EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TN0466

Cás T-466/22: Caingean arna tabhairt an 22 Iúil 2022 – BEI v an tSiria

IO C 359, 19.9.2022, p. 89–89 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

19.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 359/89


Caingean arna tabhairt an 22 Iúil 2022 – BEI v an tSiria

(Cás T-466/22)

(2022/C 359/108)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: an Banc Eorpach Infheistíochta (ionadaithe: D. Arts agus E. Paredis, Dlíodóirí, T. Gilliams, R. Stuart agus F. de Borja Oxangoiti Briones, i gcáil Gníomhairí)

Cosantóir: Poblacht Arabach na Siria

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

a ordú do Phoblacht Arabach na Siria na suimeanna go léir a íoc atá dlite don iarratasóir faoi Airteagail 3.01, 3.02, agus 3.04 de Chomhaontú Iasachta “Water Supply Deir Ez Zor Region” Uimh. 80310 (“an Comhaontú Iasachta”) ón 25 Lúnasa 2017 amach, arb é atá ann:

EUR 363 150,97, an méid atá dlite don Aontas amhail an 30 Meitheamh 2022, eadhon príomhshuim dár luach EUR 363 150,97, ús dár luach EUR 363 150,97, agus ús mainneachtana conarthach dár luach EUR 363 150,97 (arna fhabhrú ón dáta dlite ar aghaidh go dtí an 30 Meitheamh 2022).

ús mainneachtana conarthach eile, arna fhabhrú ar ráta bliantúil 3,5 % (350 bonnphointe) go dtí go mbeidh an íocaíocht déanta.

a ordú do Phoblacht Arabach na Siria na costais go léir a bhaineann leis na himeachtaí seo a íoc, i gcomhréir le hAirteagal 134(1) de na Rialacha Nós Imeachta.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

I dtaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir saincheist dlí amháin.

An t-aon saincheist dlí amháin, lena n-éilítear gur sháraigh Poblacht Arabach na Siria a cuid oibleagáidí conarthacha faoi Airteagail 3.01 agus 4.01 den Chomhaontú Iasachta, lena gcuirtear ceangal uirthi na tráthchodanna eile faoin gComhaontú Iasachta a íoc de réir mar a d’éirigh siad dlite, ón 25 Lúnasa 2017 amach, agus faoi Airteagal 3.02 den Chomhaontú Iasachta, lena gcuirtear ceangal uirthi ús mainneachtana a íoc ar gach tráthchuid a bhí dlite uaithi ach nár íoc sí, arna fhabhrú de réir an ráta bhliantúil a leagtar síos ann. Dá bharr sin, tá Poblacht Arabach na Siria faoi cheangal conarthach na suimeanna go léir a íoc atá dlite don iarratasóir faoi Airteagail 3.01, 3.02 agus 4.01 den Chomhaontú Iasachta.


Top