Accept Refuse

EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32012R1215

Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála

OJ L 351, 20.12.2012, p. 1–32 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Special edition in Croatian: Chapter 19 Volume 011 P. 289 - 320

In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/1215/oj

20.12.2012   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/1


RIALACHÁN (AE) Uimh. 1215/2012 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 12 Nollaig 2012

maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála

(athmhúnlú)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 67(4) agus pointe (a), pointe (c) agus pointe (e) d’Airteagal (81)(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

An 21 Aibreán 2009, ghlac an Coimisiún tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 ón gComhairle an 22 Nollaig 2000 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (3). Thángthas ar an gconclúid sa tuarascáil go bhfuil feidhmiú an Rialacháin sin sásúil tríd is tríd, ach gur inmhianaithe cur i bhfeidhm líon áirithe de na forálacha ann a fheabhsú, chun saorchúrsaíocht breithiúnas a éascú tuilleadh agus chun rochtain ar cheartas a fheabhsú tuilleadh. Ós rud é go bhfuil líon leasuithe le déanamh ar an Rialachán sin, ba cheart, ar mhaithe le soiléireacht, é a athmhúnlú.

(2)

Ag a cruinniú sa Bhruiséil an 10 agus an 11 Nollaig 2009, ghlac an Chomhairle Eorpach clár ilbhliantúil nua dar teideal “Clár Stócólm – Eoraip atá oscailte agus slán agus a thugann seirbhís agus cosaint dá saoránaigh” (4). I gClár Stócólm, mheas an Chomhairle Eorpach gur cheart leanúint leis an bpróiseas chun gach beart idirmheánach (an exequatur) a dhíothú i rith na tréimhse arna cumhdach ag an gClár sin. Ag an am céanna, ba cheart go mbeadh sraith cosaintí ann i dteannta dhíothú an exequatur.

(3)

Tá sé leagtha amach mar chuspóir dó féin ag an Aontas limistéar saoirse, slándála agus ceartais a chothabháil agus a fhorbairt, inter alia trí rochtain ar cheartas a éascú, go háirithe trí bhreitheanna breithiúnacha agus seachbhreithiúnacha in ábhair shibhialta a aithint go frithpháirteach. D’fhonn limistéar den sórt sin a bhunú de réir a chéile, tá bearta a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair shibhialta a bhfuil impleachtaí trasteorann acu, go háirithe nuair is gá sin d’fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh, le glacadh ag an Aontas.

(4)

Tá difríochtaí áirithe ann idir na rialacha náisiúnta lena rialaítear dlínse agus aithint breithiúnas, ar difríochtaí iad atá ina mbac ar oibriú fónta an mhargaidh inmheánaigh. Is forálacha riachtanacha iad na forálacha arb é is aidhm leo na rialacha maidir le coinbhleacht dlínse in ábhair shibhialta agus tráchtála a aontú, agus aithint agus forghníomhú mear agus simplí ar bhreithiúnais a thugtar i mBallstát a áirithiú.

(5)

Tagann na forálacha sin faoi réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair shibhialta de réir bhrí Airteagal 81 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

(6)

Chun cuspóir na saorchúrsaíochta breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála a bhaint amach, is gá agus is iomchuí na rialacha lena rialaítear dlínse agus aithint agus forghníomhú breithiúnas a rialú le hionstraim dlí de chuid an Aontais a bheidh ina ceangal agus infheidhme go díreach.

(7)

An 27 Meán Fómhair 1968, rinne Ballstáit na gComhphobal Eorpach a bhí ann ag an am, ag gníomhú dóibh faoi Airteagal 220, an ceathrú fleasc, den Chonradh ag bunú Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa, Coinbhinsiún na Bruiséile ar Dhlínse agus Forghníomhú Breithiúnas in Ábhair Shibhialta agus Tráchtála, arna leasú ina dhiaidh sin le coinbhinsiúin maidir le haontachas don Choinbhinsiún sin ag Ballstáit nua (“Coinbhinsiún na Bruiséile 1968”) (5) a thabhairt i gcrích. An 16 Meán Fómhair 1988, rinne Ballstáit na gComhphobal Eorpach a bhí ann ag an am agus Stáit áirithe CSTE Coinbhinsiún Lugano ar Dhlínse agus Forghníomhú Breithiúnas in Ábhair Shibhialta agus Tráchtála (6) (“Coinbhinsiún Lugano 1988”) a thabhairt i gcrích, ar coinbhinsiún é atá comhthreomhar le Coinbhinsiún na Bruiséile 1968. Tháinig feidhm le Coinbhinsiún Lugano 1988 i gcás na Polainne an 1 Feabhra 2000.

(8)

An 22 Nollaig 2000, ghlac an Chomhairle Rialachán (CE) Uimh. 44/2001, Rialachán a ghlacann ionad Choinbhinsiún na Bruiséile 1968 a mhéid a bhaineann le críocha na mBallstát atá cumhdaithe le CFAE, amhail idir na Ballstáit go léir seachas an Danmhairg. Le Cinneadh ón gComhairle 2006/325/CÉ (7), thug an Comhphobal comhaontú i gcrích leis an Danmhairg trínar áirithíodh go gcuirfí forálacha Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 i gcrích sa Danmhairg. Rinneadh Coinbhinsiún Lugano 1988 a athbhreithniú leis an gCoinbhinsiún ar Dhlínse agus ar Aithint agus Forghníomhú Breithiúnas in Ábhair Shibhialta agus Tráchtála (8), arna shíniú in Lugano an 30 Deireadh Fómhair 2007 ag an gComhphobal, an Danmhairg, an Íoslainn, an Iorua agus an Eilvéis (“Coinbhinsiún Lugano 2007”).

(9)

Leanfaidh d’fheidhm a bheith ag Coinbhinsiún na Bruiséile 1968 maidir le críocha na mBallstát a thagann faoi raon feidhme críche an Choinbhinsiúin sin agus atá eisiata ón Rialachán seo de bhun Airteagal 355 CFAE.

(10)

Ba cheart na príomhábhair shibhialta agus tráchtála, amach ó roinnt ábhar arna sainiú go soiléir, a chumhdach faoi raon feidhme an Rialacháin seo, go háirithe oibleagáidí cothabhála, ar cheart iad a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo tar éis ghlacadh Rialachán (CE) Uimh. 4/2009 ón gComhairle an 18 Nollaig 2008 maidir le dlínse, leis an dlí is infheidhme, le haithint agus forghníomhú breitheanna agus le comhar in ábhair a bhaineann le hoibleagáidí cothabhála (9).

(11)

Chun críocha an Rialacháin seo, ba cheart cúirteanna nó binsí is coiteann do roinnt Ballstát bheith san áireamh i gcúirteanna nó i mbinsí na mBallstát, amhail Cúirt Bhreithiúnais Benelux i gcás ina mbíonn dlínse á feidhmiú aici maidir le hábhair a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo. Dá bhrí sin, ba cheart breithiúnais a thugann cúirteanna den sórt sin a aithint agus a fhorghníomhú i gcomhréir leis an Rialachán seo.

(12)

Níor cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo maidir le headráin. Níor cheart go gcuirfeadh aon ní sa Rialachán seo bac ar chúirteanna Ballstáit, agus caingean os a gcomhair i gcás ina mbeadh comhaontú eadrána déanta idir na páirtithe, ó na páirtithe sin a chur chun eadrána, ó bhac a chur ar na himeachtaí nó na himeachtaí a dhíbheadh, nó ó fhéachaint an bhfuil an comhaontú eadrána ar neamhní, neamhoibríoch nó nach féidir é a fheidhmiú, i gcomhréir lena ndlí náisiúnta.

Rialú a thabharfaidh cúirt de chuid Ballstáit i dtaobh an bhfuil comhaontú eadrána ar neamhní, neamhoibríoch nó nach féidir é a chur i bhfeidhm, níor cheart go mbeadh sé faoi réir na rialacha maidir le haithint agus forghníomhú a leagtar síos sa Rialachán seo, is cuma ar chinn an chúirt ar an gceist sin mar phríomh-shaincheist nó mar cheist theagmhasach.

Ar an lámh eile, i gcás ina mbeidh sé cinntithe ag cúirt de chuid Ballstáit, agus í ag feidhmiú dlínse faoin Rialachán seo nó faoin dlí náisiúnta, go bhfuil comhaontú eadrána ar neamhní, neamhoibríoch nó nach féidir é a fheidhmiú, níor cheart go gcuirfeadh sé sin bac ar bhreithiúnas na cúirte sin maidir le substaint an ábhair ó bheith aitheanta nó, de réir mar a bheidh, ó bheith forghníomhaithe i gcomhréir leis an Rialachán seo. Ba cheart go mbeadh sé sin gan dochar d’inniúlacht chúirteanna na mBallstát breith a thabhairt maidir le haithint agus forghníomhú dámhachtainí eadrána i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún maidir le Dámhachtainí Eadrána Coigríche a Aithint agus a Fhorghníomhú, arna dhéanamh i Nua Eabhrac an 10 Meitheamh 1958 (“Coinbhinsiún Nua Eabhrac 1958”), ar coinbhinsiún é a bhfuil tosaíocht aige ar an Rialachán seo.

Níor cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo maidir le haon chaingean nó aon imeachtaí coimhdeacha a bhaineann, go háirithe, le binse eadrána a chur ar bun, le cumhachtaí eadránaithe, le nós imeachta eadrána a sheoladh nó le haon ghné eile de nós imeachta den sórt sin, ná a bhaineann le haon chaingean nó aon bhreithiúnas a bhaineann le dámhachtain eadrána a neamhniú, a athbhreithniú, a achomharc, a aithint nó a fhorghníomhú.

(13)

Ní foláir go mbeadh nasc idir imeachtaí a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leo agus críoch na mBallstát. Dá réir sin, ba cheart, i bprionsabal, go mbeadh feidhm ag comhrialacha maidir le dlínse sa chás go bhfuil sainchónaí ar an gcosantóir i mBallstát.

(14)

Maidir le cosantóir nach bhfuil sainchónaí air i mBallstát, ba cheart, go ginearálta, go mbeadh sé faoi réir na rialacha náisiúnta maidir le dlínse is infheidhme i gcríoch an Bhallstáit ina ndearnadh an t-ábhar a thabhairt os comhair cúirte ann.

Chun cosaint do thomhaltóirí agus d’fhostaithe a áirithiú, áfach, chun dlínse chúirteanna na mBallstát a chosaint i gcásanna ina bhfuil dlínse eisiach acu agus chun neamhspleáchas na bpáirtithe a urramú, ba cheart go mbeadh feidhm ag rialacha áirithe maidir le dlínse atá sa Rialachán seo ar neamhchead ar shainchónaí an chosantóra.

(15)

Ba cheart na rialacha maidir le dlínse a bheith an-intuartha agus bunaithe ar an bprionsabal gur gnách gur ar shainchónaí an chosantóra a shuitear an dlínse. Ba cheart go mbeadh dlínse le fáil i gcónaí ar an bhforas sin cé is moite de dhornán cásanna arna sainiú go soiléir ina dtugann ábhar na díospóide nó neamhspleáchas na bpáirtithe údar le critéar éagsúil nasctha. Ní mór sainchónaí duine dhlítheanaigh a shainiú go neamhspleách sa chaoi is go mbeidh na comhrialacha níos trédhearcaí agus go seachnófar coinbhleachtaí dlínse.

(16)

Sa bhreis ar shainchónaí an chosantóra, ba cheart forais mhalartacha dlínse a bheith ann ar bhonn dlúthnaisc idir an chúirt agus an chaingean nó chun riaradh fónta an cheartais a éascú. Ba cheart go n-áiritheodh an dlúthnasc sin deimhneacht dhlíthiúil agus go seachnófaí leis an fhéidearthacht go ndéanfaí an dlí a agairt ar chosantóir in imeachtaí os comhair cúirte de chuid Ballstáit nach bhféadfadh súil réasúnach a bheith aige leis. Tá sé sin tábhachtach, go háirithe i ndíospóidí a bhaineann le hoibleagáidí neamhchonarthacha a eascraíonn as sáruithe ar phríobháideacht agus ar chearta a bhaineann le pearsantacht, lena n-áirítear clúmhilleadh.

(17)

Maidir le húinéir ní cultúrtha amhail a shainmhínítear in Airteagal 1(1) de Threoir 93/7/CEE ón gComhairle an 15 Márta 1993 maidir le nithe cultúrtha a aistríodh go mídhleathach ó chríoch Ballstáit a fháil ar ais (10), ba cheart go mbeadh sé in ann faoin Rialachán seo imeachtaí maidir le héileamh sibhialta a thionscnamh d’aisghabháil, bunaithe ar úinéireacht, ní chultúrtha den sórt sin, sna cúirteanna don áit ina bhfuil an ní cultúrtha suite ag an tráth a ndéantar ábhar a thabhairt os comhair cúirte. Ba cheart go mbeadh na himeachtaí sin gan dochar d’imeachtaí a thionscnaítear faoi Threoir 93/7/CEE.

(18)

Maidir le conarthaí árachais, conarthaí tomhaltóirí, agus conarthaí fostaíochta, ba cheart an páirtí is laige a chosaint le rialacha dlínse a bheadh níos fabhraí i leith a leasanna ná na rialacha ginearálta.

(19)

Ba cheart neamhspleáchas na bpáirtithe i gconradh, seachas conradh árachais, conradh tomhaltóirí nó conradh fostaíochta, ar conradh é nach bhfuil ach neamhspleáchas teoranta ceadaithe d’fhonn an chúirt ag a bhfuil dlínse a chinneadh, a urramú faoi réir na bhforas eisiach dlínse a leagtar síos sa Rialachán seo.

(20)

Más rud é go n-ardaítear ceist i dtaobh cé acu an bhfuil nó nach bhfuil comhaontú maidir le rogha cúirte atá i bhfabhar cúirte nó cúirteanna de chuid Ballstáit ar neamhní a mhéid a bhaineann lena bhailíocht shubstainteach, ba cheart an cheist sin a chinneadh i gcomhréir le dlí Bhallstát na cúirte nó na gcúirteanna atá ainmnithe sa chomhaontú, lena n-áirítear rialacha an Bhallstáit sin maidir le heasaontacht dlíthe.

(21)

Ar mhaithe le riaradh comhchuibhithe an cheartais, is gá an fhéidearthacht go mbeadh imeachtaí comhthráthacha ann a laghdú agus is gá a áirithiú nach ndéanfar breithiúnais atá bunoscionn lena chéile a thabhairt i mBallstáit éagsúla. Ba cheart sásra soiléir agus éifeachtach a bheith ann chun cásanna lis pendens agus caingne gaolmhara a réiteach, agus chun fadhbanna a eascraíonn as difríochtaí náisiúnta ó thaobh an chaoi a gcinntear an tráth a mheastar cás a bheith ar feitheamh a sheachaint. Chun críocha an Rialacháin seo, ba cheart an tráth sin a shainiú go neamhspleách.

(22)

Chun éifeachtacht comhaontuithe eisiacha maidir le rogha cúirte a fheabhsú, áfach, agus chun míchleachtas dlíthíochta a sheachaint, is gá foráil a dhéanamh d’eisceacht ar an riail ghinearálta lis pendens chun déileáil go sásúil le cás ar leith ina bhféadfadh imeachtaí comhthráthacha teacht chun cinn. Seo é an cás nuair a dhéantar imeachtaí a thabhairt os comhair cúirte nach bhfuil ainmnithe i gcomhaontú eisiach maidir le rogha cúirte agus go ndéantar imeachtaí a thabhairt os comhair na cúirte ainmnithe ina dhiaidh sin ar an gcúis chéanna caingne agus idir na páirtithe céanna. I gcás den sórt sin, ba cheart go gceanglófaí ar an gcéad chúirt ar tugadh imeachtaí os a comhair a cuid imeachtaí a bhacadh a thúisce a thugtar imeachtaí os comhair na cúirte ainmnithe agus go dtí an tráth sin a dhearbhaíonn an chúirt ainmnithe nach bhfuil aon dlínse aici faoin gcomhaontú eisiach maidir le rogha cúirte. Is ann dó seo chun a áirithiú, i gcás den sórt sin, go mbeidh tosaíocht ag an gcúirt ainmnithe chun breith a thabhairt ar bhailíocht an chomhaontaithe agus ar a mhéid atá an comhaontú infheidhme sa díospóid ar feitheamh atá os a comhair. Ba cheart go mbeadh an chúirt ainmnithe in ann leanúint de na himeachtaí, beag beann ar chinneadh a bheith déanta ag an gcúirt neamhainmnithe maidir le himeachtaí a bhacadh.

Níor cheart go gcumhdófaí leis an eisceacht seo cásanna ina ndearna na páirtithe comhaontuithe eisiacha maidir le rogha cúirte atá contrártha dá chéile nó i gcás inarb í cúirt a ainmníodh i gcomhaontú eisiach maidir le rogha cúirte ar tugadh imeachtaí os a comhair ar dtús. I gcásanna den sórt sin, ba cheart go mbeadh feidhm ag riail ghinearálta lis pendens an Rialacháin seo.

(23)

Ba cheart go bhforálfaí leis an Rialachán seo do shásra solúbtha a ligfeadh do chúirteanna na mBallstát imeachtaí atá ar feitheamh os comhair cúirteanna tríú stáit a chur san áireamh, agus aird á tabhairt, go háirithe ar cibé ar féidir breithiúnas tríú stáit a aithint agus a fhorghníomhú sa Bhallstát lena mbaineann faoi dhlí an Bhallstáit sin agus ar chuí-riaradh an cheartais.

(24)

Nuair a bhíonn cuí-riaradh an cheartais á chur san áireamh, ba cheart do chúirt an Bhallstáit lena mbaineann cúinsí uile an cháis atá os a comhair a mheasúnú. D’fhéadfaí a áireamh i gcúinsí den sórt sin na naisc idir fíorais an cháis agus na páirtithe agus an tríú Stát lena mbaineann, an chéim ag a bhfuil na himeachtaí sa tríú Stát faoin tráth a thionscnaítear na himeachtaí i gcúirt an Bhallstáit agus cé acu an féidir nó nach féidir a bheith ag súil leis go dtabharfaidh cúirt an tríú Stát breithiúnas laistigh de thréimhse réasúnach ama.

Féadfar a áireamh freisin sa mheasúnú sin, an cheist an bhfuil dlínse eisiach ag cúirt an tríú Stát sa chás ar leith i gcúinsí ina mbeadh dlínse eisiach ag cúirt de chuid Ballstáit.

(25)

Ba cheart a áireamh, mar shampla, i gcoincheap na mbeart sealadach, lena n-áirítear bearta cosantacha orduithe cosantacha arb é is aidhm leo faisnéis a fháil nó fianaise a chaomhnú amhail dá dtagraítear in Airteagal 6 agus in Airteagal 7 de Threoir 2004/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le cearta maoine intleachtúla a fhorghníomhú (11). Níor cheart a áireamh ann bearta nach de chineál cosantach iad, amhail bearta lena n-ordaítear éisteacht a thabhairt d’fhinné. Ba cheart go mbeadh sé sin gan dochar d’fheidhmiú Rialachán (CE) Uimh. 1206/2001 ón gComhairle an 28 Bealtaine 2001 maidir le comhar idir cúirteanna na mBallstát i dtaca le fianaise a ghlacadh in ábhair shibhialta nó tráchtála (12).

(26)

Tugann muinín fhrithpháirteach i riaradh an cheartais san Aontas údar maith don phrionsabal gur cheart breithiúnais a thugtar i mBallstát a aithint i ngach Ballstát gan gá a bheith le haon nós imeachta speisialta. Sa bhreis air sin, tugann an aidhm de dhlíthíocht trasteorann a dhéanamh níos sciobtha agus níos saoire údar maith le deireadh a chur leis an dearbhú in-fhorghníomhaithe roimh an bhforghníomhú sa Bhallstát ar a ndírítear. I ngeall air sin, ba cheart déileáil le breithiúnas arna thabhairt ag na cúirteanna de chuid Ballstáit amhail gur tugadh é sa Bhallstát ar a ndírítear.

(27)

Chun críocha saorchúrsaíochta breithiúnas, ba cheart go ndéanfaí breithiúnas a thugtar i mBallstát a aithint agus a fhorghníomhú i mBallstát eile fiú amháin má thugtar é in aghaidh duine nach bhfuil sainchónaí air i mBallstát.

(28)

Más rud é go bhfuil beart nó ordú i mbreithiúnas, ar beart nó ordú é is anaithnid i ndlí an Bhallstáit ar a ndírítear, ba cheart, a mhéid is féidir, go ndéanfaí an beart nó an t-ordú sin, lena n-áirítear aon cheart a luaitear ann, a oiriúnú do bheart nó ordú a bhfuil, faoi dhlí an Bhallstáit sin, éifeachtaí coibhéiseacha ag gabháil leis agus aidhmeanna agus leasanna comhchosúla á saothrú leis. Ba cheart go ndéanfadh gach Ballstát a chinneadh cén chaoi a bhfuil an t-oiriúnú le déanamh agus cé a dhéanfaidh é.

(29)

Maidir le forghníomhú díreach a dhéanamh sa Bhallstát ar a ndírítear ar bhreithiúnas a tugadh i mBallstát eile agus gan dearbhú forghníomhaithe a bheith ag gabháil leis, níor cheart go ndéanfadh sé dochar d’urraim do chearta na cosanta. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh an duine a n-iarrtar forghníomhú ina choinne in ann iarratas a dhéanamh go ndéanfaí aithint nó forghníomhú breithiúnais a dhiúltú má mheasann sé gur ann do cheann de na forais chun aithint a dhiúltú. Ba cheart go n-áireofaí sa mhéid sin an foras nach raibh an deis aige socrú a dhéanamh dá chosaint i gcás inar tugadh an breithiúnas d’éagmais láithriú i gcaingean shibhialta atá nasctha le himeachtaí coiriúla. Ba cheart go n-áireodh sé freisin na forais a d’fhéadfaí a agairt ar bhonn comhaontaithe idir an Ballstát ar a ndírítear agus tríú Stát arna thabhairt i gcrích de bhun Airteagal 59 de Choinbhinsiún na Bruiséile 1968.

(30)

Maidir le páirtí a agóideann forghníomhú breithiúnais a tugadh i mBallstát eile, ba cheart go mbeadh sé in ann, a mhéid is féidir agus i gcomhréir leis an gcóras dlí sa Bhallstát ar a ndírítear, na forais don diúltú atá ar fáil faoin dlí náisiúnta a agairt, san imeacht céanna, sa bhreis ar na forais don diúltú dá bhforáiltear sa Rialachán seo, agus é sin laistigh de na teorainneacha ama a leagtar síos leis an dlí sin.

Níor cheart aithint breithiúnais, áfach, a dhiúltú ach amháin más ann do cheann amháin nó níos mó de na forais chun breithiúnas a dhiúltú dá bhforáiltear leis an Rialachán seo.

(31)

Go dtí go ndéanfar agóid i gcoinne forghníomhú breithiúnais, ba cheart go mbeadh sé indéanta ag na cúirteanna sa Bhallstát ar a ndírítear, le linn thréimhse iomlán na n-imeachtaí a bhaineann le hagóid den sórt sin, lena n-áirítear aon achomharc, cead a thabhairt don fhorghníomhú leanúint ar aghaidh faoi réir teorannaithe ar an bhforghníomhú nó faoi réir soláthair shlándála.

(32)

Chun an duine a bhfuil an forghníomhú á iarraidh ina choinne a chur ar an eolas faoi fhorghníomhú breithiúnais a tugadh i mBallstát eile, ba cheart an deimhniú arna bhunú faoin Rialachán seo, agus an breithiúnas ag gabháil leis más gá, a sheirbheáil ar an duine sin laistigh de thréimhse réasúnach ama roimh an gcéad bheart forghníomhaithe. Sa chomhthéacs sin, ba cheart go gciallódh an chéad bheart forghníomhaithe an chéad bheart forghníomhaithe tar éis na seirbheála sin.

(33)

I gcás ina ndéanann cúirt a bhfuil dlínse aici maidir le substaint an ábhair bearta sealadacha, lena n-áirítear bearta cosantacha, a ordú, ba cheart saorchúrsaíocht na mbeart sin a áirithiú faoin Rialachán seo. Níor cheart, áfach, bearta sealadacha, lena n-áirítear bearta cosantacha, arna n-ordú ag cúirt den sórt sin gan an cosantóir a thoghairm chun láithriú a aithint agus a fhorghníomhú faoin Rialachán seo mura rud é go ndéantar an breithiúnas ina bhfuil an beart a sheirbheáil ar an gcosantóir roimh an bhforghníomhú. Níor cheart go gcuirfeadh sé sin bac ar aithint agus forghníomhú na mbeart sin faoin dlí náisiúnta. I gcás ina ndéanann cúirt de chuid Ballstáit nach bhfuil dlínse aici maidir le substaint an ábhair bearta sealadacha, lena n-áirítear bearta cosantacha, a ordú, ba cheart éifeacht na mbeart sin a theorannú, faoin Rialachán seo, go dtí críoch an Bhallstáit sin.

(34)

Ba cheart leanúnachas idir Coinbhinsiún na Bruiséile 1968, Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 agus an Rialachán seo a áirithiú, agus ba cheart forálacha idirthréimhseacha a leagan síos chun na críche sin. Tá feidhm ag an ngá céanna le leanúnachas maidir le léirmhíniú Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ar Choinbhinsiún na Bruiséile 1968 agus ar na Rialacháin a ghlacann a ionad.

(35)

Fágann an urraim do thiomantais idirnáisiúnta arna ndéanamh ag na Ballstáit nár cheart don Rialachán seo difear a dhéanamh do choinbhinsiúin a bhaineann le hábhair shonracha a bhfuil na Ballstáit ina bpáirtithe iontu.

(36)

Gan dochar d’oibleagáidí na mBallstát faoi na Conarthaí, níor cheart go ndéanfadh an Rialachán seo difear do chur i bhfeidhm coinbhinsiún agus comhaontuithe déthaobhacha idir tríú Stát agus Ballstát a tugadh i gcrích roimh dháta theacht i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 a bhaineann le hábhair a rialaítear leis an Rialachán seo.

(37)

Chun a áirithiú go ndéantar na deimhnithe atá le húsáid i ndáil le haithint nó le forghníomhú breithiúnas, ionstraimí barántúla agus socraíochtaí cúirte faoin Rialachán seo a choimeád cothrom le dáta, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 de CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le leasuithe ar Iarscríbhinn I agus ar Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(38)

Tugann an Rialachán seo urraim do na cearta bunúsacha agus comhlíonann sé na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe an ceart chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil, arna ráthú in Airteagal 47 den Chairt.

(39)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach agus gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpaigh (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(40)

I gcomhréir le hAirteagal 3 den Phrótacal maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann, atá i gceangal le CAE agus leis an g Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, mar a bhí ag an am, bhí an Ríocht Aontaithe agus Éire rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 44/2001. I gcomhréir le hAirteagal 3 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, tá fógra tugtha ag an Ríocht Aontaithe agus ag Éirinn gur mian leo a bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(41)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl an Rialachán seo ina cheangal ar an Danmhairg ná níl sí faoi réir a chur i bhfeidhm, gan dochar don fhéidearthacht atá ag an Danmhairg leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 a chur i bhfeidhm de bhun Airteagal 3 de Chomhaontú an 19 Deireadh Fómhair 2005 idir an Comhphobal Eorpach agus Ríocht na Danmhairge maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (13).

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

1.   Beidh feidhm leis an Rialachán seo in ábhair shibhialta agus tráchtála, cibé cineál cúirte nó binse a bheidh i gceist. Ní bheidh feidhm aige, go háirithe, maidir le hábhair ioncaim, custaim ná riaracháin ná le dliteanas an Stáit i leith gníomhartha agus neamhghníomhartha i bhfeidhmiú údarás an Stáit (acta iure imperii).

2.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

stádas nó inniúlacht dhlíthiúil daoine nádúrtha, maoinchearta de bhua cóngais phósta, nó de bhua gaoil a meastar, faoin dlí is infheidhme maidir le gaol den sórt sin, go bhfuil comhéifeacht aige le pósadh;

(b)

féimheacht, imeachtaí maidir le foirceannadh cuideachtaí dócmhainneacha nó daoine dlítheanacha eile atá dócmhainneach, comhshocraíochtaí breithiúnacha, imshocraíochtaí agus imeachtaí cosúil leo sin;

(c)

slándáil shóisialta;

(d)

eadráin;

(e)

oibleagáidí cothabhála a eascraíonn ó ghaol teaghlaigh, ó thuismíocht, ó phósadh nó ó chleamhnas;

(f)

uachtanna agus comharbas, lena n-áirítear oibleagáidí cothabhála a thagann chun cinn mar gheall ar bhás.

Airteagal 2

Chun críocha an Rialacháin seo:

(a)

ciallaíonn “breithiúnas” aon bhreithiúnas a thugann cúirt nó binse de chuid Ballstáit, cibé ainm a thugtar ar an mbreithiúnas, lena n-áirítear foraithne, ordú, breith nó eascaire ar fhorghníomhú, mar aon le breith ar chostais nó ar chaiteachas arna mbreith ag oifigeach den chúirt.

Chun críocha Chaibidil III, áirítear le “breithiúnas” bearta sealadacha, lena n-áirítear bearta cosantacha, arna n-ordú ag cúirt nó binse ag a bhfuil dlínse maidir le substaint an ábhair de bhua an Rialacháin seo. Ní áirítear leis beart sealadach, lena n-áirítear beart cosantach, a ordaíonn cúirt nó bínse den sórt sin gan an cosantóir a thoghairm chun láithriú, mura rud é gur seirbheáiltear an breithiúnas ina bhfuil an beart ar an gcosantóir roimh an bhforghníomhú;

(b)

ciallaíonn “socraíocht chúirte” socraíocht atá formheasta ag cúirt de chuid Ballstáit nó atá tugtha i gcrích os comhair cúirte de chuid Ballstáit le linn imeachtaí;

(c)

ciallaíonn “ionstraim bharántúil” doiciméad a tarraingíodh suas go foirmiúil nó a cláraíodh mar ionstraim bharántúil sa Bhallstát tionscnaimh agus a bhfuil an méid seo fíor ina leith:

(i)

go mbaineann a barántúlacht le síniú na hionstraime agus lena bhfuil inti, agus

(ii)

go bhfuil a bharántúlacht suite ag údarás poiblí nó ag údarás eile arna chumhachtú chun na críche sin;

(d)

ciallaíonn “Ballstát tionscnaimh” an Ballstát de réir mar a bheidh, inar tugadh an breithiúnas, inar formheasadh nó inar tugadh i gcrích an tsocraíocht chúirte nó inar rinneadh an ionstraim bharántúil a tharraingt suas go foirmiúil nó a chlárú go foirmiúil,;

(e)

ciallaíonn “Ballstát ar a ndírítear” an Ballstát ina ndéantar aithint an bhreithiúnais a agairt nó ina n-iarrtar an breithiúnas, an tsocraíocht chúirte nó an ionstraim bharántúil a fhorghníomhú;

(f)

ciallaíonn “cúirt tionscnaimh” an chúirt a thug an breithiúnas a ndéantar aithint an bhreithiúnais sin a agairt nó a bhfuil forghníomhú an bhreithiúnais sin á iarraidh.

Airteagal 3

Chun críocha an Rialacháin seo, áirítear le “cúirt” na húdaráis seo a leanas a mhéad a bhfuil dlínse acu in ábhair a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo:

(a)

san Ungáir, in imeachtaí achoimre a bhaineann le horduithe le híoc (fizetési meghagyásos eljárás), an nótaire (közjegyző);

(b)

sa tSualainn, in imeachtaí achoimre a bhaineann le horduithe le híoc (betalningsföreläggande) agus le cúnamh (handräckning), an tÚdarás Forghníomhaithe (Kronofogdemyndigheten).

CAIBIDIL II

DLÍNSE

ROINN 1

Forálacha ginearálta

Airteagal 4

1.   Faoi réir an Rialacháin seo, déanfar an dlí a agairt ar dhaoine a bhfuil sainchónaí orthu i mBallstát, is cuma cén náisiúntacht atá acu, i gcúirteanna an Bhallstáit sin.

2.   Daoine nach náisiúnaigh den Bhallstát ina bhfuil sainchónaí orthu iad, beidh siad faoi rialú ag na rialacha dlínse is infheidhme maidir le náisiúnaigh an Bhallstáit sin.

Airteagal 5

1.   Daoine a bhfuil sainchónaí orthu i mBallstát, ní fhéadfar an dlí a agairt orthu i gcúirteanna de chuid Ballstáit eile ach amháin de bhua na rialacha a leagtar amach i Roinn 2 go Roinn 7 den Chaibidil seo.

2.   Go háirithe, maidir le rialacha dlínse náisiúnta a mbeidh fógra le cur ag na Ballstáit chuig an gCoimisiún ina dtaobh de bhun phointe (a) d’Airteagal 76(1), ní bheidh siad infheidhme mar rialacha i gcoinne na ndaoine dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 6

1.   Mura bhfuil sainchónaí ar an gcosantóir i mBallstát, déanfar, faoi réir Airteagal 18(1), Airteagal 21(2) agus Airteagal 24 agus Airteagal 25, dlínse chúirteanna gach Ballstáit a chinneadh de réir dhlí an Bhallstáit sin.

2.   Aon duine a bhfuil sainchónaí air i mBallstát, cibé náisiúntacht atá aige, féadfaidh sé, ar an mbealach céanna le náisiúnaigh den Bhallstát sin, leas a bhaint sa Bhallstát sin, i gcoinne an chosantóra sin, as rialacha na dlínse atá i bhfeidhm ann agus go háirithe as na rialacha sin ar a mbeidh fógra le tabhairt ag na Ballstáit ina dtaobh don Choimisiún de bhun phointe (a) d’Airteagal 76(1).

ROINN 2

Dlínse Speisialta

Airteagal 7

Duine a bhfuil sainchónaí air i mBallstát amháin, féadfar an dlí a agairt air i mBallstát eile:

(1)

(a)

in ábhair a bhaineann le conradh, sna cúirteanna don áit ina gcomhlíontar an oibleagáid i dtrácht;

(b)

chun críocha na forála seo agus mura rud é go gcomhaontófar a mhalairt, is é a bheidh san áit ina gcomhlíontar an oibleagáid:

i gcás earraí a dhíol, an áit i mBallstát ina ndearnadh, faoin gconradh, na hearraí a sheachadadh nó inar cheart iad a bheith seachadta,

i gcás seirbhísí a sholáthar, an áit i mBallstát ina ndearnadh, faoin gconradh, na seirbhísí a sholáthar nó inar cheart iad a bheith soláthraithe;

(c)

mura mbeidh feidhm ag pointe (b), ansin beidh feidhm ag pointe (a);

(2)

in ábhair a bhaineann le tort, míghníomh nó samhail mhíghnímh, sna cúirteanna don áit inar tharla an teagmhas díobhálach, nó ina bhféadfaidh sé tarlú;

(3)

maidir le héileamh sibhialta chun damáistí nó aisíocaíocht a ghnóthú atá bunaithe ar ghníomhaíocht is siocair le himeachtaí coiriúla, sa chúirt ar tugadh na himeachtaí sin os a comhair, a mhéid a bhfuil dlínse ag an gcúirt sin faoina dlí féin glacadh le himeachtaí sibhialta;

(4)

maidir le héileamh sibhialta, bunaithe ar úinéireacht, chun ní cultúrtha a fháil ar ais, amhail a shainmhínítear i bpointe 1 d’Airteagal 1 de Threoir 93/7/CEE, ar éileamh é arna thionscnamh ag an duine a éilíonn an ceart chun rud den sórt sin a aisghabháil, sna cúirteanna don áit ina bhfuil an ní cultúrtha suite ag an tráth a dtugtar imeachtaí os comhair na cúirte;

(5)

maidir le díospóid a éiríonn as oibríochtaí brainse, gníomhaireachta nó bunaíochta eile, sna cúirteanna don áit ina bhfuil an brainse, an ghníomhaireacht nó an bhunaíocht eile suite;

(6)

maidir le díospóid a thugtar in aghaidh socraitheora, iontaobhaí nó tairbhí iontaobhais a bunaíodh de bhun reachta, nó le hionstraim i scríbhinn, nó a cruthaíodh de bhriathra béil agus a fianaíodh i scríbhinn, i gcúirteanna an Bhallstáit a bhfuil sainchónaí an iontaobhais ann;

(7)

maidir le díospóid a bhaineann le híocaíocht luach saothair arna éileamh i dtaca le lasta nó lucht a tharrtháil, sa chúirt ar faoina húdarás:

(a)

a gabhadh an lasta nó an lucht áirithe chun an íocaíocht sin a urrú; nó

(b)

a d’fhéadfaí an lasta nó an lucht áirithe a ghabháil amhlaidh, ach ar tugadh bannaí nó urrús eile ina leith,

ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an bhforáil seo ach amháin má dhéantar a éileamh go bhfuil leas ag an gcosantóir sa lasta nó sa lucht nó go raibh leas den sórt sin aige tráth na tarrthála.

Airteagal 8

Féadfar an dlí a agairt freisin ar dhuine a bhfuil sainchónaí air i mBallstát:

(1)

i gcás inar duine de líon cosantóirí é, sna cúirteanna don áit ina bhfuil sainchónaí ar dhuine ar bith díobh, ar choinníoll go bhfuil baint chomh dlúth sin ag na héilimh le chéile go bhfuil sé fóirsteanach na cosantóirí a éisteacht agus breith a thabhairt orthu i dteannta a chéile ionas go seachnófaí breithiúnais a bheadh bunoscionn lena chéile de thoradh imeachtaí ar leithligh;

(2)

mar thríú páirtí i gcaingean ar bharántas nó ráthaíocht nó in aon imeachtaí eile tríú páirtí, sa chúirt ar tugadh os a comhair na himeachtaí bunaidh, mura rud é gur tionscnaíodh iad sin d’aon toisc chun é a thabhairt amach as dlínse na cúirte a bheadh inniúil ina chás;

(3)

i gcás frithéilimh a thig den chonradh céanna nó de na fíorais chéanna ab fhoras don éileamh bunaidh, sa chúirt ina bhfuil an t-éileamh bunaidh ar feitheamh;

(4)

i gcás ábhar a bhaineann le conradh, más féidir an chaingean a dhéanamh i dteannta caingne i gcoinne an chosantóra chéanna in ábhair a bhaineann le cearta in rem ar mhaoin dhochorraithe, i gcúirt an Bhallstáit ina bhfuil an mhaoin suite.

Airteagal 9

Más rud é, de bhua an Rialacháin seo, go bhfuil dlínse ag cúirt de chuid Ballstáit i gcaingne a bhaineann le dliteanas ó úsáid nó oibriú loinge, beidh dlínse freisin ag an gcúirt sin, nó ag aon chúirt eile a bheidh curtha ina hionad chun na críche sin le dlí inmheánach an Bhallstáit sin, i gcás éilimh chun an dliteanas sin a theorannú.

ROINN 3

Dlínse in ábhair a bhaineann le Hárachas

Airteagal 10

In ábhair a bhaineann le hárachas, déanfar dlínse a chinneadh de réir na Roinne seo, gan dochar d’Airteagal 6 agus do phointe 5 d’Airteagal 7.

Airteagal 11

1.   Féadfar an dlí a agairt ar árachóir a bhfuil sainchónaí air i mBallstát:

(a)

i gcúirteanna an Bhallstáit ina bhfuil sainchónaí air;

(b)

i mBallstát eile, i gcás caingne a thionscain sealbhóir an pholasaí, an t-árachaí nó an tairbhí, sna cúirteanna don áit ina bhfuil sainchónaí ar an éilitheoir; nó

(c)

más comhárachóir é, i gcúirteanna de chuid Ballstáit ina dtionscnaítear imeachtaí i gcoinne an phríomhárachóra.

2.   Árachóir nach bhfuil sainchónaí air i mBallstát ach a bhfuil brainse, gníomhaireacht nó bunaíocht eile aige i gceann de na Ballstáit, déanfar, i gcás díospóidí a éireoidh de dhroim oibríochtaí an bhrainse, na gníomhaireachta nó na bunaíochta, a mheas go bhfuil sainchónaí air sa Bhallstát sin.

Airteagal 12

I ndáil le hárachas dliteanais nó árachas ar mhaoin dhochorraithe, féadfar fairis sin an dlí a agairt ar an árachóir sna cúirteanna don áit inar tharla an teagmhas díobhálach. Is é an dála céanna é má chumhdaítear maoin shochorraithe agus maoin dhochorraithe leis an bpolasaí árachais céanna agus go dtéann an teagmhas céanna chun dochair dóibh araon.

Airteagal 13

1.   I ndáil le hárachas dliteanais, féadfar freisin, má cheadaíonn dlí na cúirte é, an t-árachóir a uamadh in imeachtaí arna dtabhairt ag an bpáirtí díobhálaithe i gcoinne an árachaí.

2.   Beidh feidhm ag Airteagal 10, Airteagal 11 agus Airteagal 12 maidir le caingne arna dtionscnamh ag an bpáirtí díobhálaithe go díreach i gcoinne an árachóra, i gcás ina gceadaítear caingne díreacha den sórt sin.

3.   Má fhorálann an dlí lena rialaítear caingne díreacha den sórt sin go bhféadfar an sealbhóir polasaí nó an t-árachaí a uamadh mar pháirtí sa chaingean, beidh dlínse ag an gcúirt chéanna ina leith.

Airteagal 14

1.   Gan dochar d’Airteagal 13(3), ní fhéadfaidh árachóir imeachtaí a thionscnamh ach amháin i gcúirteanna an Bhallstáit ina bhfuil sainchónaí ar an gcosantóir, is cuma cé acu arb é sealbhóir an pholasaí, an t-árachaí nó tairbhí é.

2.   Ní dhéanfaidh forálacha na Roinne seo difear don cheart frithéileamh a thabhairt sa chúirt ina bhfuil, i gcomhréir leis an Roinn seo, an t-éileamh bunaidh ar feitheamh.

Airteagal 15

Ní fhéadfar imeacht ó fhorálacha na Roinne seo ach amháin trí chomhaontú:

(1)

a dhéantar tar éis don díospóid a theacht chun cinn;

(2)

a cheadaíonn do shealbhóir an polasaí, don árachaí nó do thairbhí imeachtaí a thionscnamh i gcúirteanna seachas na cúirteanna a luaitear sa Roinn seo;

(3)

a chuirtear i gcrích idir sealbhóir polasaí agus árachóir, a bhfuil sainchónaí nó gnáthchónaí orthu araon sa Bhallstát céanna tráth an chonartha a thabhairt i gcrích, agus arb é is éifeacht dó dlínse a thabhairt do chúirteanna an Bhallstáit sin fiú i gcás teagmhais dhíobhálaigh a tharlú ar an gcoigríoch, ar choinníoll nach bhfuil an comhaontú sin contrártha do dhlí an Bhallstáit sin;

(4)

a chuirtear i gcrích le sealbhóir polasaí nach bhfuil sainchónaí air i mBallstát, ach amháin a mhéid atá an t-árachas éigeantach nó a bhaineann sé le maoin dhochorraithe i mBallstát; nó

(5)

a bhaineann le conradh árachais a mhéid a chumhdaíonn sé ceann amháin nó níos mó de na rioscaí a leagtar amach in Airteagal 16.

Airteagal 16

Is iad seo a leanas na rioscaí dá dtagraítear i bpointe 5 d’Airteagal 15:

(1)

aon chailleadh nó damáiste a bhainfidh:

(a)

do longa farraige, do shuiteálacha amach ón gcósta nó ar an mórmhuir, nó d’aerárthaí, de dhroim guaiseanna a bhaineann lena n-úsáid chun críocha tráchtála;

(b)

d’earraí faoi bhealach seachas bagáiste paisinéirí, nuair a iompraítear iad an bealach ar fad nó cuid den bhealach i longa nó in aerárthaí den sórt sin;

(2)

aon dliteanas, seachas dliteanas i leith díobhála coirp do phaisinéirí nó i leith cailleadh nó damáiste a bhaint dá mbagáiste:

(a)

a thig as úsáid nó oibriú long, suiteálacha nó aerárthaí dá dtagraítear i bpointe 1(a) sa mhéid, maidir le haerárthaí, nach gcuireann dlí an Bhallstáit ina bhfuil na haerárthaí sin cláraithe toirmeasc le comhaontuithe ar dhlínse a mhéid a bhaineann le hárachú na rioscaí sin;

(b)

i leith caillte nó damáiste a tharlóidh trí bhíthin earraí faoi bhealach amhail a bhfuil tuairisc orthu i bpointe 1(b);

(3)

aon chailleadh airgid i ndáil le húsáid nó oibriú long, suiteálacha nó aerárthaí amhail dá dtagraítear i bpointe 1(a), go háirithe cailleadh last-táillí nó íocaíochta as cairtfhostú;

(4)

aon riosca nó leas a ghabhann leo sin dá dtagraítear i bpointe 1 go pointe 3;

(5)

d’ainneoin phointe 1 go pointe 4, gach “mór-riosca” mar a shainmhínítear i dTreoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le dul i mbun ghnó an Árachais agus an Athárachais, agus gabháil don ghnó sin, (Sócmhainneacht II) (14).

ROINN 4

Dlínse ar chonarthaí tomhaltais

Airteagal 17

1.   In ábhair a bhaineann le conradh a chuir duine, an tomhaltóir, i gcrích chun críche a fhéadfar a mheas a bheith lasmuigh dá cheird nó dá ghairm, déanfar an dlínse a chinneadh leis an Roinn seo, gan dochar d’Airteagal 6 agus do phointe 5 d’Airteagal 7, más rud é:

(a)

gur conradh é chun earraí a dhíol ar théarmaí creidmheasa tráthchoda;

(b)

gur conradh é le haghaidh iasachta is inaisíoctha i dtráthchodanna, nó le haghaidh aon chineál eile creidmheasa, arna dhéanamh chun díolachán earraí a mhaoiniú; nó

(c)

i ngach cás eile, gur cuireadh an conradh i gcrích le duine a ghabhann do ghníomhaíochtaí tráchtála nó gairmiúla i mBallstát shainchónaí an tomhaltóra nó a dhéanann, ar aon slí, na gníomhaíochtaí sin a dhíriú chuig an mBallstát sin nó chuig iliomad Stát lena n-áirítear an Ballstát sin, agus go dtagann an conradh faoi réim raon feidhme na ngníomhaíochtaí sin.

2.   Más rud é go ndéanann tomhaltóir conradh le páirtí nach bhfuil sainchónaí air i mBallstát ach a bhfuil brainse, gníomhaireacht nó bunaíocht eile aige i gceann de na Ballstáit, déanfar, i gcás díospóidí a thiocfaidh chun cinn de dhroim oibríochtaí an bhrainse, na gníomhaireachta nó na bunaíochta, a mheas go bhfuil sainchónaí ar an bpáirtí sin sa Bhallstát sin.

3.   Ní bheidh feidhm ag an Roinn seo maidir le conarthaí iompair, seachas conarthaí lena ndéantar, ar phraghas iniatach, socrú maidir le teaglaim taistil agus cóiríochta.

Airteagal 18

1.   Féadfaidh tomhaltóir imeachtaí a thabhairt in aghaidh an pháirtí eile i gconradh i gcúirteanna an Bhallstáit ina bhfuil sainchónaí ar an bpáirtí sin nó, ar neamhchead do shainchónaí an pháirtí eile, sna cúirteanna don áit ina bhfuil sainchónaí ar an tomhaltóir.

2.   Ní féidir leis an bpáirtí eile sa chonradh imeachtaí a thabhairt i gcoinne tomhaltóra ach amháin i gcúirteanna an Bhallstáit ina bhfuil sainchónaí ar an tomhaltóir.

3.   Ní dhéanfaidh an tAirteagal seo difear don cheart frithéileamh a thabhairt sa chúirt ina bhfuil, i gcomhréir leis an Roinn seo, an t-éileamh bunaidh ar feitheamh.

Airteagal 19

Ní féidir imeacht ó fhorálacha na Roinne seo ach amháin trí chomhaontú:

(1)

a dhéanfar tar éis don díospóid teacht chun cinn;

(2)

a cheadóidh don tomhaltóir imeachtaí a thabhairt i gcúirteanna seachas na cúirteanna a luaitear sa Roinn seo; nó

(3)

a dhéanfaidh an tomhaltóir agus an páirtí eile sa chonradh, agus sainchónaí nó gnáthchónaí orthu araon sa Bhallstát céanna tráth an chonartha a chur i gcrích, agus a thabharfaidh dlínse do chúirteanna an Bhallstáit sin, ar choinníoll nach bhfuil an comhaontú sin contrártha le dlí an Bhallstáit sin.

ROINN 5

Dlínse ar chonarthaí fostaíochta aonair

Airteagal 20

1.   In ábhair a bhaineann le conarthaí fostaíochta aonair, déanfar an dlínse a chinneadh leis an Roinn seo, gan dochar d’Airteagal 6, do phointe 5 d’Airteagal 7 agus, i gcás imeachtaí arna dtabhairt i gcoinne fostóra, do phointe 1 d’Airteagal 8.

2.   Más rud é go dtéann fostaí i gconradh fostaíochta aonair le fostóir nach bhfuil sainchónaí air i mBallstát ach a bhfuil brainse, gníomhaireacht nó bunaíocht eile ag an bhfostóir sin i gceann de na Ballstáit, déanfar, i ndíospóidí a thagann chun cinn de dhroim oibríochtaí an bhrainse, na gníomhaireachta nó na bunaíochta, a mheas go bhfuil sainchónaí ar an bhfostóir sa Bhallstát sin.

Airteagal 21

1.   Féadfar an dlí a agairt ar fhostóir a bhfuil sainchónaí air i mBallstát:

(a)

i gcúirteanna an Bhallstáit ina bhfuil sainchónaí air; nó

(b)

i mBallstát eile:

(i)

sna cúirteanna don áit ina ndéanann nó óna ndéanann an fostaí a chuid oibre de ghnáth nó sna cúirteanna don áit deiridh ina ndearna sé amhlaidh, nó

(ii)

más rud é nach ndéanann, nó nach ndearna, an fostaí a chuid oibre de ghnáth in aon tír amháin, sna cúirteanna don áit ina bhfuil nó ina raibh an gnó a d’earcaigh an fostaí suite.

2.   Féadfar an dlí a agairt ar fhostóir nach bhfuil sainchónaí air i mBallstát i gcúirt de chuid Ballstáit i gcomhréir le pointe (b) de mhír 1.

Airteagal 22

1.   Ní fhéadfaidh fostóir imeachtaí a thabhairt ach amháin i gcúirteanna an Bhallstáit ina bhfuil sainchónaí ar an bhfostaí.

2.   Ní dhéanfaidh forálacha na Roinne seo difear don cheart frithéileamh a thabhairt sa chúirt ina bhfuil, i gcomhréir leis an Roinn seo, an t-éileamh bunaidh ar feitheamh.

Airteagal 23

Ní fhéadfar imeacht ó fhorálacha na Roinne seo ach amháin trí chomhaontú:

(1)

a dhéanfar tar éis don díospóid teacht chun cinn; nó

(2)

a cheadóidh don fhostaí imeachtaí a thabhairt i gcúirteanna seachas na cúirteanna a luaitear sa Roinn seo.

ROINN 6

Dlínse eisiach

Airteagal 24

Beidh dlínse eisiach ag na cúirteanna seo a leanas de Bhallstáit, ar neamhchead do shainchónaí na bpáirtithe:

(1)

in imeachtaí arb é is cuspóir dóibh cearta in rem ar mhaoin dhochorraithe nó ar thionóntachtaí maoine dochorraithe, cúirteanna an Bhallstáit ina bhfuil an mhaoin suite.

In imeachtaí arb é is cuspóir dóibh, áfach, tionóntachtaí maoine dochorraithe arna gcur i gcrích le haghaidh úsáide príobháidí sealadaí ar feadh tréimhse uasta de shé mhí as a chéile, beidh dlínse freisin ag cúirteanna an Bhallstáit ina bhfuil sainchónaí ar an gcosantóir, ar choinníoll gur duine nádúrtha é an tionónta agus go bhfuil sainchónaí ar an tiarna talún agus ar an tionónta sa Bhallstát céanna;

(2)

in imeachtaí arb é is cuspóir dóibh bailíocht comhdhéanaimh, neamhniú nó díscaoileadh cuideachtaí nó daoine dlítheanacha eile nó comhlachas de dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha, nó bailíocht cinntí a thug orgáin dá gcuid, cúirteanna an Bhallstáit ina bhfuil an suíomh ag an gcuideachta, ag an duine dlítheanach nó ag an gcomhlachas. Chun an suíomh sin a chinneadh, déanfaidh an chúirt a cuid rialacha maidir leis an dlí idirnáisiúnta príobháideach a chur chun feidhme;

(3)

in imeachtaí arb é is cuspóir dóibh bailíocht taifead i gcláir phoiblí, cúirteanna an Bhallstáit ina bhfuil an clár á choimeád;

(4)

in imeachtaí a bhaineann le clárú nó bailíocht paitinní, trádmharcanna, dearaí, nó le cearta comhchosúla eile is gá a thaisceadh nó a chlárú, is cuma cé acu a tharraingítear an cheist mar chaingean nó mar chosaint, cúirteanna an Bhallstáit ina ndearnadh iarratas don taisceadh nó don chlárú, arb ann a rinneadh é nó a meastar faoi théarmaí ionstraime de chuid an Aontais nó coinbhinsiúin idirnáisiúnta gurb ann a rinneadh é.

Gan dochar do dhlínse Oifig Paitinní na hEorpa faoin gCoinbhinsiún chun Paitinní Eorpacha a Dheonú, a síníodh in München an 5 Deireadh Fómhair 1973, beidh dlínse eisiach ag cúirteanna gach Ballstáit in imeachtaí a bhaineann le clárú nó bailíocht aon phaitinne Eorpaí a deonaíodh le haghaidh an Bhallstáit sin;

(5)

in imeachtaí a bhaineann le breithiúnais a fhorghníomhú, cúirteanna an Bhallstáit ina ndearnadh an breithiúnas a fhorghníomhú nó ina bhfuil an breithiúnas le forghníomhú.

ROINN 7

Dlínse a iarchur

Airteagal 25

1.   Más rud é go ndearna na páirtithe, ar neamhchead dá sainchónaí, comhaontú chun dlínse a bheith ag cúirt nó ag cúirteanna de chuid Ballstáit aon díospóidí a réiteach a tharla nó a d’fhéadfadh tarlú i ndáil le comhbhaint dhlíthiúil áirithe, beidh dlínse ag an gcúirt sin nó ag na cúirteanna sin, mura rud é go bhfuil an comhaontú ar neamhní ó thaobh a bailíochta substaintiúla faoi dhlí an Bhallstáit sin. Beidh an dlínse sin eisiach mura rud é go mbeidh a mhalairt comhaontaithe ag na páirtithe. Ní foláir an comhaontú a thugann dlínse:

(a)

a bheith i scríbhinn nó arna fhianú i scríbhinn;

(b)

a bheith i bhfoirm atá de réir na gcleachtas a bheidh bunaithe ag na páirtithe eatarthu féin; nó

(c)

i dtrádáil nó tráchtáil idirnáisiúnta, a bheith i bhfoirm atá de réir gnáthaimh ar a bhfuil eolas nó ar cheart go mbeadh eolas ag na páirtithe agus a bhfuil cur amach go forleathan air sa trádáil nó sa tráchtáil sin agus a leantar go rialta i measc páirtithe i gconarthaí den saghas a bhaineann leis an trádáil nó an tráchtáil áirithe atá i gceist.

2.   Aon chumarsáid ar mhodh leictreonach lena dtugtar taifead buan ar an gcomhaontú, beidh sé coibhéiseach le “scríbhinn”.

3.   An chúirt nó na cúirteanna de chuid Ballstáit dá dtugann ionstraim iontaobhais dlínse, beidh dlínse eisiach aici nó acu in aon imeachtaí a thabharfar i gcoinne socraitheora, iontaobhaí nó tairbhí, má bhíonn comhbhaint i gceist idir na daoine sin nó a gcearta nó a n-oibleagáidí faoin iontaobhas.

4.   Ní bheidh aon fheidhm dhlíthiúil ag comhaontuithe nó forálacha ionstraime iontaobhais a thugann dlínse má bhíonn siad contrártha le forálacha Airteagal 15, Airteagal 19 nó Airteagal 23, nó má bhíonn dlínse eisiach de bhua Airteagal 24 ag na cúirteanna a bhfuil sé airbheartaithe acu a ndlínse a eisiamh.

5.   Déileálfar le comhaontú lena dtugtar dlínse agus ar cuid de chonradh é mar chomhaontú atá neamhspleách ar théarmaí eile an chonartha.

Ní féidir bailíocht an chomhaontaithe lena dtugtar dlínse a chonspóid ar an bhforas amháin nach bhfuil an conradh bailí.

Airteagal 26

1.   Amach ó na cásanna ina bhfuil dlínse aici de bhua fhorálacha eile de chuid an Rialacháin seo, beidh dlínse ag cúirt de chuid Ballstáit a dtaifeadfaidh cosantóir láithreas os a comhair. Ní bheidh feidhm ag an riail seo más conspóid na dlínse ba chuspóir don láithreas a thaifeadadh, nó má bhíonn dlínse eisiach ag cúirt eile ann de bhua Airteagal 24.

2.   In ábhair dá dtagraítear i Roinn 3, Roinn 4 nó Roinn 5, más rud é gurb é sealbhóir an pholasaí, an t-árachaí, tairbhí an chonartha árachais, an páirtí díobhálaithe, an tomhaltóir nó an fostaí an cosantóir, déanfaidh an chúirt, sula ngabhfaidh sí dlínse chuici féin faoi mhír 1, a áirithiú go ndéanfar an cosantóir a chur ar an eolas faoina cheart dlínse na cúirte a chonspóid agus faoi na hiarmhairtí a ghabhann le láithriú a thaifeadadh nó gan láithriú a thaifeadadh.

ROINN 8

Scrúdú i Dtaca le dlínse agus le Hinghlacthacht

Airteagal 27

I gcás ina dtabharfar éileamh a bhaineann go príomha le hábhar a bhfuil dlínse eisiach ina leith ag cúirteanna de chuid Ballstáit eile de bhua Airteagal 24 os comhair cúirte de chuid Ballstáit, dearbhóidh sí uaithi féin nach bhfuil aon dlínse aici.

Airteagal 28

1.   I gcás ina ndéantar an dlí a agairt ar chosantóir a bhfuil sainchónaí air i mBallstát amháin i gcúirt de chuid Ballstáit eile agus nach dtaifeadfaidh sé láithreas, dearbhóidh an chúirt uaithi féin nach bhfuil aon dlínse aici mura rud é go bhfuil a dlínse bunaithe ar fhorálacha an Rialacháin seo.

2.   Cuirfidh an chúirt bac ar na himeachtaí fad a bheifear gan a shuíomh go raibh caoi ag an gcosantóir doiciméad tionscanta na n-imeachtaí nó doiciméad coibhéiseach a fháil in am trátha chun socrú a dhéanamh é féin a chosaint, nó go ndearnadh gach dícheall chuige sin.

3.   Beidh feidhm ag Airteagal 19 de Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2007 maidir le doiciméid bhreithiúnacha agus doiciméid sheachbhreithiúnacha in ábhair shibhialta nó in ábhair tráchtála a sheirbheáil sna Ballstáit (doiciméid a sheirbheáil) (15) in ionad mhír 2 den Airteagal seo i gcás inarbh éigean doiciméad tionscanta na n-imeachtaí nó doiciméad coibhéiseach a tharchur ó Bhallstát amháin go Ballstát eile de bhun an Rialacháin sin.

4.   I gcás nach mbeidh feidhm ag forálacha Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007, beidh feidhm ag Airteagal 15 de Choinbhinsiún na Háige an 15 Samhain 1965 ar Sheirbheáil Doiciméad Dlíthiúil agus Seachdhlíthiúil in Ábhair Shibhialta nó Tráchtála ar an gCoigríoch i gcás inarbh éigean doiciméad tionscanta na n-imeachtaí nó doiciméad coibhéiseach a sheoladh amach ar an gcoigríoch de bhun an Choinbhinsiúin sin.

ROINN 9

Lis pendens – caingne gaolmhara

Airteagal 29

1.   Gan dochar d’Airteagal 31(2), i gcás ina ndéanfar imeachtaí leis an gcúis chéanna chaingne agus idir na páirtithe céanna a thionscnamh i gcúirteanna de chuid Ballstát éagsúil, déanfaidh cúirt ar bith seachas an chéad chúirt ar tugadh os a comhair iad bac a chur ar a himeachtaí, uaithi féin, go dtí go suífear dlínse na chéad chúirte ar tugadh os a comhair iad.

2.   I gcásanna dá dtagraítear i mír 1, arna iarraidh sin ag cúirt ar tugadh an díospóid os a comhair, déanfaidh aon chúirt eile ar tugadh an díospóid os a comhair, gan mhoill, an chúirt roimhe sin a chur ar an eolas maidir leis an dáta a ndearnadh an díospóid a thabhairt os a comhair i gcomhréir le hAirteagal 32.

3.   I gcás ina suitear dlínse na chéad chúirte ar tugadh na himeachtaí os a comhair, déanfaidh cúirt ar bith seachas an chéad chúirt ar tugadh os a comhair iad dlínse a dhiúltú i bhfabhar na chéad chúirte sin.

Airteagal 30

1.   I gcás ina mbeidh caingne gaolmhara ar feitheamh i gcúirteanna de chuid Ballstát éagsúil, féadfaidh cúirt ar bith seachas an chéad chúirt ar tugadh os a comhair iad bac a chur ar a himeachtaí.

2.   I gcás ina mbeidh an chaingean a tugadh os comhair na chéad chúirte ar feitheamh ag an gcéad chéim, féadfaidh cúirt ar bith eile, ar iarratas ó cheann de na páirtithe, dlínse a dhiúltú freisin má tá dlínse ag an gcéad chúirt ar tugadh na caingne os a comhair ar na caingne atá i gceist agus má cheadaíonn a dlí a gcomhdhlúthú.

3.   Chun críocha an Airteagail seo, meastar caingne a bheith gaolmhar má bhíonn baint chomh dlúth sin acu lena chéile go bhfuil sé fóirsteanach iad a éisteacht agus breith a thabhairt orthu i dteannta a chéile ionas go seachnófaí breithiúnais bunoscionn lena chéile de thoradh imeachtaí ar leithligh.

Airteagal 31

1.   I gcás ina dtagann caingne faoi dhlínse eisiach cúirteanna éagsúla, déanfaidh cúirt ar bith seachas an chéad chúirt ar tugadh os a comhair iad dlínse a dhiúltú i bhfabhar na chéad chúirte sin.

2.   Gan dochar d’Airteagal 26, i gcás ina dtabharfar imeachtaí os comhair cúirte de chuid Ballstáit, ar cúirt í a mbronntar dlínse eisiach uirthi le comhaontú dá dtagraítear in Airteagal 25, cuirfidh aon chúirt de chuid Ballstáit eile bac ar na himeachtaí go dtí go bhfógróidh an chúirt ar tugadh na himeachtaí os a comhair ar bhonn an chomhaontaithe nach bhfuil aon dlínse aici faoin gcomhaontú.

3.   I gcás ina mbeidh, i gcomhréir leis an gcomhaontú, dlínse suite ag an gcúirt a ainmnítear sa chomhaontú, diúltóidh aon chúirt de chuid Ballstáit eile dlínse i bhfabhar na cúirte sin.

4.   Ní bheidh feidhm ag mír 2 agus ag mír 3 maidir le hábhair dá dtagraítear i Roinn 3, i Roinn 4 nó i Roinn 5 sa chás gurb é sealbhóir an pholasaí, an t-árachaí, tairbhí an chonartha árachais, an duine díobhálaithe, an tomhaltóir nó an fostaí an t-éilitheoir, agus ní bheidh an comhaontú bailí faoi fhoráil atá sna Ranna sin.

Airteagal 32

1.   Chun críocha na Roinne seo, measfar caingean a bheith tugtha os comhair cúirte:

(a)

tráth a dhéantar an doiciméad lenar tionscnaíodh na himeachtaí nó doiciméad coibhéiseach a thaisceadh leis an gcúirt, ar choinníoll nár mhainnigh an t-éilitheoir dá éis na céimeanna a ghlacadh ba ghá dó a ghlacadh chun an tseirbheáil a chur ar an gcosantóir; nó

(b)

más gá an doiciméad a sheirbheáil sula dtaiscfear leis an gcúirt é, tráth a bheidh sé faighte ag an údarás atá freagrach as an tseirbheáil, ar choinníoll nár mhainnigh an t-éilitheoir dá éis dó na céimeanna a ghlacadh ba ghá dó a ghlacadh chun an doiciméad a thaisceadh leis an gcúirt.

Is é an t-údarás atá freagrach as an tseirbheáil dá dtagraítear i bpointe (b) an chéad údarás a gheobhaidh na doiciméid atá le seirbheáil.

2.   Déanfaidh an chúirt, nó an t-údarás atá freagrach as seirbheáil, dá dtagraítear i mír 1, a thabhairt dá n-aird, faoi seach, an dáta a taisceadh doiciméad tionscanta na n-imeachtaí nó an doiciméad coibhéiseach, nó an dáta a bhfuarthas na doiciméid a bhí le seirbheáil.

Airteagal 33

1.   I gcás ina bhfuil dlínse bunaithe ar Airteagal 4 nó ar Airteagal 7, Airteagal 8 nó Airteagal 9 agus sa chás go mbeidh imeachtaí ar feitheamh os comhair cúirte de chuid tríú Stáit tráth a thugtar imeachtaí os comhair cúirte i mBallstát leis an gcúis chéanna chaingne agus idir na páirtithe céanna leis na himeachtaí i gcúirt an tríú Stáit, féadfaidh cúirt an Bhallstáit bac a chur ar na himeachtaí más rud é:

(a)

go bhfuiltear ag súil leis go dtabharfaidh cúirt an tríú Stáit breithiúnas a d’fhéadfaí a aithint agus, i gcás inarb infheidhme, a d’fhéadfaí a fhorghníomhú sa Bhallstát sin; agus

(b)

gur deimhin le cúirt an Bhallstáit go bhfuil gá le bac ar mhaithe le cuí-riaradh an cheartais.

2.   Féadfaidh cúirt an Bhallstáit leanúint leis na himeachtaí tráth ar bith, más rud é:

(a)

go gcuirtear bac ar na himeachtaí féin i gcúirt an tríú Stáit nó go bhfuil siad scortha;

(b)

gur dealraitheach do chúirt an Bhallstáit nach dócha go gcuirfear na himeachtaí i gcúirt an tríú Stáit i gcrích laistigh de thréimhse réasúnach; nó

(c)

gur gá leanúint leis na himeachtaí ar mhaithe le cuí-riaradh an cheartais.

3.   Déanfaidh an cúirt an Bhallstáit na himeachtaí a dhíbheadh má tá imeachtaí i gcúirt an tríú Stáit curtha i gcrích agus más é atá mar thoradh orthu breithiúnas a d’fhéadfaí a aithint agus, i gcás inarb infheidhme, a d’fhéadfaí a fhorghníomhú sa Bhallstát sin.

4.   Déanfaidh cúirt an Bhallstáit an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm ar iarratas ó cheann amháin de na páirtithe nó, nuair is féidir é sin a dhéanamh faoi chuimsiú an dlí náisiúnta, uaithi féin.

Airteagal 34

1.   I gcás ina bhfuil dlínse bunaithe ar Airteagal 4 nó ar Airteagal 7, Airteagal 8 nó Airteagal 9, agus i gcás ina mbeidh caingean ar feitheamh os comhair cúirte de chuid tríú Stáit tráth a thugtar caingean atá gaolmhar leis an gcaingean i gcúirt an tríú Stáit os comhair cúirte i mBallstát, féadfaidh cúirt an Bhallstáit bac a chur ar na himeachtaí, más rud é:

(a)

go bhfuil sé fóirsteanach na gníomhaíochtaí gaolmhara a éisteacht agus breith a thabhairt orthu i dteannta a chéile ionas go seachnófaí breithiúnais a bheadh bunoscionn leana chéile de thoradh imeachtaí ar leithligh;

(b)

go bhfuiltear ag súil leis go dtabharfaidh an chúirt de chuid an tríú Stáit breithiúnas a d’fhéadfaí a aithint agus, i gcás inarb infheidhme, a d’fhéadfaí a fhorghníomhú sa Bhallstát sin; agus

(c)

gur deimhin le cúirt an Bhallstáit go bhfuil gá le bac ar mhaithe le cuí-riaradh an cheartais.

2.   Féadfaidh cúirt an Bhallstáit leanúint leis na himeachtaí tráth ar bith, más rud é:

(a)

gur dealraitheach do chúirt an Bhallstáit nach bhfuil baol ann a thuilleadh go ndéanfar breithiúnais a bheidh bunoscionn lena chéile;

(b)

go gcuirtear bac ar na himeachtaí féin i gcúirt an tríú Stáit nó go bhfuil siad scortha;

(c)

gur dealraitheach do chúirt an tríú Stáit nach dócha go gcuirfear na himeachtaí i gcúirt an tríú Stáit i gcrích laistigh de thréimhse réasúnach ama; nó

(d)

gur gá leanúint leis na himeachtaí ar mhaithe le cuí-riaradh an cheartais.

3.   Féadfaidh cúirt an Bhallstáit na himeachtaí a dhíbheadh má tá imeachtaí i gcúirt an tríú Stáit curtha i gcrích agus go bhfuil breithiúnas ann a d’fhéadfaí a aithint agus, i gcás inarb infheidhme, a d’fhéadfaí a fhorghníomhú sa Bhallstát sin, de thoradh orthu.

4.   Déanfaidh cúirt an Bhallstáit an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm ar iarratas ó cheann amháin de na páirtithe nó, nuair is féidir é sin a dhéanamh faoi chuimsiú an dlí náisiúnta, uaithi féin.

ROINN 10

Bearta sealadacha, lena n-áirítear bearta cosantacha

Airteagal 35

Féadfar cibé bearta sealadacha, lena n-áirítear bearta cosantacha, a bheidh ar fáil faoi dhlí an Bhallstáit a iarraidh ar chúirteanna an Bhallstáit sin, fiú más rud é go bhfuil dlínse ag cúirteanna Ballstáit eile maidir le substaint an ábhair.

CAIBIDIL III

AITHINT AGUS FORGHNÍOMHÚ

ROINN 1

Aithint

Airteagal 36

1.   Gheobhaidh breithiúnas a tugadh i mBallstát aithint sna Ballstáit eile gan gá a bheith le haon nós imeachta speisialta chuige sin.

2.   Féadfaidh aon pháirtí leasmhar, i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear i bhForoinn 2 de Roinn 3, iarratas a dhéanamh ar chinneadh lena dhearbhú nach bhfuil aon fhoras ann chun aithint a dhiúltú, faoi mar a thagraítear dó in Airteagal 45.

3.   Má bhíonn toradh imeachtaí i gcúirt de chuid Ballstáit ag brath ar chinneadh a dhéanamh i ndáil le ceist theagmhasach maidir haithint a dhiúltú, beidh dlínse ag an gcúirt sin ar an gceist sin.

Airteagal 37

1.   Maidir le páirtí ar mian leis breithiúnas a tugadh i mBallstát a agairt i mBallstát eile, tabharfaidh sé ar aird:

(a)

cóip den bhreithiúnas a chomhlíonann na coinníollacha is gá chun a bharántúlacht a shuíomh; agus

(b)

an deimhniú arna eisiúint de bhun Airteagal 53.

2.   Féadfaidh an chúirt nó an t-údarás a mbeidh breithiúnas a tugadh i mBallstát eile agartha os a comhair, i gcás inar gá é sin a dhéanamh, a cheangal ar an bpáirtí a dhéanfaidh an agairt uirthi aistriúchán nó traslitriú ar a bhfuil sa deimhniú dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 a sholáthar, i gcomhréir le hAirteagal 57. Féadfaidh an chúirt nó an t-údarás a cheangal ar an bpáirtí aistriúchán den bhreithiúnas a chur ar fáil in ionad aistriúcháin ar a bhfuil sa deimhniú mura féidir leis an gcúirt nó leis an údarás dul ar aghaidh gan aistriúchán den sórt sin.

Airteagal 38

Féadfaidh an chúirt nó an t-údarás a mbeidh breithiúnas a tugadh i mBallstát eile agartha os a comhair na himeachtaí a chur ar fionraí, go hiomlán nó go páirteach, más rud é:

(a)

go ndéantar agóid i gcoinne an bhreithiúnais sa Bhallstát tionscnaimh; nó

(b)

go bhfuil iarratas tíolactha le haghaidh cinnidh lena dhearbhú nach bhfuil aon fhoras ann chun aithint a dhiúltú, faoi mar a thagraítear dó in Airteagal 45, nó le haghaidh cinnidh go bhfuil an aithint le diúltú ar bhonn ceann de na forais sin.

ROINN 2

Forghníomhú

Airteagal 39

Breithiúnas a thugtar i mBallstát amháin agus is in-fhorghníomhaithe sa Bhallstát sin, beidh sé in-fhorghníomhaithe sna Ballstáit eile gan gá a bheith ann le haon dearbhú in-fhorghníomhaitheachta.

Airteagal 40

Beidh ag gabháil le breithiúnas in-fhorghníomhaithe, trí oibriú an dlí, an chumhacht chun dul ar aghaidh chuig aon bhearta cosantacha atá ann faoi dhlí an Bhallstáit ar a ndírítear.

Airteagal 41

1.   Faoi réir fhorálacha na Roinne seo, beidh an nós imeachta maidir le forghníomhú breithiúnas a thugtar i mBallstát eile faoi rialú dhlí an Bhallstáit chuig a ndírítear an t-iarratas. Déanfar breithiúnas a thugtar i mBallstát agus is in-fhorghníomhaithe sa Bhallstát ar a ndírítear a chur i bhfeidhm faoi na coinníollacha céanna le breithiúnas a thugtar don Bhallstát ar a ndírítear.

2.   D’ainneoin mhír 1, beidh feidhm ag na forais chun forghníomhú a dhiúltú nó a fhionraí faoi dhlí an Bhallstáit ar a ndírítear a fhad nach bhfuil siad ar neamhchomhréir leis na forais dá dtagraítear in Airteagal 45.

3.   Maidir le páirtí a lorgóidh breithiúnas a tugadh i mBallstát eile a forghníomhú, ní bheidh de cheangal air seoladh poist a bheith aige sa Bhallstát ar a ndírítear. Ní bheidh de cheangal ar an bpáirtí sin ionadaí údaraithe a bheith aige sa Bhallstát ar a ndírítear ach an oiread, mura rud é go mbeidh an t-ionadaí sin éigeantach ar neamhchead do náisiúntacht nó sainchónaí na bpáirtithe.

Airteagal 42

1.   Chun breithiúnas a tugadh i mBallstát eile a fhorghníomhú i mBallstát, cuirfidh an t-iarratasóir an méid seo a leanas ar fáil don údarás forghníomhaithe inniúil:

(a)

cóip den bhreithiúnas a chomhlíonann na coinníollacha is gá chun a bharántúlacht a shuíomh; agus

(b)

an deimhniú arna eisiúint de bhun Airteagal 53, lena ndeimhnítear go bhfuil an breithiúnas in-fhorghníomhaithe agus ina mbeidh sliocht as an mbreithiúnas mar aon, i gcás inarb iomchuí, le faisnéis ábhartha faoi chostais inghnóthaithe na n-imeachtaí agus faoi ríomh an úis.

2.   Chun breithiúnas a thugtar i mBallstát eile lena n-ordaítear beart sealadach, lena n-áirítear beart cosantach, a fhorghníomhú i mBallstát, cuirfidh an t-iarratasóir an méid seo a leanas ar fáil don údarás inniúil forghníomhaithe:

(a)

cóip den bhreithiúnas a chomhlíonann na coinníollacha is gá chun a bharántúlacht a shuíomh;

(b)

an deimhniú arna eisiúint de bhun Airteagal 53, ina mbeidh tuairisc ar an mbeart agus lena ndeimhnítear an méid seo a leanas:

(i)

go bhfuil dlínse ag an gcúirt maidir le substaint an ábhair;

(ii)

go bhfuil an breithiúnas in-fhorghníomhaithe sa Bhallstát tionscnaimh; agus

(c)

i gcás inar ordaíodh an beart gan an cosantóir a thoghairm chun láithris, cruthúnas gur seirbheáladh an breithiúnas.

3.   Féadfaidh an t-údarás inniúil forghníomhaithe, i gcás inar gá sin, a cheangal ar an iarratasóir aistriúchán nó traslitriú ar a bhfuil sa deimhniú a sholáthar, i gcomhréir le hAirteagal 57.

4.   Ní fhéadfaidh an t-údarás inniúil forghníomhaithe a chur de cheangal ar an iarratasóir aistriúchán den bhreithiúnas a sholáthar ach amháin mura féidir leis dul ar aghaidh gan aistriúchán den sórt sin.

Airteagal 43

1.   I gcás ina déantar forghníomhú breithiúnais a tugadh i mBallstát eile a iarradh, déanfar an deimhniú a eisíodh de bhun Airteagal 53 a sheirbheáil ar an duine a bhfuil an forghníomhú á iarraidh ina aghaidh roimh an gcéad bheart forghníomhaithe. Gabhfaidh an breithiúnas leis an deimhniú, mura mbeidh sé seirbheáilte ar an duine sin cheana.

2.   Más rud é gur i mBallstát seachas an Ballstát tionscnaimh atá sainchónaí ar an duine a mbeidh forghníomhú á iarraidh ina choinne, féadfaidh sé aistriúchán ar an mbreithiúnas a iarraidh chun forghníomhú an bhreithiúnais a chonspóid, más rud é nach bhfuil an breithiúnas scríofa i gceann de na teangacha seo a leanas nó nach bhfuil aistriúchán i gceann díobh ag gabháil leis:

(a)

teanga a thuigeann sé; nó

(b)

teanga oifigiúil an Bhallstáit ina bhfuil sainchónaí air nó, i gcás ina bhfuil teangacha oifigiúla éagsúla sa Bhallstát sin, teanga oifigiúil nó ceann de theangacha oifigiúla na háite ina bhfuil sainchónaí air.

Más rud é go n-iarrtar aistriúchán ar an mbreithiúnas faoin gcéad fhomhír, ní fhéadfar aon bhearta forghníomhaithe eile a dhéanamh seachas bearta cosantacha go dtí go gcuirfear an t-aistriúchán sin ar fáil don duine a bhfuil an forghníomhú á iarraidh ina choinne.

Ní bheidh feidhm ag an mír seo más rud é go ndearnadh an breithiúnas a sheirbheáil cheana ar an duine a bhfuil an forghníomhú á iarraidh ina choinne, i gceann amháin de na teangacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír, nó más rud é go mbeidh aistriúchán ag gabháil leis, i gceann de na teangacha sin.

3.   Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le beart cosantach i mbreithiúnas a fhorghníomhú, nó nuair a ghabhfaidh an duine a mbeidh forghníomhú á iarraidh aige ar aghaidh chuig bearta cosantacha i gcomhréir le hAirteagal 40.

Airteagal 44

1.   Sa chás ina n-iarrfar diúltú d’fhorghníomhú breithiúnais de bhun Fhoroinn 2 de Roinn 3, féadfaidh an chúirt sa Bhallstát chuig a ndírítear an t-iarratas an méid a leanas a dhéanamh ar iarratas an duine a n-iarrtar an forghníomhú ina choinne:

(a)

na himeachtaí forghníomhaithe a theorannú do bhearta cosantacha;

(b)

a chur de choinníoll ar an bhforghníomhú go dtabharfar cibé urrús a chinnfidh sí; nó

(c)

na himeachtaí forghníomhaithe a fhionraí go hiomlán nó go páirteach.

2.   Déanfaidh an t-údarás inniúil sa Bhallstát ar a ndírítear, ar iarratas an duine a n-iarrtar an forghníomhú ina choinne, na himeachtaí forghníomhaithe a fhionraí i gcás ina mbeidh in-fhorghníomhaitheacht an bhreithiúnais sin ar fionraí sa Bhallstát tionscnaimh.

ROINN 3

Aithint agus forghníomhú a dhiúltú

Foroinn 1

Aithint a dhiúltú

Airteagal 45

1.   Ar iarratas aon pháirtí leasmhar, déanfar aithint breithiúnais a dhiúltú:

(a)

má tá an aithint sin contrártha go follasach don bheartas poiblí (ordre public) sa Bhallstát ar a ndírítear;

(b)

I gcás gur d’éagmais láithris a tugadh an breithiúnas, mura ndearnadh doiciméad tionscanta na n-imeachtaí nó doiciméad coibhéiseach a sheirbheáil ar an gcosantóir in am trátha agus ar dhóigh a chuirfeadh ar a chumas socrú a dhéanamh dá chosaint, mura rud é gur mhainnigh an cosantóir imeachtaí a thionscnamh chun agóid a dhéanamh i gcoinne an bhreithiúnais tráth arbh fhéidir leis déanamh amhlaidh;

(c)

más breithiúnas é atá ar neamhréir le breithiúnas a tugadh idir na páirtithe céanna sa Bhallstát ar a ndírítear;

(d)

más breithiúnas é atá ar neamhréir le breithiúnas a tugadh roimhe sin i mBallstát eile nó i dtríú Stát leis an gcúis chéanna caingne agus idir na páirtithe céanna, ar choinníoll go gcomhlíonann an breithiúnas a tugadh roimhe sin na coinníollacha is gá chun é a aithint sa Bhallstát ar a ndírítear; nó

(e)

más breithiúnas é atá ar neamhréir le:

(i)

Roinn 3, Roinn 4 nó Roinn 5 de Chaibidil II i gcás gurb é sealbhóir an pholasaí, an t-árachaí, tairbhí an chonartha árachais, an duine díobhálaithe, an tomhaltóir nó an fostaí an cosantóir; nó

(ii)

Roinn 6 de Chaibidil II.

2.   Nuair a bheidh na forais dlínse dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 1 á scrúdú aici, beidh an chúirt ar cuireadh an t-iarratas faoina bráid faoi cheangal ag na cinntí fíorais a ndearna an chúirt tionscnaimh a dlínse a bhunú orthu.

3.   Gan dochar do phointe (e) de mhír 1, ní fhéadfar dlínse na cúirte tionscnaimh a athbhreithniú. Ní fhéadfar an tástáil a dhéanfar ar mbeartas poiblí dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 a chur i bhfeidhm ar na rialacha a bhaineann le dlínse.

4.   An t-iarratas ar aithint a dhiúltú, déanfar é i gcomhréir leis na nósanna imeachta dá bhforáiltear i bhForoinn 2, agus, i gcás inarb iomchuí, i Roinn 4.

Foroinn 2

Forghníomhú a dhiúltú

Airteagal 46

Ar iarratas an duine a bhfuil forghníomhú iarrtha ina choinne, déanfar forghníomhú breithiúnais a dhiúltú i gcás ina bhfuil ceann de na forais dá dtagraítear in Airteagal 45 ann.

Airteagal 47

1.   Cuirfear an t-iarratas ar fhorghníomhú a dhiúltú faoi bhráid na cúirte a bhfuil sé curtha in iúl ina taobh ag an mBallstát lena mbaineann don Choimisiún de bhun phointe (a) d’Airteagal 75 gurb í sin an chúirt ar cheart an t-iarratas a thíolacadh di.

2.   Is le dlí an Bhallstáit ar a ndírítear a rialófar an nós imeachta chun an forghníomhú a dhiúltú, a mhéid nach gcumhdaítear é leis an Rialachán seo.

3.   Déanfaidh an t-iarratasóir cóip den bhreithiúnas agus, i gcás inar gá sin, aistriúchán nó traslitriú dó a chur ar fáil don chúirt.

Féadfaidh an chúirt tabhairt ar aird na ndoiciméad dá dtagraítear sa chéad fho-alt a ligean ar ceal má tá siad ina seilbh aici cheana féin nó má mheasann sí gur míréasúnta a cheangal ar an iarratasóir iad a chur ar fáil. Sa chás deiridh sin, féadfaidh an chúirt a cheangal ar an bpáirtí eile na doiciméid sin a chur ar fáil.

4.   An páirtí a bheidh ag iarraidh go ndéanfar forghníomhú breithiúnais a tugadh i mBallstát eile a dhiúltú, ní bheidh de cheangal air seoladh poist a bheith aige sa Bhallstát ar a ndírítear. Ní bheidh de cheangal ar an bpáirtí sin ionadaí údaraithe a bheith aige sa Bhallstát ar a ndírítear ach an oiread, mura rud é go mbeidh an t-ionadaí sin éigeantach ar neamhchead do náisiúntacht nó sainchónaí na bpáirtithe.

Airteagal 48

Tabharfaidh an chúirt breith gan mhoill maidir leis an iarratas ar fhorghníomhú a dhiúltú.

Airteagal 49

1.   Féadfaidh ceachtar páirtí achomharc a dhéanamh i gcoinne na breithe ar an iarratas ar fhorghníomhú a dhiúltú.

2.   Déanfar an t-achomharc a thaisceadh leis an gcúirt a chur Ballstát lena mbaineann in iúl don Choimisiún de bhun phointe (b) d’Airteagal 75 gurb í sin an chúirt ar ceart achomharc den sórt sin a thaisceadh léi.

Airteagal 50

Ní fhéadfar breith a thugtar ar an achomharc a chonspóid ach amháin trí achomharc in nuair a bheidh na cúirteanna ina mbeidh aon achomharc breise le taisceadh curtha in iúl ag an mBallstát lena mbaineann don Choimisiún de bhun phointe (c) d’Airteagal 75.

Airteagal 51

1.   An chúirt chuig a dtíolactar iarratas chun forghníomhú a dhiúltú, nó ina n-éistfear achomharc arna thaisceadh faoi Airteagal 49 nó faoi Airteagal 50, féadfaidh sí bac a chur leis na himeachtaí más rud é go ndearnadh gnáthachomharc a thaisceadh i gcoinne an bhreithiúnais sa Bhallstát tionscnaimh nó más rud é nach bhfuil an tréimhse d’achomharc den sórt sin fós imithe in éag. Sa chás deiridh sin, féadfaidh an chúirt a shonrú cad é an tréimhse le haghaidh achomharc den sórt sin a thaisceadh.

2.   Más rud é gur in Éirinn, sa Chipir nó sa Ríocht Aontaithe a tugadh an breithiúnas, déileálfar le haon chineál achomhairc is indéanta sa Bhallstát tionscnaimh mar ghnáthachomharc chun críocha mhír 1.

ROINN 4

Forálacha comhchoiteanna

Airteagal 52

Ní fhéadfar i gcás ar bith breithiúnas a thugtar i mBallstát a athbhreithniú ó thaobh a shubstainte de sa Bhallstát ar a ndírítear.

Airteagal 53

Déanfaidh an chúirt tionscnaimh, arna iarraidh sin ag aon pháirtí leasmhar, deimhniú a eisiúint ag baint úsáide as an bhfoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

Airteagal 54

1.   Má tá beart nó ordú i mbreithiúnas ar beart nó ordú é is aineoil i ndlí an Bhallstáit ar a ndírítear, déanfar, a mhéid is féidir, an beart sin nó an t-ordú sin a oiriúnú do bheart nó d’ordú a bhfuil eolas air i ndlí an Bhallstáit sin a bhfuil éifeachtaí comhionanna ag gabháil leis agus aidhmeanna agus leasanna comhchosúla á saothrú leis.

Ní bheidh mar thoradh ar oiriúnú den sórt sin éifeachtaí a rachaidh thar na cinn dá bhforáiltear i ndlí an Bhallstáit tionscnaimh.

2.   Féadfaidh páirtí ar bith oiriúnú an bhirt nó an ordaithe a agóid os comhair cúirte.

3.   Má bhíonn gá leis, féadfar a chur de cheangal ar an bpáirtí a mbeidh an breithiúnas á agairt aige nó a mbeidh an forghníomhú á iarraidh aige, aistriúchán nó traslitriú ar an mbreithiúnas a chur ar fáil.

Airteagal 55

Breithiúnas a tugadh i mBallstát lena n-ordaítear íocaíocht phionósach, ní bheidh sé in-fhorghníomhaithe sa Bhallstát ar a ndírítear ach amháin más rud é go mbeidh méid na híocaíochta cinntithe go críochnaitheach ag an gcúirt tionscaimh.

Airteagal 56

Ní dhéanfar urrús, banna ná taisce, cibé tuairisc a dhéanfar orthu, a éileamh ar pháirtí a iarrann forghníomhú i mBallstát amháin ar bhreithiúnas a tugadh i mBallstát eile ar an bhforas gur náisiúnach eachtrach é nó ar an bhforas nach bhfuil sainchónaí ná cónaí air sa Bhallstát ar a ndírítear.

Airteagal 57

1.   I gcás ina bhfuil gá le haistriúchán nó le traslitriú faoin Rialachán seo, déanfar aistriúchán nó traslitriú den sórt sin go teanga oifigiúil an Bhallstáit lena mbaineann nó, i gcás ina bhfuil roinnt teangacha oifigiúla sa Bhallstát sin, go teanga oifigiúil nó go ceann de theangacha oifigiúla imeachtaí cúirte na háite ina ndéantar breithiúnas a tugadh i mBallstát eile a agairt nó ina ndéantar iarratas, i gcomhréir le dlí an Bhallstáit sin.

2.   Chun críocha na bhfoirmeacha dá dtagraítear in Airteagal 53 agus in Airteagal 60, féadfar aistriúcháin nó traslitriú a dhéanamh freisin go dtí aon teanga oifigiúil nó teangacha oifigiúla eile de chuid institiúidí an Aontais a bhfuil sé tugtha le fios ag an mBallstát lena mbaineann gur féidir leis glacadh leo.

3.   Is duine a bheidh cáilithe chun aistriúcháin a dhéanamh i gceann de na Ballstáit a dhéanfaidh aon aistriúchán a dhéantar faoin Rialachán seo.

CAIBIDIL IV

IONSTRAIMÍ BARÁNTÚLA AGUS SOCRAÍOCHTAÍ CÚIRTE

Airteagal 58

1.   Déanfar ionstraim bharántúil atá in-fhorghníomhaithe sa Bhallstát tionscnaimh a fhorghníomhú sna Ballstáit eile gan gá a bheith ann le haon dearbhú in-fhorghníomhaithe chuige sin. Ní fhéadfar forghníomhú na hionstraime barántúla a dhiúltú ach amháin más follas go bhfuil an forghníomhú sin contrártha leis an mbeartas poiblí (ordre public) sa Bhallstát ar a ndírítear.

Beidh feidhm ag forálacha Roinn 2, Foroinn 2 de Roinn 3, agus Roinn 4 de Chaibidil III de réir mar is iomchuí maidir le hionstraimí barántúla.

2.   Ní foláir go gcomhlíonfaidh an ionstraim bharántúil a thabharfar ar aird na coinníollacha is gá chun a barántúlacht sa Bhallstát tionscnaimh a shuíomh.

Airteagal 59

Déanfar socraíocht chúirte atá in-fhorghníomhaithe sa Bhallstát tionscnaimh a fhorghníomhú sna Ballstáit eile faoi na coinníollacha céanna le hionstraimí barántúla.

Airteagal 60

Ar iarratas ó aon pháirtí leasmhar, eiseoidh údarás inniúil nó cúirt an Bhallstáit tionscnaimh an deimhniú ag baint úsáide as an bhfoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn II ina mbeidh achoimre ar an oibleagáid in-fhorghníomhaithe a taifeadadh san ionstraim bharántúil nó achoimre ar an gcomhaontú idir na páirtithe a taifeadadh sa tsocraíocht chúirte.

CAIBIDIL V

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 61

Ní bheidh gá le reachtaíocht ná le foirmiúlacht chomhchosúil eile le haghaidh doiciméad a dhéantar a eisiúint i mBallstát i gcomhthéacs an Rialacháin seo.

Airteagal 62

1.   Chun a chinneadh an bhfuil sainchónaí ar pháirtí i mBallstát ar tugadh ábhar os comhair a chúirteanna, cuirfidh an chúirt a dlí inmheánach i bhfeidhm.

2.   Mura bhfuil sainchónaí ar pháirtí sa Bhallstát ar tugadh an t-ábhar os comhair a chúirteanna, déanfaidh an chúirt, chun a chinneadh an bhfuil sainchónaí i mBallstát eile ar an bpáirtí, dlí an Bhallstáit sin a chur i bhfeidhm.

Airteagal 63

1.   Chun críocha an Rialacháin seo, tá sainchónaí ar chuideachta nó ar dhuine dlítheanach eile nó ar chomhlachas de dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha eile:

(a)

san áit a bhfuil a shuíomh nó a suíomh reachtúil aige nó aici;

(b)

san áit a bhfuil a riarachán lárnach; nó

(c)

san áit a bhfuil a phríomháit ghnó nó a príomháit ghnó aige nó aici.

2.   Chun críocha na hÉireann, na Cipire agus na Ríochta Aontaithe, ciallaíonn “suíomh reachtúil” an oifig chláraithe nó, i gcás nach bhfuil aon oifig den sórt sin in áit ar bith, an áit chorpraithe nó, i gcás nach bhfuil aon áit den sórt sin in áit ar bith, an áit ar faoi réir a dlí a tharla an foirmiú.

3.   Chun a chinneadh an bhfuil sainchónaí ar iontaobhas sa Bhallstát a bhfuil an t-ábhar os comhair a chúirteanna, cuirfidh an chúirt rialacha a dlí idirnáisiúnta phríobháidigh i bhfeidhm.

Airteagal 64

Gan dochar d’aon fhorálacha níos fabhraí i ndlíthe náisiúnta, má bhíonn daoine a bhfuil sainchónaí orthu i mBallstát á n-ionchúiseamh mar gheall ar chion neamhthoiliúil i gcúirteanna coiriúla Ballstáit eile nach náisiúnaigh dá chuid iad, féadfaidh daoine atá cáilithe chuige sin feidhmiú ar a son lena gcosaint, fiú gan iad a bheith i láthair go pearsanta. Féadfaidh an chúirt ar tugadh an t-ábhar os a comhair, áfach, a ordú do dhuine láithriú go pearsanta; i gcás nach ndearnadh láithriú, níl sé riachtanach aithint a thabhairt ná forghníomhú a dhéanamh sna Ballstáit eile ar bhreithiúnas a tugadh sa chaingean shibhialta gan caoi a bheith ag an duine lena mbaineann socrú a dhéanamh dá chosaint.

Airteagal 65

1.   Ní féidir feidhm iomlán a bhaint as an dlínse a shonraítear i bpointe 2 d’Airteagal 8 agus in Airteagal 13 i gcaingne ar bharántas nó ar ráthaíocht nó in aon imeachtaí eile tríú páirtí sna Ballstáit a áirítear sa liosta arna bhunú ag an gCoimisiún de bhun phointe (b) d’Airteagal 76(1) agus Airteagal 76(2) ach amháin a mhéid a cheadaítear an méid sin faoin dlí náisiúnta. Féadfar a iarraidh ar dhuine ar a bhfuil sainchónaí i mBallstát eile na himeachtaí os comhair chúirteanna na mBallstát sin a uamadh de bhun na rialacha maidir le fógra tríú páirtí, dá dtagraítear sa liosta sin.

2.   Breithiúnais a thugtar i mBallstát de bhua phointe 2 d’Airteagal 8 nó Airteagal 13, déanfar iad a aithint agus a fhorghníomhú i gcomhréir le Caibidil III in aon Bhallstát eile. Aon éifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag breithiúnais a thugtar sna Ballstáit a áirítear sa liosta dá dtagraítear i mír 1, i gcomhréir le dlí na mBallstát sin, ar thríú páirtithe trí chur i bhfeidhm mhír 1, aithneofar iad sna Ballstáit uile.

3.   Déanfaidh na Ballstáit a áirítear sa liosta dá dtagraítear i mír 1, faoi chuimsiú an Ghréasáin Bhreithiúnaigh Eorpaigh in ábhair shibhialta agus tráchtála a bunaíodh le Cinneadh 2001/470/CE (16) (“an Gréasán Breithiúnach Eorpach”) faisnéis a sholáthar faoin dóigh le héifeachtaí na mbreithiúnas dá dtagraítear sa dara habairt de mhír 2 a chinneadh i gcomhréir lena ndlí náisiúnta.

CAIBIDIL VI

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA

Airteagal 66

1.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo ach amháin maidir le himeachtaí dlíthiúla arna dtionscnamh, maidir le hionstraimí barántúla a tharraingítear suas go foirmiúil nó a chláraítear go foirmiúil agus maidir le socraíochtaí cúirte a cheadaítear nó a thugtar chun críche ar dháta a chur i bhfeidhm, nó i ndiaidh 10 Eanáir 2015.

2.   D’ainneoin Airteagal 80, leanfaidh Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 d’fheidhm a bheith aige maidir le breithiúnais arna dtabhairt in imeachtaí dlíthiúla arna dtionscnamh, maidir le hionstraimí barántúla a tharraingítear suas go foirmiúil nó a chláraítear go foirmiúil agus maidir le socraíochtaí cúirte arna bhformheas nó arna dtabhairt chun críche roimh 10 Eanáir 2015 a thagann faoi réim raon feidhme an Rialacháin sin.

CAIBIDIL VII

GAOL LE hIONSTRAIMÍ EILE

Airteagal 67

Ní dhéanfaidh an Rialachán seo dochar do chur i bhfeidhm forálacha lena rialaítear dlínse agus aithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shonracha atá in ionstraimí de chuid an Aontais nó i reachtaíocht náisiúnta a dhéantar a chomhchuibhiú de bhun ionstraimí den sórt sin.

Airteagal 68

1.   Gabhfaidh an Rialachán seo, mar rialachán idir Ballstáit, ionad Choinbhinsiún na Bruiséile 1968, seachas maidir le críocha na mBallstát a thagann faoi raon feidhme críochach an Choinbhinsiúin sin agus a eisítear ón Rialachán seo de bhun Airteagal 355 CFAE.

2.   A mhéid a ghabhann an Rialachán seo ionad fhorálacha Choinbhinsiún na Bruiséile 1968 idir na Ballstáit, tuigfear gur tagairt don Rialachán seo aon tagairt don Choinbhinsiún sin.

Airteagal 69

Faoi réir Airteagal 70 agus Airteagal 71, glacfaidh an Rialachán seo, mar rialachán idir na Ballstáit, ionad na gcoinbhinsiún lena gcumhdaítear na hábhair chéanna agus na hábhair a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leo. Déanfar, go háirithe, ionad na gcoinbhinsiún a áirítear sa liosta arna bhunú ag an gCoimisiún de bhun phointe (c) d’Airteagal 76(1) agus Airteagal 76(2) a ghabháil.

Airteagal 70

1.   Leanfaidh na coinbhinsiúin dá dtagraítear in Airteagal 69 d’fheidhm a bheith leo maidir le hábhair nach bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leo.

2.   Leanfaidh siad d’éifeacht a bheith acu maidir le breithiúnas a tugadh, maidir le hionstraimí barántúla a tarraingíodh suas go foirmiúil nó a cláraíodh go foirmiúil agus maidir le socraíochtaí cúirte a formheasadh nó a tugadh chun críche roimh dháta theacht i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 44/2001.

Airteagal 71

1.   Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear d’aon choinbhinsiún a bhfuil na Ballstáit ina bpáirtithe iontu agus a dhéanann, maidir le hábhair áirithe, rialú ar dhlínse nó ar aithint nó forghníomhú breithiúnas.

2.   D’fhonn a áirithiú go dtabharfar léiriú aonfhoirmeach air, cuirfear mír 1 i bhfeidhm mar seo a leanas:

(a)

ní chuirfidh an Rialachán seo toirmeasc ar chúirt de chuid Ballstáit, ar páirtí é i gcoinbhinsiún a bhaineann le hábhar áirithe, dlínse a ghabháil chuici i gcomhréir leis an gcoinbhinsiún sin, fiú más i mBallstát eile nach páirtí é sa choinbhinsiún sin atá sainchónaí ar an gcosantóir. Ar aon slí, cuirfidh an chúirt a éistfidh an chaingean Airteagal 28 den Rialachán seo i bhfeidhm;

(b)

breithiúnais a thug cúirt i mBallstát i bhfeidhmiú dlínse dá bhforáiltear i gcoinbhinsiún ar ábhar áirithe, déanfar iad a aithint agus a fhorghníomhú sna Ballstáit eile i gcomhréir leis an Rialachán seo.

I gcás ina ndéantar, i gcoinbhinsiún ar ábhar áirithe, coinníollacha a leagan síos maidir le breithiúnais a aithint nó a fhorghníomhú, agus inar páirtithe sa choinbhinsiún sin iad an Ballstát tionscnaimh agus an Ballstát ar a ndírítear, beidh feidhm ag na coinníollacha sin. Ar aon slí, féadfar forálacha an Rialacháin seo i dtaca le haithint agus forghníomhú breithiúnas a chur i bhfeidhm.

Airteagal 72

Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do chomhaontuithe trína ndearna Ballstáit, roimh theacht i bhfeidhm do Rialachán (CE) Uimh. 44/2001, a ghabháil orthu féin de bhun Airteagal 59 de Choinbhinsiún na Bruiséile 1968, gan aithint a thabhairt do bhreithiúnais a tugadh, go háirithe i Stáit Chonarthacha eile sa Choinbhinsiún sin, i gcoinne cosantóirí a raibh sainchónaí nó gnáthchónaí orthu i dtríú Stát más rud é, i gcásanna dá bhforáiltear in Airteagal 4 den Choinbhinsiún sin, nárbh fhéidir an breithiúnas a bhunú ach amháin ar fhoras dlínse mar a shonraítear sa dara mír d’Airteagal 3 den Choinbhinsiún sin.

Airteagal 73

1.   Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do chur i bhfeidhm Choinbhinsiún Lugano 2007.

2.   Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do chur i bhfeidhm Choinbhinsiún Nua Eabhrac 1958.

3.   Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do chur i bhfeidhm coinbhinsiún déthaobhach agus comhaontuithe idir tríú Stáit agus Ballstát a tugadh chun críche roimh dháta theacht i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 a bhaineann le hábhair a rialaítear leis an Rialachán seo.

CAIBIDIL VIII

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 74

Déanfaidh na Ballstáit, faoi chuimsiú an Ghréasáin Bhreithiúnaigh Eorpaigh agus d’fhonn an fhaisnéis a chur ar fáil don phobal, tuairisc ar rialacha náisiúnta agus nósanna imeachta náisiúnta a bhaineann le forghníomhú, lena n-áirítear údaráis atá inniúil i bhforghníomhú, agus faisnéis faoi aon srianta ar fhorghníomhú, go háirithe rialacha cosanta féichiúnaithe agus tréimhsí teorann nó forordaithe.

Déanfaidh na Ballstáit an fhaisnéis sin a choinneáil cothrom le dáta i gcónaí.

Airteagal 75

Faoin 10 Eanáir 2014, cuirfidh na Ballstáit na nithe seo a leanas i bhfios don Choimisiún:

(a)

na cúirteanna sin ar gá an t-iarratas ar fhorghníomhú a dhiúltú a chur faoina mbráid de bhun Airteagal 47(1);

(b)

na cúirteanna sin lena bhfuil achomharc i gcoinne na breithe ar an iarratas ar fhorghníomhú a dhiúltú le taisceadh de bhun Airteagal 49(2);

(c)

na cúirteanna lena bhfuil aon achomharc breise le taisceadh de bhun Airteagal 50; agus

(d)

na teangacha a bhfuil sé inghlactha na foirmeacha dá dtagraítear in Airteagal 57(2) a aistriú isteach iontu.

Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis ar fáil go poiblí trí aon mhodh is iomchuí, go háirithe tríd an nGréasán Breithiúnach Eorpach.

Airteagal 76

1.   Déanfaidh na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún faoi na nithe seo a leanas:

(a)

na rialacha maidir le dlínse dá dtagraítear in Airteagal 5(2) agus in Airteagal 6(2);

(b)

na rialacha maidir le fógra an tríú páirtí dá dtagraítear in Airteagal 65; agus

(c)

na coinbhinsiúin dá dtagraítear in Airteagal 69.

2.   Déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn na bhfógraí a gheobhaidh sé ó na Ballstáit dá dtagraítear i mír 1, na liostaí comhfhreagracha a bhunú.

3.   Déanfaidh na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún faoi aon leasuithe is gá a dhéanamh ina dhiaidh sin ar na liostaí sin. Leasóidh an Coimisiún na liostaí dá réir sin.

4.   Foilseoidh an Coimisiún na liostaí agus aon leasuithe a dhéanfar ina dhiaidh sin orthu in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

5.   An fhaisnéis uile a dtabharfar fógra ina leith de bhun mhír 1 agus mhír 3, cuirfidh an Coimisiún ar fáil go poiblí í trí aon slí iomchuí eile, go háirithe tríd an nGréasán Breithiúnach Eorpach.

Airteagal 77

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 78 maidir le leasuithe a dhéanamh ar Iarscríbhinn I agus ar Iarscríbhinn II.

Airteagal 78

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 77 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ón 9 Eanáir 2013.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 77 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, nó ar dháta ina dhiaidh sin arna shonrú sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe agus a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith go comhuaineach.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 77 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 79

Faoin 11 Eanáir 2022, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Sa tuarascáil sin beidh meastóireacht ar an ngá a d’fhéadfadh a bheith ann na rialacha dlínse a leathnú tuilleadh chuig cosantóirí nach bhfuil sainchónaí orthu i mBallstát, agus oibríocht an Rialacháin seo agus forbairtí a d’fhéadfadh a bheith ann ar an leibhéal idirnáisiúnta á gcur san áireamh. I gcás inarb iomchuí, beidh togra le haghaidh leasaithe ar an Rialachán seo ag gabháil leis an tuarascáil sin.

Airteagal 80

Aisghairfear Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 leis an Rialachán seo. Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil a leagtar amach in Iarscríbhinn III.

Airteagal 81

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 10 Eanáir 2015, seachas Airteagal 75 agus Airteagal 76, a mbeidh feidhm acu ón 10 Eanáir 2014.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstát i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 12 Nollaig 2012.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. D. MAVROYIANNIS


(1)  IO C 218, 23.7.2011, lch. 78.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 20 Samhain 2012 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 6 Nollaig 2012.

(3)  IO L 12, 16.1.2001, lch. 1.

(4)  IO C 115, 4.5.2010, lch. 1.

(5)  IO L 299, 31.12.1972, lch. 32., IO L 304, 30.10.1978, lch. 1., IO L 388, 31.12.1982, lch. 1., IO L 285, 3.10.1989, lch. 1., IO C 15, 15.1.1997, lch. 1. Tá téacs comhdhlúite le fáil in IO C 27, 26.1.1998, lch. 1.

(6)  IO L 319, 25.11.1988, lch. 9.

(7)  IO L 120, 5.5.2006, lch. 22.

(8)  IO L 147, 10.6.2009, lch. 5.

(9)  IO L 7, 10.1.2009, lch. 1.

(10)  IO L 74, 27.3.1993, lch. 74.

(11)  IO L 157, 30.4.2004, lch. 45.

(12)  IO L 174, 27.6.2001, lch. 1.

(13)  IO L 299, 16.11.2005, lch. 62.

(14)  IO L 335, 17.12.2009, lch. 1.

(15)  IO L 324, 10.12.2007, lch. 79.

(16)  IO L 174, 27.6.2001, lch. 25.


IARSCRÍBHINN I

Image

Image

Image

Image


IARSCRÍBHINN II

Image

Image

Image


IARSCRÍBHINN III

TÁBLA COMHGHAOIL

Rialachán (CE) Uimh. 44/2001

An Rialachán seo

Airteagal 1(1)

Airteagal 1(1)

Airteagal 1(2), na focail réamhráiteacha

Airteagal 1(2), na focail réamhráiteacha

Airteagal 1(2), pointe (a)

Airteagal 1(2), pointe (a) agus pointe (f)

Airteagal 1(2), pointe (b) go pointe (d)

Airteagal 1(2), pointe (b) go pointe (d)

Airteagal 1(2), pointe (e)

Airteagal 1(2), pointe (f)

Airteagal 1(3)

Airteagal 2

Airteagal 2

Airteagal 4

Airteagal 3

Airteagal 5

Airteagal 4

Airteagal 6

Airteagal 5, na focail réamhráiteacha

Airteagal 7, na focail réamhráiteacha

Airteagal 5, pointe (1)

Airteagal 7, pointe (1)

Airteagal 5, pointe (2)

Airteagal 5, pointe (3) agus pointe (4)

Airteagal 7, pointe (2) agus pointe (3)

Airteagal 7, pointe (4)

Airteagal 5, pointe (5) go pointe (7)

Airteagal 7, pointe (5) go pointe (7)

Airteagal 6

Airteagal 8

Airteagal 7

Airteagal 9

Airteagal 8

Airteagal 10

Airteagal 9

Airteagal 11

Airteagal 10

Airteagal 12

Airteagal 11

Airteagal 13

Airteagal 12

Airteagal 14

Airteagal 13

Airteagal 15

Airteagal 14

Airteagal 16

Airteagal 15

Airteagal 17

Airteagal 16

Airteagal 18

Airteagal 17

Airteagal 19

Airteagal 18

Airteagal 20

Airteagal 19, pointe (1) agus pointe (2)

Airteagal 21(1)

Airteagal 21(2)

Airteagal 20

Airteagal 22

Airteagal 21

Airteagal 23

Airteagal 22

Airteagal 24

Airteagal 23(1) agus (2)

Airteagal 25(1) agus (2)

Airteagal 23(3)

Airteagal 23(4) agus (5)

Airteagal 25(3) agus (4)

Airteagal 25(5)

Airteagal 24

Airteagal 26(1)

Airteagal 26(2)

Airteagal 25

Airteagal 27

Airteagal 26

Airteagal 28

Airteagal 27(1)

Airteagal 29(1)

Airteagal 29(2)

Airteagal 27(2)

Airteagal 29(3)

Airteagal 28

Airteagal 30

Airteagal 29

Airteagal 31(1)

Airteagal 31(2)

Airteagal 31(3)

Airteagal 31(4)

Airteagal 30

Airteagal 32(1), pointí (a) agus (b)

Airteagal 32(1), an dara fomhír

Airteagal 32(2)

Airteagal 33

Airteagal 34

Airteagal 31

Airteagal 35

Airteagal 32

Airteagal 2, pointe (a)

Airteagal 33

Airteagal 36

Airteagal 37

Airteagal 39

Airteagal 40

Airteagal 41

Airteagal 42

Airteagal 43

Airteagal 44

Airteagal 34

Airteagal 45(1), pointe (a) go pointe (d)

Airteagal 35(1)

Airteagal 45(1), pointe (e)

Airteagal 35(2)

Airteagal 45(2)

Airteagal 35(3)

Airteagal 45(3)

Airteagal 45(4)

Airteagal 36

Airteagal 52

Airteagal 37(1)

Airteagal 38, pointe (a)

Airteagal 38

Airteagal 39

Airteagal 40

Airteagal 41

Airteagal 42

Airteagal 43

Airteagal 44

Airteagal 45

Airteagal 46

Airteagal 47

Airteagal 48

Airteagal 46

Airteagal 47

Airteagal 48

Airteagal 49

Airteagal 50

Airteagal 51

Airteagal 54

Airteagal 49

Airteagal 55

Airteagal 50

Airteagal 51

Airteagal 56

Airteagal 52

Airteagal 53

Airteagal 54

Airteagal 53

Airteagal 55(1)

Airteagal 55(2)

Airteagal 37(2), Airteagal 47(3) agus Airteagal 57

Airteagal 56

Airteagal 61

Airteagal 57(1)

Airteagal 58(1)

Airteagal 57(2)

Airteagal 57(3)

Airteagal 58(2)

Airteagal 57(4)

Airteagal 60

Airteagal 58

Airteagal 59 agus Airteagal 60

Airteagal 59

Airteagal 62

Airteagal 60

Airteagal 63

Airteagal 61

Airteagal 64

Airteagal 62

Airteagal 3

Airteagal 63

Airteagal 64

Airteagal 65

Airteagal 65(1) agus (2)

Airteagal 65(3)

Airteagal 66

Airteagal 66

Airteagal 67

Airteagal 67

Airteagal 68

Airteagal 68

Airteagal 69

Airteagal 69

Airteagal 70

Airteagal 70

Airteagal 71

Airteagal 71

Airteagal 72

Airteagal 72

Airteagal 73

Airteagal 73

Airteagal 79

Airteagal 74(1)

Airteagal 75, an chéad mhír, pointe (a), pointe (b) agus pointe (c), agus Airteagal 76(1), pointe (a)

Airteagal 74(2)

Airteagal 77

Airteagal 78

Airteagal 80

Airteagal 75

Airteagal 76

Airteagal 81

Iarscríbhinn I

Airteagal 76(1), pointe (a)

Iarscríbhinn II

Airteagal 75, pointe (a)

Iarscríbhinn III

Airteagal 75, pointe (b)

Iarscríbhinn IV

Airteagal 75, pointe (c)

Iarscríbhinn V

Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn VI

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn III


Top