This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document E2021C0276
EFTA Surveillance Authority Decision No 276/21/COL of 8 December 2021 on the Norwegian regional aid map 2022–2027 (Norway) [2022/1213]
Cinneadh Uimh. 276/21/COL ó Údarás Faireacháin CSTE an 8 Nollaig 2021 maidir le mapa de chabhair réigiúnach na hIorua 2022-2027 (An Iorua) [2022/1213]
Cinneadh Uimh. 276/21/COL ó Údarás Faireacháin CSTE an 8 Nollaig 2021 maidir le mapa de chabhair réigiúnach na hIorua 2022-2027 (An Iorua) [2022/1213]
PUB/2022/110
IO L 187, 14.7.2022, p. 37–57
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
14.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 187/37 |
CINNEADH Uimh. 276/21/COL Ó ÚDARÁS FAIREACHÁIN CSTE
an 8 Nollaig 2021
maidir le mapa de chabhair réigiúnach na hIorua 2022-2027 (An Iorua) [2022/1213]
1 ACHOIMRE
(1) |
Is mian le hÚdarás Faireacháin CSTE (“ÚFC”) údaráis na hIorua a chur ar an eolas go measann Údarás Faireacháin CSTE, tar éis measúnú a dhéanamh ar mhapa den chabhair réigiúnach san Iorua 2022-2027, go bhfuil an mapa comhoiriúnach leis na prionsabail a leagtar amach sna Treoirlínte maidir le státchabhair réigiúnach (“RAG”) (1). |
(2) |
Léirítear leis an gcinneadh seo measúnú Údarás Faireacháin CSTE ar an mapa de chabhair réigiúnach faoi mhír 190 de RAG. Is dlúthchuid de RAG é an mapa formheasta (2). Ní bhaineann aon státchabhair leis an mapa de chabhair réigiúnach ann féin agus ní hionann é agus údarú le cabhair den sórt sin a dheonú. |
(3) |
Bhunaigh Údarás Faireacháin CSTE a chinneadh ar na breithnithe a leanas. |
2 NÓS IMEACHTA
(4) |
An 1 Nollaig 2021, ghlac Údarás Faireacháin CSTE a RAG nua le Cinneadh Uimh. 269/21/COL. Leagadh coinníollacha amach le RAG faoina bhféadfar cabhair réigiúnach infhógartha a mheas mar chabhair atá comhoiriúnach le feidhmiú Chomhaontú LEE (3). Chomh maith leis sin, leagtar critéir amach leo maidir le sainaithint na limistéar a chomhlíonann na coinníollacha comhoiriúnachta faoi Airteagal 61(3)(a) agus Airteagal 61(3)(c) de Chomhaontú LEE (4). |
(5) |
De réir mhír 150 de RAG, na limistéir is mian le Stáit CSTE LEE a ainmniú ina limistéir “a” nó “c”, ní mór iad a shainaithint i mapa de chabhair réigiúnach. De bhun mhír 189 de RAG, ba cheart do gach Stát CSTE LEE fógra faoi mhapa amháin den chabhair réigiúnach is infheidhme ón 1 Eanáir 2022 go dtí an 31 Nollaig 2027 a thabhairt do Údarás Faireacháin CSTE. I gcomhréir leis sin, thug údaráis na hIorua fógra faoi mhapa de chabhair réigiúnach na hIorua 2022-2027 le litir dar dáta an 2 Nollaig 2021 (5). |
3 LIMISTÉIR INCHÁILITHE ARNA nAINMNIÚ AG ÚDARÁIS NA hIORUA
3.1 Cúlra
(6) |
Leagtar an cumhdach cabhrach réigiúnaí atá ar fáil le haghaidh 2022-2027 amach le haghaidh gach Stát CSTE LEE in Iarscríbhinn I a ghabhann le RAG. Tá leithdháileadh na hIorua comhdhéanta de limistéir “c” réamhshainithe agus neamh-réamhshainithe. |
(7) |
Is féidir le húdaráis na hIorua an leithdháileadh sin a úsáid chun limistéir “c” réamhshainithe agus neamh-réamhshainithe a ainmniú. Tá na prionsabail lena rialaítear ainmniú den sórt sin le fáil i míreanna 168 agus 169 faoi seach, agus i mír 175, de RAG. |
3.2 Limistéir “c” réamhshainithe
3.2.1 Réamhrá
(8) |
De réir mhír 168 de RAG, féadfaidh Stáit CSTE LEE na limistéir “c” réamhshainithe dá dtagraítear i mír 166 a ainmniú ina limistéir “c”. Sainaithnítear na limistéir sin in Iarscríbhinn I a ghabhann le RAG. |
(9) |
Le mír 169 déantar foráil maidir le cur chuige solúbtha lenar féidir limistéir inar tearc an daonra agus inar fíorthearc an daonra seachas na limistéir sin arna réamhshainiú mar incháilithe, a ainmniú ar choinníollacha áirithe. |
(10) |
I mapa de chabhair réigiúnach na hIorua 2014-2020, rinne údaráis na hIorua limistéir inar fíorthearc an daonra a ainmniú. Níor sainaithníodh na limistéir inar fíorthearc an daonra (6). Ina ionad sin, rinne údaráis na hIorua limistéir inar fíorthearc an daonra a ainmniú i gcomhthéacs scéim cabhrach oibriúcháin a bhí ag brath ar a bheith teoranta do na limistéir sin (7). |
(11) |
Tá sonraíocht nua i bhfonóta 65 de RAG gur cheart limistéir inar tearc an daonra agus inar fíorthearc an daonra a shainaithint ar an mapa den chabhair réigiúnach. Ar an mbonn sin, rinne údaráis na hIorua sainaithint de na limistéir inar fíorthearc an daonra a áireamh ina bhfógra, sainaithint arb ionann í agus an tsainaithint a rinneadh roimhe sin i gcomhthéacs scéim cabhrach oibriúcháin. |
(12) |
I gcomhréir leis sin, déanfaidh Údarás Faireacháin CSTE measúnú ar ainmniú údaráis na hIorua de limistéir inar tearc an daonra ar dtús. Ina dhiaidh sin, déanfaidh Údarás Faireacháin CSTE measúnú ar ainmniú údaráis na hIorua de limistéir inar fíorthearc an daonra laistigh de na limistéir sin. Mar a cheanglaítear leis an abairt dheireanach de mhír 169 de RAG, cuirfidh Údarás Faireacháin CSTE an daonra sna limistéir inar fíorthearc an daonra agus inar tearc an daonra araon san áireamh nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar chomhlíontacht leis an uasteorainn cumhdaigh daonra. |
(13) |
Fágann an sainmhíniú i mír 19(30) de RAG gur limistéir inar tearc an daonra iad na limistéir uile arna n-ainmniú ar bhonn mhír 169. Dá réir sin, ní dhéanfaidh Údarás Faireacháin CSTE an daonra sna limistéir sin inar tearc an daonra agus inar fíorthearc an daonra araon a chomhaireamh ach uair amháin agus measúnú á dhéanamh ar chomhlíontacht leis an uasteorainn cumhdaigh daonra. |
3.2.2 Limistéir inar tearc an daonra
3.2.2.1
(14) |
Leagtar amach leis an gcéad abairt agus leis an dara habairt de mhír 169 de RAG, “[f]nó limistéir inar tearc an daonra, ba cheart do Stáit CSTE LEE i bprionsabal réigiúin staidrimh ar leibhéal 2 a bhfuil níos lú ná 8 gcónaitheoir in aghaidh an km2 iontu nó réigiúin staidrimh ar leibhéal 3 a bhfuil níos lú ná 12,5 cónaitheoir in aghaidh an km2 iontu a ainmniú. Mar sin féin, féadfaidh Stáit CSTE LEE codanna de réigiúin staidrimh ar leibhéal 3 a bhfuil níos lú ná 12,5 cónaitheoir in aghaidh an km2 iontu nó réigiúin thadhlacha eile atá cóngarach do na réigiúin staidrimh sin ar leibhéal 3 a ainmniú, ar choinníoll go bhfuil níos lú ná 12,5 cónaitheoir in aghaidh an km2 iontu..” |
(15) |
San Iorua, tá réigiúin staidrimh ar leibhéal 3 comhdhéanta de chontaetha, ach is réigiúin níos mó iad na réigiúin staidrimh ar leibhéal 2 (8). |
(16) |
Áirítear na contaetha Troms og Finnmark agus Nordland ina n-iomláine. Bunaithe ar fhigiúirí ón 1 Eanáir 2020 (9), is iad 3,4 agus 6,7 cónaitheoir in aghaidh an km2 na dlúis dhaonraí sna contaetha sin faoi seach (10). Bunaithe ar na sonraí daonra céanna, is ionann an daonra sna limistéir sin agus 484 546 chónaitheoir (11). |
3.2.2.2
(17) |
Leis an dara habairt de mhír 169, déantar foráil maidir le codanna de réigiúin staidrimh ar leibhéal 3 a bhfuil níos lú ná 12,5 cónaitheoir in aghaidh an km2 iontu nó réigiúin thadhlacha eile atá cóngarach do na réigiúin staidrimh sin ar leibhéal 3 a ainmniú, ar choinníoll go bhfuil níos lú ná 12,5 cónaitheoir in aghaidh an km2 iontu. Léirítear an fhéidearthacht limistéir thadhlacha a áireamh (áirigh) leis an bhféidearthacht limistéir laistigh de na réigiúin ar leibhéal 3 ina bhfuil níos lú ná 12,5 cónaitheoir in aghaidh an km2 iontu a eisiamh (eisiaigh). |
(18) |
Dá réir sin, eisiatar codanna de na réigiúin ar leibhéal 3 Innlandet agus Trøndelag ón mapa den chabhair réigiúnach, ach áirítear limistéir i réigiúin eile ar leibhéal 3 (12). |
3.2.2.3
(19) |
Liostaítear i dTábla 1 thíos na limistéir sna réigiúin ar leibhéal 3 Innlandet agus Trøndelag a eisiatar (13): Tábla 1 Limistéir níos lú a eisiatar
|
(20) |
Bunaithe ar na sonraí daonra ón 1 Eanáir 2020, tá daonra iomlán 504 560 ag na limistéir sin a eisiatar (14). |
3.2.2.4
(21) |
Tugtar achoimre i dTábla 2 thíos ar na limistéir níos lú a áiríodh a bhfuil dlúis dhaonraí níos lú ná 12,5 cónaitheoir in aghaidh an km2 iontu (15): Tábla 2 Limistéir níos lú a áirítear
|
(22) |
Bunaithe ar na figiúirí ón 1 Eanáir 2020, tá daonra iomlán 528 360 sna limistéir sin a áirítear (16). |
3.2.2.5
(23) |
Leagtar trí cheanglas amach i mír 169 de RAG nach mór a chomhlíonadh chun limistéir níos lú a áireamh ó réigiún staidrimh ar leibhéal 3 i gcás ina bhfuil dlús daonra os cionn 12,5 cónaitheoir in aghaidh an km2 sa réigiún sin ina iomláine. |
(24) |
Ar an gcéad dul síos, ní mór níos lú ná 12,5 cónaitheoir in aghaidh an km2 a bheith sna limistéir níos lú sin. |
(25) |
Sa chleachtas roimhe seo, rinne Údarás Faireacháin CSTE (17) agus an Coimisiún (18) araon measúnú ar dhlúis dhaonraí na limistéar inar tearc an daonra in aghaidh an réigiúin ar leibhéal 3 (réigiúin staidrimh ar leibhéal 3 / réigiúin NUTS 3). Níl aon rud nua i bhfoclaíocht mhír 169 lena gceanglófaí léirmhíniú éagsúil. Mar thoradh air sin, leanfaidh Údarás Faireacháin CSTE an cur chuige céanna faoin RAG nua. |
(26) |
Fágann na sonraí a chuirtear i láthair i dTábla 2 thuas go bhfuil na dlúis dhaonraí sna limistéir arna n-áireamh níos lú ná 12,5 cónaitheoir in aghaidh an km2, agus measúnú á dhéanamh orthu le chéile ar leibhéal a réigiúin staidrimh ar leibhéal 3. Dá bhrí sin, comhlíontar an ceanglas maidir le dlús daonra le haghaidh na limistéir a áirítear. |
(27) |
Ar an dara dul síos, ní mór gurb ionann na limistéir níos lú a áirítear agus limistéir thadhlacha atá cóngarach do na réigiúin staidrimh ar leibhéal 3 a bhfuil dlús daonra níos lú ná 12,5 cónaitheoir in aghaidh an km2 iontu. Ar bhonn theorainneacha na limistéar lena mbaineann, mar a léirítear leis an léarscáil ghrafach atá i gceangal mar Iarscríbhinn III(a) a ghabhann leis an gcinneadh seo, measann Údarás Faireacháin CSTE go gcomhlíontar an ceanglas sin. |
(28) |
Ar an tríú dul síos, níor cheart an leithdháileadh sonrach cumhdaigh “c” dá dtagraítear i mír 167 de RAG a shárú mar thoradh ar an mbeart babhtála. De réir abairt dheireanach mhír 169 de RAG, ní mór daonra na limistéar inar tearc an daonra agus inar fíorthearc an daonra a chomhaireamh le chéile chun críocha an mheasúnaithe seo. Mar a shoiléirítear i mír (13), áfach, ní dhéanfar an daonra sna limistéir sin inar tearc an daonra agus inar fíorthearc an daonra araon a chomhaireamh ach uair amháin agus measúnú á dhéanamh ar chomhlíontacht leis an uasteorainn cumhdaigh daonra. |
(29) |
De réir Iarscríbhinn I a ghabhann le RAG, is ionann leithdháileadh sonrach cumhdaigh “c” le haghaidh na hIorua agus 25,14 % den daonra náisiúnta. Sa chleachtas roimhe seo, ghlac Údarás Faireacháin CSTE (19) agus an Coimisiún (20) le húsáid sonraí daonra náisiúnta le déanaí agus measúnú á dhéanamh ar chomhlíontacht leis an uasteorainn cumhdaigh daonra. Níl aon rud nua i bhfoclaíocht mhír 169 de RAG lena léireofaí nach bhfuil an cur chuige seo chomh comhoiriúnach céanna leis an RAG nua. Dá réir sin, measann Údarás Faireacháin CSTE úsáid údaráis na hIorua de shonraí daonra ón 1 Eanáir 2020 a bheith inghlactha. |
(30) |
Bunaithe ar na figiúirí ón 1 Eanáir 2020, is ionann daonra na hIorua agus 5 368 283 (21). Dá bhrí sin, na limistéir arna n-ainmniú ina limistéir inar fíorthearc an daonra agus inar tearc an daonra, arna ríomh bunaithe ar na figiúirí sin, ní fhéadfar níos mó ná 1 349 586 chónaitheoir a chumhdach leo. |
(31) |
Is ionann an daonra laistigh de na limistéir ainmnithe inar tearc an daonra agus 1 348 649 gcónaitheoir (22). Seo thíos leithdháileadh sonrach cumhdaigh “c” le haghaidh na hIorua. |
3.2.3 Limistéir inar fíorthearc an daonra
3.2.3.1
(32) |
Sa roinn seo, déanfaidh Údarás Faireacháin CSTE measúnú ar ainmniú údaráis na hIorua de limistéir inar fíorthearc an daonra. Mar thoradh ar thíreolaíocht agus ar phatrún daonra na hIorua, cáilíonn go leor de na limistéir inar tearc an daonra mar limistéir inar fíorthearc an daonra agus tá siad ainmnithe ag údaráis na hIorua. |
3.2.3.2
(33) |
Leagtar amach leis an tríú habairt de mhír 169 de RAG, “[f]nó limistéir inar fíorthearc an daonra, féadfaidh Stáit CSTE LEE réigiúin staidrimh ar leibhéal 2 a bhfuil níos lú ná 8 gcónaitheoir in aghaidh an km2 iontu nó limistéir thadhlacha eile níos lú atá cóngarach do na réigiúin staidrimh sin ar leibhéal 2 a ainmniú, ar choinníoll go bhfuil níos lú ná 8 gcónaitheoir in aghaidh an km2 iontu agus nach mó daonra na limistéar inar fíorthearc an daonra arna gcomhaireamh leis na limistéir inar tearc an daonra ná an leithdháileadh cumhdaigh ‘c’ sonrach dá dtagraítear i mír 167.” |
(34) |
Comhlíonann dhá réigiún staidrimh ar leibhéal 2 san Iorua an critéar dlúis dhaonra maidir le 8 gcónaitheoir in aghaidh an km2. Is iad sin Tuaisceart na hIorua (23) agus Innlandet (24). Tá dlús daonra de 4,5 cónaitheoir in aghaidh an km2 sa réigiún ar leibhéal 2 Tuaisceart na hIorua (25), ach tá dlús daonra de 7,5 cónaitheoir in aghaidh an km2 sa réigiún ar leibhéal 2 Innlandet (26). |
(35) |
Rinne údaráis na hIorua an réigiún ar leibhéal 2 Tuaisceart na hIorua a ainmniú mar réigiún atá incháilithe ina iomláine. Dá réir sin, measfar gach limistéar i dTuaisceart na hIorua a bheith ina limistéir inar fíorthearc an daonra chun críocha RAG. |
(36) |
De réir mar a luaitear i mír (16) thuas, bunaithe ar fhigiúirí ón 1 Eanáir 2020, is ionann an daonra sna limistéir sin agus 484 546 chónaitheoir. |
3.2.3.3
(37) |
Le foclaíocht an tríú abairt de mhír 169 de RAG, déantar foráil maidir le hainmniú limistéir thadhlacha níos lú atá cóngarach do na réigiúin staidrimh sin ar leibhéal 2 a bhfuil níos lú ná 8 gcónaitheoir in aghaidh an km2 iontu. Cé nach luaitear é sin go soiléir, an fhéidearthacht na limistéir thadhlacha sin a áireamh, ní mór í a léiriú go loighciúil leis an bhféidearthacht limistéir laistigh de na réigiúin ar leibhéal 2 ina bhfuil níos lú ná 8 gcónaitheoir in aghaidh an km2 iontu a eisiamh. Tá an léirmhíniú sin i gcomhréir leis an gcleachtas roimhe seo freisin (27). |
(38) |
I gcomhréir leis sin, ní dhéantar an réigiún ar leibhéal 2 Innlandet a ainmniú ach go páirteach ina limistéar inar fíorthearc an daonra. Cuirtear i láthair i dTábla 3 thíos na limistéir a áirítear in Innlandet, agus an dlús daonra sa limistéar sin (28): Tábla 3 Limistéir a áirítear in Innlandet
|
(39) |
Bunaithe ar na figiúirí daonra ón 1 Eanáir 2020, is ionann an daonra sna limistéir sin agus 143 115 chónaitheoir (29). |
3.2.3.4
(40) |
Tá gach ceann de na limistéir atá cóngarach do Thuaisceart na hIorua suite sa réigiún ar leibhéal 3 Trøndelag. |
(41) |
Cuirtear i láthair i dTábla 4 thíos na limistéir a áirítear in Trøndelag, agus an dlús daonra sa limistéar sin (30): Tábla 4 Limistéir thadhlacha do Thuaisceart na hIorua a áirítear
|
(42) |
Is ionann an daonra sna limistéir sin agus 73 683 chónaitheoir nuair a ríomhtar é ar bhonn na bhfigiúirí daonra ón 1 Eanáir 2020 (31). |
3.2.3.5
(43) |
Tá na limistéir atá cóngarach do Innlandet suite sna réigiúin ar leibhéal 3 Trøndelag, Møre og Romsdal, Vestland, Rogaland, Agder, Vestfold og Telemark, agus Viken. Cuirtear na limistéir sin i láthair i dTábla 5 thíos (32). Tábla 5 Limistéir thadhlacha do Innlandet a áirítear
|
(44) |
Is ionann an daonra sna limistéir sin agus 301 848 gcónaitheoir nuair a ríomhtar é ar bhonn na bhfigiúirí daonra ón 1 Eanáir 2020 (33). |
3.2.3.6
(45) |
Leagtar trí cheanglas amach i mír 169 de RAG nach mór a chomhlíonadh chun limistéir a áireamh ó réigiúin staidrimh ar leibhéal 2 a bhfuil dlús daonra os cionn 8 gcónaitheoir in aghaidh an km2 iontu. |
(46) |
Ar an gcéad dul síos, ní mór níos lú ná 8 gcónaitheoir in aghaidh an km2 a bheith sna limistéir sin. |
(47) |
Mar a bhunaítear i mír (27) thuas, rinne Údarás Faireacháin CSTE (34) agus an Coimisiún (35) araon measúnú roimhe seo ar dhlúis dhaonraí na limistéar arna n-áireamh inar tearc an daonra le chéile, in aghaidh a réigiúin faoi seach ar leibhéal 3 (réigiúin staidrimh ar leibhéal 3 / réigiúin NUTS 3). Le haghaidh limistéir inar fíorthearc an daonra arna n-ainmniú i gcomhthéacs scéim cabhrach oibriúcháin, ní dhearna Údarás Faireacháin CSTE measúnú ar na dlúis dhaonraí sna limistéir lena mbaineann ar leibhéal aonaid níos lú ná leibhéal 3 (36). |
(48) |
Níl aon rud nua i bhfoclaíocht mhír 169 de RAG lena gceanglófaí athrú ar an gcleachtas bunaithe sin. Dá réir sin, leanfaidh Údarás Faireacháin CSTE an cur chuige céanna faoin RAG nua. |
(49) |
Fágann na sonraí a chuirtear i láthair i dTáblaí 4 agus 5 thuas go bhfuil na dlúis dhaonraí sna limistéir arna n-áireamh níos lú ná 8 gcónaitheoir in aghaidh an km2, agus measúnú á dhéanamh ar na limistéir atá suite sa réigiún staidrimh céanna le chéile. Ós rud é go bhfuil na réigiúin staidrimh ar leibhéal 3 mar chuid de na réigiúin níos mó ar leibhéal 2, fágann sé sin go bhfuil na dlúis dhaonraí sna limistéir arna n-áireamh faoin teorainn 8 gcónaitheoir in aghaidh an km2 má dhéantar measúnú orthu ar leibhéal na limistéar arna n-áireamh i ngach réigiún ar leibhéal 2. |
(50) |
Dá bhrí sin, comhlíontar an ceanglas maidir le dlús daonra le haghaidh na limistéir a áirítear. Mar a bhunaítear le Tábla 3, comhlíontar an ceanglas maidir leis an dlús daonra le haghaidh na limistéar ainmnithe in Innlandet a ndéantar measúnú orthu le chéile. |
(51) |
Ar an dara dul síos, ní mór gurb ionann na limistéir a áirítear agus limistéir thadhlacha atá cóngarach do na réigiúin staidrimh ar leibhéal 2 a bhfuil dlús daonra níos lú ná 8 gcónaitheoir in aghaidh an km2 iontu. Ar bhonn na dteorainneacha idir na limistéir lena mbaineann, mar a léiríodh leis an léarscáil ghrafach atá i gceangal mar Iarscríbhinn III(b) a ghabhann leis an gcinneadh seo, measann Údarás Faireacháin CSTE go gcomhlíontar an ceanglas sin. |
(52) |
Ar an tríú dul síos, níor cheart an leithdháileadh sonrach cumhdaigh “c” dá dtagraítear i mír 167 de RAG a shárú mar thoradh ar an mbeart babhtála. De réir abairt dheireanach mhír 169 de RAG, ní mór daonra na limistéar inar fíorthearc an daonra a chomhaireamh, chun críocha an mheasúnaithe seo, le daonra na limistéar inar tearc an daonra amháin. |
(53) |
Is ionann an daonra laistigh de na limistéir ainmnithe inar fíorthearc an daonra agus 1 003 192 chónaitheoir (37). Áiríodh an daonra sin agus measúnú á dhéanamh ar chomhlíontacht ainmniú limistéir inar tearc an daonra leis an uasteorainn cumhdaigh daonra i mír (31) thuas. Ar an mbonn sin, measann Údarás Faireacháin CSTE nach mó cumhdach daonra mhapa de chabhair réigiúnach na hIorua ná an leithdháileadh sonrach cumhdaigh “c” dá dtagraítear i mír 167 den RAG. |
3.2.4 Barúlacha deiridh maidir le limistéir “c” réamhshainithe a ainmniú
(54) |
Sa mhapa den chabhair réigiúnach 2022-2027, d’ainmnigh údaráis na hIorua limistéir inar tearc an daonra agus inar fíorthearc an daonra atá incháilithe do chabhair réigiúnach. Ar bhonn an mheasúnaithe thuas, measann Údarás Faireacháin CSTE go ndearnadh an t-ainmniú sin i gcomhréir le RAG. |
3.3 Limistéir “c” neamh-réamhshainithe
3.3.1 Réamhrá
(55) |
De réir Iarscríbhinn I a ghabhann le RAG, is ionann leithdháileadh cumhdaigh “c” neamh-réamhshainithe le haghaidh na hIorua agus 6,87 % den daonra náisiúnta. Is féidir leis an Iorua an cumhdach sin a úsáid chun limistéir “c” neamh-réamhshainithe a ainmniú i gcomhréir leis na coinníollacha i mír 175 de RAG. |
3.3.2 Limistéir a áirítear
(56) |
Na limistéir arna n-ainmniú ina limistéir “c” neamh-réamhshainithe ag údaráis na hIorua, cuirtear i láthair iad i dTábla 6 thíos (38). Tábla 6 Limistéir “c” neamh-réamhshainithe
|
(57) |
Ar bhonn na bhfigiúirí daonra ón 1 Eanáir 2020, is ionann an daonra sna limistéir arna n-ainmniú ina limistéir “c” neamh-réamhshainithe agus 4 224 chónaitheoir, dá bhrí sin. |
3.3.3 Measúnú
(58) |
De réir mhír 175(3)(iii) de RAG, féadfaidh Stáit CSTE LEE oileáin a bhfuil níos lú ná 5 000 cónaitheoir orthu a ainmniú ina limistéir “c” neamh-réamhshainithe. |
(59) |
Mar a fhágann na figiúirí a chuirtear i láthair i dTábla 6 thuas, is ionann an daonra ar gach ceann d’oileáin Utsira, Kvitsøy agus Aukra agus níos lú ná 5 000 cónaitheoir. Dá bhrí sin, comhlíontar an coinníoll i mír 175(3)(iii) de RAG. |
(60) |
Bunaithe ar na sonraí daonra i dTábla 6 thuas, thairis sin, is ionann an daonra laistigh de na limistéir ainmnithe sin agus 0,08 % den daonra iomlán. Tá sé sin i bhfad níos ísle ná leithdháileadh cumhdaigh “c” neamh-réamhshainithe de 6,87 % le haghaidh na hIorua in Iarscríbhinn I a ghabhann le RAG. |
(61) |
Ar an mbonn sin, measann Údarás Faireacháin CSTE go bhfuil ainmniú limistéir “c” neamh-réamhshainithe sa mhapa de chabhair réigiúnach na hIorua 2022-2027 i gcomhréir le RAG. |
3.4 Achoimre ar na limistéir a chumhdaítear leis an mapa den chabhair réigiúnach
(62) |
Áirítear liosta de na limistéir a áirítear sa mhapa den chabhair réigiúnach, lena n-áirítear a stádas mar limistéir inar fíorthearc an daonra, limistéir inar tearc an daonra, nó limistéir “c” neamh-réamhshainithe, mar Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gcinneadh seo. Tá faisnéis níos mionsonraithe in Iarscríbhinn II maidir leis na haonaid staidrimh sna bardais sin a ndearnadh iad a dheighilt agus limistéir incháilithe á n-ainmniú. |
4 DÉINÍ CABHRACH
(63) |
Fágann mír 151 de RAG nach mór uasdéiní cabhrach is infheidhme sna limistéir incháilithe le linn thréimhse bhailíochta na léarscáile formheasta a shonrú sa mhapa den chabhair réigiúnach. |
(64) |
Tá feidhm ag na huasdéiní cabhrach sa mhapa maidir le cabhair infheistíochta réigiúnaí. Leagtar na huasdéiní a cheadaítear le haghaidh cabhair den sórt sin faoi RAG amach i roinn 7.4 de. |
(65) |
Mar a shonraítear i dTábla 7 thíos, thug údaráis na hIorua fógra maidir le huasdéiní cabhrach 20 % agus 10 % le haghaidh fiontair mhóra i limistéir “c” réamhshainithe agus i limistéir “c” neamh-réamhshainithe faoi seach. Tháinig méadú 20 pointe céatadáin ar na huasdéiní sin le haghaidh fiontair bheaga agus tháinig méadú 10 bpointe céatadáin ar na huasdéiní sin le haghaidh fiontair mheánmhéide (39). Tábla 7 Uasdéiní cabhrach
|
(66) |
I ndáil leis na huasdéiní cabhrach i limistéir “c” réamhshainithe, leagtar amach le mír 182(1) de RAG nár cheart an uasdéine cabhrach le haghaidh fiontair mhóra a bheith níos mó ná 20 % i limistéir inar tearc an daonra. Ós rud é gur limistéir inar tearc an daonra iad gach ceann de na limistéir arna n-ainmniú faoin gcuóta le haghaidh limistéir “c” réamhshainithe, tá an uasdéine cabhrach arna leagan amach ag údaráis na hIorua le haghaidh na limistéar sin i gcomhréir le RAG. |
(67) |
Tá na méaduithe a cheadaítear le haghaidh fiontair mheánmhéide agus bheaga i limistéir “c” réamhshainithe i gcomhréir le RAG freisin. Fágann mír 186 de RAG go bhféadfar méadú suas le 20 pointe céatadáin a chur ar na huasdéiní le haghaidh fiontair bheaga nó go bhféadfar méadú suas le 10 bpointe céatadáin a chur ar na huasdéiní le haghaidh fiontair mheánmhéide. |
(68) |
Maidir leis na huasdéiní cabhrach i limistéir “c” neamh-réamhshainithe, leagtar amach le mír 182(3) de RAG nár cheart an uasdéine cabhrach le haghaidh fiontair mhóra a bheith níos mó ná 10 % i limistéir “c” neamh-réamhshainithe a bhfuil OTI per capita acu atá níos mó ná 100 % de mheán-OTI LEE agus ráta fostaíochta atá níos lú ná 100 % de mheánráta LEE. Ós rud é go dtagann na limistéir “c” neamh-réamhshainithe ainmnithe faoi réim na catagóire seo, shocraigh údaráis na hIorua an uasdéine cabhrach go 10 %. |
(69) |
An raon feidhme faoi mhír 186 de RAG maidir leis na déiní cabhrach a mhéadú le haghaidh fiontair bheaga agus mheánmhéide, tá feidhm aige maidir le limistéir “c” neamh-réamhshainithe freisin, áfach. Dá bhrí sin, tá méaduithe ar an uasdéine cabhrach sna limistéir sin, mar a chuirtear i láthair i dTábla 7 thuas, i gcomhréir le RAG freisin. |
5 FAD AGUS ATHBHREITHNIÚ
(70) |
I gcomhréir le mír 189 de RAG, thug údaráis na hIorua fógra faoi mhapa amháin de chabhair réigiúnach is infheidhme le haghaidh na tréimhse ón 1 Eanáir 2022 go dtí an 31 Nollaig 2027. |
(71) |
Fágann mír 194 de RAG go ndéanfar athbhreithniú meántéarma ar na mapaí den chabhair réigiúnach in 2023. Cuirfidh Údarás Faireacháin CSTE na mionsonraí faoin athbhreithniú meántéarma in iúl faoi mhí an Mheithimh 2023. |
6 CONCLÚID
(72) |
Ar bhonn an mheasúnaithe thuasluaite, measann Údarás Faireacháin CSTE go bhfuil mapa de chabhair réigiúnach na hIorua 2022-2027 comhoiriúnach leis na prionsabail a leagtar amach sa RAG. Is dlúthchuid de RAG é an mapa formheasta. |
(73) |
Is dlúthchuid den chinneadh seo iad Iarscríbhinní I, II, agus Iarscríbhinn III(a) agus (b). |
Thar ceann Údarás Faireacháin CSTE,
Bente ANGELL-HANSEN
Uachtarán
Comhalta Coláiste Freagrach
Högni S. KRISTJÁNSSON
Comhalta Coláiste
Stefan BARRIGA
Comhalta Coláiste
Melpo-Menie JOSÉPHIDÈS
Ag comhshíniú mar Stiúrthóir,
Gnóthaí Dlíthiúla agus Feidhmiúcháin
(1) Glacadh na Treoirlínte maidir le státchabhair réigiúnach an 1 Nollaig 2021 le Cinneadh Uimh. 269/21/COL ó Údarás Faireacháin CSTE, nach bhfuil foilsithe go fóill.
(2) RAG, mír 190.
(3) RAG, mír 2.
(4) Ibid.
(5) Doiciméid Uimh. 1252726, 1252724, 1252722, 1252736, 1252734, 1252728, 12527 agus 1252732.
(6) Cinneadh Uimh. 91/14/COL ó Údarás Faireacháin CSTE an 26 Feabhra 2014 maidir le mapa de chabhair réigiúnach na hIorua 2014–2020 (IO L 172, 12.6.2014, lch. 52, agus Forlíonadh LEE Uimh. 34, 12.6.2014, lch. 18).
(7) Féach míreanna 79-81 de Chinneadh Uimh. 225/14/COL ó Údarás Faireacháin CSTE an 18 Meitheamh 2014 maidir le ranníocaíochtaí slándála sóisialta atá difreáilte ó thaobh réigiúin 2014–2020 (IO C 344, 2.10.2014, lch. 14, agus Forlíonadh LEE Uimh. 55, 2.10.2014, lch. 4).
(8) Tá léarscáileanna PDF de réigiúin staidrimh na hIorua ar fáil ar leathanaigh ghréasáin Eurostat: https://ec.europa.eu/eurostat/web/nuts/nuts-maps.
(9) Chun fógra a thabhairt maidir leis an mapa den chabhair réigiúnach, d’úsáid údaráis na hIorua figiúirí daonra ón 1 Eanáir 2020. Rinne Statistics Norway (SSB) na figiúirí sin a sholáthar. I ndáil leis na figiúirí achair talún, tá na figiúirí sin ón 1 Eanáir 2020 freisin, agus bailíodh ó SSB iad (Statistikkbanken). I gcásanna áirithe, áfach, bailíodh sonraí ó bhlianta roimhe sin chun sonraí a fháil maidir le hiarbhardais a rinneadh a dheighilt nó a chónascadh. Baineann sé sin go háirithe le sonraí achair talún.
(10) () Fógra, lch. 3.
(11) Tábla 4 ar lch. 5 den fhógra.
(12) Fógra, lgh. 3 agus 4.
(13) Tá an tábla bunaithe ar Thábla 2 ar lch. 4 den fhógra.
(14) Tábla 1 ar lch. 3 den fhógra.
(15) Tá an tábla bunaithe ar Thábla 3 ar lch. 4 den fhógra.
(16) Tábla 1 ar lch. 3 den fhógra.
(17) Féach an Cinneadh maidir le mapa de chabhair réigiúnach na hIorua 2014-2020, dá dtagraítear i bhfonóta 6 thuas, mír 18.
(18) Féach míreanna 7 agus 15 den chinneadh ón gCoimisiún an 27 Márta 2014 maidir le mapa de chabhair réigiúnach na Sualainne 2014–2020, SA37985 (2014/N), (IO C 210, 4.7.2014, lch. 20).
(19) Féach mír 9 de Chinneadh Uimh. 170/14/COL ó Údarás Faireacháin CSTE an 24 Aibreán 2014 maidir le mapa de chabhair réigiúnach na hÍoslainne 2014–2020 (IO L 201,10.7.2014, lch. 33).
(20) Féach an cinneadh ón gCoimisiún maidir le mapa de chabhair réigiúnach na Sualainne 2014-2020, dá dtagraítear i bhfonóta 18 thuas, i bhfonóta 2, mír 10, agus i míreanna 13–15.
(21) Fógra, lch. 3.
(22) Fógra, lch. 3.
(23) Tá an réigiún sin comhdhéanta de na réigiúin staidrimh a leanas ar leibhéal 3: Troms og Finnmark agus Nordland.
(24) Is réigiún staidrimh ar leibhéal 3 é Innlandet freisin.
(25) Tábla 7a ar lch. 8 den fhógra.
(26) Fógra, lch. 8.
(27) Féach an Cinneadh maidir le ranníocaíochtaí slándála sóisialta atá difreáilte ó thaobh réigiúin 2014-2020, dá dtagraítear i bhfonóta 7, míreanna 79 go 81.
(28) Tá an tábla bunaithe ar Tháblaí 7b agus 8b ar lgh. 8 agus 9 den fhógra.
(29) Tábla 7b ar lch. 8 den fhógra.
(30) Tá an tábla bunaithe ar Tháblaí 7a agus 8a ar lgh. 8 agus 9 den fhógra.
(31) Tábla 7a ar lch. 8 den fhógra.
(32) Tá an tábla bunaithe ar Tháblaí 7b agus 8b ar lgh. 8 agus 9 den fhógra.
(33) Tábla 7b ar lch. 8 den fhógra.
(34) Féach an Cinneadh maidir le mapa de chabhair réigiúnach na hIorua 2014-2020, dá dtagraítear i bhfonóta 6 thuas, mír 18.
(35) Féach an Cinneadh maidir le mapa de chabhair réigiúnach na Sualainne 2014-2020, dá dtagraítear i bhfonóta 18 thuas, míreanna 7 agus 15.
(36) Féach míreanna 79-81 den Chinneadh maidir le ranníocaíochtaí slándála sóisialta atá difreáilte ó thaobh réigiúin 2014-2020, dá dtagraítear i bhfonóta 7 thuas.
(37) Fógra, lch. 10.
(38) Tá an tábla bunaithe ar Thábla 9 ar lch. 11 den fhógra.
(39) Tá an tábla bunaithe ar Thábla 10 ar lch. 11 den fhógra.
IARSCRÍBHINN I
Achoimre ar na limistéir a chumhdaítear leis an mapa den chabhair réigiúnach
1 LIMISTÉIR “C” RÉAMHSHAINITHE
1.1 Limistéir inar fíorthearc an daonra
Réigiún ar leibhéal 3 |
Bardais |
Troms og Finnmark |
Tromsø, Harstad-Hárstták, Alta, Vardø, Vadsø, Hammerfest, Kvæfjord, Tjeldsund, Ibestad, Gratangen, Loabák-Lavangen, Bardu, Salangen, Målselv, Sørreisa, Dyrøy, Senja, Balsfjord, Karlsøy, Lyngen, Storfjord-Omasvuotna-Omasvuono, Gáivuotna-Kåfjord-Kaivuono, Skjervøy, Nordreisa, Kvænangen, Guovdageaidnu-Kautokeino, Loppa, Hasvik, Måsøy, Nordkapp, Porsanger-Porsáŋgu-Porsanki, Kárášjohka-Karasjok, Lebesby, Gamvik, Berlevåg, Deatnu-Tana, Unjárga-Nesseby, Båtsfjord, agus Sør-Varanger |
Nordland |
Bodø, Narvik, Bindal, Sømna, Brønnøy, Vega, Vevelstad, Herøy, Alstahaug, Leirfjord, Vefsn, Grane, Hattfjelldal, Dønna, Nesna, Hemnes, Rana, Lurøy, Træna, Rødøy, Meløy, Gildeskål, Beiarn, Saltdal, Fauske-Fuossko, Sørfold, Steigen, Lødingen, Evenes, Røst, Værøy, Flakstad, Vestvågøy, Vågan, Hadsel, Bø, Øksnes, Sortland, Andøy, Moskenes, agus Hamarøy-Hábmer |
Trøndelag |
An chuid de Steinkjer arbh é Verran roimhe sin, Namsos, Osen, Snåase-Snåsa, Lierne, Raarvihke–Røyrvik, Namsskogan, Grong, Høylandet, Overhalla, Flatanger, Leka, Inderøy, Indre Fosen, Ørland, Åfjord, Nærøysund, Hitra, Frøya, Oppdal, Rennebu, Røros, Holtålen, Tydal, Meråker, Heim, Rindal, agus na codanna d’Orkland arbh iad Agdenes, Meldal agus codanna de bhardas Snillfjord roimhe sin |
Møre og Romsdal |
Vanylven, Sande, Stranda, Sykkylven, Vestnes, Rauma, Tingvoll, Sunndal, Surnadal, Smøla, Aure, Fjord, an chuid de Volda arbh é Hornindal roimhe sin, na codanna de Molde arbh iad Nesset agus Midsund roimhe sin, agus an chuid d’Ålesund arbh é Sandøy roimhe sin |
Vestland |
Tysnes, Kvinnherad, Ullensvang, Eidfjord, Ulvik, Modalen, Fedje, Masfjorden, Gulen, Solund, Hyllestad, Høyanger, Vik, Aurland, Lærdal, Årdal, Luster, Askvoll, Fjaler, Bremanger, Stad, Gloppen, Stryn, an chuid de Voss arbh é Granvin roimhe sin, an chuid de Kinn arbh é Vågsøy roimhe sin, na codanna de Sogndal arbh iad Leikanger agus Balestrand roimhe sin, agus na codanna de Sunnfjord arbh iad Gaular, Jølster agus Naustdal roimhe sin |
Rogaland |
Hjelmeland, Suldal agus Sauda |
Agder |
Risør, Gjerstad, Åmli, Evje og Hornnes, Bygland, Valle, Bykle, agus Åseral |
Vestfold og Telemark |
Drangedal, Nome, Tinn, Hjartdal, Seljord, Kviteseid, Nissedal, Fyresdal, Tokke, agus Vinje |
Innlandet |
Kongsvinger, Nord-Odal, Sør-Odal, Eidskog, Grue, Åsnes, Våler, Trysil, Åmot, Stor-Elvdal, Rendalen, Engerdal, Tolga, Tynset, Alvdal, Folldal, Os, Dovre, Lesja, Skjåk, Lom, Vågå, Nord-Fron, Sel, Sør-Fron, Ringebu, Søndre Land, Nordre Land, Sør-Aurdal, Etnedal, Nord-Aurdal, Vestre Slidre, Øystre Slidre, agus Vang |
Viken |
Flå, Nesbyen, Gol, Hemsedal, Ål, Hol, Rollag, agus Nore og Uvdal |
1.2 Limistéir inar tearc an daonra
Réigiún ar leibhéal 3 |
Bardais |
Trøndelag |
An chuid de Steinkjer arbh é Steinkjer (i.e. an chuid de nárbh é Verran) roimhe sin, Midtre Gauldal, Selbu, Frosta, agus Verdal |
Møre og Romsdal |
An chuid d’Ålesund arbh é Haram roimhe sin, Hareid, an chuid de Volda arbh é Volda (i.e. an chuid de nárbh é Hornindal) roimhe sin, Ørsta, Averøy, Gjemnes, agus Hustadvika |
Vestland |
An chuid de Voss arbh é Voss (i.e. an chuid de nárbh é Granvin) roimhe sin, an chuid de Kinn arbh é Flora roimhe sin, an chuid de Sogndal arbh é Sogndal (i.e. an chuid de nárbh é Balestrand agus Leikanger) roimhe sin, an chuid de Sunnfjord arbh é Førde roimhe sin, Etne, Bømlo, Fitjar, Kvam, Samnanger, Vaksdal, agus Austrheim |
Rogaland |
Sokndal, Lund, agus Bjerkreim |
Agder |
An chuid de Lindesnes arbh é Marnardal roimhe sin, an chuid de Lyngdal arbh é Audnedal roimhe sin, Farsund, Flekkefjord, Vegårshei, Tvedestrand, Iveland, Hægebostad, Kvinesdal, agus Sirdal |
Vestfold og Telemark |
Notodden, Bamble, Kragerø, agus Midt-Telemark |
Innlandet |
Øyer, Gausdal, agus Vestre Toten |
Viken |
Aremark, Marker, Aurskog-Høland, Sigdal, Krødsherad, agus Flesberg |
2 LIMISTÉIR “C” NEAMH-RÉAMHSHAINITHE
Réigiún ar leibhéal 3 |
Bardais |
Rogaland |
Utsira and Kvitsøy |
Møre og Romsdal |
Aukra |
IARSCRÍBHINN II
Bun-Aonaid Staidrimh (BSUnna) i mbardais dheighilte
Cód an Bhardais (LAU) |
Ainm an bhardais |
Iarbhardas |
Cód an bhun-aonaid staidrimh |
Ainm an bhun-aonaid staidrimh |
4205 |
Lindesnes |
Marnardal |
42051001 |
Øyslebø |
|
|
|
42051002 |
Skjævesland |
|
|
|
42051003 |
Birkeland |
|
|
|
42051004 |
Støa |
|
|
|
42051005 |
Gangså |
|
|
|
42051006 |
Finnsdal |
|
|
|
42051007 |
Tjomsland - Lindland |
|
|
|
42051008 |
Laudal Nedre |
|
|
|
42051009 |
Laudal Øvre |
|
|
|
42051010 |
Tisland |
|
|
|
42051011 |
Åkset |
|
|
|
42051012 |
Bruskeland |
|
|
|
42051013 |
Rydlende |
|
|
|
42051014 |
Trygsland |
|
|
|
42051015 |
Stedjan |
|
|
|
42051016 |
Koland |
4225 |
Lyngdal |
Audnedal |
42250401 |
Brastad |
|
|
|
42250402 |
Viblemo |
|
|
|
42250403 |
Konsmo |
|
|
|
42250404 |
Audnedal |
|
|
|
42250405 |
Ågedalstø |
|
|
|
42250406 |
Øydna |
|
|
|
42250407 |
Byremo |
|
|
|
42250408 |
Håland - Sveindal |
4621 |
Voss |
1234 Granvin |
46211001 |
Lussand - Kvandal |
|
|
|
46211002 |
Folkedal |
|
|
|
46211003 |
Hamre |
|
|
|
46211004 |
Eide |
|
|
|
46211005 |
Selland - Kjerland |
|
|
|
46211006 |
Kyrkjestrandi |
|
|
|
46211007 |
Seim - Nesheim |
|
|
|
46211008 |
Spildo |
|
|
|
46211009 |
Tjoflot |
|
|
|
46211010 |
Djønno |
4602 |
Kinn |
1439 Vågsøy |
46020401 |
Silda |
|
|
|
46020402 |
Vedvik |
|
|
|
46020403 |
Halsør |
|
|
|
46020404 |
Røysa |
|
|
|
46020405 |
Raudeberg |
|
|
|
46020406 |
Kapellneset |
|
|
|
46020407 |
Refvik |
|
|
|
46020408 |
Kvalheim |
|
|
|
46020501 |
Ulvesund |
|
|
|
46020502 |
Degnepoll |
|
|
|
46020503 |
Kulen |
|
|
|
46020504 |
Blålid |
|
|
|
46020505 |
Skavøypoll |
|
|
|
46020506 |
Sørpoll |
|
|
|
46020507 |
Almenning |
|
|
|
46020601 |
Våge - Oppedal |
|
|
|
46020602 |
Holvik |
|
|
|
46020603 |
Sæternes |
|
|
|
46020604 |
Ellingskaret |
|
|
|
46020605 |
Skram Øvre |
|
|
|
46020606 |
Skram Nedre |
|
|
|
46020607 |
Midtgård Søndre |
|
|
|
46020608 |
Midtgård Nordre |
|
|
|
46020609 |
Gotteberg |
|
|
|
46020610 |
Øyane i Sør |
4640 |
Sogndal |
1419 Leikanger |
46400501 |
Njøs |
|
|
|
46400502 |
Hermansverk |
|
|
|
46400503 |
Henjum |
|
|
|
46400504 |
Leitet |
|
|
|
46400505 |
Leikanger |
|
|
|
46400506 |
Hamre - Fosse |
|
|
|
46400507 |
Grinde |
|
|
|
46400508 |
Eitorn |
4640 |
Sogndal |
1418 Balestrand |
46400604 |
Vetlefjord |
|
|
|
46400605 |
Sværefjorden |
|
|
|
46400606 |
Esefjorden |
|
|
|
46400607 |
Balestrand |
|
|
|
46400608 |
Thue |
|
|
|
46400609 |
Kvamsøy |
4647 |
Sunnfjord |
1430 Gaular |
46470601 |
Øvrebotten |
|
|
|
46470602 |
Eldal - Mjell |
|
|
|
46470603 |
Viken |
|
|
|
46470604 |
Hestadgrend |
|
|
|
46470605 |
Skudal |
|
|
|
46470606 |
Senneseth |
|
|
|
46470607 |
Steien |
|
|
|
46470608 |
Sande |
|
|
|
46470609 |
Sygna |
|
|
|
46470610 |
Lunde |
|
|
|
46470611 |
Skilbrei - Hjelmeland |
|
|
|
46470612 |
Lien |
|
|
|
46470613 |
Kvamme |
|
|
|
46470614 |
Osen |
|
|
|
46470615 |
Birkeland |
|
|
|
46470616 |
Kårstad |
|
|
|
46470617 |
Hestad |
4647 |
Sunnfjord |
1431 Jølster |
46470401 |
Eikås |
|
|
|
46470402 |
Langhaugane |
|
|
|
46470403 |
Hjellbrekke |
|
|
|
46470404 |
Vassenden Nord |
|
|
|
46470405 |
Vassenden Sør |
|
|
|
46470406 |
Sanddal |
|
|
|
46470407 |
Svidal |
|
|
|
46470408 |
Ålhus |
|
|
|
46470501 |
Myklebost |
|
|
|
46470502 |
Årdal |
|
|
|
46470503 |
Helgheim |
|
|
|
46470504 |
Fugle |
|
|
|
46470505 |
Skei |
|
|
|
46470506 |
Kjøsnesfjorden |
|
|
|
46470507 |
Førde |
|
|
|
46470508 |
Klakegg |
|
|
|
46470509 |
Veiteberg |
|
|
|
46470510 |
Åmot |
4647 |
Sunnfjord |
1433 Naustdal |
46470701 |
Kvellestad |
|
|
|
46470702 |
Vevring |
|
|
|
46470703 |
Redal |
|
|
|
46470704 |
Helle |
|
|
|
46470705 |
Frammarsvik |
|
|
|
46470706 |
Naustdal Vest |
|
|
|
46470707 |
Naustdal Aust |
|
|
|
46470708 |
Åse |
|
|
|
46470709 |
Horstad Vest |
|
|
|
46470710 |
Horstad Aust |
|
|
|
46470711 |
Ullaland Nord |
|
|
|
46470712 |
Ullaland Sør |
|
|
|
46470713 |
Fimland |
1577 |
Volda |
1444 Hornindal |
15770601 |
Haugen |
|
|
|
15770602 |
Kirkhorn |
|
|
|
15770603 |
Grodås |
|
|
|
15770605 |
Otterdal |
|
|
|
15770606 |
Lødemel |
|
|
|
15770607 |
Rygg |
|
|
|
15770608 |
Kjøs |
1506 |
Molde |
1543 Nesset |
15060801 |
Ranvik |
|
|
|
15060802 |
Tjelle |
|
|
|
15060803 |
Rød |
|
|
|
15060804 |
Høvik |
|
|
|
15060805 |
Hammervoll |
|
|
|
15060806 |
Eidsvåg Sentrum |
|
|
|
15060807 |
Aasen |
|
|
|
15060808 |
Stubø |
|
|
|
15060809 |
Vorpenes |
|
|
|
15060810 |
Raudsand |
|
|
|
15060811 |
Bersås |
|
|
|
15060812 |
Eidsøra |
|
|
|
15060813 |
Meisalstranda |
|
|
|
15060814 |
Bugge |
|
|
|
15060901 |
Myklebostad |
|
|
|
15060902 |
Nerland |
|
|
|
15060903 |
Sira |
|
|
|
15060904 |
Slenes |
|
|
|
15060905 |
Eikesdal |
|
|
|
15060906 |
Aursjøen |
|
|
1545 Midsund |
15061001 |
Søre Midøy |
|
|
|
15061002 |
Nordre Midøy |
|
|
|
15061003 |
Midsund Ytre |
|
|
|
15061004 |
Ugelvik |
|
|
|
15061005 |
Nerland |
|
|
|
15061006 |
Raknes |
|
|
|
15061007 |
Rakvåg |
|
|
|
15061008 |
Ræstad |
|
|
|
15061009 |
Nord - Heggdal - Tutra |
|
|
|
15061010 |
Sør - Heggdal |
|
|
|
15061011 |
Midsund Indre |
1507 |
Ålesund |
1534 Haram |
15071101 |
Fjørtoft |
|
|
|
15071102 |
Otterlei |
|
|
|
15071103 |
Rogne |
|
|
|
15071104 |
Longva |
|
|
|
15071105 |
Flem |
|
|
|
15071106 |
Ulla |
|
|
|
15071107 |
Austnes |
|
|
|
15071108 |
Haram |
|
|
|
15071109 |
Kjerstad |
|
|
|
15071110 |
Farstad |
|
|
|
15071201 |
Hurla |
|
|
|
15071202 |
Alvestad |
|
|
|
15071203 |
Brattvåg |
|
|
|
15071204 |
Aksla - Håvik |
|
|
|
15071301 |
Samfjord |
|
|
|
15071302 |
Snáithe |
|
|
|
15071303 |
Slyngstad |
|
|
|
15071304 |
Tennfjord |
|
|
|
15071305 |
Vatne |
|
|
|
15071306 |
Ulvestad - Vatne |
|
|
|
15071307 |
Hellestranda |
|
|
|
15071308 |
Vestrefjord |
|
|
|
15071401 |
Bjørnøy - Kalvøy |
|
|
|
15071402 |
Søvik - Gamlem |
|
|
|
15071403 |
Grytastrand - Hamsund |
|
|
1546 Sandøy |
15071701 |
Myklebost |
|
|
|
15071702 |
Røsok |
|
|
|
15071703 |
Bruvoll - Morsund |
|
|
|
15071704 |
Steinshamn - Harnes |
|
|
|
15071705 |
Huse |
|
|
|
15071706 |
Finnøy |
|
|
|
15071708 |
Sandøy |
|
|
|
15071709 |
Ona - Husøy |
5006 |
Steinkjer |
Verran |
50060801 |
Vada |
|
|
|
50060802 |
Nordberg |
|
|
|
50060803 |
Kirkreit |
|
|
|
50060804 |
Bratreit |
|
|
|
50060805 |
Holdåsen |
|
|
|
50060806 |
Malmo |
|
|
|
50060807 |
Fossdalen |
|
|
|
50060808 |
Ressem |
|
|
|
50060809 |
Sundbygda |
|
|
|
50060810 |
Tverås |
|
|
|
50060811 |
Folladalen - Ystmark |
|
|
|
50060812 |
Holden - Langvatnet |
|
|
|
50060901 |
Sela |
|
|
|
50060902 |
Follafoss Østre |
|
|
|
50060903 |
Follafoss Vestre - Tua |
|
|
|
50060904 |
Skjelstad |
|
|
|
50060905 |
Verrastranda |
5059 |
Orkland |
5023 Meldal |
50590501 |
Midtskog |
|
|
|
50590502 |
Løvby |
|
|
|
50590503 |
Løkken Vest |
|
|
|
50590504 |
Bjørnli |
|
|
|
50590505 |
Løkken Øst |
|
|
|
50590601 |
Laksøybygda |
|
|
|
50590602 |
Drogsetmoen |
|
|
|
50590603 |
Lo |
|
|
|
50590604 |
Storås Vest |
|
|
|
50590605 |
Fossen |
|
|
|
50590606 |
Syrstad |
|
|
|
50590607 |
Grefstad |
|
|
|
50590608 |
Grøta |
|
|
|
50590609 |
Hilstad |
|
|
|
50590610 |
Jerpstad |
|
|
|
50590611 |
Ree |
|
|
|
50590612 |
Grut |
|
|
|
50590613 |
Ilfjellet |
|
|
|
50590614 |
Resdalen |
|
|
5016 Agdenes |
50590801 |
Selven |
|
|
|
50590802 |
Lysheim |
|
|
|
50590803 |
Sletvik |
|
|
|
50590804 |
Fjorden |
|
|
|
50590806 |
Leksa |
|
|
|
50590807 |
Ingdalen |
|
|
|
50590808 |
Hamna |
|
|
|
50590809 |
Singstad |
|
|
|
50590810 |
Sterten |
|
|
|
50590811 |
Stranda |
|
|
Codanna de 5012 Snillfjord |
50590901 |
Aa |
|
|
|
50590902 |
Vuttudal - Skårild |
|
|
|
50590904 |
Tannvik |
|
|
|
50590905 |
Åstfjorden |
|
|
|
50590906 |
Heggstad |
|
|
|
50590911 |
Imsterfjorden Indre |
|
|
|
50590912 |
Moldtun |
IARSCRÍBHINN III(a) agus (b)
Léaráidí grafacha de na limistéir incháilithe