EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CN0376

Cás C-376/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Verwaltungsgerichtshof (an Ostair) a taisceadh an 10 Meitheamh 2022 – Google Ireland Limited, Meta Platforms Ireland Limited, Tik Tok Technology Limited v Kommunikationsbehörde Austria (KommAustria)

IO C 359, 19.9.2022, p. 29–30 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

19.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 359/29


Iarraidh ar réamhrialú ón Verwaltungsgerichtshof (an Ostair) a taisceadh an 10 Meitheamh 2022 – Google Ireland Limited, Meta Platforms Ireland Limited, Tik Tok Technology Limited v Kommunikationsbehörde Austria (KommAustria)

(Cás C-376/22)

(2022/C 359/33)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Verwaltungsgerichtshof

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: Google Ireland Limited, Meta Platforms Ireland Limited, Tik Tok Technology Limited

Cosantóir: Kommunikationsbehörde Austria (KommAustria)

Na ceisteanna a tharchuirtear:

1.

An gcaitear Airteagal 3(4)(a)(ii) de Threoir Uimh. 2000/31/CE (1) a léiriú sa chaoi gur féidir go gcumhdaítear beart rialála bhaineann le catagóir seirbhísí áirithe de chuid na sochaí faisnéise a shainmhínítear i dtéarmaí ginearálta (amhail “ardáin cumarsáide”) le bearta “arna nglacadh i gcoinne seirbhís amháin de chuid na sochaí faisnéise”, nó an dteastaítear go ndéanfaí cinneadh de réir an cháis (mar shampla, maidir le hardán cumarsáide a shainítear de réir a ainm) ionas gurb ann do bheart de réir bhrí na forála sin?

2.

An gcaitear Airteagal 3(5) de Threoir 2000/31 a léiriú sa chaoi gurb é an iarmhairt i gcás ina mainnítear glacadh na mbeart i gcás práinne a chur in iúl “chomh luath agus is féidir” (ex post facto) don Choimisiún agus do Bhallstát na bunaíochta, mar a cheanglaítear leis an bhforáil sin, ná go bhfágfaí a leithéid de bhearta gan feidhm maidir le seirbhís áirithe ar éag do thréimse leordhóthanach ama lena chur in iúl (ex post facto)?

3.

An gcuirtear cosc le hAirteagal 28a(1) de Treoir 2010/13/AE (2), arna leasú le Treoir (AE) Uimh. 2018/1808 (3) ar bheart de réir bhrí Airteagal 3(4) de Threoir 2000/31 a chur i bhfeidhm i gcás nach bhfuil craoltaí agus físeáin ó úsáideoirí arna gcur ar fáil ar ardáin comhroinnte físeán i gceist leis?


(1)  Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe dlíthiúla áirithe de sheirbhísí na sochaí faisnéise, go háirithe tráchtáil leictreonach, sa Mhargadh Inmheánach (“An Treoir maidir le tráchtáil leictreonach”) (IO 2000 L 178, lch. 1).

(2)  Treoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2010 maidir le comhordú forálacha áirithe a leagtar síos le dlí, le rialachán nó le gníomhaíocht riaracháin sna Ballstáit agus a bhaineann le seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (Treoir Sheirbhísí na Meán Closamhairc) (IO 2010 L 095, lch. 1).

(3)  Treoir Uimh. 2018/1808/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 lena leasaítear Treoir Uimh. 2010/13/AE maidir le comhordú forálacha áirithe arna leagan síos le dlí, rialachán nó gníomh riaracháin i mBallstáit i dtaobh seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (An Treoir maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc) i bhfianaise athruithe ar an margadh ((IO 2018 L 303, lch. 69).


Top