EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022R0702
Commission Implementing Regulation (EU) 2022/702 of 5 May 2022 concerning the authorisation of great mullein tincture as a feed additive for certain animal species (Text with EEA relevance)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/702 ón gCoimisiún an 5 Bealtaine 2022 maidir le tintiúr choinnle Muire a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh speicis ainmhíocha áirithe (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/702 ón gCoimisiún an 5 Bealtaine 2022 maidir le tintiúr choinnle Muire a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh speicis ainmhíocha áirithe (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2022/2855
IO L 132, 6.5.2022, p. 1–3
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
6.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 132/1 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/702 ÓN gCOIMISIÚN
an 5 Bealtaine 2022
maidir le tintiúr choinnle Muire a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh speicis ainmhíocha áirithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, foráiltear maidir le húdarú breiseán lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis an bhforas agus na nósanna imeachta chun an t-údarú sin a dheonú. |
(2) |
I gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, cuireadh isteach iarratas maidir le húdarú thintiúr choinnle Muire. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ag gabháil leis an iarratas sin. |
(3) |
Baineann an t-iarratas le tintiúr choinnle Muire a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch, breiseán atá le haicmiú sa chatagóir “breiseáin chéadfacha” agus san fheidhmghrúpa “comhdhúile blaistithe”. |
(4) |
D’iarr an t-iarratasóir go ndéanfaí tintiúr choinnle Muire a údarú freisin lena úsáid in uisce óil. Mar sin féin, le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, ní cheadaítear “comhdhúile blaistithe” a údarú lena n-úsáid in uisce óil. Dá bhrí sin, níor cheart úsáid thintiúr choinnle Muire in uisce óil a cheadú. |
(5) |
Chinn an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) ina thuairimí an 12 Samhain 2019 (2) agus an 24 Meitheamh 2021 (3) nach bhfuil éifeacht dhíobhálach ag tintiúr choinnle Muire ar shláinte ainmhithe, ar shláinte an tomhaltóra ná ar an gcomhshaol faoi na coinníollacha úsáide atá beartaithe. Ní fhéadfaí teacht ar chonclúidí, áfach, i gcás ainmhithe fadsaolacha (peataí agus ainmhithe eile nach ainmhithe bia iad, capaill agus ainmhithe lena n-atáirgeadh). Chinn an tÚdarás freisin gur cheart a mheas gur greannaitheoir deirmeach/súile nó íogróir craicinn é tintiúr choinnle Muire, in éagmais sonraí. Dá bhrí sin, measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine a chosc, go háirithe a mhéid a bhaineann le húsáideoirí an bhreiseáin. |
(6) |
Chinn an tÚdarás go bhfuil tintiúr choinnle Muire aitheanta chun bia a bhlaistiú agus go mbeadh an fheidhm chéanna aige i mbeatha, go bunúsach, is atá aige i mbia, agus mar sin, meastar nach gá le haon léiriú éifeachtúlachta breise. D’fhíoraigh sé freisin an tuarascáil ar an modh a úsáidtear chun anailís a dhéanamh ar an mbreiseán beathaithe i mbeatha, tuarascáil arna cur isteach ag an tSaotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. |
(7) |
Léiríonn an measúnú ar thintiúr choinnle Muire go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le húdarú dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart úsáid na substainte sin a údarú faoi mar a shonraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. |
(8) |
Cé nach n-údaraítear tintiúr choinnle Muire lena úsáid mar bhlastán in uisce óil, ní chuirtear bac ar a úsáid i mbeatha cumaisc a thugtar trí uisce. |
(9) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An tsubstaint a shonraítear san Iarscríbhinn agus a bhaineann le catagóir na mbreiseán “breiseáin chéadfacha” agus leis an bhfeidhmghrúpa “comhdhúile blaistithe”, údaraítear í mar bhreiseán i gcothú ainmhithe, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 5 Bealtaine 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 268, 18.10.2003, lch. 29.
(2) EFSA Journal [Iris EFSA], 2019;17(12):5910.
(3) EFSA Journal [Iris EFSA], 2021;19(7):6711.
IARSCRÍBHINN
Uimhir aitheantais an bhreiseáin |
Ainm shealbhóir an údaraithe |
Breiseán |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse. |
Speiceas nó catagóir ainmhí |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údaraithe |
||||||||
mg de bhreiseán/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 % |
|||||||||||||||||
Catagóir: Breiseáin chéadfacha Feidhmghrúpa: Comhdhúile blaistithe |
|||||||||||||||||
2b475(m)-t |
- |
Tintiúr choinnle Muire |
Comhdhéanamh an bhreiseáin Tintiúr choinnle Muire a dhíorthaítear ó Verbascum thapsus L. |
Sicíní lena ramhrú |
|
- |
50 |
|
26 Bealtaine 2032 |
||||||||
Foirm leachtach |
Turcaithe lena ramhrú |
||||||||||||||||
Tréithriú na substainte gníomhaí |
Muca lena ramhrú |
||||||||||||||||
Tintiúr choinnle Muire a dhíorthaítear ó Verbascum thapsus L. mar a shainmhínítear ag Comhairle na hEorpa (1). |
Laonna lena ramhrú Uain agus meannáin lena ramhrú |
||||||||||||||||
Ábhar tirim: ≤ 3 % Tuaslagóir (uisce/eatánól): ≤ 97,5 % Luaith: ≤ 0,3 % Acúibín: ≤ 0,006 % |
Salmainidí, seachas iad siúd a úsáidtear chun críoch atáirgthe |
||||||||||||||||
Polaifeanóil: ≤ 0,22 % Cion iomlán na bhflavonóideach (coibhéisí d’aigéid chlóraigineacha): ≤ 0,10 % |
Coiníní lena ramhrú |
||||||||||||||||
Modh anailíse (2) Le haghaidh tréithriú thintiúr choinnle Muire:
|
|
(1) Natural sources of flavourings – Report No 2 (2007) [Foinsí nádúrtha blastán — Tuarascáil Uimh. 2 (2007)].
(2) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse ar fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://ec.europa.eu/jrc/en/eurl/feed-additives/evaluation-reports