Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62023CJ0629

Breithiúnas na Cúirte (An Cúigiú Dlísheomra) 2025 Meitheamh 12.
MTÜ Eesti Suurkiskjad v Keskkonnaamet.
Tarchur chun réamhrialú – Gnáthóga nádúrtha agus fána agus flóra fiáine a chaomhnú – Treoir 92/43/CEE – An chéad fhomhír d’Airteagal 1(i) – Stádas caomhantais speicis – Coincheap – Airteagal 14 – Bearta bainistíochta – Gabháil san fhiántas agus saothrú atá comhoiriúnach le cothabháil nó athchóiriú an speicis ar stádas caomhantais fabhrach – An dara fomhír d’Airteagal 1(i) – Measúnú ar stádas caomhantais fabhrach an speicis lena mbaineann – Coinníollacha carnacha – Canis lupus (Mac tíre) – Aicmiú i gcatagóir ‘i mbaol’ ar ‘liosta dearg’ an Aontais Idirnáisiúnta um Chaomhnú an Dúlra Speiceas ainmhithe ar cuid de phobal é ina leathnaíonn a raon nádúrtha thar chríoch Bhallstáit – Malartuithe le pobail den speiceas céanna i mBallstáit chomharsanachta nó i dtríú tíortha a chur san áireamh Airteagal 2(3) – Riachtanais eacnamaíocha, shóisialta agus chultúrtha agus saintréithe réigiúnacha agus áitiúla a chur san áireamh.
Cás C-629/23.

ECLI identifier: ECLI:EU:C:2025:429

 BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Cúigiú Dlísheomra)

12 Meitheamh 2025 ( *1 )

(Tarchur chun réamhrialú – Gnáthóga nádúrtha agus fána agus flóra fiáine a chaomhnú – Treoir 92/43/CEE – An chéad fhomhír d’Airteagal 1(i) – Stádas caomhantais speicis – Coincheap – Airteagal 14 – Bearta bainistíochta – Gabháil san fhiántas agus saothrú atá comhoiriúnach le cothabháil nó athchóiriú an speicis ar stádas caomhantais fabhrach – An dara fomhír d’Airteagal 1(i) – Measúnú ar stádas caomhantais fabhrach an speicis lena mbaineann – Coinníollacha carnacha – Canis lupus (Mac tíre) – Aicmiú i gcatagóir ‘i mbaol’ ar ‘liosta dearg’ an Aontais Idirnáisiúnta um Chaomhnú an Dúlra Speiceas ainmhithe ar cuid de phobal é ina leathnaíonn a raon nádúrtha thar chríoch Bhallstáit – Malartuithe le pobail den speiceas céanna i mBallstáit chomharsanachta nó i dtríú tíortha a chur san áireamh Airteagal 2(3) – Riachtanais eacnamaíocha, shóisialta agus chultúrtha agus saintréithe réigiúnacha agus áitiúla a chur san áireamh)

I gCás C‑629/23,

IARRAIDH ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE, ón Riigikohus (an Chúirt Uachtarach, an Eastóin), trí bhreith an 13 Deireadh Fómhair 2023, a fuarthas ag an gCúirt an 16 Deireadh Fómhair 2023, sna himeachtaí

MTÜ Eesti Suurkiskjad

v

Keskkonnaamet,

idiragraí:

Keskkonnaagentuur,

tugann AN CHÚIRT (an Cúigiú Dlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: M. L. Arastey Sahún, Uachtarán an Dlísheomra, D. Gratsias, E. Regan, J. Passer (Rapóirtéir) agus B. Smulders, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: J. Kokott,

Cláraitheoir: C. Strömholm, Riarthóir,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn agus tar éis éisteacht an 6 Samhain 2024,

tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

MTÜ Eesti Suurkiskjad, ag M. Ellermaa agus E. Lopp,

Rialtas na hEastóine, ag M. Kriisa, i gcáil Gníomhaire,

Rialtas na Danmhairge, ag D. Elkan, J. F. Kronborg agus C. Maertens, i gcáil Gníomhairí,

Rialtas na hOstaire, ag A. Posch, J. Schmoll agus M. Kopetzki, i gcáil Gníomhairí,

an Coimisiún Eorpach, L. Haasbeek, C. Hermes, E. Randvere, N. Ruiz García agus K. Toomus, i gcáil Gníomhairí,

tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 12 Nollaig 2024,

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1

Baineann an iarraidh ar réamhrialú le léiriú ar Airteagal 1(i), Airteagal 2(3) agus Airteagal 14(1) de Threoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fána agus flóra fiáine a chaomhnú (IO 1992 L 206, lch. 7), arna leasú le Treoir 2013/17/AE ón gComhairle an 13 Bealtaine 2013 (IO 2013 L 158, lch. 193) (‘an Treoir maidir le Gnáthóga’).

2

Rinneadh an iarraidh in imeachtaí idir MTÜ Eesti Suurkiskjad agus an Keskkonnaamet (an Oifig Comhshaoil, an Eastóin) maidir le dlíthiúlacht gnímh riaracháin a bhaineann le cuótaí maidir le fiach mac tíre.

An dlí lena mbaineann

Dlí an Aontais

3

De réir aithris 15 den Treoir maidir le Gnáthóga:

‘De bhrí go bhfuil córas ginearálta cosanta ag teastáil le haghaidh speiceas áirithe flora agus fauna […]; de bhrí gur cheart foráil a dhéanamh maidir le bearta bainistithe le haghaidh speicis áirithe, más gá sin de réir a stádais caomhantais, lena n‑áirítear toirmeasc a chur ar mhodhanna áirithe gabhála agus maraithe, agus san am céanna foráil a dhéanamh maidir le maoluithe ar choinníollacha áirithe a d’fhéadfadh a bheith ann’.

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

4

Foráiltear don mhéid seo a leanas in Airteagal 1 den Treoir sin:

‘Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

[...]

i)

stádas caomhantais speicis: éifeacht na dtionchar uile a imrítear ar an speiceas a d’fhéadfadh difear a dhéanamh dá dháileadh fadtéarmach agus do fhlúirse a phobail sa chríoch dá dtagraítear in Airteagal 2;

Glacfar leis go bhfuil an stádas caomhantais “fabhrach” sna cásanna seo a leanas:

léiríonn sonraí dinimice an phobail maidir leis an speicis atá i gceist go bhfuil sé á chothabháil ar bhonn fadtéarmach mar chomhpháirt a chuid gnáthóg nádúrtha

agus

nach bhfuil raon nádúrtha an speicis á laghdú nó ní dócha go dtiocfaidh laghdú air go ceann i bhfad

agus

go bhfuil gnáthóg sách mór ann agus gur dócha go leanfaidh sí de bheith ann chun a pobail a chothabháil ar bhonn fadtéarmach;

[...]’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

5

Foráiltear le hAirteagal 2 den Treoir sin:

‘1.   Is é is aidhm don Treoir seo rannchuidiú le háirithiú na bithéagsúlachta trí ghnáthóga nádúrtha agus fana agus flora fiáine a chaomhnú i gcríoch Eorpach na mBallstát a bhfuil feidhm ag an gConradh maidir léi.

2.   Déanfar bearta arna ndéanamh de bhun na Treorach seo a dhearadh chun gnáthóga nádúrtha agus speicis fauna agus flora fiáine ar le leas an Chomhphobail iad a chothabháil nó a athchóiriú, ar stádas caomhantais fabhrach.

3.   Cuirfear riachtanais eacnamaíocha, shóisialta agus chultúrtha agus sainiúlachtaí réigiúnacha agus áitiúla san áireamh i mbearta arna ndéanamh de bhun na Treorach seo.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

6

Is mar seo a leanas atá an fhoclaíocht in Airteagal 11 den Treoir:

‘Déanfaidh na Ballstáit faireachas ar stádas caomhantais na ngnáthóg nádúrtha agus na speiceas dá dtagraítear in Airteagal 2 agus aird ar leith á tabhairt ar chineálacha gnáthóige nádúrtha tosaíochta agus ar speicis tosaíochta.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

7

Foráiltear le hAirteagal 12(1) den Treoir maidir le Gnáthóga:

‘Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun córas cosanta déine a bhunú do na speicis ainmhíocha a liostaítear i mír (a) d’Iarscríbhinn IV ina raon nádúrtha, lena gcuirfear toirmeasc ar an méid seo a leanas:

a)

aon chineál gabhála nó maraithe d’eiseamail na speiceas sin san fhiántas;

b)

cur isteach d’aon ghnó ar na speicis sin, go háirithe le linn na tréimhse pórúcháin, tógála, geimhrithe agus imirce;

c)

uibheacha a scriosadh nó a thógáil d’aon ghnó ón bhfiántas;

d)

meath ar láthair phórúcháin nó ar áiteanna scíthe nó iad a scriosadh.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

8

De réir Airteagal 14(1) den Treoir chéanna:

‘Má mheasann na Ballstáit gur gá, i bhfianaise an fhaireachais dá bhforáiltear in Airteagal 11, déanfaidh siad bearta chun a áirithiú go mbeidh gabháil san fhiántas d’eiseamail de speiceas fauna agus flora fiáine a liostaítear in Iarscríbhinn V, agus a saothrú, comhoiriúnach lena gcothabháil ar stádas caomhantais fabhrach.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

9

Foráiltear le hAirteagal 16(1) den Treoir sin:

‘Ar choinníoll nach bhfuil aon réiteach sásúil eile ann agus nach ndéanann an maolú dochar do líon na speiceas lena mbaineann a chothabháil ar stádas caomhantais fabhrach ina raon nádúrtha, féadfaidh na Ballstáit maolú ar fhorálacha Airteagail 12, 13, 14 agus Airteagal 15(a) agus (b):

a)

ar mhaithe le fauna agus flora fiáine a chosaint agus gnáthóga nádúrtha a chaomhnú;

b)

chun damáiste tromchúiseach a sheachaint, go háirithe ar bharraí, ar bheostoc, ar fhoraoisí, ar iascaigh agus ar uisce agus ar chineálacha eile réadmhaoine;

c)

ar mhaithe leis an tsláinte phoiblí agus leis an tslándáil phoiblí, nó le cúiseanna ríthábhachtacha leasa phoiblí sháraithigh eile, lena n‑áirítear cúiseanna de chineál sóisialta nó eacnamaíoch, agus le hiarmhairtí príomha atá tairbhiúil don chomhshaol;

d)

chun críoch taighde agus oideachais, chun na speicis sin a athphoibliú agus a thabhairt isteach arís agus chun na hoibríochtaí pórúcháin is gá chun na gcríoch sin, lena n‑áirítear iomadú saorga na bplandaí

e)

d’fhonn gabháil nó coinneáil líon teoranta eiseamal áirithe de na speicis a liostaítear in Iarscríbhinn IV a cheadú, faoi choinníollacha dianmhaoirsithe, ar bhonn roghnach agus go pointe teoranta.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

10

In Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin, dar teideal ‘Speicis ainmhithe agus plandaí ar leas an Chomhphobail iad a n‑éilítear a gcaomhnú go ndéanfaí limistéir chaomhantais speisialta a ainmniú’, luaitear, i measc na speiceas ainmhithe sin, ‘Canis lupus (seachas pobail na hEastóine[…])’.

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

11

I gcomhréir le hIarscríbhinn IV a ghabhann leis an Treoir maidir le Gnáthóga, dar teideal ‘Speicis ainmhithe agus plandaí ar le leas an Chomhphobail iad agus a bhfuil dianchosaint de dhíth orthu’, tá Canis lupus ar cheann de na speicis ainmhithe sin, ‘seachas [...] pobail na hEastóine’.

12

Faoi Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir sin, dar teideal ‘Speicis ainmhithe agus plandaí ar le leas an Chomhphobail iad a d’fhéadfadh a ghabháil agus a shaothrú san fhiántas a bheith faoi réir beart bainistíochta’, féadfaidh pobail Canis lupus na hEastóine a bheith ina n‑ábhar do bhearta den sórt sin.

Dlí na hEastóine

An Dlí maidir le caomhnú an dúlra

13

Is mar seo a leanas atá an fhoclaíocht in Airteagal 1 den Looduskaitseseadus (an Dlí maidir le caomhnú an dúlra, RT I 2004, 38, 258), sa leagan is infheidhme maidir leis an díospóid sna príomhimeachtaí (‘an Dlí maidir le caomhnú an dúlra’):

‘Is é is cuspóir don Dlí seo:

1)

an dúlra a chosaint trína éagsúlacht a chaomhnú agus trí stádas fabhrach gnáthóga nádúrtha agus speiceas fauna, flora agus crungais a áirithiú;

[...]’

14

Foráiltear le hAirteagal 3(2) den Dlí maidir le caomhnú an dúlra, dar teideal ‘Stádas fabhrach gnáthóige agus speicis’:

‘Measfar stádas speicis a bheith fabhrach má léiríonn flúirse a bpobal go leanfaidh an speiceas de bheith ann go ceann i bhfad mar chomhpháirt inmharthana dá ghnáthóg nádúrtha nó dá ghnáthóg atáirgthe, mura bhfuil raon nádúrtha an speicis ag meath agus má tá gnáthóg sách mór ann agus más dócha go leanfaidh sí de bheith ann chun marthanacht fhadtéarmach phobal an speicis a áirithiú.’

15

Foráiltear le hAirteagal 49 den Dlí sin, dar teideal ‘Plean gníomhaíochta chun speicis a chosaint agus a bhainistiú’:

‘(1) Déanfar comhphlean gníomhaíochta a tharraingt suas:

1)

caomhnú na speiceas maidir le catagóir cosanta I a eagrú;

2)

stádas caomhantais fabhrach an speicis a áirithiú má léiríonn torthaí fhardal eolaíoch an speicis nach ráthaíonn na bearta a rinneadh go dtí seo é nó má cheanglaítear sin le hoibleagáid idirnáisiúnta;

3)

maidir le bainistiú an speicis má léiríonn torthaí fhardal eolaíoch an speicis tionchar diúltach suntasach ar an gcomhshaol nó bagairt ar mhaoin nó ar shláinte an duine i ndiaidh méadú ar fhlúirse an speicis.

(2) Ní mór do phlean gníomhaíochta an méid seo a leanas a chur san áireamh:

1)

sonraí maidir le bitheolaíocht, flúirse agus raon an speicis;

2)

na coinníollacha chun stádas fabhrach an speicis atá i mbaol a áirithiú;

3)

fachtóirí riosca;

4)

an cuspóir caomhnaithe nó bainistíochta;

5)

tosaíochtaí agus uainiú na mbeart is gá chun stádas fabhrach a bhaint amach nó chun an speiceas a bhainistiú;

6)

an buiséad chun caomhnú nó bainistíocht a eagrú.

[...]’

An Dlí maidir le Fiachadh

16

Foráiltear le hAirteagal 21(4) den Jahiseadus (an Dlí maidir le Fiachadh, RT I 2013, 2), sa leagan is infheidhme maidir leis an díospóid sna príomhimeachtaí (‘an Dlí maidir le Fiachadh’), dar teideal ‘Faireachán géim’:

‘Gach bliain, déanfaidh an t‑údarás dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo [an Keskkonnaagentuur (an Ghníomhaireacht Comhshaoil, an Eastóin)] tuarascáil faireacháin ar ghéim a tharraingt suas. Ní mór na sonraí seo a leanas a chur san áireamh sa tuarascáil faireacháin:

1)

tuairisc ar stádas na bpobal géim;

2)

athruithe ar stádas na bpobal géim;

3)

réamhaisnéis ar stádas na bpobal géim agus na bhfachtóirí riosca;

4)

moltaí maidir le cuótaí agus struchtúr an fhéich.’

17

Foráiltear don mhéid seo a leanas in Airteagal 22 den Dlí maidir le Fiachadh, dar teideal ‘Cuótaí agus struchtúr an fhéich’:

‘Gach bliain, socróidh an Oifig Comhshaoil cuótaí maidir le béar donn, mac tíre, lincse agus séala liath a fhiach ar bhonn na dtuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 21(4) den Dlí seo agus ar bhonn an togra ón gComhairle Fiaigh.’

An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tarchuirtear le haghaidh réamhrialú

18

An 4 Deireadh Fómhair 2012, ghlac Aire Comhshaoil na hEastóine ‘Plean Gníomhaíochta chun creachadóirí móra a chosaint agus a bhainistiú ((Canis lupus (mac tíre), Lynx lynx (lincse) agus Ursus arctos (béar donn)) don tréimhse 2012-2021’ (‘an plean gníomhaíochta don tréimhse 2012-2021’).

19

Léiríodh sa phlean gníomhaíochta don tréimhse 2012-2021 go bhféadfaí stádas caomhantais pobal feoiliteoirí móra na hEastóine a mheas mar fhabhrach agus go raibh sé beartaithe, inter alia, stádas caomhantais fabhrach an mhic tíre a chothabháil ag leibhéal pobail na hEastóine agus pobal Baltach den speiceas ainmhithe sin araon. Chuige sin, leagadh síos mar chuspóir leis an bplean gníomhaíochta sin 15 go 25 paca mac tíre, lena n‑áirítear coileáin mac tíre, a chothabháil gach bliain, roimh thús shéasúr an fhiaigh, agus mar thoradh air sin go mbeadh thart ar 150 go 250 mac tíre i bpobal iomlán an speicis i gcríoch na hEastóine. Laistigh den raon sin, bhí spriocanna bliantúla le socrú de réir thorthaí an fhaireacháin agus bhí flúirse an phobail le cothabháil, laistigh den raon sin, trí fhiach. Ba é an aidhm a bhí leis freisin an damáiste a rinne an mac tíre a laghdú, go háirithe trí thús áite a thabhairt don fhiach i limistéir ina raibh sé ag déanamh damáiste.

20

De réir an phlean gníomhaíochta sin, tá pobal Baltach an mhic tíre féin mar chuid de phobal Eoráiseach an speicis ainmhíoch sin, ina leathnaíonn a raon nádúrtha chun na hEastóine, na Laitvia, na Liotuáine, chuig oirthuaisceart na Polainne, na Bealarúise, chuig tuaisceart na hÚcráine agus chuig réigiúin áirithe de chuid na Rúise. Léiríodh sa phlean gníomhaíochta céanna an neas-líon mac tíre, le haghaidh 2008, a bhí sa Laitvia agus sa Liotuáin agus, le haghaidh 2010, i réigiúin na Rúise in aice leis an Eastóin. Luaigh sé freisin, cé gur ghlac Poblacht na Laitvia, Poblacht na Fionlainne agus Poblacht na Bealarúise pleananna cosanta mac tíre nó pleananna caomhnaithe agus bainistíochta agus go raibh siad á n‑ullmhú ag Poblacht na Liotuáine agus ag Poblacht na Polainne, go raibh siad, mar mhalairt ar sin, in easnamh sa Rúis. Luadh freisin sa phlean gníomhaíochta do thréimhse 2012-2021 go bhféadfaí an mac tíre a fhiach sna Ballstáit sin agus i dtríú tíortha. I réimse an chomhair idirnáisiúnta, leagadh béim sa phlean gníomhaíochta sin, inter alia, rannpháirtíocht Phoblacht na hEastóine i ngrúpa meithle an Aontais Idirnáisiúnta um Chaomhnú an Dúlra (‘IUCN’) agus ar theagmhálacha a bheith ann idir ionadaí an Bhallstáit sin agus a chomhpháirtithe Laitviacha, Liotuáinise, Polainnise, Fionlannacha, Sualainnise, Ioruacha agus Rúiseacha. Rinneadh foráil sa phlean gníomhaíochta sin freisin maidir le malartú faisnéise rialta a bhunú idir Poblacht na hEastóine agus Poblacht na Laitvia maidir le dul chun cinn cainníochtúil i bpobal na n‑ainmhithe creiche móra agus maidir le cuótaí fiaigh agus rannpháirtíocht ghníomhach Phoblacht na hEastóine i dtionscadail idirnáisiúnta a bhaineann le caomhnú agus bainistiú ainmhithe creiche móra a eagrú.

21

Le hordú an 29 Deireadh Fómhair 2020, arna ghlacadh de bhun Airteagal 22(2) den Dlí maidir le Fiach, shocraigh an Oifig Comhshaoil an chéad tráinse de chuóta maidir le fiach mac tíre do shéasúr fiaigh 2020/2021 san Eastóin ag 140 eiseamal, arna scaipeadh thar 20 limistéar bainistíochta, agus tús áite á thabhairt do limistéir phórúcháin agus do limistéir ina ndearna an speiceas ainmhithe sin damáiste.

22

Thug an t‑iarratasóir sna príomhimeachtaí, comhlachas um Chosaint an Chomhshaoil de chuid na hEastóine, caingean os comhair Tallinna Halduskohus (an Chúirt Riaracháin, Taillinn, an Eastóin) ag iarraidh go gcuirfí an t‑ordú sin ar neamhní. Mar thaca leis an gcaingean sin, mhaígh sé, inter alia, nach bhféadfaí stádas caomhnaithe an mhic tíre a mheas mar stádas ‘fabhrach’ de réir bhrí Airteagal 3 den Dlí maidir le caomhnú an dúlra san Eastóin, agus go mbeadh sé níos deacra fós an cuspóir a bhaint amach maidir leis an speiceas sin a chothabháil nó a athshlánú ar stádas caomhantais fabhrach dá n‑údarófaí fiach 140 mac tíre.

23

Le breithiúnas an 1 Deireadh Fómhair 2021, dhíbhigh Tallinna Halduskohus (an Chúirt Riaracháin, Taillinn) an chaingean sin.

24

Sheas Tallinna Ringkonnakohus (Cúirt Achomhairc Thaillinn, an Eastóin) leis an gcinneadh sin lenar díbheadh an chaingean.

25

Tá achomharc os comhair an Riigikohus (an Chúirt Uachtarach, an Eastóin), arb í an chúirt a rinne an tarchur í, arna thionscnamh ag an iarratasóir sna príomhimeachtaí i gcoinne chinneadh na cúirte achomhairc.

26

Iarrann an chúirt a rinne an tarchur, ar an gcéad dul síos, an gá, i gcás ina nglacann Ballstát bearta bainistíochta faoi Airteagal 14 den Treoir maidir le Gnáthóga, chun a chinneadh an bhfuil na bearta sin ag luí le cuspóir an speicis sin a chothabháil nó a athshlánú ar ‘stádas caomhantais fabhrach’ de réir bhrí an dara fomhír d’Airteagal 1(i) den Treoir sin, stádas caomhnaithe phobal an speicis sin atá i gcríoch an Bhallstáit lena mbaineann a chur san áireamh nó an féidir stádas caomhantais an phobail atá lonnaithe i gcríoch Bhallstáit eile an Aontais Eorpaigh, sa chás seo, an pobal Baltach a chur san áireamh.

27

Tugann an chúirt sin dá haire, i ndáil leis sin, cé nach bhfuil díospóid ar bith ann maidir le stádas caomhantais ‘fabhrach’ de phobal Baltach an mhic tíre, go n‑áitíonn an t‑iarratasóir sna príomhimeachtaí, ag brath ar mheasúnú IUCN, nach féidir a mheas go bhfuil stádas caomhantais den sórt sin ag pobal mac tíre na hEastóine.

28

Sa chomhthéacs sin, tugann an chúirt a rinne an tarchur faoi deara, ar an dara dul síos, go bhfios di, d’fhonn pobal an mhic tíre atá i gceist a chaomhnú, nach bhfuil aon chineál comhair oifigiúil ann idir na Ballstáit sa chríoch a leathnaíonn a raon nádúrtha an phobail sin agus nach bhfuil ann ach cumarsáid neamhfhoirmiúil idir eolaithe.

29

Ar an tríú dul síos, ardaíonn an chúirt a rinne an tarchur an cheist, i bhfianaise, go háirithe, bhreithiúnais an 14 Meitheamh 2007, an Coimisiún v an Fhionlainn (C‑342/05, EU:C:2007:341), agus an 23 Aibreán 2020, an Coimisiún v an Fhionlainn(Éadair choiteanna fhireanna a fhiach) (C‑217/19, EU:C:2020:291), an féidir a mheas, a mhéid a bhaineann sé le Ballstát, go bhfuil ‘stádas caomhantais fabhrach’ de réir bhrí na Treorach maidir le Gnáthóga ag pobal de speiceas a aicmítear sa chatagóir ‘i mbaol’ de réir liosta dearg IUCN de speicis atá i mbaol (‘Liosta Dearg IUCN’). Tugann sí dá haire, i ndáil leis sin, sa phlean gníomhaíochta a tarraingíodh suas don tréimhse 2022-2031, tar éis an phlean gníomhaíochta don tréimhse 2012-2021, go meastar go dtagann pobal Baltach an mhic tíre faoin gcatagóir ‘is ábhar imní is lú’ (LC) de Liosta Dearg IUCN, cé go n‑aicmítear pobal Eastónach an speicis sin mar ‘i mbaol’ (VU), agus gur cheart é a mheas mar ‘i mbaol’ (EN) fiú mura gcuirtear pobail chomharsanachta san áireamh.

30

Ar deireadh, ar an gceathrú dul síos, cuireann an chúirt a rinne an tarchur in iúl, i gcomhthéacs na díospóide sna príomhimeachtaí, gur áitigh an Oifig Comhshaoil agus an Ghníomhaireacht Comhshaoil i gcónaí go mbeadh teannas tromchúiseach sóisialta agus eacnamaíoch mar thoradh ar mhéadú ar líon na mac tíre. Is é ceann de na príomhargóintí a cuireadh chun cinn chun údar a thabhairt le húdarú fiaigh mac tíre ná an gá atá leis an damáiste a dhéanann an speiceas ainmhithe sin a laghdú, go háirithe do bheostoc.

31

Sna himthosca sin, chinn an Riigikohus (an Chúirt Uachtarach) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:

‘1)

An bhfuil Airteagal 14(1) den Treoir maidir le Gnáthóga le léiriú sa chaoi go bhfuil sé éigeantach, nuair a ghlactar na bearta a luaitear san fhoráil sin stádas c[a]omhantais fabhrach de réir bhrí Airteagal 1(i) a mheasúnú le haghaidh an phobail speicis réigiúnach i mBallstát faoi leith, nó an féidir stádas caomhantais an phobail iomlán i limistéar iomlán Bhallstáit an Aontais Eorpaigh a chur san áireamh?

2)

I gcás ina gceadaítear stádas caomhantais an phobail iomlá[i]n i limistéar Bhallstáit an Aontais Eorpaigh a mheasúnú, an bhfuil an Treoir maidir le Gnáthóga le léiriú sa chaoi go dteastaíonn comhoibriú foirmiúil idir na Ballstáit, a chuimsíonn limistéar cónaithe na n‑ainmhithe sin, d’fhonn an pobal sin a chaomhnú, nó an leor go ndéanann an Ballstát, a ghlacann na forálacha a luaitear in Airteagal 14 den Treoir maidir le Gnáthóga, staid an phobail speicis sna Ballstáit eile lena mbaineann a chinneadh nó na coinníollacha chuige sin a leagan síos i bplean bainistíochta náisiúnta?

3)

An bhfuil Airteagal 1(i) den Treoir maidir le Gnáthóga le léiriú sa chaoi gur féidir pobal réigiúnach speicis a chuirtear sa chatagóir “i mbaol” de réir na gcritéar i liosta dearg an Aontais Idirnáisiúnta um Chaomhnú an Dúlra stádas caomhantais fabhrach a bheith aige?

4)

An bhfuil Airteagal 1(i) den Treoir maidir le Gnáthóga, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 2(3) di, le léiriú sa chaoi, agus stádas caomhantais fabhrach speicis á chinneadh, gur féidir riachtanais eacnamaíocha, s[h]óisialta agus c[h]ultúrtha agus saintréithe réigiúnacha agus áitiúla a chur san áireamh freisin?’

Na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú

An chéad cheist go dtí an tríú ceist

32

Lena chéad trí cheist, ar cheart iad a scrúdú le chéile, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gá Airteagal 1(i) den Treoir maidir le Gnáthóga a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc ar stádas caomhantais an speicis sin, i gcríoch an Bhallstáit sin, a mheas mar ‘fhabhrach’ de réir bhrí na forála sin tríd é a chur sa chatagóir ‘i mbaol’ de liosta dearg IUCN de phobal speicis ainmhíoch atá i gcríoch Bhallstáit. Ina theannta sin, fiafraíonn an chúirt sin, go bunúsach, an gá Airteagal 1(i) a léiriú sa chaoi go gciallaíonn glacadh beart bainistíochta de bhun Airteagal 14(1) den Treoir sin go bhfuil oibleagáid ann stádas caomhantais fabhrach a áirithiú do phobal an speicis sin atá i láthair ar chríoch an Bhallstáit sin nó an féidir leis an mBallstát sin stádas caomhantais an phobail go léir ina leathnaíonn a raon nádúrtha thar chríoch an Bhallstáit sin a chur san áireamh agus, más amhlaidh, cén chumas agus faoi cén coinníollacha.

33

Mar réamhphointe, ní mór a mheabhrú, i bprionsabal, go bhfuil an mac tíre, faoi Airteagal 12 den Treoir maidir le Gnáthóga, arna léamh i gcomhar le hIarscríbhinn IV(a) a ghabhann léi, ar cheann de na speicis ar le ‘leas an Chomhphobail’ nach mór ‘cosaint dhian’ a áirithiú ina leith, de réir bhrí Airteagail 12.

34

Mar sin féin, le hIarscríbhinn IV(a) eisiatar ón gcosaint dhian sin, inter alia, pobal Eastónach an mhic tíre.

35

Dá réir sin, liostaítear na pobail sin in Iarscríbhinn V(a) a ghabhann leis an Treoir maidir le Gnáthóga mar speiceas ainmhí ar le leas an Chomhphobail é a bheith faoi réir bearta bainistíochta agus a thagann, dá bhrí sin, faoi raon feidhme Airteagal 14 den Treoir sin.

36

Maidir leis na bearta bainistíochta a bhféadfadh na speicis a liostaítear in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir maidir le Gnáthóga a bheith faoina réir, ba cheart a thabhairt faoi deara, i gcomhréir le hAirteagal 14(1) den Treoir sin, ‘má mheasann na Ballstáit, i bhfianaise an fhaireachais dá bhforáiltear in Airteagal 11, gur gá sin, déanfaidh siad bearta chun a áirithiú go mbeidh gabháil san fhiántas d’eiseamail de speicis fauna agus flora fiáine a liostaítear in Iarscríbhinn V, agus a shaothrú, comhoiriúnach lena gcothabháil ar stádas caomhantais fabhrach’.

37

Is léir ó fhoclaíocht na forála sin go bhfuil lánrogha áirithe ag na Ballstáit a chinneadh an gá bearta a ghlacadh de bhun na forála sin, amhail saothrú speiceas a áirítear in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir maidir le Gnáthóga a theorannú (breithiúnas an 29 Iúil 2024, ASCEL, C‑436/22, EU:C:2024:656, mír 53).

38

Mar sin féin, tá an rogha sin teoranta ag an oibleagáid chun a áirithiú go bhfuil gabháil san fhiántas d’eiseamail speicis agus saothrú na n‑eiseamal sin comhoiriúnach le stádas caomhantais fabhrach an speicis sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 29 Iúil 2024, ASCEL, C‑436/22, EU:C:2024:656, mír 55).

39

Ní mór a mheabhrú nach mór é a bheith de chuspóir ag aon bheart a dhéanann Ballstát ar bhonn na Treorach maidir le Gnáthóga, i gcomhréir le hAirteagal 2(2), speicis ainmhíocha ar le leas an Chomhphobail iad a chothabháil ar nó a athshlánú ina stádas caomhantais fabhrach (breithiúnas an 29 Iúil 2024, ASCEL, C‑436/22, EU:C:2024:656, mír 56).

40

Ina theannta sin, mar is léir ón 15ú haithris den Treoir maidir le Gnáthóga, mheas reachtas an Aontais go bhfuil gá le córas ginearálta cosanta do speicis áirithe flora agus fauna agus nach mór foráil a dhéanamh maidir le bearta bainistíochta le haghaidh speicis áirithe, ‘má thugtar údar leis lena stádas caomhantais’, lena n‑áirítear toirmeasc ar mhodhanna áirithe gabhála nó maraithe, agus foráil á déanamh ag an am céanna maidir leis an bhféidearthacht maoluithe a dhéanamh ar choinníollacha áirithe. Ar an gcaoi sin, mar a léirítear leis an bhfrása ‘má thugtar údar leis lena stádas caomhantais’, ní mór údar a bheith le glacadh na mbeart sin mar gheall ar an ngá atá leis na speicis lena mbaineann a chothabháil ar nó a athshlánú ina stádas caomhantais fabhrach (breithiúnas an 29 Iúil 2024, ASCEL, C‑436/22, EU:C:2024:656, mír 57).

41

Thairis sin, i gcás ina bhfuil stádas caomhantais neamhfhabhrach ag speiceas ainmhí, ní mór do na húdaráis inniúla bearta a dhéanamh de réir bhrí Airteagal 14 den Treoir maidir le Gnáthóga chun feabhas a chur ar stádas caomhantais an speicis lena mbaineann sa chaoi go gcoinneofar a phobail ar stádas fabhrach amach anseo agus ar bhealach inbhuanaithe (féach, chuige sin, breithiúnas an 29 Iúil 2024, ASCEL, C‑436/22, EU:C:2024:656, mír 69).

42

Ar deireadh, ní mór an measúnú ar stádas caomhnaithe speicis agus ar an deis bearta a ghlacadh bunaithe ar Airteagal 14 den Treoir maidir le Gnáthóga a chur san áireamh, go háirithe, agus na sonraí eolaíocha is déanaí a fuarthas tríd an bhfaireachas dá bhforáiltear in Airteagal 11 den Treoir sin á gcur san áireamh (féach, chuige sin, breithiúnas an 29 Iúil 2024, ASCEL, C‑436/22, EU:C:2024:656, mír 65). I ndáil leis sin, i gcomhréir le prionsabal an réamhchúraim a chumhdaítear in Airteagal 191(2) CFAE, más rud é, tar éis scrúdú a dhéanamh ar na sonraí eolaíocha is fearr atá ar fáil, go bhfuil éiginnteacht fós ann maidir le comhoiriúnacht saothraithe speicis ar le leas an Chomhphobail iad le cothabháil an speicis sin ar stádas caomhantais fabhrach, ní mór don Bhallstát lena mbaineann staonadh ó shaothrú den sórt sin a údarú (breithiúnas an 29 Iúil 2024, ASCEL, C‑436/22, EU:C:2024:656, mír 72 agus an cásdlí dá dtagraítear).

43

Sa chás seo, is léir ón iarraidh ar réamhrialú agus ón gcomhad os comhair na Cúirte, i bplean gníomhaíochta don tréimhse 2012-2021, gur measadh go raibh stádas caomhantais an mhic tíre san Eastóin fabhrach. Sa chomhthéacs sin, cuireadh san áireamh, inter alia, na tosca a bhaineann le Ballstáit chomharsanachta agus tríú tíortha, dá dtagraítear i mír 20 den bhreithiúnas seo.

44

Mar sin féin, tugann an chúirt a rinne an tarchur dá haire, go háirithe, sa phlean gníomhaíochta ina dhiaidh sin, a tarraingíodh suas don tréimhse 2022-2031, go gcuirtear pobal na mac tíre san Eastóin sa chatagóir ‘i mbaol’ de Liosta Dearg IUCN, is é sin le rá, de réir an tsainmhínithe a leagtar amach sna Treoirlínte maidir le catagóirí agus critéir Liosta Dearg IUCN a úsáid, ‘go bhfuil ardriosca díothaithe san fhiántas’.

45

I ndáil leis sin, ba cheart a mheabhrú, ar an gcéad dul síos, go sainmhínítear an coincheap ‘stádas caomhantais speicis’ sa chéad fhomhír d’Airteagal 1(i) den Treoir maidir le Gnáthóga mar éifeacht na dtionchar uile a imrítear ar an speiceas lena mbaineann a d’fhéadfadh difear a dhéanamh dá dháileadh fadtéarmach agus do fhlúirse a phobail sa chríoch dá dtagraítear in Airteagal 2 den Treoir sin.

46

Anuas air sin, ní mór a thabhairt faoi deara, i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 1(i), den Treoir sin, go nglacfar leis go bhfuil stádas caomhantais speicis fabhrach ar choinníoll go gcomhlíontar trí choinníoll charnacha. Ar an gcéad dul síos, ní mór a léiriú le sonraí dinimice an phobail maidir leis an speiceas atá i gceist go bhfuil sé á chothabháil ar bhonn fadtéarmach mar chomhpháirt a chuid gnáthóg nádúrtha. Ar an dara dul síos, níor cheart raon nádúrtha an speicis á laghdú ná nach dócha go dtiocfaidh laghdú air go ceann i bhfad. Ar an tríú dul síos, ní mór, agus is dócha go mbeidh, gnáthóg sách mór ann chun a phobal a chothabháil ar bhonn fadtéarmach (breithiúnas an 29 Iúil 2024, ASCEL, C‑436/22, EU:C:2024:656, mír 60 agus an cásdlí dá dtagraítear).

47

Is léir ó chásdlí na Cúirte maidir le hAirteagal 16 den Treoir maidir le Gnáthóga, lena n‑údaraítear do na Ballstáit maolú ar fhorálacha Airteagail 12 go 15 den Treoir sin agus a mbraitheann a gcur i bhfeidhm freisin, inter alia, ar chothabháil phobal na speiceas lena mbaineann ar stádas caomhantais fabhrach ina raon nádúrtha, nach mór an stádas sin a bheith ann agus nach mór measúnú a dhéanamh air, ar an gcéad dul síos agus ar an leibhéal áitiúil agus náisiúnta, ionas nach mbeidh stádas caomhantais neamhfhabhrach i gcríoch Bhallstáit nó ar chuid de faoi cheilt ag éifeacht mheasúnaithe arna dhéanamh ar leibhéal trasteorann amháin arna léiríodh go bhfuil an speiceas sin ar stádas caomhantais fabhrach (breithiúnas an 11 Iúil 2024, WWF Österreich agus páirtithe eile, C‑601/22, EU:C:2024:595, mír 57).

48

Is gá gurb amhlaidh an cás i gcomhthéacs chur chun feidhme Airteagal 14 den Treoir maidir le Gnáthóga. Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i míreanna 39 agus 40 dá Tuairim, mura bhfuil stádas caomhantais speicis fabhrach i mBallstát a leathnaíonn a raon nádúrtha ar a chríoch, nó ar a laghad gur féidir, ní féidir leis a fheidhm éiceolaíoch a chomhlíonadh ansin, nó ar a laghad chuig a mhéid iomlán, fiú má tá pobal na speiceas lena mbaineann atá sa Bhallstát sin ina chuid de phobal ar stádas caomhantais fabhrach.

49

É sin ráite, maidir leis an bhfíoras, ar an gcéad dul síos, go gcuirtear pobal mac tíre na hEastóine sa chatagóir ‘i mbaol’ de Liosta Dearg IUCN, ní mór a lua, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 85 dá Tuairim, chun an coincheap ‘stádas caomhantais speicis’ a shainmhíniú, nach dtagraíonn Airteagal 1(i) den Treoir maidir le Gnáthóga ná aon fhoráil eile den Treoir sin do Liosta Dearg IUCN ná do na critéir ar dá réir a bhunaítear é mar tháscaire ar stádas caomhantais fabhrach nó neamhfhabhrach speicis.

50

Thairis sin, mar a luaigh an Coimisiún Eorpach ina bharúlacha i scríbhinn, tá an modh measúnaithe a úsáidtear chun speicis a aicmiú ar Liosta Dearg IUCN éagsúil ón modh atá le cur chun feidhme faoi Airteagal 1(i) den Treoir maidir le Gnáthóga.

51

Dá bhrí sin, cé, mar a luaigh an tAbhcóide Ginearálta, go bunúsach, i mír 86 dá Tuairim, gur dócha go mbeidh na sonraí, na critéir agus na measúnuithe as ar eascair aicmiú speicis ar Liosta Dearg IUCN mar chuid de na sonraí eolaíocha nach mór don Bhallstát lena mbaineann a chur san áireamh chun críocha a mheasúnaithe féin (féach, chuige sin, breithiúnais an 14 Meitheamh 2007, an Coimisiún v an Fhionlainn, C‑342/05, EU:C:2007:341, míreanna 26 agus 27; an 23 Aibreán 2020, an Coimisiún v an Fhionlainn(Éadair choiteanna fhireanna a fhiach), C‑217/19, EU:C:2020:291, míreanna 77 go 88, agus an 29 Iúil 2024, ASCEL, C‑436/22, EU:C:2024:656, míreanna 65 agus 78), ní chuireann aicmiú speicis i Liosta Dearg IUCN, agus go sonrach i gcatagóir ‘i mbaol’ ar an leibhéal náisiúnta, bac, dá réir sin, ar stádas caomhantais an speicis sin i gcríoch an Bhallstáit lena mbaineann a mheas mar stádas fabhrach má chomhlíontar na coinníollacha carnacha a leagtar síos sa dara fomhír d’Airteagal 1(i) den Treoir maidir le Gnáthóga.

52

Ar an dara dul síos, maidir leis na coinníollacha deireanacha sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, d’fhonn a chinneadh an bhfuil stádas caomhantais speicis fabhrach ar chríoch Bhallstáit, go bhféadfadh sonraí a bhaineann le pobail an speicis sin i mBallstáit eile, nó fiú i dtríú tíortha, a bheith ábhartha. Is amhlaidh a bheidh go háirithe i gcás speicis ainmhithe faoi chosaint a bhfuil raon leathan acu, amhail an mac tíre, agus a bhfuil a ‘raon nádúrtha’, ar cheann de na critéir é atá le cur san áireamh chun a chinneadh an bhfuil stádas caomhantais speicis fabhrach, níos leithne ná an limistéar geografach ina léirítear na tosca fisiceacha nó bitheolaíocha atá riachtanach dá saol agus dá n‑atáirgeadh (féach, chuige sin, breithiúnas an 29 Iúil 2024, ASCEL, C‑436/22, EU:C:2024:656, mír 61 agus an cásdlí dá dtagraítear).

53

Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara, go bunúsach, i míreanna 48 go 52 dá Tuairim, go háirithe i gcás speiceas ainmhí amhail an mac tíre, beidh pobail an speicis sin freisin i mBallstáit nó i dtríú tíortha in aice láimhe an Bhallstáit atá ag smaoineamh ar bhearta bainistíochta a ghlacadh faoi Airteagal 14(1) den Treoir maidir le Gnáthóga ábhartha d’fhíorú an Bhallstáit sin an bhfuil stádas caomhantais phobail an speicis sin atá i láthair ar a chríoch fabhrach, a mhéid a dhéantar malartú idir na pobail sin, ós rud é go bhféadfadh malartuithe den sórt sin a bheith ina dtionchar, ag gníomhú ar an speiceas, a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do dháileadh agus d’fhlúirse fhadtéarmach an phobail sin laistigh den chríoch sin, de réir bhrí na chéad fhomhíre d’Airteagal 1(i) den Treoir sin.

54

Is dócha, go háirithe, go gcúiteoidh malartuithe den sórt sin cailliúint eiseamal speicis de bharr inimirce nó, mar mhalairt ar sin, go maolóidh na malartuithe, le heisimirce, fás iomarcach phobal an speicis sin sa Bhallstát lena mbaineann. Thairis sin, is dócha go méadóidh na malartuithe sin éagsúlacht ghéiniteach an phobail sin.

55

Ina theannta sin, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara freisin, go bunúsach, i mír 53 dá Tuairim, d’fhéadfadh malartuithe idir pobail na mBallstát nó na dtríú tíortha ar cuid den phobal céanna iad, sa chás seo pobal Baltach an mhic tíre, nó fiú pobal Eoráiseach an speicis ainmhíoch sin, a bheith fiú ina choinníoll fíor-riachtanach dá chaomhnú, go háirithe maidir leis na pobail atá i mBallstáit le limistéar réasúnta beag, agus mar thoradh air sin go bhfuil an ghnáthóg nádúrtha a d’fhéadfadh a bheith ann don speiceas róbheag d’inmharthanacht pobal. I gcás den sórt sin, ní féidir leis an speiceas lena mbaineann a áirithiú go mairfidh sé i mBallstát den sórt sin ach amháin má choinníonn a phobal, nach mbeadh inmharthana dá bhfanfadh sé ar leithlis, malartuithe leanúnacha le pobail den speiceas céanna atá i mBallstáit chomharsanachta nó i dtríú tíortha. Agus na malartuithe sin á gcur san áireamh, féadfar a shuí ansin go gcomhlíontar na trí choinníoll charnacha le haghaidh stádas caomhantais fabhrach, a leagtar síos sa dara fomhír d’Airteagal 1(i) den Treoir maidir le Gnáthóga, a mhéid a bhaineann leis an bpobal sin.

56

Mar sin féin, ba cheart a thabhairt faoi deara, mar is léir ó fhoclaíocht na forála sin, a mheabhraítear i mír 46 den bhreithiúnas seo, chun go measfar stádas caomhantais speicis a bheith fabhrach, nach leor go léiríonn sonraí dinimice an phobail maidir leis an speiceas atá i gceist go leanann an speiceas sin de bheith ina chomhpháirt inmharthana de na gnáthóga nádúrtha lena mbaineann sé, nach bhfuil raon nádúrtha an speicis sin á laghdú agus go bhfuil gnáthóg sách mór ann chun a phobail a chothabháil go fadtéarmach. Is gá freisin, ar an gcéad dul síos, go léireofar le sonraí dinimice an phobail maidir leis an speiceas atá i gceist go bhfuil sé á chothabháil ar bhonn fadtéarmach mar chomhpháirt a chuid gnáthóg nádúrtha, ar an dara dul síos, nach dócha go laghdófar raon nádúrtha an speicis sin go ceann i bhfad, agus, ar an tríú dul síos, gur dócha go mbeidh gnáthóg sách mór ann chun a phobail a choinneáil ar bun ar bhonn fadtéarmach.

57

Dá bhrí sin, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara, go bunúsach, i mír 59 dá Tuairim, i gcás ina bhfuil cás sásúil ann faoi láthair, i bhfianaise na gcritéar sin, is gá fós a áirithiú go bhfuil an staid sin inbhuanaithe chun cineál fabhrach stádas caomhnaithe speicis a bhunú.

58

I ndáil leis sin, ní mór a chur san áireamh, go háirithe, ar an gcéad dul síos, aon athrú intuartha a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do mhalartuithe idir an pobal atá sa Bhallstát lena mbaineann agus na pobail eile ar cuid den phobal céanna iad.

59

Is ionann tógáil leanúnach na bhfálta teorann idir, ar thaobh amháin, Poblacht na hEastóine, Poblacht na Laitvia, agus Poblacht na Liotuáine agus, ar an taobh eile, Poblacht na Bealarúise agus Cónaidhm na Rúise, dá dtagraíonn an chúirt a rinne an tarchur, agus athrú den sórt sin. D’fhéadfadh na fálta sin difear a dhéanamh do na malartuithe idir, ar thaobh amháin, pobail na speiceas lena mbaineann atá sna Ballstáit sin agus, ar an taobh eile, pobail na speiceas sin atá sa Rúis agus sa Bhealarúis.

60

Ar an dara dul síos, ní mór aird a thabhairt ar an leibhéal cosanta dlíthiúla atá ag na speicis lena mbaineann i mBallstáit chomharsanachta agus i dtríú tíortha.

61

Is féidir a thoimhdiú, i bprionsabal, go leanfar de mhalartuithe idir líon na speiceas lena mbaineann atá i mBallstát amháin agus líon an speicis sin i mBallstáit eile, ós rud é go bhfuil na Ballstáit sin, cosúil leis na Ballstáit eile, faoi réir cheanglais na Treorach maidir le Gnáthóga.

62

Os a choinne sin, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara, go bunúsach, i míreanna 63 agus 64 dá Tuairim, in éagmais, i dtríú tír, cosaint atá inchomparáide leis an gcosaint dá bhforáiltear leis an Treoir maidir le Gnáthóga nó, ar a laghad, leis an gCoinbhinsiún maidir le Caomhnú Fhiadhúlra agus Ghnáthóga Nádúrtha na hEorpa, a síníodh i mBeirn an 19 Meán Fómhair 1979 (IO 1982 L 38, lch. 3), níl aon ráthaíocht dhlíthiúil ann i gcoinne mheath na bpobal atá sa tríú tír sin amach anseo agus, dá bhrí sin, maidir leis na malartuithe le pobal an Bhallstáit lena mbaineann (féach, chuige sin, breithiúnas an 11 Iúil 2024, WWF Österreich agus páirtithe eile, C‑601/22, EU:C:2024:595, míreanna 62 agus 63 agus an cásdlí dá dtagraítear).

63

Ar an tríú dul síos agus ar deireadh, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 67 dá Tuairim, ní mór tábhacht níos mó fós a bheith ag baint leis an gcaidreamh le pobail Stát ina gcuireann na Ballstáit agus na tríú tíortha lena mbaineann ní hamháin rialacha cosanta dlíthiúla inchomparáide i bhfeidhm, ach oibriú i gcomhar le chéile chun na speicis lena mbaineann a chosaint agus a mbearta cosanta a chomhordú, mar shampla, chun barr feabhais a chur ar an malartú idir na pobail lena mbaineann.

64

Ina theannta sin, d’fhonn a áirithiú, mar a mheabhraítear i mír 38 den bhreithiúnas seo, go bhfuil tógáil eiseamal de speiceas san fhiántas agus saothrú na n‑eiseamal sin comhoiriúnach le cothabháil an speicis sin ar stádas caomhantais fabhrach, d’fhéadfadh sé a bheith riachtanach don Bhallstát ina bhfuil pobal mac tíre ar cuid de phobal é a bhfuil a raon nádúrtha lasmuigh den chríoch sin i láthair malartuithe idir pobal an mhic tíre atá sa chríoch sin agus iad siúd atá i mBallstáit chomharsanachta nó i dtríú tíortha a chur san áireamh, faisnéis a roinnt leis an mBallstát sin maidir le gluaiseachtaí trasteorann a thugtar faoi deara in eiseamail den speiceas sin agus maidir leis na bearta bainistíochta a dhéanann na Ballstáit nó na tríú tíortha sin nó a bheartaíonn siad a dhéanamh i leith na bpobal atá i láthair ina gcríocha faoi seach. Ar an gcéad dul síos, is féidir le malartuithe faisnéise den sórt sin measúnú níos cruinne a dhéanamh, ag an mBallstát lena mbaineann, ar mhéid a phobal féin. Ar an dara dul síos, d’fhéadfadh go mbeadh gá le faisnéis maidir leis na bearta bainistíochta arna gcur i bhfeidhm nó arna mbeartú ag na Ballstáit ábhartha nó ag tríú tíortha ábhartha chun go mbeidh an Ballstát sin in ann a áirithiú gur féidir a mheas go bhfuil stádas caomhantais fabhrach ag an speiceas lena mbaineann ar a chríoch. Ar deireadh, d’fhéadfadh go mbeadh gá le faisnéis maidir leis na bearta arna gcur i bhfeidhm nó arna mbeartú ag Ballstáit chomharsanachta nó ag tríú tíortha chun a áirithiú go mbeidh na bearta atá beartaithe aige a ghlacadh maidir leis an speiceas sin comhoiriúnach le cothabháil an speicis ar stádas caomhantais fabhrach ar a chríoch.

65

Is faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé a chinneadh, i bhfianaise na dtosca dá dtagraítear i míreanna 45 à 64 den bhreithiúnas seo, an bhféadfaí glacadh leis go bhfuil stádas caomhnaithe an mhic tíre san Eastóin fabhrach nuair a glacadh an plean gníomhaíochta don tréimhse 2012-2021, agus, i gcás inarb iomchuí, an raibh na bearta bainistíochta a cinneadh sa bhreithiúnas atá i gceist sna príomhimeachtaí, dá dtagraítear i mír 21 den bhreithiúnas seo, ag luí leis an stádas sin.

66

I bhfianaise na mbreithnithe go léir roimhe seo, is é an freagra ar an gcéad cheist go dtí an tríú ceist nach mór Airteagal 1(i) den Treoir maidir le Gnáthóga a léiriú sa chaoi:

maidir le haicmiú sa chatagóir ‘i mbaol’ de Liosta Dearg IUCN de phobal speicis ainmhí atá i gcríoch Bhallstáit, ní chuirtear cosc leis ar stádas caomhantais an speicis sin, i gcríoch an Bhallstáit sin, a mheas mar stádas ‘fabhrach’ de réir bhrí na forála sin;

ní mór stádas caomhantais fabhrach an speicis sin a bheith ann agus ní mór measúnú a dhéanamh air, sa chéad áit agus mar is gá, ar leibhéal áitiúil agus náisiúnta. Mar sin féin, i gcomhthéacs an mheasúnaithe, d’fhonn bearta bainistíochta a ghlacadh de bhun Airteagal 14(1) den Treoir sin, maidir le stádas ‘fabhrach’, de réir bhrí Airteagal 1(i), speicis ainmhí ar cuid é de phobal a leathnaíonn a raon nádúrtha thar chríoch an Bhallstáit sin, féadfaidh an Ballstát sin malartuithe idir, ar thaobh amháin, líon na speiceas lena mbaineann atá ina chríoch agus, ar an taobh eile, pobail an speicis sin atá sna Ballstáit chomharsanachta nó sna tríú tíortha comharsanachta a chur san áireamh. Chun measúnú a dhéanamh ar an ábharthacht atá le ceangal leis na malartuithe sin, ní mór don Bhallstát lena mbaineann a chur san áireamh, go háirithe, aon athrú intuartha agus dóchúil a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do mhalartuithe den sórt sin, leibhéal na cosanta dlíthiúla arna ráthú ag na Ballstáit eile sin agus ag na tríú tíortha sin, agus a mhéid atá a n‑údaráis inniúla ag comhoibriú.

An ceathrú ceist

67

Lena ceathrú ceist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gá Airteagal 1(i) den Treoir maidir le Gnáthóga, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 2(3) den Treoir sin, a léiriú sa chaoi, i gcomhthéacs an mheasúnaithe ar stádas caomhnaithe speicis ainmhí d’fhonn bearta bainistíochta a ghlacadh, faoi Airteagal 14 den Treoir sin, go bhféadfar riachtanais eacnamaíocha, shóisialta agus chultúrtha agus saintréithe réigiúnacha agus áitiúla, de réir bhrí Airteagal 2(3) den Treoir sin, a chur san áireamh.

68

Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i míreanna 73 go 79 dá Tuairim, d’fhéadfadh riachtanais eacnamaíocha, shóisialta agus chultúrtha agus saintréithe réigiúnacha agus áitiúla a dhéanann idirdhealú idir staid Bhallstáit a bheith ábhartha chun a shuí an bhfuil nó nach bhfuil stádas caomhantais speicis atá ina chríoch fabhrach de réir bhrí Airteagal 1(i) den Treoir maidir le Gnáthóga. D’fhéadfadh ceanglais agus saintréithe den sórt sin a bheith mar chuid de na tionchair a d’fhéadfadh difear a dhéanamh dá dháileadh fadtéarmach agus do fhlúirse a phobail sa chríoch dá dtagraítear in Airteagal 2(1) den Treoir sin.

69

Mar sin féin, mar a léirigh an tAbhcóide Ginearálta freisin, go bunúsach, i míreanna 80 go 82 dá Tuairim, i gcás nach gcomhlíontar na trí choinníoll charnacha a leagtar síos sa dara fomhír d’Airteagal 1(i) den Treoir maidir le Gnáthóga, ní féidir glacadh leis, in aon chás, go bhfuil stádas caomhantais an speicis lena mbaineann fabhrach. Dá gceadófaí do na Ballstáit a mheas, cé nach gcomhlíontar na coinníollacha sin, nach mór stádas caomhnaithe an speicis lena mbaineann a mheas mar stádas fabhrach mar gheall ar na ceanglais nó na saintréithe dá dtagraítear in Airteagal 2(3) den Treoir sin, chuirfí i mbaol baint amach chuspóir chaomhnú na speiceas dá dtagraítear in Airteagal 2(2) den Treoir (féach, de réir analaí, breithiúnais an 7 Samhain 2000, First Corporate Shipping, C‑371/98, EU:C:2000:600, mír 23, agus an 14 Eanáir 2010, Stadt Papenburg, C‑226/08, EU:C:2010:10, mír 31).

70

Ar an gcúis chéanna, ní féidir brath ar na riachtanais eacnamaíocha, shóisialta agus chultúrtha agus na saintréithe réigiúnacha agus áitiúla dá dtagraítear in Airteagal 2(3) den Treoir maidir le Gnáthóga, nach maolú neamhspleách iad, ar an gcóras ginearálta cosanta a cuireadh i bhfeidhm leis an Treoir sin (breithiúnas an 14 Eanáir 2010, Stadt Papenburg, C-226/08, EU:C:2010:10, mír 32), chun neamhaird a dhéanamh ar an oibleagáid chun a áirithiú go bhfuil gabháil ainmhithe fiáine de speiceas agus a saothrú ag luí le stádas caomhantais fabhrach an speicis sin, oibleagáid lena gcuirtear teorainn, mar a thugtar faoi deara i mír 38 thuas, leis an lánrogha atá ag na Ballstáit faoi Airteagal 14 den Treoir sin. Is laistigh de theorainneacha na lánrogha sin amháin atá na Ballstáit údaraithe, i bprionsabal, na riachtanais agus na saintréithe sin a chur san áireamh.

71

I bhfianaise na mbreithnithe thuas, is é an freagra ar an gceathrú ceist ná nach mór Airteagal 1(i) den Treoir maidir le Gnáthóga, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 2(3) den Treoir sin, a léiriú sa chaoi, i gcomhthéacs an mheasúnaithe ar stádas caomhnaithe speicis ainmhí d’fhonn bearta bainistíochta a ghlacadh, faoi Airteagal 14 den Treoir sin, go bhféadfar riachtanais eacnamaíocha, shóisialta agus chultúrtha agus saintréithe réigiúnacha agus áitiúla, de réir bhrí Airteagal 2(3) den Treoir sin, a chur san áireamh, ós rud é go bhfuil tionchar ag na riachtanais agus na saintréithe sin ar na speicis lena mbaineann a d’fhéadfadh difear a dhéanamh dá dháileadh fadtéarmach agus do fhlúirse a phobail sa chríoch dá dtagraítear in Airteagal 2(1) den Treoir sin. Mar sin féin, ní féidir glacadh leis go bhfuil stádas caomhantais an speicis sin fabhrach i bhfianaise na riachtanas agus na saintréithe sin mura gcomhlíontar na trí choinníoll charnacha a leagtar amach sa dara fomhír d’Airteagal 1(i).

Costais

72

Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte a rinne an tarchur, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

 

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Cúigiú Dlísheomra) mar seo a leanas:

 

1)

Maidir le hAirteagal 1(i) de Threoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flóra fiáine a chaomhnú arna leasú le Treoir 2013/17/AE ón gComhairle an 13 Bealtaine 2013,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

maidir le haicmiú sa chatagóir ‘i mbaol’ (VU) de Liosta Dearg na speiceas de chuid an Aontais Idirnáisiúnta um Chaomhnú an Dúlra (IUCN) de phobal speicis ainmhí atá i gcríoch Bhallstáit, ní chuirtear cosc leis ar stádas caomhantais an speicis sin a mheas, i gcríoch an Bhallstáit sin, a mheas mar stádas ‘fabhrach’ de réir bhrí na forála sin;

ní mór stádas caomhantais fabhrach an speicis sin a bheith ann agus ní mór measúnú a dhéanamh air, sa chéad áit agus mar is gá, ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal náisiúnta. Mar sin féin, i gcomhthéacs an mheasúnaithe, d’fhonn bearta bainistíochta a ghlacadh faoi Airteagal 14(1) de Threoir 92/43, arna leasú, an bhfuil stádas caomhantais speicis ainmhíoch, ar cuid de phobal é a leathnaíonn a raon nádúrtha thar chríoch an Bhallstáit sin, ‘fabhrach’ de réir bhrí Airteagal 1(i), féadfaidh an Ballstát sin a chur san áireamh malartuithe idir, ar thaobh amháin, líon na speiceas lena mbaineann atá laistigh dá chríoch agus, ar an taobh eile, pobail an speicis sin atá i láthair sna Ballstáit chomharsanachta nó sna tríú tíortha comharsanachta. Chun measúnú a dhéanamh ar an ábharthacht atá le ceangal leis na malartuithe sin, ní mór don Bhallstát lena mbaineann a chur san áireamh, go háirithe, aon athrú intuartha agus dóchúil a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do mhalartuithe den sórt sin, leibhéal na cosanta dlíthiúla arna ráthú ag na Ballstáit eile sin agus ag na tríú tíortha sin, agus a mhéid atá a n‑údaráis inniúla ag comhoibriú.

2)

Maidir le hAirteagal 1(i) de Threoir 92/43, arna leasú ag Treoir 2013/17, arna léamh i gcomhair le hAirteagal 2(3) de Threoir 92/43, arna leasú,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

i gcomhthéacs an mheasúnaithe ar stádas caomhantais speicis ainmhíoch d’fhonn bearta bainistíochta a ghlacadh faoi Airteagal 14 de Threoir 92/43, arna leasú, féadfar riachtanais eacnamaíocha, shóisialta agus chultúrtha agus saintréithe réigiúnacha agus áitiúla a chur san áireamh, de réir bhrí Airteagal 2(3) den Treoir sin, ós rud é go bhfuil tionchar ag na riachtanais agus na saintréithe sin ar na speicis lena mbaineann a d’fhéadfadh difear a dhéanamh dá dháileadh fadtéarmach agus d’fhlúirse a phobail sa chríoch dá dtagraítear in Airteagal 2(1) de Threoir 92/43, arna leasú. Mar sin féin, ní féidir glacadh leis go bhfuil stádas caomhantais an speicis sin fabhrach i bhfianaise na riachtanas agus na saintréithe sin mura gcomhlíontar na trí choinníoll charnacha a leagtar amach sa dara fomhír d’Airteagal 1(i).

 

[Sínithe]


( *1 ) Teanga an cháis: an Eastóinis.

Top