EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022BP1774

Rún (AE) 2022/1774 ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Bealtaine 2022 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) don bhliain airgeadais 2020

IO L 258, 5.10.2022, p. 328–331 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/res/2022/1774/oj

5.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 258/328


RÚN (AE) 2022/1774 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 4 Bealtaine 2022

ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) don bhliain airgeadais 2020

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do cinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) don bhliain airgeadais 2020,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0119/2022),

A.

de bhrí, de réir a ráitis ar ioncam agus ar chaiteachas (1), gurbh é EUR 21 682 883 buiséad deiridh ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) (an “Ghníomhaireacht”) don bhliain airgeadais 2020, arb ionann é agus méadú 28,05 % i gcomparáid le 2019; de bhrí go dtagann an méadú sin go príomha as méadú ar chaiteachas ar fhoireann, ar theicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide agus ar ghníomhaíochtaí lárnacha oibríochtúla, a bhaineann le glacadh Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) (An Gníomh um Chibearshlándáil) ; de bhrí gur ó bhuiséad an Aontais go príomha a thagann buiséad na Gníomhaireachta;

B.

de bhrí go ndearbhaíonn an Chúirt Iniúchóirí (an “Chúirt”), ina tuarascáil ar chuntais bhliantúla na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2020 (“tuarascáil na Cúirte”), go bhfuair an Chúirt dearbhú réasúnach go bhfuil cuntais bhliantúla na Gníomhaireachta iontaofa agus go bhfuil na bun-idirbhearta dlíthiúil agus rialta i ngach gné ábhartha; de bhrí go soláthraíonn an Chúirt an bonn do thuairim cháilithe ar dhlíthiúlacht agus ar rialtacht na n-íocaíochtaí is bun leis na cuntais;

Buiséad agus bainistíocht airgeadais

1.

ag tabhairt dá haire go raibh ráta cur chun feidhme de 97,35 % ann i rith bhliain airgeadais 2020 de thoradh ar na hiarrachtaí faireacháin buiséid, a léiríonn méadú de 0,55 % i gcomparáid le 2019; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gurbh é 68,62 % an ráta forghníomhúcháin íocaíochta, ar laghdú de 1,49 % é i gcomparáid le 2019;

2.

á chur in iúl gur saoth léi barúil na Cúirte atá mar bhonn le tuairim cháilithe ar dhlíthiúlacht agus ar rialtacht na n-íocaíochtaí is bun leis na cuntais; ag tabhairt dá haire go bhfuair an Chúirt go ndeachaigh tarmligean sealadach arna dheonú ag an stiúrthóir feidhmiúcháin roimhe sin do bhall foirne in éag an 31 Nollaig 2019 agus gur dheonaigh an stiúrthóir feidhmiúcháin tarmligean nua don bhall foirne sin an 12 Feabhra 2020; ag tabhairt dá haire go bhfuair an Chúirt gur údaraigh an ball foirne sin, san idirthréimhse, de bhun chuspóirí na Gníomhaireachta, gealltanais bhuiséadacha arbh ionann iad agus EUR 529 120 agus íocaíochtaí arbh ionann iad agus EUR 914 100 (3.5 % iomlán na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí a bhí ar fáil in 2020), gan tarmligean bailí; á chur in iúl gur geal léi barúil na Cúirte go bhfuil bearta déanta ag an nGníomhaireacht, tar éis don gCúirt iniúchadh a dhéanamh, chun na rioscaí a aithníodh a mhaolú sa todhchaí;

Feidhmíocht

3.

á chur in iúl gur geal léi, maidir le hobair leantach na Gníomhaireachta ar bharúlacha an údaráis um urscaoileadh maidir le hurscaoileadh 2019, an t-athbhreithniú ar eochairtháscairí feidhmíochta na Gníomhaireachta in 2020 chun na dúshláin nua agus an sainordú a thugtar don Ghníomhaireacht leis an nGníomh um Cibearshlándáil a léiriú níos fearr;

4.

ag tabhairt dá haire ráiteas na Gníomhaireachta gur fhreagair sí ar phaindéim dhomhanda COVID-19 trí phríomhról a imirt chun cibearghníomhaithe mailíseacha a chosc ó leas a bhaint as an ngéarchéim sláinte agus í a iompú ina cibearphaindéim ar mhórscála;

Beartas foirne

5.

ag tabhairt dá haire gur cuireadh an plean bunaíochta 89,86 % chun feidhme faoin 31 Nollaig 2020, agus 62 ghníomhaire shealadacha ceaptha as 150 gníomhaire sealadach údaraithe faoi bhuiséad an Aontais (i comparáid le 59 bpost údaraithe in 2019). ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, gur oibrigh 26 ghníomhaire ar conradh agus 9 saineolaí náisiúnta ar iasacht don Ghníomhaireacht in 2020; ag tabhairt dá haire go bhfuil an plean bunaíochta méadaithe mar gheall ar shainordú na Gníomhaireachta nua a bhronn inniúlachtaí agus acmhainní níos mó tar éis ghlacadh an Ghnímh um Chibearshlándáil;

6.

ag tabhairt dá haire, agus é ina chúis imní di, go bhfuil easpa cothromaíocht inscne laistigh de bhainistíocht shinsearach na Gníomhaireachta, is é sin gur fir iad ochtar as naonúr (88,9 %); á thabairt dá haire an chothromaíocht inscne laistigh d’fhoireann fhoriomlán na Gníomhaireachta, is é sin gur fir iad 41 as 79 (51,9 %); á iarraidh ar an nGníomhaireacht tuilleadh iarrachtaí a dhéanamh chun cothromaíocht inscne níos fearr a bhaint amach ar leibhéal na bainistíochta sinsearaí; á mheabhrú don Ghníomhaireacht go bhfuil tábhacht ag roinnt le hinniúlachtaí, eolas agus taithí, agus freisin le cothromaíocht gheografach agus inscne i measc baill foirne, agus iarrthóirí á roghnú;

7.

á tabhairt dá haire go bhfuil beartas glactha ag an nGníomhaireacht maidir le dínit an duine a chosaint agus ciapadh a chosc; ag tabhairt dá aire go ndearnadh cás amháin ciaptha a thuairisciú agus a imscrúdú in 2020; á iarraidh ar an nGníomhaireacht an t-údarás um urscaoileadh a chur ar an eolas faoi thoradh an cháis;

8.

ag tabhairt dá haire go bhfuil sainordú agus cúraimí nua ag an nGníomhaireacht ó 2019 i leith ar chur an Gníomh um Chibearshlándáil faoina cúram. ag tabhairt dá haire go dtacaíonn an t-údarás buiséadach leis na gníomhaíochtaí nua le hacmhainní daonna méadaithe in 2020 agus ina dhiaidh sin;

9.

ag tabhairt dá haire, maidir leis an obair leantach a rinneadh ar thuarascáil 2019 maidir le hurscaoileadh, go bhfuil roinnt deacrachtaí ag an nGníomhaireacht foireann chuícháilithe a earcú, a mhealladh agus a choinneáil; ag tabhairt dá haire gurb í an chomhéifeacht íseal cheartúcháin a chuirtear i bhfeidhm ar thuarastail na foirne sa Ghréig agus easnamh na ngairmithe i margadh slándála TF an Aontais is cúis leis an bpríomhfhadhb maidir le folúntais na Gníomhaireachta a chomhlíonadh; á chur in iúl gur geal léi bearta sóisialta na Gníomhaireachta a cuireadh chun feidhme chun tarraingteacht a mhéadú agus iomlaoid foirne bhliantúil a ísliú; á iarraidh ar an nGníomhaireacht an tsaincheist seo a choinneáil ar an gclár oibre agus nuair is iomchuí aghaidh a thabhairt uirthi trí Líonra Gníomhaireachtaí AE;

10.

ag tabhairt dá haire, maidir leis an obair leantach ar thuarascáil 2019 maidir le hurscaoileadh gur cuireadh siar an t-athbhreithniú ar nósanna imeachta aistrithe chuig baill foirne nua agus go bhfuil sé fós ar siúl faoi láthair; ag tabhairt dá haire freisin go meastar na nósanna imeachta aistrithe a bheith san áireamh sa bheartas um phoist íogaire; á iarraidh ar an nGníomhaireacht tuairisc a thabhairt ar an bhforbairt todhchaí agus ar ghlacadh an bheartais um phoist íogaire;

11.

á thabairt dá haire, mar gheall ar fholúntais gan líonadh agus ualach trom oibre, go bhraitheann an Ghníomhaireacht ar fhoireann eatramhach chun cuid de na cúraimí dá clár oibre bliantúil a chomhlíonadh; á chur in iúl gur geal léi na hiarrachtaí a rinne an Ghníomhaireacht in 2020 chun a straitéis earcaíochta a ath-shainmhíniú, trína spleáchas ar ghníomhairí eatramhacha a laghdú; ag tabhairt dá haire nár cheart go mbeadh costais ionchasacha na Gníomhaireachta ar oibrithe eatramhacha do 2021 níos mó ná EUR 700 000, i gcomparáid le EUR 923 000 do 2019; á chur in iúl gur geal léi freisin, iarrachtaí na Gníomhaireachta a áirithiú go mbeidh na dálaí oibre céanna ag oibrithe eatramhacha agus atá ag oibrithe a fhostaítear go díreach; á iarraidh ar an nGníomhaireacht tuairisc a thabhairt ar fhorbairtí maidir lena spleáchas ar fhoireann eatramhach;

Soláthar

12.

ag tabhairt dá haire go bhfuil na critéir dámhachtana maidir le soláthar poiblí glas curtha i bhfeidhm go gníomhach ag an nGníomhaireacht ina doiciméadacht tairisceana, agus gur seoladh nósanna imeachta ábhartha in 2020 amhail soláthar soláthairtí stáiseanóireachta agus priontála, ríomhairí glúine agus stáisiúin nasctha, agus táirgeadh agus soláthar ábhar fógraíochta brandáilte; á iarraidh ar an nGníomhaireacht a taithí maidir le critéir dámhachtana glasa a roinnt go gníomhach le Gníomhaireachtaí eile agus, i gcás inarb iomchuí, trí Líonra Gníomhaireachtaí an AE;

13.

ag tabhairt dá haire gur shainaithin an Chúirt laigí neamhchriticiúla i nósanna imeachta soláthair phoiblí na Gníomhaireachta; ag tabhairt dá haire go bhféadfaí na critéir roghnúcháin agus dámhachtana san fhógra soláthair a fheabhsú agus gur cheart faireachán níos fearr a dhéanamh ar urramú maidir le foilsiú laistigh de na spriocdhátaí; á iarraidh ar an nGníomhaireacht tuairisc a thabhairt ar na forbairtí todhchaí ina leith sin.

14.

ag tabhairt dá haire, maidir leis an obair leantach a rinneadh ar bharúlacha na Cúirte in 2020, go bhfuil gníomhaíochtaí ceartaitheacha curtha i bhfeidhm ag an nGníomhaireacht chun a áirithiú go gcomhlíonfar na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le nósanna imeachta soláthair, lena n-áirítear faireachán chun na spriocdhátaí maidir le foilsiú an fhógra dámhachtana in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh a urramú;

15.

ag tabhairt dá haire, maidir leis an obair leantach a rinneadh ar bharúlacha na Cúirte in 2020, go ndearnadh athmheasúnú sonrach ar an gcritéar praghais san athbhreithniú ar a próiseas soláthair inmheánach chun a áirithiú go gcuirfear na tairiscintí airgeadais chun feidhme ar an mbealach is coigiltí; á thabairt dá haire thairis sin go bhfuil a ceanglais maidir le láimhdeachas íosta le haghaidh tairiscintí amach anseo nuashonraithe ag an nGníomhaireacht; á iarraidh ar an nGníomhaireacht tuairisc a thabhairt don udarás um urscaoileadh maidir leis na forbairtí ar nósanna imeachta soláthair atá le teacht.

Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú agus trédhearcacht

16.

ag tabhairt dá haire bearta reatha agus iarrachtaí leanúnacha na Gníomhaireachta chun trédhearcacht a áirithiú, agus chun coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú agus ag tabhairt dá haire go bhfuil CVanna chomhaltaí an bhoird bainistíochta agus a ndearbhuithe coinbhleachtaí leasa á bhfoilsiú ar a suíomh gréasáin;

17.

á chur in iúl gur geal léi na céimeanna breise a glacadh chun trédhearcacht ghníomhaíochtaí an Údaráis a fheabhsú trí thuairsciú a dhéanamh ar na cruinnithe a bhíonn ag foireann an Údaráis le geallsealbhóirí seachtracha agus a n-infhaighteacht ar shuíomh gréasáin an Údaráis;

Rialú inmheánach

18.

ag tabhairt dá haire gur tháinig measúnú rialaithe inmheánach na Gníomhaireachta ar an gconclúid go ndealraíonn sé go bhfuil na struchtúir a thacaíonn le rialuithe inmheánacha agus comhlíonadh leata amach agus lag; ag tabhairt dá haire an moladh go gcuirfí córas rialaithe cáilíochta neamhspleách i bhfeidhm chun an faireachán ar mheasúnú feidhmíochta sa Ghníomhaireacht a threisiú; ag tabhairt dá haire freisin an chomhairle maidir le cúraimí cothrománacha na Gníomhaireachta a athstruchtúrú, amhail rialuithe inmheánacha, fíorú ex ante, ISO, faireachán buiséid agus rialuithe cáilíochta;

19.

á chur in iúl gur oth léi gur chuir an Ghníomhaireacht siar a pleananna chun glacadh le beartas nua um phoist íogaire do 2020; á iarraidh ar an nGníomhaireacht na forbairtí ar an ábhar seo a thuairisciú;

20.

ag tabhairt dá haire gur ghlac an Ghníomhaireacht na bearta riachtanacha chun ceithre mholadh iniúchta a thuairiscigh an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach a thabhairt chun críche; ag tabhairt dá haire, áfach, go bhfuil trí mholadh oscailte fós toisc gur gá gníomhaíochtaí eile a chur i bhfeidhm; á iarraidh ar an nGníomhaireacht tuairisc a thabhairt maidir lena stádas cur chun feidhme amach anseo.

Freagairt ar COVID-19 agus leanúnachas gnó

21.

á aithint iarrachtaí na Gníomhaireachta tar éis phaindéim COVID-19 nuair a iarradh ar an nGníomhaireacht cabhrú le gníomhaíochtaí na mBallstát agus chomhlachtaí an Aontais a chomhordú trí mholtaí a eisiúint don tionscal bonneagair chriticiúil, ag tacú le bosca uirlisí aipeanna rianaithe AE, agus ag soláthar comhairle d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide agus treoir don earnáil cúram sláinte chun tacú lena bhfreagairt ar fheachtais mhéadaithe fioscaireachta agus ionsaithe bogearraí éirice;

22.

á chur in iúl gur geal léi ghníomhaíochtaí spriocdhírithe cinntitheacha na Gníomhaireachta roimh an dianghlasáil a chuir rialtas na Gréige i bhfeidhm chun dul i ngleic leis an ráig de COVID-19, amhail leanúint ar aghaidh a áirithiú go raibh bearta arda sláinte agus sábháilteachta i bhfeidhm dá foireann (soláthairtí leordhóthanacha díghalráin, lámhainní indiúscartha, aghaidhmhaisc, leigheas bunúsach, díghalrán lámh); ag tabhairt dá haire gur dréachtaíodh treoirlínte foirne agus gur údaraíodh teilea-obair don fhoireann ar fad amhail an 11 Márta 2020, agus gur cuireadh stop le misin agus le himeachtaí poiblí;

23.

ag tabhairt dá haire gur tháinig roinnt buntáistí comhshaoil as na srianta a forchuireadh ó Mhárta 2020 agus don chuid is mó den bhliain sin, amhail teilea-oibriú forchurtha agus taisteal srianta go mór do mhisin a bhaineann le hobair, go háirithe laghdú suntasach ar an lorg carbóin agus laghdú ar an úsáid páipéir mar gheall ar phróisis digitithe méadaithe;

Barúlacha eile

24.

ag tabhairt dá haire gur bunaíodh struchtúr inmheánach nua na Gníomhaireachta i mí an Mheithimh 2020, lena neartaítear an cumas sineirgí inmheánacha agus seachtracha a fhorbairt trí “foirne tras-struchtúracha” a thabhairt isteach le haghaidh cúraimí a éilíonn ranníocaíochtaí ó aonaid eile; ag tabhairt dá haire gur cruthaoídh ceithre aonad oibríochtúla (aonad forbartha agus cur chun feidhme beartais, aonad forbartha acmhainní, aonad um chomhordú oibríochtúil, agus aonad margaidh, deimhniúcháin agus caighdeánaithe), agus gach ceann acu dírithe ar eilimint shonrach den Ghníomh um Chibearshlándáil a chur chun feidhme; á iarraidh ar an nGníomhaireacht an t-údarás um urscaoileadh a chur ar an eolas faoi na tairbhí agus na ceachtanna a foghlaimíodh ón atheagrú seo.

25.

á iarraidh go ndéanfaí nuachóiriú ar fhoirgnimh chun caighdeáin astaíochtaí nialasacha a chomhlíonadh, go háirithe trí phainéil ghréine a shuiteáil ar gach foirgneamh de chuid na Gníomhaireachta;

26.

ag tabhairt dá haire ó fhreagraí na Gníomhaireachta ar cheisteanna an údaráis um urscaoileadh go bhfuil an Ghníomhaireacht i mbun a beartas cibearshlándála a nuashonrú, go háirithe trí ghníomhaíochtaí a ghlacadh maidir le slándáil eolaire gníomhaigh, slándáil cliant windows agus measúnuithe slándála ar fhreastalaí windows, seanchórais a dhíchoimisiúnú agus scanadh rialta leochaileachta;

27.

á thabairt dá haire, maidir leis an obair leantach ar urscaoileadh 2019, gur mhéadaigh an Ghíomhaireact a hiarrachtaí chun a fócas ar phríomhghníomhaíochtaí a fheabhsú agus chun dul i ngleic leis an líon is airde geallsealbhóirí is féidir; ag tabhairt dá haire go bhfuil obair na Gníomhaireachta á scaipeadh trína suíomh gréasáin agus trína bealaí meán sóisialta, inar méadaíodh an leibhéal rannpháirtíochta in 2020;

28.

ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile de chineál cothrománach a ghabhann lena cinneadh maidir le hurscaoileadh, do rún uaithi an 4 Bealtaine 2022 (3) maidir le feidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí.

 


(1)  IO C 114, 31.3.2021, lch. 86

(2)  Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) agus maidir le deimhniú i ndáil le cibearshlándáil theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 526/2013 (IO L 151, 7.6.2019, lch. 15).

(3)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0196.


Top