EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TN0480

Cás T-480/22: Caingean arna tabhairt an 3 Lúnasa 2022 – Panicongelados-Massas Congeladas v EUIPO – Seder (panidor)

IO C 359, 19.9.2022, p. 94–95 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

19.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 359/94


Caingean arna tabhairt an 3 Lúnasa 2022 – Panicongelados-Massas Congeladas v EUIPO – Seder (panidor)

(Cás T-480/22)

(2022/C 359/115)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Panicongelados-Massas Congeladas, SA (Leiria, an Phortaingéil) (ionadaí: I. Monteiro Alves, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Seder Establishment ltd. (Mriehel Birkirkara, Málta)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir an trádmhairc faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh “panidor” – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 214 675

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón dara bord achomharc de EUIPO an 11 Bealtaine 2022 in gCás R 1946/2021-2

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a neamhniú;

an t-iarratas ar trádmharc a tharchur chuig EUIPO ionas go rachfar ar aghaidh le clárú; agus

a ordú do EUIPO na costais go léir a íoc, lena n-áirítear costais na n-imeachtaí os comhair an bhoird achomhairc.

Saincheist dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


Top