EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CN0397

Cás C-397/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Kammergericht Berlin (an Ghearmáin) an 15 Meitheamh 2022 – Generalstaatsanwaltschaft Berlin

IO C 359, 19.9.2022, p. 35–36 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

19.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 359/35


Iarraidh ar réamhrialú ón Kammergericht Berlin (an Ghearmáin) an 15 Meitheamh 2022 – Generalstaatsanwaltschaft Berlin

(Cás C-397/22)

(2022/C 359/40)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Kammergericht Berlin

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Generalstaatsanwaltschaft Berlin

Páirtí i dtrácht: LM

Na ceisteanna a tharchuirtear

1)

I gcás ina seirbheáiltear toghairm chun láithriú trína seachadadh do chomhchónaitheoir fásta an duine lena mbaineann, an gcaithfear Airteagal 4a(1)(a)(i) de Chinneadh Réime 2002/584/CBG (1), arna leasú le Cinneadh Réime 2009/299/CBG (2), fós a léiriú sa chaoi go gciallaíonn sé gur faoin údarás breithiúnach eisitheach a bheidh sé a chruthú go bhfuair an duine lena mbaineann an toghairm iarbhír, nó ar cheart an fhoráil sin a léiriú sa chaoi go gciallaíonn an tseirbhís sin ar an gcomhchónaitheoir fásta go bhfuil eolas iarbhír ar an toghairm ag an duine lena mbaineann, mura léiríonn an dara ceann go sochreidte nach amhlaidh an cás agus cén fáth?

2)

I gcás inar seoladh imeachtaí achomhairc, an gcaithfear an coincheap “triail” in Airteagal 4a(1) de Chinneadh Réime 2002/584/CBG, arna leasú le Cinneadh Réime 2009/299/CBG, a léiriú sa chaoi go gciallaíonn sé go bhfuil feidhm aige maidir leis an triail a tháinig roimh an chinneadh céadchéime mura ndearna ach an duine a ionchúisíodh achomharc agus gur diúltaíodh an t-achomharc gan scrúdú ar na tuillteanais?

3)

An bhfuil sé i gcomhréir le tosaíocht dhlí an Aontais Eorpaigh gur chuir an reachtóir Gearmánach an ciontú in abstentia mar réamhshocrú ina bhac iomlán ar thabhairt suas in Airteagal 83(1)(3) den Gesetz über die internationale Rechtshilfe in Strafsachen (an Dlí maidir le cúnamh dlíthiúil idirnáisiúnta in ábhair choiriúla), cé nach bhforáiltear le hAirteagal 4a(1) de Chinneadh Réime 2002/584/CBG, arna leasú le Cinneadh Réime 2009/299/CBG, ach amháin do fhoras roghnach le diúltú ina leith sin?


(1)  Cinneadh Réime 2002/584/CBG ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002, maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach agus nósanna imeachta um thabhairt suas idir na Ballstáit (IO 2002 L 190, lch. 1).

(2)  Cinneadh Réime 2009/299/CBG ón gComhairle an 26 Feabhra 2009, lena leasaítear Cinntí Réime 2002/584/CBG, 2005/214/CBG, 2006/783/CBG, 2008/909/CBG agus 2008/947/CBG, agus lena ndéantar cearta nóis imeachta daoine a fheabhsú agus feidhmiú phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh a chothú maidir le breitheanna arna dtabhairt i gcás an duine lena mbaineann a bheith as láthair ón triail (IO 2009 L 81, lch. 24).


Top