Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021CB0450

Cás C-450/21: Ordú na Cúirte Breithiúnais (an Séú Dlísheomra) an 18 Bealtaine 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Tribunale ordinario di Vercelli – an Iodáil) – UC v Ministero dell'Istruzione (Tarchur chun réamhrialú – Airteagal 99 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais – Beartas sóisialta – Treoir 1999/70/CE – Comhaontú Réime maidir le hobair théarma shocraithe arna thabhairt i gcrích ag ETUC, UNICE agus CEEP – Clásal 4(1) – Prionsabal an neamh-idirdhealaithe – Coincheap “téarmaí fostaíochta” – Liúntas tugtha chun tacú le hoiliúint leanúnach múinteoirí agus chun a scileanna gairmiúla a fheabhsú)

IO C 368, 26.9.2022, p. 7–7 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

26.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 368/7


Ordú na Cúirte Breithiúnais (an Séú Dlísheomra) an 18 Bealtaine 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Tribunale ordinario di Vercelli – an Iodáil) – UC v Ministero dell'Istruzione

(Cás C-450/21) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Airteagal 99 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais - Beartas sóisialta - Treoir 1999/70/CE - Comhaontú Réime maidir le hobair théarma shocraithe arna thabhairt i gcrích ag ETUC, UNICE agus CEEP - Clásal 4(1) - Prionsabal an neamh-idirdhealaithe - Coincheap “téarmaí fostaíochta” - Liúntas tugtha chun tacú le hoiliúint leanúnach múinteoirí agus chun a scileanna gairmiúla a fheabhsú)

(2022/C 368/09)

Teanga an cháis: an Iodáilis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunale ordinario di Vercelli

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: UC

Cosantóir: Ministero dell'Istruzione

An chuid oibríochtúil

Ní mór Clásal 4(1) den Chomhaontú Réime maidir le hobair théarma shocraithe arna thabhairt i gcrích an 18 Márta 1999, atá le feiceáil san Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 1999/70/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 a bhaineann le comhaontú réime ETUC, UNICE agus CEEP maidir le hobair théarma shocraithe, a léiriú mar chosc ar reachtaíocht náisiúnta lena gcuirtear srian le leas a bhaint as buntáiste airgeadais EUR 500 in aghaidh na bliana, a bheadh iníoctha leis an bhfoireann teagaisc bhuan na hAireachta Oideachais, ach ní le foireann teagaisc ar théarma shocraithe na hAireachta sin, arna dheonú chun tacú le hoiliúint inseirbhíse múinteoirí agus a scileanna gairmiúla a fheabhsú, trí chárta leictreonach is féidir a úsáid chun leabhair agus lámhleabhair a cheannach, lena n-áirítear iad siúd i bhformáid dhigiteach, foilseacháin, irisleabhair úsáideacha le haghaidh uasghrádú gairmiúla, crua-earraí agus bogearraí le haghaidh clárú ar chúrsaí athnuachana agus cáilíochta i scileanna gairmiúla, ar chúrsaí baitsiléara, máistreachta, sainchúrsaí nó cúrsaí aonuaire a bhaineann leis an bpróifíl ghairmiúil, nó cúrsaí iarchéime nó céimeanna máistreachta a bhaineann leis an bpróifíl ghairmiúil, chun freastal ar thaibhithe amharclainne agus scannáin, chun cead isteach a fháil ar mhúsaeim, taispeántais, imeachtaí cultúrtha agus léirithe beo, ar ghníomhaíochtaí oiliúna eile, agus chun seirbhísí nascachta a cheannach leis an oibleagáid gníomhaíochtaí gairmiúla a dhéanamh go cianda a chomhlíonadh.


(1)  IO C 422, 18.10.2021


Top