Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021TA0543

    Cás T-543/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 13 Iúil 2022 – Purasac v EUIPO – Prollenium Medical Technologies (Rejeunesse) (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh Rejeunesse – Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh roimhe sin REVANESSE – Foras coibhneasta le diúltú – Riosca mearbhaill – Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001)

    IO C 359, 19.9.2022, p. 68–69 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    19.9.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 359/68


    Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 13 Iúil 2022 – Purasac v EUIPO – Prollenium Medical Technologies (Rejeunesse)

    (Cás T-543/21) (1)

    (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí freasúra - Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh Rejeunesse - Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh roimhe sin REVANESSE - Foras coibhneasta le diúltú - Riosca mearbhaill - Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001)

    (2022/C 359/83)

    Teanga an cháis: an Béarla

    Páirtithe

    Iarratasóir: Purasac Co. Ltd (Anyang-si, An Chóiré Theas) (ionadaí: P. Lee, Dlíodóir)

    Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: E. Sliwinska agus J. Crespo Carrillo, i gcáil Gníomhairí)

    Páirtí eile sna himeachtaí os comhair Bhord Achomhairc EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: Prollenium Medical Technologies, Inc. (Aurora, Ontario, Ceanada) (ionadaí: R. Lyxell, Dlíodóir)

    Ábhar:

    Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfar an chinneadh ón gceathrú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 2 Iúil 2021 a neamhniú (Cás R 146/2021-4).

    An chuid oibríochtúil

    1)

    Déantar an chaingean a dhíbhe.

    2)

    Ordaítear do Purasac Co. Ltd na costais a íoc.


    (1)  IO C 422, 18.10.2021.


    Top