EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CN0331

Cás C-331/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Juzgado Contencioso-Administrativo No 17 de Barcelona (an Spáinn) a taisceadh an 17 Bealtaine 2022 – KT v Departamento de Justicia de la Generalitat de Catalunya

IO C 359, 19.9.2022, p. 23–24 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

19.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 359/23


Iarraidh ar réamhrialú ón Juzgado Contencioso-Administrativo No 17 de Barcelona (an Spáinn) a taisceadh an 17 Bealtaine 2022 – KT v Departamento de Justicia de la Generalitat de Catalunya

(Cás C-331/22)

(2022/C 359/25)

Teanga an cháis: an Spáinnis

An chúirt a rinne an tarchur

Juzgado Contencioso-Administrativo no 17 de Barcelona

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: KT

Cosantóir: Departamento de Justicia de la Generalitat de Catalunya

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.

An t-aon bheart pionósach dá bhforáiltear le Ley 20/2021 ná go seoltar nósanna imeachta roghnúcháin agus go n-íoctar cúiteamh le híospartaigh na mí-úsáide nach éiríonn leo sna nósanna imeachta sin. An sáraítear Clásal 5 den Chomhaontú Réime a ghabhann le Treoir 1999/70/CE (1) trí gan beart pionósach a ghearradh ar mhí-úsáid i ndáil le hoifigigh poiblí ar théarma seasta a bhí rathúil i nósanna imeachta roghnúcháin dá leithéid, óir is riachtanas i gcónaí é beart pionósach agus nach ionann a bheith rathúil i nós imeachta roghnúcháin dá leithéid agus beart pionósach lena gcomhlíontar ceanglais na Treorach, mar a chinn Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ina hOrdú an 2 Meitheamh 2021, i gcás C-103/19? (2)

2.

I gcás ina dtugtar freagra dearfach ar cheist 1 agus nach bhforáiltear le Dlí 20/2021 do bhearta pionósacha éifeachtacha eile ar dhroch-úsáid a bhaint as conarthaí tréimhse seasta i ndiaidh a chéile nó ar shíneadh mí-úsaideach a chur le chonradh tréimhse seasta, an bhfuil Clásal 5 den Chomhaontú Réime a ghabhann le Treoir 1999/70/CE á shárú ag neamhghníomh an reachtais trí mhainneachtain é foráil a dhéanamh maidir le sraith conarthaí fostaíochta ar théarma seasta nó síneadh míchuí ar chonradh tréimhse seasta a athrú go conradh tréimhse éiginnte, mar a chinn Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ina hOrdú an 30 Meán Fómhair 2020, i gcás C-135/20? (3)

3.

Chinn an Tribunal Supremo (an Chúirt Uachtarach, an Spáinn) ina bhreithiúnais Uimh. 1425/2018 agus Uimh. 1426/2018 an 26 Meán Fómhair 2018, a daingníodh lena bhreithiúnas Uimh. 1534/2021 an 20 Nollaig 2021, gur féidir gurb éard a d’fhéadfadh a bheith i gceist go simplí leis an mbeart pionósach atá le glacadh i gcás droch-úsáid ar cheapacháin do théarma seasta ná an t-oifigeach poiblí ar íospartach mí-úsáide dá leithéid é a choimeád i bhfostaíocht éiginnte go dtí go gcinneann an t-údarás riaracháin is fostóir gurb ann do riachtanas struchtúrach agus go seolann sé nósanna imeachta roghnúcháin cuí — inar féidir le hiarrthóirí nár fhulaing de dheasca droch-úsáid ar cheapacháin do théarma seasta cur isteach air — chun na poist ábhartha a líonadh le hoifigigh poiblí buana nó le hoifigigh poiblí gairme. An sáraítear Clásal 5 de Chonradh Réime a ghabhann le Treoir 1999/70/CE leis an gcásdlí sin óir nach ionann nós imeachta roghnúcháin a sheoladh agus a bheith rathúil sa nós imeachta roghnúcháin dá leithéid agus beart pionósach lena gcomhlíontar ceanglais na Treorach, mar a chinn Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ina hOrdú an 2 Meitheamh 2021, i gcás C-103/19??

4.

I gcás ina dtugtar freagra dearfach ar an tríú ceist agus nach leagtar síos bearta éifeachtacha eile le pionós a ghearradh ar dhroch-úsáid a bhaint as conarthaí ar théarma seasta i ndiaidh a chéile nó ar shíneadh míchuí a chur le conradh ar théarma seasta le cásdlí an Tribunal Supremo (an Chúirt Uachtarach, an Spáinn), an bhfuil Clásal 5 den Chomhaontú Réime a ghabhann le Treoir 1999/70/CE á shárú ag neamhghníomh an reachtais trí mhainneachtain foráil a dhéanamh maidir le sraith conarthaí fostaíochta ar théarma seasta nó síneadh míchuí ar chonradh tréimhse seasta a athrú go conradh tréimhse éiginnte, mar a chinn Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ina hOrdú an 30 Meán Fómhair 2020, i gcás C-135/20??

5.

I gcás ina sáraítear dlí an Chomhphobail leis an reachtaíocht arna glacadh chun Clásal 5 den Chomhaontú Réime a ghabhann le Treoir 1999/70/CE a thrasuí gan foráil a dheánamh maidir le beart pionósach ar leith a leagan síos a chomhlíonfadh cuspóirí na forála Comhphobail sin agus a chuirfeadh oifigigh phoiblí sna himthosca sin ó éiginnteacht fostaíochta, an gcaithfidh na húdaráis náisiúnta bhreithiúnacha dul ar aghaidh le caidrimh mí-úsáideach ar théarma seasta a athrú go caidreamh buan murab ionann é agus caidreamh an státseirbhísigh ghairme ach a thugann cinnteacht fostaíochta d’íospartach na mí-úsáide ionas go gcinntítear go ngearrtar beart pionósach ar an mí-úsáid sin agus nach mbaintear an bonn ó chuspóirí Clásail 5 den Chomhaontú Réime, bíodh is nach bhforáiltear d’athrú dá leithéid sna rialacha inmheanácha, ar an gcoinníoll go raibh nós imeachta roghnúcháin poiblí ann roimh theacht an chaidrimh shealadaigh lena mbaineann agus go raibh an nós imeachta roghnúcháin sin i gcomhréir le prionsabail an chomhionannais, an tuillteanais agus an chumais?


(1)  Treoir 1999/70/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 maidir leis an gComhaontú Réime maidir le hobair téarma shocraithe a thug ETUP, UNICE agus CEEP, (IO 1999 L 175, lch. 43).

(2)  EU:C:2021:460.

(3)  EU:C:2020:760


Top