EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021CA0160

Cásanna uamtha C-160/21 agus C-217/21: Breithiúnas na Cúirte (an Naoú Dlísheomra) an 28 Aibreán 2022 (iarraidh ar réamhrialú ó Administrativen sad Veliko Tarnovo – an Bhulgáir) –“Nikopolis AD Istrum 2010” EOOD (C-160/21), “Agro – eko 2013” EOOD (C-217/21) v Izpalnitelen direktor na Darzhaven fond “Zemedelie” (Tarchur chun réamhrialú – an Comhbheartas Talmhaíochta – Scéimeanna díreacha tacaíochta – Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 – Íocaíochtaí leis na tairbhithe – Airteagal 75 – Sprioc-am íocaíochta – Comhlíonadh – Neamh-íocaíocht – Cinneadh intuigthe diúltú don iarraidh ar chabhair)

IO C 237, 20.6.2022, p. 16–17 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

20.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 237/16


Breithiúnas na Cúirte (an Naoú Dlísheomra) an 28 Aibreán 2022 (iarraidh ar réamhrialú ó Administrativen sad Veliko Tarnovo – an Bhulgáir) –“Nikopolis AD Istrum 2010” EOOD (C-160/21), “Agro – eko 2013” EOOD (C-217/21) v Izpalnitelen direktor na Darzhaven fond “Zemedelie”

(Cásanna uamtha C-160/21 agus C-217/21) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - an Comhbheartas Talmhaíochta - Scéimeanna díreacha tacaíochta - Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 - Íocaíochtaí leis na tairbhithe - Airteagal 75 - Sprioc-am íocaíochta - Comhlíonadh - Neamh-íocaíocht - Cinneadh intuigthe diúltú don iarraidh ar chabhair)

(2022/C 237/21)

Teanga an cháis: an Bhulgáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Administrativen sad Veliko Tarnovo

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí:“Nikopolis AD Istrum 2010” EOOD (C-160/21), “Agro – eko 2013” EOOD (C-217/21)

Cosantóir: Izpalnitelen direktor na Darzhaven fond “Zemedelie”

An chuid oibríochtúil

Ní mór Airteagal 75(1) Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle, arna leasú le Rialachán (AE)) 2017/2393 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an 13 Nollaig 2017, a léirmhíniú sa chaoi nár cheart a mheas gurb ionann neamh-íocaíocht ó ghníomhaireacht íocaíochta Ballstáit roimh dhul in éag don sprioc-am a leagtar síos san fhoráil sin, agus cinneadh intuigthe diúltú don iarraidh ar chabhair arna iarraidh ag feirmeoir, beag beann ar cibé ar cuireadh nó nár cuireadh an feirmeoir lena mbaineann ar an eolas faoi aon seiceálacha breise lena dtabharfaí údar le moill den sórt sin.


(1)  IO C 206, 31.05.2021

IO C 242, 21.06.2021


Top