This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62022TN0471
Case T-471/22: Action brought on 29 July 2022 — QM v Council
Cás C-471/22: Caingean arna tabhairt an 29 Iúil 2022 – QM v an Chomhairle
Cás C-471/22: Caingean arna tabhairt an 29 Iúil 2022 – QM v an Chomhairle
IO C 359, 19.9.2022, p. 92–93
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
19.9.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 359/92 |
Caingean arna tabhairt an 29 Iúil 2022 – QM v an Chomhairle
(Cás C-471/22)
(2022/C 359/112)
Teanga an cháis: an Bhulgáiris
Páirtithe
Iarratasóir: QM (ionadaí: St. Koev, Dlíodóir)
Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:
— |
a chinneadh go bhfuil an chaingean inghlactha agus go bhfuil bunús maith léi ina hiomláine agus a chinneadh go bhfuil bunús maith ina n-iomláine ag na saincheisteanna dlí a leagtar amach inti; |
— |
a chinneadh go bhféadfaí na bearta atá faoi chonspóid a chur ar neamhní go páirteach; |
— |
Cinneadh (CBES) 2022/849 ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 lena leasaítear Cinneadh 2013/255/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na Siria (1) a chur ar neamhní a mhéid a bhaineann sé leis an iarratasóir; |
— |
Rialachán Cur Chun Feidhme ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria (2) a chur ar neamhní a mhéid a bhaineann sé leis an iarratasóir; |
— |
a ordú do Chomhairle an Aontais Eorpaigh costais an iarratasóra go léir chomh maith le costais, speansais, táillí agus caiteachas eile a bhaineann lena chosaint dlí a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir seacht saincheist dlí.
1. |
An chéad saincheist dlí lena n-éilítear sárú tromchúiseach ar an gceart chun chosaint a fháil agus ar an gceart chun trialach córa. |
2. |
An dara saincheist dlí lena n-éilítear mainneachtain ag an gComhairle a hoibleagáid cúiseanna a shonrú a chomhlíonadh. |
3. |
An tríú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar an gceart chun cosanta breithiúnaí éifeachtaí. |
4. |
An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear earráid mheasúnaithe ag an gComhairle. |
5. |
An cúigiú saincheist, lena n-éilítear sárú ar an gceart chun maoine, ar phrionsabal na comhréireachta agus ar an gceart chun saoirse fiontraíochta. |
6. |
An séú saincheist, lena n-éilítear sárú ar an gceart chun gnáthshaoil. |
7. |
An seachtú saincheist, lena n-éilítear sárú tromchúiseach ar an gceart chun dea-chlú. |