EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021TB0439

Cás T-439/21: Ordú na Cúirte Ginearálta an 19 Iúil 2022 – Anglofranchise v EUIPO – Bugrey (BOY LONDON) (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí cealaithe – Aistarraingt an iarratais neamhbhailíochta – Cás nach dtéann ar aghaidh chun breithiúnais)

IO C 359, 19.9.2022, p. 73–74 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

19.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 359/73


Ordú na Cúirte Ginearálta an 19 Iúil 2022 – Anglofranchise v EUIPO – Bugrey (BOY LONDON)

(Cás T-439/21) (1)

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí cealaithe - Aistarraingt an iarratais neamhbhailíochta - Cás nach dtéann ar aghaidh chun breithiúnais)

(2022/C 359/91)

Teanga an cháis: an Iodáilis

Páirtithe

Iarratasóir: Anglofranchise Ltd (Londain, an Ríocht Aontaithe) (ionadaithe: P. Roncaglia, F. Rossi, N. Parrotta agus R. Perotti, Dlíodóirí) Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: R. Raponi agus J. Crespo Carrillo, Gníomhairí)

Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: Yuliya Bugrey (Milano, an Iodáil) (ionadaí: D. Russo, Dlíodóir)

Maidir le:

Caingean arna tabhairt i gcoinne chinneadh an Chúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 23 Aibreán 2021 (Cás R 459/2020-5), maidir le himeachtaí cealaithe idir Yuliya Bugrey agus Anglofranchise.

An chuid oibríochtúil

1.

Ní gá breith a thabhairt ar an gcaingean a thuilleadh;

2.

Ordaítear do Anglofranchise Ltd agus Yuliya Bugrey a gcuid costais féin agus leath amháin an duine de na costais arna dtabhú ag Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) a íoc.


(1)  IO C 357, an 6.9.2021.


Top