EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TN0489

Cás T-489/22: Caingean arna tabhairt an 8 Lúnasa 2022 – Cathay Pacific Airways v an Coimisiún

IO C 359, 19.9.2022, p. 96–97 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

19.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 359/96


Caingean arna tabhairt an 8 Lúnasa 2022 – Cathay Pacific Airways v an Coimisiún

(Cás T-489/22)

(2022/C 359/118)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Cathay Pacific Airways Ltd (Hong Cong, an tSín) (ionadaithe: M. Rees agus E. Estellon, Dlíodóirí)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

a ordú don Aontas Eorpach (dá ndéanann an Coimisiún Eorpach ionadaíocht), de bhun Airteagail 268 agus 340 CFAE:

cúiteamh airgeadais a íoc atá comhfhreagrach leis an ús mainneachtana EUR 10 080 000 arna ríomh le ráta ús BCE le haghaidh a oibríochtaí athmhaoinithe an 1 Márta 2017 (i.e. 0,0 de phointe céatadáin), arna mhéadú faoi ráta 3,5 pointe céatadáin in aghaidh na bliana, le haghaidh na tréimhse idir 21 Meitheamh 2017 agus 14 Iúil 2022, agus EUR 1 758 488,24 an toradh air sin nó, ina éagmais sin, ar ráta úis nó méid eile is cuí dar leis an gCúirt; agus

ús iolraithe a íoc ar mhéid an úis mainneachtana, arna ríomh i gcomhréir leis an bhfomhír thuas, le haghaidh na tréimhse idir an 15 Iúil 2022 (nó, ina éagmais sin, ó dháta atá cuí dar leis an gCúirt) agus an dáta a íocfaidh an Coimisiún Eorpach an méid a éilítear sa fhomhír sin thuas ag ráta ús BCE le haghaidh a oibríochtaí athmhaoinithe, arna mhéadú ag ráta 3,5 pointe céatadáin in aghaidh na bliana nó, ina éagmais sin, ar ráta úis nó méid eile is cuí dar leis an gCúirt;

thairis nó de rogha air sin, de bhun Airteagal 263 CFAE, Cinneadh Ares(2022)5454770 ón gCoimisiún an 29 Iúil 2022 a neamhniú, agus a ordú go n-íocfar na suimeanna atá á lorg sa mhír thuas;

a ordú don Choimisiún Eorpach na costais go léir arna dtabhú ag an iarratasóir a íoc sna himeachtaí seo.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir trí shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear go sáraítear Airteagal 266 CFAE leis an gcinneadh atá faoi chonspóid.

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear go sáraítear Rialachán Tarmligthe Uimh. 1268/2012 (1) ón gCoimisiún leis an gcinneadh atá faoi chonspóid, arna léiriú i gcomhréir le hAirteagal 266 CFAE.

3.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear gur cheart an cinneadh atá faoi chonspóid a neamhniú toisc cúiseanna neamhleora a bheith leis.


(1)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1268/2012 an 29 Deireadh Fómhair 2012 maidir le rialacha cur i bhfeidhm Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO 2012 L 362, lch. 1).


Top