This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62022TN0220
Case T-220/22: Action brought on 25 April 2022 — CiviBank v ECB
Cás T-220/22: Caingean arna tabhairt an 25 Aibreán 2022 – CiviBank v BCE
Cás T-220/22: Caingean arna tabhairt an 25 Aibreán 2022 – CiviBank v BCE
IO C 237, 20.6.2022, p. 65–66
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
IO C 237, 20.6.2022, p. 63–64
(GA)
20.6.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 237/63 |
Caingean arna tabhairt an 25 Aibreán 2022 – CiviBank v BCE
(Cás T-220/22)
(2022/C 237/85)
Teanga an cháis: an Iodáilis
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Banca di Cividale SpA – Società Benefit (CiviBank) (Cividale del Friuli, an Iodáil) (ionadaithe: M. Merola, A. Cassano agus A. Cogoni, Dlíodóirí)
Cosantóir: an Bhainc Ceannais Eorpaigh
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
Cinneadh an 23 Márta 2022 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE) (ECB-SSM-2022-IT-7 (QLF-2021-0155)) (atá in aon bheart amháin nó i roinnt beart) a chur ar neamhní de bhun Airteagal 263(4) CFAE lenar eisigh BCE an t-údarú chuig Banca Sparkasse agus chuig an Fondazione Sparkasse: (i) sealúchas cáilitheach de níos mó ná 10 % de chaipiteal agus cearta vótála CiviBank a fháil agus a choimeád (ii) ar dhul thar an tairseach thuasluaite agus ar leas rialála a fháil go díreach in CiviBank, tar éis agus mar éifeacht de na dtairiscintí táthcheangail phoiblí deonach agus iomlán arna bhfógairt don mhargadh an 9 Nollaig 2021 de bhun Airteagal 4 agus Airteagal 6 de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 (1) ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2013, Airteagail 19, 22, 53 agus 67 den Acht Baincéireachta an Iodáil agus na forálacha cur chun feidhme lena mbaineann; |
— |
a ordú don chosantóir na costais a íoc. |
Saincheisteanna dlí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir dhá shaincheist dlí.
1. |
An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear cur i bhfeidhm earráideach d’Airteagal 23 de Threoir 2013/36, chomh maith le sárú ar Airteagal 86 de Rialachán 468/2014, Airteagal 49 CFAE, agus prionsabal ginearálta dhlí an Aontais maidir le neamh-idirdhealú, sa mheasúnú maidir le hoiriúnacht an fhaighteora. |
2. |
An dara saincheist dlí. lena n-eilítear mainneachtain cúiseanna a thabhairt leis an gcinneadh atá faoi chonspóid, as a dtagann sárú ar Airteagal 296 CFAE, ar na cearta cosanta a ráthaítear le hAirteagal 41 den Chairt um Chearta Bunúsacha agus ar na prionsabail ghinearálta chomhfhreagracha dlí a thig as na traidisiúin bhunreachtúla is coiteann do na Ballstáit. |
(1) Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2013 lena dtugtar cúraimí sonracha don Bhanc Ceannais Eorpach maidir le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa (IO 2013 L 287 lch. 63).