EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021TB0731

Cás T-731/21 R: Ordú Uachtarán na Cúirte Ginearálta an 24 Eanáir 2022 – Společnost pro eHealth databáze v an Coimisiún (“Iarratas ar bhearta eatramhacha – Comhaontú deontais arna thabhairt i gcrích mar chuid den Chláir Réime Iomaíochta agus Nuálaíochta (2007-2013) – Na suimeanna íoctha a aisghabháil – Iarratas ar oibriú ordaithe a fhionraí – Easpa práinne”)

IO C 119, 14.3.2022, p. 49–50 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
IO C 119, 14.3.2022, p. 21–22 (GA)

14.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 119/21


Ordú Uachtarán na Cúirte Ginearálta an 24 Eanáir 2022 – Společnost pro eHealth databáze v an Coimisiún

(Cás T-731/21 R)

(“Iarratas ar bhearta eatramhacha - Comhaontú deontais arna thabhairt i gcrích mar chuid den Chláir Réime Iomaíochta agus Nuálaíochta (2007-2013) - Na suimeanna íoctha a aisghabháil - Iarratas ar oibriú ordaithe a fhionraí - Easpa práinne”)

(2022/C 119/70)

Teanga an cháis: an tSeicis

Páirtithe

Iarratasóir: Společnost pro eHealth databáze, a.s (Prág, Poblacht na Seice) (ionadaí: P. Konečný, Dlíodóir)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: J. Estrada de Solà, B. Araujo Arce agus J. Hradil, i gcáil Gníomhairí)

Maidir le:

Iarratas, bunaithe ar Airteagail 278 agus 279 CFAE, ar oibriú Chinneadh C(2021) 6597 final ón gCoimisiún an 2 Meán Fómhair 2021 a fhionraí maidir le suim EUR 861 263 móide ús ar riaráistí agus méid de réir gach lae moille ón 1 Deireadh Fómhair 2021 a aisghabháil ón iarratasóir.

An chuid oibríochtúil

1)

Diúltaítear don iarratas ar bhearta eatramhacha.

2)

Forchoimeádtar na costais.


Top