custaiméirí lena mbaineann.

Leasú 131

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 2 – pointe b a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ba)

pobail leochaileacha, pobail dhúchasacha, pobail áitiúla agus sealbhóirí eile cearta tionachta gnáiche a bheith i láthair i dtír táirgthe an tráchtearra nó an táirge ábhartha nó i gcuid di;

Leasú 132

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 2 – pointe b b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(bb)

éilimh nó díospóidí a bheith ann, bídís cláraithe go foirmiúil nó ná bídís, maidir le húsáid, úinéireacht nó feidhmiú ceart tionachta gnáiche ar an limistéar a úsáidtear chun an tráchtearra nó an táirge ábhartha a tháirgeadh;

Leasú 133

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 2 – pointe c

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c)

leitheadúlacht an dífhoraoisithe nó díghrádaithe foraoise i dtír, réigiún nó ceantar táirgthe an tráchtearra nó táirge ábhartha;

(c)

leitheadúlacht an dífhoraoisithe , díghrádaithe foraoise an tiontú foraoise i dtír, réigiún agus limistéar táirgthe an tráchtearra nó táirge ábhartha;

Leasú 134

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 2 – pointe e

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(e)

ábhair imní i ndáil leis an tír tháirgthe agus leis an tír thionscnaimh, amhail an leibhéal éillithe, forleithne an bhrionnaithe doiciméad agus sonraí, easpa fhorfheidhmiú an dlí, coinbhleacht armtha a bheith ann nó smachtbhannaí arna bhforchur ag Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe nó Comhairle an Aontais Eorpaigh;

(e)

ábhair imní i ndáil leis an tír tháirgthe nó le codanna di i gcomhréir le hAirteagal 27, agus leis an tír thionscnaimh, amhail an leibhéal éillithe, forleithne an bhrionnaithe doiciméad agus sonraí, neamhláithreacht ceart tionachta agus chearta na bpobal dúchasach agus na bpobal áitiúil, sárú na gceart sin nó forfheidhmiú an dlí a bheith in easnamh ina leith , coinbhleacht armtha a bheith ann nó smachtbhannaí arna bhforchur ag Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe nó Comhairle an Aontais Eorpaigh;

Leasú 135

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 2 – pointe f

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(f)

castacht an tslabhra sholáthair ábhartha, go háirithe deacrachtaí maidir le tráchtearraí agus/nó le táirgí a nascadh leis an dáileacht talún mar ar táirgeadh iad;

(f)

castacht an tslabhra soláthair ábhartha, go háirithe deacrachtaí maidir le tráchtearraí agus/nó le táirgí a nascadh leis an dáileacht talún mar ar táirgeadh iad nó rialacha náisiúnta um chosaint sonraí lena gcuirtear toirmeasc ar na sonraí sin a tharchur ;

Leasú 136

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 2 – pointe g

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(g)

an riosca a bhaineann le meascadh le táirgí de thionscnamh anaithnid nó a táirgeadh i  gceantair mar ar tharla dífhoraoisiú díghrádú foraoise nó ina bhfuil dífhoraoisiú díghrádú foraoise ag tarlú ;

(g)

an riosca a bhaineann le meascadh le táirgí de thionscnamh anaithnid nó a táirgeadh i  limistéir mar ar tharla dífhoraoisiú, díghrádú foraoise nó tiontú foraoise, mar aon le sáruithe ar an dlí ábhartha, nó ina bhfuil dífhoraoisiú, díghrádú foraoise nó tiontú foraoise, mar aon le sáruithe ar an dlí ábhartha ;

Leasú 137

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 2 – pointe h a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ha)

toradh an idirphlé il-gheallsealbhóirí inar iarradh ar pháirtithe, amhail feirmeoirí beaga, FBManna, pobail dhúchasacha agus pobail áitiúla, FBManna, a bheith rannpháirteach go gníomhach;

Leasú 138

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 2 – pointe i a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ia)

faisnéis arna soláthar tríd an sásra mear-rabhaidh;

Leasú 245

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.   Measfar go mbeidh táirgí adhmaid, atá faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 ón gComhairle agus a chumhdaítear le ceadúnas bailí FLEGT ó scéim cheadúnais oibríochtúil, i gcomhréir le hAirteagal 3(b) den Rialachán seo.

3.   Maidir le táirgí adhmaid atá faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 ón gComhairle agus a chumhdaítear le ceadúnas bailí FLEGT ó scéim ceadúnaithe oibríochtúil, measfar go mbeidh na rialacha is infheidhme sa tír tháirgthe, mar a leagtar amach i bpointe (b) d’Airteagal 3 agus mar a shainmhínítear i bpointe (28)(a) d’Airteagal 2 den Rialachán seo, á gcomhlíonadh acu.

Leasú 140

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4.   Glacfaidh an t-oibreoir nósanna imeachta agus bearta maolúcháin riosca, atá leordhóthanach chun a chinntiú nach ann d’aon riosca nó nach ann ach do riosca diomaibhseach, sula gcuirfear na tráchtearraí agus táirgí ábhartha ar mhargadh an Aontais nó sula n-onnmhaireofar iad, ach amháin i gcás ina gcuireann an anailís, á déanamh i gcomhréir le mír 1, ar a chumas don oibreoir a shuíomh nach ann d’aon riosca nó nach ann ach do riosca diomaibhseach nach gcomhlíonann na tráchtearraí nó táirgí ábhartha ceanglais an Rialacháin seo. Féadfar a áireamh leis sin breis faisnéise, sonraí nó doiciméad, a iarraidh, suirbhéanna nó iniúchadh neamhspleách a dhéanamh nó bearta eile a bhaineann le ceanglais faisnéise a leagtar amach in Airteagal 9.

4.   Glacfaidh an t-oibreoir nósanna imeachta agus bearta maolúcháin riosca, atá leordhóthanach chun a chinntiú nach ann d’aon riosca nó nach ann ach do riosca diomaibhseach, sula gcuirfear na tráchtearraí agus táirgí ábhartha ar mhargadh an Aontais nó sula n-onnmhaireofar iad, ach amháin i gcás ina gcuireann an anailís, á déanamh i gcomhréir le mír 1, ar a chumas don oibreoir a shuíomh nach ann d’aon riosca nó nach ann ach do riosca diomaibhseach nach gcomhlíonann na tráchtearraí nó táirgí ábhartha ceanglais an Rialacháin seo. Féadfar a áireamh leis sin breis faisnéise, sonraí nó doiciméad, a iarraidh, suirbhéanna nó iniúchadh neamhspleách , fothú acmhainneachta agus infheistíochtaí airgeadais d’fheirmeoirí beaga a dhéanamh nó bearta eile a bhaineann le ceanglais faisnéise a leagtar amach in Airteagal 9.

Leasú 141

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 4 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

4a.     I gcás inarb ábhartha, áiritheoidh oibreoirí go nglacfar measúnuithe riosca agus bearta maolaithe lena ndéanfar foráil do rannpháirtíocht agus comhairliúchán pobal dúchasach, pobal áitiúil agus sealbhóirí eile ceart tionachta gnáiche atá i láthair sa limistéar ina dtáirgtear na tráchtearraí agus na táirgí ábhartha.

Leasú 142

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 6 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)

cleachtais bainistíochta maidir le rioscaí samhaltaithe, tuairisciú, coinneáil taifead, rialú inmheánach agus bainistiú comhlíontachta, lena n-áirítear d’oibreoirí nach FBManna iad, oifigeach comhlíontachta a  cheapadh ag an leibhéal bainistíochta ;

(a)

cleachtais bainistíochta maidir le rioscaí samhaltaithe, tuairisciú, coinneáil taifead, rialú inmheánach agus bainistiú comhlíontachta, lena n-áirítear d’oibreoirí nach FBManna iad, ceapadh oifigigh comhlíontachta ar leibhéal na bainistíochta, agus na sonraí teagmhála nó seoladh ríomhphoist teagmhála atá suas chun dáta shonrú ;

Leasú 143

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 7

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

7.   Déanfar na measúnuithe riosca a dhoiciméadú, athbhreithneofar ar bhonn bliantúil ar a laghad iad agus cuirfear ar fáil do na húdaráis inniúla iad arna n-iarraidh sin.

7.   Déanfar na measúnuithe riosca agus, i gcás inarb iomchuí, na cinntí arna nglacadh maidir le maolú riosca, a dhoiciméadú, a athbhreithniú ar a laghad ar bhonn bliantúil agus a chur ar fáil do na húdaráis inniúla arna iarraidh sin.

Leasú 144

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Chun dícheall cuí a fheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 8, cuirfidh oibreoirí córas díchill chuí ar bun agus coinneofar cothrom le dáta é chun a áirithiú gur féidir leo comhlíonadh na gceanglas a leagtar amach in Airteagal 3(a ) agus (b) a ráthú. Déanfar athbhreithniú ar an gcóras díchill chuí uair sa bhliain ar a laghad agus más gá oiriúnófar é agus cuirfear forbairtí nua san áireamh leis a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar fheidhmiú an díchill chuí. Coimeádfaidh oibreoirí taifead ar nuashonruithe sa chóras díchill chuí nó sna córais díchill chuí ar feadh 5 bliana.

1.   Chun dícheall cuí a fheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 8, cuirfidh oibreoirí córas díchill chuí ar bun agus coinneofar cothrom le dáta é chun a áirithiú gur féidir leo comhlíonadh na gceanglas a leagtar amach in Airteagal 3 a ráthú. Déanfar athbhreithniú ar an gcóras díchill chuí uair sa bhliain ar a laghad agus oiriúnófar é agus cuirfear forbairtí nua san áireamh leis a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar fheidhmiú an díchill chuí agus oibreoirí ar an eolas fúthu . Coimeádfaidh oibreoirí taifead ar nuashonruithe sa chóras díchill chuí nó sna córais díchill chuí go ceann 5 bliana.

Leasú 145

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.    Mura bhforáiltear a mhalairt le hionstraimí reachtacha eile de chuid an Aontais lena leagtar síos ceanglais maidir le dícheall cuí i leith inbhuanaitheacht an tslabhra sholáthair, tuairisceoidh oibreoirí nach FBManna iad go poiblí, maidir lena gcóras díchill chuí ar bhonn bliantúil, a  fhorleithne agus is féidir é , lena n-áirítear ar an idirlíon, lena n-áirítear maidir leis na bearta a  rinne siad chun a n-oibleagáidí a  chur chun feidhme mar a leagtar amach in Airteagal 8 . Maidir le hoibreoirí atá faoi raon feidhme ionstraimí reachtacha eile ón Aontas lena leagtar síos ceanglais maidir le dícheall cuí i leith an tslabhra luacha, féadfaidh siad a n-oibleagáidí tuairisciúcháin a chomhlíonadh faoin mír seo tríd an bhfaisnéis a cheanglaítear a áireamh nuair atá an fhaisnéis á tuairisciú i gcomhthéacs ionstraimí reachtacha eile an Aontais.

2.    Déanfaidh oibreoirí, ar bhonn bliantúil, tuairisciú poiblí bheidh chomh forleathan agus is féidir, lena n-áirítear ar an idirlíon, ar a gcóras díchill chuí, lena n-áirítear maidir leis na bearta a  ghlacann siad chun a n-oibleagáidí a leagtar amach in Airteagail 8, 9 agus 10 a chomhlíonadh, agus freisin maidir le cur chun feidhme agus torthaí a ndíchill chuí, agus leis na bearta a rinne siad chun tacú le comhlíonadh feirmeoirí beaga, lena n-áirítear trí infheistíochtaí agus trí fhothú acmhainneachta . Maidir le hoibreoirí a thagann freisin faoi raon feidhme ionstraimí reachtacha eile de chuid an Aontais lena leagtar síos ceanglais maidir le dícheall cuí i leith an tslabhra luacha, féadfaidh siad a n-oibleagáidí tuairisciúcháin a chomhlíonadh faoin mír seo tríd an bhfaisnéis a cheanglaítear a áireamh nuair atá an fhaisnéis á tuairisciú i gcomhthéacs ionstraimí reachtacha eile de chuid an Aontais.

Leasú 146

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2a.     I dtaca leis na tráchtearraí agus na táirgí ábhartha a sholáthraíonn gach soláthróir, déanfar an méid seo a leanas i dtuarascálacha:

 

(a)

soláthrófar an fhaisnéis a leagtar amach in Airteagal 9;

 

(b)

tabharfar tuairisc ar an bhfaisnéis agus ar an bhfianaise a fhaightear agus a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh Airteagal 3 ag na tráchtearraí agus na táirgí ábhartha;

 

(c)

luafar conclúidí an mheasúnaithe riosca arna dhéanamh faoi Airteagal 10(1) agus tabharfar tuairisc ar aon nósanna imeachta maidir le maolú riosca nó ar aon bhearta arna ndéanamh de bhun Airteagal 10(4);

 

(d)

sonrófar an dáta agus an áit a ndearnadh na tráchtearraí agus na táirgí ábhartha a chur ar mhargadh an Aontais nó a onnmhairiú uaidh; agus

 

(e)

soláthrófar fianaise go ndearnadh comhairliúchán le pobail dhúchasacha, le pobail áitiúla agus le sealbhóirí eile ceart tionachta gnáiche atá i láthair sa limistéar ina dtáirgtear na tráchtearraí agus na táirgí ábhartha.

Leasú 147

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.    Coimeádfaidh oibreoirí an doiciméadacht uile a bhaineann le dícheall cuí, amhail gach taifead ábhartha , na bearta agus nósanna imeachta de bhun Airteagal 8, ar feadh 5 bliana ar a laghad. Cuirfidh siad ar fáil do na húdaráis inniúla iad arna n-iarraidh sin.

3.    Déanfaidh na hoibreoirí an doiciméadacht uile maidir le dícheall cuí, amhail na taifid , na bearta agus na nósanna imeachta ábhartha ar fad faoi Airteagal 8, a choinneáil go ceann 5 bliana ar a laghad agus, ar an dóigh sin, féadfar gach táirge nó tráchtearra a chuirtear ar an margadh, an anailís riosca a dhéantar agus an toradh a fhaightear a shainaithint gan amhras . Cuirfidh siad an doiciméadacht sin ar fáil don údarás inniúil arna iarraidh sin.

Leasú 148

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 11a

 

Oibleagáidí ar institiúidí airgeadais

 

1.     D’fhonn Airteagal 3 a chomhlíonadh, feidhmeoidh institiúidí airgeadais dícheall cuí sula soláthrófar seirbhísí airgeadais do chustaiméirí arb é atá i gceist lena gcuid gníomhaíochtaí eacnamaíocha tráchtearraí agus táirgí ábhartha a thrádáil nó a chur ar an margadh, nó a bhfuil baint ag a gcuid gníomhaíochtaí eacnamaíocha le tráchtearraí agus táirgí ábhartha a bheith á dtrádáil nó á gcur ar an margadh.

 

2.     Áireofar an méid seo a leanas sa dícheall cuí:

 

(a)

bailiú na faisnéise agus na ndoiciméad is gá, amhail dá dtagraítear in Airteagal 9(1a), chun an ceanglas a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo a chomhlíonadh;

 

(b)

measúnú riosca agus bearta maolaithe, amhail dá dtagraítear in Airteagal 10;

 

3.     Ní sholáthróidh institiúidí airgeadais seirbhísí airgeadais do chustaiméirí gan ráiteas díchill chuí a chur faoi bhráid na n-údarás inniúil roimh ré.

 

4.     I gcás ina mbeidh caidreamh gnó leanúnach le custaiméirí bunaithe ag institiúidí airgeadais roimh an … [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], cuirfidh siad an dícheall cuí ábhartha i gcrích faoin … [OP: cuirtear isteach an dáta a bheidh ann bliain amháin tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Leasú 149

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 11b

1.     Déanfaidh na hinstitiúidí airgeadais faisnéis a bhailítear i gcomhréir le hAirteagal 9(1a) agus aon doiciméadacht ábhartha eile a fhíorú agus a anailísiú agus, ar an mbonn sin, déanfaidh siad measúnú riosca chun a shuí cé acu atá nó nach bhfuil riosca ann nach mbeadh Airteagal 12a(1) á chomhlíonadh de bharr seirbhísí airgeadais a bheith á soláthar. Mura bhféadfaidh an institiúid airgeadais a chinneadh gur diomaibhseach an riosca neamhchomhlíonta, ní sholáthróidh sí seirbhísí airgeadais don chustaiméir lena mbaineann.

Leasú 150

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 12 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Le linn tráchtearraí nó táirgí ábhartha á gcur ar mhargadh an Aontais nó á n-onnmhairiú uaidh, ní cheanglaítear ar oibreoirí na hoibleagáidí faoi Airteagal 10 a chomhlíonadh i gcás inar féidir leo a  shuíomh gur táirgeadh na tráchtearraí agus táirgí ábhartha uile i dtíortha nó i gcodanna díobh a sainaithníodh mar thíortha nó mar chodanna ísealriosca i gcomhréir le hAirteagal 27.

1.   Le linn do thráchtearraí nó táirgí ábhartha a bheith á gcur ar mhargadh an Aontais nó á n-onnmhairiú uaidh, ní cheanglaítear ar oibreoirí na hoibleagáidí faoi Airteagal 10(2), pointí ( a ), (b), (ba), (bb), (c), (d), (e), (h), (ha) nó (j), nó Airteagal 10(6), a chomhlíonadh i gcás inar féidir leo a  shuí gur táirgeadh na tráchtearraí agus táirgí ábhartha uile i dtíortha nó i gcodanna díobh a sainaithníodh mar thíortha nó mar chodanna ísealriosca i gcomhréir le hAirteagal 27.

Leasú 151

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 12 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.   Mar sin féin, más rud é go bhfaigheann an t-oibreoir, nó má chuirtear an t-oibreoir ar an eolas maidir le haon fhaisnéis a d’fhéadfadh riosca a léiriú nach gcomhlíonann na tráchtearraí agus táirgí ábhartha ceanglais an Rialacháin seo, ní mór gach oibleagáid de chuid Airteagal 9 agus 10 a chomhlíonadh.

2.   Mar sin féin, más rud é go bhfaigheann an t-oibreoir aon fhaisnéis ábhartha nó má thagann sé ar aon fhaisnéis ábhartha lena dtabharfaí le tuiscint gur ann do riosca go bhféadfadh sé nach gcomhlíonann na tráchtearraí agus na táirgí ábhartha ceanglais an Rialacháin seo, ní mór gach oibleagáid faoi Airteagail 9 agus 10 a chomhlíonadh. Cuirfidh an t-oibreoir aon fhaisnéis ábhartha in iúl láithreach don údarás inniúil.

Leasú 152

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 12 – mír 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2a.     I gcás ina gcuirtear údarás inniúil ar an eolas faoi aon fhaisnéis lena dtabharfaí le tuiscint gur ann do riosca go bhféadfaí teacht timpeall ar cheanglais an Rialacháin seo, lena n-áirítear cásanna ina dtáirgtear tráchtearraí nó táirgí ábhartha i dtír lena mbaineann riosca caighdeánach nó ardriosca, agus a phróiseáiltear san Aontas ina dhiaidh sin nó a onnmhairítear chuig an Aontas ó thír ísealriosca, déanfaidh an t-údarás inniúil seiceálacha i gcomhréir le hAirteagal 14(6) agus, i gcás inar gá, glacfaidh sé bearta eatramhacha i gcomhréir le hAirteagal 21. I gcás ina suítear nach bhfuil an Rialachán seo á chomhlíonadh, déanfaidh údaráis na mBallstát bearta breise i gcomhréir le hAirteagail 22 agus 23.

Leasú 153

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 12 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 12a

 

Treoirlínte

 

1.     Faoin … [12 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], eiseoidh an Coimisiún treoirlínte soláimhsithe a bhaineann le tráchtearraí ar leith chun soiléiriú a thabhairt ar fhreagrachtaí díchill chuí agus rialacha inrianaitheachta oibreoirí arna saincheapadh lena gcur in oiriúint dá slabhraí soláthair faoi seach. Déanfaidh an Coimisiún ceanglais eile díchill chuí a eascraíonn as dlí an Aontais, go háirithe [an Treoir maidir le Dícheall Cuí Rialachais Chorparáidigh Inbhuanaithe], a chur san áireamh.

 

2.     Tabharfar aird ar leith sna treorlínte, go háirithe, ar riachtanais FBManna agus cuirfear ar an eolas iad faoi na modhanna éagsúla chun rochtain a fháil ar chúnamh riaracháin agus airgeadais, agus tabharfar treoir iontu maidir leis an gcaoi a bhféadfaí na ceanglais faoi rialacha forluiteacha díchill chuí faoi ghníomhartha éagsúla de chuid an Aontais a chur chun feidhme ar an mbealach is éifeachtúla.

 

3.     Déanfar na treoirlínte a fhorbairt i gcomhairle le geallsealbhóirí ábhartha, lena n-áirítear ó thríú tíortha agus, i gcás inarb iomchuí, déanfar breithniú ar dhea-chleachtais comhlachtaí idirnáisiúnta a bhfuil saineolas ar an dícheall cuí acu.

 

4.     Déanfaidh an Coimisiún na treoirlínte a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta, agus na forbairtí is déanaí sna hearnálacha lena mbaineann á gcur san áireamh aige.

Leasú 154

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.   Cuirfidh an Coimisiún liosta na n-údarás inniúil ar fáil go poiblí ar a shuíomh gréasáin. Tabharfaidh an Coimisiún an liosta cothrom le dáta go tráthrialta, bunaithe ar na nuashonruithe ábhartha a fhaightear ó na Ballstáit.

3.   Cuirfidh an Coimisiún liosta na n-údarás inniúil ar fáil go poiblí ar a shuíomh gréasáin gan moill mhíchuí . Tabharfaidh an Coimisiún an liosta cothrom le dáta go tráthrialta, bunaithe ar na nuashonruithe ábhartha a fhaightear ó na Ballstáit.

Leasú 155

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh cumhachtaí agus acmhainní leormhaithe ag na húdaráis inniúla chun na hoibleagáidí a leagtar amach i gCaibidil 3 den Rialachán seo a  fheidhmiú .

4.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh cumhachtaí , neamhspleáchas feidhmiúil agus acmhainní leormhaithe ag na húdaráis inniúla chun na hoibleagáidí a leagtar amach i gCaibidil 3 den Rialachán seo a  chomhlíonadh .

Leasú 156

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 6

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

6.    Féadfaidh na Ballstáit malartú agus scaipeadh faisnéise ábhartha a éascú, go háirithe d’fhonn cabhrú le hoibreoirí measúnú a dhéanamh ar rioscaí de réir mar a leagtar amach in Airteagal 9, agus faoi dhea-chleachtais maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo.

6.    Déanfaidh na Ballstáit malartú agus scaipeadh faisnéise ábhartha a éascú, go háirithe d’fhonn cúnamh a thabhairt d’oibreoirí measúnú a dhéanamh ar rioscaí de réir mar a leagtar amach in Airteagal 9, agus faoi dhea-chleachtais maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo.

Leasú 157

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 7 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

7a.     Chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na n-oibleagáidí a liostaítear sa Chaibidil seo a áirithiú, go háirithe na seiceálacha ar oibreoirí agus ar thrádálaithe, eiseoidh an Coimisiún treoir do gach údarás inniúil tráth nach déanaí ná an … [OP: cuirtear isteach an dáta a bheidh ann 6 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Leasú 158

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 7 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

7b.     Déanfaidh na húdaráis inniúla faireachán ar chomhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo ag institiúidí airgeadais.

Leasú 159

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 14 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.   Chun na seiceálacha dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh, bunóidh na húdaráis inniúla plean a bheidh bunaithe ar chur chuige riosca-bhunaithe. Beidh ar a laghad sa phlean critéir riosca chun an anailís riosca a dhéanamh faoi mhír 4 agus eolas a chur ar fáil le haghaidh na gcinntí maidir leis na seiceálacha. Le linn dóibh na critéir riosca a bhunú agus a athbhreithniú, cuirfidh na húdaráis inniúla san áireamh sannadh an riosca ar thíortha nó ar chodanna díobh i gcomhréir le hAirteagal 27, stair chomhlíontachta oibreora nó trádálaí leis an Rialachán seo agus aon fhaisnéis ábhartha eile. Déanfaidh na húdaráis inniúla athbhreithniú ar na pleananna agus ar na critéir riosca sin ar bhonn tráthrialta, bunaithe ar thorthaí na seiceálacha agus ar an taithí ar chur chun feidhme na bpleananna, chun feabhas a chur ar a n-éifeachtacht. Le linn dóibh athbhreithniú a dhéanamh ar na pleananna, leagfaidh na húdaráis inniúla minicíocht laghdaithe síos maidir leis na seiceálacha le haghaidh na n-oibreoirí agus na dtrádálaithe sin a léirigh taifead comhsheasmhach lán-chomhlíontachta maidir leis na ceanglais faoin Rialachán seo.

3.   Chun na seiceálacha dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh, bunóidh na húdaráis inniúla plean a bheidh bunaithe ar chur chuige riosca-bhunaithe. Beidh ar a laghad sa phlean , a chuirfear ar fáil go poiblí i gcomhréir le hAirteagal 19, critéir riosca chun an anailís riosca a dhéanamh faoi mhír 4 agus eolas a chur ar fáil le haghaidh na gcinntí maidir leis na seiceálacha. Le linn dóibh na critéir riosca a bhunú agus a athbhreithniú, cuirfidh na húdaráis inniúla san áireamh sáruithe roimhe seo ar an Rialachán seo ag oibreoir nó trádálaí, cainníocht na dtráchtearraí agus na dtáirgí ábhartha atá á gcur ar an margadh nó á gcur ar fáil air, nó á n-onnmhairiú ó mhargadh an Aontais, ag an oibreoir nó ag an trádálaí, an t-am a chuaigh thart tar éis an measúnú riosca ar na tráchtearraí nó na táirgí ábhartha a chríochnú, gaireacht na ndáileachtaí talún nó na bpolagán ar ar táirgeadh na tráchtearraí agus na táirgí ábhartha d’fhoraoisí, agus aon fhaisnéis ábhartha eile. Déanfaidh na húdaráis inniúla athbhreithniú ar na pleananna agus ar na critéir riosca sin ar bhonn tráthrialta, bunaithe ar thorthaí na seiceálacha agus ar an taithí ar chur chun feidhme na bpleananna, chun feabhas a chur ar a n-éifeachtacht. Le linn dóibh athbhreithniú a dhéanamh ar na pleananna, féadfaidh na húdaráis inniúla minicíocht laghdaithe a leagan síos maidir leis na seiceálacha le haghaidh na n-oibreoirí agus na dtrádálaithe sin a léirigh taifead comhsheasmhach lán-chomhlíontachta maidir leis na ceanglais faoin Rialachán seo.

Leasú 160

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 14 – mír 7

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

7.   Tiocfaidh deireadh leis na fionraíochtaí dá dtagraítear i mír 6 laistigh de 3 lá oibre mura dtiocfaidh na húdaráis inniúla ar an gconclúid, bunaithe ar thoradh na seiceálacha a dhéantar laistigh den tréimhse sin, go bhfuil am breise ag teastáil chun a shuí cé acu a chomhlíonann na tráchtearraí agus táirgí ábhartha ceanglais an Rialacháin seo nó nach gcomhlíonann. I gcás den sórt sin, cuirfidh na húdaráis inniúla síneadh ama le tréimhse na fionraíochta trí bhíthin bearta eatramhacha breise a dhéanfar faoi Airteagal 21, nó i gcás tráchtearraí nó táirgí ábhartha atá á dtabhairt isteach i margadh an Aontais nó á gcur amach as, trí fhógra a thabhairt do na húdaráis chustaim maidir leis an ngá atá ann an fhionraíocht a choinneáil ar bun faoi Airteagal 24(6).

7.   Tiocfaidh deireadh leis na fionraíochtaí dá dtagraítear i mír 6 laistigh de 5 lá oibre , nó 72 uair an chloig do thráchtearraí agus táirgí úra a mbaineann baol trochlaithe leo, mura dtiocfaidh na húdaráis inniúla ar an gconclúid, bunaithe ar thoradh na seiceálacha a dhéantar laistigh den tréimhse sin, go bhfuil am breise ag teastáil chun a shuí cé acu a chomhlíonann na tráchtearraí agus táirgí ábhartha ceanglais an Rialacháin seo nó nach gcomhlíonann. I gcás den sórt sin, cuirfidh na húdaráis inniúla síneadh ama le tréimhse na fionraíochta trí bhíthin bearta eatramhacha breise a dhéanfar faoi Airteagal 21, nó i gcás tráchtearraí nó táirgí ábhartha atá á dtabhairt isteach i margadh an Aontais nó á gcur amach as, trí fhógra a thabhairt do na húdaráis chustaim maidir leis an ngá atá ann an fhionraíocht a choinneáil ar bun faoi Airteagal 24(6).

Leasú 161

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 14 – mír 9

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

9.   Áiritheoidh gach Ballstát go gcumhdaíonn na seiceálacha bliantúla a dhéanann a n-údaráis inniúla ar a laghad 5 % de na hoibreoirí, a chuireann gach ceann de na tráchtearraí agus táirgí ábhartha ar a margadh, ar mhargadh an Aontais, a chuireann gach ceann de na tráchtearraí agus táirgí sin ar fáil ar mhargadh an Aontais nó a onnmhairíonn uaidh iad, mar aon le 5 % de chainníocht gach ceann de na tráchtearraí ábhartha a chuirtear ar a margadh nó a chuirtear ar fáil ar a margadh nó a onnmhairítear uaidh.

9.   Áiritheoidh gach Ballstát go gcumhdaíonn na seiceálacha bliantúla a dhéanann a n-údaráis inniúla 10 % ar a laghad de na hoibreoirí, a chuireann gach ceann de na tráchtearraí agus táirgí ábhartha ar a margadh, ar mhargadh an Aontais, a chuireann gach ceann de na tráchtearraí agus táirgí sin ar fáil ar mhargadh an Aontais nó a onnmhairíonn uaidh iad, mar aon le 10 % de chainníocht gach ceann de na tráchtearraí agus táirgí ábhartha a chuirtear ar a margadh nó a chuirtear ar fáil ar a margadh nó a onnmhairítear uaidh. I gcás tráchtearraí nó táirgí ó thíortha nó ó chodanna díobh arna gcatagóiriú mar thráchtearraí nó táirgí ísealriosca dá dtagraítear in Airteagal 27, féadfaidh Ballstát na seiceálacha bliantúla a laghdú go 5 %.

Leasú 162

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 14 – mír 11

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

11.   Gan dochar do na seiceálacha faoi mhíreanna 5 agus 6, déanfaidh údaráis inniúla seiceálacha dá dtagraítear i mír 1 nuair a bhíonn fianaise acu nó faisnéis ábhartha eile, lena n-áirítear fianaise nó faisnéis atá bunaithe ar ábhair imní a bhfuil bunús leo, arna soláthar ag tríú páirtithe faoi Airteagal 29, maidir le neamhchomhlíonadh féideartha an Rialacháin seo.

11.   Gan dochar do na seiceálacha faoi mhíreanna 5 agus 6, déanfaidh údaráis inniúla , gan moill mhíchuí, seiceálacha dá dtagraítear i mír 1 , gan moill mhíchuí, nuair a bhíonn fianaise acu nó faisnéis ábhartha eile, lena n-áirítear fianaise nó faisnéis atá bunaithe ar na sásraí mear-rabhaidh nó ar ábhair imní a bhfuil bunús leo, arna soláthar ag tríú páirtithe faoi Airteagal 29, maidir le neamhchomhlíonadh féideartha an Rialacháin seo.

Leasú 163

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 14 – mír 12

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

12.   Déanfar seiceálacha gan réamhrabhadh a thabhairt don oibreoir nó trádálaí, ach amháin i gcás ina mbeidh gá le réamhfhógra a thabhairt don oibreoir nó trádálaí chun éifeachtacht na seiceálacha a áirithiú.

12.   Déanfar seiceálacha gan réamhrabhadh a thabhairt don oibreoir nó trádálaí, ach amháin i gcás ina mbeidh gá le réamhfhógra a thabhairt don oibreoir nó trádálaí chun éifeachtacht na seiceálacha a áirithiú. Tabharfaidh na húdaráis údar maith leis na réamhfhógraí sin ina dtuarascálacha ar rialú, lena n-áirítear faisnéis maidir le líon na réamhrabhadh.

Leasú 164

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 14 – mír 13

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

13.   Coimeádfaidh na húdaráis inniúla taifid ar na seiceálacha á léiriú iontu, go háirithe, cineál agus torthaí na seiceálacha, mar aon leis na bearta a rinneadh i gcás neamhchomhlíonta. Coimeádfar taifid ar na seiceálacha uile ar feadh 5 bliana ar a laghad.

13.   Coimeádfaidh na húdaráis inniúla taifid ar na seiceálacha á léiriú iontu, go háirithe, cineál agus torthaí na seiceálacha, mar aon leis na bearta a rinneadh i gcás neamhchomhlíonadh, lena n-áirítear na pionóis a bhaineann le cásanna nach mbeidh an Rialachán seo á chomhlíonadh. Déanfar taifid ar gach seiceáil a choinneáil ar feadh 10 mbliana ar a laghad.

Leasú 165

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 14 – mír 13 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

13a.     Gan dochar do na hoibleagáidí atá ar údaráis inniúla, féadfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin, tacaíocht theicniúil a thabhairt do na Ballstáit chun cabhrú leo na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo a chomhlíonadh.

Leasú 166

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 14 – mír 13 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

13b.     I gcás ina bhfaighidh an Coimisiún faisnéis nach ndéanann Ballstát rialuithe atá leordhóthanach chun a áirithiú go gcomhlíonann na tráchtearraí agus na táirgí ábhartha a chuirtear ar fáil ar mhargadh an Aontais, nó a onnmhairítear uaidh, na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo, tabharfar sainordú dó, in idirphlé leis an mBallstát lena mbaineann, sainordú athruithe a thabhairt isteach ar an bplean dá dtagraítear i mír 3 arna bhunú ag an mBallstát sin chun a áirithiú go gceartófar an cás.

Leasú 167

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 14 – mír 13 c (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

13c.     Chun críocha Threoir 2003/4/CE  (1a) , is éard a bheidh i dtaifid ar sheiceálacha a dhéanfar faoin Rialachán seo agus i dtuairiscí ar a dtorthaí, faisnéis faoin gcomhshaol, agus cuirfear ar fáil iad arna iarraidh sin.

Leasú 168

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 15 – teideal

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Seiceálacha ar oibreoirí

Seiceálacha ar oibreoirí agus ar thrádálaithe nach trádálaithe FBManna iad

Leasú 169

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 15 – mír 1 – pointe d a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(da)

scrúdú ar bhearta eatramhacha a rinneadh faoi Airteagal 21 agus ar bhearta ceartaitheacha a rinneadh faoi Airteagal 22;

Leasú 170

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 15 – mír 1 – pointe f

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(f)

aon mhodh teicniúil agus eolaíoch atá leordhóthanach chun an áit bheacht a chinneadh mar ar táirgeadh an tráchtearra nó táirge ábhartha, lena n-áirítear tástáil iseatóipí ;

(f)

aon mhodh teicniúil agus eolaíoch atá leordhóthanach chun an áit bheacht a chinneadh mar ar táirgeadh an tráchtearra nó táirge ábhartha, lena n-áirítear anailís anatamaíoch, cheimiceach agus DNA ;

Leasú 171

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 15 – mír 2 – pointe f a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(fa)

aon mhodh teicniúil agus eolaíoch atá leormhaith chun na speicis bhitheolaíocha a ndéanann an Rialachán seo difear dóibh agus atá sa tráchtearra nó sa táirge ábhartha a chinneadh, lena n-áirítear anailís anatamaíoch, cheimiceach agus DNA;

Leasú 172

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 15 – mír 1 – pointe g

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(g)

aon mhodh teicniúil agus eolaíoch atá leormhaith chun a chinneadh cé acu atá an tráchtearra nó an táirge ábhartha gan dífhoraoisiú nó nach bhfuil, lena n-áirítear sonraí um fhaire na Cruinne amhail sonraí as clár Copernicus agus as a chuid uirlisí, agus

(g)

aon mhodh teicniúil agus eolaíoch atá leormhaith chun a chinneadh cé acu atá an tráchtearra nó an táirge ábhartha gan dífhoraoisiú nó nach bhfuil, lena n-áirítear sonraí um fhaire na Cruinne amhail sonraí as clár Copernicus agus as a chuid uirlisí nó ó fhoinsí eile atá ar fáil go poiblí nó go príobháideach; agus

Leasú 173

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 16 – teideal

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Seiceálacha ar thrádálaithe

Seiceálacha ar thrádálaithe FBManna

Leasú 174

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.   Féadfar a áireamh leis na costais dá dtagraítear i mír 1 na costais as tástáil a dhéanamh, na costais stórála agus costais na ngníomhaíochtaí a bhaineann le táirgí a shuitear a bheith neamhchomhlíontach agus atá faoi réir gníomh ceartaitheach sula ndéanfar iad a scaoileadh i saorchúrsaíocht, a chur ar mhargadh an Aontais nó a onnmhairiú uaidh .

2.   Féadfar a áireamh , inter alia, leis na costais dá dtagraítear i mír 1 na costais as tástáil a dhéanamh, na costais stórála agus costais na ngníomhaíochtaí a bhaineann le táirgí a shuitear a bheith neamhchomhlíontach agus atá faoi réir gníomh ceartaitheach.

Leasú 175

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 18 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Rachaidh údaráis inniúla i gcomhar le chéile, le húdaráis ó na Ballstáit eile, leis an gCoimisiún agus, i gcás inar gá, le húdaráis riaracháin de chuid tríú tíortha chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo.

1.   Rachaidh údaráis inniúla i gcomhar le chéile, le húdaráis ó na Ballstáit eile, leis an gCoimisiún agus, i gcás inar gá, le húdaráis riaracháin de chuid tríú tíortha chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo , lena n-áirítear maidir le cur i bhfeidhm iniúchtaí allamuigh .

Leasú 176

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 18 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.   Malartóidh údaráis inniúla an fhaisnéis is gá chun an Rialachán seo a fhorfheidhmiú. Áireofar leis sin rochtain ar shonraí ar oibreoirí agus ar thrádálaithe a thabhairt d’údaráis inniúla na mBallstát eile agus sonraí ina leith, lena n-áirítear ráitis maidir le dícheall cuí, a mhalartú leo chun forfheidhmiú an Rialacháin seo a éascú.

3.   Malartóidh údaráis inniúla an fhaisnéis is gá chun an Rialachán seo a fhorfheidhmiú. Áireofar leis sin rochtain ar shonraí ar oibreoirí agus ar thrádálaithe a thabhairt d’údaráis inniúla na mBallstát eile agus sonraí ina leith, lena n-áirítear ráitis maidir le dícheall cuí, cineál agus torthaí na rialuithe rinneadh agus aon phionóis a fhorchuirtear, a mhalartú leo chun forfheidhmiú an Rialacháin seo a éascú. Cuirfidh údaráis inniúla rialacha diana cosanta sonraí i bhfeidhm, agus faisnéis á malartú acu, i gcomhréir leis an dlí atá ann cheana maidir le cosaint sonraí.

Leasú 177

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 18 – mír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4.   Tabharfaidh údaráis inniúla foláireamh láithreach d’údaráis inniúla na mBallstát eile agus don Choimisiún nuair a bhraitheann siad sárú ar an Rialachán seo agus easnaimh thromchúiseacha a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do níos mó ná Ballstát amháin. Déanfaidh údaráis inniúla, go háirithe, údaráis inniúla na mBallstát eile a chur ar an eolas nuair a bhraitheann siad tráchtearra nó táirge ábhartha ar an margadh nach gcomhlíonann an Rialachán seo, chun é a chur ar a gcumas dóibh tráchtearra nó táirge den sórt sin a aistarraingt nó a aisghairm ó dhíolacháin sna Ballstáit uile.

4.   Tabharfaidh údaráis inniúla foláireamh láithreach d’údaráis inniúla na mBallstát eile agus don Choimisiún nuair a bhraitheann siad sárú iarbhír nó féideartha ar an Rialachán seo agus easnaimh thromchúiseacha a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do níos mó ná Ballstát amháin. Déanfaidh údaráis inniúla, go háirithe, údaráis inniúla na mBallstát eile a chur ar an eolas nuair a bhraitheann siad tráchtearra nó táirge ábhartha ar an margadh nach gcomhlíonann , nó go bhféadfadh sé nach gcomhlíonann an Rialachán seo, chun é a chur ar a gcumas dóibh tráchtearra nó táirge den sórt sin a aistarraingt nó a aisghairm ó dhíolacháin sna Ballstáit uile nó chun tacú le gníomhaíocht forfheidhmithe ag na húdaráis inniúla sin .

Leasú 178

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 18 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 18a

 

Íomhánna satailíte agus rochtain ar shonraí foraoise

 

Bunóidh an Coimisiún ardán ina n-úsáidfear íomhánna satailíte, lena n-áirítear Sentinel Copernicus, lena gcumhdófar limistéir foraoise ar fud an domhain, agus ina mbeidh uirlisí a chuirfidh ar chumas na bpáirtithe uile bogadh go tapa i dtreo an neamh-dhífhoraoisithe ar fud slabhraí soláthair. Cuirfear an méid seo a leanas ar fáil leis an ardán:

 

(a)

léarscáileanna téamacha, lena n-áirítear léarscáil cumhdaigh talún le hamshraitheanna ón scoithdháta a shainítear in Airteagal 2, pointe (8), agus raon aicmí lenar féidir comhdhéanamh tírdhreacha a scrúdú;

 

(b)

córas foláirimh, a bheith ag brath ar fhaireachán míosúil ar athrú ar chumhdach foraoise;

 

(c)

raon anailísí agus aschuir atá furasta le húsáid agus slán, ina léirítear an chaoi a bhfuil nasc idir slabhraí soláthair agus dífhoraoisiú.

 

Cuirfear an t-ardán ar fáil d’údaráis na mBallstát, d’údaráis leasmhara tríú tíortha, d’oibreoirí agus do thrádálaithe.

Leasú 179

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 19 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Cuirfidh na Ballstáit ar fáil don phobal agus don Choimisiún, faoin 30 Aibreán ar a dhéanaí gach bliain, faisnéis maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo le linn na bliana féilire roimhe sin. Áireofar san fhaisnéis sin a gcuid pleananna le haghaidh seiceálacha, líon agus torthaí na rialuithe arna ndéanamh ar oibreoirí agus ar thrádálaithe, lena n-áirítear a bhfuil sna seiceálacha sin, an líon tráchtearraí agus táirgí ábhartha arna seiceáil i ndáil le cainníocht iomlán na dtráchtearraí agus na dtáirgí arna gcur ar an margadh, tíortha tionscnaimh agus táirgthe na dtráchtearraí agus na dtáirgí ábhartha mar aon leis na bearta arna ndéanamh i gcás neamhchomhlíontachta agus costais na rialuithe arna ngnóthú .

1.   Cuirfidh na Ballstáit ar fáil don phobal agus don Choimisiún, faoin 30 Aibreán ar a dhéanaí gach bliain, faisnéis maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo le linn na bliana féilire roimhe sin. Áireofar san fhaisnéis sin a gcuid pleananna le haghaidh seiceálacha agus na critéir riosca ar a bhfuil siad bunaithe , lena n-áirítear líon agus torthaí na seiceálacha arna ndéanamh ar oibreoirí agus ar thrádálaithe agus tráchtearraí agus táirgí ábhartha , an líon tráchtearraí agus táirgí ábhartha arna seiceáil i ndáil le cainníocht iomlán na dtráchtearraí agus na dtáirgí arna gcur ar an margadh, tíortha tionscnaimh agus táirgthe na dtráchtearraí agus na dtáirgí ábhartha agus, i gcás neamhchomhlíonadh, na bearta um fhaireachas margaidh arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 22 agus na pionóis arna bhforchur i gcomhréir le hAirteagal 23 .

Leasú 180

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 20 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

I gcás inar táirgeadh tráchtearraí nó táirgí ábhartha i dtír a liostaítear mar thír ardriosca nó i gcuid de thír den sórt sin i gcomhréir le hAirteagal 27, nó i gcás ina mbeidh baol ann go dtiocfaidh tráchtearraí nó táirgí ábhartha a táirgeadh sna tíortha sin nó i gcodanna díobh isteach sa slabhra soláthair ábhartha, áiritheoidh gach Ballstát go gcumhdófar leis na seiceálacha bliantúla a dhéanann a n-údaráis inniúla 15 % ar a laghad de na hoibreoirí a dhéanann gach ceann de na tráchtearraí ábhartha atá ar a margadh féin a chur ar mhargadh an Aontais, a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais nó a onnmhairiú uaidh mar aon le 15 % de chainníocht gach tráchtearra ábhartha a chuirtear ar a margadh féin, nó a chuirtear ar fáil air nó a n-onnmhairítear uaidh, arb as tíortha ardriosca nó as codanna díobh iad.

I gcás inar táirgeadh tráchtearraí nó táirgí ábhartha i dtír a liostaítear mar thír ardriosca nó i gcuid de thír den sórt sin i gcomhréir le hAirteagal 27, nó i gcás ina mbeidh baol ann go dtiocfaidh tráchtearraí nó táirgí ábhartha a táirgeadh sna tíortha sin nó i gcodanna díobh isteach sa slabhra soláthair ábhartha, áiritheoidh gach Ballstát go gcumhdófar leis na seiceálacha bliantúla a dhéanann a n-údaráis inniúla 20 % ar a laghad de na hoibreoirí a dhéanann gach ceann de na tráchtearraí agus de na táirgí ábhartha atá ar a margadh féin a chur ar mhargadh an Aontais, a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais nó a onnmhairiú uaidh mar aon le 20 % de chainníocht gach tráchtearra agus táirge ábhartha a chuirtear ar a margadh féin, nó a chuirtear ar fáil air nó a n-onnmhairítear uaidh, arb as tíortha ardriosca nó as codanna díobh iad. Áiritheoidh na húdaráis inniúla go n-áireofar na heilimintí uile a leagtar amach in Airteagal 15 sna seiceálacha bliantúla a dhéanfar ar bhonn an Airteagail seo.

Leasú 181

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 21 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

I gcás ina mbraithfear easnaimh thromchúiseacha fhéideartha , tar éis na seiceálacha dá dtagraítear in Airteagail 15 agus 16, nó i gcás ina sainaithneofar rioscaí de bhun Airteagal 14(6), féadfaidh na húdaráis inniúla bearta eatramhacha a dhéanamh láithreach, lena n-áirítear na tráchtearraí agus na táirgí ábhartha a urghabháil nó a gcur ar mhargadh an Aontais, nó a gcur ar fáil air agus a n-onnmhairiú uaidh, a chur ar fionraí.

Más rud é , ar bhonn an scrúdaithe ar fhianaise nó ar fhaisnéis ábhartha eile, lena n-áirítear faisnéis arna malartú faoi Airteagal 18 agus ábhair imní a bhfuil bunús leo arna soláthar ag tríú páirtithe faoi Airteagal 29, nó tar éis na seiceálacha dá dtagraítear in Airteagail 15 agus 16, go mbraithfear sáruithe féideartha ar an Rialachán seo go sainaithneofar rioscaí de bhun Airteagal 14(6), féadfaidh na húdaráis inniúla bearta eatramhacha a dhéanamh láithreach, lena n-áirítear na tráchtearraí agus na táirgí ábhartha a urghabháil nó a gcur ar mhargadh an Aontais, nó a gcur ar fáil air agus a n-onnmhairiú uaidh, a chur ar fionraí. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún agus údaráis inniúla na mBallstát eile ar an eolas láithreach faoi na bearta sin.

Leasú 182

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 22 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Gan dochar d’ Airteagal 23 , i gcás ina suífidh údaráis inniúla nár chomhlíon oibreoir nó trádálaí a chuid oibleagáidí faoin Rialachán seo nó nach gcomhlíonann tráchtearra nó táirge ábhartha an Rialachán seo, ceanglóidh siad gan mhoill ar an oibreoir nó ar an trádálaí ábhartha gníomh ceartaitheach iomchuí comhréireach a dhéanamh chun deireadh a chur leis an neamhchomhlíonadh.

1.   Gan dochar d’ Airteagal 23 , i gcás ina suífidh údaráis inniúla nár chomhlíon oibreoir nó trádálaí a chuid oibleagáidí faoin Rialachán seo nó nach gcomhlíonann tráchtearra nó táirge ábhartha an riachtanas a leagtar amach an Rialachán seo, ceanglóidh siad gan mhoill ar an oibreoir nó ar an trádálaí ábhartha gníomh ceartaitheach a dhéanamh chun deireadh a chur leis an neamhchomhlíonadh laistigh de thréimhse ama shonraithe réasúnta .

Leasú 183

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 22 – mír 2 – pointe d

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(d)

an tráchtearra nó an táirge ábhartha a  scriosadh nó é a dheonú chun críocha carthanúla nó chun críocha atá ar mhaithe le leas an phobail.

(d)

an tráchtearra nó an táirge ábhartha a dheonú , i gcás inar féidir, chun críoch carthanúil nó chun críocha atá ar mhaithe le leas an phobail nó, murach sin athchúrsáil nó, mar rogha dheireanach, é a scriosadh .

Leasú 184

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 22 – mír 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2a.     Gan beann ar an ngníomh ceartaitheach a rinneadh faoi mhír 2, agus d’fhonn riosca sáruithe breise a chosc, tabharfaidh an t-oibreoir nó an trádálaí aghaidh ar aon easnaimh sa chóras díchill chuí a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le neamhchomhlíonadh an Rialacháin seo.

Leasú 185

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 22 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.   Má mhainníonn an t-oibreoir nó an trádálaí gníomh ceartaitheach dá dtagraítear i mír 2 a dhéanamh nó i gcás ina leanfaidh an neamhchomhlíonadh dá dtagraítear i mír 1 ar aghaidh , áiritheoidh údaráis inniúla go n-aistarraingeofar an táirge nó go n-aisghairfear é, nó go gcuirfear toirmeasc nó srian ar an táirge a bheith á chur ar fáil ar mhargadh an Aontais nó á onnmhairiú uaidh.

3.   Má mhainníonn an t-oibreoir nó an trádálaí gníomhaíocht cheartaitheach dá dtagraítear i mír 2 a dhéanamh laistigh den tréimhse ama a shonróidh an t-údarás inniúil faoi mhír 1 , áiritheoidh na húdaráis inniúla go n-aistarraingeofar an tráchtearra nó an táirge nó go n-aisghairfear é, nó nach gcuirfear ar fáil ar mhargadh an Aontais é ná a onnmhairiú uaidh.

Leasú 186

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 23 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.    Leagfaidh na Ballstáit rialacha síos maidir leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo arna ndéanamh ag oibreoirí agus ag trádálaithe agus glacfaidh siad na bearta uile is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na forálacha sin agus tabharfaidh siad fógra dó, gan mhoill, faoi aon leasú dá éis sin lena ndéanfar difear dóibh.

1.    Laistigh de 6 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe lena bhforlíontar an Rialachán seo maidir le pionóis aonfhoirmeacha is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo ag oibreoirí agus ag trádálaithe , chun a áirithiú go gcuirfear caighdeáin chomhchuibhithe i bhfeidhm ar fud an Aontais. Déanfaidh na Ballstáit na beart go léir is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad.

Leasú 187

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 23 – mír 2 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.   Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach . Áireofar sna pionóis na nithe seo a leanas ar a laghad:

2.   Beidh na pionóis éifeachtach, comhréireach , athchomhairleach agus aonfhoirmeach ó Bhallstát go chéile . Áireofar sna pionóis na nithe seo a leanas ar a laghad:

Leasú 188

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 23 – mír 2 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)

fíneálacha atá ar comhréir leis an damáiste comhshaoil agus le luach na dtráchtearraí nó na dtáirgí ábhartha lena mbaineann, agus leibhéal na bhfíneálacha sin á ríomh ar bhealach lena gcinnteofar go mbainfear go héifeachtach díobh siúd atá freagrach as na sáruithe a dhéanamh na tairbhí eacnamaíocha a ndíorthaíonn siad uathu, agus leibhéal na bhfíneálacha sin á mhéadú de réir a chéile as sáruithe leantacha; 4 % ar a laghad de láimhdeachas bliantúil an oibreora nó an trádálaí sa Bhallstát nó sna Ballstáit lena mbaineann a bheidh in uasmhéid na bhfíneálacha sin;

(a)

fíneálacha atá ar comhréir leis an damáiste comhshaoil , leis an damáiste eacnamaíoch do phobail áitiúla agus le luach na dtráchtearraí nó na dtáirgí ábhartha lena mbaineann, agus leibhéal na bhfíneálacha sin á ríomh ar bhealach lena gcinnteofar go mbainfear go héifeachtach díobh siúd atá freagrach as na sáruithe a dhéanamh na tairbhí eacnamaíocha a ndíorthaíonn siad uathu, agus leibhéal na bhfíneálacha sin á mhéadú de réir a chéile as sáruithe leantacha; 8 % ar a laghad de láimhdeachas bliantúil an oibreora nó an trádálaí san Aontas, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 5(1) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle  (1a) , a bheidh in uasmhéid na bhfíneálacha sin; agus méadófar é chun a áirithiú go sáróidh an pionós an buntáiste eacnamaíoch a d’fhéadfadh a bheith ann agus beidh sé ina dhíspreagadh;

Leasú 189

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 23 – mír 2 – pointe b a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ba)

an oibleagáid an comhshaol a athbhunú;

Leasú 190

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 23 – mír 2 – pointe b b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(bb)

an oibleagáid damáiste arna dhéanamh d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach a sheachnófaí leis an gcleachtadh díchill chuí a chúiteamh;

Leasú 191

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 23 – mír 2 – pointe d

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(d)

eisiamh sealadach ó phróisis soláthair phoiblí.

(d)

eisiamh sealadach ó phróisis soláthair phoiblí agus ó rochtain ar chistiú poiblí, lena n-áirítear nósanna imeachta tairisceana, deontais agus lamháltais;

Leasú 192

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 23 – mír 2 – pointe d a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(da)

toirmeasc sealadach nó buan ar thráchtearraí agus táirgí ábhartha a chur nó a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais, nó ar a n-onnmhairiú, i gcás sárú tromchúiseach nó sáruithe leantacha;

Leasú 193

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 23 – mír 2 – pointe d b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(db)

toirmeasc ar úsáid a bhaint as an nós imeachta simplithe maidir le dícheall cuí a leagtar amach in Airteagal 12, i gcás sárú tromchúiseach nó sáruithe leantacha;

Leasú 194

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 23 – mír 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2a.     Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir le hoibreoirí agus trádálaithe nár chomhlíon a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo agus maidir leis na pionóis arna bhforchur orthu trí bhíthin an chórais faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 31 laistigh de 30 lá i ndiaidh an chinnidh ábhartha gur ann do neamhchomhlíonadh, agus na rialacha ábhartha maidir le cosaint sonraí á gcur san áireamh go cuí. Foilseoidh an Coimisiún liosta de na hoibreoirí agus na trádálaithe lena mbaineann. Cuirfear in iúl dóibh go bhfuil siad ar an liosta.

 

Beidh na gnéithe seo a leanas i liosta na n-oibreoirí agus na dtrádálaithe neamhchomhlíontacha:

 

(a)

ainm an oibreora nó an trádálaí;

 

(b)

an dáta a áiríodh ar an liosta den chéad uair agus an dáta óna ndearnadh gníomhaíocht leordhóthanach feabhais;

 

(c)

achoimre ar na gníomhaíochtaí lena dtugtar bonn cirt leis an oibreoir nó an trádálaí a áireamh ar an liosta; agus

 

(d)

cineál agus, i gcás pionós airgeadais, méid an phionóis arna fhorchur.

 

Cuirfear an liosta ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin agus déanfar an liosta a nuashonrú go minic.

 

Foilseoidh an Coimisiún an liosta in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 31.

Leasú 195

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 23 – mír 2 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2b.     Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún nuair a bheidh gníomhaíocht leordhóthanach feabhais déanta ag an oibreoir nó an trádálaí neamhchomhlíontach dá dtagraítear i mír 1, lena n-áirítear pionóis a bheith íoctha ina n-iomláine nó feabhsuithe a bheith curtha ar a chóras díchill chuí, agus nach mbeidh aon phionós ná nós imeachta eile maidir le sárú líomhnaithe tuairiscithe.

 

Bainfidh an Coimisiún an t-oibreoir nó an trádálaí lena mbaineann a luaithe a bheidh gníomhaíocht feabhais déanta. Nuashonróidh an Coimisiún liosta na n-oibreoirí agus na dtrádálaithe poiblí lena mbaineann gach 6 mhí.

 

Tabharfaidh an Coimisiún fógra, gan moill mhíchuí, do na húdaráis inniúla faoi oibreoir nó trádálaí a bheith bainte den liosta agus nuashonróidh sé an clár dá dtagraítear in Airteagal 31.

Leasú 196

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 24 – mír 7 – fomhír 1 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)

I gcás ina mbeidh an scaoileadh i saorchúrsaíocht nó an t-onnmhairiú curtha ar fionraí i gcomhréir le mír 6, níor iarr na húdaráis inniúla, laistigh de na 3 lá oibre a shonraítear in Airteagal 14(7), an gá le scaoileadh i saorchúrsaíocht nó onnmhairiú an tráchtearra nó an táirge ábhartha sin a choinneáil ar fionraí;

(b)

I gcás ina mbeidh an scaoileadh i saorchúrsaíocht nó an t-onnmhairiú curtha ar fionraí i gcomhréir le mír 6, níor iarr na húdaráis inniúla, laistigh de na 5 lá oibre , nó 72 uair an chloig i gcás tráchtearraí agus táirgí úra mbaineann baol trochlaithe leo, a shonraítear in Airteagal 14(7), an gá le scaoileadh i saorchúrsaíocht nó onnmhairiú an tráchtearra nó an táirge ábhartha sin a choinneáil ar fionraí;

Leasú 197

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 24 – mír 8 – fomhír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Ar fhógra a fháil maidir leis an stádas sin , ní cheadóidh údaráis chustaim scaoileadh i saorchúrsaíocht nó onnmhairiú an tráchtearra nó an táirge ábhartha sin. Áireoidh siad an fógra seo a leanas sa chóras próiseála sonraí custaim freisin agus, i gcás inar féidir, ar an sonrasc tráchtála a ghabhann leis an tráchtearra nó an táirge ábhartha agus ar aon doiciméad ábhartha eile a ghabhann leis: “Tráchtearra nó táirge neamhchomhlíontach — gan údarú lena scaoileadh i saorchúrsaíocht/onnmhairiú — Rialachán (AE) 2021/XXXX.” [Tagairt an Rialacháin seo le cur isteach ag OP]

Ar fhógra a fháil maidir leis an stádas neamhchomhlíontach , ní cheadóidh údaráis chustaim scaoileadh i saorchúrsaíocht nó onnmhairiú an tráchtearra nó an táirge ábhartha sin. Áireoidh siad an fógra seo a leanas sa chóras próiseála sonraí custaim freisin agus, i gcás inar féidir, ar an sonrasc tráchtála a ghabhann leis an tráchtearra nó an táirge ábhartha agus ar aon doiciméad ábhartha eile a ghabhann leis: “Tráchtearra nó táirge neamhchomhlíontach — gan údarú lena scaoileadh i saorchúrsaíocht/onnmhairiú — Rialachán (AE) 2021/XXXX.” [Tagairt an Rialacháin seo le cur isteach ag OP]

Leasú 198

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 24 – mír 10

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

10.   Féadfaidh údaráis chustaim tráchtearra nó táirge neamhchomhlíontach ábhartha a scriosadh arna iarraidh sin ag na húdaráis inniúla nó i gcás ina measann siad gur gá agus gur comhréireach sin. Is é an duine nádúrtha nó an duine dlítheanach atá i seilbh an tráchtearra nó an táirge ábhartha a íocfaidh costas an bhirt sin. Beidh feidhm dá réir sin ag Airteagail 197 agus 198 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013. Mar mhalairt air sin, féadfaidh na húdaráis chustaim tráchtearraí agus táirgí neamhchomhlíontacha ábhartha a choigistiú agus a chur ar láimh na n-údarás inniúil arna iarraidh sin acu.

10.   Féadfaidh na húdaráis chustaim an tráchtearra nó an táirge ábhartha a dheonú chun críoch carthanúil nó chun críocha atá ar mhaithe le leas an phobail nó, i gcás nach féidir an deonú sin a dhéanamh, agus sa chás sin amháin, tráchtearra nó táirge ábhartha neamhchomhlíontach a  athchúrsáil nó, mar rogha dheireanach, a scriosadh arna iarraidh sin do na húdaráis inniúla nó i gcás ina measann siad gur gá agus gur comhréireach sin. Is é an duine nádúrtha nó an duine dlítheanach atá i seilbh an tráchtearra nó an táirge ábhartha a íocfaidh costas an bhirt sin.

Leasú 199

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 25 – mír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4.   I ndáil le tráchtearraí agus táirgí ábhartha atá faoi réir an Rialacháin seo agus á stóráil go sealadach nó arna gcur faoi nós imeachta custaim seachas “scaoileadh i saorchúrsaíocht” é, i gcás ina mbeidh cúis ag na húdaráis chustaim ag an gcéad phointe iontrála a chreidiúint nach gcomhlíonann na tráchtearraí nó na táirgí ábhartha sin an Rialachán seo, tarchuirfidh siad an fhaisnéis uile is ábhartha chuig oifig chustaim inniúil an chinn scríbe.

4.   I ndáil le tráchtearraí agus táirgí ábhartha atá faoi réir an Rialacháin seo agus á stóráil go sealadach nó arna gcur faoi nós imeachta custaim seachas “scaoileadh i saorchúrsaíocht” é, i gcás ina mbeidh cúis ag na húdaráis chustaim ag an gcéad phointe iontrála a chreidiúint nach gcomhlíonann na tráchtearraí nó na táirgí ábhartha sin an Rialachán seo, tarchuirfidh siad an fhaisnéis uile is ábhartha chuig oifig chustaim inniúil an chinn scríbe agus freisin chuig na húdaráis inniúla atá freagrach as na hoibleagáidí a eascraíonn as an Rialachán seo a dhéanamh .

Leasú 200

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 26 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Forbróidh an Coimisiún comhéadan leictreonach a bheidh bunaithe ar Thimpeallacht Ionad Ilfhreastail an Aontais Eorpaigh do Chustaim chun gur féidir sonraí, go háirithe na fógraí agus na hiarrataí dá dtagraítear in Airteagal 24, míreanna 5 go 8, a tharchur idir na córais chustaim náisiúnta agus an córas faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 31. Beidh an comhéadan leictreonach sin i bhfeidhm 4 bliana ar a dhéanaí ón dáta a ghlacfar an gníomh cur chun feidhme ábhartha dá dtagraítear i mír 3.

1.   Forbróidh an Coimisiún comhéadan leictreonach a bheidh bunaithe ar Thimpeallacht Ionad Ilfhreastail an Aontais Eorpaigh do Chustaim chun gur féidir sonraí, go háirithe na fógraí agus na hiarrataí dá dtagraítear in Airteagal 24, míreanna 5 go 8, a tharchur idir na córais chustaim náisiúnta agus an córas faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 31. Beidh an comhéadan leictreonach sin i bhfeidhm aon bhliain amháin ar a dhéanaí ón dáta a ghlacfar an gníomh cur chun feidhme ábhartha dá dtagraítear i mír 3.

Leasú 201

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 26 – mír 2 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.    Féadfaidh an Coimisiún comhéadan leictreonach a fhorbairt a bheidh bunaithe ar Thimpeallacht Ionad Ilfhreastail an Aontais Eorpaigh maidir le Custam:

2.    Déanfaidh an Coimisiún comhéadan leictreonach a fhorbairt a bheidh bunaithe ar Thimpeallacht Ionad Ilfhreastail an Aontais Eorpaigh maidir le Custam:

Leasú 202

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 27 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Bunaítear leis an Rialachán seo córas trí chiseal chun measúnú a dhéanamh ar thíortha nó ar chodanna díobh. Measfar go mbaineann gnáthriosca le tíortha mura sainaithnítear i gcomhréir leis an Airteagal seo go mbaineann ísealriosca nó ardriosca leo. Maidir le tíortha nó le codanna díobh lena mbaineann ísealriosca nó ardriosca go dtáirgfear tráchtearraí nó táirgí ábhartha iontu nach gcomhlíonann Airteagal 3, pointe (a), féadfaidh an Coimisiún na tíortha sin a shainaithint. Déanfar an liosta tíortha nó codanna díobh a mbaineann ísealriosca nó ardriosca leo a fhoilsiú trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme a bheidh le glacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2). Tabharfar an liosta sin cothrom le dáta de réir mar is gá i gcás fianaise nua a bheith ann.

1.   Bunaítear leis an Rialachán seo córas trí chiseal chun measúnú a dhéanamh ar thíortha nó ar chodanna díobh. Measfar go mbaineann gnáthriosca le tíortha mura sainaithnítear i gcomhréir leis an Airteagal seo go mbaineann ísealriosca nó ardriosca leo. Maidir le tíortha nó le codanna díobh lena mbaineann ísealriosca nó ardriosca go dtáirgfear tráchtearraí nó táirgí ábhartha iontu nach gcomhlíonann Airteagal 3, pointe (a), déanfaidh an Coimisiún na tíortha sin a shainaithint. Déanfar an liosta tíortha nó codanna díobh a mbaineann ísealriosca nó ardriosca leo a fhoilsiú trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme a bheidh le glacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2) faoi . .. [OP: cuir isteach dáta 6 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Tabharfar an liosta sin cothrom le dáta de réir mar is gá i gcás fianaise nua a bheith ann.

Leasú 203

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 27 – mír 2 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Le sainaithint tíortha nó codanna díobh a mbaineann ísealriosca nó ardriosca leo de bhun mhír 1, cuirfear san áireamh faisnéis a sholáthróidh an tír lena mbaineann agus bunófar ar na critéir mheasúnachta seo a leanas í:

Le sainaithint tíortha nó codanna díobh a mbaineann ísealriosca leo agus tíortha codanna díobh a mbaineann ardriosca leo de bhun mhír 1, leanfar próiseas measúnaithe trédhearcach agus oibiachtúil ina gcuirfear san áireamh faisnéis a sholáthróidh an tír lena mbaineann agus na húdaráis réigiúnacha lena mbaineann, oibreoirí agus freisin ENRanna agus tríú páirtithe, lena n-áirítear pobail dhúchasacha, pobail áitiúla, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, agus bunófar ar na critéir mheasúnaithe seo a leanas í:

Leasú 204

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 27 – mír 2 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)

ráta an dífhoraoisithe agus an díghrádaithe foraoise,

(a)

ráta an dífhoraoisithe, an díghrádaithe foraoise agus an tiontaithe foraoise ,

Leasú 205

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 27 – mír 2 – pointe d

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(d)

cé acu a chumhdaítear nó nach gcumhdaítear leis an rannchuidiú arna chinneadh go náisiúnta (NDC) le Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide astaíochtaí agus aistrithe ón earnáil talmhaíochta, foraoiseachta agus ón talamhúsáid, lena n-áirithítear go n-áirítear astaíochtaí ón dífhoraoisiú agus ón díghrádú foraoise ina gcuid de ghealltanas na tíre chun hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú nó a theorannú mar a shonraítear sa NDC;

(d)

cibé an gcumhdaítear leis an rannchuidiú arna chinneadh go náisiúnta (NDC) le Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide astaíochtaí agus aistrithe ón earnáil talmhaíochta, foraoiseachta agus ón talamhúsáid, lena n-áirithítear go n-áirítear astaíochtaí ón dífhoraoisiú , ón díghrádú foraoise agus ón tiontú foraoise ina gcuid de ghealltanas na tíre chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú nó a theorannú mar a shonraítear in NDC;

Leasú 206

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 27 – mír 2 – pointe e

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(e)

comhaontuithe agus ionstraimí eile arna dtabhairt chun críche idir an tír lena mbaineann agus an tAontas lena dtugtar aghaidh ar an dífhoraoisiú ar an díghrádú foraoise agus lena n-éascaítear comhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo i dtaca le tráchtearraí agus táirgí ábhartha agus cur chun feidhme éifeachtach na gceanglas sin ;

(e)

comhaontuithe agus ionstraimí eile arna dtabhairt i gcrích idir an tír lena mbaineann agus an tAontas lena dtugtar aghaidh ar an dífhoraoisiú, ar an díghrádú foraoise nó ar an tiontú foraoise, agus lena n-éascaítear comhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo i dtaca le tráchtearraí agus táirgí ábhartha , ar choinníoll gur suíodh, ar bhonn measúnú oibiachtúil agus trédhearcach, go ndearnadh iad a chur chun feidhme go tráthúil agus go héifeachtach ;

Leasú 207

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 27 – mír 2 – pointe f

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(f)

cé acu atá nó nach bhfuil dlíthe náisiúnta nó fonáisiúnta i bhfeidhm ag an tír lena mbaineann, lena n-áirítear i gcomhréir le hAirteagal 5 de Chomhaontú Pháras, agus a ghlacann nó nach nglacann bearta éifeachtacha forfheidhmiúcháin chun gníomhaíochtaí as a n-eascraíonn an dífhoraoisiú agus an díghrádú foraoise a sheachaint agus bearta sriantacha a ghlacadh ina leith , agus go háirithe cé acu a chuirtear nó nach gcuirtear bearta sriantacha i bhfeidhm atá géar go leor chun na tairbhí a fhabhraítear as an dífhoraoisiú as an díghrádú foraoise a  bhaint .

(f)

cé acu atá nó nach bhfuil dlíthe náisiúnta nó fonáisiúnta i bhfeidhm ag an tír lena mbaineann, lena n-áirítear i gcomhréir le hAirteagal 5 de Chomhaontú Pháras, agus dlíthe agus caighdeáin ábhartha mar shainmhínítear i bpointe (28) d’Airteagal 2 den Rialachán seo, agus a ghlacann nó nach nglacann bearta éifeachtacha forfheidhmiúcháin chun a áirithiú go ndéantar na dlíthe sin a chur chun feidhme agus chun gníomhaíochtaí a sheachaint agus pionóis a ghearradh, as a n-eascraíonn an dífhoraoisiú, agus an díghrádú foraoise agus an tiontú foraoise a sheachaint, agus go háirithe cé acu a chuirtear nó nach gcuirtear pionóis i bhfeidhm atá géar go leor chun na tairbhí a fhabhraítear as an dífhoraoisiú, as an díghrádú foraoise nó as an tiontú foraoise, nó as neamhchomhlíonadh na ndlíthe agus na gcaighdeán ábhartha shainmhínítear i bpointe (28) d’Airteagal 2 .

Leasú 208

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 27 – mír 2 – pointe f a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(fa)

cibé an bhfuil cur chuige dlínse forbartha ag an dlínse náisiúnta agus ag an dlínse fhonáisiúnta maidir le rannpháirtíocht fhóinteach na ngeallsealbhóirí ábhartha uile, lena n-áirítear an tsochaí shibhialta, pobail dhúchasacha agus pobail áitiúla, agus an earnáil phríobháideach, lena n-áirítear micrifhiontair agus FBManna eile, agus sealbhóirí beaga, chun dul i ngleic leis an dífhoraoisiú, an díghrádú foraoise, an tiontú foraoise, sáruithe ar chearta talún agus táirgeadh neamhdhleathach;

Leasú 209

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 27 – mír 2 – pointe f b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(fb)

cibé an gcuireann an tír lena mbaineann na sonraí ábhartha ar fáil go trédhearcach.

Leasú 210

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 27 – mír 2 – pointe f c (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(fc)

más infheidhme, dlíthe lena gcosnaítear na cearta atá ag pobail dhúchasacha, pobail áitiúla agus sealbhóirí eile gnáthcheart tionachta a bheith ann, a chomhlíonadh agus a fhorfheidhmiú go héifeachtach.

Leasú 211

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 27 – mír 3 – fomhír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Tabharfaidh an Coimisiún fógra do na tíortha lena mbaineann go bhfuil sé beartaithe aige athrú a  shannadh don chatagóir riosca atá ann faoi láthair agus iarrfaidh sé orthu aon fhaisnéis a mheasfar a bheith úsáideach ina leith sin a sholáthar. Tabharfaidh an Coimisiún am leordhóthanach do na tíortha chun freagra a sholáthar, lena bhféadfar a áireamh faisnéis maidir le bearta atá déanta ag an tír chun an staid a chur ina ceart i gcás go bhféadfar stádas na tíre sin nó stádas codanna di a athrú go catagóir riosca níos airde.

Tabharfaidh an Coimisiún fógra do na tíortha , do na húdaráis réigiúnacha, agus do na hoibreoirí agus na trádálaithe lena mbaineann go bhfuil sé beartaithe aige athrú a  dhéanamh ar chatagóir riosca tíre nó cuid di, agus iarrfaidh sé orthu aon fhaisnéis a mheasfar a bheith úsáideach ina leith sin a sholáthar. Déanfaidh an Coimisiún comhairliúchán poiblí freisin chun faisnéis agus dearcthaí a bhailiú ó pháirtithe leasmhara, lena n-áirítear, go háirithe, pobail dhúchasacha, pobail áitiúla, sealbhóirí beaga agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta. Tabharfaidh an Coimisiún am leormhaith do na tíortha agus do na húdaráis réigiúnacha chun freagra a sholáthar, lena bhféadfar a áireamh faisnéis maidir le bearta atá déanta ag an tír nó ag na húdaráis réigiúnacha chun an staid a chur ina ceart i gcás go bhféadfar stádas na tíre sin nó stádas codanna di a athrú go catagóir riosca níos airde.

Leasú 212

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 27 – mír 3 – fomhír 2 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Áireofar an fhaisnéis seo a leanas san fhógra:

Áireofar an fhaisnéis seo a leanas san fhógra , agus sa chomhairliúchán :

Leasú 213

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 28 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Rachaidh an Coimisiún i gcomhar le tíortha táirgíochta lena mbaineann an Rialachán seo chun comhpháirtíochtaí agus comhar a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt le chéile ar an dífhoraoisiú agus ar an díghrádú foraoise. Díreofar leis na sásraí comhpháirtíochta agus comhair sin ar chaomhnú, athchóiriú agus úsáid inbhuanaithe foraoisí, ar an dífhoraoisiú, ar an díghrádú foraoise agus ar an aistriú chuig modhanna inbhuanaithe táirgthe tráchtearraí, próiseála tomhaltais agus trádála. Le sásraí comhpháirtíochta agus comhair féadfar idirphlé struchtúrtha a áireamh mar aon le cláir agus gníomhaíochtaí tacaíochta, socruithe riaracháin agus forálacha i gcomhaontuithe atá ann cheana nó i gcomhaontuithe lena gcuirfear ar a gcumas do thíortha táirgíochta an t-aistriú a dhéanamh chuig táirgeacht talmhaíochta lena n-éascófar comhlíonadh cheanglais an rialacháin seo i dtaca le tráchtearraí agus le táirgí ábhartha. Cuirfear na comhaontuithe sin agus a  gcur chun feidhme éifeachtach san áireamh mar chuid den tagarmharcáil faoi Airteagal 27 den Rialachán seo.

1.    I gcur chuige comhordaithe, rachaidh an Coimisiún agus na Ballstáit i gcomhar le tíortha táirgthe lena mbaineann an Rialachán seo , le rialtais áitiúla agus le páirtithe leasmhara, go háirithe leo siúd a onnmhairíonn méideanna suntasacha tráchtearraí a liostaítear in Iarscríbhinn I, lena n-áirítear trí úsáid a bhaint as comhpháirtíochtaí agus comhaontuithe saorthrádála atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo, agus trí na huirlisí cabhrach atá ann cheana a ailíniú, chun aghaidh a thabhairt go comhpháirteach ar bhunchúiseanna an dífhoraoisithe, an díghrádaithe foraoise agus an tiontaithe foraoise. Beidh acmhainní leordhóthanacha ina dtacú leis na comhpháirtíochtaí agus na sásraí comhair sin agus díreofar leo ar chaomhnú, athbhunú agus úsáid inbhuanaithe foraoisí, ar an dífhoraoisiú, ar an díghrádú foraoise , ar an tiontú foraoise agus ar an aistriú chuig modhanna inbhuanaithe táirgthe tráchtearraí, próiseála tomhaltais agus trádála , ar dhea-rialachas agus freisin ar chosaint a thabhairt do chearta, slí bheatha agus cothú pobal a bhíonn ag brath ar fhoraoisí, lena n-áirítear pobail dhúchasacha, pobail áitiúla, sealbhóirí eile gnáthcheart tionachta agus sealbhóirí beaga . Le sásraí comhpháirtíochta agus comhair, féadfar idirphlé struchtúrtha, cláir agus gníomhaíochtaí tacaíochta airgeadais agus teicniúla , agus socruithe riaracháin lena gcuirfear ar a gcumas do thíortha táirgthe agus do chodanna díobh an t-aistriú a dhéanamh chuig táirgeacht talmhaíochta lena n-éascófar comhlíonadh cheanglais an rialacháin seo i dtaca le tráchtearraí agus le táirgí ábhartha , a áireamh, ach gan a bheith teoranta dóibh . Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh pobail dhúchasacha, pobail áitiúla agus an tsochaí shibhialta rannpháirteach i bhforbairt treochlár comhpháirteach. Beidh na treochláir chomhpháirteacha bunaithe ar gharspriocanna arna gcomhaontú le geallsealbhóirí áitiúla. Rachaidh an Coimisiún i mbun rannpháirtíocht go háirithe le tíortha táirgthe chun deireadh a chur le bacainní dlí ar a gcomhlíonadh, lena n-áirítear rialachas náisiúnta tionachta talún agus dlí um chosaint sonraí. Is é a bheidh mar aidhm leis na comhpháirtíochtaí sin treochláir chomhpháirteacha a fhorbairt, lena n-áirítear idirphlé agus comhar marthanach, go háirithe le tíortha agus le codanna díobh sainaithnítear ardriosca ina leith, chun tacú lena bhfeabhas leanúnach i dtreo chatagóir an riosca chaighdeánaigh dá dtagraítear in Airteagal 27 . I gcomhpháirtíochtaí agus sásraí comhair, tabharfar aird ar leith ar shealbhóirí beaga chun go bhféadfaidh siad aistriú chuig cleachtais inbhuanaithe feirmeoireachta agus foraoiseachta, agus chun ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh, lena n-áirítear trí fhaisnéis leordhóthanach agus sholáimhsithe a chumasú . Beidh acmhainní leormhaithe airgeadais ar fáil chun freastal ar riachtanais na sealbhóirí beaga.

Leasú 265

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 28 – mír 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1 a.     Glacfaidh an Coimisiún agus an Chomhairle páirt bhreise chun comhaontuithe trádála a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú chomh maith le comhaontuithe nua saorthrádála a thabhairt i gcrích ina mbeidh forálacha láidre maidir le hinbhuanaitheacht, go háirithe i gcás foraoisí, agus an oibleagáid comhaontuithe iltaobhacha comhshaoil a fhorfheidhmiú go héifeachtach, amhail Comhaontú Pháras agus an Coinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch.

Leasuithe 214 agus 266

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 28 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.    Ba cheart rannpháirtíocht iomlán gach geallsealbhóra a chumasú le comhpháirtíochtaí agus le comhar , lena n-áirítear an tsochaí shibhialta, pobail dhúchasacha, pobail áitiúla agus an earnáil phríobháideach, lena n-áirítear FBManna agus feirmeoirí beaga.

2.    Beidh acmhainní leormhaithe airgeadais ag comhpháirtíochtaí agus ag comhar, agus tabharfar lánaird iontu ar an bhfaisnéis agus na foláirimh a sholáthróidh Faireachlann an Aontais. Ceadófar leo rannpháirtíocht iomlán gach geallsealbhóra, lena n-áirítear an tsochaí shibhialta, pobail dhúchasacha, pobail áitiúla, mná agus an earnáil phríobháideach, lena n-áirítear micrifhiontair agus FBManna eile, agus feirmeoirí beaga. Le comhpháirtíochtaí agus comhar, tacófar freisin le hidirphlé cuimsitheach agus rannpháirteach nó tionscnófar an t-idirphlé sin maidir le próisis náisiúnta athchóirithe dlí agus rialachais chun rialachas foraoise a fheabhsú agus chun aghaidh a thabhairt ar thosca intíre lena gcuirtear leis an dífhoraoisiú.

Leasú 215

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 28 – mír 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2a.     Chun a áirithiú nach mbeidh forfheidhmiú an Rialacháin seo sriantach ná suaiteach go míchuí ar thrádáil, go háirithe maidir le tíortha ábhartha is lú forbairt, tabharfaidh an Coimisiún tacaíocht shonrach riaracháin agus fothaithe acmhainneachta do rialtais, do rialtais áitiúla, d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta, lena n-áirítear ceardchumainn, agus do tháirgeoirí, go háirithe táirgeoirí beaga, i dtríú tíortha, arb é is aidhm leis an tacaíocht sin comhlíonadh cheanglais riaracháin an Rialacháin seo ag na gníomhaithe sin a éascú.

Leasú 216

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 28 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.   Le comhpháirtíochtaí agus comhar cuirfear forbairt chun cinn i dtaca le próisis chomhtháite um phleanáil talamhúsáide, mar aon leis an reachtaíochta ábhartha, dreasachtaí fioscacha agus uirlisí eile a bhaineann le hábhar chun feabhas a chur ar chaomhnú foraoisí agus na bithéagsúlachta, ar bhainistíocht inbhuanaithe agus athchóiriú foraoisí, ar dhul i ngleic le foraoisí agus le héiceachórais leochaileacha a bheith á n-athrú ina n-úsáidí eile talún, barrfheabhsófar gnóthachain le haghaidh an tírdhreacha, na slándála tionachta, na táirgeachta talmhaíochta agus an iomaíochais, agus slabhraí soláthair trédhearcacha, neartófar cearta na bpobal a  bhraitheann ar fhoraoisí lena n-áirítear feirmeoirí beaga, pobail dhúchasacha agus pobail áitiúla, agus áiritheofar rochtain an phobail ar dhoiciméid bainistíochta foraoisí agus ar fhaisnéis ábhartha eile.

3.   Le comhpháirtíochtaí agus comhar, cuirfear forbairt chun cinn i dtaca le próisis chomhtháite um pleanáil talamhúsáide, reachtaíocht ábhartha, lena n-áirítear próisis ilgheallsealbhóra chun raon feidhme na reachtaíochta ábhartha a bhunú , dreasachtaí fioscacha nó tráchtála agus uirlisí eile a bhaineann le hábhar chun feabhas a chur ar chaomhnú foraoisí agus na bithéagsúlachta, ar bhainistíocht inbhuanaithe agus athchóiriú foraoisí, rachfar i ngleic le foraoisí agus le héiceachórais leochaileacha a bheith á dtiontú ina n-úsáidí eile talún, barrfheabhsófar gnóthachain le haghaidh an tírdhreacha, na slándála tionachta, na táirgeachta talmhaíochta agus an iomaíochais, agus slabhraí soláthair trédhearcacha agus na hinrianaitheachta , tabharfar cosaint do chearta úinéireachta, tionachta agus rochtana ar thalamh, lena n-áirítear tionacht crann do phobail áitiúla agus do phobail dhúchasacha, agus don cheart saorthoiliú feasach roimh ré a thabhairt nó a choinneáil siar, neartófar cearta na bpobal a  bhíonn ag brath ar fhoraoisí, lena n-áirítear feirmeoirí beaga, pobail dhúchasacha agus pobail áitiúla, neartófar córais náisiúnta rialachais agus forfheidhmithe dlí, agus áiritheofar rochtain an phobail ar dhoiciméid bainistíochta foraoisí agus ar fhaisnéis ábhartha eile. Beidh sé mar aidhm ag an gCoimisiún faireachán ar chearta talún agus tionachta a chomhtháthú faoi Fhaireachlann an Aontais.

Leasú 217

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 28 – mír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4.   Rachaidh an Coimisiún i mbun plé déthaobhach agus iltaobhach idirnáisiúnta maidir le beartais agus le gníomhaíochtaí chun an dífhoraoisiú agus an díghrádú foraoise a stopadh, lena n-áirítear i bhfóraim iltaobhacha amhail an Coinbhinsiún maidir leis an mBithéagsúlacht, Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe, Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe chun an Gaineamhlú a Chomhrac, Comhthionól Comhshaoil na Náisiún Aontaithe, Fóram na Náisiún Aontaithe maidir le Foraoisí, Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide, an Eagraíocht Dhomhanda Trádála, G-7 agus G-20. Áireofar sa rannpháirtíocht sin cur chun cinn an aistrithe chuig táirgeacht inbhuanaithe talmhaíochta agus bainistíocht inbhuanaithe foraoise mar aon le forbairt slabhraí soláthair trédhearcacha inbhuanaithe mar aon le bheith ag leanúint d’iarrachtaí chun caighdeáin agus sainmhínithe láidre a shainaithint agus a chomhaontú lena n-áiritheofar leibhéal ard cosanta d’éiceachórais foraoise .

4.   Rachaidh an Coimisiún i mbun plé déthaobhach agus iltaobhach idirnáisiúnta maidir le beartais agus le gníomhaíochtaí chun an dífhoraoisiú agus an díghrádú foraoise agus an tiontú foraoise a stopadh, lena n-áirítear i bhfóraim iltaobhacha amhail an Coinbhinsiún maidir leis an mBithéagsúlacht, Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe, Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe chun an Gaineamhlú a Chomhrac, Comhthionól Comhshaoil na Náisiún Aontaithe, Fóram na Náisiún Aontaithe maidir le Foraoisí, Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide, an Eagraíocht Dhomhanda Trádála, G-7 agus G-20. Áireofar sa rannpháirtíocht sin cur chun cinn an aistrithe chuig táirgeacht inbhuanaithe talmhaíochta agus bainistíocht inbhuanaithe foraoise mar aon le forbairt slabhraí soláthair trédhearcacha inbhuanaithe mar aon le bheith ag leanúint d’iarrachtaí chun caighdeáin agus sainmhínithe láidre a shainaithint agus a chomhaontú lena n-áiritheofar leibhéal ard cosanta d’ fhoraoisí agus d’ éiceachórais nadúrtha eile agus cearta an duine a bhaineann leis sin .

Leasú 218

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 29 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.   Déanfaidh údaráis inniúla measúnú ar na hábhair imní go dícheallach neamhchlaonta agus déanfaidh siad na bearta is gá, lena n-áirítear seiceálacha ar oibreoirí agus ar thrádálaithe agus éisteachtaí leo, d’fhonn sáruithe féideartha ar fhorálacha an Rialacháin seo a bhrath agus, i gcás inarb iomchuí, bearta eatramhacha faoi Airteagal 21 chun cosc a chur ar thráchtearraí agus ar tháirgí ábhartha atá faoi imscrúdú a bheith á gcur ar mhargadh an Aontais, á gcur ar fáil air agus á n-onnmhairiú uaidh.

2.   Déanfaidh na húdaráis inniúla measúnú , gan moill mhíchuí agus go dícheallach neamhchlaonta ar na hábhair imní agus déanfaidh siad na bearta is gá, lena n-áirítear seiceálacha ar oibreoirí agus ar thrádálaithe agus éisteachtaí leo, d’fhonn sáruithe féideartha ar fhorálacha an Rialacháin seo a bhrath agus, i gcás inarb iomchuí, bearta eatramhacha faoi Airteagal 21 chun cosc a chur ar thráchtearraí agus táirgí ábhartha atá faoi imscrúdú a bheith á gcur ar mhargadh an Aontais, á gcur ar fáil air agus á n-onnmhairiú uaidh , agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi na bearta arna gcur i bhfeidhm .

Leasú 219

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 29 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.   Déanfaidh an t-údarás inniúil, a  luaithe agus is féidir agus i gcomhréir leis na forálacha ábhartha den dlí náisiúnta, na daoine nádúrtha nó dlítheanacha dá dtagraítear i mír 1 a chur ar an eolas, arb iad na daoine iad a chuir barúlacha faoi bhráid an údaráis, faoina chinneadh aontú don iarraidh ar ghníomhaíocht nó diúltú di agus tabharfaidh sé na cúiseanna leis sin.

3.   Déanfaidh an t-údarás inniúil, laistigh de 30 lá tar éis dó ábhar imní bhfuil bunús leis a fháil, agus i gcomhréir le forálacha ábhartha an dlí náisiúnta, na daoine nádúrtha nó dlítheanacha dá dtagraítear i mír 1 a chur ar an eolas, arb iad na daoine iad a chuir ábhair imní a bhfuil bunús leo faoi bhráid an údaráis, faoina mheasúnú ar a gcuid ábhar imní a bhfuil bunús leo, de bhun mhír 2, agus faoin gcinneadh glacadh leis an iarraidh ar ghníomhaíocht nó diúltú di, agus tabharfaidh sé na cúiseanna leis sin. I gcás ina ndéanfar gníomhaíocht bhreise de bhun mhír 2, cuirfidh an t-údarás inniúil na daoine nádúrtha nó dlítheanacha ar an eolas, gan moill mhíchuí, faoi chineál agus amlíne na mbeart a bheidh le déanamh.

Leasú 220

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 29 – mír 3 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

3a.     Chun tarchur ábhar imní a bhfuil bunús leo ó dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha ó thíortha is táirgeoirí, agus go háirithe ó phobail áitiúla, a éascú, bunóidh an Coimisiún nós imeachta cumarsáide láraithe chun na hábhair imní sin a dhíriú chuig na Ballstáit ábhartha. Beidh an nós imeachta sin comhlántach leis na nósanna imeachta sin arna mbunú ag na húdaráis inniúla.

Leasú 221

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 29 – mír 3 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

3b.     Déanfaidh na Ballstáit foráil do bhearta chun cosaint a thabhairt do chéannacht na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha a thíolacann ábhair imní a bhfuil bunús leo nó a dhéanann imscrúduithe arb é is aidhm leo a fhíorú an bhfuil an Rialachán seo á chomhlíonadh ag oibreoirí nó trádálaithe.

Leasú 222

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 30 – mír 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2a.     Beidh rochtain ar chúirt nó ar chomhlacht poiblí neamhspleách neamhchlaonta eile de bhun mhír 1 cóir, cothrom agus tráthúil, ní bheidh sí róchostasach agus soláthrófar léi leigheasanna leormhaithe agus éifeachtacha, lena n-áirítear faoiseamh urghaire i gcás inarb iomchuí. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear faisnéis phraiticiúil ar fáil don phobal i dtaobh rochtain ar nósanna imeachta um athbhreithniú riaracháin agus athbhreithniú breithiúnach.’

Leasú 223

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 31 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Déanfaidh an Coimisiún córas faisnéise (“Clár”) a bhunú agus a choimeád ar bun, faoin dáta a bhunaítear in Airteagal 36(2), ina mbeidh na ráitis maidir le dícheall cuí arna gcur ar fáil de bhun Airteagal 4(2).

1.   Déanfaidh an Coimisiún córas faisnéise (“Clár”) a bhunú agus a choimeád ar bun, faoin dáta a bhunaítear in Airteagal 36(2), ina mbeidh na ráitis maidir le dícheall cuí arna gcur ar fáil de bhun Airteagal 4(2) agus liosta na n-oibreoirí agus na dtrádálaithe neamhchomhlíontacha dá dtagraítear in Airteagal 23 .

Leasú 224

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 31 – mír 2 – pointe c

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c)

toradh na rialuithe ar ráitis maidir le dícheall cuí a chlárú;

(c)

toradh na rialuithe ar ráitis maidir le dícheall cuí agus na pionóis arna bhforchur a chlárú;

Leasú 225

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 31 – mír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4.   Tabharfaidh an Coimisiún rochtain ar an gcóras faisnéise sin d’údaráis chustaim, d’údaráis inniúla, d’oibreoirí agus do thrádálaithe i gcomhréir lena gcuid oibleagáidí féin faoin Rialachán seo.

4.   Tabharfaidh an Coimisiún rochtain ar an gcóras faisnéise sin d’údaráis chustaim, d’údaráis inniúla, d’oibreoirí agus trádálaithe, nó dá n-ionadaithe dlíthiúla, nó don bheirt acu, agus do na soláthróirí lena mbaineann, i gcomhréir lena gcuid oibleagáidí faoi seach faoin Rialachán seo. Beidh sé de cheart ag na soláthraithe lena mbaineann gach faisnéis a bhaineann leo a cheadú.

Leasú 226

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 31 – mír 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5.   I gcomhréir le Beartas Sonraí Oscailte an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe le Treoir (AE) 2019/1024 (51), tabharfaidh an Coimisiún rochtain ar thacair sonraí iomlána anaithnidithe an chórais faisnéise don phobal gcoitinne i bhformáid oscailte mheaisín-inléite agus lena n-áiritheofar idir-inoibritheacht, athúsáid agus inrochtaineacht.

5.    Gan dochar d’Airteagal 23 agus i gcomhréir le Beartas Sonraí Oscailte an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe le Treoir (AE) 2019/1024 (51),, tabharfaidh an Coimisiún rochtain don phobal i gcoitinne ar thacair sonraí iomlána anaithnidithe an chórais faisnéise , cé is moite don fhaisnéis bpointe (e) de mhír 2 den Airteagal seo, i bhformáid oscailte mheaisín-inléite agus lena n-áiritheofar idir-inoibritheacht, athúsáid agus inrochtaineacht.

Leasú 227

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 32 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.    Tráth nach déanaí ná 2 bhliain tar éis dó teacht i bhfeidhm, déanfaidh an Coimisiún an chéad athbhreithniú ar an Rialachán seo, agus cuirfidh an Coimisiún tuarascáil i láthair Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle lena ngabhfaidh, más iomchuí, togra reachtach. Díreofar go háirithe sa tuarascáil ar mheastóireacht ar an ngá atá le leathnú raon feidhme an Rialacháin seo chuig éiceachórais eile, agus ar a indéanta a bheadh sé sin, lena n-áirítear talamh ina bhfuil stoic mhóra carbóin agus talamh lena mbaineann luach ard bithéagsúlachta amhail féarthailte, tailte portaigh agus bogaigh agus tráchtearraí breise.

1.   Tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo , déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú leanúnach ar a chur i bhfeidhm. Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

 

(a)

i láthair, tráth nach déanaí ná … [OP: cuirtear isteach an dáta bliain amháin tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], lena ngabhfaidh togra reachtach, i gcás inarb iomchuí, chun raon feidhme an Rialacháin seo a leathnú chuig éiceachórais nádúrtha eile, lena n-áirítear talamh ina bhfuil stoic mhóra charbóin agus talamh lena mbaineann luach ard bithéagsúlachta, amhail féarthailte, tailte portaigh agus bogaigh, sa bhreis ar thalamh foraoise agus coillearnach eile, i gcomhréir leis an scoithdháta agus na sainmhínithe dá dtagraítear in Airteagal 2,

 

(b)

meastóireacht a dhéanamh, tráth nach déanaí ná … [OP: cuirtear isteach an dáta 2 bhliain tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, ar an méid seo a leanas:

 

 

(i)

an gá agus an indéanta raon feidhme an Rialacháin seo a leathnú chuig tráchtearraí agus táirgí eile, go háirithe táirgí breise a dhíorthaítear ó na tráchtearraí a liostaítear in Iarscríbhinn I, agus freisin chuig tráchtearraí agus táirgí breise, go háirithe cána siúcra, eatánól agus táirgí mianadóireachta;

 

 

(ii)

tionchar an Rialacháin ar fheirmeoirí, go háirithe feirmeoirí beaga, pobail dhúchasacha agus pobail áitiúla agus an gá a d’fhéadfadh a bheith le tuilleadh tacaíochta le haghaidh an aistrithe chuig slabhraí soláthair inbhuanaithe agus do shealbhóirí beaga chun ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh;

 

 

(iii)

an gá atá le tuilleadh uirlisí éascaithe trádála, agus a n-indéantacht, go háirithe do thíortha is lú forbairt a mbeidh tionchar mór ag an Rialachán seo orthu agus do thíortha a sainaithnítear riosca caighdeánach nó ardriosca ina leith, chun tacú le gnóthú chuspóirí an Rialacháin seo;

 

(c)

anailís a dhéanamh, laistigh de bhliain amháin ó ghlacadh [an Treoir atá ar na bacáin maidir le dícheall cuí inbhuanaitheachta corparáideach], an bhfuil gá le haon treoirlínte chun cur chun feidhme an Rialacháin seo a éascú agus comhleanúnachas a áirithiú idir an Rialachán seo agus [an Treoir atá ar na bacáin maidir le dícheall cuí inbhuanaitheachta corparáideach], agus chun ualach riaracháin míchuí a sheachaint.

Leasú 228

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 32 – mír 2 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Tráth nach déanaí ná 5 bliana tar éis don Rialachán teacht i bhfeidhm agus gach 5 bliana ar a laghad ina dhiaidh sin , déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ginearálta ar an Rialachán seo, agus cuirfidh sé tuarascáil i láthair Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle lena ngabhfaidh, más iomchuí, togra reachtach. Áireofar sa chéad cheann de na tuarascálacha meastóireacht ar na nithe seo a leanas go háirithe, bunaithe ar staidéir shonracha:

Gan dochar do na hathbhreithnithe a sceidealaítear i mír 1 , déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú , ag eatraimh thráthrialta, ar Iarscríbhinn I, chun a mheasúnú an iomchuí na táirgí ábhartha a liostaítear in Iarscríbhinn I a leasú nó a leathnú chun a áirithiú go n-áireofar sa liosta sin gach táirge a bhfuil tráchtearraí ábhartha iontu, a cothaíodh le tráchtearraí ábhartha nó ar úsáideadh tráchtearraí ábhartha lena ndéanamh, ach amháin i gcás ina mbeidh éifeacht dhiomaibhseach ag éileamh ar na táirgí sin ar an dífhoraoisiú. Beidh na hathbhreithnithe bunaithe ar mheasúnú ar éifeacht na dtráchtearraí agus na dtáirgí ábhartha ar an dífhoraoisiú, ar an díghrádú foraoise agus ar an tiontú foraoise, agus cuirfear san áireamh iontu athruithe ar thomhaltas, lena n-áirítear measúnú mionsonraithe ar na patrúin trádála sna hearnálacha a chumhdaítear leis an Rialachán seo, mar a léirítear le fianaise eolaíoch.

Leasú 229

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 32 – mír 2 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)

an gá atá le tuilleadh uirlisí éascaithe trádála, agus a n-indéantacht, chun tacú le gnóthú chuspóirí an Rialacháin lena n-áirítear trí scéimeanna deimhniúcháin a aithint;

scriosta

Leasú 230

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 32 – mír 2 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)

tionchar an Rialacháin ar fheirmeoirí, go háirithe feirmeoirí beaga, pobail dhúchasacha agus pobail áitiúla agus an gá a d’fhéadfadh a bheith le tuilleadh tacaíochta le haghaidh an aistrithe chuig slabhraí soláthair inbhuanaithe.

scriosta

Leasú 231

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 32 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.    Gan dochar don athbhreithniú ginearálta faoi mhír 1, déanfaidh an Coimisiún an chéad athbhreithniú ar Iarscríbhinn I tráth nach déanaí ná 2 bhliain tar éis don Rialachán seo teacht i bhfeidhm , agus ag eatraimh thráthrialta ina dhiaidh sin chun a mheasúnú cé acu is iomchuí nó nach iomchuí na táirgí ábhartha a liostaítear in Iarscríbhinn I a leasú nó síneadh a chur leo chun a áirithiú go n-áireofar sa liosta sin gach táirge a bhfuil tráchtearraí ábhartha iontu, a beathaíodh le tráchtearraí ábhartha nó ar úsáideadh tráchtearraí ábhartha lena ndéanamh, ach amháin i gcás ina mbeidh éifeacht diomaibhseach ag éileamh ar na táirgí sin ar an dífhoraoisiú . Beidh na hathbhreithnithe bunaithe ar mheasúnú ar éifeacht na dtráchtearraí agus na dtáirgí ábhartha ar an dífhoraoisiú agus ar an díghrádú foraoise, agus cuirfear san áireamh iontu athruithe ar thomhaltas, mar a shonraítear le fianaise eolaíoch .

3.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán leanúnach ar thionchair an Rialacháin seo ar gheallsealbhóirí leochaileacha amhail sealbhóirí beaga , pobail dhúchasacha agus pobail áitiúla, go háirithe i dtríú tíortha, agus aird ar leith á tabhairt ar chás na mban . Beidh an faireachán bunaithe ar mhodheolaíocht eolaíoch agus thrédhearcach agus cuirfear san áireamh ann faisnéis a chuirfidh na geallsealbhóirí leasmhara ar fáil .

Leasú 232

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 32 – mír 3 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

3a.     Déanfaidh an Coimisiún faireachán leanúnach ar athruithe ar ghréasáin trádála na dtáirgí agus na dtráchtearraí a áirítear i raon feidhme an Rialacháin seo. Nuair a fhaightear nach bhfuil cúis chuí leordhóthanach nó bonn cirt eacnamaíoch leordhóthanach leis na hathruithe ar an bpatrún trádála seachas chun oibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo a sheachaint, lena n-áirítear táirgí agus tráchtearraí a ionadú le táirgí agus tráchtearraí eile nach n-áirítear ar liosta na dtáirgí agus na dtráchtearraí in Iarscríbhinn I ach a bhfuil saintréithe comhchosúla acu, ba cheart a mheas gur teacht timpeall atá i gceist leis sin. Féadfaidh páirtithe leasmhara an Coimisiún a chur ar an eolas faoi aon teacht timpeall a bhraitear a bheith ann agus déanfaidh an Coimisiún imscrúdú ar aon éileamh a bhfuil bunús tugtha leis ag páirtí leasmhar.

Leasú 233

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 32 – mír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4.   Tar éis athbhreithniú mar a leagtar amach i  mír 3, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 33 chun Iarscríbhinn I a leasú chun go n-áireofar ann táirgí ábhartha a bhfuil tráchtearraí ábhartha iontu nó ar úsáideadh tráchtearraí ábhartha lena ndéanamh .

4.   Tar éis aon cheann de na hathbhreithnithe a leagtar amach i  míreanna 1 go 4, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 33 chun an liosta in Iarscríbhinn I fhorlíonadh, nó, más iomchuí, togra reachtach a thíolacadh chun an Rialachán seo a leasú.

Leasú 234

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 33 – mír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le geallsealbhóirí agus saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

Leasú 235

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 35 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 35 a

 

Leasú ar Threoir 2003/35/CE

 

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/35/CE  (1a) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle tríd an bpointe seo a leanas a chur léi:

(ga)

Airteagal 14(3) de [Rialachán (AE) Uimh. XXXX/XX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an … maidir le tráchtearraí agus táirgí áirithe atá bainteach leis an dífhoraoisiú agus leis an díghrádú foraoise a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais agus a onnmhairiú ón Aontas mar aon leis sin agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 995/2010  (*1) .

Leasú 236

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 36 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.   Beidh feidhm ag na hAirteagail dá dtagraítear i mír 2 24 mhí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo maidir le hoibreoirí ar micrifhiontair iad (53) a bhunaítear faoin 31 Nollaig 2020, ach amháin táirgí a chumhdaítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 995/2010.

3.   Beidh feidhm ag na hAirteagail dá dtagraítear i mír 2 24 mhí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo maidir le hoibreoirí ar micrifhiontair agus fiontair bheaga iad (53) a bhunaítear faoin 31 Nollaig 2020, ach amháin táirgí a chumhdaítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 995/2010.

Leasuithe 237 agus 246

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Eallach

ex 0102 Eallach beo

ex 0201 Feoil ó eallach, úr nó fuaraithe

ex 0202 Feoil ó eallach, reoite

ex 0206 10 Scairteach inite ó eallach, úr nó fuaraithe

ex 0206 22 Aenna inite ó eallach, reoite

ex 0206 29 Scairteach inite ó eallach (seachas teangacha agus aenna), reoite

ex 4101 Seithí agus craicne amha ó eallach (atá úr, nó saillte, triomaithe, aolta, picilte nó leasaithe ar bhealach eile, ach nach bhfuil súdaraithe, párchóirithe ná ullmhaithe thairis sin), bídís bearrtha nó scairghearrtha nó ná bídís

ex 4104 Seithí agus craicne súdaraithe nó crústaithe ó eallach, gan fionnadh orthu, bídís scairghearrtha nó ná bídís, ach gan ullmhú thairis sin orthu

ex 4107 Leathar ó eallach, a ndearnadh ullmhú breise air tar éis a shúdaraithe nó a chrústaithe, lena n-áirítear leathar párchóirithe, gan fionnadh air, bíodh sé scairghearrtha nó ná bíodh

An cócó

1801 00 00 Pónairí cócó, iomlán nó briste, amh nó rósta

1802 00 00 Blaoscanna, mogaill agus craicne cócó agus dramhaíl eile cócó

1803 Leafaos cócó, bíodh sé díshaillte nó ná bíodh

1804 00 00 Im cócó, saill cócó agus ola cócó

1805 00 00 Púdar cócó nach bhfuil siúcra breise ná substaint eile mhilsithe ann

1806 Seacláid agus ullmhóidí bia eile ina bhfuil cócó

Caife

0901 Caife, bíodh sé rósta nó díchaiféinithe nó ná bíodh; mogaill agus craicne caife; ionadaigh chaife a bhfuil cion éigin caife iontu

Ola pailme

1511 Ola pailme agus a codáin, bídís scagtha nó ná bídís, ach nach bhfuil modhnú ceimiceach déanta orthu

1207 10 Cnónna pailme agus eithní pailme

1513 21 Amhola eithne pailme agus amhola babasú agus a gcodáin

1513 29 Ola eithne pailme agus ola babasú agus a gcodáin, bídís scagtha nó ná bídís, ach nach bhfuil modhnú ceimiceach déanta orthu (seachas amhola)

2306 60 Cáca ola agus iarmhair sholadacha eile chnónna pailme nó eithní pailme, bídís meilte nó i bhfoirm millíní nó ná bídís, a thagann ó ola chnónna pailme nó ola eithní pailme a úscadh

Soighe

1201 Pónairí soighe, bídís briste nó ná bídís

1208 10 Plúr pónaire shoighe agus min phónaire shoighe

1507 Ola pónaire soighe agus a codáin, bídís scagtha nó ná bídís, ach nach bhfuil modhnú ceimiceach déanta orthu

2304 Cáca ola agus iarmhair sholadacha eile, bídís meilte nó i bhfoirm millíní nó ná bídís, a thagann ó ola phónaire shoighe a úscadh

Adhmad

4401 Connadh, ina spreotaí, ina smutáin, ina chraobhóga, ina bhrosna nó i bhfoirmeacha dá samhail; adhmad i sliseanna nó i gcáithníní; min sáibh agus fuíolladhmad agus dramhadhmad, bíodh nó ná bíodh sé ceirtleánaithe i bhfoirm spreotaí, brícíní nó millíní nó i bhfoirmeacha dá samhail

4403 Adhmad neamhchóirithe, bíodh nó ná bíodh coirt nó sú-adhmad air nó bainte de, nó cearnaithe go garbh

4406 Trasnáin (trascheangail) adhmaid iarnróid nó trambhealaí

4407 Adhmad sáfa nó scealptha ar a fhad, sliseáilte nó scafa, bíodh nó ná bíodh sé plánáilte, greanáilte nó ceannsiúntáilte, de thiús is mó ná 6 mm

4408 Leatháin le haghaidh athchraicinn (lena n-áirítear na cinn a fhaightear trí adhmad lannaithe a shliseadh), le haghaidh sraithadhmaid nó le haghaidh adhmad lannaithe comhchosúil agus adhmad eile, sáfa ar a fhad, sliseáilte nó scafa, bíodh nó ná bíodh sé plánáilte, greanáilte, scarshiúntáilte nó ceannsiúntáilte, de thiús nach mó ná 6 mm

4409 Adhmad (lena n-áirítear stiallacha agus fríosanna d’urlár iontlaise, nach bhfuil cóimeáilte) atá dealbhaithe go leanúnach (teangaithe, eitrithe, céimnithe, seaimféaráilte, V-shiúntáilte, feirbthe, múnlaithe, maolaithe nó a leithéid) feadh aon cheann dá imill, dá fhoircinn nó dá éadain, bíodh nó ná bíodh sé plánáilte, greanáilte, nó ceannsiúntáilte

4410 Clár cáithníneach, clár sliseog treoshuite (OSB) agus clár den tsamhail sin (clár slisín, mar shampla), as adhmad nó as ábhar ligneach eile, bíodh nó ná bíodh sé ceirtleánaithe le roisíní nó le táthshubstaintí orgánacha eile

4411 Clár snáithíneach adhmaid nó ábhar ligneach eile, bíodh nó ná bíodh sé nasctha le roisíní nó le substaintí orgánacha eile

4412 Sraithadhmad, painéil a bhfuil athchraiceann orthu agus adhmad lannaithe comhchosúil

4413 00 00 Adhmad dlúthaithe, ina bhloic, ina phlátaí, ina stiallacha nó ina chruthanna próifíle

4414 00 Frámaí adhmaid i gcomhair pictiúr, grianghraf, scáthán nó nithe comhchosúla

4415 Cásanna pacála, boscaí, cliathbhoscaí, drumaí agus pacáistithe dá samhail, déanta as adhmad; drumaí cáblaí, déanta as adhmad; pailléid, pailléid i bhfoirm boscaí agus cláir ualaigh eile, déanta as adhmad; coiléir phailléid, déanta as adhmad

(Nach n-áirítear leo ábhar pacála a úsáidtear go heisiach mar ábhar pacála chun tacú le táirge eile a chuirtear ar an margadh nó chun táirge eile a chuirtear ar an margadh a chosaint nó a iompar.)

4416 00 00 Cascaí, bairillí, dabhcha, tobáin agus táirgí cúipéara eile agus codanna díobh as adhmad, lena n-áirítear stéibheanna

4418 Táirgí siúinéireachta agus cearpantóireachta, lena n-áirítear painéil cheallacha adhmaid, painéil chóimeáilte urláir, slinnte agus fabhtanna

Laíon agus páipéar i gCaibidlí 47 agus 48 den Ainmníocht Chomhcheangailte, cé is moite de tháirgí bambú agus de tháirgí (dramhaíola agus fuíll) aisghafa

9403 30 , 9403 40 , 9403 50 00 , 9403 60 agus 9403 90 30 Troscán adhmaid

9406 10 00 Foirgnimh adhmaid réamhdhéanta

Leasú

 

 

Eallach

ex 0102 Eallach beo

ex 0201 Feoil ó eallach, úr nó fuaraithe

ex 0202 Feoil ó eallach, reoite

ex 0206 10 Scairteach inite ó eallach, úr nó fuaraithe

ex 0206 22 Aenna inite ó eallach, reoite

ex 0206 29 Scairteach inite ó eallach (seachas teangacha agus aenna), reoite

ex 0206 10 Scairteach inite ó bhó-ainmhithe, atá úr nó fuaraithe

ex 0206 21 Teangacha inite ó bhó-ainmhithe, reoite

ex 0210 20 Feoil ó eallach, atá saillte, faoi sháile, triomaithe nó deataithe

ex 1602 50 Feoil nó scairteach feola ó eallach, atá úr nó leasaithe

ex 4101 Seithí agus craicne amha ó eallach (atá úr, nó saillte, triomaithe, aolta, picilte nó leasaithe ar bhealach eile, ach nach bhfuil súdaraithe, párchóirithe ná ullmhaithe thairis sin), bídís bearrtha nó scairghearrtha nó ná bídís

ex 4104 Seithí agus craicne súdaraithe nó crústaithe ó eallach, gan fionnadh orthu, bídís scairghearrtha nó ná bídís, ach gan ullmhú thairis sin orthu

ex 4107 Leathar ó eallach, a ndearnadh ullmhú breise air tar éis a shúdaraithe nó a chrústaithe, lena n-áirítear leathar párchóirithe, gan fionnadh air, bíodh sé scairghearrtha nó ná bíodh

Mucra

0103 Mucra beo

0203 Feoil ó mhucra, atá úr, fuaraithe nó reoite

0210 11 Liamhása, guaillí agus gearrthacha díobh, ar an gcnámh, ó mhucra clóis

0210 12 Boilg (stríocacha) agus gearrthacha díobh, ó mhucra clóis

0210 19 Feoil eile ó mhucra clóis

20910 Saill muice, saor ó fheoil thrua, nár rindreáladh ná nár eastóscadh ar bhealach eile, atá úr, fuaraithe, reoite, saillte, faoi sháile, triomaithe nó deataithe

Caoirigh agus Gabhair

0104 Caoirigh agus gabhair bheo

0204 Feoil ó chaoirigh nó ó ghabhair, atá úr, fuaraithe nó reoite

Éanlaith chlóis

0105 Éanlaith chlóis bheo, is é sin le rá, éanlaithe den speiceas Gallus domesticus, lachain, géanna, turcaithe agus guinithe

0207 Feoil agus scairteach inite, ó éanlaith chlóis faoin gceannteideal 0105 , atá úr, fuaraithe nó reoite

0209 90 Saill éanlaithe clóis, nár rindreáladh ná nár eastóscadh ar bhealach eile, atá úr, fuaraithe, reoite, saillte, faoi sháile, thriomaithe nó deataithe

0210 99 39 Éineoil shaillte

1602 31  – 1602 32  – 1602 39 Éanlaith chlóis ullmhaithe agus leasaithe

An cócó

1801 00 00 Pónairí cócó, iomlán nó briste, amh nó rósta

1802 00 00 Blaoscanna, mogaill agus craicne cócó agus dramhaíl eile cócó

1803 Leafaos cócó, bíodh sé díshaillte nó ná bíodh

1804 00 00 Im cócó, saill cócó agus ola cócó

1805 00 00 Púdar cócó nach bhfuil siúcra breise ná substaint eile mhilsithe ann

1806 Seacláid agus ullmhóidí bia eile ina bhfuil cócó

Caife

0901 Caife, bíodh sé rósta nó díchaiféinithe nó ná bíodh; mogaill agus craicne caife; ionadaigh chaife a bhfuil cion éigin caife iontu

Ola pailme

1511 Ola pailme agus a codáin, bídís scagtha nó ná bídís, ach nach bhfuil modhnú ceimiceach déanta orthu

1207 10 Cnónna pailme agus eithní pailme

1513 21 Amhola eithne pailme agus amhola babasú agus a gcodáin

1513 29 Ola eithne pailme agus ola babasú agus a gcodáin, bídís scagtha nó ná bídís, ach nach bhfuil modhnú ceimiceach déanta orthu (seachas amhola)

2306 60 Cáca ola agus iarmhair sholadacha eile chnónna pailme nó eithní pailme, bídís meilte nó i bhfoirm millíní nó ná bídís, a thagann ó ola chnónna pailme nó ola eithní pailme a úscadh

2905 17 Dédheacán-1-ól (Alcól láirile), Heicsideacán-1-ól (Alcól céitile) agus Ochtaideacán-1-ól (Alcól stéirile)

2905 45 Alcóil; polaihidreacha, gliocról

2915 70 Aigéid phailmíteacha, aigéid stéaracha, a gcuid salann agus eistear

2915 90 Aigéid; Aigéid mhonacarbocsaileacha neamhchioglacha sháithithe; ainhidrídí, hailídí, sárocsaídí, sárocsa-aigéid agus díorthaigh halaiginithe, shulfónaithe, níotráitithe nó níotrósaithe, nach n-aicmítear in áit ar bith eile faoi cheannteideal Uimh. 2915

Grúpaí de chód HS agus fo-cheannteidil 1517 …, 3401 …, 3823 …, 3824 …, 3826 Díorthaí bunaithe ar ola pailme agus ar ola eithne pailme

Soighe

1201 Pónairí soighe, bídís briste nó ná bídís

1208 10 Plúr pónaire shoighe agus min pónaire soighe

1507 Ola pónaire soighe agus a codáin, bídís scagtha nó ná bídís, ach nach bhfuil modhnú ceimiceach déanta orthu

2304 Cáca ola agus iarmhair sholadacha eile, bídís meilte nó i bhfoirm millíní nó ná bídís, a thagann ó ola phónaire shoighe a úscadh

Arbhar Indiach

1005 Arbhar Indiach (arbhar)

1102 20 Plúr arbhair Indiaigh (arbhar)

1103 13 Piocuaran, min agus millíní ó

grán buí (arbhar Indiach)

1103 29 40 millíní arbhair Indiaigh

1104 19 50 Gráin gráinigh arbhair Indiaigh

a oibrítear ar bhealach eile

1104 23 Gráin arbhair Indiaigh (arbhar)

a shaothraítear ar bhealach eile

1108 12 00 Stáirse arbhair Indiaigh (arbhar)

1515 21 Ola arbhair Indiaigh (arbhar) agus a codáin:

Amholaí

1904 10 10 Bianna ullmhaithe a fhaightear trí

ghránaigh nó táirgí gráinigh a fhaightear ó arbhar Indiaigh

a at nó a róstadh

2302 10 Bran, géara agus iarmhair eile,

bídís i bhfoirm millíní nó ná bídís,

a dhíorthaítear ó chriathrú, muilleáil nó

saothrú eile gránach nó plandaí léagúmacha

ó arbhar Indiach (arbhar)

1515 29 Ola arbhair Indiaigh agus codáin di, bíodh sí scagtha nó ná bíodh sí, ach nach bhfuil modhnú ceimiceach déanta uirthi (seachas amh)

2306 90 05 Cáca ola agus iarmhair sholadacha eile, bídís meilte nó i bhfoirm millíní nó ná bídís, a thagann ó ghinidín arbhair Indiaigh (arbhar) a úscadh

Adhmad

4401 Connadh, ina spreotaí, ina smutáin, ina chraobhóga, ina bhrosna nó i bhfoirmeacha dá samhail; adhmad i sliseanna nó i gcáithníní; min sáibh agus fuíolladhmad agus dramhadhmad, bíodh nó ná bíodh sé ceirtleánaithe i bhfoirm spreotaí, brícíní nó millíní nó i bhfoirmeacha dá samhail

4402 Fioghual, lena n-áirítear scillig-ghualach nó cnóghualach, bíodh sé ceirtleánaithe nó ná bíodh (seachas fioghual a úsáidtear mar íoc leighis, fioghual measctha le túis, fioghual gníomhachtaithe agus fioghual i bhfoirm crián)

4403 Adhmad neamhchóirithe, bíodh nó ná bíodh coirt nó sú-adhmad air nó bainte de, nó cearnaithe go garbh

4406 Trasnáin (trascheangail) adhmaid iarnróid nó trambhealaí

4407 Adhmad sáfa nó scealptha ar a fhad, sliseáilte nó scafa, bíodh nó ná bíodh sé plánáilte, greanáilte nó ceannsiúntáilte, de thiús is mó ná 6 mm

4408 Leatháin le haghaidh athchraicinn (lena n-áirítear na cinn a fhaightear trí adhmad lannaithe a shliseadh), le haghaidh sraithadhmaid nó le haghaidh adhmad lannaithe comhchosúil agus adhmad eile, sáfa ar a fhad, sliseáilte nó scafa, bíodh nó ná bíodh sé plánáilte, greanáilte, scarshiúntáilte nó ceannsiúntáilte, de thiús nach mó ná 6 mm

4409 Adhmad (lena n-áirítear stiallacha agus fríosanna d’urlár iontlaise, nach bhfuil cóimeáilte) atá dealbhaithe go leanúnach (teangaithe, eitrithe, céimnithe, seaimféaráilte, V-shiúntáilte, feirbthe, múnlaithe, maolaithe nó a leithéid) feadh aon cheann dá imill, dá fhoircinn nó dá éadain, bíodh nó ná bíodh sé plánáilte, greanáilte, nó ceannsiúntáilte

4410 Clár cáithníneach, clár sliseog treoshuite (OSB) agus clár den tsamhail sin (clár slisín, mar shampla), as adhmad nó as ábhar ligneach eile, bíodh nó ná bíodh sé ceirtleánaithe le roisíní nó le táthshubstaintí orgánacha eile

4411 Clár snáithíneach adhmaid nó ábhar ligneach eile, bíodh nó ná bíodh sé nasctha le roisíní nó le substaintí orgánacha eile

4412 Sraithadhmad, painéil a bhfuil athchraiceann orthu agus adhmad lannaithe comhchosúil

4413 00 00 Adhmad dlúthaithe, ina bhloic, ina phlátaí, ina stiallacha nó ina chruthanna próifíle

4414 00 Frámaí adhmaid i gcomhair pictiúr, grianghraf, scáthán nó nithe comhchosúla

4415 Cásanna pacála, boscaí, cliathbhoscaí, drumaí agus pacáistithe dá samhail, déanta as adhmad; drumaí cáblaí, déanta as adhmad; pailléid, pailléid i bhfoirm boscaí agus cláir ualaigh eile, déanta as adhmad; coiléir phailléid, déanta as adhmad

(Nach n-áirítear leo ábhar pacála a úsáidtear go heisiach mar ábhar pacála chun tacú le táirge eile a chuirtear ar an margadh nó chun táirge eile a chuirtear ar an margadh a chosaint nó a iompar.)

4416 00 00 Cascaí, bairillí, dabhcha, tobáin agus táirgí cúipéara eile agus codanna díobh as adhmad, lena n-áirítear stéibheanna

4418 Táirgí siúinéireachta agus cearpantóireachta, lena n-áirítear painéil cheallacha adhmaid, painéil chóimeáilte urláir, slinnte agus fabhtanna

Laíon agus páipéar i gCaibidlí 47 agus 48 den Ainmníocht Chomhcheangailte, cé is moite de tháirgí bambú agus de tháirgí (dramhaíola agus fuíll) aisghafa

4900 Leabhair chlóite, nuachtáin, pictiúir agus táirgí eile de chuid thionscal na clódóireachta; lámhscríbhinní, clóscríbhinní agus pleananna

9403 30 , 9403 40 , 9403 50 00 , 9403 60 agus 9403 90 30 Troscán adhmaid

9406 10 00 Foirgnimh adhmaid réamhdhéanta

Rubar

4001 Rubar nádúrtha, balata, gutta-percha, guayule, chicle agus gumaí comhchosúla; i bhfoirmeacha príomhúla nó ina bplátaí, ina leatháin nó ina stiallacha

4005 Rubar comhshuite, neamhbholcánaithe, i bhfoirmeacha príomhúla nó ina phlátaí, ina leatháin nó ina stiallacha

4006 Rubar neamhbholcánaithe i bhfoirmeacha eile (e.g. slata, feadáin agus cruthanna próifíle) agus earraí (e.g. dioscaí agus fáinní)

4007 Snáithe agus corda rubair bholcánaithe

4008 Plátaí, leatháin, stiallacha, slata, agus cruthanna próifíle, as rubar bolcánaithe seachas rubar crua

4010 Criosanna nó beilteanna iompair nó tarchurtha, as rubar bolcánaithe

4011 Aerbhoinn nua, as rubar (eile)

4012 Aerbhoinn atráchta nó chaite as rubar; boinn sholadacha nó chúisín, boinn idirmhalartaithe agus flapaí boinn, as rubar

4013 Feadáin inmheánacha, as rubar

4015 Earraí éadaigh agus oiriúintí éadaigh (lena n-áirítear lámhainní), chun críoch uile, as rubar bolcánaithe seachas rubar crua

4016 Earraí as rubar bolcánaithe seachas rubar crua, nach bhfuil sonraithe in áit eile i gcaibidil 40

4017 Rubar crua (i.e. éabainnít) i bhfoirmeacha uile, lena n-áirítear dramhaíl agus fuíoll; earraí rubair chrua

Leasú 238

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – mír 1 – pointe 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.

Cód Córais Comhchuibhithe, tuairisc saorthéacs agus cainníocht (70) an tráchtearra nó an táirge ábhartha a bheartaíonn an t-oibreoir a chur ar mhargadh an Aontais;

2.

Cód Córais Comhchuibhithe, tuairisc saorthéacs , lena n-áirítear an trádainm agus , i gcás inarb infheidhme, an t-ainm eolaíoch iomlán, agus cainníocht (70) an tráchtearra nó an táirge ábhartha a bheartaíonn an t-oibreoir a chur ar mhargadh an Aontais nó a onnmhairiú uaidh.

Leasú 239

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – mír 1 – pointe 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.

Tír an táirgthe agus gach dáileacht talún le haghaidh an táirgthe lena n-áirítear comhordanáidí geologánaithe, domhanleithead agus domhanfhad. I gcás ina bhfuil sa táirge nó sa tráchtearra ábhair, comhábhair nó comhchodanna a táirgeadh i ndáileachtaí éagsúla talún , áireofar ann comhordanáidí geologánaithe na ndáileachtaí éagsúla talún uile sin;

3.

Tír táirgthe agus codanna di agus comhordanáidí geologánaithe uile , domhanleithead agus domhanfhad , gach dáileachta talún mar a shonraítear in Airteagal 9(1) pointe (d) . I gcás ina bhfuil sa táirge nó sa tráchtearra ábhair, comhábhair nó comhchodanna a táirgeadh i ndáileachtaí éagsúla tailte nó polagán , áireofar ann comhordanáidí geologánaithe na ndáileachtaí éagsúla tailte nó polagán uile sin;


(1)  Tarchuireadh an ní ar ais chuig an gcoiste freagrach le haghaidh idirbheartaíocht idirinstitiúideach de bhun Riail 59(4), an ceathrú fomhír (A9-0219/2022).

(18)  Teachtaireacht ón gCoimisiún an 27 Iúil 2019“Dlús a Chur le Gníomhaíocht an Aontais chun Foraoisí an Domhain a Chosaint agus a Athbhunú”, COM(2019) 352 final.

(18)  Teachtaireacht ón gCoimisiún an 27 Iúil 2019“Dlús a Chur le Gníomhaíocht an Aontais chun Foraoisí an Domhain a Chosaint agus a Athbhunú”, COM(2019) 352 final.

(19)  FAO, Global Forest Resource Assessment 2020, lch. XII, https://www.fao.org/documents/card/en/c/ca9825en.

(19)  FAO, Global Forest Resource Assessment 2020 FAO , lch. XII, https://www.fao.org/documents/card/en/c/ca9825en.

(20)  IPCC, Climate Change and Land: an IPCC special report on climate change, desertification, land degradation, sustainable land management, food security, and greenhouse gas fluxes in terrestrial ecosystems [An t-Athrú Aeráide agus an Talamh: Tuarascáil speisialta IPCC maidir leis an athrú aeráide, gaineamhlú, bainistiú talún inbhuanaithe, slándáil bia, agus floscanna gás ceaptha teasa in éiceachórais ar talamh], https://www.ipcc.ch/srccl/.

(20)  IPCC, Climate Change and Land: an IPCC special report on climate change, desertification, land degradation, sustainable land management, food security, and greenhouse gas fluxes in terrestrial ecosystems [An t-Athrú Aeráide agus an Talamh: Tuarascáil speisialta IPCC maidir leis an athrú aeráide, gaineamhlú, bainistiú talún inbhuanaithe, slándáil bia, agus floscanna gás ceaptha teasa in éiceachórais ar talamh], https://www.ipcc.ch/srccl/.

(1a)   Tuarascáil ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide — Achoimre do lucht déanta beartas, Feabhra 2022 https://report.ipcc.ch/ar6wg2/pdf/IPCC_AR6_WGII_SummaryForPolicymakers.pdf

(21)  Forest Europe – Comhdháil Aireachta um Chosaint Foraoisí san Eoraip, Staid Fhoraoisí na hEorpa 2020, https://foresteurope.org/state-europes-forests-2020/.

(22)  An Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil, Staid an Chomhshaoil 2020, https://www.eea.europa.eu/soer/publications/soer-2020.

(21)  Forest Europe – Comhdháil Aireachta um Chosaint Foraoisí san Eoraip, Staid Fhoraoisí na hEorpa 2020, https://foresteurope.org/state-europes-forests-2020/.

(22)  An Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil, Staid an Chomhshaoil 2020, https://www.eea.europa.eu/soer/publications/soer-2020.

(23)  COM(2019) 352 final.

(24)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún, an Comhaontú Glas don Eoraip, COM(2019) 640 final.

(25)  Communication from the Commission to the European Parliament, the Council, the European Economic and Social Committee and the Committee of the Regions, EU biodiversity Strategy for 2030 Bringing nature back into our lives’ [Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030 An dúlra a thabhairt ar ais inár saol], COM/2020/380 final.

(26)  Communication from the Commission to the European Parliament, the Council, the European, Economic and Social Committee and the Committee of the Regions, A Farm to Fork Strategy for a fair, healthy and environmentally-friendly food system [Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gComhairle Eorpach, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Straitéis ón bhFeirm go dtí an Forc le haghaidh córas bia atá cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol], COM/2020/381 final.

(27)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún “Straitéis nua Foraoiseachta AE d’fhoraoisí agus don earnáil foraoisbhunaithe”, COM(2013) 659 final.

(28)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Conair i dtreo Pláinéad Sláintiúil do Chách – Plean Gníomhaíochta AE: “I dtreo Truailliú Nialasach don Aeir, d’Uisce agus don Ithir”, COM/2021/400 final.

(29)  Communication from the Commission to the European Parliament, the Council, the European Economic and Social Committee and the Committee of the Regions, A long-term Vision for the EU's Rural Areas – Towards stronger, connected, resilient and prosperous rural areas by 2040 [Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Fís fhadtéarmach le haghaidh Cheantair Thuaithe an Aontais – I dtreo ceantair thuaithe níos láidre, níos nasctha, níos athléimní agus níos rathúla faoi 2040], COM (2021) 345 final.

(30)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – Bithgheilleagar inbhuanaithe don Eoraip: An nasc idir an geilleagar, an tsochaí agus an comhshaol a neartú: straitéis bhithgheilleagar tugtha cothrom le dáta, Straitéis Bhithgheilleagair Tugtha Cothrom le Dáta, COM(2018) 273 final.

(23)  COM(2019) 352 final.

(24)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún, an Comhaontú Glas don Eoraip, COM(2019) 640 final.

(25)  Communication from the Commission to the European Parliament, the Council, the European Economic and Social Committee and the Committee of the Regions, EU biodiversity Strategy for 2030 Bringing nature back into our lives’ [Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030 An dúlra a thabhairt ar ais inár saol], COM/2020/380 final.

(26)  Communication from the Commission to the European Parliament, the Council, the European, Economic and Social Committee and the Committee of the Regions, A Farm to Fork Strategy for a fair, healthy and environmentally-friendly food system [Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gComhairle Eorpach, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Straitéis ón bhFeirm go dtí an Forc le haghaidh córas bia atá cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol], COM/2020/381 final.

(27)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún “Straitéis nua Foraoiseachta AE d’fhoraoisí agus don earnáil foraoisbhunaithe”, COM(2013) 659 final.

(28)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Conair i dtreo Pláinéad Sláintiúil do Chách – Plean Gníomhaíochta AE: “I dtreo Truailliú Nialasach don Aeir, d’Uisce agus don Ithir”, COM/2021/400 final.

(29)  Communication from the Commission to the European Parliament, the Council, the European Economic and Social Committee and the Committee of the Regions, A long-term Vision for the EU's Rural Areas – Towards stronger, connected, resilient and prosperous rural areas by 2040 [Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Fís fhadtéarmach le haghaidh Cheantair Thuaithe an Aontais – I dtreo ceantair thuaithe níos láidre, níos nasctha, níos athléimní agus níos rathúla faoi 2040], COM (2021) 345 final.

(30)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – Bithgheilleagar inbhuanaithe don Eoraip: An nasc idir an geilleagar, an tsochaí agus an comhshaol a neartú: straitéis bhithgheilleagar tugtha cothrom le dáta, Straitéis Bhithgheilleagair Tugtha Cothrom le Dáta, COM(2018) 273 final.

(31)  Conclúidí ón gComhairle maidir leis an Teachtaireacht maidir le Dlús a Chur le Gníomhaíocht an Aontais chun Foraoisí an Domhain a Chosaint agus a Athbhunú (an 16 Nollaig 2019) 15151/19. Le fáil ag https://www.consilium.europa.eu/media/41860/st15151-en19.pdf.

(31)  Conclúidí ón gComhairle maidir leis an Teachtaireacht maidir le Dlús a Chur le Gníomhaíocht an Aontais chun Foraoisí an Domhain a Chosaint agus a Athbhunú (an 16 Nollaig 2019) 15151/19. Le fáil ag https://www.consilium.europa.eu/media/41860/st15151-en19.pdf.

(32)  Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 22 Deireadh Fómhair 2020 lena ngabhann moltaí chuig an gCoimisiún maidir le creat dlíthiúil de chuid AE chun an dífhoraoisiú domhanda atá faoi thionchar AE a stopadh agus a fhreaschur (2020/2006(INL)) Le fáil ag https://www.europarl.europa.eu/doceo/document/TA-9-2020-0285_GA.html.

(32)  Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 22 Deireadh Fómhair 2020 lena ngabhann moltaí chuig an gCoimisiún maidir le creat dlíthiúil de chuid AE chun an dífhoraoisiú domhanda atá faoi thionchar AE a stopadh agus a fhreaschur (2020/2006(INL)) Le fáil ag https://www.europarl.europa.eu/doceo/document/TA-9-2020-0285_GA.html.

(33)  Arna dhaingniú ag an Aontas an 5 Deireadh Fómhair 2016 agus arna theacht i bhfeidhm an 4 Samhain 2016.

(33)  Arna dhaingniú ag an Aontas an 5 Deireadh Fómhair 2016 agus arna theacht i bhfeidhm an 4 Samhain 2016.

(33a)   Cinneadh (AE) 2022/591 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Aibreán 2022 maidir le Clár Ginearálta Gníomhaíochta Comhshaoil an Aontais go dtí 2030 (IO L 114, 12.4.2022, lch. 22).

(37)  https://ukcop26.org/glasgow-leaders-declaration-on-forests-and-land-use/.

(37)  https://ukcop26.org/glasgow-leaders-declaration-on-forests-and-land-use/.

(38)  Communication from the Commission to the European Parliament, the Council, the European Economic and Social Committee and the Committee of the Regions, Trade Policy Review – An Open, Sustainable and Assertive Trade Policy [Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Athbhreithniú ar an mBeartas Trádála – Beartas Trádála Oscailte, Inbhuanaithe agus Teanntásach], COM(2021) 66 final, 18 Feabhra 2021.

(38)  Communication from the Commission to the European Parliament, the Council, the European Economic and Social Committee and the Committee of the Regions, Trade Policy Review – An Open, Sustainable and Assertive Trade Policy [Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Athbhreithniú ar an mBeartas Trádála – Beartas Trádála Oscailte, Inbhuanaithe agus Teanntásach], COM(2021) 66 final, 18 Feabhra 2021.

(39)  COM(2019) 352 final.

(39)  COM(2019) 352 final.

(40)  IO L 295, 12.11.2010, lch. 23.

(41)  IO L 347, 30.12.2005, lch. 1.

(42)   https://ec.europa.eu/info/law/better-regulation/have-your-say/initiatives/11630-Illegal-logging-evaluation-of-EU-rules-fitness-check-_en

(40)  IO L 295, 12.11.2010, lch. 23.

(41)  IO L 347, 30.12.2005, lch. 1.

(43)  https://www.forest-trends.org/wp-content/uploads/2021/05/Illicit-Harvest-Complicit-Goods_rev.pdf.

(43)  https://www.forest-trends.org/wp-content/uploads/2021/05/Illicit-Harvest-Complicit-Goods_rev.pdf.

(44)  Pendrill F., Persson U. M., Kastner, T. 2020.

(44)  Pendrill F., Persson U. M., Kastner, T. 2020.

(1a)   Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).

(1b)   COM(2022) 0071 final.

(1a)   Treoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2003 maidir le rochtain phoiblí ar fhaisnéis ar an gcomhshaol agus lena n-aisghairtear Treoir 90/313/CEE ón gComhairle (IO L 41, 14.2.2003, lch. 26).

(1a)   Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle an 20 Eanáir 2004 maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (Rialachán um Chumaisc CE) (IO L 24, 29.1.2004, lch. 1).

(51)   Treoir  (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le sonraí oscailte, agus maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid (IO L 172, 26.6.2019, lch.  56-83 ).

(51)   Treoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le sonraí oscailte, agus maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid, IO L 172, 26.6.2019, lch.  56 ).

(1a)   Treoir 2003/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 lena bhforáiltear do rannpháirtíocht an phobail i leith pleananna agus cláir áirithe a bhaineann leis an gcomhshaol a tharraingt suas agus lena leasaítear, maidir le rannpháirtíocht phoiblí agus rochtain ar cheartas, Treoir 85/337/CEE ón gComhairle agus Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 156, 25.6.2003, lch. 17).

(*1)   IO: Cuirtear isteach uimhir agus dáta an Rialacháin seo agus fonóta ina mbeidh tagairt a fhoilsithe.

(53)  Mar a shainítear in Airteagal 3(1) de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara maidir le cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 78/660/CEE ón gComhairle agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle.

(53)  Mar a shainítear in Airteagal 3(1) agus (2) de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara maidir le cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 78/660/CEE ón gComhairle agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle.

(70)  Ní mór an chainníocht a shloinneadh i gcileagraim de ghlanmhais agus freisin, i gcás inarb infheidhme, leis an gcód Córais Comhchuibhithe a shonraítear san aonad forlíontach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle. Is infheidhme aonad forliontach i gcás ina sainítear go comhsheasmhach é le haghaidh gach fo-cheannteidil a d’fhéadfadh a bheith faoin gcód Córais Comhchuibhithe a luaitear sa ráiteas maidir le dícheall cuí.

(70)  Ní mór an chainníocht a shloinneadh i gcileagraim de ghlanmhais , lena sonraítear meastachán nó diall céatadáin, agus freisin, i gcás inarb infheidhme, leis an gcód Córais Comhchuibhithe a shonraítear san aonad forlíontach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle. Is infheidhme aonad forliontach i gcás ina sainítear go comhsheasmhach é le haghaidh gach fo-cheannteidil a d’fhéadfadh a bheith faoin gcód Córais Comhchuibhithe a luaitear sa ráiteas maidir le dícheall cuí.


5.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 125/270


P9_TA(2022)0312

Bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe atá infheidhme i Limistéar Rialála Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh (NAFO) ***I

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Meán Fómhair 2022 maidir leis an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/833 lena leagtar síos bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe is infheidhme i Limistéar Rialála Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh (COM(2022)0051 – C9-0046/2022 – 2022/0035(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

(2023/C 125/22)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2022)0051),

ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 43(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0046/2022),

ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 24 Márta 2022 (1),

ag féachaint don ghealltanas a thug ionadaí na Comhairle in litir dar dáta an 13 Iúil 2022 chun seasamh Parlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Iascach (A9-0198/2022),

1.

ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh, mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.

á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.

á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1)  IO C 290, 29.7.2022, lch. 149.


P9_TC1-COD(2021)0035

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 13 Meán Fómhair 2022 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2022/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/833 lena leagtar síos bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe is infheidhme i Limistéar Rialála Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2022/2037)


5.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 125/271


P9_TA(2022)0313

Limistéar an Choinbhinsiúin Iascaigh san Aigéan Ciúin Iartharach agus san Aigéan Ciúin Láir: Bearta caomhnaithe agus bainistíochta ***I

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Meán Fómhair 2022 maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos bearta caomhnaithe agus bainistíochta is infheidhme i Limistéar an Choinbhinsiún maidir le Stoic Éisc Mhórimirceacha san Aigéan Ciúin Iartharach agus san Aigéan Ciúin Láir a Chaomhnú agus a Bhainistiú agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 520/2007 ón gComhairle (COM(2021)0198 – C9-0153/2021 – 2021/0103(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

(2023/C 125/23)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2021)0198),

ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 43(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0153/2021),

ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 9 Meitheamh 2021 (1),

ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 30 Meitheamh 2022 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Iascach (A9-0009/2022),

1.

ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.

á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.

á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1)  IO C 341, 24.8.2021, lch. 108.


P9_TC1-COD(2021)0103

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 13 Meán Fómhair 2022 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2022/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos bearta caomhnaithe agus bainistíochta is infheidhme i Limistéar an Choinbhinsiúin Iascaigh san Aigéan Ciúin Iartharach agus san Aigéan Ciúin Láir agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 520/2007 ón gComhairle

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2022/2056)


Dé Céadaoin 14. Meán Fómhair 2022

5.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 125/272


P9_TA(2022)0315

Éifeachtúlacht fuinnimh (athmhúnlú) ***I

Leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 14 Meán Fómhair 2022 ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le héifeachtúlacht fuinnimh (athmhúnlú) (COM(2021)0558 – C9-0330/2021 – 2021/0203(COD)) (1)

(An gnáthnós imeachta reachtach: athmhúnlú)

[Leasú 1, mura léirítear a mhalairt]

(2023/C 125/24)

LEASUITHE Ó PHARLAIMINT NA hEORPA (*1)

ar an togra ón gCoimisiún

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le héifeachtúlacht fuinnimh (athmhúnlú)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 194(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (3),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rinneadh Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) a leasú go suntasach roinnt uaireanta (5). Ós rud é go bhfuil tuilleadh leasuithe le déanamh uirthi, ba cheart í a athmhúnlú ar mhaithe le soiléireacht.

(2)

Leis an bPlean um Sprioc Aeráide 2030 (6), mhol an Coimisiún uaillmhian an Aontais a ardú tríd an sprioc i dtaca le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a mhéadú go dtí ar a laghad 55 % níos ísle ná leibhéal na n-astaíochtaí a bhí ann sna 1990idí, agus é sin a dhéanamh faoi 2030. Is méadú suntasach é sin i gcomparáid leis an sprioc 40 % atá ann cheana. D’éirigh leis an togra an gealltanas a tugadh sa Teachtaireacht maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (7) a chur i gcrích chun plean cuimsitheach a chur chun tosaigh chun sprioc an Aontais do 2030 a mhéadú i dtreo 55 % ar bhealach freagrach. Tá sé i gcomhréir freisin le cuspóirí an 21ú Comhdháil de na Páirtithe i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (“Comhaontú Pháras”) an méadú ar theocht an domhain a choinneáil go maith faoi 2 oC agus iarracht a dhéanamh é a shrianadh go 1,5 oC.

(3)

I mí na Nollag 2020, d’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach sprioc cheangailteach de chuid an Aontais chun laghdú glan intíre 55 % ar a laghad ar astaíochtaí gás ceaptha teasa i gcomparáid le 1990 a bhaint amach faoi 2030. (8) Tháinig an Chomhairle Eorpach ar an gconclúid go raibh gá leis an uaillmhian aeráide a ardú ar bhealach a spreagfadh fás eacnamaíoch inbhuanaithe, a chruthódh poist, a sholáthródh tairbhí don tsláinte agus don chomhshaol do shaoránaigh an Aontais, agus a chuirfeadh le hiomaíochas domhanda fadtéarmach gheilleagar an Aontais trí nuálaíocht i dteicneolaíochtaí glasa a chur chun cinn.

(4)

Chun na cuspóirí sin a chur chun feidhme, d’fhógair Clár Oibre an Choimisiúin le haghaidh 2021 (9) pacáiste “Fit for 55” chun laghadú 55 % ar a laghad ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach agus Aontas Eorpach atá neodrach ó thaobh aeráide de a bhaint amach faoi 2050. Cuimsíonn an pacáiste sin raon réimsí beartais lena n-áirítear éifeachtúlacht fuinnimh, fuinneamh inathnuaite, úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht, cánachas fuinnimh, comhroinnt díchill agus trádáil astaíochtaí.

(4a)

Ba cheart go gcosnódh agus go gcruthódh an pacáiste “Oiriúnach do 55” poist san Aontas agus go gcuirfeadh sé ar chumas an Aontais a bheith ina cheannaire domhanda i bhforbairt agus i roghnú teicneolaíochtaí glana san aistriú domhanda fuinnimh, go háirithe maidir le réitigh éifeachtúlachta fuinnimh.

(5)

Léirítear sna réamh-mheastacháin, agus na beartais atá ann faoi láthair á gcur chun feidhme ina n-iomláine, go mbeadh laghduithe thart ar 45 % ar astaíochtaí gás ceaptha teasa i gcomparáid le leibhéil 1990, nuair a eisiatar astaíochtaí agus ionsúcháin úsáide talún, agus laghduithe thart ar 47 %, nuair a chuirtear na nithe sin san áireamh. Dá bhrí sin, déantar foráil sa Phlean um Sprioc Aeráide 2030 maidir le tacar gníomhaíochtaí is gá a chur i gcrích i ngach earnáil den gheilleagar mar aon le hathbhreithnithe ar na príomhionstraimí reachtacha chun an uaillmhian mhéadaithe sin a bhaint amach.

(6)

Is réimse tábhachtach gníomhaíochta í an éifeachtúlacht fuinnimh, agus ní féidir dícharbónú iomlán gheilleagar an Aontais a bhaint amach dá uireasa (10). Beartas an Aontais atá ann faoi láthair maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, is mar thoradh ar an ngá maidir le leas a bhaint as na deiseanna costéifeachtacha coigilte fuinnimh atá sé ann. I mí na Nollaig 2018 cuimsíodh sprioc nua an Aontais le haghaidh 2030 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh mar chuid den phacáiste “Fuinneamh Glan do gach Eorpach”, ar sprioc é de 32,5 % ar a laghad (i gcomparáid leis an úsáid réamh-mheasta fuinnimh in 2030).

(7)

Chun an uaillmhian mhéadaithe aeráide a bhaint amach, léiríodh sa mheasúnú tionchair a ghabhann leis an bPlean um Sprioc Aeráide 2030 go mbeidh gá leis na feabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh a ardú go mór ón leibhéal uaillmhéine 32,5 % atá ann faoi láthair. Féadfaidh uaillmhian mhéadaithe sprioc éifeachtúlachta fuinnimh 2030 an Aontais na praghsanna fuinnimh a laghdú agus a bheith ríthábhachtach chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, ag gabháil le méadú agus glacadh leictriú, hidrigin, ríomhbhreoslaí agus teicneolaíochtaí ábhartha eile is gá don trasdul glas, lena n-áirítear an earnáil iompair. Fiú má thagann fás tapa ar ghiniúint leictreachais ghlais, d’fheadfadh an éifeachtúlacht fuinnimh an gá atá le hacmhainneacht nua giniúna cumhachta a laghdú. Tá éifeachtúlacht fuinnimh mhéadaithe thar a bheith tábhachtach freisin i dtaca le slándáil sholáthar fuinnimh an Aontais trína spleáchas ar allmhairiú breoslaí ó thríú tíortha a laghdú. Tá éifeachtúlacht fuinnimh ar cheann de na bearta is glaine agus is costéifeachtúla má táthar chun aghaidh a thabhairt ar an spleáchas sin.

(8)

Tá suim na rannchuidithe náisiúnta a chuireann na Ballstáit in iúl ina bPleananna Náisiúnta don Fhuinneamh agus don Aeráid (NECPanna) níos ísle ná 32,5 %, leibhéal uaillmhéine an Aontais. Mar thoradh ar na rannchuidithe i dteannta a chéile, thiocfadh laghdú 29,4 % ar an ídiú fuinnimh deiridh agus 29,7 % ar an ídiú fuinnimh phríomhúil i gcomparáid leis na réamh-mheastacháin ó chás tagartha 2007 do 2030. D’fhágfadh sin go mbeadh bearna chomhchoiteann 2,8 pointe céatadáin le haghaidh ídiú fuinnimh phríomhúil agus bearna chomhchoiteann 3,1 pointe céatadáin le haghaidh ídiú fuinnimh deiridh le haghaidh AE 27. Maidir leis na figiúirí don ídiú fuinnimh phríomhúil agus deiridh do 2020 agus maidir le baint amach sprioc an Aontais, ba cheart iad a fheiceáil i gcomhthéacs éifeachtaí sealadacha na mbeart paindéimeach a glacadh in 2020 de bharr COVID-19 a chuir moilliú mór ar ghníomhaíocht eacnamaíoch agus ar iompar go háirithe. Ní mór anailís chúramach a dhéanamh ar na leibhéil tomhaltais fuinnimh phríomhúil agus deiridh a thuairisceofar don bhliain 2020.

(9)

A fhad agus atá an acmhainneacht coigiltis fuinnimh fós mór i ngach earnáil, tá dúshlán ar leith ann a bhaineann le hiompar de dheasca go bhfuil sé freagrach as níos mó ná 30 % den ídiú fuinnimh deiridh, agus le foirgnimh, ós rud é go bhfuil drochfheidhmíocht fuinnimh ag baint le 75 % de stoc foirgneamh an Aontais. Is earnáil eile atá ag dul i dtábhacht í earnáil theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide (TFC), atá freagrach as 5-9 % d’úsáid leictreachais iomlán an domhain agus níos mó ná 2 % d’astaíochtaí uile an domhain. In 2018, bhí lárionaid sonraí freagrach as 2,7 % den éileamh ar leictreachas in AE28 (11). Sa chomhthéacs sin, cuireadh i dtábhacht i Straitéis Dhigiteach an Aontais (12) an gá atá le lárionaid sonraí atá thar a bheith éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de agus atá inbhuanaithe agus le bearta trédhearcachta le haghaidh oibreoirí teileachumarsáide maidir lena lorg comhshaoil. Thairis sin, ba cheart an méadú a d’fhéadfadh teacht ar éileamh fuinnimh na tionsclaíochta mar thoradh ar dhícharbónú na tionsclaíochta, go háirithe i gcás próisis dianfhuinnimh, a chur san áireamh freisin.

(10)

Leis an leibhéal níos airde uaillmhéine, tá gá le bearta costéifeachtacha éifeachtúlachta fuinnimh a chur chun cinn ar bhealach níos láidre i ngach réimse den chóras fuinnimh agus i ngach earnáil ábhartha ina ndéanann gníomhaíocht difear don éileamh ar fhuinneamh, amhail an earnáil iompair, an earnáil uisce agus earnáil na talmhaíochta. Trí fheabhas a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh, ar fud an tslabhra fuinnimh iomláin, lena n-áirítear giniúint, tarchur, dáileadh agus críochúsáid fuinnimh, rachfar chun sochair don chomhshaol, cuirfear feabhas ar cháilíocht an aeir agus ar an tsláinte phoiblí, laghdófar astaíochtaí gás ceaptha teasa, feabhsófar an tslándáil fuinnimh tríd an ngá le hallmhairí fuinnimh, go háirithe breoslaí iontaise, gearrfar costais fuinnimh do theaghlaigh agus do chuideachtaí, cabhrófar leis an mbochtaineacht fuinnimh a mhaolú, agus beidh méadú ar iomaíochas agus beidh níos mó poist agus gníomhaíocht eacnamaíoch mhéadaithe ar fud an gheilleagair mar thoradh air, agus cuirfear feabhas ar chaighdeán maireachtála na saoránach ar an mbealach sin. Tá sé sin i gcomhréir le gealltanais an Aontais a rinneadh faoi chuimsiú an Aontais Fuinnimh agus chlár oibre domhanda na haeráide a bunaíodh le Comhaontú Pháras 2015.

(10a)

Trí fheabhas a chur ar fheidhmíocht fuinnimh earnálacha éagsúla, lena n-áirítear iompar agus tithíocht, d’fhéadfaí athghiniúint uirbeach, fostaíocht, feabhsú foirgneamh agus athruithe i bpatrúin soghluaisteachta agus inrochtaineachta a chothú. Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, roghanna níos éifeachtúla, níos inbhuanaithe agus níos inacmhainne a chur chun cinn.

(11)

Céim chun tosaigh is ea an Treoir seo i dtreo na haeráidneodreachta faoi 2050, ar Treoir í faoina ndéileálfar le héifeachtúlacht fuinnimh mar fhoinse fuinnimh inti féin. Is prionsabal uileghabhálach é bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh ba cheart a chur san áireamh ar fud na n-earnálacha uile, a théann níos faide ná an córas fuinnimh, ar gach leibhéal, lena n-áirítear san earnáil airgeadais. Ba cheart réitigh éifeachtúlachta fuinnimh a mheas mar an chéad rogha i gcinntí beartais, pleanála agus infheistíochta, mura rud é go dtiocfadh méadú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa as sin, agus rialacha nua á leagan síos ar thaobh an tsoláthair agus i réimsí eile beartais. Cé gur cheart bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh a chur i bhfeidhm gan dochar d’oibleagáidí dlíthiúla, cuspóirí agus prionsabail eile, níor cheart do na nithe sin bac a chur ar a chur i bhfeidhm ná níor cheart iad a dhíolmhú ón bprionsabal a chur i bhfeidhm ach oiread. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú gur féidir an éifeachtúlacht fuinnimh agus an fhreagairt don éileamh dul san iomaíocht ar bhonn cothrom leis an acmhainn giniúna. Ní mór feabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh a dhéanamh aon uair a bheidís níos cost-éifeachtaí ná réitigh choibhéiseacha ó thaobh an tsoláthair de. Ba cheart go gcabhródh sé sin chun leas a bhaint as tairbhí iomadúla na héifeachtúlachta fuinnimh don Aontas, go háirithe do na saoránaigh agus do ghnóthaí. Ba cheart cur chun feidhme beart feabhsúcháin éifeachtúlachta fuinnimh a bheith mar thosaíocht chun an bhochtaineacht fuinnimh a mhaolú

(12)

Ba cheart éifeachtúlacht fuinnimh a aithint mar ghné ríthábhachtach agus ba cheart tús áite a thabhairt di agus cinntí infheistíochta á ndéanamh amach anseo i ndáil le bonneagar fuinnimh an Aontais. Ba cheart bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh a chur i bhfeidhm agus an cur chuige maidir le héifeachtúlacht an chórais agus peirspictíocht na sochaí agus na sláinte á gcur san áireamh go príomha, agus aird á tabhairt ar chinnteacht an tsoláthair, ar chomhtháthú an chórais fuinnimh agus ar an aistriú chuig neodracht aeráide. Ina dhiaidh sin, ba cheart go gcuideodh sé le héifeachtúlacht na n-earnálacha críochúsáide aonair agus an chórais iomlán fuinnimh. Le cur i bhfeidhm an phrionsabail, ba cheart tacú freisin le hinfheistíochtaí i réitigh éifeachtúlachta fuinnimh a rannchuidíonn le cuspóirí comhshaoil a liostaítear i Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13).

(13)

Sainmhíníodh bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh i Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) agus is dlúthchuid de Straitéis an Aontais Eorpaigh maidir le Comhtháthú Córas Fuinnimh é (15). Cé go bhfuil an prionsabal bunaithe ar chost-éifeachtúlacht, tá impleachtaí níos leithne ag a chur i bhfeidhm ó thaobh na sochaí de, agus ba cheart meastóireacht chúramach a dhéanamh air trí mhodheolaíochtaí láidre um measúnú costais is tairbhe a chuireann san áireamh na tairbhí iomadúla a bhaineann le héifeachtúlacht fuinnimh. D’ullmhaigh an Coimisiún treoirlínte tiomnaithe i dtaca le hoibriú agus cur i bhfeidhm an phrionsabail, trí uirlisí sonracha agus samplaí cur i bhfeidhm a mholadh in earnálacha éagsúla. Ina theannta sin, d’eisigh an Coimisiún moladh do na Ballstáit a chuireann le ceanglais na Treorach seo agus iarrann sé go ndéanfar gníomhaíochtaí sonracha maidir le cur i bhfeidhm an phrionsabail. Ba cheart do na Ballstáit lánaird a thabhairt ar an moladh sin agus a bheith treoraithe aici maidir le prionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh a chur chun feidhme sa chleachtas.

(13a)

Leis an bprionsabal “tús áite a thabhairt don éifeachtúlacht fuinnimh”, is gá cur chuige iomlánaíoch a ghlacadh, lena gcuirtear éifeachtúlacht fhoriomlán an chórais chomhtháite fuinnimh, slándáil soláthair agus costéifeachtúlacht san áireamh agus lena gcuirtear chun cinn na réitigh is éifeachtúla maidir le neodracht aeráide ar fud an tslabhra luacha iomláin, ó tháirgeadh fuinnimh, iompar líonraí go hídiú fuinnimh deiridh, ionas go mbainfear amach éifeachtúlachtaí in ídiú fuinnimh phríomhúil agus deiridh araon. Ba cheart leis an gcur chuige sin go bhféachfaí ar fheidhmíocht an chórais agus ar úsáid dhinimiciúil fuinnimh, áit a meastar gur réitigh éifeachtúlachta iad acmhainní ó thaobh an éilimh de agus solúbthacht an chórais. Ag an am céanna, is féidir an prionsabal a chur i bhfeidhm ar leibhéal sócmhainní níos ísle freisin nuair atá feidhmíocht éifeachtúlachta fuinnimh réitigh shonracha le sainaithint agus nuair a dhéantar réitigh a oiriúnú chun tacú leo siúd a bhfuil éifeachtúlacht níos airde acu i gcás inarb ionann iad freisin agus bealach dícharbónaithe cost-éifeachtach.

(14)

D’fhonn tionchar a imirt, ní mór do chinnteoirí bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach ag an leibhéal náisiúnta, réigiúnach, áitiúil, agus earnálach i ngach cinneadh ábhartha cásbhunaithe, beartais, pleanála agus mórinfheistíochta – is é sin le rá infheistíochtaí mórscála ar mó a luach ná EUR 50 milliún an ceann nó EUR 75 milliún i gcás tionscadail bonneagair iompair a mbíonn tionchar acu ar ídiú, tarchur, dáileadh, stóráil nó soláthar fuinnimh. Chun cur i bhfeidhm cuí an phrionsabail a áirithiú, ní mór modheolaíocht cheart na hanailíse costais is tairbhe a úsáid, coinníollacha cumasúcháin a leagan síos do réitigh atá éifeachtach ó thaobh fuinnimh de agus faireachán cuí a dhéanamh. Ba cheart anailísí costais is tairbhe a bheith bunaithe i gcónaí ar an bhfaisnéis is déanaí maidir le praghsanna fuinnimh agus ba cheart go mbeadh cásanna maidir le praghsanna a bheith ag ardú a bheith san áireamh sna hanailísí sin, amhail mar gheall ar laghdú ar lamháltais CTA, chun dreasacht a sholáthar bearta éifeachtúlachta fuinnimh a chur i bhfeidhm, agus ba cheart iad a fhorbairt go córasach, a chur i gcrích agus a chur ar fáil go poiblí. Ba cheart tús áite a thabhairt do réitigh atá dírithe ar an éileamh i gcás ina bhfuil siad níos costéifeachtaí ná mar a thugtar d’infheistíochtaí i mbonneagar an tsoláthair fuinnimh chun cuspóirí beartais a bhaint amach. D’fhéadfadh solúbthacht ar thaobh an éilimh tairbhí eacnamaíocha, comhshaoil agus sochaíocha níos leithne a chur ar fáil do thomhaltóirí agus do phobail áitiúila, feabhas a chur ar éifeachtúlacht na gcóras fuinnimh agus na costais fuinnimh a laghdú, mar shampla trí chostais oibrithe na gcóras a laghdú a mbeidh taraifí níos ísle do na tomhaltóirí uile ann mar thoradh air sin. Ba cheart do na Ballstáit na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ann ó thaobh an éilimh a chur san áireamh agus bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh á chur i bhfeidhm acu agus i gcás inarb ábhartha freagairt don éileamh ar leibhéal láraithe agus leibhéal díláraithe araon, stóráil fuinnimh agus réitigh chliste a chur san áireamh mar chuid dá n-iarrachtaí éifeachtúlacht fuinnimh an chórais chomhtháite fuinnimh a mhéadú.

(15)

Ba cheart bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh a chur i bhfeidhm ar bhealach comhréireach agus níor cheart forluí ná oibleagáidí ar na Ballstáit atá ag teacht salach ar a chéile a bheith i gceist le ceanglais na Treorach seo, i gcás ina n-áirithítear cur i bhfeidhm an phrionsabail go díreach le reachtaíocht eile. D’fhéadfadh an cás a bheith amhlaidh i gcás na dtionscadal leasa choitinn a áirítear i liosta an Aontais de bhun Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2022/869 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16), lena dtugtar isteach na ceanglais chun bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh a mheas i bhforbairt agus i measúnú na dtionscadal sin.

(16)

Tá an t-aistriú cóir cothrom i dtreo Aontas a bheidh neodrach ó thaobh na haeráide de a bhaint amach faoi 2050 ina chuid lárnach den Chomhaontú Glas don Eoraip. Is coincheap lárnach é an bhochtaineacht fuinnimh a chomhdhlúthaítear sa phacáiste reachtach dar teideal “Fuinneamh Glan do gach Eorpach” agus atá ceaptha chun aistriú fuinnimh cóir a éascú. De bhun Rialachán (AE) 2018/1999 agus Treoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17), chuir an Coimisiún treoir tháscach ar fáil maidir le táscairí iomchuí chun an bhochtaineacht fuinnimh a mheas agus chun “líon suntasach na dteaghlach atá i mbochtaineacht fuinnimh” a shainiú (18). Le Treoir (AE) 2019/944 agus Treoir 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19), cuirtear de cheangal ar na Ballstáit bearta iomchuí a dhéanamh chun dul i ngleic leis an mbochtaineacht fuinnimh i gcás ina sainaithnítear í, lena n-áirítear bearta a thugann aghaidh ar chomhthéacs níos leithne na bochtaineachta. Tá sé sin ábhartha go háirithe i gcomhthéacs praghsanna fuinnimh a bheith ag ardú agus brú boilscithe, i gcás inar cheart bearta gearrthéarmacha agus fadtéarmacha araon a chur chun feidhme chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin shistéamacha do chóras fuinnimh an Aontais.

(17)

Ba cheart go mbainfeadh teaghlaigh ísealioncaim agus meánioncaim, custaiméirí leochaileacha, lena n-áirítear úsáideoirí deiridh, daoine atá ag déileáil le atá i mbaol na bochtaineachta fuinnimh nó daoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta, chomh maith le FBManna agus micrithionscadail, tairbhe as cur i bhfeidhm bhunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh. Ba cheart bearta éifeachtúlachta fuinnimh a chur chun feidhme mar thosaíocht chun staid na ndaoine aonair agus na dteaghlach sin a fheabhsú agus chun bochtaineacht fuinnimh a mhaolú agus níor cheart go spreagfadh siad aon mhéadú díréireach ar chostais tithíochta, shoghluaisteachta nó fuinnimh. Leis an gcur chuige iomlánaíoch i gceapadh beartais agus i gcur chun feidhme beartas agus beart, cuirtear ceangal ar na Ballstáit a áirithiú nach mbeidh aon éifeacht dhíobhálach ag beartais ná ag bearta eile ar na daoine aonair sin ná ar na teaghlaigh sin.

(18)

Tá an Treoir seo ina cuid de chreat beartais níos leithne beartas éifeachtúlachta fuinnimh a thugann aghaidh ar an acmhainneacht éifeachtúlachta fuinnimh i réimsí beartais sonracha, lena n-áirítear foirgnimh (Treoir 2010/31/AE (20)), táirgí (Treoir 2009/125/CE, Rialachán (AE) 2017/1369 agus Rialachán (AE) 2020/740 (21)) agus sásra rialachais (Rialachán (AE) 2018/1999). Tá ról an-tábhachtach ag na beartais sin ó thaobh coigilteas fuinnimh a bhaint amach nuair a chuirtear táirgí nua in ionad táirgí nó nuair a dhéantar foirgnimh a thógáil nó a athchóiriú (22).

(19)

Chun infheistíocht i mbearta éifeachtúlachta fuinnimh a éascú, is gá bacainní a bhaint chun sprioc éifeachtúlachta fuinnimh uaillmhianach a bhaint amach. Cuirfidh fochlár LIFE “Aistriú chuig Fuinneamh Glan” cistiú tiomnaithe ar fáil chun tacú leis an dea-chleachtas san Eoraip maidir le cur chun feidhme beartais éifeachtúlachta fuinnimh chun aghaidh a thabhairt ar na bacainní iompraíochta, margaidh agus rialála ar éifeachtúlacht fuinnimh.

(20)

Thacaigh Comhairle Eorpach an 23 agus 24 Deireadh Fómhair 2014 le sprioc éifeachtúlachta fuinnimh de 27 % do 2030 ar leibhéal an Aontais a bheidh le hathscrúdú faoi 2020 agus an sprioc ar leibhéal an Aontais de 30 % á cur san áireamh. Ina rún an 15 Nollaig 2015 dar teideal “Towards a European Energy Union” [“I dTreo Aontas Fuinnimh Eorpach”], d'iarr Parlaimint na hEorpa ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh freisin ar a inmharthana a bheadh sé sprioc éifeachtúlachta fuinnimh de 40 % a bheith ann don tráthchlár céanna.

(21)

De réir na réamh-mheastachán, thiocfadh laghdú thart ar 45 % faoi 2030 ar astaíochtaí gás ceaptha teasa mar thoradh ar sprioc éifeachtúlachta fuinnimh an Aontais de 32,5 % do 2030 agus ar ionstraimí beartais eile an chreata atá ann faoi láthair (23). Le haghaidh uaillmhian mhéadaithe aeráide de laghdú 55 % ar astaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 2030, rinneadh measúnú sa mheasúnú tionchair a rinneadh ar an bPlean um Sprioc Aeráide 2030 ar leibhéal na n-iarrachtaí a bheadh ag teastáil sna réimsí éagsúla beartais. Thángthas ar an gconclúid ann, maidir leis an mbonnlíne, gurbh é a bhí i gceist leis an sprioc astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach ar bhealach atá barrmhaith ó thaobh costais de ná laghdú 36-37 % ar a laghad agus laghdú 39-41 % ar a laghad faoi seach a dhéanamh ar thomhaltas fuinnimh deiridh agus ar thomhaltas príomhúil.

(22)

Socraíodh agus ríomhadh sprioc éifeachtúlachta fuinnimh an Aontais ar dtús agus úsáid á baint as réamh-mheastacháin Chás Tagartha 2007 do 2030 mar bhunlíne. Leis an athrú ar mhodheolaíocht Eurostat chun cothromaíocht fuinnimh a ríomh agus feabhsuithe ar réamh-mheastacháin samhaltaithe ina dhiaidh sin, is gá an bunlíne a athrú. Dá bhrí sin, agus an cur chuige céanna á úsáid chun an sprioc a shainiú, is é sin le rá é a chur i gcomparáid leis na réamh-mheastacháin bhunlíne amach anseo, leagtar síos uaillmhian sprioc éifeachtúlachta fuinnimh an Aontais do 2030 i gcomparáid le réamh-mheastacháin Chás Tagartha 2020 do 2030 a léiríonn rannchuidithe náisiúnta ó NECPanna. Leis an mbunlíne nuashonraithe sin, beidh ar an Aontas a uaillmhian maidir le héifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú tuilleadh ▌. Ní dhéanann an bealach nua chun leibhéal uaillmhéine spriocanna an Aontais a chur in iúl difear don leibhéal iarrachta atá ag teastáil ▌.

(23)

Tá an mhodheolaíocht chun ídiú fuinnimh deiridh agus phríomhúil a ríomh ailínithe le modheolaíocht nua Eurostat, ach tá raon feidhme éagsúil ag na táscairí a úsáidtear chun críche na Treorach seo – is é sin le rá nach gcuirtear teas comhthimpeallachta san áireamh agus go gcuirtear ídiú fuinnimh san eitlíocht idirnáisiúnta san áireamh don sprioc maidir le hídiú fuinnimh deiridh. Tugtar le tuiscint freisin le húsáid na dtáscairí nua nach léirítear aon athrú ar ídiú fuinnimh na bhfoirnéisí soinneáin ach amháin san ídiú fuinnimh phríomhúil.

(24)

Ba cheart an gá don Aontas chun feabhas a chur ar a spriocanna éifeachtúlachta fuinnimh a shloinneadh in ídiú fuinnimh phríomhúil agus deiridh, le baint amach in 2030, lena léirítear leibhéal breise na n-iarrachtaí a éilítear nuair a chuirtear i gcomparáid iad leis na bearta atá i bhfeidhm nó leis na bearta atá beartaithe sna pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide. Tuartar le Cás Tagartha 2020 go bhfuil 864 Mtoe d’ídiú fuinnimh deiridh agus 1 124 Mtoe d’ídiú fuinnimh phríomhúil le sroicheadh in 2030 (gan teas comhthimpeallach a áireamh agus eitlíocht idirnáisiúnta san áireamh). 740 Mtoe agus 960 Mtoe faoi seach a bheidh ann in 2030 mar thoradh ar laghdú breise 14,5 %. Comhfhreagraíonn sé sin do laghdú 40 % ar ídiú fuinnimh deiridh agus laghdú 42,5 % ar ídiú fuinnimh príomhúil faoi seach i gcomparáid le réamh-mheastacháin Chás Tagartha 2007 do 2030. Níl aon spriocanna ceangailteacha ar leibhéal na mBallstát chun sprioc éifeachtúlachta fuinnimh 2020 a bhaint amach. Maidir le sprioc 2030, ba cheart go mbeadh ranníocaíochtaí náisiúnta ceangailteach agus ba cheart do na Ballstáit a rannchuidithe a bhunú maidir le sprioc éifeachtúlachta fuinnimh an Aontais a bhaint amach de réir na foirmle dá bhforáiltear sa Treoir seo. Ba cheart saoirse a bheith ag na Ballstáit a gcuspóirí náisiúnta a shocrú bunaithe ar ídiú fuinnimh deiridh nó phríomhúil nó ar choigealtas fuinnimh phríomhúil nó deiridh, nó ar dhéine fuinnimh. Is éard a dhéanann an Treoir seo an chaoi ar cheart do na Ballstáit a rannchuidithe ceangailteacha náisiúnta a shloinneadh maidir le sprioc cheangailteach an Aontais a leasú. Ba cheart rannchuidithe ceangailteacha na mBallstát i ndáil le sprioc an Aontais a shloinneadh in ídiú fuinnimh deiridh agus phríomhúil chun comhsheasmhacht agus faireachán ar an dul chun cinn a áirithiú. Is gá meastóireacht rialta a dhéanamh ar an dul chun cinn ionsar spriocanna an Aontais do 2030 a bhaint amach agus déantar foráil dó i Rialachán (AE) 2018/1999.

(25)

Ba cheart an sprioc éifeachtúlachta fuinnimh a bhaint amach mar thoradh ar chur chun feidhme carnach beart sonrach áitiúil, réigiúnach, náisiúnta agus Eorpach lena gcuirtear éifeachtúlacht fuinnimh chun cinn i réimsí éagsúla. Ba cheart ceangal a chur ar na Ballstáit beartais agus bearta náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh a shocrú. Ba cheart don Choimisiún na beartais agus bearta sin agus iarrachtaí aonair gach Ballstáit a mheas, mar aon le sonraí maidir leis an dul chun cinn atá déanta, chun measúnú a dhéanamh ar an dóchúlacht go mbainfear amach sprioc fhoriomlán an Aontais agus ar a mhéid is leor na hiarrachtaí aonair chun an sprioc choiteann a bhaint amach.

(26)

Tá an earnáil phoiblí freagrach as thart ar idir 5 go 10 % d’ídiú fuinnimh deiridh an Aontais. Caitheann na húdaráis phoiblí tuairim is 1,8 trilliún euro in aghaidh na bliana. Is é atá sa mhéid sin thart ar 14 % d’Olltáirgeacht Intíre an Aontais. Chuige sin, is spreagthóir tábhachtach é an earnáil phoiblí maidir le haistriú an mhargaidh i dtreo táirgí, foirgnimh agus seirbhísí níos inbhuanaithe a spreagadh, mar aon le hathruithe iompraíochta a chothú in ídiú fuinnimh na saoránach agus na bhfiontar. Thairis sin, trí ídiú fuinnimh a laghdú trí bhearta feabhsúcháin éifeachtúlachta fuinnimh, is féidir acmhainní poiblí a shaoradh chun críocha eile. Ba cheart do na comhlachtaí poiblí ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil ról eiseamláireach a chomhlíonadh maidir leis an éifeachtúlacht fuinnimh.

(27)

Chun dea-shampla a thabhairt, ba cheart don earnáil phoiblí a spriocanna féin maidir le dícharbónú agus éifeachtúlacht fuinnimh a leagan amach. Ba cheart na feabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh san earnáil phoiblí a bheith ag teacht leis na hiarrachtaí is gá ar leibhéal an Aontais. ▌Leis an oibleagáid laghdú bliantúil 2 % ar a laghad ar ídiú fuinnimh san earnáil phoiblí a bhaint amach, ba cheart go n-áiritheofaí leis sin go gcomhlíonfaidh an earnáil phoiblí a ról eiseamláireach. Coinníonn na Ballstáit solúbthacht iomlán maidir leis an rogha i ndáil le bearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh chun an t-ídiú fuinnimh deiridh a laghdú. I gcás ina n-éilítear laghdú bliantúil ar ídiú fuinnimh deiridh, tá ualach riaracháin níos ísle i gceist ná modhanna tomhais a bhunú le haghaidh coigilteas fuinnimh.

(28)

Chun a ndualgas a chomhlíonadh, ba cheart do na Ballstáit díriú ar ídiú deiridh fuinnimh na seirbhísí poiblí agus na suiteálacha uile de chuid comhlachtaí poiblí. Chun raon feidhme na seolaithe a chinneadh, ba cheart do na Ballstáit an sainmhíniú ar údaráis chonarthacha dá bhforáiltear i dTreoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur i bhfeidhm (24). Is féidir an oibleagáid a chomhlíonadh tríd an ídiú deiridh fuinnimh a laghdú in aon réimse den earnáil phoiblí, lena n-áirítear iompar, foirgnimh phoiblí, cúram sláinte, pleanáil spásúlachta, bainistiú uisce agus cóireáil fuíolluisce, séaracht agus íonú uisce, bainistiú dramhaíola, téamh agus fuarú ceantair, dáileadh, soláthar agus stóráil fuinnimh, soilsiú poiblí, pleanáil bonneagair. Chun an t-ualach riaracháin ar chomhlachtaí poiblí a laghdú, ba cheart do na Ballstáit ardáin dhigiteacha nó uirlisí digiteacha a bhunú chun na sonraí maidir leis an ídiú comhiomlánaithe ó chomhlachtaí poiblí a bhailiú, iad a chur ar fáil go poiblí, agus na sonraí a thuairisciú don Choimisiún.

(29)

Ba cheart do na Ballstáit ról eiseamláireach a fheidhmiú trína áirithiú go ndéantar gach conradh feidhmíochta, fuinnimh, iniúchtaí fuinnimh agus gach córas bainistíochta fuinnimh san earnáil phoiblí i gcomhréir le caighdeáin Eorpacha nó idirnáisiúnta, nó go n-úsáidtear iniúchtaí fuinnimh den chuid is mó sna codanna den earnáil phoiblí atá an-dian ar fhuinneamh. Ba cheart do na Ballstáit treoir shoiléir agus nósanna imeachta soiléire a chur ar fáil maidir le húsáid na n-ionstraimí sin.

(30)

Moltar do na húdaráis phoiblí tacaíocht a fháil ó eintitis amhail gníomhaireachtaí fuinnimh inbhuanaithe arna mbunú ar an leibhéal réigiúnach nó áitiúil i gcás inarb infheidhme. Is iondúil a léiríonn eagrú na ngníomhaireachtaí sin riachtanais aonair na n-údarás poiblí i réigiún áirithe nó atá ag feidhmiú i réimse áirithe den earnáil phoiblí. Is féidir le gníomhaireachtaí láraithe freastal ar bhealach níos fearr agus ar bhealach níos éifeachtaí ar bhealaí eile, mar shampla, i mBallstáit bheaga nó láraithe nó i ndáil le gnéithe casta nó trasréigiúnacha amhail téamh agus fuarú ceantair. Is féidir le gníomhaireachtaí fuinnimh inbhuanaithe feidhmiú mar ionaid ilfhreastail de bhun Airteagal 21. Is minic a bhíonn na gníomhaireachtaí sin freagrach as pleananna dícharbónaithe áitiúla nó réigiúnacha a fhorbairt, lena bhféadfaí bearta eile dícharbónaithe a áireamh freisin, amhail coirí breoslaí iontaise a mhalartú, agus tacaíocht a thabhairt d’údaráis phoiblí beartais a bhaineann le fuinneamh a chur chun feidhme. Féadfaidh inniúlachtaí, cuspóirí agus acmhainní soiléire a bheith ag gníomhaireachtaí fuinnimh inbhuanaithe nó eintitis eile i réimse an fhuinnimh inbhuanaithe chun cabhrú leis na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla. D’fhéadfaí gníomhaireachtaí fuinnimh inbhuanaithe a spreagadh chun breithniú a dhéanamh ar thionscnaimh a glacadh faoi chuimsiú Chúnant na Méaraí, lena dtugtar le chéile rialtais áitiúla atá tiomanta dá ndeoin féin cuspóirí aeráide agus fuinnimh an Aontais a chur chun feidhme, agus tionscnaimh eile atá ann cheana chun na críche sin. Ba cheart na pleananna dícharbónaithe a nascadh le pleananna forbartha críochacha agus ba cheart an measúnú cuimsitheach ar cheart do na Ballstáit a dhéanamh a chur san áireamh iontu.

(31)

Ba cheart do na Ballstáit tacú le comhlachtaí poiblí chun bearta feabhsaithe éifeachtúlacht fuinnimh a phleanáil agus a dhéanamh, lena n-áirítear ag leibhéil áitiúla agus réigiúnacha, trí thacaíocht airgeadais agus theicniúil a sholáthar agus trí phleananna a thíolacadh lena dtugtar aghaidh ar an easpa lucht saothair agus gairmithe cáilithe is gá do gach céim den aistriú glas, lena n-áirítear daoine ceirde mar aon le saineolaithe teicneolaíochta glasa ardoilte, eolaithe feidhmeacha agus nuálaithe. Ba cheart do na Ballstáit tacú le comhlachtaí poiblí chun na tairbhí leathana lasmuigh den choigilteas fuinnimh a chur san áireamh, amhail cáilíocht fheabhsaithe an aeir laistigh agus timpeallacht laistigh níos sláintiúla chomh maith le caighdeán feabhsaithe maireachtála, go háirithe i gcás scoileanna, ionad cúraim lae, tithe altranais agus ospidéal. Ba cheart do na Ballstáit treoir a sholáthar lena ndéantar deiseanna oiliúna agus forbartha inniúlachta a chur chun cinn agus comhar i measc comhlachtaí poiblí a spreagadh, lena n-áirítear i measc gníomhaireachtaí. Chun na críche sin, d’fhéadfadh na Ballstáit lárionaid inniúlachta náisiúnta agus réigiúnacha a bhunú maidir le saincheisteanna casta, amhail comhairle a chur ar ghníomhaireachtaí áitiúla nó réigiúnacha fuinnimh maidir le téamh nó fuarú ceantair.

(31a)

I ngéarchéim slándála fuinnimh agus i mborradh ar phraghsanna fuinnimh, ba cheart dreasachtaí a thabhairt do na Ballstáit chun tús áite a thabhairt d’infheistíochtaí i gcoigilteas fuinnimh. Chuige sin, ba cheart an deis a thabhairt do na Ballstáit a dhéanann athchóiriú ar níos mó ná 3 % d’achar urláir iomlán a gcuid foirgneamh in aon bhliain ar leith le linn thréimhse 2024-2026 an barrachas a áireamh i dtreo an ráta athchóirithe bhliantúil d’aon cheann de na trí bliana ina dhiaidh sin. Féadfaidh Ballstát a dhéanann athchóiriú ar níos mó ná 3 % d’achar urláir iomlán a fhoirgnimh ón 1 Eanáir 2027 an barrachas a áireamh i dtreo ráta athchóirithe bliantúil an dá bhliain ina dhiaidh sin. Níor cheart an fhéidearthacht sin a úsáid chun críocha nach bhfuil i gcomhréir le cuspóirí ginearálta agus leibhéal uaillmhéine na Treorach seo.

(32)

Is iad foirgnimh, an earnáil iompair mar aon leis an earnáil tionsclaíochta na hearnálacha is mó a úsáideann fuinneamh agus is iad na hearnálacha sin an phríomhfhoinse astaíochtaí (25). Tá foirgnimh freagrach as thart ar 40 % d’ídiú fuinnimh iomlán an Aontais agus as 36 % dá n-astaíochtaí gás ceaptha teasa ó fhuinneamh (26). Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal “Rabharta Athchóiriúcháin” (27), tugtar aghaidh ar dhúshlán na héifeachtúlachta acmhainní agus na héifeachtúlachta fuinnimh agus na hinacmhainneachta in earnáil na tógála agus is é is aidhm don teachtaireacht an ráta athchóirithe a mhéadú faoi dhó. Díríonn sé ar na foirgnimh is measa feidhmíocht, ar an mbochtaineacht fuinnimh agus ar fhoirgnimh phoiblí. Thairis sin, tá foirgnimh ríthábhachtach chun go mbainfear cuspóir de chuid an Aontais aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050. Maidir le foirgnimh ar le comhlachtaí poiblí iad, agus foirgnimh a sholáthraíonn seirbhísí leasa ghinearálta, amhail oideachas (amhail ionaid chúraim lae, scoileanna agus ollscoileanna), sláinte (amhail ospidéil agus tithe altranais do dhaoine scothaosta) agus seirbhísí sóisialta (amhail ionaid phobail a fhreastalaíonn ar dhaoine), daoine óga, daoine scothaosta agus daoine a bhfuil cónaí orthu i dteaghlaigh ar ioncam íseal), nó tithíocht shóisialta, is sciar suntasach den stoc tógála iad agus tá ard-infheictheacht acu sa saol poiblí.. Is iomchuí, dá bhrí sin, ráta bliantúil athchóirithe a shocrú ar fhoirgnimh atá ar úinéireacht ag comhlachtaí poiblí agus ar fhoirgnimh chun críocha sóisialta ar chríoch Ballstáit chun a bhfeidhmíocht fuinnimh a uasghrádú agus a chlaochlú ar a laghad i bhfoirgnimh atá beagnach saor ó astaíochtaí nó i bhfoirgnimh atá saor ó astaíochtaí. Iarrtar ar na Ballstáit ráta athchóirithe níos airde a shocrú, nuair is costéifeachtach faoi chuimsiú an athchóirithe ar a stoc foirgneamh i gcomhréir lena Straitéisí fadtéarmacha athchóirithe nó le pleananna náisiúnta athchóirithe. Níor cheart gur dochar an ráta athchóirithe do na hoibleagáidí maidir le foirgnimh atá nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh (NZEBanna) a leagtar amach i Treoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (28). Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann ceanglais nach bhfuil chomh dian sin a chur i bhfeidhm maidir le roinnt foirgneamh, amhail foirgnimh a bhfuil fiúntas speisialta ailtireachta nó staire acu. Le linn an chéad athbhreithnithe eile a dhéanfar ar Threoir 2010/31/AE, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta ag na Ballstáit maidir leis an athchóiriú ar fhoirgnimh na gcomhlachtaí poiblí. Ba cheart don Choimisiún féachaint le togra reachtach a chur isteach chun an ráta athchóirithe a athbhreithniú, agus an dul chun cinn atá bainte amach ag na Ballstáit, forbairtí eacnamaíocha nó teicniúla suntasacha á gcur san áireamh nó i gcás ina bhfuil gá leis, gealltanais an Aontais maidir le dícharbónú agus truailliú nialasach. Déanann an oibleagáid foirgnimh na gcomhlachtaí poiblí a athchóiriú sa Treoir seo an Treoir sin a chomhlánú, lena gceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú agus athchóiriú mór á dhéanamh ar fhoirgnimh atá ann cheana, go ndéanfar uasghrádú ar fheidhmíocht fuinnimh na bhfoirgneamh chun go gcomhlíonfaidh siad na ceanglais maidir le NZEBanna. Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit treoir bhreise a chur ar fáil maidir le hathchóiriú domhain a dhéanamh ar fhoirgnimh a bhfuil luach stairiúil ag baint leo.

(33)

Chun an ráta athchóirithe a shocrú, ní mór do na Ballstáit forbhreathnú a bheith acu ar na foirgnimh nach mbaineann leibhéal NZEB amach. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit fardal foirgneamh poiblí, lena n-áirítear tithíocht shóisialta a fhoilsiú agus a choinneáil cothrom le dáta mar chuid de bhunachar sonraí foriomlán de dheimhnithe feidhmíochta fuinnimh. Leis an bhfardal sin, ba cheart a chur ar a gcumas do na gníomhaithe príobháideacha, lena n-áirítear cuideachtaí seirbhíse fuinnimh (ESCOanna), réitigh athchóirithe a mholadh agus féadfaidh Faireachlann an Aontais um Stoc Foirgneamh iad a chomhiomlánú.

(34)

Sa bhliain 2020, tá níos mó ná leath de dhaonra an domhain ina chónaí i gceantair uirbeacha. Meastar go sroichfidh an figiúr sin 68 % faoi 2050 (29). Ina theannta sin, tá leath de na bonneagair uirbeacha faoi 2050 fós le tógáil (30). Is ionaid atá tábhachtach ó thaobh na gníomhaíochta eacnamaíche, na giniúna, na nuálaíochta agus teicneolaíochtaí nua de iad cathracha agus ceantair uirbeacha. Tá tionchar ag cathracha ar chaighdeán saoil na saoránach atá ina gcónaí iontu nó atá ag obair iontu. Ba cheart do na Ballstáit tacaíocht theicniúil agus airgeadais a thabhairt do na bardais. Tá cuir chuige chomhtháite maidir le coigealtas, soláthar agus soghluaiseacht fuinnimh curtha i bhfeidhm ag roinnt bardas agus ag comhlachtaí poiblí eile sna Ballstáit cheana féin, mar shampla, trí phleananna gníomhaíochta maidir le fuinneamh inbhuanaithe nó pleananna soghluaisteachta uirbí inbhuanaithe, amhail na pleananna a forbraíodh faoi thionscnamh Chúnant na Méaraí, agus cuir chuige chomhtháite uirbeacha a théann níos faide ná idirghabhálacha aonair i bhfoirgnimh nó modhanna iompair. Tá gá le hiarrachtaí breise a dhéanamh sa réimse a bhaineann le héifeachtúlacht fuinnimh na soghluaisteachta uirbí a fheabhsú, d’iompar paisinéirí agus lasta araon, ós rud é go n-úsáideann sí thart ar 40 % d’fhuinneamh uile an iompair de bhóthar. Ba cheart go rannchuideodh Rialachán … [Rialachán TEN-T athbhreithnithe – COD 2021/420] go suntasach le dul i ngleic le héifeachtúlacht fuinnimh an iompair uirbigh le cur chuige comhsheasmhach, comhtháite agus ilmhódach tríd an gceanglas maidir le pleananna um shoghluaisteacht uirbí inbhuanaithe (SUMP) a ghlacadh mar a shainítear sa Rialachán sin. Thairis sin, chun spriocanna na Treorach seo a bhaint amach, ba cheart do na Ballstáit spreagadh láidir a thabhairt don oiread údarás áitiúil agus is féidir chun SUMPanna a ghlacadh chun rannchuidiú le hidiú fuinnimh a laghdú agus iompar nach bhfuil gá leis a sheachaint i gcás inar féidir, i gcomhréir le bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh.

(35)

Maidir le ceannach táirgí agus seirbhísí áirithe agus ceannach foirgneamh agus cíos ar fhoirgnimh, ba cheart do na húdaráis chonarthacha agus na heintitis chonarthacha a gcuireann conarthaí oibreacha poiblí, soláthair nó seirbhíse i gcrích dea-shampla a thabhairt, cinntí ceannacháin atá éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de agus bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear i ndáil leis na conarthaí poiblí agus lamháltais nach bhforáiltear aon cheanglas sonrach ina leith in Iarscríbhinn IV . Ba cheart feidhm a bheith aige sin ar na ranna riaracháin a síneann a n-inniúlacht feadh chríoch iomlán an Bhallstáit. I gcás nach bhfuil aon roinn riaracháin ábhartha den sórt sin a chumhdaíonn an chríoch iomlán i mBallstáit ar leith agus le haghaidh inniúlacht ar leith, ba cheart feidhm a bheith ag an oibleagáid maidir leis na ranna riaracháin sin a gcumhdaítear go comhchoiteann an chríoch iomlán lena n-inniúlachtaí. Níor cheart, áfach, difear a dhéanamh do na forálacha a ghabhann le treoracha an Aontais maidir le soláthar poiblí. Ba cheart do na Ballstáit na bacainní ar an soláthar comhpháirteach laistigh den Bhallstát nó thar theorainneacha i gcás inar féidir leis na nithe sin na costais a laghdú agus feabhas a chur ar na sochair ón margadh inmheánach trí dheiseanna gnó a chruthú do sholáthróirí agus do sholáthraithe seirbhísí fuinnimh.

(36)

Gach eintiteas poiblí a dhéanann infheistíocht in acmhainní poiblí trí sholáthar, ba cheart dóibh dea-shampla a thabhairt agus conarthaí agus lamháltais á ndámhachtain, trí tháirgí, seirbhísí, oibríochtaí agus foirgnimh a bhfuil an fheidhmíocht éifeachtúlachta fuinnimh is airde acu, agus i ndáil leis na soláthairtí sin nach bhfuil faoi réir ceanglas sonrach faoi Threoir 2009/30/CE. Sa chomhthéacs sin, ní mór do na nósanna imeachta dámhachtana uile maidir le conarthaí poiblí agus lamháltais ar mó a luach ná na tairseacha a leagtar amach in Airteagal 6 agus Airteagal 7 de Threoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (31), Airteagal 2(1) de Threoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (32), agus Airteagal 3 agus Airteagal 4 de Threoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, feidhmíocht éifeachtúlachta fuinnimh na dtáirgí, na bhfoirgneamh agus na seirbhísí a leagtar síos le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta a chur san áireamh, trí bhunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh a mheas mar thosaíocht ina nósanna imeachta soláthair,

(37)

Tá sé tábhachtach freisin go ndéanfaidh na Ballstáit faireachán ar an gcaoi a gcuireann na húdaráis chonarthacha agus na heintitis chonarthacha na ceanglais éifeachtúlachta fuinnimh san áireamh i soláthar táirgí, foirgneamh, oibreacha agus seirbhísí trína áirithiú go gcuirfear ar fáil go poiblí faisnéis faoin tionchar ar éifeachtúlacht fuinnimh atá ag na daoine sin a fhaigheann tairiscintí os cionn na dtairseach dá dtagraítear sna treoracha soláthair. Leis sin, is féidir le páirtithe leasmhara agus saoránaigh measúnú a dhéanamh ar ról na hearnála poiblí maidir le bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh a áirithiú i soláthar poiblí ar bhealach trédhearcach.

(38)

Sainaithnítear sa Chomhaontú Glas don Eoraip ról an gheilleagair chiorclaigh i ndáil le rannchuidiú le cuspóirí foriomlána dícharbónaithe an Aontais. Ba cheart don earnáil phoiblí rannchuidiú leis na cuspóirí sin trína gcumhacht ceannaigh a úsáid, i gcás inarb iomchuí, chun táirgí, foirgnimh, seirbhísí agus oibreacha atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a roghnú trí uirlisí atá ar fáil le haghaidh soláthar poiblí glas, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú tábhachtach a dhéanamh chun laghdú a dhéanamh ar ídiú fuinnimh agus ar an tionchar ar an gcomhshaol.

(39)

Tá sé tábhachtach go dtabharfadh na Ballstáit an tacaíocht is gá do chomhlachtaí poiblí maidir le glacadh ceanglas éifeachtúlachta fuinnimh sa soláthar poiblí agus úsáid a bhaint as soláthar poiblí glas, trí na treoirlínte agus na modheolaíochtaí is gá a sholáthar maidir leis an measúnú ar chostais saolré, agus ar thionchair agus costais ar an gcomhshaol. Táthar ag súil go n-éascófar le uirlisí dea-cheaptha, go háirithe uirlisí digiteacha, na nósanna imeachta soláthair agus go laghdófar na costais riaracháin go háirithe i mBallstáit bheaga nach mbeadh acmhainneacht leordhóthanach acu chun tairiscintí a ullmhú. I ndáil leis sin, ba cheart do na Ballstáit úsáid uirlisí digiteacha agus comhar i measc na n-údarás conarthach a chur chun cinn lena n-áirítear thar theorainneacha chun dea-chleachtas a roinnt.

(40)

Ós rud é go bhfuil foirgnimh freagrach as astaíochtaí gás ceaptha teasa atá ann roimh a saolré oibríochtúil agus tar éis a saolré oibríochtúil, ba cheart do na Ballstáit saolré iomlán astaíochtaí carbóin na bhfoirgneamh a mheas freisin. Tarlaíonn sé sin i gcomhthéacs na n-iarrachtaí chun aird níos mó a thabhairt ar fheidhmíocht saolré, ar ghnéithe den gheilleagar ciorclach agus ar thionchair ar an gcomhshaol, mar chuid de ról eiseamláireach na hearnála poiblí. Dá bhrí sin, féadfaidh s féidir leis an soláthar poiblí a bheith ina dheis chun aghaidh a thabhairt ar an gcarbón corpraithe i bhfoirgnimh le linn a saolré. Maidir leis sin, is gníomhairí tábhachtacha iad na húdaráis chonarthacha ar cheart dóibh beart a dhéanamh mar chuid de nósanna imeachta soláthair trí fhoirgnimh nua a cheannach a thugann aghaidh ar acmhainneacht téite domhanda le linn an saolré iomlán.

(41)

Leis an acmhainneacht téite domhanda le linn na saolré iomláine tomhaistear na hastaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaineann leis an bhfoirgneamh ag céimeanna éagsúla le linn a shaolré. Dá bhrí sin, déanann sé tomhas ar rannchuidiú foriomlán an fhoirgnimh le hastaíochtaí a chuireann leis an athrú aeráide. Tagraítear dó sin uaireanta mar mheasúnú ar an lorg carbóin nó tomhas carbóin saolré. Tugtar le chéile ann na hastaíochtaí carbóin atá cuimsithe in ábhair thógála le hastaíochtaí díreacha agus indíreacha ón gcéim úsáide. Is banc ábhair suntasach iad foirgnimh, is stórtha d’acmhainní atá dian ar charbón iad thar na blianta fada, agus dá bhrí sin, tá sé tábhachtach féachaint ar dhearaí lena n-éascófar athúsáid agus athchúrsáil sa todhchaí ag deireadh an tsaoil oibríochtúil, i gcomhréir le Plean Gníomhaíochta Nua don Gheilleagar Ciorclach. Ba cheart do na Ballstáit ciorclaíocht, marthanacht agus inoiriúnaitheacht ábhar tógála a chur chun cinn, d’fhonn aghaidh a thabhairt ar fheidhmíocht inbhuanaitheachta táirgí foirgníochta agus costas iomaíoch agus tarraingteach á shocrú acu, trí úsáid a bhaint as na hionstraimí airgeadais go léir atá ar fáil chun dreasachtaí a sholáthar chun ábhair chiorclacha a úsáid.

(42)

Sloinntear an acmhainneacht téite domhanda mar tháscaire uimhriúil in kgCO2e/m2 (den achar urláir inmheánaigh úsáidigh) le haghaidh gach céime saolré meánaithe le haghaidh bliain amháin de thréimhse staidéir tagartha 50 bliain. Déantar an roghnú sonraí, sainmhíniú cásanna agus ríomhanna i gcomhréir le caighdeán EN 15978. Leagtar amach raon feidhme na n-eilimintí tógála agus an trealaimh theicniúil i dtáscaire 1,2 de chreat comhchoiteann Leibhéil/Leibhéal an Aontais Eorpaigh. I gcás inarb ann d’uirlis náisiúnta ríomha, nó i gcás ina n-éilítear í chun nochtadh a dhéanamh nó chun ceadanna tógála a fháil, ba cheart é a bheith indéanta an uirlis náisiúnta sin a úsáid chun an fhaisnéis a éilítear a sholáthar. Ba cheart é a bheith indéanta uirlisí ríomha eile a úsáid má chomhlíonann siad na critéir íosta a leagtar síos le creat comhchoiteann Leibhéil/Leibhéal an Aontais Eorpaigh.

(43)

Le Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, (33) rialaítear suiteálacha a rannchuidíonn le táirgeadh fuinnimh nó a úsáideann fuinneamh chun críocha táirgthe, agus ní mór faisnéis maidir leis an bhfuinneamh a úsáidtear sa tsuiteáil nó a ghintear leis an tsuiteáil a chur san áireamh sna hiarratais ar cheadanna comhtháite (Airteagal 12(1)(b)). Thairis sin, sonraítear in Airteagal 11 den Treoir sin go bhfuil an éifeachtúlacht fuinnimh ar cheann de na prionsabail ghinearálta lena rialaítear oibleagáidí bunúsacha an oibreora agus ar cheann de na critéir lena gcinntear na teicnící is fearr atá ar fáil de bhun Iarscríbhinn III de Threoir 2010/75/AE. Tá éifeachtúlacht oibríochtúil na gcóras fuinnimh ag am ar bith faoi thionchar an chumais an chumhacht a ghintear ó fhoinsí éagsúla – lena ngabhann leibhéil táimhe agus amanna tosaigh éagsúla – a sholáthar don eangach ar bhealach rianúil solúbtha. Trí fheabhas a chur ar an éifeachtúlacht sin, beifear in ann úsáid níos fearr a bhaint as fuinneamh in-athnuaite.

(44)

Le feabhsú na héifeachtúlachta fuinnimh, is féidir rannchuidiú le haschur eacnamaíoch níos airde. Ba cheart go mbeadh sé mar aidhm ag na Ballstáit agus ag an Aontas díriú ar ídiú fuinnimh a laghdú beag beann ar leibhéil an fháis eacnamaíoch.

(45)

Ba cheart an oibleagáid fuinneamh a shábháil arna bunú leis an Treoir seo a mhéadú agus ba cheart feidhm a bheith aici tar éis 2030. Áirithítear leis sin cobhsaíocht d’infheisteoirí agus spreagfar, ar an mbealach sin, infheistíochtaí fadtéarmacha agus bearta fadtéarmacha éifeachtúlachta fuinnimh, amhail athchóiriú domhain foirgneamh agus é mar chuspóir fadtéarmach na foirgnimh atá ann faoi láthair a aistriú go NZEBanna agus sin a dhéanamh ar bhealach costéifeachtach.  Ní dhéantar athchóirithe domhain a fheabhsaíonn feidhmíocht fuinnimh foirgnimh 60 % ar a laghad go bliantúil faoi láthair ach i 0,2 % den stoc foirgneamh, agus níl feabhas suntasach tagtha ar éifeachtúlacht fuinnimh ach sa chúigiú cuid de na cásanna. Tá ról tábhachtach ag an oibleagáid maidir le coigilteas fuinnimh i ndáil le cruthú fáis áitiúil, post, iomaíochais agus maidir leis an mbochtaineacht fuinnimh a mhaolú. Ba cheart go n-áiritheofaí leis go mbeidh an tAontas in ann a chuid cuspóirí fuinnimh agus aeráide a bhaint amach trí dheiseanna breise a chruthú agus chun an nasc idir ídiú fuinnimh agus fás a bhriseadh. Tá comhar leis an earnáil phríobháideach tábhachtach chun measúnú a dhéanamh ar na coinníollacha ar féidir infheistiú príobháideach le haghaidh tionscadail éifeachtúlachta fuinnimh a dhíghlasáil agus chun múnlaí nua ioncaim a fhorbairt do nuálaíocht i réimse na héifeachtúlachta fuinnimh.

(46)

Bíonn tionchar dearfach ag bearta feabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh freisin ar cháilíocht an aeir, mar cuidítear, le níos mó foirgneamh atá éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de, leis an éileamh ar bhreoslaí téimh, lena n-áirítear breoslaí téimh soladacha, a laghdú. Dá bhrí sin, le bearta éifeachtúlachta fuinnimh, cuidítear le feabhas a chur ar cháilíocht an aeir laistigh agus lasmuigh agus cuidítear le cuspóirí bheartas an Aontais maidir le cáilíocht an aeir a bhaint amach ar bhealach costéifeachtach, mar a bunaíodh go háirithe le Treoir (AE) 2016/2284 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (34).

(47)

Ceanglaítear ar na Ballstáit coigilteas carnach fuinnimh críochúsáide a bhaint amach don tréimhse oibleagáide iomlán suas go dtí 2030, rud atá coibhéiseach le coigilteas bliantúil nua de 0,8 % ar a laghad den ídiú fuinnimh deiridh go dtí an 31 Nollaig 2023 agus de 2 % ar a laghad amhail ón 1 Eanáir 2024. D'fhéadfaí an ceanglas sin a chomhlíonadh trí bhearta nua beartais a ghlacfar le linn na tréimhse oibleagáide ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2030 nó trí ghníomhaíochtaí nua aonair mar thoradh ar bhearta beartais a glacadh le linn na tréimhse roimhe sin nó roimh an tréimhse sin, ar an gcoinníoll go ndéantar na gníomhaíochtaí aonair a spreagann coigilteas fuinnimh ina leith a thabhairt isteach le linn na tréimhse ina dhiaidh sin. Chuige sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann úsáid a bhaint as scéim um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh, bearta beartais malartacha, nó an dá rud.

(48)

Le haghaidh na tréimhse 2021 go dtí an 31 Nollaig 2023, ba cheart go gceanglófaí ar an gCipir agus ar Mhálta coigilteas carnach fuinnimh críochúsáide a bhaint amach arb ionann é agus coigilteas nua de 0,24 % d’ídiú fuinnimh deiridh don tréimhse 2021 go dtí 2030 amháin. Ba cheart an ráta coigiltis aonair scor d’fheidhm a bheith aige ón 1 Eanáir 2024.

(49)

I gcás ina n-úsáidtear scéim oibleagáide, ba cheart do na Ballstáit páirtithe faoi oibleagáid a ainmniú as measc oibreoirí córais tarchurtha, oibreoirí córas dáileacháin, dáileoirí fuinnimh, cuideachtaí díolacháin fuinnimh miondíola agus dáileoirí nó miondíoltóirí breosla iompair ar bhonn critéir oibiachtúla agus neamh-idirdhealaitheacha. Le hainmniú catagóirí áirithe dáileoirí nó miondíoltóirí den sórt sin nó le díolúine ó ainmniú den sórt sin, níor cheart a thuiscint nach bhfuil an méid sin ag luí le prionsabal an neamh-idirdhealaithe. Dá bhrí sin, is féidir leis na Ballstáit roghnú an ndéantar oibreoirí córais tarchurtha, d'oibreoirí córas dáileacháin, dáileoirí nó miondíoltóirí den sórt sin nó catagóirí áirithe díobh amháin a ainmniú mar pháirtithe faoi oibleagáid. Chun cumhacht a thabhairt do na custaiméirí leochaileacha agus do theaghlaigh ar ioncam íseal, do dhaoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh agus do dhaoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta agus chun iad a chosaint, agus chun bearta beartais a chur chun feidhme i measc na ndaoine sin mar thosaíocht, féadfaidh na Ballstáit ceangal a chur ar na páirtithe faoi oibleagáid coigilteas fuinnimh a bhaint amach i measc na gcustaiméirí leochaileacha, na ndaoine a ndéanann bochtaineacht fuinnimh difear dóibh agus na ndaoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta. Chun na críche sin, is féidir leis na Ballstáit spriocanna laghdaithe costas fuinnimh a bhunú freisin. D’fhéadfadh na páirtithe faoi oibleagáid na spriocanna sin a bhaint amach trí shuiteáil beart a chur chun cinn as a dtiocfaidh coigilteas fuinnimh agus coigilteas airgeadais ar bhillí fuinnimh, amhail insliú agus bearta téimh a shuiteáil agus trí thacú le tionscnaimh choigiltis fuinnimh ag pobail fuinnimh inathnuaite agus ag pobail fuinnimh saoránach. D’fhéadfadh na bearta sin a bheith an-tairbheach do chustaiméirí leochaileacha, do dhaoine a bhfuil tionchar ag bochtaineacht fuinnimh orthu agus do dhaoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta, toisc go mbíonn na daoine sin ina gcónaí i bhfoirgnimh níos measa feidhmíochta agus dá bhrí sin is iad is mó a bhaineann tairbhe as feabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh.

(50)

Agus bearta beartais á gceapadh chun an oibleagáid maidir le coigilteas fuinnimh a chomhlíonadh, ba cheart do na Ballstáit caighdeáin agus tosaíochtaí aeráide agus comhshaoil an Aontais a urramú agus prionsabal “gan dochar suntasach a dhéanamh” de réir bhrí Rialachán (AE) 2020/852 a chomhlíonadh (35). Níor cheart do na Ballstáit gníomhaíochtaí nach bhfuil inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a chur chun cinn amhail breoslaí iontaise a úsáid. Is é is aidhm don oibleagáid maidir le coigilteas fuinnimh an fhreagairt ar an athrú aeráide a neartú trí dhreasachtaí a chur chun cinn do na Ballstáit meascán beartais inbhuanaithe agus glan a chur chun feidhme, meascán atá athléimneach, agus a mhaolaíonn an t-athrú aeráide. Dá bhrí sin, féadfaidh coigilteas fuinnimh ó bhearta beartais maidir le húsáid dócháin dhíreach breosla iontaise a bheith ina choigilteas fuinnimh incháilithe faoin oibleagáid coigiltis fuinnimh faoi choinníollacha áirithe agus ar feadh tréimhse áirithe tar éis an Treoir seo a thrasuí i gcomhréir le hIarscríbhinn V. Beifear in ann leis sin an oibleagáid maidir le coigilteas fuinnimh a ailíniú le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, leis an bPlean um Sprioc Aeráide, leis an Straitéis “Rabharta Athchóiriúcháin”, agus beidh sé ag teacht leis an ngá atá le beart arna sainaithint ag IEA ina thuarascáil maidir le neodracht charbóin (36). Is é is aidhm don srian na Ballstáit a spreagadh chun airgead poiblí a chaitheamh ar theicneolaíochtaí inbhuanaithe a sheasfaidh an aimsir amháin. Tá sé tábhachtach go gcuirfidh na Ballstáit creat beartais soiléir agus cinnteacht infheistíochta ar fáil do ghníomhaithe margaidh. Le cur chun feidhme na modheolaíochta ríofa faoin oibleagáid maidir le coigilteas fuinnimh, ba cheart go mbeadh na gníomhaithe margaidh uile in ann a dteicneolaíochtaí a oiriúnú laistigh de thréimhse ama réasúnach. I gcás ina dtacóidh na Ballstáit le glacadh teicneolaíochtaí éifeachtúla breoslaí iontaise nó le teicneolaíocht den sórt sin a athsholáthar go luath, mar shampla trí scéimeanna fóirdheontais nó scéimeanna oibleagáide éifeachtúlachta fuinnimh, d’fhéadfadh sé nach mbeadh coigilteas fuinnimh incháilithe a thuilleadh faoin oibleagáid maidir le coigilteas fuinnimh. Cé nach mbeadh coigilteas fuinnimh a thiocfadh as comhghiniúint gás-bhunaithe a chur chun cinn incháilithe, mar shampla, ní bheadh feidhm ag an srian maidir le húsáid breoslaí iontaise indírigh, mar shampla i gcás ina n-áirítear giniúint breoslaí iontaise i dtáirgeadh leictreachais. Ba cheart bearta beartais lena ndírítear ar athruithe iompraíochta chun ídiú breosla iontaise a laghdú, mar shampla trí fheachtais faisnéise agus trí thiomáint éiceolaíoch, a bheith incháilithe i gcónaí. Maidir leis an gcoigilteas fuinnimh ó bhearta beartais lena ndírítear ar athchóiriú foirgneamh, féadfaidh bearta a bheith iontu amhail córais téimh breosla iontaise a athsholáthar mar aon le feabhsuithe ar chreataí tógála, ar bearta iad ba cheart a bheith teoranta do na teicneolaíochtaí sin lenar féidir an coigilteas fuinnimh is gá a bhaint amach de réir na gcód náisiúnta tógála arna mbunú i mBallstát. Mar sin féin, ba cheart do na Ballstáit uasghrádú córas téimh a chur chun cinn mar chuid d’athchóiriú domhain i gcomhréir leis an gcuspóir fadtéarmach maidir le neodracht charbóin, i.e. an t-éileamh ar théamh a laghdú agus an t-éileamh ar théamh atá fágtha a chumhdach le foinse fuinnimh atá saor ó charbón. Agus cuntas á thabhairt acu ar an gcoigilteas is gá chun sciar den oibleagáid maidir le coigilteas fuinnimh a bhaint amach i measc daoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, féadfaidh na Ballstáit a ndálaí aeráide a chur san áireamh.

(51)

Tá bearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh na mBallstát san iompar incháilithe le bheith curtha san áireamh chun a n-oibleagáid maidir le coigilteas fuinnimh críochúsáide a bhaint amach. Áirítear ar bheartais den sórt sin beartais atá, inter alia, tiomanta d'fheithiclí níos éifeachtúla, lena n-áirítear modhanna iompair ceallra-chumhachtaithe a chur chun cinn, mar aon le haistriú modha chuig rothaíocht, siúl agus iompar poiblí, nó soghluaisteacht agus pleanáil uirbeach lena laghdaítear an t-éileamh ar iompar. Sa bhreis air sin, is féidir le scéimeanna lena gcuirtear dlús le glacadh feithiclí nó beartas nua níos éifeachtúla, lena dtacaítear le haistriú chuig breoslaí lena ngabhann leibhéal níos ísle astaíochtaí gás ceaptha teasa, seachas bearta beartais maidir le dóchán díreach breosla iontaise a úsáid, lena laghdaítear úsáid fuinnimh in aghaidh an chiliméadair, a bheith incháilithe freisin, faoi réir chomhlíonadh na rialacha maidir le hábharthacht agus le breisíocht a leagtar amach in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir seo. Bearta beartais a chuireann glacadh feithiclí breosla iontaise nua chun cinn, níor cheart dóibh cáiliú mar bhearta cáilithe faoin oibleagáid maidir le coigilteas fuinnimh.

(52)

Bearta arna nglacadh ag Ballstáit de bhun Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (37) agus a bhfuil feabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh infhíoraithe agus intomhaiste nó inmheasaithe mar thoradh orthu, is féidir iad a mheas mar bhealach costéifeachtach do na Ballstáit chun a n-oibleagáid coigiltis fuinnimh a chomhlíonadh faoin Treoir seo.

(53)

Mar rogha ar cheangal a chur ar pháirtithe faoi oibleagáid an méid coigiltis charnaigh fuinnimh críochúsáide a cheanglaítear faoi Airteagal 8(1) den Treoir seo a bhaint amach, ba cheart é a bheith indéanta ag na Ballstáit, ina gcuid scéimeanna oibleagáide, cead a thabhairt do pháirtithe faoi oibleagáid ranníocaíocht a dhéanamh leis an gCiste Náisiúnta Éifeachtúlachta Fuinnimh nó ceangal a chur orthu é sin a dhéanamh, a d’fhéadfaí a úsáid chun bearta beartais a chur chun feidhme mar thosaíocht i measc custaiméirí leochaileacha, daoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh agus daoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta.

(54)

Ba cheart do na Ballstáit agus do pháirtithe faoi oibleagáid úsáid a bhaint as na modhanna agus na teicneolaíochtaí uile atá ar fáil seachas maidir le húsáid teicneolaíochtaí i ndáil le dóchán díreach breosla iontaise, chun na ceanglais maidir le coigilteas carnach fuinnimh críochúsáide a cheanglaítear a bhaint amach, lena n-áirítear trí theicneolaíochtaí cliste agus inbhuanaithe a chur chun cinn i gcórais téimh agus fuaraithe ceantair éifeachtúil, i mbonneagar éifeachtúil téimh agus fuaraithe, foirgnimh éifeachtacha agus cliste, feithiclí leictreacha agus tionscail agus in iniúchtaí fuinnimh nó i gcórais bainistíochta choibhéiseacha, ar an gcoinníoll go gcomhlíonfaidh an coigilteas fuinnimh a éilítear na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 8 agus in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir seo. Ba cheart do na Ballstáit féachaint le leibhéal ard solúbthachta a áirithiú agus bearta beartais malartacha á gceapadh agus á gcur chun feidhme. Ba cheart do na Ballstáit gníomhaíochtaí a mbeadh coigilteas fuinnimh le linn saolréanna iomlána mar thoradh orthu.

(55)

Le bearta fadtéarmacha éifeachtúlachta fuinnimh, leanfar de choigilteas fuinnimh a thabhairt tar éis 2020 ach chun rannchuidiú le sprioc éifeachtúlachta fuinnimh 2030 an Aontais, ba cheart, leis na bearta sin, coigilteas nua a thabhairt tar éis 2020. Ar an taobh eile, níor cheart coigilteas fuinnimh a bhaintear amach tar éis an 31 Nollaig 2020 a áireamh faoi chomhair an choigiltis charnaigh críochúsáide a cheanglaítear don tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020.

(56)

Ba cheart coigilteas nua a bheith sa bhreis ar “ghnó mar is gnáth” ionas nach n-áireofaí coigilteas a bheadh tarlaithe ar aon chás faoi chomhair bhaint amach na gceanglas coigiltis fuinnimh. Chun tionchar na mbeart a tugadh isteach a thomhas, níor cheart ach an glanchoigilteas, arna thomhas mar an t-athrú ar an ídiú fuinnimh atá inchurtha go díreach i leith an bhirt éifeachtúlachta fuinnimh atá i gceist a chuirtear chun feidhme chun críche Airteagal den Treoir seo, a ríomh. Chun glanchoigilteas a ríomh, ba cheart do na Ballstáit cás bonnlíne a bhunú maidir leis an mbealach in bhforbródh an staid in éagmais an bhirt atá i gceist. Ba cheart an beart beartais atá i gceist a mheasúnú le hais na bonnlíne sin. Ba cheart do na Ballstáit na híoscheanglais dá bhforáiltear sa chreat reachtach ábhartha a chur san áireamh agus ba cheart go gcuirfí san áireamh go bhféadfar bearta beartais eile a dhéanamh sa tréimhse ama céanna agus go bhféadfadh sé sin tionchar a bheith aige sin ar mhéid na gcoigilteas fuinnimh, ionas nach féidir na hathruithe uile a tugadh faoi deara ó tugadh isteach beart beartais ar leith atá á mheasúnú a chur i leith an bhirt beartais sin, agus i leith an bhirt sin amháin. Le gníomhaíochtaí an pháirtí faoi oibleagáid, an pháirtí rannpháirtigh nó an pháirtí ar cuireadh cúram air, ba cheart rannchuidiú go hiarbhír leis an gcoigilteas fuinnimh a éilítear a bhaint amach chun comhlíonadh an cheanglais ábharthachta a áirithiú.

(57)

Tá sé tábhachtach céimeanna uile an tslabhra fuinnimh a mheabhrú, i gcás inarb ábhartha, agus an coigilteas fuinnimh á ríomh chun an acmhainneacht coigiltis fuinnimh a mhéadú agus leictreachas á tharchur agus á dháileadh. Léiríodh i staidéir agus i gcomhairliúchán le páirtithe leasmhara a rinneadh go bhfuil acmhainneacht shuntasach ann. Mar sin féin, tá na dálaí fisiciúla agus eacnamaíocha an-éagsúil i measc na mBallstát, agus go minic laistigh de roinnt Ballstát, agus tá líon mór oibreoirí córais ann. Léiríonn na himthosca sin cur chuige díláraithe, de bhun phrionsabal na coimhdeachta. Tá an t-eolas, na hinniúlachtaí dlíthiúla agus an acmhainn riaracháin is gá ag na hÚdaráis Rialála Náisiúnta chun forbairt eangach leictreachais atá tíosach ar fhuinneamh a chur chun cinn. Is féidir le heintitis amhail Líonra Eorpach d’Oibreoirí Córais Tharchurtha Leictreachais (ENTSO-E) agus an tEintiteas Eorpach d’Oibreoirí Córais Dáileacháin (Eintiteas AE do OCDanna) rannchuidithe úsáideacha a sholáthar freisin agus ba cheart dóibh tacú lena gcomhaltaí agus bearta éifeachtúlachta fuinnimh á nglacadh acu.

(58)

Baineann breithnithe comhchosúla le líon an-mhór oibreoirí córais gáis nádúrtha. Tá an ról atá ag gás nádúrtha agus ráta soláthair agus cuimsithe na críche an-éagsúil i measc na mBallstát. Sna cásanna sin, is iad na hÚdaráis Rialála Náisiúnta is fearr atá in ann monatóireacht agus stiúradh a dhéanamh ar éabhlóid an chórais i dtreo éifeachtúlachta méadaithe, agus féadfaidh eintitis amhail Líonra Eorpach d’Oibreoirí Córais Tarchurtha Gáis (ENTSO-G) rannchuidithe úsáideacha a sholáthar agus ba cheart dóibh tacú lena gcomhaltaí agus bearta éifeachtúlachta fuinnimh á nglacadh acu.

(58a)

Tá tábhacht le ESCOanna chun maoiniú a fhorbairt, a dhearadh, a thógáil agus a eagrú le haghaidh tionscadail a spárálann fuinneamh, a laghdaíonn costais fuinnimh, agus a laghdaíonn costais oibríochtaí agus chothabhála in earnálacha amhail foirgnimh, tionscal agus iompar.

(59)

Tá tábhacht ar leith ag baint leis an nasc uisce-fuinnimh a chur san áireamh chun aghaidh a thabhairt ar úsáid idirspleách an fhuinnimh agus an uisce agus ar an mbrú atá ag méadú ar an dá acmhainn sin. Trí uisce a bhainistiú ar bhealach éifeachtach, féadfar cur go mór leis an gcoigilteas fuinnimh, rud a théann chun tairbhe don aeráid ach don gheilleagar agus don tsochaí freisin. Is ionann earnálacha an uisce agus an fhuíolluisce agus 3,5 % den leictreachas a úsáidtear san Aontas agus táthar ag súil go dtiocfaidh méadú ar an sciar sin. Ag an am céanna, is ionann sceitheadh uisce agus 24 % den uisce iomlán a ídítear san Aontas agus is í an earnáil fuinnimh an tomhaltóir is mó uisce, agus 44 % den ídiú iomlán á dhéanamh suas aici. Ba cheart an coigilteas fuinnimh a d’fhéadfaí a dhéanamh trí theicneolaíochtaí cliste agus próisis chliste feadh na dtimthriallta agus na bhfeidhmchlár tionsclaíochta, cónaithe agus tráchtála go léir a iniúchadh agus a chur i bhfeidhm aon uair is costéifeachtaí agus ba cheart aird a thabhairt ar an gcéad phrionsabal maidir le héifeachtúlacht fuinnimh. Sa bhreis air sin, d’fhéadfadh ardteicneolaíochtaí uisciúcháin, teicneolaíochtaí buaint uisce báistí agus teicneolaíochtaí athúsáide uisce ídiú uisce sa talmhaíocht, foirgnimh agus tionscail agus an fuinneamh a úsáidtear chun é a chóireáil agus a iompar a laghdú go suntasach.

(60)

I gcomhréir le hAirteagal 9 den Chonradh, ba cheart beartais éifeachtúlachta fuinnimh an Aontais a bheith cuimsitheach agus dá bhrí sin ba cheart dóibh rochtain chomhionann a áirithiú ar bhearta éifeachtúlachta fuinnimh do na tomhaltóirí uile faoi thionchar na bochtaineachta fuinnimh. Ba cheart feabhsuithe ar éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun feidhme mar thosaíocht i measc custaiméirí leochaileacha agus úsáideoirí deiridh, daoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, agus ▌i measc teaghlaigh ar mheánioncaim agus ar ioncam íseal agus daoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta, daoine scothaosta agus daoine atá ina gcónaí i gceantair thuaithe agus iargúlta, agus sna réigiúin is forimeallaí. Sa chomhthéacs sin, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar ghrúpa áirithe atá go mór i mbaol na bochtaineachta fuinnimh nó grúpaí atá níos soghabhálaí i leith na n-éifeachtaí díobhálacha a bhaineann leis an mbochtaineacht fuinnimh, amhail mná, daoine faoi mhíchumas, daoine scothaosta, leanaí agus daoine a bhfuil cúlra cine mionlaigh nó eitnigh mionlaigh acu. Is féidir le Ballstáit a cheangal ar pháirtithe faoi oibleagáid aidhmeanna sóisialta a chur san áireamh i mbearta coigiltis fuinnimh i ndáil leis an mbochtaineacht fuinnimh agus leathnaíodh amach an fhéidearthacht sin cheana féin chuig bearta beartais malartacha agus chuig Cistí Náisiúnta Éifeachtúlachta Fuinnimh na hEorpa. Ba cheart an fhéidearthacht sin a chlaochlú ina hoibleagáid chun na custaiméirí leochaileacha agus na húsáideoirí deiridh a chosaint, chun cumhacht a thabhairt dóibh agus chun an bhochtaineacht fuinnimh a mhaolú, agus é a chur ar a gcumas do na Ballstáit solúbthacht iomlán a choinneáil ag an am chéanna maidir le cineál, méid, raon feidhme agus inneachar na mbeart beartais sin. Mura gceadaítear bearta a bhaineann le tomhaltóirí aonair fuinnimh le scéim um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh, féadfaidh an Ballstát bearta a ghlacadh chun bochtaineacht fuinnimh a mhaolú trí bhíthin bearta beartais malartacha agus trí bhíthin na mbeart sin amháin. Laistigh dá meascán beartais, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach mbeidh éifeacht dhíobhálach ag bearta beartais eile ar chustaiméirí leochaileacha, ar úsáideoirí deiridh, ar dhaoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh agus, i gcás inarb infheidhme, ar dhaoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta. Ba cheart do na Ballstáit an úsáid is fearr is féidir a bhaint as infheistíochtaí cistithe poiblí i mbearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh, lena n-áirítear cistiú agus saoráidí airgeadais arna mbunú ar leibhéal an Aontais.

(61)

Tagraítear sa Treoir seo do choincheap na gcustaiméirí leochaileacha, ar coincheap é atá le bunú ag na Ballstáit de bhun Threoir (AE) 2019/944. Ina theannta sin, de bhun Threoir 2012/27/AE, soiléirítear leis an gcoincheap “úsáideoirí deiridh” in éineacht leis an gcoincheap “custaiméir deiridh” go bhfuil feidhm freisin ag na cearta maidir le billeáil agus le faisnéis ídithe maidir le tomhaltóirí gan conarthaí aonair nó conarthaí díreacha leis an soláthraí fuinnimh a úsáidtear i gcomhchórais téimh, fuaraithe nó táirgthe uisce the tí i bhfoirgnimh il-áitritheoirí. Ní gá go n-áiritheofaí le coincheap na gcustaiméirí leochaileacha go ndíreofar ar na húsáideoirí deiridh. Dá bhrí sin, chun a áirithiú go sroichfidh na bearta a leagtar amach sa Treoir seo gach duine aonair agus gach teaghlach i staid leochaileachta, ba cheart do na Ballstáit ní hamháin custaiméirí, sa chiall is cruinne, ach úsáideoirí deiridh a áireamh freisin, agus a sainmhíniú ar chustaiméirí leochaileacha á bhunú.

(62)

Ní raibh thart ar 34 mhilliún teaghlach san Aontas in ann a n-áit chónaithe a choinneáil te go leor in 2019 (38). Tugann an Comhaontú Glas don Eoraip tosaíocht don ghné shóisialta den aistriú trí ghealltanas a thabhairt i leith an phrionsabail “nach bhfágfar aon duine ar lár”. Déanann an t-aistriú glan, lena n-áirítear an t-aistriú glan, dochar do mhná agus d’fhir ar bhealaí difriúla agus d’fhéadfadh tionchar ar leith a bheith aige ar roinnt grúpaí faoi mhíbhuntáiste, daoine faoi mhíchumas. Dá bhrí sin, caithfidh bearta éifeachtúlachta fuinnimh bheith mar chuid lárnach d'aon straitéis chostéifeachtach chun aghaidh a thabhairt ar bhochtaineacht fuinnimh agus ar leochaileacht tomhaltóirí agus tá siad ina chomhlánú ar bheartais slándála sóisialta ar leibhéal na mBallstát. Chun a áirithiú go laghdaítear bochtaineacht fuinnimh do thionóntaí ar bhonn inbhuanaithe le bearta éifeachtúlachta fuinnimh, ba cheart costéifeachtacht na mbeart sin, mar aon le hinacmhainneacht na mbeart sin d'úinéirí maoine agus do thionóntaí, a chur san áireamh, agus ba cheart tacaíocht airgeadais agus theicniúil leordhóthanach do na bearta sin a ráthú ar leibhéal na mBallstát. Ba cheart do na Ballstáit tacaíocht a thabhairt ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal réigiúnach maidir leis an mbochtaineacht fuinnimh a shainaithint agus a mhaolú.  Áirítear leis sin riachtanais shonracha grúpaí ar leith atá i mbaol na bochtaineachta fuinnimh nó atá níos so-ghabhálaí i leith éifeachtaí na bochtaineachta fuinnimh a shainaithint agus aghaidh a thabhairt ar na riachtanais sin na ngrúpaí sin. Chun cosaint a thabhairt do chustaiméirí atá leochaileach maidir le bochtaineacht fuinnimh agus, i gcás inarb infheidhme, do dhaoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta, ba cheart go spreagfadh na Ballstáit páirtithe faoi oibleagáid chun gníomhaíochtaí a dhéanamh amhail athchóiriú foirgneamh, lena n-áirítear tithíocht shóisialta, athsholáthar fearas, tacaíocht airgeadais agus dreasachtaí do bhearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh i gcomhréir le scéimeanna náisiúnta maoinithe agus tacaíochta, nó iniúchtaí fuinnimh. Ba cheart go gceanglódh na Ballstáit ar pháirtithe faoi oibleagáid oibriú le húdaráis réigiúnacha agus áitiúla, agus dul i dteagmháil le seirbhísí sóisialta agus le heagraíochtaí na sochaí sibhialta (amhail eagraíochtaí tomhaltóirí, eagraíochtaí neamhrialtasacha sóisialta agus comhlachais tithíochta) chun ardán rannpháirtíochta a chur ar bun a bheidh tiomnaithe do mhaolú na bochtaineachta fuinnimh. San fhadtéarma, ní mór stoc foirgneamh an Aontais a thiontú ina NZEBanna i gcomhréir le cuspóirí Chomhaontú Pháras. Níl na rátaí ag a bhfuil foirgnimh á n-athchóiriú faoi láthair leordhóthanach agus is iad na foirgnimh ina bhfuil saoránaigh ar ísealioncam, dá ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh dochar, na cinn is deacra fáil fhad leo. Is den ríthábhacht, dá bhrí sin, na bearta a leagtar síos sa Treoir seo a bhaineann le hoibleagáidí maidir le coigilteas fuinnimh, a bhaineann le scéimeanna um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh agus a bhaineann le bearta beartais malartacha.

(63)

Chun leas a bhaint as an acmhainneacht coigiltis fuinnimh i ndeighleoga áirithe den mhargadh nach ndéantar iniúchtaí fuinnimh a thairiscint ar bhonn tráchtála de ghnáth (amhail fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna)), ba cheart do na Ballstáit cláir a fhorbairt chun FBManna a spreagadh agus tacú leo chun dul faoi iniúchtaí fuinnimh agus chun moltaí ó na hiniúchtaí fuinnimh a chur chun feidhme, mar shampla trí scéimeanna tacaíochta a bhunú, amhail lárionaid iniúchóireachta fuinnimh do FBManna agus do mhicrifhiontair chun costais iniúchóireachta fuinnimh a chumhdach. D’fhéadfadh ionaid den sórt sin a bheith lonnaithe in ollscoileanna, le bunachar sonraí lárnach chun torthaí iniúchóireachta a bhailiú agus a chur in iúl. Ba cheart iniúchtaí fuinnimh a bheith éigeantach agus rialta le haghaidh fiontair mhóra toisc go bhféadfadh tionchar suntasach a bheith ag an gcoigilteas fuinnimh. Ba cheart caighdeáin Eorpacha nó idirnáisiúnta ábhartha, amhail EN ISO 50001 (Córais Bainistíochta Fuinnimh), EN ISO 50005 (Córais Bainistíochta Fuinnimh), EN 16247-1 (Iniúchtaí Fuinnimh), ISO 50002 (Iniúchtaí Fuinnimh), nó, má chuirtear iniúchadh fuinnimh san áireamh, EN ISO 14000 (Córais Bainistíochta Comhshaoil) a chur san áireamh sna hiniúchtaí fuinnimh agus ba cheart dóibh, dá bhrí sin, a bheith i gcomhréir le hIarscríbhinn VI a ghabhann leis an Treoir seo toisc nach dtéann forálacha den sórt sin níos faide ná ceanglais na gcaighdeán ábhartha sin. Tá caighdeán sonrach Eorpach maidir le hiniúchtaí fuinnimh á fhorbairt i láthair na huaire. Féadfar iniúchtaí fuinnimh a dhéanamh ar bhonn neamhspleách nó mar chuid de chóras bainistíochta comhshaoil níos leithne nó de chonradh feidhmíochta fuinnimh. I ngach cás den sórt sin, ba cheart na córais sin a bheith i gcomhréir leis na híoscheanglais in Iarscríbhinn VI. Ina theannta sin, féadfar a mheas go bhfuil sásraí agus scéimeanna sonracha arna mbunú chun faireachán a dhéanamh ar astaíochtaí agus ídiú breosla ag oibreoirí iompair áirithe i gcomhréir le hiniúchtaí fuinnimh, mar shampla faoi dhlí an Aontais Eorpaigh, faoin scéim i ndáil le trádáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal (CTA AE), lena n-áirítear i gcórais bainistíochta fuinnimh, má chomhlíonann siad na híoscheanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn VI.

(63a)

Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil sé éigeantach moltaí na n-iniúchtaí fuinnimh a dhéanann fiontair a chur chun feidhme. In éagmais na hoibleagáide moltaí iniúchóireachta a chur chun feidhme, is cúis mhór é nach gcuireann fiontair na moltaí sin san áireamh go leordhóthanach.

(64)

Ba cheart meánídiú an fhiontair a bheith ina chritéar chun sainiú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na gcóras bainistithe fuinnimh agus ar chur i bhfeidhm na n-iniúchtaí fuinnimh chun íogaireacht na sásraí sin a mhéadú maidir le deiseanna ábhartha maidir le coigilteas fuinnimh costéifeachtach a shainaithint. Ba cheart fiontair atá faoi bhun na dtairseach ídithe a shainítear le haghaidh córais bhainistíochta fuinnimh agus iniúchtaí fuinnimh a spreagadh agus tacaíocht theicniúil a sholáthar chun dul faoi iniúchtaí fuinnimh agus chun na moltaí a eascraíonn as na hiniúchtaí sin a chur chun feidhme.

(65)

I gcás ina ndéanfaidh saineolaithe inmheánacha iniúchtaí fuinnimh, d’éileodh an neamhspleáchas is gá nach mbeadh na saineolaithe sin ag gabháil go díreach don ghníomhaíocht arna hiniúchadh.

(66)

Is earnáil eile atá ag dul i dtábhacht í earnáil theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide (TFC). In 2018 b’ionann ídiú fuinnimh na lárionad sonraí san Aontas agus 76,8 TWh. Meastar go dtiocfaidh méadú 28 % air sin go 98,5 TWh faoi 2030. Is féidir an méadú sin i ndearbhthéarmaí a fheiceáil i dtéarmaí coibhneasta chomh maith: laistigh den Aontas, b’ionann éileamh na n-ionad sonraí ar leictreachas agus 2,7 % den éileamh ar leictreachas in 2018 agus beidh siad sroichfidh siad 3,21 % faoi 2030 má leantar leis an bhforbairt ar an gconair reatha (39). Cuireadh i dtábhacht cheana féin i Straitéis Dhigiteach an Aontais an gá atá le lárionaid sonraí atá thar a bheith éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de agus atá inbhuanaithe agus iarrtar inti bearta trédhearcachta le haghaidh oibreoirí teileachumarsáide maidir lena lorg comhshaoil. Chun an fhorbairt inbhuanaithe a chur chun cinn san earnáil TFC, go háirithe sna lárionaid sonraí, ba cheart do na Ballstáit sonraí a bhailiú agus a fhoilsiú, atá ábhartha maidir le feidhmíocht fuinnimh, lorg uisce agus solúbthacht ó thaobh éilimh na lárionad sonraí, ar bhonn teimpléad coiteann de chuid an Aontais. Níor cheart do na Ballstáit sonraí a bhailiú agus a fhoilsiú ach faoi lárionaid sonraí ag a bhfuil éileamh suiteáilte cumhachta TF de 100 kW ar a laghad, a bhféadfadh dearadh iomchuí nó idirghabhálacha éifeachtúlachta iomchuí, le haghaidh suiteálacha nua nó suiteálacha atá ann cheana faoi seach, a bheith mar thoradh air sin, go dtiocfadh laghdú suntasach ar ídiú fuinnimh agus uisce, méadú ar éifeachtúlacht na gcóras chun dícharbónú na heangaí a chur chun cinn, nó athúsáid dramhtheasa i saoráidí in aice láimhe agus i líonraí teasa. Ba cheart táscairí inbhuanaitheachta lárionaid sonraí a bhunú ar bhonn na sonraí sin a bhailítear, agus tionscnaimh atá ann cheana san earnáil á gcur san áireamh freisin. D'fhonn nochtadh a éascú, ba cheart don Choimisiún treoirlínte a ullmhú maidir le faireachán agus faisnéis a fhoilsiú faoi fheidhmíocht fuinnimh lárionad sonraí, tar éis dul i gcomhairle le geallsealbhóirí ábhartha agus breithniú a dhéanamh ar mhéadracht chaighdeánaithe atá ann cheana Tá sé ríthábhachtach cur chuige comhchuibhithe a bheith ann ar fud na mBallstát, chun scéimeanna tuairiscithe éagsúla agus príomhtháscairí feidhmíochta idir na Ballstáit a sheachaint.

(67)

Ba cheart go mbeadh táscairí inbhuanaitheachta an lárionaid sonraí a úsáid chun ceithre bhunghné d’ionad sonraí inbhuanaithe a thomhas, eadhon a éifeachtaí atá sé maidir le húsáid fuinnimh, méid an fhuinnimh sin a thagann ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite, athúsáid aon dramhtheasa a tháirgeann sé, éifeachtacht an fhuaraithe, éifeachtacht na húsáide carbóin agus úsáid fionnuisce. Ba cheart go n-ardódh táscairí inbhuanaitheachta na lárionad sonraí feasacht i measc oibreoirí gréasáin, úinéirí agus oibreoirí lárionaid sonraí, monarú trealaimh, forbróirí bogearraí agus seirbhísí, úsáideoirí seirbhísí lárionaid sonraí ar gach leibhéal chomh maith le heintitis agus eagraíochtaí a úsáideann nó a sholáthraíonn néalseirbhísí agus seirbhísí lárionaid sonraí. Ba cheart go dtabharfar muinín leis sin freisin maidir leis na feabhsuithe iarbhír tar éis iarrachtaí agus beart chun inbhuanaitheacht na lárionad sonraí nua nó na lárionad sonraí atá ann cheana a mhéadú. Ar deireadh, ba cheart é a úsáid mar bhonn do phleanáil agus do chinnteoireacht thrédhearcach fhianaisebhunaithe. Ba cheart úsáid táscairí inbhuanaitheachta an lárionaid sonraí a bheith éigeantach do na Ballstáit. Ba cheart úsáid táscaire inbhuanaitheachta an lárionaid sonraí a bheith roghnach do na Ballstáit. Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar éifeachtúlacht na lárionad sonraí bunaithe ar an bhfaisnéis arna cur in iúl ag na Ballstáit.

(67a)

Ba cheart don Choimisiún, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  (40) , comhpháirtíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh earnáilsonracha a bhunú trí phríomhpháirtithe leasmhara, lena n-áirítear ENRanna agus comhpháirtithe sóisialta, a thabhairt le chéile in earnálacha amhail TFC, iompar, airgeadas agus foirgnimh ar bhealach cuimsitheach agus ionadaíoch.

(68)

Ba cheart caiteachas níos ísle do thomhaltóirí ar fhuinnimh a bhaint amach trí chuidiú le tomhaltóirí an méid fuinnimh a úsáideann siad a laghdú trí riachtanais fuinnimh foirgneamh a laghdú agus trí fheabhsuithe ar éifeachtúlacht fearas, rud ar cheart a bheith in éineacht le hinfhaighteacht modhanna agus iompair ísealfhuinnimh arna gcomhtháthú le hiompar poiblí, le soghluaisteacht chomhroinnte agus le rothaíocht. Ba cheart do na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar an nascacht a fheabhsú i limistéir thuaithe agus iargúlta.

(69)

Is den ríthábhacht feasacht shaoránaigh uile an Aontais a ardú i leith na dtairbhí a bhaineann le héifeachtúlacht fuinnimh mhéadaithe agus le faisnéis chruinn a sholáthar dóibh i dtaobh na slite is féidir an méid sin a bhaint amach. Ba cheart do shaoránaigh idir óg is aosta a bheith rannpháirteach san aistriú fuinnimh tríd an gComhshocrú Aeráide Eorpach agus tríd an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa. Tá éifeachtúlacht fuinnimh mhéadaithe thar a bheith tábhachtach freisin i dtaca le slándáil sholáthar fuinnimh an Aontais trína spleáchas ar allmhairiú breoslaí ó thríú tíortha a laghdú.

(70)

Ba cheart costais agus tairbhí na mbeart éifeachtúlachta fuinnimh go léir a ghlactar, lena n-áirítear tréimhsí aisíoca, a bheith go hiomlán trédhearcach do thomhaltóirí.

(71)

Nuair a bheidh an Treoir seo á cur chun feidhme ag na Ballstáit agus bearta eile i réimse na héifeachtúlachta fuinnimh á nglacadh acu, ba cheart dóibh aird ar leith a thabhairt ar shineirgí idir bearta éifeachtúlachta fuinnimh agus úsáid éifeachtúil acmhainní nádúrtha i gcomhréir le prionsabail an gheilleagair chiorclaigh.

(72)

Agus tairbhe á baint acu as samhlacha agus teicneolaíochtaí nua gnó, ba cheart do na Ballstáit iarracht a dhéanamh glacadh beart éifeachtúlachta fuinnimh a chur chun cinn agus a éascú, lena n-áirítear trí sheirbhísí fuinnimh nuálacha do chustaiméirí móra agus beaga.

(73)

Is gá foráil a dhéanamh d’aiseolas rialta agus aiseolas feabhsaithe a fháil i leith ídithe fuinnimh i gcás ina bhfuil sin indéanta go teicniúil agus go costéifeachtúil i bhfianaise na bhfeistí tomhais atá i bhfeidhm. Soiléirítear leis an Treoir seo go mbraitheann a chostéifeachtúla atá fomhéadrú ar cé acu atá nó nach bhfuil na costais ghaolmhara comhréireach leis an gcoigilteas fuinnimh féideartha. Leis an measúnú ar cé acu atá nó nach bhfuil fomhéadrú costéifeachtúil, féadfar a chur san áireamh an tionchar a bheadh ag bearta nithiúla eile atá beartaithe i bhfoirgneamh ar leith, amhail athchóiriú ar bith atá le teacht. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, a mhéid is féidir go teicniúil, réasúnach agus comhréireach ó thaobh airgeadais de i ndáil leis an gcoigilteas fuinnimh fhéideartha, go gcuirfear ar fáil méadair aonair ar phraghas iomaíoch do chustaiméirí deiridh gáis nádúrtha, téimh, fuaraithe agus uisce the tí a léireoidh ídiú fuinnimh iarbhír an chustaiméara deiridh go cruinn agus a chuirfidh faisnéis faoin am úsáide iarbhír ar fáil.

(74)

Soiléirítear leis an Treoir seo freisin gur cheart feidhm a bheith ag cearta i ndáil le billeáil agus i ndáil le faisnéis faoi bhilleáil nó faoi ídiú maidir le tomhaltóirí téimh, fuaraithe nó uisce the tí a sholáthraítear ag foinse lárnach, fiú nuair nach bhfuil aon chaidreamh conarthach díreach, aonair le soláthróirí fuinnimh.

(75)

Chun trédhearcacht na cuntasaíochta a bhaint amach i gcás ídiú aonair fuinnimh theirmigh, agus cur chun feidhme an fhomhéadraithe a éascú ar an gcaoi sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil rialacha náisiúnta i bhfeidhm acu atá trédhearcach agus ar fáil don phobal, ar rialacha iad is infheidhme maidir le leithdháileadh chostas an ídithe téimh, fhuaraithe agus uisce the tí i bhfoirgnimh ilárasán agus ilchuspóra. Anuas ar an trédhearcacht sin, d’fhéadfadh na Ballstáit cuimhneamh ar bhearta a ghlacadh chun an t-iomaíochas a neartú maidir le soláthar seirbhísí fomhéadraithe, rud a chuideodh lena áirithiú go mbeadh aon chostas a bheadh le híoc ag na húsáideoirí deiridh réasúnach.

(76)

Ba cheart méadair teasa nuashuiteáilte agus leithdháileoirí costais teasa a bheith inléite go cianda chun a áirithiú go ndéantar faisnéis ídithe atá costéifeachtach a sholáthar go rialta agus ionas go mbeifear in ann faisnéis a sholáthar amhail teochtaí mionsonraithe agus paslód . Ba cheart na sonraí uile a chur ar fáil go héasca i bhfíor-am agus iad a roinnt don chustaiméir fuinnimh deiridh. Ba cheart ídiú fuinnimh a thaispeáint i méadair agus i bhfomhéadair i bhfoirm inrochtana sholáimhsithe . Forálacha na Treorach seo maidir le méadrú i gcás téimh, fuaraithe agus uisce the tí; le fomhéadrú agus leithdháileadh na gcostas i gcás téimh, fuaraithe agus uisce the tí; le ceanglas cianléimh; le faisnéis bhilleála agus ídithe i gcás téimh agus fuaraithe agus uisce the tí; le costas rochtana ar mhéadrú agus ar fhaisnéis bhilleála agus ídithe i gcás téimh, fuaraithe agus uisce the tí; agus leis na ceanglais íosta d’fhaisnéis bhilleála agus ídithe i gcás téimh, fuarú agus uisce te tí, beartaítear nach mbeidh feidhm ag na leasuithe sin ach maidir le téamh, le fuarú agus le huisce te tí a sholáthraítear ag foinse lárnach. Fágfar faoi na Ballstáit féin a chinneadh cé acu an measfar nó nach measfar gur teicneolaíochtaí atá inléite go cianda iad teicneolaíochtaí léimh shoghluaiste (de chineál “walk-by” nó “drive-by”). Le feistí atá inléite go cianda, ní gá rochtain a bheith ar árasáin aonair ná aonaid aonair.

(77)

Ba cheart do na Ballstáit a chur san áireamh go n-éilítear infheistíocht feabhsaithe san oideachas agus i scileanna le haghaidh úsáideoirí agus soláthróirí fuinnimh araon chun teicneolaíochtaí nua lena ndéantar ídiú fuinnimh a thomhas a chur chun feidhme.

(78)

Modh tábhachtach chun custaiméirí a chur ar an eolas faoina n-ídiú fuinnimh is ea faisnéis bhilleála agus ráitis bhliantúla. Is féidir faisnéis eile a chur in iúl le sonraí maidir le hídiú agus le costais lena gcuidítear le tomhaltóirí an socrú atá acu faoi láthair a chur i gcomparáid le tairiscintí eile agus úsáid a bhaint as bainistiú gearán agus as sásraí um réiteach malartach díospóidí. Mar sin féin, ós rud é gur foinse coiteann gearán tomhaltóirí iad díospóidí a bhaineann le billí agus gur rud é a chuireann le leibhéil ísle dhianseasmhacha sásaimh tomhaltóirí agus rannpháirtíochta tomhaltóirí lena soláthraithe fuinnimh, is gá billí a dhéanamh níos simplí, níos soiléire agus níos éasca le tuiscint, agus é á áirithiú ag an am céanna go soláthraítear an fhaisnéis uile is gá chun cur ar chumas tomhaltóirí a n-ídiú fuinnimh a rialú, tairiscintí a chur i gcomparáid lena chéile agus soláthróirí a aistriú trí ionstraimí ar leith amhail faisnéis bhilleála, uirlisí faisnéise agus ráitis bhliantúla.

(79)

Agus bearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh á gceapadh acu, ba cheart do na Ballstáit aird chuí a thabhairt ar an ngá atá le dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus cur chun feidhme comhleanúnach an acquis a áirithiú, i gcomhréir le CFAE .

(80)

Tá acmhainneacht shuntasach maidir le fuinneamh príomhúil a shábháil san Aontas ag baint le comhghiniúint ardéifeachtach agus téamh agus fuarú ceantair éifeachtúil. Ba cheart do na Ballstáit measúnú cuimsitheach a dhéanamh ar an acmhainneacht maidir le comhghiniúint ardéifeachtach agus téamh agus fuarú ceantair éifeachtúil. Ba cheart do na measúnuithe sin a bheith bunaithe ar chás bonnlíne as a dtiocfaidh earnáil náisiúnta téimh agus fuaraithe atá bunaithe ar fhuinneamh inathnuaite laistigh de thréimhse ama atá comhoiriúnach le baint amach an chuspóra aeráidneodrachta agus ba cheart dóibh a bheith comhleanúnach le pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide agus le straitéisí fadtéarmacha athchóirithe. Suiteálacha giniúna leictreachais nua agus suiteálacha atá ann cheana a ndéantar athchóiriú substaintiúil orthu nó ag a bhfuil cead nó ceadúnas nuashonraithe acu, ba cheart dóibh, faoi réir measúnú costais is tairbhe ina léirítear barrachas costais is tairbhe, aonaid chomhghiniúna ardéifeachtacha a bheith acu chun dramhtheas a eascraíonn as táirgeadh leictreachais a aisghabháil. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart réitigh theicniúla a bheith ag na saoráidí eile a bhfuil meánionchur fuinnimh substaintiúil bliantúil acu chun dramhtheas ón saoráid a úsáid i gcás ina léirítear barrachas costais is tairbhe sa mheasúnú costais is tairbhe. D’fheadfaí an dramhtheas sin a iompar chuig na háiteanna a bhfuil gá acu leis trí líonraí téimh ceantair. Go ginearálta, is éard a bheidh sna himeachtaí a spreagann ceanglas critéir údarúcháin a chur i bhfeidhm imeachtaí lena spreagtar ceanglais maidir le ceadanna faoi Threoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (41) agus maidir le húdarú faoi Threoir (AE) 2019/944 freisin.

(80a)

Agus measúnú á dhéanamh ar an acmhainneacht do théamh agus fuarú éifeachtúil, ba cheart do na Ballstáit gnéithe comhshaoil, sláinte agus sábháilteachta níos leithne a chur san áireamh. Ós rud é gur uirlis fhíor-riachtanach iad teaschaidéil chun éifeachtúlacht fuinnimh i dtéamh agus i bhfuarú a bhaint amach, ba cheart measúnú iomlán a dhéanamh ar aon tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag cuisneáin ar an gcomhshaol agus deireadh a chur leo.

(81)

D’fhéadfadh sé gurb iomchuí do shuiteálacha giniúna leictreachais atá beartaithe chun úsáid a bhaint as stóráil gheolaíoch a cheadaítear faoi Threoir 2009/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (42), a bheith suite in áiteanna nach bhfuil aisghabháil dramhtheasa trí chomhghiniúint ardéifeachtach nó trí líonra téimh nó fuaraithe ceantair a sholáthar costéifeachtach. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann na suiteálacha sin a dhíolmhú ón oibleagáid anailís costais is tairbhe a dhéanamh chun trealamh a sholáthar don tsuiteáil lenar féidir dramhtheas a aisghabháil trí aonad comhghiniúna ardéifeachtaí. Ina theannta sin, ba cheart é a bheith indéanta buaiclód agus suiteálacha cúltaca giniúna leictreachais a bhfuil sé beartaithe iad a oibriú faoi bhun 1 500 uair oibríochta in aghaidh na bliana mar mheán rollach thar thréimhse 5 bliana a dhíolmhú ón gceanglas teas a sholáthar freisin.

(82)

Is iomchuí do na Ballstáit bearta agus nósanna imeachta a thabhairt isteach chun suiteálacha comhghiniúna ar lú a n-ionchur teirmeach rátaithe iomlán ná 5 MW a chur chun cinn chun giniúint fuinnimh leithdháilte a spreagadh.

(83)

Chun measúnuithe cuimsitheacha náisiúnta a chur chun feidhme, ba cheart do na Ballstáit measúnuithe ar an acmhainneacht maidir le comhghiniúint ardéifeachtach , giniúint leictreachais ó fhuíollteas le haghaidh uath-ídithe leictreachais agus téamh agus fuarú ceantair éifeachtúil a spreagadh ar an leibhéal réigiúnach agus áitiúil. Ba cheart do na Ballstáit bearta a dhéanamh chun úsáid acmhainneacht aitheanta costéifeachtach na comhghiniúna ardéifeachtúlachta agus téamh agus fuarú ceantair éifeachtúil a chur chun cinn agus a éascú.

(84)

Ba cheart na ceanglais maidir le téamh agus fuarú ceantair a bheith comhsheasmhach le spriocanna beartais aeráide fadtéarmacha, le caighdeáin aeráide agus comhshaoil agus le tosaíochtaí an Aontais, agus ba cheart dóibh prionsabal “gan dochar suntasach a dhéanamh” de réir bhrí Rialachán (AE) 2020/85 a chomhlíonadh. Ba cheart é a bheith d’aidhm ag na córais téimh agus fuaraithe ceantair uile idirghníomhú le codanna eile den chóras fuinnimh chun úsáid fuinnimh a bharrfheabhsú agus chun dramhaíl fuinnimh a chosc trí leas a bhaint as acmhainneacht iomlán foirgneamh teas nó fuacht a stóráil, lena n-áirítear an teas iomarcach ó shaoráidí seirbhíse agus ó lárionaid sonraí in aice láimhe. Ar an gcúis sin, áiritheofar leis an gcóras téimh agus fuaraithe ceantair éifeachtúil go dtiocfaidh méadú ar éifeachtúlacht fuinnimh phríomhúil agus go ndéanfaí fuinneamh inathnuaite agus dramhtheas , mar a shainmhínítear i dTreoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle,  (43) nó dramhfhuacht a chomhtháthú de réir a chéile. Dá bhrí sin, déantar ceanglais níos déine maidir le soláthar téimh agus fuaraithe a thabhairt isteach de réir a chéile leis an Treoir seo agus ba cheart iad a bheith infheidhme go leanúnach le linn tréimhsí sonracha bunaithe agus ba cheart go mbeadh feidhm bhuan acu ón 1 Eanáir 2050 ar aghaidh.

(85)

Sainíodh comhghiniúint ardéifeachtach de réir an choigiltis fuinnimh a fhaightear trí chomhghiniúint cumhachta agus teasa seachas trí ghiniúint ar leithligh cumhachta agus teasa. Ba cheart na ceanglais maidir le comhghiniúint ardéifeachtach a bheith comhsheasmhach leis na spriocanna fadtéarmacha sa bheartas don athrú aeráide. Ba cheart na sainmhínithe ar chomhghiniúint agus ar chomhghiniúint ardéifeachtach a úsáidtear i reachtaíocht an Aontais a bheith gan dochar d’úsáid sainmhínithe éagsúla i reachtaíocht náisiúnta chun críoch eile seachas na críocha sin i reachtaíocht an Aontais atá i gceist. Chun an coigilteas fuinnimh a uasmhéadú agus chun nach gcaillfear deiseanna coigilte fuinnimh, ba cheart an aird is mó a thabhairt ar choinníollacha oibriúcháin na n-aonad comhghiniúna.

(86)

Chun trédhearcacht a áirithiú agus chun a chur ar a chumas don chustaiméir deiridh rogha a dhéanamh idir leictreachas ó chomhghiniúint agus leictreachas a tháirgtear trí úsáid a bhaint as teicnící eile, ba cheart tionscnamh na comhghiniúna ardéifeachtaí a ráthú ar bhonn na luachanna tagartha éifeachtúlachta comhchuibhithe. Ní hionann scéimeanna ráthaíochta tionscnaimh agus a rá go bhfuil an ceart ann tairbhe a bhaint as sásraí tacaíochta náisiúnta. Tá sé tábhachtach go bhféadfaí gach cineál leictreachais a tháirgtear ó chomhghiniúint ardéifeachtach a chumhdach le ráthaíochtaí tionscnaimh. Ba cheart ráthaíochtaí tionscnaimh a idirdhealú ó dheimhnithe inmhalartaithe.

(87)

Ba cheart struchtúr sonrach na n-earnálacha comhghiniúna agus téimh agus fuaraithe ceantair, lena n-áirítear go leor táirgeoirí beaga agus meánmhéide, a chur san áireamh, go háirithe agus athbhreithniú á dhéanamh ar na nósanna imeachta riaracháin chun cead a fháil líonraí acmhainneachta comhghiniúna nó líonraí gaolmhara a thógáil, agus an prionsabal “tús áite d”fhiontair bheaga’ á chur i bhfeidhm.

(88)

FBManna den chuid is mó atá i ngnólachtaí an Aontais. Is é atá iontu acmhainneacht coigiltis fuinnimh ollmhór don Aontas. Chun cuidiú leo bearta éifeachtúlachta fuinnimh a ghlacadh, ba cheart do na Ballstáit creat fabhrach a bhunú arb é is aidhm dó cúnamh teicniúil agus faisnéis spriocdhírithe a chur ar fáil do FBManna.

(89)

Ba cheart do na Ballstáit, ar bhonn critéir oibiachtúla trédhearcacha neamh-idirdhealaitheacha, rialacha a bhunú lena rialófar seasamh agus roinnt na gcostas ar naisc eangaí agus atreisithe eangaí agus ar na hoiriúnuithe teicniúla is gá chun táirgeoirí nua leictreachais a tháirgtear le comhghiniúint ardéifeachtúlachta a chomhtháthú, ag cur san áireamh treoirlínte agus cóid a fhorbraítear i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (44) agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (45). Ba cheart cead a bheith ag táirgeoirí leictreachais a ghintear ó chomhghiniúint ardéifeachtúlachta glao a eisiúint ar tháirgí le haghaidh na hoibre nasctha. Rochtain ar an gcóras eangaí le haghaidh leictreachas a tháirgtear ó chomhghiniúint ardéifeachtúlachta, go háirithe le haghaidh aonaid chomhghiniúna mhionscála agus micrea-chomhghiniúna, ba cheart sin a éascú. I gcomhréir le hAirteagal 99(2) de Threoir (AE) 2019/944 agus Airteagal 3(2) de Threoir 2009/73/CE, féadfaidh na Ballstáit oibleagáidí seirbhíse poiblí a fhorchur, lena n-áirítear maidir leis an éifeachtúlacht fuinnimh, ar ghnóthais a oibríonn in earnálacha an leictreachais agus an gháis.

(90)

Is gá na forálacha ábhartha maidir le billeáil, pointe teagmhála aonair, réiteach díospóide lasmuigh den chúirt, an bhochtaineacht fuinnimh agus bunchearta conarthacha a leagan amach, féachaint le hiad a ailíniú, i gcás inarb iomchuí, leis na forálacha ábhartha maidir le leictreachas de bhun Threoir (AE) 2019/944, chun cosaint tomhaltóirí a neartú agus chun go bhféadfaidh custaiméirí deiridh rochtain dhíreach a bheith acu ar fhaisnéis atá mionsonraithe, soiléir, agus cothrom le dáta faoina n-ídiú leictreachais, teasa, fuaraithe nó uisce the tí agus chun go bhféadfaidh siad a n-ídiú fuinnimh a rialáil, lena ndéanfaí ídiú fuinnimh go hiomlán trédhearcach do chustaiméirí .

(91)

Ba cheart cosaint níos fearr do thomhaltóirí a ráthú trí shásraí éifeachtacha agus neamhspleácha um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt a bheith ar fáil do gach tomhaltóir, amhail ombudsman fuinnimh, comhlacht tomhaltóirí nó údarás rialála. Dá bharr sin, a cheart do na Ballstáit nósanna imeachta tapa agus éifeachtacha chun gearáin a láimhseáil a thabhairt isteach.

(92)

Ba cheart aitheantas a thabhairt don rannchuidiú a dhéanann pobail fuinnimh inathnuaite, de bhun Threoir (AE) 2018/2001 ▌, agus pobail fuinnimh saoránach, de réir Threoir (AE) 2019/944, le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus le Plean um Sprioc Aeráide 2030 agus ba cheart tacú go gníomhach leo . Ba cheart do na Ballstáit dá bharr sin, breithniú a dhéanamh ar ról na bpobal fuinnimh inathnuaite agus na bpobal fuinnimh saoránach agus iad a chur chun cinn. Is féidir leis na pobail sin cabhrú leis na Ballstáit prionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh a chur chun feidhme ar an leibhéal áitiúil trí éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn ar an leibhéal áitiúil nó ar leibhéal an teaghlaigh , agus i bhfoirgnimh phoiblí i gcomhar leis na húdaráis áitiúla . Féadann siad grúpaí áirithe custaiméirí teaghlaigh a chumasú lena n-áirítear custaiméirí i gceantair thuaithe, i gceantair iargúlta agus sna réigiúin is forimeallaí, a spreagadh chun páirt a ghlacadh i dtionscadail agus in idirghabhálaithe éifeachtúlachta fuinnimh , agus infheistíocht san fhuinneamh inathnuaite á cur le chéile leis na gníomhaíochtaí sin go minic . Tá ról láidir ag pobail fuinnimh freisin ó thaobh oideachas a chur ar fáil do shaoránaigh agus cur le feasacht na saoránach maidir leis na bearta is féidir a dhéanamh chun coigilteas fuinnimh a bhaint amach. Má fhaigheann siad tacaíocht leordhóthanach ó na Ballstáit, féadann pobail fuinnimh cabhrú leis an mbochtaineacht fuinnimh a chomhrac trí thionscadail éifeachtúlachta fuinnimh, trí ídiú fuinnimh laghdaithe agus trí tharaifí soláthair níos ísle a éascú. Ba cheart do na Ballstáit bacainní nach bhfuil gá leo a bhaint chun a áirithiú go mbeidh sé tarraingteach pobail fuinnimh a thógáil. Ba cheart oiliúint chuí a chur ar na riaracháin phoiblí ar gach leibhéal sa réimse seo.

(92a)

Is féidir athruithe iompraíochta fadtéarmacha san ídiú fuinnimh a bhaint amach ach na saoránaigh a chumhachtú. Is féidir le pobail fuinnimh coigilteas fuinnimh fadtéarmach a dhéanamh, go háirithe i measc teaghlach, agus cur leis na hinfheistíochtaí inbhuanaithe a dhéanann saoránaigh agus gnólachtaí beaga. Ba cheart do na Ballstáit saoránaigh a chumhachtú chun na gníomhaíochtaí sin a dhéanamh trí thacaíocht a thabhairt do thionscadail fuinnimh pobail agus d’eagraíochtaí fuinnimh pobail.

(93)

Ba cheart aitheantas a thabhairt don mhéid a rannchuidíonn ionaid uileghnó agus struchtúir chomhchosúla arb é atá iontu sásraí lenar féidir roinnt spriocghrúpaí, lena n-áirítear saoránaigh, FBManna agus údaráis phoiblí, a chumasú chun tionscadail agus bearta a bhaineann leis an aistriú chuig fuinneamh glan a dhearadh agus a chur chun feidhme. D’fhéadfadh rannchuidiú na n-ionad ilfhreastail a bheith an-tábhachtach do na custaiméirí is leochailí, lena n-áirítear mná ina n-éagsúlacht ar fad agus tuismitheoirí aonair, mar d’fhéadfadh siad foinse faisnéise atá níos éasca, iontaofa agus inrochtana a sholáthar faoi fheabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh . Is féidir a chuimsiú leis an rannchuidiú sin comhairle agus cúnamh riaracháin, teicniúil agus airgeadais a chur ar fáil, na nósanna imeachta is gá nó rochtain ar na margaí airgeadais a éascú, nó treoir a chur ar fáil maidir leis an gcreat dlíthiúil náisiúnta nó an creat dlíthiúil Eorpach, lena n-áirítear rialacha agus critéir phoiblí, agus Tacsanomaíocht an Aontais.

(94)

Ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar thionchar na mbeart a dhéanann sé chun tacú le forbairt ardán nó fóram, lena mbaineann, inter alia lena n-áirítear na comhlachtaí Eorpacha um idirphlé sóisialta, ar chláir oiliúna maidir le héifeachtúlacht fuinnimh a chothú, agus déanfaidh sé tuilleadh beart a thabhairt isteach de réir mar is iomchuí. Ba cheart don Choimisiún, ina theannta sin, na comhpháirtithe sóisialta Eorpacha a spreagadh ina bplé ar éifeachtúlacht fuinnimh, i dtaca le custaiméirí leochaileacha agus úsáideoirí deiridh, lena n-áirítear iad sin a bhfuil bochtaineacht fuinnimh ag baint leo.

(95)

Tá an t-aistriú cóir cothrom i dtreo Aontas a bheidh neodrach ó thaobh na haeráide de a bhaint amach faoi 2050 ina chuid lárnach den Chomhaontú Glas don Eoraip. Cuimsítear an fuinneamh, i measc na seirbhísí riachtanacha a bhfuil gach duine i dteideal rochtain a fháil orthu, i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta a fógraíodh go comhpháirteach ag Parlaimint na hEorpa, ag an gComhairle agus ag an gCoimisiún an 17 Samhain 2017. Ní mór tacaíocht a bheith le fáil ag daoine atá i ngátar chun rochtain a fháil ar na seirbhísí sin (46) , go háirithe i gcomhthéacs brú boilscithigh agus méaduithe suntasacha ar phraghsanna fuinnimh .

(96)

Ní mór a áirithiú go ndéanfar daoine a bhfuil tionchar orthu ag an mbochtaineacht fuinnimh, custaiméirí leochaileacha, agus, i gcás inarb iomchuí, daoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta a chosaint agus, chuige sin, go gcumhachtaítear iad chun páirt a ghlacadh sna hidirghabhálacha chun feabhas a chur ar an éifeachtúlacht fuinnimh, sna bearta agus i mbearta gaolmhara cosanta tomhaltóirí nó faisnéise a chuirfidh na Ballstáit chun feidhme. Ba cheart feachtais múscailte feasachta spriocdhírithe a fhorbairt chun na tairbhí a bhaineann le héifeachtúlacht fuinnimh a léiriú chomh maith le faisnéis a chur ar fáil maidir leis an tacaíocht airgeadais atá ar fáil.

(97)

Ba cheart an cistiú poiblí atá ar fáil ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais a infheistiú go straitéiseach i mbearta feabhsaithe éifeachtúlachta, agus go háirithe ar mhaithe le custaiméirí leochaileacha, daoine atá buailte ag an mbochtaineacht fuinnimh agus daoine a bhfuil cónaí i dtithíocht shóisialta. Ba cheart do na Ballstáit leas a bhaint as aon ranníocaíocht airgeadais a d’fhéadfaidís a fháil ón gCiste Sóisialta Aeráide (47), agus as an ioncam ó liúntais ó Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais. An oibleagáid atá ar na Ballstáit bearta éifeachtúlachta fuinnimh a chur chun feidhme agus bearta beartais faoin oibleagáid maidir le coigilteas fuinnimh mar thosaíocht i measc custaiméirí leochaileacha agus daoine atá buailte ag an mbochtaineacht fuinnimh ar daoine iad a d’fhéadfadh a bheith ina gcónaí i gceantair thuaithe nó i gceantair iargúlta, tacóidh an t-ioncam sin leis na Ballstáit an-oibleagáid sin a chomhlíonadh.

(98)

Scéimeanna cistithe náisiúnta, ba cheart iad a chomhlánú le scéimeanna oiriúnacha faisnéise níos fearr, cúnamh teicniúil agus riaracháin, rochtain níos éasca ar mhaoiniú lena gcumasófar an úsáid is fearr is féidir a bhaint as na cistí atá ar fáil go háirithe ag daoine atá buailte ag an mbochtaineacht fuinnimh, custaiméirí leochaileacha agus, i gcás inarb iomchuí, daoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta.

(99)

Ba cheart do na ballstáit gach duine a chumhachtú agus a chosaint go cothrom, gan beann ar ghnéas, inscne, aois, éagumas, cine nó bunadh eitneach, gnéaschlaonadh, reiligiún nó creideamh, agus a áirithiú go gcosnófar go leordhóthanach na daoine is mó atá buailte leis an mbochtaineacht fuinnimh nó is mó atá i mbaol a mbuailte léi, nó na daoine is mó atá neamhchosanta ar dhrochthionchair na bochtaineachta fuinnimh. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach gcuirfidh bearta éifeachtúlachta le haon éagothromaíochtaí atá ann cheana, a mhéid a bhaineann leis an éifeachtúlacht fuinnimh go háirithe.

(100)

Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go nglacfaidh na húdaráis rialála náisiúnta fuinnimh cur chuige comhtháite lena gcuimseofar coigiltis fhéideartha sa soláthar fuinnimh agus sna hearnálacha críochúsáide. Gan dochar don sláine soláthair, don chomhtháthú margaidh agus don réamhinfheistíocht in eangacha amach ón gcósta is gá chun fuinneamh inathnuaite amach ón gcósta a chur in úsáid, ba cheart do na húdaráis rialála náisiúnta fuinnimh a áirithiú go gcuirfear an prionsabal “tús áite don éifeachtúlacht fuinnimh” i bhfeidhm ar na próisis phleanála agus cinnteoireachta agus go ndreasófar leis na taraifí agus rialacháin gréasáin feabhsúcháin san éifeachtúlacht fuinnimh. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú chomh maith go gcuirfidh oibreoirí córais tarchurtha agus dáileacháin an prionsabal “tús áite don éifeachtúlacht fuinnimh” san áireamh. Chuideodh sin le hoibreoirí córais tarchurtha agus dáileacháin réitigh éifeachtúlachta fuinnimh níos fearr agus costais incriminteacha arna dtabhú chun acmhainní atá dírithe ar an éileamh a chur san áireamh, chomh maith leis na tionchair chomhshaoil agus shocheacnamaíocha a bheadh ag infheistíochtaí líonra agus pleananna oibríochta éagsúla. Leis an gcur chuige sin is gá aistriú ó pheirspictíocht chúng na héifeachtúlachta eacnamaíche chun an leas sóisialta is mó is féidir a bhaint amach. Ba cheart an prionsabal “tús áite don éifeachtúlacht fuinnimh” a chur i bhfeidhm go háirithe i gcomhthéacs cásanna a fhorbairt chun an bonneagar fuinnimh a mhéadú i gás ina bhféadfaí a mheas gur roghanna malartacha inmharthana atá i réitigh ar thaobh an éilimh agus gur gá iad a mheasúnú i gceart, agus ba cheart é a bheith ina chuid intreach den mheasúnú ar thionscadail pleanála líonraí. Ba cheart do na húdaráis rialála náisiúnta an cur i bhfeidhm a ghrinnscrúdú.

(101)

Ba cheart líon leordhóthanach gairmithe iontaofa atá inniúil i réimse na héifeachtúlachta fuinnimh a bheith ar fáil chun cur chun feidhme éifeachtach tráthúil na Treorach seo a áirithiú, a mhéid a bhaineann mar shampla le comhlíonadh na gceanglas maidir le hiniúchtaí fuinnimh agus cur chun feidhme scéimeanna oibleagáide éifeachtúlachta fuinnimh. Ba cheart do na Ballstáit dá bhrí sin deimhniú a chur i bhfeidhm agus/nó cáilíochtú choibhéiseach agus scéimeanna oiliúna oiriúnacha do sholáthraithe seirbhísí fuinnimh, iniúchtaí fuinnimh agus bearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh eile i ndlúthchomhar le comhpháirtithe sóisialta, soláthraithe oiliúna agus páirtithe leasmhara eile. Ba cheart measúnú a dhéanamh ar na scéimeanna gach ceithre bliana ag tosú ón mhí na Nollag 2024 ar aghaidh agus, i gás inar gá sin, iad a thabhairt cothrom le dáta chun an leibhéal inniúlachtaí a áirithiú le haghaidh soláthraithe seirbhísí fuinnimh, soláthraithe iniúchtaí fuinnimh, bainisteoirí fuinnimh agus suiteálaithe eilimintí tógála.

(102)

Is gá leanúint d’fhorbairt an mhargaidh i seirbhísí fuinnimh chun an fháil ar sheirbhísí fuinnimh ar thaobh an éilimh agus ar thaobh an tsoláthair araon a áirithiú. Rannchuidíonn an trédhearcacht, mar shampla trí bhíthin liostaí soláthraithe deimhnithe seirbhísí fuinnimh agus samhailchonarthaí eiseamláireach atá ar fáil, malartú dea-chleachtais agus treoirlínte go mór le glacadh seirbhísí fuinnimh agus sásraí conarthacha feidhmíochta fuinnimh agus féadann siad cuidiú go mór leis an éileamh a spreagadh agus leis an muinín as soláthraithe seirbhísí fuinnimh a mhéadú. I gconradh feidhmíochta fuinnimh seachnaíonn tairbhí na seirbhíse fuinnimh costais infheistíochta trí chuid de luach coigiltis fuinnimh a úsáid chun an infheistíocht a dhéanann tríú páirtí a aisíoc go hiomlán nó go páirteach. Cuidíonn sin le caipiteal príobháideach a mhealladh rud atá tábhachtach ó thaobh rátaí athchóirithe tógála a mhéadú san Aontas, saineolaíocht a thabhairt isteach sa mhargadh agus samhlacha nua gnó a fhorbairt. Dá bhrí sin, maidir le foirgnimh mhóra neamhchónaithe agus foirgnimh chónaithe phoiblí a bhfuil achar urláir úsáideach os cionn 500  m2 acu , agus foirgnimh chun críoch sóisialta, ba cheart ceanglas a bheith ann ina leith measúnú a dhéanamh ar a indéanta atá sé úsáid a bhaint as sásraí conarthacha feidhmíochta fuinnimh le haghaidh athchóirithe. Is céim chun tosaigh é sin chun an mhuinín as cuideachtaí seirbhísí fuinnimh a mhéadú agus chun an bealach a réiteach chun tionscadail den chineál sin a mhéadú sa todhchaí.

(103)

I bhfianaise na gcuspóirí uaillmhianacha maidir le hathchóiriú atá ann do na deich mbliana amach romhainn i gcomhthéacs na Teachtaireachta ón gCoimisiún dar teideal Rabharta Athchóiriúcháin ní mór an ról atá ag idirghabhálaithe margaidh neamhspleácha a mhéadú lena n-áirítear ionaid ilfhreastail nó sásraí tacaíochta comhchosúla chun forbairt an mhargaidh a spreagadh ar thaobh an éilimh agus ar thaobh an tsoláthair agus chun sásraí conarthacha feidhmíochta le haghaidh athchóiriú ar fhoirgnimh phoiblí agus phríobháideacha araon a chur chun cinn. D’fhéadfadh ról tábhachtach a bheith ag gníomhaireachtaí áitiúla fuinnimh maidir leis an méid seo agus maidir le héascaitheoirí féideartha agus ionaid uileghnó a shainaithint agus a bhunú. Ba cheart go gcuideodh an Treoir seo le feabhas a chur ar infhaighteacht táirgí, seirbhísí agus comhairle atá ar fáil ar mhargaí an Aontais agus ar na margaí áitiúla, lena n-áirítear trí chur chun cinn a dhéanamh ar an acmhainneacht atá ag banfhiontraithe na bearnaí sa mhargadh a líonadh agus bealaí nuálacha a sholáthar chun éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú.

(104)

Tá bacainní tábhachtacha fós le sárú ag sásraí conarthacha feidhmíochta fuinnimh i roinnt Ballstát mar gheall ar bhacainní rialála agus neamhrialála atá fós ann. Dá bhrí sin, is gá aghaidh a thabhairt ar dhébhríochtaí na gcreataí reachtacha náisiúnta, ar an easpa saineolaíochta, go háirithe a mhéid a bhaineann le nósanna imeachta tairisceana, agus ar iasachtaí agus deontais iomaíocha.

(105)

Ba cheart do na Ballstáit leanúint de thacaíocht a thabhairt don earnáil phoiblí glacadh le sásraí conarthacha feidhmíochta fuinnimh trí shamhailchonarthaí a sholáthar lena gcuirtear san áireamh na caighdeáin Eorpacha nó idirnáisiúnta atá ar fáil, treoirlínte tairisceana agus an Treoir maidir le Láimhseáil Staidrimh na gConarthaí Feidhmíochta Fuinnimh (48) a foilsíodh i mí na Bealtaine 2018, arb é atá inti deiseanna chun aghaidh a thabhairt ar na bacainní rialála atá ann go fóill ar na conarthaí sin sna Ballstáit.

(106)

Ba cheart bearta a bheith glactha ag na Ballstáit chun na bacainní rialála agus neamhrialála a shainaithint agus chun aghaidh a thabhairt orthu. Mar sin féin, is gá an iarracht a mhéadú maidir deireadh a chur le bacainní rialála agus neamhrialála ar shásraí conarthacha feidhmíochta fuinnimh a úsáid agus socruithe maoiniúcháin tríú páirtí a chuidíonn le baint amach coigiltis fuinnimh. Áitítear sna bacainní sin rialacha cuntasaíochta agus cleachtais lena gcuirtear cosc ar infheistíochtaí caipitil agus ar choigiltis mhaoinithe bliantúla a eascraíonn ó bhearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh a bheith léirithe go leordhóthanach sna cuntais ar feadh shaol iomlán na hinfheistíochta.

(107)

Bhain na Ballstáit úsáid as na Pleananna Gníomhaíochta Náisiúnta um Éifeachtúlacht Fuinnimh (NEEAPanna) 2014 agus 2017 chun tuairisc a thabhairt ar an dul chun cinn a rinneadh maidir le deireadh a chur le bacainní rialála agus neamhrialála ar éifeachtúlacht fuinnimh a mhéid a bhaineann leis na dreasachtaí scoilte idir úinéirí agus tionóntaí nó idir úinéirí foirgnimh nó aonaid foirgnimh. Mar sin féin, ba cheart do na Ballstáit leanúint de bheith ag obair chuige sin agus leas a bhaint as acmhainneacht na héifeachtúlachta fuinnimh i gcomhthéacs staitisticí Eurostat 2016, a léirítear leis an bhfíoras go bhfuil cónaí ar bhreis agus ceathrar as gach deich deichniúr Eorpach in árasán agus gur tionóntaí iad os cionn triúr as gach deichniúr Eorpach.

(108)

Ba cheart na Ballstáit , na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla a spreagadh chun úsáid iomlán a bhaint as na cistí Eorpacha atá ar fáil sa Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus in Next Generation EU, lena n-áirítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, Cistí an Bheartais Chomhtháthaithe, an Ciste um Fhorbairt Tuaithe agus an Ciste um Aistriú Cóir, chomh maith leis na hionstraimí airgeadais agus an cúnamh teicniúil atá ar fáil faoi InvestEU, chun infheistíochtaí príobháideacha agus poiblí a spreagadh i mbearta feabhsúcháin éifeachtúlachta fuinnimh. Tá acmhainneacht san infheistíocht san éifeachtúlacht fuinnimh chun rannchuidiú leis an bhfás eacnamaíoch, leis an bhfostaíocht, leis an nuálaíocht agus le laghdú ar an mbochtaineacht fuinnimh i dteaghlaigh, agus dá bharr sin rannchuidíonn sí go dearfach leis an gcomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach agus leis an téarnamh glas. Ar na réimsí féideartha le haghaidh cistiúcháin tá bearta éifeachtúlachta fuinnimh i bhfoirgnimh agus i dtithíocht phoiblí agus oiliúint, athoiliúint agus uas-sciliú gairmithe, go háirithe i bpoist a bhaineann le hathchóiriú foirgneamh, chun fostaíocht a chur chun cinn in earnáil na héifeachtúlachta fuinnimh. Áiritheoidh an Coimisiún sineirgíochtaí idir na hionstraimí cistiúcháin éagsúla, go háirithe na cistí faoi bhainistíocht chomhroinnte agus na cistí faoi bhainistíocht dhíreach (amhail cláir a bhainistítear go lárnach: Fís Eorpach nó LIFE), chomh maith le deontais, iasachtaí eatramhacha agus cúnamh teicniúil chun a dtionchar giarála a uasmhéadú ar an maoiniú príobháideach agus a dtionchar ar chuspóirí beartais éifeachtúlachta fuinnimh a bhaint amach.

(109)

Ba cheart do na Ballstáit úsáid saoráidí maoiniúcháin a spreagadh chun cuspóirí na Treorach seo a chur chun cinn a thuilleadh. D’fhéadfadh a bheith sna saoráidí maoiniúchain sin ranníocaíochtaí airgeadais agus fíneálacha ar neamhchomhlíonadh forálacha áirithe den Treoir seo; acmhainní a leithdháiltear ar an éifeachtúlacht fuinnimh faoi Airteagal 10(3) de Threoir Uimh. 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (49); acmhainní a leithdháiltear ar an éifeachtúlacht fuinnimh sna cistí agus sna cláir Eorpacha, agus ionstraimí airgeadais Eorpacha tiomnaithe, amhail an Ciste Eorpach um Éifeachtúlacht Fuinnimh. Ba cheart do na Ballstáit obair a dhéanamh ar ardáin a thógáil a bhfuil sé mar aidhm acu tionscadail bheaga agus mheánmhéide a chomhiomlánú d’fhonn comhthiomsuithe tionscadal a chruthú a bheidh oiriúnach chun críoch maoiniúcháin.

(110)

D’fhéadfaí saoráidí maoiniúcháin a bhunú, i gcás inarb infheidhme, ar acmhainní a leithdháiltear ar an éifeachtúlacht fuinnimh ó bhannaí tionscadail an Aontais; acmhainní a leithdháileadh ar an éifeachtúlacht fuinnimh ón mBanc Eorpach Infheistíochta agus ó institiúidí airgeadaíochta Eorpacha eile, go háirithe ón mBanc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha agus ó Bhanc Forbartha Chomhairle na hEorpa; acmhainní arna ngiaráil in institiúidí airgeadais; acmhainní náisiúnta, lena n-áirítear trí chreataí rialála agus fioscacha a fhorbairt lena spreagfar cur chun feidhme tionscnaimh agus cláir éifeachtúlachta fuinnimh; ioncaim ó leithdháiltí bliantúla astaíochtaí faoi Chinneadh Uimh. 406/2009/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (50).

(111)

D’fhéadfadh na saoráidí maoiniúcháin na ranníocaíochtaí, acmhainní agus ioncaim a úsáid go háirithe chun infheistíocht chaipitil phríobháidigh a chumasú agus a spreagadh, ag tarraingt ar infheisteoirí institiúideacha go háirithe agus, san am céanna, critéir a úsáid lena n-áiritheofaí go mbainfear amach cuspóirí comhshaoil agus sóisialta araon maidir le cistí a dheonú; úsáid a bhaint as sásraí maoinithe nuálacha (e.g. ráthaíochtaí iasachta le haghaidh caipiteal príobháideach, ráthaíochtaí iasachta chun sásraí conarthacha feidhmíochta fuinnimh a chothú, iasachtaí fóirdheonaithe agus línte creidmheasa tiomnaithe, córais maoinithe tríú páirtí) lena laghdaítear na rioscaí a bhaineann le tionscadail éifeachtúlachta fuinnimh agus lena mbeadh fiú amháin teaghlaigh ar ioncam íseal agus ar mheánioncam in ann athchóiriú costéifeachtach a dhéanamh; d’fhéadfaidís a bheith nasctha le cláir nó le gníomhaireachtaí a dhéanfadh cáilíocht tionscadal coigiltis fuinnimh a chomhiomlánú agus a mheasúnú, cúnamh teicniúil a chur ar fáil, an margadh i seirbhísí fuinnimh a chur chun cinn, agus cuidiú le héileamh tomhaltóirí ar sheirbhísí fuinnimh a ghiniúint.

(112)

D’fhéadfadh na saoráidí maoiniúchain acmhainní a chur ar fáil freisin chun tacú le cláir oiliúna agus deimhniúcháin lena bhfeabhsófar agus lena gcreidiúnófar scileanna i réimse na héifeachtúlachta fuinnimh; acmhainní a chur ar fáil le haghaidh taighde ar ghlacadh teicneolaíochtaí mionscála agus micreatheicneolaíochtaí mionscála agus ar a léiriú agus a luasghéarú agus le haghaidh nascadh na ngineadóirí sin leis an eangacha a bharrfheabhsú; nasc a bheith idir iad agus cláir a thugann faoi ghníomhaíocht chun éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn i ngach teaghais chun cosc a chur ar an mbochtaineacht fuinnimh agus chun tiarnaí talún a ligeann teaghaisí ar cíos a spreagadh chun a réadmhaoin a dhéanamh chomh héifeachtúil ó thaobh fuinnimh agus is féidir; acmhainní iomchuí a sholáthar chun tacú leis an idirphlé sóisialta agus le caighdeáin a leagan síos arb é is aidhm dóibh éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú agus dálaí maithe sláinte agus sábháilteachta ag an obair a áirithiú.

(113)

Ba cheart úsáid a bhaint as cláir chistiúcháin, ionstraimí airgeadais agus sásraí nuálacha maoiniúcháin de chuid an Aontais atá ar fáil chun éifeacht phraiticiúil a thabhairt don chuspóir feabhas a chur ar fheidhmíocht fuinnimh foirgneamh ar le comhlachtaí poiblí iad. I ndáil leis an méid sin, féadfaidh na Ballstáit a n-ioncam ó leithdháiltí bliantúla astaíochtaí faoi Chinneadh Uimh. 406/2009/CE a úsáid chun na sásraí sin a fhorbairt ar bhonn deonach agus rialacha buiséadacha náisiúnta á gcur san áireamh. Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit faisnéis leordhóthanach a chur ar fáil do na córais riaracháin réigiúnacha agus áitiúla maidir leis na cláir sin. Mar shampla, d’fhéadfadh tionscnamh Chúnant na Méaraí a bheith ar cheann de na huirlisí chun faisnéis leordhóthanach a chur ar fáil.

(114)

Agus an sprioc éifeachtúlachta fuinnimh á cur chun feidhme, ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar thionchar na mbeart ábhartha ar Threoir 2003/87/CE lena mbunaítear scéim trádála an Aontais (ETS) chun na dreasachtaí sa chóras trádála astaíochtaí a choinneáil ar bun lena dtugtar luaíocht d’infheistíocht ísealcharbóin agus lena n-ullmhaítear na hearnálacha ETS don nuálaíocht a bheidh de dhíth sa todhchaí. Is ga dó faireachán a dhéanamh ar an tionchar ar na hearnálacha tionscail a bhfuil neamhchosaint acu ar riosca suntasach sceitheadh carbóin mar a chinntear i gCinneadh 2014/746/AE ón gCoimisiún (51), chun a áirithiú go gcuirfear chun cinn leis an Treoir seo forbairt na n-earnálacha sin agus nach gcuirfear bac uirthi.

(115)

Ba cheart tacú le bearta na mBallstát le hionstraimí airgeadais dea-cheaptha éifeachtacha de chuid an Aontais, faoin gClár InvestEU, agus le maoiniú ón mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI) agus ón mBanc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha (BEAF), ar cheart dóibh tacú le hinfheistíochtaí in éifeachtúlacht fuinnimh ar gach céim den slabhra fuinnimh agus anailís chuimsitheach chostais is tairbhe a úsáid le múnla rátaí lascaine difreáilte. Ba cheart tacaíocht airgeadais a dhíriú ar mhodhanna costéifeachtacha chun éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú, lena mbainfí amach laghdú ar ídiú fuinnimh. Ba cheart do BEI agus do BEAF, in éineacht le bainc náisiúnta le haghaidh spreagtha, cláir agus tionscadail atá saincheaptha d’earnáil na héifeachtúlachta, lena n-áirítear do theaghlaigh atá bocht ó thaobh an fhuinnimh de, a cheapadh, a ghiniúint agus a mhaoiniú.

(116)

Tugann dlí trasearnála bunús láidir do chosaint tomhaltóirí i gcomhair raon leathan seirbhísí fuinnimh atá ann cheana, agus is dócha go dtiocfaidh an dlí sin chun cinn. Mar sin féin, ba cheart cearta conarthacha bunúsacha áirithe atá ag custaiméirí a bhunú go soiléir. Ba cheart faisnéis shoiléir agus shothuigthe a chur ar fáil do thomhaltóirí i dtaca lena gcearta i ndáil le hearnáil an fhuinnimh.

(117)

Déantar cosaint níos fearr do thomhaltóirí a ráthú trí shásraí éifeachtacha agus neamhspleácha um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt a bheith ar fáil do gach tomhaltóir, amhail ombudsman fuinnimh, comhlacht tomhaltóirí nó údarás rialála. Dá bharr sin, a cheart do na Ballstáit nósanna imeachta tapa agus éifeachtacha chun gearáin a láimhseáil a thabhairt isteach.

(118)

Chun gur féidir éifeachtúlacht an Treoir seo a mheasúnú, ba cheart ceanglas a leagan síos chun athscrúdú ginearálta a dhéanamh ar an Treoir seo agus chun tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 28 Feabhra 2027. Ba cheart don athscrúdú sin an t-ailíniú is gá chuige sin a cheadú, agus forbairtí eacnamaíocha agus nuálacha á gcur san áireamh freisin.

(119)

Ba cheart ról ceannasach a thabhairt d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha i ndáil leis na bearta a leagtar síos sa Treoir seo a fhorbairt, a cheapadh, a chur chun feidhme agus a mheasúnú, ionas gur féidir leo aghaidh a thabhairt mar is ceart ar ghnéithe sonracha a n-aeráide, a gcultúir agus a sochaí féin.

(119a

) I bhfianaise shaintréithe sonracha na réigiún is forimeallaí, mar a aithnítear in Airteagal 349 CFAE, go háirithe maidir le nascadh fuinnimh, táirgeadh, soláthar agus ídiú, agus riosca méadaithe na bochtaineachta fuinnimh, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar na réigiúin is forimeallaí agus ar a gcónaitheoirí agus na bearta dá bhforáiltear sa Treoir seo á dtarraingt suas, á gcur chun feidhme agus meastóireacht á déanamh orthu.

(120)

I bhfianaise an dul chun cinn theicneolaíoch agus sciar méadaitheach na bhfoinsí fuinnimh inathnuaite san earnáil ghiniúna leictreachais, ba cheart an chomhéifeacht réamhshocraithe do choigilteas i leictreachas kWh a athscrúdú chun athruithe san fhachtóir fuinnimh phríomhúil (PEF) do leictreachas agus iompróirí eile fuinnimh a léiriú. Tá ríomhanna ina léirítear meascán fuinnimh PEF don leictreachas bunaithe ar mheánluachanna bliantúla. Úsáidtear modh cuntasaíochta an “inneachair fhisiciúil fuinnimh” le haghaidh leictreachas núicléach agus le haghaidh giniúint teasa agus úsáidtear an modh “teicniúil comhshó éifeachtúlachta” le haghaidh leictreachais agus teas a ghiniúint ó bhreoslaí iontaise agus ón mbithmhais. Is é an modh atá ann d’fhuinneamh inathnuaite an choibhéis dhíreach bunaithe ar an gcur chuige “iomlán fuinnimh phríomhúil”. Chun an sciar fuinnimh phríomhúil le haghaidh leictreachas ó chomhghiniúint a ríomh, baintear feidhm as an modh a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir seo. Úsáidtear meánsuíomh ar an margadh seachas suíomh imeallach. Glactar leis gurb é 100 % atá ann d’éifeachtúlachtaí comhshó agus d’fhoinsí inathnuaite neamh-indóite 10 % do stáisiúin chumhachta gheoiteirmeacha agus 33 % do stáisiúin chumhachta núicléacha. Tá ríomh na héifeachtúlachta iomláine do chomhghiniúint bunaithe ar na sonraí is déanaí ó Eurostat. Dála teorainneacha córais, is é 1 an PEF do na foinsí fuinnimh go léir. Tagraíonn luach PEF do 2018 agus tá sé bunaithe ar shonraí a idirshuitear ón leagan is déanaí de Chás Tagartha PRIMES do na blianta 2015 agus 2020 agus é coigeartaithe le sonraí Eurostat go dtí 2016. Cumhdaítear na Ballstáit agus an Iorua leis an anailís. Tá an tacar sonraí don Iorua bunaithe ar shonraí ENTSO-E.

(121)

Ní fhéadfar coigilteas fuinnimh a eascraíonn ó chur chun feidhme dhlí an Aontais a éileamh mura n-eascraíonn siad ó bheart a théann thar an íosmhéid a éilítear le gníomh dlí an Aontais atá i dtrácht, cibé acu trí cheanglais éifeachtúlachta fuinnimh níos uaillmhianaí a leagan síos ar leibhéal na mBallstát nó trí ghabháil ar láimh an bhirt a mhéadú. Is acmhainneacht shuntasach iad foirgnimh d’fhonn éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú tuilleadh, agus is gné ríthábhachtach fhadtéarmach lena mbaineann barainneachtaí scála é athchóiriú foirgneamh i gcoigilteas fuinnimh a mhéadú. Is gá a shoiléiriú, dá bhrí sin, gur féidir an coigilteas fuinnimh go léir a eascraíonn ó na bearta lena gcuirtear athchóiriú na bhfoirgneamh atá ann cheana chun cinn a éileamh, ar an gcoinníoll go bhfuil sé níos mó ná an coigilteas a tharlódh in éagmais na mbeart beartais agus ar an gcoinníoll go léiríonn an Ballstát gur rannchuidigh, go hiarbhír, an páirtí faoi oibleagáid, an páirtí rannpháirteach nó an páirtí ar cuireadh cúram air an coigilteas fuinnimh a éilítear.

(122)

I gcomhréir le Straitéis an Aontais Fuinnimh agus le prionsabail na rialála níos fearr, ba cheart níos mó tosaíochta a thabhairt do rialacha faireacháin agus fíoraithe chun scéimeanna um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh agus bearta beartais malartacha a chur chun feidhme, lena n-airítear an ceanglas sampla ionadaíoch, ó thaobh staidrimh de, de na bearta a sheiceáil. Sa Treoir seo, ba cheart a thuiscint le sciar mór ó thaobh staidrimh de agus sampla ionadaíoch, ó thaobh staidrimh de, de na bearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh gur gá fothacar de líon staidrimh de na bearta coigiltis fuinnimh atá i gceist a bhunú ar shlí a léiríonn go cruinn iomlán na mbeart coigiltis fuinnimh, agus, ar an tslí sin, go gceadaítear tátail réasúnta iontaofa a bhaint maidir le muinín as iomlán na mbeart.

(123)

Laghdaíonn fuinneamh a ghintear ar fhoirgnimh nó i bhfoirgnimh mar gheall ar theicneolaíochtaí fuinnimh inathnuaite méid an fhuinnimh a sholáthraítear ó bhreoslaí iontaise. Is bearta tábhachtacha iad laghdú an ídithe fuinnimh agus úsáid an fhuinnimh ó fhoinsí inathnuaite in earnáil na bhfoirgneamh chun spleáchas an Aontais ar fhuinneamh agus astaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais a laghdú, go háirithe i bhfianaise na gcuspóirí uaillmhianacha aeráide agus fuinnimh a leagtar síos do 2030 chomh maith leis an ngealltanas foriomlán a rinneadh i gcomhthéacs Chomhaontú Pháras. Chun críocha a n-oibleagáide maidir le coigilteas fuinnimh carnach féadfaidh na Ballstáit a chur san áireamh coigiltis fuinnimh ó bhearta bearta beartais lena gcuirtear chun cinn theicneolaíochta inathnuaite chun a gceanglais coigiltis fuinnimh a chomhlíonadh i gcomhréir leis an modheolaíocht ríofa dá bhforáiltear sa Treoir seo. Coigiltis fuinnimh ó bheartais fuinnimh maidir le dóchán díreach breosla iontaise a úsáid, níor cheart iad a chur san áireamh.

(124)

Leis na hathruithe a thugtar isteach leis an Treoir seo d’fhéadfadh sé go mbeadh ceanglas ann maidir le leasú ina dhiaidh sin ar Rialachán (AE) 2018/1999 chun comhleanúnachas idir an dá ghníomh dlí a áirithiú. Forálacha nua, atá gaolmhar go príomha le ranníocaíochtaí náisiúnta ceangailteacha a shocrú mar aon le conairí agus na garspriocanna a ghabhann leo, le sásraí líonta bearna agus le hoibleagáidí tuairiscithe, ba cheart iad a chuíchóiriú agus a aistriú chuig an Rialachán sin, a luaithe a leasófar é. D’fhéadfadh sé go mbeadh gá athmheastóireacht a dhéanamh ar fhorálacha Rialachán (AE) 2018/1999 i bhfianaise na n-athmheasúnú i bhfianaise na n-athruithe atá beartaithe sa Treoir seo. Níor cheart a chruthú leis na ceanglais tuairiscithe agus faireacháin bhreise a leagtar síos aon chóras nua comhthreomhar tuairiscithe, ach bheidís faoi réir an chreata faireacháin agus tuairiscithe atá ann cheana faoi Rialachán (AE) 2018/1999.

(125)

Chun cur chun feidhme praiticiúil na Treorach seo a chothú ar na leibhéil náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla a chothú ba cheart don Choimisiún leanúint de thacaíocht a thabhairt do mhalartú taithí maidir le cleachtais, tagarmharcanna, gníomhaíochtaí gréasáin, mar aon le cleachtais nuálacha ag ardán ar líne.

(126)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo a ghnóthú go leordhóthanach, eadhon sprioc éifeachtúlachta fuinnimh an Aontais a bhaint amach agus an bealach a réiteach do thuilleadh feabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh agus i dtreo na haeráidneodrachta, ach gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(127)

Chun ceadú d’oiriúnú don dul chun cinn teicniúil agus d’athruithe ar leithdháileadh na bhfoinsí fuinnimh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le Airteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith an athbhreithnithe ar na tagarluachanna éifeachtúlachta comhchuibhithe a leagtar síos ar bhonn na Treorach seo agus i leith na luachanna, na modhanna ríofa, na comhéifeachta príomhúla réamhshocraithe fuinnimh agus na gceanglas sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an Treoir seo.

(128)

Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (52). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(129)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Treoir seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (53).

(130)

Ba cheart an oibleagáid an Treoir seo a thrasuí sa dlí náisiúnta a theorannú do na forálacha sin ar leasú substainteach iad i gcomparáid leis an Treoir a bhí ann roimhe seo. Is ann don oibleagáid na forálacha nach bhfuil athraithe a thrasuí mar thoradh ar an Treoir sin a bhí ann roimhe seo.

(131)

Ba cheart nár dhochar an Treoir seo d’oibleagáidí na mBallstát maidir leis na teorainneacha ama chun na Treoracha a leagtar amach i gCuid B d’Iarscríbhinn XV a thrasuí sa dlí náisiúnta,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

ÁBHAR, RAON FEIDHME, SAINMHÍNITHE AGUS SPRIOCANNA ÉIFEACHTÚLACHTA FUINNIMH

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Leis an Treoir seo, bunaítear creat comhchoiteann de bhearta chun éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn laistigh den Aontas chun a áirithiú go gcomhlíonfar sprioc cheangailteach an Aontais maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus éascaítear tuilleadh feabhsuithe fuinnimh léi, agus rannchuidiú á dhéanamh le cur chun feidhme Chomhaontú Pháras agus le slándáil sholáthar fuinnimh an Aontais trí laghdú a dhéanamh ar a spleáchas ar allmhairí fuinnimh, lena n-áirítear breoslaí iontaise, agus athrú ó bhonn á dhéanamh ar chaidreamh fuinnimh an Aontais le comhpháirtithe tríú tír i dtreo aeráidneodracht a bhaint amach.

Leis an Treoir seo, leagtar síos rialacha atá ceaptha chun an éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun feidhme mar thosaíocht thar gach earnáil, bacainní i margadh an fhuinnimh a bhaint agus chun clistí a shárú sa mhargadh a chuireann bac ar éifeachtúlacht i soláthar , traiseoladh, stóráil agus úsáid fuinnimh. Déantar foráil léi freisin maidir le rannchuidithe éifeachtúlachta fuinnimh náisiúnta ceangailteacha do 2030.

Leis an Treoir seo, rannchuidítear le cur chun feidhme bhunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh agus, dá bhrí sin, leis an Aontas mar shochaí chuimsitheach, chóir agus rathúil, ag a bhfuil geilleagar nua-aimseartha iomaíoch agus atá tíosach ar acmhainní.

2.   Is íoscheanglais iad na ceanglais a leagtar síos sa Treoir seo agus ní choiscfidh siad ar Bhallstát bearta níos déine a choimeád nó a thabhairt isteach. Beidh bearta den sórt sin comhoiriúnach le dlí an Aontais. I gcás ina ndéantar foráil sa reachtaíocht náisiúnta do bhearta níos déine, tabharfaidh an Ballstát fógra don Choimisiún maidir leis an reachtaíocht sin.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha na Treorach seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “fuinneamh” gach cineál táirge fuinnimh, breoslaí indóite, teas, fuinneamh inathnuaite, leictreachas, nó aon fhoirm eile fuinnimh, mar a shainmhínítear in Airteagal 2(d) de Rialachán (CE) Uimh. 1099/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (54);

(2)

ciallaíonn “bunphrionsabal éifeachtúlachta fuinnimh” tús áite a thabhairt don éifeachtúlacht fuinnimh mar a shainmhínítear i bpointe (18) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2018/1999.

(3)

ciallaíonn “córas fuinnimh” córas a dearadh go príomha chun seirbhísí fuinnimh a sholáthar chun éileamh earnálacha críochúsáide le haghaidh fuinneamh i bhfoirm teasa, breoslaí agus leictreachais a shásamh.

(3a)

Ciallaíonn “éifeachtúlacht córais” réitigh atá tíosach ar fhuinneamh a roghnú i gcás ina gcumasófar leo freisin bealach dícharbónaithe costéifeachtach, solúbthacht bhreise agus úsáid éifeachtúil acmhainní;

(4)

ciallaíonn “ídiú fuinnimh phríomhúil” méid comhlán an fhuinnimh atá ar fáil, gan umair mhuirí idirnáisiúnta, ídiú deiridh neamhfhuinnimh, teas comhthimpeallachta agus fuinneamh geoiteirmeach a úsáidtear i dteaschaidéil a chur san áireamh;

(5)

ciallaíonn “ídiú críochnaitheach fuinnimh” an fuinneamh ar fad a sholáthraítear d’earnáil na tionsclaíochta, d’earnáil an iompair (lena n-airítear ídiú fuinnimh san eitlíocht idirnáisiúnta), do theaghlaigh, do sheirbhísí poiblí agus príobháideacha, d’earnáil na talmhaíochta, d’earnálacha na foraoiseachta agus na hiascaireachta agus d’úsáideoirí deiridh eile (tomhaltóirí deiridh fuinnimh). Eisiatar ídiú fuinnimh in umair mhuirí idirnáisiúnta, teas comhthimpeallachta agus fuinneamh geoiteirmeach a úsáidtear i dteaschaidéil agus seachadtaí don earnáil chlaochlaithe agus don earnáil fuinnimh agus caillteanais mar thoradh ar tharchur agus ar dháileadh (tá feidhm ag sainmhínithe in Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1099/2008);

(6)

ciallaíonn “éifeachtúlacht fuinnimh” an cóimheas idir an t-aschur feidhmíochta, seirbhíse, earraí nó fuinnimh, agus an t-ionchur fuinnimh;

(7)

ciallaíonn “coigilteas fuinnimh” méid fuinnimh a coiglíodh, arna chinneadh trí ídiú fuinnimh a thomhas agus/nó a mheas sula gcuirtear beart feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh chun feidhme agus ina dhiaidh sin, agus normalú á áirithiú ag an am céanna i gcás dálaí seachtracha a dhéanann difear don ídiú fuinnimh;

(8)

ciallaíonn “feabhas ar éifeachtúlacht fuinnimh” méadú ar éifeachtúlacht fuinnimh mar thoradh ar athruithe teicneolaíocha, iompraíochta agus/nó eacnamaíocha;

(9)

ciallaíonn “seirbhís fuinnimh” an sochar fisiceach, an fóntas nó an t-earra a dhíorthaítear ó fhuinneamh a mheascadh le teicneolaíocht atá tíosach ar fhuinneamh nó le gníomhaíocht, lena bhféadfar na hoibríochtaí, an chothabháil agus an rialú is gá chun an tseirbhís a sheachadadh a áireamh, ar seirbhís í a sheachadtar ar bhonn conartha agus atá, i ngnáthchúinsí, tar éis feabhsú éifeachtúlachta fuinnimh infhíoraithe agus intomhaiste nó coigilteas fuinnimh phríomhúil a bheith mar thoradh air;

(10)

ciallaíonn “comhlachtaí poibl픓údaráis chonarthacha” mar a shainmhínítear i dTreoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (55);

(10a)

ciallaíonn “foirgnimh chun críocha sóisialta” foirgnimh nach bhfuil cónaí iontu ach ag comhlachtaí seachas comhlachtaí poiblí, a mhaoinítear go poiblí agus a sholáthraíonn seirbhísí leasa ghinearálta, amhail oideachas, sláinte, seirbhísí sóisialta nó tithíocht shóisialta;

(11)

ciallaíonn “achar urláir úsáideach iomlán” achar urláir foirgnimh nó cuid d’fhoirgneamh, ina n-úsáidtear fuinneamh chun an aeráid laistigh a chóiriú;

(12)

ciallaíonn “údaráis chonarthacha” údaráis chonarthacha mar a shainmhínítear iad in Airteagal 6(1), Airteagal 2(1) agus in Airteagal 3(1) de Threoir 2014/23/AE, Treoir 2014/24/AE agus Treoir 2014/25/AE faoi seach;

(13)

ciallaíonn “eintitis chonarthacha” eintitis chonarthacha mar a shainmhínítear i dTreoracha 2014/23/AE agus 2014/25/AE faoi seach;

(14)

ciallaíonn “córas bainistíochta fuinnimh” tacar gnéithe idirghaolmhara nó idirghníomhacha de phlean ina leagtar síos cuspóir éifeachtúlachta fuinnimh agus straitéis chun an cuspóir sin a bhaint amach, lena n-áirítear faireachán ar ídiú fuinnimh iarbhír, gníomhaíochtaí arna ndéanamh chun éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú agus dul chun cinn a thomhas;

(15)

ciallaíonn “caighdeán Eorpach” caighdeán arna ghlacadh ag an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú, Coiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil, Institiúid Eorpach na gCaighdeán Teileachumarsáide agus a chuirtear ar fáil le haghaidh úsáid phoiblí;

(16)

ciallaíonn “caighdeán idirnáisiúnta” caighdeán arna ghlacadh ag an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Chaighdeánú agus a chuirtear ar fáil don phobal;

(17)

ciallaíonn “páirtí faoi oibleagáid” dáileoir fuinnimh nó comhlacht díolacháin fuinnimh miondíola nó oibreoir córais tarchurtha atá faoi cheangal ag na scéimeanna náisiúnta um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh dá dtagraítear in Airteagal 9;

(18)

ciallaíonn “páirtí iontaoibhe” eintiteas dlíthiúil a bhfuil cumhacht tarmligthe aige ó rialtas nó ó chomhlacht poiblí eile chun scéim maoinithe a fhorbairt, a bhainistiú nó a oibriú thar ceann an rialtais nó thar ceann comhlachta phoiblí eile;

(19)

ciallaíonn “páirtí rannpháirteach” fiontar nó comhlacht poiblí a bhfuil gealltanas tugtha aige cuspóirí áirithe a bhaint amach faoi chomhaontú deonach, nó a chumhdaítear le hionstraim beartais rialála náisiúnta;

(20)

ciallaíonn “údarás poiblí cur chun feidhme” comhlacht atá á rialú ag an dlí poiblí agus atá freagrach as cánachas fuinnimh nó carbóin, scéimeanna agus ionstraimí airgeadais, dreasachtaí, caighdeáin agus noirm fioscacha, scéimeanna lipéadaithe fuinnimh, oiliúint nó oideachas a dhéanamh nó faireachán a dhéanamh orthu;

(21)

ciallaíonn “gníomhaíocht beartais” ionstraim um sholáthar rialála, airgeadais, fioscach, deonach nó faisnéise arna bunú go foirmiúil agus arna cur chun feidhme i mBallstát chun creat tacaíochta, ceanglas nó dreasacht a chruthú do ghníomhaithe sa mhargadh chun seirbhísí fuinnimh a sholáthar agus a cheannach agus chun bearta eile feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh a dhéanamh;

(22)

ciallaíonn “gníomhaíocht aonair” gníomhaíocht as a dtagann feabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh atá infhíoraithe, intomhaiste nó inmheasaithe agus a dhéantar mar thoradh ar ghníomhaíocht beartais;

(23)

ciallaíonn “dáileoir fuinnimh” duine nádúrtha nó dlítheanach, lena n-áirítear oibreoir córais dáileacháin, atá freagrach as fuinneamh a iompar d’fhonn é a sheachadadh ar chustaiméirí deiridh nó ar stáisiúin dáileacháin a dhíolann fuinneamh leis na custaiméirí deiridh;

(24)

ciallaíonn “oibreoir córais dáileacháin”“oibreoir córais dáileacháin” mar a shainmhínítear in Airteagal 2(29) de Threoir (AE) 2019/944 a mhéid a bhaineann le leictreachas, agus Airteagal 2(6) de Threoir 2009/73/CE a mhéid a bhaineann le gás, faoi seach;

(25)

ciallaíonn “cuideachta díolacháin fuinnimh miondíola” duine nádúrtha nó dlítheanach a dhíolann fuinneamh le custaiméirí deiridh;

(26)

ciallaíonn “custaiméir deiridh” duine nádúrtha nó dlítheanach a cheannaíonn fuinneamh dá úsáid deiridh féin;

(27)

ciallaíonn “soláthraí seirbhíse fuinnimh” duine nádúrtha nó dlítheanach a sheachadann seirbhísí fuinnimh nó bearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh i saoráid nó in áitreabh an chustaiméara deiridh;

(27a)

ciallaíonn “fiontar beag nó meánmhéide” nó “FBM” fiontar mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1) den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún  (56);

(27b)

ciallaíonn “micrifhiontar” fiontar mar a shainmhínítear in Airteagal 2(3) den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE;

(28)

ciallaíonn “iniúchadh fuinnimh” nós imeachta córasach a bhfuil sé de chuspóir leis eolas leordhóthanach a fháil ar phróifíl ídithe agus bainistíochta fuinnimh foirgnimh nó grúpa foirgneamh, oibríochta nó suiteála tráchtála nó tionsclaíche nó seirbhíse poiblí nó príobháidí, lena sainaithnítear agus lena gcainníochtaítear deiseanna chun coigilteas fuinnimh costéifeachtach a dhéanamh lena sainaithnítear an fhéidearthacht le haghaidh úsáid costéifeachtach nó chun fuinneamh inathnuaite a tháirgeadh agus na torthaí sin a thuairisciú;

(29)

ciallaíonn “conraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh” socrú conarthach idir an tairbhí agus soláthraí birt feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh, a fhíoraítear agus a ndéantar faireachán air le linn théarma iomlán an chonartha, i gcás ina n-íoctar as obair, soláthar nó seirbhís sa bheart sin i ndáil le leibhéal feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh arna chomhaontú de réir conartha nó critéir feidhmíochta fuinnimh eile arna chomhaontú, amhail coigilteas airgeadais;

(30)

ciallaíonn “córas méadraithe chliste”“córas méadraithe chliste” mar a shainmhínítear i dTreoir (AE) 2019/944;

(30a)

ciallaíonn “pointe athluchtaithe” pointe athluchtaithe mar a shainmhínítear in Airteagal 2(41) de Threoir … [AFIR – 2021/0223(COD)];

(31)

ciallaíonn “oibreoir córais tarchurtha”“oibreoir córais tarchurtha” mar a shainmhínítear in Airteagal 2(35) de Threoir (AE) 2019/944 agus Threoir 2009/73/CE, maidir le leictreachas agus gás, faoi seach;

(32)

ciallaíonn “comhghiniúint” giniúint chomhuaineach, in aon phróiseas amháin, d’fhuinneamh teirmeach agus d’fhuinneamh leictreach nó meicniúil;

(33)

ciallaíonn “éileamh inchosanta ar bhonn eacnamaíoch” éileamh nach sáraíonn na riachtanais le haghaidh téimh ná fuaraithe agus a shásófaí ar bhealach eile ag dálaí an mhargaidh trí phróisis ghiniúna fuinnimh seachas comhghiniúint;

(34)

ciallaíonn “teas úsáideach” teas a tháirgtear i bpróiseas comhghiniúna chun éileamh ar théamh nó ar fhuarú atá inchosanta ar bhonn eacnamaíoch a shásamh;

(35)

ciallaíonn “leictreachas ó chomhghiniúint” leictreachas a ghintear i bpróiseas atá nasctha le táirgeadh teasa úsáidigh agus a ríomhtar i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar síos in Iarscríbhinn II;

(36)

ciallaíonn “comhghiniúint ardéifeachtach” comhghiniúint a chomhlíonann na critéir a leagtar síos in Iarscríbhinn III;

(37)

ciallaíonn “éifeachtúlacht fhoriomlán” suim bhliantúil an táirgthe leictreachais agus fuinnimh mheicniúil agus an aschuir teasa úsáidigh roinnte ar an ionchur breosla a úsáidtear le haghaidh teasa a tháirgtear i bpróiseas comhghiniúna agus olltáirgeadh leictreachais agus fuinnimh mheicniúil;

(38)

ciallaíonn “cóimheas idir cumhacht agus teas” an cóimheas idir leictreachas ó chomhghiniúint go teas úsáideach agus é ag feidhmiú i modh iomlán comhghiniúna agus sonraí oibríochtúla an aonaid shonraigh á n-úsáid;

(39)

ciallaíonn “aonad comhghiniúna” aonad atá in ann oibriú sa mhodh comhghiniúna;

(40)

ciallaíonn “aonad comhghiniúna ar mhionscála” aonad comhghiniúna lena ngabhann toilleadh suiteáilte faoi bhun 1 MWe;

(41)

ciallaíonn “aonad micrea-chomhghiniúna” aonad comhghiniúna lena ngabhann toilleadh uasta faoi bhun 50 kWe;

(42)

ciallaíonn “téamh agus fuarú ceantair éifeachtúil” córas téimh agus fuaraithe ceantair a chomhlíonann na critéir a leagtar síos in Airteagal 24;

(43)

ciallaíonn “téamh agus fuarú éifeachtúil” rogha téimh agus fuaraithe a dhéanann, i gcomparáid leis an gcás bunlíne lena léirítear cás “gnó mar is gnách”, an t-ionchur fuinnimh phríomhúil is gá chun aonad amháin fuinnimh arna sheachadadh a sholáthar laistigh de theorainn ábhartha córais ar bhealach costéifeachtach, arna mheasúnú san anailís costais is tairbhe dá dtagraítear sa Treoir seo, agus an fuinneamh is gá le haghaidh eastósctha, tiontaithe, iompair agus dáilte á chur san áireamh;

(44)

ciallaíonn “téamh agus fuarú aonair éifeachtúil” rogha soláthair aonair téimh agus fuaraithe lena laghdaítear ionchur an fhuinnimh phríomhúil neamh-inathnuaite is gá chun aonad amháin fuinnimh arna sheachadadh a sholáthar laistigh de theorainn ábhartha córais nó lena n-éilítear an t-ionchur céanna d’fhuinneamh príomhúil neamh-inathnuaite ach ar chostas níos ísle, i gcomparáid le téamh agus fuarú ceantair, agus an fuinneamh is gá le haghaidh eastósctha, tiontaithe, iompair agus dáilte á chur san áireamh;

(45)

ciallaíonn “lárionad sonraí” struchtúr nó grúpa de struchtúir a úsáidtear chun áit a chur ar fáil do chórais ríomhaireachta/do fhreastalaithe ríomhaireachta, chun iad a nascadh agus chun iad a oibriú , chomh maith leis an trealamh gaolmhar le haghaidh sonraí a stóráil, a phróiseáil agus /nó a dháileadh , mar aon le gníomhaíochtaí gaolmhara mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2022/132 ón gCoimisiún  (57);

(46)

ciallaíonn “athchóiriú substaintiúil” athchóiriú ar mó a chostas ná 50 % den chostas infheistíochta d’aonad nua inchomparáide;

(47)

ciallaíonn “comhbhailitheoir” “comhbhailitheoir neamhspleách” mar a shainmhínitear in Airteagal 2(19) de Threoir (AE) 2019/944;

(48)

ciallaíonn “bochtaineacht fuinnimh” neamhábaltacht teaghlaigh, atá nasctha le neamh-acmhainneacht, chun freastal ar a riachtanais bhunúsacha soláthair fuinnimh agus easpa rochtana ar sheirbhísí riachtanacha fuinnimh chun bunleibhéil chompoird agus sláinte a ráthú , caighdeán maith maireachtála agus sláinte, lena n-áirítear téamh, uisce te , fuarú, soilsiú, agus fuinneamh leordhóthanach d’fhearais chumhachta, sa chomhthéacs náisiúnta ábhartha, an beartas sóisialta atá ann cheana agus beartais ábhartha eile , mar thoradh ar cheann amháin nó meascán de na tosca seo a leanas: ioncam indiúscartha neamhleor, caiteachas ard ar fhuinneamh agus drochéifeachtúlacht fuinnimh i dtithe ;

(49)

ciallaíonn “úsáideoir deiridh” duine nádúrtha nó dlítheanach a cheannaíonn teas, fuarú nó uisce te tí dá n-úsáid deiridh féin, nó duine nádúrtha nó dlítheanach a áitíonn foirgneamh aonair nó aonad i bhfoirgneamh ilárasán nó ilchuspóra a sholáthraítear téamh, fuarú nó uisce te tí dó ó fhoinse lárnach agus nach bhfuil aon chonradh díreach nó aonair acu leis an soláthróir fuinnimh;

(50)

ciallaíonn “dreasachtaí scoilte” easpa dáilte chóir agus réasúnaigh ar oibleagáidí airgeadais agus ar luaíochtaí a bhaineann le hinfheistíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh i measc na ngníomhaithe lena mbaineann, mar shampla úinéirí agus tionóntaí nó úinéirí éagsúla na n-aonad foirgnimh, nó úinéirí agus tionóntaí nó úinéirí éagsúla foirgneamh ilárasán nó ilchuspóra.

(50a)

ciallaíonn “straitéis rannpháirtíochta” straitéis lena leagtar síos cuspóirí, lena bhforbraítear teicnící, agus lena mbunaítear an próiseas trína mbeidh na geallsealbhóirí ábhartha uile rannpháirteach ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal áitiúil, lena n-áirítear ionadaithe na sochaí sibhialta amhail eagraíochtaí tomhaltóirí sa phróiseas ceaptha beartas, agus é mar aidhm leis feasacht a mhéadú, aiseolas a fháil maidir leis na beartais sin agus feabhas a chur ar a nglacadh ag an bpobal;

(50b)

ciallaíonn “ionad ilfhreastail” pointe aonair chun comhairle, treoir agus faisnéis a sholáthar.

Airteagal 3

Bunphrionsabal na hÉifeachtúlachta Fuinnimh

1.   I gcomhréir le bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar measúnú ar réitigh éifeachtúlachta fuinnimh, lena n-áirítear acmhainní ó thaobh an éilimh de agus solúbthacht córais i ndearadh agus pleanáil na gcinntí beartais ar fad chomh maith le cinntí mórinfheistíochta a bhaineann leis na hearnálacha seo a leanas:

(a)

córais fuinnimh, agus

(b)

earnálacha neamhfhuinnimh, i gcás ina mbíonn tionchar ag na hearnálacha sin ar ídiú fuinnimh agus ar éifeachtúlacht fuinnimh , lena n-áirítear foirgnimh, iompar, uisce, teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide (TFC), talmhaíocht, agus na hearnálacha fuinnimh .

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfíoróidh na heintitis ábhartha cur i bhfeidhm bhunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh , lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, comhtháthú earnála agus tionchair thrasearnála, i gcás ina bhfuil cinntí beartais, pleanála agus infheistíochta faoi réir ceanglas formheasa agus faireacháin.

2a.     Agus an tAirteagal seo á chur i bhfeidhm, cuirfidh na Ballstáit Moladh (AE) 2021/1749 ón gCoimisiún san áireamh  (58).

3.   Agus bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh á chur i bhfeidhm acu, déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

(a)

modheolaíocht costais is tairbhe a fhorbairt, a chur i bhfeidhm agus a chur ar fáil go poiblí lenar féidir measúnú cuí a dhéanamh ar na tairbhí níos leithne a bhaineann le réitigh éifeachtúlachta fuinnimh agus aird á tabhairt ar an saolré iomlán agus ar fhorbairtí intuartha, éifeachtúlacht córais agus costais, slándáil an tsoláthair fuinnimh agus ar chainníochtú ó thaobh na sochaí, na sláinte, na heacnamaíochta agus na haeráidneodrachta de;

(aa)

a áirithiú go mbeidh tionchar dearfach ag cur i bhfeidhm bhunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh ar aghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht fuinnimh;

(b)

eintiteas a shainaithint a bheidh freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm bhunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh agus thionchar na gcreataí rialála, lena n-áirítear rialacháin airgeadais, na gcinntí pleanála, beartais agus infheistíochta ar ídiú fuinnimh agus ar éifeachtúlacht fuinnimh agus ar chórais fuinnimh ;

(ba)

a áirithiú go mbeidh na hinfheistíochtaí a dhéanfar inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de ag gach céim den slabhra luacha fuinnimh agus go gcuirfear prionsabail na ciorclaíochta i bhfeidhm san aistriú i dtreo na haeráidneodrachta;

(c)

tuarascáil a chur chuig an gCoimisiún, mar chuid de na tuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) 2018/1999 maidir leis an gcaoi ar tugadh aird ar bhunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh sna cinntí náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla maidir le pleanáil, beartas agus infheistíocht mhór a bhaineann leis na córais fuinnimh náisiúnta agus réigiúnacha agus le hearnálacha neamhfhuinnimh, i gcásanna ina bhfuil tionchar ag na hearnálacha sin ar ídiú fuinnimh agus ar éifeachtúlacht fuinnimh, lena n-áirítear, ach gan bheith teoranta don mhéid seo a leanas:

(i)

measúnú ar chur i bhfeidhm córasach chéadphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh i gcórais fuinnimh, go háirithe i ndáil le hídiú fuinnimh;

(ii)

liosta gníomhaíochtaí arna ndéanamh chun aon bhacainní rialála nó neamhrialála nach bhfuil gá leo ar chur chun feidhme bhunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh agus ar réitigh ar thaobh an éilimh a bhaint, lena n-áirítear trí reachtaíocht náisiúnta agus bearta atá contrártha do bhunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh a shainaithint;

3a.     Faoin … [6 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo], glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe lena bhforlíontar an Treoir seo trí chomhchreat ginearálta a bhunú lena n-áirítear maoirseacht, an nós imeachta faireacháin agus tuairiscithe a fhéadann na Ballstáit a úsáid chun na modheolaíochtaí costais is tairbhe dá dtagraítear i mír 3, pointe (a), a dhearadh, chun inchomparáideacht a áirithiú ach fós an deis a fhágáil ag na Ballstáit iad féin a oiriúnú d’imthosca náisiúnta agus áitiúla.

Airteagal 4

Spriocanna éifeachtúlachta fuinnimh

1.   Áiritheoidh na Ballstáit i dteannta a chéile laghdú 40  % ar a laghad ar ídiú fuinnimh in 2030 maidir le hídiú críochnaitheach fuinnimh agus 42,5 % ar ídiú fuinnimh phríomhúil i gcomparáid le réamh-mheastacháin Chás Tagartha 2007 ionas nach mó ná 740 Mtoe ídiú críochnaitheach fuinnimh an Aontais agus nach mó ná 960 Mtoe ídiú fuinnimh phríomhúil an Aontais in 2030. (59)

2.   Leagfaidh gach Ballstát síos rannchuidithe ceangailteacha éifeachtúlachta fuinnimh náisiúnta d’ídiú críochnaitheach fuinnimh agus phríomhúil chun sprioc cheangailteach an Aontais a leagtar amach i mír 1 a bhaint amach go comhpháirteach. Tabharfaidh Ballstáit fógra don Choimisiún maidir leis na rannchuidithe sin, mar aon le conair le dhá phointe tagartha (clocha míle) in 2025 agus 2027 do na rannchuidithe sin, mar chuid de na nuashonruithe ar a bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2018/1999, agus mar chuid dá bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide dá dtagraítear sa nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 3 agus Airteagail 7 go 12 de Rialachán (AE) 2018/1999, agus i gcomhréir leis an nós imeachta sin. Agus a ranníocaíochtaí ceangailteacha náisiúnta á leagan síos, déanfaidh na Ballstáit an foirmle a sainmhíníodh in Iarscríbhinn I den Treoir seo a chur i bhfeidhm agus a mhíniú cén chaoi, agus na sonraí arb ar a mbonn a rinneadh na rannchuidithe a ríomh.

Ina theannta sin, soláthróidh na Ballstáit sciaranna ídithe fuinnimh na n-earnálacha críochúsáide fuinnimh ina rannchuidithe éifeachtúlachta fuinnimh náisiúnta, mar a shainmhínítear i Rialachán (CE) Uimh. 1099/2008 maidir le staidreamh fuinnimh, lena n-áirítear earnálacha tionscail, cónaithe, seirbhísí agus iompair. Tabharfar le fios freisin réamh-mheastacháin maidir le hídiú fuinnimh ó thaobh ▌TFC▌ de.

Agus na rannchuidithe sin á leagan síos, cuirfidh na Ballstáit na nithe seo a leanas san áireamh:

(a)

nach bhféadfaidh ídiú fuinnimh an Aontais in 2030 a bheith níos mó ná  740 Mtoe den ídiú fuinnimh deiridh nó níos mó ná 960 Mtoe den ídiú fuinnimh phríomhúil;

(b)

na bearta dá bhforáiltear sa Treoir seo;

(c)

bearta eile chun an éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn laistigh de na Ballstáit agus ar leibhéal an Aontais;

(d)

na tosca ábhartha seo a leanas a dhéanann difear d’iarrachtaí éifeachtúlachta a áirítear san fhoirmle a bhunaítear in Iarscríbhinn I :

i.

an leibhéal comhchoiteann uaillmhéine is gá chun cuspóirí aeráide a bhaint amach;

ii.

dáileadh cothrom na n-iarrachtaí ar fud an Aontais;

iii.

déine fuinnimh an gheilleagair;

(iv)

an acmhainneacht chostéifeachtach chaomhnaithe fuinnimh atá ann fós;

(e)

tosca náisiúnta eile a dhéanann difear d’ídiú fuinnimh, go háirithe:

(i)

athruithe ar an OTI agus réamhthuar ina leith;

(ii)

athruithe ar allmhairithe agus ar onnmhairithe fuinnimh, forbairtí i meascán fuinnimh agus breoslaí inbhuanaithe a chur chun feidhme;

(iii)

forbairt gach foinse fuinnimh inathnuaite, fuinneamh núicléach, gabháil agus stóráil carbóin;

(iv)

dícharbónú tionscal dianfhuinnimh.

(iv a)

leibhéal na huaillmhéine sna pleananna náisiúnta maidir le dícharbónú/aeráidneodracht.

I gcás ina gcuireann na Ballstáit na tosca náisiúnta dá dtagraítear i bpointe (e) den tríú fomhír san áireamh, ní bheidh mainneachtain sprioc éifeachtúlachta fuinnimh an Aontais a bhaint amach mar thoradh air sin. Déanfaidh an Coimisiún measúnú i dtaobh an leor rannchuidiú comhchoiteann na mBallstát chun sprioc éifeachtúlachta fuinnimh an Aontais a bhaint amach agus déanfaidh sé measúnú an bhfuil na rannchuidithe i gcomhréir le gnóthú na ngarspriocanna. I gcás ina gcinnfidh sé nach leor é, déanfaidh sé, laistigh de dhá mhí tar éis fógra a fháil ó na Ballstáit faoina rannchuidithe náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh, rannchuidiú ceartaithe náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh a mholadh do gach Ballstát lena n-áiritheofar go mbainfidh rannchuidiú comhchoiteann na mBallstát sprioc éifeachtúlachta fuinnimh an Aontais amach. Agus an sásra sin á chur i bhfeidhm, áiritheoidh an Coimisiún nach mbeidh aon difríocht san ídiú fuinnimh príomhúil agus deiridh idir suim rannchuidithe náisiúnta na mBallstát agus sprioc éifeachtúlachta fuinnimh an Aontais.

3.    Déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn a mheasúnaithe de bhun Airteagal 29(1) agus (3) de Rialachán (AE) 2018/1999 , measúnú ar dhul chun cinn na mBallstát maidir lena ranníocaíochtaí ceangailteacha náisiúnta agus a ngarspriocanna ceangailteacha náisiúnta dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a bhaint amach. I gcás ina gcinneann an Coimisiún, ar bhonn a mheasúnaithe, nach ndearnadh dul chun cinn leordhóthanach maidir leis na rannchuidithe éifeachtúlachta fuinnimh a bhaint amach, áiritheoidh na Ballstáit atá os cionn▌ a gconairí agus a ngarspriocanna dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo go gcuirfear bearta breise chun feidhme laistigh de bhliain amháin tar éis an dáta a fuarthas measúnú an Choimisiúin chun a áirithiú go mbeidh siad ar an mbóthar ceart chun a rannchuidithe éifeachtúlachta fuinnimh a bhaint amach. Áiritheofar sna bearta breise sin na bearta seo a leanas, ach ní bheidh siad teoranta dóibh:

a.

bearta náisiúnta lena ndéanfar coigilteas breise fuinnimh, lena n-áirítear cúnamh forbartha tionscadail níos láidre chun bearta infheistíochta éifeachtúlachta fuinnimh a chur chun feidhme;

b.

an oibleagáid maidir le coigilteas fuinnimh a leagtar amach in Airteagal 8 a mhéadú;

c.

an oibleagáid don earnáil phoiblí a choigeartú;

d.

ranníocaíocht dheonach airgeadais a dhéanamh leis an gCiste Náisiúnta Éifeachtúlachta Fuinnimh dá dtagraítear in Airteagal 28 nó le hionstraim mhaoiniúcháin eile atá tiomnaithe d’éifeachtúlacht fuinnimh, i gcás ina mbeidh na ranníocaíochtaí airgeadais bliantúla cothrom leis na hinfheistíochtaí is gá chun an chonair ▌a bhaint amach.

I gcás ina bhfuil Ballstát os cionn a ▌chonaire dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, áireoidh sé ina thuarascáil chomhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn de bhun Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2018/1999, míniú ar na bearta thógfaidh sé lena gcumhdófar an bhearna chun a áirithiú go mbainfear amach a rannchuidithe náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh agus an méid coigiltis fuinnimh a bhfuiltear ag súil leis a bhainfear amach le gach beart .

Déanfaidh an Coimisiún a mheas an leor na bearta náisiúnta dá dtagraítear sa mhír seo chun spriocanna éifeachtúlachta fuinnimh an Aontais a bhaint amach. I gcás ina meastar nach leor bearta náisiúnta, déanfaidh an Coimisiún, de réir mar is iomchuí, bearta a mholadh agus a chumhacht a fheidhmiú ar leibhéal an Aontais chun a áirithiú, go háirithe, go mbainfear amach spriocanna 2030 an Aontais don éifeachtúlacht fuinnimh.

4.   Faoin 31 Nollaig 2026, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar aon athrú modheolaíochta sna sonraí arna dtuairisciú de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1099/2008 maidir le staidreamh fuinnimh, ar an modheolaíocht chun cothromaíocht fuinnimh a ríomh agus ar shamhlacha fuinnimh d’úsáid fuinnimh Eorpach agus, más gá, molfaidh sé coigeartuithe ríomha teicniúla ar spriocanna 2030 an Aontais d’fhonn an leibhéal uaillmhéine a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo a choinneáil.

CAIBIDIL II

RÓL EISEAMLÁIREACH NA HEARNÁLA POIBLÍ

Airteagal 5

An earnáil phoiblí chun tosaigh ar éifeachtúlacht fuinnimh

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar ídiú críochnaitheach fuinnimh iomlán na gcomhlachtaí poiblí go léir le chéile a laghdú 2 % ar a laghad gach bliain, i gcomparáid leis an mbliain X-2 (agus X an bhliain a thiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm).

Féadfaidh na Ballstáit éagsúlachtaí aeráide laistigh den Bhallstát a chur san áireamh agus ídiú críochnaitheach fuinnimh a gcomhlachtaí poiblí á ríomh acu.

2.   Áireoidh na Ballstáit, ina bpleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide agus ina nuashonrúcháin orthu de bhun Rialachán (AE) 2018/1999, an liosta de na comhlachtaí poiblí ar fad a rannchuideoidh le comhlíonadh na hoibleagáide a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo, leis an laghdú ar ídiú fuinnimh agus an coigilteas fuinnimh atá le baint amach ag gach ceann acu agus leis na bearta atá beartaithe acu chun é a bhaint amach. Mar chuid dá dtuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide de bhun Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2018/1999, tuairisceoidh na Ballstáit don Choimisiún an laghdú ar ídiú críochnaitheach fuinnimh a baineadh amach go bliantúil.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbunóidh údaráis réigiúnacha agus áitiúla bearta sonracha éifeachtúlachta fuinnimh ina bpleananna dícharbónaithe tar éis dóibh dul i gcomhairle le geallsealbhóirí ábhartha, a ngníomhaireachtaí fuinnimh, i gcás inarb ábhartha, agus leis an bpobal, lena n-áirítear na grúpaí áirithe atá i mbaol na bochtaineachta fuinnimh nó na grúpaí áirithe atá níos soghabhálaí i leith éifeachtaí na bochtaineachta fuinnimh ar bhonn a n-ioncaim, inscne, déimeagrafach, reachta sláinte nó toisc gur duine de ghrúpa mionlaigh iad , amhail ▌daoine a bhfuil cúlra ciníoch nó eitneach mionlaigh acu. Áiritheoidh na Ballstáit freisin, agus bearta éifeachtúlachta fuinnimh á gceapadh agus á gcur chun feidhme acu, go seachnóidh na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla tionchair dhiúltacha dhíreacha nó indíreacha na mbeart éifeachtúlachta fuinnimh ar theaghlaigh atá fuinneamhbhocht, ar theaghlaigh ar ioncam íseal nó ar ghrúpaí leochaileacha.

4.    Soláthróidh na Ballstáit tacaíocht airgeadais agus theicniúil do chomhlachtaí poiblí agus bearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh á nglacadh acu agus spreagfaidh siad iad na tairbhí níos leithne ná coigilteas fuinnimh, amhail cáilíocht fheabhsaithe aeir agus timpeallachta laistigh a chur san áireamh chomh maith le feabhas ar cháilíocht saoil daoine agus ar chompord foirgneamh poiblí athchóirithe, go háirithe scoileanna, lárionaid cúraim lae, tithe altranais do dhaoine scothaosta, sciath-thithíocht, ospidéil agus tithíocht shóisialta, lena n-áirítear ar leibhéil réigiúnacha agus áitiúla . Déanfaidh na Ballstáit treoir a sholáthar , deiseanna oiliúna agus forbartha inniúlachta a chur chun cinn , lena n-áirítear maidir le hathchóiriú fuinnimh trí chonarthaí Feidhmíochta Fuinnimh agus comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a úsáid agus déanfaidh siad comhar i measc comhlachtaí poiblí a spreagadh . Tacóidh na Ballstáit le comhlachtaí poiblí chun aghaidh a thabhairt ar an easpa acmhainní daonna, a bhfuil gá leo ag gach céim den aistriú glas, lena n-áirítear ceardaithe mar aon le saineolaithe ardoilte ar an teicneolaíocht ghlas, eolaithe feidhmeacha agus nuálaithe.

5.   Spreagfaidh Ballstáit comhlachtaí poiblí chun breithniú a dhéanamh ar astaíochtaí carbóin saolré chomh maith le tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus slándála fuinnimh a mbaineann le gníomhaíochtaí infheistíochta agus beartais a gcomhlachtaí poiblí agus soláthróidh siad treoir shonrach ina leith sin .

5a.     Spreagfaidh na Ballstáit comhlachtaí poiblí chun bearta leormhaithe a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar ghné théamh na bhfoirgneamh atá faoi úinéireacht nó ar áitiú comhlachtaí poiblí, go háirithe trí ionadú a dhéanamh ar shean-théitheoirí neamhéifeachtúla agus breoslaí iontaise a chéimniú amach de réir a chéile.

5b.     Déanfaidh na Ballstáit úsáid an iompair phoiblí agus modhanna soghluaisteachta eile nach bhfuil chomh truaillitheach agus atá níos éifeachtúla ó thaobh fuinnimh de a chur chun cinn, amhail iompar d’iarnród, rothaíocht, siúl nó soghluaisteacht chomhroinnte, trí fhlíteanna a athnuachan agus a dhícharbónú, aistriú módach a spreagadh agus na modhanna sin a áireamh i bpleanáil soghluaisteachta uirbí.

Airteagal 6

Ról eiseamláireach fhoirgnimh na gcomhlachtaí poiblí

1.   Gan dochar d’Airteagal 7 de Threoir 2010/31/AE, déanfaidh gach Ballstát a áirithiú go ndéantar athchóiriú ar 3 % ar a laghad den achar urláir iomlán sna foirgnimh théite agus/nó fuaraithe ar le comhlachtaí poiblí iad de na catagóirí seo a leanas agus d’fhoirgnimh chun críocha sóisialta gach bliain chun ar a laghad iad a athrú ina bhfoirgnimh atá nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh nó ina bhfoirgnimh astaíochtaí nialasacha i gcomhréir le hAirteagal 9 de Threoir 2010/31/AE agus aird chuí á tabhairt ar an gcostéifeachtúlacht agus ar an indéantacht theicniúil:

(a)

foirgnimh atá faoi úinéireacht comhlachtaí poiblí;

(b)

foirgnimh atá áitithe le déanaí ag comhlachtaí poiblí, ón … dáta theacht i bhfeidhm na Treorach seo;

(c)

foirgnimh atá áitithe ag comhlachtaí poiblí nuair a shroicheann siad pointe truiceartha (athnuachan cíosa, díolachán, athrú úsáide, mórdheisiú nó obair chothabhála).

Féadfaidh na Ballstáit an tithíocht shóisialta a dhíolmhú ón oibleagáid athchóiriú a dhéanamh dá dtagraítear sa chéad fhomhír i gcás nach mbeadh na hathchóirithe sin neodrach ó thaobh costais de nó ina mbeadh méaduithe cíosa mar thoradh orthu do dhaoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta nach féidir a theorannú do choibhéis na gcoigilteas eacnamaíoch ar an mbille fuinnimh ar bhealach ar bith.

I gcás ina n-áitíonn comhlachtaí poiblí foirgneamh nach leis na comhlachtaí poiblí é, feidhmeoidh siad a gcearta conarthacha a mhéid is féidir agus spreagfaidh siad úinéir an fhoirgnimh chun an foirgneamh a athchóiriú ina fhoirgneamh atá nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh de i gcomhréir le hAirteagal 9 de Threoir 2010/31/AE nó córas bainistíochta fuinnimh nó conradh feidhmíochta fuinnimh a chur chun feidhme chun an fheidhmíocht fuinnimh a chothabháil agus a fheabhsú le himeacht ama . Agus conradh nua á thabhairt i gcrích acu chun foirgneamh a áitiú nach leo é, áiritheoidh comhlachtaí poiblí go dtiocfaidh an foirgneamh faoin dá aicme éifeachtúlachta fuinnimh is fearr ar an deimhniú feidhmíochta fuinnimh nó bunóidh siad clásail chonarthacha lena gcuirfear de cheangal ar úinéir an fhoirgnimh athchóiriú a dhéanamh ar an bhfoirgneamh chun gur foirgneamh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh de a bheidh ann sula n-áiteoidh an comhlacht poiblí é .

Déanfar an ráta de 3 % ar a laghad a ríomh ar achar urláir iomlán na bhfoirgneamh ag a bhfuil achar urláir úsáideach iomlán os cionn 250 m2 ar le comhlachtaí poiblí ▌agus foirgneamh chun críoch sóisialta , ar an 1 Eanáir 2024, nach foirgnimh iad atá nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh.

Féadfaidh na Ballstáit ceanglais a leagan síos chun a áirithiú, i gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil agus go heacnamaíoch, go mbeidh foirgnimh atá faoi úinéireacht nó áitithe ag comhlachtaí poiblí dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa tríú fomhír den mhír seo agus foirgnimh chun críocha sóisialta os cionn 250 m2 feistithe le córais uathoibrithe agus rialaithe foirgnimh nó le réitigh eile chun sreafaí fuinnimh a bhainistiú go gníomhach, i gcomhréir le hAirteagal 14(4) de Threoir 2010/31/AE.

I gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil agus costéifeachtach, déanfaidh na Ballstáit a ndícheall líon pointí athluchtaithe a shuiteáil i bhfoirgnimh atá faoi úinéireacht nó áitithe ag comhlachtaí poiblí a sháraíonn na híoscheanglais dá bhforáiltear in Airteagal [12] de Threoir … [athmhúnlú EPBD – 2021/0426 (COD)].

1a.     De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na Ballstáit ceanglais nach bhfuil chomh dian sin a chur i bhfeidhm lena mbunaítear ceanglais éagsúla éifeachtúlachta fuinnimh do na catagóirí foirgneamh seo a leanas:

(a)

foirgnimh atá faoi chosaint oifigiúil mar chuid de thimpeallacht ainmnithe, nó mar gheall ar a sainbhuanna ailtireachta nó staire, sa mhéid go n-athródh comhlíonadh ceanglas áirithe maidir le feidhmíocht fuinnimh a sainghné nó a gcuma ar shlí nach mbeadh glacadh léi;

(b)

foirgnimh atá faoi úinéireacht na bhfórsaí armtha nó an rialtais láir agus a fhónann do chríocha cosanta náisiúnta, seachas áit chónaithe aonair nó foirgnimh oifige do na fórsaí armtha agus do bhaill foirne eile arna bhfostú ag údaráis náisiúnta cosanta;

(c)

foirgnimh a úsáidtear mar ionaid adhartha agus le haghaidh gníomhaíochtaí creidimh.

1b.     Chun tús áite a thabhairt do choigilteas fuinnimh agus chun dreasacht a sholáthar le haghaidh luathghníomhaíochta, féadfaidh Ballstát a dhéanann athchóiriú ar níos mó ná 3 % d’achar urláir iomlán a chuid foirgneamh i gcomhréir le mír 1 in aon bhliain go dtí an 31 Nollaig 2026 an barrachas a áireamh i dtreo an ráta athchóirithe bhliantúil d’aon cheann de na 3 bliana ina dhiaidh sin. Féadfaidh Ballstát a dhéanann athchóiriú ar níos mó ná 3 % d’achar urláir iomlán a fhoirgneamh ón 1 Eanáir 2027 an barrachas a áireamh i dtreo ráta athchóirithe bliantúil an dá bhliain ina dhiaidh sin.

2.   I gcásanna eisceachtúla, féadfaidh Ballstáit a chur san áireamh sa ráta athchóirithe foirgneamh bliantúil na foirgnimh nua sin a bhfuil úinéireacht orthu mar fhoirgnimh athsholáthair d’fhoirgnimh comhlachtaí poiblí a scartáladh in aon bhliain le dhá bhliain anuas. Ní bheidh feidhm ag na heisceachtaí sin ach amháin i gcás ina mbeidís níos costéifeachtaí agus níos inbhuanaithe ó thaobh astaíochtaí fuinnimh agus saolré CO2 a bhaintear amach i gcomparáid le hathchóiriú na bhfoirgneamh sin. Déanfaidh gach Ballstát na critéir ghinearálta, na modheolaíochtaí ginearálta agus na nósanna imeachta ginearálta chun na cásanna eisceachtúla sin a shainaithint a leagan amach go soiléir agus a fhoilsiú.

3.   Chun críoch an Airteagail seo, cuirfidh Ballstáit ar fáil don phobal fardal d’fhoirgnimh théite agus/nó fuaraithe atá faoi úinéireacht nó áitithe ag comhlachtaí poiblí dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa tríú fomhír de mhír 1 agus d’fhoirgnimh chun críoch sóisialta ag a bhfuil achar urláir úsáideach iomlán de níos mó ná 250 m2. Déanfar an fardal seo a chur ar bun faoin 30 Meitheamh 2024, agus déanfar é a uasdátú uair amháin sa bhliain ar a laghad.  Beidh sé comhthiomsaithe i mbunachar sonraí soláimhsithe agus nasctha leis an bhforléargas ar stoc foirgneamh a rinneadh faoi chuimsiú na straitéisí náisiúnta athchóirithe fadtéarmacha i gcomhréir le hAirteagal 2a de Threoir 2010/31/AE agus leis na bunachair sonraí arna mbunú de bhun Airteagal [19] den Treoir sin [athmhúnlú EPBD – 2021/0426 (COD)].

I gcás ina bhfuil fardail den sórt sin ann cheana ar an leibhéal áitiúil nó ar an leibhéal réigiúnach, déanfaidh gach Ballstát bearta iomchuí chun na gníomhaíochtaí bailithe agus próiseála sonraí a bhaineann lena fhardal a éascú. Leis an bhfardal, cuirfear ar chumas gníomhaithe príobháideacha, lena n-áirítear ESCOnna, páirt a ghlacadh i réitigh athchóirithe. Féadfaidh Faireachlann AE um Stoc Foirgneamh sonraí maidir le saintréithe stoic foirgneamh, feidhmíocht bhlaosc foirgneamh, córais theicniúla foirgneamh, athchóiriú foirgneamh agus feidhmíocht fuinnimh a chomhiomlánú chun tuiscint níos fearr ar fheidhmíocht fuinnimh na hearnála foirgneamh a áirithiú trí shonraí inchomparáide.

Beidh san fhardal ar a laghad na sonraí seo a leanas:

(a)

an t-achar urláir i m2;

(ab)

ídiú fuinnimh bliantúil teasa, fuaraithe, leictreachais agus uisce the nuair a bheidh na sonraí sin ar fáil;

(b)

deimhniú feidhmíochta fuinnimh gach foirgnimh a eisítear i gcomhréir le hAirteagal 16 de Threoir … [athmhúnlú EPBD – 2021/0426 (COD)] nó, i gcás nach ann do theastas feidhmíochta fuinnimh don fhoirgneamh, cuirfear faisnéis ar fáil faoi fhoinse teasa an fhoirgnimh, déine fuinnimh an fhoirgnimh in kWh/(m2*bliain), suiteálacha aeraithe agus fuaraithe agus suiteálacha teicniúla eile;

(ba)

an coigilteas fuinnimh tomhaiste a eascraíonn as athchóiriú foirgneamh atá faoi úinéireacht nó áitithe ag comhlachtaí poiblí agus as athchóiriú foirgneamh chun críoch sóisialta agus as gníomhaíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh eile ar na foirgnimh sin;

(bb)

aois, cineál úsáide, tíopeolaíocht agus suíomh (uirbeach nó tuaithe) na bhfoirgneamh.

I dteannta na sonraí dá dtagraítear sa tríú fomhír, déanfaidh na Ballstáit a ndícheall chun go mbeidh gnéithe cáilíochtúla ag baint lena bhfardail. Go háirithe, féadfaidh siad tuairisc ar na bearta a bhaineann lena straitéisí rannpháirtíochta a chur i gceangal lena bhfardail chun a áirithiú go gcuirfidh úinéirí agus áititheoirí na bhfoirgneamh a n-iompar in oiriúint do choigilteas fuinnimh agus do riachtanais oibríochtúla foirgneamh atá nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh de. Cuirfear na hiarscríbhinní sin ar fáil i bhfoirm lárionaid acmhainní atá ann cheana, nó cuirfear leo iad, ar lárionaid iad arna mbainistiú ag údaráis áitiúla, agus a mbeidh rochtain ag geallsealbhóirí éagsúla orthu, lena n-áirítear lucht déanta beartas, tiarnaí talún sóisialta príobháideacha agus comhlachais tionóntaí, agus bainisteoirí oifigí príobháideacha.

Airteagal 7

Soláthar poiblí

1.   Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú nach gceannaíonn údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha, agus conarthaí poiblí agus lamháltais lena ngabhann luach atá cothrom leis na tairseacha a leagtar síos in Airteagal 8 de Threoir 2014/23/AE, Airteagal 4 de Threoir 2014/24/AE agus Airteagal 15 de Threoir 2014/25/AE ach táirgí, seirbhísí, foirgnimh agus saothair ag a bhfuil ardfheidhmíocht éifeachtúlachta fuinnimh, agus bainistiú éifeachtúil acmhainní airgeadais á chur san áireamh go cuí , i gcomhréir leis na ceanglais dá dtagraítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Treoir seo .

Agus na conarthaí poiblí agus na lamháltais ag a bhfuil luach atá cothrom leis na tairseacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír nó níos mó á dtabhairt i gcrích, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh dá dtagraítear in Airteagal 3 den Treoir seo a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear maidir leis na conarthaí poiblí agus lamháltais sin nach bhforáiltear do cheanglais shonracha ina leith in Iarscríbhinn IV.

2.   Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid dá dtagraítear i mír 1 maidir le conarthaí na bhfórsaí armtha ach amháin sa mhéid nach mbeidh a feidhmiú ar neamhréir le cineál agus príomhaidhm ghníomhaíochtaí na bhfórsaí armtha. Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid maidir le conarthaí chun trealamh míleata a sholáthar mar a shainmhínítear i dTreoir 2009/81/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (60).

3.   D’ainneoin mhír 4 d’Airteagal 26 den Treoir seo, déanfaidh Ballstáit a áirithiú go ndéanann údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha measúnú ar an indéantacht a bhaineann le conarthaí feidhmíochta fuinnimh fadtéarmacha a sholáthraíonn coigilteas fuinnimh fadtéarmach a chríochnú agus conarthaí seirbhíse lena ngabhann ábhar sonrach fuinnimh á soláthar acu.

4.   Gan dochar do mhír 1, agus pacáiste táirgí atá iomlán clúdaithe ag gníomh tarmligthe a glacadh faoi Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (61) á cheannach acu, féadfaidh Ballstáit a chur de cheangal go mbeidh tosaíocht ag an éifeachtúlacht fuinnimh charnach thar éifeachtúlacht fuinnimh táirgí aonair laistigh den phacáiste sin, tríd an bpacáiste táirgí a cheannach a chomhlíonann na critéir maidir leis an aicme is airde éifeachtúlachta fuinnimh atá ar fáil ;

5.    Ceanglóidh na Ballstáit go gcuirfidh údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha san áireamh, i gcás inarb iomchuí, gnéithe níos leithne den inbhuanaitheacht, den gheilleagar sóisialta, comhshaoil agus ciorclach i gcleachtais soláthair , go háirithe d’earnáil an iompair, d’fhonn cuspóirí an Aontais maidir le dícharbónú agus truailliú nialasach a bhaint amach. I gcás inarb iomchuí, agus i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn IV, ceanglóidh na Ballstáit ar údaráis chonarthacha agus ar eintitis chonarthacha critéir an Aontais maidir le soláthar poiblí glas a chur san áireamh.

Chun trédhearcacht a áirithiú agus ceanglais éifeachtúlachta fuinnimh á gcur i bhfeidhm sa phróiseas soláthair, cuirfidh na Ballstáit faisnéis ar fáil go poiblí maidir le tionchar éifeachtúlachta fuinnimh conarthaí lena ngabhann luach atá cothrom leis na tairseacha dá dtagraítear i mír 1 nó níos mó. Ceanglóidh na húdaráis chonarthacha go nochtfaidh tairgeoirí faisnéis maidir le poitéinseal téimh dhomhanda saolré foirgnimh nua agus maidir le foirgneamh atá le hathchóiriú, lena n-áirítear úsáid ábhar ísealcharbóin agus ciorclaíocht na n-ábhar a úsáidtear, agus déanfaidh siad an fhaisnéis sin a chur ar fáil go poiblí le haghaidh na gconarthaí, go háirithe i gcás foirgneamh nua a bhfuil achar urláir níos mó ná 2 000 méadar cearnach acu.

Tacóidh na Ballstáit le húdaráis chonarthacha agus le heintitis chonarthacha maidir le glacadh ceanglas éifeachtúlachta fuinnimh, lena n-áirítear ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil, trí rialacha agus treoirlínte soiléire a sholáthar lena n-áirítear modheolaíochtaí maidir le measúnú a dhéanamh ar chostais saolré agus ar thionchair agus costais ar an gcomhshaol, lárionaid tacaíochta inniúlachta a chur ar bun, comhar a spreagadh i measc údaráis chonarthacha lena n-áirítear thar theorainneacha agus soláthar comhiomlánaithe agus soláthar digiteach a úsáid i gcás inar féidir.

5a.     I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an Coimisiún tuilleadh treorach agus uirlisí a thabhairt do na húdaráis náisiúnta agus d’oifigigh sholáthair chun ceanglais éifeachtúlachta fuinnimh a chur i bhfeidhm sa phróiseas soláthair. Féadfaidh tacaíocht den sórt sin fóraim thacaíochta atá ann cheana (e.g. gníomhaíocht chomhbheartaithe) a neartú do na Ballstáit agus cabhrú leo na critéir don soláthar poiblí glas a chur san áireamh.

6.   Bunóidh na Ballstáit forálacha dlíthiúla agus rialála, mar aon le cleachtais riaracháin, maidir le ceannach poiblí agus buiséadú bliantúil agus cuntasaíocht bhliantúil, ar forálacha iad atá riachtanach lena áirithiú nach ndéantar údaráis chonarthacha aonair a dhíspreagadh ó infheistíochtaí a dhéanamh i bhfeabhsú na héifeachtúlachta fuinnimh agus ó úsáid a bhaint as sásraí conarthacha feidhmíochta fuinnimh agus sásraí maoiniúcháin tríú páirtí ar bhonn conarthach, fadtéarmach.

7.   Bainfidh Ballstáit aon bhac rialála nó neamhrialála ar an éifeachtúlacht fuinnimh, go háirithe a mhéid a bhaineann le forálacha dlí agus rialála, agus cleachtais riaracháin, maidir le ceannach poiblí agus cuntasaíocht agus buiséadú bliantúil, d’fhonn a áirithiú nach ndéantar comhlachtaí poiblí aonair a dhíspreagadh ó infheistíocht a dhéanamh i bhfeabhsú na héifeachtúlachta fuinnimh agus ó shásraí conarthacha feidhmíochta fuinnimh agus tríú páirtí a úsáid ar bhonn conarthach, fadtéarmach.

Tabharfaidh na Ballstáit tuarascáil don Choimisiún maidir leis na bearta a glacadh chun aghaidh a thabhairt ar na bacainní ar ghlacadh feabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh mar chuid de na tuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn de bhun Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2018/1999.

CAIBIDIL III

AN ÉIFEACHTÚLACHT SAN ÚSÁID FUINNIMH

Airteagal 8

Oibleagáid maidir le coigilteas fuinnimh

-1.     D’fhonn rannchuidiú cobhsaí agus intuartha a áirithiú maidir le spriocanna fuinnimh agus aeráide an Aontais do 2030 agus maidir le cuspóir neodracht aeráide an Aontais do 2050 a bhaint amach, bainfidh na Ballstáit amach coigilteas carnach fuinnimh críochúsáide le linn na dtréimhsí oibleagáide. Ó 2014 go 2020 a bhí an chéad tréimhse oibleagáide, dá dtagraítear i mír 1, pointe (a). Beidh feidhm ag an gcéad tréimhse oibleagáide, dá dtagraítear i mír 1, pointí (b) agus (c), ó 2021 go 2030.

1.   Bainfidh na Ballstáit coigilteas carnach fuinnimh críochúsáide amach a bheidh comhionann ar a laghad:

(a)

le coigilteas nua gach bliain ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020 de 1,5 % de dhíolacháin fuinnimh bhliantúla le custaiméirí deiridh de réir toirte, a mheánaítear thar an tréimhse is déanaí 3 bliana roimh an 1 Eanáir 2013. Féadfar díolacháin fuinnimh, de réir toirte, a úsáidtear san iompar a eisiamh ón ríomh sin, go hiomlán nó go páirteach;

(b)

le coigilteas nua gach bliain ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2023 de 0,8 % d’ídiú críochnaitheach fuinnimh bliantúil, a mheánaítear thar an tréimhse is déanaí 3 bliana roimh an 1 Eanáir 2019. De mhaolú ar an gceanglas sin, bainfidh an Chipir agus Málta coigilteas nua amach gach bliain, ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2023 , arb ionann iad agus 0,24 % d’ídiú críochnaitheach fuinnimh bliantúil, a mheánaítear thar an tréimhse 3 bliana is déanaí roimh an 1 Eanáir 2019.

(c)

le coigilteas nua gach bliain ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2030 de 2 % d’ídiú críochnaitheach fuinnimh bliantúil, a mheánaítear thar an tréimhse 3 bliana roimh an 1 Eanáir 2020.

Cinnfidh na Ballstáit conas méid ríofa an choigiltis nua a chéimniú thar gach tréimhse dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír, ar choinníoll go mbeidh an coigilteas carnach iomlán fuinnimh críochúsáide a cheanglaítear bainte amach faoi dheireadh gach tréimhse oibleagáide.

Leanfaidh na Ballstáit de choigilteas nua bliantúil a bhaint amach i gcomhréir leis an ráta coigiltis dá bhforáiltear i bpointe (c) den chéad fhomhír ar feadh tréimhsí 10 mbliana tar éis 2030.

2.   Déanfaidh na Ballstáit an méid coigiltis fuinnimh a cheanglaítear faoi mhír 1 den Airteagal seo a bhaint amach trí scéim um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh dá dtagraítear in Airteagal 9 a bhunú nó trí ghníomhaíochtaí beartais malartacha dá dtagraítear in Airteagal 10 a ghlacadh. Féadfaidh na Ballstáit scéim um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh a chumasc le gníomhaíochtaí beartais malartacha. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar coigilteas fuinnimh a eascraíonn ó bhearta beartais dá dtagraítear in Airteagail 9 agus 10 agus in Airteagal 28(11) a ríomh i gcomhréir le hIarscríbhinn V.

3.   Déanfaidh na Ballstáit scéimeanna oibleagáide éifeachtúlachta fuinnimh, bearta beartais malartacha, nó meascán den dá rud, nó cláir nó bearta a mhaoinítear faoi Chiste Náisiúnta Éifeachtúlachta Fuinnimh, a chur chun feidhme mar thosaíocht i measc daoine a ndéanann bochtaineacht fuinnimh difear dóibh, teaghlaigh ar ioncam íseal, custaiméirí leochaileacha agus, i gcás inarb infheidhme, daoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta. Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh aon éifeacht dhíobhálach ag bearta beartais a chuirfear chun feidhme de bhun an Airteagail seo ar na daoine sin. I gcás inarb infheidhme, bainfidh na Ballstáit an úsáid is fearr is féidir as cistiú, lena n-áirítear cistiú poiblí, saoráidí cistiúcháin atá bunaithe ar leibhéal an Aontais, agus ioncam ó liúntais de bhun Airteagal 22(3)(b) d’fhonn éifeachtaí díobhálacha a bhaint agus an t-aistriú chuig fuinneamh cóir agus cuimsitheach a áirithiú.

Chun an méid coigiltis fuinnimh a cheanglaítear faoi mhír 1 a bhaint amach, déanfaidh na Ballstáit ról na gcomhphobal fuinnimh in-athnuaite agus na bpobal fuinnimh saoránach a mheas agus a chur chun cinn maidir leis an méid a rannchuidíonn siad leis an gcur chun feidhme i dtreo na mbeart beartais sin.

Bunóidh na Ballstáit agus bainfidh siad amach sciar íosta den mhéid is gá maidir leis an gcoigilteas carnach fuinnimh críochúsáide i measc daoine a ndéanann bochtaineacht fuinnimh difear dóibh, teaghlaigh ar ioncam íseal, custaiméirí leochaileacha agus, i gcás inarb infheidhme, daoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta. Beidh an sciar sin ar a laghad comhionann le cion na dteaghlach atá i mbochtaineacht fuinnimh, arna mheasúnú ina bPlean Comhtháite Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 3(3)(d) de Rialachán Rialachais (AE) 2018/1999. Measfaidh na Ballstáit ina measúnú ar sciar na bochtaineachta fuinnimh ina bPleananna Náisiúnta don Fhuinneamh agus don Aeráid na táscairí dá dtagraítear i bpointí (a) go (bb) den fhomhír seo . Más rud é nach bhfuil fógra tugtha ag Ballstát maidir le sciar na dteaghlach atá i mbochtaineacht fuinnimh, mar a measadh ina bPlean Comhtháite Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide é, beidh an sciar den choigilteas carnach fuinnimh críochúsáide i measc daoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, teaghlaigh ar ioncam íseal, custaiméirí leochaileacha agus, i gcás inarb infheidhme, daoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta, cothrom, ar a laghad, leis an meánsciar uimhríochtúil de na táscairí seo a leanas don bhliain 2019 nó, mura bhfuil sé ar fáil do 2019, le haghaidh eachtarshuíomh líneach a gcuid luachanna do na 3 bliana deireanacha atá ar fáil:

(a)

Gan bheith in ann an baile a choinneáil te go leor (Eurostat, SILC [ilc_mdes01]);

(b)

Riaráistí ar bhillí fóntais (Eurostat, SILC, [ilc_mdes07]); agus

(ba)

daonra iomlán ina bhfuil díon sceitheadh, ballaí taise, urláir nó bunús, nó lobhadh i bhfrámaí fuinneoige nó urlár (Eurostat, SILC [ilc_mdho01]);

(bb)

an ráta baol bochtaineachta (suirbhéanna Eurostat, SILC agus ECHP [ilc_li02]) (pointe scoite: 60 % den mheánioncam tar éis aistrithe sóisialta.

4.   Áireoidh na Ballstáit faisnéis faoi na táscairí arna gcur i bhfeidhm, faoin meánsciar uimhríochtúil agus faoi thoradh na mbeart beartais a bhunófar i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo sna nuashonruithe ar a bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2018/1999, ina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ina dhiaidh sin de bhun Airteagal 3 agus Airteagail 7 go 12 de Rialachán (AE) 2018/1999, agus sna tuarascálacha ar dhul chun cinn faoi seach i gcomhréir le hAirteagal 17 den Rialachán sin.

5.   Féadfaidh na Ballstáit an coigilteas fuinnimh a eascraíonn ó bhearta beartais, cibé acu a thugtar isteach iad faoin 31 Nollaig 2020 nó ina dhiaidh sin, a chomhaireamh, ar choinníoll go mbíonn gníomhaíochtaí aonair nua, a ghabhtar de láimh tar éis an 31 Nollaig 2020, mar thoradh ar na bearta sin. Ní bheidh coigilteas fuinnimh a bhaintear amach le linn aon tréimhse oibleagáide san áireamh sa mhéid coigiltis fuinnimh a cheanglaítear do na tréimhsí oibleagáide roimhe sin a leagtar amach i mír 1.

6.   Ar choinníoll go mbaineann na Ballstáit amach, ar a laghad, a n-oibleagáid maidir le coigilteas carnach fuinnimh críochúsáide dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír de mhír 1, féadfaidh siad an méid coigiltis fuinnimh a cheanglaítear dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír de mhír 1 a ríomh trí cheann amháin nó níos mó de na modhanna seo a leanas:

(a)

ráta bliantúil coigiltis a chur i bhfeidhm ar dhíolacháin fuinnimh do chustaiméirí deiridh nó ar ídiú críochnaitheach fuinnimh, a mheánaítear thar an tréimhse is déanaí 3 bliana go dtí an 1 Eanáir 2019;

(b)

fuinneamh a úsáidtear in iompar a fhágáil ar lár, go hiomlán nó go páirteach, ón mbonnlíne ríomha;

(c)

úsáid a bhaint as aon cheann de na roghanna a leagtar amach i mír 8.

7.   I gcás go n-úsáideann Ballstáit aon cheann de na féidearthachtaí dá bhforáiltear i mír 6 a mhéid a bhaineann leis an gcoigilteas fuinnimh a cheanglaítear dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír de mhír 1, bunóidh siad an méid seo a leanas:

(a)

a ráta coigiltis bhliantúil féin a chuirfear i bhfeidhm chun an coigilteas carnach fuinnimh críochúsáide atá acu a ríomh, lena n-áiritheofar nach ísle an méid deiridh dá nglan-choigilteas fuinnimh ná an coigilteas a cheanglaítear faoi phointe (b) den chéad fhomhír de mhír 1;

(b)

a mbonnlíne ríomha féin a fhéadfaidh an fuinnimh a úsáidtear in iompar a fhágáil ar lár go hiomlán nó go páirteach.

8.   Faoi réir mhír 9, féadfaidh gach Ballstát:

(a)

an ríomh a cheanglaítear faoi phointe (a) den chéad fhomhír de mhír 1 a dhéanamh ag úsáid luachanna 1 % in 2014 agus in 2015; 1,25 % in 2016 agus 2017; agus 1,5 % in 2018, 2019 agus 2020;

(b)

na díolacháin fuinnimh go léir nó cuid díobh a úsáidtear, de réir toirte, i dtaca leis an tréimhse oibleagáide dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír de mhír 1, nó fuinneamh deiridh arna thomhailt, i dtaca leis an tréimhse oibleagáide dá dtagraítear i bpointe (b) den fhomhír sin, i ngníomhaíochtaí tionscail a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE, a eisiamh ón ríomh;

(c)

coigilteas fuinnimh i bpointe (a) agus (b) den chéad fhomhír de mhír 1 , coigilteas fuinnimh a baineadh amach sna hearnálacha trasfhoirmithe, dáilte agus tarchurtha fuinnimh, lena n-áirítear bonneagar téimh agus fuaraithe ceantair éifeachtúil, mar thoradh ar chur i bhfeidhm na gceanglas a leagtar amach in Airteagail 23(4), pointe (a) d’Airteagal 24(4), agus Airteagal 25(1), (5) go (9) agus (11). a áireamh faoi chomhair an mhéid coigiltis fuinnimh a cheanglaítear. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi na bearta beartais atá beartaithe acu faoin bpointe seo don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2030 mar chuid dá bpleananna comhtháite náisiúnta don fhuinneamh agus don aeráid. Ríomhfar tionchar na mbeart sin i gcomhréir le hIarscríbhinn V agus áireofar sna pleananna sin é;

(d)

coigilteas fuinnimh a eascraíonn ó ghníomhaíochtaí aonair a cuireadh i bhfeidhm go nua ón 31 Nollaig 2008 agus a leanfaidh de thionchar a bheith acu in 2020 i ndáil leis an tréimhse oibleagáide dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír de mhír 1 agus tar éis 2020 i ndáil leis an tréimhse dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír de mhír 1, agus is féidir a thomhas agus a fhíorú, a áireamh faoi chomhair an mhéid coigiltis fuinnimh a cheanglaítear;

(e)

coigilteas fuinnimh a eascraíonn ó ghníomhaíochtaí beartais a áireamh faoi chomhair an mhéid coigiltis fuinnimh a cheanglaítear, ar choinníoll gur féidir a léiriú go mbíonn gníomhaíochtaí aonair, a dhéantar le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2018 go dtí an 31 Nollaig 2020 agus lena dtugtar coigilteas tar éis an 31 Nollaig 2020, mar thoradh ar na bearta sin;

(f)

30 % den mhéid infhíoraithe fuinnimh, a ghintear dá n-úsáid féin ar fhoirgnimh nó i bhfoirgnimh mar thoradh ar bhearta beartais a chuireann suiteáil nua teicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite chun cinn, a eisiamh ó ríomh an mhéid coigiltis fuinnimh a cheanglaítear de bhun phointí (a) agus (b) den chéad fhomhír de mhír 1;

(g)

an coigilteas fuinnimh sin a sháraíonn an méid coigiltis fuinnimh a cheanglaítear de bhun phointí (a) agus (b) den chéad fhomhír de mhír 1 don tréimhse oibleagáide ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020 a áireamh faoi chomhair an mhéid coigiltis fuinnimh a cheanglaítear ar choinníoll go n-eascraíonn an coigilteas sin ó ghníomhaíochtaí aonair a dhéantar faoi na bearta beartais dá dtagraítear in Airteagail 9 agus 10 a bhfuil fógra tugtha ag na Ballstáit ina leith ina gcuid Pleananna Gníomhaíochta Náisiúnta um Éifeachtúlacht Fuinnimh agus atá tuairiscithe acu ina dtuarascálacha ar dhul chun cinn i gcomhréir le hAirteagal 24.

9.   Déanfaidh na Ballstáit éifeacht na roghanna a roghnaítear faoi mhír 4 8 don tréimhse dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) den chéad fhomhír de mhír 1 a chur i bhfeidhm agus a ríomh ar leithligh:

(a)

agus méid coigiltis fuinnimh a cheanglaítear don tréimhse oibleagáide dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír de mhír 1 á ríomh, féadfaidh na Ballstáit leas a bhaint as pointí (a) go (d) de mhír 8. Ní mó na roghanna uile a roghnaítear faoi mhír 8 i dteannta a chéile ná 25 % den mhéid coigiltis fuinnimh dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír de mhír 1;

(b)

i gcás ríomh an mhéid coigiltis fuinnimh a cheanglaítear don tréimhse oibleagáide dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír de mhír 1 féadfaidh na Ballstáit leas a bhaint as pointí (b) go (g) de mhír 8 ar choinníoll go leanfaidh gníomhaíochtaí aonair dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 8 de thionchar infhíoraithe agus intomhaiste a bheith acu i ndiaidh an 31 Nollaig 2020. Agus na roghanna uile a roghnaítear faoi mhír 8 á gcur le chéile, ní thiocfaidh laghdú níos mó ná 35 % den mhéid coigiltis fuinnimh a ríomhtar i gcomhréir le míreanna 6 agus 7 mar thoradh orthu.

Beag beann ar cibé a dhéanann nó nach ndéanann Ballstáit fuinneamh a úsáidtear in iompar a eisiamh, go hiomlán nó go páirteach, óna mbonnlíne ríomha nó an mbaineann siad úsáid as na roghanna a liostaítear i mír 8, áiritheoidh siad nach ísle an glanmhéid ríofa den choigilteas nua a bhainfear amach san ídiú críochnaitheach fuinnimh le linn na tréimhse oibleagáide dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír de mhír 1 ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2023 ná an méid a thiocfaidh as an ráta bliantúil coigiltis dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír de mhír 1 a chur i bhfeidhm.

10.   Tabharfaidh Ballstáit tuairisc sna nuashonraithe ar a bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2018/1999, ina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ina dhiaidh sin de bhun Airteagal 3 agus Airteagail 7 go 12 de Rialachán (AE) 2018/1999 agus i gcomhréir le hIarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1999 agus i gcomhréir leis an Iarscríbhinn sin, agus i dtuarascálacha ar dhul chun cinn ina dhiaidh sin ríomh mhéid na gcoigilteas fuinnimh atá le baint amach le linn na tréimhse idir 1 Eanáir 2021 agus 31 Nollaig 2030 agus, más ábhartha, a mhíniú conas a bunaíodh an ráta coigilteas bliantúil agus an bunlíne ríomha, agus cén dóigh agus a mhéid a cuireadh na roghanna dá dtagraítear i mír 8 den Airteagal seo i bhfeidhm.

11.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoin méid coigiltis fuinnimh is gá a bhaint amach dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír de mhíreanna 1 agus 3 den Airteagal seo, tuairisc ar na gníomhaíochtaí beartais atá le cur chun feidhme chun an méid iomlán is gá den choigilteas carnach fuinnimh críochúsáide agus dá modheolaíochtaí ríomha a bhaint amach de bhun Iarscríbhinn V den Treoir seo, mar chuid de na nuashonruithe ar a bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2018/1999, agus mar chuid dá bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide dá dtagraítear sa nós imeachta de bhun Airteagail 3 agus Airteagail 7 go 12 de Rialachán (AE) 2018/1999, agus i gcomhréir leis an nós imeachta sin. Úsáidfidh Ballstáit an teimpléad tuairiscithe arna sholáthar do na Ballstáit ag an gCoimisiún.

12.   I gcás, ar bhonn an mheasúnaithe ar na tuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn de bhun Airteagal 29 de Rialachán (AE) 2018/1999, nó ar bhonn an dréachta nó an uasdátaithe dheiridh den phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide is déanaí ar tugadh fógra faoi de bhun Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2018/1999, nó ar bhonn an mheasúnaithe ar na dréachtphleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide agus na pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide deireanacha ina dhiaidh sin de bhun Airteagal 3 agus Airteagail 7 go 12 de Rialachán (AE) 2018/1999, go measann an Coimisiún nach n-áirithíonn gníomhaíochtaí beartais go mbaintear amach an méid is gá maidir leis an gcoigilteas fuinnimh críochúsáide carnach faoi dheireadh na tréimhse oibleagáide, féadfaidh an Coimisiún moltaí a eisiúint, i gcomhréir le hAirteagal 34 de Rialachán (AE) 2018/1999, do na Ballstáit sin ar leo na gníomhaíochtaí beartais a mheasann sé a bheith neamh-leordhóthanach chun a áirithiú go gcomhlíontar a n-oibleagáidí maidir le coigilteas fuinnimh.

13.   I gcás nach bhfuil an coigilteas carnach fuinnimh críochúsáide is gá bainte amach ag Ballstát faoi dheireadh gach tréimhse oibleagáide a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo, déanfaidh sé an coigilteas fuinnimh atá gan íoc a bhaint amach de bhreis ar an gcoigilteas carnach fuinnimh críochúsáide is gá faoi dheireadh na tréimhse oibleagáide ina dhiaidh sin.

14.   Mar chuid dá n-uasdátú faoina gcuid pleananna i leith fuinneamh náisiúnta agus na haeráide, agus na tuarascálacha ar dhul chun cinn ina dhiaidh sin a bhaineann leis na pleananna sin agus a dtugtar fógra fúthu de bhun Rialachán (AE) 2018/1999, léireoidh na Ballstáit, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, fianaise agus ríomhanna:

(a)

i gcás ina mbeidh forluí i dtionchar na ngníomhaíochtaí beartais nó na ngníomhaíochtaí aonair, nach mbeidh aon ríomh dúbailte coigiltis fuinnimh;

(b)

conas a rannchuidíonn an coigilteas fuinnimh a bhaintear amach de bhun phointí (b) agus (c) de mhír 1, an chéad fhomhír, lena rannchuidiú náisiúnta de bhun Airteagal 4 a bhaint amach;

(c)

go mbunaítear na gníomhaíochtaí beartais sin chun a n-oibleagáid maidir le coigilteas fuinnimh a chomhlíonadh, ar gníomhaíochtaí iad a cheaptar i gcomhréir le ceanglais an Airteagail seo agus go bhfuil na gníomhaíochtaí beartais sin incháilithe agus iomchuí chun a áirithiú go mbainfear amach an méid coigiltis charnaigh fuinnimh críochúsáide a cheanglaítear faoi dheireadh gach tréimhse oibleagáide.

Airteagal 9

Scéimeanna um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh

1.   I gcás ina gcinnfidh na Ballstáit a n-oibleagáidí a chomhlíonadh chun an méid coigiltis a cheanglaítear faoi Airteagal 8(1) a bhaint amach trí scéim um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh, áiritheoidh siad go gcomhlíonfaidh na páirtithe faoi oibleagáid dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo atá ag feidhmiú i gcríoch gach Ballstáit, gan dochar d’Airteagal 8(8) agus (9), a gceanglas maidir le coigilteas carnach fuinnimh críochúsáide a leagtar amach in Airteagal 8(1).

I gcás inarb infheidhme, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go gcomhlíonfaidh páirtithe faoi oibleagáid an coigilteas sin, go hiomlán nó go páirteach, mar rannchuidiú leis an gCiste Náisiúnta Éifeachtúlachta Fuinnimh i gcomhréir le hAirteagal 28(11).

2.   Ainmneoidh na Ballstáit, ar bhonn critéir oibiachtúla agus neamh-idirdhealaitheacha, páirtithe faoi oibleagáid i measc oibreoirí córais tarchurtha , oibreoirí córais dáileacháin , dáileoirí fuinnimh, cuideachtaí díolacháin fuinnimh miondíola agus dáileoirí breosla iompair nó miondíoltóirí breosla iompair a oibríonn ina gcríoch. Déanfaidh na páirtithe faoi oibleagáid i measc custaiméirí deiridh, arna n-ainmniú ag an mBallstát, an méid coigiltis fuinnimh is gá a bhaint amach chun an oibleagáid a chomhlíonadh, go neamhspleách ar an ríomh de bhun Airteagal 8(1) nó, má chinneann na Ballstáit amhlaidh, trí choigilteas deimhnithe a eascraíonn ó pháirtithe eile de réir mar a thuairiscítear i bpointe (a) de mhír 10 den Airteagal seo.

3.   I gcás ina n-ainmnítear cuideachtaí díolacháin fuinnimh miondíola mar pháirtithe faoi oibleagáid faoi mhír 2, áiritheoidh na Ballstáit, agus a n-oibleagáid á comhlíonadh acu, nach gcruthóidh cuideachtaí díolacháin fuinnimh miondíola aon bhacainní a chuireann bac ar thomhaltóirí aistriú ó sholáthróir amháin go soláthróir eile.

4.   Déanfaidh na Ballstáit páirtithe faoi oibleagáid a spreagadh chun sciar dá n-oibleagáid maidir le coigilteas fuinnimh a bhaint amach i measc daoine a ndéanann bochtaineacht fuinnimh difear dóibh, custaiméirí leochaileacha agus teaghlaigh ar ioncam íseal agus, i gcás inarb infheidhme, daoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta. Féadfaidh na Ballstáit a cheangal freisin ar pháirtithe faoi oibleagáid spriocanna laghdaithe costas fuinnimh a bhaint amach agus coigilteas fuinnimh a bhaint amach trí bhearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh a chur chun cinn, lena n-áirítear bearta tacaíochta airgeadais lena maolófar éifeachtaí praghsanna carbóin ar FBManna agus ar mhicrifhiontair .

5.    Cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar pháirtithe faoi oibleagáid oibriú le húdaráis réigiúnacha agus áitiúla nó le bardais , agus teagmháil a dhéanamh le seirbhísí sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta chun ardán rannpháirtíochta a bhunú a bheidh tiomnaithe do mhaolú na bochtaineachta fuinnimh, chun bearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh a chur chun cinn i measc daoine a bhfuil tionchar ag bochtaineacht fuinnimh orthu, i measc custaiméirí leochaileacha agus teaghlaigh ar ioncam íseal agus, i gcás inarb infheidhme, i measc daoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta. Áirítear leis sin riachtanais shonracha grúpaí ar leith atá i mbaol na bochtaineachta fuinnimh nó atá níos so-ghabhálaí i leith éifeachtaí na bochtaineachta fuinnimh a shainaithint agus aghaidh a thabhairt ar na riachtanais sin na ngrúpaí sin. Chun cosaint a thabhairt do chustaiméirí atá leochaileach maidir le bochtaineacht fuinnimh agus, i gcás inarb infheidhme, do dhaoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta, spreagfaidh na Ballstáit páirtithe faoi oibleagáid chun gníomhaíochtaí a dhéanamh amhail athchóiriú foirgneamh, lena n-áirítear tithíocht shóisialta, athsholáthar fearas, tacaíocht airgeadais agus dreasachtaí do bhearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh i gcomhréir le scéimeanna náisiúnta maoinithe agus tacaíochta, nó iniúchtaí fuinnimh.

6.   Ceanglóidh na Ballstáit ar pháirtithe faoi oibleagáid tuairisciú ar bhonn bliantúil ar an gcoigilteas fuinnimh a bhaineann na páirtithe faoi oibleagáid amach ó ghníomhaíochtaí a chuirtear chun cinn i measc daoine a ndéanann bochtaineacht fuinnimh difear dóibh, custaiméirí leochaileacha agus, i gcás inarb infheidhme, daoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta, agus iarrfaidh siad faisnéis chomhiomlánaithe staidrimh ar a gcustaiméirí deiridh (agus athruithe ar choigilteas fuinnimh a shainaithint san fhaisnéis a cuireadh isteach roimhe sin) agus maidir leis an tacaíocht theicniúil agus airgeadais a sholáthraítear.

7.   Déanfaidh na Ballstáit an méid coigiltis fuinnimh a cheanglaítear ar gach páirtí faoi oibleagáid a shloinneadh i dtéarmaí tomhaltas fuinnimh deiridh nó tomhaltas fuinnimh phríomhúil. An modh a roghnaítear chun an méid coigiltis fuinnimh a cheanglaítear a shloinneadh, úsáidfear é freisin chun an coigilteas a éileoidh páirtithe faoi oibleagáid a ríomh. Agus an méid coigiltis fuinnimh á, thiontú, beidh feidhm ag na glanluachanna calracha a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 (62) ón gCoimisiún agus ag an bhfachtóir fuinnimh phríomhúil de bhun Airteagal 29 ach amháin má bhíonn údar maith le fachtóirí coinbhéartachta eile a úsáid.

8.   Cuirfidh na Ballstáit córais tomhais, rialaithe agus fíoraithe ar bun chun fíorú doiciméadaithe a dhéanamh ar sciar atá suntasach ó thaobh staidrimh de agus sampla ionadaíoch, ar a laghad, de na bearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh a chuir na páirtithe faoi oibleagáid i bhfeidhm. Déanfar an tomhas, an rialú agus an fíorú go neamhspleách ar na páirtithe faoi oibleagáid. [I gcás gur páirtí faoi oibleagáid atá san eintiteas, faoi scéim um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh faoi Airteagal 9 agus faoi Scéim AE i ndáil le Trádáil Astaíochtaí maidir le foirgnimh agus iompar bóthair [(2021) 551 final, 2021/0211 (COD) (63)], áiritheofar leis an gcóras fíoraithe agus faireacháin go gcuirfear an praghas carbóin a chuirtear tríd agus breosla á scaoileadh le haghaidh ídithe [de réir Airteagal 1(21)de COM (2021) final 2021/0211 (COD)] san áireamh i ríomh agus i dtuairisciú choigilteas fuinnimh bhearta coigiltis fuinnimh an eintitis.]

9.   Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas, mar chuid de na tuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn de bhun Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2018/1999, maidir leis na córais tomhais, rialaithe agus fíoraithe a cuireadh i bhfeidhm, lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta do na modhanna a úsáideadh, na saincheisteanna a sainaithníodh agus an chaoi ar tugadh aghaidh orthu.

10.   Laistigh den scéim um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh, féadfaidh na Ballstáit páirtithe faoi oibleagáid an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

coigilteas fuinnimh deimhnithe a áireamh faoi chomhair a n-oibleagáide, ar coigilteas é a bhaineann soláthraithe seirbhíse fuinnimh nó tríú páirtithe eile amach, lena n-áirítear nuair a chuireann páirtithe faoi oibleagáid bearta chun cinn trí chomhlachtaí formheasta eile ag an Stát nó trí údaráis phoiblí a fhéadfaidh baint a bheith acu le comhpháirtíochtaí foirmiúla agus a fhéadfaidh a bheith in éineacht le foinsí eile airgeadais. I gcás ina gceadóidh na Ballstáit amhlaidh, áiritheoidh siad go leanfaidh deimhniúchán coigiltis fuinnimh próiseas formheasa a chuirtear i bhfeidhm sna Ballstáit, agus a bheidh soiléir, trédhearcach agus oscailte do gach rannpháirtí margaidh, agus arb é is aidhm dó na costais a bhaineann le deimhniúchán a laghdú;

(b)

coigilteas a fhaightear i mbliain ar leith a chomhaireamh amhail is dá mbeidís faighte ina ionad in aon cheann de na 4 bliana roimhe sin nó le linn na 3 bliana dá éis fad is nach bhfuil sé seo thar dheireadh na dtréimhsí oibleagáide a leagtar amach in Airteagal 7 8(1).

Déanfaidh na Ballstáit measúnú ar an tionchar atá ag costais dhíreacha agus neamhdhíreacha na scéimeanna um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh ar iomaíochas tionscal dianfhuinnimh a thagann faoi thionchar iomaíochais idirnáisiúnta agus, más iomchuí, glacfaidh siad bearta chun an tionchar sin a íoslaghdú.

11.   Is ar bhonn bliantúil a fhoilseoidh na Ballstáit an coigilteas fuinnimh a bheidh bainte amach ag gach páirtí faoi oibleagáid, nó ag gach fochatagóir de pháirtí faoi oibleagáid, agus san iomlán faoin scéim.

Airteagal 10

Gníomhaíochtaí beartais malartacha

1.   I gcás ina gcinnfidh Ballstáit a n-oibleagáidí a chomhlíonadh maidir leis an gcoigilteas a cheanglaítear faoi Airteagal 8(1) a bhaint amach trí bhíthin gníomhaíochtaí beartais malartacha, áiritheoidh siad, gan dochar d’Airteagal 8(8) agus (9), go mbainfear amach an coigilteas fuinnimh a cheanglaítear faoi Airteagal 8(1) i measc na gcustaiméirí deiridh.

2.   I gcás gach birt eile seachas na cinn sin a bhaineann le cánachas, cuirfidh na Ballstáit córais tomhais, rialaithe agus fíoraithe i bhfeidhm faoina ndéanfar fíorú doiciméadaithe ar sciar atá suntasach ó thaobh staidrimh de agus sampla ionadaíoch, ar a laghad, de na bearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh a chuir na páirtithe rannpháirteacha nó na páirtithe ar cuireadh cúram orthu i bhfeidhm. Déanfar an tomhas, an rialú agus an fíorú go neamhspleách ar na páirtithe rannpháirteacha nó ar na páirtithe iontaoibhe.

3.   Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas, mar chuid de na tuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn de bhun Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2018/1999, maidir leis na córais tomhais, rialaithe agus fíoraithe a cuireadh i bhfeidhm, lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta do na modhanna a úsáideadh, na saincheisteanna a sainaithníodh agus an chaoi ar tugadh aghaidh orthu.

4.   Agus beart cánachais á thuairisciú, lena n-áirítear muirir nó táillí paraifhioscacha, léireoidh na Ballstáit gur dearadh iad leis an gcuspóir coigilteas fuinnimh a ghiniúint agus an chaoi a ndearnadh éifeachtacht an chomhartha praghais, amhail ráta cánach agus infheictheacht le himeacht ama, a áirithiú agus an beart cánachais á cheapadh. I gcás ina mbeidh laghdú ar an ráta cánach, tabharfaidh na Ballstáit bonn cirt faoin gcaoi a mbeidh coigilteas fuinnimh nua fós mar thoradh ar na bearta cánachais.

Airteagal 11

Córais bhainistíochta fuinnimh agus iniúchtaí fuinnimh

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh fiontair córas bainistíochta fuinnimh chun feidhme, i gcás inar mar seo a leanas a bheidh a meántomhaltas bliantúil fuinnimh sna 3 bliana roimhe sin, agus na hiompróirí fuinnimh uile á gcur le chéile acu:

(a)

níos airde ná 100 TJ, ón 1 Eanáir 2024;

(b)

níos airde ná 70 TJ, ón 1 Eanáir 2027.

Déanfaidh comhlacht neamhspleách an córas bainistíochta fuinnimh a dheimhniú de réir na gCaighdeán Eorpach nó Idirnáisiúnta ábhartha.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit ▌ go mbeidh fiontair nach gcuireann córas bainistíochta fuinnimh chun feidhme faoi réir iniúchadh fuinnimh, i gcás inar mar seo a leanas a bheidh a meántomhaltas bliantúil fuinnimh sna 3 bliana roimhe sin, agus na hiompróirí fuinnimh uile á gcur le chéile acu:

(a)

níos airde ná 10 TJ, ón 1 Eanáir 2024;

(b)

níos airde ná 6 TJ, ón 1 Eanáir 2027.

Déanfaidh saineolaithe cáilithe nó creidiúnaithe earnáilsonracha nó comhlachtaí neamhspleácha creidiúnaithe na hiniúchtaí fuinnimh i gcomhréir leis na caighdeáin ábhartha Eorpacha nó idirnáisiúnta ar bhealach neamhspleách agus costéifeachtach i gcomhréir leis na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 26 nó déanfaidh údaráis neamhspleácha iad a chur chun feidhme agus a mhaoirsiú faoin reachtaíocht náisiúnta. Déanfar iniúchtaí fuinnimh gach 4 bliana ar a laghad ó dháta na hiniúchta fuinnimh roimhe sin.

Mar thoradh ar thorthaí na n-iniúchtaí fuinnimh, lena n-áirítear na moltaí ó na hiniúchtaí sin, beidh pleananna cur chun feidhme nithiúla agus indéanta ina léireofar an costas agus an tréimhse aisíoca do gach gníomhaíocht éifeachtúlachta fuinnimh a mholtar agus tarchuirfear chuig bainistíocht an fhiontair iad. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh cur chun feidhme na moltaí éigeantach, cé is moite díobh siúd ina bhfuil an tréimhse aisíoca níos faide ná 3 bliana. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfoilseofar na torthaí agus na moltaí a chuirfear chun feidhme i dtuarascáil bhliantúil an fhiontair, agus go gcuirfear ar fáil go poiblí iad, seachas faisnéis atá faoi réir dlíthe náisiúnta lena gcosnaítear rúin trádála agus ghnó agus rúndacht .

2a.     Féadfaidh na Ballstáit na cuideachtaí incháilithe uile a spreagadh chun an fhaisnéis seo a leanas a chur ar fáil ina dtuarascáil bhliantúil:

(a)

faisnéis maidir leis an tomhaltas bliantúil fuinnimh in kWh;

(b)

faisnéis maidir le toirt bhliantúil an uisce a ídítear i méadair chiúbacha;

(c)

comparáidí idir tomhaltas bliantúil fuinnimh agus uisce na saoráide céanna agus na blianta roimhe sin.

3.   Cuirfidh na Ballstáit iniúchtaí fuinnimh ardcháilíochta chun cinn a mbeidh fáil ag na custaiméirí deiridh go léir orthu agus ar iniúchtaí iad a bheidh cost-éifeachtach agus:

(a)

déanta ag saineolaithe cáilithe agus/nó creidiúnaithe ar bhealach neamhspleách de réir critéir cháilithe; nó

(b)

curtha chun feidhme agus maoirsithe ag údaráis neamhspleácha faoin reachtaíocht náisiúnta.

Féadfaidh saineolaithe inmheánacha nó iniúchóirí fuinnimh na hiniúchtaí fuinnimh dá dtagraítear sa chéad fhomhír a dhéanamh ar choinníoll go bhfuil coimircí curtha i bhfeidhm ag an mBallstát lena mbaineann chun a áirithiú go mbeidh siad in ann iniúchtaí a dhéanamh ar bhealach neamhspleách chomh maith le scéim chun a gcáilíocht a áirithiú agus a sheiceáil, lena n-áirítear, más iomchuí, roghnú randamach bliantúil de chéatadán atá suntasach ó thaobh staidrimh de, ar a laghad, de na hiniúchtaí fuinnimh uile a dhéanann siad.

Chun críche ardcháilíocht na n-iniúchtaí fuinnimh agus na gcóras bainistíochta fuinnimh a ráthú, cuirfidh Ballstáit critéir íosta thrédhearcacha agus neamh-idirdhealaitheacha ar bun do na hiniúchtaí fuinnimh bunaithe ar Iarscríbhinn VI agus a shonraítear i gcaighdeáin Eorpacha agus idirnáisiúnta . Áiritheoidh na Ballstáit go ndéantar na seiceálacha cáilíochta chun bailíocht agus cruinneas na n-iniúchtaí fuinnimh a áirithiú.

Ní bheidh san áireamh in iniúchóireachtaí fuinnimh clásail lena gcuirtear cosc ar aistriú thorthaí na hiniúchóireachta chuig aon soláthraí seirbhíse fuinnimh cáilithe/creidiúnaithe, ar choinníoll nach gcuirfidh an custaiméir ina choinne.

4.   Forbróidh na Ballstáit cláir a mbeidh sé mar aidhm leo FBManna nach bhfuil faoi réir mhír 1 nó mhír 2 a spreagadh dul faoi iniúchtaí fuinnimh agus cur chun feidhme na moltaí ó na hiniúchtaí sin ina dhiaidh sin agus tacaíocht theicniúil a chur ar fáil dóibh , agus na critéir íosta a leagtar amach in Iarscríbhinn VI á gcomhlíonadh .

Ar bhonn critéar trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach agus gan dochar do dhlí an Aontais maidir le státchabhair, cuirfidh na Ballstáit sásraí ar bun amhail lárionaid iniúchóireachta fuinnimh do FBManna agus do mhicirfhiontair, i gcás nach bhfuil siad in iomaíocht le hiniúchóirí príobháideacha, mar aon le scéimeanna tacaíochta eile do FBManna, lena n-áirítear má tá comhaontuithe deonacha tugtha i gcrích acu, chun costais iniúchta fuinnimh a chumhdach agus chun moltaí atá iontach costéifeachtach ó na hiniúchtaí fuinnimh a chur chun feidhme, má chuirtear na bearta atá beartaithe chun feidhme.

Tacóidh na Ballstáit le cur chun feidhme na moltaí trí bhíthin tacaíocht theicniúil agus airgeadais agus soláthróidh siad dreasachtaí chun na moltaí sin a chur chun feidhme, ar tacaíocht í nach gcuirfear san áireamh faoin uasmhéid cabhrach de minimis d’fhiontair, rochtain níos éasca ar mhaoiniú, agus aird ar leith á tabhairt ar FBManna agus ar na cuideachtaí sin a chuireann moltaí chun feidhme a mbeidh an tionchar is mó acu ar dhícharbónú ó thaobh éifeachtúlacht fuinnimh de.

Tarraingeoidh na Ballstáit aird FBManna, lena n-áirítear trína n-eagraíochtaí idirmheánacha ionadaíocha faoi seach, ar shamplaí nithiúla den chaoi a bhféadfadh córais bhainistithe fuinnimh cabhrú lena ngnólachtaí. Tabharfaidh an Coimisiún cúnamh do na Ballstáit trí thacú le malartú dea-chleachtas sa réimse seo.

4a.     Chun críche mhír 4, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an méid seo a leanas ar áireamh sna cláir:

(a)

córais bainistíochta fuinnimh lena mbaineann bainistiú an fhiontair a chomhtháthú, lena n-áirítear dreasachtaí airgeadais le tiomantas an fhiontair do ghlacadh leis na bearta éifeachtúlachta fuinnimh a bheidh sainaitheanta;

(b)

tacaíocht do FBManna maidir leis na tairbhí iomadúla a bhaineann le bearta éifeachtúlachta fuinnimh laistigh dá n-oibríochtaí a chainníochtú;

(c)

treochláir éifeachtúlachta fuinnimh a fhorbairt a bhaineann go sonrach le cuideachtaí, a forbraíodh i bpróiseas idirghníomhach, agus spriocanna, bearta agus roghanna airgeadais agus teicneolaíochta á gcur in ord tosaíochta;

(d)

forbairt líonraí aistrithe fuinnimh FBManna, arna n-éascú ag éascaitheoirí neamhspleácha;

(e)

sásraí tacaíochta le haghaidh líonraí den sórt sin chun iniúchtaí fuinnimh nó córais bhainistíochta fuinnimh a chur in úsáid.

5.   Forbróidh na Ballstáit cláir chun FBManna nach bhfuil faoi réir mhír 1 nó mhír 2 a spreagadh dul faoi iniúchtaí fuinnimh agus cur chun feidhme na moltaí ó na hiniúchtaí sin ina dhiaidh sin, agus na critéir íosta a leagtar amach in Iarscríbhinn VI á gcomhlíonadh .

6.   Measfar go gcomhlíonann iniúchtaí fuinnimh ceanglais mhír 2 nuair a dhéantar ar bhealach neamhspleách iad, ar bhonn íoschritéir bunaithe ar Iarscríbhinn VI, agus arna gcur chun feidhme faoi chomhaontuithe deonacha arna dtabhairt i gcrích idir eagraíochtaí geallsealbhóirí agus comhlacht ceaptha arna maoirsiú ag an mBallstát lena mbaineann, nó ag comhlachtaí eile a bhfuil an fhreagracht lena mbaineann tarmligthe chucu ag na húdaráis inniúla, nó ag an gCoimisiún.

Beidh an rochtain atá ag rannpháirtithe sa mhargadh a thairgeann seirbhísí fuinnimh bunaithe ar chritéir thrédhearcacha agus neamh-idirdhealaitheacha.

7.    Measfar go gcomhlíonann fiontair a chuireann conradh feidhmíochta fuinnimh chun feidhme ceanglais mhír 1 agus mhír 2 ar choinníoll go gcumhdaíonn an conradh feidhmíochta fuinnimh na gnéithe riachtanacha den chóras bainistíochta agus go gcomhlíonann na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn XIV.

8.    Measfar go gcomhlíonann fiontair a chuireann córas bainistíochta comhshaoil i bhfeidhm – atá deimhnithe ag comhlacht neamhspleách de réir caighdeán ábhartha idirnáisiúnta nó Eorpacha – ceanglais mhíreanna 1 agus 2 , ar choinníoll go n-áirítear leis an gcóras bainistíochta comhshaoil iniúchadh fuinnimh ar bhonn na gcritéar íosta bunaithe ar Iarscríbhinn IV.

9.   Féadfaidh iniúchtaí fuinnimh seasamh a bheith neamhspleách nó déanta mar chuid d’iniúchadh comhshaoil níos leithne. Féadfaidh na Ballstáit a éileamh go mbeidh measúnú ar indéantacht theicniúil agus eacnamaíoch nascadh le líonra téimh nó fuaraithe ceantair atá ann cheana nó atá beartaithe mar chuid den iniúchadh fuinnimh.

Gan dochar do dhlí an Aontais maidir le státchabhair, féadfaidh na Ballstáit scéimeanna dreasachta agus tacaíochta a chur chun feidhme chun moltaí ó iniúchtaí fuinnimh agus ó bhearta comhchosúla a chur chun feidhme.

9a.     Déanfaidh na Ballstáit cur chun feidhme córas bainistithe fuinnimh agus iniúchtaí fuinnimh a chur chun cinn laistigh den riarachán poiblí ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil.

Airteagal 11 a

Lárionaid sonraí

1.    Faoin 15 Márta 2024 agus go bliantúil ina dhiaidh sin, ceanglóidh na Ballstáit ar úinéirí agus ar oibreoirí gach lárionaid sonraí ina gcríoch a bhfuil éileamh suiteáilte ar chumhacht TF de 100 kW ar a laghad acu, go háirithe in earnáil TFC, an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn VIa a chur ar fáil go poiblí ar bhonn formáid chomhchuibhithe.

2.     Déanfaidh na Ballstáit an fhaisnéis a chomhthiomsaigh siad de bhun mhír 1 a chur faoi bhráid an Choimisiúin gan mhoill. Déanfar an fhaisnéis a phoibliú trí bhunachar sonraí arna bhunú agus arna oibriú ag an gCoimisiún.

3.     Glacfaidh an Coimisiún treoirlínte maidir le faireachán a dhéanamh ar fheidhmíocht fuinnimh lárionad sonraí agus í a fhoilsiú i gcomhréir le hIarscríbhinn VIa. Beidh sainmhínithe comhchuibhithe sna treoirlínte sin le haghaidh gach míre faisnéise chomh maith le modheolaíocht aonfhoirmeach tomhais, treoirlínte tuairiscithe agus teimpléad comhchuibhithe le haghaidh aistriú na faisnéise ionas gur féidir tuairisciú comhsheasmhach a dhéanamh ar fud na mBallstát uile.

4.     Spreagfaidh na Ballstáit úinéirí agus oibreoirí gach lárionaid sonraí ina gcríoch a bhfuil éileamh suiteáilte ar chumhacht TF acu arb ionann é agus 1 MW nó ar mó ná sin é chun na cleachtais is fearr dá dtagraítear sa leagan is déanaí den Chód Iompair Eorpach maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh Lárionad Sonraí, nó i ndoiciméad CLC TR50600-99-1 ón gCoiste Eorpach um Chaighdeánú agus ó Choiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil dar teideal Data centre facilities and infrastructures – Part 99-1: Recommended practices for energy management [Saoráidí agus bonneagair lárionad sonraí – Cuid 99-1: Cleachtais mholta don bhainistiú fuinnimh], go dtí go dtiocfaidh an gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 31(3) den Treoir seo i bhfeidhm.

5.    Faoin 15 Márta 2025, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na sonraí atá ar fáil maidir le héifeachtúlacht fuinnimh lárionad sonraí arna gcur faoina bhráid ag na Ballstáit de bhun mhír 2 agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Beidh togra maidir le bearta breise chun éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú ag gabháil leis an tuarascáil, más iomchuí, lena n-áirítear maidir le híoschaighdeáin feidhmíochta a bhunú agus measúnú ar indéantacht an aistrithe chuig lárionaid astaíochtaí glan-nialasacha, i ndlúthchomhar leis na geallsealbhóirí ábhartha. Féadfaidh togra den sórt sin creat ama a bhunú ina mbeidh ar lárionaid sonraí atá ann cheana íoschaighdeáin feidhmíochta a chomhlíonadh.

Airteagal 12

Méadrú i gcomhair gás nádúrtha

1.   Áiritheoidh na Ballstáit, a mhéid is féidir go teicniúil, réasúnach agus comhréireach ó thaobh airgeadais de i ndáil leis an gcoigilteas fuinnimh fhéideartha, go gcuirfear ar fáil méadair aonair ar phraghas iomaíoch do chustaiméirí deiridh gáis nádúrtha a léireoidh ídiú fuinnimh iarbhír an chustaiméara deiridh go cruinn agus a chuirfidh faisnéis faoin am úsáide iarbhír ar fáil.

Soláthrófar méadar aonair den sórt sin ar phraghas iomaíoch i gcónaí sna cásanna seo a leanas:

(a)

nuair a dhéantar méadar atá ann cheana a ionadú, ach amháin má tá sé sin dodhéanta go teicniúil nó mura bhfuil sé cost-éifeachtach i ndáil leis an gcoigilteas a d’fhéadfadh a bheith ann san fhadtéarma;

(b)

nuair a dhéantar nascadh nua i bhfoirgneamh nua nó nuair a dhéantar athchóiriú mór ar fhoirgneamh, mar a leagtar amach i dTreoir 2010/31/AE.

2.   I gcás ina ndéanfaidh, agus a mhéid a dhéanfaidh, na Ballstáit córais méadraithe chliste a chur chun feidhme agus méadair chliste i gcomhair gáis nádúrtha a leathadh amach i gcomhréir le Treoir 2009/73/CE:

(a)

áiritheoidh siad go dtabharfaidh na córais méadrúcháin faisnéis do na custaiméirí deiridh maidir leis an am úsáide iarbhír agus go gcuirfear san áireamh go hiomlán cuspóirí na héifeachtúlachta fuinnimh agus na sochar do chustaiméirí deiridh agus feidhmiúlachtaí íosta na méadair agus na hoibleagáidí a fhorchuirtear ar rannpháirtithe sa mhargadh á mbunú;

(b)

áiritheoidh siad slándáil na méadar cliste agus na cumarsáide sonraí, agus príobháideacht na gcustaiméirí deiridh, i gcomhréir le reachtaíocht ábhartha an Aontais maidir le cosaint sonraí agus príobháideachas;

(c)

éileoidh siad go dtabharfar comhairle agus faisnéis iomchuí do na custaiméirí deiridh tráth a shuiteálfar na méadair chliste, go háirithe maidir lena bpoitéinseal iomlán i ndáil le bainistiú léimh an mhéadair agus faireachán ar ídiú fuinnimh.

Airteagal 13

Méadrú i gcás téimh, fuarú agus uisce te tí

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear méadair ar phraghas iomaíoch ar fáil do chustaiméirí deiridh i gcomhair téamh ceantair, fuarú ceantair agus uisce te tí a léireoidh go cruinn a dtomhaltas fuinnimh iarbhír.

2.   I gcás ina soláthraítear téamh, fuarú nó uisce te tí d'fhoirgneamh ó fhoinse lárnach a sheirbhísíonn foirgnimh iolracha nó ó chóras téimh ceantair nó fuaraithe ceantair, suiteálfar méadar ag an malartóir teasa nó ag an bpointe seachadta.

Airteagal 14

Fomhéadrú agus leithdháileadh na gcostas i gcás téimh, fuarú agus uisce te tí

1.   I bhfoirgnimh ilárasán agus ilchuspóra a bhfuil foinse téimh lárnaigh nó fuaraithe lárnaigh acu nó a sholáthraítear as córas téimh ceantair nó fuaraithe ceantair, suiteálfar méadair aonair chun tomhaltas an teasa, an fhuaraithe nó an uisce the tí do gach aonad foirgnimh a thomhas, i gcás ina bhfuil sin indéanta go teicniúil agus go costéifeachtach i dtéarmaí an méid sin a bheith comhréireach i ndáil leis an gcoigilteas fuinnimh féideartha.

I gcás nach mbeidh úsáid méadar aonair indéanta go teicniúil nó i gcás nach mbeidh sé costéifeachtúil ídiú teasa i ngach aonad foirgnimh a thomhas, úsáidfear leithdháileoirí costais teasa aonair chun ídiú teasa a thomhas ag gach radaitheoir mura suífidh an Ballstát atá i gceist nach mbeadh suiteáil na leithdháileoirí costais teasa sin costéifeachtúil. Sna cásanna sin, féadfar modhanna malartacha costéifeachtúla chun ídiú teasa a thomhas a mheas. Déanfaidh gach Ballstát na critéir ghinearálta, na modheolaíochtaí ginearálta agus/nó na nósanna imeachta ginearálta chun an neamh-indéantacht theicniúil agus an neamh-chostéifeachtúlacht a chinneadh a leagan amach agus a fhoilsiú go soiléir.

2.   I bhfoirgnimh ilárasán nua agus i gcodanna cónaithe d'fhoirgnimh ilchuspóra nua ina bhfuil foinse lárnach téimh le haghaidh uisce te tí nó ina bhfaightear an soláthar ó chórais téimh ceantair, soláthrófar méadair aonair le haghaidh uisce te tí, d'ainneoin na chéad fhomhíre de mhír 1.

3.   I gcás gur as téamh ceantair nó fuarú ceantair a dhéantar soláthar d'fhoirgnimh ilárasán nó ilchuspóra, nó i gcás córais dhílse téimh nó fuaraithe d'fhoirgnimh den sórt sin a bheith leitheadúil, áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil rialacha trédhearcacha náisiúnta i bhfeidhm acu a bhfuil teacht ag an bpobal orthu maidir le leithdháileadh costas tomhaltais téimh, fuaraithe agus uisce the tí i bhfoirgnimh den sórt sin chun trédhearcacht agus cruinneas na cuntasaíochta i gcás tomhaltas aonair a áirithiú. I gcás inarb iomchuí, áireofar i rialacha den sórt sin treoirlínte maidir leis an mbealach is ceart an costas a leithdháileadh i dtaobh fuinneamh a úsáidtear mar a leanas:

(a)

uisce te tí;

(b)

teas a radaítear ón tsuiteáil foirgnimh agus chun na limistéir chomhchoiteanna a théamh, i gcás ina mbeidh staighrí agus dorchlaí feistithe le radaitheoirí;

(c)

chun árasáin a théamh nó a fhuarú.

Airteagal 15

Ceanglas cianléimh

1.   Chun críocha Airteagail 13 agus 14, is feistí atá inléite go cianda a bheidh sna méadair agus sna leithdháileoirí costais teasa atá nua-shuiteáilte . Beidh feidhm ag coinníollacha na hindéantachta teicniúla agus na costéifeachtúlachta, a leagtar amach in Airteagal 14(1).

2.   Tabharfar an cumas do mhéadair agus do leithdháileoirí costais teasa nach bhfuil inléite go cianda ach atá suiteáilte cheana féin a bheith inléite go cianda nó cuirfear feistí atá inléite go cianda ina n-ionad faoin 1 Eanáir 2027, ach amháin i gcás ina léiríonn an Ballstát i dtrácht nach bhfuil sin costéifeachtúil.

Airteagal 16

Faisnéis bhilleála don ghás nádúrtha

1.   I gcás nach mbeidh méadair chliste dá dtagraítear i dTreoir 2009/73/CE ag custaiméirí deiridh, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh faisnéis bhilleála iontaofa don ghás nádúrtha cruinn agus bunaithe ar ídiú iarbhír, i gcomhréir le pointe 1.1 d’Iarscríbhinn VII más rud é go bhfuil sé sin indéanta go teicniúil agus go mbeidh bonn eacnamaíoch leis.

Féadfar an oibleagáid sin a chomhlíonadh trí chóras féinléite rialta ag na custaiméirí deiridh faoina gcuirfidh siad na léamha óna méadar chuig an soláthróir fuinnimh. Sa chás nár thug an custaiméir deiridh léamh méadair maidir le tréimhse billeála ar leith, agus sa chás sin amháin, bunófar an bhilleáil ar an ídiú measta nó ar ráta comhréidh.

2.   Méadair a shuiteáiltear i gcomhréir le Treoir 2009/73/CE, beidh siad in ann faisnéis bhilleála chruinn a sholáthar bunaithe ar thomhaltas iarbhír. Áiritheoidh an Ballstáit go mbeidh an fhéidearthacht ag custaiméirí deiridh rochtain a fháil go héasca ar fhaisnéis chomhlántach faoin ídiú stairiúil a chuirfidh ar a gcumas féinseiceálacha mionsonraithe a dhéanamh.

Cuimseofar an méid seo a leanas leis an bhfaisnéis chomhlántach faoin ídiú stairiúil:

(a)

sonraí carnacha do na 3 bliana roimhe sin ar a laghad nó don tréimhse ó thús an chonartha soláthair más giorra sin. Comhfhreagróidh na sonraí do na tréimhsí dar táirgeadh faisnéis rialta billeála;

(b)

sonraí mionsonraithe de réir am na húsáide do gach lá, seachtain, mí agus bliain. Cuirfear na sonraí sin ar fáil don chustaiméir deiridh tríd an idirlíon nó tríd an gcomhéadan méadrúcháin do na 24 mhí roimh sin ar a laghad nó don tréimhse ó thús an chonartha soláthair más giorra sin.

3.   Go neamhspleách ar cé acu a suiteáladh méadair chliste nó nár suiteáladh, déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

(a)

a chur de cheangal, sa mhéid go bhfuil fáil ar fhaisnéis maidir le billeáil fuinnimh agus ídiú stairiúil na gcustaiméirí deiridh, go gcuirfear an fhaisnéis sin ar fáil do sholáthraí seirbhíse fuinnimh arna ainmniú ag an gcustaiméir deiridh;

(b)

a áirithiú go dtabharfar an rogha do na custaiméirí deiridh faisnéis billeála leictreonach agus billí leictreonacha a fháil agus go bhfaighidh siad míniú soiléir sothuigthe, arna iarraidh sin dóibh, ar an gcaoi a ríomhadh a mbille, go háirithe i gcás nach bhfuil an bille bunaithe ar an ídiú iarbhír;

(c)

a áirithiú go gcuirfear faisnéis iomchuí ar fáil leis an mbille chun cuntas cuimsitheach ar na costais fuinnimh reatha a chur ar fáil do chustaiméirí deiridh, i gcomhréir le hIarscríbhinn VII;

(d)

a leagan síos nach measfar gur iarraidh ar íocaíocht atá san fhaisnéis atá sna billí sin, arna iarraidh sin don chustaiméir deiridh. I gcásanna den sórt sin, áiritheoidh na Ballstáit go dtáirgeann soláthróirí foinsí fuinnimh socruithe solúbtha le haghaidh íocaíochtaí iarbhír

(e)

a chur de cheangal go gcuirfear faisnéis agus meastacháin le haghaidh costas fuinnimh ar fáil do thomhaltóirí ar éileamh agus go tráthúil, agus i bhformáid atá intuigthe go héasca lena gcuirfear ar chumas na dtomhaltóirí comparáid a dhéanamh idir idirbhearta ar bhonn “macasamhail le macasamhail”.

Airteagal 17

Faisnéis bhilleála agus ídithe i gcás téimh, fuarú agus uisce te tí

1.   I gcás ina suiteáiltear méadair nó leithdháileoirí costais teasa, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an fhaisnéis bhilleála agus ídithe iontaofa, cruinn agus bunaithe ar ídiú iarbhír nó ar léamha leithdháileoirí costais teasa, i gcomhréir le pointí 1 agus 2 d’Iarscríbhinn VIII i gcás gach úsáideora deiridh.

I gcás ina bhforálann Ballstát dá leithéid, seachas i gcás ídiú fomhéadraithe bunaithe ar leithdháileoirí costais teasa faoi Airteagal 14, féadfar an oibleagáid sin a chomhlíonadh trí chóras féinléimh rialta ina gcuirfidh an custaiméir deiridh nó an t-úsáideoir deiridh léamha óna méadar in iúl don soláthróir fuinnimh. Ní bhunófar an bhilleáil ar ídiú measta nó ar chothrom-ráta ach amháin i gcás nach mbeidh léamh méadair curtha ar fáil ag an gcustaiméir deiridh nó ag an úsáideoir deiridh le haghaidh eatramh billeála ar leith.

2.   Déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

(a)

a cheangal, má tá faisnéis faoi bhilleáil fuinnimh agus ídiú stairiúil nó léamha leithdháileoirí costais teasa na n-úsáideoirí deiridh ar fáil, go gcuirfear ar fáil í, arna iarraidh sin ag an úsáideoir deiridh, do sholáthraí seirbhíse fuinnimh arna ainmniú ag an úsáideoir deiridh;

(b)

a áirithiú go dtairgfear do chustaiméirí deiridh rogha na faisnéise billeála leictreonaí agus billí;

(c)

a áirithiú siad go gcuirfear faisnéis shoiléir intuigthe ar fáil leis an mbille do gach úsáideoir deiridh i gcomhréir le pointe 3 d'Iarscríbhinn VIII;

(d)

an chibearshlándáil a chur chun cinn agus príobháideachas agus cosaint sonraí na n-úsáideoirí deiridh a áirithiú i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme.

Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil, ar iarraidh ón gcustaiméir deiridh, nach measfar gur iarraidh ar íocaíocht atá i soláthar faisnéise billeála. I gcásanna den sórt sin, áiritheoidh na Ballstáit go ndéantar socruithe solúbtha le haghaidh íocaíocht iarbhír a thairgeadh.

3.   Cinnfidh na Ballstáit cé a bheidh freagrach as an bhfaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a sholáthar do na húsáideoirí deiridh nach bhfuil aon chonradh díreach nó aonair le soláthróir fuinnimh acu.

Airteagal 18

Costas rochtana ar mhéadrú agus ar fhaisnéis bhilleála don ghás nádúrtha

Áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh custaiméirí deiridh a mbillí agus a bhfaisnéis bhilleála go léir i gcomhair ídiú fuinnimh saor in aisce agus go mbeidh rochtain ag custaiméirí deiridh freisin ar a sonraí ídithe ar shlí iomchuí agus saor in aisce.

Airteagal 19

Costas rochtana ar mhéadrú agus ar fhaisnéis bhilleála agus ídithe i gcás téimh, fuarú agus uisce te tí

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh na húsáideoirí deiridh a mbillí agus a bhfaisnéis bhilleála go léir i gcomhair tomhaltas fuinnimh saor in aisce agus go mbeidh rochtain ag na húsáideoirí deiridh freisin ar a sonraí tomhaltais ar shlí iomchuí agus saor in aisce.

2.   D’ainneoin mhír 1 den Airteagal seo, is ar bhonn neamhbhrabúsach a dhéanfar costais na faisnéise billeála d’ídiú aonair téimh, fuaraithe agus uisce the tí i bhfoirgnimh ilárasán agus i bhfoirgnimh ilchuspóra a dháileadh de bhun Airteagal 14. Féadfar costais a eascraíonn ó shannadh an chúraim sin do thríú páirtí, amhail soláthraí seirbhíse nó an soláthróir fuinnimh áitiúil, ina gcumhdaítear an tomhas, an leithdháileadh agus an chuntasaíocht d’ídiú aonair iarbhír i bhfoirgnimh den sórt sin, a chur ar aghaidh chun na n-úsáideoirí deiridh a mhéid a bheidh costais den sórt sin réasúnach.

3.   Chun a áirithiú go mbeidh costais réasúnacha ar na seirbhísí fomhéadraithe dá dtagraítear i mír 2, féadfaidh na Ballstáit an t-iomaíochas a spreagadh san earnáil seirbhíse sin trí bhearta iomchuí a ghlacadh, amhail úsáid na tairisceana a mholadh nó a chur chun cinn ar shlí eile nó trí úsáid a bhaint as feistí agus córais idir-inoibritheacha a éascaíonn an t-aistriú ó sholáthraí seirbhíse amháin go ceann eile.

CAIBIDIL IV

FAISNÉIS DO THOMHALTÓIRÍ AGUS CUMASÚ

Airteagal 20

Cearta conarthacha bunúsacha i gcás téimh, fuarú agus uisce te tí

1.   Gan dochar do rialacha an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí, go háirithe Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (64) agus Treoir 93/13/CEE (65), áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na cearta dá bhforáiltear i míreanna 2 go 8 den Airteagal seo ag custaiméirí deiridh agus, i gcás go ndéantar tagairt shainráite ina leith, d’úsáideoirí deiridh.

2.   Beidh ag custaiméirí deiridh an ceart chun conradh a bheith acu lena soláthróir ina sonraítear an méid seo a leanas:

(a)

céannacht agus seoladh an tsoláthróra;

(b)

na seirbhísí a sholáthraítear, leibhéil cáilíochta na seirbhísí a thairgtear;

(c)

na cineálacha seirbhíse cothabhála a thairgtear;

(d)

na bealaí inar féidir faisnéis chothrom le dáta a fháil faoi na taraifí, na muirir chothabhála uile is infheidhme agus faoi na táirgí nó seirbhísí cuachta;

(e)

ré an chonartha, na coinníollacha chun an conradh agus na seirbhísí a athnuachan agus a scor, lena n-áirítear táirgí nó seirbhísí atá cuachta leis na seirbhísí sin, agus cibé an gceadaítear foirceannadh an chonartha gan aon mhuirear a íoc;

(f)

aon chúiteamh agus na socruithe aisíocaíochta is infheidhme mura gcomhlíonfar na leibhéil cáilíochta seirbhíse arna gconrú, lena n-áirítear billeáil mhíchruinn nó dhéanach;

(g)

an modh chun tús a chur le nós imeachta um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt i gcomhréir le hAirteagal 21;

(h)

faisnéis maidir le cearta tomhaltóirí, lena n-áirítear faisnéis faoi láimhseáil gearán agus an fhaisnéis uile dá dtagraítear sa mhír seo, a chuirtear in iúl go soiléir ar an mbille nó ar shuíomh gréasáin an ghnóthais agus a bhfuil ar áireamh ann sonraí teagmhála nó nasc chuig suíomh gréasáin an phointe aonair teagmhála dá dtagraítear in Airteagal 21 .

Beidh na coinníollacha cóir agus beidh siad ar eolas roimh ré. In aon chás, soláthrófar an fhaisnéis sin sula ndéanfar an conradh a thabhairt i gcrích nó a dhearbhú. I gcás ina dtabharfar conarthaí i gcrích trí idirghabhálaithe, tabharfar an fhaisnéis a bhaineann leis na hábhair a leagtar amach sa mhír seo freisin sula dtabharfar an conradh i gcrích.

Tabharfar achoimre ar na príomhchoinníollacha conarthacha do chustaiméirí deiridh agus d’úsáideoirí deiridh ar shlí intuigthe agus i bhfriotal a bheidh beacht agus simplí.

2a.     Soláthróidh soláthraithe cóip den chonradh do chustaiméirí deiridh agus d’úsáideoirí deiridh, faisnéis thrédhearcach maidir leis na praghsanna agus na taraifí is infheidhme agus maidir le téarmaí agus coinníollacha caighdeánacha i ndáil le rochtain ar sheirbhísí téimh, fuaraithe agus uisce the tí agus le húsáid na seirbhísí sin.

3.   Tabharfar fógra iomchuí do chustaiméirí deiridh faoi aon intinn athrú a dhéanamh ar choinníollacha conarthacha. Déanfaidh soláthróirí, ar bhealach trédhearcach agus sothuigthe, fógra a thabhairt go díreach dá gcustaiméirí faoi aon choigeartú ar an bpraghas soláthair agus faoi na cúiseanna leis an gcoigeartú, na réamhchoinníollacha a ghabhann leis, agus a scóip, ag tráth iomchuí nach déanaí ná dhá sheachtain, nó tráth nach déanaí ná mí amháin i gcás custaiméirí teaghlaigh, roimh theacht i bhfeidhm an choigeartaithe. Cuirfear custaiméirí deiridh ar an eolas faoina gceart conradh a fhoirceannadh mura nglacfaidh siad leis na coinníollacha nua conarthacha nó leis na coigeartuithe ar an bpraghas ar thug a soláthróir fógra dóibh ina leith i gcomhréir leis an gconradh. Cuirfidh custaiméirí deiridh na hathruithe conarthacha atá beartaithe in iúl do na húsáideoirí deiridh gan mhoill.

4.   Déanfaidh soláthróirí rogha leathan modhanna íocaíochta a thairiscint do chustaiméirí deiridh. Ní dhéanfaidh modhanna íocaíochta den sórt sin idirdhealú míchuí idir custaiméirí. Aon difríocht sna muirir a bhaineann le modhanna íocaíochta nó le córais réamhíocaíochta, beidh sí oibiachtúil, neamh-idirdhealaitheach agus comhréireach agus ní rachaidh sí thar na costais dhíreacha atá le seasamh ag an íocaí as modh íocaíochta sonrach nó as córas réamhíocaíochta a úsáid, i gcomhréir le hAirteagal 62 de Threoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (66).

5.   De bhun mhír 6, ní dhéanfar custaiméirí teaghlaigh, a bhfuil rochtain acu ar chórais réamhíocaíochta, a chur faoi mhíbhuntáiste de thairbhe na gcóras réamhíocaíochta.

6.   Déanfaidh soláthróirí téarmaí agus coinníollacha ginearálta atá cóir agus trédhearcach a thairiscint do chustaiméirí deiridh agus d’úsáideoirí deiridh , i gcás inarb infheidhme . Na téarmaí agus coinníollacha ginearálta, is i dteanga shoiléir agus shothuigthe a thabharfar iad agus ní bheidh bacainní neamhchonarthacha ar fheidhmiú chearta na gcustaiméirí iontu, mar shampla doiciméadú conarthach iomarcach. Tabharfar rochtain do na húsáideoirí deiridh ar na téarmaí agus na coinníollacha ginearálta sin arna iarraidh sin dóibh. Déanfar custaiméirí deiridh agus úsáideoirí deiridh a chosaint ar mhodhanna díolacháin atá éagórach nó míthreorach. Déanfar an fhaisnéis ábhartha uile maidir lena gconradh a sholáthar do chustaiméirí deiridh atá faoi mhíchumas i bhformáidí inrochtana.

7.   Beidh ag custaiméirí deiridh agus ag úsáideoirí deiridh an ceart ar chaighdeán maith seirbhíse agus ar láimhseáil gearán ag a soláthróirí. Déanfaidh soláthróirí gearáin a láimhseáil ar bhealach simplí, cóir agus pras.

7a.     Beidh na húdaráis inniúla atá freagrach as forfheidhmiú na mbeart cosanta tomhaltóirí a leagtar síos sa Treoir seo neamhspleách ar leasanna an mhargaidh agus beidh siad in ann cinntí riaracháin a dhéanamh.

Airteagal 21

Faisnéis agus ardú feasachta

1.   Áiritheoidh na Ballstáit, i gcomhar leis na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla, go mbeidh faisnéis maidir leis na bearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh atá ar fáil, gníomhaíochtaí aonair agus creataí airgeadais agus dlíthiúla trédhearcach, inrochtana agus scaipthe go forleathan ar na gníomhaithe ábhartha margaidh go léir, amhail custaiméirí deiridh, úsáideoirí deiridh, eagraíochtaí tomhaltóirí, ionadaithe na sochaí sibhialta, comhphobail fuinnimh inathnuaite, pobail fuinnimh saoránach, údaráis áitiúla agus réigiúnacha, gníomhaireachtaí fuinnimh, soláthraithe seirbhísí sóisialta, tógálaithe, ailtirí, innealtóirí, iniúchóirí comhshaoil agus fuinnimh, agus suiteálaithe gnéithe foirgníochta mar a shainmhínítear in Airteagal 2(9) de Threoir 2010/31/AE.

2.   Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun úsáid éifeachtúil fuinnimh ag custaiméirí deiridh agus ag úsáideoirí deiridh a chur chun cinn agus a éascú. Beidh na bearta sin mar chuid de straitéis náisiúnta amhail an plean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1999, nó leis an straitéis athchóirithe fhadtéarmach mar a shainmhínítear i  dTreoir … [athmhúnlú EPBD – 2021/0426 (COD)] .

Chun críoch an Airteagail seo, áireofar ar na bearta sin raon ionstraimí agus beartas chun athrú iompraíochta a chur chun cinn, amhail:

(i)

dreasachtaí fioscacha;

(ii)

rochtain ar mhaoiniú, dearbháin, deontais nó fóirdheontais;

(ii a)

infhaighteacht iniúchtaí fuinnimh a fhaigheann tacaíocht phoiblí agus seirbhísí saincheaptha comhairleacha agus tacaíocht do thomhaltóirí teaghlaigh, go háirithe custaiméirí leochaileacha, daoine a ndéanann bochtaineacht fuinnimh difear dóibh agus, i gcás inarb infheidhme, daoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta;

(ii b)

seirbhísí saincheaptha comhairleacha do FBManna agus do mhicrifhiontair;

(iii)

soláthar faisnéise ar bhealach atá inrochtana do dhaoine a bhfuil míchumas orthu;

(iv)

tionscadail eiseamláireacha;

(v)

gníomhaíochtaí san ionad oibre;

(vi)

gníomhaíochtaí oiliúna;

(vii)

uirlisí digiteacha;

(vii a)

straitéisí rannpháirtíochta.

Chun críocha an Airteagail seo, áireofar leis na bearta sin freisin, gan a bheith teoranta dóibh, na bealaí agus na modhanna seo a leanas chun dul i mbun plé leis na gníomhaithe margaidh amhail iad siúd dá dtagraítear i mír 1:

(i)

ionaid ilfhreastail nó sásraí comhchosúla, a chruthú chun comhairle agus cúnamh teicniúil, riaracháin agus airgeadais a sholáthar maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, lena n-áirítear seiceálacha fuinnimh ar an láthair do theaghlaigh , athchóiriú fuinnimh ar fhoirgnimh, faisnéis maidir le fearais nua-aimseartha agus níos éifeachtúla a chur in ionad seanchórais téimh agus córais téimh neamhéifeachtúla agus glacadh fuinnimh in-athnuaite agus stóráil fuinnimh le haghaidh foirgneamh do chustaiméirí deiridh agus d’úsáideoirí deiridh, go háirithe teaghlaigh agus úsáideoirí beaga neamhtheaghlaigh, lena n-áirítear FBManna agus micrifhiontair .

(i a)

comhar le gníomhaithe príobháideacha a sholáthraíonn seirbhísí amhail iniúchtaí fuinnimh, réitigh mhaoiniúcháin agus cur i gcrích athchóirithe fuinnimh agus cur chun cinn na seirbhísí sin;

(ii)

cur in iúl athruithe in úsáid fuinnimh atá cost-éifeachtach agus éasca le baint amach;

(iii)

scaipeadh faisnéise maidir le bearta éifeachtúlachta fuinnimh agus ionstraimí maoinithe;

(iv)

soláthar pointí teagmhála aonair, chun an fhaisnéis uile is gá a thabhairt do chustaiméirí deiridh agus d’úsáideoirí deiridh maidir lena gcearta, an dlí is infheidhme agus sásraí um réiteach díospóide a bheidh ar fáil dóibh i gcás díospóide. Féadfaidh pointí teagmhála aonair den sórt sin a bheith ina gcuid de phointí faisnéise tomhaltóra ginearálta.

2a.     Chun críche an Airteagail seo, rachaidh na Ballstáit i dteagmháil leis na húdaráis ábhartha agus le geallsealbhóirí príobháideacha chun ionaid ilfhreastail thiomnaithe áitiúla, réigiúnacha nó náisiúnta a fhorbairt don éifeachtúlacht fuinnimh. Beidh na hionaid ilfhreastail sin trasearnálach agus idirdhisciplíneach agus tiocfaidh tionscadail arna bhforbairt go háitiúil díobh tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

comhairle agus faisnéis chuíchóirithe a chur ar fáil do theaghlaigh, FBManna, micrifhiontair agus comhlachtaí poiblí maidir le féidearthachtaí agus réitigh theicniúla agus airgeadais,

(b)

tionscadail fhéideartha a nascadh le gníomhaithe sa mhargadh, go háirithe tionscadail ar scála níos lú;

(c)

comhairle a thabhairt maidir le hiompar tomhaltais fuinnimh d’fhonn teagmháil ghníomhach a dhéanamh leis na tomhaltóirí;

(d)

faisnéis a sholáthar maidir le cláir oiliúna agus oideachas chun cur le líon na ngairmithe i réimse na héifeachtúlachta fuinnimh chomh maith leis na gairmithe sin a athsciliú agus a uas-sciliú d’fhonn freastal ar riachtanais an mhargaidh;

(e)

sonraí comhiomlánaithe tíopeolaíochta ó thionscadail éifeachtúlachta fuinnimh arna n-éascú ag na hionaid ilfhreastail a bhailiú agus a chur faoi bhráid an Choimisiúin, ar sonraí iad a fhoilseoidh an Coimisiún i dtuarascáil gach dara bliain chun taithí a roinnt agus chun comhar trasteorann idir na Ballstáit a fheabhsú d’fhonn samplaí dea-chleachtais ó thíopeolaíochtaí éagsúla foirgneamh, tithíochta agus fiontar a chur chun cinn;

(f)

tacaíocht iomlánaíoch a chur ar fáil do gach teaghlach, agus tabharfar aird ar leith ar theaghlaigh atá i mbochtaineacht fuinnimh agus sna foirgnimh is neamhfheidhmiúla, agus do chuideachtaí creidiúnaithe agus do shuiteálaithe creidiúnaithe a sholáthraíonn seirbhísí iarfheistithe, agus iad a chur in oiriúint do thíopeolaíochtaí éagsúla tithíochta agus don raon feidhme geografach agus tacaíocht a thabhairt dóibh lena gcumhdaítear céimeanna éagsúla an tionscadail iarfheistithe, go háirithe chun cur chun feidhme na nÍoschaigheán Feidhmíochta Fuinnimh dá bhforáiltear in Airteagal 9 de Threoir … a éascú [athmhúnlú EPBD – 2021/0426 (COD)].

(g)

seirbhísí a fhorbairt do thomhaltóirí fuinneamhbhochta, do thomhaltóirí leochaileacha agus do theaghlaigh ar ioncam íseal.

Oibreoidh na Ballstáit i gcomhar le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha chun comhar a spreagadh i measc comhlachtaí poiblí, gníomhaireachtaí fuinnimh agus tionscnamh faoi stiúir an phobail agus chun ionaid ilfhreastail a chur chun cinn, a fhorbairt agus a mhéadú trí phróiseas comhtháite. Cuirfidh an Coimisiún treoirlínte ar fáil do na Ballstáit chun na hionaid ilfhreastail sin a fhorbairt agus é mar aidhm aige cur chuige comhchuibhithe a chruthú ar fud an Aontais.

3.   Bunóidh Ballstáit coinníollacha iomchuí do ghníomhaithe chun faisnéis agus comhairle leordhóthanach agus spriocdhírithe faoin éifeachtúlacht fuinnimh a sholáthar do thomaltóirí deiridh, lena n-áirítear custaiméirí leochaileacha, daoine a n-imríonn an bhochtaineacht fuinnimh tionchar orthu agus, i gcás inarb iomchuí, daoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta, FBManna agus micrifhiontair .

4.   Áiritheoidh Ballstáit go mbeidh rochtain ag custaiméirí deiridh, úsáideoirí deiridh, custaiméirí leochaileacha, daoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh agus, i gcás inarb infheidhme, daoine a chónaíonn i dtithíocht shóisialta, ar shásraí um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt atá simplí, cóir, trédhearcach, neamhspleách, éifeachtach agus éifeachtúil chun díospóidí a réiteach i dtaca leis na cearta agus na hoibleagáidí a bhunaítear faoin Treoir seo, agus go mbeidh sé sin acu trí shásra neamhspleách amhail ombudsman fuinnimh nó comhlacht tomhaltóirí, nó trí údarás rialála. I gcás inar tomhaltóir an custaiméir deiridh, mar a shainmhínítear é in Airteagal 4(1)(a) de Threoir 2013/11/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (67), comhlíonfaidh na sásraí sin um réiteach díospóide lasmuigh den chúirt na ceanglais a leagtar amach ann.

I gcás inar gá sin, áiritheoidh na Ballstáit go gcomhoibreoidh eintitis um réiteach malartach díospóidí le chéile chun sásraí um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt atá simplí, cóir, trédhearcach, neamhspleách, éifeachtach agus éifeachtúil a sholáthar i gcás aon díospóid a eascraíonn as táirgí nó seirbhísí atá ceangailte nó cuachta le haon táirge nó seirbhís a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo.

Beidh rannpháirtíocht gnóthas i sásraí um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt do chustaiméirí teaghlaigh éigeantach mura rud é go léiríonn an Ballstát don Choimisiún go bhfuil sásraí eile ann atá chomh héifeachtach céanna.

5.   Gan dochar do bhunphrionsabail dhlí na maoine agus dlí na tionóntachta sna Ballstáit, glacfaidh siad na bearta is gá chun bacainní rialála agus neamhrialála ar an éifeachtúlacht fuinnimh a bhaint, a mhéid a bhaineann leis an méid seo a leanas: roinnt dreasachtaí idir úinéirí agus tionóntaí nó i measc úinéirí foirgnimh nó aonaid foirgnimh, d’fhonn a áirithiú nach ndíspreagtar na páirtithe sin ó infheistíochtaí lena bhfeabhsaítear éifeachtúlacht a dhéanamh, ar infheistíochtaí iad a dhéanfadh siad murach sin toisc nach bhfaighidh siad na buntáistí iomlána nó nach bhfuil rialacha ann chun na costais agus na sochair a roinnt eatarthu;

D’fhéadfaí a áireamh ar na bearta chun deireadh a chur le bacainní den sórt sin dreasachtaí a sholáthar , lena n-áirítear maidir le maoiniú agus an fhéidearthacht dul i muinín réitigh mhaoiniúcháin tríú páirtí , forálacha dlíthiúla nó rialála a aisghairm nó a leasú, nó treoirlínte agus cumarsáid léirmhínitheach a ghlacadh, nó nósanna imeachta riaracháin a shimpliú, lena n-áirítear rialacha náisiúnta agus bearta lena rialaítear próisis chinnteoireachta i maoin ilúinéirí. Féadfar na bearta a chomhcheangal le soláthar oideachais, oiliúna agus faisnéise sonraí agus cúnaimh theicniúil maidir le héifeachtúlacht fuinnimh do ghníomhaithe margaidh amhail na gníomhaithe dá dtagraítear i mír 1.

Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun tacú le hidirphlé iltaobhach le rannpháirtíocht na n-údarás áitiúil agus réigiúnach ábhartha agus na gcomhpháirtithe poiblí agus sóisialta ábhartha amhail úinéirí agus eagraíochtaí tionóntaí, eagraíochtaí tomhaltóirí , dáileoirí fuinnimh nó cuideachtaí díolacháin fuinnimh miondíola, ESCOnna , pobail fuinnimh inathnuaite, pobail fuinnimh saoránach, údaráis áitiúla agus réigiúnacha, údaráis phoiblí agus gníomhaireachtaí ábhartha agus é d’aidhm aige tograí a leagan amach maidir le bearta, dreasachtaí agus treoirlínte a nglactar leo go comhpháirteach agus a bhaineann le dreasachtaí roinnte idir na húinéirí agus na tionóntaí nó idir úinéirí foirgnimh nó úinéirí aonaid foirgnimh.

Déanfaidh gach Ballstát na bacainní sin agus na bearta arna nglacadh ina straitéis athchóirithe fhadtéarmach de bhun Airteagal 2a de Threoir 2010/31/AE agus Rialachán (AE) 2018/1999 a thuairisciú.

6.   Spreagfaidh an Coimisiún malartú agus scaipeadh forleathan faisnéise maidir le dea-chleachtais agus modheolaíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh agus cuirfidh sé cúnamh teicniúil ar fáil chun roinnt na ndreasachtaí a mhaolú sna Ballstáit.

Airteagal 21a

Comhpháirtíochtaí don éifeachtúlacht fuinnimh

1.     Faoin … [12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo], bunóidh an Coimisiún comhpháirtíochtaí Eorpacha earnáilsonracha um éifeachtúlacht fuinnimh trí príomh-gheallsealbhóirí, lena n-áirítear na comhpháirtithe sóisialta, a thabhairt le chéile in earnálacha amhail TFC, earnáil an iompair, earnáil an airgeadais agus earnáil na tógála, ar bhealach cuimsitheach agus ionadaíoch. Ceapfaidh an Coimisiún cathaoirleach do gach comhpháirtíocht Eorpach earnáilsonrach maidir le héifeachtúlacht fuinnimh.

2.     Leis na comhpháirtíochtaí dá dtagraítear i mír 1, éascófar idirphlé maidir leis an aeráid agus spreagfar earnálacha chun treochláir don éifeachtúlacht fuinnimh a tharraingt suas chun mapáil a dhéanamh ar bhearta atá ar fáil agus ar roghanna teicneolaíochta chun coigilteas éifeachtúlachta fuinnimh a bhaint amach, ullmhú d’fhuinneamh in-athnuaite agus na hearnálacha i gceist a dhícharbónú. Rannchuideoidh na treochláir sin go mór le hearnálacha chun pleanáil a dhéanamh ar na hinfheistíochtaí is gá chun cuspóirí na Treorach seo agus cuspóirí Rialachán (AE) 2021/1119 a bhaint amach chomh maith le comhar trasteorann a éascú idir gníomhaithe d’fhonn margadh inmheánach an Aontais a neartú.

Airteagal 22

Custaiméirí leochaileacha a chumasú agus a chosaint agus an bhochtaineacht fuinnimh a mhaolú

1.   Déanfaidh na Ballstáit straitéis láidir fhadtéarmach a fhorbairt agus déanfaidh siad bearta iomchuí chun daoine atá buailte ag an mbochtaineacht fuinnimh, custaiméirí leochaileacha agus teaghlaigh ar ioncam íseal agus , i gcás inarb infheidhme, daoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta a chumhachtú agus a chosaint.

Agus coincheap na gcustaiméirí leochaileacha á shainmhíniú acu de bhun Airteagal 28(1) agus Airteagal 29 de Threoir (AE) 2019/944 agus Airteagal 3(3) de Threoir 2009/73/CE, cuirfidh na Ballstáit úsáideoirí deiridh san áireamh.

2.   Déanfaidh na Ballstáit bearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh agus bearta gaolmhara cosanta tomhaltóirí nó faisnéise a chur chun feidhme, go háirithe iad siúd a leagtar amach in Airteagal 21 agus in Airteagal 8(3), mar thosaíocht i measc daoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, custaiméirí leochaileacha , teaghlaigh ar ioncam íseal agus, i gcás inarb infheidhme, daoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta, chun an bhochtaineacht fuinnimh a mhaolú. Tabharfaidh na Ballstáit isteach ionstraimí cuí faireacháin agus meastóireachta chun a áirithiú go dtacófar le daoine atá buailte ag an mbochtaineacht fuinnimh le bearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh.

3.   Chun tacú le custaiméirí leochaileacha, daoine a n-imríonn an bhochtaineacht fuinnimh tionchar orthu , teaghlaigh ar ioncam íseal , agus, i gcás inarb iomchuí, daoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta, déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

(a)

bearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh a chur chun feidhme chun éifeachtaí dáileacháin a mhaolú ó bheartais agus ó bhearta eile, amhail bearta cánachais arna gcur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 10 den Treoir seo, nó trádáil astaíochtaí in earnáil na bhfoirgneamh agus an iompair a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis an Treoir AE maidir le Trádáil Astaíochtaí [COM(2021)0551, 2021/0211(COD)];

(aa)

a áirithiú nach dtiocfaidh méadú díréireach ar chostas na seirbhísí sin ná eisiamh sóisialta níos mó as bearta chun éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn nó a éascú, go háirithe na bearta siúd a bhaineann le foirgnimh agus leis an tsoghluaisteacht;

(b)

an úsáid is fearr is féidir a bhaint as an gcistiú poiblí atá ar fáil ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, an Ballstát ranníocaíochta airgeadais arna fháil ón gCiste Sóisialta ar son na hAeráide de bhun [Airteagal 9 agus Airteagal 14 de Rialachán an Chiste Shóisialta ar son na hAeráide, COM(2021)568 final], agus ioncam ó cheantanna lamháltas ó thrádáil astaíochtaí de bhun CTA AE, [COM (2021) final, 2021/0211(COD)], le haghaidh infheistíochtaí i mbearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh mar ghníomhaíochtaí tosaíochta;

(c)

i gcás inarb infheidhme, infheistíochtaí luatha réamhbhreathnaitheacha a dhéanamh ar bhearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh, amhail iarfheistiú córas téimh, fuaraithe agus aerála, sula léireofar éifeacht ag tionchair dháilte ó bheartais agus ó bhearta eile;

(d)

cúnamh teicniúil lena n-éascófar malartú dea-chleachtas maidir le hathchóirithe ar chreataí rialála amhail dlíthe maoine agus cíosa i ndáil le bearta éifeachtúlachta fuinnimh agus leathadh amach maoinithe chumasúcháin agus uirlisí airgeadais a chothú, amhail scéimeanna inbhille, cúlchiste áitiúil lamháltais caillteanais, cistí ráthaíochta, cistí atá dírithe ar athchóiriú domhain agus athchóiriú lena mbaineann gnóthachain íosta fuinnimh;

(e)

cúnamh teicniúil a chothú do ghníomhaithe sóisialta chun rannpháirtíocht ghníomhach na gcustaiméirí leochaileacha sa mhargadh fuinnimh, agus athruithe dearfacha ar a n-ídiú a fuinnimh a chur chun cinn;

(f)

rochtain a áirithiú ar airgeadas, ar dheontais nó ar fhóirdheontais atá faoi cheangal ag gnóthachain íosta fuinnimh agus rochtain ar iasachtaí bainc inacmhainne nó línte creidmheasa tiomnaithe a éascú.

3a.     Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun daoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, teaghlaigh ar ioncam íseal, custaiméirí leochaileacha agus, i gcás inarb infheidhme, daoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta a chosaint ar shocrú praghsanna éagóracha agus ar mhéaduithe praghais i soláthar an téimh, an fhuaraithe agus an uisce the tí.

4.   Bunóidh na Ballstáit líonra saineolaithe ó earnálacha éagsúla amhail an earnáil sláinte, earnáil an fhuinnimh, an earnáil tógála, earnáil an téimh agus an fhuaraithe agus an earnáil shóisialta, lena n-áirítear gníomhaireachtaí fuinnimh áitiúla agus réigiúnacha i gcás inarb infheidhme, chun straitéisí a fhorbairt chun tacú le cinnteoirí áitiúla agus náisiúnta maidir le bearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh a chur chun feidhme lena maolófar an bhochtaineacht fuinnimh, bearta chun réitigh fhadtéarmacha láidre a ghiniúint chun an bhochtaineacht fuinnimh a mhaolú agus cúnamh teicniúil agus uirlisí airgeadais iomchuí a fhorbairt. Déanfaidh na Ballstáit a ndícheall líonra de chomhdhéanamh saineolaithe a áirithiú lena n-áirithítear cothromaíocht inscne agus peirspictíochtaí na ndaoine agus a gcuid éagsúlachtaí.

Tacóidh an líonra céanna saineolaithe leis na Ballstáit chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

sainmhínithe, táscairí agus critéir náisiúnta a bhunú maidir leis an mbochtaineacht fuinnimh, fuinneamhbhocht agus coincheapa custaiméirí leochaileacha, lena n-áirítear úsáideoirí deiridh;

(b)

táscairí agus tacair sonraí iomchuí a fhorbairt nó a fheabhsú, a bhaineann le saincheist na bochtaineachta fuinnimh, ar cheart iad a úsáid agus a thuairisciú

c)

modhanna agus bearta a bhunú chun an inacmhainneacht a áirithiú, cur chun cinn na neodrachta ó thaobh costais tithíochta de a áirithiú, nó chun a áirithiú go rachaidh an cistiú poiblí a infheistítear i mbearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh chun tairbhe d’úinéirí agus do thionóntaí araon, d’fhoirgnimh agus d’aonaid tógála, go háirithe maidir le custaiméirí leochaileacha, daoine a ndéanann bochtaineacht fuinnimh difear dóibh, agus, i gcás inarb infheidhme, daoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta.

d)

measúnú a dhéanamh agus, i gcás inarb infheidhme, bearta a mholadh chun cásanna a chosc nó a leigheas ina bhfuil grúpaí áirithe i mbaol níos mó nó níos mó go ndéanfaidh an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh nó go bhfuil siad níos so-ghabhálach do dhrochthionchair na bochtaineachta fuinnimh, amhail mná, daoine faoi mhíchumas, daoine scothaosta, leanaí, agus daoine a bhfuil cúlra ciníoch nó eitneach mionlaigh acu.

CAIBIDIL V

AN ÉIFEACHTÚLACHT I SOLÁTHAR AN FHUINNIMH

Airteagal 23

Measúnú agus pleanáil an téimh agus an fhuaraithe

1.   Mar chuid dá phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide, a phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ina dhiaidh sin agus na tuarascálacha ar dhul chun cinn a ghabhann leo agus ar tugadh fógra fúthu i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1999, tabharfaidh gach Ballstát fógra don Choimisiún measúnú cuimsitheach ar théamh agus ar fhuarú , lena n-áirítear mapáil na limistéar arna sainaithint le haghaidh líonra nua téimh agus fuaraithe . Beidh sa mheasúnú cuimsitheach sin an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn IX agus beidh ag gabháil leis an measúnú a rinneadh de bhun Airteagal 15(7) de Threoir (AE) 2018/2001.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar an deis do na páirtithe ábhartha uile, lena n-áirítear geallsealbhóirí poiblí agus príobháideacha, páirt a ghlacadh in ullmhú na bpleananna téimh agus fuaraithe, an measúnú cuimsitheach agus na beartais agus na bearta.

3.   Chun críche an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh Ballstáit anailís costais is tairbhe a chlúdaíonn a gcríoch agus a bheidh bunaithe ar choinníollacha a bhaineann leis an aeráid, le hindéantacht eacnamaíocht agus le hoiriúnacht theicniúil . Beidh sé de chumas ag an anailís costais is tairbhe na réitigh is éifeachtúla ó thaobh acmhainní agus costais de a shainaithint chun riachtanais téimh agus fuaraithe a chomhlíonadh, agus éifeachtúlacht fhoriomlán an chórais, leordhóthanacht agus athléimneacht an chórais agus bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh á gcur san áireamh . D’fhéadfadh sé go mbeidh an anailís costais is tairbhe mar chuid de mheasúnú comhshaoil faoi Threoir 2001/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (68).

Ainmneoidh na Ballstáit na húdaráis inniúla a bheidh freagrach as na hanailísí costais is tairbhe a dhéanamh, soláthróidh siad na modheolaíochtaí agus toimhdí mionsonraithe i gcomhréir le hIarscríbhinn X agus bunóidh siad na nósanna imeachta don anailís eacnamaíoch agus iad a phoibliú.

4.   I gcás ina sainaithneofar leis an measúnú dá dtagraítear i mír 1 agus leis an anailís dá dtagraítear i mír 3 acmhainneacht maidir le comhghiniúint ardéifeachtach agus/nó téamh agus fuarú ceantair éifeachtúil agus/nó giniúint cumhachta ó dhramhtheas le haghaidh féintomhaltais a chur i bhfeidhm ar mó a dtairbhí ná na costais, déanfaidh na Ballstáit, nó na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha atá freagrach, bearta leordhóthanacha maidir le bonneagar éifeachtúil téimh agus fuaraithe ceantair a bheidh le forbairt agus/nó forbairt suiteálacha a spreagadh chun an barrachas teasa dramhaíola a thiontú go cumhacht le haghaidh féintomhaltais agus/nó chun freastal ar fhorbairt na comhghiniúna ardéifeachtúlachta agus ar úsáid téimh agus fuaraithe ó dhramhtheas agus ó fhoinsí inathnuaite fuinnimh i gcomhréir le mír 1 agus Airteagal 24(4) agus (6).

I gcás nach sainaithnítear sa mheasúnú dá dtagraítear i mír 1 agus san anailís dá dtagraítear i mír 3 aon acmhainneacht ar mó a tairbhí ná na costais, lena n-áirítear na costais riaracháin a bhaineann leis an anailís costais is tairbhe dá dtagraítear in Airteagal 24(4), féadfaidh an Ballstát, in éineacht leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha lena mbaineann, suiteálacha a eisiamh ó na ceanglais a leagtar síos sa mhír sin.

5.   Glacfaidh na Ballstáit beartais agus bearta, lena n-áiritheofar go mbaintear amach an acmhainneacht a sainaithníodh sna measúnuithe cuimsitheacha a dhéanfar de bhun mhír 1. Áireofar sna beartais agus sna bearta sin ar a laghad na gnéithe a leagtar amach in Iarscríbhinn IX. Tabharfaidh gach Ballstát fógra faoi na bearta agus na beartais sin mar chuid den nuashonrú ar a phleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide, a phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ina dhiaidh sin agus na tuarascálacha ar dhul chun cinn a ghabhann leo agus ar tugadh fógra fúthu i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1999.

Agus a gcuid beartas agus beart á n-ullmhú acu, baileoidh na Ballstáit faisnéis maidir le gléasraí comhghiniúna agus aonaid chomhghiniúna sna líonraí téimh agus fuaraithe ceantair atá ann cheana agus déanfaidh siad measúnú ar an acmhainneacht maidir le coigilteas fuinnimh. Áireofar san fhaisnéis sin ar a laghad na sonraí maidir le héifeachtúlacht an chórais, caillteanais córais, dlús nasctha, caillteanas agus raon teochta an ghréasáin, fuinneamh príomhúil agus tomhaltas deiridh fuinnimh, fachtóirí astaíochtaí agus slabhraí réamhtheachtacha na bhfoinsí fuinnimh. Foilseofar na sonraí sin agus cuirfidh na Ballstáit na sonraí sin ar fáil go poiblí.

6.    Áiritheoidh na Ballstáit go n-ullmhóidh na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla pleananna téimh agus fuaraithe áitiúla ar a laghad i mbardais ina bhfuil daonra iomlán 35 000 ar a laghad agus molfaidh do bhardais a bhfuil daonra níos ísle iontu pleananna den sórt sin a ullmhú . Maidir leis na pleananna sin:

(a)

beidh siad bunaithe ar an bhfaisnéis agus ar na sonraí arna soláthar sna measúnuithe cuimsitheacha arna ndéanamh de bhun mhír 1 lena soláthrófar meastachán agus mapáil ar an acmhainneacht chun éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú, lena n-áirítear trí ullmhacht téimh ceantair ar theocht íseal, comhghiniúint ardéifeachtúlachta, aisghabháil dramhaíola teasa, agus fuinneamh in-athnuaite i dtéamh agus i bhfuarú sa réimse áirithe sin; ina theannta sin, beidh anailís i gceist leo ar na fearais téimh agus fuaraithe i stoic áitiúla foirgneamh ina gcuirfear san áireamh na féidearthachtaí a bhaineann go sonrach le limistéar le haghaidh bearta éifeachtúlachta fuinnimh agus lena bhforbrófar teimpléid don treochlár athchóirithe le haghaidh cineálacha comhchosúla foirgneamh a mbeidh sé mar aidhm leo claochlú foirgneamh agus bonneagair a dhéanamh a bheidh tapa, costéifeachtúil agus comhordaithe go frithpháirteach;

(aa)

beidh siad i gcomhréir go hiomlán le bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh;

(b)

beidh straitéis san áireamh iontu chun an acmhainneacht a sainaithníodh de bhun mhír 6(a) a úsáid;

(c)

ullmhófar iad le rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí réigiúnacha nó áitiúla ábhartha uile agus áiritheoidh siad rannpháirtíocht an phobail i gcoitinne , lena n-áirítear oibreoirí bonneagair áitiúil fuinnimh ag céim luath ;

(ca)

cuirfear san áireamh leo an bonneagar fuinnimh atá ann cheana le haghaidh gáis, teasa agus leictreachais;

(d)

déanfar machnamh iontu ar chomhriachtanais na bpobal áitiúil agus an iliomad aonad nó réigiún áitiúil nó réigiúnach riaracháin;

(da)

déanfar measúnú leo ar an ról atá ag comhphobail fuinnimh agus ag tionscnaimh eile thomhaltóirthreoraithe ar féidir leo rannchuidiú go gníomhach le tionscadail áitiúla téimh agus fuaraithe a chur chun feidhme;

(db)

áireofar straitéis leo chun tosaíocht a thabhairt do dhaoine atá buailte ag an mbochtaineacht fuinnimh, do theaghlaigh ar ioncam íseal, do thomhaltóirí leochaileacha agus, i gcás inarb infheidhme, do dhaoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta amhail dá dtagraítear in Airteagal 22, lena n-áirítear anailís mhargaidh chun riachtanais spriocghrúpaí a shainaithint agus a thuiscint agus cláir shaincheaptha a mholadh;

(dc)

déanfar measúnú leo ar conas cur chun feidhme na mbeartas agus na mbeart a shainaithnítear a mhaoiniú agus foráil a dhéanamh maidir le sásraí airgeadais lena gceadaítear do thomhaltóirí aistriú chuig téamh agus fuarú in-athnuaite;

(dd)

cuirfear inacmhainneacht fuinnimh, cinnteacht an tsoláthair, leordhóthanacht an chórais cumhachta agus athléimneacht san áireamh leo;

(e)

déanfar conair chun spriocanna na bpleananna a bhaint amach i gcomhréir le neodracht aeráide agus faireachán ar an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme na mbeartas agus na mbeart a sainaithníodh a áireamh leo;

(ea)

déanfar straitéis a fhorbairt leo chun pleanáil a dhéanamh maidir le seanfhearais téimh agus fuaraithe i gcomhlachtaí poiblí a athsholáthar le roghanna malartacha an-éifeachtúil agus é mar aidhm leis sin deireadh a chur de réir a chéile le breoslaí iontaise;

(eb)

déanfar measúnú leo ar shineirgí féideartha le pleananna na n-údarás réigiúnach nó áitiúil comharsanachta chun infheistíochtaí comhpháirteacha agus costéifeachtúlacht a spreagadh;

Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar an deis do na páirtithe ábhartha uile, lena n-áirítear geallsealbhóirí poiblí agus príobháideacha, páirt a ghlacadh in ullmhú na bpleananna téimh agus fuaraithe, an measúnú cuimsitheach agus na beartais agus na bearta.

Chun na críche sin, forbróidh na Ballstáit moltaí lena dtacófar leis na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla chun beartais agus bearta a chur chun feidhme maidir le téamh agus fuarú fuinnimh éifeachtúil agus fuinnimh inathnuaite ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil agus leas á bhaint as an acmhainneacht a shainaithnítear. Tacóidh na Ballstáit, a mhéid is féidir, le húdaráis réigiúnacha agus áitiúla trí aon mhodh lena n-áirítear tacaíocht airgeadais agus scéimeanna tacaíochta teicniúla. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar na pleananna téimh agus fuaraithe a ailíniú le ceanglais pleanála áitiúla eile i réimsí na haeráide, an fhuinnimh agus an chomhshaoil, chun ualach riaracháin ar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a sheachaint agus chun cur chun feidhme éifeachtach na bpleananna a spreagadh.

6a.     Féadfaidh grúpa d’údaráis áitiúla comharsanachta éagsúla pleananna téimh agus fuaraithe áitiúla a chur i gcrích i gcomhar le chéile ar choinníoll gurb iomchuí an comhthéacs geografach agus riaracháin mar aon leis an mbonneagar téimh agus fuaraithe.

6b.     Is údarás inniúil a dhéanfaidh cur chun feidhme na bpleananna téimh agus fuaraithe áitiúla a fhíorú agus a mheasúnú. I gcás ina measfar nach leor an cur chun feidhme, bunaithe ar an gconair agus ar an bhfaireachán de bhun mhír 6, pointe (e), molfaidh an t-údarás inniúil bearta chun an bhearna cur chun feidhme a dhúnadh.

Airteagal 24

Soláthar téimh agus fuaraithe

1.   Chun éifeachtúlacht fuinnimh phríomhúil agus sciar an fhuinnimh in-athnuaite i soláthar téimh agus fuaraithe a mhéadú, is córas éifeachtúil téimh agus fuaraithe ceantair é córas a chomhlíonann na critéir seo a leanas:

a.

go dtí an 31 Nollaig 2027 , córas a úsáideann 50 % ar a laghad d’fhuinneamh in-athnuaite, 50 % de dhramhtheas, 75 % de theas comhghinte nó 50 % de theaglaim d’fhuinneamh agus teas den sórt sin a théann isteach sa líonra ;

b.

ón 1 Eanáir 2028 , córas a úsáideann ar a laghad 50 % d’fhuinneamh in-athnuaite, 50 % de dhramhtheas, 80 % de theas ardéifeachtach arna ghiniúint nó ar a laghad teaglaim d’fhuinneamh teirmeach den sórt sin a théann isteach sa líonra inarb ionann sciar an fhuinnimh in-athnuaite agus 5 % ar a laghad agus inarb ionann sciar iomlán an fhuinnimh in-athnuaite, na dramhaíolathe teasa nó an teasa ardéifeachtúlachta comhghiniúna agus 50 % ar a laghad;

c.

ón 1 Eanáir 2035, córas a úsáideann ar a laghad 50 % d’fhuinneamh in-athnuaite agus de dhramhtheas, i gcás inarb ionann sciar an fhuinnimh in-athnuaite agus 20 % ar a laghad;

d.

ón 1 Eanáir 2045, córas a úsáideann ar a laghad 75 % d’fhuinneamh in-athnuaite agus de dhramhtheas, i gcás inarb ionann sciar an fhuinnimh in-athnuaite agus 40 % ar a laghad;

e.

ón 1 Eanáir 2050, córas nach n-úsáideann ach fuinneamh in-athnuaite agus dramhtheas, i gcás inarb ionann sciar an fhuinnimh in-athnuaite agus 60 % ar a laghad;

f.

i gcomhréir le céadphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh, i gcás ina sáraíonn sciar an dramhtheasa na critéir i bpointí (c), (d) agus (e), agus i gcás ina gcaillfí an dramhtheas ar shlí eile, féadfar dramhtheas a chur in ionad aon cheann de na foinsí fuinnimh eile;

g.

rinneadh measúnú ar na huasteochtaí is gá in eangach dáileacháin.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina dtógtar córas téimh agus fuaraithe ceantair nó ina ndéantar athchóiriú substaintiúil air, go gcomhlíonfaidh sé na critéir a leagtar amach i mír 1 is infheidhme tráth a thosaíonn sé nó a leanann sé dá oibriú tar éis an athchóirithe. Ina theannta sin, áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina dtógtar córas téimh agus fuaraithe ceantair nó ina ndéantar athchóiriú substaintiúil air, nach dtiocfaidh méadú ar an úsáid a bhaintear as breoslaí iontaise seachas gás nádúrtha i bhfoinsí teasa atá ann cheana i gcomparáid leis an meánídiú bliantúil le linn na 3 bliana féilire roimhe sin de lánoibríocht roimh an athchóiriú, agus nach n-úsáidfear breoslaí iontaise ▌ in aon fhoinsí teasa nua sa chóras sin. Áiritheoidh na Ballstáit freisin go ndéanfar ródú geografach na gcóras téimh agus fuaraithe ceantair atá ann cheana a mhapáil agus a fhoilsiú.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit, amhail ón 1 Eanáir 2025, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, go n-ullmhóidh oibreoirí na gcóras téimh agus fuaraithe ceantair go léir atá ann cheana a bhfuil aschur iomlán fuinnimh acu is mó ná 5 MW agus nach gcomhlíonann na critéir a leagtar amach i mír 1(b) go (e), plean chun éifeachtúlacht fuinnimh phríomhúil agus fuinneamh in-athnuaite a mhéadú agus chun caillteanais dáileacháin a laghdú . Áireofar sa phlean bearta chun na critéir a leagtar amach i mír 1(b) go (e) a chomhlíonadh agus déanfaidh agus déanfaidh an t-údarás inniúil iad a fhormheas.

3a.     Áiritheoidh na Ballstáit go mbainfidh lárionad sonraí a bhfuil ionchur fuinnimh rátaithe iomlán os cionn 100 kW aige úsáid as an dramhtheas nó as feidhmeanna eile aisghabhála dramhtheasa mura féidir leis a thaispeáint nach bhfuil sé indéanta go teicniúil ná go heacnamaíoch i gcomhréir leis an measúnú dá dtagraítear i mír 4.

4.   Chun measúnú a dhéanamh ar indéantacht eacnamaíoch éifeachtúlacht fuinnimh an tsoláthair teasa agus fuaraithe a mhéadú, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar anailís costais is tairbhe ar leibhéal suiteála i gcomhréir le hIarscríbhinn X i gcás, ina ndéanfar na suiteálacha seo a leanas a phleanáil nó a athchóiriú go substaintiúil agus nár tabhaíodh a gcostais ábhar go fóill :

(a)

tá suiteáil giniúna leictreachais theirmigh a bhfuil ionchur fuinnimh iomlán bliantúil ar an meán aici atá níos mó ná 5 MW, chun measúnú a dhéanamh ar an gcostas agus ar na tairbhí a bhaineann le foráil a dhéanamh d’oibriú na suiteála mar shuiteáil chomhghiniúna ardéifeachtúlachta;

(b)

suiteáil thionsclaíoch a bhfuil meán-ionchur fuinnimh iomlán bliantúil aici ar mó é ná 5 MW d’fhonn úsáid an dramhtheasa ar an láthair agus lasmuigh den láthair a mheasúnú;

(c)

saoráid seirbhíse a bhfuil meán-ionchur fuinnimh bliantúil iomlán aici ar mó é ná 5 MW, amhail saoráidí cóireála dramhuisce agus saoráidí GNL chun measúnú a dhéanamh ar an úsáid a bhaintear as dramhtheas ar an láthair agus lasmuigh den láthair.

(d)

lárionad sonraí ag a bhfuil ionchur iomlán fuinnimh rátaithe ar mó é ná leibhéal 100 kW , chun measúnú a dhéanamh ar an bhféidearthacht theicniúil, ar an gcost-éifeachtúlacht agus ar an tionchar ar éifeachtúlacht fuinnimh agus ar éileamh teasa áitiúil, lena n-áirítear athruithe séasúracha, a bhaineann le leas a bhaint as an dramhtheas chun éileamh a bhfuil údar eacnamaíoch leis a shásamh, agus le nascadh na suiteála sin le líonra téimh ceantair nó le córas fuaraithe ceantair éifeachtúil/RES-bhunaithe nó le feidhmeanna eile aisghabhála dramhtheasa . Measfar san anailís réitigh chórais fuaraithe lenar féidir an dramhtheas a bhaint nó a ghabháil ar leibhéal teochta úsáidí le híos-ionchuir choimhdeacha fuinnimh.

Áiritheoidh naBallstáit go mbainfear bacainní rialála d’úsáid dramhtheasa agus go gcuirfear tacaíocht leordhóthanach ar fáil do ghlacadh dramhtheasa i gcás ina ndéanfar na suiteálacha dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) a phleanáil as an nua nó a athchóiriú. Chun críocha measúnú a dhéanamh ar dhramhtheas ar an láthair chun críche phointí (b) go (d), féadfar iniúchtaí fuinnimh i gcomhréir le hIarscríbhinn VI a dhéanamh in ionad na hanailíse costais is tairbhe a leagtar amach sa mhír seo.

Ní mheasfar gur athfheistiú chun críche phointí ((b) agus (c) den mhír seo é trealamh a fheistiú chun dé-ocsaíd charbóin arna táirgeadh ag suiteáil dócháin a ghabháil d’fhonn í a stóráil go geolaíoch de réir mar a fhoráiltear i dTreoir 2009/31/CE.

Éileoidh Ballstáit go ndéanfar an anailís costais is tairbhe i gcomhar leis na cuideachtaí atá freagrach as an tsaoráid a oibriú.

5.   Féadfaidh Ballstáit an méid seo a leanas a dhíolmhú ó mhír 4:

(a)

na suiteálacha giniúna leictreachais cúltaca agus buaiclóid sin a bhfuil sé beartaithe iad a oibriú faoi bhun 1 500 uair oibríochta in aghaidh na bliana mar mheán rollach thar thréimhse 5 bliana, bunaithe ar nós imeachta fíoraithe arna bhunú ag na Ballstáit lena n-áirithítear go gcomhlíonfar an critéar díolúine sin;

(b)

suiteálacha ar gá iad a lonnú gar do láithreán stórála geolaíoch arna fhormheas faoi Threoir 2009/31/CE;

(c)

ionaid sonraí a bhfuil nó a bheidh a ndramhtheas á úsáid i líonra téimh ceantair nó go díreach i gcomhair téamh spáis, ullmhú uisce te tí nó le haghaidh úsáidí eile san fhoirgneamh nó sa ghrúpa foirgneamh ina bhfuil sé suite nó úsáidí eile i limistéar ábhartha timpeall na lárionad sonraí .

Féadfaidh na Ballstáit tairseacha a leagan síos freisin, arna sloinneadh i dtéarmaí mhéid an dramhtheasa úsáidigh atá ar fáil, an éilimh ar theas nó na hachair idir suiteálacha tionsclaíocha agus líonra téimh ceantair, chun suiteálacha aonair a dhíolmhú ó fhorálacha phointí (c) agus (d) de mhír 4.

Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi dhíolúintí a ghlacfar faoin mír seo.

6.   Glacfaidh na Ballstáit critéir údaraithe dá dtagraítear in Airteagal 8 de Threoir (AE) 2019/944, nó critéir cheadúcháin, chun:

(a)

toradh an mheasúnaithe chuimsithigh dá dtagraítear i n Airteagal 23.1 a chur san áireamh;

(b)

a áirithiú go gcomhlíonfar ceanglais mhír 4;

(c)

toradh na hanailíse costais is tairbhe dá dtagraítear i mír 4 a chur san áireamh.

7.   Féadfaidh na Ballstáit suiteálacha aonair a dhíolmhú ón gceanglas a bheith orthu, de réir na gcritéar údaraithe agus ceada dá dtagraítear i mír 6, roghanna a chur chun feidhme ar mó a dtairbhí ná a gcostais, má tá mórchúiseanna dlí, úinéireachta nó airgeadais ann chun é sin a dhéanamh. Sna cásanna sin, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann fógra réasúnaithe faoina chinneadh faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de 3 mhí ón dáta a rinneadh é. Féadfaidh an Coimisiún tuairim a eisiúint ar an bhfógra laistigh de 3 mhí ón bhfógra sin a fháil.

8.   Beidh feidhm ag míreanna 4, 5, 6 agus 7 den Airteagal seo maidir leis na suiteálacha atá cumhdaithe ag Treoir 2010/75/AE gan dochar do cheanglais na Treorach sin.

9.   Baileoidh na Ballstáit faisnéis maidir le hanailísí costais is tairbhe arna ndéanamh i gcomhréir le pointí (a), (b), (c) agus (d) de mhír 4 den Airteagal seo. Ba cheart go mbeadh, ar a laghad, na sonraí maidir leis na méideanna soláthair teasa agus paraiméadair teasa, líon na n-uaireanta oibríochta atá beartaithe in aghaidh na bliana agus suíomh geografach na láithreán san fhaisnéis sin. Foilseofar na sonraí sin agus aird chuí á tabhairt ar a n-íogaireacht ionchasach.

10.   Ar bhonn na luachanna tagartha éifeachtúlachta comhchuibhithe dá dtagraítear i bpointe (f) d’Iarscríbhinn III, áiritheoidh na Ballstáit gur féidir tionscnamh an leictreachais arna tháirgeadh ó chomhghiniúint ardéifeachtach a ráthú de réir critéir oibiachtúla, thrédhearcacha agus neamh-idirdhealaitheacha arna leagan síos ag gach Ballstát. Áiritheoidh siad go gcomhlíonfaidh an ráthaíocht tionscnaimh sin na ceanglais agus go mbeidh, ar a laghad, an fhaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn XI inti. Tabharfaidh na Ballstáit aitheantas frithpháirteach dá ráthaíochtaí tionscnaimh, go heisiach mar chruthúnas ar an bhfaisnéis dá dtagraítear sa mhír seo. Aon diúltú ráthaíocht tionscnaimh a aithint mar chruthúnas den sórt sin, go háirithe ar chúiseanna a bhaineann le calaois a chosc, ní mór é a bheith bunaithe ar chritéir oibiachtúla, thrédhearcacha agus neamh-idirdhealaitheacha. Tabharfaidh Ballstáit fógra don Choimisiún faoi dhiúltú den sórt sin agus faoi chúis an diúltaithe. I gcás ina ndiúltófar ráthaíocht tionscnaimh a aithint, féadfaidh an Coimisiún cinneadh a ghlacadh chun iallach a chur ar an bpáirtí diúltaithe aitheantas a thabhairt di, go háirithe maidir le critéir oibiachtúla, thrédhearcacha agus neamh-idirdhealaitheacha a bhfuil an t-aitheantas sin bunaithe orthu.

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 319 den Treoir seo, na luachanna tagartha éifeachtúlachta comhchuibhithe a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2402 ón gCoimisiún (69).

11.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh aon tacaíocht atá ar fáil do chomhghiniúint faoi réir an leictreachais arna tháirgeadh de thionscnamh comhghiniúna ardéifeachtúlachta agus an dramhtheasa atá á úsáid go héifeachtach chun coigilteas fuinnimh phríomhúil a bhaint amach. Beidh tacaíocht phoiblí don chomhghiniúint agus do ghiniúint agus do líonraí téimh ceantair faoi réir rialacha maidir le Státchabhair, i gcás inarb infheidhme.

Airteagal 25

Trasfhoirmiú, tarchuir agus dáileadh fuinnimh

1.   Cuirfidh na húdaráis rialála náisiúnta prionsabal “an éifeachtúlacht fuinnimh ar dtús” i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 3 den Treoir seo agus na cúraimí rialála a shonraítear i dTreoracha (AE) 2019/944 agus 2009/73/CE á ndéanamh acu i ndáil lena gcinntí maidir le feidhmiú an bhonneagair gáis agus leictreachais, lena n-áirítear a gcinntí maidir le taraifí líonra , gan dochar do phrionsabail an neamh-idirdhealaithe agus na cost-éifeachtúlachta . Sa bhreis ar bhunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh, cuirfidh na húdaráis rialála náisiúnta san áireamh cost-éifeachtúlacht, éifeachtúlacht córais agus slándáil an tsoláthair agus déanfaidh siad oiriúnú ar chur chuige saolré lena ndeanfar spriocanna aeráide agus inbhuanaitheacht an Aontais a choimirciú .

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh oibreoirí córais tarchurtha agus dáileacháin gáis agus leictreachais an bunphrionsabal éifeachtúlachta fuinnimh i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 3 den Treoir seo agus i gcomhréir le spriocanna aeráide agus inbhuanaitheachta an Aontais ina gcuid cinntí pleanála líonra, forbartha líonra agus infheistíochta. Beidh solúbthacht ar thaobh an éilimh ina cuid lárnach den mheasúnú ar phleanáil agus oibriú an líonra. Agus cinnteacht an tsoláthair agus comhtháthú an mhargaidh á gcur san áireamh, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh oibreoirí córas tarchurtha agus oibreoirí córas dáileacháin infheistíocht i sócmhainní a sheasfaidh an aimsir chun rannchuidiú le maolú ar an athrú aeráide. Féadfar na húdaráis rialála náisiúnta modheolaíochtaí agus treoir a sholáthar maidir le conas roghanna malartacha a mheas san anailís costais is tairbhe, agus sochair níos leithne á gcur san áireamh i ndlúthchomhar leis na hoibreoirí córas tarchurtha agus leis na hoibreoirí córas dáileacháin, ar féidir leo saineolas teicniúil lárnach a chomhroinnt , agus a fhíorú go bhfuil bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh á chur chun feidhme ag na hoibreoirí córas tarchurtha nó oibreoirí córas dáileacháin nuair atá na tionscadail arna gcur isteach ag na hoibreoirí córas tarchurtha nó oibreoir córas dáileacháin á bhformheas nó á bhfíorú nó nuair atá faireachán á dhéanamh orthu.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh oibreoirí córas tarchurtha agus dáileacháin faireachán agus cainníochtú ar mhéid foriomlán na gcaillteanas líonra a  bhaineann leis an líonra a oibríonn siad agus go ndéanfaidh siad bearta costéifeachtacha chun éifeachtúlacht an líonra a  mhéadú agus chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais forbairtí bonneagair agus ar na caillteanais a  eascraíonn as leictriú méadaithe ar thaobh an éilimh agus an táirgthe araon . Déanfaidh na hoibreoirí córais tharchurtha agus dáileacháin na bearta sin a thuairisciú ▌don údarás náisiúnta rialála fuinnimh. ▌Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh oibreoirí líonra tharchurtha agus dáileacháin measúnú ar bhearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh i ndáil leis na córais tarchurtha nó dáileacháin gáis nó leictreachais atá acu cheana agus go bhfeabhsóidh siad an éifeachtúlacht fuinnimh sa dearadh bonneagair agus i bhfeidhmiú an bhonneagair , go háirithe ó thaobh imscaradh eangaí cliste de . Spreagfaidh na Ballstáit oibreoirí córais tharchurtha agus dáileacháin chun réitigh nuálacha a fhorbairt chun éifeachtúlacht agus inbhuanaitheacht, lena n-áirítear éifeachtúlacht fuinnimh na gcóras atá ann cheana agus na gceann a bheidh ann amach anseo a fheabhsú trí rialacháin atá bunaithe ar dhreasachtaí.

4.   Cuirfidh na húdaráis náisiúnta rialála fuinnimh roinn shonrach san áireamh faoin dul chun cinn a baineadh amach i dtaobh feabhsuithe ar éifeachtúlacht fuinnimh i ndáil le feidhmiú an bhonneagair gáis agus leictreachais sa tuarascáil bhliantúil arna tarraingt suas de bhun Airteagal 59(l) de Threoir (AE) 2019/944 agus de bhun Airteagal 41 de Threoir 2009/73/CE. Sna tuarascálacha sin, soláthróidh na húdaráis náisiúnta rialála fuinnimh measúnú ar an éifeachtúlacht fhoriomlán in oibriú an bhonneagair gáis agus leictreachais, na bearta arna ndéanamh ag oibreoirí córais tarchurtha agus dáileacháin, agus, i gcás inarb infheidhme, soláthróidh siad moltaí le haghaidh feabhsuithe ar éifeachtúlacht fuinnimh , lena n-áirítear roghanna malartacha costéifeachtúla a laghdaíonn buaic-ualaí agus úsáid fhoriomlán .

5.   I gcás an leictreachais, áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfaidh an rialáil líonra agus na taraifí líonra na critéir in Iarscríbhinn XII, agus treoirlínte agus cóid arna bhforbairt de bhun Rialachán (AE) 2019/943 á gcur san áireamh.

6.   Féadfaidh na Ballstáit comhpháirteanna scéimeanna agus struchtúir taraifí a bhfuil aidhm shóisialta acu a cheadú le haghaidh tarchur agus dáileachán fuinnimh eangach-cheangailte, ar choinníoll go ndéantar aon éifeacht shuaiteach ar an gcóras tarchurtha agus dáileacháin a choinneáil ag an leibhéal is ísle is gá ach nach bhfuil siad díréireach leis an aidhm shóisialta.

7.   Áiritheoidh na húdaráis rialála náisiúnta go mbainfear na dreasachtaí sin sna taraifí tarchurtha agus dáileacháin a dhéanann dochar don éifeachtúlacht fuinnimh agus don fhreagairt don éileamh i nginiúint, tarchur, dáileadh agus soláthar an leictreachais agus an gháis. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar bonneagair a dhearadh go héifeachtúil agus go ndéanfar an bonneagar atá ann cheana a oibriú go héifeachtúil agus, faoi chuimsiú Threoir (AE) 2019/944, go gcuirfidh taraifí ar chumas soláthróirí feabhas a chur ar rannpháirtíocht tomhaltóirí maidir le héifeachtúlacht an chórais.

8.   Comhlíonfaidh oibreoirí córas tarchurtha agus oibreoirí córais dáileacháin na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn XII.

9.   I gcás inarb iomchuí, féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta a chur de cheangal ar oibreoirí córais tarchurtha agus oibreoirí córais dáileacháin spreagadh a thabhairt don chomhghiniúint ardéifeachtúlachta a bheith suite gar do limistéir ina bhfuil éileamh teasa trí mhuirir nascachta agus úsáid an chórais a laghdú.

10.   Féadfaidh na Ballstáit ceadú do tháirgeoirí leictreachais ó chomhghiniúint ardéifeachtúlachta ar mian leo a nascadh leis an eangach glao ar thairiscintí a eisiúint don obair nasctha.

11.   Agus tuairisciú á dhéanamh faoi Threoir 2010/75/AE, agus gan dochar d’Airteagal 9(2) den Treoir sin, déanfaidh na Ballstáit a meas ar fhaisnéis a chur san áireamh faoi leibhéil éifeachtúlachta fuinnimh suiteálacha a dhéanann breoslaí a bhfuil ionchur teirmeach rátáilte iomlán 50 MW nó níos mó acu a dhó i bhfianaise na teicnící is fearr atá ar fáil arna bhforbairt i gcomhréir le Treoir 2010/75/AE.

CAIBIDIL VI

FORÁLACHA COTHROMÁNACHA

Airteagal 26

Fáil ar scéimeanna cáilíochta, creidiúnúcháin agus deimhniúcháin

1.   Áiritheoidh na Ballstáit an leibhéal iomchuí inniúlachtaí le haghaidh gairmeacha éifeachtúlachta fuinnimh a fhreagraíonn do riachtanais an mhargaidh. Áiritheoidh na Ballstáit, i ndlúthchomhar leis na comhpháirtithe sóisialta, go mbeidh scéimeanna deimhniúcháin agus/nó scéimeanna cáilíochta coibhéiseacha, lena n-áirítear, i gcás inar gá, cláir oiliúna oiriúnacha, ar fáil do ghairmeacha éifeachtúlachta fuinnimh lena n-áirítear soláthraithe seirbhísí fuinnimh, soláthraithe iniúchtaí fuinnimh, bainisteoirí fuinnimh, saineolaithe neamhspleácha agus suiteálaithe gnéithe tógála de bhun Threoir 2010/31/AE, agus go mbeidh siad iontaofa agus go rannchuideoidh siad le cuspóirí náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh agus le cuspóirí foriomlána an Aontais maidir leis an dícharbónú.

Soláthraithe scéimeanna deimhniúcháin, agus/nó scéimeanna cáilíochta coibhéiseacha, lena n-áirítear, i gcás inar gá, cláir oiliúna oiriúnacha, beidh siad creidiúnaithe i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 (70).

1a.     Cuirfidh na Ballstáit cláir deimhniúcháin, oiliúna agus oideachais chun cinn chun an leibhéal iomchuí inniúlachtaí a áirithiú do ghairmeacha éifeachtúlachta fuinnimh a fhreagraíonn do riachtanais an mhargaidh. Cuirfidh na Ballstáit bearta i bhfeidhm chun rannpháirtíocht i gcláir oiliúna den sórt a chur chun cinn, go háirithe ag FBManna agus ag daoine atá féinfhostaithe. Faoin… [12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo], cuirfidh an Coimisiún feachtas uile-Aontais ar bun chun níos mó daoine a mhealladh chuig gairmeacha éifeachtúlachta fuinnimh agus chun rochtain chomhionann do mhná a áirithiú.

1b.     Faoin… [12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo], bunóidh an Coimisiún ardán aonair pointe rochtana lena gcuirfear tacaíocht agus comhroinnt eolais ar fáil chun an leibhéal iomchuí gairmithe cáilithe a áirithiú chun spriocanna aeráide agus fuinnimh an Aontais a bhaint amach. Baileoidh an t-ardán Ballstáit, comhpháirtithe sóisialta, institiúidí oideachais, lucht acadúil agus geallsealbhóirí ábhartha eile le chéile chun dea-chleachtais a chothú agus a chur chun cinn chun a áirithiú go mbeidh níos mó gairmithe éifeachtúlachta fuinnimh ann agus chun gairmithe atá ann cheana a athsciliú nó a uas-sciliú chun freastal ar riachtanais an mhargaidh.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an deimhniúchán náisiúnta, nó scéimeanna coibhéiseacha cáilíochta, lena n-áirítear, i gcás inar gá, cláir oiliúna, bunaithe ar chaighdeáin Eorpacha nó idirnáisiúnta atá ann cheana.

3.   Cuirfidh na Ballstáit ar fáil go poiblí na scéimeanna deimhniúcháin, nó scéimeanna cáilíochta coibhéiseacha, nó scéimeanna oiliúna oiriúnacha dá dtagraítear i mír 1 agus comhoibreoidh siad eatarthu féin agus leis an gCoimisiún ar na comparáidí idir na scéimeanna, agus maidir le haitheantas a thabhairt dóibh.

Glacfaidh na Ballstáit bearta oiriúnacha chun tomhaltóirí a chur ar an eolas faoin bhfáil ar na scéimeanna i gcomhréir le hAirteagal 27(1).

4.   Déanfaidh na Ballstáit measúnú faoin 31 Nollaig 2024 agus gach dhá bhliain ina dhiaidh sin ar cé acu an áiritheofar leis na scéimeanna an leibhéal riachtanach inniúlachtaí agus cothromaíocht inscne le haghaidh soláthraithe seirbhísí fuinnimh, soláthraithe iniúchtaí fuinnimh, bainisteoirí fuinnimh, saineolaithe neamhspleácha agus suiteálaithe gnéithe tógála de bhun Threoir 2010/31/AE . Déanfaidh siad measúnú freisin ar an mbearna idir gairmithe atá ar fáil agus gairmithe is gá. Cuirfidh siad an measúnú agus moltaí an mheasúnaithe ar fáil go poiblí.

Airteagal 27

Seirbhísí fuinnimh

1.   Déanfaidh na Ballstáit margadh na seirbhísí fuinnimh agus rochtain air do FBManna a chur chun cinn trí fhaisnéis shoiléir atá inrochtana go héasca a scaipeadh maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

conarthaí seirbhísí fuinnimh atá ar fáil agus clásail is ceart a bheith san áireamh i gconarthaí den sórt sin chun coigilteas fuinnimh agus cearta na gcustaiméirí deiridh a ráthú;

(b)

ionstraimí airgeadais, dreasachtaí, deontais, cistí imrothlacha, ráthaíochtaí, scéimeanna árachais, agus cistí chun tacaíocht a thabhairt do thionscadail seirbhísí éifeachtúlachta fuinnimh;

(c)

soláthraithe seirbhísí fuinnimh atá ar fáil agus atá cáilithe agus/nó deimhnithe agus a gcáilíochtaí agus/nó a ndeimhnithe i gcomhréir le hAirteagal 26.

(d)

modheolaíochtaí faireacháin agus fíoraithe atá ar fáil agus scéimeanna rialaithe cáilíochta.

2.   spreagfaidh na Ballstáit forbairt lipéad cáilíochta, inter alia, trí chomhlachais trádála, bunaithe ar chaighdeáin Eorpacha nó idirnáisiúnta i gcás inarb ábhartha;

3.   cuirfidh na Ballstáit liosta de na soláthraithe seirbhísí fuinnimh atá cáilithe agus/nó deimhnithe agus na cáilíochtaí agus/nó deimhnithe atá acu i gcomhréir le hAirteagal 26 ar fáil go poiblí agus déanfaidh siad nuashonrú rialta air, nó soláthróidh siad comhéadan ina mbeidh soláthraithe seirbhísí fuinnimh in ann faisnéis a sholáthar.

4.    Áiritheoidh na Ballstáit go mbainfidh comhlachtaí poiblí úsáid as conraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh le haghaidh athchóirithe ar fhoirgnimh mhóra. Le haghaidh athchóiriú ar fhoirgnimh mhóra neamhchónaithe agus ar fhoirgnimh mhóra chónaithe phoiblí a bhfuil achar urláir úsáideach os cionn 500  m2 acu , agus ar fhoirgnimh chun críocha sóisialta , áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh comhlachtaí poiblí measúnú ar a indéanta atá sé conraitheoireacht feidhmíochta fuinnimh agus seirbhísí fuinnimh feidhmíochtbhunaithe eile a úsáid.

Féadfaidh na Ballstáit comhlachtaí poiblí a spreagadh chun conraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh a chur le chéile le seirbhísí fuinnimh leathnaithe lena n-áirítear freagairt don éileamh agus stóráil chun coigilteas fuinnimh a áirithiú agus na torthaí a bhainfear amach a choinneáil le himeacht ama trí fhaireachán leanúnach, oibriú éifeachtach agus cothabháil éifeachtach .

5.   Tabharfaidh na Ballstáit tacaíocht don earnáil phoiblí maidir le tairiscintí seirbhísí fuinnimh a ghlacadh chucu féin, go háirithe le haghaidh athchóiriú foirgneamh, trí na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a)

samhailchonarthaí a sholáthar maidir le conraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh lena n-áirítear ar a laghad na hítimí a liostaítear in Iarscríbhinn XIII agus na caighdeáin Eorpacha nó idirnáisiúnta atá ann cheana, na treoirlínte tairisceana atá ar fáil agus treoir Eurostat maidir le láimhseáil staidrimh na gconarthaí feidhmíochta fuinnimh i gcuntais rialtais a chur san áireamh;

(b)

faisnéis a sholáthar maidir leis na cleachtais is fearr i dtaca le conraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh, lena n-áirítear, más ann di, anailís costais is tairbhe agus leas á bhaint as cur chuige saolré;

(c)

bunachar sonraí a chur chun cinn agus a chur ar fáil go poiblí de na tionscadail conraitheoireachta um fheidhmíocht fuinnimh atá curtha chun feidhme agus leanúnach ina n-áirítear an coigilteas fuinnimh réamh-mheasta agus a baineadh amach.

6.   Tacóidh na Ballstáit le feidhmiú cuí an mhargaidh seirbhísí fuinnimh trí na bearta seo a leanas a dhéanamh:

(a)

pointe teagmhála nó pointí teagmhála a shainaithint agus a phoibliú ina mbeidh custaiméirí deiridh in ann an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a fháil;

(b)

deireadh a chur leis na bacainní rialála agus neamhrialála a chuireann bac ar níos mó úsáide a bhaint as an gconraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh agus as samhlacha seirbhísí éifeachtúlachta fuinnimh eile chun bearta coigiltis fuinnimh a shainaithint agus/nó a chur chun feidhme;

(c)

ról na gcomhlachtaí comhairleacha , na ESCOnna agus na n-idirghabhálaithe margaidh neamhspleácha a bhunú agus a chur chun cinn, lena n-áirítear ionaid ilfhreastail nó sásraí tacaíochta comhchosúla chun forbairt an mhargaidh a spreagadh ar thaobh an éilimh agus an tsoláthair, agus faisnéis faoi na sásraí tacaíochta sin a chur ar fáil go poiblí agus rochtain a bheith ag gníomhaithe sa mhargadh uirthi.

7.   Chun tacú le feidhmiú cuí an mhargaidh seirbhísí fuinnimh, féadfaidh na Ballstáit sásra aonair a bhunú nó ombudsman a ainmniú chun a áirithiú go ndéanfar gearáin agus réitigh lasmuigh den chúirt ar dhíospóidí a eascraíonn as conraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh agus feidhmíochta fuinnimh a láimhseáil go héifeachtúil.

8.   Áiritheoidh na Ballstáit go staonfaidh dáileoirí fuinnimh, oibreoirí córais dáileacháin agus cuideachtaí díolacháin fuinnimh miondíola ó aon ghníomhaíocht a d’fhéadfadh bac a chur ar éileamh agus seachadadh seirbhísí fuinnimh nó ar bhearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh, nó a chuirfeadh bac ar fhorbairt na margaí i gcomhair na seirbhísí nó na mbeart sin, lena n-áirítear an margadh a dhúnadh d’iomaitheoirí nó leas a bhaint as seasaimh cheannasacha.

Airteagal 28

Ciste Náisiúnta Éifeachtúlachta Fuinnimh, Maoiniú agus Tacaíocht Theicniúil

1.   Gan dochar d’Airteagail 107 agus 108 CFAE, éascóidh na Ballstáit bunú saoráidí maoinithe, nó úsáid a bhaint a cinn atá ann cheana, le haghaidh bearta feabhsaithe ar éifeachtúlacht fuinnimh chun na tairbhí a bhaineann le ilsreafaí maoinithe a uasmhéadú agus deontais, ionstraimí airgeadais agus cúnamh teicniúil a chur le chéile .

2.   Déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, go díreach nó trí na hinstitiúidí Eorpacha airgeadais, cúnamh a thabhairt do na Ballstáit chun saoráidí maoinithe agus saoráidí forbartha cúnaimh theicniúil ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil arb é is aidhm dóibh infheistíochtaí s an éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú in earnálacha éagsúla, agus custaiméirí leochaileacha, daoine a n-imríonn an bhochtaineacht fuinnimh tionchar orthu agus, i gcás inarb iomchuí, daoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta a chosaint agus a chumhachtú lena n-áirítear trí ghné an chomhionannais a chomhtháthú ionas nach bhfágfar aon duine ar lár.

3.   Glacfaidh na Ballstáit bearta lena n-áiritheofar go ndéanfaidh institiúidí airgeadais táirgí iasachtaithe éifeachtúlachta fuinnimh, amhail morgáistí glasa agus iasachtaí glasa, urraithe agus neamhurraithe, a thairiscint go forleathan agus go neamh-idirdhealaitheach agus go mbeidh siad infheicthe ag tomhaltóirí agus go mbeidh rochtain ag tomhaltóirí orthu. Glacfaidh na Ballstáit bearta chun cur chun feidhme scéimeanna maoinithe inbhille agus inchánach a éascú. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh bainc agus institiúidí airgeadais eile faisnéis faoi dheiseanna chun a bheith rannpháirteach i maoiniú na mbeart um fheabhsú ar éifeachtúlacht fuinnimh, lena n-áirítear trí chomhpháirtíochtaí phríobháideacha/phoiblí a chruthú.

3a.     Gan dochar d’Airteagal 107 agus d’Airteagal 108 CFAE, glacfaidh na Ballstáit scéimeanna tacaíochta airgeadais chun glacadh beart feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh a mhéadú le haghaidh córais téimh agus fuaraithe aonair agus ceantair a thógáil as an nua, nó athchóiriú substaintiúil a dhéanamh orthu, agus le haghaidh seanfhearais neamhéifeachtúla téimh agus fuaraithe a athsholáthar le roghanna malartacha ardéifeachtúla.

Éascóidh na Ballstáit bunú saineolais áitiúil agus cúnaimh theicniúil chun comhairle a thabhairt maidir le dea-chleachtais i ndáil le dícharbónú an téimh agus an fhuaraithe ceantair áitiúil a bhaint amach, amhail rochtain ar thionscadail atá ar fáil go háitiúil agus tacaíocht thiomnaithe airgeadais.

4.   Éascóidh an Coimisiún malartú dea-chleachtais idir na húdaráis nó comhlachtaí inniúla náisiúnta nó réigiúnacha, e.g. trí bhíthin cruinnithe bliantúla na gcomhlachtaí rialála, bunachair sonraí poiblí ina mbeidh faisnéis maidir le cur chun feidhme beart ag na Ballstáit, agus comparáidí idir tíortha.

5.   Chun maoiniú príobháideach a shlógadh i gcomhar bearta éifeachtúlachta fuinnimh agus athchóiriú fuinnimh, chun rannchuidiú le spriocanna éifeachtúlachta fuinnimh an Aontais agus na rannchuidithe náisiúnta de bhun Airteagal 4 den Treoir seo agus na cuspóirí i ▌dTreoir 2010/31/AE a bhaint amach , beidh idirphlé ag an gCoimisiún le hinstitiúidí airgeadais poiblí agus príobháideacha araon , chomh maith le hearnálacha sonracha amhail iompar, TFC agus foirgnimh, chun riachtanais agus gníomhaíochtaí a bhféadfaidh sé dul ina mbun a leagan amach.

6.   Áireofar na heilimintí seo a leanas sna gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 5:

(a)

infheistíocht chaipitil a shlógadh in éifeachtúlacht fuinnimh trí thionchair níos leithne coigiltis fuinnimh a chur san áireamh;

(aa)

cur chun feidhme ionstraimí airgeadais agus scéimeanna maoiniúcháin atá tiomnaithe don éifeachtúlacht fuinnimh a éascú ar scála arna chur ar bun ag institiúidí airgeadais;

(b)

sonraí feidhmíochta fuinnimh agus airgeadais níos fearr a áirithiú tríd an méid seo a leanas:

(i)

tuilleadh scrúdaithe a dhéanamh ar an mbealach a gcuireann infheistíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh le luachanna sócmhainní bunúsacha;

(ii)

tacú le staidéir chun measúnú a dhéanamh ar luach airgid a chur ar thairbhí neamhfhuinnimh infheistíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh.

7.   Chun maoiniú príobháideach na mbeart éifeachtúlachta fuinnimh agus an athchóirithe fuinnimh a shlógadh, déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas agus an Treoir seo á cur chun feidhme acu:

(a)

breithneoidh siad bealaí chun úsáid níos fearr a bhaint as córais bainistithe fuinnimh agus iniúchtaí fuinnimh faoi Airteagal 11 chun tionchar a imirt ar chinnteoireacht;

(b)

bainfidh siad an úsáid is fearr is féidir as na féidearthachtaí agus na huirlisí atá ar fáil as buiséad an Aontais, agus a mholtar sa tionscnamh dar teideal airgeadas cliste d’fhoirgnimh chliste agus sa Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal “Rabharta Athchóiriúcháin”.

8.   Faoin 31 Nollaig 2024 , cuirfidh an Coimisiún treoir ar fáil do na Ballstáit agus do ghníomhaithe sa mhargadh i ndáil leis an mbealach chun leas a bhaint as infheistíocht phríobháideach.

Is é an cuspóir a bheidh ag an treoir cabhrú leis na Ballstáit agus le gníomhaithe sa mhargadh a gcuid infheistíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh a fhorbairt agus a chur chun feidhme sna cláir éagsúla de chuid an Aontais, agus molfaidh siad sásraí agus réitigh airgeadais leordhóthanacha, ina mbeidh meascán de dheontais, ionstraimí airgeadais agus cúnamh um fhorbairt tionscadal, chun tionscadail atá ann cheana a mhéadú agus an maoiniú ón Aontas a úsáid mar chatalaíoch chun maoiniú príobháideach a ghiaráil agus a spreagadh.

9.    Faoin… [dáta trasuí], féadfaidh na Ballstáit Ciste Náisiúnta Éifeachtúlachta ▌ Fuinnimh a bhunú. Is é is cuspóir don Chiste Náisiúnta Éifeachtúlachta Fuinnimh bearta éifeachtúlachta fuinnimh a chur chun feidhme chun tacú le rannchuidithe náisiúnta na mBallstát de bhun Airteagal 4(2). Féadfar an Ciste Náisiúnta Éifeachtúlachta Fuinnimh a bhunú mar chiste tiomnaithe laistigh de shaoráid náisiúnta atá ann cheana agus a chuireann infheistíochtaí caipitil chun cinn.

Bunóidh na Ballstáit ionstraimí maoinithe lena n-áirítear ráthaíochtaí poiblí ina gCistí Náisiúnta Éifeachtúlachta Fuinnimh chun glacadh na n-infheistíochtaí príobháideacha in éifeachtúlacht fuinnimh agus i dtáirgí iasachtaithe éifeachtúlachta fuinnimh agus scéimeanna nuálacha dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a mhéadú . De bhun Airteagail 8(3) agus 22 , tacóidh an Ciste Náisiúnta um Éifeachtúlacht Fuinnimh le cur chun feidhme na mbeart mar thosaíocht i measc custaiméirí leochaileacha, daoine a n-imríonn an bhochtaineacht fuinnimh tionchar orthu agus, i gcás inarb iomchuí, daoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta. Áireofar sa tacaíocht sin maoiniú le haghaidh bearta éifeachtúlachta fuinnimh do FBManna chun maoiniú príobháideach a ghiaráil agus a spreagadh do FBManna, agus ar an gcaoi sin, tacú le cur chun feidhme beart náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh chun tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit a rannchuidithe náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh agus a gconairí táscacha dá dtagraítear in Airteagal 4(2) a chomhlíonadh. [Féadfar an Ciste Náisiúnta Éifeachtúlachta ▌Fuinnimh a mhaoiniú le hioncam ó cheantanna liúntais de bhun Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais ar fhoirgnimh agus ar earnálacha iompair]

10.   Féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt do chomhlachtaí poiblí na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 6(1) a chomhlíonadh trí bhíthin ranníocaíochtaí bliantúla a dhéanamh leis an gCiste Náisiúnta Éifeachtúlachta Fuinnimh atá coibhéiseach le méid na n-infheistíochtaí atá de dhíth chun na hoibleagáidí sin a bhaint amach.

11.   Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh gur féidir le páirtithe faoi oibleagáid a n-oibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 8(1) agus in Airteagal 4 a chomhlíonadh trí ranníocaíocht a dhéanamh go bliantúil leis an gCiste Náisiúnta Éifeachtúlachta Fuinnimh, ar méid é atá cothrom leis na hinfheistíochtaí a theastaíonn chun na hoibleagáidí sin a bhaint amach.

12.   Féadfaidh na Ballstáit úsáid a bhaint as a n-ioncam ó na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí faoi Chinneadh Uimh. 406/2009/CE chun maoiniú nuálach a fhorbairt le haghaidh feabhsuithe ar éifeachtúlacht fuinnimh.

12a.     Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar éifeachtacht agus éifeachtúlacht na mbeart infheistíochta éifeachtúlachta fuinnimh arna gcur chun feidhme sna Ballstáit agus ar a gcumas glacadh infheistíochtaí príobháideacha san éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú, agus riachtanais maoinithe phoiblí a chuirtear in iúl sna Pleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide á gcur san áireamh. Measúnóidh an Coimisiún an bhféadfadh sásra éifeachtúlachta fuinnimh ar leibhéal an Aontais, a bhfuil sé mar chuspóir leis go soláthróidh sé ráthaíocht AE, cúnamh teicniúil, lena n-áirítear ionaid ilfhreastail, agus deontais ghaolmhara chun cur chun feidhme ionstraimí airgeadais a chumasú, agus scéimeanna maoinithe agus tacaíochta ar an leibhéal náisiúnta, tacú ar bhealach costéifeachtach le baint amach spriocanna éifeachtúlachta fuinnimh agus aeráide an Aontais, agus, más iomchuí, molfaidh sé go mbunófaí sásra den sórt sin.

Chuige sin, tíolacfaidh an Coimisiún faoin… [30 Márta 2024] tuarascáil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, a mbeidh togra reachtach ag gabháil léi, más iomchuí.

12b.     Tabharfaidh na Ballstáit tuarascáil don Choimisiúin faoin … [15 Márta 2025] agus gach dhá bhliain ina dhiaidh sin, mar chuid dá dtuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn i gcomhréir le hAirteagail 17 agus 21 de Rialachán (AE) 2018/1999, ina mbeidh na sonraí seo a leanas:

(a)

meastachán ar mhéid na n-infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha ar éifeachtúlacht fuinnimh, lena n-áirítear infheistíochtaí trí chonraitheoireacht feidhmíochta fuinnimh agus an fachtóir giarála a bhaintear amach le cistiú poiblí a thacaíonn le bearta éifeachtúlachta fuinnimh;

(b)

méid na dtáirgí iasachtaithe éifeachtúlachta fuinnimh, agus idirdhealú á dhéanamh idir táirgí iasachtaithe urraithe agus neamhurraithe;

(c)

cláir maoiniúcháin náisiúnta a cuireadh i bhfeidhm chun méadú a dhéanamh ar ghlacadh na héifeachtúlachta fuinnimh agus na ndea-chleachtas, agus scéimeanna maoinithe nuálacha don éifeachtúlacht fuinnimh.

Chun ullmhú na tuarascála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a éascú, soláthróidh an Coimisiún teimpléad coiteann do na Ballstáit faoin… [15 Márta 2024]. Áireoidh na Ballstáit iarscríbhinn a ghabhfadh lena dtuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn, arna dtarraingt suas i gcomhréir leis an teimpléad sin.

Airteagal 29

Fachtóirí coinbhéartachta agus fachtóirí fuinnimh phríomhúil

1.   Chun an coigilteas fuinnimh a chur i gcomparáid agus a thiontú go haonad inchomparáide, beidh feidhm ag glanluachanna calracha atá in Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 (71) ón gCoimisiún agus na fachtóirí fuinnimh phríomhúil a leagtar amach i mír 2 ach amháin más féidir bonn cirt a thabhairt d’úsáid luachanna nó fachtóirí eile.

2.   Beidh fachtóir fuinnimh phríomhúil infheidhme nuair a dhéantar coigilteas fuinnimh a ríomh i dtéarmaí fuinnimh phríomhúil trí úsáid a bhaint as cur chuige ón mbun aníos bunaithe ar ídiú fuinnimh deiridh.

3.   I gcás coigilteas i leictreachas kWh, cuirfidh na Ballstáit comhéifeacht i bhfeidhm chun an coigilteas in ídiú fuinnimh phríomhúil a eascraíonn as a ríomh go cruinn. Cuirfidh na Ballstáit comhéifeacht réamhshocraithe 2,1 i bhfeidhm ach amháin má úsáideann siad a ndiscréid chun comhéifeacht éagsúil a shainiú bunaithe ar imthosca náisiúnta a bhfuil bonn cirt leo.

4.   Le haghaidh coigilteas in kWh a dhéanfaidh iompróirí fuinnimh eile, cuirfidh na Ballstáit comhéifeacht i bhfeidhm chun an coigilteas in ídiú fuinnimh phríomhúil a eascraíonn as a ríomh go cruinn.

5.   I gcás ina mbunóidh na Ballstáit a gcomhéifeacht réamhshocraithe ag luach réamhshocraithe dá bhforáiltear de bhun na Treorach seo, déanfaidh na Ballstáit í sin a bhunú trí bhíthin modheolaíocht thrédhearcach ar bhonn na n-imthosca náisiúnta nó áitiúla a dhéanann difear d’ídiú fuinnimh phríomhúil. Beidh bunús leis na himthosca, agus beidh siad infhíoraithe agus bunaithe ar chritéir oibiachtúla neamh-idirdhealaitheacha.

6.   I gcás ina ndéanfaidh siad a gcomhéifeacht féin a bhunú, cuirfidh na Ballstáit san áireamh an meascán fuinnimh a chuimsítear ina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide agus ina Plean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide comhtháite ina dhiaidh sin a bhfuil fógra le tabhairt ina leith don Choimisiún i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1999. I gcás ina n-imíonn siad ón luach réamhshocraithe tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoin gcomhéifeacht a úsáideann siad i dteannta na modheolaíochta ríofa agus na bunsonraí sa nuashonrú ar a bPleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide comhtháite agus a bPleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide comhtháite ina dhiaidh sin i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1999.

7.   Faoin 25 Nollaig 2022 agus gach ceithre bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún an chomhéifeacht réamhshocraithe a athscrúdú ar bhonn na sonraí iarbhír a fuarthas. Déanfar an t-athbhreithniú sin agus a thionchair ar dhlí eile de chuid an Aontais, amhail Treoir 2009/125/CE agus Rialachán (AE) 2017/1369, á gcur san áireamh. Déanfar measúnú rialta ar an modheolaíocht chun a áirithiú go mbeidh an leibhéal is airde laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa mar thoradh ar choigiltí fuinnimh agus go gcuirfear deireadh de réir a chéile le breoslaí iontaise ag an am céanna.

CAIBIDIL VII

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 30

Pionóis

Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme i gcás neamhchomhlíonadh na bhforálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo agus déanfaidh siad na bearta is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra faoi na forálacha sin don Choimisiún faoin [dáta an trasuite] agus tabharfaidh siad fógra gan mhoill faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

Airteagal 31

Gníomhartha tarmligthe

1.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 32 a bhaineann le h athbhreithniú a dhéanamh ar na luachanna tagartha éifeachtúlachta comhchuibhithe dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 24(10).

2.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 32 chun an Treoir seo a leasú nó a fhorlíonadh trí na luachanna, na modhanna ríomha, na comhéifeachtaí réamhshocraithe fuinnimh phríomhúil agus na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 29, in Iarscríbhinní II, III, V, VII go XI, agus XIII a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil.

3.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 32 chun an Treoir seo a leasú nó a fhorlíonadh trí scéim chomhchoiteann an Aontais chun inbhuanaitheacht na lárionad sonraí atá lonnaithe ar a chríoch a rátáil a bhunú, tar éis dul i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara ábhartha, laistigh de mhí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach . Bunófar leis an scéim sainmhíniú ar tháscairí inbhuanaitheachta lárionaid sonraí agus, de bhun Airteagal 11a den Treoir seo, saineofar na híostairseacha le haghaidh ídiú suntasach fuinnimh agus leagfar amach na príomhtháscairí agus an mhodheolaíocht chun iad a thomhas.

Airteagal 32

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 31 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana amhail ón [dáta an fhoilsithe san IO]. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 31 a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 31 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 33

Athbhreithniú agus faireachán ar an gcur chun feidhme

1.   I gcomhthéacs na tuarascála ar Staid an Aontais Fuinnimh, tabharfaidh an Coimisiún tuairisc ar fheidhmiú an mhargaidh carbóin i gcomhréir le hAirteagal 35(1) agus le pointe (c) d'Airteagal 35(2) de Rialachán (AE) 2018/1999, agus an tionchar a bhíonn ag cur chun feidhme na Treorach sin á chur san áireamh.

2.   Faoin 31 Deireadh Fómhair 2025 agus gach 4 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar na bearta atá ann cheana chun méadú ar éifeachtúlacht fuinnimh agus dícharbónú i dtéamh agus i bhfuarú a bhaint amach. Cuirfear an méid seo a leanas san áireamh sa mheastóireacht:

(a)

Éifeachtúlacht fuinnimh agus treochtaí astaíochtaí gás ceaptha teasa i dtéamh agus i bhfuarú, lena n-áirítear i dtéamh agus i bhfuarú ceantair;

(b)

Idirnaisc idir na bearta a rinneadh;

(c)

Athruithe ar éifeachtúlacht fuinnimh agus ar astaíochtaí gás ceaptha teasa i dtéamh agus i bhfuarú;

(d)

Beartais agus bearta éifeachtúlachta fuinnimh atá ann cheana agus atá beartaithe agus beartais agus bearta maidir le gás ceaptha teasa a laghdú ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais, agus

(e)

Bearta a rinne na Ballstáit a sholáthar ina measúnuithe cuimsitheacha de bhun Airteagal 23(1) den Treoir seo agus a dtugtar fógra ina leith i gcomhréir le hAirteagal 17(1) de Rialachán (AE) 2018/1999.

Faoi na dátaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis an meastóireacht sin agus molfaidh sé, más iomchuí, bearta chun a áirithiú go mbainfear amach spriocanna fuinnimh aeráide an Aontais.

3.   Roimh an 30 Aibreán gach bliain, cuirfidh na Ballstáit staidreamh maidir leis an táirgeadh náisiúnta leictreachais agus teasa ó chomhghiniúint ardéifeachtúlachta agus ísealéifeachtúlachta faoi bhráid an Choimisiúin, i gcomhréir leis an modheolaíocht a léirítear in Iarscríbhinn II, maidir leis an táirgeadh iomlán teasa agus leictreachais. Ina theannta sin, cuirfidh siad staidreamh bliantúil maidir le hacmhainneachtaí teasa agus leictreachais comhghiniúna agus breoslaí le haghaidh comhghiniúna, agus maidir le téamh agus fuarú ceantair a tháirgeadh agus a acmhainní, faoina bhráid i ndáil le táirgeadh agus acmhainneacht iomlán teasa agus leictreachais. Tíolacfaidh na Ballstáit staidreamh maidir leis an gcoigilteas fuinnimh phríomhúil a bhaintear amach trí chomhghiniúint a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis an modheolaíocht a léirítear in Iarscríbhinn III.

4.   Faoin 1 Eanáir 2021, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar acmhainneacht éifeachtúlachta fuinnimh ó thaobh tiontú, claochlú, tarchur, iompar agus stóráil fuinnimh, agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Beidh tograí reachtacha ag gabháil leis an tuarascáil sin, más iomchuí.

5.   Faoi réir ag aon athruithe ar na forálacha margaidh miondíola atá i dTreoir 2009/73/CE, Faoin 31 Nollaig 2021, déanfaidh an Coimisiún measúnú maidir leis na forálacha a bhaineann le méadrú, faisnéis bhilleála agus faisnéis do thomhaltóirí i gcomhair gás nádúrtha, agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis an méid sin, agus é mar aidhm iad a ailíniú, i gcás inarb iomchuí, leis na forálacha ábhartha maidir leis an leictreachas i dTreoir (AE) 2019/944, ionas gur féidir cosaint tomhaltóirí a neartú agus custaiméirí deiridh i gcomhair gás nádúrtha a chumasú le go bhfaighfear faisnéis níos minice, níos soiléire, cothrom le dáta faoina n-ídiú gáis nádúrtha agus chun go bhféadfaidh siad a n-úsáid fuinnimh a rialú. A luaithe is féidir tar éis an tuarascáil sin a thíolacadh, glacfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, tograí reachtacha.

6.   Faoin 31 Deireadh Fómhair 2022, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar cibé acu a d’éirigh nó nár éirigh leis an Aontas príomhsprioc 2020 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh a bhaint amach.

7.   Faoin 28 Feabhra 2027, agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Treoir seo agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

Áireofar sa mheastóireacht sin:

(a)

measúnú ar a éifeachtaí atá an Treoir seo i gcoitinne agus ar a riachtanaí atá sé beartas an Aontais a choigeartú a thuilleadh i gcomhréir le cuspóirí Chomhaontú Pháras 2015 agus i bhfianaise forbairtí eacnamaíocha agus nuálaíochta;

(aa)

measúnú cuimsitheach ar thionchar maicreacnamaíoch comhiomlánaithe na Treorach seo, agus béim á leagan ar na héifeachtaí ar shlándáil fuinnimh, praghsanna fuinnimh, bochtaineacht fuinnimh a íoslaghdú, fás eacnamaíoch, iomaíochas, cruthú post, costas soghluaisteachta agus cumhacht ceannaigh teaghlaigh san Aontais;

(b)

príomhspriocanna 2030 an Aontais maidir le héifeachtúlacht fuinnimh a leagtar síos in Airteagal 4(1) a mheas d'fhonn na spriocanna sin a choigeartú suas i gcás laghduithe suntasacha costais mar thoradh ar fhorbairtí eacnamaíocha nó teicniúla, nó i gcás inar gá chun spriocanna an Aontais don bhliain 2040 nó 2050 le haghaidh dícharbónú, nó a ghealltanais idirnáisiúnta le haghaidh dícharbónú, a chomhlíonadh;

(c)

má leanann na Ballstáit de choigilteas nua bliantúil a bhaint amach i gcomhréir le pointe (b) den chéad fhomhír d'Airteagal 8 ar feadh tréimhsí 10 mbliana tar éis 2030;

(d)

má leanann na Ballstáit dá áirithiú go ndéanfar athchóiriú gach bliain ar 3 % ar a laghad d’achar urláir iomlán foirgneamh téite agus/nó fuaraithe atá faoi úinéireacht comhlachtaí poiblí i gcomhréir le mír 1 d’Airteagal 6 d’fhonn an ráta athchóirithe san Airteagal sin a athbhreithniú;

(e)

má leanann na Ballstáit de choigilteas fuinnimh a bhaint amach i measc custaiméirí leochaileacha, daoine a n-imríonn an bhochtaineacht fuinnimh tionchar orthu, agus, i gcás inarb infheidhme, i measc daoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta, i gcomhréir le mír 3 d’Airteagal 8 le haghaidh na dtréimhsí 10 mbliana tar éis 2030;

(f)

má leanann na Ballstáit de laghdú ar ídiú fuinnimh deiridh a bhaint amach i gcomhréir le hAirteagal 5(1).

Ag gabháil leis an tuarascáil sin beidh measúnú cuimsitheach i dtaobh an gá an Treoir seo a athbhreithniú ar mhaithe le simpliú rialála agus , i gcás inarb iomchuí, beidh tograí le haghaidh bearta breise ag gabháil léi freisin. Cuirfidh an Coimisiún é féin in oiriúint go leanúnach do dhea-chleachtais riaracháin nós imeachta agus déanfaidh sé gach beart chun cur chun feidhme na Treorach seo a shimpliú, agus na hualaí riaracháin á gcoinneáil chomh híseal agus is féidir.

Airteagal 34

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 35

Trasuí

1.   Déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun Airteagail[…] agus Iarscríbhinní […] a chomhlíonadh [airteagail agus iarscríbhinní a ndearna leasú substaintiúil orthu i gcomparáid leis an Treoir aisghairthe] a thabhairt i bhfeidhm faoin […] .

Cuirfidh siad téacs na bearta sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Áireofar iontu freisin ráiteas go ndéanfar tagairtí don Treoir a aisghairtear leis an Treoir seo i bhforálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin atá ann cheana a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh agus conas a dhéanfar an ráiteas sin a leagan amach.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 36

Aisghairm

Asghairtear Treoir 2012/27/AE, arna leasú leis na gníomhartha a liostaítear in Iarscríbhinn XV, Cuid A, le héifeacht ón […] [an lá tar éis an dáta atá sa chéad fhomhír d’Airteagal 35(1)] , gan dochar d’oibleagáidí na mBallstát maidir leis na teorainneacha ama le haghaidh thrasuí na dTreoracha a leagtar amach in Iarscríbhinn XV, Cuid B sa dlí náisiúnta.

Déanfar tagairtí don Treoir aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn XVI.

Airteagal 37

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag Airteagail […] agus Iarscríbhinní […][airteagail agus iarscríbhinní nach bhfuil athraithe le hais na Treorach aisghairthe] ón […] [an lá tar éis an dáta atá sa chéad fhomhír d'Airteagal 35(1)].

Airteagal 38

Seolaithe

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

IARSCRÍBHINN I

RANNÍOCAÍOCHTAÍ NÁISIÚNTA LE SPRIOCANNA ÉIFEACHTÚLACHTA FUINNIMH AN AONTAIS IN 2030 IN ÍDIÚ FUINNIMH DEIRIDH AGUS/NÓ IN ÍDIÚ FUINNIMH PHRÍOMHÚIL

1.

Ríomhtar leibhéal na ranníocaíochtaí náisiúnta bunaithe ar an ▌bhfoirmle:

Image 1C1252023GA14310120220913GA0016.000114321431P9_TC1-COD(2021)0275Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 13 Meán Fómhair 2022 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2022/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le nósanna imeachta aonfhoirmeacha i dtaca le seiceálacha ar iompar earraí contúirteacha de bhóthar (códú)(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2022/1999)C1252023GA14810120220913GA0020.000114821481P9_TC1-COD(2021)0343Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 13 Meán Fómhair 2022 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2022/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus Treoir 2014/59/AE a mhéid a bhaineann le láimhseáil stuamachta institiúidí a bhfuil tábhacht shistéamach dhomhanda leo agus a bhfuil straitéis réitigh ilphointí iontrála acu mar aon le modhanna le haghaidh ionstraimí a shuibscríobh go hindíreach atá incháilithe chun an t-íoscheanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe a chomhlíonadh(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2022/2036)C1252023GA27010120220913GA0023.000127022701P9_TC1-COD(2021)0035Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 13 Meán Fómhair 2022 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2022/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/833 lena leagtar síos bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe is infheidhme i Limistéar Rialála Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2022/2037)C1252023GA27110120220913GA0024.000127122711P9_TC1-COD(2021)0103Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 13 Meán Fómhair 2022 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2022/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos bearta caomhnaithe agus bainistíochta is infheidhme i Limistéar an Choinbhinsiúin Iascaigh san Aigéan Ciúin Iartharach agus san Aigéan Ciúin Láir agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 520/2007 ón gComhairle(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2022/2056)C1252023GA37410120220914GA0026.000137423741P9_TC1-COD(2020)0310Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 14 Meán Fómhair 2022 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2022/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le pá íosta leordhóthanach san Aontas Eorpach(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Treoir (AE) 2022/2041.)C1252023GA43910120220915GA0028.000143924391P9_TC1-COD(2022)0281Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 15 Meán Fómhair 2022 chun go nglacfaí Cinneadh (AE) 2022/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena soláthraítear cúnamh macrairgeadais eisceachtúil don Úcráin, lena ndaingnítear an ciste don soláthar coiteann le ráthaíochtaí ó Bhallstáit agus le soláthar sonrach le haghaidh roinnt dliteanas airgeadais a bhaineann leis an Úcráin arna ráthú faoi Chinneadh Uimh. 466/2014/AE, agus lena leasaítear Cinneadh (AE) 2022/1201(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Cinneadh (AE) 2022/1628.)

Inarb é is CEU ann ná fachtóir ceartúcháin arna shocrú ag an gCoimisiún tar éis do na Ballstáit an sprioc a thuairisciú , inarb é is Target ann ná leibhéal na huaillmhéine sonrach náisiúnta agus inarb é is FECB2030 PECB2030 ann ná Cás Tagartha 2020 a úsáidtear mar bhonnlíne do 2030.

2.

Is éard atá san fhoirmle ▌seo a leanas na critéir oibiachtúla a léiríonn na fachtóirí a liostaítear i bpointí (d) (i) go (iv) d’Airteagal 4(2), gach ceann á úsáid chun leibhéal uaillmhéine sonrach na tíre a shainiú in % (Target) agus ag a bhfuil an t-ualach céanna san fhoirmle (0,25):

(a)

ranníocaíocht ar ráta comhréidh (“Fflat”);

(b)

ranníocaíocht atá spléach ar OTI per capita (“Fwealth”);

(c)

ranníocaíocht atá spléach ar dhéine fuinnimh (“Fintensity”);

(d)

ranníocaíocht fhéideartha coigiltis fuinnimh chost-éifeachtaigh (“Fpotential”).

3.

Léiríonn Fflat sprioc 2030 an Aontais lena n-áirítear na hiarrachtaí breise a bhfuil gá leo chun spriocanna fuinnimh an Aontais in FEC agus PEC a bhaint amach i gcomparáid le réamh-mheastacháin Chás Tagartha 2007 le haghaidh 2030.

4.

Ríomhfar Fwealth le haghaidh gach Ballstáit bunaithe ar a innéacs meán-fhíor-OTI per capita 3 bliana ó Eurostat i gcoibhneas le meán-fhíor-OTI per capita an Aontais thar an tréimhse 2017-2019, arna shloinneadh i bpaireachtaí cumhachta ceannaigh (PCCanna).

5.

Ríomhfar Fintensity le haghaidh gach Ballstáit bunaithe ar a innéacs meándéine fuinnimh deiridh 3 bliana (FEC nó PEC in aghaidh OTI iarbhír in PCCanna) i leith mheán trí bliana an Aontais thar an tréimhse 2017-2019.

6.

Ríomhfar Fpotential le haghaidh gach Ballstáit bunaithe ar an gcoigilteas fuinnimh deiridh nó phríomhúil faoi chás PRIMES MIX 55 % le haghaidh 2030. Sloinntear an coigilteas i leith réamh-mheastacháin Chás Tagartha 2007 le haghaidh 2030.

7.

I gcás gach critéir dá bhforáiltear i bpointe 2(a) go (d), cuirfear i bhfeidhm teorainn íosta agus teorainn uasta. Cuirfear uasteorainn leis an leibhéal uaillmhéine le haghaidh gach fachtóra ag 50 % agus 150 % de mheánleibhéal uaillmhéine an Aontais faoi fhachtóir ar leith.

8.

Is é Eurostat foinse na sonraí ionchuir a úsáidtear chun na fachtóirí a ríomh mura sonraítear a mhalairt.

9.

Ríomhfartotal F mar shuim ualaithe na gceithre fhachtóir uile (Fflat. Fwealth Fintensity agus Fpotential). Ríomhfar an sprioc mar an toradh ar an bhfachtóir iomlán Ftotal agus sprioc an Aontais.

10.

Cinnfidh an Coimisiún fachtóir ceartúcháin fuinnimh phríomhúil agus deiridh CEU , fachtóir a chuirfear i bhfeidhm i gcás leithdháileadh sprice gach Ballstáit chun suim na ranníocaíochtaí náisiúnta uile le spriocanna ídithe fuinnimh phríomhúil agus deiridh an Aontais in 2030 a chalabrú. Tá an fachtóir CEU comhionann i gcás na mBallstát uile.

IARSCRÍBHINN II

PRIONSABAIL GHINEARÁLTA CHUN AN LEICTREACHAS Ó CHOMHGHINIÚINT A RÍOMH

Cuid I

Prionsabail ghinearálta

Socrófar na luachanna a úsáidfear chun an leictreachas ó chomhghiniúint a ríomh ar bhonn oibriú an aonaid a mheastar a bheidh ann nó ar bhonn oibriú iarbhír an aonaid faoi ghnáthdhálaí úsáide. I gcás aonaid mhicrea-chomhghiniúna féadfar an ríomh a bheith bunaithe ar luachanna deimhnithe.

(a)

Measfar táirgeadh leictreachais ó chomhghiniúint a bheith ar comhchéim le táirgeadh leictreachais iomláin bliantúil an aonaid a thomhaistear ag asraoin na bpríomhghineadóirí má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(i)

in aonaid chomhghiniúna de chineálacha (b), (d), (e), (f), (g) agus (h) dá dtagraítear i gCuid II ag a bhfuil éifeachtúlacht fhoriomlán bhliantúil a shocraíonn na Ballstáit ag leibhéal 75 % ar a laghad;

(ii)

in aonaid chomhghiniúna de chineálacha (a) agus (c) dá dtagraítear i gCuid II ag a bhfuil éifeachtúlacht fhoriomlán bhliantúil a shocraíonn na Ballstáit ag leibhéal 80 % ar a laghad.

(b)

In aonaid chomhghiniúna ag a bhfuil éifeachtúlacht fhoriomlán bhliantúil faoin luach dá dtagraítear i bpointe (a)(i) (aonaid chomhghiniúna de chineálacha (b), (d), (e), (f), (g), agus (h) dá dtagraítear i gCuid II) nó ag a bhfuil éifeachtúlacht fhoriomlán bhliantúil faoin luach dá dtagraítear i bpointe (a)(ii) (aonaid chomhghiniúna de chineálacha (a) agus (c) dá dtagraítear i gCuid II) ríomhtar leictreachas ó chomhghiniúint de réir na foirmle a leanas:

ECHP=HCHP*C

inarb é:

is E CHP ann ná méid an leictreachais ó chomhghiniúint;

is C ann ná an cóimheas idir cumhacht agus teas;

is HCHP ann ná an méid teasa úsáidigh ó chomhghiniúint (a ríomhtar chun na críche sin mar tháirgeadh teasa iomlán lúide aon teas a tháirgtear i gcoirí leithleacha nó trí eastóscadh gaile beo ón ngineadóir gaile roimh an tuirbín).

Ní mór ríomh an leictreachais ó chomhghiniúint a bheith bunaithe ar an gcóimheas iarbhír idir cumhacht agus teas. Mura bhfios an cóimheas iarbhír idir cumhacht agus teas aonaid comhghiniúna, féadfar na luachanna réamhshocraithe seo a leanas a úsáid, go háirithe chun críocha staidrimh, le haghaidh aonaid de chineálacha (a), (b), (c), (d) agus (e) dá dtagraítear i gCuid II ar choinníoll go bhfuil an leictreachas comhghiniúna arna ríomh níos lú ná táirgeadh leictreachais iomláin an aonaid nó cothrom leis an méid sin:

Cineál an aonaid

Cóimheas réamhshocraithe idir cumhacht agus teas, C

Gástuirbín comh-thimthrialla le haisghabháil teasa

0,95

Tuirbín cúlbhrú

0,45

Galtuirbín comhdhlúthúcháin eastósctha

0,45

Gástuirbín le haisghabháil teasa

0,55

Inneall dócháin inmheánaigh

0,75

Má thugann Ballstáit luachanna réamhshocraithe isteach le haghaidh cóimheasa idir cumhacht agus teas le haghaidh aonaid de chineálacha (f), (g), (h), (i), (j) agus (k) dá dtagraítear i gCuid II, foilseofar na luachanna réamhshocraithe sin agus cuirfear in iúl don Choimisiún iad.

(c)

Má aisghabhtar scair ábhar fuinnimh an ionchuir breosla i leith an phróisis comhghiniúna i gceimiceáin agus má athchúrsáiltear an scair sin agus is féidir an scair sin a dhealú ón ionchur breosla sula ríomhtar an éifeachtúlacht fhoriomlán a úsáidtear i bpointí (a) agus (b).

(d)

Féadfaidh na Ballstáit an cóimheas idir cumhacht agus teas a chinneadh mar an cóimheas idir leictreachas agus teas úsáideach nuair atáthar ag oibriú i mód comhghiniúna ag acmhainneacht is ísle agus sonraí oibríochtúla an aonaid shonraigh á n-úsáid.

(e)

Féadfaidh na Ballstáit tréimhsí tuairiscithe eile seachas bliain amháin a úsáid chun críche ríomhaireachtaí de réir phointí (a) agus (b).

Cuid II

Teicneolaíochtaí comhghiniúna a chumhdaítear leis an Treoir seo

(a)

Gástuirbín comh-thimthrialla le haisghabháil teasa

(b)

Tuirbín cúlbhrú

(c)

Galtuirbín comhdhlúthúcháin eastósctha

(d)

Gástuirbín le haisghabháil teasa

(e)

Inneall dócháin inmheánaigh

(f)

Micreatuirbíní

(g)

Innill den chineál Stirling

(h)

Breosla-chealla

(i)

Innill ghaile

(j)

Timthriallta orgánacha den chineál Rankine

(k)

Aon chineál teicneolaíochta eile nó teaglaim díobh sin a thagann faoin sainiú a leagtar amach i bpointe (32) d’Airteagal 2.

Agus prionsabail ghinearálta maidir le leictreachas ó chomhghiniúint a ríomh á gcur chun feidhme agus á gcur i bhfeidhm, úsáidfidh na Ballstáit na Treoirlínte mionsonraithe a bhunaítear le Cinneadh 2008/952/CE ón gCoimisiún (72).

IARSCRÍBHINN III

MODHEOLAÍOCHT CHUN ÉIFEACHTÚLACHT AN PHRÓISIS COMHGHINIÚNA A CHINNEADH

Cinnfear na luachanna a úsáidfear chun éifeachtúlacht an chomhghiniúna agus an choigiltis fuinnimh phríomhúil a ríomh ar bhonn oibriú an aonaid a mheastar a bheidh ann nó ar bhonn oibriú iarbhír an aonaid faoi ghnáthdhálaí úsáide.

(a)   Comhghiniúint ardéifeachtach

Chun críoch na Treorach seo comhlíonfaidh comhghiniúint ardéifeachtach na critéir a leanas:

soláthróidh táirgeadh comhghiniúna ó aonaid chomhghiniúna an coigilteas fuinnimh phríomhúil a ríomhtar de réir phointe (b), mar atá ar a laghad 10 % i gcomparáid leis na tagairtí le haghaidh táirgeadh leithleach teasa agus leictreachais;

féadfar táirgeadh ó aonaid ar scála beag agus ó aonaid micrea-chomhghiniúna lena soláthraítear coigilteas fuinnimh phríomhúil a cháiliú mar chomhghiniúint ardéifeachtach;

is lú ná ná 270 gCO2 in aghaidh 1 kWh d’aschur fuinnimh ón gcomhghiniúint astaíochtaí díreacha na dé-ocsaíde carbóin ó tháirgeadh comhghiniúna a bhreoslaítear le breoslaí iontaise (lena n-áirítear fuinneamh teasa/fuaraithe, fuinneamh cumhachta, agus fuinneamh meicniúil).

Nuair a thógtar aonad comhghiniúna nó nuair a athchóirítear aonad comhghiniúna go substaintiúil, áiritheoidh na Ballstáit nach dtiocfaidh méadú ar úsáid breoslaí iontaise seachas gás nádúrtha i bhfoinsí teasa atá ann cheana i gcomparáid leis an ídiú bliantúil a mheánaítear thar na 3 bliana féilire oibríochta iomláine roimhe sin roimh athchóiriú agus nach n-úsáideann aon fhoinse nua teasa sa chóras sin breoslaí iontaise seachas gás nádúrtha.

(b)   An coigilteas fuinnimh phríomhúil a ríomh

Ríomhfar méid an choigiltis fuinnimh phríomhúil a sholáthraítear trí tháirgeadh comhghiniúna a shainítear i gcomhréir le hIarscríbhinn II ar bhonn na foirmle seo a leanas:

Image 2C1252023GA14310120220913GA0016.000114321431P9_TC1-COD(2021)0275Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 13 Meán Fómhair 2022 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2022/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le nósanna imeachta aonfhoirmeacha i dtaca le seiceálacha ar iompar earraí contúirteacha de bhóthar (códú)(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2022/1999)C1252023GA14810120220913GA0020.000114821481P9_TC1-COD(2021)0343Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 13 Meán Fómhair 2022 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2022/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus Treoir 2014/59/AE a mhéid a bhaineann le láimhseáil stuamachta institiúidí a bhfuil tábhacht shistéamach dhomhanda leo agus a bhfuil straitéis réitigh ilphointí iontrála acu mar aon le modhanna le haghaidh ionstraimí a shuibscríobh go hindíreach atá incháilithe chun an t-íoscheanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe a chomhlíonadh(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2022/2036)C1252023GA27010120220913GA0023.000127022701P9_TC1-COD(2021)0035Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 13 Meán Fómhair 2022 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2022/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/833 lena leagtar síos bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe is infheidhme i Limistéar Rialála Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2022/2037)C1252023GA27110120220913GA0024.000127122711P9_TC1-COD(2021)0103Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 13 Meán Fómhair 2022 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2022/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos bearta caomhnaithe agus bainistíochta is infheidhme i Limistéar an Choinbhinsiúin Iascaigh san Aigéan Ciúin Iartharach agus san Aigéan Ciúin Láir agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 520/2007 ón gComhairle(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2022/2056)C1252023GA37410120220914GA0026.000137423741P9_TC1-COD(2020)0310Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 14 Meán Fómhair 2022 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2022/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le pá íosta leordhóthanach san Aontas Eorpach(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Treoir (AE) 2022/2041.)C1252023GA43910120220915GA0028.000143924391P9_TC1-COD(2022)0281Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 15 Meán Fómhair 2022 chun go nglacfaí Cinneadh (AE) 2022/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena soláthraítear cúnamh macrairgeadais eisceachtúil don Úcráin, lena ndaingnítear an ciste don soláthar coiteann le ráthaíochtaí ó Bhallstáit agus le soláthar sonrach le haghaidh roinnt dliteanas airgeadais a bhaineann leis an Úcráin arna ráthú faoi Chinneadh Uimh. 466/2014/AE, agus lena leasaítear Cinneadh (AE) 2022/1201(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Cinneadh (AE) 2022/1628.)

Inarb amhlaidh an méid seo a leanas:

is é PES ann ná an coigilteas fuinnimh phríomhúil;

is é CHP Hη ann ná éifeachtúlacht teasa ó tháirgeadh comhghiniúna a shainmhínítear mar aschur teasa úsáidigh bliantúil arna roinnt ar ionchur breosla a úsáidtear chun suim an ionchuir teasa úsáidigh agus ó chomhghiniúint a tháirgeadh;

is é is Ref Hη ann ná an luach tagartha éifeachtúlachta le haghaidh táirgeadh leithleach teasa;

is é is CHP Hη ann ná an éifeachtúlacht leictreachais ón táirgeadh comhghiniúna a shainmhínítear mar aschur teasa úsáidigh bliantúil arna roinnt ar ionchur breosla a úsáidtear chun suim an ionchuir teasa úsáidigh agus ó chomhghiniúint a tháirgeadh. I gcás ina ngintear fuinneamh meicniúil le haonad comhghiniúna, féadfar an leictreachas bliantúil ó chomhghiniúint a mhéadú le gné bhreise a léiríonn méid an leictreachais atá comhionann le méid an leictreachais mheicniúil. Ní chruthaítear ceart ráthaíochtaí tionscnaimh a eisiúint leis an ngné bhreise i gcomhréir le hAirteagal 24(10).

inarb é Ref Eη an luach tagartha éifeachtúlachta le haghaidh táirgeadh leithleach leictreachais.

(c)   Ríomhaireachtaí an choigiltis fuinnimh trí úsáid ríomha mhalartaigh

Féadfaidh na Ballstáit an coigilteas fuinnimh phríomhúil ó tháirgeadh teasa agus leictreachais agus leictreachais mheicniúil mar a chuirtear in iúl thíos a ríomh gan Iarscríbhinn II a chur i bhfeidhm chun codanna teasa agus leictreachais neamh-chomhghinte an phróisis chéanna a eisiamh. Féadfar táirgeadh den sórt sin a mheas mar chomhghiniúint ardéifeachtach ar choinníoll go gcomhlíonann sé na critéir éifeachtúlachta i bpointe (a) den Iarscríbhinn seo agus, i gcás aonaid chomhghiniúna ag a bhfuil acmhainn leictreachais is mó ná 25 MW, má tá an éifeachtúlacht fhoriomlán os cionn 70 %. Mar sin féin, maidir le sonraíocht chainníocht an leictreachais ó chomhghiniúint a tháirgtear sa táirgeadh sin, chun ráthaíocht tionscnaimh a eisiúint agus chun críche staidrimh, cinnfear í i gcomhréir le hIarscríbhinn II.

Má ríomhtar an coigilteas fuinnimh phríomhúil le haghaidh próisis trí úsáid ríomha malartaigh mar a chuirtear in iúl thuas, ríomhfar an coigilteas fuinnimh phríomhúil tríd an bhfoirmle i bpointe (b) den Iarscríbhinn seo a úsáid agus: ag cur “CHP Hη” in ionad “Hη” agus “CHP Eη” in ionad “Eη”, i gcás:

ina gciallóidh Hη éifeachtúlacht teasa an phróisis, a shainmhínítear mar an t-aschur teasa bliantúil arna roinnt ar an ionchur breosla a úsáideadh chun suim an aschuir teasa agus an aschuir leictreachais a tháirgeadh.

agus ina gciallóidh Eη éifeachtúlacht leictreachais an phróisis, a shainmhínítear mar an t-aschur leictreachais úsáidigh bliantúil arna roinnt ar ionchur breosla arna úsáid chun suim an aschuir teasa agus an aschuir leictreachais a tháirgeadh. I gcás ina ngintear fuinneamh meicniúil le haonad comhghiniúna, féadfar an leictreachas bliantúil ó chomhghiniúint a mhéadú le gné bhreise a léiríonn méid an leictreachais atá comhionann le méid an leictreachais mheicniúil. Ní chruthófar leis an ngné bhreise sin ceart ráthaíochtaí tionscnaimh a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 24(10).

(d)

Féadfaidh na Ballstáit tréimhsí tuairiscithe eile seachas bliain amháin a úsáid chun críche ríomhaireachtaí de réir phointí (b) agus (c) den Iarscríbhinn seo.

(e)

I gcás aonaid mhicrea-chomhghiniúna d’fhéadfadh ríomh an choigiltis fuinnimh phríomhúil a bheith bunaithe ar shonraí deimhnithe.

(f)   Luachanna tagartha éifeachtúlachta le haghaidh táirgeadh leithleach teasa agus leictreachais

Is éard a bheidh sna luachanna tagartha éifeachtúlachta comhchuibhithe maitrís luachanna arna difreáil de réir fachtóirí ábhartha, lena n-áirítear bliain thógála agus cineálacha breosla, agus ní mór iad a bheith bunaithe ar anailís dhea-dhoiciméadaithe agus inter alia sonraí ó úsáid oibríochtúil faoi dhálaí réalaíocha, meascán breosla agus dálaí aeráide á gcur san áireamh chomh maith le teicneolaíochtaí comhghiniúna feidhmeacha.

Leis na luachanna tagartha éifeachtúlachta le haghaidh táirgeadh leithleach teasa agus leictreachais i gcomhréir leis an bhfoirmle a leagtar amach i bpointe (b) bunófar éifeachtúlacht oibriúcháin an táirgthe leithligh teasa agus leictreachais a raibh an chomhghiniúint beartaithe a ionadú.

Ríomhfar na luachanna tagartha éifeachtúlachta de réir na bprionsabal seo a leanas:

(i)

i gcás aonaid chomhghiniúna beidh an chomparáid le táirgeadh leithleach leictreachais bunaithe ar an bprionsabal go gcuirtear na catagóirí breosla céanna i gcomparáid lena chéile;

(ii)

cuirfear gach aonad comhghiniúna i gcomparáid leis an aonad comhghiniúna is fearr atá ar fáil agus teicneolaíocht inchosanta ar bhonn eacnamaíoch le haghaidh táirgeadh leithleach teasa agus leictreachais ar an margadh i mbliain thógáil an aonaid comhghiniúna;

(iii)

déanfar luachanna tagartha éifeachtúlachta le haghaidh aonaid chomhghiniúna atá níos sine ná 10 mbliana d’aois a shocrú ar na luachanna tagartha de 10 bliana d’aois;

(iv)

léireoidh luachanna tagartha éifeachtúlachta le haghaidh táirgeadh leithleach leictreachais agus teasa na difríochtaí aeráide idir Ballstáit.

IARSCRÍBHINN IV

CEANGLAIS MAIDIR LE hÉIFEACHTÚLACHT FUINNIMH LE hAGHAIDH SOLÁTHAR POIBLÍ,

I nósanna imeachta dámhachtana le haghaidh conarthaí poiblí agus lamháltas, údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha a cheannaíonn táirgí, seirbhísí, foirgnimh agus oibreacha, déanfaidh siad na nithe seo a leanas:

(a)

i gcás ina gcumhdaítear táirge le gníomh tarmligthe arna ghlacadh faoi Rialachán (AE) 2017/1369 nó le treoir cur chun feidhme ghaolmhar de chuid an Choimisiún, ní cheannóidh siad ach na táirgí a chomhlíonann na critéir a leagtar síos in Airteagal 7(2) den Rialachán sin;

(b)

i gcás ina bhfuil táirge nach gcumhdaítear faoi phointe (a) cumhdaithe le beart cur chun feidhme faoi Threoir 2009/125/CE arna ghlacadh tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach, ní cheannóidh siad ach táirgí a chomhlíonann tagarmharcanna éifeachtúlachta fuinnimh a shonraítear sa bheart cur chun feidhme sin;

(c)

i gcás ina gcumhdaítear táirge nó seirbhís le critéir maidir le soláthar poiblí glas an Aontais, le hábharthacht maidir le héifeachtúlacht fuinnimh an táirge nó na seirbhíse, déanfaidh siad a ndícheall gan ach táirgí agus seirbhísí a cheannach, táirgí agus seirbhísí a urramaíonn ar a laghad na sonraíochtaí teicniúla a shonraítear ag an leibhéal “lárnach” i gcritéir maidir le soláthar poiblí glas an Aontais lena n-áirítear i measc aonaid sonraí, seomraí freastalaí agus néalseirbhísí, i gcritéir maidir le soláthar poiblí glas an Aontais le haghaidh soilsiú bóithre agus soilse tráchta, i gcritéir maidir le soláthar poiblí glas an Aontais le haghaidh ríomhairí, monatóirí, táibléad agus fóin chliste;

(d)

ní cheannóidh siad ach na boinn a chomhlíonann an critéar an aicme éifeachtúlachta fuinnimh is airde ó thaobh breosla de a bheith acu, mar a shainítear le Rialachán (AE) 2020/740 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (73). Ní chuirfear bac ar chomhlachtaí poiblí leis an gceanglas sin boinn a cheannach ag a bhfuil an aicme fliuchghreime nó aicme torainn rollta sheachtraigh is airde acu i gcás ina bhfuil bonn cirt leis sin de bharr cúiseanna sábháilteachta nó sláinte poiblí.

(e)

ceanglóidh siad ina dtairiscintí le haghaidh conarthaí seirbhíse, chun na seirbhísí atá i gceist a sholáthar, nach n-úsáidfidh soláthraithe seirbhíse ach na táirgí a chomhlíonann na ceanglais dá dtagraítear i bpointí (a), (b) (d), nuair a sholáthraíonn siad na seirbhísí atá i gceist. Ní bheidh feidhm ag an gceanglas sin ach maidir le táirgí nua a cheannaíonn soláthraithe seirbhíse i bpáirt nó go hiomlán chun an tseirbhís atá i gceist a sholáthar;

(f)

ceannóidh siad foirgnimh a chomhlíonann ar a laghad na híoscheanglais maidir le feidhmíocht fuinnimh dá dtagraítear in Airteagal 4(1) de Threoir 2010/31/AE, nó déanfaidh siad comhaontuithe cíosa nua lena n-aghaidh, murab é ceann de na nithe seo a leanas cuspóir an cheannacháin:

(i)

athchóiriú domhain nó scartáil a dhéanamh;

(ii)

i gcás comhlachtaí poiblí, an foirgneamh a athdhíol gan é a úsáid chun críoch an chomhlachta phoiblí é féin; nó

(iii)

é a chaomhnú mar fhoirgneamh atá cosanta go hoifigiúil mar chuid de thimpeallacht ainmnithe, nó mar gheall ar a fhiúntas ailtireachta nó staire ar leith.

Fíorófar comhlíonadh na gceanglas trí bhíthin teastais feidhmíochta fuinnimh dá dtagraítear in Airteagal 11 de Threoir 2010/31/AE.

IARSCRÍBHINN V

MODHANNA COMHCHOITEANNA AGUS PRIONSABAIL CHOMHCHOITEANNA CHUN TIONCHAR SCÉIMEANNA UM OIBLEAGÁID ÉIFEACHTÚLACHTA FUINNIMH NÓ BEART BEARTAIS EILE FAOI AIRTEAGAIL 8, 9 AGUS 10 AGUS AIRTEAGAL 28(11) A RÍOMH

1.

Modhanna chun an coigilteas fuinnimh seachas an coigilteas a eascraíonn ó bhearta cánachais chun críocha Airteagail 8, 9 agus 10 agus Airteagal 28(11) a ríomh.

Féadfaidh páirtithe faoi oibleagáid, páirtithe rannpháirteacha nó páirtithe ar cuireadh cúram orthu, nó údaráis phoiblí cur chun feidhme, feidhm a bhaint as na modhanna seo a leanas chun coigilteas fuinnimh a ríomh:

(a)

coigilteas measta, mar thagairt do na torthaí ar fheabhsuithe fuinnimh a ndearnadh faireachán neamhspleách orthu cheana i suiteálacha comhchosúla. Tugtar “ex ante” ar an gcur chuige cineálach;

(b)

coigilteas méadraithe, ina ndéantar an coigilteas ó shuiteáil birt, nó pacáiste de bhearta, a chinneadh tríd an laghdú iarbhír ar úsáid fuinnimh a thaifeadadh, agus aird chuí á tabhairt ar fhachtóirí amhail breisíocht, áitíocht, leibhéil táirgeachta agus an aimsir a d'fhéadfadh tionchar a imirt ar thomhaltas. Tugtar “ex post” ar an gcur chuige cineálach;

(c)

coigilteas scálaithe, ina n-úsáidtear meastacháin innealtóireachta ar choigilteas. Ní fhéadfar feidhm a bhaint as an gcur chuige sin ach amháin i gcás ina bhfuil sé deacair nó go díréireach daor sonraí tomhaiste láidre i gcomhair suiteáil shonrach a bhunú, e.g. comhbhrúiteoir nó mótar leictreach ag a bhfuil rátáil kWh éagsúil a chur in ionad comhbhrúiteoir nó mótar leictreach a ndearnadh faisnéis neamhspleách faoi choigilteas a thomhas ina leith, nó i gcás ina ndéanann saineolaithe cáilithe nó creidiúnaithe atá neamhspleách ó na páirtithe faoi oibleagáid, ó na páirtithe rannpháirteacha nó ó na páirtithe ar cuireadh cúram orthu na meastacháin sin ar bhonn modheolaíochtaí agus tagarmharcanna a bunaíodh go náisiúnta;

(d)

coigilteas a rinneadh suirbhéireacht orthu, ina gcinntear freagairt tomhaltóirí do chomhairle, d'fheachtais faisnéise, do lipéadú nó do scéimeanna deimhniúcháin nó do mhéadrú cliste. Ní fhéadfar feidhm a bhaint as an gcur chuige sin ach amháin do choigilteas a eascraíonn ó athruithe in iompar na dtomhaltóirí. Ní dhéanfar feidhm a bhaint as do choigilteas a eascraíonn ó shuiteáil beart fisiciúil.

2.

Nuair a bheidh an coigilteas fuinnimh do bheart éifeachtúlachta fuinnimh á chinneadh chun críocha Airteagail 8, 9 agus 10 agus Airteagal 28(11), beidh feidhm ag na prionsabail seo a leanas:

(a)

Taispeánfaidh na Ballstáit gur cuireadh an beart beartais chun feidhme chun an oibleagáid maidir le coigilteas fuinnimh a chomhlíonadh agus chun coigilteas fuinnimh úsáide deiridh a bhaint amach de bhun Airteagal 8(1). Soláthróidh na Ballstáit fianaise agus a ndoiciméid go raibh beart beartais ina chúis leis an gcoigilteas fuinnimh, lena n-áirítear comhaontuithe deonacha;

(b)

taispeánfar go bhfuil an coigilteas sa bhreis ar an gcoigilteas a bheadh ann ar aon chaoi gan gníomhaíocht na bpáirtithe faoi oibleagáid, na bpáirtithe rannpháirteacha nó na bpáirtithe ar cuireadh cúram orthu nó na n-údarás poiblí cur chun feidhme. Chun an coigilteas is féidir a éileamh mar choigilteas breise a chinneadh, tabharfaidh na Ballstáit dá n-aire an chaoi a bhforbródh úsáid fuinnimh agus tomhaltas fuinnimh in éagmais an bhirt beartais faoi thrácht trí na tosca seo a leanas, ar a laghad, a chur san áireamh: treochtaí maidir le tomhaltas fuinnimh, athruithe in iompar na dtomhaltóirí, dul chun cinn teicneolaíochta agus athruithe arb iad na bearta eile arna gcur chun feidhme ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta is cúis leo;

(c)

measfar gur coigilteas a bheadh ann ar aon nós coigilteas a eascraíonn ó chur chun feidhme dhlí éigeantach an Aontais, agus, ar an gcaoi sin, ní dhéanfar é a éileamh mar choigilteas fuinnimh chun críche Airteagal 8(1). De mhaolú ar an gceanglas sin, coigilteas atá bainteach le hathchóiriú foirgneamh atá ann cheana, féadfar é a éileamh mar choigilteas fuinnimh chun críche Airteagal 8(1), ar choinníoll go n-áirithítear an critéar ábharthachta dá dtagraítear i bpointe 3(h) den Iarscríbhinn seo. Bearta lena gcuirtear feabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh chun cinn san earnáil phoiblí de bhun Airteagail 5 agus 6, féadfaidh siad a bheith incháilithe a bheith curtha san áireamh maidir le coigilteas fuinnimh a cheanglaítear faoi Airteagal 8(1) a chomhlíonadh, ar choinníoll go mbaintear coigilteas fuinnimh úsáide deiridh infhíoraithe amach leo atá intomhaiste nó inmheasta. Comhlíonfaidh ríomh an choigiltis fuinnimh ceanglais na hIarscríbhinne seo;

(d)

féadfar bearta a dhéantar de bhun Rialachán (AE) 2018/842 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a mheas mar bhearta ábhartha, ach ní mór do na Ballstáit a thaispeáint go n-eascraíonn coigilteas fuinnimh úsáide deiridh infhíoraithe astu atá intomhaiste nó inmheasta. Comhlíonfaidh ríomh an choigiltis fuinnimh ceanglais na hIarscríbhinne seo;

(e)

Ní féidir leis na Ballstáit laghdú ar úsáid fuinnimh in earnálacha a chur san áireamh i leith chomhlíonadh na hoibleagáide maidir le coigilteas fuinnimh de bhun Airteagal 8(1), lena n-áirítear in earnáil an iompair agus earnáil na tógála, más rud é go mbeadh an laghdú sin ann ar aon nós de thoradh trádáil astaíochta de bhun Threoir AE maidir le Trádáil Astaíochtaí. Má tá eintiteas ina pháirtí faoi oibleagáid faoi scéim náisiúnta um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh faoi Airteagal 9 den Treoir seo agus faoi Chóras AE maidir le Trádáil Astaíochtaí le haghaidh foirgneamh agus iompar de bhóthar [COM(2021)0551, 2021/0211(COD)], áiritheofar leis an gcóras faireacháin agus fíoraithe go gcuirfear san áireamh an praghas carbóin atá curtha i bhfeidhm nuair a scaoiltear breosla lena ídiú [de réir Airteagal 1(21) de COM(2021)0551, 2021/0211(COD)] nuair a dhéanfar an coigilteas fuinnimh a bhearta coigilte fuinnimh a ríomh agus a thuairisciú;

(f)

ní fhéadfar creidmheas a thabhairt ach amháin do choigilteas a théann thar na leibhéil seo a leanas:

(i)

Caighdeáin feidhmíochta d’astaíochtaí an Aontais le haghaidh gluaisteáin nua paisinéirí agus feithiclí tráchtála éadroma nua tar éis Rialachán (AE) 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur chun feidhme (74); Soláthróidh na Ballstáit fianaise, a dtoimhdí agus a modheolaíocht ríofa chun breisíocht le ceanglais nua an Aontais maidir le CO2 feithicle a thaispeáint;

(ii)

Ceanglais an Aontais maidir le táirgí áirithe a bhfuil baint acu le fuinneamh a bhaint den mhargadh tar éis na bearta cur chun feidhme faoi Threoir 2009/125/CE a chur chun feidhme; Soláthróidh na Ballstáit fianaise, a dtoimhdí agus a modheolaíocht ríofa chun breisíocht a thaispeáint;

(g)

ceadófar beartais a bhfuil mar chuspóir acu leibhéil níos airde éifeachtúlachta fuinnimh a spreagadh do tháirgí, trealamh, córais iompair, feithiclí agus breoslaí, foirgnimh agus gnéithe tógála, próisis nó margaí, seachas na bearta beartais sin maidir le húsáid dócháin dhírigh teicneolaíochtaí breosla iontaise, a chuirfear chun feidhme amhail ón 1 Iúil 2028 ar aghaidh, agus seachas na bearta beartais sin a thugann fóirdheontas d’úsáid dócháin dhíreach teicneolaíochtaí breosla iontaise i bhfoirgnimh chónaithe amhail ón 1 Eanáir 2024 ; Féadfaidh coigilteas fuinnimh mar thoradh ar bhearta beartais maidir le húsáid dócháin dhírigh breosla iontaise a áireamh faoi chomhair chomhlíonadh na hoibleagáide coigiltis fuinnimh le haghaidh uasmhéid arb ionann é agus an ceathrú cuid de choigilteas fuinnimh amhail ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 30 Meitheamh 2028 ;

(ga)

ní cheadaítear gníomhaíochtaí aonair maidir le dóchán díreach teicneolaíochtaí breosla iontaise a úsáid amhail ón 1 Iúil 2028. Ceadaítear gníomhaíochtaí aonair chun teaglamaí teicneolaíochtaí a chur chun cinn. I gcás gníomhaíochtaí aonair lena gcuirtear teaglamaí teicneolaíochtaí chun cinn, ní bheidh an sciar den choigilteas fuinnimh a bhaineann leis na teicneolaíochtaí dócháin breoslaí iontaise incháilithe lena chomhaireamh amhail ón 1 Iúil 2028;

[Leasú 20]

(i)

bearta lena gcuirtear suiteáil teicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite ar mionscála chun cinn ar fhoirgnimh nó i bhfoirgnimh, féadfaidh siad a bheith incháilithe a bheith curtha san áireamh maidir le coigilteas fuinnimh a cheanglaítear faoi Airteagal 8(1) a chomhlíonadh, ar choinníoll go mbaintear coigilteas fuinnimh úsáide deiridh infhíoraithe amach leo atá intomhaiste nó inmheasta. Comhlíonfaidh ríomh an choigiltis fuinnimh ceanglais na hIarscríbhinne seo;

(j)

bearta lena gcuirtear suiteáil teicneolaíochtaí teirmeacha gréine chun cinn, féadfaidh siad a bheith incháilithe a bheith curtha san áireamh maidir le coigilteas fuinnimh a cheanglaítear faoi Airteagal 8(1) a chomhlíonadh, ar choinníoll go mbaintear coigilteas fuinnimh úsáide deiridh infhíoraithe amach leo atá intomhaiste nó inmheasta . Is féidir an teas comhthimpeallach a ghabhann teicneolaíochtaí teirmeacha gréine a eisiamh óna n-ídiú fuinnimh úsáide deiridh;

(k)

le haghaidh beartais lena gcuirtear dlús le glacadh táirgí agus feithiclí níos éifeachtúla, seachas na beartais maidir le húsáid dócháin dhírigh breosla iontaise, féadfar creidmheas iomlán a éileamh, ar choinníoll go dtaispeántar go dtarlóidh an glacadh sin sula rachaidh an saolré mheánach lena bhfuiltear ag súil don táirge nó don fheithicil in éag, nó sula ndéanfaí an táirge nó an fheithicil a ionadú de ghnáth, agus nach n-éileofar an coigilteas ach amháin don tréimhse go dtí deireadh na saolré meánaí lena bhfuiltear ag súil don táirge nó don fheithicil atá le hionadú;

(l)

agus glacadh beart éifeachtúlachta fuinnimh á chur chun cinn acu, áiritheoidh na Ballstáit, i gcás inarb ábhartha, go ndéanfar caighdeáin cháilíochta do tháirgí, do sheirbhísí agus do shuiteáil beart a chothabháil nó a thabhairt isteach i gcás nach ann do na caighdeáin sin;

(m)

chun éagsúlachtaí aeráide idir réigiúin a chur san áireamh, féadfaidh Ballstáit rogha a dhéanamh an coigilteas a oiriúnú do luach caighdeánach nó chun coigilteas fuinnimh éagsúil a thabhairt i gcomhréir le hathruithe teochta idir réigiúin;

(n)

déanfaidh ríomh an choigiltis fuinnimh saolré na mbeart agus an ráta ag a laghdaítear coigilteas le himeacht ama a chur san áireamh. Leis an ríomh sin, déanfar an coigilteas a bhainfidh gach gníomhaíocht aonair amach le linn na tréimhse óna dáta cur chun feidhme go dtí deireadh gach tréimhse oibleagáide a chomhaireamh. Mar mhalairt air sin, féadfaidh na Ballstáit modh eile a ghlacadh a mheastar go mbainfidh sé amach an méid iomlán céanna de choigilteas ar a laghad. Nuair a bheidh feidhm á baint acu as modh eile, áiritheoidh na Ballstáit nach sáróidh méid iomlán an choigiltis fuinnimh arna ríomh trí fheidhm a bhaint as an modh sin méid an choigiltis fuinnimh a bheadh mar thoradh ar a ríomh agus an coigilteas, a bhainfear amach le gach gníomhaíocht aonair le linn na tréimhse óna dáta cur chun feidhme go dtí 2030, á chomhaireamh acu. Tabharfaidh na Ballstáit tuairisc mhionsonraithe, ina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide faoi Rialachán (AE) 2018/1999, ar an modh eile agus ar na forálacha atá déanta chun a áirithiú go gcomhlíontar an ceanglas ceangailteach maidir leis an ríomh.

3.

Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfar na ceanglais seo a leanas na bearta beartais arna nglacadh de bhun Airteagal 10 agus Airteagal 28(11):

(a)

cruthaítear, leis na bearta beartais agus na gníomhaíochtaí aonair, coigilteas fuinnimh críochúsáide atá infhíoraithe;

(b)

déantar freagracht gach páirtí rannpháirtigh, gach páirtí ar cuireadh cúram air nó gach údaráis phoiblí cur chun feidhme, de réir mar is ábhartha, a shainmhíniú go soiléir;

(c)

déantar an coigilteas fuinnimh a baineadh amach nó atá le baint amach a chinneadh ar bhealach trédhearcach;

(d)

sloinntear an méid coigiltis fuinnimh a cheanglaítear faoin mbeart beartais nó atá le baint amach aige in ídiú fuinnimh deiridh nó i dtomhaltas fuinnimh phríomhúil, agus feidhm á baint as na glanluachanna calracha nó na fachtóirí fuinnimh phríomhúil dá dtagraítear in Airteagal 29;

(e)

cuirtear ar fáil tuarascáil bhliantúil maidir leis an gcoigilteas fuinnimh a bhain na páirtithe ar cuireadh cúram orthu, na páirtithe rannpháirteacha agus na húdaráis phoiblí cur chun feidhme amach agus déantar í, mar aon le sonraí ar threocht bhliantúil an choigiltis fuinnimh, a fhoilsiú go poiblí;

(f)

faireachán a dhéanamh ar na torthaí agus bearta iomchuí a ghlacadh mura bhfuil an dul chun cinn sásúil;

(g)

ní éilíonn níos mó ná aon pháirtí amháin an coigilteas fuinnimh ó ghníomhaíocht aonair;

(h)

taispeántar go raibh gníomhaíochtaí an pháirtí rannpháirtigh, an pháirtí ar cuireadh cúram air nó an údaráis phoiblí cur chun feidhme ábhartha maidir le baint amach an choigiltis fuinnimh a éilíodh;

(i)

níl aon éifeacht dhíobhálach ag gníomhaíochtaí an pháirtí rannpháirtigh, an pháirtí ar cuireadh cúram air nó an údaráis phoiblí cur chun feidhme ábhartha ar chustaiméirí leochaileacha, daoine atá buailte ag an mbochtaineacht fuinnimh agus, i gcás inarb infheidhme, daoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta.

4.

Agus an coigilteas fuinnimh ó bhearta beartais atá bainteach le cánachas agus táillí paraifhioscacha a tugadh isteach faoi Airteagal 10 á chinneadh, beidh feidhm ag na prionsabail seo a leanas:

(a)

ní thabharfar creidmheas ach amháin do choigilteas fuinnimh ó bhearta cánachais a sháraíonn na híosleibhéil chánachais is infheidhme maidir le breoslaí mar a éilítear i dTreoir 2003/96/CE (75) nó 2006/112/CE (76) ón gComhairle;

(aa)

ní thabharfar creidmheas ach do choigiltis fuinnimh ó bhearta cánachais agus ó tháillí pharaifhioscacha arna ndearadh chun coigiltis fuinnimh a ghiniúint mar a shainmhínítear in Airteagal 2 pointe 7;

(b)

▌beidh praghasleaisteachais chun tionchar na mbeart cánach (fuinnimh) a ríomh sonrach do gach deighleog úsáideoirí deiridh, lena n-áirítear aicmí ioncaim, cineálacha agus méid cuideachtaí, agus dá bhrí sin , léireofar freagrúlacht an éilimh fuinnimh d’athruithe praghsanna, agus déanfar iad a mheasúnú ar bhonn foinsí sonraí oifigiúla ionadaíocha, ar sonraí iad atá ann le gairid atá infheidhme maidir leis an mBallstát, agus, i gcás inarb infheidhme, atá bunaithe ar staidéir a ghabhann leo ó institiúid neamhspleách ▌;

(c)

déanfar an coigilteas fuinnimh ó na hionstraimí beartais cánachais a ghabhann leo, lena n-áirítear dreasachtaí fioscacha nó íocaíocht chuig ciste, a chuntasú ar leithligh;

(d)

Déanfar meastacháin leaisteachais ghearrthréimhsigh a úsáid chun measúnú a dhéanamh ar an gcoigilteas fuinnimh ó bhearta cánachais chun forluí le dlí an Aontais agus le bearta beartais eile a sheachaint.

(e)

Cinnfidh na Ballstáit éifeachtaí dáileacháin cánachais agus éifeachtaí dáileacháin beart coibhéiseach ar chustaiméirí leochaileacha, ar dhaoine atá buailte ag an mbochtaineacht fuinnimh agus, i gcás inarb infheidhme, ar dhaoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta, agus taispeánfaidh siad éifeachtaí beart maolúcháin a chuirtear chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 22(1) go (3);

(f)

Soláthróidh na Ballstáit fianaise nach mbeidh aon chomhaireamh dúbailte coigiltis fuinnimh, lena n-áirítear modheolaíochtaí ríofa, i gcás ina bhfuil forluí i dtionchar na mbeart fuinnimh nó cánachais carbóin nó trádáil astaíochtaí de réir Threoir AE maidir le Trádáil Astaíochtaí [COM(2021)0551, 2021/0211(COD)].

5.

Fógra i dtaobh na modheolaíochta

Tabharfaidh na Ballstáit, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1999, fógra don Choimisiún faoin modheolaíocht mhionsonraithe atá molta acu chun na scéimeanna um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh agus na bearta malartacha dá dtagraítear in Airteagail 9 agus 10 agus Airteagal 28(11) a fheidhmiú. Ach amháin i gcás cánachais, beidh sonraí faoi na nithe seo a leanas i bhfógra den sórt sin:

(a)

leibhéal an choigiltis fuinnimh a cheanglaítear faoin gcéad fhomhír d’Airteagal 8(1) nó an coigilteas a bhfuiltear ag súil lena bhaint amach thar an tréimhse ar fad ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2030;

(b)

an chaoi a ríomhfar méid an choigiltis fuinnimh nua a cheanglaítear faoin gcéad fhomhír d’Airteagal 8(1) nó an chaoi a gcéimneofar an coigilteas fuinnimh a bhfuiltear ag súil lena bhaint amach thar an tréimhse oibleagáide;

(c)

na páirtithe faoi oibleagáid, na páirtithe rannpháirteacha nó na páirtithe ar cuireadh cúram orthu, nó na húdaráis phoiblí cur chun feidhme;

(d)

sprioc-earnálacha;

(e)

bearta beartais agus gníomhaíochtaí aonair, lena n-áirítear an méid iomlán de choigilteas carnach fuinnimh lena bhfuiltear ag súil le haghaidh gach birt;

(f)

faisnéis maidir leis na bearta beartais nó na cláir nó na bearta a mhaoinítear faoin gCiste Náisiúnta Éifeachtúlachta Fuinnimh a chuirtear chun feidhme mar thosaíocht i measc daoine atá buailte ag an mbochtaineacht fuinnimh, custaiméirí leochaileacha agus, i gcás inarb infheidhme, daoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta.

(g)

sciar agus méid an choigiltis fuinnimh atá le baint amach i measc daoine atá buailte ag an mbochtaineacht fuinnimh, custaiméirí leochaileacha agus, i gcás inarb infheidhme, daoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta;

(h)

i gcás inarb infheidhme, faisnéis maidir leis na táscairí arna gcur i bhfeidhm, an mheánscair uimhríochtúil agus toradh na mbeart beartais de réir Airteagal 8(3);

(i)

i gcás inarb infheidhme, faisnéis faoi thionchair agus éifeachtaí díobhálacha na mbeart beartais a chuirtear i bhfeidhm de bhun Airteagal 8(3) maidir le daoine atá buailte ag an mbochtaineacht fuinnimh, custaiméirí leochaileacha agus, i gcás inarb infheidhme, daoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta;

(j)

fad na tréimhse oibleagáide do na scéimeanna um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh;

(k)

i gcás inarb infheidhme, méid an choigiltis fuinnimh nó na spriocanna maidir le laghdú costais atá le baint amach ag páirtithe faoi oibleagáid i measc daoine atá buailte ag an mbochtaineacht fuinnimh, custaiméirí leochaileacha agus, i gcás inarb infheidhme, daoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta.

(l)

na gníomhaíochtaí dá bhforáiltear leis an mbeart beartais;

(m)

modheolaíocht an ríomha, lena n-áirítear an chaoi ar cinneadh an bhreisíocht agus an ábharthacht agus cé na modheolaíochtaí agus na tagarmharcanna a úsáidtear le haghaidh coigilteas measta agus coigilteas scálaithe, agus, i gcás inarb infheidhme, na luachanna calracha agus fachtóirí coinbhéartachta

(n)

saolréanna na mbeart, agus conas a dhéantar iad a ríomh nó cad air a bhfuil siad bunaithe;

(o)

an cur chuige a ghlactar chun aghaidh a thabhairt ar éagsúlachtaí aeráide laistigh den Bhallstát;

(p)

na córais faireacháin agus fíoraithe le haghaidh bearta faoi Airteagail 9 agus 10 agus an chaoi a ndéantar a neamhspleáchas ó na páirtithe faoi oibleagáid, ó na páirtithe rannpháirteacha nó ó na páirtithe ar cuireadh cúram orthu a áirithiú;

(q)

i gcás cánachais:

(i)

na hearnálacha sprice agus sciar na gcáiníocóirí;

(ii)

an t-údarás poiblí cur chun feidhme;

(iii)

an coigilteas a bhfuiltear ag súil lena bhaint amach;

(iv)

an fad a mhairfidh an beart cánachais;

(v)

an mhodheolaíocht ríofa, lena n-áirítear na praghasleaisteachais a úsáidtear agus an chaoi ar bunaíodh iad; agus

(vi)

an chaoi ar seachnaíodh forluí le trádáil astaíochta i gcomhréir le Treoir AE maidir le Trádáil Astaíochtaí [COM(2021)0551, 2021/0211(COD)] agus ar cuireadh deireadh leis an riosca maidir le háireamh dúbailte.

IARSCRÍBHINN VI

CRITÉIR ÍOSTA LE HAGHAIDH INIÚCHTAÍ FUINNIMH LENA N-ÁIRÍTEAR NA HINIÚCHTAÍ FUINNIMH A DHÉANTAR MAR CHUID DE CHÓRAIS BAINISTITHE FUINNIMH

Beidh na hiniúchtaí fuinnimh dá dtagraítear in Airteagal 11 bunaithe ar na critéir seo a leanas:

(a)

a bheith bunaithe ar shonraí oibríochtúla atá cothrom le dáta, tomhaiste, inrianaithe maidir le hídiú fuinnimh agus lódphróifílí (le haghaidh leictreachais);

(b)

a bheith comhdhéanta d’athbhreithniú mionsonraithe ar phróifíl ídithe fuinnimh foirgneamh nó grúpaí foirgneamh, oibríochtaí tionsclaíochta nó suiteálacha, lena n-áirítear in earnáil an iompair;

(c)

bearta éifeachtúlachta fuinnimh a shainaithint chun ídiú fuinnimh a laghdú;

(d)

an acmhainn atá le húsáid chostéifeachtach nó táirgeadh costéifeachtach fuinnimh in-athnuaite a shainaithint;

(e)

a thógáil, nuair is féidir, ar anailís costais saolré (LCCA) seachas ar Thréimhsí Aisíoca Simplí (SPPanna) chun an coigilteas fadtéarmach, luachanna iarmharacha infheistíochtaí fadtéarmacha agus rátaí lascaine a chur san áireamh;

(f)

a bheith comhréireach, agus sách ionadaíoch ionas gur féidir léargas iontaofa na feidhmíochta fuinnimh foriomláine a tharraingt agus na deiseanna feabhais is suntasaí a shainaithint go hiontaofa.

Le hiniúchtaí fuinnimh ceadófar ríomhanna mionsonraithe agus bailíochtaithe le haghaidh na mbeart atá beartaithe chun faisnéis shoiléir maidir leis an gcoigilteas a d’fhéadfadh a bheith ann a chur ar fáil.

Beifear in ann na sonraí a úsáidfear in iniúchtaí fuinnimh a stóráil le haghaidh anailís stairiúil agus feidhmíocht rianaithe.

IARSCRÍBHINN VIA

NA CEANGLAIS ÍOSTA MAIDIR LE FAIREACHÁN A DHÉANAMH AR FHEIDHMÍOCHT FUINNIMH IONAD SONRAÍ AGUS MAIDIR LEIS AN BHFEIDHMÍOCHT SIN A FHOILSIÚ

Déanfar faireachán ar an bhfaisnéis íosta seo a leanas agus foilseofar í a mhéid a bhaineann le feidhmíocht fuinnimh ionad sonraí dá dtagraítear in Airteagal 11a(1):

(a)

ainm an ionaid sonraí, ainm an úinéara agus oibreoirí an ionaid sonraí, an bardas ina bhfuil an t-ionad sonraí lonnaithe, ach amháin i gcás lárionaid sonraí a bhaineann a bhaineann leis an tslándáil náisiúnta agus leis an gcosaint náisiúnta;

(b)

achar urláir an ionaid sonraí; an toilleadh suiteáilte; na pointí socraithe teochta; an trácht sonraí bliantúil isteach agus amach má tá sé ar fáil d’oibreoir an lárionaid sonraí agus an tsamhail ghnó agus an cineál custaiméara á gcur san áireamh; agus an méid sonraí a stóráiltear agus a phróiseáiltear laistigh den lárionad sonraí nuair a dhéanann sin difear do thomhaltas fuinnimh an lárionaid sonraí;

(c)

feidhmíocht an lárionaid sonraí, le linn na bliana iomláine féilire deiridh, i gcomhréir leis na heochairtháscairí feidhmíochta seo a leanas ó CEN/CENELEC EN 50600-4 “Teicneolaíocht faisnéise – saoráidí agus bonneagair lárionaid sonraí”, agus aird chuí á tabhairt ar shuíomh geografach an lárionaid sonraí, ar an éileamh ar athúsáid teasa agus ar na bonneagair teasa atá ar fáil, go dtí go dtiocfaidh an gníomh tarmligthe de bhun Airteagal 31 den Treoir seo i bhfeidhm:

(i)

Éifeachtacht na hÚsáide Cumhachta (PUE), de réir CEN/CENELEC EN 50600-4-2

(ii)

Fachtóir Fuinnimh In-athnuaite (REF) de réir CEN/CENELEC EN 50600-4-3

(iii)

Fachtóir Athúsáide Fuinnimh (ERF), de réir CEN/CENELEC EN 50600-4-6

(iv)

Cóimheas na hÉifeachtúlachta Fuarúcháin (CER), de réir CEN/CENELEC EN 50600-4-7

(v)

Éifeachtacht na hÚsáide Carbóin (CUE), de réir CEN/CENELEC EN 50600-4-8

(vi)

Éifeachtacht na hÚsáide Uisce (WUE), de réir CEN/CENELEC EN 50600-4-9

IARSCRÍBHINN VII

NA CEANGLAIS ÍOSTA MAIDIR LE BILLEÁIL AGUS MAIDIR LE FAISNÉIS BHILLEÁLA BUNAITHE AR ÍDIÚ IARBHÍR GÁIS NÁDÚRTHA

1.   Na ceanglais íosta maidir le billeáil

1.1.   An bhilleáil bunaithe ar ídiú iarbhír

Chun é a chur ar a gcumas d’úsáideoirí deiridh a n-ídiú fuinnimh féin a rialú, ba cheart billeáil a dhéanamh ar bhonn an ídithe iarbhír uair sa bhliain ar a laghad, agus ba cheart faisnéis bhilleála a chur ar fáil gach ráithe ar a laghad, arna iarraidh sin nó i gcás inár roghnaigh tomhaltóirí billeáil leictreonach a fháil nó seachas sin faoi dhó sa bhliain. Is féidir gás nach n-úsáidtear ach chun críche cócaireachta amháin a dhíolmhú ón gceanglas sin.

1.2.   An fhaisnéis íosta a bheidh sa bhille

Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, go gcuirfear an fhaisnéis seo a leanas ar fáil do na custaiméirí deiridh i dtéarmaí soiléire agus sothuigthe ina mbillí, ina gconarthaí, ina n-idirbhearta, agus ina bhfáltais ag stáisiúin dáileacháin nó lena mbillí, lena gconarthaí, lena n-idirbhearta, agus lena bhfáltais ag stáisiúin dáileacháin:

(a)

praghsanna iarbhír reatha agus ídiú iarbhír fuinnimh;

(b)

comparáidí idir ídiú fuinnimh reatha an chustaiméara deiridh agus ídiú na tréimhse chéanna sa bhliain roimhe sin, i bhfoirm ghrafach más féidir;

(c)

faisnéis teagmhála d’eagraíochtaí úsáideoirí deiridh, gníomhaireachtaí fuinnimh nó comhlachtaí comhchosúla, lena n-áirítear seoltaí gréasáin, óna bhféadfar faisnéis a fháil faoi na bearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh atá le fáil, faoi phróifílí comparáideacha úsáideoirí deiridh agus faoi shonraíochtaí teicniúla oibiachtúla do threalamh a úsáideann fuinneamh.

Sa bhreis air sin, i gcás inar féidir agus ina bhfuil sin úsáideach, áiritheoidh na Ballstáit go soláthrófar comparáidí le meánchustaiméir normalaithe nó tagarmharcáilte sa chatagóir úsáideora chéanna do na custaiméirí deiridh i dtéarmaí soiléire agus sothuigthe ina mbillí, ina gconarthaí, ina n-idirbhearta, agus ina n-admhálacha ag stáisiúin dáileacháin nó déanfar na comparáidí sin a chur leo nó comhartha ina leith sin a chur iontu.

1.3.   Comhairle maidir le héifeachtúlacht fuinnimh a ghabhann le billí agus aiseolas eile do na custaiméirí deiridh

Agus conarthaí agus athruithe ar chonarthaí á seoladh, agus i mbillí a fhaigheann custaiméirí nó trí shuíomhanna gréasáin lena dtugtar aghaidh ar chustaiméirí aonair, cuirfidh dáileoirí fuinnimh, oibreoirí córas dáileacháin agus cuideachtaí díolacháin fuinnimh miondíola a gcustaiméirí ar an eolas ar bhealach soiléir agus intuigthe maidir le faisnéis teagmhála le haghaidh aonaid comhairle tomhaltóirí aonair, gníomhaireachtaí fuinnimh nó institiúidí comhchosúla, lena n-áirítear a seoltaí idirlíne, áit ar féidir leo comhairle faoi bhearta éifeachtúlachta fuinnimh atá ar fáil a fháil, próifílí tagarmhairc dá n-ídiú fuinnimh agus sonraíochtaí teicniúla fearas a úsáideann fuinneamh lenar féidir ídiú na bhfearas sin a laghdú.

IARSCRÍBHINN VIII

NA CEANGLAIS ÍOSTA D'FHAISNÉIS BHILLEÁLA AGUS TOMHALTAIS I GCÁS TÉIMH, FUARÚ AGUS UISCE TE TÍ

1.   An bhilleáil bunaithe ar thomhaltas iarbhír nó léamha leithdháileoirí costais teasa

D'fhonn úsáideoirí deiridh a chumasú chun a dtomhaltas fuinnimh féin a rialú, déanfar billeáil ar bhonn tomhaltas iarbhír nó léamha leithdháileoirí costais teasa uair sa bhliain ar a laghad.

2.   Minicíocht íosta na faisnéise billeála nó tomhaltais

Go dtí an 31 Nollaig 2021 , i gcás inar suiteáladh méadair nó leithdháileoirí costais teasa atá inléite go cianda, cuirfear faisnéis bhilleála nó ídithe bunaithe ar ídiú iarbhír nó ar léamha leithdháileoirí costais teasa ar fáil do na húsáideoirí deiridh ar a laghad gach ráithe arna iarraidh sin nó i gcás inar roghnaigh na custaiméirí deiridh billeáil leictreonach a fháil, nó faoi dhó sa bhliain murach sin.

Ón 1 Eanáir 2022, i gcás inar suiteáladh méadair nó leithdháileoirí costais teasa atá inléite go cianda, cuirfear faisnéis bhilleála nó tomhaltais bunaithe ar thomhaltas iarbhír nó ar léamha leithdháileoirí costais teasa ar fáil do na húsáideoirí deiridh gach mí ar a laghad. Féadfar an fhaisnéis sin a chur ar fáil tríd an idirlíon freisin agus í a thabhairt cothrom le dáta a mhinice is incheadaithe leis na feistí agus na córais tomhais a úsáidtear. Féadfar téamh agus fuarú a dhíolmhú ón gceanglas sin lasmuigh de na séasúir téimh/fuaraithe.

3.   An fhaisnéis íosta a bheidh sa bhille

Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear ar fáil an fhaisnéis seo a leanas do na húsáideoirí deiridh i dtéarmaí soiléire sothuigthe ina mbillí nó lena mbillí i gcás ina bhfuil siad bunaithe ar thomhaltas iarbhír nó ar léamha leithdháileoirí costais teasa:

(a)

praghsanna iarbhír reatha agus tomhaltas iarbhír fuinnimh nó costas teasa iomlán agus léamha leithdháileoirí costais teasa;

(b)

faisnéis faoin meascán breosla a úsáidtear agus na hastaíochtaí gás ceaptha teasa bliantúla gaolmhara, lena n-áirítear d'úsáideoirí deiridh arna soláthar ag téamh ceantair nó fuarú ceantair, agus cur síos ar na cánacha, tobhaigh agus taraifí éagsúla a cuireadh i bhfeidhm. Féadfaidh na Ballstáit raon feidhme an cheanglais a theorannú maidir le faisnéis faoi astaíochtaí gás ceaptha teasa a chur ar fáil chun nach n-áireofar ach soláthairtí ó chórais téimh ceantair ar mó a n-ionchur teirmeach rátaithe iomlán ná 20 MW;

(c)

comparáidí do thomhaltas fuinnimh reatha na n-úsáideoirí deiridh le tomhaltas don tréimhse chéanna sa bhliain roimhe, i bhfoirm ghrafaic, arna ceartú ó thaobh na haeráide de le haghaidh téimh agus fuarú;

(d)

faisnéis teagmhála d'eagraíochtaí úsáideoirí deiridh, gníomhaireachtaí fuinnimh nó comhlachtaí comhchosúla, lena n-áirítear seoltaí gréasáin, óna bhféadfar faisnéis a fháil faoi na bearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh atá le fáil, faoi phróifílí comparáideacha úsáideoirí deiridh agus faoi shonraíochtaí teicniúla oibiachtúla do threalamh a úsáideann fuinneamh.

(e)

faisnéis faoi nósanna imeachta gaolmhara gearáin, seirbhísí ombudsman nó sásraí um réiteach malartach díospóidí, de réir mar is infheidhme sna Ballstáit;

(f)

comparáidí le meán-úsáideoir deiridh normalaithe nó tagarmharcáilte sa chatagóir úsáideora chéanna. I gcás billí leictreonacha, féadfar, de rogha air sin, comparáidí den sórt sin a chur ar fáil ar líne agus a bheith marcáilte sna billí.

I gcás billí nach bhfuil bunaithe ar thomhaltas iarbhír nó ar léamha leithdháileoirí costais, beidh míniú soiléir sothuigthe iontu ar conas a ríomhadh an méid a leagtar amach sa bhille, agus ar a laghad, an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (d) agus (e).

IARSCRÍBHINN IX

ACMHAINNEACHT MAIDIR LE HÉIFEACHTÚLACHT I DTÉAMH AGUS I BHFUARÚ

Áireofar sa mheasúnú cuimsitheach ar an acmhainneacht náisiúnta téimh agus fuaraithe dá dtagraítear in Airteagal 23(1) na nithe seo a leanas agus bunófar orthu sin é:

Cuid I

FORBHREATHNÚ AR THÉAMH AGUS AR FHUARÚ

1.

éileamh ar théamh agus ar fhuarú i dtéarmaí fuinneamh úsáideach a ndéantar measúnú air agus ídiú deiridh cainníochtaithe fuinnimh (77) in GWh in aghaidh na bliana (78) de réir na n-earnálacha seo a leanas:

(a)

an earnáil chónaithe:

(b)

an earnáil seirbhísí;

(c)

earnáil na tionsclaíochta;

(d)

aon earnáil eile a ídíonn níos mó ná 5 % den éileamh iomlán náisiúnta úsáideach téimh agus fuaraithe;

2.

sainaithint, nó i gcás phointe 2(a)(i), sainaithint nó meastachán an tsoláthair téimh agus fuaraithe atá ann faoi láthair:

(a)

trí theicneolaíocht, in GWh in aghaidh na bliana (79), laistigh de na hearnálacha a luaitear faoi phointe 1, i gcás inar féidir, agus idirdhealú á dhéanamh idir an fuinneamh a fhaightear ó fhoinsí iontaise agus ó fhoinsí in-athnuaite:

(i)

arna soláthar ar an láthair i suíomhanna cónaithe agus seirbhíse trí bhíthin:

coirí a ghineann teas agus sin amháin;

comhghiniúint ardéifeachtach teasa agus cumhachta;

teaschaidéil;

teicneolaíochtaí agus foinsí eile ar an láthair;

(ii)

arna soláthar ar an láthair i suíomhanna neamhsheirbhíse agus neamhchónaithe trí bhíthin:

coirí a ghineann teas agus sin amháin;

comhghiniúint ardéifeachtach teasa agus cumhachta;

teaschaidéil;

teicneolaíochtaí agus foinsí eile ar an láthair;

(iii)

arna soláthar lasmuigh den láthair trí bhíthin:

comhghiniúint ardéifeachtach teasa agus cumhachta;

dramhtheas;

teicneolaíochtaí agus foinsí eile lasmuigh den láthair;

(b)

suiteálacha a ghineann dramhtheas nó dramhfhuacht agus an soláthar téimh nó fuaraithe a d’fhéadfadh a bheith acu in GWh in aghaidh na bliana a shainaithint:

(i)

suiteálacha giniúna cumhachta teirmí lenar féidir dramhtheas a sholáthar nó is féidir a iarfheistiú chun dramhtheas a sholáthar agus a bhfuil ionchur teirmeach iomlán acu ar mó é ná 50 MW;

(ii)

suiteálacha comhghiniúna teasa agus cumhachta a úsáideann teicneolaíochtaí dá dtagraítear i gCuid II d’Iarscríbhinn II agus a bhfuil ionchur teirmeach iomlán acu ar mó é ná 20 MW;

(iii)

gléasraí loiscthe dramhaíola;

(iv)

suiteálacha fuinnimh in-athnuaite a bhfuil ionchur teirmeach iomlán acu ar mó é ná 20 MW seachas na suiteálacha a shonraítear faoi phointe 2(b)(i) agus (ii) a ghineann téamh nó fuarú trí fhuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a úsáid;

(v)

suiteálacha tionsclaíocha a bhfuil ionchur teirmeach iomlán acu ar mó é ná 20 MW agus ar féidir dramhtheas a sholáthar leo;

(c)

sciar tuairiscithe an fhuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite agus ó dhramhtheas nó ó dhramhfhuacht san ídiú fuinnimh deiridh san earnáil téimh agus fuaraithe ceantair (80) le 5 bliana anuas, i gcomhréir le Cinneadh (AE) 2018/2001;

3.

léarscáil lena gcumhdaítear an chríoch náisiúnta iomlán lena sainaithnítear na nithe seo a leanas (agus an fhaisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de á caomhnú san am céanna):

(a)

réimsí éilimh téimh agus fuaraithe a eascraíonn as an anailís ar phointe 1, agus critéir chomhsheasmhacha á n-úsáid chun díriú ar cheantair dhlúthfhuinnimh i mbardais agus i gceirtleáin uirbeacha;

(b)

pointí soláthair téimh agus fuaraithe atá ann cheana a shainaithnítear faoi phointe 2(b) agus suiteálacha tarchurtha téimh ceantair;

(c)

pointí soláthair téimh agus fuaraithe beartaithe den chineál a dtugtar tuairisc air faoi phointe 2(b) agus suiteálacha tarchurtha téimh ceantair;

4.

réamhaisnéis ar threochtaí maidir leis an éileamh ar théamh agus ar fhuarú chun peirspictíocht an 30 bliain atá amach romhainn in GWh a choinneáil ar bun agus aird á tabhairt go háirithe ar réamh-mheastacháin do na 10 bliana atá amach romhainn, an t-athrú ar an éileamh i bhfoirgnimh agus in earnálacha difriúla den tionscal, agus tionchar na mbeartas agus na straitéisí a bhaineann le bainistiú éilimh, amhail straitéisí athchóirithe fadtéarmacha i bhfoirgnimh faoi Threoir (AE) 2018/844;

Cuid II

CUSPÓIRÍ, STRAITÉISÍ AGUS BEARTA BEARTAIS

5.

rannchuidiú beartaithe an Bhallstáit maidir lena chuspóirí náisiúnta, lena spriocanna náisiúnta agus lena rannchuidithe náisiúnta a bhaineann leis na cúig ghné den Aontas Fuinnimh, mar a leagtar amach in Airteagal 3(2)(b) de Rialachán (AE) 2018/1999, a bhainfear amach trí éifeachtúlacht i dtéamh agus i bhfuarú, go háirithe maidir le pointí 1 go 4 d’Airteagal 4(b) agus mír (4)(b) d’Airteagal 15, ina sainaithnítear cé acu de na gnéithe sin atá sa bhreis ar phleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide;

6.

forbhreathnú ginearálta ar na beartais agus na bearta atá ann cheana mar a thuairiscítear iad sa tuarascáil is déanaí a cuireadh isteach i gcomhréir le hAirteagail 3, 20, 21 agus 27(a) de Rialachán (AE) 2018/1999;

Cuid III

ANAILÍS AR AN ACMHAINNEACHT EACNAMAÍOCH MAIDIR LE hÉIFEACHTÚLACHT I dTÉAMH AGUS I bhFUARÚ

7.

déanfar anailís ar acmhainneacht eacnamaíoch (81) teicneolaíochtaí difriúla téimh agus fuaraithe don chríoch náisiúnta iomlán trí úsáid a bhaint as an measúnú costais is tairbhe dá dtagraítear in Airteagal 23(3) agus sainaithneofar inti cásanna malartacha le haghaidh teicneolaíochtaí téimh agus fuaraithe níos éifeachtúla agus in-athnuaite, agus idirdhealú á dhéanamh idir an fuinneamh a fhaightear ó fhoinsí iontaise agus ó fhoinsí in-athnuaite i gcás inarb infheidhme.

Ba cheart na teicneolaíochtaí seo a leanas a mheas:

(a)

dramhtheas tionsclaíoch agus dramhfhuacht tionsclaíoch;

(b)

loscadh dramhaíola

(c)

comhghiniúint ardéifeachtach;

(d)

foinsí in-athnuaite fuinnimh (amhail fuinneamh geoiteirmeach, grianfhuinneamh teirmeach agus bithmhais) seachas iad sin a úsáidtear le haghaidh comhghiniúint ardéifeachtach;

(e)

teaschaidéil;

(f)

caillteanais teasa agus fuachta ó líonraí ceantair atá ann cheana a laghdú;

8.

áireofar san anailís sin ar acmhainneacht eacnamaíoch na céimeanna agus na breithnithe seo a leanas:

(a)

Breithnithe:

(i)

áireofar sa mheasúnú costais is tairbhe chun críocha Airteagal 23(3) anailís eacnamaíoch ina gcuirtear tosca socheacnamaíocha agus comhshaoil san áireamh (82), agus anailís airgeadais a dhéanfar chun tionscadail a mheasúnú ó thaobh na n-infheisteoirí de. Sna hanailísí eacnamaíocha agus airgeadais araon úsáidfear an glanluach láithreach mar chritéar don mheasúnú;

(ii)

ba cheart an cás bunlíne a bheith mar phointe tagartha agus beartais atá ann cheana tráth a dtiomsaítear an measúnú cuimsitheach sin a chur san áireamh ann (83), agus ba cheart é a bheith nasctha le sonraí arna mbailiú faoi Chuid I agus pointe 6 de Chuid II den Iarscríbhinn seo;

(iii)

cuirfear san áireamh sna cásanna malartacha ar an mbunlíne cuspóirí Rialachán (AE) 2018/1999 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus fuinneamh in-athnuaite. Cuirfear na heilimintí seo a leanas i láthair i ngach cás i gcomparáid leis an gcás bunlíne:

acmhainneacht eacnamaíoch na dteicneolaíochtaí a ndéantar scrúdú orthu trí úsáid a bhaint as an nglanluach láithreach mar chritéar;

laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa;

an coigilteas fuinnimh phríomhúil in GWh in aghaidh na bliana;

an tionchar ar sciar na bhfoinsí in-athnuaite fuinnimh sa mheascán náisiúnta fuinnimh.

Féadfar cásanna nach bhfuil indéanta ar chúiseanna teicniúla, cúiseanna airgeadais nó mar gheall ar rialachán náisiúnta a eisiamh go luath sa mheasúnú costais is tairbhe, má tá údar cuí leis sin bunaithe ar bhreithnithe atá cúramach, sainráite agus dea-dhoiciméadaithe.

Ba cheart costais agus coigilteas fuinnimh de bhíthin solúbthacht mhéadaithe i dtaobh an tsoláthair fuinnimh agus de bhíthin fheidhmiú barrmhaith na líonraí leictreachais a chur san áireamh sa mheasúnú agus sa chinnteoireacht, lena n-áirítear na costais agus an coigilteas a seachnaíodh a bhuí le hinfheistíocht laghdaithe sa bhonneagar, sna cásanna a ndéantar anailís orthu.

(b)

Costais agus sochair

Áireofar na costais agus na tairbhí seo a leanas ar a laghad sna costais agus sna tairbhí dá dtagraítear faoi phointe 8(a):

(i)

Sochair:

luach aschuir don tomhaltóir (téamh, fuarú agus leictreachas);

tairbhí seachtracha amhail tairbhí comhshaoil, astaíochtaí gás ceaptha teasa agus sláinte agus sábháilteachta, a mhéid is féidir;

iarmhairtí ar mhargadh an tsaothair, an tslándáil fuinnimh agus an t-iomaíochas, a mhéid is féidir.

(ii)

Costais:

costais chaipitiúla gléasra agus trealamh;

costais chaipitiúla na líonraí fuinnimh gaolmhara;

costais oibriúcháin athraitheacha agus sheasta;

costais fuinnimh;

costais chomhshaoil, sláinte agus sábháilteachta a mhéid is féidir;

costais mhargadh an tsaothair, an tslándáil fuinnimh agus an t-iomaíochas, a mhéid is féidir.

(c)

Cásanna ábhartha maidir leis an mbunlíne:

Déanfar gach cás ábhartha a ghabhann leis an mbunlíne a mheas, lena n-áirítear ról an téimh agus an fhuaraithe aonair éifeachtúil.

(i)

féadfar measúnú tionscadail nó grúpa tionscadal do mheasúnú áitiúil, réigiúnach nó náisiúnta níos leithne a chumhdach leis an measúnú costais is tairbhe chun an réiteach téimh nó fuaraithe is cost-éifeachtaí agus is tairbhiúla a bhunú in aghaidh bunlíne do limistéar geografach ar leith chun críche pleanála;

(d)

Teorainneacha agus cur chuige comhtháite:

(i)

cumhdóidh an teorainn gheografach limistéar geografach dea-shainithe a bheidh oiriúnach;

(ii)

cuirfear san áireamh sna hanailísí costais is tairbhe na hacmhainní soláthair láraithe nó díláraithe ábhartha uile atá ar fáil laistigh den chóras agus teorainn gheografach, lena n-áirítear teicneolaíochtaí a mheastar faoi phointe 7 de Chuid III den Iarscríbhinn seo, agus treochtaí agus saintréithe an éilimh ar théamh agus ar fhuarú.

(e)

Toimhdí:

(i)

Soláthróidh na Ballstáit toimhdí, chun críche na n-anailísí costais is tairbhe, maidir le praghsanna na bpríomhfhachtóirí ionchuir agus aschuir agus an ráta lascaine;

(ii)

roghnófar an ráta lascaine arna úsáid san anailís eacnamaíoch chun an glanluach láithreach a ríomh de réir treoirlínte Eorpacha nó náisiúnta;

(iii)

Bainfidh na Ballstáit úsáid as réamhaisnéisí ar fhorbairt praghsanna fuinnimh ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal Eorpach nó ar an leibhéal idirnáisiúnta, más iomchuí, ina gcomhthéacs náisiúnta agus/nó réigiúnach/áitiúil;

(iv)

na praghsanna a úsáidfear san anailís eacnamaíoch, léireoidh siad na costais agus na sochair shocheacnamaíocha. Ba cheart costais sheachtracha, amhail éifeachtaí ar an gcomhshaol agus ar an tsláinte, a áireamh a mhéid is féidir, i.e. nuair is ann do phraghas margaidh nó nuair atá sé san áireamh cheana féin i rialachán Eorpach nó náisiúnta.

(f)

Anailís íogaireachta:

(i)

áireofar anailís íogaireachta chun costais agus tairbhí tionscadail nó grúpa tionscadal a mheasúnú agus beidh sí bunaithe ar fhachtóirí athraitheacha a bhfuil tionchar suntasach acu ar thoradh na ríomhanna, amhail praghsanna éagsúla fuinnimh, leibhéil éilimh, rátaí lascaine agus eile.

CUID IV

CUSPÓIRÍ, STRAITÉISÍ AGUS BEARTA BEARTAIS NUA FÉIDEARTHA

9.

forbhreathnú ar bhearta beartais reachtacha agus neamhreachtacha nua (84) chun an acmhainneacht eacnamaíoch arna sainaithint i gcomhréir le pointí 7 agus 8 a bhaint amach, agus réamhaisnéisí maidir leis na nithe seo a leanas á gcur san áireamh:

(a)

laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa;

(b)

an coigilteas fuinnimh phríomhúil in GWh in aghaidh na bliana;

(c)

an tionchar ar sciar na comhghiniúna ardéifeachtaí;

(d)

an tionchar ar sciar na bhfoinsí in-athnuaite fuinnimh sa mheascán náisiúnta fuinnimh agus san earnáil téimh agus fuaraithe;

(e)

naisc le clárú airgeadais náisiúnta agus coigilteas costais don bhuiséad poiblí agus do rannpháirtithe sa mhargadh;

(f)

bearta measta tacaíochta poiblí, más ann dóibh, lena mbuiséad bliantúil agus sainaithint na comhchoda cabhraí a d’fhéadfadh a bheith ann.

IARSCRÍBHINN X

MEASÚNÚ COSTAIS IS TAIRBHE

Prionsabail chun críche Airteagal 244 agus (6)

Cuirfear faisnéis ar fáil sa mheasúnú costais is tairbhe chun críche na mbeart in Airteagal 24(4) agus Airteagal (6):

Má tá suiteáil leictreachais amháin nó suiteáil gan aisghabháil teasa beartaithe, déanfar comparáid idir na suiteálacha atá beartaithe nó an t-athfheistiú atá beartaithe agus suiteáil choibhéiseach a tháirgeann an méid céanna leictreachais nó teasa próisis, ach an dramhtheas a aisghabháil agus teas a sholáthar trí bhíthin líonraí comhghiniúna ardéifeachtacha agus/nó líonraí téimh agus fuaraithe ceantair.

Laistigh de theorainn gheografach ar leith, cuirfear san áireamh sa mheasúnú an tsuiteáil atá beartaithe agus aon phointe éilimh téimh nó fuaraithe iomchuí atá inti cheana nó a d’fhéadfadh a bheith inti a d’fhéadfaí a sholáthar uaithi, agus aird á tabhairt ar na féidearthachtaí réasúnacha (mar shampla, an indéantacht theicniúil agus fad).

Beidh teorainn an chórais socraithe chun an tsuiteáil agus na lóid théite agus fuaraithe atá beartaithe, amhail foirgneamh/foirgnimh agus an próiseas tionsclaíoch a chur san áireamh. Laistigh de theorainn an chórais sin, cinnfear an costas iomlán a bhaineann le teas agus cumhacht a sholáthar don dá chás agus cuirfear i gcomparáid é.

Cuimseofar sna lóid théite nó fuaraithe na lóid théite nó fuaraithe atá ann cheana, amhail suiteáil thionsclaíoch nó córas téimh nó fuaraithe ceantair atá ann cheana, agus chomh maith leis sin, i limistéir uirbeacha, an lód téite nó fuaraithe agus na costais a bheadh ann dá gcuirfí líonra téimh nó fuaraithe ceantair nua ar fáil do ghrúpa foirgneamh nó do chuid de chathair agus/nó dá nascfaí grúpa foirgneamh nó cuid de chathair le líonra téimh nó fuaraithe ceantair nua.

Beidh an measúnú costais is tairbhe bunaithe ar thuairisc ar an tsuiteáil atá beartaithe agus ar an tsuiteáil comparáide nó ar na suiteálacha comparáide, lena gcumhdaítear acmhainn leictreach agus theirmeach, de réir mar is infheidhme, cineál breosla, an úsáid atá beartaithe agus líon na n-uaireanta oibríochta atá beartaithe in aghaidh na bliana, suíomh agus leictreachas agus éileamh teirmeach.

Cuirfear na teicneolaíochtaí atá ann faoi láthair san áireamh sa mheasúnú ar an úsáid a bhaintear as dramhtheas. Cuirfear san áireamh sa mheasúnú úsáid dhíreach dramhtheasa nó a uasghrádú go leibhéil teochta níos airde, nó iad araon. I gcás aisghabháil dramhtheasa ar an láthair, déanfar measúnú ar úsáid malartóirí teasa, teaschaidéal, agus teicneolaíochtaí teasa agus cumhachta ar a laghad. I gcás aisghabháil dramhtheasa lasmuigh den láthair, déanfar ar a laghad suiteálacha tionsclaíocha, láithreáin talmhaíochta agus líonraí le haghaidh téamh ceantair a mheasúnú mar phointí éilimh féideartha.

Chun críche na comparáide, cuirfear san áireamh an t-éileamh ar fhuinneamh teirmeach agus na cineálacha téimh agus fuaraithe arna n-úsáid ag na pointí éilimh téimh nó fuaraithe in aice láimhe. Cumhdóidh an chomparáid costais a bhaineann le bonneagar don tsuiteáil bheartaithe agus comparáide.

Áireofar sa mheasúnú costais is tairbhe chun críocha Airteagal 24(4) anailís eacnamaíoch lena gcumhdófar anailís airgeadais a léireoidh idirbhearta sreafa airgid iarbhír ó infheistiú i suiteálacha aonair agus ó oibriú suiteálacha aonair.

Is iad na tionscadail a bhfuil toradh dearfach costais is tairbhe orthu na tionscadail sin ina sáraíonn suim na sochar lascainithe san anailís eacnamaíoch agus airgeadais suim na gcostas lascainithe (barrachas costais is tairbhe).

Socróidh na Ballstáit prionsabail threoracha le haghaidh na modheolaíochta, na dtoimhdí agus na tréimhse ama don anailís eacnamaíoch.

Féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar na cuideachtaí atá freagrach as suiteálacha giniúna leictreachais theirmigh, cuideachtaí tionsclaíocha, líonraí téimh agus fuaraithe ceantair a oibriú, nó ar pháirtithe eile a bhfuil tionchar ag teorainn shainithe an chórais agus ag teorainn gheografach shainithe orthu sonraí a chur ar fáil chun measúnú a dhéanamh ar chostais agus ar thairbhí suiteála aonair.

IARSCRÍBHINN XI

RÁTHAÍOCHT TIONSCNAIMH LE HAGHAIDH LEICTREACHAS ARNA THÁIRGEADH Ó CHOMHGHINIÚINT ARDÉIFEACHTACH

(a)

Déanfaidh na Ballstáit bearta chun an méid seo a leanas a áirithiú:

(i)

maidir le ráthaíocht tionscnaimh an leictreachais a tháirgtear ó chomhghiniúint ardéifeachtach:

gur féidir le táirgeoirí a léiriú léi go dtáirgtear an leictreachas a dhíolann siad ó chomhghiniúint ardéifeachtach agus go n-eisítear é chuige sin má iarrann an táirgeoir a leithéid;

go bhfuil sí cruinn, iontaofa agus calaoisdíonach;

go ndéanfar í a eisiúint, a aistriú agus a chur ar ceal go leictreonach;

(ii)

nach gcuirfear an t-aonad céanna fuinnimh ó chomhghiniúint ardéifeachtach san áireamh ach aon uair amháin.

(b)

Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad sa ráthaíocht tionscnaimh dá dtagraítear in Airteagal 24(10):

(i)

céannacht, suíomh, cineál agus acmhainn (theirmeach agus leictreach) na suiteála inar táirgeadh an fuinneamh;

(ii)

na dátaí agus na háiteanna táirgthe;

(iii)

luach calrach níos ísle na foinse breosla ónar táirgeadh an leictreachas;

(iv)

cainníocht agus úsáid an teasa a ghintear in éineacht leis an leictreachas;

(v)

cainníocht an leictreachais ó chomhghiniúint ardéifeachtach i gcomhréir le hIarscríbhinn III ar a ndéanann an ráthaíocht ionadaíocht.

(vi)

an coigealtas fuinnimh phríomhúil a ríomhtar i gcomhréir le hIarscríbhinn III agus atá bunaithe ar na luachanna tagartha éifeachtúlachta comhchuibhithe a léirítear i bpointe (f) d’Iarscríbhinn III;

(vii)

éifeachtúlacht ainmniúil leictreach agus theirmeach an ghléasra;

(viii)

cé acu a thairbhigh nó nár thairbhigh an tsuiteáil den tacaíocht infheistíochta agus a mhéid a thairbhigh sí;

(ix)

cibé ar thairbhigh agus mhéid a thairbhigh an t-aonad fuinnimh den scéim náisiúnta tacaíochta ar aon bhealach eile, agus cineál na scéime tacaíochta;

(x)

an dáta a cuireadh an tsuiteáil i mbun feidhme; agus

(xi)

an dáta eisiúna agus tír na heisiúna, agus uimhir aitheantais uathúil.

An méid caighdeánach 1 MWh a bheidh sa ráthaíocht tionscnaimh. Bainfidh sé leis an nglanaschur leictreachais arna thomhas ag teorainn an stáisiúin agus arna onnmhairiú chuig an eangach.

IARSCRÍBHINN XII

CRITÉIR ÉIFEACHTÚLACHTA FUINNIMH LE HAGHAIDH RIALÁIL AN LÍONRA FUINNIMH AGUS LE HAGHAIDH TARAIFÍ LÍONRA LEICTREACHAIS

1.

Beidh na taraifí líonra costas-léiritheach maidir le coigilteas a bhaineann le costas i líonraí a bhainfear amach ó bhearta ar thaobh an éilimh agus ó bhearta mar fhreagairt don éileamh agus ó ghiniúint dháilte, lena n-áirítear an coigilteas a eascraíonn as an gcostas seachadta nó na hinfheistíochta a ísliú agus as feidhmiú barrmhaith an líonra.

2.

Ní chuirfidh rialáil líonra ná taraifí cosc ar oibreoirí líonraí ná ar mhiondíoltóirí fuinnimh seirbhísí córais a chur ar fáil do bhearta freagartha don éileamh, do bhainistiú éilimh agus do ghiniúint dháilte ar mhargaí leictreachais eagraithe, go háirithe an méid seo a leanas:

(a)

an lód a aistriú ó bhuaicamanna go hamanna beagéilimh ag custaiméirí deiridh agus infhaighteacht fuinnimh in-athnuaite, fuinnimh ó chomhghiniúint agus giniúint dháilte á gcur san áireamh;

(b)

an coigilteas fuinnimh ó fhreagairt éilimh na dtomhaltóirí dáilte ag comhbhailitheoirí fuinnimh;

(c)

laghdú ar éileamh ó bhearta éifeachtúlachta fuinnimh a dhéanann soláthraithe seirbhísí fuinnimh, lena n-áirítear cuideachtaí seirbhísí fuinnimh;

(d)

nascadh agus seoladh foinsí giniúna ar leibhéil voltais níos ísle;

(e)

foinsí giniúna a nascadh ó shuíomh atá níos gaire don ídiú; agus

(f)

an stóráil fuinnimh.

Chun críocha na forála seo, áireofar leis an téarma “margaí leictreachais eagraithe” margaí thar an gcuntar agus malartuithe leictreachais chun fuinneamh, acmhainn, cothromú agus seirbhísí coimhdeacha a thrádáil i ngach creat ama, lena n-áirítear réamh-mhargaí, margaí lá roimh ré agus margaí ionlae.

3.

Féadfaidh taraifí líonra nó miondíola tacú leis an bpraghsáil dhinimiciúil don éileamh maidir le bearta freagartha na gcustaiméirí deiridh, amhail:

(a)

taraifí am úsáide;

(b)

buaicphraghsáil chriticiúil;

(c)

praghsáil fíor-ama; agus

(d)

lacáistí buaic-ama.

IARSCRÍBHINN XIII

CEANGLAIS ÉIFEACHTÚLACHTA FUINNIMH D’OIBREOIRÍ CÓRAIS TARCHURTHA AGUS D’OIBREOIRÍ CÓRAIS DÁILEACHÁIN

Déanfaidh oibreoirí córais tarchurtha agus oibreoirí córais dáileacháin an méid seo a leanas:

(a)

a rialacha caighdeánacha a bhunú agus a chur ar fáil don phobal, ar rialacha iad a bhaineann le costais maidir le hoiriúnuithe teicniúla a iompar agus a roinnt, amhail nascadh leis an eangach, atreisiú na heangaí agus tabhairt isteach eangach nua, feabhas a chur ar fheidhmiú na heangaí agus ar na rialacha maidir le cur chun feidhme neamh-idirdhealaitheach na gcód eangaí, rud atá riachtanach d'fhonn táirgeoirí nua a chuireann leictreachas a ghintear as comhghiniúint ardéifeachtach leis an eangach idirnasctha a lánpháirtiú;

(b)

an fhaisnéis chuimsitheach agus riachtanach is gá a sholáthar d’aon táirgeoir nua leictreachais, leictreachas arna tháirgeadh ó chomhghiniúint ardéifeachtach, ar mian leis a bheith nasctha leis an gcóras, lena n-áirítear:

(i)

meastachán cuimsitheach mionsonraithe de na costais a bhaineann leis an nascadh;

(ii)

tráthchlár réasúnach cruinn chun an iarraidh ar nascadh leis an eangach a fháil agus a phróiseáil;

(iii)

tráthchlár réasúnach táscach d’aon nascadh beartaithe leis an eangach. Níor cheart an próiseas foriomlán atá le nascadh leis an eangach a bheith níos faide ná 24 mhí, agus aird á tabhairt ar a bhfuil indéanta agus neamh-idirdhealaitheach le réasún;

(c)

nósanna imeachta caighdeánaithe agus simplithe a sholáthar chun táirgeoirí comhghiniúna dáilte ardéifeachtacha a nascadh chun a nasc leis an eangach a éascú.

Beidh na rialacha caighdeánacha dá dtagraítear i bpointe (a) bunaithe ar chritéir oibiachtúla, thrédhearcacha agus neamh-idirdhealaitheacha, agus aird ar leith á tabhairt ar na costais agus ar na sochair uile a bhaineann le nascadh na dtáirgeoirí sin leis an eangach. Féadfaidh siad foráil a dhéanamh maidir le cineálacha éagsúla naisc.

IARSCRÍBHINN XIV

ÍTIMÍ ÍOSTA ATÁ LE HÁIREAMH I GCONARTHAÍ FEIDHMÍOCHTA FUINNIMH NÓ SNA SONRAÍOCHTAÍ TAIRISCEANA GAOLMHARA

Torthaí/moltaí ar anailís/iniúchadh a rinneadh sular tugadh an conradh i gcrích a chumhdaíonn úsáid fuinnimh an fhoirgnimh d’fhonn bearta feabhsúcháin éifeachtúlachta fuinnimh a chur i bhfeidhm.

Liosta soiléir trédhearcach de na bearta éifeachtúlachta atá le cur chun feidhme nó de na torthaí éifeachtúlachta atá le fáil.

An coigilteas ráthaithe atá le baint amach trí bhearta an chonartha a chur chun feidhme.

Fad agus garspriocanna an chonartha, na téarmaí agus an tréimhse fógra.

Liosta soiléir trédhearcach d’oibleagáidí gach páirtí chonarthaigh.

Dáta(í) tagartha chun an coigilteas a baineadh amach a shuíomh.

Liosta soiléir trédhearcach de na bearta atá le déanamh chun beart nó pacáiste beart a chur chun feidhme agus, i gcás inarb ábhartha, na costais ghaolmhara.

Oibleagáid chun na bearta sa chonradh agus doiciméadacht na n-athruithe uile a rinneadh le linn an tionscadail a chur chun feidhme go hiomlán.

Rialacháin lena sonraítear cuimsiú na gceanglas coibhéiseach in aon fhochonraitheoireacht le tríú páirtithe.

Léiriú soiléir trédhearcach ar impleachtaí airgeadais an tionscadail agus dáileadh sciar an dá pháirtí sa choigilteas airgid a baineadh amach (i.e. luach saothair an tsoláthraí seirbhíse).

Forálacha soiléire trédhearcacha maidir le tomhas agus fíorú an choigiltis ráthaithe a bhaintear amach, na seiceálacha cáilíochta agus na ráthaíochtaí.

Forálacha lena soiléirítear an nós imeachta chun déileáil le coinníollacha creata athraitheacha a dhéanann difear d’ábhar agus do thoradh an chonartha (i.e. praghsanna athraitheacha fuinnimh, déine úsáide suiteála).

Faisnéis mhionsonraithe faoi oibleagáidí gach páirtí chonarthaigh agus faoi na pionóis i leith a sáraithe.

IARSCRÍBHINN XV

Cuid A

Treoir aisghairthe agus liosta de na leasuithe comhleanúnacha a rinneadh uirthi

(dá dtagraítear in Airteagal 36)

Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus agus ón gComhairle (IO L 315, 14.11.2012, lch. 1)

 

Treoir 2013/12/AE ón gComhairle (IO L 141, 28.5.2013, lch. 28)

 

Treoir (AE) 2018/844 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 156, 19.6.2018, lch. 75)

Airteagal 2 agus an tAirteagal sin amháin

Treoir (AE) 2018/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 210)

 

Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1)

Airteagal 54 agus an tAirteagal sin amháin

Cinneadh (AE) 2019/504 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 85 I , 27.3.2019, lch. 66)

Airteagal 1 agus an tAirteagal sin amháin

Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/826 ón gCoimisiún, (IO L 137, 23.5.2019, lch. 3)

 

Treoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 158, 14.6.2019, lch. 125)

Airteagal 70 agus an tAirteagal sin amháin

Cuid B

Teorainneacha ama do thrasuí sa dlí náisiúnta

(dá dtagraíear in Airteagal 36)

Treoir

Teorainn ama don trasuí

2012/27/AE (oiriúnaithe)

5 Meitheamh 2014

(AE) 2018/844

10 Márta 2020

(AE) 2018/2002

An 25 Meitheamh 2020, seachas pointí 5 go 10 d’Airteagal 1 agus pointí 3 agus 4 den Iarscríbhinn

An 25 Deireadh Fómhair 2020 a mhéid a bhaineann le pointí 5 go 10 d’Airteagal 1 agus pointí 3 agus 4 den Iarscríbhinn

(AE) 2019/944

An 31 Nollaig 2019 a mhéid a bhaineann le pointe 5(a) d’Airteagal 70

An 25 Deireadh Fómhair 2020 a mhéid a bhaineann le pointe (4) d’Airteagal 70

An 31 Nollaig 2020 a mhéid a bhaineann le pointí (1) go (3), (5)(b) agus (6) d’Airteagal 70

IARSCRÍBHINN XVI

TÁBLA COMHGHAOIL

Treoir 2012/27/AE

An Treoir seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2, an fhoclaíocht tosaigh

Airteagal 2, an fhoclaíocht tosaigh

Airteagal 2, pointe 1

Airteagal 2, pointe 1

Airteagal 2, pointí 2 agus 3

Airteagal 2, pointe 2

Airteagal 2, pointe 4

Airteagal 2, pointe 3

Airteagal 2, pointe 5

Airteagal 2, pointe 4

Airteagal 2, pointe 6

Airteagal 2, pointe 5

Airteagal 2, pointe 7

Airteagal 2, pointe 6

Airteagal 2, pointe 8

Airteagal 2, pointe 7

Airteagal 2, pointe 9

Airteagal 2, pointe 8

Airteagal 2, pointe 10

Airteagal 2, pointe 9

Airteagal 2, pointe 10

Airteagal 2, pointe 11

 

Airteagal 2, pointí 12 agus 13

Airteagal 2, pointe 11

Airteagal 2, pointe 14

Airteagal 2, pointe 12

Airteagal 2, pointe 15

Airteagal 2, pointe 13

Airteagal 2, pointe 16

Airteagal 2, pointe 14

Airteagal 2, pointe 17

Airteagal 2, pointe 15

Airteagal 2, pointe 18

Airteagal 2, pointe 16

Airteagal 2, pointe 19

Airteagal 2, pointe 17

Airteagal 2, pointe 20

Airteagal 2, pointe 18

Airteagal 2, pointe 21

Airteagal 2, pointe 19

Airteagal 2, pointe 22

Airteagal 2, pointe 20

Airteagal 2, pointe 23

Airteagal 2, pointe 21

Airteagal 2, pointe 24

Airteagal 2, pointe 22

Airteagal 2, pointe 25

Airteagal 2, pointe 23

Airteagal 2, pointe 26

Airteagal 2, pointe 24

Airteagal 2, pointe 27

Airteagal 2, pointe 25

Airteagal 2, pointe 28

Airteagal 2, pointe 26

Airteagal 2, pointe 27

Airteagal 2, pointe 29

Airteagal 2, pointe 28

Airteagal 2, pointe 30

Airteagal 2, pointe 29

Airteagal 2, pointe 31

Airteagal 2, pointe 30

Airteagal 2, pointe 32

Airteagal 2, pointe 31

Airteagal 2, pointe 33

Airteagal 2, pointe 32

Airteagal 2, pointe 34

Airteagal 2, pointe 33

Airteagal 2, pointe 35

Airteagal 2, pointe 34

Airteagal 2, pointe 36

Airteagal 2, pointe 35

Airteagal 2, pointe 37

Airteagal 2, pointe 36

Airteagal 2, pointe 38

Airteagal 2, pointe 37

Airteagal 2, pointe 39

Airteagal 2, pointe 38

Airteagal 2, pointe 40

Airteagal 2, pointe 39

Airteagal 2, pointe 41

Airteagal 2, pointe 40

Airteagal 2, pointe 41

Airteagal 2, pointe 42

Airteagal 2, pointe 42

Airteagal 2, pointe 43

Airteagal 2, pointe 43

Airteagal 2, pointe 44

Airteagal 2, pointe 45

Airteagal 2, pointí 44 agus 45

Airteagal 2, pointí 46 agus 47

Airteagal 2, pointí 48, 2 agus 50

Airteagal 3

Airteagal 4(1)

Airteagal 3(1), an chéad fhomhír

Airteagal 4(2), an chéad fhomhír

Airteagal 3(1), an dara fomhír, an fhoclaíocht tosaigh

Airteagal 4(2), an dara fomhír, an fhoclaíocht tosaigh

Airteagal 3(1), an dara fomhír, pointí (a) agus (b)

Airteagal 4(2), an dara fomhír, pointí (a) agus (b)

Airteagal 3(1), an dara fomhír, pointe (c)

Airteagal 3(1), an dara fomhír, pointe (d)

Airteagal 4(2), an dara fomhír, pointe (c)

Airteagal 3(1), an tríú fomhír, an fhoclaíocht tosaigh

Airteagal 4(2), an dara fomhír, pointe (d), an fhoclaíocht tosaigh

Airteagal 4(2), an dara fomhír, pointí (d)(i), (ii) agus (iii)

Airteagal 3(1), an tríú fomhír, pointe (a)

Airteagal 4(2), an dara fomhír, pointe (d)(iv)

Airteagal 4(2), an dara fomhír, pointe (e), an fhoclaíocht tosaigh

Airteagal 3(1), an tríú fomhír, pointe (b)

Airteagal 4(2), an dara fomhír, pointe (e)(i)

Airteagal 3(1), an tríú fomhír, pointe (c)

Airteagal 4(2), an dara fomhír, pointe (e)(ii)

Airteagal 3(1), an tríú fomhír, pointe (d)

Airteagal 4(2), an dara fomhír, pointe (e)(iii)

Airteagal 3(1), an tríú fomhír, pointe (e)

Airteagal 3(2) agus (3)

Airteagal 3(4)

Airteagal 33(6)

Airteagal 3(5) agus (6)

Airteagal 4(3)

Airteagal 4(4)

Airteagal 5

Airteagal 5(1), an chéad fhomhír

Airteagal 6(1), an chéad fhomhír

Airteagal 5(1), an dara fomhír

Airteagal 5(1), an tríú fomhír

Airteagal 6(1), an dara fomhír

Airteagal 5(1), an ceathrú agus an cúigiú fomhír

Airteagal 5(2) agus (3)

Airteagal 5(4)

Airteagal 6(2)

Airteagal 5(5)

Airteagal 6(3)

Airteagal 5(6) agus (7)

Airteagal 6(1), an chéad fhomhír

Airteagal 7(1), an chéad fhomhír

Airteagal 6(1), an dara fomhír

Airteagal 7(1), an dara fomhír

Airteagal 6(1), an tríú fomhír

Airteagal 6(2), (3) agus (4)

Airteagal 7(2), (3) agus (4)

Airteagal 7(5) agus (6)

Airteagal 7(7), an dara fomhír

Airteagal 7(1), an fhoclaíocht tosaigh, pointí (a) agus (b)

Airteagal 8(1), an fhoclaíocht tosaigh, pointí (a) agus (b)

Airteagal 8(1), pointe (c)

Airteagal 7(1), an dara fomhír

Airteagal 8(5)

Airteagal 7(1), an tríú fomhír

Airteagal 8(1), an dara fomhír

Airteagal 7(1), an ceathrú fomhír

Airteagal 8(1), an tríú fomhír

Airteagal 8(2), (3) agus (4)

Airteagal 7(2)

Airteagal 8(6)

Airteagal 7(3)

Airteagal 8(7)

Airteagal 7(4)

Airteagal 8(8)

Airteagal 7(5)

Airteagal 8(9)

Airteagal 7(6)

Airteagal 8(10)

Airteagal 7(7)

Airteagal 7(8)

Airteagal 7(9)

Airteagal 7(10)

Airteagal 7(11)

 

Airteagal 8(11), (12) agus (13)

Airteagal 7(12)

Airteagal 8(14)

Airteagail 7a (1), (2) agus (3)

Airteagal 9(1), (2) agus (3)

Airteagal 9(4), (5) agus (6)

Airteagail 7a (4) agus (5)

Airteagal 9(7) agus (8)

Airteagal 9(9)

Airteagail 7a (6) agus (7)

Airteagal 9(10) agus (11)

Airteagal 7b (1) agus (2)

Airteagal 10(1) agus (2)

Airteagal 10(3) agus (4)

Airteagal 11(1) agus (2)

Airteagal 8(1) agus (2)

Airteagal 11(3) agus (4)

Airteagal 8(3) agus (4)

Airteagal 11(5)

Airteagal 8(5)

Airteagal 11(6)

Airteagal 11(7)

Airteagal 8(6)

Airteagal 11(8)

Airteagal 8(7)

Airteagal 11(9)

Airteagal 11(10)

Airteagal 9

Airteagal 12

Airteagal 9a

Airteagal 13

Airteagal 9b

Airteagal 14

Airteagal 9c

Airteagal 15

Airteagal 10

Airteagal 16

Airteagal 10a

Airteagal 17

Airteagal 11

Airteagal 18

Airteagal 11a

Airteagal 19

Airteagal 20

Airteagal 21(1)

Airteagal 12(1)

Airteagal 21(2)

Airteagal 12(2), an fhoclaíocht tosaigh agus pointe (a), fophointí (i) go (v)

Airteagal 21(2), an dara fomhír, fophointí (i) go (v)

Airteagal 21(2), an dara fomhír, fophointe (vi)

Airteagal 12(2), pointe (b)

Airteagal 21(2), an tríú fomhír

Airteagal 21(2), an tríú fomhír, pointe (i)

Airteagal 12(2), pointe (b), fophointí (i) agus (ii)

Airteagal 21(2), an tríú fomhír, pointí (ii) agus (iii)

Airteagal 21(2), an tríú fomhír, pointe (iv)

Airteagal 21(4)

Airteagal 21(5), an tríú fomhír agus an ceathrú fomhír

Airteagal 22

Airteagal 13

Airteagal 30

Airteagal 14(1) agus (2)

Airteagal 23(1) agus (2)

Airteagal 14(3)

Airteagal 23(3), an chéad fhomhír

Airteagal 23(3), an dara fomhír

Airteagal 14(4)

Airteagal 23(4)

Airteagal 23(5) agus (6)

Airteagal 24(1), (2) agus (3)

Airteagal 14(5), an fhoclaíocht tosaigh agus pointe (a)

Airteagal 24(4), an fhoclaíocht tosaigh agus pointe (a)

Airteagal 14(5) pointí (b), (c) agus (d)

Airteagal 24(4) pointí (b), (c) agus (d) agus an dara fomhír

Airteagal 14(5), an dara agus an tríú fomhír

Airteagal 24(4), an tríú fomhír agus an ceathrú fomhír

Airteagal 14(6), pointe (a)

Airteagal 24(5), pointe (a)

Airteagal 14(6), pointe (b)

Airteagal 14(6), pointe (c)

Airteagal 24(5), pointe (b)

Airteagal 24(5), pointe (c)

Airteagal 14(6), an dara agus an tríú fomhír

Airteagal 24(5), an dara agus an tríú fomhír

Airteagal 14(7), (8) agus (9)

Airteagal 24(6), (7) agus (8)

Airteagal 24(9)

Airteagal 14(10) agus (11)

Airteagal 24(10) agus (11)

Airteagal 15(1), an chéad fhomhír

Airteagal 25(1)

Airteagal 15(1), an dara agus an tríú fomhír

Airteagal 25(2), (3) agus (4)

Airteagal 15(1), an ceathrú fomhír

Airteagal 25(5)

Airteagal 15(2) agus (2 a)

Airteagal 15(3), (4) agus (5), an chéad fhomhír

Airteagal 25(6), (7) agus (8)

Airteagal 15(5), an dara fomhír

Airteagal 15(6), an chéad fhomhír

Airteagal 15(6), an dara fomhír

Airteagal 25(9)

Airteagal 15(7)

Airteagal 25(10)

Airteagal 15(9), an chéad fhomhír

Airteagal 25(11)

Airteagal 15(9), an dara fomhír

Airteagal 16(1) agus (2)

Airteagal 26(1) agus (2)

Airteagal 16(3)

Airteagal 26(3)

Airteagal 26(4)

Airteagal 17(1), an chéad fhomhír

Airteagal 17(1), an dara fomhír

Airteagal 28(3)

Airteagal 17(2)

Airteagal 21(3)

Airteagal 17(3)

Airteagal 17(4)

Airteagal 17(5)

Airteagal 21(6)

Airteagal 18(1), an fhoclaíocht tosaigh

Airteagal 27(1), an fhoclaíocht tosaigh

Airteagal 18(1), pointe (a), fophointí (i) agus (ii)

Airteagal 27(1), pointí (a) agus (b)

Airteagal 27(1) pointí (c) agus (d)

Airteagal 18(1), pointe (b)

Airteagal 27(2)

Airteagal 18(1), pointe (c)

Airteagal 27(3)

Airteagal 27(4)

Airteagal 18(1), pointe (d), fophointí (i) agus (ii)

Airteagal 27(5), pointí (a) agus (b)

Airteagal 27(5), pointe (c)

Airteagal 18(2), pointí (a) agus (b)

Airteagal 27(6), pointí (a) agus (b)

Airteagal 18(2) pointí (c) agus (d)

Airteagal 27(6), pointe (c)

Airteagal 27(7)

Airteagal 18(3)

Airteagal 27(8)

Airteagal 19(1), pointe (a)

Airteagal 21(5), an chéad fhomhír

Airteagal 19(1), pointe (b)

Airteagal 7(7), an chéad fhomhír

Airteagal 19(1), an dara fomhír

Airteagal 21(5), an dara fomhír

Airteagal 19(2)

Airteagal 20(1) agus (2)

Airteagal 28(1) agus (2)

Airteagal 28(3)

Airteagail 20(3), (3a), (3b) agus (3c)

Airteagal 28(4), (5), (6) agus (7)

Airteagal 20(3d)

Airteagal 28(8), an chéad fhomhír

Airteagal 28(8), an dara fomhír

Airteagal 20(4), (5), (6) agus (7)

Airteagal 28(9), (10), (11) agus (12)

Airteagal 21

Airteagal 29(1)

Airteagal 29(2), (3), (4), (5), (6) agus (7)

Airteagal 22(1) agus (2)

Airteagal 31(1) agus (2)

Airteagal 31(3)

Airteagal 23

Airteagal 32

Airteagail 24(4a), (5) agus (6)

Airteagal 33(1), (2) agus (3)

Airteagal 24(7),(8), (9), (10), (12)

Airteagal 24(13) agus (14)

Airteagal 33(4) agus (5)

Airteagal 24(15), an fhoclaíocht tosaigh

Airteagal 33(7), an fhoclaíocht tosaigh

Airteagal 24(15), pointe (a)

Airteagal 24(15), pointe (b)

Airteagal 33(7), pointe (a)

 

Airteagal 33(7), pointí (c), (d), (e) agus (f)

Airteagal 24(15), an dara fomhír

Airteagal 33(7), an dara fomhír

Airteagal 25

Airteagal 26

Airteagal 34

Airteagal 27, an chéad fhomhír

Airteagal 36, an chéad fhomhír

Airteagal 27, an dara fomhír

Airteagal 27, an tríú fomhír

Airteagal 36, an dara fomhír

Airteagal 27(2) agus (3)

Airteagal 28(1), an chéad fhomhír

Airteagal 35(1), an chéad fhomhír

Airteagal 28(1), an dara fomhír

Airteagal 28(1), an tríú fomhír agus an ceathrú fomhír

Airteagal 35(1), an dara agus an tríú fomhír

Airteagal 28(2)

Airteagal 35(2)

Airteagal 29

Airteagal 37

Airteagal 30

Airteagal 38

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn III

Iarscríbhinn III

Iarscríbhinn IV

Iarscríbhinn IV

Iarscríbhinn V

Iarscríbhinn V

Iarscríbhinn VI

Iarscríbhinn VI

Iarscríbhinn VII

Iarscríbhinn VII

Iarscríbhinn VIIa

Iarscríbhinn VIII

Iarscríbhinn VIII

Iarscríbhinn IX

Iarscríbhinn IX

Iarscríbhinn X

Iarscríbhinn X

Iarscríbhinn XI

Iarscríbhinn XI

Iarscríbhinn XII

Iarscríbhinn XII

Iarscríbhinn XIII

Iarscríbhinn XIII

Iarscríbhinn XIV

Iarscríbhinn XV

Iarscríbhinn XV

Iarscríbhinn XVI


(1)  Tarchuireadh an ní ar ais chuig an gcoiste freagrach le haghaidh idirbheartaíocht idirinstitiúideach de bhun Riail 59(4), an ceathrú fomhír (A9-0221/2022).

(*1)  Leasuithe: léirítear téacs nua nó leasaithe le cló trom iodálach; léirítear téacs atá scriosta trí leas a bhaint as an tsiombail ▌.

(2)  IO C 152, 6.4.2022, lch. 134.

(3)  IO C […], […], lch. […].

(4)  Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, lena leasaítear Treoir 2009/125/CE agus Treoir 2010/30/AE agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/8/CE agus Treoir 2006/32/CE (IO L 315, 14.11.2012, lch. 1).

(5)  Féach Iarscríbhinn XV, Cuid A.

(6)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún Dlús a chur le huaillmhian 2030 na hEorpa maidir leis an aeráid – Infheistiú i dtodhchaí atá neodrach ó thaobh na haeráide de chun leas an phobail, COM(2020)0562.

(7)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún An Comhaontú Glas don Eoraip, COM(2019)0640.

(8)  https://www.consilium.europa.eu/media/47296/1011-12-20-euco-conclusions-en.pdf.

(9)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún Clár Oibre an Choimisiúin le haghaidh 2021 – Aontas beoga i ndomhan leochaileach COM(2020)0690.

(10)  Pláinéad Glan do Chách – Fís straitéiseach fhadtéarmach Eorpach le haghaidh geilleagar a bheidh rathúil, nua-aimseartha, iomaíoch agus neodrach ó thaobh na haeráide de (COM(2018)0773), fís ina ndéanfar measúnú ar ról na héifeachtúlachta fuinnimh mar choinníoll sine qua non le haghaidh gach cás dícharbónaithe.

(11)  Féach freisin An Coimisiún Eorpach, Tuarascáil staidéir deiridh, Teicneolaíochtaí Néalríomhaireachta atá tíosach ar Fhuinneamh agus Beartais le haghaidh Néalríomahireachta atá neamhdíobhálach don chomhshaol, https://digital-strategy.ec.europa.eu/en/library/energy-efficient-cloud-computing-technologies-and-policies-eco-friendly-cloud-market.

(12)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – Todhchaí Dhigiteach na hEorpa a Mhúnlú, COM(2020)0067.

(13)  IO L 198, 22.6.2020, lch. 13.

(14)  Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 94/22/CE, Treoir 98/70/CE, Treoir 2009/31/CE, Treoir 2009/73/CE, Treoir 2010/31/AE, Treoir 2012/27/AE agus Treoir 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, PE/55/2018/REV/1, IO L 328, 21.12.2018, lch. 1.

(15)  Straitéis de chuid an Aontais maidir le Comhtháthú Córais Fuinnimh COM(2020)0299.

(16)  Rialachán (AE) 2022/869 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagar tras-Eorpach fuinnimh, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2009, (AE) 2019/942 agus (AE) 2019/943 agus Treoracha 2009/73/CE agus (AE) 2019/944, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 (IO L 152, 3.6.2022, lch. 45).

(17)  Treoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE (IO L 158, 14.6.2019, lch. 125).

(18)  Moladh ón gCoimisiún maidir le bochtaineacht fuinnimh, C(2020) 9600 final.

(19)  Treoir 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach sa ghás nádúrtha agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/55/CE (IO L 211, 14.8.2009, lch. 94).

(20)  Treoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 2010 maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (IO L 153, 18.6.2010, lch. 13).

(21)  Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat chun na ceanglais éicidhearthóireachta do tháirgí a bhaineann le fuinneamh a shocrú; Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2017 lena leagtar amach creat maidir le lipéadú fuinnimh agus Rialachán (AE) 2020/740 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 2020 maidir le lipéadú bonn i ndáil le héifeachtúlacht breosla agus paraiméadair eile faoi seach.

(22)  Ina theannta sin, beidh cur chun feidhme na n-athbhreithnithe táirge faoin bPlean Oibre Éicidhearthóireachta 2020-2024 agus faoin bplean gníomhaíochta “Rabharta Athchóiriúcháin”, in éineacht leis an athbhreithniú ar EPBD, ina rannchuidiú tábhachtach chun sprioc éifeachtúlachta fuinnimh 2030 a bhaint amach.

(23)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, chuig Coiste na Réigiún agus chuig an mBanc Eorpach Infheistíochta – Pláinéad Glan do Chách – fís straitéiseach fhadtéarmach Eorpach chun geilleagar rachmasach, nua-aimseartha, iomaíoch agus aeráidneodrach a bhaint amach (COM(2018)0773).

(24)  Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65).

(25)  COM(2020)0562.

(26)  Féach IRP, Éifeachtúlacht Acmhainní agus an tAthrú Aeráide, 2020, agus Tuarascáil Bhearna Astaíochtaí 2019 na Náisiún Aontaithe. Tagraíonn na figiúirí sin d’úsáid agus d’oibriú foirgneamh, lena n-áirítear astaíochtaí indíreacha san earnáil cumhachta agus teasa, ní dá saolré iomlán. Meastar gurb ionann an carbón corpraithe i dtáirgí foirgníochta agus thart ar 10 % d’iomlán na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa ar fud an domhain.

(27)  COM(2020)0662.

(28)  Treoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 2010 maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (IO L 153, 18.6.2010, lch. 13).

(29)  https://www.unfpa.org/world-population-trends

(30)  https://www.un.org/en/ecosoc/integration/pdf/fact_sheet.pdf

(31)  Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le conarthaí lamháltais a dhámhachtain (IO L 94, 28.3.2014, lch. 1).

(32)  Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65).

(33)  Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) (IO L 334, 17.12.2010, lch. 17).

(34)  Treoir (AE) 2016/2284 ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 maidir le hastaíochtaí náisiúnta truailleán áirithe san aer a laghdú, lena leasaítear Treoir 2003/35/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/81/CE (IO L 344, 17.12.2016, lch. 1).

(35)  Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).

(36)  IEA (an Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh) (2021), Net Zero by 2050 A Roadmap for the Global Energy Sector [Neodracht Charbóin faoi 2050: Treochlár don Earnáil Fuinnimh Dhomhanda], https://www.iea.org/reports/net-zero-by-2050

(37)  Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhaíocht ar son na haeráide chun na gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 (IO L 156, 19.6.2018, lch. 26).

(38)  MOLADH ÓN gCOIMISIÚN an 14.10.2020 maidir le bochtaineacht fuinnimh, C(2020) 9600 final.

(39)  https://digital-strategy.ec.europa.eu/en/library/energy-efficient-cloud-computing-technologies-and-policies-eco-friendly-cloud-market

(40)  Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (“An Dlí Aeráide Eorpach”) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).

(41)  Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha IO L 334, 17.12.2010, lch. 17).

(42)  Treoir 2009/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 23 Aibreán 2009 maidir le stóráil gheolaíoch dé-ocsaíd charbóin (IO L 140, 5.6.2009, lch. 114).

(43)   Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).

(44)  Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir leis an margadh inmheánach don leictreachas (IO L 158, 14.6.2019, lch. 54).

(45)  Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le coinníollacha le haghaidh rochtain ar na líonraí tarchurtha gáis nádúrtha (IO L 211, 14.8.2009, lch. 36).

(46)  CECS, Prionsabal 20 “Rochtain ar sheirbhísí riachtanacha”: https://ec.europa.eu/info/strategy/priorities-2019-2024/economy-works-people/jobs-growth-and-investment/european-pillar-social-rights/european-pillar-social-rights-20-principles_ga

(47)  Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta, COM(2021)0568.

(48)  https://ec.europa.eu/eurostat/documents/1015035/8885635/guide_to_statistical_treatment_of_epcs_en.pdf/f74b474b-8778-41a9-9978-8f4fe8548ab1

(49)  Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil lamháltas i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).

(50)  Cinneadh Uimh. 406/2009/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le hiarrachtaí na mBallstát chun a n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú chun gealltanais an Chomhphobail a chomhlíonadh go dtí 2020 maidir lena n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú (IO L 140, 5.6.2009, lch. 136).

(51)  Cinneadh 2014/746/AE ón gCoimisiún an 27 Deireadh Fómhair 2014 lena gcinntear, de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, liosta earnálacha agus fo-earnálacha a mheastar a bheith i mbaol suntasach sceite carbóin, don tréimhse 2015 go dtí 2019 (IO L 308, 29.10.2014, lch. 114).

(52)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(53)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(54)  Rialachán (CE) Uimh. 1099/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2008 maidir le staidreamh i dtaca le fuinneamh (IO L 304, 14.11.2008, lch. 1).

(55)  Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65).

(56)   Moladh ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).

(57)   Rialachán (AE) 2022/132 ón gCoimisiún an 28 Eanáir 2022 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1099/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le staidreamh fuinnimh, a mhéid a bhaineann le nuashonraithe a chur chun feidhme ar an staidreamh fuinnimh bliantúil agus gearrthéarmach míosúil (IO L 20, 31.1.2022, lch. 208).

(58)   Moladh (AE) 2021/1749 ón gCoimisiún an 28 Meán Fómhair 2021 dar teideal Tús áite don Éifeachtúlacht Fuinnimh: ó phrionsabail go cleachtas — Treoirlínte agus samplaí dá chur chun feidhme sa chinnteoireacht san earnáil fuinnimh agus níos faide i gcéin.

(59)  Socraíodh agus ríomhadh sprioc éifeachtúlachta fuinnimh an Aontais ar dtús agus úsáid á baint as réamh-mheastacháin Chás Tagartha 2007 do 2030 mar bhunlíne. Leis an athrú ar mhodheolaíocht Eurostat chun cothromaíocht fuinnimh a ríomh agus feabhsuithe ar réamh-mheastacháin samhaltaithe ina dhiaidh sin, is gá an bunlíne a athrú. Dá bhrí sin, agus an cur chuige céanna á úsáid chun an sprioc a shainiú, is é sin le rá é a chur i gcomparáid leis na réamh-mheastacháin bhunlíne amach anseo, leagtar síos uaillmhian sprioc éifeachtúlachta fuinnimh an Aontais do 2030 i gcomparáid le réamh-mheastacháin Chás Tagartha 2020 do 2030 a léiríonn rannchuidithe náisiúnta ó NECPanna. Leis an mbunlíne nuashonraithe sin, beidh ar an Aontas a uaillmhian maidir le héifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú 9 % ar a laghad in 2030 i gcomparáid le leibhéal na n-iarrachtaí a rinneadh faoi Chás Tagartha 2020. Ní dhéanann an bealach nua chun leibhéal uaillmhéine spriocanna an Aontais a chur in iúl difear don leibhéal iarrachta atá ag teastáil.

(60)  Treoir 2009/81/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú na nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí oibreacha, soláthair agus seirbhíse áirithe ag údaráis nó eintitis chonarthacha i réimsí na cosanta agus na slándála, (IO L 216, 20.8.2009, lch. 76).

(61)  Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an Dé Máirt 4 Iúil 2017 lena leagtar amach creat i gcomhair lipéadú fuinnimh agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/30/AE (IO L 198, 28.7.2017, lch. 1).

(62)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 an 19 Nollaig 2018 maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 601/2012 ón gCoimisiún, IO L 334, 31.12.2018, lch. 1–93.

(63)  Togra le haghaidh treoir ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN Gcomhairle lena leasaítear Treoir 2003/87/CE lena mbunaítear córas maidir le lámháltais astaíochtaí i gcás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Aontas, Cinneadh (AE) 2015/1814 i ndáil le cúlchiste cobhsaíochta margaidh a bhunú agus a fheidhmiú do scéim trádála an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa agus Rialachán (AE) 2015/757, (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) {SEC(2021) 551 final}-{SWD(2021) 557 final}-{SWD(2021) 601 final}-{SWD(2021) 602 final.

(64)  Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le ceart tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 304, 22.11.2011, lch. 64).

(65)  Treoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra (IO L 95, 21.4.1993, lch. 29).

(66)  Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoracha 2002/65/CE, 2009/110/CE agus 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/64/CE (IO L 337, 23.12.2015, lch. 35).

(67)  Treoir 2013/11/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le réiteach malartach díospóidí le haghaidh díospóidí tomhaltóirí agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2009/22/CE (IO L 165, 18.6.2013, lch. 63).

(68)  Treoir 2001/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2001 maidir le measúnú ar na héifeachtaí atá ag tionscadail áirithe phoiblí agus phríobháideacha ar an gcomhshaol (IO L 197, 21.7.2001, lch. 30).

(69)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2402 ón gCoimisiún an 12 Deireadh Fómhair 2015 lena n-athbhreithnítear luachanna tagartha éifeachtúlachta comhchuibhithe do tháirgeadh ar leithligh leictreachais agus teasa agus Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle á chur chun feidhme agus lena n-aistarraingítear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2011/877/AE ón gCoimisiún (IO L 333, 19.12.2015, lch. 54).

(70)  Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus maidir le faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93, (IO L 218, 13.8.2008, lch. 30–47).

(71)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 an 19 Nollaig 2018 maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 601/2012 ón gCoimisiún (IO L 334, 31.12.2018, lch. 1).

(72)  Cinneadh 2008/952/CE ón gCoimisiún an 19 Samhain 2008 lena mbunaítear treoirlínte mionsonraithe chun Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2004/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur chun feidhme agus a chur i bhfeidhm (IO L 338, 17.12.2008, lch. 55).

(73)  Rialachán (AE) 2020/740 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 2020 maidir le lipéadú bonn maidir le héifeachtúlacht breosla agus paraiméadair eile, lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1369 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1222/2009 (IO L 177, 5.6.2020, lch. 1).

(74)  25 Rialachán (AE) 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 do ghluaisteáin nua paisinéirí agus d’fheithiclí nua tráchtála éadroma, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 443/2009 agus (AE) Uimh. 510/2011 (IO L 111, 25.4.2019, lch. 13).

(75)  Treoir 2003/96/CE ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2003 lena ndéantar athstruchtúrú ar an gcreat Comhphobail le haghaidh cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas (IO L 283, 31.10.2003, lch. 51).

(76)  Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 347, 11.12.2006, lch. 1).

(77)  An méid fuinnimh theirmigh atá ag teastáil chun éileamh na n-úsáideoirí deiridh ar théamh agus ar fhuarú a shásamh.

(78)  Ba cheart na sonraí is déanaí atá ar fáil a úsáid.

(79)  Ba cheart na sonraí is déanaí atá ar fáil a úsáid.

(80)  I ndiaidh na modheolaíochta chun cainníocht an fhuinnimh in-athnuaite arna úsáid le haghaidh fuarú agus fuarú ceantair a ríomh a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 35 de Threoir (AE) 2018/2001, déanfar an “fuarú in-athnuaite” a shainaithint, i gcomhréir leis an Treoir sin. Go dtí sin, cuirfear i gcrích é i gcomhréir le modheolaíocht iomchuí náisiúnta.

(81)  Ba cheart don anailís ar an acmhainneacht eacnamaíoch an méid fuinnimh (in GWh) a fhéadann gach teicneolaíocht a ndearnadh anailís uirthi a ghiniúint in aghaidh na bliana a chur i láthair. Ba cheart na teorainneacha agus na hidirghaolta laistigh den chóras fuinnimh a chur san áireamh freisin. Féadfar samhlacha atá bunaithe ar thoimhdí a léiríonn feidhmiú cineálacha coiteanna teicneolaíochtaí nó córas a úsáid san anailís.

(82)  Lena n-áirítear an measúnú dá dtagraítear in Airteagal 15, mír 7 de Threoir (AE) 2018/2001.

(83)  Is é deireadh na bliana roimh an mbliain a mbeidh an measúnú cuimsitheach dlite roimh dheireadh na bliana an scoithdháta chun beartais a chur san áireamh don chás bunlíne. Is é sin le rá, ní gá beartais a chur san áireamh ar beartais iad a achtaítear laistigh de bhliain roimh an spriocdháta leis an measúnú cuimsitheach a chur isteach.

(84)  Áireofar san fhorbhreathnú sin bearta maoiniúcháin agus cláir a fhéadfar a ghlacadh thar thréimhse an mheasúnaithe chuimsithigh, gan dochar d’fhógra ar leithligh maidir leis na scéimeanna tacaíochta poiblí le haghaidh measúnú Státchabhrach.


5.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 125/374


P9_TA(2022)0316

Pá íosta leordhóthanach san Aontas Eorpach ***I

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Meán Fómhair 2022 Togra ón gCoimisiún le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le pá íosta leordhóthanach san Aontas Eorpach (COM(2020)0682 – C9-0337/2020 – 2020/0310(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

(2023/C 125/25)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle (COM(2020)0682),

ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus Airteagal 153(2) i gcomhar pointe (b) d’Airteagal 153(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra don Pharlaimint (C9-0337/2020),

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla maidir leis an mbunús dlí atá molta,

ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do na tuairimí réasúnaithe a thíolaic Parlaimint na Danmhairge, Parlaimint Mhálta agus Parlaimint na Sualainne, faoi chuimsiú Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm, á mhaíomh nach gcomhlíonann an dréachtghníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta,

ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 25 Márta 2021 (1),

ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún an 19 Márta 2021 (2),

ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 15 Meitheamh 2022 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialacha 59 agus 40 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta (A9-0325/2021),

1.

ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.

á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.

á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1)  IO C 220, 9.6.2021, lch. 106.

(2)  IO C 175, 7.5.2021, lch. 89.


P9_TC1-COD(2020)0310

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 14 Meán Fómhair 2022 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2022/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le pá íosta leordhóthanach san Aontas Eorpach

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Treoir (AE) 2022/2041.)


5.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 125/375


P9_TA(2022)0317

An Treoir maidir le Fuinneamh Inathnuaite ***I

Leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 14 Meán Fómhair 2022 maidir leis an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 98/70/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn, agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle (COM(2021)0557 – C9-0329/2021 – 2021/0218(COD)) (1)

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

[Leasú 1, mura léirítear a mhalairt]

(2023/C 125/26)

LEASUITHE Ó PHARLAIMINT NA hEORPA (*1)

ar an togra ón gCoimisiún

2021/0218 (COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 98/70/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn, agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle


Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 agus Airteagal 194(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (3),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Bunaítear leis an gComhaontú Glas don Eoraip (4) an cuspóir Aontas aeráidneodrach a bhaint amach in 2050 ar bhealach a chuirfidh le geilleagar na hEorpa, le fás agus le poist a chruthú. Leis an gcuspóir sin a bhaint amach, agus an cuspóir de ▌laghdú 55 % ar a laghad ar astaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 2030 mar a leagtar amach i  Rialachán (AE) 2021/1119 (an Dlí Aeráide Eorpach) , tá gá le haistriú fuinnimh agus le sciar i bhfad níos airde d’fhoinsí fuinnimh in-athnuaite i gcóras fuinnimh comhtháite.

(1a)

Leis an aistriú fuinnimh, déantar difear do Bhallstáit, réigiúin, earnálacha eacnamaíocha agus saoránaigh ar bhealaí éagsúla agus ag brath ar a staid ar leith. Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, a áirithiú go gcuirfear an Comhaontú Glas chun feidhme ar bhealach lena gcuirfear comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach chun cinn san Aontas agus go mbeidh an t-aistriú fuinnimh cóir agus cuimsitheach. Go háirithe, ní mór a áirithiú go seachnófar suaitheadh in earnálacha ríthábhachtacha a chomhlíonann bunriachtanais an gheilleagair agus na sochaí, amhail an tsoghluaisteacht.

(1b)

Is toisc bhunriachtanach táirgeachta é an fuinneamh a bhfuil éileamh leanúnach air agus atá ríthábhachtach ó thaobh an gheilleagair, na sochaí agus an chomhshaoil de. Braitheann gach gníomhaíocht dhaonna, lena n-áirítear iompar, ar fhuinneamh leordhóthanach agus inacmhainne a bheith ar fáil nuair is gá.

(1c)

I gClár Gníomhaíochta Comhshaoil Ginearálta an Aontais go dtí 2030 (an 8ú CGC) leagtar amach cuspóirí tosaíochta téamacha do 2030 i réimsí an mhaolaithe ar an athrú aeráide, an oiriúnaithe don athrú aeráide, an bhithéagsúlacht a chosaint agus a athbhunú, geilleagar ciorclach neamhthocsaineach, comhshaol truaillithe nialasaigh agus íoslaghdú a dhéanamh ar bhrúnna comhshaoil ó tháirgeadh agus ó thomhaltas ar fud earnálacha uile an gheilleagair agus aithnítear go bhfuil na cuspóirí sin, lena dtugtar aghaidh ar thiománaithe agus ar thionchair an damáiste don chomhshaol araon, idirnasctha go bunúsach. Tá sé mar chuspóir tosaíochta fadtéarmach freisin ag an 8ú CGC gurb amhlaidh, faoi 2050 ar a dhéanaí, a bheidh daoine ag maireachtáil go maith, laistigh de na teorainneacha pláinéadacha i ngeilleagar na dea-bhaile nach gcuirfear aon ní amú ann, ina mbeidh an fás ina fhás athghiniúnach, ina mbeidh aeráidneodracht san Aontas bainte amach agus ina mbeidh an neamhionannas laghdaithe go suntasach. Tá timpeallacht shláintiúil mar bhonn agus mar thaca le dea-bhail an uile dhuine agus is timpeallacht í ina gcaomhnaítear an bhithéagsúlacht, ina mbíonn rath ar éiceachórais, agus ina gcosnaítear agus ina n-athbhunaítear an dúlra, rud a fhágann athléimneacht mhéadaithe a bheith ann i leith an athraithe aeráide, i leith tubaistí a bhaineann leis an aimsir agus leis an aeráid agus i leith rioscaí eile comhshaoil.

(1d)

Is é is aidhm do Chlár Ginearálta Gníomhaíochta an Aontais don Chomhshaol go dtí 2030 (“an 8ú CGC”), an creat do ghníomhaíocht an Aontais i réimse an chomhshaoil agus na haeráide, dlús a chur leis an aistriú glas chuig geilleagar ciorclach a bheidh aeráidneodrach, inbhuanaithe, neamhthocsaineach, tíosach ar acmhainní, bunaithe ar fhuinneamh in-athnuaite, athléimneach agus iomaíoch ar bhealach cóir, cothrom agus cuimsitheach, agus staid an chomhshaoil a chosaint, a athchóiriú agus a fheabhsú trí, inter alia, stop a chur le cailliúint na bithéagsúlachta agus í a aisiompú. Tacaítear leis le cur chuige comhtháite i leith beartais agus i leith cur chun feidhme, agus neartaítear leis an cur chuige sin, ag tógáil ar an gComhaontú Glas don Eoraip. Aithnítear leis an 8ú CGC go mbeidh gá le hathrú córasach chun an t-aistriú seo a bhaint amach, arb é a bheidh i gceist, de réir an GCE, athrú bunúsach, trasfhoirmeach agus trasghearrtha lena dtugtar le tuiscint athruithe móra agus athdhíriú ar spriocanna córas, dreasachtaí, teicneolaíochtaí, cleachtais agus noirm shóisialta, agus ar chórais eolais agus cur chuige rialachais.

(1e)

Chun go mbainfear amach na cuspóirí, is gá a áirithiú go bhfuil tionscnaimh reachtacha, cláir, infheistíochtaí, tionscadail agus a gcur chun feidhme comhsheasmhach, go rannchuidíonn siad, i gcás inarb ábhartha, agus nach ndéanann siad dochar d’aon cheann de chuspóirí an 8ú CGC. Ina theannta sin, chun go n-áiritheofaí go n-íoslaghdófar neamhionannais shóisialta a eascraíonn as tionchair agus beartais a bhaineann leis an aeráid agus leis an gcomhshaol agus go ndéanfar bearta a ghlactar chun go gcosnófaí an comhshaol agus an aeráid a chur i gcrích ar bhealach atá cothrom agus cuimsitheach go sóisialta, agus go ndéanfar príomhshruthú inscne ar fud na mbeartas aeráide agus comhshaoil, lena n-áirítear trí ghné inscne a ionchorprú ag gach céim den phróiseas ceaptha beartais, beidh gá leo chun cuspóirí an 8ú CGC a bhaint amach agus, dá réir sin, leagfar síos mar choinníollacha cumasúcháin sa 8ú CGC iad.

(1f)

Is é cuspóir maolaithe aeráide 2030 an 8ú EAP laghdú tapa agus intuartha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus, ag an am céanna, feabhsú ar aistriú linnte nádúrtha san Aontas chun go mbainfí amach sprioc 2030 maidir leis an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa mar a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/1119, i gcomhréir le cuspóirí aeráide agus comhshaoil an Aontais, agus fós aistriú cothrom nach bhfágfar aon duine ar lár ann a áirithiú; Chun cuidiú lena chuspóirí a bhaint amach, leagtar síos leis an 8ú CGC an coinníoll cumasúcháin maidir le fóirdheontais atá díobhálach don chomhshaol a chéimniú amach, lena n-áirítear trí spriocdháta a leagan síos chun deireadh a chur de réir a chéile le fóirdheontais breoslaí iontaise i gcomhréir leis an uaillmhian an téamh domhanda a theorannú go 1,5 oC, chomh maith le creat ceangailteach de chuid an Aontais chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar dhul chun cinn na mBallstát i dtreo deireadh a chur de réir a chéile le fóirdheontais do bhreoslaí iontaise, bunaithe ar mhodheolaíocht chomhaontaithe.

(1g)

Tá sé mar aidhm leis an Treoir seo a áirithiú, mar chuid de bheartas fuinnimh AE, go spreagfar infheistíochtaí i dtáirgeadh fuinnimh in-athnuaite agus ceannasacht fuinnimh gach Ballstáit á caomhnú ag an am céanna.

(1h)

Tá an Treoir maidir le fuinneamh in-athnuaite mar chuid den phacáiste “Oiriúnach do 55”, pacáiste a mbeidh éifeachtaí iomadúla aige ar an Aontas freisin, lena n-áirítear ar iomaíochas, ar chruthú post, ar chumhacht ceannaigh teaghlaigh, ar spriocanna aeráide a bhaint amach agus ar mhéid an sceite carbóin. Dá bhrí sin, ba cheart meastóireacht chuimsitheach a dhéanamh ar bhonn rialta ar thionchar maicreacnamaíoch comhiomlán na Rialachán atá sa phacáiste “Oiriúnach do 55”.

(2)

Tá ról bunúsach ag fuinneamh in-athnuaite chun an Comhaontú Glas don Eoraip a chur i gcrích agus chun aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050, ós rud é gurb í earnáil an fhuinnimh is cúis le breis agus 75 % d’astaíochtaí iomlána gás ceaptha teasa an Aontais. Trí na hastaíochtaí gás ceaptha teasa sin a laghdú, is cuidiú é fuinneamh in-athnuaite freisin chun dul i ngleic le dúshláin a bhaineann leis an aeráid amhail cailliúint na bithéagsúlachta, truailliú talún, uisce agus aeir, fad is nach gcuireann úsáid na bhfoinsí fuinnimh in-athnuaite féin leis na dúshláin sin . I ngeall ar na costais ísle oibriúcháin a bhaineann le fuinneamh in-athnuaite agus an laghdú ar an nochtadh do shuaitheadh praghsanna i gcomparáid le breoslaí iontaise, tá ról tábhachtach ag fuinneamh in-athnuaite chun dul i ngleic leis an mbochtaineacht fuinnimh.

(2a)

Agus gealltanas á thabhairt ag níos mó tíortha maidir le haeráidneodracht a bhaint amach faoi lár an chéid, meastar go dtiocfaidh méadú ar an éileamh intíre agus domhanda ar theicneolaíochtaí in-athnuaite agus go mbeidh deiseanna suntasacha ar fáil maidir le poist a chruthú, bonn tionsclaíoch Eorpach d’fhoinsí in-athnuaite fuinnimh a leathnú agus ceannaireacht leanúnach na hEorpa i dtaighde agus i bhforbairt teicneolaíochtaí nuálacha in-athnuaite, rud a chuireann feabhas ar an mbuntáiste iomaíoch atá ag cuideachtaí Eorpacha agus ar neamhspleáchas fuinnimh an Aontais ar allmhairí breoslaí iontaise.

(2b)

B’ionann sciar an olltomhaltais deiridh fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite san Aontas agus 22 % in 2020  (5) , 2 phointe céatadáin (pp) os cionn na sprice maidir le sciar an fhuinnimh in-athnuaite san olltomhaltas deiridh fuinnimh le haghaidh 2020, mar a leagtar amach i dTreoir 2009/28/CE maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn .

(2c)

Is cumasóir tábhachtach d’fhorbairt inbhuanaithe é an fuinneamh in-athnuaite, ar rud é a rannchuidíonn go díreach agus go hindíreach le go leor Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna), lena n-áirítear laghdú na bochtaineachta, oideachas, uisce agus sláintíocht. Baineann tairbhí socheacnamaíocha leathana le foinsí in-athnuaite fuinnimh freisin, lena gcruthaítear poist nua agus lena gcothaítear tionscail áitiúla.

(2d)

Ar an leibhéal idirnáisiúnta, ag Comhdháil 2021 na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (COP 26), gheall an Coimisiún, in éineacht le comhpháirtithe domhanda, deireadh a chur le tacaíocht dhíreach d’fhuinneamh breosla iontaise idirnáisiúnta neamh-mhaolaithe, agus na cistí sin a úsáid chun fuinneamh in-athnuaite a úsáid.

(2e)

Ag COP26, d’ardaigh an Coimisiún, i gcomhar le ceannairí domhanda, leibhéal domhanda na huaillmhéine chun foraoisí domhanda a chaomhnú agus a athshlánú, agus chun an t-aistriú chuig iompar gan astaíochtaí a bhrostú.

(2f)

Is minic a dhéantar fuinneamh in-athnuaite a tháirgeadh ar an leibhéal áitiúil agus is minic a bhraitheann sé ar FBManna réigiúnacha; Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit páirt iomlán a thabhairt d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha agus iad ag leagan síos spriocanna agus ag tacú le bearta beartais.

(2g)

Ós rud é go bhfuil tionchar ag bochtaineacht fuinnimh ar thart ar 35 mhilliún Eorpach  (6) , tá ról tábhachtach ag beartais fuinnimh in-athnuaite in aon straitéis chun dul i ngleic le bochtaineacht fuinnimh agus leochaileacht tomhaltóirí.

(3)

Leagtar síos le Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) sprioc cheangailteach Aontais gur ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite a thiocfaidh 32 % ar a laghad d’olltomhaltas deiridh fuinnimh an Aontais faoi 2030. Faoin bPlean um Sprioc Aeráide, ba ghá an sciar fuinnimh in-athnuaite san olltomhaltas deiridh fuinnimh a mhéadú go 45  % faoi 2030 chun sprioc laghdaithe an Aontais i dtaca le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach (8). Dá bhrí sin, is gá an sprioc a leagtar amach in Airteagal 3 den Treoir sin a mhéadú.

(3a)

I gcomhréir leis an moladh ón gCoimisiún an 28 Meán Fómhair 2021 dar teideal On Energy Efficiency First: from principles to practice. Guidelines and examples for its implementation in decision-making in the energy sector and beyond [Bunphrionsabal na hÉifeachtúlachta Fuinnimh: ó phrionsabail go cleachtas. Treoirlínte agus samplaí dá cur chun feidhme sa chinnteoireacht san earnáil fuinnimh agus níos faide i gcéin], ba cheart cur chuige comhtháite a ghlacadh leis an Treoir seo tríd an bhfoinse in-athnuaite is éifeachtúla ó thaobh fuinnimh de a chur chun cinn d’aon earnáil ar leith agus d’aon fheidhm, agus trí éifeachtúlacht córais a chur chun cinn, ionas go mbeidh gá leis an bhfuinneamh is lú le haghaidh gníomhaíochtaí eacnamaíocha éagsúla .

(3b)

I gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún an 18 Bealtaine 2022 dar teideal “an Plean REPowerEU”, is conair chostéifeachtúil é borradh a chur faoi tháirgeadh bithmheatáin inbhuanaithe go 35 bcm ar a laghad faoi 2030 chun sciar an fhuinnimh in-athnuaite a mhéadú agus soláthar gáis an Aontais a éagsúlú, rud a thacóidh le cinnteacht an tsoláthair agus le huaillmhianta aeráide an Aontais. Ba cheart don Choimisiún straitéis AE a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt ar na bacainní rialála maidir le táirgeadh agus comhtháthú bithmheatáin a uas-scálú i margadh inmheánach gáis an Aontais.

(3c)

Chun tacú leis an sprioc fuinnimh in-athnuaite a bhaint amach ar bhealach costéifeachtach agus le leictriú na n-earnálacha críochúsáide, agus teaghlaigh agus tionscail á gcumhachtú ag an am céanna chun páirt ghníomhach a ghlacadh i gcóras fuinnimh an Aontais a dhaingniú agus a dhícharbónú agus chun iad a chúiteamh as an méid sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcumasófar leis an gcreat rialála náisiúnta an buaicéileamh leictreachais a laghdú trí sholúbthacht ar thaobh an éilimh a ghníomhachtú i ngach earnáil críochúsáide. Chuige sin, d’fhéadfadh na Ballstáit sprioc íosta a thabhairt isteach ina bpleananna comhtháite fuinnimh agus aeráide chun buaicéileamh leictreachais a laghdú 5 % ar a laghad faoi 2030, chun solúbthacht an chórais a mhéadú, i gcomhréir le hAirteagal 4(d)(3) de Rialachán (AE) 2018/1999.

(3d)

Ceann de na cúig chuspóir beartais comhtháthaithe don tréimhse 2021-2027 is ea Eoraip níos glaise a bheith ann trí infheistíocht san fhuinneamh glan, sa gheilleagar ciorclach, i maolú ar an athrú aeráide agus in iompar inbhuanaithe a chur chun cinn. Ba cheart, dá bhrí sin, go ndíreofaí le cistí an bheartais comhtháthaithe ar aon mhéadú ar éagothromaíochtaí a chosc, cabhrú leis na réigiúin sin a bhfuil an t-ualach aistrithe is troime acu, infheistíocht i mbonneagar a spreagadh, agus oiliúint a chur ar oibreoirí maidir le teicneolaíochtaí nua chun a áirithiú nach bhfágfar aon duine ar lár.

(3e)

Beidh ar CFRE tacú le héifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn agus le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú; an fuinneamh in-athnuaite a chur chun cinn; córais agus gréasáin fuinnimh chliste a fhorbairt, agus soghluaisteacht uirbeach, ilmhódach, inbhuanaithe a chur chun cinn, i gcomhthéacs an aistrithe chuig geilleagar carbóin glan-nialasach; ní mór do CSE+ rannchuidiú le feabhsuithe i gcórais oideachais agus oiliúna is gá chun scileanna agus cáilíochtaí a oiriúnú, gach duine a uas-sciliú, lena n-áirítear an lucht saothair, poist nua a chruthú in earnálacha a bhaineann leis an gcomhshaol, leis an aeráid, le fuinneamh, leis an ngeilleagar ciorclach agus leis an mbithgheilleagar (Airteagal 4 den Rialachán maidir le CSE+).

(3f)

Baineann gné áitiúil láidir le táirgeadh fuinnimh in-athnuaite. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, go dtabharfadh na Ballstáit páirt iomlán do na húdaráis áitiúla agus do na húdaráis réigiúnacha i bpleanáil agus i gcur chun feidhme beart náisiúnta maidir leis an aeráid, rochtain dhíreach ar mhaoiniú a sholáthar agus faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn na mbeart a glacadh. I gcás inarb infheidhme, ba cheart do na Ballstáit rannchuidithe áitiúla agus réigiúnacha a chomhtháthú i bpleananna náisiúnta maidir leis an bhfuinneamh agus an aeráid.

(3g)

ag aithint an róil thábhachtaigh atá ag an mbeartas comhtháthaithe i dtaobh rannchuidiú le cúnamh a thabhairt do na réigiúin oileánacha spriocanna aeráidneodrachta a bhaint amach, agus na costais bhreise a bhaineann le hearnálacha amhail earnáil an fhuinnimh agus an iompair á gcur san áireamh, chomh maith leis an tionchar atá ag an teicneolaíocht mhóibíleach ar a gcórais fuinnimh, lena n-éilítear leibhéal infheistíochta atá an-ard, ó thaobh comhréire de, chun foinsí fuinnimh in-athnuaite eadrannacha a bhainistiú.

(3h)

á chur i bhfios, mar gheall ar a mbeagmhéid agus a gcórais fuinnimh leithlisithe, go bhfuil dúshlán mór roimh na réigiúin oileánacha is iargúlta, díreach cosúil leis na réigiúin is forimeallaí, a mhéid a bhaineann leis an soláthar fuinnimh ós rud é go mbíonn siad ag brath go ginearálta ar allmhairí breosla iontaise le haghaidh giniúint leictreachais, iompair agus téimh.

(3i)

á mheas gur cheart tús áite a thabhairt d’úsáid fuinnimh in-athnuaite, lena n-áirítear cumhacht taoide, agus á chreidiúint go bhféadfadh sé dul chun tairbhe na n-oileán go mór, agus aird á tabhairt ar riachtanais na bpobal áitiúil, lena n-áirítear caomhnú ailtireacht thraidisiúnta na n-oileán agus gnáthóg áitiúil na n-oileán; á iarraidh, dá bhrí sin, go dtacófaí le réimse leathan foinsí fuinnimh in-athnuaite a fhorbairt bunaithe ar a ngnéithe geografacha; á chur in iúl gur geal léi na cláir hidrigine glasa atá seolta ag na hoileáin.

(4)

Tá méadú ag teacht ar an aitheantas gur gá beartais bhithfhuinnimh a ailíniú le prionsabal úsáid chascáideach na bithmhaise (9), d’fhonn rochtain chothrom ar mhargadh na n-amhábhar bithmhaise a áirithiú chun réitigh bhithbhunaithe nuálacha, ard-bhreisluacha agus bithgheilleagar inbhuanaithe ciorclach a fhorbairt. Agus scéimeanna tacaíochta bithfhuinnimh á bhforbairt, ba cheart do Bhallstáit an soláthar bithmhaise inbhuanaithe atá ar fáil le haghaidh úsáidí fuinnimh agus neamhfhuinnimh agus neartú na linnte carbóin foraoise náisiúnta agus na n-éiceachóras , cosaint na bithéagsúlachta a chur san áireamh chomh maith le prionsabail an gheilleagair chiorclaigh agus prionsabal úsáid chascáideach na bithmhaise, agus ord na réiteach dramhaíola a bhunaítear i dTreoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10). Mar sin féin, ba cheart dóibh a bheith in ann tacaíocht a dheonú do tháirgeadh fuinnimh ó stumpaí nó ó fhréamhacha i gcás dramhaíl agus iarmhair a dhíorthaítear ó chur chun feidhme oibreacha a dhéantar leis an bpríomhchuspóir an dúlra a chaomhnú agus tírdhreach a bhainistiú, amhail ar thaobh an bhóthair. In aon chás, ba cheart do na Ballstáit cur chun cinn úsáid na lomán cruinn ardchaighdeáin le haghaidh fuinnimh a sheachaint seachas i gcúinsí dea-shainithe , mar shampla falscaí a chosc agus lománaíocht tarrthála . I gcomhréir le prionsabal na húsáide cascáidí, ba cheart bithmhais adhmaid a úsáid de réir an bhreisluacha eacnamaíoch agus comhshaoil is airde atá aici san ord tosaíochtaí seo a leanas: 1) táirgí adhmadbhunaithe, 2) síneadh a chur leis na blianta seirbhíse atá iontu, 3) athúsáid, 4) athchúrsáil, 5) bithfhuinneamh agus 6) diúscairt. I gcás nach bhfuil úsáid ar bith eile le haghaidh bithmhais adhmaid inmharthana ó thaobh na heacnamaíochta de nó iomchuí ó thaobh an chomhshaoil de, is cuidiú aisghabháil fuinnimh chun giniúint fuinnimh ó fhoinsí neamh-inathnuaite a laghdú. Ba cheart, mar sin, scéimeanna tacaíochta Ballstát le haghaidh bithfhuinnimh a dhíriú ar amhábhair den sórt sin nach bhfuil mórán iomaíocht mhargaidh lena n-aghaidh leis na hearnálacha ábhair, agus ar rud dearfach don aeráid agus don bhithéagsúlacht araon a bhfoinsiú, chun dreasachtaí diúltacha le haghaidh conairí bithfhuinnimh neamh-inbhuanaithe a sheachaint, mar a shainaithnítear i dtuarascáil JRC The use of woody biomass for energy production in the EU [Bithmhais adhmaid a úsáid le haghaidh táirgeadh fuinnimh san Aontas Eorpach] (11). Os a choinne sin, agus impleachtaí breise phrionsabal na húsáide cascáidí á sainiú, is gá na sainiúlachtaí náisiúnta a aithint atá mar threoir do na Ballstáit agus a scéimeanna tacaíochta á ndearadh acu. Ba cheart tús áite a thabhairt do dhramhaíl a chosc, a athúsáid, agus a athchúrsáil. Ba cheart do na Ballstáit féachaint chuige nach gcruthófaí scéimeanna tacaíochta a thiocfadh salach ar spriocanna maidir le dramhaíl a chóireáil agus a d’fhágfadh go mbeadh úsáid neamhéifeachtach á baint as dramhaíl in-athchúrsáilte. Thairis sin, chun úsáid níos éifeachtúla bithfhuinnimh a áirithiú, ó 2026 ar aghaidh níor cheart do Bhallstáit tacaíocht a thabhairt a thuilleadh do ghléasraí leictreachais amháin, ach amháin má tá na suiteálacha i réigiúin a bhfuil stádas sonrach acu a mhéid a bhaineann leis an aistriú atá ar bun acu ó bhreoslaí iontaise nó má úsáideann siad gabháil agus stóráil carbóin nó mura féidir na suiteálacha a mhodhnú i dtreo comhghiniúna i gcásanna eisceachtúla a bhfuil bonn cirt leo ar fhormheas an Choimisiúin .

(5)

Is féidir úsáid a bhaint as fás tapa agus as iomaíochas costais méadaitheach i dtáirgeadh leictreachais in-athnuaite chun sciar méadaitheach den éileamh ar fhuinneamh a chomhlíonadh, mar shampla teaschaidéil a úsáid le haghaidh téamh spáis nó próisis thionsclaíocha ísealteochta, feithiclí leictreacha a úsáid le haghaidh iompair, nó foirnéisí leictreacha a úsáid i dtionscail áirithe. Is féidir leictreachas in-athnuaite a úsáid freisin chun breoslaí sintéiseacha a tháirgeadh i gcomhair tomhaltais in earnálacha iompair ar deacair iad a dhícharbónú amhail eitlíocht agus iompar muirí. Ba cheart teicneolaíochtaí nuálacha i ndáil le sprioc thiomnaithe a fhorbairt, mar d’fhéadfaidís rannchuidiú le spriocanna aeráide 2030 chomh maith le spriocanna aeráide 2050. Ní mór do chreat leictriúcháin comhordú láidir agus éifeachtúil a chumasú agus sásraí margaidh a leathnú chun soláthar agus éileamh a mheaitseáil de réir spáis agus ama, infheistíochtaí i solúbthacht, stóráil fuinnimh, freagairt don éileamh agus sásraí eile solúbthachta a spreagadh, agus cuidiú le sciartha móra de ghiniúint athraitheach fuinnimh in-athnuaite a chomhtháthú Ba cheart do Bhallstáit a áirithiú, mar sin , i gcomhréir le bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh, go leanfar den mhéadú ar imscaradh leictreachais in-athnuaite ar luas atá leormhaith chun freastal ar an méadú san éileamh , lena n-áirítear trí straitéisí allmhairiúcháin a chomhordú ar leibhéal an Aontais agus é á áirithiú ag an am céanna go gcuirtear freagairt don éileamh in oiriúint go solúbtha do ghiniúint fuinnimh in-athnuaite. Chuige sin, ba cheart do Bhallstáit creat a bhunú lena n-áirítear sásraí atá comhoiriúnach don mhargadh chun dul i ngleic le bacainní atá fós ann chun go mbeidh córais leictreachais shlána agus leormhaithe acu a bheidh oiriúnach le haghaidh ardleibhéal fuinnimh in-athnuaite atá solúbtha , chomh maith le saoráidí stórála a bheidh ina ndlúthchuid den chóras leictreachais. Leis an gcreat seo, rachfar i ngleic, go háirithe, le bacainní atá fós ann, lena n-áirítear bacainní neamhairgeadais mar shampla acmhainní digiteacha agus daonna údarás nach leor iad chun an líon méadaitheach iarratais cheadaithe a phróiseáil.

(5a)

Is gá teicneolaíochtaí nuálacha, amhail teaschaidéil hibrideacha, a fhorbairt agus a úsáid laistigh de chritéir Threoir (AE) 2018/2001, ós rud é gur féidir iad a úsáid mar theicneolaíocht aistrithe i dtreo spriocanna aeráide 2030 chomh maith le rannchuidiú le spriocanna aeráide 2050 a bhaint amach.

(5b)

Le creat rialachais eacnamaíoch an Aontais amach anseo, ba cheart go spreagfaí na Ballstáit na hathchóirithe is gá a chur chun feidhme chun dlús a chur leis an aistriú glas, agus chun infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí a bhfuil gá leo a chumasú.

(6)

Agus an sciar foinsí in-athnuaite i mBallstát á ríomh, ba cheart breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch a áireamh san earnáil ina n-ídítear iad (leictreachas, téamh agus fuarú, nó iompar). I gcás ina n-ídítear breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch i mBallstát nach ionann é agus an Ballstát inar táirgeadh iad, fuinneamh a ghintear trí úsáid a bhaint as breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch, ba cheart 80 % dá dtoirt a áireamh sa tír agus san earnáil ina n-ídítear é agus 20 % dá dtoirt sa tír ina dtáirgtear é, mura gcomhaontaítear a mhalairt idir na Ballstáit lena mbaineann. Is féidir comhaontuithe idir na Ballstáit a bheith i bhfoirm comhaontú sonrach comhair arna dhéanamh trí Ardán an Aontais um Fhorbairt In-athnuaite (URDP). Ba cheart fógra a thabhairt don Choimisiún faoi aon chomhaontuithe den sórt sin agus faisnéis a bhaineann leo a chur ar fáil, lena n-áirítear méideanna beachta an tsoláthair agus an éilimh, tráthanna an aistrithe agus an dáta faoina gcuirfear an socrú i bhfeidhm. I gcás na bhfospriocanna, na breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch cuirfear 100 % dá dtoirt san áireamh sa tír ina n-ídítear iad . Chun áireamh dúbailte a sheachaint, níor cheart áireamh a dhéanamh ar an bhfuinneamh in-athnuaite a úsáidtear chun na breoslaí sin a tháirgeadh. Is éard a bheadh mar thoradh air sin comhchuibhiú na rialacha cuntasaíochta i gcás na mbreoslaí sin ar fud na Treorach, bídís á n-áireamh don sprioc fhoriomlán i dtaca le fuinnimh in-athnuaite nó d’aon fhosprioc nó ná bíodh. D’fhágfadh sé freisin go bhféadfaí an fíorfhuinneamh a ídítear a áireamh, agus na caillteanais fuinnimh a tharlaíonn i bpróiseas táirgthe na mbreoslaí sin á gcur san áireamh. Thairis sin, d’fhágfadh sé go bhféadfaí cuntasaíocht a dhéanamh ar bhreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch a allmhairítear isteach san Aontas agus a ídítear ann.

(6a)

Ós rud é nach bhfuil an sruth luchtaithe inbhuanaithe ach amháin má tháirgtear ó fhuinneamh glan é, ba cheart go gcuirfí san áireamh i gcónaí san anailís saolré ar tháirgí leictrithe teasa, iompair agus tionsclaíocha fuílleach na sciartha iontaise ón nginiúint leictreachais roimhe sin .

(7)

D’fhéadfadh aistrithe staidreamhacha, scéimeanna tacaíochta nó tionscadail chomhpháirteacha a bheith i gceist le comhar na mBallstát chun fuinneamh in-athnuaite a chur chun cinn. Fágann sé gur féidir fuinneamh in-athnuaite a úsáid ar bhealach costéifeachtúil ar fud na hEorpa agus cuireann sé le comhtháthú margaidh. In ainneoin na bhféidearthachtaí a bhaineann leis, ní raibh ach comhar an-teoranta ann, agus dá bhrí sin baineadh torthaí fo-optamacha amach i dtéarmaí éifeachtúlacht chun fuinneamh in-athnuaite a mhéadú. Dá bhrí sin, ba cheart é a bheith d’oibleagáid ar na Ballstáit an comhar a thástáil trí ▌threoirthionscadail a chur chun feidhme faoi mhí na Nollag 2025 agus, faoi 2030, tríd an tríú tionscadal a chur chun feidhme, i gcás na mBallstát a bhfuil tomhaltas bliantúil leictreachais de níos mó ná 100 TWh acu . Tionscadail atá maoinithe ag rannchuidithe náisiúnta faoi shásra maoiniúcháin an Aontais don fhuinneamh in-athnuaite arna bhunú ag Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1294 ón gCoimisiún (12), chomhlíonfaidís an oibleagáid sin ar son na mBallstát lena mbaineann.

(7a)

Ní mór gach réimse de bheartais AE a dhíriú ar na spriocanna nuabhunaithe i leith na haeráide agus aeráidneodracht a bhaint amach. Is amhlaidh atá i gcás an Bheartais Comhtháthaithe, a rannchuidigh, le breis agus fiche bliain, leis an ngeilleagar a dhícharbónú, agus ag an am céanna samplaí agus dea-chleachtais a sholáthar ar féidir iad a léiriú i ngnéithe beartais eile, amhail an Treoir seo a leasú. Ní hamháin go gcuirtear, leis an mbeartas comhtháthaithe, deiseanna infheistíochta ar fáil chun freagairt do riachtanais áitiúla agus réigiúnacha trí Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa (SIE), ach cuirtear creat beartais comhtháite ar fáil freisin chun éagothromaíochtaí forbartha idir réigiúin na hEorpa a laghdú agus cuidítear leo aghaidh a thabhairt ar na dúshláin iomadúla a bhaineann lena bhforbairt, lena n-áirítear trí chosaint an chomhshaoil, trí fhostaíocht ardcháilíochta agus trí fhorbairt chóir, chuimsitheach agus inbhuanaithe.

(7b)

Tá ról fíorthábhachtach ag údaráis áitiúla agus réigiúnacha i gcórais fuinnimh chomhtháite agus dhíláraithe. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit tacú leis na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla oibriú thar theorainneacha trí chabhrú leo sásraí comhair a chruthú, lena n-áirítear an ghrúpáil Eorpach um chomhar críochach (EGTC).

(7c)

Leis an mbeartas comhtháthaithe, áirithítear comhleanúnachas agus comhordú níos fearr idir an beartas comhtháthaithe agus réimsí reachtacha eile de chuid an Aontais, rud a chuireann feabhas ar chomhtháthú na ngnéithe aeráide sna beartais, beartais foinsebhunaithe níos éifeachtaí a cheapadh, cistiú spriocdhírithe ón Aontas a sholáthar agus, dá bharr sin, cur chun feidhme beartas aeráide ar an láthair a fheabhsú.

(7d)

Tá sé fíorthábhachtach seasamh go hiomlán le prionsabail rialachais il-leibhéil agus comhpháirtíochta san aistriú go geilleagar aeráidneodrach, ós rud é go bhfuil inniúlachtaí díreacha ag údaráis áitiúla agus réigiúnacha maidir leis an gcomhshaol agus maidir leis an athrú aeráide, a chuireann 90 % de ghníomhaíochtaí maidir le hoiriúnú don athrú aeráide agus 70 % de ghníomhaíochtaí maidir le maolú ar an athrú aeráide chun feidhme. Thairis sin, déanann na húdaráis sin gníomhaíochtaí a fhorbairt freisin a bhfuil sé mar aidhm leo iompraíocht atá neamhdhíobhálach don aeráid a chur chun cinn i measc saoránach, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le bainistiú dramhaíola, soghluaisteacht chliste, tithíocht inbhuanaithe agus tomhaltas fuinnimh.

(8)

Tugtar isteach leis an Straitéis um Fhuinneamh In-athnuaite Amach ón gCósta cuspóir uaillmhianach 300 GW d’fhuinneamh gaoithe amach ón gcósta agus 40 GW d’fhuinneamh aigéin thar imchuacha farraige uile an Aontais a bhaint amach faoi 2050. Chun an mórathrú sin a áirithiú, ní mór do Bhallstáit oibriú lena chéile thar theorainneacha ar leibhéal imchuach na farraige. Dá bhrí sin, ba cheart do Bhallstáit méid na giniúna in-athnuaite amach ón gcósta a úsáidfear laistigh de gach imchuach farraige faoi 2050 a shainiú go comhpháirteach, le céimeanna idirmheánacha in 2030 agus in 2040, agus spás leormhaith a shannadh ina bplean spásúil muirí ina leith sin . Más rud é go bhféadfadh bearna a bheith ann idir an méid féideartha d’acmhainní fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta atá ag na Ballstáit agus an méid fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta atá beartaithe, ba cheart don Choimisiún bearta breise a ghlacadh chun an bhearna sin a laghdú . Ba cheart na cuspóirí sin a léiriú sna pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide nuashonraithe a chuirfear isteach in 2023 agus in 2024 de bhun Rialachán (AE) 2018/1999. Agus an méid á shainiú, ba cheart do na Ballstáit a chur san áireamh acmhainneacht fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta gach imchuach farraige, féidearthacht theicniúil agus eacnamaíoch bhonneagar na heangaí tarchurtha, cosaint comhshaoil , an bhithéagsúlacht , oiriúnú don athrú aeráide agus úsáidí eile na farraige , go háirithe na gníomhaíochtaí atá ar siúl cheana sna limistéir a ndéantar difear dóibh, agus an díobháil a d’fhéadfadh a bheith ann don chomhshaol , mar aon le spriocanna dícharbónaithe an Aontais. Ina theannta sin, ba cheart do Bhallstáit níos mó breithnithe a dhéanamh ar an bhféidearthacht giniúint fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta a chomhcheangal le línte tarchuir a dhéanfadh roinnt Ballstát a idirnascadh, i bhfoirm tionscadail hibrideacha nó, níos déanaí, in eangach níos comhcheangailte. D’fhágfadh sé sin go bhféadfadh leictreachas sreabhadh i dtreonna difriúla, rud a dhéanfadh uasmhéadú ar leas socheacnamaíoch, a dhéanfadh optamú ar chaiteachas bonneagair agus a chumasódh úsáid níos inbhuanaithe den fharraige. Ba cheart Ballstáit a bhfuil teorainn acu le himchuach farraige an próiseas pleanála spásúla muirí a úsáid chun cur chuige láidir rannpháirtíochta an phobail a áirithiú ionas go gcuirfear tuairimí na ngeallsealbhóirí agus na bpobal cósta go léir san áireamh.

(8a)

Tá éagsúlacht ann maidir leis na dálaí a mheastar a bheith riachtanach chun leas a bhaint as acmhainneacht an fhuinnimh in-athnuaite i bhfarraigí agus in aigéin na hEorpa, lena n-áirítear i bhfarraigí agus in aigéin na n-oileán agus na réigiún is forimeallaí. Dá bhrí sin, gabhann an tAontas air féin teicneolaíochtaí malartacha a bhunú, nach mbeidh tionchar díobhálach acu ar an muirthimpeallacht, do na limistéar sin a bhfuil spéis ar leith ag baint leo.

(8b)

Ní mór éagsúlacht gheografach agus úsáidí malartacha na muirthimpeallachta a chur san áireamh chun leas a bhaint as acmhainneacht fuinnimh in-athnuaite fharraigí agus aigéin uile na hEorpa, agus éilítear leis sin tacar réiteach teicneolaíoch atá i bhfad níos leithne. Áirítear ar na réitigh sin feirmeacha gaoithe agus gréine ar snámh amach ón gcósta, fuinneamh ó thonnta, ó shruthanna agus ó thaoidí, ón difreálach maidir le grádáin theirmeacha nó salainn, fuarú muirí, téamh agus fuinneamh geoiteirmeach agus bithmhais mhuirí (algaí).

(8c)

Ba cheart suiteáil tionscadal fuinnimh in-athnuaite ar thalamh tuaithe agus ar thalamh talmhaíochta i gcoitinne a rialú le prionsabail na comhréireachta, na comhlántachta agus an chúitimh. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go n-úsáidfear tionscadail in-athnuaite ar bhealach ordúil ionas nach gcaillfear talamh talmhaíochta, agus ba cheart dóibh forbairt agus úsáid teicneolaíochtaí iomchuí a spreagadh lena ndéanfaí táirgeadh fuinnimh in-athnuaite comhoiriúnach le táirgeadh talmhaíochta agus beostoic.

(9)

Tá fás tapa ag teacht ar an margadh le haghaidh comhaontuithe ceannacháin cumhachta in-athnuaite agus soláthraítear leis sin bealach comhlántach chuig margadh na giniúna fuinnimh in-athnuaite anuas ar scéimeanna tacaíochta Ballstát nó díol díreach ar an margadh mórdhíola leictreachais. Ag an am céanna , tugann na comhaontuithe sin slándáil ioncaim áirithe don táirgeoir agus is féidir leis an úsáideoir tairbhe a bhaint as praghas cobhsaí leictreachais . Tá an margadh le haghaidh comhaontuithe ceannacháin cumhachta in-athnuaite fós teoranta do líon beag Ballstát agus cuideachtaí móra, agus tá bacainní móra riaracháin, bacainní móra teicniúla agus bacainní móra airgeadais fós ann i gcodanna móra de mhargadh an Aontais. Chomh maith le comhaontuithe ceannacháin cumhachta in-athnuaite, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar bhacainní ar leathadh amach na gcomhaontuithe ceannacháin téimh agus fuaraithe in-athnuaite, a mbeidh ról níos mó acu maidir le spriocanna aeráide agus fuinnimh in-athnuaite an Aontais a bhaint amach . Ba cheart, mar sin, neartú breise a dhéanamh ar na bearta atá ann in Airteagal 15 chun glacadh comhaontuithe ceannacháin cumhachta in-athnuaite a chur chun cinn a spreagadh, trí fhéachaint ar úsáid ráthaíochtaí creidmheasa chun rioscaí airgeadais na gcomhaontuithe sin a laghdú, agus é á chur san áireamh nár cheart do na ráthaíochtaí sin, sa chás gur ráthaíochtaí poiblí iad, maoiniú príobháideach a bhrú amach.

(10)

Is bacainn mhór ar úsáid fuinnimh in-athnuaite iad nósanna imeachta riaracháin atá róchasta agus rófhada. Tá gá le nósanna imeachta riaracháin agus ceadaithe a chuíchóiriú tuilleadh chun an t-ualach riaracháin a laghdú do thionscadail fuinnimh in-athnuaite agus do na tionscadail bonneagair eangaí gaolmhara araon. Laistigh de bhliain amháin tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo, ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar threoirlínte maidir le deonú ceadanna chun próisis a ghiorrú agus a shimpliú maidir le tionscadail in-athnuaite nua, athchumhachtaithe agus uasghrádaithe. Ba cheart príomhtháscairí feidhmíochta a fhorbairt i gcomhthéacs na dtreoirlínte sin .

(10a)

Is príomhghníomhaithe iad údaráis áitiúla agus réigiúnacha a mhéid a bhaineann leis an Eoraip a thabhairt níos gaire dá cuspóirí fuinnimh agus aeráide a bhaint amach. Tá táirgeadh fuinnimh ar an leibhéal áitiúil ríthábhachtach chun táirgeadh fuinnimh in-athnuaite a chothú, chun spleáchas seachtrach ar fhuinneamh a laghdú agus chun rátaí bochtaineachta fuinnimh a laghdú.

(11)

Tá acmhainneacht mhór neamhshaothraithe i bhfoirgnimh cur go héifeachtach le laghdú astaíochtaí gás ceaptha teasa san Aontas. Beidh gá le dícharbónú ar théamh agus ar fhuarú san earnáil seo trí sciar méadaithe i dtáirgeadh agus in úsáid fuinnimh in-athnuaite , go háirithe sa chomhthéacs áitiúil, chun an uaillmhian a leagtar amach sa Dlí Aeráide Eorpach a chomhlíonadh agus chun cuspóir aeráidneodrachta an Aontais a bhaint amach. Níl aon dul chun cinn in úsáid foinsí in-athnuaite fuinnimh le haghaidh téimh agus fuaraithe le 10 mbliana anuas, agus tá sé ag brath go mór ar úsáid mhéadaithe bithmhaise. Mura mbunaítear spriocanna táscacha chun táirgeadh agus úsáid fuinnimh in-athnuaite a mhéadú i bhfoirgnimh, ní bheifear in ann dul chun cinn a rianú agus scrogaill a shainaithint i nglacadh foinsí in-athnuaite fuinnimh. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann dramhtheas agus dramhfhuacht a áireamh sa sprioc tháscach maidir le fuinneamh in-athnuaite i bhfoirgnimh, suas le teorainn 20 %, ag a bhfuil uasteorainn 54 %. Thairis sin, tabharfaidh cruthú spriocanna comhartha fadtéarmach d’infheisteoirí, lena n-áirítear don tréimhse díreach i ndiaidh 2030. Déanfaidh sé sin comhlánú ar oibleagáidí a bhaineann le héifeachtúlacht fuinnimh agus le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh agus comhlíonadh ar bhunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh . Mar sin, ba cheart spriocanna táscacha i dtaobh úsáid fuinnimh in-athnuaite i bhfoirgnimh a shocrú chun treorú agus dreasú a dhéanamh ar iarrachtaí Ballstát leas a bhaint as an bhféidearthacht fuinneamh in-athnuaite a úsáid agus a tháirgeadh i bhfoirgnimh, ar an láthair nó in aice láimhe , agus forbairt ▌teicneolaíochtaí a tháirgeann fuinneamh in-athnuaite a spreagadh agus cuidiú lena gcomhtháthú éifeachtúil sa chóras fuinnimh, agus ag an am céanna cinnteacht a thabhairt d’infheisteoirí agus do rannpháirtíocht ar an leibhéal áitiúil , mar aon le rannchuidiú le héifeachtúlacht an chórais . Tá scéimeanna trádála astaíochtaí ceaptha chun costais fuinnimh iontaise a mhéadú agus go mbeidh mar thoradh orthu infheistíochtaí coigilte fuinnimh atá faoi thionchar an mhargaidh nó aistriú go fuinneamh in-athnuaite. Ba cheart ualaí dúbailte ar thomhaltóirí trí scéimeanna trádála astaíochtaí agus spriocanna eile a cheanglaítear faoi dhlí an Aontais a sheachaint.

(11a)

Tar éis ionradh na Rúise ar an Úcráin, is láidre agus is soiléire ná riamh cás an aistrithe thapa fuinnimh. Soláthraíonn an Rúis níos mó ná 40 % de thomhaltas gáis iomlán AE, a úsáidtear den chuid is mó in earnáil na tógála, arb í is cúis le 40 % de thomhaltas fuinnimh iomlán AE. Trí dhlús a chur le leathadh amach griandhíonta agus teaschaidéal, d’fhéadfadh an tAontas méideanna suntasacha allmhairí breosla iontaise a shábháil. Trí infheistíochtaí den sórt sin a thús-ualú, cuirfear dlús breise leis an laghdú ar spleáchas an Aontais ar sholáthróirí seachtracha. De réir REPowerEU, in 2022 amháin d’fhéadfaí 2,5 bcm breise gáis a shábháil trí suas le 15 TWh de chórais PV griandhíonta a shuiteáil, agus d’fhéadfaí 12bcm breise a shábháil le gach 10 milliún teaschaidéil a shuiteáiltear. Ag an am céanna thabharfadh sé spreagadh mór do mhargaí fostaíochta áitiúla, d’fhéadfadh borradh suiteála faoi ghriandhíonta suas le 225 000 post áitiúla a chruthú san earnáil suiteála  (13).

(12)

Cuireann an líon neamhleor oibrithe oilte, go háirithe suiteálaithe agus dearthóirí córais téimh agus fuaraithe a úsáideann foinsí in-athnuaite, moill ar chórais atá bunaithe ar fhuinneamh in-athnuaite a chur in ionad córais téimh ina n-úsáidtear breoslaí iontaise, agus bacainn mhór atá ann ar fhoinsí in-athnuaite fuinnimh a chomhtháthú i bhfoirgnimh, in earnáil na tionsclaíochta agus in earnáil na talmhaíochta. Ba cheart do Bhallstáit oibriú i gcomhar le comhpháirtithe sóisialta agus le pobail fuinnimh in-athnuaite chun na scileanna a bheidh de dhíth a réamh-mheas. Ba cheart líon leordhóthanach straitéisí éifeachtacha uas-scilithe agus athscilithe agus clár oiliúna agus deiseanna deimhniúcháin ardchaighdeáin a chur ar fáil chun suiteáil cheart agus oibriú iontaofa raon leathan córas téimh agus fuaraithe a úsáideann foinsí in-athnuaite a áirithiú agus teicneolaíochtaí stórála, chomh maith le pointí luchtaithe feithiclí leictreacha, agus ba cheart iad a dhearadh ar bhealach a mheallfadh rannpháirtíocht i gcláir oiliúna agus i ndeiseanna deimhniúcháin den sórt sin. Ba cheart do Bhallstáit a bhreithniú cé na bearta ba cheart a dhéanamh chun grúpaí a mhealladh atá faoi thearcionadaíocht faoi láthair sna réimsí gairme i gceist. Ba cheart liosta suiteálaithe oilte agus creidiúnaithe a chur ar fáil go poiblí chun iontaoibh tomhaltóirí agus rochtain éasca ar scileanna saincheaptha dearthóra agus suiteálaí a áirithiú, rud a ráthódh suiteáil cheart agus oibriú ceart córas téimh agus fuaraithe a úsáideann foinsí in-athnuaite.

(12a)

Tá spás agus achar dín ag gnólachtaí talmhaíochta agus gairneoireachta agus táirgeann siad bithmhais. Is sócmhainní iad sin a ligeann dóibh ról lárnach a bheith acu in aistriú fuinnimh na gceantar tuaithe agus laistigh de phobail tuaithe, go háirithe i bhfianaise an táirgthe dhíláraithe. Is úsáideoir measartha beag fuinnimh í an earnáil agus is féidir léi i bhfad níos mó fuinnimh in-athnuaite a tháirgeadh ná mar atá de dhíth uirthi. Sin é an fáth gur cheart tuilleadh spreagadh agus tacaíochta a thabhairt do chur i bhfeidhm na comhroinnte fuinnimh agus na bpobal fuinnimh.

(13)

Uirlis fhíorthábhachtach iad ráthaíochtaí tionscnaimh mar fhaisnéis do thomhaltóirí agus chun glacadh comhaontuithe ceannacháin cumhachta in-athnuaite a fhairsingiú. Chun bonn comhleanúnach Aontais a bhunú chun ráthaíochtaí tionscnaimh a úsáid agus chun rochtain a thabhairt ar fhianaise thacaíochta iomchuí do dhaoine atá ag tabhairt comhaontaithe ceannacháin cumhachta in-athnuaite i gcrích, ba cheart go mbeadh gach táirgeoir fuinnimh in-athnuaite in ann ráthaíocht tionscnaimh a fháil gan dochar d’oibleagáid na mBallstát luach margaidh ráthaíochtaí tionscnaimh a chur san áireamh má fhaigheann na táirgeoirí fuinnimh tacaíocht airgeadais. Ba cheart an córas ráthaíochtaí tionscnaimh a sholáthraíonn na Ballstáit a bheith ina chóras comhchuibhithe is infheidhme ar fud an Aontais. Le córas fuinnimh níos solúbtha agus éilimh tomhaltóirí atá ag méadú, is gá uirlis níos nuálaí, níos digití, níos forbartha ó thaobh na teicneolaíochta de agus níos iontaofa a bheith ann chun tacú le táirgeadh fuinnimh in-athnuaite atá ag méadú agus chun doiciméadú a dhéanamh air. Go háirithe, féadfaidh teicneolaíochtaí nuálacha gráinneacht spásúil agus ama níos airde a áirithiú maidir le ráthaíochtaí tionscnaimh. Chun an nuálaíocht dhigiteach sa réimse sin a éascú, ba cheart do na Ballstáit an ghráinneacht bhreise méide sin a thabhairt isteach ina gcuid scéimeanna le haghaidh ráthaíochtaí tionscnaimh.

(13a)

I gcomhréir leis an nGníomhaíocht Chomhpháirteach Eorpach maidir le fuinneamh níos inacmhainne, níos sláine agus níos inbhuanaithe a leagtar amach i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 8 Márta 2022, i gcás inarb ábhartha, ba cheart do na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le bonneagar an ghréasáin gáis atá ann cheana a leathnú chun comhtháthú gáis ó fhoinsí in-athnuaite a éascú agus chun spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú, go háirithe má chuireann an bonneagar sin go mór leis an idirnasc idir dhá Bhallstát ar a laghad nó idir Ballstát agus tríú tír.

(14)

Ba cheart dlús a chur le forbairt bonneagair le haghaidh gréasáin téimh agus fuaraithe ceantair agus ba cheart an fhorbairt a threorú chun leas a bhaint as raon níos leithne foinsí in-athnuaite téimh agus fuaraithe ar bhealach éifeachtúil agus solúbtha chun úsáid fuinnimh in-athnuaite a mhéadú agus chun comhtháthú an chórais fuinnimh a dhoimhniú. Is iomchuí, mar sin, an liosta foinsí fuinnimh in-athnuaite a thabhairt cothrom le dáta ar foinsí iad ar cheart do ghréasáin téimh agus fuaraithe ceantair iad féin a chur in oiriúint dá n-úsáid de réir a chéile agus a éileamh go ndéanfar stóráil fuinnimh theirmigh a chomhtháthú mar fhoinse lena mbainfidh solúbthacht, éifeachtúlacht níos fearr fuinnimh agus oibriú níos costéifeachtaí.

(14a)

Maidir le gníomhaíochtaí na mBallstát chun leictreachas in-athnuaite eadrannach a chomhtháthú san eangach, agus cobhsaíocht agus cinnteacht soláthair na heangaí a áirithiú ag an am céanna, féadfaidh baint a bheith acu le forbairt réiteach amhail saoráidí stórála, bainistiú ar éileamh agus gléasraí cumhachta um chothromú eangaí agus gléasraí comhghiniúna ardéifeachtúla atá rannpháirteach i gcothromú eangaí chun tacú le leictreachas in-athnuaite eadrannach.

(15)

Ceaptar go mbeidh breis agus 30 milliún feithicil leictreach san Aontas faoi 2030 mar sin is gá a áirithiú go mbeidh siad in ann rannchuidiú go hiomlán le comhtháthú córais leictreachais in-athnuaite, agus go mbeifear in ann, mar sin, sciar níos airde leictreachais in-athnuaite a bhaint amach ar bhealach atá barrmhaith ó thaobh costais de. Caithfear gach leas a bhaint as cumas feithiclí leictreacha chun leictreachas in-athnuaite a ghlacadh nuair atá flúirse ann agus é a thabhairt ar ais don eangach nuair atá ganntanas ann , lena rannchuidítear le comhtháthú córais an leictreachais in-athnuaite athraithigh, agus soláthar slán iontaofa leictreachais á áirithiú ag an am céanna. Is iomchuí, mar sin, bearta sonracha a thabhairt isteach maidir le feithiclí leictreacha agus faisnéis faoi fhuinneamh in-athnuaite agus faoin dóigh agus faoin am le teacht air a dhéanfaidh comhlánú ar na cinn i dTreoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) agus an [Rialachán atá beartaithe maidir le ceallraí agus ceallraí dramhaíola, lena n-aisghairtear Treoir 2006/66/CE agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2019/1020]. Ina theannta sin, is féidir le feithiclí grianleictreacha rannchuidiú go mór le dícharbónú earnáil iompair na hEorpa. Tá siad i bhfad níos tíosaí ar fhuinneamh i gcomparáid le feithiclí ceallra-leictreacha traidisiúnta, ní bhraitheann siad go forleathan ar an eangach leictreachais le haghaidh luchtaithe, agus is féidir leo fuinneamh glan breise a ghiniúint a d’fhéadfaí a chur isteach san eangach trí luchtú déthreoch, rud a chuireann le neamhspleáchas fuinnimh na hEorpa agus le giniúint fuinnimh in-athnuaite [Leasú 26].

(15a)

Ba cheart leas iomlán a bhaint as acmhainneacht na ngléasraí cumhachta um chothromú eangaí agus na ngléasraí comhghiniúna atá rannpháirteach i gcothromú eangaí chun tacú le leictreachas in-athnuaite eadrannach, rud a d’fhágfadh go bhféadfaí an leictreachas in-athnuaite sin a leathnú.

(16)

Chun seirbhísí solúbthachta agus cothromúcháin ó chomhbhailiú na sócmhainní stórála dáilte a fhorbairt ar bhealach iomaíoch, ba cheart rochtain fhíor-ama ar fhaisnéis bhunúsach faoi cheallraí, mar shampla staid sláinte, staid luchtaithe, toilleadh agus pointe socraithe cumhachta, a sholáthar faoi théarmaí neamh-idirdhealaitheacha , agus forálacha ábhartha Rialachán (AE) 2016/679 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) á gcomhlíonadh go hiomlán  (15), agus saor in aisce d’úinéirí nó d’úsáideorí na gceallraí agus do na heintitis atá ag gníomhú thar a gceann le toiliú sainráite , mar shampla bainisteoirí córais fuinnimh i bhfoirgnimh, soláthraithe seirbhísí soghluaisteachta agus rannpháirtithe eile sa mhargadh leictreachais , amhail úsáideoirí feithiclí leictreacha . Is iomchuí, mar sin, bearta áirithe a thabhairt isteach chun aghaidh a thabhairt ar an ngá le rochtain ar shonraí den sórt sin chun éascú a dhéanamh ar oibríochtaí ceallraí baile agus feithiclí leictreacha , córais chliste téimh agus fuaraithe, agus gléasanna cliste eile , a bhaineann le comhtháthú, ar bearta iad a chomhlánóidh na forálacha a bhaineann le rochtain ar shonraí ceallraí maidir le hathrú cuspóra ceallraí a éascú sa [Rialachán atá beartaithe maidir le ceallraí agus ceallraí dramhaíola, lena n-aisghairtear Treoir 2006/66/CE agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2019/1020]. Ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha maidir le rochtain ar shonraí ceallraí feithiclí leictreacha chomh maith le haon fhoráil a leagtar síos i ndlí an Aontais maidir le cineálcheadú feithiclí.

(17)

Toisc go bhfuil an líon feithiclí leictreacha ar bóthar, ar iarnród, ar muir agus i modhanna eile iompair ag méadú, beidh gá le hoibríochtaí athluchtaithe a bharrfheabhsú agus a bhainistiú ar bhealach nach gcruthóidh plódú agus lena mbainfear an leas is mó is féidir as infhaighteacht leictreachais in-athnuaite agus praghsanna ísle leictreachais sa chóras. I gcásanna ina dtabharfadh luchtú cliste agus déthreoch cúnamh do fhlíteanna feithiclí leictreacha dul i bhfód breise a dhéanamh ó thaobh leictreachas in-athnuaite de in earnáil an iompair agus sa chóras leictreachais i gcoitinne, ba cheart go gcuirfí feidhmiúlacht den sórt sin ar fáil freisin. I bhfianaise shaolré fhada pointí athluchtaithe, ba cheart ceanglais a bhaineann le bonneagar luchtaithe a choimeád cothrom le dáta ar bhealach a d’fhreastalódh ar riachtanais a bheidh ann amach anseo agus ar bhealach nach mbeadh éifeachtaí glasála diúltacha aige ar fhorbairt teicneolaíochta agus seirbhísí.

(18)

Ba cheart é a bheith de cheart ag úsáideoirí feithiclí leictreacha a dhéanann comhaontuithe conarthacha le soláthraithe seirbhísí leictrea-shoghluaisteachta agus le rannpháirtithe sa mhargadh leictreachais faisnéis agus míniúcháin a fháil ar an difear a dhéanfaidh téarmaí an chomhaontaithe d’úsáid a bhfeithicle agus do staid sláinte an cheallra. Ba cheart go dtabharfadh soláthraithe seirbhísí leictrea-shoghluaisteachta agus rannpháirtithe sa mhargadh leictreachais míniú soiléir d’úsáideoirí feithiclí leictreacha faoin dóigh a n-íocfar iad as na seirbhísí solúbthachta, cothromúcháin agus stórála a sholáthrófar don chóras leictreachais agus don mhargadh leictreachais a bhuí le húsáid a bhfeithicle leictrí. Is gá freisin cearta tomhaltóirí úsáideoirí feithiclí leictreacha a chosaint nuair a dhéanann siad comhaontuithe den sórt sin, go háirithe maidir le cosaint a sonraí pearsanta, mar shampla suíomh agus nósanna tiomána, i dtaca le húsáid a bhfeithicle. Féadfaidh rogha úsáideoirí feithiclí leictreacha maidir leis an gcineál leictreachais a cheannaítear le húsáid ina bhfeithicil leictreach, chomh maith le roghanna eile, a bheith san áireamh i gcomhaontuithe den sórt sin. Ar na cúiseanna thuas, tá sé tábhachtach a áirithiú go mbainfear an úsáid is éifeachtaí as an mbonneagar luchtaithe atá le himscaradh . Chun feabhas a chur ar mhuinín na dtomhaltóirí sa leictrea-shoghluaisteacht, tá sé bunriachtanach, go mbeidh úsáideoirí feithiclí leictreacha in ann a síntiús a úsáid ag pointí athluchtaithe éagsúla. Fágfaidh sé sin, freisin, go mbeidh céadrogha soláthraí seirbhíse an úsáideora feithicle leictrí in ann an fheithicil leictreach a chomhtháthú go barrmhaith sa chóras leictreachais, trí phleanáil intuartha agus trí dhreasachtaí atá bunaithe ar roghanna úsáideoir na feithicle leictrí. Tá sé seo i gcomhréir freisin le prionsabail córais fuinnimh atá dírithe ar thomhaltóirí agus atá bunaithe ar tháirgeoir is tomhaltóir, agus leis an gceart chun rogha soláthróra atá ag úsáideoirí feithiclí leictreacha mar chustaiméirí deiridh de réir fhorálacha Threoir (AE) 2019/944.

(18a)

Lasmuigh de cheallraí baile agus ceallraí feithiclí leictreacha, tá acmhainneacht shuntasach freagartha don éileamh ag fearais éagsúla eile amhail gléasanna cliste téimh agus fuaraithe, umair uisce the, aonaid stórála fuinnimh theirmigh agus gléasanna cliste eile, rud ba cheart a úsáid go práinneach chun cur ar chumas tomhaltóirí cur le solúbthacht an chórais fuinnimh. Is gá, dá bhrí sin, bearta a thabhairt isteach lena gcumasófar rochtain fíor-ama ar shonraí atá ábhartha don fhreagairt don éileamh d’úsáideoirí, agus do thríú páirtithe a ghníomhaíonn thar ceann na n-úinéirí agus na n-úsáideoirí, amhail rannpháirtithe sa mhargadh leictreachais, faoi théarmaí neamh-idirdhealaitheacha agus saor in aisce, i gcomhréir iomlán le forálacha ábhartha Rialachán (AE) 2016/679.

(19)

Dá réir sin, d’fhéadfadh giniúint dháilte agus dhíláraithe, freagairt don éileamh agus sócmhainní stórála, amhail ceallraí baile agus ceallraí feithiclí leictreacha, córais chliste téimh agus fuaraithe, agus feistí cliste eile agus stóráil fuinnimh theirmigh go leor seirbhísí solúbthachta agus cothromúcháin a chur ar fáil don eangach trí chomhbhailiú. Chun forbairt feistí agus seirbhísí gaolmhara den sórt sin a éascú, ba cheart na forálacha rialála a bhaineann le nascadh agus oibriú na giniúna díláraithe agus sócmhainní stórála, amhail taraifí, amanna gealltanais agus sonraíochtaí nasctha, a dhearadh ar bhealach nach gcuireann isteach ar acmhainneacht na sócmhainní stórála go léir, lena n-áirítear cinn bheaga agus shoghluaiste, chun seirbhísí solúbthachta agus cothromúcháin a chur ar fáil don chóras agus chun cur le dul i bhfód breise an leictreachais in-athnuaite, i gcomparáid le sócmhainní stórála do-aistrithe níos mó. Ba cheart go gcuirfeadh na Ballstáit cothroime iomaíochta ar fáil do ghníomhaithe margaidh beaga, go háirithe comhphobail fuinnimh in-athnuaite, ionas go mbeidh siad in ann a bheith rannpháirteach sa mhargadh gan ualach díréireach riaracháin nó rialála a bheith orthu.

(20)

Pointí athluchtaithe áit a mbíonn feithiclí leictreacha páirceáilte de ghnáth ar feadh tréimhsí fada ama, mar shampla áit a mbíonn daoine páirceáilte ar chúiseanna cónaithe nó fostaíochta, is pointí iad sin atá an-ábhartha do chomhtháthú an chórais fuinnimh, mar sin is gá feidhmiúlachtaí luchtaithe chliste agus dhéthreoch a áirithiú. Ba cheart tionscnaimh shonracha a dhéanamh chun líon na bpointí athluchtaithe i limistéir thuaithe agus i limistéir inar tearc an daonra a mhéadú agus chun dáileadh leormhaith a áirithiú sna limistéir is iargúlta agus sna limistéir shléibhtiúla. I ndáil leis sin, tá tábhacht faoi leith ag baint le hoibriú gnáth-bhonneagair luchtaithe nach bhfuil ar fáil don phobal, mar shampla trí chórais méadraithe cliste, tábhacht faoi leith ó thaobh feithiclí leictreacha a chomhtháthú sa chóras leictreachais toisc é a bheith suite áit a mbíonn feithiclí leictreacha páirceáilte arís agus arís eile ar feadh tréimhsí fada ama, amhail i bhfoirgnimh ar a bhfuil rochtain theoranta, i bpáirceáil d’fhostaithe nó i saoráidí páirceála a ligtear ar cíos do dhaoine nádúrtha nó do dhaoine dlítheanacha.

(21)

Is in earnáil na tionsclaíochta a dhéantar 25 % den ídiú fuinnimh san Aontas, agus is tomhaltóir mór téimh agus fuaraithe í – téamh agus fuarú atá ag brath 91 % ar bhreoslaí iontaise faoi láthair. Teocht íseal (<200 oC) atá i gceist le 50 % den éileamh téimh agus fuaraithe, áfach, agus tá roghanna costéifeachtacha fuinnimh in-athnuaite ann dó sin, lena n-áirítear trí leictriú in-athnuaite díreach , teaschaidéil tionsclaíochta agus réitigh gheoiteirmeacha . Ina theannta sin, úsáideann earnáil na tionsclaíochta foinsí neamh-inathnuaite mar amhábhair chun táirgí, amhail cruach agus ceimiceáin, a tháirgeadh. Cinnfidh na cinntí maidir le hinfheistíocht tionsclaíochta a dhéantar inniu na próisis tionsclaíochta agus na roghanna fuinnimh ar féidir leis an earnáil tionsclaíochta iad a chur san áireamh amach anseo, mar sin tá sé tábhachtach go mbeadh na cinntí infheistíochta sin slán i bhfad na haimsire agus go seachnófaí leo sócmhainní tréigthe a chruthú . Ba cheart, mar sin, tagarmharcanna a chur i bhfeidhm chun earnáil na tionsclaíochta a dhreasú chun athrú a dhéanamh go próisis táirgeachta atá bunaithe ar fhoinsí in-athnuaite fuinnimh, ar phróisis iad a  bhreoslaítear le fuinnimh in-athnuaite agus a n-úsáidtear amhábhair atá bunaithe ar fhoinsí in-athnuaite fuinnimh, amhail hidrigin in-athnuaite, lena n-aghaidh freisin. ▌

(21a)

Ba cheart do na Ballstáit na hionstraimí pleanála spásúlachta is gá a chur chun cinn lena n-aicmítear ithreacha talmhaíochta agus lena sainaithnítear ithreacha a bhfuil ardluach talmhaíochta acu ar bhonn a saintréithe edifeolaíocha. Ina mbeartais maidir le fuinneamh in-athnuaite a fhorbairt agus a chur chun cinn, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcaomhnófar críoch na n-ithreacha sin d’úsáid talmhaíochta agus beostoic.

(22)

Agus bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh á chur i bhfeidhm, is féidir breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch a úsáid chun críoch fuinnimh, ach is féidir iad a úsáid freisin chun críoch neamhfhuinnimh mar bhunábhar nó mar amhábhar i dtionscail amhail cruach nó ceimiceáin. Le húsáid breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch chun an dá chríoch, baintear lánleas astu chun cur in ionad breoslaí iontaise a úsáid mar bhunábhar agus chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú i  bpróisis tionsclaíochta ar deacair iad a leictriú agus ba cheart, mar sin, iad a chur san áireamh i sprioc a bhaineann le húsáid breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch. Níor cheart go mbeadh de thoradh ar bhearta náisiúnta a thacaíonn le glacadh breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch sna hearnálacha tionsclaíochta sin glanmhéadú ar thruailliú mar gheall ar éileamh méadaithe ar ghiniúint leictreachais a shásaítear leis na breoslaí iontaise is mó a dhéanann truailliú, amhail gual, díosal, lignít, ola, móin agus scealla ola.

(22a)

Mar a thagraítear i Straitéis Hidrigine an Aontais, is féidir ról a bheith ag breoslaí ísealcharbóin agus ag hidrigin ísealcharbóin san aistriú fuinnimh chun astaíochtaí breoslaí atá ann cheana a laghdú. Ós rud é nach breoslaí in-athnuaite iad breoslaí ísealcharbóin agus hidrigin ísealcharbóin, ba cheart go sainmhíneofaí san t-athbhreithniú ar Threoir (AE)…/… [Treoir maidir le gás agus hidrigin] na forálacha comhlántacha maidir le ról na mbreoslaí ísealcharbóin agus na hidrigine ísealcharbóin chun aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050.

(23)

Tá an-tábhacht ag baint le huaillmhian a mhéadú in earnáil an téimh agus an fhuaraithe chun an sprioc fhoriomlán fuinnimh in-athnuaite a bhaint amach ós rud é gur téamh agus fuarú a ídíonn thart ar leath d’fhuinneamh an Aontais, lena gcumhdaítear raon leathan úsáidí deiridh agus teicneolaíochtaí i bhfoirgnimh, in earnáil na tionsclaíochta agus i dtéamh agus fuarú ceantair. Chun dlús a chur leis an méadú ar fhoinsí in-athnuaite fuinnimh i dtéamh agus i bhfuarú, ba cheart 1,1 ▌ar a laghad a bheith ina cheangal ar gach Ballstát , agus sprioc tháscach ag dul suas go 2,3, de réir leibhéal REPowerEU . I gcás na mBallstát sin a bhfuil sciar foinsí fuinnimh in-athnuaite os cionn 50 % acu cheana féin in earnáil an téimh agus an fhuaraithe, ba cheart go mbeadh féidearthacht ann fós gan ach leath den ráta méadaithe ceangailteach bliantúil a chur i bhfeidhm, agus féadfaidh Ballstáit a bhfuil 60 % nó os a chionn sin acu sciar den sórt sin a áireamh mar chomhlíonadh ar an meánráta méadaithe bliantúil i gcomhréir le pointí (b) agus (c) de mhír 2 d’Airteagal 23. Ba cheart do na Ballstáit, le rannpháirtíocht na n-údarás áitiúil agus réigiúnach agus i gcomhréir le bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh, measúnú a dhéanamh ar a n-acmhainneacht fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite in earnáil an téimh agus an fhuaraithe agus ar úsáid dramhtheasa agus dramhfhuachta. Ina theannta sin, ba cheart breisithe Ballstát-sonracha a shocrú, lena n-athdháilfí iarrachtaí breise ar an leibhéal inmhianaithe foinsí in-athnuaite fuinnimh in 2030 i measc Ballstát bunaithe ar OTI agus ar chostéifeachtúlacht. Ba cheart liosta níos faide de bhearta difriúla a chur san áireamh freisin i dTreoir (AE) 2018/2001 chun an méadú ar sciar na bhfoinsí in-athnuaite fuinnimh i dtéamh agus fuarú a éascú. Ba cheart do na Ballstáit trí bheart ón liosta beart a chur chun feidhme. Agus na bearta sin á nglacadh agus á gcur chun feidhme acu, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh siad inrochtana do gach tomhaltóir, go háirithe iad siúd i dteaghlaigh ísealioncaim nó i dteaghlaigh leochaileacha, agus ba cheart dóibh a éileamh go gcuirfí sciar suntasach de na bearta chun feidhme mar thosaíocht i dteaghlaigh ísealioncaim atá i mbaol bochtaineachta fuinnimh agus atá i dtithíocht shóisialta [Leasú 38].

(24)

Chun a áirithiú go ngabhann faisnéis níos fearr do thomhaltóirí le ról méadaithe téimh agus fuaraithe ceantair, is iomchuí soiléiriú agus neartú a dhéanamh ar nochtadh i dtaca le sciar na bhfoinsí in-athnuaite fuinnimh agus na hastaíochtaí gás ceaptha teasa gaolmhara, chomh maith le héifeachtúlacht fuinnimh na gcóras sin.

(24a)

D’fhéadfadh an earnáil talmhaíochta leictreachas in-athnuaite breise a tháirgeadh. Déantar an leictreachas in-athnuaite sin a tháirgeadh ar bhealach díláraithe, rud atá ina dheis san aistriú fuinnimh. Chun an leictreachas sin a chur ar an eangach, ní mór acmhainneacht leordhóthanach a bheith ag an eangach sin. Mar sin féin, is minic a chríochnaíonn an eangach i gceantair thuaithe agus dá bhrí sin níl cumas leordhóthanach inti chun freastal ar leictreachas breise. Ba cheart treisiú na n-eangach i gceantair thuaithe a spreagadh go láidir ionas gur féidir le feirmeacha an rannchuidiú a d’fhéadfadh siad a dhéanamh leis an aistriú fuinnimh a bhaint amach trí tháirgeadh leictreachais dhíláraithe.

(24b)

Tá acmhainneacht ollmhór ag suiteálacha táirgthe fuinnimh ar mhionscála ar an bhfeirm cur leis an gciorclaíocht ar an bhfeirm trí shruthanna dramhaíola agus sruthanna iarmharacha na feirme, aoileach i measc nithe eile, a athrú ina dteas agus ina leictreachas. Dá bhrí sin, ba cheart deireadh a chur le gach bacainn chun feirmeoirí a spreagadh infheistíocht a dhéanamh sna teicneolaíochtaí sin i dtreo feirm chiorclach, amhail díleáiteoirí póca. Ar cheann de na bacainní sin tá luacháil iarmhair an phróisis, mar shampla RENURE, chomh maith le sulfáit amóiniam, ar cheart go mbeifí in ann é a aicmiú agus a úsáid mar leasacháin.

(25)

Córais téimh agus fuaraithe ceantair, ar córais iad atá nua-aimseartha, éifeachtúil agus bunaithe ar fhoinsí in-athnuaite fuinnimh, tá acmhainn léirithe acu chun réitigh chostéifeachtacha a sholáthar chun fuinneamh in-athnuaite, éifeachtúlacht mhéadaithe fuinnimh agus comhtháthú an chórais fuinnimh a chomhtháthú, lena n-éascaítear dícharbónú foriomlán earnáil an téimh agus an fhuaraithe. Chun a áirithiú go mbaintear leas as an acmhainn sin, ba cheart an méadú bliantúil ar fhuinneamh in-athnuaite agus/nó dramhtheas i dtéamh agus fuarú ceantair a ardú ó 1 phointe céatadáin go 2,3 gan cineál táscach an mhéadaithe sin a athrú, rud a léiríonn forbairt mhíchothrom gréasáin den chineál sin ar fud an Aontais.

(26)

Mar gheall ar an tábhacht mhéadaithe a bhaineann le téamh agus fuarú ceantair agus mar gheall ar an ngá atá ann le forbairt na ngréasán sin a stiúradh chun níos mó fuinnimh in-athnuaite a chomhtháthú, is iomchuí ceanglais a leagan síos chun an ceangal a áirithiú idir soláthróirí tríú páirtí d’fhuinneamh in-athnuaite agus de dhramhtheas agus dramhfhuacht agus córais líonraí téimh agus fuaraithe ceantair os cionn 25MW.

(27)

Baintear tearcúsáid as dramhtheas agus dramhfhuacht, d’ainneoin iad a bheith ar fáil go forleathan, rud is cúis le cur amú acmhainní, éifeachtúlacht fuinnimh níos ísle i gcórais náisiúnta fuinnimh agus ídiú fuinnimh níos airde ná mar is gá san Aontas. D’fhéadfadh ceanglais le haghaidh comhordú níos dlúithe idir oibreoirí téimh agus fuaraithe ceantair, earnálacha tionsclaíochta agus treasacha, agus údaráis áitiúla éascú a dhéanamh ar an idirphlé agus ar an gcomhar atá riachtanach chun leas a bhaint as acmhainn chostéifeachtach dramhtheasa agus dramhfhuachta trí chórais téimh agus fuaraithe ceantair.

(28)

Chun a áirithiú go nglacfaidh téamh agus fuarú ceantair páirt iomlán i gcomhtháthú earnáil an fhuinnimh, is gá an comhar le hoibreoirí córas dáileacháin leictreachais a leathnú chun oibreoirí córas tarchurtha leictreachais a chumhdach agus raon feidhme an chomhair a leathnú go pleanáil infheistíochtaí eangaí agus margaí chun úsáid níos fearr a bhaint as acmhainn téimh agus fuaraithe ceantair ó thaobh seirbhísí solúbthachta a sholáthar i margaí leictreachais. Ba cheart deiseanna a bheith ann le haghaidh comhar breise le hoibreoirí gréasán gáis, lena n-áirítear gréasáin hidrigine agus gréasáin fuinnimh eile, chun comhtháthú níos leithne sna hiompróirí fuinnimh agus an úsáid is costéifeachtaí a áirithiú.

(29)

Is féidir le húsáid breoslaí in-athnuaite agus leictreachas in-athnuaite in earnáil an iompair cur le dícharbónú earnáil iompair an Aontais ar bhealach costéifeachtach, agus feabhas a chur ar éagsúlú fuinnimh san earnáil sin, i measc rudaí eile, agus san am céanna, nuálaíocht, fás agus poist a chur chun cinn i ngeilleagar an Aontais agus an spleáchas ar allmhairí fuinnimh a laghdú. D’fhonn an sprioc mhéadaithe le haghaidh laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa atá sainithe ag an Aontas a bhaint amach, ba cheart an leibhéal fuinnimh in-athnuaite a sholáthraítear do gach modh iompair san Aontas a mhéadú. Tríd an sprioc iompair a léiriú mar sprioc chun déine astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, spreagfaí úsáid mhéadaithe na mbreoslaí is costéifeachtaí agus is fearr ó thaobh feidhmiúlachta de, i dtéarmaí gás ceaptha teasa a laghdú, in earnáil an iompair. Ina theannta sin, le sprioc chun déine astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, spreagfaí nuálaíocht agus leagfaí amach tagarmharc soiléir chun comparáid a dhéanamh idir cineálacha breoslaí agus leictreachas in-athnuaite, bunaithe ar dhéine a n-astaíochtaí gás ceaptha teasa. Sa bhreis air sin, trí leibhéal na sprice fuinneamh-bhunaithe ar bhithbhreoslaí ardfhorbartha agus ar bhithghás a mhéadú, agus trí sprioc le haghaidh breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch a thabhairt isteach, d’áiritheofaí úsáid mhéadaithe breoslaí in-athnuaite chomh maith leis an tionchar comhshaoil is lú i modhanna iompair ar deacair iad a leictriú. Ba cheart a áirithiú go mbainfí amach na spriocanna sin trí oibleagáidí ar sholáthróirí breoslaí chomh maith le bearta eile a áirítear i [Rialachán (AE) 2021/XXX maidir le breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin a úsáid sa mhuiriompar – FuelEU Maritime agus Rialachán (AE) 2021/XXX maidir le cothrom iomaíochta a áirithiú don aeriompar inbhuanaithe]. Níor cheart oibleagáidí tiomnaithe a leagan síos ar sholáthróirí breoslaí eitlíochta ach amháin de bhun [Rialachán (AE) 2021/XXX maidir le cothrom iomaíochta a áirithiú don aeriompar inbhuanaithe].

(29a)

Léirigh paindéim COVID-19 an tábhacht straitéiseach a bhaineann le hearnáil an iompair. Ba dhea-chleachtas é na lánaí glasa a chur chun feidhme, lenar soláthraíodh slabhraí soláthair slána do sheirbhísí cúraim sláinte agus éigeandála, soláthar riachtanach bia agus táirgí cógaisíochta agus ba cheart tosaíocht a bheith aige sin amach anseo ar astaíochtaí a laghdú aimsir géarchéime.

(29b)

Meastar gur foinse fuinnimh in-athnuaite é cur chun feidhme nó suiteáil córas tiomána gaothchuidithe agus tiomána gaoithe agus gurb é ceann de na réitigh dhícharbónaithe don mhuiriompair.

(30)

Beidh ról fíor-riachtanach ag an leictrea-shoghluaisteacht ó thaobh earnáil an iompair a dhícharbónú. Chun forbairt bhreise na leictrea-shoghluaiseachta a chothú, ba cheart do na Ballstáit sásra creidmheasa a bhunú a chuirfeadh ar a gcumas d’oibreoirí pointí luchtaithe atá inrochtana don phobal rannchuidiú leis an oibleagáid a leag Ballstáit ar sholáthróirí breoslaí a shásamh, trí leictreachas in-athnuaite nó fuinneamh in-athnuaite a sholáthar. Is féidir leis na Ballstáit stáisiúin athluchtaithe phríobháideacha a áireamh sa sásra sin, más féidir a léiriú gur d’fheithiclí leictreacha amháin a sholáthraítear an leictreachas in-athnuaite a sholáthraítear do na stáisiúin athluchtaithe sin. Agus tacaíocht á cur ar fáil trí shásra den sórt sin do leictreachas in earnáil an iompair, tá sé tábhachtach go gcoinneodh na Ballstáit orthu le hardleibhéal uaillmhéine a leagan síos i dtaca lena meascán breosla leachtaigh a dhícharbónú, go háirithe in earnálacha iompair ar deacair dícharbónú a dhéanamh iontu, amhail na hearnálacha muirí agus eitlíochta , ina bhfuil leictriú díreach i bhfad níos deacra.

(30a)

Is féidir hidrigin a úsáid mar bhunábhar nó mar fhoinse fuinnimh i bpróisis tionsclaíochta agus cheimiceacha agus in aeriompar agus in iompar muirí chun earnálacha a dhícharbónú, arb earnálacha iad nach mbeadh sé indéanta, ó thaobh na teicneolaíochta de, ná iomaíoch, leictriú díreach a dhéanamh orthu, agus le haghaidh stóráil fuinnimh chun an córas fuinnimh a chothromú, i gcás inar gá, rud a d’fhágfadh go mbeadh ról suntasach ag an hidrigin i gcomhtháthú córas fuinnimh.

(30b)

Ba cheart do chreat rialála an Aontais agus do thionscnaimh atá dírithe ar na spriocanna maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú tacú leis an tionscal chun aistriú i dtreo córas fuinnimh Eorpach níos inbhuanaithe, go háirithe agus spriocanna nua agus tairseacha táirgeachta á mbunú.

(31)

Tá sé d’aidhm ag beartas fuinnimh in-athnuaite an Aontais rannchuidiú i spriocanna an Aontais Eorpaigh i dtaca le maolú ar an athrú aeráide a bhaint amach i dtéarmaí astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú. Agus an sprioc sin á saothrú, tá sé fíor-riachtanach rannchuidiú freisin le cuspóirí níos leithne comhshaoil, agus go háirithe le cailliúint na bithéagsúlachta a chosc, rud atá faoi thionchar diúltach mar gheall ar an athrú indíreach ar an talamhúsáid a bhaineann le táirgeadh bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise áirithe. Ar an gcaoi chéanna, d’fhéadfadh tionchar míchuibhiúil a bheith ag pleanáil neamhleor suiteálacha na dtionscadal mór gaoithe nó fótavoltach ar bhithéagsúlacht, ar thírdhreacha, agus ar phobail áitiúla. Ba cheart na héifeachtaí indíreacha a bhíonn ag an dífhoraoisiú agus ag an mbalcadh ithreach, na héifeachtaí a bhíonn ag tuirbíní gaoithe agus coinbhleachtaí úsáide talún maidir le páirceanna gréine a chur san áireamh freisin. Is seanchúram tábhachtach idirghlúine do shaoránaigh an Aontais agus do reachtóir an Aontais é rannchuidiú sna cuspóirí aeráide agus comhshaoil sin . Dá bhrí sin, ba cheart don Aontas breoslaí a chur chun cinn i gcainníochtaí lena gcothromaítear an uaillmhian is gá agus an gá atá ann gan rannchuidiú le hathrú díreach agus indíreach ar thalamhúsáid. Mar thoradh air sin, níor cheart do na hathruithe sa bhealach a ríomhtar an sprioc iompair difear a dhéanamh do na teorainneacha a bunaíodh i dtaobh breoslaí áirithe a tháirgtear ó bharra bia agus beatha a áireamh i dtreo na sprice sin de pháirt amháin, agus breoslaí lena ngabhann riosca ard maidir le hathrú indíreach ar an talamhúsáid den pháirt eile. Ina theannta sin, chun nach gcruthófaí dreasacht chun bithbhreoslaí agus bithghás a tháirgtear ó bharra bia agus beatha a úsáid in earnáil an iompair agus an cogadh in aghaidh na hÚcráine a chur san áireamh , ba cheart rogha a bheith ag Ballstáit fós iad a áireamh i dtreo na sprice iompair, nó gan iad a áireamh. Mura ndéanann siad iad a áireamh, féadfaidh siad laghdú dá réir a dhéanamh ar an sprioc chun déine astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, ar an tuiscint go bhfuil laghdú 50 % ann ar astaíochtaí gás ceaptha teasa le bithbhreoslaí atá bunaithe ar bharra bia agus beatha, rud atá ag freagairt do na gnáthluachanna a leagtar amach in iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo maidir leis an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaineann leis na conairí táirgthe is ábhartha i gcás bithbhreoslaí atá bunaithe ar bharra bia agus beatha, chomh maith leis an íostairseach laghduithe a bhfuil feidhm aici i gcás fhormhór na suiteálacha a tháirgeann bithbhreoslaí den sórt sin. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit machnamh a dhéanamh freisin ar sholáthar breise bia a dhaingniú chun margaí domhanda tráchtearraí bia a chobhsú.

(31a)

Ba cheart aird a thabhairt ar Airteagal 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), lena n-aithnítear leochaileacht ar leith na réigiún is forimeallaí mar gheall ar a n-iargúltacht ó réigiúin na mórthíre, oileánachas, beagmhéid, topagrafaíocht agus aeráid dhian agus spleáchas eacnamaíoch ar líon beag táirgí, ar meascán é lena gcuirtear teorainn lena bhforbairt agus lena ngintear costais bhreise shuntasacha i roinnt mhaith réimsí, go háirithe don iompar. Na hiarrachtaí a dhéantar agus na spriocanna a leagtar síos ar leibhéal na hEorpa chun gáis ceaptha teasa a laghdú, ní mór dóibh a bheith oiriúnaithe don staid dhian sin, trí chothromaíocht a bhaint amach idir cuspóirí comhshaoil agus costais shóisialta arda do na réigiúin sin.

(32)

Nuair a léirítear an sprioc iompair mar sprioc chun déine astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, ní gá iolraitheoirí a úsáid chun foinsí in-athnuaite fuinnimh áirithe a chur chun cinn. An chúis atá leis sin ná go laghdaíonn foinsí in-athnuaite fuinnimh difriúla méideanna difriúla astaíochtaí gás ceaptha teasa agus, dá bhrí sin, ní mar an gcéanna an rannchuidiú a dhéanann siad le sprioc. Ba cheart a mheas go bhfuil astaíochtaí nialasacha ag fuinneamh in-athnuaite, rud a chiallaíonn go laghdaíonn sé astaíochtaí 100 % i gcomparáid le leictreachas a ghintear as breoslaí iontaise. Cruthóidh sé sin dreasacht chun fuinneamh in-athnuaite a úsáid ós rud é nach dócha go mbainfear céatadán chomh hard céanna laghduithe amach le breoslaí in-athnuaite agus le breoslaí carbóin athchúrsáilte. Mar sin, an bealach ab éifeachtúla chun iompar de bhóthar a dhícharbónú ná leictriú atá ag brath ar fhoinsí in-athnuaite fuinnimh. Ina theannta sin, chun úsáid bithbhreoslaí ardfhorbartha agus bithgháis agus breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch a chur chun cinn i modhanna na heitlíochta agus na mara, ar modhanna iad atá deacair a leictriú, is iomchuí an t-iolraitheoir a choimeád do na breoslaí sin a soláthraíodh sna modhanna sin, agus iad á n-áireamh i dtreo na spriocanna sonracha a leagtar amach le haghaidh na mbreoslaí sin.

(33)

Cuireann leictriú díreach earnálacha críochúsáide, lena n-áirítear earnáil an iompair, le éifeachtúlacht an chórais , agus éascaíonn sé an t-aistriú go córas fuinnimh atá bunaithe ar fhuinneamh in-athnuaite. Is meán éifeachtach ann féin é, mar sin, chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú. Ní gá, mar sin, creat maidir le breisíocht a chruthú a bhainfeadh go sonrach le leictreachas in-athnuaite a sholáthraítear d’fheithiclí leictreacha in earnáil an iompair [Leasú 10].

(34)

Ós rud é gur mar fhuinneamh in-athnuaite a dhéanfar breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch a áireamh, gan beann ar an earnáil ina n-ídítear iad, ba cheart leathnú a dhéanamh ar na rialacha lena gcinntear a nádúr in-athnuaite nuair is ó leictreachas a tháirgtear iad, ar rialacha iad nár bhain leis na breoslaí sin ach amháin nuair a ídítear in earnáil an iompair iad, chun gach breosla in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch a chumhdach, gan beann ar an earnáil ina n-ídítear iad.

(34a)

Féadfar leictreachas a fhaightear ó cheangal díreach le suiteáil amháin nó roinnt suiteálacha lena ngintear leictreachas inathnuaite a áireamh go hiomlán mar leictreachas inathnuaite i gcás ina n-úsáidtear é chun na breoslaí inathnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch a tháirgeadh. Léiríonn suiteálacha gur soláthraíodh an leictreachas lena mbaineann gan leictreachas a thógáil ón eangach. Féadfar leictreachas a tógadh ón eangach a áireamh mar leictreachas atá go hiomlán inathnuaite ar an gcoinníoll go ndearnadh é a tháirgeadh go heisiach ó fhoinsí inathnuaite agus gur léiríodh na hairíonna inathnuaite agus aon chritéir iomchuí eile trí chomhaontú ceannaigh cumhachta a thabhairt i gcrích. Ionas go mbeidh sé láncháilithe mar bhreosla inathnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch, ba cheart go mbeadh an comhchoibhneas geografach ar leibhéal náisiúnta seachas ar leibhéal creasa tairisceana agus ba cheart go mbeadh cásanna amach ón gcósta curtha san áireamh freisin. Ní éileofar airíonna inathnuaite an leictreachais sin ach aon uair amháin agus in aon earnáil chríochúsáide amháin. Ba cheart go ndeanfaí amhlaidh maidir le breoslaí inathnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch arna n-allmhairiú san Aontas. [Leasú 11].

(35)

Chun éifeachtacht comhshaoil níos airde a áirithiú i dtaobh chritéir an Aontais maidir le hinbhuanaitheacht agus laghdú astaíochtaí gás ceaptha teasa le haghaidh breoslaí bithmhaise soladaí i suiteálacha ina dtáirgtear téamh, leictreachas agus fuarú, ba cheart an íostairseach chun critéir den sórt sin a chur i bhfeidhm a ísliú ón tairseach reatha de 20 MW go 7,5 MW .

(36)

Le Treoir (AE) 2018/2001, neartaíodh an creat maidir le hinbhuanaitheacht bithfhuinnimh agus laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa trí chritéir a leagan síos do gach earnáil chríochúsáide. Leagadh amach rialacha inti le haghaidh bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise arna dtáirgeadh ó bhithmhais foraoise, rialacha lenar éilíodh inbhuanaitheacht na n-oibríochtaí buainte agus áireamh astaíochtaí ón athrú ar an talamhúsáid. Chun cosaint feabhsaithe a bhaint amach do ghnáthóga ar mhórán carbóin a bhfuil an-bhithéagsúlacht iontu, amhail foraoisí príomhúla agus cianaosta , foraoisí atá ar mhórán bithéagsúlachta, féarthailte, tailte portaigh agus fraochmhánna , ba cheart eisceachtaí agus teorainneacha ar bhithmhais foraoise a fhoinsiú ó na ceantair sin a thabhairt isteach, i gcomhréir leis an gcur chuige atá ann i dtaca le bithbhreoslaí, le bithleachtanna agus le breoslaí bithmhaise arna dtáirgeadh ó bhithmhais talmhaíochta. Ina theannta sin, ba cheart na critéir maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a chur i bhfeidhm freisin maidir le suiteálacha bithmhais-bhunaithe atá ann cheana chun a áirithiú gur laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bheidh mar thoradh ar tháirgeadh bithfhuinnimh i ngach suiteáil den sórt sin i gcomparáid le fuinneamh a ghintear as breoslaí iontaise. Tá ardluach bithéagsúlachta agus aeráide ag foraoisí leathnádúrtha mar fhoraoisí nó talamh eile coille nach foraois phríomhúil ná fáschoill iad agus atá comhdhéanta den chuid is mó de chrainn dhúchasacha agus de speicis toir nár cuireadh agus níor cheart iad a chlaochlú ina bhfáschoillte ná ina bhforaoisí díghrádaithe ar bhealach eile. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar eolaíocht foraoise chun aghaidh a thabhairt ar cheisteanna oscailte agus chun sonraí a chur ar fáil, mar go bhfuil siad ríthábhachtach chun tuiscint níos fearr a fháil ar ról ár gcrann don aeráid, don chomhshaol, don gheilleagar agus don tsochaí. Ba cheart bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise arna dtáirgeadh ó bhithmhais talmhaíochta agus foraoise agus breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch a fháil ó thailte nó ó fhoraoisí a n-urramaítear cearta tríú páirtithe maidir le húsáid agus tionacht na talún nó na foraoise ina leith trí thoiliú saor, roimh ré agus feasach a fháil ó na tríú páirtithe sin, le rannpháirtíocht institiúidí ionadaíocha agus eagraíochtaí ionadaíocha, fad a urramaítear cearta an duine agus cearta saothair na dtríú páirtithe agus nach bhfuil fáil ar bhia agus ar bheatha do thríú páirtithe i mbaol.

(37)

Chun an t-ualach riaracháin ar tháirgeoirí breoslaí in-athnuaite agus breoslaí carbóin athchúrsáilte agus ar Bhallstáit a laghdú, i gcás ina n-aithníonn an Coimisiún trí ghníomh cur chun feidhme go dtugtar fianaise le scéimeanna deonacha nó náisiúnta nó go soláthraítear sonraí cruinne leo maidir le comhlíontacht chritéir maidir le hinbhuanaitheacht agus laghdú astaíochtaí gás ceaptha teasa chomh maith le ceanglais eile a leagtar amach sa Treoir seo, ba cheart do Bhallstáit glacadh le torthaí an deimhnithe a eisítear le scéimeanna den sórt sin, laistigh de raon feidhme aitheantas an Choimisiúin. Chun an t-ualach ar shuiteálacha beaga a laghdú, ba cheart do Bhallstáit sásra simplithe fíorúcháin a bhunú le haghaidh suiteálacha idir 5 agus 20 MW .

(38)

Tá sé d’aidhm ag bunachar sonraí an Aontais atá le cur ar bun ag an gCoimisiún rianú breoslaí leachtacha agus gásacha in-athnuaite agus breoslaí carbóin athchúrsáilte a chumasú. Ba cheart a raon feidhme a leathnú ó iompar chun gach earnáil chríochúsáide eile ina n-ídítear breoslaí a chumhdach. Is ríthábhachtach an tacaíocht a bheidh ansin don fhaireachán cuimsitheach ar tháirgeadh agus ar ídiú na mbreoslaí sin, agus maolóidh sé na rioscaí a bhaineann le háireamh dúbailte nó neamhrialtachtaí feadh na slabhraí soláthair atá cumhdaithe ag bunachar sonraí an Aontais. Ina theannta sin, chun aon riosca a bhaineann le héilimh dhúbailte ar an ngás in-athnuaite céanna a sheachaint, ba cheart ráthaíocht tionscnaimh a eisítear i dtaca le haon choinsíneacht gáis in-athnuaite atá cláraithe sa bhunachar sonraí a chur ar ceal. Ba cheart an bunachar sonraí sin a chur ar fáil go poiblí ar bhealach oscailte, trédhearcach agus soláimhsithe. Ba cheart don Choimisiún tuarascálacha bliantúla a fhoilsiú don phobal i gcoitinne faoin bhfaisnéis a thuairiscítear i mbunachar sonraí an Aontais, lena n-áirítear cainníochtaí, tionscnamh geografach agus cineál bunábhair na mbithbhreoslaí, na mbithleachtanna agus na mbreoslaí bithmhaise.

(38a)

Chun na hualaí rialála ar shaoránaigh, ar riaracháin agus ar ghnólachtaí a thugtar isteach leis an Treoir seo a fhritháireamh, ba cheart don Choimisiún, faoi chuimsiú a shuirbhé bhliantúil maidir le hualaí arna dhéanamh de bhun mhír 48 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, athbhreithniú a dhéanamh ar an gcreat rialála sna hearnálacha lena mbaineann i gcomhréir leis an bprionsabal “ceann amháin isteach, ceann amháin amach”, mar a leagtar amach i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 29 Aibreán 2021 dar teideal Better Regulation: Joining forces to make better laws [Rialáil níos fearr: Oibriú as lámha a chéile chun dlíthe níos fearr a dhéanamh], agus, i gcás inarb iomchuí, tograí reachtacha a thíolacadh chun forálacha i ngníomhartha reachtacha eile de chuid an Aontais lena ngintear costais chomhlíontachta sna hearnálacha sin a leasú nó a scriosadh.

(38b)

Ní mór forálacha leormhaithe frithchalaoise a leagan síos, go háirithe maidir le hola chócaireachta úsáidte, ós rud é go mbíonn ola phailme measctha léi go forleathan. Ós rud é go bhfuil sé bunriachtanach calaois a bhrath agus a chosc chun iomaíocht éagórach agus dífhoraoisiú rábach i dtríú tíortha a sheachaint, ba cheart inrianaitheacht iomlán agus dheimhnithe na n-amhábhar sin a chur chun feidhme.

(39)

Déantar roinnt tagairtí i roinnt áiteanna sa Rialachán Rialachais (AE) 2018/1999 don sprioc cheangailteach ar leibhéal an Aontais gur ó fhuinneamh in-athnuaite a thiocfaidh 32 % ar a laghad d’olltomhaltas fuinnimh an Aontais in 2030. Ós rud é gur gá an sprioc sin a mhéadú chun cur go héifeachtach leis an uaillmhian go laghdófaí astaíochtaí gás ceaptha teasa 55 % ar a laghad faoi 2030, ba cheart na tagairtí sin a leasú. Ní chruthóidh aon cheanglais phleanála nó tuairiscithe bhreise a leagtar síos córas nua pleanála agus tuairiscithe, ach ba cheart dóibh a bheith faoi réir an chreata pleanála agus tuairiscithe atá ann cheana faoi Rialachán (AE) 2018/1999.

(40)

Ba cheart raon feidhme Threoir 98/70/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16) a leasú chun ceanglais rialála dhúbailte a sheachaint maidir le cuspóirí dícharbónaithe breoslaí iompair agus chun ailíniú le Treoir (AE) 2018/2001.

(40a)

Tá sé tábhachtach freisin taighde agus nuálaíocht a spreagadh i réimse an fhuinnimh ghlain, amhail hidrigin, chun freastal ar an éileamh méadaitheach ar bhreoslaí malartacha agus, thar aon ní eile, fuinneamh a chur ar fáil ar an margadh atá níos saoire ná breoslaí iontaise amhail díosal, ola bhreosla agus peitreal, a bhfuil na praghsanna atá orthu ag ardú as cuimse faoi láthair.

(41)

Ba cheart sainmhínithe Threoir 98/70/CE a leasú chun iad a ailíniú le Treoir (AE) 2018/2001 agus ar an gcaoi sin, sainmhínithe difriúla a bheith á gcur i bhfeidhm sa dá ghníomh sin a sheachaint.

(42)

Ba cheart na hoibleagáidí maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus bithbhreoslaí a úsáid i dTreoir 98/70/CE a scriosadh chun cuíchóiriú a dhéanamh agus chun rialáil dhúbailte a sheachaint maidir leis na cuspóirí dícharbónaithe breoslaí iompair neartaithe dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2018/2001.

(43)

Ba cheart na hoibleagáidí maidir le faireachán agus tuairisciú ar laghduithe astaíochtaí gás ceaptha teasa a leagtar amach i dTreoir 98/70/CE a scriosadh chun rialáil dhúbailte ar oibleagáidí tuairiscithe a sheachaint.

(44)

Ba cheart Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle, lena soláthraítear rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme aonfhoirmeach Airteagal 7a de Threoir 98/70/CE, a aisghairm mar beidh sí as feidhm le haisghairm Airteagal 7a de Threoir 98/70/CE leis an Treoir seo.

(45)

A mhéid a bhaineann le comhpháirteanna bithbhunaithe i mbreosla díosail, leis an tagairt i dTreoir 98/70/CE do bhreosla díosail B7, is é sin breosla díosail ina bhfuil suas le 7 % d’eistir mheitile aigéid shailligh (FAME), cuirtear teorainn leis na roghanna atá ar fáil chun spriocanna ionchorpraithe bithbhreoslaí níos airde a bhaint amach mar a leagtar amach i dTreoir (AE) 2018/2001. An chúis atá leis sin ná gur B7 atá i gceist le soláthar iomlán breosla díosail an Aontais, nach mór. Mar gheall air sin, ba cheart sciar uasta na gcomhpháirteanna bithbhunaithe a mhéadú ó 7 % go 10 %. Chun glacadh B10 sa mhargadh a chothú, is é sin breosla díosail ina bhfuil suas le 10 % d’eistir mheitile aigéid shailligh (FAME), tá gá le grád cosanta B7 ar fud an Aontais le haghaidh 7 % FAME i mbreosla díosail mar gheall ar an gcion suntasach feithiclí nach bhfuil comhoiriúnach le B10 a mheastar a bheith sa fhlít faoi 2030. Ba cheart é sin a chur san áireamh in Airteagal 4, mír 1, an dara fomhír de Threoir 98/70/CE arna leasú leis an ngníomh seo.

(45a)

Trí úsáid níos mó a bhaint as fuinneamh in-athnuaite, is féidir slándáil fuinnimh agus neamhthuilleamaíocht a mhéadú freisin tríd an spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú, i measc nithe eile. Mar sin féin, tá neartú agus idirnascadh breise an chórais tarchurtha riachtanach chun an t-aistriú sin a úsáid go cothrom agus go héifeachtúil ionas go leathnófar na tairbhí go cothrom ar fud dhaonra an Aontais agus nach mbeidh bochtaineacht fuinnimh mar thoradh orthu.

(46)

Ba cheart a bheith in ann, mar thoradh ar na forálacha idirthréimhseacha, leanúint ar aghaidh le bailiú ordúil sonraí agus leis na hoibleagáidí tuairiscithe a shásamh maidir leis na hairteagail de Threoir 98/70/CE a scriostar leis an Treoir seo.

(47)

I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin (17), ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na n-ionstraimí náisiúnta trasuite. Maidir leis an Treoir seo, measann an reachtóir go bhfuil údar cuí le doiciméid den sórt sin a tharchur, go háirithe tar éis bhreithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh sa chás An Coimisiún v An Bheilg (18) (cás C-543/17).

(47a)

Tá acmhainneacht ollmhór ann don Aontas agus dá thíortha comhpháirtíochta i mbéal forbartha maidir le comhar teicneolaíochta, tionscadail fuinnimh inathnuaite agus onnmhairí fuinnimh ghlain agus maidir le hidirnascacht níos mó d’eangacha fuinnimh ghlain a fhorbairt. D’ainneoin an fháis leanúnaigh atá ag teacht orthu ar an iomlán, tá infheistíochtaí fuinnimh inathnuaite fós dírithe ar dhornán réigiún agus tíortha. Tá réigiúin, a bhfuil an lámh in uachtar ag tíortha i mbéal forbartha agus tíortha atá ag teacht chun cinn orthu, fós faoi ghannionadaíocht ar bhonn seasta, ar réigiúin iad nach meallann ach thart ar 15 % d’infheistíochtaí domhanda i bhfoinsí inathnuaite fuinnimh  (19) . Ba cheart do chomhpháirtíochtaí fuinnimh an Aontais díriú ar thionscadail giniúna fuinnimh inathnuaite, chomh maith le tacú le tionscadail fuinnimh inathnuaite a fhorbairt agus creataí dlíthiúla agus airgeadais a leagan síos agus ba cheart a áireamh iontu soláthar an chúnaimh theicniúil agus an aistrithe eolais is gá i ndlúthchomhar leis an earnáil phríobháideach. Ba cheart go mbeadh gealltanais maidir le dea-rialachas agus peirspictíocht an chomhair chobhsaí, fhadtéarmaigh coinníollach le haghaidh chomhar an Aontais. Ba cheart go mbeadh an comhar maidir le fuinneamh inbhuanaithe mar phríomhthosaíocht do thíortha oiriúnacha faoin tionscnamh “Global Gateway” [Leasú 12].

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Threoir (AE) 2018/2001

Leasaítear Treoir (AE) 2018/2001 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 2, leasaítear an dara mír mar a leanas:

(-a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (1):

“(1)

ciallaíonn ‘fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite’ nó ‘fuinneamh in-athnuaite’ fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite neamh-iontaise, eadhon fuinneamh gaoithe, gréine (grianfhuinneamh teirmeach agus grianfhuinneamh fótavoltach) agus geoiteirmeach, fuinneamh osmóiseach, fuinneamh comhthimpeallach, fuinneamh taoide, fuinneamh toinne agus fuinneamh eile aigéin, hidreachumhacht, bithmhais, gás ó líonadh talún, gás ó ionad cóireála camrais, agus bithghás;”;

(-aa)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c) de phointe 16:

“(c)

ar príomhchuspóir dó sochair chomhshaoil, eacnamaíocha nó shóisialta — seachas brabús airgeadais — a sholáthar dá scairshealbhóirí nó dá bhallraíocht nó do na ceantair áitiúla ina bhfeidhmíonn sé, i gcomhréir le bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh;”;

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (36):

“(36)

ciallaíonn ‘breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch’ breoslaí leachtacha agus gásacha a ndíorthaítear a luach fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite seachas ó bhithmhais;”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (47):

“(47)

ciallaíonn ‘luach réamhshocraithe’ luach a dhíorthaítear as luach tipiciúil trí fhachtóirí réamhchinntithe a chur i bhfeidhm agus ar féidir, in imthosca a shonraítear sa Treoir seo, é a úsáid seachas luach iarbhír;”;

(c)

cuirtear isteach na pointí seo a leanas:

“( 47a )

‘ciallaíonn ‘lomán cruinn ardchaighdeáin’ lomán cruinn a leagadh nó a buaineadh ar shlí eile agus a aistríodh amach, atá oiriúnach le haghaidh úsáid thionsclaíoch de bharr a shaintréithe amhail speiceas, toisí, díríocht agus dlús nóid, arna shainmhíniú agus arna údarú go cuí ag na Ballstáit i gcomhréir leis na dálaí foraoise ábhartha. Ní áirítear leis seo oibríochtaí tanúcháin réamhthráchtála nó crainn a bhaintear as foraoisí a ndearnadh tinte, lotnaidí, galair nó damáiste de bharr tosca aibhitheacha difear dóibh;

(47b)

ciallaíonn ‘teicneolaíocht nuálach fuinnimh in-athnuaite’ teicneolaíocht giniúna fuinnimh in-athnuaite a fheabhsaíonn ar bhealach amháin ar a laghad teicneolaíochtaí úrscothacha fuinnimh in-athnuaite atá inchomparáide nó a dhéanann acmhainn fuinnimh in-athnuaite nach mbaintear leas aisti den chuid is mó a shaothrú agus lena mbaineann leibhéal soiléir riosca, ó thaobh na teicneolaíochta, an mhargaidh nó an airgeadais de, atá níos airde ná an riosca a bhaineann go ginearálta le teicneolaíochtaí nó gníomhaíochtaí neamh-nuálacha inchomparáide;

( 47c )

ciallaíonn ‘crios tairisceana’ crios tairisceana mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (65) de Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20);

( 47d )

ciallaíonn ‘córas méadraithe cliste’ córas méadraithe cliste mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (23) de Threoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21);

( 47e )

ciallaíonn ‘pointe athluchtaithe’ pointe athluchtaithe mar a shainítear in ▌ Airteagal 2, pointe (33) de Threoir (AE) 2019/944;

( 47f )

ciallaíonn ‘rannpháirtí sa mhargadh’ rannpháirtí sa mhargadh mar a shainítear in ▌ Airteagal 2, pointe (25) de Rialachán (AE) 2019/943;

( 47g )

ciallaíonn ‘margadh leictreachais’ margadh leictreachais mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (9) de Threoir 2019/944;

( 47h )

ciallaíonn ‘ceallra baile’ ceallra in-athluchtaithe neamhspleách de thoilleadh ainmniúil ar mó é ná 2 kWh, atá oiriúnach lena shuiteáil agus lena úsáid i dtimpeallacht bhaile;

( 47i )

ciallaíonn ‘ceallra feithicle leictrí’ ceallra feithicle leictrí mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (12) den [Rialachán atá beartaithe maidir le ceallraí agus ceallraí dramhaíola, lena n-aisghairtear Treoir 2006/66/CE agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2019/1020 (22)];

( 47j )

ciallaíonn ‘ceallra tionsclaíoch’ ceallra tionsclaíoch mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (11) den [Rialachán atá beartaithe maidir le ceallraí agus ceallraí dramhaíola, lena n-aisghairtear Treoir 2006/66/CE agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2019/1020];

( 47k )

ciallaíonn ‘staid sláinte’ staid sláinte mar a shainmhínítear ▌in Airteagal 2, pointe (25) den [Rialachán atá beartaithe maidir le ceallraí agus ceallraí dramhaíola, lena n-aisghairtear Treoir 2006/66/CE agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2019/1020 (23)];

( 47l )

ciallaíonn ‘staid luchtaithe’ staid luchtaithe mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (24) den [togra le haghaidh Rialachán maidir le ceallraí agus ceallraí dramhaíola, lena n-aisghairtear Treoir 2006/66/CE agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1020];

( 47m )

ciallaíonn ‘pointe socraithe cumhachta’ an fhaisnéis a choinnítear i gcóras bainistíochta an cheallra lena fhorordaítear na socruithe cumhachta leictrí ag a n-oibríonn an ceallra le linn oibríocht athluchtaithe nó sceite, sa mhéid go bhfuil a staid sláinte agus a úsáid oibríochtúil barrfheabhsaithe;

( 47n )

ciallaíonn ‘luchtú cliste’ oibríocht athluchtaithe ina modhnaítear an déine leictreachais arna sholáthar don cheallra i bhfíor-am, bunaithe ar fhaisnéis arna fáil trí chumarsáid leictreonach agus ar féidir a bhaint amach ag gnáthluasanna luchtaithe chomh maith le linn mearluchtaithe trí fhreagairt ar chomharthaí praghais dinimiciúla nó barrfheabhsú an tsreafa cumhachta;

( 47o )

ciallaíonn ‘údarás rialála’ údarás rialála mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2) de Rialachán (AE) 2019/943;

( 47p )

ciallaíonn ‘luchtú déthreoch’ oibríocht chliste luchtaithe inar féidir treo an sreabhaidh a aisiompú, ag lamháil don leictreachas sreabhadh ón gceallra chuig an bpointe athluchtaithe lena bhfuil sé nasctha;

( 47q )

ciallaíonn ‘pointe athluchtaithe gnáthchumhachta’ pointe athluchtaithe gnáthchumhachta ▌ mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (31) den [togra le haghaidh Rialachán maidir le leas a bhaint as bonneagar breoslaí ionadúil, lena n-aisghairtear Treoir 2014/94/AE];

(47r)

ciallaíonn ‘ceallra pobail’ ceallra in-athluchtaithe neamhspleách ag a bhfuil toilleadh ainmniúil níos mó ná 50 kWh, atá oiriúnach do shuiteáil agus d’úsáid i dtimpeallacht chónaithe, tráchtála nó thionsclaíoch agus atá faoi úinéireacht táirgeoirí is tomhaltóirí fuinnimh in-athnuaite, ag gníomhú i gcomhpháirt le chéile, nó comhphobal fuinnimh in-athnuaite;

(47s)

ciallaíonn ‘comhaontú ceannacháin fuinnimh in-athnuaite’ conradh faoina gcomhaontaíonn duine nádúrtha nó dlítheanach fuinneamh in-athnuaite a cheannach go díreach ó tháirgeoir, lena gcuimsítear comhaontuithe ceannacháin cumhachta in-athnuaite, comhaontuithe ceannacháin hidrigine in-athnuaite agus comhaontuithe ceannacháin téimh agus fuaraithe in-athnuaite, ach níl sé teoranta dóibh sin amháin;

(47t)

ciallaíonn ‘comhaontú ceannacháin téimh agus fuaraithe in-athnuaite’ conradh faoina gcomhaontaíonn duine nádúrtha nó dlítheanach téamh agus fuarú in-athnuaite a cheannach go díreach ó tháirgeoir;

(47u)

ciallaíonn ‘comhaontú ceannacháin hidrigine in-athnuaite’ conradh faoina gcomhaontaíonn duine nádúrtha nó dlítheanach breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch a cheannach go díreach ó tháirgeoir;

( 47v )

ciallaíonn ‘tionscal’ cuideachtaí agus táirgí a thagann faoi réim ailt B, C, F agus J, roinn (63) den aicmiú staidrimh gníomhaíochta eacnamaíocha (NACE ATH.2) (24);

( 47w )

ciallaíonn ‘cuspóir neamhfhuinnimh’ úsáid breoslaí mar amhábhair i bpróiseas tionsclaíoch, seachas iad a úsáid chun fuinneamh a tháirgeadh;

( 47x )

ciallaíonn ‘breoslaí in-athnuaite’ bithbhreoslaí, bithleachtanna, breoslaí bithmhaise agus breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch;

(47y)

ciallaíonn ‘bunphrionsabal éifeachtúlachta fuinnimh’ bunphrionsabal éifeachtúlachta fuinnimh mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (18), de Rialachán (AE) 2018/1999;

(47z)

ciallaíonn ‘sócmhainn hibrideach in-athnuaite amach ón gcósta’ sócmhainn tarchurtha a bhfuil an dá chuspóir aici giniúint fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta a nascadh agus dhá chrios tairisceana nó níos mó a nascadh;

(47aa)

ciallaíonn ‘téamh agus fuarú ceantair atá bunaithe ar fhoinsí in-athnuaite’ córais téimh agus fuaraithe ceantair atá an-éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de agus a fheidhmíonn go heisiach trí bhíthin foinsí fuinnimh in-athnuaite;

(47ab)

ciallaíonn ‘bithmhais adhmadach phríomhúil’ an lomán cruinn uile a leagtar nó a bhuantar nó a bhaintear ar shlí eile. Is éard atá ann ná an t-adhmad go léir a fhaightear ó aistrithe, i.e. na cainníochtaí a bhaintear as foraoisí, lena n-áirítear adhmad a aisghabhtar de bharr mortlaíocht nádúrtha agus de bharr leagain agus lománaíochta. Áirítear leis an t-adhmad go léir a bhaintear le coirt nó gan choirt, lena n-áirítear adhmad a bhaintear ina chruth cruinn, nó scoilte, cearnaithe go garbh nó i bhfoirm eile, e.g. brainsí, fréamhacha, stumpaí agus burlaí (i gcás ina mbuantar iad) agus adhmad atá múnlaithe go garbh nó biorach. Ní áirítear leis sin bithmhais adhmadach a fhaightear ó bhearta inbhuanaithe um chosc falscaithe i limistéir ardriosca atá i mbaol dóiteáin, bithmhais adhmadach a fhaightear ó bhearta um shábháilteacht ar bhóithre, agus bithmhais adhmadach a eastósctar ó fhoraoisí atá buailte le tubaistí nádúrtha, lotnaidí gníomhacha nó galair chun a leathadh a chosc, agus ag an am céanna eastóscadh adhmaid a íoslaghdú agus bithéagsúlacht a chosaint, rud a mbeidh foraoisí níos éagsúla agus níos athléimní mar thoradh air, agus beidh sé bunaithe ar threoirlínte ón gCoimisiún [Leasú 42];

(47ac)

ciallaíonn ‘hidrigin in-athnuaite’ hidrigin a tháirgtear trí leictrealú uisce (i leictrealóir, a chumhachtaítear le leictreachas a eascraíonn as foinsí in-athnuaite), nó trí athchóiriú bithgháis nó trí thiontú bithcheimiceach bithmhaise, má tá sé i gcomhréir le critéir inbhuanaitheachta a leagtar amach in Airteagal 29 de Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

( 47ad )

ciallaíonn ‘foraois plandála’ foraois a cuireadh a ndéantar dianbhainistiú uirthi agus a chomhlíonann na critéir seo a leanas go léir tráth a bplandála agus tráth aibithe na gclampaí: speiceas amháin nó dhá speiceas, cothrom i dtaca le haicme aoise, agus spásáil rialta eatarthu. Áirítear ann fáschoillte gearruainíochta le haghaidh adhmaid, snáithín agus fuinnimh, agus ní áirítear ann foraoisí a cuireadh le haghaidh cumhdaigh nó athbhunú éiceachórais, chomh maith le foraoisí a bhunaítear trí phlandáil nó síolú atá, tráth a bplandála agus tráth aibithe na gclampaí, nó a bheidh, tráth a bplandála nó tráth aibithe na gclampaí, cosúil le foraoisí a athghineann go nádúrtha;

( 47ae )

ciallaíonn ‘foraois a cuireadh’ foraois arb é atá ann go príomha crainn arna mbunú trí phlandáil agus/nó síolú toiliúil ar choinníoll go measfar go mbeidh na crainn arna bplandú nó arna síolú níos mó ná caoga faoin gcéad den stoc fáis tráth a n-aibithe; áirítear ann roschoill ó chrainn a plandáladh nó a síoladh ar dtús; ▌

(47af)

ciallaíonn ‘fuinneamh osmóiseach’ fuinneamh arna chruthú go nádúrtha ón éagsúlacht i dtiúchan salainn idir dhá shreabhán, uisce úr agus sáile de ghnáth;

(47ag)

ciallaíonn ‘éifeachtúlacht córais’ córas fuinnimh lena gcomhtháthaítear foinsí fuinnimh in-athnuaite athraitheacha ar bhealach costéifeachtach agus lena ndéantar luach na solúbthachta ó thaobh an éilimh de a uasmhéadú chun an t-aistriú chuig aeráidneodracht a bharrfheabhsú, arna thomhas i laghduithe ar infheistíocht an chórais agus ar chostais oibríochtúla, ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus ar úsáidí breoslaí iontaise i ngach meascán fuinnimh náisiúnta;

(47ah)

ciallaíonn ‘gléasra cumhachta hibrideach in-athnuaite’ teaglaim de dhá theicneolaíochtaí giniúna in-athnuaite nó níos mó a bhfuil an nasc eangaí céanna acu, agus ar féidir leo acmhainneacht stórála a chomhtháthú freisin;

(47ai)

ciallaíonn ‘tionscadal stórála fuinnimh comhshuite’ tionscadal lena gcuimsítear saoráid stórála fuinnimh agus saoráid lena dtáirgtear fuinneamh in-athnuaite atá nasctha taobh thiar den phointe rochtana eangaí céanna;

(47aj)

ciallaíonn ‘feithicil ghrianleictreach’ mótarfheithicil atá an-éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de agus atá feistithe le gléasra cumhachta nach bhfuil ann ach meaisíní leictreacha neamh-fhorimeallacha mar thiontaire fuinnimh ag a bhfuil córas stórála fuinnimh in-athluchtaithe leictreach, ar féidir é a athluchtú go seachtrach, agus ar a bhfuil painéil fhótavoltacha atá comhtháite ag feithiclí freisin [Leasú 29].”;

(2)

leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Áiritheoidh na Ballstáit i gcomhar le chéile gur ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite a thiocfaidh 45  %, ar a laghad de sciar iomlán d’olltomhaltas deiridh fuinnimh an Aontais faoi 2030.

Chun táirgeadh agus úsáid fuinnimh in-athnuaite ó theicneolaíochtaí nuálacha fuinnimh in-athnuaite a chur chun cinn agus chun iomaíochas tionsclaíoch an Aontais a choimirciú, leagfaidh gach Ballstát síos sprioc tháscach de 5 % ar a laghad d’acmhainneacht fuinnimh in-athnuaite nua suiteáilte idir… [teacht i bhfeidhm na treorach] agus 2030 mar theicneolaíocht nuálach fuinnimh in-athnuaite.

Chun dul i bhfód breise an leictreachais in-athnuaite a éascú agus chun na seirbhísí solúbthachta agus cothromúcháin a mhéadú, leagfaidh na Ballstáit síos sprioc tháscach do theicneolaíochtaí stórála.

Chun tacú leis an sprioc dá dtagraítear sa chéad fhomhír a bhaint amach ar bhealach costéifeachtach agus éifeachtúlacht an chórais a bhaint amach, leagfaidh na Ballstáit síos sprioc náisiúnta tháscach íosta do sholúbthacht ó thaobh an éilimh de a chomhfhreagraíonn do laghdú 5 % ar an mbuaicéileamh leictreachais faoi 2030. Bainfear amach an sprioc sin tríd an tsolúbthacht ó thaobh an éilimh de i ngach earnáil chríochúsáide a ghníomhachtú, lena n-áirítear trí athchóiriú foirgneamh agus éifeachtúlacht fuinnimh i gcomhréir le Treoir (AE) …/… [treoir athbhreithnithe (AE) 2018/844] agus Treoir (AE) …/… [treoir athbhreithnithe (AE) 2018/2002].

Sonróidh na Ballstáit a sprioc solúbthachta náisiúnta ó thaobh an éilimh de, lena n-áirítear garspriocanna idirmheánacha, sna cuspóirí náisiúnta a leagtar amach ina bpleananna comhtháite fuinnimh agus aeráide chun solúbthacht an chórais a mhéadú, i gcomhréir le hAirteagal 4, pointe (d), pointe (3) de Rialachán (AE) 2018/1999. Nuair is gá, féadfaidh an Coimisiún bearta comhlántacha a dhéanamh chun tacú leis na Ballstáit a sprioc a chomhlíonadh.

Sainaithneoidh gach Ballstát ina phlean comhtháite fuinnimh agus aeráide, i gcomhréir le hAirteagal 4, pointe (d), pointe (3), de Rialachán (AE) 2018/1999, na bearta is gá chun na spriocanna dá dtagraítear sa dara fomhír agus sa tríú fomhír de mhír 1 den Airteagal seo a bhaint amach.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Déanfaidh na Ballstáit bearta chun a áirithiú go dtáirgfear fuinneamh ó bhithmhais ar bhealach ina n-íoslaghdófar iarmhairtí saobhacha míchuí ar mhargadh na n-amhábhar bithmhaise agus tionchair dhíobhálacha ar an mbithéagsúlacht, ar an gcomhshaol agus ar an aeráid . Chuige sin, cuirfidh siad san áireamh ord na réiteach dramhaíola mar a leagtar amach in Airteagal 4 de Threoir 2008/98/CE agus prionsabal na húsáide cascáidí dá dtagraítear sa tríú fomhír.

Seo a leanas cuid de na bearta dá dtagraítear sa chéad fhomhír:

(a)

Ní thabharfaidh na Ballstáit tacaíocht ar bith maidir leis na nithe seo a leanas:

(i)

lomáin sáibh, lomáin veiníre, stumpaí nó fréamhacha a úsáid chun fuinneamh a tháirgeadh;

(ii)

táirgeacht fuinnimh in-athnuaite arna tháirgeadh ó dhramhaíl a loscadh mura gcomhlíontar na hoibleagáidí um bhailiú ar leithligh agus um ord na réiteach dramhaíola a leagtar síos le Treoir 2008/98/CE;

(iii)

cleachtais nach bhfuil i gcomhréir leis an ngníomh cur chun feidhme dá dtagraítear sa tríú fomhír.

(b)

Ón 31 Nollaig 2026, agus gan dochar do na forálacha a leagtar amach in Airteagal 6 agus na hoibleagáidí sa chéad fomhír, ní thabharfaidh na Ballstáit tacaíocht ar bith maidir le leictreachas a tháirgeadh ó bhithmhais foraoise i suiteálacha leictreachais amháin, mura gcomhlíonfaidh an leictreachas sin ar a laghad ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:

(i)

táirgtear é i réigiún a shainaithnítear i bplean críochach um aistriú cóir arna fhormheasadh ag an gCoimisiún ▌, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/ . . . ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir i ngeall ar a spleáchas ar bhreoslaí iontaise soladacha, agus comhlíonann sé na ceanglais iomchuí a leagtar amach in Airteagal 29 , pointe (11);

(ii)

táirgtear é trí Ghabháil agus Stóráil CO2 Bithmhaise a chur i bhfeidhm, agus comhlíonann sé na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 29 , pointe (11), an dara fomhír.

(ii a)

táirgtear é trí ghléasraí atá i bhfeidhm cheana féin an… [dáta theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo], nach féidir modhnuithe a dhéanamh ina leith i dtreo na comhghiniúna ós rud é nach ann do na dálaí bonneagair agus éilimh agus a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 29, pointe (11), ar choinníoll go dtabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi úsáid díolúine den sórt sin agus go dtabharfaidh siad údar cuí dó trí bhíthin faisnéis eolaíoch agus theicniúil atá fíoraithe agus cothrom le dáta agus go bhformheasfaidh an Coimisiún an díolúine.

Tráth nach déanaí ná bliain amháin tar éis [theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo], glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme ▌ maidir le conas prionsabal na húsáide cascáidí a chur i bhfeidhm le haghaidh bithmhaise foraoise, go háirithe maidir le conas úsáid na lomán cruinn ardchaighdeáin i dtáirgeadh an fhuinnimh a íoslaghdú, le béim ar scéimeanna tacaíochta agus aird chuí á tabhairt ar an mbreisluach eacnamaíoch agus comhshaoil is airde agus ar shonraíochtaí náisiúnta lena n-áirítear cosc ar fhalscaí agus lománaíocht tarrthála.

Faoi 2026 cuirfidh an Coimisiún tuarascáil i láthair maidir le tionchar scéimeanna tacaíochta na mBallstát le haghaidh bithmhaise, lena n-áirítear an tionchar ar bhithéagsúlacht , ar an aeráid, ar an gcomhshaol agus ar shaobhadh margaidh féideartha, agus déanfaidh sé measúnú ar ▌scéimeanna tacaíochta um an mbithmhais foraoise.”;

(c)

cuirtear an mhír 4 a seo a leanas isteach:

“4a.   Déanfaidh na Ballstáit creat a bhunú, a bhféadfaidh scéimeanna tacaíochta a áireamh ann agus lena n-éascófar tionscadail stórála fuinnimh in-athnuaite agus comhshuite a ghlacadh chomh maith le comhaontuithe ceannacháin fuinnimh in-athnuaite agus comhaontuithe ceannacháin téimh agus fuaraithe in-athnuaite , lena gcumasófar fuinneamh in-athnuaite a imscaradh go leibhéal atá comhsheasmhach le ranníocaíocht náisiúnta an Bhallstáit dá dtagraítear i mír 2 agus ar luas atá comhsheasmhach leis na conairí táscacha dá dtagraítear in Airteagal 4(a)(2) de Rialachán (AE) 2018/1999. Go háirithe, rachaidh an creat i ngleic leis na bacainní atá fós ann, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le nósanna imeachta ceadaithe, tionscnaimh comhphobail fuinnimh a bhunú agus na gréasáin iompair fuinnimh is gá a fhorbairt, chun tacú le hardleibhéal soláthair fuinnimh in-athnuaite. Le linn dóibh an creat sin a dhearadh, cuirfidh na Ballstáit san áireamh an leictreachas in-athnuaite breise agus na bonneagair stórála is gá chun freastal ar an éileamh sna hearnálacha iompair, tionsclaíochta, tógála, agus téimh agus fuaraithe agus maidir le táirgeacht breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch.’;

I gcomhréir le bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh, áiritheoidh na Ballstáit tomhaltas, trádáil agus stóráil sholúbtha leictreachais in-athnuaite sna hearnálacha críochúsáide sin chun cabhrú lena dhul i bhfód ar bhealach costéifeachtach.

Féadfaidh na Ballstáit achoimre ar na beartais agus ar na bearta faoin gcreat cumasúcháin agus measúnú ar chur chun feidhme na mbeartas agus na mbeart sin faoi seach a áireamh ina bpleananna náisiúnta comhtháite fuinnimh agus aeráide agus sna tuarascálacha ar dhul chun cinn a ghabhfaidh leo, de bhun Rialachán (AE) 2018/1999.”;

(3)

leasaítear Airteagal 7 mar a leanas:

(-a)

sa chéad fhomhír de mhír 1, cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad phointe (c):

“(c)

tomhaltas deiridh fuinnimh ó fhoinsí agus breoslaí in-athnuaite in earnáil an iompair. ”;

(a)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“Maidir leis an gcéad fhomhír, pointe (a), (b) nó (c), ní mheasfar gás nó leictreachas ó fhoinsí in-athnuaite ach aon uair amháin chun críocha sciar an fhuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite san olltomhaltas deiridh fuinnimh a ríomh. Cuirfear fuinneamh a tháirgtear ó bhreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch san áireamh san earnáil – leictreachas, téamh agus fuarú nó iompar – ina ndéanfar é a thomhailt. I gcás ina n-ídítear breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch i mBallstát nach ionann é agus an Ballstát inar táirgeadh iad, fuinneamh a ghintear trí úsáid a bhaint as breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch, déanfar 80 % dá dtoirt a áireamh sa tír agus san earnáil ina n-ídítear é agus 20 % dá dtoirt sa tír ina dtáirgtear é, mura gcomhaontaítear a mhalairt idir na Ballstáit lena mbaineann. Chun faireachán a dhéanamh ar chomhaontuithe den sórt sin agus chun aon chomhaireamh dúbailte a sheachaint, tabharfar fógra don Choimisiún faoi aon chomhaontú den sórt sin, lena n-áirítear méideanna beachta an tsoláthair agus an éilimh, tráthanna an aistrithe agus an dáta faoina mbeidh an socrú oibríochtúil. Cuirfidh an Coimisiún faisnéis ar fáil maidir leis na comhaontuithe a tugadh i gcrích, lena n-áirítear uainiú, toirt, praghas agus aon choinníollacha breise.”;

(aa)

i mír 1, cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach tar éis an dara fomhír:

“Chun críocha na spriocanna dá dtagraítear in Airteagail 15a, 22a, 23(1), 24(4) agus 25(1), maidir le breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch, tabharfar 100 % dá dtoirt i gcuntas sa tír ina dtomhlaítear iad.”;

(b)

i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“Chun críocha mhír 1, an chéad fhomhír, pointe (a), déanfar olltomhaltas deiridh fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a ríomh mar an chainníocht de leictreachas a tháirgtear i mBallstát ó fhoinsí in-athnuaite, lena n-áirítear táirgeacht leictreachais ó athnuaiteáin, ó tháirgeoirí is tomhaltóirí agus ó chomhphobail fuinnimh in-athnuaite agus leictreachas ó bhreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch agus lena n-eisiafar táirgeacht leictreachais in aonaid taisce pumpála ó uisce a pumpáladh in aghaidh fána chomh maith le leictreachas a úsáidtear chun breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch a tháirgeadh.”;

(c)

i mír 4, cuirfear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

Déanfar tomhaltas deiridh fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite san earnáil iompair a ríomh mar shuim gach bithbhreosla, bithgháis agus breosla in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch a thomhlaítear san earnáil iompair.”;

(4)

leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:

(a)

cuirtear an mhír 1a seo a leanas isteach:

“1a.    Déanfaidh gach Ballstát comhaontuithe comhair chun tionscadail comhpháirteacha a bhunú le Ballstát amháin eile nó níos mó chun fuinneamh in-athnuaite a tháirgeadh, lena n-áirítear sócmhainní hibrideacha in-athnuaite amach ón gcósta, mar seo a leanas:

(a)

faoin 31 Nollaig 2025, bunóidh Ballstáit a bhfuil tomhaltas leictreachais bliantúil de 100 TWh nó níos lú acu dhá tionscadal chomhpháirteacha ar a laghad;

(b)

faoin 2030, bunóidh Ballstáit a bhfuil tomhaltas leictreachais bliantúil de níos mó ná 100 TWh acu triú tionscadal comhpháirteach . ▌;

Ní bheidh tionscadail chomhpháirteacha den sórt sin ag comhfhreagairt do na tionscadail leasa choitinn a glacadh cheana féin faoi Rialachán (AE) 2022/869  (1a) . Beidh sainaithint na dtionscadal comhpháirteach bunaithe ar na riachtanais arna sainaithint sna pleananna comhtháite straitéiseacha ardleibhéil maidir le forbairt gréasáin amach ón gcósta le haghaidh gach imchuach farraige agus an plean forbartha gréasáin deich mbliana ach féadfaidh siad dul thar na riachtanais sin agus féadfaidh údaráis áitiúla agus réigiúnacha agus oibreoirí príobháideacha a bheith páirteach ann.

Tionscadail a mhaoinítear le ranníocaíochtaí náisiúnta faoi shásra maoiniúcháin an Aontais a bhunaítear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1294 ón gCoimisiún (25), cuirfear san áireamh iad chun na ceanglais den chéad fhomhír a chomhlíonadh le haghaidh na mBallstát lena mbaineann sna tionscadail sin.

Oibreoidh na Ballstáit i dtreo leithdháileadh cothrom na gcostas agus na dtairbhí a bhaineann le comhthionscadail. Chuige sin, cuirfear costais agus tairbhí ábhartha uile an chomhthionscadail san áireamh sa chomhaontú ábhartha comhair.

Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir leis na comhaontuithe comhair sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír, lena n-áirítear an dáta a mheasfar go mbeidh an tionscadal ag feidhmiú.

(25)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1294 ón gCoimisiún an 15 Meán Fómhair 2020 maidir le sásra maoiniúcháin an Aontais don fhuinneamh in-athnuaite (IO L 303, 17.9.2020, lch. 1)."

(b)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“7a.   Comhoibreoidh na Ballstáit a bhfuil teorainn acu le himchuach farraige chun a shuí go comhpháirteach , tar éis dóibh dul i mbun comhairliúcháin le geallsealbhóirí, méid an fhuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta a bhfuil sé i gceist acu a tháirgeadh san imchuach farraige sin faoi 2050, leis na céimeanna agus na conairí idirmheánacha in aghaidh an imchuach farraige in 2030 agus in 2040 i gcomhréir le Rialachán (AE) 2022/869 . Léireoidh gach Ballstát na méideanna atá pleanáilte aige a bhaint amach trí thairiscintí rialtais, le béim ar an bhféidearthacht theicniúil agus eacnamaíoch do bhonneagar na heangaí.

Ina gcuid comhaontuithe comhair, áiritheoidh na Ballstáit i gcomhar le chéile go bhfuil na pleananna sin i gcomhréir le comhlíonadh na gcuspóirí a leagtar síos i dTeachtaireacht ón gCoimisiún an 19 Samhain 2020 dar teideal An EU Strategy to harness the potential of offshore renewable energy for a climate neutral future [Straitéis AE chun leas a bhaint as acmhainneacht an fhuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta do thodhchaí a bheidh neodrach ó thaobh aeráide de], agus urraim á tabhairt do dhlí comhshaoil an Aontais agus do chosaint na bithéagsúlachta, na sainiúlachtaí agus an fhorbairt i ngach réigiún, go háirithe na gníomhaíochtaí a bhí ar siúl cheana sna limistéir a ndéantar difear dóibh, an díobháil a d’fhéadfadh a bheith ann don chomhshaol, acmhainneacht in-athnuaite an imchuach farraige agus an tábhacht pleanáil eangacha comhlachaithe comhtháite amach ón gcósta a áirithiú. Tabharfaidh na Ballstáit fógra faoin méid sin agus an eangach phleanáilte sna pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide uathu arna gcur isteach de bhua Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2018/1999. Féadfaidh an Coimisiún bearta comhlántacha a dhéanamh chun tacú le Ballstáit ina gcuid iarrachtaí ailíniú leis na conairí in aghaidh an imchuach farraige.

Tar éis na pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide a bheith curtha in iúl, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar aon bhearna a d’fhéadfadh a bheith ann idir an méid féideartha d’acmhainní fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta atá ag na Ballstáit agus an méid fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta atá pleanáilte do 2030, 2040 agus 2050. I gcás inarb iomchuí, déanfaidh an Coimisiún bearta breise chun an bhearna sin a laghdú.

Déanfaidh na Ballstáit a bhfuil teorainn acu le himchuach farraige spás leormhaith do thionscadail fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta a shainiú go comhpháirteach agus leithdháilfidh siad an spás sin ina gcuid pleananna spásúla muirí agus cur chuige láidir rannpháirtíocht an phobail á áirithiú ionas go gcuirfear tuairimí na ngeallsealbhóirí agus na bpobal cósta go léir san áireamh, chomh maith leis na gníomhaíochtaí atá ar siúl cheana féin sna limistéir a ndéantar difear dóibh.

Chun deonú ceadanna le haghaidh tionscadail chomhpháirteacha fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta a éascú, laghdóidh na Ballstáit castacht an phróisis deonaithe ceadanna agus méadóidh siad éifeachtúlacht agus trédhearcacht an phróisis sin agus cuirfidh siad feabhas ar an gcomhar eatarthu féin, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, trí phointe teagmhála aonair (‘ionad ilfhreastail’) a bhunú in aghaidh gach conaire tosaíochta eangaí amach ón gcósta.

Chun go nglacfaidh an pobal leis sin ar bonn níos leithne, déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go bhféadfaí comhphobail fuinnimh in-athnuaite a áireamh i dtionscadail chomhpháirteacha chomhair maidir le fuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta. ”;

(5)

leasaítear Airteagal 15 mar a leanas:

(-a)

leasaítear mír 1 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“Aon rialacha náisiúnta i ndáil le nósanna imeachta údarúcháin, deimhniúcháin agus ceadúnúcháin a chuirtear i bhfeidhm ar ghléasraí, lena n-áirítear gléasraí cumhachta hibrideacha in-athnuaite, agus ar ghréasáin ghaolmhara tarchurtha agus dáileacháin lena dtáirgtear leictreachas, téamh nó fuarú ó fhoinsí in-athnuaite, agus a chuirtear i bhfeidhm ar an bpróiseas a bhaineann le bithbhreoslaí, bithleachtanna, breoslaí bithmhaise nó táirgí eile fuinnimh a dhéanamh as bithmhais, agus a chuirtear i bhfeidhm ar bhreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh siad comhréireach agus riachtanach agus go gcuideofar leo leis an bprionsabal faoina dtugtar tús áite don éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun feidhme.”;

(-aa)

leasaítear an dara mír mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

go mbeidh nósanna imeachta riaracháin cuíchóirithe, lena n-áirítear próisis réigiúnacha agus bhardasacha, agus go gcuirfear dlús leo ar an leibhéal riaracháin iomchuí agus go mbunófar amchláir intuartha do na nósanna imeachta dá dtagraítear sa chéad fhomhír;”;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (c) agus (d):

“(c)

go mbeidh na muirir riaracháin a ghearrfar ar thomhaltóirí, pleanálaithe, ailtirí, tógálaithe, agus ar lucht suiteála agus soláthar trealaimh agus córais, go mbeidh siad trédhearcach agus i gcomhréir leis an gcostas a bhaineann leo; and

(d)

go mbunófar nósanna imeachta údarúcháin simplithe a mbeidh ualach níos lú ag baint leo, lena n-áirítear nós imeachta fógra simplí agus pointí teagmhála aonair a thabhairt i dtaca le feistí díláraithe, agus lena dtáirgtear agus lena stóráiltear fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite.”;

(a)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Aon sonraíochtaí teicniúla nach mór do threalamh agus do chórais fuinnimh in-athnuaite a chomhlíonadh chun leas a fháil ó scéimeanna tacaíochta agus chun bheith incháilithe faoi na rialacha maidir le soláthar poiblí , déanfaidh na Ballstáit iad a shonrú go soiléir. I gcás inarb ann do chaighdeáin rialála nó chomhchuibhithe nó caighdeáin Eorpacha, lena n-áirítear córais tagartha teicniúla arna mbunú ag na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú, déanfar na sonraíochtaí teicniúla sin a shloinneadh de réir na gcaighdeán sin. Tabharfar tosaíocht do chaighdeáin rialála agus chomhchuibhithe, ar foilsíodh a dtagairtí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh chun tacú le reachtaíocht Eorpach , lena n-áirítear, mar shampla, Rialachán (AE) 2017/1369 nó 2009/125/CE . Murab ann dóibh, úsáidfear caighdeáin chomhchuibhithe agus caighdeáin Eorpacha eile, san ord sin. Ní thoirmiscfear leis na caighdeáin teicniúla sin an áit a gcaithfear an trealamh agus na córais sin a dhearbhú, ná ní dhéanfar leis na caighdeáin sin bacainn a chur ar fheidhmiú ceart an mhargaidh inmheánaigh”;

(aa)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.     Agus pleanáil, lena n-áirítear luathphleanáil spásúil, dearadh, tógáil agus athfheistiú á ndéanamh acu maidir le bonneagar uirbeach, ceantair thionsclaíocha, thráchtála nó chónaithe agus maidir le bonneagar fuinnimh agus iompair, lena n-áiritear leictreachas, téamh agus fuarú ceantair, gás nádúrtha agus gréasáin breoslaí malartacha, déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go ndéanfaidh na húdaráis inniúla acu, ar leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, foráil do chomhtháthú agus do imscaradh an fhuinnimh in-athnuaite lena n-áirítear d’fhéintomhaltas fuinnimh in-athnuaite agus do chomhphobail fuinnimh in-athnuaite agus d’úsáid dramhtheasa agus dramhfhuachta dosheachanta. Go sonrach, spreagfaidh na Ballstáit comhlachtaí riaracháin áitiúla agus réigiúnacha téamh agus fuarú ó fhoinsí in-athnuaite a áireamh i bpleanáil bonneagair cathrach, i gcás inarb iomchuí, agus rachaidh siad i gcomhairle leis na hoibreoirí gréasáin chun tionchar na gclár éifeachtúlachta fuinnimh agus freagartha ar éileamh a léiriú mar aon le forálacha sonracha maidir le féintomhaltais fuinnimh in-athnuaite agus comhphobail fuinnimh in-athnuaite, i ndáil le pleananna forbartha bonneagair na n-oibreoirí.”;

(b)

scriostar míreanna 4, 5, 6 agus 7:

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8:

“8.   Déanfaidh na Ballstáit measúnú ar na bacainní rialaitheacha agus riaracháin maidir le comhaontaithe ceannacháin fuinnimh in-athnuaite fadtéarmacha , lena n-áirítear comhaontaithe ceannacháin cumhachta in-athnuaite, comhaontuithe ceannaigh téimh agus fuaraithe in-athnuaite agus comhaontuithe ceannacháin hidrigine, tionscadail stórála fuinnimh chomhshuite chomh maith le cinn trasteorann.

Bainfidh siad bacainní ▌ar an leibhéal náisiúnta agus trasteorann maidir lena bhforbairt, amhail bacainní maidir le cead a thabhairt, mar shampla do thionscail agus FBManna atá dian ar fhuinneamh, mar aon le gníomhaithe agus bardais níos lú, agus cuirfidh siad glacadh na gcomhaontuithe sin chun cinn, lena n-áirítear trí iniúchadh a dhéanamh ar conas na rioscaí airgeadais a bhaineann leo a laghdú, go háirithe trí ráthaíochtaí creidmheasa a úsáid. Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh na comhaontuithe sin faoi réir aon nósanna imeachta ná aon mhuirir ná aon mhuirir ná táillí a bheidh díréireach nó idirdhealaitheach, agus go bhféadfar aon ráthaíochtaí tionscnaimh lena mbaineann a aistriú chuig ceannaitheoir an fhuinnimh ▌faoin gcomhaontú ceannacháin fuinnimh in-athnuaite .

Déanfaidh na Ballstáit cur síos maidir le polasaithe agus bearta na mBallstát lena gcuirtear glacadh comhaontuithe ceannacháin fuinnimh in-athnuaite chun cinn ina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide dá dtagraítear in Airteagail 3 agus 14 de Rialachán (AE) 2018/1999 agus maidir leis na tuarascálacha ar dhul chun cinn arna gcur isteach de bhun Airteagal 17 den Rialachán sin. Soláthróidh siad léiriú sna tuarascálacha sin freisin maidir le méid na giniúna leictreachais in-athnuaite arna dtacú ag na cineálacha éagsúla comhaontuithe ceannacháin fuinnimh in-athnuaite.

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh cead ag iarratasóirí na doiciméid ábhartha go léir a thíolacadh i bhfoirm dhigiteach. Má bhaineann iarratasóir úsáid as rogha an iarratais dhitigigh, ní mór an próiseas ceadaithe ina iomláine, lena n-áirítear na próisis inmheánacha, riaracháin a dhéanamh go digiteach. Áiritheoidh na Ballstáit anuas air sin go ndéanfar na héisteachtaí poiblí agus na nósanna imeachta rannpháirtíochta a dhigitiú. ”;

(d)

cuirtear an mhír 9 seo a leanas leis:

“9.   Faoi … [bliain amháin tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo], déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na treoirlínte do na Ballstáit maidir le cleachtais a cheadú chun an próiseas do thionscadail nua agus do thionscadail athchumhachtaithe a luathú agus a shimpliú. Áireofar sna treoirlínte sin moltaí maidir le conas na rialacha maidir le nósanna imeachta riaracháin a leagtar amach in Airteagal 15 agus in Airteagal 17 a chur chun feidhme agus a chur i bhfeidhm, mar aon lena gcur chun feidhme i leith téamh, fuarú agus cumhacht in-athnuaite agus comhghiniúint in-athnuaite agus sraith príomhtháscairí feidhmíochta próisis chun measúnú trédhearcach agus faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar éifeachtacht araon.

Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún comhairliúcháin iomchuí, lena n-áirítear le geallsealbhóirí ábhartha. Áireofar sa treoir sin freisin faisnéis maidir le hacmhainní digiteacha agus daonna na n-údarás ceadaithe, pointí teagmhála aonair éifeachtacha, pleanáil spásúlachta, srianta míleata agus eitlíochta sibhialta, imeachtaí cúirte agus cásanna réitigh shibhialta agus idirghabhála, mar aon le dlíthe maidir le mianadóireacht agus oibreacha geolaíocha a choigeartú agus a iarfheistiú chomh maith le hacmhainn theicniúil leormhaith a áirithiú chun na cúraimí sin a dhéanamh.

Déanfaidh na Ballstáit measúnú a thíolacadh ar a bpróiseas ceadaithe agus na bearta feabhsúcháin a bheidh le glacadh i gcomhréir leis na treoirlínte sa phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide nuashonraithe dá dtagraítear in Airteagal 14(2) de Rialachán (AE) 2018/199 i gcomhréir leis an nós imeachta agus leis an amlíne a leagtar síos san Airteagal sin.

Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na bearta ceartaitheacha atá sna pleananna agus as scóráil gach Ballstát sna príomhtháscairí feidhmíochta. Cuirfear an measúnú ar fáil go poiblí.

I gcás easpa dul chun cinn, féadfaidh an Coimisiún bearta breise a dhéanamh chun tacú leis na Ballstáit maidir lena gcur chun feidhme ag cuidiú leo a gcuid nósanna imeachta ceadaithe a athchóiriú agus a chuíchóiriú .”;

(6)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 15a

Príomhshruthú an fhuinnimh in-athnuaite i bhfoirgnimh

1.   Chun táirgeacht agus úsáid fuinnimh in-athnuaite agus dramhtheas agus dramhfhuacht san earnáil tógála a chur chun cinn, leagfaidh na Ballstáit amach sprioc tháscach maidir leis an sciar d’fhoinsí in-athnuaite a tháirgtear ar an láthair nó in aice láimhe lena n-áirítear ón eangach san ídiú fuinnimh deiridh ina n-earnálacha tógála in 2030 a bheidh comhsheasmhach le sprioc tháscach de sciar fuinnimh 49 % ar a laghad ó fhoinsí in-athnuaite agus dramhtheas agus dramhfhuacht dosheachanta san earnáil tógála i dtomhaltas deiridh fuinnimh an Aontais in 2030. Ballstáit nach gcuireann praghas sainráite ar charbón san earnáil tógála trí scéim trádála cánach nó astaíochtaí nó Ballstáit a chinneann gan a bheith páirteach go sealadach sa scéim nua Eorpach trádála astaíochtaí le haghaidh foirgneamh agus an chórais iompair, socróidh siad sciar táscach níos airde d’fhoinsí in-athnuaite fuinnimh. Déanfar an sprioc náisiúnta tháscach a shloinneadh i dtéarmaí sciar an tomhaltais deiridh fuinnimh náisiúnta agus a ríomh i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach in Airteagal 7 , lena bhféadfar an leictreachas ó fhoinsí in-athnuaite, eadhon féintomhaltas, comhphobail fuinnimh agus sciar an fhuinnimh in-athnuaite sa mheascán leictreachais, agus dramhtheas agus dramhfhuacht dosheachanta a bheith san áireamh i ríomh sciar an tomhaltais deiridh . Áireoidh na Ballstáit a sprioc sna pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna gcur isteach de bhun Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2018/1999 chomh maith le faisnéis maidir le conas a bheartaíonn siad é a bhaint amach.

Féadfaidh na Ballstáit dramhtheas agus dramhfhuacht a áireamh sa sprioc dá dtagraítear sa chéad fhomhír, suas le teorainn 20 %. Má chineann siad déanamh amhlaidh, méadóidh an sprioc faoi leath chéatadán na dramhtheasa agus an dramhfhuachta arna úsáid go huasteorainn 54 %.

2.   Tabharfaidh na Ballstáit isteach bearta ina rialacháin agus cóid tógála agus, i gcás inarb infheidhme, ina scéimeanna tacaíochta, chun an sciar leictreachais agus téimh agus fuaraithe ó fhoinsí in-athnuaite a tháirgtear ar an láthair nó in aice láimhe, araon, lena n-áirítear ón eangach, sa stoc foirgneamh a mhéadú, lena n-áirítear bearta náisiúnta a bhaineann le méaduithe suntasacha i bhféintomhaltas athnuaiteáin, comhphobail fuinnimh in-athnuaite , comhroinnt áitiúil fuinnimh in-athnuaite agus stóráil fuinnimh áitiúil, luchtú cliste agus déthreoch, seirbhísí solúbthachta eile amhail freagairt ar éileamh, agus i gcomhar le feabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh a bhaineann le comhghiniúint ardéifeachtúlachta agus foirgnimh éighníomhacha, foirgnimh atá nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh agus foirgnimh atá neodrach ó thaobh fuinnimh agus teicneolaíochtaí nuálacha á gcur san áireamh .

Chun an sciar tháscach d’fhoinsí in-athnuaite fuinnimh a leagtar amach i mír 1 a bhaint amach, ceanglóidh na Ballstáit úsáid íosta leibhéil fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a tháirgtear ar an láthair nó in aice láimhe, araon, lena n-áirítear ón eangach, i bhfoirgnimh nua agus i bhfoirgnimh atá ann cheana atá á n-athchóiriú ina rialacháin agus cóid tógála agus, i gcás inarb infheidhme, ina scéimeanna tacaíochta nó ar mhodhanna eile le héifeacht choibhéiseach, i gcomhréir le forálacha Threoir 2010/31/AE agus i gcás ina bhfuil sé sin indéanta go heacnamaíoch, go teicniúil agus go feidhmiúil . Ceadóidh na Ballstáit go gcomhlíonfar na leibhéil íosta seo, i measc nithe eile, trí théamh agus fhuarú ceantair éifeachtúil.

Maidir le foirgnimh reatha, ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir leis na fórsaí armtha, ach amháin sa mhéid nach mbeidh a fheidhmiú ar neamhréir le nádúr ná le príomhchuspóir ghníomhaíochtaí na bhfórsaí armtha cé is moite d’ábhar a bhíonn in úsáid go heisiach chun críoch míleata.

3.   Maidir le foirgnimh phoiblí ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfaidh siad ról eiseamláireach maidir leis an sciar d’fhuinneamh in-athnuaite a úsáidtear, i gcomhréir le forálacha Airteagal 9 de Threoir 2010/31/AE agus i gcomhréir le hAirteagal 5 de Threoir 2012/27/AE. Féadfaidh na Ballstáit, i measc nithe eile, a cheadú go gcomhlíonfaí an oibleagáid sin trí fhoráil a dhéanamh do na tríú páirtithe díonta nó dromchlaí agus fo-dhromchlaí comhoiriúnacha eile i bhfoirgneamh poiblí nó díonta nó dromchlaí agus fo-dhromchlaí comhoiriúnacha eile foirgneamh príobháideach poiblí a úsáid i gcomhair suiteálacha lena dtáirgtear fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite.

Déanfaidh na Ballstáit comhar idir na húdaráis áitiúla agus na comhphobail fuinnimh in-athnuaite san earnáil tógála a chur chun cinn, go háirithe trí úsáid soláthair phoiblí. Léireofar tacaíocht den sórt sin i bPleananna Athchóirithe Náisiúnta Foirgneamh na mBallstát faoi Airteagal 3 de Threoir … [EPBD].

4.   Chun an sciar tháscach d’fhuinneamh in-athnuaite a leagtar amach i mír 1 a bhaint amach, déanfaidh na Ballstáit úsáid córas agus trealaimh téimh agus fuaraithe a chur chun cinn , lena n-áirítear teicneolaíochtaí nuálacha don chomhthéacs áitiúil lena mbaineann, amhail córais agus trealamh cliste leictrithe téimh agus fuaraithe atá bunaithe ar fhuinneamh in-athnuaite, arna gcomhlánú, i gcás inarb infheidhme, le bainistiú cliste ar na hacmhainní díláraithe fuinnimh i bhfoirgnimh, trí Chórais Bhainistíochta Fuinnimh Foirgneamh atá in ann idirghníomhú leis an eangach fuinnimh . Chuige sin, úsáidfidh na Ballstáit gach beart, uirlis agus dreasacht is iomchuí, lena n-áirítear, i measc nithe eile, lipéid fuinnimh a fhorbraítear faoi Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26), teastais feidhmíochta fuinnimh de bhun Threoir 2010/31/AE, nó teastais nó caighdeáin iomchuí eile a fhorbraítear ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal an Aontais, agus áiritheoidh siad go gcuirfear go leor faisnéise agus comhairle ar fáil , lena n-áirítear trí shiopaí ilfhreastail, maidir le breoslaí ionadúla in-athnuaite an-éifeachtúil chomh maith le maidir leis na hionstraimí airgeadais agus dreasachtaí atá ar fáil chun ráta athsholáthair méadaithe a chur chun cinn maidir le seanchórais téimh agus fuaraithe agus maidir le hathrú chuig réitigh atá bunaithe ar fhuinneamh in-athnuaite.”;

(26)  Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2017 lena leagtar amach creat i gcomhair lipéadú fuinnimh agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/30/AE (IO L 198, 28.7.2017, lch. 1)."

(7)

leasaítear ▌Airteagal 18 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 3 agus 4:

“3.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh scéimeanna deimhniúcháin nó scéimeanna cáilithe náisiúnta comhionanna ar fáil do shuiteálaithe agus dearthóirí de gach cineál córas téimh agus fuaraithe in-athnuaite i bhfoirgnimh, in earnáil na tionsclaíochta agus sa talmhaíocht, agus do shuiteálaithe teicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite eile, teicneolaíochtaí stórála agus freagartha éilimh, lena n-áirítear stáitiúin luchtaithe . Féadfar a thabhairt san áireamh sna scéimeanna sin, nuair is iomchuí, scéimeanna agus struchtúir ar ann dóibh cheana, agus is ar na critéir a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a bhunófar na scéimeanna sin. Deimhneoidh gach Ballstát an t-aitheantas atá tugtha don deimhniúchán arna dheonú ag Ballstáit eile i gcomhréir leis na critéir sin.

Faoin 31 Nollaig 2023 agus gach trí bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh na mBallstáit measúnú ar an mbearna idir na gairmithe suiteálacha oilte agus cáilithe a theastaíonn, agus i gcás inarb iomchuí, moltaí a dhéanamh ar conas fáil réidh le haon bhearnaí . Déanfar na measúnuithe agus aon mholtaí arna ndéanamh ar fáil go poiblí.

Bunóidh na Ballstáit coinníollacha, lena n-áirítear trí straitéisí uas-scilithe agus athscilithe, chun a áirithiú go bhfuil líon leordhóthanach suiteálaithe atá oilte agus cáilithe , dá dtagraítear i mír 3, ar fáil ▌chun freastal ar an mborradh i dtéamh agus fuarú in-athnuaite atá ag teastáil chun rannchuidiú leis an méadú bliantúil sa sciar d’fhuinneamh in-athnuaite san earnáil téimh agus fuaraithe mar a leagtar amach in Airteagal 23 agus leis na spriocanna fuinnimh in-athnuaite i bhfoirgnimh a leagtar amach in Airteagal 15a, in earnáil an tionscail a leagtar amach in Airteagal 22a agus in earnáil an iompair a leagtar amach in Airteagal 25, agus chun rannchuidiú le baint amach na sprice foriomláine a leagtar amach in Airteagal 3 .

Chun líon leordhóthanach suiteálaithe agus dearthóirí a bhaint amach, áiritheoidh na Ballstáit , ar choinníoll go bhfuil siad i gcomhoiriúint leis na scéimeanna náisiúnta cáilithe agus deimhniúcháin, go gcuirfear cláir oiliúna leordhóthanacha ar fáil a mbeidh cáiliú nó deimhniú lena gcuimseofar teicneolaíochtaí téimh agus fuaraithe in-athnuaite mar thoradh orthu, mar aon leis na réitigh nuálacha is déanaí a bhaineann leo. Cuirfidh na Ballstáit bearta i bhfeidhm chun rannpháirtíocht i gcláir den sórt a chur chun cinn, go háirithe ag fiontair bheaga agus mheánmhéide agus iad siúd atá féinfhostaithe , mar aon leis an gcothromaíocht inscne agus spriocdhíriú ar mionlaigh áirithe atá faoi ghannionadaíocht a áirithiú. Má tá siad i gcomhoiriúint leis na scéimeanna oiliúna agus cáilithe atá ann cheana féin, féadfaidh na Ballstáit comhaontuithe deonacha a chur i bhfeidhm leis na soláthróirí agus na díoltóirí teicneolaíochta iomchuí chun líon leordhóthanach suiteálaithe a chur faoi oiliúint, a fhéadfar a bhunú ar mheastacháin díolacháin, sna réitigh agus teicneolaíochtaí nuálacha is déanaí atá ar fáil ar an margadh.

Ina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide dá dtagraítear in Airteagail 3 agus 14 de Rialachán (AE) 2018/1999 agus sna tuarascálacha ar dhul chun cinn arna gcur isteach de bhun Airteagal 17 den Rialachán sin, déanfaidh na Ballstáit cur síos ar a gcuid beartas agus beart lena gcuirfear chun cinn oiliúint, athsciliú agus uas-sciliú oibrithe i réimse an fhuinnimh in-athnuaite a bheidh cuimsitheach agus ar ardchaighdeán.

4.   Cuirfidh na Ballstáit faisnéis maidir leis na scéimeanna deimhniúcháin nó na scéimeanna cáilíochta coibhéiseacha náisiúnta dá dtagraítear i mír 3 ar fáil don phobal. Déanfaidh na Ballstáit liosta a thabharfar cothrom le dáta go rialta de na suiteálaithe atá cáilithe nó deimhnithe i gcomhréir le mír 3 ▌ a chur ar fáil don phobal freisin, ar bhealach trédhearcach agus inrochtana go héasca. ”;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“6a.     Aon bhearta a dhéantar faoin Airteagal seo, beidh siad gan dochar do na bearta a dhéantar faoi Threoracha (AE) …/… [Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh] agus (AE) …/… [EPBD].”;

(8)

leasaítear Airteagal 19 mar a leanas:

(-a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.     Ar mhaithe lena léiriú do chustaiméirí deiridh tionscnamh an fhuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a bhíonn i meascán fuinnimh soláthróra fuinnimh agus san fhuinneamh arna sholáthar do thomhaltóirí faoi chonarthaí arna margú maidir le fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a thomhailt, áiritheoidh na Ballstáit gur féidir tionscnamh fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a ráthú mar fhuinneamh in-athnuaite de réir bhrí na Treorach seo, i gcomhréir le critéir oibiachtúla, thrédhearcacha, neamh-idirdhealaitheacha.”;

(a)

leasaítear mír 2 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“Chuige sin, áiritheoidh na Ballstáit go n-eiseofar ráthaíocht tionscnaimh má iarrann táirgeoir fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a leithéid. Déanfaidh na Ballstáit foráil do chóras aonfhoirmeach ráthaíochtaí tionscnaimh a bheidh le heisiúint i gcás na hidrigine in-athnuaite .

Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh, chun críocha luach margaidh na ráthaíochta tionscnaimh a chur san áireamh, gan ráthaíochtaí tionscnaimh a eisiúint do tháirgeoir a fhaigheann tacaíocht airgeadais ó scéim tacaíochta.

Tabharfaidh na Ballstáit faisnéis forlíontach isteach le haghaidh ráthaíochtaí tionscnaimh, agus comháireamh dúbailte á sheachaint.

Féadfar eisiúint ráthaíochta tionscnaimh a chur faoi réir teorainn íosacmhainne. ▌ 1 MW h a bheidh sa ráthaíocht tionscnaimh , leis an bhféidearthacht codanna di a eisiúint. Déanfar caighdeánú cuí orthu trí chaighdeán Eorpach CEN-EN16325 agus eiseofar iad arna iarraidh sin ag tairgeoir fuinnimh, ar choinníoll nach mbeidh comháireamh dúbailte mar thoradh air. Tabharfar próisis shimplithe chláraithe agus táillí cláraithe laghdaithe isteach le haghaidh suiteálacha beaga atá níos lú ná 50 kW agus le haghaidh comhphobail fuinnimh. Féadfar ráthaíochtaí tionscnaimh a eisiúint i gcás roinnt suiteálacha beaga a chomhthiomsaítear le chéile .

Ní eiseofar níos mó ná ráthaíocht tionscnaimh amháin i dtaca le gach aonad fuinnimh a tháirgfear agus ní chuirfear san áireamh ach uair amháin é an t-aonad céanna fuinnimh sin .”;

(i a )

scriostar an dara fomhír ;

(ib)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c) den cheathrú fomhír:

“(c)

i gcás nach n-eisítear na ráthaíochtaí tionscnaimh go díreach chuig an táirgeoir ach chuig an soláthróir nó tomhaltóir a cheannaíonn an fuinneamh i dtimpeallacht iomaíoch nó i gcomhaontú ceannacháin cumhachta fuinnimh in-athnuaite fadtéarmach corparáideach.”;

(ii)

scriostar an cúigiú fomhír;

(aa)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.     Chun críocha mhír 1, beidh na ráthaíochtaí tionscnaimh bailí d’idirbhearta ar feadh 12 mhí tar éis an t-aonad ábhartha fuinnimh a tháirgeadh. Áiritheoidh na Ballstáit go rachaidh gach ráthaíocht tionscnaimh nár cealaíodh in éag faoi 18 mí ar a dhéanaí tar éis an t-aonad ábhartha fuinnimh a tháirgeadh. Cuirfidh na Ballstáit san áireamh na ráthaíochtaí tionscnaimh sin a chuaigh in éag agus an meascán fuinnimh iarmhair á ríomh acu.”;

(ab)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.     Chun críocha an nochta dá dtagraítear i mír 8 agus i mír 13, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh cuideachta fuinnimh na ráthaíochtaí tionscnaimh ar ceal sé mhí ar a dhéanaí tar éis dheireadh bhailíocht na ráthaíochta tionscnaimh. Thairis sin, faoin… [bliain amháin tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo], áiritheoidh na Ballstáit go bhfoilseofar na sonraí maidir lena meascán iarmharach ar bhonn bliantúil.”;

(ac)

leasaítear an chéad fhomhír de mhír 7 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

foinse an fhuinnimh ónar táirgeadh an fuinneamh agus na dátaí tosaithe agus deiridh chomh gar d’fhíor-am is féidir, agus é mar chuspóir leis eatraimh ama nach mó ná uair amháin de tháirgeadh;”;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

“(c)

céannacht, suíomh, crois tairisceana don leictreachas, cineál agus toilleadh na suiteála inar táirgeadh an fuinneamh;”;

(iii)

cuirtear isteach na pointí seo a leanas:

“(g)

astaíochtaí gás ceaptha teasa thar shaolré an fhuinnimh ráthaithe i gcomhréir le caighdeán ISO 14067:2018;

(h)

gráinneacht bheacht ama;

(i)

meaitseáil suíomhanna.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad ▌mhír 8 ▌:

“I gcás ina gceanglaítear ar sholáthróir fuinnimh an tionscnamh fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite ina mheascán fuinnimh a léiriú chun críocha Airteagal 3(9), pointe (a) de Threoir 2009/72/CE, déanfaidh sé sin trí ráthaíochtaí tionscnaimh seachas i gcás an sciar de mheascán fuinnimh a chomhfhreagraíonn do thairiscintí tráchtála neamhrianaithe, más ann dóibh, a bhféadfaí an soláthróir an meascán iarmhair a úsáid ina leith.

I gcás ina gceanglaítear ar sholáthróir fuinnimh an tionscnamh fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite ina mheascán fuinnimh a léiriú chun críocha Iarscríbhinn 1, roinn 5 de Threoir (AE) …/… [maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh margaí inmheánacha in-athnuaite agus gáis nádúrtha agus hidrigin a mholtar le COM(2021)0803, déanfaidh sé sin trí ráthaíochtaí tionscnaimh seachas i gcás an sciar de mheascán fuinnimh a chomhfhreagraíonn do thairiscintí tráchtála neamhrianaithe, más ann dóibh, a bhféadfaí an soláthróir an meascán iarmhair a úsáid ina leith.

I gcás ina bhfuil ráthaíochtaí tionscnaimh socraithe ag na Ballstáit do chineálacha eile fuinnimh, bainfidh soláthróirí leas, maidir leis an nochtadh sin, as an cineál céanna ráthaíochtaí tionscnaimh as ar bhain sé leas i gcás an fhuinnimh a soláthraíodh. Thairis sin, nuair a ídíonn an custaiméir gás ó ghréasán hidrigine nó gáis nádúrtha, féadfaidh na Ballstáit a áirithiú go gcomhfhreagraíonn na ráthaíochtaí tionscnaimh a chuirtear ar ceal do shaintréithe ábhartha an ghréasáin. Ar an gcuma chéanna, is féidir ráthaíochtaí tionscnaimh arna gceapadh de bhun Airteagal 14(10) de Threoir 2012/27/AE a úsáid chun cainníocht an leictreachais arna tháirgeadh ó chomhghiniúint ardéifeachtúlachta a léiriú, i gcás ina gceanglaítear an cruthú sin. Chun críocha mhír 2 den Airteagal seo, i gcás ina ngintear leictreachas ó chomhghiniúint ardéifeachtúlachta trí fhoinsí in-athnuaite a úsáid, ní féidir ach ráthaíocht tionscnaimh amháin ina sonrófar an dá shaintréith a eisiúint.”;

(ba)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 9:

“9.     Aithneoidh na Ballstáit ráthaíochtaí tionscnaimh arna n-eisiúint ag Ballstáit eile i gcomhréir leis an Treoir seo, agus leis an Treoir seo amháin, mar fhianaise i gcás na n-eilimintí dá dtagraítear i mír 1 agus i bpointí (a) go (i) den chéad fhomhír de mhír 7. Ní fhéadfaidh Ballstát diúltú ráthaíocht tionscnaimh a aithint ach amháin i gcás ina bhfuil amhras air, agus bunús maith leis, i dtaobh chruinneas, iontaofacht nó fhírinneacht na ráthaíochta. Tabharfaidh an Ballstát fógra don Choimisiún faoi dhiúltú den sórt sin agus faoi chúis an diúltaithe.”;

(bb)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 11:

“11.     Ní aithneoidh na Ballstáit ráthaíochtaí tionscnaimh arna n-eisiúint ag tríú tír ach amháin i gcás ina bhfuil an tAontas tar éis comhaontú a thabhairt chun críche leis an tríú tír sin i dtaobh aitheantas frithpháirteach a thabhairt ar ráthaíochtaí tionscnaimh arna n-eisiúint san Aontas agus ar chórais um ráthaíochtaí comhoiriúnacha tionscnaimh arna mbunú sa tríú tír sin, i gcás ina mbíonn onnmhairiú nó allmhairiú fuinnimh á dhéanamh go díreach, agus sa chás sin amháin. Eiseoidh an Coimisiún treoirlínte lena soiléirítear ceanglais an Aontais maidir le haitheantas a thabhairt do ráthaíochtaí tionscnaimh arna n-eisiúint ag tríú tír, lena n-áirítear na coinníollacha rialachais foluiteacha gaolmhara, ar mhaithe le baint amach comhaontuithe den sórt sin le tríú tíortha a chuíchóiriú agus dlús a chur leo.

Faoi … [aon bhliain amháin tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo], eiseoidh an Coimisiún treoir maidir le coimircí ábhartha d’aistrithe trasteorann.”;

(bc)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 13:

“13.     Glacfaidh an Coimisiún tuarascáil faoin 30 Meitheamh 2025 ina ndéanfar measúnú ar na roghanna atá ann maidir le lipéad glas uile-Aontais a bhunú d’fhonn úsáid an fhuinnimh in-athnuaite a thagann ó shuiteálacha nua a chur chun cinn. Úsáidfidh soláthróirí an fhaisnéis atá sna ráthaíochtaí tionscnaimh lena léiriú go gcomhlíontar ceanglais an lipéid sin.”;

(bd)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“13a.     Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar fheidhmiú an chórais ráthaíochtaí tionscnaimh agus déanfaidh sé measúnú faoin 30 Meitheamh 2025 ar an gcothromaíocht idir soláthar agus éileamh na ráthaíochtaí tionscnaimh sa mhargadh agus i gcás míchothromaíochtaí, sainaithneoidh sé cúinsí ábhartha a dhéanann difear don soláthar agus don éileamh agus molfaidh sé bearta lena gceartaítear aon mhíchothromaíochtaí struchtúracha a d’fhéadfadh a bheith ann d’fhonn tacú le margaí díriú ar shuiteálacha nua in-athnuaite.”;

(9)

in Airteagal 20, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Faoi réir an mheasúnaithe a dhéanfaidh siad a bheidh ina chuid de na pleananna comhtháite náisiúnta don fhuinneamh agus don aeráid i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1999 maidir leis an ngá go dtógfaí bonneagar nua nó go ndéanfaí nuachóiriú ar bhonneagar atá ann cheana don téamh agus fuarú ceantair ó fhoinsí in-athnuaite chun cuspóir an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 3(1) den Treoir seo a bhaint amach, glacfaidh na Ballstáit, i gcomhréir le bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh, i gcás inarb ábhartha, na céimeanna is gá d’fhonn bonneagar a fhorbairt don téamh agus don fhuarú ceantair ar mhaithe le forbairt téimh agus fuaraithe ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite a chur chun cinn, ▌ i gcomhar le stóráil fuinnimh theirmigh , córais freagartha éilimh agus suiteálacha cumhachta chun teasa .

3a.     I gcomhréir leis an dlí ábhartha maidir leis an margadh leictreachais, déanfaidh na Ballstáit, i gcás inarb ábhartha, na gníomhaíochtaí is gá chun leictreachas eadrannach in-athnuaite a chomhtháthú san eangach agus cobhsaíocht na heangaí agus slándáil an tsoláthair á n-áirithiú ag an am céanna. ”;

(10)

cuirtear an tAirteagal 20a seo a leanas leis:

“Airteagal 20a

Comhtháthú córais de leictreachas in-athnuaite a éascú

‘1.   Cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar na hoibreoirí córais tarchurtha agus, má tá siar ar fáil go teicniúil, oibreoirí córais dáileacháin ina gcríoch faisnéis a chur ar fáil maidir leis an sciar de leictreachas in-athnuaite agus an cion astaíochtaí gás ceaptha teasa den leictreachas arna sholáthar i ngach crios tairisceana, a chruinne is féidir agus chomh gar d’fhíor-am is féidir ach in eatraimh ama nach mó ná uair amháin, le réamhaisnéis i gcás inar féidir. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil rochtain ag oibreoirí córais dáileacháin ar na sonraí is gá. Mura bhfuil rochtain acu, i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta, ar na sonraí uile is á, cuirfidh siad an córas tuairiscithe sonraí atá ann cheana faoi ENTSO-E i bhfeidhm, i gcomhréir le forálacha Threoir 2019/944. Ní bheidh oibreoirí córais tarchurtha agus oibreoirí córais dáileacháin faoi dhliteanas i leith earráidí réamhaisnéisithe, meastúcháin nó ríomha de bharr cúinsí seachtracha. Dreasóidh na Ballstáit uasgráduithe ar eangacha cliste chun faireachán níos fearr a dhéanamh ar chothromaíocht na heangaí agus chun faisnéis fíor-ama a chur ar fáil.

Má tá siad ar fáil go teicniúil, ba cheart go gcuirfeadh oibreoirí córais dáileacháin sonraí anaithnidithe agus comhiomlánaithe ar fáil freisin maidir leis an acmhainneacht freagartha don éileamh agus maidir leis an leictreachas in-athnuaite arna ghiniúint ag féintomhaltóirí agus ag comhphobail fuinnimh in-athnuaite agus arna instealladh isteach san eangach .

1 a.    Cuirfear an fhaisnéis agus na sonraí dá dtagraítear i mír 1 ar fáil go digiteach ar bhealach lena n-áiritheofar idir-inoibritheacht bunaithe ar fhormáidí comhchuibhithe sonraí agus tacair chaighdeánaithe sonraí ionas gur féidir le rannpháirtithe sa mhargadh leictreachais, comhbhailitheoirí, tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh iad a úsáid ar bhealach neamh-idirdhealaitheach agus gur féidir iad a léamh le gléasanna cumarsáide leictreonaí ▌.

2.   I dteannta na gceanglas sa [togra le haghaidh Rialachán maidir le ceallraí agus ceallraí dramhaíola, lena n-aisghairtear Treoir 2006/66/CE agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2019/1020], glacfaidh na Ballstáit bearta lena gceanglófar ar mhonaróirí de cheallraí baile agus tionsclaíocha rochtain fíor-ama ar fhaisnéis maidir leis an gcóras bainistíochta ceallra bunúsaigh a chumasú , lena n-áirítear toilleadh ceallra, staid sláinte, staid luchtaithe agus pointe socraithe cumhachta, chuig úinéirí agus úsáideoirí ceallraí chomh maith le tríú páirtithe ag feidhmiú ar a son , le toiliú sainráite agus i gcomhréir leis na forálacha ábhartha a leagtar amach i Rialachán (AE) 2016/679, amhail cuideachtaí bainistíochta cumhachta foirgneamh agus rannpháirtí sa mhargadh leictreachais, faoi théarmaí neamh-idirdhealaitheacha agus gan aon chostas .

Faoi … [6 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm na Treorach leasaitheach seo], glacfaidh na Ballstáit bearta lena gceanglófar ar mhonaróirí feithicle sonraí infheithicle a chur ar fáil i bhfíor-am, sonraí infheithicle a bhaineann le staid sláinte ceallra, staid luchtaithe ceallra, pointe socraithe cumhachta ceallra agus toilleadh ceallra ▌chuig úinéirí agus úsáideoirí feithiclí leictreacha, chomh maith le tríú páirtithe ag gníomhú thar ceann na n-úinéirí agus na n-úsáideoirí le toiliú sainráite , amhail rannpháirtí sa mhargadh leictreachais agus soláthróirí seirbhíse leictrea-shoghluaisteachta, faoi théarmaí neamh-idirdhealaitheacha agus saor in aisce d’úinéirí nó úsáideoirí ceallraí agus do na heintitis ag gníomhú ar a son, anuas ar cheanglais bhreise maidir leis na rialacháin um chineálcheadú agus faireachas margaidh agus i gcomhréir iomlán leis na forálacha ábhartha i Rialachán (AE) 2016/679 . I gcomhréir leis an Rialachán maidir le Ceallraí, roinnfear sonraí mar shonraí “inléite amháin”, agus ar gcaoi sin cuirfear cosc ar thríú páirtithe paraiméadair na sonraí a mhodhnú.

Áiritheoidh na Ballstáit ▌go ndéanfaidh monaróirí córas cliste téimh agus fuaraithe, aonad stórála fuinnimh theirmigh agus gléasanna cliste eile lena n-éascaítear do thomhaltóirí freagairt don éileamh a sholáthar don chóras fuinnimh, chun rochtain fíor-ama a thabhairt d’úsáideoirí ar shonraí atá ábhartha chun fhreagairt don éileamh faoi théarmaí neamh-idirdhealaitheacha saor in aisce, agus do thríú páirtithe a ghníomhaíonn thar ceann na n-úinéirí agus na n-úsáideoirí le thoiliú sainráite agus i gcomhréir iomlán leis na forálacha ábhartha a leagtar amach i Rialachán (AE) 2016/679 .

3.   Chomh maith leis na ceanglais sa [togra le haghaidh Rialacháin maidir le leas a bhaint as bonneagar breosla ionadúil, lena n-aisghairtear Treoir 2014/94/AE], áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfadh pointí athluchtaithe gnáthchumhachta nach bhfuil rochtain ag an bpobal orthu a shuiteálfar ina ndlínse ó [sprioc-am iompair na Treorach leasaithí seo] tacú le feidhmiúlachtaí luchtaithe cliste agus comhéadan a dhéanamh le córais méadraithe cliste, nuair atá siad in úsáid ag Ballstáit agus , i gcás inarb iomchuí bunaithe ar an údarás rialála, feidhmiúlachtaí luchtaithe déthreocha a leagtar amach in Airteagal 14(4) de Rialachán … [Rialachán maidir le Bonneagar Breoslaí Malartacha] agus arna measúnú ag údaráis rialála maidir leis an rannchuidiú a d’fhéadfadh a bheith acu .

4.    Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh baint ag gach modh giniúna leictreachais, lena n-áirítear aonaid táirgthe leictreachais in-athnuaite, le seirbhísí córais agus cothromúcháin a sholáthar. Áiritheoidh na Ballstáit freisin nach ndéanfaidh an creat rialála náisiúnta idirdhealú i gcoinne rannpháirtíocht sna margaí leictreachais, lena n-áirítear bainistiú ar phlódú agus seirbhísí solúbthachta agus seirbhísí cothromúcháin do na gréasáin leictreachais agus do na gréasáin téimh agus fuaraithe ceantair, soláthraithe stórála agus solúbthachta fuinnimh mar aon le seirbhísí cothromúcháin córas beag nó móibíleach amhail ceallraí baile agus comhphobail agus feithiclí leictreacha a sholáthar, mar aon le hacmhainní fuinnimh díláraithe a bhfuil toilleadh faoi bhun 1MW acu a bheith rannpháirteach sa chóras, aonaid stórála fuinnimh theirmigh, cumhacht go gás, teaschaidéil agus teicneolaíochtaí eile atá in ann solúbthacht a thabhairt , go díreach agus trí chomhiomlánú.’; Cuirfidh na Ballstáit cothrom iomaíochta ar fáil do ghníomhaithe margaidh beaga, go háirithe comhphobail fuinnimh in-athnuaite, ionas go mbeidh siad in ann a bheith rannpháirteach sa mhargadh gan ualach díréireach riaracháin nó rialála a bheith orthu. ’;

4a.     Áiritheoidh na Ballstáit go gceadófar leis an gcreat rialála náisiúnta do chustaiméirí deiridh comhaontuithe conarthacha a dhéanamh le rannpháirtithe sa mhargadh leictreachais agus le soláthraithe seirbhíse leictrea-shoghluaisteachta chun faisnéis a fháil maidir le téarmaí an chomhaontaithe, lena n-áirítear a gcosaint sonraí pearsanta, agus a impleachtaí do na tomhaltóirí, lena n-áirítear an luach saothair don tsolúbthacht.”;

(11)

cuirtear an tAirteagal 22a seo a leanas leis:

“Airteagal 22a

Príomhshruthú an fhuinnimh in-athnuaite sa tionsclaíocht

1.   Féachfaidh na Ballstáit le sciar na bhfoinsí in-athnuaite i méid na bhfoinsí fuinnimh a úsáidtear chun críocha fuinnimh deiridh agus chun críocha neamhfhuinnimh san earnáil tionsclaíochta a mhéadú trí mheánmhéadú bliantúil táscach 1,9 pointe céatadáin faoi 2030. Déanfar an méadú sin a ríomh mar mheán thar thréimhsí trí bliana, i.e. 2024 go 2027 agus 2027 go 2030.

Áireoidh na Ballstáit na beartais agus na bearta a bheartaítear agus a glacadh chun an méadú táscach sin a bhaint amach ina bpleananna náisiúnta comhtháite fuinnimh agus aeráide agus ina dtuarascálacha ar dhul chun cinn arna dtíolacadh de bhun Airteagail 3, 14 agus 17 de Rialachán (AE) 2018/1999. Cuirfear san áireamh sna bearta sin leictriú bunaithe ar fhoinsí in-athnuaite ar phróisis thionsclaíocha nuair a mheastar gur rogha chostéifeachtach é. Agus bearta á nglacadh chun sciar an fhuinnimh in-athnuaite sa tionscal a mhéadú, comhlíonfaidh na Ballstáit bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh.

Bunóidh na Ballstáit creat rialála lena bhféadfar bearta tacaíochta don tionscal a áireamh i gcomhréir le hAirteagal 3(4a) agus cuirfidh siad glacadh foinsí in-athnuaite agus hidrigine in-athnuaite arna dtomhailt ag an tionscal chun cinn, agus éifeachtacht agus iomaíochas idirnáisiúnta á gcur san áireamh go hiomlán, de réamhchoinníollacha riachtanacha maidir le húsáid fuinnimh in-athnuaite a ghlacadh sa tionscal. Go háirithe, ba cheart don chreat sin dul i ngleic le bacainní rialála, riaracháin agus eacnamaíocha i gcomhréir le hAirteagal 3(4a) agus Airteagal 15(8).

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh , faoi 2030, 50 % den hidrigin a úsáidfear chun críocha fuinnimh deiridh agus chun críocha neamhfhuinnimh san earnáil tionsclaíochta ag teacht ó bhreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch arna n-úsáid chun críocha fuinnimh deiridh agus chun críocha neamhfhuinnimh. Áiritheoidh na Ballstáit go dtiocfaidh, faoi 2035, 70 % ar a laghad den hidrigin a úsáidfear chun críoch fuinnimh deiridh agus chun críoch neamhfhuinnimh in earnáil na tionsclaíochta ó bhreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch arna n-úsáid chun críoch fuinnimh deiridh agus chun críoch neamhfhuinnimh. Déanfaidh an Coimisiún anailís ar an bhfáil atá ar bhreoslaí de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch in 2026 agus gach bliain ina dhiaidh sin . Chun an céatadán a ríomh, cuirfear na rialacha seo a leanas i bhfeidhm [Leasú 34]:

(a)

Chun an t-ainmneoir a ríomh, cuirfear san áireamh luach fuinnimh hidrigine chun críocha fuinnimh deiridh agus chun críocha neamhfhuinnimh, seachas hidrigin a úsáidtear mar tháirgí idirmheánacha chun gnáthbhreoslaí iompair a tháirgeadh agus hidrigin a tháirgtear mar fhotháirge nó a dhíorthaítear ó fhotháirgí in suiteálacha tionsclaíocha;

(b)

Chun an t-uimhreoir a ríomh, cuirfear san áireamh luach fuinnimh breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch a ídítear san earnáil tionsclaíochta chun críocha fuinnimh deiridh agus neamhfhuinnimh, seachas breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch a úsáidtear mar tháirgí idirmheánacha chun breoslaí iompair a tháirgeadh.

(c)

Chun an t-uimhreoir agus an t-ainmneoir araon a ríomh, úsáidfear na luachanna a bhaineann le luach fuinnimh breoslaí a leagtar amach in Iarscríbhinn III.

Faoin 31 Eanáir 2026, tar éis na rialacha dá dtagraítear i mír 1 a bhunú, déanfaidh an Coimisiún measúnú, i bhfianaise forbairtí rialála, teicniúla agus eolaíocha, an bhfuil sé iomchuí agus an bhfuil údar maith ann fosprioc RFNBOnna do 2030 a oiriúnú, agus, i gcás inarb iomchuí, leasóidh sé an t-airteagal sin chun na críche sin, agus beidh measúnú tionchair ag gabháil leis. Chun úsáid réiteach fuinnimh in-athnuaite a chur chun cinn le haghaidh teas tionsclaíoch ísealteochta agus meánteochta, féachfaidh na Ballstáit le hinfhaighteacht roghanna malartacha in-athnuaite atá inmharthana go heacnamaíoch agus indéanta go teicniúil ar úsáid fuinnimh atá bunaithe ar bhreosla iontaise le haghaidh feidhmeanna teasa tionsclaíocha a mhéadú agus é mar chuspóir leis deireadh a chur le húsáid breosla iontaise le haghaidh feidhmeanna a éilíonn uasteochtaí téimh suas le 200 céim Celsius faoi 2027 ar a dhéanaí.

1a.     Faoin… [bliain amháin tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo], forbróidh an Coimisiún straitéis dhomhanda maidir le hallmhairiú hidrigine chun margadh hidrigine Eorpach a chur chun cinn. Comhlánófar leis an straitéis sin tionscnaimh chun táirgeadh hidrigine intíre laistigh den Aontas a chur chun cinn, lena dtacófar le cur chun feidhme na Treorach seo agus le baint amach na spriocanna a leagtar amach inti, agus aird chuí á tabhairt ar shlándáil an tsoláthair agus ar neamhspleáchas straitéiseach an Aontais maidir le fuinneamh. Beidh sé d’aidhm ag na bearta a áireofar sa straitéis cothrom iomaíochta a chur chun cinn, bunaithe ar rialacha nó caighdeáin choibhéiseacha i dtríú tíortha ó thaobh chosaint an chomhshaoil agus na hinbhuanaitheachta de agus an t-athrú aeráide a mhaolú. Áireofar sa straitéis garspriocanna agus bearta táscacha le haghaidh allmhairí. Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí a ghlacadh chun an straitéis a chur chun feidhme ina bpleananna náisiúnta comhtháite fuinnimh agus aeráide agus ina dtuarascálacha ar dhul chun cinn arna dtíolacadh de bhun Airteagail 3, 14 agus 17 de Rialachán (AE) 2018/1999. Thairis sin, cuirfear san áireamh sa straitéis freisin an gá atá le forbairt a dhéanamh ar an rochtain atá ag pobail áitiúla ar fhuinneamh.”;

(12)

leasaítear Airteagal 23 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Chun úsáid fuinnimh in-athnuaite a chur chun cinn in earnáil an téimh agus an fhuaraithe, féachfaidh gach Ballstát leis an sciar fuinnimh in-athnuaite arna sholáthar don earnáil sin a ardú 2,3 pointe céatadáin táscach , ar meán bliantúil é sin, arna ríomh don tréimhse 2021 go 2025 agus don tréimhse 2026 go 2030, ag tosú ó sciar an fhuinnimh in-athnuaite in earnáil an téimh agus an fhuaraithe in 2020, méadú a shloinntear i dtéarmaí an sciar náisiúnta den olltomhaltas deiridh fuinnimh agus a ríomhtar de réir na modheolaíochta a leagtar amach in Airteagal 7.

Beidh an méadú sin cothrom le 2,8 pointe céatadáin i gcás na mBallstát ina n-úsáidtear dramhtheas agus dramhfhuacht. Sa chás sin, féadfaidh na Ballstáit dramhtheas agus dramhfhuacht a chomhaireamh suas le 40 % den mheánardú bliantúil.”;

(b)

cuirtear an mhír 1a seo a leanas isteach:

“1a.    Chun tuairisc iomlán a thabhairt don Choimisiún ar na héagsúlachtaí suntasacha atá ann i leibhéal an éilimh ar theas tionsclaíoch ar fud an Aontais, déanfaidh na Ballstáit measúnú ar a n-acmhainneacht fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite agus ar an úsáid a bhaintear as dramhtheas agus dramhfhuacht san earnáil téimh agus fuaraithe lena n-áirítear anailís chostas is tairbhe lena gcumhdaítear na seachtrachtaí dearfacha uile , i gcás inarb iomchuí, anailís ar limistéir atá oiriúnach lena n-úsáid gan ach riosca íseal éiceolaíoch agus ar an acmhainneacht atá ann le haghaidh tionscadail teaghlaigh ar scála beag. Fiontair bheaga agus mheánmhéide, siombóisí tionsclaíocha agus a d’fhoirgnimh thráchtála, leagfaidh siad amach aon cheanglais bhonneagair le rannpháirtíocht na n-údarás áitiúil agus réigiúnach . Sa mheasúnú , breithneofar ar na teicneolaíochtaí atá ar fáil agus indéanta go heacnamaíoch le haghaidh úsáidí tionsclaíocha agus baile chun garspriocanna agus bearta a leagan amach chun ▌ foinsí in-athnuaite fuinnimh a mhéadú i dtéamh agus i bhfuarú agus, i gcás inarb iomchuí, úsáid na dramhtheasa agus na dramhfhuachta a mhéadú trí théamh agus fuarú ceantair agus teaghlaigh mhionscála agus FBManna d’fhonn straitéis náisiúnta fhadtéarmach a bhunú chun astaíochtaí gás ceaptha teasa agus an truailliú aeir a thagann ó théamh agus fuarú a laghdú . Cuirfear san áireamh sa straitéis sin an leibhéal éagsúil cáilíochta teasa (ardteocht, meánteocht, ísealteocht) a bhaineann go sonrach le próisis agus úsáidí éagsúla . Beidh an measúnú i gcomhréir le bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh agus mar chuid de na pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide dá dtagraítear in Airteagal 3 agus Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2018/1999, measúnú a ghabhfaidh leis an measúnú cuimsitheach ar théamh agus ar fhuarú a cheanglaítear le hAirteagal 14(1) de Threoir 2012/27/AE.”;

(c)

i mír 2, scriostar an chéad fhomhír, pointe (a).

(ca)

i mír 2, cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

“Cuirfidh na Ballstáit faisnéis ar fáil go háirithe d’úinéirí nó do thionóntaí foirgneamh agus do FBManna maidir le bearta cost-éifeachtúla, agus ionstraimí airgeadais, chun feabhas a chur ar an úsáid a bhaintear as fuinneamh in-athnuaite sna córais téimh agus fuaraithe. Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis ar fáil trí uirlisí comhairleacha inrochtana agus trédhearcacha a bheidh bunaithe in ionaid ilfhreastail.”;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Chun an meánardú bliantúil dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1 a bhaint amach, déanfaidh na Ballstáit ar a laghad trí cinn de na bearta seo a leanas a chur chun feidhme:

(a)

fuinneamh in-athnuaite nó dramhtheas agus dramhfhuacht a ionchorpú go fisiciúil sna foinsí fuinnimh agus sna breoslaí arna soláthar i gcomhar téimh agus fuaraithe;

(b)

córais téimh agus fuaraithe fuinnimh in-athnuaite ardéifeachtúla a shuiteáil i bhfoirgnimh, foirgnimh a nascadh le córais téimh agus fuaraithe ceantair ardéifeachtúla, nó fuinneamh in-athnuaite nó dramhtheas agus dramhfhuacht a úsáid sna próisis téimh agus fuaraithe thionsclaíocha;

(c)

bearta arna gcumhdach ag teastais intrádála lena bhfianaítear comhlíonadh na hoibleagáide arna leagan síos i mír 1, an chéad fhomhír, trí thacú le bearta suiteála faoi phointe (b) den mhír seo, arna ndéanamh ag oibreoir eacnamaíoch eile amhail suiteálaí neamhspleách teicneolaíochta in-athnuaite nó ag cuideachta seirbhíse fuinnimh a sholáthraíonn seirbhísí suiteála i leith fuinneamh in-athnuaite;

(d)

fothú acmhainní d’údaráis náisiúnta , réigiúnacha agus áitiúla chun acmhainneacht áitiúil téimh agus fuaraithe in-athnuaite a mhapáil agus chun tionscadail agus bonneagair in-athnuaite a phleanáil, ▌a chur chun feidhme agus chun comhairle a thabhairt ina leith ;

(e)

creataí maolaithe riosca a chruthú chun costas an chaipitil do thionscadail in-athnuaite teasa agus fuaraithe agus tionscadail dramhtheasa agus dramhfhuachta a laghdú , inter alia tionscadail níos lú a chuachadh chomh maith le tionscadail den sórt sin a nascadh ar bhealach níos iomlánaíche le bearta eile éifeachtúlachta fuinnimh agus athchóirithe foirgneamh ;

(f)

comhaontuithe ceannacháin téimh agus fuaraithe in-athnuaite a chur chun cinn do thomhaltóirí corparáideacha agus do thomhaltóirí beaga comhchoiteanna;

(g)

scéimeanna athsholáthair atá beartaithe maidir le foinsí iontaise téimh, córais téimh nach bhfuil comhoiriúnach le foinsí in-athnuaite nó scéimeanna chun deireadh a chur le céimniú amach iontaise lena ngabhann garspriocanna;

(h)

pleanáil teasa in-athnuaite, lena gcuimsítear fuarú, ceanglais ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal réigiúnach;

(i)

bearta beartais eile, a bhfuil éifeacht choibhéiseach acu, lena n-áirítear bearta fioscacha, scéimeanna tacaíochta nó dreasachtaí airgeadais eile a rannchuidíonn le trealamh in-athnuaite téimh agus fuaraithe a shuiteáil agus gréasáin fuinnimh a sholáthraíonn fuinneamh in-athnuaite don téamh agus don fhuarú i bhfoirgnimh agus sa tionscal a fhorbairt;

(j)

táirgeadh bithgháis agus a hinstealladh isteach san eangach gháis a chur chun cinn, seachas é a úsáid chun leictreachas a tháirgeadh;

(k)

bearta lena gcuirtear chun cinn comhtháthú na dteicneolaíochtaí stórála fuinnimh theirmigh i gcórais téimh agus fuaraithe;

(l)

gréasáin téimh agus fuaraithe ceantair in-athnuaite atá faoi úinéireacht tomhaltóirí a chur chun cinn, go háirithe ag comhphobail fuinnimh in-athnuaite, lena n-áirítear trí bhearta rialála, socruithe maoiniúcháin agus tacaíocht.

Agus na bearta sin á nglacadh agus á gcur chun feidhme acu, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain ag na tomhaltóirí go léir orthu, lena n-áirítear iad siúd ar tionóntaí iad, go háirithe iad siúd atá i dteaghlaigh ar ioncam íseal nó i dteaghlaigh leochaileacha agus ceanglóidh siad go gcuirfear chun feidhme sciar suntasach beart mar thosaíocht i dteaghlaigh atá ina gcónaí faoi bhochtaineacht fuinnimh mar a shainmhínítear i dTreoir … [Treoir Athmhúnlaithe maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh] agus i dtithíocht shóisialta, nach mbeadh dóthain caipitil tosaigh acu chun tairbhe a bhaint as murach sin.;”

(13)

leasaítear Airteagal 24 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.    Tacóidh na Ballstáit le gréasáin téimh agus fuaraithe ceantair inathnuaite 4ú agus 5ú glúin atá ann cheana a athchóiriú agus a fhorbairt atá an-éifeachtúil agus a chothaítear go heisiach le foinsí inathnuaite fuinnimh agus le dramhtheas nó dramhfhuacht dosheachanta, tar éis anailís dhearfach eacnamaíoch agus chomhshaoil sochair a dhéanamh arna déanamh i gcomhpháirtíocht leis na húdaráis áitiúla lena mbaineann’; Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear faisnéis faoin bhfeidhmíocht fuinnimh, faoi na hastaíochtaí gás ceaptha teasa agus faoin sciar fuinnimh in-athnuaite atá ina ngréasáin téimh agus fuaraithe ceantair ar fáil do na tomhaltóirí deiridh, ar bhealach ina mbeidh rochtain éasca uirthi, amhail faisnéis ar bhillí nó ar shuíomhanna gréasáin soláthróirí agus ar iarratas. Déanfar an fhaisnéis maidir leis an sciar fuinnimh in-athnuaite a shloinneadh ar a laghad mar chéatadán d’olltomhaltas deiridh téimh agus fuaraithe arna shannadh do chustaiméirí córais téimh agus fuaraithe ceantair ar leith, lena n-áirítear faisnéis faoin méid fuinnimh a úsáideadh chun aonad amháin téimh a sholáthar don chustaiméir nó don úsáideoir deiridh.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4   Déanfaidh na Ballstáit iarracht sciar an fhuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite, lena n-áirítear an teas a ghintear ó leictreachas ó fhoinsí fuinnimh inathnuaite, agus ó dhramhtheas agus dramhfhuacht ó théamh agus fuarú ceantair a mhéadú 2,3 pointe céatadáin ar a laghad, ar meán bliantúil é, arna ríomh don tréimhse 2021 go 2025 agus don tréimhse 2026 go 2030, ag tosú le sciar an fhuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite, lena n-áirítear teas a ghintear ó leictreachas ó fhoinsí fuinnimh inathnuaite, agus ó dhramhtheas agus dramhfhuacht ó théamh agus fuarú ceantair in 2020, agus leagfaidh siad síos na bearta is gá chun na críche sin. Déanfar an sciar fuinnimh inathnuaite sin a shloinneadh i dtéarmaí sciar olltomhaltais deiridh fuinnimh i dtéamh agus fuarú ceantair arna gcoigeartú i gcomhréir le gnáth-mheánchoinníollacha aeráide.

Na Ballstáit a bhfuil sciar fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite agus ó dhramhtheas agus ó dhramhfhuacht san earnáil teasa agus fuaraithe ceantair acu atá os cionn 60 %, féadfaidh siad aon sciar mar sin a áireamh mar chomhlíonadh ar an meánardú bliantúil dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

Leagfaidh na Ballstáit síos na bearta is gá chun an meánardú dá dtagraítear sa chéad fhomhír den phointe seo a chur chun feidhme ina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide de bhun Iarscríbhinn I de Rialachán (AE) 2018/1999.”;

(c)

cuirtear an mhír 4 a seo a leanas isteach:

“4a.   Áiritheoidh na Ballstáit go molfar d’oibreoirí na gcóras téimh agus fuaraithe ceantair os cionn acmhainn 25 MWth ceangal le soláthróirí tríú páirtí fuinnimh a sholáthraíonn fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite, ó dhramhtheas agus ó dhramhfhuacht nó go molfar dóibh tairiscint a dhéanamh ceangal a dhéanamh leo agus teas nó fuacht a cheannach ó fhoinsí in-athnuaite fuinnimh agus ó dhramhtheas agus dramhfhuacht ó sholáthróirí tríú páirtí bunaithe ar chritéir neamh-idirdhealaitheacha a bheidh le leagan amach ag an mBallstát lena mbaineann má tá an ceangal sin indéanta go teicniúil agus go heacnamaíoch agus i gcás inar gá do na hoibreoirí sin ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas a dhéanamh:

(a)

freastal ar an éileamh ó chustaiméirí nua;

(b)

acmhainneacht eile a chur in ionad na hacmhainneachta giniúna teasa nó fuachta atá ann cheana;

(c)

an acmhainneacht giniúna teasa nó fuachta atá ann cheana a mhéadú.”;

Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh leictreachas inathnuaite a úsáidtear do théamh agus fuarú ceantair a áireamh sa mheánmhéadú bliantúil a leagtar amach i mír 4 den Airteagal seo. Ní chuirfear san áireamh leictreachas inathnuaite a áirítear i bpointe (b) d’Airteagal 7(1) chun na spriocanna a leagtar amach in Airteagal 7(1), pointe (a) a bhaint amach.

I gcás ina gcinnfidh na Ballstáit leictreachas inathnuaite a úsáidtear i dtéamh agus i bhfuarú ceantair a áireamh, tabharfaidh siad fógra don Choimisiún faoi sula dtabharfar an sásra sin isteach. Déanfaidh na Ballstáit an méid leictreachais inathnuaite arna úsáid i dtéamh agus fuarú ceantair a áireamh ina dtuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn de bhun Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2018/1999.

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5 agus mhír 6:

“5.   Féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt d’oibreoir córais téimh nó fuaraithe ceantair diúltú é a cheangal agus teas nó fuacht a cheannach ó sholáthróir tríú páirtí in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a)

níl an acmhainn riachtanach sa chóras de dheasca soláthairtí eile teasa nó fuachta ó fhoinsí in-athnuaite nó de dheasca dramhtheasa agus dramhfhuachta;

(b)

ní chomhlíonann an teas nó an fuacht ón soláthróir tríú páirtí na paraiméadair theicniúla atá riachtanach chun ceangal leis an gcóras agus chun oibríocht iontaofa, shábháilte an chórais téimh agus fuaraithe ceantair a áirithiú;

(c)

féadfaidh an t-oibreoir a léiriú, trí rochtain a sholáthar, go mbeadh ardú iomarcach ar an gcostas teasa nó fuachta do thomhaltóirí deiridh i gcomparáid leis an gcostas a bhaineann leis an bpríomhsholáthair áitiúil teasa nó fuachta a úsáid, an ceann lena mbeadh an fhoinse in-athnuaite nó dramhtheas agus dramhfhuacht ag dul in iomaíocht.

(d)

comhlíonann córas an oibreora an sainmhíniú ar théamh agus ar fhuarú éifeachtúil ceantair atá leagtha amach in [Airteagal x den athmhúnlú atá beartaithe ar an Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh].

Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina ndiúltaíonn oibreoir córais téimh agus fuaraithe ceantair soláthróir téimh nó fuaraithe a cheangal leis an gcóras de bhun na chéad fhomhíre, go gcuirfidh an t-oibreoir sin faisnéis ar na cúiseanna leis an diúltú, chomh maith leis na coinníollacha a bheidh le comhlíonadh agus bearta le glacadh sa chóras chun go bhféadfaí an ceangal a chumasú, ar fáil don údarás inniúil. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh próiseas iomchuí i bhfeidhm chun diúltú nach bhfuil bonn cirt leis a leigheas.

6.   I gcás inar gá, cuirfidh na Ballstáit creat comhordúcháin i bhfeidhm idir oibreoirí an chórais téimh agus fuaraithe ceantair agus na foinsí dramhtheasa agus dramhfhuachta a d’fhéadfadh a bheith ann sna hearnálacha tionsclaíocha agus treasacha chun úsáid dramhtheasa agus dramhfhuachta a éascú. Áiritheofar leis an gcreat comhordúcháin go gcuirfear i bhfeidhm bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh agus go n-éascófar idirphlé maidir le húsáid dramhtheasa agus dramhfhuachta lena mbaineann an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

oibritheoirí córais téimh agus fuaraithe ceantair;

(b)

fiontair san earnáil thionsclaíoch agus threasach a ghineann dramhtheas agus dramhfhuacht is féidir a aisghabháil go heacnamaíoch trí chórais téimh agus fuaraithe ceantair, amhail lárionaid sonraí, gléasraí tionsclaíocha, foirgnimh mhóra tráchtála, saoráidí stórála fuinnimh, agus iompar poiblí; ▌

(c)

údaráis áitiúla atá freagrach as bonneagair fuinnimh a phleanáil agus a fhormheas;

(d)

saineolaithe eolaíocha atá ag obair ar na córais úrscothacha téimh agus fuaraithe ceantair is déanaí atá lán-éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de agus bunaithe go hiomlán ar fhoinsí inathnuaite;

(e)

comhphobail fuinnimh inathnuaite a bhfuil baint acu le téamh agus fuarú.”;

(e)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 8, 9 agus 10:

“8.   Gach 4 bliana ar a laghad, bunóidh na Ballstáit creat faoina ndéanfaidh na hoibreoirí córas dáileacháin leictreachais, i gcomhar le hoibreoirí na gcóras téimh nó fuaraithe ceantair ina réigiún féin, measúnú ar an acmhainn is féidir a bhaint as córais téimh agus fuaraithe ceantair chun seirbhísí cothromúcháin agus seirbhísí córais eile, lena n-áirítear freagairt don éileamh agus stóráil farasbarr leictreachais arna tháirgeadh ó fhoinsí láraithe agus díláraithe in-athnuaite agus measúnú a dhéanamh freisin ar cé acu a bheadh nó nach mbeadh sé níos acmhainn-éifeachtúla agus níos costéifeachtúla, le hais réitigh mhalartacha, úsáid a bhaint as an acmhainn a sainaithníodh sa mheasúnú sin, i gcomhréir le bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh.

Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfaidh na hoibreoirí córais tarchurtha agus dáileacháin leictreachais aird chuí ar thorthaí an mheasúnaithe a cheanglaítear faoin gcéad fhomhír i bpleanáil na heangaí, in infheistíocht san eangach agus i bhforbairt bonneagair ina gcríocha faoi seach.

Éascóidh na Ballstáit comhordú idir oibreoirí córas téimh agus fuaraithe ceantair agus oibreoirí córas tarchurtha agus dáileacháin leictreachais chun a áirithiú gur féidir le seirbhísí cothromúcháin, stórála agus solúbthachta eile, amhail freagairt don éileamh, a chuireann oibreoirí córais téimh ceantair agus oibreoirí córas fuaraithe ceantair ar fáil páirt a ghlacadh ina margaí leictreachais ar bhonn neamh-idirdhealaitheach.

Féadfaidh na Ballstáit na ceanglais maidir le measúnú agus comhordú faoin gcéad fhomhír agus faoin tríú fomhír a leathnú chuig oibreoirí córais tarchurtha agus dáileacháin gáis, lena n-áirítear gréasáin hidrigine agus gréasáin eile fuinnimh.

9.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh an t-údarás inniúil cearta na dtomhaltóirí agus na rialacha maidir le córais téimh agus fuaraithe ceantair i gcomhréir leis an Airteagal seo a shainmhíniú go soiléir, a chur ar fáil go poiblí agus a fhorfheidhmiú.

10.

Ní cheanglófar ar Bhallstát mír 2 a chur i bhfeidhm má chomhlíontar ar a laghad ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

i gcás inarb ionann a sciar de théamh agus fuarú ceantair agus 2 % den olltomhaltas deiridh nó inar lú é ná 2 % den olltomhaltas deiridh fuinnimh i leith téimh agus fuaraithe an 24 Nollaig 2018;

(b)

i gcás ina méadaítear a sciar de théamh agus fuarú ceantair os cionn 2 % den olltomhaltas deiridh fuinnimh i dtéamh agus i bhfuarú an 24 Nollaig 2018 trí théamh agus fuarú ceantair éifeachtach nua a fhorbairt bunaithe ar a phlean comhtháite náisiúnta don fhuinneamh agus don aeráid de bhun Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1999 agus ar bhonn an mheasúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 23(1a) den Treoir seo;

(c)

i gcás ina dtarlaíonn 90 % den olltomhaltas deiridh fuinnimh i gcórais téimh agus fuaraithe ceantair ar córais téimh agus fuaraithe ceantair iad a chomhlíonann an sainmhíniú atá leagtha síos in [Airteagal x den athmhúnlú atá beartaithe ar an Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh].”;

(14)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 25:

“Airteagal 25

Laghdú ar dhéine na ngás ceaptha teasa san earnáil iompair ó úsáid fuinnimh in-athnuaite

1.   Leagfaidh gach Ballstát oibleagáid ar sholáthróirí breosla an méid seo a leanas a áirithiú:

(a)

go dtiocfaidh laghdú 16 % ar a laghad ar dhéine gás ceaptha teasa mar thoradh ar mhéid na mbreoslaí inathnuaite agus an leictreachais inathnuaite arna soláthar don earnáil iompair faoi 2030, i gcomparáid leis an mbonnlíne a leagtar amach in Airteagal 27(1), pointe (b), i gcomhréir le conair arna leagan síos ag an mBallstát;

(b)

gurb é ▌0,5 % in 2025 agus ar a laghad 2,2 % in 2030 an sciar de bhithbhreoslaí ardfhorbartha agus de bhithghás a tháirgtear ón mbunábhar a liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn IX san fhuinneamh a sholáthraítear don earnáil iompair, agus is fiú 2,6 % ar a laghad in 2028 agus ar a laghad 5,7 % in 2030 sciar na mbreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch;

(ba)

as 2030 amach, déanfaidh soláthraithe breosla 1,2 % ar a laghad de bhreoslaí inathnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch agus hidrigin inathnuaite a sholáthar le haghaidh modhanna muirí a bhfuil sé deacair a n-astaíochtaí a laghdú. Féadfaidh Ballstát nach bhfuil aon chalafoirt mhuirí ina chríoch a roghnú gan an fhoráil seo a chur i bhfeidhm. Aon Bhallstát a bheartaíonn leas a bhaint as an maolú sin, tabharfaidh sé fógra don Choimisiún tráth nach déanaí ná bliain amháin tar éis … [theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo]. Maidir le haon athrú eile a dhéanfar ina dhiaidh sin, cuirfear in iúl don Choimisiún é freisin.

Má leasaítear liosta an bhunábhair a leagtar amach i gCuid A agus in Iarscríbhinn IX i gcomhréir le hAirteagal 28(6), méadófar an sciar íosta de bhithbhreoslaí ardfhorbartha agus de bhithghás a tháirgtear ón mbunábhar san fhuinneamh a sholáthraítear don earnáil iompair dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo dá réir agus beidh sé bunaithe ar mheasúnú tionchair ón gCoimisiún. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an oibleagáid a leagtar síos i mír 1 d’fhonn togra reachtach a thíolacadh faoi 2025 chun é a mhéadú i gcás ina bhfuil tuilleadh laghduithe suntasacha ar na costais i dtáirgeadh fuinnimh inathnuaite, i gcás inar gá chun gealltanais idirnáisiúnta an Aontais maidir le dícharbónú a chomhlíonadh nó i gcás ina bhfuil bonn cirt leis an méadú sin mar gheall ar laghdú suntasach ar thomhaltas fuinnimh san Aontas.

Chun an laghdú dá dtagraítear i bpointe (a) agus an sciar dá dtagraítear i bpointe (b) a ríomh, cuirfidh na Ballstáit breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch san áireamh freisin nuair a úsáidtear iad mar tháirgí idirmheánacha chun gnáthbhreoslaí iompair a tháirgeadh. Chun an laghdú dá dtagraítear i bpointe (a) a ríomh, féadfaidh na Ballstáit breoslaí carbóin athchúrsáilte a chur san áireamh.

Soláthróirí breoslaí a sholáthraíonn leictreachas nó breoslaí in-athnuaite iompair leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamhbhitheolaíoch, féadfaidh na Ballstáit, agus an oibleagáid ar sholáthróirí breosla á socrú, na soláthróirí sin a dhíolmhú ón gceanglas an sciar íosta de bhithbhreoslaí ardfhorbartha agus de bhithghás a tháirgtear ón mbunábhar a liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn IX a chomhlíonadh maidir leis na breoslaí sin.

2.   Bunóidh na Ballstáit sásra lena gceadófar do sholáthróirí breosla ina gcríoch creidmheasanna a mhalartú chun fuinneamh in-athnuaite a sholáthar d’earnáil an iompair. Oibreoirí eacnamaíocha a sholáthraíonn leictreachas in-athnuaite d’fheithiclí leictreacha éadroma agus d’fheithiclí leictreacha tromshaothair trí stáisiúin athluchtaithe phoiblí nó trí fhuinneamh in-athnuaite, gheobhaidh siad creidmheasanna, beag beann ar cé acu a bhfuil nó nach bhfuil na hoibreoirí eacnamaíocha faoi réir na hoibleagáide atá leagtha síos ag an mBallstát ar sholáthróirí breosla, agus féadfaidh siad na creidmheasanna sin a dhíol le soláthróirí breosla, ar féidir leo na creidmheasanna a úsáid chun an oibleagáid a leagtar amach sa chéad fhomhír de mhír 1 a chomhlíonadh.’; Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh stáisiúin athluchtaithe phríobháideacha a áireamh sa sásra dá dtagraítear sa chéad fhomhír, ar choinníoll gur féidir a léiriú gur d’fheithiclí leictreacha amháin a sholáthraítear an leictreachas in-athnuaite arna sholáthar do na stáisiúin athluchtaithe phríobháideacha sin.”

(15)

leasaítear Airteagal 26 mar a leanas:

(a)

leasaítear mír 1 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“Chun ríomh a dhéanamh ar olltomhaltas deiridh fuinnimh Ballstáit ó fhoinsí in-athnuaite dá dtagraítear in Airteagal 7 agus ar an sprioc laghdaithe déine gás ceaptha teasa dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 25(1), ní mó a bheidh an sciar de bhithbhreoslaí agus de bhithleachtanna, chomh maith leis an sciar de bhreoslaí bithmhaise a thomhlaítear san iompar, i gcás ina dtáirgtear ó bharra bia agus beatha iad, ná pointe céatadán amháin níos airde ná an sciar de bhreoslaí den sórt sin i dtomhaltas deiridh fuinnimh san earnáil iompair sa Bhallstát sin in 2020, agus is 7 % den tomhaltas deiridh fuinnimh uasmhéid an tomhaltais a bheidh san earnáil iompair sa Bhallstát sin.’;

Arna iarraidh sin do Bhallstát, féadfaidh an Coimisiún maolú ar an gcéad fhomhír a cheadú, lena gcumasófar do na Ballstáit bithleachtanna a úsáidtear le haghaidh táirgeadh leictreachais sna réigiúin is forimeallaí de réir bhrí Airteagal 349 CFAE a eisiamh ó ríomh na huasteorann 7 % de thomhaltas deiridh fuinnimh san earnáil iompair de bhóthar agus d’iarnród dá dtagraítear sa chéad fhomhír, ar choinníoll go bhfuil bonn cirt leis an maolú sin de bharr sainiúlachtaí áitiúla. Déanfaidh na Ballstáit an iarraidh ar mhaolú a sheoladh chuig an gCoimisiún faoi … [dáta thrasuí na Treorach leasaithí seo] agus soláthróidh siad réasúnuithe leis an maolú sin atá eolaíoch, teicniúil agus cothrom le dáta. Déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir le hiarraidh an Bhallstáit laistigh de thrí mhí ón iarraidh sin a fháil.”;

(i a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

I gcás ina bhfuil sciar na mbithbhreoslaí agus na mbithleachtanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír níos lú ná 1 % i mBallstát, féadfar é a mhéadú go huasmhéid 2 % den tomhaltas deiridh fuinnimh in earnálacha an iompair de bhóthar agus d'iarnród.;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheathrú fomhír:

“I gcás ina bhfuil sciar na mbithbhreoslaí agus na mbithleachtanna, chomh maith leis an sciar de bhreoslaí bithmhaise a thomhlaítear in earnáil an iompair, a tháirgtear ó bharra bia agus beatha i mBallstát teoranta do sciar níos ísle ná 7 % nó i gcás ina gcinneann Ballstát an sciar a theorannú tuilleadh, féadfaidh an Ballstát sin an sprioc laghdaithe déine gás ceaptha teasa dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 25(1) a laghdú dá réir sin, ag féachaint don rannchuidiú a bheadh déanta ag na breoslaí sin ó thaobh laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa. Chun na críche sin, measfaidh na Ballstáit go sábhálfaidh na breoslaí sin 50 % d’astaíochtaí gás ceaptha teasa.”;

(b)

▌leasaítear mír 2 mar seo a leanas:

(i)

sa chéad fhomhír agus sa chúigiú fomhír, cuirtear “an sprioc maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 25(1)” in ionad “an sciar íosta dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 25(1)”;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“Faoin … [dáta theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí sin], laghdóidh an teorainn sin go 0 %.”

(iii)

cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas tar éis an cheathrú fomhír:

“Faoin 30 Meitheamh 2023, cuirfidh an Coimisiún nuashonrú ar an tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis an méadú a tháinig ar tháirgeadh domhanda na mbarr bia agus beatha ábhartha. Beidh na sonraí is déanaí ón dá bhliain dheireanacha maidir le dífhoraoisiú agus bunábhair lena ngabhann riosca ard indíreach um athrú ar an talamhúsáid san áireamh sa nuashonrú sin, agus tabharfar aghaidh ar thráchtearraí ardriosca eile sa chatagóir bunábhair lena ngabhann riosca ard indíreach um athrú ar an talamhúsáid. Chun críocha na ngníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa séú fomhír, is é 7,9 % a bheidh i sciar uasta na forbartha bliantúla ar an limistéar táirgeachta domhanda i stoic ardcharbóin.”;

(16)

leasaítear Airteagal 27 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

“Rialacha maidir le ríomh san earnáil iompair agus maidir le breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch beag beann ar a n-úsáid deiridh”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Chun an laghdú ar dhéine gás ceaptha teasa a ríomh dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 25(1), beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas:

(a)

déanfar an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a ríomh mar a leanas:

(i)

i gcás bithbhreosla agus bithgháis, trí mhéid na mbreoslaí sin arna soláthar do na modhanna iompair go léir a iolrú faoina gcoigilteas i leith astaíochtaí arna gcinneadh de réir Airteagal 31;

(ii)

i gcás breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch agus breoslaí carbóin athchúrsáilte, trí mhéid na mbreoslaí sin a sholáthraítear do gach modh iompair a iolrú faoina gcoigilteas astaíochtaí arna chinneadh i gcomhréir le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 29a(3);

(iii)

i gcás leictreachas in-athnuaite, tríd an méid leictreachais in-athnuaite a sholáthraítear do na modhanna iompair go léir a iolrú faoi tháirge comparáide breoslaí iontaise.

Úsáidfear an táirge comparáide ECF(e) a leagtar amach in Iarscríbhinn V go dtí an 31 Nollaig 2029. Ón 1 Eanáir 2030 ar aghaidh, úsáidfear an táirge comparáide EF(t) a leagtar amach in Iarscríbhinn V.

Mar sin féin, is éard a bheidh sa laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa arna bhaint amach in 2030 trí úsáid a bhaint as leictreachas in-athnuaite san iompar, arna ríomh i gcur i bhfeidhm an táirge comparáide E F(t), ná rannchuidiú breise leictreachais inathnuaite leis an méid a baineadh amach cheana suas go dtí an 31 Nollaig 2029 tríd an táirge comparáide ECF(e) chun an laghdú ar astaíochtaí a ríomh ó 2030 ar aghaidh.

(b)

ríomhfar an bhonnlíne dá dtagraítear in Airteagal 25(1) trí mhéid an fhuinnimh a sholáthraítear d’earnáil an iompair a iolrú faoin táirge comparáide breoslaí iontaise EF(t) a leagtar amach in Iarscríbhinn V;

(c)

chun na méideanna iomchuí fuinnimh a ríomh, beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas:

(i)

chun méid an fhuinnimh arna sholáthar d’earnáil an iompair a chinneadh, úsáidfear na luachanna a bhaineann le luach fuinnimh breoslaí iompair, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III iad;

(ii)

chun an luach fuinnimh a ríomh i gcás breoslaí iompair nach gcuimsítear in Iarscríbhinn III, úsáidfidh na Ballstáit caighdeáin Eorpacha ábhartha chun luachanna calracha breoslaí a chinneadh. I gcás nár glacadh aon chaighdeán Eorpach chun na críche sin, úsáidfear caighdeáin ábhartha ISO;

(iii)

cinntear méid an leictreachais in-athnuaite arna sholáthar don earnáil iompair trí mhéid an leictreachais arna sholáthar don earnáil sin a iolrú faoi mheánsciar an leictreachais in-athnuaite a sholáthraítear i gcríoch an Bhallstáit sa dá bhliain roimhe sin. Mar eisceacht air sin, i gcás ina bhfaightear leictreachas ó cheangal díreach le suiteáil a ghineann leictreachas in-athnuaite agus ina soláthraítear é d’earnáil an iompair, áireofar an leictreachas sin go hiomlán mar leictreachas in-athnuaite;

(iv)

beidh sciar na mbithbhreoslaí agus an bhithgháis a tháirgtear ón mbunábhar a liostaítear i gCuid B d’Iarscríbhinn IX i luach fuinnimh breoslaí agus leictreachais a sholáthraítear don earnáil iompair teoranta do 1,7 %, seachas sa Chipir agus i Málta;

Má leasaítear liosta an bhunábhair a leagtar amach i gCuid B d’Iarscríbhinn IX i gcomhréir le hAirteagal 28(6), méadófar an uasteorainn ar na bithbhreoslaí agus ar na bithgháis dá réir agus beidh sé bunaithe ar mheasúnú tionchair ón gCoimisiún.

(d)

cinntear an laghdú ar dhéine gás ceaptha teasa ó úsáid fuinnimh in-athnuaite tríd an gcoigilteas ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó úsáid bithbhreoslaí, bithgháis agus leictreachais in-athnuaite a sholáthraítear do gach modh iompair a roinnt ar an mbonnlíne.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 35 chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí luach fuinnimh breoslaí iompair, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III, a oiriúnú i gcomhréir le dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil;”;

(c)

cuirtear an mhír 1a seo a leanas isteach:

“1a.   Chun na spriocanna dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír d’Airteagal 25(1) a ríomh, beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas:

(a)

chun an t-ainmneoir a ríomh, arb é sin an méid fuinnimh arna thomhailt san earnáil iompair, cuirfear na breoslaí agus an leictreachas go léir a sholáthraítear don earnáil iompair san áireamh;

(b)

chun an t-uimhreoir a ríomh, cuirfear san áireamh luach fuinnimh bithbhreoslaí ardfhorbartha agus bithgháis a tháirgtear ón mbunábhar a liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn IX agus breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch arna soláthar do gach modh iompair i gcríoch an Aontais;

(c)

maidir le sciar na mbithbhreoslaí ardfhorbartha agus an bhithgháis a tháirgtear ón mbunábhar a liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn IX agus sciar na mbreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch arna soláthar sna modhanna eitlíochta agus muirí, measfar gur 1,2 oiread a luach fuinnimh iad.”;

(d)

scriostar mír 2;

(e)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.     Agus leictreachas á úsáid chun breoslaí iompair inathnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch a tháirgeadh, go díreach nó chun táirgí eatramhacha a tháirgeadh, féadfar úsáid a bhaint as an meánsciar leictreachais ó fhoinsí inathnuaite fuinnimh i dtír an táirgthe, faoi mar a tomhaiseadh dhá bhliain roimh an am atá i gceist, chun sciar an fhuinnimh inathnuaite a chinneadh.

Féadfar leictreachas a fhaightear ó nasc díreach le suiteáil nó roinnt suiteálacha lena ngintear leictreachas inathnuaite a áireamh go hiomlán mar leictreachas inathnuaite i gcás ina n-úsáidtear é chun na breoslaí inathnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch a tháirgeadh ar choinníoll go léiríonn an tsuiteáil gur soláthraíodh an leictreachas lena mbaineann gan leictreachas a thógáil ón eangach.

Féadfar leictreachas a tógadh ón eangach a áireamh mar leictreachas atá go hiomlán inathnuaite ar an gcoinníoll go ndearnadh é a tháirgeadh go heisiach ó fhoinsí inathnuaite agus gur léiríodh na hairíonna inathnuaite agus aon chritéir iomchuí eile, agus é á áirithiú nach ndéantar airíonna inathnuaite an leictreachais sin a mhaíomh ach an t-aon uair amháin agus in aon earnáil chríochúsáide amháin.

Is féidir é sin a chomhlíonadh trí na ceanglais seo a leanas a chomhlíonadh:

(a)

chun na hairíonna inathnuaite a léiriú, ba cheart é a bheith de cheangal ar tháirgeoirí breoslaí ceann amháin nó níos mó de chomhaontuithe ceannaigh cumhachta inathnuaite a thabhairt i gcrích agus méid leictreachais atá comhionann ar a laghad leis an méid leictreachais a mhaítear a bheith go hiomlán inathnuaite á ghiniúint ag suiteálacha.

(b)

bainfear amach ar bhonn ráithiúil an chothromaíocht idir an leictreachas inathnuaite a cheannaítear trí cheann amháin nó níos mó de chomhaontuithe ceannaigh cumhachta agus an méid leictreachais a thógtar ón eangach chun breosla a tháirgeadh ionas go mbeidh an táirgeadh láncháilithe mar bhreosla inathnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch.

Ón 1 Eanáir 2030, bainfear amach ar bhonn míosúil, ráithiúil nó bliantúil an chothromaíocht idir an leictreachas inathnuaite a cheannaítear trí cheann amháin nó níos mó de chomhaontuithe ceannaigh cumhachta agus an méid leictreachais a thógtar ón eangach chun breosla a tháirgeadh ionas go mbeidh an táirgeadh láncháilithe mar bhreosla inathnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch. Beidh an comhchoibhneas ama ag brath ar mheasúnú a dhéanfaidh an Coimisiún. Bainfidh an ceanglas sin le gléasraí atá ann cheana, lena n-áirítear na cinn arna gcoimisiúnú roimh 2030.

I ndáil le suíomh an leictrealóra, déanfar ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:

(a)

tá an tsuiteáil a ghineann leictreachas inathnuaite faoin gcomhaontú ceannaigh cumhachta lonnaithe sa tír chéanna ina bhfuil an leictrealóir nó i dtír chomharsanach; nó

(b)

tá an tsuiteáil a ghineann leictreachas inathnuaite faoin gcomhaontú ceannaigh cumhachta lonnaithe i gcrios tairsceana amach ón gcósta atá tadhlach leis an tír ina bhfuil an leictrealóir nó i dtír chomharsanach;

Féadfar leictreachas a tógadh ó nó a cuireadh ar ais isteach i saoráid stórála fuinnimh ón eangach a áireamh mar leictreachas atá go hiomlán inathnuaite ar an gcoinníoll go ndearnadh é a tháirgeadh go heisiach ó fhoinsí inathnuaite agus gur léiríodh na hairíonna inathnuaite agus aon chritéir iomchuí eile, agus é á áirithiú nach ndéantar airíonna inathnuaite an leictreachais sin a mhaíomh ach an t-aon uair amháin agus in aon earnáil chríochúsáide amháin. [Leasú 13]

Féadfar leictreachas arna ghiniúint ag feithicil ghrianleictreach agus a úsáidtear le haghaidh ghluaiseacht na feithicle féin a áireamh mar leictreachas atá go hiomlán in-athnuaite.”; [Leasú 31]

(17)

leasaítear Airteagal 28 mar a leanas:

(a)

scriostar mír 2, mír 3 agus mír 4.

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

“Faoin 31 Nollaig 2024, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 35 chun an Treoir seo a fhorlíonadh tríd an modheolaíocht a shonrú chun sciar an bhithbhreosla agus an bhithgháis le haghaidh iompair atá mar thoradh ar bhithmhais a phróiseáil le breoslaí iontaise i bpróiseas comhchoiteann.”;

(ba)

i mír 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (c) agus (d):

“(c)

an gá atá ann iarmhairtí suntasacha saobhacha ar mhargaí do (fo)tháirgí, dramhaíola nó iarmhar a sheachaint, agus infhaighteacht amhábhar amach anseo á cur san áireamh agus an gá atá le saobhadh margaidh a sheachaint a mbeadh allmhairí ollmhóra amhábhar mar thoradh air;

(d)

an acmhainneacht atá ann astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú go suntasach i gcomparáid le breoslaí iontaise bunaithe ar mheasúnú saolré ar astaíochtaí, agus na méideanna bunábhair atá ar fáil agus an sciar d’úsáidí tionsclaíocha atá in iomaíocht le chéile cheana á gcur san áireamh agus aird chuí á tabhairt ar shainiúlachtaí náisiúnta;”;

(c)

i mír 7, cuirtear “a leagtar síos i bpointe (b) den chéad fhomhír d’Airteagal 25(1)” in ionad “a leagtar síos sa cheathrú fomhír d’Airteagal 25(1)”;

(18)

leasaítear Airteagal 29 mar a leanas:

(a)

leasaítear mír 1 mar a leanas:

(-i)

sa chéad fhomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:

“Ní chuirfear san áireamh fuinneamh ó bhithbhreoslaí, ó bhithleachtanna ná ó bhreoslaí bithmhaise chun na gcríoch dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) den fhomhír seo ach amháin má chomhlíonann siad na critéir maidir le hinbhuanaitheacht agus maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a leagtar amach i míreanna 2 go 7 agus mír 10 den Airteagal seo, agus má chuireann siad i gcuntas an t-ordlathas dramhaíola mar a leagtar amach in Airteagal 4 de Threoir 2008/98/CE agus prionsabal na húsáide cascáidí dá dtagraítear in Airteagal 3;” [Leasú 43]

(i)

sa chéad fhomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

rannchuidiú le sciartha fuinnimh inathnuaite na mBallstát agus leis na spriocanna dá dtagraítear in Airteagail 3(1), 15a(1), 22a(1), 23(1), 24(4), agus 25(1) den Treoir seo;”;

(ia)

cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas i ndiaidh na chéad fhomhíre:

“Ní dhéanfar fuinneamh ó bhreoslaí bithmhaise soladacha a chur san áireamh chun na gcríoch dá dtagraítear i bpointí (b) agus (c) den chéad fhomhír má dhíorthaítear iad ó bhithmhais adhmaid phríomhúil mar a shainmhínítear in Airteagal 2 den Treoir seo. Chun rannchuidiú leis an sprioc maidir le foinsí in-athnuaite fuinnimh dá dtagraítear in Airteagal 3(1), ní bheidh an sciar fuinnimh ó bhreoslaí bithmhaise soladacha arna ndíorthú ó bhithmhais adhmadach phríomhúil mar a shainmhínítear in Airteagal 2 den Treoir seo níos mó ná an sciar ídithe fuinnimh foriomlán de mheán an bhreosla sin in 2017-2022 bunaithe ar na sonraí is déanaí atá ar fáil.” [Leasú 44]

(ib)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“Mar sin féin, maidir le bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise arna dtáirgeadh ó dhramhaíl agus ó iarmhair nach iarmhair talmhaíochta, dhobharshaothaithe, iascaigh ná foraoiseachta iad, ní gá dóibh sin ach na critéir maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a leagtar síos i mír 10 a chomhlíonadh chun go gcuirfí san áireamh iad chun na gcríoch dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír. I gcás dramhaíl mheasctha a úsáid, áfach, tá sé de cheangal ar na hoibreoirí córais sórtála dramhaíola measctha atá sainithe a chur i bhfeidhm arb é is aidhm leo ábhair iontaise a bhaint. Beidh feidhm ag an bhfomhír seo freisin maidir le dramhaíl agus le hiarmhair a ndéantar iad a phróiseáil ar dtús chun táirge a dhéanamh díobh sula ndéantar tuilleadh próiseála orthu chun bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise a dhéanamh díobh.”;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheathrú fomhír:

“Comhlíonfaidh breoslaí bithmhaise na critéir inbhuanaitheachta agus na critéir maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a leagtar síos i mír 2 go mír 7 agus i mír 10 má úsáidtear iad,

(a) i gcás breoslaí bithmhaise soladaí, i suiteálacha a tháirgeann leictreachas, téamh agus fuarú arb ionann iomlán a n-ionchur teirmeach rátaithe agus 7,5 nó ar mó ná sin é,

(b) i gcás breoslaí bithmhaise gásacha, i suiteálacha a tháirgeann leictreachas, téamh agus fuarú arb ionann iomlán a n-ionchur teirmeach rátaithe agus 2 MW nó ar mó ná sin é,

(c) i gcás suiteálacha a tháirgeann breoslaí bithmhaise gásacha ag a bhfuil an meánráta sreafa bithmheatáin seo a leanas:

(i)

os cionn 500 m3 meatán coibhéiseach/h arna thomhas ag coinníollacha caighdeánacha teochta agus brú (i.e. 0 oC agus 1 bhar de bhrú atmaisféarach);

(ii)

i gcás bithghás ina bhfuil meascán de mheatán agus de gháis neamhdhócháin eile, i gcás an ráta sreafa bithmheatáin, an tairseach a leagtar amach i bpointe (i), athríomhfar é i gcomhréireacht leis an sciar toirtmhéadrach meatáin atá sa mheascán;”

(iii)

cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas tar éis an cheathrú fomhír:

“Féadfaidh na Ballstáit na critéir maidir le hinbhuanaitheacht agus maidir le laghduithe astaíochtaí gáis cheaptha teasa a chur i bhfeidhm maidir le suiteálacha a bhfuil ionchur teirmeach rátáilte iomlán nó ráta sreafa bithmheatáin níos ísle acu.”;

(aa)

i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“I dtaca le bithbhreoslaí, le bithleachtanna agus le breoslaí bithmhaise arna dtáirgeadh ó bhithmhais talmhaíochta arna gcur san áireamh chun na gcríoch dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír de mhír 1, ní dhéanfar iad as amhábhar a fuarthas as talamh a bhfuil ardluach bithéagsúlachta aige, mar atá talamh a raibh aon cheann de na stádais seo a leanas aige in Eanáir 2008 nó dá éis, is cuma cé acu a choinnigh nó nár choinnigh an talamh an stádas sin:

(a)

foraois phríomhúil agus chianaosta agus coillearnach eile, mar atá foraois agus coillearnach ina bhfuil speicis dúchais, agus gan aon fhianaise shoiléir infheicthe ann ar láimh an duine agus nach bhfuil aon chur isteach ar fiú trácht air tarlaithe do na próisis éiceolaíocha;

(b)

foraois agus coillearnach eile an-bhithéagsúil ar mhórán speiceas nach bhfuil díghrádaithe, agus atá sainaitheanta mar fhoraois nó coillearnach an-bhithéagsúil ag an údarás inniúil ábhartha, ach amháin má chuirtear fianaise ar fáil lena léireofar nár chuir táirgeadh an bhunábhair sin as do na críocha cosanta dúlra sin;

(c)

limistéir arna n-ainmniú:

(i)

ag an dlí nó ag na húdaráis ábhartha inniúla chun críocha cosanta dúlra; nó

(ii)

chun cosaint a thabhairt d'éiceachórais nó speicis atá neamhchoitianta, faoi bhagairt nó i mbaol, agus a aithnítear i gcomhaontuithe idirnáisiúnta nó a chuirtear ar liostaí arna gcur i dtoll a chéile ag eagraíochtaí idir-rialtasacha nó ag an Aontas Idirnáisiúnta do Chaomhnú an Dúlra, faoi réir a n-aithinte i gcomhréir leis an gcéad fhomhír d'Airteagal 30(4), mura gcuirtear fianaise ar fáil nár chuir táirgeadh an amhábhair sin isteach ar na críocha sin um chosaint an dúlra;

(d)

féarthalamh an-bhithéagsúil is fairsinge ná heicteáir amháin atá ina:

(i)

fhéarthalamh nádúrtha, mar atá féarthalamh a d'fhanfadh ina fhéarthalamh in éagmais lámh an duine agus a choinníonn slán comhdhéanamh na speiceas nádúrtha, maille lena chuid próiseas agus saintréithe éiceolaíocha; nó

(ii)

féarthalamh neamhnádúrtha, mar atá féarthalamh nach bhfanfadh ina fhéarthalamh in éagmais lámh an duine, agus atá saibhir ó thaobh speiceas de agus nach bhfuil díghrádaithe arna aithint ag an údarás ábhartha inniúil mar ard-bhithéagsúil, mura gcuirtear fianaise ar fáil lena léireofar nach mór an bunábhar a bhuaint chun a stádas mar fhéarthalamh ard-bhithéagsúil a chaomhnú.

(iii)

fraochmhánna a choinníonn comhdhéanamh nádúrtha speiceas agus tréithe agus próisis éiceolaíocha.”;

(b)

i mír 3, cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach tar éis na chéad fhomhíre:

“Tá feidhm ag an mír seo, cé is moite den chéad fhomhír, pointe (c), freisin maidir le bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise arna dtáirgeadh ó bhithmhais foraoise.”;

(c)

▌cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

4.     ‘I dtaca le bithbhreoslaí, le bithleachtanna agus le breoslaí bithmhaise arna dtáirgeadh ó bhithmhais talmhaíochta a cuireadh san áireamh chun na gcríoch dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír de mhír 1, ní dhéanfar iad as bunábhar a fuarthas as talamh a bhfuil stoc ard carbóin aige, eadhon talamh a raibh aon cheann de na stádais seo a leanas aige i mí Eanáir 2008 agus nár choinnigh an stádas sin:

(a)

bogach, eadhon talamh a bhíonn faoi uisce nó báite, go buan nó ar feadh cuid mhaith den bhliain;

(b)

limistéir foraoise gan bhriseadh, eadhon talamh ar fairsinge é ná heicteáir amháin ag a bhfuil crainn atá níos airde ná cúig mhéadar agus clúdach téastair níos mó ná 30 %, nó crainn atá in ann na tairseacha sin a bhaint amach in situ;

(c)

talamh níos fairsinge ná heicteáir amháin agus é faoi chrainn is airde ná cúig mhéadar agus clúdach téastair aige idir 10 % agus 30 %, nó faoi chrainn atá in ann na tairseacha sin a bhaint amach in situ; mura bhfuil fianaise ar fáil lena léireofar go bhfágann stoc carbóin an limistéir roimh a thiontú nó ina dhiaidh go sásaítear na coinníollach a leagtar síos i mír 10 den Airteagal seo ach an mhodheolaíocht a leagtar síos i gCuid C d'Iarscríbhinn V a chur i bhfeidhm.

(ca)

fraochmhánna a choinníonn comhdhéanamh nádúrtha speiceas agus tréithe agus próisis éiceolaíocha.

Ní bheidh feidhm ag forálacha na míre seo i gcás ina raibh ag an talamh, tráth a bhfuarthas an bunábhar, an stádas céanna a bhí aige i mí Eanáir 2008.

‘Beidh feidhm ag an gcéad fhomhír, cé is moite de phointí (b) agus (c), agus an dara fomhír freisin maidir le bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise arna dtáirgeadh ó bhithmhais foraoise.”;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

“5.   I dtaca le bithbhreoslaí, le bithleachtanna agus le breoslaí bithmhaise a tháirgtear ó bhithmhais talmhaíochta nó foraoise arna gcur san áireamh chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointí (a), (b) agus (c), ní dhéanfar iad as bunábhar a fuarthas as talamh a bhí ina thalamh portaigh i mí Eanáir 2008, mura gcuirtear fianaise ar fáil nach mbaineann draenáil ithreach nár draenáladh roimhe sin le saothrú agus le buaint an bhunábhair sin agus le comhlíonadh ar an leibhéal náisiúnta nó fonáisiúnta, i gcomhréir leis na critéir chun an riosca a bhaineann le bithmhais foraoise a dhíorthaítear ó tháirgeadh neamh-inbhuanaithe dá dtagraítear i mír 6 a úsáid a íoslaghdú, féadfaidh an t-údarás inniúil náisiúnta é a thuairisciú.;”

(da)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“5a.     I dtaca le bithbhreoslaí, le bithleachtanna agus le breoslaí bithmhaise arna dtáirgeadh ó bhithmhais talmhaíochta a cuireadh san áireamh chun na gcríoch dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír de mhír 1, ní bheidh siad déanta as amhábhar arna fháil i dtír nach bhfuil ina Páirtí i gComhaontú Pháras.”

(e)

i mír 6, leasaítear an chéad fhomhír mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta tosaigh:

“I dtaca le bithbhreoslaí, le bithleachtanna agus le breoslaí bithmhaise arna dtáirgeadh ó bhithmhais foraoise agus arna gcur san áireamh chun na gcríoch dá dtagraítear i bpointí (b) agus (c) den chéad fhomhír de mhír 1, ní bheidh siad díorthaithe ó bhithmhais adhmadach phríomhúil, cuirfidh siad i gcuntas go hiomlán an t-ordlathas dramhaíola mar a leagtar amach in Airteagal 4 de Threoir 2008/98/CE agus prionsabal na húsáide cascáidí dá dtagraítear in Airteagal 3, agus comhlíonfaidh siad na critéir seo a leanas chun an riosca go n-úsáidfí bithmhais foraoise ó tháirgeadh neamh-inbhuanaitheach a laghdú. Chun rannchuidiú leis na spriocanna in-athnuaite dá dtagraítear in Airteagal 3(1), ní bheidh an sciar fuinnimh ó bhithbhreoslaí, ó bhithleachtanna agus ó bhreoslaí bithmhaise a dhíorthaítear ó bhithmhais adhmadach phríomhúil mar a shainmhínítear in Airteagal 2 den Treoir seo níos mó ná an sciar ídithe fuinnimh foriomlán de mheán na mbreoslaí sin in 2017-2022 bunaithe ar na sonraí is déanaí atá ar fáil.” [Leasú 45]

(ii)

i bpointe (a), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (iii):

“(iii)

go ndéanfar limistéir arna n-ainmniú ag an dlí idirnáisiúnta nó ag an dlí náisiúnta nó ag an údarás inniúil ábhartha chun críocha cosanta dúlra, lena n-áirítear bogaigh, talamh féaraigh, fraochmhánna agus tailte portaigh, a chosaint agus é mar aidhm leis bithéagsúlacht a chaomhnú agus díothú gnáthóg a chosc mar a leagtar amach i dTreoracha 2009/147/CE agus 92/43/CEE, stádas comhshaoil na n-aigéan mar a leagtar amach i dTreoir 2008/56/CE chomh maith le stádas éiceolaíoch na n-aibhneacha mar a leagtar amach i dTreoir 2000/60/CE;”;

(iii)

i bpointe (a), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (iv):

“(iv)

déantar an bhuaint agus cáilíocht agus bithéagsúlacht na hithreach á n-áirithiú agus é mar aidhm tionchair dhiúltacha a chosc, ar bhealach a choscann saothrú stumpaí agus fréamhacha nach bhfuil oiriúnach le húsáid ábhar e.g. trí chleachtais bhainistíochta foraoise inbhuanaithe a úsáid, díghrádú foraoisí príomhúla agus cianaosta nó iad a thiontú ina bhforaoisí plandála, agus saothrú ar ithreacha leochaileacha; déantar glanleagan crann a chosc, mura rud é go dtagann dálaí éiceachórais fabhracha agus iomchuí as sin, agus áirithítear leis tairseacha atá oiriúnach go háitiúil agus ó thaobh na héiceolaíochta le haghaidh eastóscadh adhmaid mhairbh, agus áirithítear leis ceanglais chun úsáid a bhaint as córais logála lena n-íoslaghdaítear an tionchar ar cháilíocht na hithreach, balcadh ithreach san áireamh, agus ar ghnéithe agus ar ghnáthóga bithéagsúlachta:”; ’;

(v)

i bpointe (b), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (iv):

“(iv)

déantar an bhuaint agus cáilíocht agus bithéagsúlacht na hithreach á n-áirithiú agus é mar aidhm tionchair dhiúltacha a chosc, ar bhealach a choscann saothrú stumpaí agus fréamhacha nach bhfuil oiriúnach le húsáid ábhar e.g. trí chleachtais bhainistíochta foraoise inbhuanaithe a úsáid, díghrádú foraoisí príomhúla agus cianaosta nó iad a thiontú ina bhforaoisí plandála, agus saothrú ar ithreacha leochaileacha; déantar glanleagan crann a chosc, mura rud é go dtagann dálaí éiceachórais fabhracha agus iomchuí as sin, agus áirithítear leis tairseacha atá oiriúnach go háitiúil agus ó thaobh na héiceolaíochta le haghaidh eastóscadh adhmaid mhairbh, agus áirithítear leis ceanglais chun úsáid a bhaint as córais logála lena n-íoslaghdaítear an tionchar ar cháilíocht na hithreach, balcadh ithreach san áireamh, agus ar ghnéithe agus ar ghnáthóga bithéagsúlachta:”;

(fa)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“7a.     Ní sháróidh bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise arna dtáirgeadh ó bhithmhais foraoise an uasteorainn a shainmhínítear ar an leibhéal náisiúnta le haghaidh úsáid bithmhais foraoise atá comhsheasmhach le spriocanna na mBallstát maidir le fás linn carbóin mar a shainmhínítear i Rialachán … [Rialachán 2018/841] athbhreithnithe.”;

(g)

i mír 10, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre, pointe (d):

“(d)

70 % ar a laghad don leictreachas, téamh agus fuarú a tháirgtear ó bhreoslaí bithmhaise a úsáidtear i suiteálacha a dtosaíonn a n-oibríochtaí ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2025, agus 85 % le haghaidh suiteálacha a dtosaíonn a n-oibríochtaí ón 1 Eanáir 2026.”[Leasú 46]

(ga)

i mír 11, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:

“11.     Ní dhéanfar leictreachas ó bhreoslaí bithmhaise a chur san áireamh chun na gcríoch dá dtagraítear i bpointí (b) agus (c) den chéad fhomhír de mhír 1 ach amháin mura n-áirítear leis na breoslaí atá in úsáid bithmhais adhmadach phríomhúil agus go gcomhlíontar leis ceann amháin nó níos mó de na ceanglais seo a leanas. Chun rannchuidiú leis na spriocanna in-athnuaite dá dtagraítear in Airteagal 3(1), ní bheidh an sciar leictreachais ó bhreoslaí bithmhaise arna ndíorthú ó bhithmhais adhmadach phríomhúil mar a shainmhínítear in Airteagal 2 den Treoir seo níos mó ná an sciar ídithe leictreachais foriomlán de mheán na mbreoslaí sin in 2017-2022 bunaithe ar na sonraí is déanaí atá ar fáil.” [Leasú 47]

(gb)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 13:

“13.   Chun na críocha dá dtagraítear ▌sa chéad fhomhír de mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit maolú, ar feadh tréimhse theoranta, ó na critéir a leagtar síos i míreanna 2 go 7 agus míreanna 10 agus mír 11 den Airteagal seo trí chritéir éagsúla a ghlacadh a bhaineann leis an méid seo a leanas:

(a)

suiteálacha atá suite i réigiún is forimeallaí dá dtagraítear in Airteagal 349 CFAE a mhéid a tháirgeann na saoráidí sin leictreachas nó téamh nó fuarú ó bhreoslaí bithmhaise agus ó bhithleachtanna, agus do bhithbhreoslaí go háirithe d’earnáil an spáis agus do ghníomhaíochtaí réaltfhisiceacha gaolmhara; agus

(b)

breoslaí bithmhaise agus bithleachtanna a úsáidtear sna suiteálacha agus bithbhreoslaí a úsáidtear go háirithe in earnáil an spáis agus gníomhaíochtaí réaltfhisice gaolmhara dá dtagraítear i bpointe (a) den fhomhír seo, gan beann ar áit tionscnaimh na bithmhaise sin, ar choinníoll go bhfuil údar oibiachtúil leis na critéir sin ar an bhforas gurb é  an aidhm atá leo rochtain ar fhuinneamh sábháilte agus slán a áirithiú don réigiún sin agus an t-aistriú ó bhreoslaí iontaise go breoslaí bithmhaise inbhuanaithe agus bithleachtanna a dhreasú .

Cuirfear san áireamh chun na gcríoch dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) den chéad fhomhír d’Airteagal 29 bithleachtanna, bithbhreoslaí agus breoslaí bithmhaise arna dtáirgeadh ó bhithmhais adhmaid phríomhúil arna heastóscadh ar bhealach inbhuanaithe agus a eascraíonn as pleanáil úsáide talún i réigiún forimeallach ina gcumhdaíonn foraoisí 90 % ar a laghad de chríoch an réigiúin is forimeallaí.

Chun slándáil fuinnimh a áirithiú sna réigiúin is forimeallaí, féadfaidh na Ballstáit leanúint de thacaíocht a dheonú do tháirgeadh leictreachais ó bhithmhais foraoise i suiteálacha leictreachais amháin sna réigiúin is forimeallaí dá dtagraítear in Airteagal 349 CFAE.” [Leasú 33]

(gc)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 14:

“14.   Chun na gcríoch dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír de mhír 1, féadfaidh na Ballstáit critéir inbhuanaitheachta bhreise a bhunú le haghaidh bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise.”

(19)

cuirtear isteach an tAirteagal 29a seo a leanas:

“Airteagal 29a

Critéir maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa le haghaidh breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch agus breoslaí carbóin athchúrsáilte

1.   Ní dhéanfar fuinneamh ó bhreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch a áireamh i leith sciartha fuinnimh in-athnuaite na mBallstát agus i leith na gcuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3(1), Airteagal 15a(1), Airteagal 22a(1), Airteagal 23(1), Airteagal 24(4) agus in Airteagal 25(1) ach amháin más 70 % ar a laghad na laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa as siocair na breoslaí sin a úsáid.

2.   Ní fhéadfar fuinneamh ó bhreoslaí carbóin athchúrsáilte a áireamh sa chuspóir laghdaithe astaíochtaí gás ceaptha teasa dá dtagraítear in Airteagal 25(1), an chéad fhomhír, pointe (a), ach amháin más 70 % ar a laghad na laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa as siocair na breoslaí sin a úsáid.

3.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 35 chun an Treoir seo a fhorlíonadh tríd an modheolaíocht a shonrú chun measúnú a dhéanamh ar laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó bhreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch agus ó bhreoslaí carbóin athchúrsáilte. Áiritheofar leis an modheolaíocht nach dtabharfar creidmheas as astaíochtaí a sheachaint i gcás CO2 ar tugadh creidmheas astaíochta as í a ghabháil cheana faoi fhorálacha eile dlí. Beidh cion carbóin na dramhaíola agus a scaoileadh isteach san atmaisféar san áireamh sa mhodheolaíocht.

In aon chás, leis an modheolaíocht chun measúnú a dhéanamh ar laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó bhreoslaí carbóin athchúrsáilte, i gcur chuige saolré, déanfar an carbón leabaithe a bhreithniú.

(19a)

cuirtear an tAirteagal 29b seo a leanas isteach:

“Airteagal 29b

Critéir inbhuanaitheachta do ghléasraí hidreachumhachta

Déanfar fuinneamh a ghintear le hidreachumhacht a tháirgeadh i ngléasra a rinne, i gcomhréir le Treoir 2000/60/CE agus go háirithe Airteagal 4 agus Airteagal 11 den Treoir sin, gach beart maolaithe atá indéanta go teicniúil agus atá ábhartha ó thaobh na héiceolaíochta de a chur chun feidhme chun tionchair dhíobhálacha ar uisce a laghdú chomh maith le bearta chun gnáthóga cosanta agus speicis atá ag brath go díreach ar uisce a fheabhsú.”;

(20)

leasaítear Airteagal 30 mar a leanas:

(a)

i mír 1, an chéad fhomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh:

“I gcás ina bhfuil breoslaí in-athnuaite agus breoslaí carbóin athchúrsáilte le háireamh sna cuspóirí dá dtagraítear in Airteagail 3(1), 15a(1), 22a(1), 23(1), 24(4) agus 25(1), ceanglóidh na Ballstáit ar oibreoirí eacnamaíocha a chruthú trí iniúchtaí éigeantacha neamhspleácha atá ar fáil go poiblí gur comhlíonadh na critéir inbhuanaitheachta agus na critéir maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a leagtar síos in Airteagal 29(2) go (7) agus (10) agus in Airteagal 29a(1) agus (2) i leith breoslaí in-athnuaite agus breoslaí carbóin athchúrsáilte. Chun na críche sin, ceanglóidh siad ar oibreoirí eacnamaíocha úsáid a bhaint as córas cothromúcháin maise:”;

(b)

i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre agus an dara fomhír:

“Déanfaidh na Ballstáit bearta chun a áirithiú go gcuirfidh oibreoirí eacnamaíocha faisnéis iontaofa isteach faoi chomhlíonadh na gcritéar inbhuanaitheachta agus na gcritéar maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a leagtar síos in Airteagal 29(2) go (7) agus (10) agus in Airteagal 29a (1) agus (2), go ndéanfaidh siad spriocanna bithéagsúlachta AE a chur san áireamh, agus chun a áirithiú go gcuirfidh oibreoirí eacnamaíocha ar fáil don Bhallstát ábhartha, arna iarraidh sin dó, agus don phobal na sonraí a úsáideadh chun an fhaisnéis sin a dhéanamh amach. Déanfaidh na Ballstáit soláthraithe seirbhísí dearbhaithe neamhspleácha a chreidiúnú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 chun tuairim a thabhairt faoin bhfaisnéis a cuireadh isteach, agus chun fianaise a sholáthar go ndearnadh é sin. Chun pointí (a), (b) agus (d) d’Airteagal 29(3), pointe (a) d’Airteagal 29(4), Airteagal 29(5), pointe (a) d’Airteagal 29(6), agus pointe (a) d’Airteagal 29(7) a chomhlíonadh, féadfar iniúchóireacht chéad pháirtí nó iniúchóireacht dara páirtí a úsáid suas go dtí an chéad phointe bailithe den bhithmhais foraoise. Fíorófar leis an iniúchóireacht sin go bhfuil na córais atá á n-úsáid ag na hoibreoirí eacnamaíocha cruinn, iontaofa agus slán ar chalaois, lena n-áirítear fíorúcháin lena n-áirithítear nach ndéantar aon ábhar a mhodhnú nó a dhiúscairt d'aon ghnó ionas go bhféadfaí an choinsíneacht nó cuid den choinsíneacht a bheith ina dramhaíl nó ina iarmhar. Leis an iniúchóireacht sin, déanfar minicíocht agus modheolaíocht na samplála, mar aon le stóinseacht na sonraí, a mheasúnú.

Beidh feidhm ag na hoibleagáidí a leagtar síos sa mhír seo gan beann ar cibé acu a tháirgtear na breoslaí in-athnuaite agus breoslaí carbóin athchúrsáilte laistigh den Aontas nó a dhéantar iad a allmhairiú. Déanfar faisnéis faoi thionscnamh geografach agus cineál bunábhair na mbithbhreoslaí, na mbithleachtanna agus na mbreoslaí bithmhaise in aghaidh an tsoláthróra breosla a chur ar fáil do thomhaltóirí ar bhealach cothrom le dáta, inrochtana go héasca agus so-úsáidte ar shuíomhanna gréasáin na n-oibreoirí, na soláthróirí agus na n-údarás ábhartha inniúil chomh maith leis na stáisiúin athbhreoslaithe agus déanfar í a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn bliantúil.;”

(c)

i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“I dtaca le scéimeanna deonacha náisiúnta nó idirnáisiúnta lena leagtar síos caighdeáin maidir le táirgeadh breoslaí in-athnuaite agus breoslaí carbóin athchúrsáilte, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh go soláthrófar sonraí cruinne maidir le laghdú astaíochtaí gás ceaptha teasa chun críocha Airteagal 29(10) agus Airteagal 29a(1) agus (2), go léireofar comhlíonadh Airteagal 27(3) agus Airteagal 31a(5), nó go léireofar go bhfuil na critéir inbhuanaitheachta a leagtar síos in Airteagal 29(2) go (7) á gcomhlíonadh i gcás coinsíneachtaí bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise. Le linn a léiriú go gcomhlíontar na critéir a leagtar síos in Airteagal 29(6) agus (7), féadfaidh na hoibreoirí an fhianaise is gá a sholáthar go díreach ar leibhéal an limistéir fhoinsithe. Chun críocha Airteagal 29(3), an chéad fhomhír, pointe (c)(ii), féadfaidh an Coimisiún limistéir a aithint chun éiceachórais nó speicis atá neamhchoitianta, atá faoi bhagairt nó atá i mbaol, nó chun speicis a aithnítear i gcomhaontuithe idirnáisiúnta nó a áirítear i liostaí arna dtarraingt suas ag eagraíochtaí idir-rialtasacha nó ag an Aontas Idirnáisiúnta um Chaomhnú an Dúlra a chosaint.”;

(ca)

i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh go mbeidh sna scéimeanna sin faisnéis chruinn faoi na bearta a glacadh chun ithir, uisce agus aer a chosaint, chun talamh díghrádaithe a athchóiriú agus chun ró-thomhaltas uisce a sheachaint i limistéir ina mbíonn ganntanas uisce ▌.”;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

“6.   Féadfaidh na Ballstáit scéimeanna náisiúnta a chur ar bun ina bhfíorófar comhlíonadh na gcritéar inbhuanaitheachta agus na gcritéar maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a leagtar síos in Airteagal 29(2) go (7) agus (10) agus in Airteagal 29a(1) agus (2), i gcomhréir leis an modheolaíocht a forbraíodh faoi Airteagal 29a(3), ó cheann ceann na líne cúraim. Féadfar na scéimeanna sin a úsáid freisin chun cruinneas agus iomláine na faisnéise arna háireamh ag oibreoirí eacnamaíocha i mbunachar sonraí an Aontais a fhíorú, chun comhlíonadh Airteagal 27(3) a léiriú agus chun bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise a bhfuil riosca íseal athraithe indírigh ar úsáid talún ag baint leo a dheimhniú.

Féadfaidh Ballstát fógra faoi scéim náisiúnta den sórt sin a thabhairt don Choimisiún. Tabharfaidh an Coimisiún tosaíocht don mheasúnú ar scéim den sórt sin chun aitheantas frithpháirteach déthaobhach agus iltaobhach na scéimeanna sin a éascú. Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an gcomhlíonann scéim náisiúnta den sórt sin ar tugadh fógra ina leith na coinníollacha a leagtar síos sa Treoir seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(3).

I gcás gur cinneadh dearfach é, ní dhiúltóidh scéimeanna eile arna n-aithint ag an gCoimisiún i gcomhréir leis an Airteagal seo aitheantas frithpháirteach a thabhairt do scéim náisiúnta an Bhallstáit sin a mhéid a bhaineann le fíorú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcritéar as a bhfuil sí aitheanta ag an gCoimisiún.

Maidir le suiteálacha ina dtáirgtear téamh agus fuarú leictreach lena ngabhann idir 5 agus 20 MW d’ionchur teirmeach rátáilte iomlán, bunóidh na Ballstáit scéimeanna fíoraithe náisiúnta simplithe chun comhlíonadh na gcritéar inbhuanaitheachta agus na gcritéar maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a leagtar amach i mír (2) go (7) agus (10) d’Airteagal 29 a áirithiú.”

(e)

i mír 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

9.    ‘I gcás ina soláthróidh oibreoir eacnamaíoch fianaise nó sonraí a fuarthas i gcomhréir le scéim a bhí faoi réir cinneadh de bhun mhír 4 nó mhír 6, ní cheanglóidh Ballstát ar an oibreoir eacnamaíoch tuilleadh fianaise a sholáthar maidir le comhlíonadh na ngnéithe a chumhdaítear leis an scéim as a bhfuil an scéim aitheanta ag an gCoimisiún.”;

(f)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 10:

10.    ‘Ar iarraidh ó Bhallstát, arb iarraidh í a d’fhéadfadh a bheith bunaithe ar iarraidh ó oibreoir eacnamaíoch, scrúdóidh an Coimisiún, ar bhonn na fianaise uile atá ar fáil, ar comhlíonadh na critéir inbhuanaitheachta agus na critéir maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a leagtar síos in Airteagal 29(2) go (7) agus (10) agus in Airteagal 29a(1) agus (2) i ndáil le foinse breoslaí in-athnuaite agus breoslaí carbóin athchúrsáilte.

Laistigh de shé mhí tar éis iarraidh den sórt sin a fháil agus i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(3), déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, a chinneadh an bhféadfaidh an Ballstát lena mbaineann:

(a)

na breoslaí in-athnuaite agus breoslaí carbóin athchúrsáilte arna dtáirgeadh ón bhfoinse sin a chur san áireamh chun na gcríoch dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír d’Airteagal 29(1); nó

(b)

de mhaolú ar mhír 9 den Airteagal seo, a cheangal ar sholáthróirí fhoinse na mbreoslaí in-athnuaite agus na mbreoslaí carbóin athchúrsáilte tuilleadh fianaise a sholáthar faoi chomhlíonadh na gcritéar sin maidir le hinbhuanaitheacht agus laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus na dtairseach sin maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa.”;

(22)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 31a

Bunachar sonraí an Aontais

1.   Faoi … [trí mhí tar éis don Treoir leasaitheach seo teacht i bhfeidhm], áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear ar bun bunachar sonraí de chuid an Aontais chun go bhféadfar breoslaí bithmhaise, breoslaí in-athnuaite leachtacha agus gásacha agus breoslaí carbóin athchúrsáilte a rianú ( ‘Bunachar Sonraí an Aontais)’ ).

2.   Ceanglóidh na Ballstáit ar na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha faisnéis chruinn a iontráil go tráthúil sa bhunachar sonraí sin maidir leis na hidirbhearta a rinneadh agus maidir le critéir inbhuanaitheachta na mbreoslaí atá faoi réir na n-idirbheart sin, lena n-áirítear astaíochtaí gás ceaptha teasa a saolré, ag tosú ó phointe a dtáirgthe go dtí tráth a n-ídithe san Aontas. Measfar gur córas aonair cothromúcháin maise é an córas idirnasctha gáis. Soláthrófar faisnéis maidir le hinstealladh agus tarraingt siar i mBunachar sonraí an Aontais le haghaidh breoslaí gásacha. Cuirfear san áireamh freisin sa bhunachar sonraí faisnéis i dtaobh ar cuireadh tacaíocht ar fáil chun coinsíneacht shonrach bhreosla a tháirgeadh, agus má cuireadh, áireofar freisin faisnéis maidir leis an gcineál scéime tacaíochta.

I gcás inarb iomchuí chun inrianaitheacht sonraí ó cheann ceann an tslabhra soláthair a fheabhsú, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 35 chun raon feidhme na faisnéise atá le háireamh i mbunachar sonraí an Aontais a leathnú tuilleadh chun sonraí ábhartha a chumhdach ó phointe táirgthe nó bailithe an amhábhair a úsáidtear le haghaidh tháirgeadh an bhreosla.

Ceanglóidh na Ballstáit ar sholáthróirí breosla an fhaisnéis is gá a iontráil i mbunachar sonraí an Aontais chun a fhíorú go gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 25(1), an chéad fhomhír.

D’ainneoin fhomhíreanna 1 go 3, le haghaidh breoslaí gásacha in-athnuaite agus breoslaí gásacha a instealltar sa chóras gáis Eorpach, ba cheart d’oibreoirí eacnamaíocha faisnéis a chur isteach maidir leis na hidirbhearta a rinneadh agus maidir leis na critéir inbhuanaitheachta agus faisnéis ábhartha eile amhail astaíochtaí GCT na mbreoslaí suas go dtí an pointe insteallta chuig an gcóras gáis idirnasctha, i gcás ina gcomhlánaítear an córas inrianaitheachta maischothromaithe le ráthaíochtaí tionscnaimh.

3.   Beidh rochtain ag na Ballstáit ar bhunachar sonraí an Aontais chun faireachán a dhéanamh agus sonraí a fhíorú.

4.    I gcás inar eisíodh ráthaíochtaí tionscnaimh i leith coinsíneacht gás in-athnuaite a tháirgeadh, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar na ráthaíochtaí tionscnaimh sin a chur ar ceal tar éis choinsíneacht na ngás in-athnuaite a tharraingt siar ón gcóras idirnasctha Eorpach don ghás .

5.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfíorófar cruinneas agus iomláine na faisnéise arna cur ag oibreoirí eacnamaíocha sa bhunachar sonraí, trí úsáid a bhaint as scéimeanna deonacha nó náisiúnta mar shampla , agus a fhéadfar a chomhlánú le córas ráthaíochtaí tionscnaimh .

5a.     Cuirfear an bunachar sonraí ar fáil go poiblí ar bhealach oscailte, trédhearcach agus soláimhsithe agus coinneofar cothrom le dáta é.

Déanfaidh an Coimisiún tuarascálacha bliantúla a fhoilsiú don phobal i gcoitinne faoin bhfaisnéis a thuairiscítear i mbunachar sonraí an Aontais, lena n-áirítear cainníochtaí, tionscnamh geografach agus cineál bunábhair na mbreoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin.”;

(22a)

leasaítear Airteagal 33 mar a leanas:

(a)

i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“3.     In 2025, tíolacfaidh an Coimisiún, más iomchuí, togra reachtach maidir leis an gcreat rialála maidir le cur chun cinn an fhuinnimh ó fhoinsí inathnuaite don tréimhse tar éis 2030.”

(b)

i mír 3, cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

“Agus an togra reachtach dá dtagraítear sa chéad fhomhír á ullmhú aige, cuirfidh an Coimisiún an méid seo a leanas san áireamh:

(a)

comhairle ón mBord Comhairleach Eolaíoch Eorpach maidir leis an Athrú Aeráide arna bhunú faoi Airteagal 10ú de Rialachán (CE) Uimh. 401/2009;

(b)

buiséad táscach réamh-mheasta an Aontais maidir le gás ceaptha teasa mar a leagtar amach in Airteagal 4(4) de Rialachán (AE) 2021/1119;

(c)

na pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna gcur isteach ag na Ballstáit faoin 30 Meitheamh 2024 de bhun Airteagal 14(2) de Rialachán (AE) 2018/1999;

(d)

an taithí a fuarthas trí chur chun feidhme na Treorach seo, lena n-áirítear a hinbhuanaitheacht agus a critéir maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa; agus

(e)

forbairtí teicneolaíochta i leictreachas ó fhoinsí inathnuaite.”;

(c)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“4a.     Faoi … [dhá bhliain tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo], déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar chur chun feidhme na Treorach seo agus foilseoidh sé tuarascáil ina leagfar amach conclúidí a hathbhreithnithe. Déanfar scrúdú san athbhreithniú ar an méid seo a leanas go háirithe:

(a)

na héifeachtaí seachtracha a bhaineann le himscaradh an fhuinnimh in-athnuaite agus an tionchar atá aige ar an gcomhshaol.

(b)

na buntáistí socheacnamaíocha a bhaineann le cur chun feidhme na Treorach seo;

(c)

stádas chur chun feidhme na dtionscnamh gaolmhar fuinnimh in-athnuaite faoi RepowerEU;

(d)

cibé an gcomhlíontar an méadú ar an éileamh ar leictreachas in earnálacha an iompair, an tionscail, na tógála agus an téimh agus an fhuaraithe agus RFNBOnna le méideanna coibhéiseacha d’acmhainní giniúna in-athnuaite;

(e)

deireadh a chur de réir a chéile, faoi 2030, le sciar na mbreoslaí a dhíorthaítear ó bhithmhais adhmadach phríomhúil mar a shainmhínítear in Airteagal 2 den Treoir seo, chun é a áireamh i dtreo na spriocanna in-athnuaite dá dtagraítear in Airteagal 3(1), bunaithe ar mheasúnú tionchair ón gCoimisiún. Déanfar an t-athbhreithniú sin le haghaidh céimniú síos a chur i láthair ar a dhéanaí faoin … [3 bliana tar éis thrasuí na Treorach leasaithí seo]. [Leasú 48]

Déanfaidh an Coimisiún agus na húdaráis inniúla sna Ballstáit nósanna imeachta riaracháin a oiriúnú go leanúnach do dhea-chleachtais agus déanfaidh siad gach beart chun cur chun feidhme na Treorach seo a shimpliú, agus na costais chomhlíontacha ar na gníomhaithe atá rannpháirteach agus ar na hearnálacha a ndéantar difear dóibh a choinneáil chomh híseal agus is féidir.”;

(23)

leasaítear Airteagal 35 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 8(3), an dara fomhír, Airteagal 29a(3), Airteagal 26(2), an ceathrú fomhír, Airteagal 26(2), an cúigiú fomhír, Airteagal 27(1), an dara fomhír, Airteagal 27(3), an ceathrú fomhír, Airteagal 28(5), Airteagal 28(6), an dara fomhír, Airteagal 31(5) an dara fomhír, agus Airteagal 31a(2), an dara fomhír a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana ó [theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo]. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 7(3), an cúigiú fomhír, Airteagal 8(3), an dara fomhír, Airteagal 29a(3), Airteagal 26(2), an ceathrú fomhír, Airteagal 26(2), an cúigiú fomhír, Airteagal 27(1), an dara fomhír, Airteagal 27(3), an ceathrú fomhír, Airteagal 28(5), Airteagal 28(6), an dara fomhír, Airteagal 31(5), agus Airteagal 31a(2), an dara fomhír a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:

“Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 7(3), an cúigiú fomhír, Airteagal 8(3), an dara fomhír, Airteagal 29a(3), Airteagal 26(2), an ceathrú fomhír, Airteagal 26(2), an cúigiú fomhír, Airteagal 27(1), an dara fomhír, Airteagal 27(3), an ceathrú fomhír, Airteagal 28(5), Airteagal 28(6), an dara fomhír, Airteagal 31(5), agus Airteagal 31a(2) an dara fomhír, i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.”;

(24)

leasaítear na hIarscríbhinní i gcomhréir leis na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Treoir seo.

Airteagal 2

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2018/1999

(1)

Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 11:

“11)

ciallaíonn ‘spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais’ an sprioc cheangailteach ar fud an Aontais laghdú intíre 40 % ar a laghad a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ar fud an gheilleagair i gcomparáid le 1990, ar sprioc í atá le baint amach faoi 2030, sprioc cheangailteach an Aontais maidir le fuinneamh in-athnuaite in 2030 dá dtagraítear in Airteagal 3 de Threoir (AE) 2018/2001, an phríomhsprioc ar leibhéal an Aontais 32,5 % ar a laghad d’fheabhsú ar éifeachtúlacht fuinnimh in 2030, agus sprioc 15 % d’idirnascadh leictreachais faoi 2030 nó aon sprioc ina dhiaidh sin i ndáil leis sin arna comhaontú ag an gComhairle Eorpach nó ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle i leith 2030.”;

(b)

i bpointe 20, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“b)

i gcomhthéacs moltaí ón gCoimisiún arna mbunú ar an measúnú de bhun phointe (b) d’Airteagal 29(1) maidir le fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite, Ballstát a bheith ag cur chun feidhme go luath a rannchuidiú le sprioc cheangailteach an Aontais maidir le fuinneamh in-athnuaite in 2030 dá dtagraítear in Airteagal 3 de Threoir (AE) 2018/2001 arna thomhas in aghaidh a phointí tagartha náisiúnta le haghaidh fuinneamh in-athnuaite;”;

(2)

In Airteagal 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a)(2):

“(2)

maidir le fuinneamh in-athnuaite:

D’fhonn sprioc cheangailteach an Aontais maidir le fuinneamh in-athnuaite in 2030 a ghnóthú, sprioc dá dtagraítear in Airteagal 3 de Threoir (AE) 2018/2001, rannchuidiú leis an sprioc sin ó thaobh sciar an Bhallstáit d’fhuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite in olltomhaltas deiridh fuinnimh in 2030, maille le conair tháscach an rannchuidithe sin ó 2021 ar aghaidh. Faoi 2022, sroichfear, leis an gconair tháscach, pointe tagartha 18 % ar a laghad den mhéadú iomlán ar an sciar den fhuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite idir sprioc cheangailteach náisiúnta 2020 an Bhallstáit sin agus a rannchuidiú le sprioc 2030. Faoi 2025, sroichfear, leis an gconair tháscach, pointe tagartha 43 % ar a laghad den mhéadú iomlán ar an sciar den fhuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite idir sprioc cheangailteach náisiúnta 2020 an Bhallstáit sin agus a rannchuidiú le sprioc 2030. Faoi 2027, sroichfidh an chonair tháscach pointe tagartha dar luach 65 % ar a laghad den mhéadú iomlán ar an sciar den fhuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite idir sprioc cheangailteach náisiúnta do 2020 an Bhallstáit sin agus a rannchuidiú leis an sprioc do 2030.

Faoi 2030, sroichfear, leis an gconair tháscach, ar a laghad rannchuidiú beartaithe an Bhallstáit. I gcás ina síleann Ballstát go sáróidh sé sprioc cheangailteach náisiúnta 2020, féadfar tús a chur ar an gconair tháscach ar pé leibhéal is réamh-mheasta di. Maidir le conairí táscacha na mBallstát, i dteannta a chéile, ní mór gurb ionann iad agus pointí tagartha an Aontais in 2022, 2025 agus 2027 agus sprioc cheangailteach an Aontais maidir le fuinneamh in-athnuaite in 2030 dá dtagraítear in Airteagal 3 de Threoir (AE) 2018/2001. Ar leithligh óna rannchuidiú le sprioc an Aontais agus óna chonair tháscach chun críocha an Rialacháin seo, beidh Ballstát saor chun uaillmhianta níos mó a shonrú chun críocha an bheartais náisiúnta.”;

(3)

In Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Áiritheoidh na Ballstáit i dteannta a chéile gurb ionann suim a ranníocaíochtaí agus leibhéal sprioc cheangailteach an Aontais maidir le fuinneamh in-athnuaite in 2030 dá dtagraítear in Airteagal 3 de Threoir (AE) 2018/2001.”;

(4)

In Airteagal 29, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   I réimse an fhuinnimh in-athnuaite, mar chuid dá mheasúnú dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an dul chun cinn maidir le sciar an fhuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite in olltomhaltas deiridh an Aontais ar bhonn conair tháscach Aontais a thosóidh ag 20 % in 2020, a shroichfidh pointí tagartha dar luach 18 % ar a laghad in 2022, 43 % in 2025 agus 65 % in 2027 den mhéadú foriomlán i sciar an fhuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite idir sprioc 2020 an Aontais agus sprioc 2030 an Aontais maidir le fuinneamh in-athnuaite, agus a shroichfidh sprioc 2030 an Aontais maidir le fuinneamh in-athnuaite dá dtagraítear in Airteagal 3 de Threoir (AE) 2018/2001.”;

Airteagal 3

Leasuithe ar Threoir 98/70/CE

Leasaítear Treoir 98/70/CE mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:

“Airteagal 1

Raon feidhme

Leagtar síos sa Treoir seo, i leith feithiclí bóthair, agus innealra soghluaiste nach innealra bóthair é (lena n-áirítear soithí uiscebhealaí intíre nuair nach mbíonn siad ar muir), tarracóirí talmhaíochta agus foraoiseachta, agus árthaí áineasa nuair nach mbíonn siad ar muir, sonraíochtaí teicniúla ar fhorais sláinte agus chomhshaoil le haghaidh breoslaí a úsáid le hinnill adhainte deimhní agus innill adhainte comhbhrú, agus ceanglais theicniúla na n-inneall sin á gcur san áireamh.”;

(2)

Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí 1, 2 agus 3:

“1.

ciallaíonn ‘peitreal’ aon ola mhianra sho-ghalaithe atá ceaptha chun innill adhainte dheimhní dócháin inmheánaigh a oibriú chun feithiclí a thiomáint agus a thagann faoi réim chóid AC 2710 12 41, 2710 12 45 agus 2710 12 49;

2.

ciallaíonn ‘breoslaí díosail’ olaí gáis a thagann faoi réim chód AC 2710 19 43 (27) dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (28) agus Rialachán (CE) 595/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (29) agus a úsáidtear le haghaidh feithiclí féinghluaiste;

‘3.

ciallaíonn ‘olaí gáis atá beartaithe lena n-úsáid ag innealra soghluaiste nach innealra bóthair é (lena n-áirítear soithí uiscebhealaí intíre), tarracóirí talmhaíochta agus foraoiseachta, agus árthaí áineasa’ aon bhreosla leachtach a dhíorthaítear ó pheitriliam, a thagann faoi réim chóid AC 27101943 (30), dá dtagraítear i dTreoir 2013/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (31), Rialachán (AE) 167/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (32) agus Rialachán (AE) 2016/1628 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (33) agus atá beartaithe lena úsáid in innill adhainte chomhbhrú.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí 8 agus 9:

“8.

ciallaíonn ‘soláthróir’‘soláthróir breosla’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2, an chéad mhír, pointe (38) de Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (34);

‘9.

ciallaíonn ‘bithbhreoslaí’‘bithbhreoslaí’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2, an chéad mhír, pointe (33) de Threoir (AE) 2018/2001;”;

(3)

leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:

(a)

I mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“Ceanglóidh na Ballstáit ar sholáthróirí a áirithiú go gcuirfear díosal a bhfuil suas le 7 % d’eistear meitile aigéid shailligh (FAME) ann ar an margadh.”

(b)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Áiritheoidh na Ballstáit gurb é 10 mg/kg an cion sulfair uasta is incheadaithe in olaí gáis atá beartaithe lena n-úsáid ag innealra soghluaiste nach innealra bóthair é (lena n-áirítear soithí uiscebhealaí intíre), tarracóirí talmhaíochta agus foraoiseachta agus árthaí áineasa. Áiritheoidh na Ballstáit nach bhféadfar breoslaí leachtacha seachas na holaí gáis sin a úsáid in árthaí uiscebhealaí intíre agus in árthaí áineasa ach amháin mura sárófar an cion uasta sulfair incheadaithe le cion sulfair na mbreoslaí leachtacha sin.”;

(4)

Scriostar Airteagal 7a go 7e.

(5)

leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:

(a)

i mír 1, scriostar pointí (g), (h), (i) agus (k);

(b)

scriostar mír 2;

(6)

Leasaítear Iarscríbhinní, I, II, IV agus V i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo.

Airteagal 4

Forálacha idirthréimhseacha

(1)

Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear faoi bhráid an Choimisiúin na sonraí a bhaileofar agus a thuairisceofar don údarás arna ainmniú ag an mBallstát maidir leis an mbliain [IO: cuirtear isteach an bhliain féilire a ghabhfaidh éifeacht leis an aisghairm] nó maidir le cuid díobh i gcomhréir le hAirteagal 7a(1), an tríú fomhír, agus Airteagal 7a(7) de Threoir 98/70/CE, a scriostar le hAirteagal 3(4) den Treoir seo.

(2)

Áireoidh an Coimisiún na sonraí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo in aon tuarascáil a mbeidh sé d’oibleagáid air a chur isteach faoi Threoir 98/70/CE.

Airteagal 5

Trasuí

1.   Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin 31 Nollaig  2023 ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 6

Aisghairm

Aisghairtear Treoir (AE) 2015/652 (35) ón gComhairle le héifeacht ó [IO: cuirtear isteach an bhliain féilire a ghabhfaidh éifeacht leis an aisghairm].

Airteagal 7

Teacht i bhfeidhm

Faoi mhí na Nollag 2024, tíolacfaidh an Coimisiún Eorpach measúnú tionchair cuimsitheach ar éifeachtaí comhcheangailte agus carnacha an phacáiste “oiriúnach do 55”, lena n-áirítear an Treoir seo.

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

IARSCRÍBHINN I

Leasaítear na hIarscríbhinní a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2001 mar a leanas:

(1)

in Iarscríbhinn I, scriostar an ró deiridh sa tábla;

 

(3)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn III:

LUACH FUINNIMH BREOSLAÍ

Breosla

Luach fuinnimh de réir meáchain (luach calrach íochtarach, MJ/kg)

Luach fuinnimh de réir toirte (luach calrach íochtarach, MJ/l)

BREOSLAÍ Ó BHITHMHAIS AGUS/NÓ Ó OIBRÍOCHTAÍ PRÓISEÁLA BITHMHAISE

 

 

Bithphrópán

46

24

Ola glasraí íon (ola arna tháirgeadh ó phlandaí ola trí fháisceadh, eastóscadh nó nósanna imeachta inchomparáide, amh nó scagtha ach gan aon athrú ceimiceach)

37

34

Bithdhíosal – eistear meitile aigéid shailligh (eistear meitile arna tháirgeadh ó ola de tionscnamh bithmhaise)

37

33

Bithdhíosal – eistear eitile aigéid shailligh (eistear eitile arna tháirgeadh ó ola de tionscnamh bithmhaise)

38

34

Bithghás is féidir a íonú go cáilíocht gáis nádúrtha

50

Ola de thionscnamh bithmhaise arna hidreachóireáil (arna chóireáil go teirmiceimiceach le hidrigin), le húsáid in ionad díosail

44

34

Ola de thionscnamh bithmhaise arna hidreachóireáil (arna chóireáil go teirmiceimiceach le hidrigin), le húsáid in ionad díosail

45

30

Ola de thionscnamh bithmhaise arna hidreachóireáil (arna chóireáil go teirmiceimiceach le hidrigin), le húsáid in ionad scairdbhreosla

44

34

Ola de thionscnamh bithmhaise arna hidreachóireaíl (arna chóireáil go teirmiceimiceach le hidrigin), le húsáid in ionad gás peitriliam leachtaithe

46

24

Ola comhphróiseáilte (próiseáilte i scaglann go comhuaineach le breosla iontaise) de thionscnamh bithmhaise nó bithmhaise pirealaithe le húsáid in ionad díosail

43

36

Ola comhphróiseáilte (próiseáilte i scaglann go comhuaineach le breosla iontaise) de thionscnamh bithmhaise nó bithmhaise pirealaithe le húsáid in ionad peitril

44

32

Ola comhphróiseáilte (próiseáilte i scaglann go comhuaineach le breosla iontaise) de thionscnamh bithmhaise nó bithmhaise pirealaithe le húsáid in ionad scairdbhreosla

43

33

Ola comhphróiseáilte (próiseáilte i scaglann go comhuaineach le breosla iontaise) de thionscnamh bithmhaise nó bithmhaise pirealaithe le húsáid in ionad gás peitriliam leachtaithe

46

23

BREOSLAÍ INATHNUAITE IS FÉIDIR A THÁIRGEADH Ó FHOINSÍ ÉAGSÚLA INATHNUAITE LENA nÁIRÍTEAR BITHMHAIS

 

 

Meatánól ó fhoinsí inathnuaite

20

16

Eatánól ó fhoinsí inathnuaite

27

21

Própánól ó fhoinsí inathnuaite

31

25

Bútanól ó fhoinsí inathnuaite

33

27

Díosal Fischer-Tropsch (hidreacarbón sintéiseach nó meascán de hidreacarbóin shintéiseacha le húsáid in ionad díosail)

44

34

Peitreal Fischer-Tropsch (hidreacarbón sintéiseach nó meascán de hidreacarbóin shintéiseacha le húsáid in ionad peitril)

44

33

Scairdbhreosla Fischer-Tropsch (hidreacarbón sintéiseach nó meascán de hidreacarbóin shintéiseacha le húsáid i scairdbhreosla)

44

33

Gás peitriliam leachtaithe Fischer-Tropsch (hidreacarbón sintéiseach nó meascán de hidreacarbóin shintéiseacha le húsáid in ionad gás peitriliam leachtaithe)

46

24

DME (éitear démheitile)

28

19

Hidrigin ó fhoinsí inathnuaite

120

ETBE (éitear búitileach treasach eitileach arna tháirgeadh ar bhonn eatánóil)

36 (lena n-áirítear 37 % ó fhoinsí inathnuaite)

27 (lena n-áirítear 37 % ó fhoinsí inathnuaite)

MTBE (éitear búitileach treasach meitileach arna tháirgeadh ar bhonn meatánóil)

35 (lena n-áirítear 22 % ó fhoinsí inathnuaite)

26 (lena n-áirítear 22 % ó fhoinsí inathnuaite)

TAEE (éitear eitileach treasach aimileach arna tháirgeadh ar bhonn eatánóil)

38 (lena n-áirítear 29 % ó fhoinsí inathnuaite)

29 (lena n-áirítear 29 % ó fhoinsí inathnuaite)

TAME (éitear eitileach treasach meitileach aimileach arna tháirgeadh ar bhonn meatánóil)

36 (lena n-áirítear 18 % ó fhoinsí inathnuaite)

28 (lena n-áirítear 18 % ó fhoinsí inathnuaite)

THxEE (éitear eitileach treasach heicsealach arna tháirgeadh ar bhonn eatánóil)

38 (lena n-áirítear 25 % ó fhoinsí inathnuaite)

30 (lena n-áirítear 25 % ó fhoinsí inathnuaite)

THxME (éitear meitileach treasach heicsealach arna tháirgeadh ar bhonn meatánóil)

38 (lena n-áirítear 14 % ó fhoinsí inathnuaite san áireamh)

30 (lena n-áirítear 14 % ó fhoinsí inathnuaite)

BREOSLAÍ NEAMH-INATHNUAITE

 

 

Peitreal

43

32

Díosal

43

36

Hidrigin ó fhoinsí neamh-inathnuaite

120

(4)

Leasaítear Iarscríbhinn IV mar a leanas:

a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

OILIÚINT AGUS DEIMHNIÚ SUITEÁLAITHE AGUS DEARTHÓIRÍ SUITEÁLACHA INATHNUAITE”

b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh agus na chéad mhíre

“Beidh na scéimeanna deimhniúcháin agus na cláir oiliúna dá dtagraítear in Airteagal 18 (3) bunaithe ar na critéir seo a leanas:

1.

Beidh an próiseas deimhniúcháin trédhearcach agus sainithe go soiléir ag na Ballstáit nó ag an gcomhlacht riaracháin a cheapfaidh siad.”;

c)

cuirtear na pointí 1a agus 1b seo a leanas isteach:

“1a.

Déanfar na deimhnithe a eiseoidh comhlachtaí deimhniúcháin a shainiú go soiléir agus beidh siad éasca le sainaithint d’oibrithe agus do ghairmithe atá ag lorg deimhniúcháin.

1b.

Cuirfidh an próiseas deimhniúcháin ar chumas suiteálaithe suiteálacha ardcháilíochta a oibríonn go hiontaofa a chur i bhfeidhm.”;

d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí 2 agus 3:

“2.

Déanfaidh clár oiliúna creidiúnaithe nó soláthraí oiliúna creidiúnaithe nó scéimeanna foirmiúla cáilíochta i gcomhréir leis an dlí náisiúnta , suiteálaithe bithmhaise, teaschaidéil, suiteálacha geoiteirmeacha éadoimhne, grianfhuinnimh ▌theirmigh agus teicneolaíochtaí stórála agus freagartha éilimh, lena n-áirítear stáisiúin luchtaithe, a dheimhniú,”

3.

Is iad na Ballstáit nó an comhlacht riaracháin a cheapfaidh siad a dhéanfaidh creidiúnú ar an gclár nó soláthraí oiliúna. Áiritheoidh an comhlacht creidiúnaithe go mbeidh cuimsitheacht agus leanúnachas agus clúdach réigiúnach nó náisiúnta ag baint leis na cláir oiliúna, uas-scilithe agus athscilithe arna dtairiscint ag an soláthraí oiliúna.

Beidh saoráidí teicniúla leormhaithe ag an soláthraí oiliúna chun oiliúint phraiticiúil a sholáthar, lena n-áirítear trealamh leordhóthanach saotharlainne nó saoráidí comhfhreagracha chun oiliúint phraiticiúil a sholáthar.

I dteannta na bunoiliúna, déanfaidh an soláthraí oiliúna cúrsaí oiliúna athnuachana agus uas-scilithe níos giorra arna n-eagrú i modúil oiliúna a thairiscint lena gcuirfear ar chumas suiteálaithe agus dearthóirí inniúlachtaí nua a fhoghlaim, agus a gcuid scileanna a leathnú agus a éagsúlú i roinnt teicneolaíochtaí agus ina réimsí féin. Áiritheoidh an soláthraí oiliúna go gcuirfear oiliúint in oiriúint do theicneolaíochtaí nua in-athnuaite i gcomhthéacs foirgneamh, tionscail agus talmhaíochta. Aithneoidh soláthraithe oiliúna na scileanna ábhartha a sealbhaíodh.

Ceapfar na cláir agus na modúil oiliúna i gcaoi go mbeifear in ann foghlaim ar feadh an tsaoil a dhéanamh i suiteálacha inathnuaite agus go mbeidh siad ag luí leis an ngairmoiliúint do chuardaitheoirí poist céaduaire agus do dhaoine fásta atá ag lorg athoiliúna nó fostaíocht nua.

Ceapfar na cláir oiliúna chun gur fusa cáilíocht a fháil i dteicneolaíochtaí agus i réitigh éagsúla agus chun speisialtóireacht theoranta i mbranda nó i dteicneolaíocht ar leith a sheachaint. Féadfaidh monaróir an trealaimh nó an chórais, institiúidí nó cumainn a bheith ina soláthraí oiliúna.”

da)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 5:

“5.

Críochnóidh an cúrsa oiliúna le scrúdú a mbeidh deimhniú nó cáilíocht mar thoradh air. Beidh measúnú praiticiúil ar choirí bithmhaise nó soirn bhithmhaise, teaschaidéil, suiteálacha geoiteirmeacha éadoimhne, suiteálacha teirmeacha gréine teicneolaíochtaí stórála agus freagartha éilimh, lena n-áirítear stáisiúin luchtaithe.”

e)

I bpointe 6(c), cuirtear na pointí (iv) agus (v) leis:

“(iv)

tuiscint ar staidéir féidearthachta agus dearaidh;

(v)

tuiscint ar dhruileáil, i gcás teaschaidéil geoiteirmeacha.”;

(5)

In Iarscríbhinn V, leasaítear cuid C mar a leanas:

a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí 5 agus 6:

“5.

Áireofar le hastaíochtaí ó eastóscadh nó saothrú amhábhar, eec, astaíochtaí ón bpróiseas eastósctha nó saothraithe é féin; ó bhailiú, triomú agus stóráil na n-amhábhar; ó dhramhaíl agus ó sceitheadh; agus ó tháirgeadh ceimiceán nó táirgí a úsáidtear san eastóscadh nó sa saothrú. Cuirfear gabháil CO2 i saothrú na n-amhábhar as an áireamh. Má tá siad ar fáil, déanfar na luachanna réamhshocraithe dí-chomhiomlánaithe d’astaíochtaí N2O ithreach a leagtar amach i gCuid D a chur i bhfeidhm sa ríomh. Is ceadmhach meáin a ríomh bunaithe ar chleachtais feirmeoireachta áitiúla atá bunaithe ar shonraí grúpa feirmeacha mar rogha mhalartach ar luachanna iarbhír a úsáid.

6.

Chun críocha an ríomha dá dtagraítear i bpointe 1(a), ní chuirfear san áireamh laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó bhainistíocht fheabhsaithe talmhaíochta, esca, amhail aistriú chuig síolú díreach nó curaíocht laghdaithe, feabhsú ar bhairr/uainíocht na mbarr, úsáid barr cumhdaigh, lena n-áirítear bainistiú iarmhar barr, agus úsáid feabhsaitheora orgánaigh ithreach (e.g. múirín, díleáiteán coipthe aoiligh), mura bhfuil an baol ann go ndéanfaidh siad dochar don bhithéagsúlacht. Ina theannta sin, cuirfear fianaise dhaingean infhíoraithe ar fáil go bhfuil méadú tagtha ar chion carbóin na hithreach nó gur réasúnach a bheith ag súil go dtiocfadh méadú air thar an tréimhse inar saothraítear na hamhábhair lena mbaineann agus aird á tabhairt ar na hastaíochtaí i gcás ina dtagann méadú ar úsáid leasacháin agus luibhicídí mar thoradh ar chleachtais den sórt sin (36).”;

b)

scriostar pointe 15;

c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 18:

“18.

Chun críocha na ríomhanna dá dtagraítear i bpointe 17, is iad na hastaíochtaí a bheidh le roinnt eec + el + esca + na codáin sin de ep, etd, eccs agus eccr a tharlaíonn suas go dtí an chéim den phróiseas ina dtáirgtear comhtháirge, an chéim sin san áireamh. Más rud é go ndearnadh aon chionroinnt ar chomhtháirgí ag céim níos luaithe den phróiseas sa saolré, úsáidfear an codán de na hastaíochtaí sin a sannadh don táirge breosla eatramhach sa chéim dheireanach sin den phróiseas chun na gcríoch sin seachas iomlán na n-astaíochtaí sin. I gcás bithgháis agus bithmheatáin, cuirfear gach comhtháirge nach dtagann faoi raon feidhme phointe 7 san áireamh chun críocha an ríofa sin. Ní dhéanfar aon astaíochtaí a chionroinnt ar dhramhaíl agus iarmhair. Measfar luach fuinnimh nialasach a bheith ag comhtháirgí a bhfuil luach fuinnimh diúltach acu chun críocha an ríofa. Measfar astaíochtaí gás ceaptha teasa nialasacha sa saolré a bheith ag dramhaíl agus iarmhair, lena n-áirítear an dramhaíl agus iarmhair uile atá in Iarscríbhinn IX, suas go dtí próiseas bailithe na n-ábhar sin beag beann orthu a bheith próiseáilte ina dtáirgí eatramhacha sula ndéantar iad a thiontú chuig an táirge deiridh. ▌I gcás breoslaí bithmhaise a tháirgtear i scaglanna, seachas an teaglaim d’ionaid phróiseála ina bhfuil coirí nó aonaid chomhghiniúna a sholáthraíonn teas agus/nó leictreachas don ionad próiseála, is é an scaglann a úsáidfear mar aonad anailíse chun críocha an ríofa dá dtagraítear i bpointe 17”;

(6)

In Iarscríbhinn VI, leasaítear cuid B mar a leanas:

a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí 5 agus 6:

“5.

Áireofar le hastaíochtaí ó eastóscadh nó saothrú amhábhar, eec, astaíochtaí ón bpróiseas eastósctha nó saothraithe é féin; ó bhailiú, triomú agus stóráil na n-amhábhar; ó dhramhaíl agus ó sceitheadh; agus ó tháirgeadh ceimiceán nó táirgí a úsáidtear san eastóscadh nó sa saothrú. Cuirfear gabháil CO2 i saothrú na n-amhábhar as an áireamh. Má tá siad ar fáil, déanfar na luachanna réamhshocraithe dí-chomhiomlánaithe d’astaíochtaí N2O ithreach a leagtar amach i gCuid D a chur i bhfeidhm sa ríomh. Is ceadmhach meáin a ríomh bunaithe ar chleachtais feirmeoireachta áitiúla atá bunaithe ar shonraí grúpa feirmeacha mar rogha mhalartach ar luachanna iarbhír a úsáid.’

6.

Chun críocha an ríomha dá dtagraítear i bpointe 1(a), ní chuirfear san áireamh laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó bhainistíocht fheabhsaithe talmhaíochta, esca, amhail aistriú chuig síolú díreach nó curaíocht laghdaithe, feabhsú ar bhairr/uainíocht na mbarr, úsáid barr cumhdaigh, lena n-áirítear bainistiú iarmhar barr, agus úsáid feabhsaitheora orgánaigh ithreach (e.g. múirín, díleáiteán coipthe aoiligh), mura bhfuil an baol ann go ndéanfaidh siad dochar don bhithéagsúlacht. Ina theannta sin, cuirfear fianaise dhaingean infhíoraithe ar fáil go bhfuil méadú tagtha ar chion carbóin na hithreach nó gur réasúnach a bheith ag súil go dtiocfadh méadú air thar an tréimhse inar saothraítear na hamhábhair lena mbaineann agus aird á tabhairt ar na hastaíochtaí i gcás ina dtagann méadú ar úsáid leasacháin agus luibhicídí mar thoradh ar chleachtais den sórt sin (37).”;

b)

scriostar pointe 15;

c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 18:

“18.

Chun críocha na ríomhanna dá dtagraítear i bpointe 17, is iad na hastaíochtaí a bheidh le roinnt eec + el + esca + na codáin sin de ep, etd, eccs agus eccr a tharlaíonn suas go dtí an chéim den phróiseas ina dtáirgtear comhtháirge, an chéim sin san áireamh. Más rud é go ndearnadh aon chionroinnt ar chomhtháirgí ag céim níos luaithe den phróiseas sa saolré, úsáidfear an codán de na hastaíochtaí sin a sannadh don táirge breosla eatramhach sa chéim dheireanach sin den phróiseas chun na gcríoch sin seachas iomlán na n-astaíochtaí sin.

I gcás bithgháis agus bithmheatáin, cuirfear gach comhtháirge nach dtagann faoi raon feidhme phointe 7 san áireamh chun críocha an ríofa sin. Ní dhéanfar aon astaíochtaí a chionroinnt ar dhramhaíl agus iarmhair. Measfar luach fuinnimh nialasach a bheith ag comhtháirgí a bhfuil luach fuinnimh diúltach acu chun críocha an ríofa.

Measfar astaíochtaí gás ceaptha teasa nialasacha sa saolré a bheith ag dramhaíl agus iarmhair, lena n-áirítear an dramhaíl agus iarmhair uile atá in Iarscríbhinn IX, suas go dtí próiseas bailithe na n-ábhar sin beag beann orthu a bheith próiseáilte ina dtáirgí eatramhacha sula ndéantar iad a thiontú chuig an táirge deiridh. ▌

I gcás breoslaí bithmhaise a tháirgtear i scaglanna, seachas an teaglaim de mhonarchana próiseála ina bhfuil coirí nó aonaid chomhghiniúna a thugann teas agus/nó leictreachas don mhonarcha próiseála, is é an scaglann a bheidh san aonad anailíse chun críocha an ríofa dá dtagraítear i bpointe 17.”

(6a)

in Iarscríbhinn VI, cuirtear isteach cuid Ba seo a leanas:

“Ba.

Bunábhair breosla bithmhaise le húsáid i suiteálacha do-aistrithe lasmuigh den earnáil iompair, lena n-áirítear na pointí seo a leanas:

1.

An codán bithmhaise d’iarmhair agus de dhramhaíl sa phríomhthionscal próiseála bia:

(a)

laíon biatais (féinúsáid inmheánach amháin san earnáil)

(b)

luibheanna agus duilleoga ó níochán biatais

(c)

crotail arbhair agus sliogáin torthaí

(d)

an codán bithmhaise de dhramhaíl tionscail nach bhfuil oiriúnach lena úsáid sa slabhra bia agus beatha

(e)

an codán snáithíneach de bhiatas siúcra tar éis úscadh an tsú, na nduilleog agus na n-eireaball idirleata agus na licéar eile a fhaightear tar éis úscadh siúcra;

2.

An codán bithmhaise sloda ó chóireáil dramhuisce sa tionscal próiseála bia príomhúil;”;

(7)

in Iarscríbhinn VII, sa sainmhíniú ar Qin-úsáidte, cuirtear tagairt d’Airteagal 7(3) in ionad na tagartha d’Airteagal 7(4).

(8)

leasaítear Iarscríbhinn IX mar a leanas:

(a)

i gCuid A, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh:

“Bunábhair chun bithghás don iompar agus bithbhreoslaí ardfhorbartha a tháirgeadh:”

(b)

i gCuid B, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh:

“Bunábhair chun bithbhreoslaí agus bithghás don iompar a tháirgeadh, a mbeidh a rannchuidiú teoranta i dtreo na sprice maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú arna bunú i bpointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 25(1):”;

IARSCRÍBHINN II

Leasaítear Iarscríbhinní I, II, IV agus V a ghabhann le Treoir 98/70/CE mar a leanas:

(1)

Leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs i bhfonóta 1:

“(1)

Is iad na modhanna a shonraítear in EN 228:2012+A1:2017 a bheidh sna modhanna tástála. Féadfaidh na Ballstáit an modh anailíseach a shonraítear i gcaighdeán ionadach EN 228:2012+A1:2017 a ghlacadh más féidir a thaispeáint go mbaineann an cruinneas céanna ar a laghad agus an leibhéal beachtais céanna ar a laghad is a bhaineann leis an modh anailíseach a mbeidh sé á chur ina ionad.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs fhonóta 2:

“(2)

is ‘fíorluachanna’ iad na luachanna a luaitear sa tsonraíocht. Agus a luachanna teorann á socrú, cuireadh i bhfeidhm téarmaí EN ISO 4259-1:2017/A1:2021 ‘Peitriliam agus táirgí gaolmhara — Beachtas modhanna tomhais agus torthaí – Cuid 1: Na sonraí beachtais a chinneadh maidir le modhanna tástála’ agus trí íosluach a shocrú, cuireadh difríocht íosta 2R os cionn náid san áireamh (R = in-atáirgtheacht). Déanfar na torthaí ó thomhais aonair a léirmhíniú ar bhonn na gcritéar a bhfuil tuairisc orthu in EN ISO 4259-2:2017/A1:2019.”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs i bhfonóta 6:

“(6)

Mona-alcóil agus éitir eile nach airde a bhfiuchphointe deiridh ná an fiuchphointe deiridh a luaitear in EN 228:2012 +A1:2017.”

(2)

leasaítear Iarscríbhinn II mar a leanas:

(a)

sa líne dheireanach den tábla, “cion FAME – EN 14078”, san iontráil sa cholún deireanach “Teorainneacha”“Uasmhéid”, cuirtear “10,0” in ionad “7,0”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs i bhfonóta 1:

“(1)

Is iad na modhanna a shonraítear in EN 590:2013+A1:2017 a bheidh sna modhanna tástála. Féadfaidh na Ballstáit an modh anailíseach a shonraítear i gcaighdeán ionadach EN 590:2013+A1:2017 a ghlacadh más féidir a thaispeáint go mbaineann an cruinneas céanna ar a laghad agus an leibhéal beachtais céanna ar a laghad leis is a bhaineann leis an modh anailíseach a mbeidh sé á chur ina ionad.”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs fhonóta 2:

“(2)

Is ‘fíorluachanna’ iad na luachanna a luaitear sa tsonraíocht. Agus a luachanna teorann á socrú, cuireadh i bhfeidhm téarmaí EN ISO 4259-1:2017/A1:2021 ‘Peitriliam agus táirgí gaolmhara — Beachtas modhanna tomhais agus torthaí – Cuid 1: Na sonraí beachtais a chinneadh maidir le modhanna tástála’ agus trí íosluach a shocrú, cuireadh difríocht íosta 2R os cionn náid san áireamh (R = in-atáirgtheacht). Déanfar na torthaí ó thomhais aonair a léirmhíniú ar bhonn na gcritéar a bhfuil tuairisc orthu in EN ISO 4259-2:2017/A1:2019.”;

(3)

Scriostar Iarscríbhinní IV agus V.


(1)  Tarchuireadh an ní ar ais chuig an gcoiste freagrach le haghaidh idirbheartaíocht idirinstitiúideach de bhun Riail 59(4), an ceathrú fomhír (A9-0208/2022).

(*1)  Leasuithe: léirítear téacs nua nó leasaithe le cló trom iodálach; léirítear téacs atá scriosta trí leas a bhaint as an tsiombail ▌.

(2)  IO C , , lch. .

(3)  IO C , , lch. .

(4)  Teachtaireacht ón gCoimisiún COM(2019) 640 final an 11.12.2019, An Comhaontú Glas don Eoraip.

(5)   https://ec.europa.eu/eurostat/web/products-eurostat-news/-/ddn-20220119-1

(6)   Moladh (AE) 2020/1563 ón gCoimisiún an 14 Deireadh Fómhair 2020 maidir leis an mbochtaineacht fuinnimh.

(7)  Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn, IO L 328, 21.12.2018, lch. 82-209.

(8)  Pointe 3 den Teachtaireacht ón gCoimisiún COM(2020) 562 final an 17.9.2020, Stepping up Europe’s 2030 climate ambition Investing in a climate-neutral future for the benefit of our people [Dlús a chur le huaillmhian aeráide na hEorpa do 2030 Infheistíocht i dtodhchaí aeráidneodrach chun leas an phobail].

(9)  Is é is aidhm do phrionsabal na húsáide cascáidí éifeachtúlacht acmhainne úsáid bithmhaise a bhaint amach trí thús áite a thabhairt d’úsáid ábhar bithmhaise thar úsáid fuinnimh pé uair is féidir, rud a mhéadódh méid na bithmhaise atá ar fáil laistigh den chóras. I gcomhréir le prionsabal na húsáide cascáidí, ba cheart bithmhais adhmaid a úsáid de réir an bhreisluacha eacnamaíoch agus comhshaoil is airde atá aici san ord tosaíochtaí seo a leanas: 1) táirgí adhmadbhunaithe, 2) síneadh a chur leis na blianta seirbhíse atá iontu, 3) athúsáid, 4) athchúrsáil, 5) bithfhuinneamh agus 6) diúscairt.

(10)  Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n-aisghairtear Treoracha áirithe (IO L 312, 22.11.2008, lch. 3).

(11)  https://publications.jrc.ec.europa.eu/repository/handle/JRC122719

(12)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1294 ón gCoimisiún an 15 Meán Fómhair 2020 maidir le sásra maoiniúcháin an Aontais don fhuinneamh in-athnuaite (IO L 303, 17.9.2020, lch. 1).

(13)   An Coimisiún Eorpach, An tAirmheán Comhpháirteach Taighde (2020), Arnulf Jäger-Waldau: The Untapped Area Potential for Photovoltaic Power in the European Union [Acmhainneacht Limistéir Neamhshaothraithe do Chumhacht Fhótavoltach san Aontas Eorpach.

(14)  Treoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le bonneagar breoslaí malartacha a úsáid (IO L 307, 28.10.2014, lch. 1).

(15)   Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(16)  Treoir 98/70/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 1998 maidir le cáilíocht breoslaí peitril agus díosail agus lena leasaítear Treoir 93/12/CEE ón gComhairle (IO L 350, 28.12.1998, lch. 58).

(17)  IO C 369, 17.12.2011, lch. 14.

(18)  Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 8 Iúil 2019, An Coimisiún v An Bheilg, C-543/17, ECLI: EU: C:2019:573.

(19)   An Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta um Fhuinneamh Inathnuaite (Irena)- tuarascáil maidir le tírdhreach domhanda an airgeadais fuinnimh inathnuaite 2020, leathanach 9.

(20)  Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir leis an margadh inmheánach don leictreachas (IO L 158, 14.6.2019, lch. 54).

(21)  Treoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE (IO L 158, 14.6.2019, lch. 125).

(22)  COM(2020) 798 final

(23)  Togra le haghaidh Rialachán ón gCoimisiún maidir le ceallraí agus ceallraí dramhaíola, lena n-aisghairtear Treoir 2006/66/CE agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1020 (xxxx).

(24)  Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 lena mbunaítear an t-aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha NACE Athbhreithniú 2 agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3037/90 ón gComhairle chomh maith le Rialacháin CE áirithe maidir le réimsí sonracha staidrimh (IO L 393, 30.12.2006, lch. 1).’;

(1a)   Rialachán (AE) 2022/869 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagar tras-Eorpach fuinnimh, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2009, (AE) 2019/942 agus (AE) 2019/943 agus Treoracha 2009/73/CE agus (AE) 2019/944, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 (IO L 152, 3.6.2022, lch. 45). ”;

(27)  Tá uimhriú na gcód AC sin mar a shonraítear sa Chomhtharaif Chustaim, Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).

(28)  Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2007 maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí (IO L 171, 29.6.2007, lch. 1).

(29)  Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí agus inneall i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí tromshaothair (Euro VI) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 agus Treoir 2007/46/CE agus lena n-aisghairtear Treoracha 80/1269/CEE, 2005/55/CE agus 2005/78/CE (IO L 188, 18.7.2009, lch. 1);

(30)  Tá uimhriú na gcód AC sin mar a shonraítear sa Chomhtharaif Chustaim, Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).

(31)  Treoir 2013/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 maidir le hárthaí áineasa agus árthaí pearsanta uisce agus lena n-aisghairtear Treoir 94/25/CE (IO L 354, 28.12.2013, lch. 90).

(32)  Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Feabhra 2013 maidir le formheas agus faireachas margaidh ar fheithiclí talmhaíochta agus foraoiseachta, (IO L 060, 2.3.2013, lch. 1).

(33)  Rialachán (AE) 2016/1628 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 maidir le ceanglais a bhaineann le teorainneacha astaíochtaí le haghaidh truailleáin ghásacha agus cháithníneacha agus cineálcheadú inneall dócháin inmheánaigh le haghaidh innealra soghluaiste nach innealra bóthair é, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1024/2012 agus (AE) Uimh. 167/2013 agus lena leasaítear, agus lena n-aisghairtear Treoir 97/68/CE, (IO L 252, 16.9.2016, lch. 53).

(34)  Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn, (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82.).

(35)  Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle an 20 Aibreán 2015 lena leagtar síos modhanna áirimh agus ceanglais tuairiscithe de bhun Threoir 98/70/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a bhaineann le cáilíocht breoslaí peitril agus díosail, (IO L 107, 25.4.2015, lch. 26).

(36)  D’fhéadfadh tomhais ar chion carbóin na hithreach a bheith i gceist le fianaise den sórt sin, mar shampla tríd an gcéad tomhas roimh an saothrú agus tomhais go tráthrialta ina dhiaidh sin cúpla bliain óna chéile. Sa chás sin, sula mbeadh teacht ar an dara tomhas, dhéanfaí méadú i gcion carbóin na hithreach a mheasúnú ar bhonn turgnaimh ionadaíocha nó samhlacha ithreach. Ón dara tomhas ar aghaidh, bheadh na tomhais ina mbunús lena chinneadh an ann do mhéadú ar chion charbóin na hithreach agus ar a mhéid.

(37)  D'fhéadfadh tomhais ar chion carbóin na hithreach a bheith i gceist le fianaise den sórt sin, mar shampla tríd an gcéad tomhas roimh an saothrú agus tomhais go tráthrialta ina dhiaidh sin cúpla bliain óna chéile. Sa chás sin, sula mbeadh teacht ar an dara tomhas, dhéanfaí méadú i gcion carbóin na hithreach a mheasúnú ar bhonn turgnaimh ionadaíocha nó samhlacha ithreach. Ón dara tomhas ar aghaidh, bheadh na tomhais ina mbunús lena chinneadh an ann do mhéadú ar chion charbóin na hithreach agus ar a mhéid.


Déardaoin 15. Meán Fómhair 2022

5.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 125/439


P9_TA(2022)0323

Cúnamh macrairgeadais eisceachtúil don Úcráin agus lena ndaingnítear an ciste don soláthar coiteann ***I

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Meán Fómhair 2022 ar an togra le haghaidh Chinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena soláthraítear cúnamh macrairgeadais eisceachtúil don Úcráin, lena ndaingnítear an Ciste don Soláthar Coiteann le ráthaíochtaí ó na Ballstáit agus le soláthar sonrach le haghaidh roinnt dliteanas airgeadais a bhaineann leis an Úcráin, arna ráthú faoi Chinneadh Uimh. 466/2014/AE, agus lena leasaítear Cinneadh (AE) 2022/1201 (COM(2022)0557 – C9-0303/2022 – 2022/0281(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

(2023/C 125/27)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2022)0557),

ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 212 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0303/2022),

ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 14 Meán Fómhair 2022 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialacha 59 agus 163 dá Rialacha Nós Imeachta,

1.

ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.

á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.

á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

P9_TC1-COD(2022)0281

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 15 Meán Fómhair 2022 chun go nglacfaí Cinneadh (AE) 2022/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena soláthraítear cúnamh macrairgeadais eisceachtúil don Úcráin, lena ndaingnítear an ciste don soláthar coiteann le ráthaíochtaí ó Bhallstáit agus le soláthar sonrach le haghaidh roinnt dliteanas airgeadais a bhaineann leis an Úcráin arna ráthú faoi Chinneadh Uimh. 466/2014/AE, agus lena leasaítear Cinneadh (AE) 2022/1201

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Cinneadh (AE) 2022/1628.)


5.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 125/440


P9_TA(2022)0324

Is ann do bhaol soiléir go bhfuil sárú tromhchúiseach á dhéanamh ag an Ungáir ar na luachanna ar a bhfuil an tAontas fothaithe

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Meán Fómhair 2022 ar an togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle lena gcinntear, de bhun Airteagal 7(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, gur ann do bhaol soiléir go bhfuil sárú tromchúiseach á dhéanamh ag an Ungáir ar na luachanna ar a bhfuil an tAontas fothaithe (2018/0902R(NLE))

(2023/C 125/28)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), go háirithe Airteagal 2, Airteagal 4(3) agus Airteagal 7(1) de,

ag féachaint do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an “Chairt”),

ag féachaint don Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine agus do na prótacail a ghabhann leis,

ag féachaint do Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine,

ag féachaint do chonarthaí idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe agus Chomhairle na hEorpa maidir le cearta an duine,

ag féachaint don Seicliosta Smachta Reachta a ghlac Coimisiún na Veinéise ag a 106ú seisiún iomlánach sa Veinéis an 11-12 Márta 2016,

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Márta 2014 dar teideal “Creat nua AE chun an Smacht Reachta a neartú” (COM(2014)0158),

ag féachaint do rún uaithi an 12 Meán Fómhair 2018 ar an togra lena n-iarrtar ar an gComhairle cinneadh a dhéanamh, de bhun Airteagal 7(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, an ann do riosca soiléir go bhfuil sárú tromchúiseach á dhéanamh ag an Ungáir ar na luachanna ar a bhfuil an tAontas fothaithe (1),

ag féachaint do rúin uaithi an 16 Eanáir 2020 (2) agus an 5 Bealtaine 2022 (3) maidir le héisteachtaí leanúnacha faoi Airteagal 7(1) CAE maidir leis an bPolainn agus an Ungáir,

ag féachaint do rún uaithi an 8 Iúil 2021 maidir le sáruithe ar dhlí AE agus ar chearta saoránach LGBTIQ san Ungáir mar thoradh ar na hathruithe dlíthiúla a ghlac Parlaimint na hUngáire (4),

ag féachaint do na caibidlí tíre maidir leis an Ungáir i dTuarascálacha bliantúla an Choimisiúin maidir leis an Smacht Reachta,

ag féachaint do Riail 105(5) dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla,

ag féachaint don tuarascáil eatramhach ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A9-0217/2022),

A.

de bhrí go bhfuil an tAontas fothaithe ar luachanna an mheasa ar dhínit an duine, na saoirse, an daonlathais, an chomhionannais, an smachta reachta agus an mheasa ar chearta an duine, lena n-áirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad, mar atá leagtha amach in Airteagal 2 CAE agus mar atá léirithe sa Chairt agus atá leabaithe i gconarthaí idirnáisiúnta um chearta an duine, agus de bhrí go bhfuil na luachanna sin, ar comhluachanna ag na Ballstáit iad agus ar ghlac na Ballstáit uile go toilteanach leo, mar bhunús leis na cearta a theachtann daoine atá ina gcónaí san Aontas;

B.

de bhrí, mar is léir ó Airteagal 49 CAE, lena bhforáiltear go bhféadfaidh aon stát Eorpach iarratas a dhéanamh chun bheith ina bhall den Aontas Eorpach, go bhfuil an tAontas Eorpach comhdhéanta de stáit a thug gealltanas go toilteanach agus go deonach a bheith tiomanta do na comhluachanna dá dtagraítear in Airteagal 2 CAE, ar stáit iad a urramaíonn na luachanna sin agus a ghabhann orthu féin iad a chur chun cinn, agus dlí AE bunaithe ar an mbonn bunúsach go bhfuil na luachanna céanna ag gach Ballstát leis na Ballstáit eile, agus ag aithint go bhfuil na luachanna céanna ag na Ballstáit eile sin leis (5);

C.

de bhrí, leis an mbuntuiscint sin, go dtugtar le tuiscint go bhfuil iontaoibh fhrithpháirteach idir na Ballstáit go ndéanfar na comhluachanna sin a aithint agus, dá bhrí sin, go n-urramófar dlí an Aontais lena ndéantar iad a chur chun feidhme (6);

D.

de bhrí go bhfuil comhlíonadh na luachanna atá in Airteagal 2 CAE ag Ballstát ina choinníoll chun go mbeidh an Ballstát sin in ann na cearta uile a bheith aige a eascraíonn as cur i bhfeidhm na gConarthaí i leith an Bhallstáit sin; de bhrí go gciallaíonn aon sárú ar bhunluachanna AE a dhéanann rialtas Ballstáit go bhfuil ionsaí á dhéanamh aige ar shaoirse phearsanta, ar chearta polaitiúla agus sóisialta na saoránach, agus ar a saibhreas agus a bhfolláine; de bhrí gur ghlac an Ungáir féin leis na luachanna a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE;

E.

de bhrí go gcuireann prionsabal an chomhair dhílis in Airteagal 4(3) CAE oibleagáid ar an Aontas agus ar na Ballstáit cúnamh a thabhairt dá chéile i gcomhlíonadh oibleagáidí a thig ó na Conarthaí, agus lánurraim fhrithpháirteach á tabhairt acu dá chéile, agus de bhrí go gcuirtear d’oibleagáid ar na Ballstáit aon bheart is iomchuí a dhéanamh, go ginearálta nó go sonrach, chun a áirithiú go gcomhlíonfar na hoibleagáidí a thig ó na Conarthaí nó de dhroim gníomhartha de chuid institiúidí an Aontais;

F.

de bhrí go dtugtar le hAirteagal 19 CAE léiriú nithiúil ar luach an smachta reachta a dhearbhaítear in Airteagal 2 CAE agus go gcuirtear an fhreagracht ar na cúirteanna agus na binsí náisiúnta agus ar an gCúirt Bhreithiúnais as a áirithiú go gcuirfear dlí AE i bhfeidhm go hiomlán i ngach Ballstát agus go ndéanfar cearta daoine aonair faoin dlí sin a chosaint go breithiúnach (7);

G.

de bhrí nach mbaineann aon riosca soiléir go sáróidh Ballstát go tromchúiseach na luachanna dá dtagraítear in Airteagal 2 CAE leis an mBallstát aonair amháin ina dtagann an riosca chun cinn ach go bhfuil tionchar aige ar na Ballstáit eile, ar an muinín fhrithpháirteach eatarthu agus ar bhun-nádúr an Aontais agus chearta bunúsacha a shaoránach faoi dhlí an Aontais;

H.

de bhrí nach bhfuil raon feidhme Airteagal 7 CAE teoranta do na hoibleagáidí faoi na Conarthaí, mar atá in Airteagal 258 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), agus de bhrí gur féidir leis an Aontas a mheas an ann do bhaol soiléir go bhfuil sárú tromchúiseach á dhéanamh ar na comhluachanna i réimsí a thagann faoi inniúlachtaí na mBallstát;

I.

de bhrí, le roinnt blianta anuas, nár tugadh aghaidh go leordhóthanach ar an staid san Ungáir agus go bhfuil go leor ábhar imní fós ann, agus go bhfuil go leor saincheisteanna nua tagtha chun cinn idir an dá linn, rud a bhfuil tionchar diúltach aige ar íomhá an Aontais, chomh maith lena éifeachtacht agus a inchreidteacht maidir le cearta bunúsacha, cearta an duine agus an daonlathas a chosaint ar fud an domhain, agus go léirítear leis sin an gá atá le haghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin trí ghníomhaíocht chomhbheartaithe an Aontais;

J.

de bhrí, tar éis thoscaireacht ad hoc an Choiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile chuig Búdaipeist, an Ungáir, ón 29 Meán Fómhair go dtí an 1 Deireadh Fómhair 2021, go bhfuil ábhair imní thromchúiseacha fós ag tromlach chomhaltaí na toscaireachta faoin daonlathas, faoin smacht reachta agus faoi chearta bunúsacha sa tír; de bhrí gurb é conclúid na toscaireachta nach bhfuil feabhas tagtha ar an staid ó 2018 i leith, ach go bhfuil sí ag dul in olcas ina ionad sin;

K.

de bhrí go dtugann Rialtas na hUngáire neamhaird ar phrionsabal thosaíocht dhlí AE mar a chumhdaítear i gcásdlí na Cúirte Breithiúnais, ach go n-iarrtar leis dul ar iontaoibh na Cúirte Breithiúnais a mhéid a bhaineann le caingne a thionscnamh a bhaineann le gníomhartha Eorpacha atá ann cheana;

L.

de bhrí gur ghlac Parlaimint na hUngáire rún an 19 Iúil 2022 inar iarradh go mbeadh teorainn le cumhachtaí Pharlaimint na hEorpa, agus go ndéanfaí Feisirí de Pharlaimint na hEorpa a cheapadh seachas a thoghadh;

M.

de bhrí go bhfuil éifeachtaí dearfacha ag cómhaireachtáil shíochánta grúpaí eitneacha éagsúla ar shaibhreas cultúrtha agus ar rathúnas an náisiúin;

N.

de bhrí, trí bhearta sriantacha i gcoinne na Rúise a bhlocáil sa Chomhairle, go mbaintear an bonn d’iarrachtaí an Aontais na luachanna a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE a chosaint laistigh agus lasmuigh den Aontas, agus gur fadhb ó thaobh na slándála é don Aontas Eorpach;

Feidhmiú an chórais bhunreachtúil agus toghcháin

O.

de bhrí gur chuir an Coimisiún in iúl, an 13 Iúil 2022, sa chaibidil tíre maidir leis an Ungáir i dTuarascáil 2022 maidir le an Smacht Reachta, go bhfuil trédhearcacht agus cáilíocht an phróisis reachtaigh fós ina n-ábhar imní, agus go bhfuil Rialtas na hUngáire ag úsáid a chumhachtaí éigeandála go fairsing, i réimsí nach mbaineann le paindéim COVID-19 freisin, an rud a agraíodh ar dtús; de bhrí gur cúis imní é breithiúnais cúirteanna Eorpacha agus náisiúnta a bheith á gcur chun feidhme go neamhéifeachtach ag orgáin stáit; de bhrí go bhfuil na hiontaobhais leasa phoiblí a fhaigheann cistiú poiblí suntasach agus atá á mbainistiú ag comhaltaí boird atá gar don rialtas reatha tar éis éirí oibríochtúil;

P.

de bhrí, ina rún an 17 Aibreán 2020 maidir le gníomhaíocht chomhordaithe AE chun paindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí a chomhrac (8), gur mheas an Pharlaimint go raibh cinneadh Rialtas na hUngáire an staid éigeandála a fhadú go ceann tréimhse éiginnte, údarás a thabhairt dó féin rialú trí fhoraithne gan teorainn ama, agus maoirseacht éigeandála Pharlaimint na hUngáire a lagú go hiomlán ar neamhréir le luachanna na hEorpa; de bhrí, ina moladh an 20 Iúil 2020 maidir le Clár Náisiúnta 2020 na hUngáire um Athchóiriú agus tuairim á tabhairt aici maidir le Clár 2020 na hUngáire um Chóineasú (9), gur mhol an Chomhairle go n-áiritheofaí go mbeadh aon bhearta éigeandála comhréireach go docht, teoranta ó thaobh ama agus i gcomhréir le caighdeáin Eorpacha agus idirnáisiúnta, nach gcuirfidís isteach ar ghníomhaíochtaí gnó ná ar chobhsaíocht na timpeallachta rialála, ná ar rannpháirtíocht éifeachtach comhpháirtithe sóisialta agus geallsealbhóirí sa phróiseas ceaptha beartas;

Q.

de bhrí, sa dara tuarascáil eatramhach uaidh maidir le comhlíonadh, a glacadh an 25 Meán Fómhair 2020, gur chuir Grúpa Stát Chomhairle na hEorpa i gcoinne na hÉillitheachta (GSE) in iúl gur geal leis na leasuithe ar an nGníomh maidir leis an Tionól Náisiúnta chun na forálacha, lena gcuirtear toirmeasc nó srian ar theachtaí parlaiminte (TPanna) dul i mbun gníomhaíochtaí áirithe, a dhéanamh níos oibríochtúla trí fhoráil a dhéanamh d’iarmhairtí níos soiléire i gcás nach réiteoidh an Teachta Parlaiminte (Mpanna) i gceist na cúrsaí sin; de bhrí, áfach, gur léiríodh sa tuarascáil freisin go bhfuil gá fós le bearta níos diongbháilte chun creat ionracais reatha Pharlaimint na hUngáire a fheabhsú, go háirithe chun feabhas a chur ar leibhéal na trédhearcachta agus an chomhairliúcháin sa phróiseas reachtach (lena n-áirítear rialacha a thabhairt isteach maidir le hidirghníomhaíochtaí le brústocairí), chun cód iompair a ghlacadh do Teachtaí Parlaiminte (lena gcumhdaítear go háirithe cásanna éagsúla a bhféadfadh coinbhleacht leasa a bheith mar thoradh orthu), chun rialacha a fhorbairt tuilleadh lena gcuirtear d’oibleagáid ar Theachtaí coinbhleachtaí féideartha a nochtadh ar bhealach ad hoc idir a gcuid oibre parlaimintí agus a leasanna príobháideacha, chun formáid aonfhoirmeach dearbhuithe sócmhainní a áirithiú agus chun athbhreithniú a dhéanamh ar an díolúine leathan atá ag Teachtaí Parlaiminte, chomh maith le maoirseacht agus forfheidhmiú éifeachtach rialacha iompair, coinbhleacht leasa agus dearbhuithe sócmhainní a áirithiú;

R.

de bhrí, i ráiteas a eisíodh an 20 Samhain 2020, gur thathantaigh Coimisinéir Chomhairle na hEorpa um Chearta an Duine ar Pharlaimint na hUngáire an vótáil ar dhréachtbhillí a chur siar, agus imní uirthi go bhféadfadh roinnt tograí atá sa phacáiste reachtach casta, a tíolacadh gan réamhchomhairliúchán agus a bhaineann le hábhair lena n-áirítear feidhmiú na mbreithiúna, an dlí toghcháin, struchtúir náisiúnta chearta an duine, grinnscrúdú ar chistí poiblí, agus cearta daonna daoine LGBTI, an bonn a bhaint den daonlathas, den smacht reachta agus de chearta an duine san Ungáir; de bhrí, i dtuairim uaidh an 2 Iúil 2021 maidir leis na leasuithe bunreachtúla a ghlac Parlaimint na hUngáire i mí na Nollag 2020, gur thug Coimisiún na Veinéise dá aire gur glacadh na leasuithe bunreachtúla le linn staid éigeandála gan aon chomhairliúchán poiblí, agus nach bhfuil sa mheabhrán míniúcháin ach trí leathanach; de bhrí gur chuir Coimisiún na Veinéise in iúl freisin go bhfágann Airteagail 6, 9 agus 11 den Naoú Leasú lena leasaítear Dlí Bunúsach na hUngáire a bhaineann le dearbhuithe cogaidh, le rialú fhórsaí cosanta na hUngáire, agus leis an “ord dlíthiúil speisialta” a bhaineann le staid an chogaidh, staid éigeandála agus staid na contúirte, go príomha go ndéantar formhór na mionsonraí a shonrú mar ghníomhartha bunúsacha, rud a d’fhéadfadh roinnt ceisteanna tromchúiseacha a ardú ar deireadh maidir le raon feidhme chumhachtaí an stáit le linn staideanna éigeandála; de bhrí, maidir le deireadh a chur leis an gComhairle Náisiúnta Cosanta agus a cumhachtaí a chur de chúram ar an rialtas, gur thug Coimisiún na Veinéise le fios, cé nach bhfuil sé contrártha leis na caighdeáin Eorpacha, go mbíonn comhchruinniú cumhachtaí éigeandála faoi chúram an fheidhmeannais mar thoradh air, rud nach féidir a mheas mar dhea-chomhartha, go háirithe in éagmais aon soiléiriú sa mheabhrán míniúcháin maidir le cóimheas nó riachtanas an athraithe sin;

S.

de bhrí, an 12 Feabhra 2021, gur chuir Comhdháil Údaráis Áitiúla agus Réigiúnacha Chomhairle na hEorpa sonrú i staid dhiúltach i gcoitinne i dtéarmaí féinrialtas áitiúil agus réigiúnach san Ungáir mar gheall ar mhainneachtain ghinearálta cloí leis an gCairt Eorpach um Fhéinrialú Áitiúil, agus gur chuir sí in iúl gur cúis imní di treocht shoiléir i dtreo athláraithe, easpa comhairliúcháin éifeachtaigh agus cur isteach suntasach ag an stát ar fheidhmeanna bardasacha; de bhrí gur leagadh béim sa chomhdháil freisin ar easnaimh áirithe i staid an fhéinrialtais áitiúil sa tír, amhail easpa acmhainní airgeadais atá ar fáil d’údaráis áitiúla agus a neamhábaltacht foireann ardcháilíochta a earcú;

T.

de bhrí go bhfuil na hathruithe a rinneadh ar an dlí toghcháin thar na blianta trí athmhúnlú toghlaigh agus cúiteamh do bhuaiteoirí ag cur páirtithe freasúra faoi mhíbhuntáiste; de bhrí gur chuir Coimisiún na Veinéise agus Oifig ESCE um Institiúidí Daonlathacha agus um Chearta an Duine (ODIHR) i bhfáth ina dtuairim chomhpháirteach an 18 Deireadh Fómhair 2021 maidir le leasuithe 2020 ar reachtaíocht toghcháin san Ungáir, gur cúis imní ar leith luas glactha agus easpa comhairliúchán poiblí fónta i gcás reachtaíocht toghcháin, nár cheart a mheas mar ionstraim pholaitiúil; de bhrí go ndearna Coimisiún na Veinéise agus ODIHR ESCE an príomhmholadh freisin go ndéanfaí leasú ar Chuid 3 agus Cuid 68 d’Acht CLXVII de 2020 maidir le Leasú ar Ghníomhartha Áirithe a bhaineann le Toghcháin trí laghdú suntasach a dhéanamh ar líon na dtoghcheantar aonchomhalta agus ar líon na gcontaetha inar gá do gach páirtí iarrthóirí a ainmniú ag an am céanna chun go mbeidh siad in ann liosta náisiúnta iarrthóirí a reáchtáil, chomh maith le roinnt moltaí breise;

U.

de bhrí go bhfuil toghcháin dhaonlathacha a eagraítear ar mhachaire réidh ríthábhachtach do nádúr daonlathach ár sochaithe; de bhrí, mar fhreagairt ar ábhair imní faoi chothroime na dtoghchán agus ar achainíocha ón tsochaí shibhialta, gur chinn ESCE misean breathnóireachta toghcháin idirnáisiúnta ar lánscála a chur chuig na holltoghcháin agus chuig an reifreann a reáchtáladh an 3 Aibreán 2022, rud nach dtarlaíonn ach go hannamh do Bhallstáit an Aontais; de bhrí gur chinn misean breathnóireachta toghchán idirnáisiúnta ESCE sa ráiteas uaidh ina dhiaidh sin maidir le réamhthorthaí agus réamhchonclúidí a foilsíodh an 4 Aibreán 2022 go raibh na toghcháin agus an reifreann dea-riartha agus bainistithe go gairmiúil, ach gur cuireadh iad ó mhaith ós rud é nach raibh machaire réidh ann; de bhrí go raibh iomaitheoirí in ann dul i mbun feachtais gan bhac den chuid is mó, ach cé go raibh sé iomaíoch, go raibh an feachtas an-diúltach agus go raibh forluí forleatach ann idir an chomhghuaillíocht atá i gceannas agus an rialtas, agus gur bhain an chomhghuaillíocht atá i gceannas tairbhe bhreise as an easpa trédhearcachta agus an easpa maoirseachta leordhóthanaí ar chúrsaí airgid an fheachtais; de bhrí, mar gheall ar an mbealach ina ndearna coimisiúin toghcháin agus cúirteanna déileáil le go leor díospóidí toghcháin, gur fágadh nár cuireadh leigheas éifeachtach dlí ar fáil; de bhrí gur thug misean idirnáisiúnta breathnóireachta toghchán ESCE le fios sa tuarascáil deiridh uaidh a foilsíodh an 29 Iúil 2022, nach dtugtar aghaidh ar go leor moltaí ODIHR roimhe seo fós den chuid is mó, lena n-áirítear maidir le cearta vótála, cosc ar mhí-úsáid acmhainní riaracháin agus feidhmeanna stáit agus páirtí a dhoiléiriú, saoirse na meán, maoiniú feachtais, agus breathnóireacht saoránach; de bhrí, murab ionann agus dea-chleachtas idirnáisiúnta, go gceadaítear le reachtaíocht na hUngáire dialltaí suas le 20 % ó mheánlíon na vótálaithe in aghaidh an toghlaigh aon-sainordaithe, agus in aghaidh na reachtaíochta náisiúnta, nach ndearna Parlaimint na hUngáire athbhreithniú ar theorainneacha na dtoghlach a sháraigh an teorainn diallais bhunaithe tar éis thoghcháin 2018; de bhrí go gcuireann dáileadh éagothrom na vótálaithe i measc na dtoghlach, le dialltaí ón meán de suas le 33 %, dúshlán roimh phrionsabal an chomhionannais vótála;

V.

de bhrí, an 24 Bealtaine 2022, gur ghlac Parlaimint na hUngáire an 10ú Leasú ar an Dlí Bunúsach chun a chur ar chumas an rialtais stát contúirte a dhearbhú i gcás coinbhleacht armtha, cogaidh nó tubaiste dhaonnúil i dtír chomharsanachta; de bhrí gur leasaíodh leis freisin an tAcht um Bainistiú Tubaistí, lena gceadaítear don rialtas gníomhartha parlaiminte a shárú trí fhoraitheanta éigeandála in aon limistéar le linn staid contúirte a dearbhaíodh mar gheall ar choinbhleacht armtha, cogaidh nó tubaiste dhaonnúil i dtír chomharsanachta, agus go bhféadfadh sé feidhmiú na gceart bunúsach a chur ar fionraí nó a shrianadh thar an méid is incheadaithe i ngnáthchúinsí; de bhrí gur ghlac Parlaimint na hUngáire, an 8 Meitheamh 2022, Gníomh VI de 2022 maidir leis na hiarmhairtí san Ungáir a dhíothú a bhaineann le Coinbhleacht Armtha agus Tubaiste Dhaonnúil i dTír chomharsanachta, a tháinig i bhfeidhm an lá céanna; de bhrí go n-údaraítear leis an ngníomh sin don rialtas éifeacht foraitheanta éigeandála rialtais a shíneadh go dtí go gcuirfidh an rialtas deireadh leis an staid chontúirte;

W.

de bhrí go ndearnadh an Dlí Bunúsach a leasú 10 n-uaire ó glacadh é; de bhrí go gcumhdaítear 35 ábhar le gníomhartha bunúsacha agus gurb ionann iad anois agus níos mó ná 300 píosa reachtaíochta a glacadh ó 2011 i leith, go minic gan comhairliúchán poiblí fiú má rinneadh difear do chearta bunúsacha;

X.

de bhrí, i gcomhráiteas a eisíodh in 2013, gur leag uachtaráin Chúirteanna Bunreachtúla na hUngáire agus na Rómáine béim ar an bhfreagracht speisialta atá ar chúirteanna bunreachtúla i dtíortha a rialaítear le tromlach dhá thrian; de bhrí gur sonraíodh sa Cheathrú Leasú ar an Dlí Bunúsach go ndéanfaí rialuithe ón gCúirt Bhunreachtúil a tugadh roimh theacht i bhfeidhm an Dlí Bhunúsaigh a aisghairm; de bhrí go bhfuil an Chúirt Bhunreachtúil ag brath níos mó agus níos mó ar choincheap na féiniúlachta bunreachtúla ina cinntí; de bhrí, i gcásdlí, go gcinntear coincheap na féiniúlachta bunreachtúla ar bhonn cás ar chás agus go bhfuil tosaíocht aige ar an Dlí Bunúsach; de bhrí go bhféachann Rialtas na hUngáire níos mó agus níos mó le dul i muinín na Cúirte Bunreachtúla chun nach mbeidh orthu breithiúnais Chúirt Bhreithiúnais AE (CBAE) a fhorfheidhmiú; de bhrí, an 18 Bealtaine 2022, gur chuir an Chúirt Bhunreachtúil bac ar na reifrinn maidir le pleananna an rialtais campas a thógáil i mBúdaipeist d’Ollscoil Fudan agus sochair dhífhostaíochta a leathnú go huastréimhse naoi mí ón tréimhse trí mhí atá ann faoi láthair;

Y.

de bhrí go bhfuil méadú ag teacht ar an gcomhdhearcadh i measc saineolaithe nach daonlathas í an Ungáir a thuilleadh; de bhrí, de réir Innéacs Daonlathais V-Dem 2019 de chuid Ollscoil Gothenburg, gurb í an Ungáir an chéad Bhallstát forlámhach riamh de chuid AE; de bhrí gur sainaithníodh an Ungáir mar “chóras hibrideach”, tar éis di a stádas mar “dhaonlathas leath-chomhdhlúite” a chailleadh i dTuarascáil 2020 Freedom House Nations in Transit; de bhrí go bhfuil an Ungáir aicmithe mar “dhaonlathas lochtach” agus go bhfuil sí rangaithe sa 56ú háit as 167 dtír (aon seasamh amháin faoi bhun a haicmithe in 2020) in Innéacs Daonlathais 2022 de chuid an Economist Intelligence Unit; de bhrí, de réir Innéacs Daonlathais V-Dem 2022, i measc Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, go bhfuil an Ungáir ar cheann de na huathlathasóirí is mó ar domhan le deich mbliana anuas;

Neamhspleáchas na mbreithiúna agus institiúidí eile agus cearta na mbreithiúna

Z.

de bhrí gur léirigh an Coimisiún, an 13 Iúil 2022, sa chaibidil tíre maidir leis an Ungáir i dTuarascáil 2022 maidir leis an Smacht Reachta, a mhéid a bhaineann le neamhspleáchas breithiúna, nár tugadh aghaidh ar na hábhair imní a cuireadh in iúl i gcomhthéacs nós imeachta Airteagal 7(1) CAE arna thionscnamh ag Parlaimint na hEorpa, ná i dTuarascálacha roimhe seo maidir leis an Smacht Reachta, mar a bhí i gcás an mholta ábhartha a rinneadh faoin Seimeastar Eorpach; de bhrí go mbaineann na hábhair imní sin go háirithe leis na dúshláin atá os comhair na Comhairle Breithiúnaí neamhspleáiche (NJC) le linn cumhachtaí Uachtarán Oifig Bhreithiúnach na hUngáire a fhrithchothromú, na rialacha maidir le hUachtarán na Cúirte Uachtaraí (Kúria) a thoghadh, agus an fhéidearthacht go ndéanfaí cinntí lánroghnacha maidir le ceapacháin bhreithiúnacha agus arduithe céime, leithdháileadh cásanna agus bónais do bhreithiúna agus d’fheidhmeannaigh cúirte; de bhrí, maidir le héifeachtúlacht agus cáilíocht, go bhfeidhmíonn an córas ceartais go maith ó thaobh fhad na n-imeachtaí de agus go bhfuil ardleibhéal digitithe foriomlán aige, agus de bhrí go leanann tuarastail na mbreithiúna agus na n-ionchúisitheoirí de bheith ag méadú de réir a chéile; de bhrí, an 26 Lúnasa 2022, gur iarr roinnt eagraíochtaí sochaí sibhialta ar an Aire Dlí agus Cirt aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna a bhaineann le breithiúna na hUngáire tar éis comhairliúcháin fhorleathana a dhéanamh leis an bpobal i gcoitinne agus le saineolaithe, lena n-áirítear orgáin fhéinrialaitheacha agus ionadaíocha na mbreithiúna agus Coimisiún na Veinéise;

AA.

de bhrí gur rialaigh CBAE ina breithiúnas an 23 Samhain 2021 i gCás C-564/19 IS “Illégalité de l’ordonnance de renvoi”, gur rialaigh CBAE nach mór Airteagal 267 CFAE a léirmhíniú mar thoirmeasc ar chúirt uachtarach Ballstáit a dhearbhú go bhfuil iarraidh ar réamhrialú ó chúirt níos ísle neamhdhleathach ar na forais nach bhfuil na ceisteanna arna dtarchur ábhartha agus riachtanach chun an díospóid a réiteach sna príomhimeachtaí; de bhrí go gceanglaítear le prionsabal thosaíocht dhlí an Aontais ar an gcúirt is íochtaraí neamhaird a thabhairt ar chinneadh den sórt sin ón gcúirt uachtarach náisiúnta; de bhrí nach mór Airteagal 267 CFAE a léirmhíniú ionas go gcuirfear bac ar imeachtaí araíonachta a thionscnamh i gcoinne breitheamh náisiúnta ar na forais go ndearna sé nó sí tagairt le haghaidh réamhrialú do CBAE faoin bhforáil sin;

AB.

de bhrí, i ráiteas a eisíodh an 14 Nollaig 2018, gur iarr Coimisinéir Chomhairle na hEorpa um Chearta an Duine ar Uachtarán na hUngáire an pacáiste reachtach maidir le cúirteanna riaracháin a chur ar ais chuig Parlaimint na hUngáire; de bhrí, i dtuairim uaidh, an 19 Márta 2019, maidir leis an Dlí maidir le Cúirteanna Riaracháin agus an Dlí maidir le teacht i bhfeidhm an Dlí maidir le Cúirteanna Riaracháin agus Rialacha Idirthréimhseacha Áirithe, gur luaigh Coimisiún na Veinéise gurb é míbhuntáiste mór na samhla eagrúcháin agus riaracháin a glacadh do na cúirteanna riaracháin go bhfuil cumhachtaí an-leathan faoi chúram líon beag geallsealbhóirí agus nach bhfuil aon seiceálacha agus ceartúcháin éifeachtacha ann chun gníomhú in aghaidh na gcumhachtaí sin;

AC.

de bhrí gur thug Coimisinéir Chomhairle na hEorpa um Chearta an Duine dá haire ina tuarascáil an 21 Bealtaine 2019 tar éis cuairt a thabhairt ar an Ungáir ón 4 go dtí an 8 Feabhra 2019, gur cúis imní í an tsraith athchóirithe ar na breithiúna san Ungáir le linn na 2010idí mar gheall ar a n-éifeachtaí ar neamhspleáchas na mbreithiúna, agus sa ghnáthchóras cúirte, gur ardaíodh ceisteanna faoi éifeachtacht na maoirseachta arna feidhmiú ag NJC ar Uachtarán NOJ tar éis na n-aimhrialtachtaí a tugadh faoi deara le déanaí sa chaidreamh idir na hinstitiúidí breithiúnacha sin maidir le nósanna imeachta ceapacháin; de bhrí, cé gur geal leis na leasuithe a rinneadh le déanaí ar an reachtaíocht bhunaidh maidir leis na cúirteanna riaracháin mar fhreagairt ar thuairim Choimisiún na Veinéise, nár cheap an Coimisinéir go raibh na leasuithe leordhóthanach chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní thromchúiseacha a d'aithin Coimisiún na Veinéise;

AD.

de bhrí gur chinn Parlaimint na hUngáire in 2019 teacht i bhfeidhm an phacáiste reachtaigh maidir le cúirteanna riaracháin a chur ar athló agus gur luaigh an rialtas nach raibh sé ar intinn aige a thuilleadh cúirteanna riaracháin ar leithligh a thabhairt isteach; de bhrí gur tugadh isteach roinnt gnéithe tábhachtacha den phacáiste trí shraith leasuithe reachtacha a glacadh idir 2019 agus 2021;

AE.

de bhrí, i ráiteas a eisíodh an 28 Samhain 2019, gur thathantaigh an Coimisinéir um Chearta an Duine i gComhairle na hEorpa ar Pharlaimint na hUngáire bille a athrú a dhéanfadh difear do neamhspleáchas na mbreithiúna; de bhrí gur mheas an Coimisinéir gur léirigh na forálacha lenar cuireadh tús leis an bhféidearthacht d’údaráis riaracháin gearáin bhunreachtúla a thabhairt isteach tar éis rialuithe neamhfhabhracha ó na gnáthchúirteanna go raibh imní orthu faoi ráthaíochtaí maidir le triail chóir a chaomhnú don ghearánach aonair agus, in éineacht leis na hathruithe atá beartaithe ar cháilíochtaí agus ar cheapacháin breithiúna agus ar aonfhoirmeacht na dlí-eolaíochta, go bhfuil an baol ann freisin go laghdófar neamhspleáchas breithiúna aonair ina bpríomhdhualgais agus go gcruthófar ordlathais iomarcacha laistigh den chóras breithiúnach;

AF.

de bhrí, i dtuairim uaidh an 16 Deireadh Fómhair 2021 maidir leis na leasuithe ar an nGníomh maidir le hEagrú agus Riaradh na gCúirteanna agus ar an nGníomh um Stádas Dlíthiúil agus Luach Saothair Breithiúna a ghlac Parlaimint na hUngáire i mí na Nollag 2020, gur athdhearbhaigh Coimisiún na Veinéise nár tugadh aghaidh ar na moltaí maidir le ról Uachtarán NOJ óna thuairim ó 2012; de bhrí gur mhol Coimisiún na Veinéise freisin go mbunófaí coinníollacha soiléire, trédhearcacha agus intuartha do na breithiúna atá ar iasacht le go ndéanfaí post níos airde céime a shannadh dóibh tar éis na tréimhse iasachta; de bhrí go ndearna Coimisiún na Veinéise roinnt moltaí a bhain le leithdháileadh cásanna, le cumhacht Uachtarán Kúria cur le comhaltaí na bpainéal breithnithiúcháin, le cinntí aonfhoirmeachta agus le comhdhéanamh na ndlísheomraí sa nós imeachta um ghearáin aonfhoirmeachta; de bhrí gur thug Coimisiún na Veinéise faoi deara freisin go bhféadfadh, leis an gcóras maidir le ceapadh Uachtarán Kúria a tugadh isteach le leasuithe 2019, go mbeadh baol tromchúiseach polaitithe ann agus go bhféadfadh iarmhairtí tromchúiseacha a bheith ag baint leis do neamhspleáchas na mbreithiúna, nó don dearcadh atá ag an bpobal ina leith, i bhfianaise ról ríthábhachtach an phoist sin sa chóras breithiúnach;

AG.

de bhrí gur thug GRECO dá aire sa dara tuarascáil eatramhach maidir le comhlíonadh, a glacadh an 25 Meán Fómhair 2020, gur thug GRECO dá aire nár tuairiscíodh aon dul chun cinn breise i ndáil le breithiúna agus na trí mholadh nár cuireadh chun feidhme ina leith, agus go raibh tábhacht speisialta fós ag baint lena thorthaí féin maidir le cumhachtaí Uachtarán NOJ (maidir leis an bpróiseas chun iarrthóirí do phoist bhreithiúnacha a cheapadh nó a chur chun cinn agus maidir leis an bpróiseas chun breithiúna a athshannadh); de bhrí, maidir le hionchúisitheoirí, gur chuir GRECO in iúl gur geal leis teacht i bhfeidhm leasuithe reachtacha a d’fhág go mbeadh rannpháirtíocht coimisinéara araíonachta éigeantach in imeachtaí araíonachta, ach nach bhféadfadh sé comhthacú le cibé ar comhlíonadh a 17ú moladh (imeachtaí araíonachta i leith ionchúisitheoirí) nó nár comhlíonadh; de bhrí nach ndearnadh aon dul chun cinn maidir le síneadh a chur le téarma an Phríomh-Ionchúisitheora, maidir leis an díolúine fhairsing atá ag ionchúisitheoirí agus maidir le critéir a fhorbairt chun treoir a thabhairt maidir le cásanna a bhaint ó fho-ionchúisitheoirí;

AH.

de bhrí gur chuir Rapóirtéir Speisialta na Náisiún Aontaithe in iúl ina theachtaireacht chuig Rialtas na hUngáire an 15 Aibreán 2021 maidir le neamhspleáchas breithiúna agus dlíodóirí go bhféadfaí a mheas, maidir le ceapadh Uachtarán an Kúria, gur ionsaí ar neamhspleáchas na mbreithiúna é agus gur iarracht atá ann na breithiúna a chur faoi réir thoil an bhrainse reachtaigh, de shárú ar phrionsabal dheighilt na gcumhachtaí; de bhrí gur leag an Rapóirtéir Speisialta béim freisin ar an bhfíoras gur toghadh Uachtarán Kúria in ainneoin agóid fhollasach NJC, agus gur chuir sé in iúl go bhféadfaí an cinneadh chun neamhaird a dhéanamh den tuairim dhiúltach a léirigh NJC a léirmhíniú mar ráiteas polaitiúil ón tromlach rialaithe; de bhrí, de réir an Rapóirtéara Speisialta, gurbh é príomhéifeacht na n-athchóirithe ar an gcóras breithiúnach, nó fiú an phríomhsprioc, bac a chur ar phrionsabal an neamhspleáchais bhreithiúnaigh atá faoi chosaint bhunreachtúil agus cur ar chumas na mbrainsí reachtacha agus feidhmiúcháin cur isteach ar riaradh an cheartais;

AI.

de bhrí, sa chinneadh uaithi an 2 Nollaig 2021 maidir le maoirseacht fheabhsaithe ar fhorghníomhú bhreithiúnais na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine (ECtHR) in Gazsó group v an Ungáir, gur mheabhraigh Coiste Airí Chomhairle na hEorpa gur bhain an grúpa cásanna i dtrácht leis an bhfadhb struchtúrach a bhain le fad iomarcach imeachtaí sibhialta, coiriúla agus riaracháin agus leis an easpa leigheasanna éifeachtacha intíre; de bhrí gur chuir Coiste na nAirí in iúl gur geal leis gur glacadh an bille lena dtugtar isteach leigheas cúiteach le haghaidh imeachtaí sibhialta atá rófhada, ach gur iarr sé ar na húdaráis a áirithiú go raibh sé i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine; de bhrí, i bhfianaise thábhacht an ábhair, chineál teicniúil an ábhair agus dhul in éag an spriocdháta arna leagan síos ag ECtHR ina bhreithiúnas píolótach don 16 Deireadh Fómhair 2016, gur mhol Coiste na nAirí go láidir do na húdaráis féachaint ar aon bhealach a d’fhéadfadh a bheith ann chun dlús a chur lena bpleanáil;

AJ.

de bhrí, an 9 Márta 2022, ina rún eatramhach maidir leis an maoirseacht fheabhsaithe atá ar feitheamh ar fhorghníomhú bhreithiúnas ECtHR in Baka v an Ungáir, gur áitigh Coiste Airí Chomhairle na hEorpa go láidir ar na húdaráis dlús a chur lena n-iarrachtaí bealaí a aimsiú, i ndlúthchomhar le Rúnaíocht Choiste na nAirí, na bearta is gá a thabhairt isteach chun a áirithiú go mbeadh cinneadh ó Pharlaimint na hUngáire chun Uachtarán Kúria a ghaibhniú faoi réir maoirseacht éifeachtach ag comhlacht breithiúnach neamhspleách i gcomhréir le cásdlí ECtHR; de bhrí gur mheabhraigh Coiste na nAirí freisin, arís eile, an gealltanas a rinne na húdaráis meastóireacht a dhéanamh ar an reachtaíocht intíre maidir le stádas breithiúna agus riar na gcúirteanna, agus d’áitigh sé orthu conclúidí a meastóireachta a chur i láthair, lena n-áirítear na ráthaíochtaí agus na coimircí lena gcosnaítear breithiúna ar chur isteach míchuí, ionas go mbeidh Coiste na nAirí in ann measúnú iomlán a dhéanamh ar cé acu a díbríodh nó nár díbríodh na hábhair imní maidir leis an “éifeacht fhuaraitheach” ar shaoirse tuairimí a nochtadh mar gheall ar na sáruithe sna cásanna sin;

AK.

de bhrí go bhfuil an Ungáir rangaithe sa 69ú háit as 139 dtír in Innéacs Domhanda Ceartais 2021 maidir leis an Smacht Reachta (síos dhá áit i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin), agus go bhfuil sí rangaithe san áit dheireanach (an 31ú háit as 31) in AE, i gComhlachas Saorthrádála na hEorpa agus réigiún Mheiriceá Thuaidh;

Éilliú agus coinbhleachtaí leasa

AL.

de bhrí gur chuir an Coimisiún in iúl an 13 Iúil 2022, sa chaibidil tíre maidir leis an Ungáir i dTuarascáil 2022 maidir leis an Smacht Reachta, go bhfuil cur chun feidhme fhormhór na mbeart faoi straitéis frith-éillithe 2020-2022 curtha siar agus nár fógraíodh aon straitéis nua agus go bhfuil easnaimh ann fós maidir le brústocaireacht agus doirse imrothlacha, chomh maith le maoiniú páirtithe polaitiúla agus feachtais; de bhrí, go bhfuil sásraí rialaithe neamhspleácha fós neamhleor chun éilliú a bhrath, agus go bhfuil ábhair imní ann fós maidir le heaspa seiceálacha córasacha agus formhaoirseacht neamhleor ar dhearbhuithe sócmhainne agus leasa chomh maith leis an easpa rialacha maidir le coinbhleacht leasa do na hiontaobhais leasa phoiblí; de bhrí gur cúis mhór imní i gcónaí é teist láidir a bheith in easnamh maidir le himscrúduithe a dhéanamh ar líomhaintí éillithe a bhaineann le hoifigigh ardleibhéil agus na daoine atá thart timpeall orthu, cé gur cuireadh tús le roinnt nuachásanna éillithe ardleibhéil; de bhrí gur cúis imní i gcónaí é an easpa athbhreithnithe bhreithiúnaigh ar chinntí gan éilliú a imscrúdú agus a ionchúiseamh, go háirithe i dtimpeallacht ina bhfuil aghaidh á tabhairt fós ar rioscaí cliantachais, fabhrachais agus finíochais i riarachán poiblí ardleibhéil;

AM.

de bhrí gur thug an Coimisiún le fios ina chuid freagraí ar na ceisteanna i scríbhinn chuig an gCoimisinéir Hahn i gcomhair éisteacht an 11 Samhain 2019 maidir le hurscaoileadh 2018 chuig an gCoimisiún, gur glacadh le ceartuithe airgeadais ar ráta comhréidh agus gur cuireadh chun feidhme iad san Ungáir tar éis iniúchadh cothrománach ar sholáthar poiblí inar sainaithníodh easnaimh thromchúiseacha i bhfeidhmiú an chórais bainistíochta agus rialaithe i ndáil le rialú nósanna imeachta soláthair phoiblí;

AN.

de bhrí, i moladh uaidh an 12 Iúil 2022 maidir le Clár Náisiúnta 2022 na hUngáire um Athchóiriú agus inar tugadh tuairim ón gComhairle maidir le Clár 2022 um Chóineasú na hUngáire, gur mhol an Chomhairle gur cheart don Ungáir gníomhaíocht a dhéanamh chun an creat frithéillithe a atreisiú, lena n-áirítear trí iarrachtaí ionchúisimh agus rochtain ar fhaisnéis phoiblí a fheabhsú, agus trí neamhspleáchas breithiúnach a neartú, chomh maith le feabhas a chur ar cháilíocht agus trédhearcacht an phróisis cinnteoireachta trí idirphlé sóisialta éifeachtach, trí rannpháirtíocht le geallsealbhóirí eile agus trí mheasúnuithe tionchair rialta, agus chun iomaíocht sa soláthar poiblí a fheabhsú;

AO.

de bhrí, an 10 Meitheamh 2021, gur dhearbhaigh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise ina Tuarascáil ar Ghníomhaíochtaí 2020 gur mhol sí go ngnóthódh an Coimisiún 2,2 % de na híocaíochtaí a rinneadh faoi Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa agus faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe don tréimhse 2016-2020; de bhrí gurb é sin an céatadán is airde d’íocaíochtaí atá le haisghabháil i measc na mBallstát uile agus go bhfuil sé i bhfad os cionn an mheáin de 0,29 %; de bhrí go ndearnadh calaois i gcoinne chistí forbartha AE a leithdháileadh ar an Ungáir; de bhrí, in éineacht le hardleibhéal éillithe, go bhfuil méadú tagtha ar an neamhionannas sóisialta agus ar an mbochtaineacht, rud a fhágann ní hamháin go bhfuil neamhshláine mhór ann i measc an phobail ach gur sárú ar chearta bunúsacha é freisin;

AP.

de bhrí, i mí na Samhna 2021, gur sheol an Coimisiún litir chuig an Ungáir ag cur síos ar na fadhbanna le neamhspleáchas na mbreithiúna, le hionchúiseamh neamhéifeachtach éillithe, agus le heasnaimh sa soláthar poiblí a d’fhéadfadh a bheith ina mbaol do leasanna airgeadais AE; de bhrí, ina litir, go ndearna an Coimisiún cur síos ar fhadhbanna sistéamacha agus easpa cuntasachta maidir le héilliú, agus 16 cheist shonracha á gcur ar údaráis na hUngáire maidir le saincheisteanna amhail coinbhleachtaí leasa, tairbhithe chistiú AE, agus ráthaíochtaí maidir le hathbhreithniú breithiúnach ag cúirteanna neamhspleácha; de bhrí, in ainneoin na n-ábhar imní sin, gur chuir an Coimisiún cur i bhfeidhm an Rialacháin maidir le Coinníollacht an Smachta Reachta (10) siar go dtí mí Aibreáin 2022;

AQ.

de bhrí gur fhógair Uachtarán an Choimisiúin, an 5 Aibreán 2022, go ndearna an Coimisinéir um Buiséad agus um Riarachán, Johannes Hahn, údaráis na hUngáire a chur ar an eolas faoi phleananna an Choimisiúin bogadh ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile agus an Rialachán Coinníollachta maidir leis an Smacht Reachta a thionscnamh go foirmiúil, mar thoradh, go príomha, ar ábhair imní a bhain leis an éilliú; de bhrí gur thionscain an Coimisiún an nós imeachta foirmiúil i gcoinne na hUngáire ar deireadh faoin Rialachán maidir le Coinníollacht an Smachta Reachta trí fhógra i scríbhinn a eisiúint an 27 Aibreán 2022; de bhrí gur chinn an Coimisiún, an 20 Iúil 2022, an Ungáir a chur ar an eolas faoin rún atá aige togra a dhéanamh le haghaidh cinneadh cur chun feidhme ón gComhairle agus deis a thabhairt di a barúlacha a thíolacadh;

AR.

de bhrí, an 6 Aibreán 2022, gur chinn an Coimisiún fógra foirmiúil breise a sheoladh chuig an Ungáir chun trasuí ceart Threoir 2014/24/AE maidir le soláthar poiblí (11), Threoir 2014/23/AE maidir le conarthaí lamháltais a dhámhachtain (12) agus Threoir 2014/25/AE maidir le soláthar arna dhéanamh ag eintitis a fheidhmíonn in earnáil an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist, a áirithiú (13); de bhrí, de réir an Choimisiúin, go gceadaítear le dlí na hUngáire cur i bhfeidhm níos forleithne eisceachtaí maidir le cúiseanna slándála agus conarthaí fóirdheonaithe trí shochair chánach, agus go n-eisiatar conarthaí ó na hoibleagáidí faoi dhlí AE mar thoradh ar na heisceachtaí sin; de bhrí, ina theannta sin, go gcreideann an Coimisiún go bhfuil athruithe ar dhlí mianadóireachta na hUngáire, lena bhforáiltear don fhéidearthacht lamháltais mhianadóireachta a dhámhachtain gan nósanna imeachta tairisceana trédhearcacha, i gcoinne phrionsabal na trédhearcachta;

AS.

de bhrí gur chinn an Coimisiún, an 19 Bealtaine 2022, litir fógra fhoirmiúil a sheoladh chuig an Ungáir maidir le trasuí mícheart Threoir (AE) 2017/1371 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (14);

AT.

de bhrí, ina dhara tuarascáil eatramhach maidir le comhlíonadh a glacadh an 25 Meán Fómhair 2020, gur thug GRECO dá aire nár chuir an Ungáir fós chun feidhme go sásúil nó nár dhéileáil sí go sásúil ach le cúig cinn de na 18 moladh atá sa Tuarascáil um an gCeathrú Babhta Meastóireachta agus gur tháinig sí ar an gconclúid go raibh an leibhéal íseal comhlíontachta foriomlán leis na moltaí “míshásúil ar an iomlán”;

AU.

de bhrí gur chinn an Ungáir gan a bheith rannpháirteach i gcomhar feabhsaithe chun Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh a bhunú ná páirt a ghlacadh i gcomhar neartaithe i measc ionchúisitheoirí AE;

AV.

de bhrí gur chinn Comhairle Idirnáisiúnta UNESCO um Shéadchomharthaí agus Láithreáin, ina athbhreithniú teicniúil ar an tuarascáil maidir le staid an chaomhnaithe don chomhpháirt Ungárach den mhaoin trasteorann Oidhreachta Domhanda “Fertö/Neusiedlersee Landscape Cultúrtha” a tiomsaíodh i mí na Bealtaine 2021, go ndéanfadh tionscadal Sopron Fertö Lake Resort, ina mhéid agus ina fhoirm cur i láthair, dochar do bharántúlacht agus do shláine na maoine trasteorann Oidhreachta Domhanda;

AW.

de bhrí go bhfuil an Ungáir sa 73ú háit as an 180 tír agus críoch a chumhdaítear le hInnéacs 2021 um Braistint i dtaca le hÉilliú de chuid Transparency International (síos áit amháin i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin), agus go raibh a rangú ag dul in olcas i gcónaí ó 2012 i leith;

Príobháideacht agus cosaint sonraí

AX.

de bhrí, sa tuarascáil mhisin tar éis thoscaireacht ad hoc a Choiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile chuig Búdaipeist ón 29 Meán Fómhair go dtí an 1 Deireadh Fómhair 2021, gur cuireadh ábhair imní in iúl maidir leis an easpa coimircí a mhéid a bhaineann le faireachas sa reachtaíocht reatha, gan aon seiceálacha agus ceartúcháin agus leigheasanna iarbhír; de bhrí gur cuireadh ábhair imní in iúl freisin maidir le húsáid líomhnaithe earraí frithspiaireachta Pegasus de chuid NSO agus maidir le faireachas méadaithe ag an stát i gcoinne gníomhaithe, iriseoirí, dlíodóirí agus polaiteoirí;

AY.

de bhrí, i mí Iúil 2021, le faisnéis a fuarthas trí bhunachar sonraí sceite, gur léirigh an tairseach imscrúdaitheach Direkt36 gur dhírigh na bogearraí spiaireachta Pegasus ar thart ar 300 saoránach Ungárach, lena n-áirítear iriseoirí neamhspleácha, úinéirí na meán, dlíodóirí, polaiteoirí, lucht gnó atá cáinteach ar an rialtas agus iaroifigigh stáit, gan a n-eolas a bheith acu idir 2018 agus 2021; de bhrí, ina réamhbharúlacha maidir le bogearraí spiaireachta nua-aimseartha a foilsíodh an 15 Feabhra 2022, gur tháinig an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí ar an gconclúid go bhféadfadh úsáid fhorleathan bogearraí spiaireachta ardfhorbartha amhail Pegasus a bheith ina cúis le rioscaí agus damáistí nach bhfacthas a leithéid riamh do chearta agus saoirsí bunúsacha, agus don daonlathas agus don smacht reachta freisin, gur leag sé amach sraith céimeanna agus beart mar ráthaíocht i gcoinne úsáid neamhdhleathach spiaireachta, agus gur luaigh sé gurbh é toirmeasc ar bhogearraí spiaireachta a fhorbairt agus a imscaradh le hacmhainneacht Pegasus in AE an rogha is éifeachtaí chun cearta agus saoirsí bunúsacha a chosaint; de bhrí gur ar éigean a thuairiscigh na meáin atá ar son an rialtais san Ungáir riamh ar Pegasus;

AZ.

de bhrí, ina chinneadh an 9 Márta 2022 maidir leis an maoirseacht fheabhsaithe atá ar feitheamh ar fhorghníomhú bhreithiúnas ECtHR in Szabó agus Vissy v an Ungáir, gur mheabhraigh Coiste Airí Chomhairle na hEorpa gur bhain an cás i dtrácht le sárú ar cheart na n-iarratasóirí maidir lena saol príobháideach agus teaghlaigh a urramú agus as a gcomhfhreagras mar gheall ar reachtaíocht na hUngáire maidir le bearta náisiúnta faireachais rúnda a bhaineann leis an tslándáil, nach raibh coimircí leordhóthanacha, éifeachtacha agus cuimsitheacha ann maidir le hordú, forghníomhú agus sásamh féideartha na mbeart sin; de bhrí gur thug Coiste na nAirí chun suntais freisin gur cheart faireachas rúnda a mheas mar ghníomh thar a bheith ionsáiteach a d’fhéadfadh cur isteach ar na cearta chun tuairimí a nochtadh agus chun príobháideachais agus a d’fhéadfadh bunús sochaí daonlathaí a chur i mbaol, agus á mheabhrú, mar fhreagairt ar bhreithiúnas ECtHR, go bhfuil gá le hathchóiriú reachtach in 2017; de bhrí gur thug Coiste na nAirí dá aire go raibh an próiseas reachtach fós ag réamhchéim agus nár thíolaic na húdaráis aon fhorbairtí ábhartha eile, agus dá bhrí sin gur iarr sé ar na húdaráis na bearta is gá a ghlacadh go práinneach chun an reachtaíocht intíre a thabhairt go hiomlán i gcomhréir le ceanglais an Choinbhinsiúin Eorpaigh um Chearta an Duine, chun amlíne a bhunú don phróiseas reachtach agus chun dréacht-togra reachtach a thíolacadh don choiste;

Saoirse chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear iolrachas na meán

BA.

de bhrí gur chuir an Coimisiún in iúl, an 13 Iúil 2022, sa chaibidil tíre maidir leis an Ungáir i dTuarascáil 2022 maidir leis an Smacht Reachta gur gá neamhspleáchas feidhmiúil agus éifeachtacht fheidhmiúil Údarás na Meán a neartú, agus go gcruthaítear éagothromaíocht iomaíochta i dtírdhreach na meán mar gheall ar líon suntasach fógraíochta stáit a sheoladh chuig na meáin atá ar son an rialtais; de bhrí go n-oibríonn meáin na seirbhíse poiblí i gcóras institiúideach casta, toisc imní a bheith ann maidir lena neamhspleáchas eagarthóireachta agus airgeadais, agus go bhfuil dúshláin fós os comhair ghairmithe na meán maidir lena ngníomhaíochtaí a fheidhmiú, lena n-áirítear faireachas ar iriseoirí iniúchta; de bhrí go bhfuil bac á chur i gcónaí ar rochtain ar fhaisnéis phoiblí faoi staid na contúirte;

BB.

de bhrí, an 15 Iúil 2022, gur chinn an Coimisiún an Ungáir a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais as rialacha teileachumarsáide AE a shárú le cinneadh ó Chomhairle Meán na hUngáire ar fhorais an-amhrasach diúltú d’iarratas Klubrádió ar úsáid speictrim raidió; de bhrí gur chinn an Coimisiún go raibh diúltú Chomhairle Meán na hUngáire cearta Klubrádió a athnuachan díréireach agus neamhthrédhearcach, agus gur cuireadh dlí náisiúnta na meán san Ungáir i bhfeidhm ar bhealach idirdhealaitheach sa chás áirithe seo, de shárú ar Threoir (AE) 2018/1972 lena mbunaítear an Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (15) agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh;

BC.

de bhrí gur bunaíodh Fondúireacht Lár na hEorpa um an bPreas agus na Meáin (KESMA) an 11 Meán Fómhair 2018; de bhrí go raibh tionchar ag comhdhlúthú breis agus 470 asraon meán faoi KESMA maidir leis an spás atá ar fáil do na meáin neamhspleácha agus freasúra a laghdú agus rochtain ar fhaisnéis a theorannú do shaoránaigh Ungáracha; de bhrí go n-úsáidtear na cistí a chaitear ar na meáin phoiblí agus KESMA chun bolscaireacht rialtais a shaothrú agus chun míchlú a tharraingt ar an bhfreasúra agus ar eagraíochtaí neamhrialtasacha (ENRanna); de bhrí gur féidir timpeallacht na meán a spreagadh i bhfabhar an rialtais trí ionramháil ar úinéireacht na meán, gabháil stáit na rialtóirí agus eagraíochtaí a bhí neamhspleách roimhe seo, ioncam fógraíochta rialtais agus deonú ceadúnas — modhanna a mhacasamhlaítear in áiteanna eile san Eoraip;

BD.

de bhrí, ina breithiúnas an 8 Deireadh Fómhair 2019 in Szurovecz v an Ungáir, gur chinn ECtHR gur tharla sárú ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh maidir le heaspa rochtana na meán ar shaoráidí glactha d’iarrthóirí tearmainn; de bhrí go bhfuil maoirseacht ar fhorghníomhú an bhreithiúnais sin fós ar feitheamh;

BE.

de bhrí gur chinn ECtHR ina breithiúnais an 3 Nollaig 2019 in Scheiring agus Szabó v an Ungáir agus an 2 Nollaig 2021 in Szél v an Ungáir go ndearnadh sáruithe ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh maidir le meirgí a thaispeáint i bParlaimint na hUngáire; de bhrí go bhfuil maoirseacht ar fhorghníomhú na mbreithiúnas sin fós ar feitheamh;

BF.

de bhrí gur chinn ECtHR ina breithiúnas an 20 Eanáir 2020 in Magyar Kétfarkú Kutya Párt v an Ungáir go ndearnadh sárú ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh maidir le pionóis a eisiúint as feidhmchlár soghluaiste an pháirtí pholaitiúil a sholáthar lenar ceadaíodh do vótálaithe grianghraif a thógáil de vótaí neamhbhailí a caitheadh le linn reifrinn maidir le hinimirce in 2016, iad a uaslódáil gan ainm agus trácht a dhéanamh orthu; de bhrí go bhfuil maoirseacht ar fhorghníomhú an bhreithiúnais sin fós ar feitheamh;

BG.

de bhrí, i ráiteas a eisíodh an 23 Márta 2020, gur chuir Ionadaí ESCE um Shaoirse na Meán in iúl go raibh imní air faoi fhorálacha i ndréachtbhille na hUngáire maidir leis an bhfreagairt ar an gcoróinvíreas a d’fhéadfadh tionchar diúltach a bheith aige ar obair na meán a thuairiscíonn ar an bpaindéim;

BH.

de bhrí gur chinn ECtHR ina breithiúnas an 26 Bealtaine 2020 in Mándli agus Daoine Eile v an Ungáir go ndearnadh sárú ar an tsaoirse tuairimí a nochtadh maidir le creidiúnú na n-iarratasóirí mar iriseoirí i bParlaimint na hUngáire a chur ar fionraí; de bhrí go bhfuil maoirseacht ar fhorghníomhú an bhreithiúnais sin fós ar feitheamh;

BI.

de bhrí, an 24 Iúil 2020, mar gheall ar dhífhostú phríomheagarthóir Innéacs thairseach nuachta neamhspleách na hUngáire Index.hu gur éirigh breis agus 70 iriseoir as a bpost i dteannta a chéile, agus iad ag cáineadh chur isteach soiléir agus bhrú an rialtais ar a n-eagraíochtaí meán;

BJ.

de bhrí, de réir an chéad Léargais ar Shaoirse na Meán a mhaoinigh an Coimisiún agus a eisíodh i mí Iúil 2020, go raibh an tionchar is mó ag géarchéim COVID-19 ar shaoirse na meán san Ungáir, thar aon tír eile san Eoraip, ós rud é go ndearnadh géarú ar na dúshláin atá ann cheana agus gur tháinig saincheisteanna nua chun cinn; de bhrí go raibh éiginnteacht agus féinchinsireacht i measc eagraíochtaí agus gníomhaithe na meán mar thoradh ar an reachtaíocht nua a glacadh le linn na staide éigeandála san Ungáir chun scaipeadh faisnéise “bréagach” nó “saofa” a chomhrac;

BK.

de bhrí, ina meabhrán maidir le saoirse cainte agus saoirse na meán san Ungáir, a foilsíodh an 30 Márta 2021, gur chuir Coimisinéir Chomhairle na hEorpa um Chearta an Duine in iúl go ndearna éifeachtaí comhcheangailte údaráis rialála na meán nach bhfuil saor ó rialú polaitiúil agus ó idirghabháil mharthanach agus chlaonta stáit i margadh na meán na coinníollacha maidir le hiolrachas na meán agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh san Ungáir a chreimeadh; de bhrí gur chinn an Coimisinéir freisin go bhfuil srian mór curtha ar shaordhíospóireacht pholaitiúil agus ar shaormhalartú tuairimí éagsúla, arb iad na réamhriachtanais chun go mbeidh rath ar shochaithe daonlathacha, go háirithe lasmuigh den phríomhchathair;

BL.

de bhrí, i ráiteas tar éis di cuairt a thabhairt ar an Ungáir ón 15 go dtí an 22 Samhain 2021, gur chuir Rapóirtéir Speisialta na Náisiún Aontaithe maidir leis an gceart chun saoirse tuairimíochta agus cainte a chur chun cinn agus a chosaint in iúl go bhféadfadh idirghabhálacha na hUngáire in earnáil na meán le deich mbliana anuas rioscaí a chruthú do chearta an duine sna toghcháin atá le teacht; de bhrí gur shonraigh Rapóirtéir Speisialta na Náisiún Aontaithe, trí thionchar a imirt ar chomhlachtaí rialála na meán, trí chistí stáit suntasacha a sholáthar chun tacú leis na meáin atá ar son an rialtais, trí leathnú agus forbairt na meán a leanann líne eagarthóireachta atá ar son an rialtais a éascú, agus trí thús áite a thabhairt d’eagraíochtaí meán agus d’iriseoirí a thuairiscíonn go criticiúil ar an rialtas, go bhfuil athmhúnlú réamhghníomhach déanta ag na húdaráis ar earnáil na meán agus ina n-iarrachtaí “cothromaíocht” a chruthú, gur bhain siad an bonn d’éagsúlacht, d’iolrachas agus de neamhspleáchas na meán;

BM.

de bhrí, an 4 Aibreán 2022, sa ráiteas uaidh maidir le réamhchinntí agus réamhchonclúidí tar éis na dtoghchán parlaiminteach agus an reifrinn, gur chuir misean idirnáisiúnta breathnóireachta toghchán ESCE in iúl gur chuir an claonadh agus an easpa cothromaíochta i gcumhdach nuachta a ndearnadh faireachán air agus easpa díospóireachtaí idir iomaitheoirí móra teorainn shuntasach le deis na vótálaithe rogha eolasach a dhéanamh; de bhrí, an 29 Iúil 2022, ina thuarascáil chríochnaitheach, gur chuir misean idirnáisiúnta breathnóireachta toghchán ESCE chun suntais gur chuir feachtais fógraíochta rialtais fhorleathana agus clúdach claonta nuachta sna meáin phoiblí agus in go leor meán príobháideach ardán feachtais forleathan ar fáil don pháirtí rialaithe;

BN.

de bhrí, an 8 Aibreán 2022, gur rialaigh Oifig Náisiúnta Toghchán na hUngáire go raibh sé neamhdhleathach feachtas náisiúnta ENRanna a spreagadh chun vótaí neamhbhailí a chaitheamh sa reifreann maidir le rochtain leanaí ar fhaisnéis a bhaineann le gnéaschlaonadh agus saincheisteanna féiniúlachta inscne, agus gur fhorchuir sí fíneálacha ar 16 ENRanna éagsúla de chuid na hUngáire a bhí rannpháirteach san fheachtas reifrinn;

BO.

de bhrí go bhfuil an Ungáir rangaithe sa 85ú háit as an 180 tír agus críoch a chumhdaítear le hInnéacs Domhanda 2022 um Shaoirse an Phreasa de chuid Tuairisceoirí gan Teorainneacha, agus go liostaítear í san anailís do réigiún na hEorpa-Lár na hÁise mar cheann de na tíortha a neartaigh dlíthe danartha i gcoinne iriseoirí;

Saoirse acadúil

BP.

de bhrí, ina breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020 i gCás C-66/18, an Coimisiún v an Ungáir (“Enseignement supérieur”), gur rialaigh CBAE, trí na bearta dá bhforáiltear in Airteagal 76(1)(a) agus (b) de Dhlí Uimh. CCIV 2011 maidir le hardoideachas náisiúnta, arna leasú, nár chomhlíon an Ungáir a hoibleagáidí faoi Airteagail 13, 14(3) agus 16 den Chairt, Airteagal 49 CFAE agus Airteagal 16 de Threoir 2006/123/CE maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach (16), chomh maith leis an gcomhaontú lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála; de bhrí go raibh ar Ollscoil Lár na hEorpa Búdaipeist a fhágáil;

BQ.

de bhrí, i mí Dheireadh Fómhair 2018, gur chinn Rialtas na hUngáire staidéir inscne a bhaint ó liosta de chláir mháistreachta atá incháilithe do chreidiúnú agus do chistiú poiblí;

BR.

de bhrí, an 2 Iúil 2019, gur ghlac Parlaimint na hUngáire leasuithe ar roinnt dlíthe maidir leis an gcóras institiúideach agus maidir le taighde, forbairt agus nuálaíocht a mhaoiniú, agus ar an gcaoi sin deireadh a chur le hAcadamh na nEolaíochtaí dá neamhspleáchas; de bhrí gur éirigh bainistíocht Ollscoil na nEalaíon Amharclannaíochta agus Scannán (SZFE) as an 31 Lúnasa 2020 mar agóid maidir le cur i bhfeidhm boird arna cheapadh ag an rialtas; de bhrí gur cheap an Aireacht Teicneolaíochta agus Nuálaíochta cúigear comhaltaí ar bhord nua na n-iontaobhaithe, ag diúltú do chomhaltaí a mhol Seanad na hollscoile; de bhrí go ndéanfaidh dhá thrian de na 33 fhondúireachtaí bainistíochta sócmhainní chun leasa an phobail a chomhlíonann dualgais phoiblí a cruthaíodh faoi dheireadh 2021 institiúidí ardoideachais a bhainistiú a bhí á reáchtáil ag an stát roimhe sin;

BS.

de bhrí, ina thuairim an 2 Iúil 2021 maidir leis na leasuithe bunreachtúla a ghlac Parlaimint na hUngáire i mí na Nollag 2020, gur leag Coimisiún na Veinéise béim ar an ngá atá le hathmhachnamh a dhéanamh ar Airteagal 7 den Naoú Leasú a bhaineann le hAirteagal 38 den Bhunreacht agus na fondúireachtaí bainistithe sócmhainní ar mhaithe le leas an phobail a dhéanann dualgais phoiblí a thabhairt isteach sa Dlí Bunúsach; de bhrí gur mhol Coimisiún na Veinéise gur cheart na fondúireachtaí sin a rialáil leis an dlí reachtúil ina ionad sin, agus na dualgais ábhartha trédhearcachta agus cuntasachta uile maidir le bainistiú a gcistí (poiblí agus príobháideach) leagtha amach go soiléir, chomh maith le coimircí iomchuí neamhspleáchais do chomhdhéanamh agus d’fheidhmiú an bhoird iontaobhaithe; de bhrí gur luaigh Coimisiún na Veinéise freisin gur cheart go gcuirfí san áireamh sna dlíthe sin ról suntasach na n-ollscoileanna mar áiteanna saorsmaointeoireachta agus argóinteachta, lena bhforáiltear do gach beart cuí chun coimirciú cuí an neamhspleáchais acadúil agus an neamhspleáchais institiúidigh a ráthú;

BT.

de bhrí, i ráiteas tar éis di cuairt a thabhairt ar an Ungáir ón 15 go dtí an 22 Samhain 2021, gur áitigh Rapóirtéir Speisialta na Náisiún Aontaithe maidir leis an gceart chun saoirse tuairimíochta agus cainte a chur chun cinn agus a chosaint ar údaráis na hUngáire an tsaoirse acadúil a chosaint go héifeachtach agus cearta ollúna agus mac léinn a urramú, i bhfianaise na rioscaí a bhaineann le príobháidiú ollscoileanna poiblí ar mhaithe le neamhspleáchas scoláirí;

Saoirse reiligiúin

BU.

de bhrí gur fógraíodh leasú cuimsitheach ar Acht Eaglaise 2011 an 21 Nollaig 2018; de bhrí, de réir Rialtas na hUngáire, go n-osclófaí leis an leasú bealaí dlíthiúla do phobail reiligiúnacha chun iarratas a dhéanamh, os comhair Chúirt Chathrach Bhúdaipeist, ar stádas comhlachais reiligiúnaigh, eaglaise cláraithe nó eaglaise ionchorpraithe; de bhrí go bhfuil maoirseacht ar fhorghníomhú bhreithiúnas ECtHR in Magyar Keresztény Mennonita Egyház and Othersan Ungáir, inar cinneadh gur sáraíodh an ceart comhlachais i bhfianaise ceart reiligiúnach mar thoradh ar eaglaisí a bheith á ndíchlárú, fós ar feitheamh;

BV.

de bhrí, i dtuairim uaidh an 2 Iúil 2021 maidir leis na leasuithe bunreachtúla a ghlac Parlaimint na hUngáire i mí na Nollag 2020, gur mhol Coimisiún na Veinéise nach mór don chóras poiblí scoile curaclam oibiachtúil agus iolraíoch a sholáthar, lena seachnófaí síolteagasc agus idirdhealú ar gach foras, agus ciontuithe tuismitheoirí agus a saoirse chun rogha a dhéanamh idir aicmí reiligiúnacha agus neamhchreidimh á n-urramú ag an am céanna;

BW.

de bhrí, an 13 Iúil 2022, gur thug an Coimisiún le fios sa chaibidil tíre maidir leis an Ungáir i dTuarascáil 2022 maidir leis an Smacht Reachta go bhfuil brú fós ar eagraíochtaí na sochaí sibhialta; de bhrí, an 27 Iúil 2022, gur chuir roinnt eagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta in iúl, maidir leis an mbille a thíolaic an Rialtas lena leasófaí na rialacha faoi chomhairliúchán poiblí “ar mhaithe le teacht ar chomhaontú leis an gCoimisiún Eorpach”, nach bhfuil ach réitigh bhréige á gcur ar fáil leis an mbille sin; de bhrí gur thug an Coimisiún le fios freisin gur sprioc thábhachtach é rannpháirtíocht an phobail sa reachtóireacht a neartú, ach go n-éileofaí, thar aon ní eile, toil iarbhír an rialtais, cur chun feidhme fóinteach na ndlíthe atá ann cheana agus ráthaíochtaí i bhfad níos éifeachtaí ná iad siúd a áirítear sa dréachtdlí;

Saoirse comhlachais

BX.

de bhrí gur chinn CBAE ina breithiúnas an 18 Meitheamh 2020 i gCás C-78/18, an Coimisiún v an Ungáir (trédhearcacht comhlachas), trí fhorálacha Dhlí Uimh. LXXVI 2017 maidir le Trédhearcacht Eagraíochtaí a fhaigheann Tacaíocht ó Thar Lear a ghlacadh (17), go raibh srianta idirdhealaitheacha agus gan údar tugtha isteach ag an Ungáir ar thabhartais eachtracha d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta de shárú ar a hoibleagáidí faoi Airteagal 63 CFAE agus Airteagail 7, 8 agus 12 den Chairt; de bhrí gur chinn an Coimisiún litir fógra fhoirmiúil a sheoladh chuig údaráis na hUngáire an 18 Feabhra 2021, ós rud é nach ndearna siad na bearta is gá chun an breithiúnas a chomhlíonadh; de bhrí, an 20 Iúil 2021, gur thug an Coimisiún le fios sa chaibidil tíre maidir leis an Ungáir i dTuarascáil 2021 maidir leis an Smacht Reachta go ndearna Parlaimint na hUngáire an dlí a aisghairm agus go ndearna sí rialacha nua maidir le seiceálacha dlíthiúlachta don tsochaí shibhialta a thabhairt isteach, agus go bhfuil an brú fós ann ar eagraíochtaí na sochaí sibhialta atá cáinteach i leith an rialtais; de bhrí gur chuir baint anuas córasach an smachta reachta, an daonlathais agus na gceart bunúsach srian ar an spás do pháirtithe an fhreasúra agus d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta, do cheardchumainn agus do ghrúpaí sainleasa, agus nach bhfuil aon deis ann le haghaidh idirphlé agus comhairliúchán sóisialta;

BY.

de bhrí nach ndearnadh comhairliúchán poiblí de chineál ar bith roimh an dlí nua a ghlacadh agus nach ndeachthas i gcomhairle go díreach le ENRanna, i gcontrárthacht leis an moladh ó Choimisiún na Veinéise ón tuairim uaidh an 20 Meitheamh 2017 gur cheart go mbeadh gach eagraíocht sochaí sibhialta rannpháirteach, a mhéid is féidir, ar eagraíochtaí iad a ndéanfaí difear dá stádas, dá maoiniú nó dá réimsí oibríochta mar thoradh ar theacht i bhfeidhm na reachtaíochta; de bhrí, de réir an dlí nua, gur féidir le hOifig Iniúchóireachta an Stáit cigireacht rialta airgeadais a dhéanamh ar na heagraíochtaí sin anois; de bhrí go bhfuil imní ar eagraíochtaí na sochaí sibhialta go n-úsáidfear Oifig Iniúchóireachta an Stáit, arb é a phríomhfheidhm faireachán a dhéanamh ar úsáid cistí poiblí — seachas tabhartais phríobháideacha — chun níos mó brú a chur orthu; de bhrí gur thug eagraíochtaí na sochaí sibhialta rabhadh go gcuirfidh an stát, leis an dlí nua ENRanna, isteach ar neamhspleáchas comhlachais eagraíochtaí arna mbunú ar bhonn an chirt comhlachais agus ar bhonn phríobháideacht na saoránach a sheasann ar son leas an phobail, agus go bhfuil an dlí díobhálach d’fheidhmiú na saoirse chun tuairimí a nochtadh agus don phobal daonlathach ina iomláine; de bhrí gur chuir an Oifig Iniúchóireachta Stáit tús le seiceálacha ar na scórtha ENRanna an 17 Bealtaine 2022, ag iarraidh a mbeartais chuntasaíochta agus bainistíochta airgid;

BZ.

de bhrí, an 23 Iúil 2021, gur fógraíodh nár tháinig na stáit is deontóirí a chuireann deontais an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch agus na hIorua ar fáil – an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua – ar chomhaontú maidir le hoibreoir ciste a cheapadh chun an cistiú don tsochaí shibhialta san Ungáir a bhainistiú; de bhrí, mar thoradh air sin, nach gcuirfear aon chláir chun feidhme le linn na tréimhse cistiúcháin atá ann faoi láthair, rud a chealaíonn an cistiú EUR 214,6 milliún a cuireadh i leataobh don Ungáir;

CA.

de bhrí, i dtuairim chomhpháirteach uathu an 17 Nollaig 2018 maidir le Roinn 253 de Ghníomh XLI an 20 Iúil 2018 lena leasaítear dlíthe áirithe cánach agus dlíthe gaolmhara eile, agus maidir leis an gcáin speisialta inimirce, gur luaigh Coimisiún na Veinéise agus an Oifig um Institiúidí Daonlathacha agus um Chearta an Duine (ODIHR) san Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE) nach bhfuil an cháin 25 % ar thacaíocht airgeadais do ghníomhaíocht tacaíochta inimirce a rinneadh san Ungáir nó ar an tacaíocht airgeadais d’oibríochtaí eagraíochta a bhfuil a ceanncheathrú aici san Ungáir a dhéanann gníomhaíocht tacaíochta inimirce i gcomhréir le ceanglas na dlíthiúlachta agus gurb ionann an cháin sin agus cur isteach gan údar cuí ar shaoirse cainte agus comhlachais na n-eagraíochtaí neamhrialtasacha a ndéantar difear dóibh;

CB.

de bhrí, i dtuarascáil uaithi an 21 Bealtaine 2019 tar éis di cuairt a thabhairt ar an Ungáir ón 4 go dtí an 8 Feabhra 2019, gur chuir Coimisinéir Chomhairle na hEorpa um Chearta an Duine i bhfios go raibh gníomhaíochtaí na sochaí sibhialta á stiogmatú agus á gcoiriúlú de bharr na mbeart reachtach, bearta ar cheart a mheas go bhfuil siad go hiomlán dlisteanach i sochaí dhaonlathach, agus go bhfuil drochthionchar leanúnach acu ar eagraíochtaí neamhrialtasacha, agus í ag tabhairt dá haire go bhfuil cuid de na forálacha dlíthiúla thar a bheith doiléir, treallach agus nach bhfuil siad á gcur chun feidhme i ndáiríre;

CC.

de bhrí, i dtuarascáil uaidh an 11 Bealtaine 2020 tar éis dó cuairt a thabhairt ar an Ungáir ón 10 go dtí an 17 Iúil 2019, gur thug Rapóirtéir Speisialta na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta an Duine atá ag Imircigh faoi deara gur cuireadh an t-iliomad bac ar eagraíochtaí na sochaí sibhialta atá ag obair ar chearta na n-imirceach san Ungáir agus iad i mbun a gcuid oibre dlisteanaí agus tábhachtaí mar thoradh ar leasuithe reachtacha, srianta airgeadais agus bearta oibríochtúla agus praiticiúla eile atá glactha ag na húdaráis ábhartha; de bhrí gur thug Rapóirtéir Speisialta na Náisiún Aontaithe dá aire freisin go raibh roinnt eagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta thíos le feachtais chlúmhillte, agus go ndearnadh imscrúduithe riaracháin nó coiriúla ina leith ina dhiaidh sin i gcásanna áirithe;

An ceart chun córa comhionainne, lena n-áirítear cearta LADTIA

CD.

de bhrí, an 13 Iúil 2022, gur thug an Coimisiún le fios sa chaibidil tíre maidir leis an Ungáir i dTuarascáil 2022 maidir leis an Smacht Reachta go bhfuil níos mó inniúlachtaí faighte ag Coimisinéir na hUngáire um Chearta Bunúsacha, ach go ndearnadh a chreidiúnú a íosghrádú mar gheall ar ábhair imní maidir lena neamhspleáchas; de bhrí, sa tuarascáil agus sna moltaí ó sheisiún fíorúil a Fochoiste um Chreidiúnú a tionóladh ón 14 go dtí an 25 Márta 2022, gur mhol Comhghuaillíocht Dhomhanda na nInstitiúidí Náisiúnta um Chearta an Duine go ndéanfaí an Coimisinéir um Chearta Bunúsacha a íosghrádú go stádas B, toisc nach bhfuair an fochoiste an fhianaise is gá i scríbhinn chun a shuí go raibh an Coimisinéir ag cur a shainordaithe i gcrích go héifeachtach i dtaca le grúpaí leochaileacha amhail mionlaigh eitneacha, daoine leispiacha, aeracha, déghnéasacha, trasinscneacha, idirghnéasacha agus aiteacha (LADTIA), cosantóirí chearta an duine, dídeanaithe agus imircigh, nó i dtaca le saincheisteanna tábhachtacha maidir le cearta an duine amhail iolrachas na meán, spás na sochaí sibhialta agus neamhspleáchas na mbreithiúna; de bhrí go raibh an fochoiste den tuairim go raibh an Coimisinéir ag gníomhú ar bhealach a chuir comhlíonadh Phrionsabail Pháras maidir le critéir na gcaighdeán d’institiúidí náisiúnta um chearta an duine i mbaol go mór; de bhrí gur thug an fochoiste dá aire freisin gur bhain fadhbanna leis an bpróiseas roghnúcháin agus ceapacháin agus leis an gcaidreamh oibre agus an comhar le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus le cosantóirí chearta an duine;

CE.

de bhrí, an 15 Meitheamh 2021, gur ghlac Parlaimint na hUngáire dlí a raibh sé mar aidhm leis ar dtús an phéidifilia a chomhrac ach, tar éis leasuithe a mhol Teachtaí Parlaiminte ón bpáirtí rialaithe Fidesz, go bhfuil clásail ann lena gcuirtear toirmeasc ar chur síos a dhéanamh ar an homaighnéasacht agus athrú inscne do mhionaoisigh; de bhrí go gcuirtear toirmeasc leis an dlí ar an homaighnéasacht agus athrú inscne a bheith á lua i ranganna gnéasoideachais, agus go sonraítear ann nach féidir ach le heagraíochtaí cláraithe na ranganna sin a mhúineadh anois; de bhrí go bhfágann athruithe a rinneadh ar an Dlí maidir le Fógraíocht Ghnó agus ar Dhlí na Meán nach mór fógraí agus ábhar ina bhfuil daoine LADTI a aicmiú mar Chatagóir V (i.e. ní mholtar iad do mhionaoisigh); de bhrí nach féidir glacadh leis go ndéanfaí gnéaschlaonadh agus féiniúlacht inscne a cheangal le gníomhartha coiriúla amhail an phéidifilia agus go bhfágann sé sin go ndéantar tuilleadh idirdhealaithe agus stiogmataithe ar mhionlaigh ghnéis; de bhrí, mar thoradh ar na rialacha náisiúnta lena dtoirmisctear nó lena dteorannaítear an rochtain ar ábhar a léiríonn “imeacht ón bhféinaitheantas a chomhfhreagraíonn don ghnéas tráth na breithe, athrú gnéis nó homaighnéasacht”, mar dhea, do dhaoine atá faoi bhun 18 mbliana d’aois, gur eisigh Rialtas na hUngáire foraithne lena n-ordaítear do dhíoltóirí leabhar do leanaí leabhair agus ábhar eile ina léirítear an homaighnéasacht a chlúdach i “bpacáistíocht dhúnta” agus lena gcuirtear toirmeasc ar dhíol aon leabhar nó ábhair eile ina léirítear caidreamh comhghnéis nó athruithe inscne laistigh de 200 méadar d’aon scoil nó séipéal; de bhrí gur cuireadh é sin i bhfeidhm maidir leis an leabhar scéalta do leanaí Fairyland is for everyone, arna fhoilsiú ag Labriz;

CF.

de bhrí, an 2 Nollaig 2021, gur chinn an Coimisiún tuairim réasúnaithe a chur chuig údaráis na hUngáire agus é á mheas, trí oibleagáid a fhorchur nach mór faisnéis a chur ar fáil faoi aon imeacht ó na “róil thraidisiúnta inscne”, go raibh an Ungáir ag cur srian ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh atá ag údair agus foilsitheoirí leabhar (Airteagal 11 den Chairt) agus go raibh idirdhealú á dhéanamh aici ar fhoras gnéaschlaonta ar bhealach nach raibh údar cuí leis (Airteagal 21 den Chairt), agus go raibh rialacha AE maidir le cleachtais éagóracha tráchtála faoi Threoir 2005/29/CE maidir le cleachtais éagóracha tráchtála idir gnólachtaí agus tomhaltóirí sa mhargadh inmheánach á gcur i bhfeidhm go mícheart (18);

CG.

de bhrí, an 15 Iúil 2022, gur chinn an Coimisiún an Ungáir a chur faoi bhráid CBAE maidir lena cuid rialacha náisiúnta a bhfuil sé mar aidhm leo toirmeasc a chur ar an rochtain ar ábhar a léiríonn “imeacht ón bhféinaitheantas a chomhfhreagraíonn don ghnéas tráth na breithe, athrú gnéis nó homaighnéasacht”, mar dhea, nó teorainn a chur leis an rochtain sin, do dhaoine atá faoi bhun 18 mbliana d’aois; de bhrí gur chinn an Coimisiún go bhfuil na rialacha sin, go háirithe, ar neamhréir le Treoir 2010/13/AE maidir le comhordú forálacha áirithe arna leagan síos leis an dlí, rialachán nó gníomh riaracháin sna Ballstáit i dtaobh seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (19), Treoir 2000/31/CE maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí na sochaí faisnéise, an tráchtáil leictreonach, go háirithe, sa Mhargadh Inmheánach (20), mar aon le dínit an duine, an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, an ceart go dtabharfaí urraim do shaol príobháideach an duine agus an ceart chun neamh-idirdhealaithe, mar a chumhdaítear iad in Airteagail 1, 7, 11 agus 21 faoi seach den Chairt; de bhrí gur léirigh an Coimisiún freisin, mar gheall ar thromchúis na sáruithe sin, go sáraíonn na forálacha atá á gconspóid na luachanna coiteanna a leagtar síos in Airteagal 2 CAE freisin; de bhrí, an 22 Meitheamh 2021, go ndeachaigh 18 mBallstát de AE i bpáirt ar imeall na Comhairle Gnóthaí Ginearálta chun ráiteas a eisiúint i gcoinne ghlacadh an dlí i dtrácht;

CH.

de bhrí, i dtuarascáil uaithi an 21 Bealtaine 2019 tar éis di cuairt a thabhairt ar an Ungáir ón 4 go dtí an 8 Feabhra 2019, gur thug Coimisinéir Chomhairle na hEorpa um Chearta an Duine tuairisc ar an gcaoi a bhfuil an Ungáir ag titim siar i dtaca leis an gcomhionannas inscne agus cearta na mban, go bhfuil ionadaíocht pholaitiúil na mban an-íseal, agus, i mbeartas an rialtais, go bhfuil dlúthbhaint ag saincheisteanna na mban le cúrsaí teaghlaigh agus nach bhfuil straitéis shonrach maidir leis an gcomhionannas inscne á cur chun feidhme ag na húdaráis a thuilleadh;

CI.

de bhrí, i ráiteas a eisíodh an 29 Aibreán 2020, gur iarr Saineolaí Neamhspleách na Náisiún Aontaithe maidir le Cosaint ar an bhForéigean agus an tIdirdhealú atá bunaithe ar Ghnéaschlaonadh agus ar Fhéiniúlacht Inscne ar an Ungáir an reachtaíocht a bhí beartaithe lena séanfaí an ceart chun aitheantais dhlíthiúil agus féinchinntiúcháin ar dhaoine trasinscneacha agus ar dhaoine atá athraitheach i dtaobh inscne a chaitheamh i dtraipisí;

CJ.

de bhrí, i mbarúlacha clabhsúir uaidh an 3 Márta 2020 maidir leis an séú tuarascáil thréimhsiúil ón Ungáir, gur iarr Coiste na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh ar Rialtas na hUngáire gníomhú, straitéis a ghlacadh, agus faisnéis agus tacaíocht a sholáthar do leanaí leochaileacha, lena n-áirítear bearta sonracha a bheadh dírithe ar chailíní, leanaí Romacha, leanaí iarrtha tearmainn agus imirceacha agus leanaí leispiacha, aeracha, déghnéasacha, trasinscneacha agus idirghnéasacha; de bhrí gur léirigh an coiste imní mhór freisin faoi leanaí atá faoi mhíchumas a bheith á gcoinneáil óna dteaghlach agus iad ina gcónaí in institiúidí, faoi na bearta neamhleora atá á ndéanamh ag údaráis na hUngáire chun deireadh a chur le daoine a bheith á gcur in institiúidí agus chun an rochtain ar shláinte, seirbhísí athshlánaithe agus gníomhaíochtaí cuimsithe eile a chur chun cinn, faoi chásanna de mhí-úsáid ghnéis leanaí agus an drochíde a tugadh do leanaí atá faoi mhíchumas i gcúram institiúideach, faoina laghad eolais atá ar fáil faoi chás na leanaí Romacha atá faoi mhíchumas, agus faoin stiogma leanúnach atá ag baint le leanaí atá faoi mhíchumas;

CK.

de bhrí gur ghlac Parlaimint na hUngáire rún an 5 Bealtaine 2020 lenar diúltaíodh do dhaingniú an Choinbhinsiúin chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac (Coinbhinsiún Iostanbúl);

CL.

de bhrí, i mbreithiúnas uaithi an 16 Iúil 2020 sa chás Rana v an Ungáir, gur shuigh an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine go ndearnadh sárú ar an gceart go dtabharfaí urraim do shaol príobháideach duine i gcás fear trasinscneach ón Iaráin a fuair tearmann san Ungáir ach nach bhféadfadh a inscne agus a ainm a athrú de réir dlí sa tír sin; de bhrí, sa chinneadh uaidh an 10 Meitheamh 2022 maidir leis an maoirseacht fheabhsaithe ar fhorghníomhú, gur thug Coiste Airí Chomhairle na hEorpa dá aire, agus imní air ina leith, nach raibh aon bhearta déanta ag údaráis na hUngáire chun teacht ar réiteach iomchuí do náisiúnaigh tríú tír atá socraithe go dleathach agus a bhfuil iarratas á chur isteach acu ar aitheantas dlíthiúil inscne; de bhrí, thairis sin, i mí na Bealtaine 2020, gur ghlac Parlaimint na hUngáire reachtaíocht a d’fhág go raibh sé dodhéanta do dhaoine trasinscneacha de chuid na hUngáire aitheantas dlíthiúil inscne a fháil;

CM.

de bhrí, i ráiteas a eisíodh an 14 Meitheamh 2021, gur thathantaigh Coimisinéir Chomhairle na hEorpa um Chearta an Duine ar Fheisirí Parlaiminte na hUngáire diúltú do dhréachtleasuithe lena gcuirfí toirmeasc ar phlé faoi fhéiniúlacht agus éagsúlacht ghnéis agus inscne; de bhrí, i dtuairim uaidh an 13 Nollaig 2021 maidir leis an gcomhoiriúnacht le caighdeáin idirnáisiúnta um chearta an duine i nGníomh LXXIX 2021 lena leasaítear gníomhartha áirithe chun leanaí a chosaint, gur chinn Coimisiún na Veinéise gur ar éigean a d’fhéadfaí a mheas go bhfuil na leasuithe i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine agus caighdeáin idirnáisiúnta um chearta an duine agus gur thathantaigh sé ar údaráis na hUngáire roinnt forálacha a aisghairm;

CN.

de bhrí, i dtuairim uaidh an 2 Iúil 2021 maidir leis na leasuithe bunreachtúla a ghlac Parlaimint na hUngáire i mí na Nollag 2020, gur mhol Coimisiún na Veinéise nár cheart an leasú bunreachtúil ina leagtar síos gurb ionann pósadh agus aontas idir fear amháin agus bean amháin, agus an chuid bhreise ina luaitear gur bean a bheidh sa mháthair agus gur fear a bheidh san athair, a úsáid mar dheis chun na dlíthe atá ann cheana maidir le cosaint daoine nach daoine heitrighnéasacha iad a tharraingt siar nó chun na dlíthe sin a leasú chun a n-aimhleasa; de bhrí gur mhol Coimisiún na Veinéise freisin gur cheart léirmhíniú agus cur i bhfeidhm na leasuithe bunreachtúla, go háirithe agus an reachtaíocht cur chun feidhme á dréachtú, a dhéanamh ar bhealach a fhágann go ndéanfar prionsabal an neamh-idirdhealaithe ar gach foras, lena n-áirítear ar bhonn gnéaschlaonadh agus féiniúlacht inscne, a chur chun feidhme go críochnúil; de bhrí gur thug sé dá aire freisin gur cheart an leasú “Cosnóidh an Ungáir ceart na leanaí chun féinaitheantais a chomhfhreagraíonn dá ngnéas tráth na breithe” a aisghairm nó a mhodhnú chun a áirithiú nach mbeidh sé mar thoradh air go séanfar an ceart ar dhaoine trasinscneacha go dtabharfaí aitheantas dlíthiúil dá bhféiniúlacht inscne atá faighte;

CO.

de bhrí, i dtuairim uaidh an 18 Deireadh Fómhair 2021 maidir leis na leasuithe ar an nGníomh um Chóir Chomhionann agus um Chur Chun Cinn Comhionannais Deiseanna agus ar an nGníomh um an gCoimisinéir um Chearta Bunúsacha mar a ghlac Parlaimint na hUngáire i mí na Nollag 2020 iad, gur chuir Coimisiún na Veinéise in iúl go bhfuil baol ag baint le cumasc na gcomhlachtaí comhionannais le hinstitiúidí náisiúnta um chearta an duine lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta dóibh, traidisiúin, nósanna imeachta agus cineálacha cur chuige difriúla a d’fhéadfadh a bheith i bhfeidhm ag na hinstitiúidí, agus gur thug sé faoi deara gur léiriú soiléir é cumasc na n-inniúlachtaí atá ag an gCoimisinéir um Chearta Bunúsacha cheana féin faoi Ghníomh CXI leis na hinniúlachtaí a fuair sé ina cháil mar chomharba ar Údarás na hUngáire um Chóir Chomhionann ar bhaol a d’fhéadfadh an bonn a bhaint d’éifeachtacht na hoibre i dtaca leis an gcomhionannas a chur chun cinn agus an t-idirdhealú a chomhrac;

CP.

de bhrí, i ráiteas a eisíodh an 13 Eanáir 2022, gur dhearbhaigh Coimisinéir Chomhairle na hEorpa um Chearta an Duine gurbh oth leis gur chinn Rialtas na hUngáire reifreann náisiúnta a reáchtáil maidir le rochtain leanaí ar fhaisnéis a bhaineann le gnéaschlaonadh agus saincheisteanna féiniúlachta inscne an lá céanna leis na toghcháin pharlaiminteacha, ós rud é gur chuir sé tuilleadh le hionstraimiú chearta an duine atá ag daoine LADTIA; de bhrí, an 29 Iúil 2022, sa tuarascáil chríochnaitheach uaidh, gur thug misean idirnáisiúnta breathnóireachta toghchán ESCE chun suntais go bhfuil creat dlíthiúil an reifrinn neamhleor den chuid is mó agus nach bhforáiltear leis do mhachaire comhréidh d’fheachtais reifrinn, go bhfuil sé easnamhach maidir le príomh-mholtaí faoin, dea-chleachtas idirnáisiúnta, agus faoi leasú a rinneadh in 2018, go bhfuil cearta iomlána feachtais ag an rialtas nuair is tionscnóir reifrinn é, rud ar sárú é ar an dea-chleachtas idirnáisiúnta, agus nach bhfuil sé d’oibleagáid ar na húdaráis faisnéis oibiachtúil a sholáthar do na toghthóirí maidir le saincheisteanna a bhaineann leis an reifreann nó maidir le seasamh na dtacadóirí agus seasamh iad siúd atá ina gcoinne, agus gur dúshlán é sin roimh chumas na vótálaithe rogha eolasach a dhéanamh; de bhrí go raibh an reifreann i gcoinne daoine LADTIA a tionóladh san Ungáir an 3 Aibreán 2022 neamhbhailí toisc nach bhfuair ceachtar den dá rogha (“tá” nó “níl”) 50 % de na vótaí; de bhrí go ndearnadh cáineadh forleathan ar an reifreann agus é á chur in iúl gur sárú ar phrionsabal an neamh-idirdhealaithe a bhí ann;

CQ.

de bhrí, an 29 Iúil 2022, i tuarascáil chríochnaitheach uaidh, gur thug misean idirnáisiúnta breathnóireachta toghchán ESCE chun suntais gurb ionann sciar na n-iarrthóirí uile ar mhná iad agus níos lú ná 20 % de na hiarrthóirí uile, rud a bhí ag cur teorainn shuntasach leis an deis chun líon íseal na mban sa pholaitíocht náisiúnta san Ungáir a ardú; de bhrí gurb ionann sciar na mban i bParlaimint na hUngáire a toghadh in 2022 agus 14 %;

CR.

de bhrí, i mbarúlacha clabhsúir uaidh an 25 Márta 2022 maidir leis an dara agus an tríú tuarascáil ón Ungáir in éineacht, gur chuir Coiste na Náisiún Aontaithe um Chearta Daoine faoi Mhíchumas in iúl go raibh imní air nach bhfuil córas ag daoine atá faoi mhíchumas le haghaidh cinneadh a dhéanamh as a stuaim féin, agus gur mhol sé don Ungáir a cuid reachtaíochta a leasú chun a áirithiú go n-áiritheofar le cinnteoireacht thacaithe go dtabharfar urraim do dhínit, neamhspleáchas, toil agus roghanna daoine atá faoi mhíchumas agus a n-inniúlacht dhlíthiúil á feidhmiú acu; de bhrí gur mhol an coiste don Ungáir freisin a cuid beart a athcheapadh agus a cuid buiséad a chur i dtreo seirbhísí tacaíochta pobalbhunaithe, amhail cúnamh pearsanta, d’fhonn ligean do dhaoine atá faoi mhíchumas maireachtáil go neamhspleách agus go cothrom sa phobal;

Cearta daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad, lena n-áirítear Romaigh agus Giúdaigh, agus cosaint ar ráitis fuatha i gcoinne na mionlach sin

CS.

de bhrí gur chinn an Coimisiún, an 9 Meitheamh 2021, litir fógra fhoirmiúil a sheoladh chuig an Ungáir, ós rud é nach raibh a cuid reachtaíochta náisiúnta go hiomlán i gcomhréir le rialacha AE lena gcuirtear toirmeasc ar an idirdhealú faoi Threoir 2000/43/CE ón gComhairle lena gcuirtear chun feidhme prionsabal na córa comhionainne idir daoine gan beann ar bhunadh ciníoch nó eitneach (21) agus Treoir 2000/78/CE ón gComhairle lena mbunaítear creat ginearálta le haghaidh na córa comhionainne san fhostaíocht agus sa tslí bheatha (22), treoracha lena gcuirtear ceangal ar na Ballstáit smachtbhannaí éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha a leagan síos maidir leis an idirdhealú; de bhrí gur tharla athrú bunúsach i mí Iúil 2020 nuair a leasaigh an Ungáir an córas náisiúnta smachtbhannaí, rud a d’fhág nárbh éigean do na cúirteanna cúiteamh morálta a dhámhachtain as idirdhealú i réimse an oideachais agus na gairmoiliúna ach i bhfoirm seirbhísí oiliúna nó oideachais seachas i bhfoirm íocaíocht aonuaire; de bhrí gur iarr Parlaimint na hEorpa arís agus arís eile ar na Ballstáit dul i ngleic leis an bhfrithghiofógachas trí bhearta éifeachtacha reachtacha agus beartais;

CT.

de bhrí, an 2 Nollaig 2021, gur sheol an Coimisiún litir fógra fhoirmiúil chuig an Ungáir maidir le trasuí Chinneadh Réime 2008/913/CGB ón gComhairle maidir le cineálacha agus léirithe áirithe ciníochais agus seineafóibe a chomhrac trí bhíthin an dlí choiriúil (23), toisc, faoi chreat dlíthiúil na hUngáire, nach ndéantar coir as tacú go poiblí le coireanna idirnáisiúnta, as iad a shéanadh go poiblí ná as beag is fiú ar bhonn tromchúiseach a dhéanamh díobh go poiblí agus nach n-áirithítear go measfar gur imthoisc ghéaraitheach í cúis chiníoch agus sheineafóibeach ná go gcuirfidh na cúirteanna náisiúnta an chúis sin san áireamh i gcás aon choir a rinneadh;

CU.

de bhrí, i mbarúlacha clabhsúir an 6 Meitheamh 2019 maidir leis an 18ú go dtí an 25ú tuarascáil thréimhsiúil ón Ungáir in éineacht, gur chuir Coiste na Náisiún Aontaithe um Idirdhealú Ciníoch a Dhíothú in iúl gur cúis mhór imní dó a fhorleithne atá an fhuathchaint chiníoch i gcoinne na Romach, na n-imirceach, na ndídeanaithe, na n-iarrthóirí tearmainn agus mionlaigh eile, rud a chuireann leis an bhfuath agus leis an éadulaingt agus a spreagann foréigean uaireanta i gcoinne na ngrúpaí sin, go háirithe ó pholaiteoirí mór le rá agus sna meáin, lena n-áirítear ar an idirlíon; de bhrí, go háirithe, gur cúis mhór imní don choiste gur tuairiscíodh go ndearna daoine atá i mbéal an phobail, lena n-áirítear iad siúd ar na leibhéil is airde, ráitis a d’fhéadfadh fuath ciníoch a chur chun cinn, go háirithe mar chuid d’fheachtas an rialtais in aghaidh na n-inimirceach agus na ndídeanaithe ar cuireadh tús leis in 2015 agus gur ann d’eagraíochtaí a chuireann an fuath ciníoch chun cinn agus go bhfuil siad i mbun gnímh; de bhrí, cé go dtugann sé aird ar an bhfaisnéis a cuireadh ar fáil maidir leis na bearta a glacadh chun cás na Romach a fheabhsú, lena n-áirítear i réimsí na sláinte agus an oideachais agus trí straitéis náisiúnta 2011 um chuimsiú sóisialta, go bhfuil an-imní ar an gcoiste i gcónaí faoin idirdhealú leanúnach a dhéantar ar na Romaigh agus go bhfuil siad buailte ag leithscaradh agus ag fíorbhochtaineacht;

CV.

de bhrí gur thug Coiste Comhairleach Chomhairle na hEorpa um an gCreat-Choinbhinsiún maidir le Mionlaigh Náisiúnta a Chosaint le fios sa chúigiú tuairim uaidh maidir leis an Ungáir a glacadh an 26 Bealtaine 2020, cé gur choinnigh an Ungáir a beartas i dtaobh tacú le mionlaigh náisiúnta bunaithe ar chreat láidir reachtach, gur ghá fós aghaidh a thabhairt ar dheacrachtaí struchtúracha a bhíonn ag na Romaigh i ngach réimse den saol poiblí agus príobháideach, lena n-áirítear oideachas, fostaíocht, tithíocht agus rochtain ar chúram sláinte; de bhrí gur chuir an coiste i bhfios gur gá bearta práinneacha a dhéanamh chun cás na Romach a leigheas, chun luathfhágáil na scoile a chomhrac agus chun oideachas ionchuimsitheach agus ardcháilíochta a chur chun cinn, lena n-áirítear i gceantair leithscartha; de bhrí gur léirigh sé freisin, i réigiúin atá faoi mhíbhuntáiste, go bhfuil gá le comhlántacht níos láidre idir beartais náisiúnta agus áitiúla ar mhaithe le réitigh fhadtéarmacha ar fhadhbanna fostaíochta agus tithíochta a fháil agus go bhfuil baic mhóra phraiticiúla ar an rochtain ar chúram sláinte agus ar sheirbhísí sóisialta fós agus gur mná agus leanaí Romacha is mó a bhíonn thíos leis sin;

CW.

de bhrí, i gcinneadh uaidh an 10 Meitheamh 2022 maidir leis an maoirseacht fheabhsaithe atá ar feitheamh ar fhorghníomhú bhreithiúnais na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine sa chás Horváth agus Kiss v an Ungáir, gur mheabhraigh Coiste Airí Chomhairle na hEorpa gur bhain an cás i dtrácht le ró-ionadaíocht agus díláithriú idirdhealaitheach leanaí Romacha i scoileanna speisialta do leanaí atá faoi mhíchumas meabhrach, agus go raibh oibleagáid dhearfach ar an stát gan cleachtais idirdhealaitheacha a bhuanú; de bhrí gur iarr an coiste go daingean arís ar na húdaráis samplaí a thabhairt lena léirítear éifeachtacht na leigheasanna riaracháin agus breithiúnacha i gcoinne thorthaí na gcoistí saineolaithe agus na sonraí staidrimh arna soláthar ina leith sin a chomhlánú, gur áitigh sé ar na húdaráis an fhaisnéis staidrimh a fhorlíonadh le sonraí atá imdhealaithe ó thaobh eitneachta de lena léirítear líon na n-achomharc a taisceadh i gcásanna leanaí Romacha agus gur iarr siad go daingean arís ar na húdaráis tuilleadh faisnéise a thabhairt faoi aon nósanna imeachta ábhartha atá os comhair an Choimisinéara um Chearta Bunúsacha;

CX.

de bhrí go bhfuil an mhaoirseacht ar fhorghníomhú bhreithiúnais na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine sa chás Balázsan Ungáir maidir le sáruithe ar an toirmeasc ar idirdhealú mar aon leis an toirmeasc ar íde atá mídhaonna nó táireach mar gheall nach ndearna na húdaráis imscrúduithe éifeachtacha ar cheist na mbunchúiseanna ciníocha a d’fhéadfadh a bheith taobh thiar den drochíde a tugadh do na hiarratasóirí Romacha fós ar feitheamh;

CY.

de bhrí, an 29 Iúil 2022, gur ghlac ceannairí na ngrúpaí polaitiúla ráiteas inar cáineadh na dearbhuithe ciníocha ón bPríomh-Aire Viktor Orbán inar chuir sé in iúl nár mhian leis a bheith ina chuid de “phobal de chine measctha”, agus gur chuir siad i bhfios go láidir gur sárú ar ár luachanna na dearbhuithe sin, luachanna a chumhdaítear freisin i gConarthaí AE;

Cearta bunúsacha imirceach, iarrthóirí tearmainn agus dídeanaithe

CZ.

de bhrí gur rialaigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) i mbreithiúnas uaithi an 19 Márta 2020 i gCás C-564/18, Bevándorlási és Menekültügyi Hivatal (Tompa), go gcuireann Treoir 2013/32/AE maidir le nósanna imeachta coiteanna chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar (24) cosc ar reachtaíocht náisiúnta lenar féidir diúltú d’iarratas ar chosaint idirnáisiúnta toisc go bhfuil sé neamh-inghlactha ar an bhforas gur tháinig an t-iarratasóir isteach i gcríoch an Bhallstáit lena mbaineann trí stát nach ndearnadh géarleanúint air nó nach raibh sé i mbaol díobhála tromchúisí ann, nó ina ráthaítear leibhéal leordhóthanach cosanta; de bhrí gur tháinig CBAE ar an gconclúid go gcuireann an treoir cosc freisin ar reachtaíocht náisiúnta lena leagtar síos teorainn ama ocht lá ar laistigh di ba cheart do chúirt a éisteann achomharc i gcoinne cinneadh lena ndiúltaítear d’iarratas ar chosaint idirnáisiúnta toisc go bhfuil sé neamh-inghlactha cinneadh a dhéanamh, i gcás nach bhfuil an chúirt sin in ann a áirithiú, laistigh den teorainn ama sin, go bhfuil na rialacha substainteacha agus na ráthaíochtaí nós imeachta atá ag an iarratasóir faoi dhlí AE éifeachtach;

DA.

de bhrí gur rialaigh CBAE i mbreithiúnas uaidh an 2 Aibreán 2020 i gCásanna Uamtha C-715/17, C-718/17 agus C-719/17, lena n-áirítear An Coimisiúnan Ungáir (sásra sealadach chun iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta a athlonnú), nach ndearna an Ungáir, ón 25 Nollaig 2015, a cuid oibleagáidí faoi Airteagal 5(2) de Chinneadh (AE) 2015/1601 ón gComhairle (25) a chomhlíonadh toisc nár chuir sí líon iomchuí iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta in iúl ag eatraimh rialta, agus gach trí mhí ar a laghad, agus, dá bhrí sin, nár chomhlíon sí na hoibleagáidí athlonnaithe a bhí uirthi ina dhiaidh sin faoi Airteagal 5(4) go (11) den chinneadh sin;

DB.

de bhrí, i mbreithiúnas uaidh an 14 Bealtaine 2020 i gCásanna Uamtha C-924/19 PPU agus C-925/19 PPU, Országos Idegenrendészeti Főigazgatóság Dél-alföldi Regionális Igazgatóság agus Országos Idegenrendészeti Főigazgatóság, gur rialaigh CBAE go bhfágann Treoir 2008/115/CE maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh (26) agus Treoir 2013/33/AE lena leagtar síos caighdeáin i ndáil le hiarratais ar chosaint idirnáisiúnta a fháil (27) go bhfuil an chosúlacht air go bhfuil a shaoirse á cheilt ar náisiúnach tríú tír, trína “choinneáil” de réir bhrí na dtreoracha sin, toisc go gcuirtear d’oibleagáid ar an náisiúnach tríú tír fanacht go buan i limistéar idirthurais a bhfuil a theorainn srianta agus dúnta, ina bhfuil gluaiseachtaí an náisiúnaigh tríú tír sin teoranta agus ina ndéantar faireachán orthu, agus nach féidir leis fágáil dá dheoin féin, in aon treo is féidir; de bhrí gur chuir CBAE in iúl go gcuirtear cosc faoi dhlí AE ar roinnt forálacha de reachtaíocht na hUngáire;

DC.

de bhrí gur rialaigh CBAE i mbreithiúnas uaidh an 17 Nollaig 2020 i gCás C-808/18, an Coimisiúnan Ungáir (“Accueil des demandeurs de protection internationale”) nár chomhlíon an Ungáir a cuid oibleagáidí faoi Threoracha 2008/115/CE, 2013/32/AE agus 2013/33/AE sa chaoi: i) gur bheartaigh sí nach bhféadfaí iarratais ar chosaint idirnáisiúnta ó náisiúnaigh tríú tír nó ó dhaoine gan stát a dhéanamh ach i limistéir idirthurais Röszke agus Tompa agus, san am céanna, gur chuir sí teorainn le líon na n-iarratasóirí a bhfuil cead acu dul isteach sna limistéir idirthurais sin gach lá; ii) gur bhunaigh sí córas chun iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta a choinneáil go córasach i limistéir idirthurais Röszke agus Tompa; iii) gur cheadaigh sí aistriú na náisiúnach tríú tír ar fad a bhí ag fanacht go neamhdhleathach ar a críoch, gan cloí leis na nósanna imeachta agus na coimircí a leagtar síos san acquis; agus iv) gur chuir sí feidhmiú an chirt atá ag iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta fanacht ina críoch faoi réir coinníollacha atá ar neamhréir le dlí AE; de bhrí gur fhógair an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) an 27 Eanáir 2021 go raibh a cuid oibríochtaí san Ungáir á gcur ar fionraí aici tar éis an rialaithe ó CBAE; de bhrí, an 12 Samhain 2021, gur chinn an Coimisiún an Ungáir a tharchur chuig CBAE ós rud é nár chomhlíon sí an breithiúnas agus gur iarr sé ar CBAE a ordú go n-íocfaí pionóis airgeadais (Cás C-123/22);

DD.

de bhrí, an 9 Meitheamh 2021, gur chinn an Coimisiún litir fógra fhoirmiúil agus tuairim réasúnaithe a chur chuig údaráis na hUngáire toisc nár thrasuigh siad Treoir 2013/32/AE go hiomlán a mhéid a bhaineann le forálacha maidir leis an agallamh pearsanta, an scagthástáil leighis, ráthaíochtaí do leanaí agus déagóirí neamhthionlactha, agus an nós imeachta scrúdúcháin tearmainn;

DE.

de bhrí, an 15 Iúil 2021, gur chinn an Coimisiún an Ungáir a tharchur chuig CBAE, agus é den tuairim nach raibh an nós imeachta nua tearmainn i gcomhréir le hAirteagal 6 de Threoir 2013/32/AE, arna léirmhíniú i bhfianaise Airteagal 18 den Chairt (Cás C-823/21, an Coimisiúnan Ungáir);

DF.

de bhrí gur rialaigh CBAE i mbreithiúnas uaidh an 16 Samhain 2021 i gCás C-821/19, an Coimisiúnan Ungáir (“Incrimination de l’aide aux demandeurs d’asile”), nár chomhlíon an Ungáir a cuid oibleagáidí faoin reachtaíocht seo a leanas: i) Airteagal 33(2) de Threoir 2013/32/AE trí chead a thabhairt iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a dhiúltú toisc é a bheith neamh-inghlactha ar an bhforas gur tháinig an t-iarratasóir isteach ina críoch trí stát nach ndearnadh géarleanúint air nó nach raibh sé i mbaol díobhála tromchúisí ann, nó inar ráthaíodh leibhéal leordhóthanach cosanta; ii) Airteagal 8(2) agus Airteagal 22(1) de Threoir 2013/32/AE agus Airteagal 10(4) de Threoir 2013/33/AE trí choir a dhéanamh as gníomhaíochtaí aon duine a thugann cúnamh, i dtaca le gníomhaíocht eagrúcháin, chun iarratas ar thearmann ina críoch a dhéanamh nó a thaisceadh, i gcás inar féidir a chruthú thar aon amhras réasúnach go raibh an duine sin ar an eolas nach bhféadfaí glacadh leis an iarratas sin faoin dlí sin; agus iii) Airteagal 8(2), Airteagal 12(1), pointe (c), agus Airteagal 22(1) de Threoir 2013/32/AE agus Airteagal 10(4) de Threoir 2013/33/AE tríd an gceart a bhaint d’aon duine a bhfuiltear in amhras go ndearna sé cion den sórt sin teacht i ngiorracht do theorainneacha seachtracha na tíre;

DG.

de bhrí, i dtuarascáil uaithi an 21 Bealtaine 2019 tar éis di cuairt a thabhairt ar an Ungáir ón 4 go dtí an 8 Feabhra 2019, gur chinn Coimisinéir Chomhairle na hEorpa um Chearta an Duine gur tháinig creat reachtach as an seasamh i gcoinne na hinimirce agus iarrthóirí tearmainn atá glactha ag Rialtas na hUngáire ó 2015 i leith, ar creat reachtach é a bhaineann an bonn de ghlacadh iarrthóirí tearmainn agus d’imeascadh dídeanaithe aitheanta mar a fhorordaítear le hoibleagáidí idirnáisiúnta maidir le cearta an duine;

DH.

de bhrí, i dtuarascáil uaidh an 17 Márta 2020 tar éis dó cuairt a thabhairt ar an Ungáir in 2018, gur thug an Coiste Eorpach um Chéastóireacht agus Íde nó Pionóis eile atá Mídhaonna agus Táireach a Chosc chun suntais nach ndearnadh aon ní ó chuairt ad hoc an choiste in 2017 chun coimircí éifeachtacha a chur i bhfeidhm chun nach dtabharfaí drochíde do dhaoine a chuir póilíní na hUngáire ar ais tríd an sconsa teorann i dtreo na Seirbia, agus gur léir freisin nach raibh aon leigheasanna dlíthiúla ann fós a d’fhéadfadh cosaint éifeachtach a chur ar fáil do na daoine sin ar a n-aistriú éigeantach agus/nó refoulement, lena n-áirítear refoulement slabhra;

DI.

de bhrí gur chuir Coiste na Náisiún Aontaithe um Idirdhealú Ciníoch a Dhíothú in iúl i mbarúlacha clabhsúir uaidh an 6 Meitheamh 2019 maidir leis an 18ú go dtí an 25ú tuarascáil thréimhsiúil ón Ungáir in éineacht, go raibh imní air faoi chruachás na n-iarrthóirí tearmainn, na ndídeanaithe agus na n-imirceach agus faoi thuairiscí nach raibh prionsabal an non-refoulement á urramú go hiomlán sa dlí agus sa chleachtas; de bhrí gur cúis mhór imní don choiste freisin na tuairiscí gur bhain oifigigh forfheidhmithe dlí ró-úsáid as an lámh láidir agus as an bhforéigean i gcoinne náisiúnaigh tríú tír a bhí in aon áit san Ungáir agus, san am céanna, gur “bhrúigh siad siar” na náisiúnaigh tríú tír a bhí gar don teorainn leis an tSeirbia, rud a d’fhág gur gortaíodh iad agus go ndearnadh díobháil choirp dóibh;

DJ.

de bhrí gur chinn an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine i mbreithiúnas uaithi an 2 Márta 2021 in R.R. agus Daoine Eilean Ungáir go ndearnadh sárú ar an toirmeasc ar íde mhídhaonna nó tháireach mar gheall ar an easpa bia a cuireadh ar fáil don chéad iarratasóir (R.R.) agus mar gheall ar dhálaí cónaithe na n-iarratasóirí eile (bean a bhí ag súil le páiste agus leanaí); de bhrí gur chinn an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine freisin gurbh ionann fanacht na n-iarratasóirí sa limistéar idirthurais agus cailleadh saoirse de facto agus go ndearnadh sáruithe ar an gceart chun saoirse agus slándála toisc nach ndearna na húdaráis aon chinneadh foirmiúil agus nárbh ann d’aon imeachtaí lena bhféadfadh cúirt dlíthiúlacht a gcoinneála a chinneadh go tapa; de bhrí gur tháinig an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine ar chonclúidí comhchosúla i mbreithiúnais uaithi an 24 Feabhra 2022 sa chás M.B.K. agus Daoine Eilean Ungáir agus an 2 Meitheamh 2022 sa chás H.M. agus Daoine Eilean Ungáir; de bhrí go bhfuil an mhaoirseacht fheabhsaithe ar fhorghníomhú na mbreithiúnas sin fós ar feitheamh;

DK.

de bhrí, i dtuarascáil uaidh an 11 Bealtaine 2020 tar éis dó cuairt a thabhairt ar an Ungáir in 2019, gur iarr Rapóirtéir Speisialta na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta an Duine atá ag Imircigh ar Rialtas na hUngáire arís athmheasúnú fónta a dhéanamh ar chúrsaí mar atá faoi láthair agus ar a chuid beartas imirce, agus gur chuir sé in iúl gur cheart don Ungáir deireadh a chur leis an “ngéarchéim”, rud nach bhfreagraíonn don fhíorshaol agus a raibh drochthionchar tromchúiseach aige ar chearta an duine atá ag imircigh, iarrthóirí tearmainn, saoirse eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus cumhacht na mbreithiúna, agus, ina theannta sin, gur cheart di deireadh a chur leis na bearta sriantach eile ar fad a bhfuil gnéithe agus iarmhairtí comhchosúla acu;

DL.

de bhrí gur chinn an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine i mbreithiúnas uaithi an 8 Iúil 2021 sa chás Shahzadan Ungáir gur díbríodh an t-iarratasóir “go coiteann” toisc nár scrúdaigh na húdaráis a chás aonair agus nár chuir siad fíorbhealaí éifeachtacha ar fáil chun dul isteach san Ungáir, agus nár aistríodh an t-iarratasóir de bharr a chuid iompair agus nach raibh aon leigheas dlíthiúil leormhaith ar fáil dó; de bhrí go bhfuil an mhaoirseacht fheabhsaithe ar fhorghníomhú an bhreithiúnais sin fós ar feitheamh;

DM.

de bhrí gur mheabhraigh Coiste Airí Chomhairle na hEorpa, i gcinneadh uaidh an 2 Nollaig 2021 maidir leis an maoirseacht fheabhsaithe atá ar feitheamh ar fhorghníomhú bhreithiúnas na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine sa chás Ilias agus Ahmedan Ungáir, gur bhain an cás i dtrácht le sárú ar an oibleagáid nós imeachta faoi Airteagal 3 den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine, is é sin go ndéanfaí measúnú ar an mbaol drochíde sula n-aistreofaí na hiarratasóirí a bhí ag lorg tearmainn chun na Seirbia, ós rud é gur glacadh leis an toimhde ghinearálta gur “tríú tír shábháilte” í, gur chuir sé in iúl gurb oth leis nach ndearnadh aon bheart chun an t-athmheasúnú is gá a dhéanamh ar an toimhde reachtach “tríú tír shábháilte” i ndáil leis an tSeirbia, agus d’iarr sé go láidir an athuair go ndéanfaí an t-athmheasúnú sin gan a thuilleadh moille agus i gcomhréir le ceanglais chásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine agus go ndéanfaí na cúiseanna atá leis an athmheasúnú agus an toradh a bheadh air a thíolacadh; de bhrí gur thug an coiste dá aire freisin, agus é ina chúis mhór imní dó, in ainneoin na n-ábhar imní a cuireadh in iúl sa chinneadh uaidh roimhe seo, gur lean an cleachtas maidir le daoine a aistriú go héigeantach gan nós imeachta ordúil ar aghaidh, agus gur iarr sé go láidir ar údaráis na hUngáire na ceanglais a eascraíonn as breithiúnas na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine a chomhlíonadh go hiomlán agus a áirithiú go mbeidh filleadh éigeantach bunaithe ar nósanna imeachta agus coimircí ordúla, go háirithe maidir le ceart gach duine tearmann a lorg i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta;

DN.

de bhrí go bhfuil an mhaoirseacht ar fhorghníomhú bhreithiúnais na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine fós ar feitheamh sa chás Nabil agus Daoine Eilean Ungáir maidir le sáruithe ar cheart na n-iarrthóirí tearmainn is iarratasóirí chun saoirse agus slándála mar gheall ar a gcoinneáil go dtí go ndéanfar scrúdú ar fhiúntas a n-éileamh ar thearmann;

DO.

de bhrí, san aighneacht uaithi an 12 Lúnasa 2022 a cuireadh faoi bhráid Choiste Airí Chomhairle na hEorpa, gur chuir Coimisinéir Chomhairle na hEorpa um Chearta an Duine in iúl go bhfuil sé beagnach dodhéanta san Ungáir rochtain a fháil ar an nós imeachta tearmainn agus ar mheasúnú riosca substainteach agus aonair mar gheall ar na bearta forluiteacha a ghlac an Rialtas i ndiaidh a chéile ó 2015 i leith; de bhrí go ndiúltaítear d’iarrthóirí tearmainn ionchasacha dul isteach go dleathach sa chríoch nó, cé is moite de roinnt bheag eisceachtaí, go gcuirtear faoi oibleagáid iad an Ungáir a fhágáil agus dul faoi réamhscagadh trí nós imeachta na hAmbasáide sula mbíonn siad in ann éileamh ar chosaint idirnáisiúnta a chur isteach; de bhrí go mbíonn dioscúrsa borb frith-imirceach i gcónaí ó Rialtas na hUngáire agus an córas tearmainn á bhaint as a chéile aige, rud a bhaineann an bonn tuilleadh ó ghlacadh agus cosaint dídeanaithe agus iarrthóirí tearmainn sa tír;

Cearta eacnamaíocha agus sóisialta

DP.

de bhrí, i moladh uaithi an maidir le Clár Náisiúnta 12 lúil 2022 na hUngáire um Athchóiriú agus ina dtugtar tuairim ón gComhairle maidir le Clár 2022 na hUngáire um Chóineasú, gur mhol an Chomhairle go leanfaí de na grúpaí is leochailí a lánpháirtiú i margadh an tsaothair, go háirithe trí uas-sciliú, agus go gcuirfí síneadh le fad na sochar dífhostaíochta chun feabhas a chur ar leordhóthanacht an chúnaimh shóisialta agus rochtain ar sheirbhísí bunriachtanacha agus tithíocht leormhaith a áirithiú do chách; de bhrí gur mhol sé torthaí oideachas a fheabhsú agus rannpháirtíocht grúpaí faoi mhíbhuntáiste, go háirithe na Romaigh, a mhéadú in oideachas príomhshrutha ardcháilíochta agus feabhas a chur ar an rochtain ar sheirbhísí coisctheacha agus cúraim phríomhúil ar ardcháilíocht;

DQ.

de bhrí, i mbarúlacha clabhsúir uaidh an 3 Márta 2020 maidir leis an séú tuarascáil thréimhsiúil ón Ungáir, gur mhol Coiste na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh gur cheart don Ungáir leanúint d’infheistíocht a dhéanamh i mbearta chun deireadh a chur leis an mbochtaineacht, agus aird ar leith á tabhairt ar leanaí Romacha agus ar leanaí a bhfuil cónaí orthu i gceantair atá faoi mhíbhuntáiste ó thaobh na socheacnamaíochta de, agus gur chuir sé in iúl gur cúis mhór imní dó líon na ndaltaí a fhágann an scoil go luath, arb as cúlraí faoi mhíbhuntáiste a bhformhór acu, go bhfágtar scoileanna poiblí faoi chúram na bpobal reiligiúnach, rud a d’fhéadfadh cur leis an leithscaradh bunaithe ar reiligiún agus ar chreideamh, go bhfuil leanaí Romacha fós á leithscaradh san oideachas, an bhearna oideachais idir leanaí Romacha agus leanaí nach Romaigh iad, an easpa sonraí oifigiúla atá ar fáil faoi leanaí Romacha san oideachas, an bhulaíocht, an mhí-úsáid agus an t-eisiamh a mbíonn leanaí thíos leo i scoileanna, go háirithe leanaí LADTI, agus an úsáid a bhaintear as modhanna smachta i scoileanna a fhágann nach ndéantar leanaí a chosaint ar fhoréigean fisiciúil agus meabhrach;

DR.

de bhrí, an 11 Feabhra 2022, gur eisigh Rialtas na hUngáire foraithne éigeandála lenar cinneadh na “seirbhísí íosta riachtanacha” nach mór a sholáthar le linn stailceanna faoin dlí maidir le stailceanna, agus iad á léirmhíniú ar bhealach chomh leathan sin go mbeadh sé dodhéanta dul ar stailc; de bhrí gur cuireadh srian faoin bhforaithne le cearta na múinteoirí a raibh sé fógartha acu go raibh sé beartaithe acu dul ar stailc an 16 Márta 2022;

DS.

de bhrí, ón uair a glacadh an toirmeasc ar ghnáthchónaí i spás poiblí, gur iarr roinnt gnáthchúirteanna go ndéanfadh an Chúirt Bhunreachtúil an reachtaíocht lena líomhnaítear míbhunreachtúlacht an dlí ar mhórán foras a chur ar neamhní; de bhrí, tar éis moill fhada, gur dhiúltaigh an Chúirt Bhunreachtúil do na hachainíocha go léir a chuir na gnáthchúirteanna faoina bráid ar gach foras agus gur dhiúltaigh sí aon aighneachtaí nár thacaigh le réasúnú an rialtais a chur san áireamh; de bhrí, i gcás easpa dídine, go mbíonn an córas slándála sóisialta dírithe go príomha ar a dhearbhú go bhfuil sé neamhdhleathach go bhfanfadh daoine atá gan dídean i gceantair phoiblí agus ar bhearta pionósacha, seachas ar chuimsiú sóisialta;

1.

á athdhearbhú go mbaineann ábhair imní Pharlaimint na hEorpa leis na saincheisteanna seo a leanas san Ungáir:

feidhmiú an chórais bhunreachtúil agus toghcháin,

neamhspleáchas na mbreithiúna agus institiúidí eile agus cearta na mbreithiúna,

éillitheacht agus coinbhleachtaí leasa,

príobháideacht agus cosaint sonraí,

an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear iolrachas na meán,

saoirse acadúil,

saoirse reiligiúin,

saoirse comhlachais,

an ceart chun córa comhionainne, lena n-áirítear cearta LADTIA,

cearta daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad, lena n-áirítear Romaigh agus Giúdaigh, agus cosaint ar ráitis fuatha i gcoinne na mionlach sin,

cearta bunúsacha imirceach, iarrthóirí tearmainn agus dídeanaithe,

cearta eacnamaíocha agus sóisialta;

2.

á chreidiúint, nuair a chuirtear le chéile iad, gur bagairt chórasach ar luachanna Airteagal 2 CAE iad na fíricí agus na treochtaí a luaitear sna rúin ó Pharlaimint na hEorpa agus gur baol soiléir iad go bhfuil sárú tromchúiseach á dhéanamh ar na luachanna sin; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di iarrachtaí Rialtas na hUngáire, d’aon ghnó agus go córasach, an bonn a bhaint de luachanna bunaidh an Aontais a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE agus ag cáineadh na n-iarrachtaí sin; á thabhairt chun suntais go bhfuil na treochtaí sin imithe go mór in olcas ó tionscnaíodh Airteagal 7(1) CAE; á chur i bhfáth gur faoi Rialtas na hUngáire atá sé a chinntiú go gcomhlíonadh an tír dlí AE agus na luachanna a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE arís agus á chur in iúl gurb oth léi go mór gur chuir an easpa gníomhaíocht chinntitheach ón Aontas le cliseadh an daonlathais, an smachta reachta agus na gceart bunúsach san Ungáir, rud a fhágann go bhfuil réimeas hibrideach uathlathais toghcháin sa tír, de réir na n-innéacsanna ábhartha;

3.

á chur in iúl gur saoth léi nach bhfuil an Chomhairle in ann dul chun cinn fónta a dhéanamh sa nós imeachta leanúnach faoi Airteagal 7(1) CAE; ag tathant ar an gComhairle a áirithiú go mbeidh éisteachtaí ann uair amháin in aghaidh na hUachtaránachta ar a laghad le linn nósanna imeachta leanúnacha faoi Airteagal 7 CAE agus go dtabharfar aghaidh freisin ar fhorbairtí nua a bhfuil tionchar acu ar an smacht reachta, ar an daonlathas agus ar chearta bunúsacha; á iarraidh ar an gComhairle miontuairiscí cuimsitheacha a fhoilsiú tar éis gach éisteachta; ag cur béim ar an bhfíoras nach bhfuil gá le haontoilíocht sa Chomhairle chun baol soiléir go bhfuil sárú tromchúiseach á dhéanamh ar luachanna an Aontais faoi Airteagal 7(1) a shainaithint, ná chun moltaí nithiúla a dhíriú chuig na Ballstáit lena mbaineann agus spriocdhátaí a chur ar fáil chun na moltaí sin a chur chun feidhme; á iarraidh an athuair ar an gComhairle é sin a dhéanamh, agus béim á leagan aici ar an bhfíoras go mb’ionann aon mhoilleanna breise ar ghníomhaíocht den sórt sin agus sárú ar phrionsabal an smachta reachta ag an gComhairle féin; á chur i bhfáth go bhfuil sé d’oibleagáid ar na Ballstáit gníomhú le chéile agus deireadh a chur leis na hionsaithe ar na luachanna a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE; á iarraidh ar an gComhairle moltaí a chur ar fáil don Ungáir a luaithe is féidir chun réiteach a fháil ar na fadhbanna a luaitear i rún uaithi an 12 Meán Fómhair 2018 agus sa rún seo, ina n-iarrtar uirthi na breithiúnais agus na moltaí uile a luaitear a chur chun feidhme, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann leis an olltoghchán a tionóladh an 3 Aibreán 2022; á éileamh, i ngach imeacht a bhaineann le hAirteagal 7 CAE, go mbeadh Parlaimint na hEorpa in ann a togra réasúnaithe a chur faoi bhráid na Comhairle, go mbeadh sí in ann freastal ar éisteachtaí Airteagal 7 CAE agus go gcuirfí ar an eolas í go pras agus go hiomlán ag gach céim den nós imeachta;

4.

á iarraidh ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún aird níos mó a thabhairt ar dhíchur córasach an smachta reachta agus ar an gceangal idir na sáruithe éagsúla ar na luachanna a aithnítear ina rúin; á chur i bhfios go láidir, trí sháruithe ar an smacht reachta a fhágáil gan phionós, go mbaintear an bonn d’institiúidí daonlathacha agus go ndéantar difear ar deireadh do chearta an duine agus do shaol gach duine sa tír ina ndéantar na sáruithe sin; á chur i bhfáth gur cheart don Aontas na luachanna uile a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE a chosaint leis an diongbháilteacht chéanna;

5.

á iarraidh ar an gCoimisiún lán-úsáid a bhaint as na huirlisí atá ar fáil, chun aghaidh a thabhairt ar an mbaol soiléir go bhfuil sárú tromchúiseach á dhéanamh ag an Ungáir ar na luachanna ar a bhfuil an tAontas fothaithe, go háirithe nósanna imeachta brostaithe um shárú, iarratais ar bhearta idirthréimhseacha os comhair na Cúirte Breithiúnais agus caingne maidir le neamhchur chun feidhme bhreithiúnais na Cúirte; ag meabhrú a thábhachtaí atá an Rialachán Coinníollachta maidir leis an Smacht Reachta agus á chur in iúl gur geal léi an cinneadh chun é a spreagadh i gcás na hUngáire, cé go raibh moill fhada air agus go bhfuil raon feidhme teoranta aige; á iarraidh ar an gCoimisiún gníomhú láithreach faoin rialachán maidir le sáruithe eile ar an smacht reachta, go háirithe na sáruithe sin a bhaineann le neamhspleáchas na mbreithiúna agus forais eile a dtugtar aghaidh orthu sa litir a sheol an Coimisiún chuig an Ungáir an 19 Samhain 2021; á chur i bhfios go láidir gur uirlis atá comhlántach le nós imeachta Airteagal 7 é cur i bhfeidhm an Rialacháin Coinníollachta maidir leis an Smacht Reachta, go bhfuil sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát agus go bhfuil sé in-fhorfheidhmithe ó mhí Eanáir 2021 i leith, agus á iarraidh ar an gCoimisiún gach beart is gá a dhéanamh chun a áirithiú go bhforfheidhmeofar go héifeachtach é; ag tabhairt dá haire go bhfuil baol ann go mbainfí mí-úsáid as cistí faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus á iarraidh an athuair ar an gCoimisiún gan plean na hUngáire a fhormheas go dtí go mbeidh gach moladh tírshonrach ón Seimeastar Eorpach i réimse an smachta reachta comhlíonta go hiomlán aici agus go dtí go mbeidh breithiúnais ábhartha uile CBAE agus na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine curtha chun feidhme aici; á chur in iúl go bhfuil sí ag dréim leis go n-eisiafaidh an Coimisiún aon rioscaí a bhaineann le cláir faoin mbeartas comhtháthaithe lena gcuirfear le mí-úsáid chistí AE nó le sáruithe ar an smacht reachta sula bhformheasfar na comhaontuithe comhpháirtíochta agus na cláir beartais chomhtháthaithe; á iarraidh ar an gCoimisiún Rialachán na bhForálacha Coiteanna (28) agus an Rialachán Airgeadais (29) a chur i bhfeidhm ar bhealach níos déine chun dul i ngleic le mí-úsáid chistí AE ar chúiseanna polaitiúla; á mheas go bhfuil cur i bhfeidhm na n-ionstraimí sin chun na luachanna a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE a chosaint níos práinní fós tráth atá na luachanna sin faoi bhagairt ag cogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus ag na gníomhaíochtaí atá á ndéanamh aici i gcoinne AE;

6.

ag athdhearbhú a hiarrata ar an gCoimisiún a áirithiú nach mbainfear cistí AE d’fhaighteoirí nó tairbhithe deiridh na gcistí sin i gcás ina gcuirfear smachtbhannaí i bhfeidhm faoin Sásra Coinníollachta maidir leis an Smacht Reachta, mar a leagtar amach in Airteagal 5(4) agus (5), den Rialachán maidir le Coinníollacht an Smachta Reachta; á iarraidh ar an gCoimisiún bealaí a aimsiú chun cistí AE a dháileadh trí rialtais áitiúla agus eagraíochtaí neamhrialtasacha (ENRanna) mura gcomhoibreoidh an rialtas lena mbaineann maidir leis na heasnaimh i gcur chun feidhme an smachta reachta;

7.

á iarraidh ar an gCoimisiún tacú leis an tsochaí shibhialta neamhspleách san Ungáir a thugann cosaint do na luachanna a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE, go háirithe trí úsáid a bhaint as an gClár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna; á iarraidh an athuair ar an gCoimisiún straitéis chuimsitheach maidir leis an tsochaí shibhialta a ghlacadh chun an spás sibhialta san Aontas a chosaint agus a fhorbairt faoina ndéanfaí na huirlisí uile atá ann cheana a chomhtháthú agus ina leagfaí amach sraith beart nithiúil chun an spás sibhialta a chosaint agus a neartú;

8.

á iarraidh an athuair ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle dul i mbun caibidlíochta láithreach le Parlaimint na hEorpa faoi shásra de chuid AE maidir leis an daonlathas, an smacht reachta agus cearta bunúsacha i bhfoirm comhaontú idirinstitiúideach, lena n-áirítear timthriall beartais buan i measc institiúidí AE;

9.

á chur in iúl gur geal léi conclúidí na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa, go háirithe iad siúd atá i dtogra 25 maidir leis an smacht reachta, na luachanna daonlathacha agus an fhéiniúlacht Eorpach, agus á athdhearbhú gur gá an nós imeachta a neartú chun na luachanna ar a bhfuil an tAontas fothaithe a chosaint agus soiléiriú a thabhairt ar na critéir chun sáruithe ar na luachanna bunúsacha a chinneadh agus ar iarmhairtí na sáruithe sin;

10.

á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát, chuig Comhairle na hEorpa, chuig an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip agus chuig na Náisiúin Aontaithe.

(1)  IO C 433, 23.12.2019, lch. 66.

(2)  IO C 270, 7.7.2021, lch. 91.

(3)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0204.

(4)  IO C 99, 1.3.2022, lch. 218.

(5)  Breithiúnas an 24 Meitheamh 2019, An Coimisiún EorpachPoblacht na Polainne, C-619/18, ECLI:EU:C:2019:531, mír 42.

(6)  Tuairim ón gCúirt an 18 Nollaig 2014, Tuairim de bhun Airteagal 218(11) CFAE, 2/13, ECLI:EU:C:2014:2454, mír 168.

(7)  Breithiúnas an 27 Feabhra 2018, Associação Sindical dos Juízes Portugueses v Tribunal de Contas, C-64/16, ECLI EU:C:2018:117, mír 32.

(8)  IO C 316, 6.8.2021, lch. 2.

(9)  IO C 282, 26.8.2020, lch. 107.

(10)  Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 1).

(11)  IO L 94, 28.3.2014, lch. 65.

(12)  IO L 94, 28.3.2014, lch. 1.

(13)  IO L 94, 28.3.2014, lch. 243.

(14)  IO L 198, 28.7.2017, lch. 29.

(15)  IO L 321, 17.12.2018, lch. 36.

(16)  IO L 376, 27.12.2006, lch. 36.

(17)  Forálacha lena bhforchuirtear oibleagáidí maidir le clárú, dearbhú agus foilsiú ar chatagóirí áirithe d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta a fhaigheann tacaíocht go díreach nó go hindíreach ón gcoigríoch a sháraíonn tairseach áirithe agus lena ndéantar foráil maidir leis an bhféidearthacht pionóis a ghearradh ar eagraíochtaí nach gcomhlíonann na hoibleagáidí sin.

(18)  IO L 149, 11.6.2005, lch. 22.

(19)  IO L 95, 15.4.2010, lch. 1.

(20)  IO L 178, 17.7.2000, lch. 1.

(21)  IO L 180, 19.7.2000, lch. 22.

(22)  IO L 303, 2.12.2000, lch. 16.

(23)  IO L 328, 6.12.2008, lch. 55.

(24)  IO L 180, 29.6.2013, lch. 60.

(25)  Cinneadh (AE) 2015/1601 ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2015 lena mbunaítear bearta sealadacha i réimse na cosanta idirnáisiúnta chun tairbhe na hIodáile agus na Gréige (IO L 248, 24.9.2015, lch. 80).

(26)  IO L 348, 24.12.2008, lch. 98.

(27)  IO L 180, 29.6.2013, lch. 96.

(28)  IO L 231, 30.6.2021, lch. 159.

(29)  IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.


5.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 125/462


P9_TA(2022)0328

Reacht agus cistiú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha ***I

Leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 15 Meán Fómhair 2022 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le reacht agus cistiú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha (athmhúnlú) (COM(2021)0734 – C9-0432/2021 – 2021/0375(COD)) (1)

(An gnáthnós imeachta reachtach – athmhúnlú)

(2023/C 125/29)

Leasú 1

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(2a)

Bunaítear le hAirteagal 8 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) prionsabal an phríomhshruthaithe inscne, trína bhfuil sé mar aidhm ag an Aontas deireadh a chur leis an neamhionannas idir fir agus mná agus an comhionannas eatarthu a chur chun cinn ina chuid gníomhaíochtaí uile.

Leasú 2

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 3 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(3a)

Bunaítear le hAirteagal 21 den Chairt an ceart chun comhionannais inscne i ngach réimse.

Leasú 3

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 12 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(12a)

Ba cheart cleamhnú atá roinnte ina leibhéil éagsúla agus catagóir “comhpháirtithe taighde” a aithint le haghaidh fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha, chun go mbeidh níos mó solúbthachta ann agus chun saoirse taighde a éascú.

Leasú 4

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 23

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(23)

Maidir leis an stádas dlíthiúil Eorpach a dheonaítear do pháirtithe polaitiúla Eorpacha agus dá bhfondúireachtaí cleamhnaithe, ba cheart go dtabharfadh sé sin cumas agus aitheantas dlíthiúil dóibh sna Ballstáit uile. Ní fhágann cumas dlíthiúil agus aitheantas dlíthiúil den sórt sin go bhfuil siad i dteideal iarrthóirí a ainmniú i dtoghcháin náisiúnta nó i  dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa nó a bheith rannpháirteach i bhfeachtais reifrinn . Is faoi inniúlacht na mBallstát a fhanann an teideal sin nó aon teideal comhchosúil.

(23)

Maidir leis an stádas dlíthiúil Eorpach a dheonaítear do pháirtithe polaitiúla Eorpacha agus dá bhfondúireachtaí cleamhnaithe, ba cheart go dtabharfadh sé sin cumas agus aitheantas dlíthiúil dóibh sna Ballstáit uile. Ní fhágann cumas dlíthiúil agus aitheantas dlíthiúil den sórt sin go bhfuil siad i dteideal iarrthóirí a ainmniú i dtoghcháin náisiúnta nó i  dtoghcheantair náisiúnta nó réigiúnacha sna toghcháin do Pharlaimint na hEorpa. Is faoi inniúlacht na mBallstát a fhanann an teideal sin nó aon teideal comhchosúil.

Leasú 144

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 30

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(30)

Ba cheart do pháirtithe polaitiúla Eorpacha agus a mballpháirtithe dea-shampla a thabhairt chun an bhearna idir na hinscní sa réimse polaitiúil a dhúnadh. Más mian leo tairbhe a bhaint as maoiniú AE, ba cheart rialacha inmheánacha a bheith ag páirtithe polaitiúla Eorpacha chun cothromaíocht inscne a chur chun cinn agus ba cheart dóibh a bheith trédhearcach faoi chothromaíocht inscne a mballpháirtithe. Ba cheart do pháirtithe polaitiúla Eorpacha faisnéis a chur ar fáil maidir lena mbeartas inmheánach faoin gcothromaíocht inscne agus faoi ionadaíocht inscne a mballpháirtithe maidir le hiarrthóirí ar Pharlaimint na hEorpa agus comhaltaí de Pharlaimint na hEorpa. Spreagtar na páirtithe polaitiúla Eorpacha freisin chun faisnéis a chur ar fáil i ndáil le cuimsitheacht agus ionadaíocht na mionlach ag a mballpháirtithe.

(30)

Ba cheart do pháirtithe polaitiúla Eorpacha, a mballpháirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha dea-shampla a thabhairt chun an bhearna idir na hinscní sa réimse polaitiúil a dhúnadh. Más mian leo tairbhe a bhaint as cistiú AE, ba cheart rialacha inmheánacha a bheith ag páirtithe polaitiúla Eorpacha agus ag fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha chun comhionannas inscne chun cinn, lena n-áirítear plean um chomhionannas inscne agus prótacal chun gnéaschiapadh agus ciapadh ar fhorais inscne a chosc, a bhrath agus a chomhrac . Ina theannta sin, ba cheart do pháirtithe polaitiúla Eorpacha a bheith trédhearcach faoi chothromaíocht inscne a mballpháirtithe agus faisnéis a chur ar fáil maidir lena mbeartas inmheánach faoin gcothromaíocht inscne agus faoi ionadaíocht inscne a mballpháirtithe maidir le hiarrthóirí ar Pharlaimint na hEorpa agus feisirí de Pharlaimint na hEorpa. Ba cheart do pháirtithe polaitiúla Eorpacha agus d’fhondúireachtaí polaitiúla Eorpacha fianaise a sholáthar freisin i dtaca lena mbeartas inmheánach maidir le comhionannas inscne trí bhíthin tuarascáil bhliantúil . Spreagtar na páirtithe polaitiúla Eorpacha freisin chun faisnéis a chur ar fáil i ndáil le cuimsitheacht agus ionadaíocht na mionlach ag a mballpháirtithe.

Leasú 5

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 38

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(38)

Ní aithnítear i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 ach dhá chatagóir ioncaim le haghaidh páirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha seachas ranníocaíochtaí ó bhuiséad an Aontais Eorpaigh, eadhon ranníocaíochtaí ó chomhaltaí agus deonacháin. Tá roinnt foinsí ioncaim a ghintear ó ghníomhaíochtaí eacnamaíocha dílse (amhail foilseacháin nó táillí comhdhála a dhíol ) lasmuigh de raon feidhme an dá chatagóir sin, rud a chruthaíonn fadhbanna cuntasaíochta agus trédhearcachta. Ba cheart, dá bhrí sin, an tríú catagóir ioncaim (“acmhainní dílse”) a chruthú. Ba cheart uasteorainn 5 % a chur ar chion na n-acmhainní dílse i mbuiséad iomlán páirtí nó fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha ionas nach ndéanfar sárú air i ndáil le buiséad foriomlán na n-eintiteas sin.

(38)

Ní aithnítear i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 ach dhá chatagóir ioncaim le haghaidh páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha seachas ranníocaíochtaí ó bhuiséad an Aontais Eorpaigh, eadhon ranníocaíochtaí nó táillí comhlachais ó chomhaltaí agus deonacháin. Tá roinnt foinsí ioncaim a ghintear ó ghníomhaíochtaí eacnamaíocha dílse (amhail díol foilseachán nó táillí comhdhála nó ceardlainne ) lasmuigh de raon feidhme an dá chatagóir sin, rud a chruthaíonn fadhbanna cuntasaíochta agus trédhearcachta. Ba cheart, dá bhrí sin, an tríú catagóir ioncaim (“acmhainní dílse coimhdeacha ”) a chruthú. Ba cheart uasteorainn 10 % den mhéid ghinfear ó ranníocaíochtaí agus táillí comhlachais a chur le cion na n-acmhainní dílse coimhdeacha i mbuiséad iomlán páirtí pholaitiúil Eorpaigh fondúireachta polaitiúla Eorpaí ionas go mbeidh sé comhréireach gcónaí i ndáil le buiséad foriomlán na n-eintiteas sin.

Leasú 6

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 39

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(39)

Ar mhaithe le dul i dteagmháil lena mbaill agus lena dtoghcheantair ar fud an Aontais, ba cheart do pháirtithe polaitiúla Eorpacha an ceart a bheith acu a gcuid maoinithe a úsáid le haghaidh feachtas polaitiúil trasteorann. Ba cheart cistiú agus teorannú speansas toghcháin do pháirtithe agus d’iarrthóirí sna feachtais sin a bheith á rialú leis na rialacha is infheidhme i ngach Ballstát.

(39)

Chun dul i dteagmháil lena mbaill agus lena dtoghcheantair ar fud an Aontais, ba cheart an ceart a bheith ag páirtithe polaitiúla Eorpacha a gcuid maoinithe a úsáid le haghaidh feachtais pholaitiúla trasteorann , amhail feachtais reifrinn agus feachtais arna seoladh i gcomhthéacs thoghcháin Pharlaimint na hEorpa, lena n-áirítear trí liostaí uile-Aontais d’iarrthóirí i dtoghcháin den sórt sin a chur ar bun agus a chur chun cinn . Ba cheart cistiú agus teorannú speansas toghcháin do pháirtithe agus d’iarrthóirí sna feachtais sin a bheith á rialú leis na rialacha is infheidhme i ngach Ballstát.

Leasú 7

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 41

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(41)

Maidir le páirtithe polaitiúla Eorpacha , níor cheart dóibh páirtithe polaitiúla eile, agus go háirithe páirtithe nó iarrthóirí náisiúnta, a chistiú go díreach ná go hindíreach. Maidir le fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha, níor cheart dóibh páirtithe polaitiúla Eorpacha nó náisiúnta ná iarrthóirí Eorpacha nó náisiúnta a mhaoiniú, go díreach ná go hindíreach. Níor cheart go gcuirfeadh an toirmeasc ar mhaoiniú indíreach cosc, áfach, ar pháirtithe polaitiúla Eorpacha tacaíocht phoiblí a thabhairt dá mballpháirtithe san Aontas agus dul i dteagmháil leo maidir le saincheisteanna atá ábhartha don Aontas, tacú le gníomhaíochtaí polaitiúla ar mhaithe leis an leas coiteann, chun a bheith in ann a misean faoi Airteagal 10 (4) CAE a chomhlíonadh. Thairis sin, níor cheart do pháirtithe polaitiúla Eorpacha ná a bhfondúireachtaí polaitiúla Eorpacha gníomhaíochtaí a mhaoiniú i gcomhthéacs feachtas reifrinn náisiúnta ach nuair a bhaineann siad le cur chun feidhme CAE agus CFAE  . Léiríonn na prionsabail sin a bhfuil i nDearbhú Uimh. 11 maidir le hAirteagal 191 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh atá curtha i gceangal le hIonstraim Chríochnaitheach Chonradh Nice.

(41)

Níor cheart do pháirtithe polaitiúla Eorpacha ná d’fhondúireachtaí polaitiúla Eorpacha cistiú a fhaightear ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh a úsáid chun eintitis pholaitiúla eile, agus go háirithe páirtithe nó iarrthóirí náisiúnta, a chistiú go díreach ná go hindíreach. Níor cheart go gcuirfeadh an toirmeasc ar chistiú indíreach cosc, áfach, ar pháirtithe polaitiúla Eorpacha nó fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha tacaíocht phoiblí a thabhairt dá mballpháirtithe nó a mballeagraíochtaí san Aontas agus oibriú i gcomhar leo maidir le saincheisteanna atá ábhartha don Aontas, tacú le gníomhaíochtaí polaitiúla ar mhaithe leis an leas coiteann, nó dul i mbun gníomhaíochtaí oideachasúla, chun bheith in ann a misean faoi Airteagal 10 (4) CAE a chomhlíonadh agus an pobal daonlathach Eorpach a neartú . Níor cheart go gcuirfeadh an toirmeasc ar chistiú indíreach cosc ar ionadaithe nó foireann na bpáirtithe polaitiúla, ná daoine a d’fhéadfadh a bheith gníomhach go polaitiúil, a bheith rannpháirteach in imeachtaí arna n-eagrú ag fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha. Níor cheart d’fhondúireachtaí polaitiúla Eorpacha, áfach, oiliúint a chur ar iarrthóirí polaitiúla sna sé mhí roimh thoghcháin náisiúnta nó Eorpacha. Thairis sin, níor cheart do pháirtithe polaitiúla Eorpacha gníomhaíochtaí a mhaoiniú ach amháin i gcomhthéacs feachtais náisiúnta reifrinn nuair a bhaineann siad le saincheisteanna a bhfuil baint dhíreach acu leis an Aontas . Léiríonn na prionsabail sin a bhfuil i nDearbhú Uimh. 11 maidir le hAirteagal 191 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh atá curtha i gceangal le hIonstraim Chríochnaitheach Chonradh Nice.

Leasú 8

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 50

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(50)

Is gá stór coiteann a bhunú le haghaidh nochtadh páirtithe polaitiúla Eorpacha. I bhfianaise an róil shonraigh atá aige i gcur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart don Údarás stór lárnach den sórt sin a bhunú agus a bhainistiú mar chuid den Chlárlann do pháirtithe polaitiúla Eorpacha. Ba cheart do Pháirtithe Polaitiúla Eorpacha an fhaisnéis atá sa stór lárnach a tharchur chuig an Údarás i bhformáid chaighdeánach agus féadfar í a uathoibriú. Ba cheart do pháirtithe polaitiúla Eorpacha faisnéis a chur ar fáil i  stór lárnach an Údaráis ionas gur féidir comhthéacs níos leithne an fhógra pholaitiúil a  chumasú agus chun a n-aidhmeanna a thuiscint. An fhaisnéis maidir leis an méid a leithdháiltear ar fhógraíocht pholaitiúil i gcomhthéacs feachtais ar leith atá le cur sa stór lárnach , féadfar í a bhunú ar leithdháileadh measta maoinithe. Áirítear ar na méideanna atá le lua sa stór tabhartais chun críocha sonracha nó sochair chomhchineáil.

(50)

Is gá stór coiteann a bhunú le haghaidh nochtadh páirtithe polaitiúla Eorpacha. I bhfianaise an róil shonraigh atá aige i gcur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart don Údarás stór lárnach den sórt sin a bhunú agus a bhainistiú mar chuid den Chlárlann do pháirtithe polaitiúla Eorpacha. Ba cheart do Pháirtithe Polaitiúla Eorpacha an fhaisnéis atá sa stór lárnach a tharchur chuig an Údarás i bhformáid chaighdeánach agus féadfar í a uathoibriú. Ba cheart do pháirtithe polaitiúla Eorpacha faisnéis a chur ar fáil i  stóras lárnach an Údaráis ionas gur féidir leis na saoránaigh comhthéacs níos leithne agus cuspóirí an fhógra pholaitiúil a thuiscint. Féadfar an fhaisnéis maidir leis an méid a leithdháiltear ar fhógraíocht pholaitiúil i gcomhthéacs feachtas ar leith atá le cur sa stóras lárnach a bhunú ar mheastachán réalaíoch ar chistiú agus ar na méideanna iarbhír, a luaithe is eol iad. Ar na méideanna atá le lua sa stóras, áirítear tabhartais chun críoch sonrach, sochair chomhchineáil , ranníocaíochtaí, táillí comhlachais agus acmhainní dílse coimhdeacha .

Leasú 9

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 61

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(61)

Chun faireachán ar chur chun feidhme an Rialacháin seo a éascú, ba cheart do gach Ballstát pointí teagmhála aonair a ainmniú atá i gceannas ar chomhordú leis an leibhéal Eorpach. Ba cheart acmhainní leordhóthanacha a bheith ag na pointí teagmhála sin chun comhordú éifeachtach a áirithiú, lena n-áirítear maidir le saincheisteanna a bhaineann le faireachán a dhéanamh ar fhógraíocht pholaitiúil,

(61)

Chun faireachán ar chur chun feidhme an Rialacháin seo a éascú, ba cheart do gach Ballstát pointí teagmhála aonair a ainmniú atá i gceannas ar chomhordú leis an leibhéal Eorpach. Ba cheart acmhainní leordhóthanacha a bheith ag na pointí teagmhála sin chun comhordú éifeachtach a áirithiú, lena n-áirítear maidir le saincheisteanna a bhaineann le faireachán a dhéanamh ar fhógraíocht pholaitiúil . Ba cheart don Údarás na pointí teagmhála aonair arna n-ainmniú ag na Ballstáit a thabhairt le chéile chun dea-chleachtais a mhalartú maidir le hábhair leasa choitinn.

Leasú 10

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 1 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)

aithnítear é i ndlíchóras Ballstáit amháin ar a laghad, nó atá tá sé bunaithe i gcomhréir leis an dlíchóras sin;

(b)

aithnítear é i ndlíchóras Ballstáit amháin ar a laghad, nó i ndlíchóras tríú tír ar cuid de Chomhairle na hEorpa é agus a bhfuil lánchearta ionadaíochta aige inti, nó tá sé bunaithe i gcomhréir leis an dlíchóras sin;

Leasú 11

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(3)

Ciallaíonn “páirtí polaitiúil Eorpach” comhaontas polaitiúil a shaothraíonn cuspóirí polaitiúla, a bhfuil sé d’aidhm aige na cuspóirí sin a shaothrú ar fud an Aontais, agus atá cláraithe leis an Údarás um pháirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha dá dtagraítear in Airteagal 7 , i gcomhréir leis an Rialachán seo;

(3)

Ciallaíonn “páirtí polaitiúil Eorpach” comhaontas polaitiúil a shaothraíonn cuspóirí polaitiúla, a bhfuil sé d’aidhm aige na cuspóirí sin a shaothrú ar fud an Aontais, agus a bhfuil tromlach a bhallpháirtithe aitheanta ag dlíchóras aon Bhallstáit amháin ar a laghad nó bunaithe i gcomhréir leis an dlíchóras sin agus a bhfuil a suíomh laistigh den Aontas Eorpach acu, agus atá cláraithe leis an Údarás um pháirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha dá dtagraítear in Airteagal 7 , i gcomhréir leis an Rialachán seo;

Leasú 12

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 7

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(7)

ciallaíonn “deonachán ” aon tairiscint d’airgead tirim , aon tairiscint chomhchineáil, aon earraí, seirbhísí (lena n-áirítear iasachtaí) agus/nó oibreacha a sholáthar faoi bhun luach an mhargaidh agus/nó hidirbheart ar bith eile arb ionann iad agus buntáiste eacnamaíoch don pháirtí polaitiúil Eorpach nó don fhondúireacht pholaitiúil Eorpach lena mbaineann, cé is moite de ranníocaíochtaí ó chomhaltaí agus de ghnáthghníomhaíochtaí polaitiúla a dhéanann daoine aonair ar bhonn saorálach;

(7)

ciallaíonn “deonachán ” aon íocaíocht , aon tairiscint chomhchineáil, aon earraí, seirbhísí (lena n-áirítear iasachtaí) agus/nó oibreacha a sholáthar faoi bhun luach an mhargaidh agus/nó aon idirbheart eile arb ionann é agus buntáiste eacnamaíoch don pháirtí polaitiúil Eorpach nó don fhondúireacht pholaitiúil Eorpach lena mbaineann, cé is moite de ranníocaíochtaí , táillí comhlachais, acmhainní dílse coimhdeacha agus gnáthghníomhaíochtaí polaitiúla a dhéanann daoine aonair ar bhonn saorálach;

Leasú 13

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 8

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(8)

ciallaíonn “ranníocaíocht ó chomhaltaí” aon íocaíocht in airgead tirim , lena n-áirítear táillí comhaltais, nó aon ranníocaíocht comhchineáil, nó aon earraí, seirbhísí (lena n-áirítear iasachtaí) nó oibreacha a sholáthar faoi bhun luach an mhargaidh agus le hidirbheart ar bith eile arb ionann é agus buntáiste eacnamaíoch don pháirtí polaitiúil Eorpach nó don fhondúireacht pholaitiúil Eorpach lena mbaineann, nuair is é an páirtí polaitiúil Eorpach nó an fhondúireacht pholaitiúil Eorpach nó duine dá gcuid comhaltaí faoi seach a sholáthraíonn é , cé is moite de ghnáthghníomhaíochtaí polaitiúla a dhéanann daoine aonair ar bhonn saorálach;

(8)

ciallaíonn “ranníocaíocht ” aon íocaíocht, seachas i gcás ina gcuirtear in iúl go soiléir go dtagann an ranníocaíocht ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh , lena n-áirítear táillí comhaltais, nó aon ranníocaíocht comhchineáil, nó aon earraí, seirbhísí (lena n-áirítear iasachtaí) nó oibreacha a sholáthar faoi bhun luach an mhargaidh agus aon idirbheart eile arb ionann é agus buntáiste eacnamaíoch don pháirtí polaitiúil Eorpach nó don fhondúireacht pholaitiúil Eorpach lena mbaineann, a fhaigheann an páirtí polaitiúil Eorpach sin nó an fhondúireacht pholaitiúil Eorpach sin ó cheann dá comhaltaí nó dá comhaltaí a bhfuil a shuíomh aige nó a áit chónaithe aige nó a háit chónaithe aici san Aontas , cé is moite de ghnáthghníomhaíochtaí polaitiúla a dhéanann daoine aonair ar bhonn saorálach;

Leasú 14

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 8 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(8 a)

ciallaíonn “táillí comhlachais” aon íocaíocht a fhaigheann an páirtí polaitiúil Eorpach nó an fhondúireacht pholaitiúil Eorpach ó cheann dá bhallpháirtithe nó bhalleagraíochtaí nó ballpháirtithe nó balleagraíochtaí a bhfuil a shuíomh aige i dtríú tír ar cuid de Chomhairle na hEorpa í agus a bhfuil lánchearta ionadaíochta aige inti;

Leasú 15

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 9

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(9)

Ciallaíonn “acmhainní dílse” ioncam a ghintear le gníomhaíochtaí eacnamaíocha dílse, amhail táillí comhdhála agus díolacháin foilseachán ;

(9)

ciallaíonn “acmhainní dílse coimhdeacha ” ioncam a ghintear le gníomhaíochtaí eacnamaíocha dílse, amhail ó ghníomhaíochtaí comhpháirteacha le heintitis pholaitiúla eile, díol foilseachán, táillí rannpháirtíochta le haghaidh comhdhálacha nó ceardlann, nó gníomhaíochtaí eile a bhfuil baint dhíreach acu le gníomhaíochtaí polaitiúla ;

Leasú 16

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 10

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(10)

Ciallaíonn “maoiniú indíreach” cistiú óna bhfaigheann an ballpháirtí buntáiste airgeadais, fiú i gcás nach n-aistrítear aon chistí go díreach; ba cheart go n-áireofaí leis sin cásanna lena gceadaítear don bhallpháirtí caiteachas a sheachaint a bheadh air murach sin a thabhú chun gníomhaíochtaí, seachas gníomhaíochtaí polaitiúla ar mhaithe leis an leas coiteann , a bheadh eagraithe chun a thairbhe féin agus chun a leasa aonair;

(10)

Ciallaíonn “maoiniú indíreach” cistiú óna bhfaigheann an ballpháirtí buntáiste airgeadais, fiú i gcás nach n-aistrítear aon chistí go díreach; ba cheart go n-áireofaí leis sin cásanna lena gceadaítear don bhallpháirtí caiteachas a sheachaint a bheadh air murach sin a thabhú chun gníomhaíochtaí, seachas gníomhaíochtaí comhpháirteacha le heintitis pholaitiúla eile arna gcómhaoiniú a mhéid a bhaineann siad le saincheisteanna atá ábhartha do réimse gníomhaíochtaí an Aontais , a bheadh eagraithe chun a thairbhe féin agus chun a leasa aonair;

Leasú 17

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 16

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(16)

Ciallaíonn “fógraíocht pholaitiúil” fógrán de réir bhrí phointe (2) d’ Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2022/xx [maidir le trédhearcacht agus spriocdhíriú fógraíochta polaitiúla];

(16)

ciallaíonn “fógraíocht pholaitiúil” “fógraíocht” mar a shainmhínítear i bpointe  (2) d’ Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2022/xx [maidir le trédhearcacht agus spriocdhíriú na fógraíochta polaitiúla];

Leasú 18

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 17

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(17)

Ciallaíonn “ fógraíocht pholaitiúil” fógraíocht de réir bhrí phointe (3) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2022/xx [maidir le trédhearcacht agus spriocdhíriú fógraíochta polaitiúla];]

(17)

ciallaíonn “ fógra polaitiúil”“fógra” mar a shainmhínítear é i bpointe  (3) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2022/xx [maidir le trédhearcacht agus spriocdhíriú na fógraíochta polaitiúla];

Leasú 19

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 18

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(18)

Ciallaíonn “seirbhísí fógraíochta polaitiúla” seirbhísí de réir bhrí phointe (5) d’Airteagal 2 de Rialachán 2022/xx [maidir le trédhearcacht agus spriocdhíriú fógraíochta polaitiúla];

(18)

ciallaíonn “seirbhísí fógraíochta polaitiúla”“seirbhísí” mar a shainmhínítear iad i bpointe  (5) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2022/xx [maidir le trédhearcacht agus spriocdhíriú na fógraíochta polaitiúla];

Leasú 20

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe d

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(d)

comhlíonann sé, go háirithe ina chlár agus ina ghníomhaíochtaí , na luachanna ar a bhfuil an tAontas Eorpach fothaithe mar a chuirtear in iúl in Airteagal 2 CAE , eadhon, meas ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus meas ar chearta an duine, lena n-áirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad . Sólathráíonn sé dearbhú i scríbhinn ag úsáid an teimpléid in Iarscríbhinn I ;

(d)

comhlíonann sé, go háirithe ina chlár agus ina chuid gníomhaíochtaí , na luachanna ar a bhfuil an tAontas Eorpach fothaithe mar a chuirtear in iúl in Airteagal 2 CAE iad , eadhon, meas ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas agus ar an smacht reachta , mar aon le meas ar chearta an duine, lena n-áirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad , agus soláthraíonn sé dearbhú i scríbhinn chuige sin i bhfoirm an teimpléid in Iarscríbhinn I ;

Leasú 21

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe e

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(e)

áirithítear leis freisin go n-urramaíonn na ballpháirtithe a bhfuil a suíomh san Aontas acu na luachanna a chuirtear in iúl in Airteagal 2 CAE agus go n-urramaíonn na ballpháirtithe a bhfuil a suíomh lasmuigh den Aontas na luachanna coibhéiseacha. Soláthraíonn sé dearbhú i scríbhinn ag úsáid an teimpléid in Iarscríbhinn I ;

(e)

áirithíonn sé freisin go n-urramaíonn a chuid ballpháirtithe a bhfuil a suíomh san Aontas acu na luachanna a chuirtear in iúl in Airteagal 2 CAE agus go n-urramaíonn a chuid ballpháirtithe a bhfuil a suíomh acu i dtríú tír ar cuid de Chomhairle na hEorpa í agus a bhfuil lánchearta ionadaíochta aici inti luachanna coibhéiseacha , agus soláthraíonn sé dearbhú i scríbhinn chuige sin i bhfoirm an teimpléid in Iarscríbhinn I ;

Leasú 22

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 2 – pointe c

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c)

comhlíonann sé, go háirithe ina chlár agus ina ghníomhaíochtaí , na luachanna ar a bhfuil an tAontas Eorpach fothaithe mar a chuirtear in iúl in Airteagal 2 CAE , eadhon, meas ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus meas ar chearta an duine, lena n-áirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad . Sólathráíonn sé dearbhú i scríbhinn ag úsáid an teimpléid in Iarscríbhinn I ;

(c)

comhlíonann sé, go háirithe ina chlár agus ina chuid gníomhaíochtaí , na luachanna ar a bhfuil an tAontas Eorpach fothaithe mar a chuirtear in iúl in Airteagal 2 CAE iad , eadhon, meas ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus meas ar chearta an duine, lena n-áirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad , agus soláthraíonn sé dearbhú i scríbhinn chuige sin i bhfoirm an teimpléid in Iarscríbhinn I ;

Leasú 23

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 2 – pointe d

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(d)

áirithítear leis freisin go n-urramaíonn a chuid balleagraíochtaí a bhfuil a suíomh san Aontas acu na luachanna a chuirtear in iúl in Airteagal 2 CAE agus go n-urramaíonn a chuid balleagraíochtaí a bhfuil a suíomh lasmuigh den Aontas na luachanna coibhéiseacha. Soláthraíonn sé dearbhú i scríbhinn ag úsáid an teimpléid in Iarscríbhinn I ;

(d)

áirithíonn sé freisin go n-urramaíonn a chuid balleagraíochtaí a bhfuil a suíomh san Aontas acu na luachanna a chuirtear in iúl in Airteagal 2 CAE agus go n-urramaíonn a chuid balleagraíochtaí a bhfuil a suíomh acu i dtríú tír ar cuid de Chomhairle na hEorpa é agus a bhfuil lánchearta ionadaíochta aige inti luachanna coibhéiseacha , agus soláthraíonn sé dearbhú i scríbhinn chuige sin i bhfoirm an teimpléid in Iarscríbhinn I ;

Leasú 24

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 1 – pointe i

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(i)

ceanglas ar na ballpháirtithe lógó an pháirtí pholaitiúil Eorpaigh a thaispeáint ar bhealach atá infheicthe go soiléir agus áisiúil don úsáideoir, ag sonrú go bhfuil sé le bheith ar bharr leathanach tosaigh shuíomh gréasáin an bhallpháirtí agus ar bhealach atá chomh hinfheicthe céanna agus lógó an bhallpháirtí féin;

scriosta

Leasú 131

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 1 – pointe j

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(j)

a rialacha inmheánacha maidir le cothromaíocht inscne.

(j)

a chuid rialacha inmheánacha féin maidir le comhionannas inscne.

Leasú 26

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 4a

Oibleagáidí trédhearcachta maidir le húsáid lógónna, foilsiú na gclár polaitiúil agus cothromaíocht inscne

1.     Áiritheoidh gach páirtí polaitiúil Eorpach go bhfoilseoidh na ballpháirtithe clár polaitiúil agus lógó an pháirtí pholaitiúil Eorpaigh ar a suíomhanna gréasáin. Taispeánfar lógó an pháirtí pholaitiúil Eorpaigh ar bhealach sofheicthe ag barr an leathanaigh tosaigh ar shuíomh gréasáin an bhallpháirtí.

2.     Foilseoidh gach páirtí polaitiúil Eorpach agus a bhallpháirtithe faisnéis ar a suíomhanna gréasáin faoin gcothromaíocht inscne i measc na n-iarrthóirí i dtoghcháin Pharlaimint na hEorpa a tharlaíonn tar éis an … [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], mar aon le faisnéis nuashonraithe maidir le hionadaíocht na n-inscní i measc Fheisirí Pharlaimint na hEorpa. Áiritheoidh gach páirtí polaitiúil Eorpach go ndéanfaidh a bhallpháirtithe an fhaisnéis sin i dtaca lena gcuid iarrthóirí faoi seach sna toghcháin Eorpacha agus i dtaca le Feisirí Pharlaimint na hEorpa a fhoilsiú ar a suíomhanna gréasáin.

Leasú 27

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.   Déanfaidh gach páirtí polaitiúil Eorpach , laistigh de chúig lá oibre ón uair a scaipfear é den chéad uair, faisnéis a tharchur chuig an Údarás maidir le gach fógra polaitiúil a urraíonn nó a fhoilsíonn sé go díreach ionas gur féidir leis na saoránaigh comhthéacs níos leithne na fógraíochta pholaitiúil a thuiscint agus a aidhmeanna a thuiscint . Áireofar san fhaisnéis sin ar a laghad an fhaisnéis a liostaítear i bpointe 1 d’Iarscríbhinn II.

2.   Déanfaidh gach páirtí polaitiúil Eorpach faisnéis a tharchur chuig an Údarás maidir le gach fógra polaitiúil a urraíonn nó a fhoilsíonn sé go díreach ionas gur féidir leis na saoránaigh comhthéacs níos leithne agus cuspóirí an fhógra pholaitiúil a thuiscint. Áireofar san fhaisnéis sin ar a laghad an fhaisnéis a liostaítear i bpointe 1 d’Iarscríbhinn II. Cuirfear an fhaisnéis ar fáil don Údarás i bhfoirm atá inrochtana agus i dteanga shoiléir.

Leasú 28

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.   Foilseoidh an tÚdarás an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 láithreach sa stór lárnach dá bhforáiltear in Airteagal 8. Cuirfear an fhaisnéis i láthair i bhfoirm atá inrochtana go héasca, infheicthe go soiléir agus soláimhsithe, agus i dteanga shimplí.

3.   Foilseoidh an tÚdarás an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 sa stór lárnach dá bhforáiltear in Airteagal 8 gan moill mhíchuí.

Leasú 29

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 6

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

6.     Ainmneoidh na Ballstáit údarás rialála náisiúnta amháin nó níos mó atá inniúil chun maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh míreanna 1, 2 agus 4 agus tabharfaidh siad fógra don Údarás ina leith sin. Déanfaidh na húdaráis nó do na comhlachtaí rialála náisiúnta sin a gcumhachtaí a fheidhmiú go neamhchlaonta agus go trédhearcach agus ba cheart dóibh a bheith leithleach go dlíthiúil ón rialtas agus neamhspleách ó thaobh feidhme ar a rialtais faoi seach agus ar aon chomhlacht poiblí nó príobháideach eile. Foilseoidh an tÚdarás ar a shuíomh gréasáin liosta d’údaráis rialála náisiúnta na mBallstát agus coinneoidh sé cothrom le dáta é. Beidh cinntí na n-údarás rialála náisiúnta faoi réir leigheasanna dlíthiúla éifeachtacha. Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir sásamh iomchuí a lorg, arna iarraidh sin d’aon pháirtí leasmhar, á cheangal ar an bPáirtí Polaitiúil Eorpach deireadh a chur le haon sárú ar na hoibleagáidí atá leagtha síos i mír 1, i mír 2 nó i mír 4.

scriosta

Leasú 133

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 1 – pointe i a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ia)

a chuid rialacha inmheánacha féin maidir le comhionannas inscne.

Leasú 134

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 6a

 

Ceanglais maidir le rialacha comhionannais inscne

 

1.     Beidh comhlachtaí rialaithe coláisteacha de pháirtithe polaitiúla Eorpacha agus d’fhondúireachtaí polaitiúla Eorpacha cothrom ó thaobh inscne de.

 

2.     Glacfaidh páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha plean maidir le comhionannas inscne lena n-áireofar sásraí chun rannpháirtíocht ghníomhach na mban ina n-éagsúlacht uile a áirithiú agus iarrfaidh páirtithe polaitiúla Eorpacha ar a mballpháirtithe amhlaidh a dhéanamh.

 

3.     Beidh prótacal ag páirtithe polaitiúla Eorpacha agus ag fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha chun gnéaschiapadh agus ciapadh ar fhorais inscne a chosc, a bhrath agus a chomhrac. Áiritheoidh siad neamhspleáchas agus saineolas na saineolaithe a bheidh i mbun imscrúduithe agus déanfaidh siad bearta iomchuí i leith dhéantóirí na ngníomhartha sin. Déanfaidh páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha an toirmeasc ar ghníomhartha gnéaschiaptha agus ciaptha ar fhorais inscne a ionchorprú ina rialacha inmheánacha.

Leasú 30

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 2 – fomhír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Is é an tÚdarás a dhéanfaidh cinneadh maidir le páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha a chlárú agus a dhíchlárú i gcomhréir leis na nósanna imeachta agus na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo. Sa bhreis air sin, déanfaidh an tÚdarás a fhíorú go tráthrialta go bhfuil na coinníollacha maidir le clárú a leagtar síos in Airteagal 3 agus na forálacha maidir le rialachas a leagtar amach i  gcomhréir le Airteagal 4 ( 1), pointí ( a), (b), (d), (e) agus (f), agus le Airteagal 6 (1) , pointí (a) go (e), agus (g), á gcomhlíonadh i gcónaí ag na páirtithe polaitiúla Eorpacha agus ag na fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha atá cláraithe.

Is é an tÚdarás a dhéanfaidh cinneadh maidir le páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha a chlárú agus a dhíchlárú i gcomhréir leis na nósanna imeachta agus na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo. Sa bhreis air sin, déanfaidh an tÚdarás a fhíorú go tráthrialta go bhfuil na coinníollacha maidir le clárú a leagtar síos in Airteagal 3 agus na forálacha maidir le rialachas a leagtar amach i  bpointí  (a), (b), (d), (e), (f) agus ( h) d’Airteagal 4( 1) agus i bpointí (a) go (e) agus pointe  (g) d’Airteagal 6(1) á gcomhlíonadh i gcónaí ag na páirtithe polaitiúla Eorpacha agus ag na fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha atá cláraithe.

Leasú 31

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5.   Déanfar aon leasuithe ar na doiciméid nó na reachtanna arna dtíolacadh mar chuid den iarratas ar chlárú i gcomhréir le hAirteagal 9 (2) a chur i bhfógra chuig an Údarás agus déanfaidh an tÚdarás an clárú a nuashonrú i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagal 18 (2) agus (4), mutatis mutandis.

5.   Déanfar aon leasuithe ar na doiciméid nó na reachtanna arna dtíolacadh mar chuid den iarratas ar chlárú i gcomhréir le hAirteagal 9 (2) a chur i bhfógra chuig an Údarás laistigh de 2 mhí. Déanfaidh an tÚdarás an clárú a nuashonrú i bhfianaise na leasuithe sin, ag cur na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagal 18 (2) agus (4) i bhfeidhm ar bhealach mutatis mutandis.

Leasú 32

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 6

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

6.   Déanfar liosta nuashonraithe de bhallpháirtithe páirtí pholaitiúil Eorpaigh, a bheidh i gceangal le reachtanna an pháirtí i gcomhréir le hAirteagal 4 (2), a chur chuig an Údarás gach bliain. Aon athruithe a bhféadfadh sé nach gcomhlíonfaidh an páirtí polaitiúil Eorpach an coinníoll a leagtar síos in Airteagal 3(1)(b), pointe (b), a thuilleadh dá n-éis, déanfar iad a chur in iúl don Údarás laistigh de cheithre seachtaine ó tharlaíonn athrú den sórt sin.

6.   Déanfar liosta nuashonraithe de bhallpháirtithe páirtí pholaitiúil Eorpaigh, a bheidh i gceangal le reachtanna an pháirtí i gcomhréir le hAirteagal 4 (2), a chur chuig an Údarás faoin 30 Meán Fómhair gach bliain. Aon athruithe a bhféadfadh sé nach gcomhlíonfaidh an páirtí polaitiúil Eorpach an coinníoll a leagtar síos in Airteagal 3(1)(b), pointe (b), a thuilleadh dá n-éis, déanfar iad a chur in iúl don Údarás laistigh de cheithre seachtaine ó tharlaíonn athrú den sórt sin.

Leasú 33

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – teideal

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Comhlíonadh coinníollacha agus ceanglais an chláraithe a fhíorú

Fíorú, arna dhéanamh ag an Údarás, ar a mhéid atá coinníollacha agus ceanglais an chláraithe á gcomhlíonadh agus scrúdú, arna ndéanamh ag an Údarás, ar na forais le baint den Chlár

Leasú 34

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Gan dochar don nós imeachta a leagtar síos i mír 3 den Airteagal seo , déanfaidh an tÚdarás a fhíorú go tráthrialta go bhfuil na coinníollacha maidir le clárú a leagtar síos in Airteagal 3 agus na forálacha maidir le rialachas a leagtar amach i n Airteagal 4 ( 1), pointí ( a), (b), (d), (e) agus (f), agus in Airteagal 6 (1) , bpointe (a) go pointe (e) agus pointe (g) á gcomhlíonadh i gcónaí ag páirtithe polaitiúla Eorpacha agus ag fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha atá cláraithe.

1.   Gan dochar don nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 11a , déanfaidh an tÚdarás a fhíorú go tráthrialta go bhfuil na coinníollacha maidir le clárú a leagtar síos in Airteagal 3 agus na forálacha maidir le rialachas a leagtar amach i bpointí  (a), (b), (d), (e), (f) agus ( h) d’Airteagal 4( 1) agus i bpointí  (a) go (e) agus pointe  (g) d’Airteagal 6(1) á gcomhlíonadh i gcónaí ag páirtithe polaitiúla Eorpacha agus ag fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha atá cláraithe.

Leasú 35

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.    Má fheictear don Údarás nach bhfuil aon cheann de na coinníollacha don chlárú nó aon cheann de na forálacha rialachais dá dtagraítear i mír 1, cé is moite de na coinníollacha in Airteagal 3(1), bpointe (d) agus in Airteagal 3(2), bpointe (c) á gcomhlíonadh a thuilleadh, tabharfaidh sé fógra ina thaobh sin don pháirtí nó fondúireacht polaitiúil Eorpach lena mbaineann.

2.    I gcás ina measann an tÚdarás , tar éis fíorú arna dhéanamh faoi mhír 1 den Airteagal seo, go bhféadfadh feidhm a bheith ag ceann de na forais díchláraithe faoi Airteagal  19(1), pointe  (a)(i) nó (ii), maidir le páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach, déanfaidh an tÚdarás, gan moill mhíchuí, an páirtí polaitiúil Eorpach nó an fhondúireacht pholaitiúil Eorpach lena mbaineann a chur ar an eolas.

 

I gcás ina bhfuil an tÚdarás ar an eolas faoi imthosca lena dtugtar le fios go bhféadfadh feidhm a bheith ag ceann de na forais díchláraithe faoi Airteagal 19(1), pointe (a), nó faoi Airteagal 19(2) maidir le páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach, déanfaidh an tÚdarás, gan moill mhíchuí, an páirtí polaitiúil Eorpach nó an fhondúireacht pholaitiúil Eorpach lena mbaineann a chur ar an eolas.

 

Agus páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach á chur ar an eolas nó á cur ar an eolas i gcomhréir leis an gcéad fhomhír nó leis an dara fomhír, iarrfaidh an tÚdarás ar an bpáirtí polaitiúil Eorpach sin nó ar an bhfondúireacht pholaitiúil Eorpach sin a bharúlacha nó a barúlacha a thíolacadh laistigh d’aon mhí amháin ón dáta a gheofar an fhaisnéis lena mbaineann.

Leasú 36

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 3 – fomhír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.    1 Féadfaidh Parlaimint na hEorpa, ag gníomhú di uaithi féin nó ar iarraidh réasúnaithe ó ghrúpa saoránach, arna tíolacadh i gcomhréir le forálacha ábhartha a Rialacha Nós Imeachta, nó an Chomhairle nó an Coimisiún, iarraidh ar fhíorú an bhfuil páirtí polaitiúil Eorpach ar leith nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach ar leith ag comhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar síos i n Airteagal 3 (1), pointe (d ), agus in Airteagal 3(2), bpointe (c) a thaisceadh leis an Údarás. I gcásanna den sórt sin agus sna cásanna dá dtagraítear i n Airteagal 19(3), pointe (a), iarrfaidh an tÚdarás ar choiste na ndaoine neamhspleácha oirirce dá dtagraítear in Airteagal 14 tuairim a thabhairt uaidh ar an ábhar. Tabharfaidh an Coiste a thuairim uaidh laistigh de 2 mhí.

3.    I gcás nach gcomhlíontar pointe  ( c), (f) nó (g) d’Airteagal 3( 1), pointe (e ), (f) nó (g) d’ Airteagal 3(2) nó na forálacha rialachais dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo , tabharfaidh an tÚdarás an deis don pháirtí polaitiúil Eorpach lena mbaineann nó don fhondúireacht pholaitiúil Eorpach lena mbaineann na bearta is gá a thabhairt isteach chun an cás a leigheas laistigh den sprioc dá bhforáiltear i mír 2 den Airteagal seo. Féadfaidh an tÚdarás síneadh a chur leis an sprioc tar éis dó iarraidh réasúnaithe a fháil ón bpáirtí polaitiúil Eorpach lena mbaineann nó ón bhfondúireacht pholaitiúil Eorpach lena mbaineann más gá agus más iomchuí síneadh den sórt sin, agus a mhéid is gá agus is iomchuí é, i dtaca leis na bearta ceartaitheacha arna mbeartú ag an bpáirtí polaitiúil Eorpach nó ag an bhfondúireacht pholaitiúil Eorpach.

Leasú 37

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 3 – fomhír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

I gcás ina bhfaighidh an tÚdarás fios faoi fhíorais a d’fhéadfadh amhras a chruthú i dtaobh gan na coinníollacha a leagtar síos i n Airteagal 3(1), pointe (d) agus i n Airteagal 3(2), pointe (c) a bheith á gcomhlíonadh ag páirtí polaitiúil Eorpach ar leith nó ag fondúireacht pholaitiúil Eorpach ar leith, cuirfidh sé an méid sin in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún d’fhonn deis a thabhairt do cheachtar acu iarraidh ar fhíorú, amhail dá dtagraítear sa chéad fhomhír, a thaisceadh. Gan dochar don chéad fhomhír, déanfaidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún a rún intinne ina leith sin a chur in iúl laistigh de dhá mhí ón bhfaisnéis sin a fháil.

scriosta

Leasú 38

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 3 – fomhír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Na nósanna imeachta a leagtar amach sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír, ní dhéanfar iad a thionscnamh laistigh de thréimhse dhá mhí roimh na toghcháin do Pharlaimint na hEorpa. Ní bheidh feidhm ag an teorainn ama sin maidir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 12.

scriosta

Leasú 39

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 3 – fomhír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Ag féachaint don tuairim ón gcoiste, cinnfidh an tÚdarás cibé a ndéanfaidh sé an páirtí polaitiúil Eorpach lena mbaineann nó an fhondúireacht pholaitiúil Eorpach lena mbaineann a dhíchlárú. Beidh réasúnú cuí ag gabháil le cinneadh an Údaráis.

scriosta

Leasú 40

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 3 – fomhír 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Maidir le cinneadh ón Údarás díchlárú a dhéanamh ar fhorais neamhchomhlíonta na gcoinníollacha a leagtar amach i n Airteagal 3(1),pointe (d), nó i n Airteagal 3(2), pointe (c), , ní fhéadfar é a ghlacadh ach amháin i gcás gur ann do shárú follasach agus tromchúiseach ar na coinníollacha sin. Beidh sé faoi réir an nós imeachta a leagtar amach i mír 4.

scriosta

Leasú 41

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 4 – fomhír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4.   Maidir le cinneadh ón Údarás páirtí nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach a  dhíchlárú ar an bhforas gur ann do shárú follasach agus tromchúiseach a mhéid a bhaineann le comhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar amach i n Airteagal 3 (1) , pointe (d), nó i n Airteagal 3 (2) , pointe (c), déanfar é a chur in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Ní thiocfaidh an cinneadh i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle laistigh de thréimhse thrí mhí tar éis an cinneadh a chur in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Comhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. I gcás go ndéanann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle agóid, fanfaidh an páirtí nó an fhondúireacht polaitiúil Eorpach cláraithe .

4.    Ar dhul in éag do na tréimhsí dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3, nó tar éis dó aon bharúlacha nó faisnéis maidir le bearta ceartaitheacha a fháil ón bpáirtí polaitiúil Eorpach lena mbaineann nó ón bhfondúireacht pholaitiúil Eorpach lena mbaineann laistigh den tréimhse sin, déanfaidh an tÚdarás, gan aon mhoill mhíchuí agus i bhfianaise aon bharúlacha den sórt sin arna gcur isteach ag an bpáirtí polaitiúil Eorpach nó ag an bhfondúireacht pholaitiúil Eorpach, mheas an bhfuil feidhm ag aon cheann de na forais díchláraithe faoi phointe (a) d’ Airteagal 19 (1) nó faoi Airteagal 19 (2) maidir leis an bpáirtí polaitiúil Eorpach nó an fhondúireacht pholaitiúil Eorpach.

Leasú 42

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 4 – fomhír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Ní féidir le Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle agóid a dhéanamh in aghaidh an chinnidh ach amháin ar fhorálacha a bhaineann le measúnú chomhlíonadh na gcoinníollacha maidir le chlárú a leagtar amach i n Airteagal 3(1) , pointe (d),agus i n Airteagal 3(2), pointe (c).

scriosta

Leasú 43

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 4 – fomhír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Cuirfear in iúl don pháirtí polaitiúil Eorpach lena mbaineann nó don fhondúireacht pholaitiúil Eorpach lena mbaineann go ndearnadh agóid in aghaidh an chinnidh ón Údarás é nó í a dhíchlárú.

scriosta

Leasú 44

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 4 – fomhír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle seasamh a ghlacadh i gcomhréir lena rialacha cinnteoireachta faoi seach de réir mar atá leagtha síos i gcomhréir leis na Conarthaí. Beidh réasúnú cuí ag gabháil le haon agóid agus poibleofar í.

scriosta

Leasú 45

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5.     Maidir le cinneadh ón Údarás páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach a dhíchlárú, agus nach ndearnadh agóid in aghaidh an chinnidh faoin nós imeachta a leagtar síos i mír 4, mar aon le le forais mhionsonraithe don díchlárú, tabharfar fógra ina leith don pháirtí nó fondúireacht pholaitiúil lena mbaineann agus foilseofar é in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Gabhfaidh éifeacht leis an gcinneadh ach a dtabharfar fógra ina leith i gcomhréir le hAirteagal 297 CFAE.

scriosta

Leasú 46

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 6

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

6.     Forghéillfidh fondúireacht pholaitiúil Eorpach a stádas mar fhondúireacht den sórt sin go huathoibríoch má bhaintear an páirtí polaitiúil Eorpach lena bhfuil sí cleamhnaithe den Chlár.

scriosta

Leasú 47

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 11a

 

Fíorú na gcoinníollacha clárúcháin a bhaineann leis na luachanna ar a bhfuil an tAontas fothaithe

 

1.     Féadfaidh Parlaimint na hEorpa, ag gníomhú di ar a conlán féin nó tar éis di iarraidh réasúnaithe a fháil ó ghrúpa saoránach, arna tíolacadh i gcomhréir le forálacha ábhartha a cuid Rialacha Nós Imeachta, nó an Chomhairle nó an Coimisiún iarraidh ar fhíorú an bhfuil páirtí polaitiúil Eorpach ar leith nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach ar leith ag comhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar síos i bpointí (d) agus (e) d’Airteagal 3(1) agus i bpointí (c) agus (d) d’Airteagal 3(2) a thaisceadh leis an Údarás. I gcásanna den sórt sin, agus sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 11b(2), cuirfidh an tÚdarás an páirtí polaitiúil Eorpach nó an fhondúireacht pholaitiúil Eorpach lena mbaineann ar an eolas gan moill mhíchuí, iarrfaidh sé air nó uirthi a chuid nó a cuid barúlacha a chur isteach agus tabharfaidh sé deis dó nó di bearta a thabhairt isteach chun an cás a leigheas laistigh d'aon mhí amháin.

 

Féadfaidh an tÚdarás síneadh a chur leis an tréimhse tar éis dó iarraidh réasúnaithe a fháil ón bpáirtí polaitiúil Eorpach lena mbaineann nó ón bhfondúireacht pholaitiúil Eorpach lena mbaineann más gá síneadh den sórt sin, agus a mhéid is gá agus is iomchuí é, i dtaca leis na bearta ceartaitheacha arna mbeartú ag an bpáirtí polaitiúil Eorpach nó ag an bhfondúireacht pholaitiúil Eorpach.

 

Ar dhul in éag don tréimhse a luaitear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír nó tar éis dó aon bharúlacha agus faisnéis maidir le bearta ceartaitheacha a fháil ón bpáirtí polaitiúil Eorpach lena mbaineann nó ón bhfondúireacht pholaitiúil Eorpach lena mbaineann laistigh den tréimhse sin, déanfaidh an tÚdarás na barúlacha a thug an páirtí polaitiúil Eorpach nó an fhondúireacht pholaitiúil Eorpach lena mbaineann agus, i gcás inarb infheidhme, an tuairisc ar na bearta ceartaitheacha a ghlac an páirtí nó an fhondúireacht sin a chur faoi bhráid choiste na ndaoine neamhspleácha oirirce dá dtagraítear in Airteagal 14, agus iarrfaidh sé ar an gcoiste sin tuairim a thabhairt ar an ábhar. Tabharfaidh an Coiste a thuairim uaidh laistigh de 2 mhí.

 

I gcás ina bhfaighidh an tÚdarás amach faoi fhíorais a fhágann go bhfuil amhras ann an bhfuil na coinníollacha a leagtar síos i bpointí (d) agus (e) d’Airteagal 3(1) agus i bpointí (c) agus (d) d’Airteagal 3(2) á gcomhlíonadh ag páirtí polaitiúil Eorpach ar leith nó ag fondúireacht pholaitiúil Eorpach ar leith, cuirfidh an tÚdarás an méid sin in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún d’fhonn deis a thabhairt d’aon cheann acu iarraidh ar fhíorú, amhail dá dtagraítear sa chéad fhomhír, a thaisceadh. Gan dochar don chéad fhomhír, cuirfidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún in iúl laistigh de dhá mhí ón bhfaisnéis sin a fháil má tá sé ar intinn acu iarraidh ar fhíorú a thaisceadh.

 

2.     Ní dhéanfar na nósanna imeachta a leagtar síos i mír 1 a thionscnamh laistigh de thréimhse 2 mhí roimh na toghcháin do Pharlaimint na hEorpa.

 

3.     Déanfaidh an tÚdarás cinneadh an ndéanfaidh sé an páirtí polaitiúil Eorpach nó an fhondúireacht pholaitiúil Eorpach lena mbaineann a dhíchlárú, agus tuairim choiste na ndaoine neamhspleácha oirirce dá dtagraítear in Airteagal 14 á cur san áireamh. Beidh réasúnú cuí ag gabháil le cinneadh an Údaráis.

 

4.     Maidir le cinneadh ón Údarás díchlárú a dhéanamh ar an bhforas nár comhlíonadh na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (d) nó (e) d’Airteagal 3(1) nó i bpointe (c) nó (d) d’Airteagal 3(2), ní fhéadfar é a ghlacadh ach amháin i gcás gur ann do shárú follasach agus tromchúiseach ar na coinníollacha sin. Beidh an cinneadh faoi réir an nós imeachta a leagtar amach i mír 5.

 

5.     Maidir le cinneadh ón Údarás páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach a dhíchlárú ar an bhforas gur ann do shárú follasach agus tromchúiseach ar na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (d) nó (e) d’Airteagal 3(1) nó i bpointe (c) nó (d) Airteagal 3(2), déanfar é a chur in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Ní thiocfaidh an cinneadh i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle laistigh de thréimhse thrí mhí tar éis chur in iúl an chinnidh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Comhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. I gcás ina ndéanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle agóid, fanfaidh an páirtí polaitiúil Eorpach nó an fhondúireacht pholaitiúil Eorpach cláraithe.

 

6.     Ní fhéadfaidh Parlaimint na hEorpa ná an Chomhairle agóid a dhéanamh in aghaidh cinneadh ón Údarás páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach a dhíchlárú ach amháin ar fhorais a bhaineann leis an measúnú ar chomhlíonadh na gcoinníollacha maidir le clárú a leagtar amach i bpointe (d) nó (e) d’Airteagal 3(1) agus i bpointe (c) nó (d) d’Airteagal 3(2).

 

7.     I gcás ina ndéantar agóid i gcoinne cinneadh ón Údarás páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach a dhíchlárú, cuirfidh an tÚdarás an páirtí polaitiúil Eorpach nó an fhondúireacht pholaitiúil Eorpach lena mbaineann ar an eolas faoin agóid sin.

 

8.     Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle seasamh a ghlacadh i gcomhréir lena rialacha cinnteoireachta faoi seach a bhunaítear i gcomhréir leis na Conarthaí. Aon agóid a dhéanfar i gcoinne cinneadh ón Údarás páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach a dhíchlárú, beidh réasúnú cuí ag gabháil léi, agus cuirfear ar fáil go poiblí í.

Leasú 48

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 11b

 

Fíorú oibleagáidí faoin dlí náisiúnta

 

1.     Más rud é gur mhainnigh páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach na hoibleagáidí ábhartha faoin dlí náisiúnta is infheidhme de bhun na chéad fhomhíre d’Airteagal 17(2) a chomhlíonadh agus más rud é, i bhfianaise na saoirse comhlachais a chumhdaítear in Airteagal 12 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus an ghá iolrachas na bpáirtithe polaitiúla san Eoraip a áirithiú, go bhfuil an mhainneachtain tromchúiseach go leor chun údar a thabhairt lena dhíchlárú nó lena díchlárú, féadfaidh an Ballstát ina bhfuil suíomh an pháirtí pholaitiúil Eorpaigh nó na fondúireachta polaitiúla Eorpaí iarraidh ar dhíchlárú a dhíriú chuig an Údarás. Beidh réasúnú cuí ag gabháil leis an iarraidh sin. Go háirithe, déanfar na gníomhaíochtaí neamhdhleathacha agus na ceanglais shonracha náisiúnta nár comhlíonadh a lua go cruinn agus go huileghabhálach inti.

 

Más rud é go mbaineann ábhar na hiarrata ón mBallstát díreach, nó den chuid is mó, le gnéithe a dhéanann difear d’urramú na luachanna ar a bhfuil an tAontas fothaithe, mar a chumhdaítear iad in Airteagal 2 CAE, déanfaidh an tÚdarás nós imeachta fíorúcháin a thionscnamh i gcomhréir le hAirteagal 11a.

 

Maidir le haon ábhar eile, i gcás ina ndeimhneoidh an Ballstát san iarraidh uaidh de bhun na chéad fhomhíre gur ann do leigheas éifeachtach ar an iarraidh sin ar an leibhéal náisiúnta agus, i gcás ina mbeidh na leigheasanna uile a bhaineann leis an iarraidh sin ídithe, déanfaidh an tÚdarás, tar éis dó éisteacht le hionadaí an pháirtí pholaitiúil Eorpaigh nó na fondúireachta polaitiúla Eorpaí lena mbaineann, a mheas an bhfuil feidhm ag an bhforas díchláraithe faoi phointe (d) d’Airteagal 19(1) maidir leis an bpáirtí polaitiúil Eorpach nó an fhondúireacht pholaitiúil Eorpach lena mbaineann.

 

2.     Más rud é nár chomhlíon páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach, ar bhealach tromchúiseach, na hoibleagáidí ábhartha faoin dlí náisiúnta is infheidhme de bhun an dara fomhír d’Airteagal 17(2), agus má bhaineann an t-ábhar sin díreach, nó den chuid is mó, le gnéithe a dhéanann difear d’urramú na luachanna ar a bhfuil an tAontas Eorpach fothaithe mar a chumhdaítear iad in Airteagal 2 CAE, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann iarraidh a dhíriú chuig an Údarás i gcomhréir le forálacha na chéad fhomhíre de mhír 1. Leanfaidh an tÚdarás ar aghaidh i gcomhréir leis an dara fomhír de mhír 1.

 

3.     I ngach cás, gníomhóidh an tÚdarás gan mhoill mhíchuí. Cuirfidh an tÚdarás an Ballstát lena mbaineann agus an páirtí polaitiúil Eorpach nó an fhondúireacht pholaitiúil Eorpach lena mbaineann ar an eolas faoi na bearta a rinneadh mar thoradh ar an iarraidh réasúnaithe ar dhíchlárú.

Leasú 49

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 12 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.    Má chuirtear an tÚdarás ar an eolas go ndearna údarás maoirseachta náisiúnta de réir bhrí Airteagal 4, pointe (21), de Rialachán (AE) 2016/679 cinneadh inar fionnadh gur sháraigh duine nádúrtha nó dlítheanach na rialacha is infheidhme maidir le cosaint sonraí pearsanta. agus má fhágann an cinneadh sin, nó i gcás ina mbeidh forais réasúnacha eile lena chreidiúint, go bhfuil nasc ag an sárú le gníomhaíochtaí polaitiúla a rinne páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach i gcomhthéacs toghcháin do Pharlaimint na hEorpa, cuirfidh an tÚdarás an cás sin faoi bhráid choiste na ndaoine neamhspleácha oirirce dá dtagraítear in Airteagal 14 den Rialachán seo. Féadfaidh an tÚdarás, i gcás inar gá, idirchaidreamh a dhéanamh leis an údarás maoirseachta náisiúnta lena mbaineann.

2.    Cuirfear an tÚdarás ar an eolas faoi aon chinneadh arna dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta ag údarás maoirseachta náisiúnta mar a shainmhínítear i bpointe  (21) d’Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2016/679 é inar fionnadh gur sháraigh duine nádúrtha nó dlítheanach na rialacha is infheidhme maidir le cosaint sonraí pearsanta agus má fhágann an cinneadh sin nó i gcás ina mbeidh forais réasúnacha eile ann a chreidiúint go bhfuil baint ag an sárú le gníomhaíochtaí polaitiúla a rinne páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach i gcomhthéacs thoghcháin Pharlaimint na hEorpa, cuirfidh an tÚdarás an cás sin faoi bhráid choiste na ndaoine neamhspleácha oirirce dá dtagraítear in Airteagal 14 den Rialachán seo. Féadfaidh an tÚdarás, i gcás inar gá, idirchaidreamh a dhéanamh leis an údarás maoirseachta lena mbaineann.

Leasú 50

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 12 – mír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4.   Ag féachaint don tuairim ón gcoiste, cinnfidh an tÚdarás, de bhun Airteagal 30( 2 ), pointe (a)(vii), an bhforchuirfidh sé smachtbhannaí airgeadais ar an bpáirtí polaitiúil Eorpach lena mbaineann nó ar an bhfondúireacht pholaitiúil Eorpach lena mbaineann. Beidh réasúnú cuí ag an gcinneadh ón Údarás, go háirithe maidir leis an tuairim ón gcoiste, agus foilseofar é go gasta.

4.   Ag féachaint don tuairim ón gcoiste, cinnfidh an tÚdarás, de bhun Airteagal 30( 1 ), pointe (a)(vii), an bhforchuirfidh sé smachtbhannaí airgeadais ar an bpáirtí polaitiúil Eorpach lena mbaineann nó ar an bhfondúireacht pholaitiúil Eorpach lena mbaineann. Beidh réasúnú cuí ag an gcinneadh ón Údarás, go háirithe maidir leis an tuairim ón gcoiste, agus foilseofar é go gasta.

Leasú 51

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 12 – mír 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5.   Ní dochar an nós imeachta a leagtar amach san Airteagal seo don nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 11 .

5.   Ní dochar an nós imeachta a leagtar amach san Airteagal seo don nós imeachta a leagtar amach in Airteagail 11, 11a agus 11b. Ní bheidh feidhm ag an tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 11a(2) maidir leis an nós imeachta a leagtar amach san Airteagal seo .

Leasú 52

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Déanfaidh an tÚdarás tuarascáil a ullmhú agus a fhoilsiú gach bliain maidir le gníomhaíocht fógraíochta polaitiúil páirtithe polaitiúla Eorpacha. Áireofar sa tuarascáil sin achoimre fhíorasach ar na tuarascálacha don bhliain ábhartha tuairiscithe arna bhfoilsiú ag páirtithe polaitiúla Eorpacha de réir Airteagal 5 (4) , chomh maith le haon chinntí de chuid na n-údarás rialála náisiúnta arna n-ainmniú faoi Airteagal 5(6) nó de chuid na n-údarás maoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 5(7) ina gcinntear gur sháraigh páirtí polaitiúil Eorpach Airteagal 5 den Rialachán seo .

Déanfaidh an tÚdarás tuarascáil a ullmhú agus a fhoilsiú gach bliain maidir le gníomhaíocht fógraíochta polaitiúla na bpáirtithe polaitiúla Eorpacha. Áireofar sa tuarascáil sin na tuarascálacha don bhliain ábhartha tuairiscithe arna bhfoilsiú ag páirtithe polaitiúla Eorpacha i gcomhréir le hAirteagal 5 (4).

Leasú 53

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 19 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.    Déanfaidh páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach a phearsantacht dhlítheanach Eorpach a chailleadh ar fhógra a thabhairt i leith cinnidh de bhun Airteagal 11(5).

1.    Caillfidh páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach a phearsantacht dhlítheanach nó a pearsantacht dhlítheanach ar é nó í a bheith bainte den Chlár trí chinneadh ón Údarás:

 

(a)

más rud é, i gcomhthéacs an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 11, go bhfaighidh an tÚdarás

 

 

(i)

nach bhfuil ceann de na coinníollacha maidir le clárú a leagtar síos i bpointe (a), (b), (c), (f) nó (g) d’Airteagal 3(1), nó i bpointe (a), (b), (e), (f) nó (g) d’Airteagal 3(2) á chomhlíonadh ag an bpáirtí polaitiúil Eorpach nó an fhondúireacht pholaitiúil Eorpach i dtrácht;

 

 

(ii)

nach bhfuil ceann de na forálacha rialachais a leagtar síos i bpointe (a), (b), (d), (e), (f), (h) nó (i) d’Airteagal 4(1) nó i bpointí (a) go (e) nó (g) d’Airteagal 6(1) á chomhlíonadh ag an bpáirtí polaitiúil Eorpach nó an fhondúireacht pholaitiúil Eorpach i dtrácht;

 

 

(iii)

go bhfuil an páirtí polaitiúil Eorpach nó an fhondúireacht pholaitiúil Eorpach i dtrácht i gceann de na cásanna eisiaimh dá dtagraítear in Airteagal 136(1) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046;

 

 

(iv)

go bhfuil an cinneadh an páirtí polaitiúil Eorpach nó an fhondúireacht pholaitiúil Eorpach i dtrácht a chlárú bunaithe ar fhaisnéis atá cinniúnach don chinneadh clárúcháin agus a bhí mícheart nó míthreorach, nó gur trí mheabhlaireacht a fuarthas an cinneadh;

 

(b)

más rud é, i gcomhthéacs an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 11a, go suífidh an tÚdarás go ndearna an páirtí polaitiúil Eorpach i dtrácht nó a bhallpháirtithe nó an fhondúireacht pholaitiúil Eorpach i dtrácht nó a balleagraíochtaí sárú follasach agus tromchúiseach ar na coinníollacha maidir le clárú a leagtar síos i bpointe (d) nó (e) d’Airteagal 3(1) nó i bpointe (c) nó (d) d’Airteagal 3(2) agus a bhaineann leis na luachanna a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE;

 

(c)

ar iarraidh ón bpáirtí polaitiúil Eorpach nó ón bhfondúireacht pholaitiúil Eorpach lena mbaineann; nó

 

(d)

ar iarraidh ó Bhallstát a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 11b(1) agus (3).

Leasú 54

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 19 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.    Bainfear páirtí polaitiúil Eorpach fondúireacht pholaitiúil Eorpach den Chlár trí chinneadh ón Údarás:

2.    Más rud é go gcinneann an tÚdarás páirtí polaitiúil Eorpach a bhaint den Chlár, bainfidh sé den Chlár freisin fondúireacht pholaitiúil Eorpach atá cleamhnaithe leis.

(a)

mar thoradh ar chinneadh arna ghlacadh de bhun Airteagal 11(2) go (5);

 

(b)

sna cúinsí dá bhforáiltear in Airteagal 11(6);

 

(c)

ar iarraidh ón bpáirtí polaitiúil Eorpach nó ón bhfondúireacht pholaitiúil Eorpach lena mbaineann;

 

(d)

sna cásanna dá dtagraítear i mhír 3, an chéad fhomhír, pointe (b),:

 

Leasú 55

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 19 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.    Má mhainnigh páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach go tromchúiseach na hoibleagáidí ábhartha faoin dlí náisiúnta, is infheidhme de bhua an chéad fhomhír d’Airteagal 17(2), a chomhlíonadh, féadfaidh an Ballstát ina bhfuil an suíomh iarraidh chuí-réasúnaithe le haghaidh díchlárú a dhíriú chuig an Údarás, arb iarraidh é a sainaithneofar leis go beacht agus go cuimsitheach na gníomhaíochtaí mídhleathacha agus na riachtanais shonracha náisiúnta nár comhlíonadh. Sna cásanna sin, déanfaidh an tÚdarás an méid seo a leanas:

3.    Maidir le cinneadh an Údaráis páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach a bhaint den Chlár, díreofar é chuig an bpáirtí polaitiúil Eorpach nó an fhondúireacht pholaitiúil Eorpach lena mbaineann agus tabharfar fógra dó nó di faoi. Foilseofar an cinneadh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(a)

i dtaobh nithe a bhaineann go heisiach nó den chuid is mó le heilimintí a dhéanann difear d’urramú na luachanna ar a bhfuil an tAontas Eorpach fothaithe mar atá luaite in Airteagal 2 CAE, nós imeachta fíorúcháin a thionscnamh i gcomhréir le hAirteagal 11 (3) den Rialachán seo . Beidh feidhm ag Airteagail 11, (4), (5) agus (6) den Rialachán seo freisin;

 

(b)

le haghaidh aon ní eile, agus nuair a dhearbhóidh an iarraidh réasúnaithe ón mBallstát lena mbaineann go bhfuil na leigheasanna náisiúnta go léir ídithe, a chinneadh an páirtí polaitiúil Eorpach nó an fhondúireacht pholaitiúil Eorpach lena mbaineann a bhaint den Chlár.

 

Má mhainnigh páirtí polaitiúil nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach go tromchúiseach na hoibleagáidí ábhartha faoin dlí náisiúnta, is infheidhme de bhua an dara fomhír d’Airteagal 17(2), a chomhlíonadh, agus má bhaineann an ní sin go heisiach nó den chuid is mó le heilimintí a dhéanann difear d’urramú na luachanna ar a bhfuil an tAontas Eorpach fothaithe mar atá luaite in Airteagal 2 CAE, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann iarraidh a dhíriú chuig an Údarás i gcomhréir le forálacha na chéad fhomhíre den mhír seo. Leanfaidh an tÚdarás ar aghaidh i gcomhréir le den chéad fhomhír, pointe (a), den mhír seo.

 

I ngach cás, gníomhóidh an tÚdarás gan mhoill mhíchuí. Cuirfidh an tÚdarás an Ballstát lena mbaineann agus an páirtí polaitiúil Eorpach lena mbaineann nó an fhondúireacht pholaitiúil Eorpach lena mbaineann ar an eolas faoin obair leantach maidir leis an iarraidh réasúnaithe le haghaidh díchlárú.

 

Leasú 56

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 19 – mír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4.     Déanfaidh an tÚdarás an dáta foilsithe dá dtagraítear i mír 1 a leagan síos tar éis dul i gcomhairle leis an mBallstát ina bhfuil a shuíomh ag an bpáirtí polaitiúil Eorpach nó ag an bhfondúireacht pholaitiúil Eorpach.

scriosta

Leasú 57

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 20 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Maidir le páirtí polaitiúil Eorpach atá cláraithe i gcomhréir leis na coinníollacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos sa Rialachán seo, arna ionadú i bParlaimint na hEorpa ag duine amháin dá chomhaltaí ar a laghad, agus nach bhfuil i gceann de na cásanna eisiaimh dá dtagraítear in Airteagal 136 (1) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046  , féadfaidh sé cur isteach ar chistiú ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir leis na téarmaí agus na coinníollacha a fhoilseoidh Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa i nglao ar ranníocaíochtaí.

1.   Maidir le páirtí polaitiúil Eorpach atá cláraithe i gcomhréir leis na coinníollacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos sa Rialachán seo, arna ionadú i bParlaimint na hEorpa ag duine amháin dá chomhaltaí ar a laghad, agus nach bhfuil i gceann de na cásanna eisiaimh dá dtagraítear in Airteagal 136 (1) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 , féadfaidh sé cur isteach ar chistiú ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir leis na téarmaí agus coinníollacha a fhoilseoidh Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa i nglao ar ranníocaíochtaí ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh .

Leasú 58

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 20 – mír 3 – fomhír 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Glacfar le comhaltas díreach Pharlaimint na hEorpa i gcásanna nach comhalta é Feisire de Pharlaimint na hEorpa de pháirtí náisiúnta nó réigiúnach atá cleamhnaithe le páirtí polaitiúil Eorpach.

Leasú 59

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 20 – mír 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5.   Laistigh de na teorainneacha a leagtar amach in Airteagal 24 agus in Airteagal 25, áireofar le caiteachas is iníoctha trí ranníocaíocht airgeadais caiteachas riaracháin agus caiteachas atá nasctha le cúnamh teicniúil, le cruinnithe, le taighde, le himeachtaí trasteorann, le staidéir, le faisnéis agus foilseacháin, chomh maith le caiteachas atá nasctha le feachtais.

5.   Laistigh de na teorainneacha a leagtar amach in Airteagail 24 agus 25, áireofar le caiteachas is iníoctha trí ranníocaíocht airgeadais ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh caiteachas riaracháin agus caiteachas atá nasctha le cúnamh teicniúil, le cruinnithe, le taighde, le himeachtaí trasteorann, le staidéir, le faisnéis agus foilseacháin, chomh maith le caiteachas atá nasctha le feachtais.

Leasú 60

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 21 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.    Ar mhaithe le cistiú a fháil ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh, déanfaidh páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach, a chomhlíonann coinníollacha Airteagal 20 (1) nó (2) iarratas a chomhdú le Parlaimint na hEorpa tar éis glao ar ranníocaíochtaí nó tograí .

1.    Chun cistiú a fháil ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh, déanfaidh páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach a chomhlíonann coinníollacha Airteagal 20 (1) nó (2) iarratas a chomhdú le Parlaimint na hEorpa tar éis glao ar ranníocaíochtaí ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh glao ar thograí .

Leasú 61

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 21 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.   Déanfaidh an pháirtí polaitiúil Eorpach agus don an fhondúireacht pholaitiúil Eorpach, tráth a iarratais nó a hiarratais, na hoibleagáidí a liostaítear in Airteagal 26 a chomhlíonadh , agus, ó dháta an iarratais go dtí deireadh na bliana airgeadais nó na gníomhaíochta arna cumhdach ag an ranníocaíocht nó deontas, fanacht faoi chlárú sa Chlár agus ní bheidh sé nó sí faoi réir aon cheann de na smachtbhannaí dá bhforáiltear in Airteagal 30 (1) agus i n bpointe (a)(v), (vi) agus ( vii) d'Airteagal 30( 2) , pointí (a) (v) go (ix) .

2.   Déanfaidh an páirtí polaitiúil Eorpach agus an fhondúireacht pholaitiúil Eorpach, tráth a iarratais nó a hiarratais, na hoibleagáidí a liostaítear in Airteagal 26 a chomhlíonadh. Ó dháta an iarratais go dtí deireadh na bliana airgeadais nó na gníomhaíochta arna cumhdach ag an ranníocaíocht nó deontas ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh , beidh sé nó sí cláraithe sa Chlár i gcónaí agus ní bheidh sé nó sí faoi réir aon cheann de na smachtbhannaí dá bhforáiltear in Airteagal 30 (1) agus i bpointí (a)(v) agus (vi) d’Airteagal 30 (2).

Leasú 62

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 21 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.     Déanfaidh páirtí polaitiúil Eorpach a áireamh ina iarratas fianaise lena léirítear go ndearna a bhallpháirtithe de chuid AE, de ghnáth, clár polaitiúil agus lógó an pháirtí pholaitiúil Eorpaigh a fhoilsiú ar a shuíomhanna gréasáin, , i gcomhréir le hAirteagal 4(1), pointe (i), i rith na tréimhse 12 mhí roimh an dáta deiridh le haghaidh iarratais a chur isteach.

scriosta

Leasú 63

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 21 – mír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4.     Déanfaidh páirtí polaitiúil Eorpach a áireamh ina iarratas fianaise lena léirítear go gcomhlíonann sé Airteagal 4(1), pointe (j), agus go ndearna a bhallpháirtithe faisnéis faoin ionadaíocht inscne i measc na n-iarrthóirí sna toghcháin dheireanacha do Pharlaimint na hEorpa agus faoi éabhlóid na hionadaíochta inscne i measc a bhFeisirí de Pharlaimint na hEorpa a fhoilsiú go leanúnach ar a shuíomhanna gréasáin le linn 12 mhí roimh an nóiméad a rinneadh an t-iarratas.

scriosta

Leasú 64

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 21 – mír 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5.     Déanfaidh páirtí polaitiúil Eorpach a áireamh ina iarratas fianaise lena léirítear go bhfuil Airteagal 5 á chomhlíonadh aige, go gcoinníonn sé beartas cothrom le dáta maidir le húsáid fógraíochta polaitiúla agus go bhfuil sé curtha chun feidhme aige i gcaitheamh na 12 mhí roimh an dáta deiridh le haghaidh iarratais a chur isteach.

scriosta

Leasú 65

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 21 – mír 7

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

7.   Glacfaidh Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa cinneadh laistigh de thrí mhí tar éis an ghlao ar ranníocaíochtaí nó an ghlao ar thograí, agus údaróidh sé agus bainisteoidh sé na leithreasaí comhfhreagracha i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 .

7.   Glacfaidh Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa cinneadh laistigh de thrí mhí tar éis dhúnadh an ghlao ar ranníocaíochtaí ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh nó an ghlao ar thograí, agus údaróidh sé agus bainisteoidh sé na leithreasaí comhfhreagracha i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.

Leasú 66

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 23 – teideal

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Deonacháin, ranníocaíochtaí agus acmhainní dílse

Deonacháin, ranníocaíochtaí , táillí comhlachais agus acmhainní coimhdeacha eile

Leasú 67

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 23 – mír 2 – fomhír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.   Tráth a ráitis airgeadais bhliantúla a chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 26 tarchuirfidh páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha liosta na ndeontóirí uile mar aon lena ndeonacháin chomhfhreagracha, ag léiriú nádúr agus luach na ndeonachán aonair. Beidh feidhm ag an mír seo freisin maidir le ranníocaíochtaí arna ndéanamh ag ballpháirtithe de pháirtithe polaitiúla Eorpacha agus ag balleagraíochtaí d’fhondúireachtaí polaitiúla Eorpacha.

2.   Tráth a ráitis airgeadais bhliantúla a chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 26 tarchuirfidh páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha liosta na ndeontóirí uile mar aon lena ndeonacháin chomhfhreagracha, ag léiriú nádúr agus luach na ndeonachán aonair. Beidh feidhm ag an mír seo freisin maidir le ranníocaíochtaí agus táillí comhlachais arna ndéanamh ag ballpháirtithe de pháirtithe polaitiúla Eorpacha agus ag balleagraíochtaí d’fhondúireachtaí polaitiúla Eorpacha agus maidir le ranníocaíochtaí níos mó ná EUR 1 500 arna ndéanamh ag comhaltaí aonair de pháirtithe polaitiúla Eorpacha agus d’fhondúireachtaí polaitiúla Eorpacha .

Leasú 68

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 23 – mír 2 – fomhír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

I gcás deonacháin ó dhaoine nádúrtha ar mó a luach ná EUR 1 500 agus atá faoi bhun EUR 3 000 nó comhionann leis, déanfaidh an páirtí polaitiúil Eorpach nó an fhondúireacht pholaitiúil Eorpach lena mbaineann a  léiriú i dtaobh ar sholáthair na deontóirí comhfhreagracha toiliú roimh ré i scríbhinn iad a fhoilsiú i gcomhréir le Airteagal 36(1), , pointe (e).

I gcás deonacháin agus ranníocaíochtaí ó dhaoine nádúrtha ar mó a luach ná EUR 1 500 agus atá faoi bhun EUR 3 000 nó comhionann leis, déanfaidh an páirtí polaitiúil Eorpach nó an fhondúireacht pholaitiúil Eorpach lena mbaineann a  chur in iúl ar thug na daoine nádúrtha comhfhreagracha toiliú roimh ré i scríbhinn go bhfoilseofaí iad i gcomhréir le pointe (e) d’Airteagal 36(1) .

Leasú 69

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 23 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.   Déanfar deonacháin arna bhfáil ag páirtithe polaitiúla Eorpacha agus ag fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha laistigh de shé mhí roimh thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa maille le caiteachas chistítear ó na deonacháin sin a thuairisciú i scríbhinn chuig an Údarás ar bhonn seachtainiúil agus i gcomhréir le mír 2 .

3.   Déanfar deonacháin arna bhfáil ag páirtithe polaitiúla Eorpacha agus ag fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha laistigh de shé mhí roimh thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa a thuairisciú i scríbhinn chuig an Údarás ar bhonn seachtainiúil agus i gcomhréir le mír 2 .

Leasú 70

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 23 – mír 5 – fomhír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5.   I gcás gach deonacháin ar mó a luach ná EUR 3 000 , iarrfaidh páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha ar dheontóirí an fhaisnéis is gá a chur ar fáil chun iad a shainaithint go cuí. Déanfaidh páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha an fhaisnéis a fhaightear a tharchur chuig an Údarás arna iarraidh sin dó.

5.   I ndáil leis na deonacháin uile ó dheontóir aonair ar mó a luach carnach bliantúil EUR 3 000 , iarrfaidh páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha ar na deontóirí sin an fhaisnéis is gá a chur ar fáil ionas gur féidir iad a shainaithint go cuí. Déanfaidh páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha an fhaisnéis a fhaightear a tharchur chuig an Údarás arna iarraidh sin dó.

Leasú 71

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 23 – mír 5 – fomhír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Bunóidh an tÚdarás foirm a úsáidfear chun críocha na chéad fhomhíre .

Bunóidh an tÚdarás foirm a úsáidfear ar mhaithe leis na deontóirí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a aithint .

Leasú 72

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 23 – mír 6 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)

deonacháin nó ranníocaíochtaí atá i ndíth ainm;

(a)

deonacháin , ranníocaíochtaí táillí comhlachais atá i ndíth ainm;

Leasú 73

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 23 – mír 6 – pointe d

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(d)

deonacháin ó aon eintitis phríobháideacha atá bunaithe i dtríú tír nó ó dhaoine aonair ó thríú tír nach bhfuil i dteideal vótáil i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa.

(d)

deonacháin ó aon eintitis phríobháideacha atá bunaithe lasmuigh den Aontas nó ó dhaoine aonair ó lasmuigh den Aontas nach bhfuil i dteideal vótáil i dtoghcháin Pharlaimint na hEorpa.

Leasú 74

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 23 – mír 8

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

8.   Déanfaidh an tÚdarás fíorúcháin i gcás ina bhfuil forais aige a chreidiúint gur deonaíodh deonachán de shárú ar an Rialachán seo. Féadfaidh sé chun na críche sin faisnéis bhreise a iarraidh ón bpáirtí polaitiúil Eorpach nó ón bhfondúireacht pholaitiúil Eorpach agus óna dheontóirí.

8.   Déanfaidh an tÚdarás seiceálacha i gcás ina bhfuil foras aige a chreidiúint gur glacadh le haon deonachán de shárú ar an Rialachán seo. Féadfaidh sé chun na críche sin faisnéis bhreise a iarraidh ón bpáirtí polaitiúil Eorpach nó ón bhfondúireacht pholaitiúil Eorpach agus óna dheontóirí.

Leasú 75

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 23 – mír 9

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

9.    Ceadófar ranníocaíochtaí ó chomhaltaí de pháirtí polaitiúil Eorpach a bhfuil a suíomh i mBallstát, nó ar saoránaigh de Bhallstát iad, nó ó bhallpháirtithe a bhfuil a suíomh i dtír ar cuid de Chomhairle na hEorpaí. Ní rachaidh luach iomlán na ranníocaíochtaí ó chomhaltaí thar 40 % den bhuiséad bliantúil atá ag páirtí polaitiúil Eorpach. Ní rachaidh luach na ranníocaíochtaí ó bhallpháirtithe a bhfuil a suíomh i dtír lasmuigh den Aontas thar 10 % d’iomlán ranníocaíochtaí na gcomhaltaí.

9.   Ní rachaidh luach iomlán na ranníocaíochtaí le páirtí polaitiúil Eorpach thar 40 % dá bhuiséad bliantúil .

Leasú 76

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 23 – mír 9 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

9a.     Ní rachaidh luach iomlán na dtáillí comhlachais a íoctar le páirtí polaitiúil Eorpach thar 20 % de luach iomlán na ranníocaíochtaí a dhéantar leis an bpáirtí sin. Ní féidir aon táillí comhlachais a íoc ach amháin faoi chuimsiú na rialacha agus na rátaí is infheidhme go ginearálta arna mbunú ag an bpáirtí polaitiúil Eorpach.

Leasú 77

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 23 – mír 10 – fomhír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

10.    Ceadófar ranníocaíochtaí ó chomhaltaí d’fhondúireacht pholaitiúil Eorpach a bhfuil a suíomh i mBallstát, nó ar saoránaigh de Bhallstát iad, nó ó bhalleagraíochtaí a bhfuil a suíomh i dtír ar cuid de Chomhairle na hEorpaí, agus ón bpáirtí polaitiúil Eorpach lena bhfuil sí cleamhnaithe. Ní rachaidh luach iomlán na ranníocaíochtaí ó chomhaltaí thar 40 % den bhuiséad bliantúil atá ag fondúireachta polaitiúla Eorpach agus ní dhíorthófar iad ó chistí a fuair páirtí polaitiúil Eorpach de bhun an Rialacháin seo ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh. Ní rachaidh luach na ranníocaíochtaí ó bhalleagraíochtaí a bhfuil a suíomh i dtír lasmuigh den Aontas thar 10 % d’iomlán ranníocaíochtaí na gcomhaltaí.

10.   Ní rachaidh luach iomlán na ranníocaíochtaí ó chomhaltaí le fondúireacht pholaitiúil Eorpach agus an mhaoinithe ón bpáirtí polaitiúil Eorpach lena bhfuil sí cleamhnaithe thar 40 % den bhuiséad bliantúil atá ag fondúireacht pholaitiúil Eorpach agus ní dhíorthófar iad ó chistí a fuair páirtí polaitiúil Eorpach de bhun an Rialacháin seo ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh.

Leasú 78

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 23 – mír 10 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

10a.     Ní rachaidh luach iomlán na dtáillí comhlachais a íoctar le fondúireacht pholaitiúil Eorpach thar 20 % de na ranníocaíochtaí iomlána leis an bhfondúireacht sin.

Leasú 79

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 23 – mír 12

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

12.   Déanfar aon ranníocaíocht nach gceadaítear faoin Rialachán seo a thabhairt ar ais i gcomhréir le mír 7 .

12.   Déanfar aon ranníocaíocht nó táille chomhlachais nach gceadaítear faoin Rialachán seo a thabhairt ar ais i gcomhréir le mír 7 .

Leasú 80

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 23 – mír 13

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

13.   Ní rachaidh luach acmhainní dílse páirtí pholaitiúil Eorpaigh nó fondúireachta polaitiúla Eorpaí a ghintear ó ghníomhaíochtaí eacnamaíocha dílse thar 5 % de bhuiséad bliantúil an pháirtí pholaitiúil Eorpaigh nó na fondúireachta polaitiúla Eorpaí sin .

13.   Ní rachaidh luach acmhainní dílse coimhdeacha páirtí pholaitiúil Eorpaigh nó fondúireachta polaitiúla Eorpaí a ghintear ó ghníomhaíochtaí eacnamaíocha dílse thar 10 % den mhéid arna ghiniúint trí ranníocaíochtaí a dhéantar leis an bpáirtí polaitiúil Eorpach sin nó leis an bhfondúireacht pholaitiúil Eorpach sin nó trína gcuid táillí comhlachais .

Leasú 81

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 24 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.   Féadfar cistiú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh nó ó aon fhoinse eile a úsáid chun feachtais reifrinn a mhaoiniú nuair a bhaineann na feachtais sin le cur chun feidhme Chonarthaí an Aontais .

2.   Féadfar cistiú páirtithe polaitiúla Eorpacha ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh nó ó aon fhoinse eile a úsáid chun feachtais reifrinn a mhaoiniú nuair a bhaineann na feachtais sin le saincheisteanna a bhfuil baint dhíreach acu leis an Aontas Eorpach .

Leasú 82

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 25 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   D’ainneoin Airteagal 241 ), ní fhéadfar maoiniú páirtithe polaitiúla Eorpacha ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh nó ó aon fhoinse eile a úsáid le haghaidh maoiniú díreach nó maoiniú indíreach a dhéanamh ar pháirtithe polaitiúla eile , go háirithe páirtithe náisiúnta nó iarrthóirí náisiúnta. Leanfaidh na páirtithe polaitiúla náisiúnta agus na hiarrthóirí náisiúnta sin de bheith faoi rialú ag rialacha náisiúnta.

1.   D’ainneoin Airteagal 23(10 ) agus Airteagal 24(1) , ní fhéadfar cistiú páirtithe polaitiúla Eorpacha ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh nó ó aon fhoinse eile a úsáid chun eintitis pholaitiúla eile a chistiú go díreach nó go hindíreach , go háirithe páirtithe nó iarrthóirí náisiúnta. Leanfaidh na páirtithe polaitiúla náisiúnta agus na hiarrthóirí náisiúnta sin de bheith faoi rialú ag rialacha náisiúnta.

Leasú 83

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 25 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.   Ní úsáidfear cistiú fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh nó ó aon fhoinse eile chun aon chríche eile seachas maoiniú a gcúraimí mar a liostaítear in Airteagal 2, pointe (4), agus chun caiteachas atá nasctha go díreach leis na cuspóirí atá leagtha amach ina reachtanna i gcomhréir le hAirteagal 6 a chumhdach. Ní úsáidfear é go háirithe le haghaidh cistiú díreach nó indíreach toghchán , páirtithe polaitiúla, iarrthóirí ná fondúireachtaí eile.

2.   Ní úsáidfear cistiú fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh nó ó aon fhoinse eile chun aon chríche eile seachas maoiniú a gcúraimí mar a liostaítear in Airteagal 2, pointe (4), agus chun caiteachas atá nasctha go díreach leis na cuspóirí atá leagtha amach ina reachtanna i gcomhréir le hAirteagal 6 a chumhdach. Ní úsáidfear é go háirithe chun toghcháin , páirtithe polaitiúla iarrthóirí a chistiú go díreach nó go hindíreach sna 6 mhí roimh thoghcháin náisiúnta nó Eorpacha chun fondúireachtaí eile a chistiú go díreach nó go hindíreach .

Leasú 84

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 26 – mír 1 – fomhír 1 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Ar a dhéanaí laistigh de shé mhí tar éis dheireadh na bliana airgeadais, déanfaidh na páirtithe polaitiúla Eorpacha agus na fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha, an méid seo a leanas a chur faoi bhráid an Údaráis agus cuirfidh siad cóip de chuig Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa agus chuig Pointe Teagmhála Náisiúnta inniúil an Bhallstáit ina bhfuil a suíomh :

1.   Ar a dhéanaí laistigh de shé mhí tar éis dheireadh na bliana airgeadais, déanfaidh páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha an méid seo a leanas a chur faoi bhráid Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa i bhformáid oscailte atá inléite ag meaisín :

Leasú 85

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 26 – mír 1 – fomhír 1 – pointe c

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c)

liosta na ndeontóirí agus a rannchuiditheoirí agus a  ndeonachán comhfhreagrach nó a  ranníocaíochtaí comhfhreagracha arna dtuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 23 (2), (3) agus (4).

(c)

liosta na ndeontóirí agus na ranníocóirí agus a  gcuid deonachán comhfhreagrach , a gcuid ranníocaíochtaí nó a  gcuid táillí comhlachais arna dtuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 23 (2), (3) agus (4).

Leasú 86

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 26 – mír 1 – fomhír 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Déanfaidh na páirtithe polaitiúla Eorpacha agus na fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha cóip d’aon doiciméad dá dtagraítear sa chéad fhomhír atá le tíolacadh a sheoladh chuig an Údarás agus chuig Pointe Teagmhála Náisiúnta inniúil an Bhallstáit ina bhfuil a suíomh. Beidh an chóip sin i bhformáid oscailte atá inléite ag meaisín.

Leasú 87

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 27 – mír 2 – fomhír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.   Déanfaidh an tÚdarás rialú ar a oibleagáidí faoin Rialachán seo a bheith á gcomhlíonadh ag na páirtithe polaitiúla Eorpacha agus ag na fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha, go háirithe maidir le hAirteagal 3, Airteagal 4 ( 1), pointí ( a), (b), (d), (e) agus (f), d’ Airteagal 6 (1),pointí (a) go (e) agus (g), Airteagal 10 (5) agus (6), agus Airteagal 23, Airteagal 24 agus Airteagal 25 .

2.   Déanfaidh an tÚdarás rialú ar na hoibleagáidí atá orthu faoin Rialachán seo a bheith á gcomhlíonadh ag na páirtithe polaitiúla Eorpacha agus ag na fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha, go háirithe maidir le hAirteagal 3, pointí  (a), (b), (d), (e), (f) agus (h) d’ Airteagal 4 (1), Airteagal 4a, Airteagal 5, pointí (a) go (e) agus (g) d’Airteagal 6(1) , Airteagal 10 (5) agus (6) agus Airteagal 23. I gcásanna nach bhfuil aon chistiú ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh i gceist , déanfaidh sé rialú freisin ar na hoibleagáidí atá orthu faoin faoi Airteagal 25(1) a bheith á gcomhlíonadh ag páirtithe polaitiúla Eorpacha .

Leasú 88

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 27 – mír 2 – fomhír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Déanfaidh Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa rialú ar na hoibleagáidí a bhaineann le cistiú an Aontais faoin Rialachán seo a bheith a gcomhlíonadh ag na páirtithe polaitiúla Eorpacha agus ag na fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha i gcomhréir le Rialachán (EU, Euratom) 2018/1046  . Agus an rialú sin á chur i gcrích, déanfaidh Parlaimint na hEorpa na bearta is gá i réimsí chosc agus chomhrac na calaoise a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais.

Déanfaidh Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa rialú ar na hoibleagáidí a bhaineann le cistiú an Aontais faoin Rialachán seo a bheith á gcomhlíonadh ag na páirtithe polaitiúla Eorpacha agus ag na fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha agus faoi Rialachán (EU, Euratom) 2018/1046 . Agus an rialú sin á chur i gcrích, déanfaidh Parlaimint na hEorpa na bearta is gá i réimsí chosc agus chomhrac na calaoise a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais.

Leasú 89

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 30 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.     I gcomhréir le hAirteagal 19, déanfaidh an tÚdarás cinneadh páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach a bhaint den Chlár trí bhíthin smachtbhanna in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

scriosta

(a)

go bhfuil an páirtí nó an fhondúireacht i dtrácht i gceann de na cásanna eisiaimh dá dtagraítear in Airteagal 136(1) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046;

 

(b)

nuair a shuitear, i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagal 11(2) go (5), nach gcomhlíonann sé a thuilleadh ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 3(1) nó (2);

 

(c)

i gcás ina bhfuil cinneadh an páirtí nó an fhondúireacht lena mbaineann a chlárú bunaithe ar fhaisnéis mhícheart nó mhíthreorach as a bhfuil an t-iarratasóir freagrach, nó i gcás gur le calaois a fuarthas cinneadh den sórt sin;

 

(d)

nuair a thagann iarraidh ó Bhallstát ar dhíchlárú ar bhonn mainneachtain thromchúiseach oibleagáidí faoin dlí náisiúnta a chomhlíonadh agus go gcomhlíonann an iarraidh sin na ceanglais a leagtar amach i n Airteagal 19(3), pointe (b).

 

Leasú 90

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 30 – mír 2 – pointe a – pointe ii

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(ii)

i gcás nach gcomhlíontar na gealltanais a thug páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach, agus an fhaisnéis a sholáthair siad, i gcomhréir le h Airteagal 4 ( 1), pointí ( a), (b), (d), (e), (f), agus le h Airteagal 6 (1) , , pointí (a), (b), (d) agus (e);

(ii)

i gcás nach gcomhlíontar na gealltanais a thug páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach, agus an fhaisnéis a sholáthair siad i gcomhréir le pointí (a), (b), (d), (e), (f) agus ( h) d’Airteagal 4( 1) agus pointí  (a), (b), (d) agus (e) d’Airteagal 6(1) ;

Leasú 91

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 30 – mír 2 – pointe a – pointe ii a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(iia)

i gcás nach gcomhlíontar na hoibleagáidí faoi Airteagal 4a(1);

Leasú 92

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 30 – mír 2 – pointe a – pointe ii b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(iib)

i gcás nach gcomhlíontar na hoibleagáidí faoi Airteagal 4a(2);

Leasú 93

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 30 – mír 2 – pointe a – pointe ii c (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(iic)

i gcás nach gcomhlíontar na hoibleagáidí faoi Airteagal 5(1) go (5);

Leasú 94

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 30 – mír 2 – pointe a – pointe viii

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(viii)

i gcás ina mainnítear fianaise a sholáthar maidir le lógónna a úsáid agus cláir pholaitiúla a fhoilsiú i gcomhréir le hAirteagal 21(3);

scriosta

Leasú 95

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 30 – mír 2 – pointe a – pointe ix

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(ix)

i gcás ina mainnítear fianaise a sholáthar maidir le honadaíocht inscne i gcomhréir le hAirteagal 21(4);

scriosta

Leasú 96

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 30 – mír 2 – pointe b – pointe i

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(i)

i gcás inar ghlac páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach le deonacháin agus le ranníocaíochtaí nach gceadaítear faoi Airteagal 23 (1) nó ( 5 ), mura rud é go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 23(7);

(i)

i gcás inar ghlac páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach le deonacháin, le ranníocaíochtaí nó le táillí comhlachais nach gceadaítear faoi Airteagal 23 (1) nó ( 6 ), mura rud é go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 23(7);

Leasú 97

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 30 – mír 4 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4.   Chun críocha chur i bhfeidhm mhír 2 agus mhír 3 , déanfar na smachtbhannaí airgeadais seo a leanas a fhorchur ar pháirtí polaitiúil Eorpach nó ar fhondúireacht pholaitiúil Eorpach:

4.   Chun críocha chur i bhfeidhm mhír 1 agus mhír 2 , déanfar na smachtbhannaí airgeadais seo a leanas a fhorchur ar pháirtí polaitiúil Eorpach nó ar fhondúireacht pholaitiúil Eorpach:

Leasú 98

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 30 – mír 4 – pointe b – fomhír 1 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)

i gcás sáruithe inchainníochtaithe, céatadán seasta de mhéid na suimeanna neamhrialta a  bhraitear nó nach dtuairiscítear i gcomhréir leis an scála seo a leanas, le huasmhéid de 10 % de bhuiséad bliantúil an pháirtí pholaitiúil Eorpaigh lena mbaineann nó na fondúireachta polaitiúla Eorpaí lena mbaineann:

(b)

i gcás sáruithe inchainníochtaithe, céatadán seasta de mhéid na suimeanna neamhrialta a  fhaightear nó nach dtuairiscítear nó de na suimeanna a úsáidtear le haghaidh gníomhaíochtaí cistiúcháin a bhfuil toirmeasc orthu faoi Airteagal 25, i gcomhréir leis an scála seo a leanas, suas le huasmhéid 10 % de bhuiséad bliantúil an pháirtí pholaitiúil Eorpaigh lena mbaineann nó na fondúireachta polaitiúla Eorpaí lena mbaineann:

Leasú 99

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 30 – mír 4 – pointe b – fomhír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Chun na céatadáin atá sonraithe sa chéad fhomhír a chur i bhfeidhm, measfar ar leithligh gach deonachán nó ranníocaíocht .

Chun na céatadáin atá sonraithe sa chéad fhomhír a chur i bhfeidhm, measfar ar leithligh gach deonachán , ranníocaíocht, táille chomhlachais suim a úsáidtear le haghaidh gníomhaíochtaí cistiúcháin a bhfuil toirmeasc orthu faoi Airteagal 25 .

Leasú 100

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 30 – mír 5 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

5a.     Déanfaidh an tÚdarás na méideanna comhfhreagracha a aisghabháil ón bpáirtí polaitiúil Eorpach nó ón bhfondúireacht pholaitiúil Eorpach ar forchuireadh smachtbhannaí airgeadais air nó uirthi.

Leasú 101

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 33 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   D’fhonn na hoibleagáidí dá dtagraítear in Airteagal 38 a chomhlíonadh go hiomlán, ula ndéanfaidh an tÚdarás cinneadh críochnaitheach maidir le haon cheann de na smachtbhannaí dá dtagraítear in Airteagal 30,tabharfaidh an tÚdarás nó Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa an deis don pháirtí polaitiúil Eorpach lena mbaineann nó don fhondúireacht pholaitiúil Eorpach lena mbaineann na bearta is gá a thabhairt isteach chun an cor a leigheas laistigh de tréimhse réasúnta ama, nach rachaidh de ghnáth thar aon mhí amháin. Go háirithe, déanfaidh an tÚdarás nó tOifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa an deis a thabhairt earráidí cléireachais agus uimhríochta a cheartú, doiciméid nó faisnéis bhreise a sholáthar i gcás inar gá sin nó aon mhionbhotúin a cheartú.

1.   D’fhonn na hoibleagáidí dá dtagraítear in Airteagal 38 a chomhlíonadh go hiomlán, sula ndéanfaidh an tÚdarás cinneadh críochnaitheach maidir le haon cheann de na smachtbhannaí dá dtagraítear in Airteagal 30 (1) , pointí (a)(i) go (iv), tabharfaidh an tÚdarás nó Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa an deis don pháirtí polaitiúil Eorpach lena mbaineann nó don fhondúireacht pholaitiúil Eorpach lena mbaineann na bearta is gá a thabhairt isteach chun an cor a leigheas laistigh de tréimhse réasúnta ama, nach rachaidh de ghnáth thar aon mhí amháin. Go háirithe, déanfaidh an tÚdarás nó tOifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa an deis a thabhairt earráidí cléireachais agus uimhríochta a cheartú, doiciméid nó faisnéis bhreise a sholáthar i gcás inar gá sin nó aon mhionbhotúin a cheartú.

Leasú 102

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 33 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.   I gcás ina mbeidh mainnithe ag páirtí polaitiúil Eorpach nó ag fondúireacht pholaitiúil Eorpach bearta ceartaitheacha a dhéanamh laistigh den tréimhse ama dá dtagraítear i  mír 1 , glacfar cinneadh maidir leis na smachtbhannaí iomchuí dá dtagraítear in Airteagal 30 a fhorchur.

2.   I gcás ina mbeidh mainnithe ag páirtí polaitiúil Eorpach nó ag fondúireacht pholaitiúil Eorpach bearta ceartaitheacha leordhóthanacha a dhéanamh laistigh den tréimhse ama dá dtagraítear i  mír 1 , glacfar cinneadh maidir leis na smachtbhannaí iomchuí dá dtagraítear in Airteagal 30 a fhorchur.

Leasú 103

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 33 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.     Ní bheidh feidhm ag mír 1 agus mír 2 maidir leis na coinníollacha a leagtar amach i n Airteagal 3(1), pointí (b) go (f) agus i n Airteagal 3(2), pointe (c).

scriosta

Leasú 104

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 34 – teideal

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Téarnamh

Cinneadh maoiniúcháin a fhoirceannadh le héifeacht don todhchaí

Leasú 105

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 34 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.    Ar bhonn an chinnidh ón Údarás páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach a bhaint den Chlár, déanfaidh Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa aon chinneadh nó comhaontú leanúnach maidir le cistiú Aontais a tharraingt siar nó a  fhoirceannadh, ach amháin sna cásanna dá bhforáiltear i n Airteagal 19(2) ,, pointe (c), agus i n Airteagal 3 (1), , pointí (b) agus (f).. Déanfaidh sé aon chistiú Aontais a aisghabháil freisin, lena n-áirítear aon chistí ó bhlianta roimhe sin nár caitheadh.

1.   Déanfaidh Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa cinneadh leanúnach maoiniúcháin a fhoirceannadh , ar cinneadh é a bheidh dírithe chuig páirtí polaitiúil Eorpach chuig fondúireacht pholaitiúil Eorpach le héifeacht don todhchaí ar bhonn na bhforas seo leanas:

 

(a)

cinneadh ón Údarás an páirtí nó an fhondúireacht a bhaint den Chlár, cé is moite de chinneadh bunaithe ar an bhforas díchláraithe a leagtar síos i bpointe (a)(iv) d’Airteagal 19(1);

 

(b)

cinneadh maidir le smachtbhannaí bunaithe ar phointí (a)(v) agus (vi) d’Airteagal 30(1).

 

Féadfar foráil a dhéanamh sa chomhaontú ranníocaíochta nó deontais d’fhorais eile maidir le cinneadh maoiniúcháin a fhoirceannadh a mbeidh éifeacht aige don todhchaí.

Leasú 106

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 34 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.    1 Maidir le páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach ar forchuireadh smachtbhanna air nó uirthi as aon cheann de na sáruithe atá liostaithe in Airteagal 30 (1) agus i n Airteagal 30(2), pointí (a) (v) agus (vi), ní bheidh sé nó sí, ar an gcúis sin, ag comhlíonadh Airteagal 21(2) a thuilleadh. Dá thoradh sin, déanfaidh Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa an comhaontú nó an cinneadh um ranníocaíocht nó deontas maidir le cistiú an Aontais arna fháil faoin Rialachán seo a fhoirceannadh, agus suimeanna arna n-íoc go míchuí faoin gcomhaontú nó cinneadh um ranníocaíocht nó deontas a aisghabháil, lena n-áirítear aon chistí Aontais nár caitheadh ó na blianta roimhe sin. Déanfaidh Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa suimeanna arna n-íoc go míchuí faoin gcomhaontú nó faoi chinneadh um ranníocaíocht nó um dheontas a aisghabháil freisin ó dhuine nádúrtha a ndearnadh cinneadh de bhun Airteagal 31 ina leith, ag cur san áireamh, i gcás inarb iomchuí, imthosca eisceachtúla maidir leis an duine nádúrtha sin.

2.    Maidir le cinneadh an cinneadh maoiniúcháin a fhoirceannadh le héifeacht don todhchaí, beidh éifeacht aige ar an lá atá sonraithe sa chinneadh maidir lena fhoirceannadh nó, mura sonraítear lá ar bith ann, ar an lá a thabharfar fógra faoin gcinneadh maidir lena fhoirceannadh don pháirtí polaitiúil Eorpach nó don fhondúireacht pholaitiúil Eorpach.

I gcás foirceannadh den sórt sin, déanfar íocaíochtaí ó Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa a theorannú go dtí an caiteachas in-aisíoctha a thabhaigh an páirtí polaitiúil Eorpach nó na costais incháilitheacha a thabhaigh an fhondúireacht pholaitiúil Eorpach suas go dtí an dáta a thiocfaidh an cinneadh um fhoirceannadh i bhfeidhm.

 

Beidh an mhír seo infheidhme freisin maidir leis na cásanna dá dtagraítear i n Airteagal 19(2), pointe (c), agus i n Airteagal 3(1), , pointí (b) agus (f)

 

Leasú 107

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 34 – mír 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2a.     Beidh na héifeachtaí seo a leanas mar thoradh ar an gcinneadh maoiniúcháin a fhoirceannadh le héifeacht don todhchaí:

 

(a)

déanfar an comhaontú ranníocaíochta nó deontais a fhoirceannadh ón dáta dá dtagraítear i mír 2;

 

(b)

déanfar íocaíochtaí ó Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa a theorannú go dtí an caiteachas inaisíoctha a thabhaigh an páirtí polaitiúil Eorpach nó na costais incháilitheacha a thabhaigh an fhondúireacht pholaitiúil Eorpach suas go dtí an dáta dá dtagraítear i mír 2;

 

(c)

an caiteachas nó na costais arna dtabhú ag an bpáirtí polaitiúil Eorpach nó ag an bhfondúireacht pholaitiúil Eorpach ón lá dá dtagraítear i mír 2 mar chaiteachas neamh-inaisíoctha nó mar chostais neamh-incháilithe;

 

(d)

déanfaidh Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa gach ciste de chuid an Aontais a íocadh go míchuí a aisghabháil, lena n-áirítear:

 

 

(i)

cistí an Aontais a caitheadh ar chaiteachas neamh-inaisíoctha nó ar chostais neamh-incháilithe; agus

 

 

(ii)

aon réamh-mhaoiniú ón Aontas nár úsáideadh agus nár caitheadh roimh an dáta dá dtagraítear i mír 2, lena n-áirítear cistí de chuid an Aontais nár caitheadh ó bhlianta roimhe sin; agus

 

(e)

déanfaidh Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa aon mhéideanna a aisghabháil a íocadh go míchuí ó dhuine nádúrtha a ndearnadh cinneadh ina leith de bhun Airteagal 31.

Leasú 108

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 34 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 34a

Aistarraingt an chinnidh maoiniúcháin le héifeacht chúlghabhálach

1.     Ar bhonn cinneadh arna dhéanamh ag an Údarás lena mbaintear páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach den Chlár, bunaithe ar an bhforas díchláraithe a leagtar síos i bpointe (a)(iv) d’Airteagal 19(1), déanfaidh Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa cinntí maoiniúcháin a bheidh dírithe ar an bpáirtí polaitiúil Eorpach lena mbaineann nó ar an bhfondúireacht pholaitiúil Eorpach lena mbaineann a tharraingt siar le héifeacht chúlghabhálach ón dáta a ghlacfar na cinntí sin.

2.     Beidh na héifeachtaí seo a leanas mar thoradh ar an gcinneadh maoiniúcháin a tharraingt siar le héifeacht chúlghabhálach:

(a)

déanfar an comhaontú ranníocaíochta nó deontais a scor ón lá a bheidh fógra tugtha faoin scor sin don pháirtí polaitiúil Eorpach lena mbaineann nó don fhondúireacht pholaitiúil Eorpach lena mbaineann;

(b)

déanfar an caiteachas nó na costais ar fad a thabhaíonn an páirtí polaitiúil Eorpach nó an fhondúireacht pholaitiúil Eorpach a cháiliú mar chaiteachas neamh-inaisíoctha nó mar chostais neamh-incháilithe; agus

(c)

aon mhéid arna íoc faoin gcomhaontú ranníocaíochta nó deontais, mar aon le haon chistí ón Aontas nár caitheadh ó bhlianta roimhe sin, measfar gur íocaíochtaí neamhdhlite iad agus déanfar iad a aisghabháil faoi Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.

Leasú 109

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 36 – mír 1 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, faoi údarás a Oifigigh Údarúcháin nó an Údaráis , na nithe seo a leanas a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin a chruthófar chun na críche sin,  i bhformáid oscailte atá inléite ag meaisín :

1.   Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, nó an tÚdarás , i gcomhréir le roinnt a gcuid freagrachtaí, na nithe seo a leanas a fhoilsiú i bhformáid oscailte atá inléite ag meaisín ar shuíomh gréasáin a chruthófar chuige sin :

Leasú 110

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 36 – mír 1 – pointe f

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(f)

na ranníocaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 23 (9) agus (10) agus a thuairiscigh na páirtithe polaitiúla Eorpacha agus na fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha i gcomhréir le hAirteagal 23 (2), lena n-áirítear freisin aitheantas na mballpháirtithe nó na mballeagraíochtaí a thug na ranníocaíochtaí sin;

(f)

na ranníocaíochtaí agus táillí comhlachais dá dtagraítear in Airteagal 23 (9) agus (10) agus a thuairiscigh na páirtithe polaitiúla Eorpacha agus na fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha i gcomhréir le hAirteagal 23 (2), lena n-áirítear ainm na gcomhaltaí aonair, na mballpháirtithe nó na mballeagraíochtaí a thug na ranníocaíochtaí , seachas ranníocaíochtaí os cionn EUR 1 500 agus suas le EUR 3 000 sa bhliain, agus an tsuim sin san áireamh, ó dhaoine nádúrtha i gcás nár thug na daoine sin toiliú i scríbhinn go bhfoilseofaí an fhaisnéis sin ;

Leasú 111

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 36 – mír 1 – pointe f a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(fa)

na táillí comhlachais dá dtagraítear in Airteagal 23(9a) agus (10a) agus a thuairiscigh na páirtithe polaitiúla Eorpacha agus na fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha i gcomhréir le hAirteagal 23(2), lena n-áirítear freisin céannacht na bpáirtithe nó na n-eagraíochtaí a rinne na híocaíochtaí, sin;

Leasú 112

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 36 – mír 1 – pointe f b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(fb)

na hacmhainní dílse coimhdeacha dá dtagraítear in Airteagal 23(13) agus a thuairiscigh na páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha i gcomhréir le hAirteagal 23(2);

Leasú 113

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 36 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.   Poibleoidh Parlaimint na hEorpa liosta de na daoine dlítheanacha ar comhaltaí iad de pháirtí polaitiúil Eorpach, liosta a bheidh i gceangal le reachtanna an pháirtí i gcomhréir le hAirteagal 4(2) agus arna thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir le hAirteagal 10(6) chomh maith le líon iomlán na gcomhaltaí aonair.

2.   Poibleoidh an tÚdarás liosta de na daoine dlítheanacha ar comhaltaí iad de pháirtí polaitiúil Eorpach, liosta a bheidh i gceangal le reachtanna an pháirtí i gcomhréir le hAirteagal 4(2) agus arna thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir le hAirteagal 10(6) chomh maith le líon iomlán na gcomhaltaí aonair.

Leasú 114

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 37 – mír 8

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

8.   Beidh na páirtithe polaitiúla Eorpacha agus na fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha, na Ballstáit agus na comhlachtaí nó na saineolaithe neamhspleácha arna n-údarú chun cuntais a iniúchadh faoin Rialachán seo faoi dhliteanas i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme i leith aon damáiste a dhéanann siad agus sonraí pearsanta á bpróiseáil acu de bhun an Rialacháin seo. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar smachtbhannaí éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha a chur i bhfeidhm i gcás sáruithe ar an Rialachán seo , ar Rialachán (AE) 2016/679 agus ar na forálacha náisiúnta arna nglacadh dá mbun, agus go háirithe i gcás úsáide calaoisí sonraí pearsanta .

8.   Beidh na páirtithe polaitiúla Eorpacha agus na fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha, na Ballstáit agus na comhlachtaí nó na saineolaithe neamhspleácha arna n-údarú chun cuntais a iniúchadh faoin Rialachán seo faoi dhliteanas i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme i leith aon damáiste a dhéanann siad agus sonraí pearsanta á bpróiseáil acu de bhun an Rialacháin seo. Áiritheoidh na Ballstáit , gan dochar do Rialachán (AE) 2016/679, go ndéanfar smachtbhannaí éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha a chur i bhfeidhm i gcás sáruithe ar an Rialachán seo.

Leasú 115

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 44 – mír 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2a.     Beidh feidhm i gcónaí ag aon chéimeanna nós imeachta atá glactha ag Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle nó an Coimisiún, ag Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa nó ag an Údarás i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014, nó ar bhonn an Rialacháin sin, agus déanfar iad a fhorléiriú i bhfianaise an Rialacháin seo.

Leasú 117

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – Cuid 2 – fleasc 5 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

i gcásanna ina n-úsáidtear teicnící spriocdhírithe, aon fhaisnéis a cheanglaítear de bhun Rialachán (AE) 2016/679.


(1)  Tarchuireadh an ní ar ais chuig an gcoiste freagrach le haghaidh idirbheartaíocht idirinstitiúideach de bhun Riail 59(4), an ceathrú fomhír (A9-0223/2022).


Top