EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62020CJ0283

Breithiúnas na Cúirte (An Cúigiú Dlísheomra) 2022 Feabhra 24.
CO e.a. v MJ e.a.
Tarchur chun réamhrialú – Comhbheartas Eachtrach agus Slándála (CBES) – Misean ‘Smacht Reachta’ an Aontais Eorpaigh sa Chosaiv (EULEX KOSOVO) – Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/124/CBES – Airteagal 8(3) agus (5), Airteagal 9(3) agus Airteagal 10(3) – Stádas fhostóir na foirne misin – Airteagal 16(5) – Seachaíocht.
Cás C-283/20.

Court reports – general – 'Information on unpublished decisions' section

ECLI identifier: ECLI:EU:C:2022:126

Eagrán sealadach

BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Cúigiú Dlísheomra)

24 Feabhra 2022 (*)

(Tarchur chun réamhrialú – Comhbheartas Eachtrach agus Slándála (CBES) – Misean ‘Smacht Reachta’ an Aontais Eorpaigh sa Chosaiv (EULEX KOSOVO) – Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/124/CBES – Airteagal 8(3) agus (5), Airteagal 9(3) agus Airteagal 10(3) – Stádas fhostóir na foirne misin – Airteagal 16(5) – Seachaíocht)

I gCás C-283/20,

IARRAIDH ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE ó tribunal du travail francophone de Bruxelles (Cúirt Oibreachais na Bruiséile (ina labhraítear Fraincis), an Bheilg), trí chinneadh an 1 Deireadh Fómhair 2019, a fuarthas ag an gCúirt Bhreithiúnais an 25 Meitheamh 2020, sna himeachtaí

CO agus páirtithe eile

v

MJ,

An Coimisiún Eorpach,

An tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS),

Comhairle an Aontais Eorpaigh,

EULEX KOSOVO,

TUGANN AN CHÚIRT (an Cúigiú Dlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: E. Regan (Rapóirtéir), Uachtarán an Dlísheomra, K. Lenaerts, Uachtarán na Cúirte Breithiúnais, ag gníomhú mar Bhreitheamh den Chúigiú Dlísheomra, C. Lycourgos, I. Jarukaitis agus M. Ilešič, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: E. Tanchev,

Cláraitheoir: M. Krausenböck, Riarthóir,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn agus tar éis éisteacht an 16 Meitheamh 2021,

agus tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha i scríbhinn arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

–        CO agus páirtithe eile, ag N. de Montigny, avocate,

–        an Coimisiún Eorpach, ag B. Mongin, G. Gattinara agus Y. Marinova, i gcáil Gníomhairí,

–        an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS), ag S. Marquardt, R. Spac agus E. Orgován, i gcáil Gníomhairí,

–        Comhairle an Aontais Eorpaigh, i dtosach ag P. Mahnič agus A. Vitro, agus ina dhiaidh sin ag A. Vitro agus K. Kouri, i gcáil Gníomhairí,

–        EULEX KOSOVO, ag E. Raoult agus M. Vicente Hernandez, avocates,

–        Rialtas na Spáinne, i dtosach ag S. Jiménez García, agus ina dhiaidh sin ag M. J. Ruiz Sánchez, i gcáil Gníomhairí,

tar éis éisteacht le tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 30 Meán Fómhair 2021,

an Breithiúnas seo a leanas

Breithiúnas

1        Baineann an iarraidh seo ar réamhrialú le léiriú ar Airteagal 8(3) agus (5), Airteagal 9(3) agus Airteagal 10(3) den Ghníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/124/CBES ón gComhairle an 4 Feabhra 2008 maidir le Misean Smachta Reachta an Aontais Eorpaigh sa Chosaiv, EULEX KOSOVO (IO 2008 L 42, lch. 92).

2        Rinneadh an iarraidh in imeachtaí idir, ar thaobh amháin, CO agus páirtithe eile, is é sin le rá 45 chomhalta nó iarchomhalta d’fhoireann shibhialtach idirnáisiúnta Mhisean an Smachta Reachta sa Chosaiv, ar a dtugtar ‘EULEX KOSOVO’, dá dtagraítear in Airteagal 1 de Ghníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/124 (‘EULEX KOSOVO’), agus, ar an taobh eile, MJ, ina cháil mar Cheann Misin, an Coimisiún Eorpach, an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) agus Comhairle an Aontais Eorpaigh, a bhaineann le hathruithe ar a ndálaí oibre agus, i gcás cuid acu, neamh-athnuachan a gconarthaí fostaíochta.

 Comhthéacs dlíthiúil

 Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/124

3        Foráiltear i mír 1 d’Airteagal 1 de Ghníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/124, dar teideal ‘An misean’:

‘Bunaíonn an tAontas leis seo Misean Smachta Reachta an Aontais Eorpaigh sa Chosaiv, EULEX KOSOVO (dá ngairtear EULEX KOSOVO anseo feasta).’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

4        Foráiltear le hAirteagal 2 den ghníomhaíocht chomhpháirteach sin, dar teideal ‘Ráiteas Misin’:

‘Cabhróidh EULEX KOSOVO le hinstitiúidí na Cosaive, le húdaráis bhreithiúnacha agus le gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí maidir leis an dul chun cinn a dhéanfaidh siad i dtreo na hinbhuanaitheachta agus na cuntasachta agus maidir le córas ceartais il-eitneach neamhspleách agus póilíní agus custaim il-eitneacha a fhorbairt agus a neartú tuilleadh, lena n-áiritheofar go mbeidh na hinstitiúidí sin saor ó chur isteach polaitiúil agus ag cloí le caighdeáin a aithnítear go hidirnáisiúnta agus le dea-chleachtais Eorpacha.

Comhlíonfaidh EULEX KOSOVO, i gcomhar iomlán le Cláir Chúnaimh an Choimisiúin Eorpaigh, a shainordú trí fhaireachán, trí mheantóireacht agus trí chomhairle a thabhairt, agus freagrachtaí feidhmiúcháin áirithe á gcoinneáil ag an am céanna.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

5        Foráiltear an méid seo a leanas in Airteagal 8 den ghníomhaíocht chomhpháirteach sin, dar teideal ‘Ceann Misin’:

‘1.      Glacfaidh an Ceann Misin freagracht air féin agus feidhmeoidh sé ceannas agus rialú EULEX KOSOVO ar leibhéal láthair na n-oibríochtaí.

3.      Eiseoidh an Ceann Misin treoracha d’fhoireann uile EULEX KOSOVO, lena n-áirítear sa chás seo an ghné thacaíochta sa Bhruiséil, le haghaidh iompar éifeachtach EULEX KOSOVO ar an láthair, ag glacadh lena chomhordú agus lena bhainistiú ó lá go lá, agus ag leanúint threoracha an Cheannasaí Oibríochtaí Sibhialtacha ar leibhéal straitéiseach.

5.      Is é an Ceann Misin a bheidh freagrach as buiséad EULEX KOSOVO a chur chun feidhme. Chun na críche sin, síneoidh an Ceann Misin conradh leis an gCoimisiún.

7.      Déanfaidh an Ceann Misin ionadaíocht ar EULEX KOSOVO i limistéar na n-oibríochtaí agus áiritheoidh sé infheictheacht iomchuí EULEX KOSOVO.

…’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

6        Foráiltear an méid seo a leanas in Airteagal 9 den ghníomhaíocht chomhpháirteach sin, dar teideal ‘Foireann’:

‘1.      Beidh líon agus inniúlacht fhoireann EULEX KOSOVO comhsheasmhach lena Ráiteas Misin a leagtar amach in Airteagal 2, leis na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 3 agus le struchtúr EULEX KOSOVO a leagtar amach in Airteagal 6.

2.      Is é a bheidh go príomha in EULEX KOSOVO foireann atá ar iasacht ó na Ballstáit nó ó institiúidí an Aontais. Íocfaidh gach Ballstát nó institiúid de chuid an Aontais Eorpaigh na costais a bhaineann le haon duine den fhoireann a bheidh ar iasacht aige, lena n-áirítear speansais taistil go dtí áit an imscartha agus uaidh, tuarastail, cumhdach leighis agus liúntais seachas liúntais laethúla agus rioscaí is infheidhme agus liúntais chruatain.

3.      Féadfaidh EULEX KOSOVO foireann idirnáisiúnta agus foireann áitiúil a earcú, de réir mar is gá, ar bhonn conarthach.

…’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

7        Foráiltear i mír 3 d’Airteagal 10 de Ghníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/124, dar teideal ‘Stádas EULEX KOSOVO agus a foirne’:

‘Déanfar na coinníollacha fostaíochta agus cearta agus oibleagáidí na foirne sibhialta idirnáisiúnta agus áitiúla a leagan síos sna conarthaí idir an Ceann Misin agus na baill foirne.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

 Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/124, arna leasú le Cinneadh 2014/349/CBES

8        Leasaíodh Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/124, inter alia, le Cinneadh 2014/349/CBES ón gComhairle an 12 Meitheamh 2014 (IO 2014 L 174, lch. 42) (‘Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/124, arna leasú’) agus cuireadh síneadh léi leis an gcinneadh sin go dtí an 14 Meitheamh 2016.

9        Luaitear an méid seo a leanas in aithris 6 de Chinneadh 2014/349:

‘(6)      Cuirfear EULEX KOSOVO i gcrích i gcomhthéacs staid a bhféadfadh meathlú teacht uirthi agus a d’fhéadfadh bac a chur ar bhaint amach chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 21 den Chonradh [AE] iad.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

10      Is mar seo a leanas atá an fhoclaíocht in Airteagal 15a de Ghníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/124, arna leasú:

‘Beidh sé d’acmhainn ag EULEX KOSOVO seirbhísí agus soláthairtí a fháil, conarthaí agus socruithe riaracháin a dhéanamh, foireann a fhostú, cuntais bhainc a shealbhú, sócmhainní a fháil agus a dhiúscairt agus a dliteanais a urscaoileadh, agus a bheith ina pháirtí in imeachtaí dlíthiúla, de réir mar is gá chun an Ghníomhaíocht Chomhpháirteach seo a chur chun feidhme.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

11      Luaitear an méid seo a leanas in Airteagal 16(5) de Ghníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/124, arna leasú:

‘Beidh EULEX KOSOVO freagrach as aon éilimh agus oibleagáidí a eascraíonn as cur chun feidhme an tsainordaithe dar tús an 15 Meitheamh 2014, cé is moite d’aon éileamh a bhaineann le mí-iompar tromchúiseach a dhéanfaidh an Ceann Misin, as a mbeidh an fhreagracht ar an gCeann Misin.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

12      Faoi Airteagal 20 de Ghníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/124, arna leasú:

‘Tiocfaidh an Ghníomhaíocht Chomhpháirteach seo i bhfeidhm lá a ghlactha.

Rachaidh sé in éag an 14 Meitheamh 2016. ...’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

13      I gcomhréir le hAirteagal 2 de Chinneadh 2014/349, tháinig an cinneadh sin i bhfeidhm an lá a glacadh é, an 12 Meitheamh 2014.

 An díospóid sna príomhimeachtaí agus an cheist a tarchuireadh chun réamhrialú a fháil

14      Is léir ón ordú tagartha go raibh na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí ag obair nó go bhfuil siad fós ag obair do EULEX KOSOVO mar bhaill den fhoireann shibhialtach idirnáisiúnta ar bhonn conarthaí fostaíochta ar théarma seasta a bhí faoi réir athnuachaintí comhleanúnacha. Tá clásal sna conarthaí sin lena dtugtar dlínse do chúirteanna na Bruiséile (an Bheilg). I gcás roinnt de na conarthaí lena mbaineann, cuireadh clásal in ionad an chlásail sin ina dhiaidh sin lena dtugtar dlínse do Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ó Dheireadh Fómhair 2014.

15      Bhí MJ ina Cheann ar an misean ón 1 Feabhra 2013 go dtí an 14 Deireadh Fómhair 2014, i gcomhréir leis na téarmaí a sonraíodh, go háirithe, sna conarthaí a chuir sé i gcrích leis an gCoimisiún Eorpach an 1 Feabhra agus an 7 Meitheamh 2013.

16      In earrach na bliana 2012, rinneadh na dualgais éagsúla a bhí ann cheana laistigh de EULEX KOSOVO a athaicmiú, rud a d’fhág, de réir na n-iarratasóirí sna príomhimeachtaí, gur tháinig athrú ar a gcur síos ar an bpost agus gur tháinig laghdú suntasach ar a luach saothair. Tar éis an athaicmithe sin, bhí trí ‘thoinne’ de chonarthaí fostaíochta nár athnuadh, is é sin le rá in earrach agus samhradh 2013, fómhar 2014 agus fómhar 2016.

17      Trí iarratas arna thaisceadh an 6 Lúnasa 2013, thionscain roinnt de na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí caingean os comhair Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh, faoi Airteagal 263 CFAE, i gcoinne an Choimisiúin, SEGS agus EULEX KOSOVO ag iarraidh go gcuirfí na cinntí a rinne MJ ina cháil mar Cheann Misin gan conarthaí fostaíochta na n-iarratasóirí sin a athnuachan tar éis dáta áirithe ar neamhní.

18      Le hordú an 30 Meán Fómhair 2014, Bitiqi agus páirtithe eile v an Coimisiún agus páirtithe eile (T-410/13, nár foilsíodh, EU:T:2014:871), dhíbh an Chúirt Ghinearálta an chaingean sin mar gheall ar easpa dlínse ar an bhforas gur de chineál conarthach a bhí sa chaidreamh dlíthiúil ab ábhar don díospóid agus gur tháinig sé, dá bhrí sin, faoi raon feidhme an chlásail sna conarthaí fostaíochta lena dtugtar dlínse do na cúirteanna sa Bhruiséil chun rialú a thabhairt ar dhíospóidí a eascraíonn as na conarthaí sin nó a bhaineann leo.

19      Le hiarratais arna dtaisceadh an 11 Iúil, an 14 Iúil agus an 21 Deireadh Fómhair 2014, thionscain na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí caingne os comhair na cúirte a rinne an tarchur, tribunal de travail francophone de Bruxelles (Cúirt Oibreachais na Bruiséile (ina labhraítear Fraincis), an Bheilg), agus chuir siad in aghaidh athaicmiú a ndualgas agus/nó neamh-athnuachan a gconarthaí fostaíochta agus an stádas a shanntar dóibh, go háirithe maidir le slándáil shóisialta, agus ag lorg damáistí.

20      Ar dtús, tugadh na caingne sin i gcoinne MJ, mar Cheann Misin, na Comhairle, an Choimisiúin agus SEGS. Mar sin féin, d’áitigh an ceathrar cosantóir sin sna príomhimeachtaí, faoi Ghníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/124, arna leasú, nár cheart ach EULEX KOSOVO a bheith freagrach as aon éilimh agus oibleagáidí a eascraíonn as cur chun feidhme an tsainordaithe, amach anseo agus san am a chuaigh thart freisin, i gcomhréir le hAirteagal 16(5) den Ghníomhaíocht Chomhpháirteach sin, arna leasú.

21      Mar fhreagra air sin, chuir na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí iarratais isteach ar dhul isteach in EULEX KOSOVO mar thríú páirtí sna himeachtaí os comhair na cúirte a rinne an tarchur. Mar sin féin, rinne an chúirt sin scrúdú na n-iarratas tríú páirtí a scaradh ón scrúdú ar na réamh-shaincheisteanna maidir le hinghlacthacht agus nós imeachta a ardaíodh sna príomhiarratais a thionscain na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí i gcoinne an chéad cheathrar cosantóirí sna príomhimeachtaí.

22      Le cinneadh idirbhreitheach an 1 Meitheamh 2018, chinn an chúirt a rinne an tarchur nár cheart go mbeadh MJ faoi dhliteanas don tréimhse dar tús an 12 Meitheamh 2014 ós rud é gur glacadh Cinneadh 2014/349 ar an dáta sin agus, dá bhrí sin, ón dáta sin ar aghaidh, nár cheart go measfaí MJ a bheith ag gníomhú ina ainm féin a thuilleadh, ach amháin mar ‘ionadaí’ de chuid EULEX KOSOVO. Chinn an chúirt a rinne an tarchur freisin nár cheart don Chomhairle, don Choimisiún agus do SEGS a bheith faoi dhliteanas don tréimhse sin ós rud é go bhfuair EULEX KOSOVO a phearsantacht dhlítheanach féin ar an dáta sin agus go ndearnadh na gníomhartha atá i gceist thar a ceann. Maidir leis an tréimhse roimh an 12 Meitheamh 2014, áfach, d’ordaigh an chúirt a rinne an tarchur go n-athosclófaí na himeachtaí chun a chur ar chumas na bpáirtithe a mbarúlacha a chur isteach maidir leis an sainordú a tugadh do MJ agus dá réamhtheachtaithe le linn na tréimhse sin ina gcáil mar Cheann Misin.

23      Tar éis di barúlacha na bpáirtithe a éisteacht, deir an chúirt a rinne an tarchur go bhfuil sí fós in amhras i dtaobh ar ghníomhaigh MJ ina ainm féin nó thar ceann institiúid amháin nó níos mó.

24      Sna himthosca sin, chinn tribunal du travail francophone de Bruxelles (Cúirt Oibreachais na Bruiséile (ina labhraítear Fraincis)) bac a chur ar na príomhimeachtaí agus an cheist seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:

‘Má léitear [Airteagal 8(3)] agus [Airteagal 10(3)] de [Chomhghníomhaíocht 2008/124], i gcás inar gá i gcomhar le haon fhorálacha eile a d’fhéadfadh a bheith ábhartha, go mbronntar stádas fostóra na mball foirne sibhialta idirnáisiúnta atá fostaithe i seirbhís [EULEX KOSOVO] ar an gCeann Misin, go pearsanta agus thar a cheann féin, le linn na tréimhse roimh an 12 Meitheamh 2014 nó, ag féachaint go háirithe do [Airteagal 8(5)] agus [Airteagal 9(3)] de Ghníomhaíocht Chomhpháirteach [2008/124], a thugann stádas an fhostóra don Aontas Eorpach agus/nó d’institiúid de chuid an Aontais Eorpaigh amhail an Coimisiún Eorpach, [SEGS], Comhairle an Aontais Eorpaigh nó aon institiúid eile ar thar a ceann a ghníomhaigh an Ceann Misin go dtí an dáta sin de bhua sainordú, tarmligean cumhachta nó aon chineál ionadaíochta eile atá le cinneadh i gcás inar gá?’

 Breithniú ar an gceist a tarchuireadh

 Inghlacthacht

25      Áitíonn an Coimisiún go bhfuil an iarraidh seo ar réamhrialú do-ghlactha toisc nach bhfuil aon bhaint aici le toradh na díospóide sna príomhimeachtaí.

26      Ar an gcéad dul síos, baineann an iarraidh le forálacha de dhlí an Aontais nach raibh i bhfeidhm a thuilleadh tráth a cuireadh na hiarratais os comhair na cúirte sin. Leanann sé ó Airteagal 16(5) de Ghníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/124, arna leasú, a tháinig i bhfeidhm an 12 Meitheamh 2014, go nglacann EULEX KOSOVO, a bhfuil inniúlacht dhlíthiúil aici, freagracht as aon éilimh agus oibleagáidí a eascraíonn as cur chun feidhme shainordú an Mhisin ag tosú ón 15 Meitheamh 2014. Thairis sin, ar an gcúis sin, thionscain na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí imeachtaí comhthreomhara os comhair na cúirte náisiúnta céanna, bunaithe ar na fíricí céanna, i gcoinne EULEX KOSOVO.

27      Ar an dara dul síos, tá amhras á chaitheamh ag an gCoimisiún, ar bhonn mhíreanna 34 go 51 de bhreithiúnas an 5 Iúil 2018, Jenkinson v an Chomhairle agus páirtithe eile (C-43/17 P, EU:C:2018:531), an t-idirdhealú a rinne an chúirt a rinne an tarchur idir na tréimhsí roimh an 12 Meitheamh 2014 agus ina dhiaidh sin.

28      I ndáil leis sin, ba cheart a mheabhrú, áfach, de réir chásdlí socair na Cúirte, gur faoin gcúirt náisiúnta ar tugadh an díospóid os a comhair amháin atá sé, agus nach mór di freagracht a ghlacadh as an gcinneadh breithiúnach ina dhiaidh sin, an gá atá le réamhrialú a chinneadh i bhfianaise imthosca sonracha an cháis ionas go mbeidh sí in ann breithiúnas a thabhairt agus ábharthacht na gceisteanna a chuireann sí faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais. Dá bhrí sin, i gcás ina mbaineann na ceisteanna a chuir an chúirt náisiúnta isteach le léiriú dhlí an Aontais, tá sé de cheangal ar an gCúirt Bhreithiúnais, i bprionsabal, rialú a thabhairt (breithiúnas an 15 Iúil 2021, The Department for Communities in Northern Ireland, C-709/20, EU:C:2021:602, mír 54 agus an cásdlí dá dtagraítear).

29      Dá bhrí sin, tá toimhde ábhartha ag ceisteanna a bhaineann le dlí an Aontais. Ní fhéadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais diúltú rialú a thabhairt ar cheist arna tarchur ag cúirt náisiúnta le haghaidh réamhrialú ach amháin i gcás inar léir nach bhfuil aon bhaint ag an léiriú ar dhlí an Aontais a bhfuiltear ag iarraidh uirthi le fíorais iarbhír na príomhghníomhaíochta ná lena cuspóir, i gcás ina bhfuil an fhadhb hipitéiseach, nó i gcás nach bhfuil an t-ábhar fíorasach nó dlíthiúil is gá ag an gCúirt Bhreithiúnais chun freagra úsáideach a thabhairt ar na ceisteanna a cuireadh faoina bráid (breithiúnas an 15 Iúil 2021, The Department for Communities in Northern Ireland, C-709/20, EU:C:2021:602, mír 55 agus an cásdlí dá dtagraítear).

30      Sa chás seo, ní mór a mheas nach bhfuil sé soiléir ó na doiciméid atá os comhair na Cúirte Breithiúnais nach bhfuil feidhm ag na forálacha a iarrtar ar an gCúirt Bhreithiúnais a léiriú maidir leis an díospóid sna príomhimeachtaí. Go háirithe, ní cosúil go bhfuil doiciméad nós imeachta ar leith ann a dhírítear i gcoinne EULEX KOSOVO chun a léiriú nach bhfuil fíorcheisteanna na cúirte a rinne an tarchur maidir leis na forálacha sin nó nach bhfuil aon bhaint ag a léiriú le fíorais iarbhír na príomhghníomhaíochta ná lena cuspóir.

31      Is fíor gur chinn an Chúirt Bhreithiúnais i míreanna 34 go 51 de bhreithiúnas an 5 Iúil 2018, Jenkinson v an Chomhairle agus páirtithe eile (C-43/17 P, EU:C:2018:531), gur chinn an Chúirt Bhreithiúnais gur cheart dlínse na Cúirte Ginearálta chun rialú a thabhairt ar éileamh gur cheart an conradh fostaíochta deireanach arna thabhairt i gcrích ag ball foirne a sannadh do EULEX KOSOVO a athrú le tuiscint gur cheart don chúirt sin conarthaí a thug an ball foirne sin i gcrích roimhe sin a chur san áireamh, cé nach raibh dlínse ratione temporis ag an gcúirt sin chun rialú a dhéanamh ar na conarthaí sin. Mar sin féin, ní réiteach é sin a d’fhágfadh go mbeadh an cheist arna tarchur ag an gcúirt náisiúnta hipitéiseach. Go deimhin, ní bhaineann an cheist sin le dlínse ratione temporis na cúirte sin chun rialú ar an díospóid sna príomhimeachtaí, ach maidir leis an eintiteas atá freagrach as misean EULEX KOSOVO a chur chun feidhme agus, dá bhrí sin, an t-eintiteas a bhfuil stádas mar chosantóir aige sna príomhimeachtaí a shainaithint.

32      I bhfianaise na mbreithnithe roimhe seo, ní mór a chinneadh nach féidir a mheas nach mbaineann an cheist a tarchuireadh le toradh na bpríomhimeachtaí agus go bhfuil sí inghlactha dá bhrí sin.

 Substaint

33      Ní mór a mheabhrú mar réamhphointe, de réir chásdlí socair na Cúirte Breithiúnais, i gcomhthéacs an nós imeachta comhair idir na cúirteanna náisiúnta agus an Chúirt Bhreithiúnais a leagtar síos in Airteagal 267 CFAE, is faoin gCúirt Bhreithiúnais atá sé freagra úsáideach a thabhairt don chúirt náisiúnta lena gcuirfear ar a cumas cinneadh a dhéanamh sa díospóid atá os a comhair. Agus é sin á chur san áireamh, ba cheart don Chúirt, más iomchuí, na ceisteanna a tharchuirtear chuici a athfhoirmliú. Féadfaidh sé gur gá don Chúirt freisin forálacha dhlí an Aontais a bhreithniú nach ndearna an chúirt náisiúnta tagairt dóibh i bhfoclaíocht na gceisteanna sin (breithiúnas an 5 Nollaig 2019, Centraal Justitieel Incassobureau (Pionós airgeadais a aithint agus a fhorfheidhmiú) C-671/18, EU:C:2019:1054, mír 26 agus an cásdlí dá dtagraítear).

34      Sa chás seo, ar an gcéad dul síos, is léir ó na doiciméid atá os comhair na Cúirte Breithiúnais go bhféachann an chúirt a rinne an tarchur leis an eintiteas atá freagrach as misean EULEX KOSOVO a chur chun feidhme roimh an 12 Meitheamh 2014 a shainaithint agus, dá bhrí sin, nach mór a aithint go bhfuil siad ina gcosantóir sa chaingean sna príomhimeachtaí.

35      Ar an dara dul síos, ba chóir a thabhairt faoi deara go n-iarrann an chúirt a rinne an tarchur, go foirmiúil, ar an gCúirt Bhreithiúnais rialú a dhéanamh ar léiriú ní hamháin Airteagal 8(3) agus (5), Airteagal 9(3) agus Airteagal 10(3) de Ghníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/124, ach freisin ar aon fhoráil eile a d’fhéadfadh a bheith ábhartha a léitear i dteannta na bhforálacha sin. Mar atá sé, sonraítear in Airteagal 16(5) de Ghníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/124, arna leasú, go mbeidh EULEX KOSOVO freagrach, ón 15 Meitheamh 2014, as aon éilimh agus oibleagáidí a eascraíonn as cur chun feidhme an mhisin a cuireadh faoina chúram, cé is moite d’aon éileamh a bhaineann le mí-iompar tromchúiseach ón gCeann Misin.

36      Dá bhrí sin, chun freagra úsáideach a thabhairt ar an gceist a tharchuirtear, ní mór teacht ar an gconclúid, trína ceist, go n-iarrann an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, más gá Airteagal 8(3) agus (5), Airteagal 9(3) agus Airteagal 10(3) de Ghníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/124 agus Airteagal 16(5) de Ghníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/124, arna leasú, a léiriú mar Airteagal a chiallaíonn go n-ainmníonn siad, mar fhostóir foirne EULEX KOSOVO don tréimhse roimh an 12 Meitheamh 2014, An Ceann Misin, ag gníomhú dó nó di go pearsanta agus thar a cheann nó a ceann féin, agus/nó an Coimisiún, SEGS, an Chomhairle nó aon eintiteas eile.

37      Sa chás seo, maidir le raon feidhme Airteagal 16(5) de Ghníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/124, arna leasú, measann an chúirt a rinne an tarchur go bhfuil débhríocht ann maidir le raon feidhme ama na forála sin, a mhéid a d’fhéadfaí, go bunúsach, an frása ‘ag tosú ón 15 Meitheamh 2014’ a thuiscint mar thagairt don dáta ar tháinig EULEX KOSOVO chun bheith freagrach as aon éilimh agus oibleagáidí a eascraíonn as a sainordú a chur chun feidhme, lena n-áirítear éilimh agus oibleagáidí a eascraíonn as gníomhartha a rinneadh roimhe sin, nó, de rogha air sin, mar rud a chuireann le freagracht EULEX KOSOVO as cásanna dlí a tháinig chun cinn ón dáta sin ar aghaidh.

38      De réir chásdlí socair na Cúirte Breithiúnais, agus foráil dhlí an Aontais á léiriú, ní mór a téarmaí, a comhthéacs agus na haidhmeanna a shaothraítear leis an reachtaíocht ar cuid di í a chur san áireamh (féach, chuige sin, breithiúnas an 29 Aibreán 2021, X (Barántas Gabhála Eorpach - Ne bis in idem), C-665/20 PPU, EU:C:2021:339, mír 69 agus an cásdlí dá dtagraítear).

39      Maidir le foclaíocht Airteagal 16(5) de Ghníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/124, arna leasú, foráiltear leis go mbeidh EULEX KOSOVO freagrach as aon éilimh agus oibleagáidí a eascraíonn as cur chun feidhme an tsainordaithe dar tús an 15 Meitheamh 2014, cé is moite d’aon éilimh a bhaineann le mí-iompar tromchúiseach a dhéanfaidh an Ceann Misin, a mbeidh an fhreagracht ar an gCeann Misin ina leith.

40      Dá bhrí sin, féachtar leis an bhforáil sin a shonrú cé atá freagrach as na héilimh agus na hoibleagáidí a bhaineann le cur chun feidhme an mhisin a cuireadh de chúram ar EULEX KOSOVO, rud a chiallaíonn go bhféachann sé lena chinneadh nach gá a mheas gurb é údar na ngníomhartha a thagann faoin misean sin ón 15 Meitheamh 2014 ar aghaidh, ach nach mór dó a bheith freagrach as na gníomhartha sin ón dáta sin ar aghaidh.

41      Dá bhrí sin, ní mór a thuiscint leis na focail ‘ag tosú ón 15 Meitheamh 2014’ nach sonraítear an dáta ar a dtarlóidh aon ghníomhartha nó nach mór aon oibleagáidí nó éilimh a bheith tagtha chun cinn chun go dtiocfaidh sé faoi fhreagracht EULEX KOSOVO, ach an dáta óna gcaithfear a mheas gurb é an dáta sin freagracht as aon díobháil agus aon oibleagáid a eascraíonn as cur chun feidhme an mhisin a cuireadh de chúram air, agus dá bhrí sin, ag tosú ón dáta sin, go seachnaítear cearta agus oibleagáidí an duine nó na ndaoine a bhí freagrach roimhe sin as cur chun feidhme an mhisin sin, cé is moite d’oibleagáidí a eascraíonn as mí-iompar tromchúiseach ag an gCeann Misin, a mbeidh freagracht ar Cheann Misin ina leith.

42      Déantar an léiriú sin a léiriú i gcomhthéacs Airteagal 16(5) de Ghníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/124, arna leasú, agus sna haidhmeanna atá á saothrú ag an reachtaíocht sin.

43      Maidir le comhthéacs na forála sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, tar éis theacht i bhfeidhm Airteagal 15a de Ghníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/124, arna leasú, an 12 Meitheamh 2014, gur deonaíodh an acmhainneacht do EULEX KOSOVO seirbhísí agus soláthairtí a sholáthar, conarthaí agus socruithe riaracháin a dhéanamh, foireann a fhostú, cuntais bhainc a shealbhú, sócmhainní a fháil agus a dhiúscairt agus a dliteanais a urscaoileadh, agus a bheith ina páirtí in imeachtaí dlíthiúla, de réir mar is gá chun an ghníomhaíocht chomhpháirteach a chur chun feidhme.

44      Leanann sé ón inniúlacht dhlíthiúil a tugadh do EULEX KOSOVO le hAirteagal 15a de Ghníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/124, arna leasú, lena n-áirítear an cumas le bheith ina pháirtí in imeachtaí cúirte, gurbh é an t-eintiteas sin, fiú roimh an 15 Meitheamh 2014, a bhí freagrach as an misean a cuireadh faoina chúram a chur chun feidhme. Sna himthosca sin, ní féidir Airteagal 16(5) den ghníomhaíocht chomhpháirteach sin, arna leasú, a thuiscint go gciallaíonn sé nach mbaineann an fhreagracht bharúlach leis an ngníomhaíocht chomhpháirteach sin i leith EULEX KOSOVO ach le gníomhartha, oibleagáidí nó éilimh a tharla nó a tháinig chun cinn an 15 Meitheamh 2014 nó ina dhiaidh sin.

45      Maidir leis na haidhmeanna a shaothraítear le Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/124, arna leasú, is léir ó aithris 6 de Chinneadh 2014/349 gur glacadh an cinneadh sin chun déileáil le staid a d’fhéadfadh dul in olcas agus a d’fhéadfadh bac a chur ar bhaint amach chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais Eorpaigh mar a leagtar amach in Airteagal 21 den Chonradh. Leis an léiriú dá bhforáiltear sa bhreithiúnas reatha, ar dá réir a rinneadh Airteagal 16(5) de Ghníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/124, arna leasú, EULEX KOSOVO a fhorchoimeád ar chearta agus oibleagáidí an duine nó na ndaoine a bhí freagrach roimhe sin as an misean a chur chun feidhme a bheith comhsheasmhach le cuspóir Chinneadh 2014/349 chun an misean a cuireadh de chúram Ar EULEX KOSOVO a neartú.

46      I bhfianaise a bhfuil thuas, ní mór Airteagal 16(5) de Ghníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/124, arna leasú, a léiriú sa chaoi go gciallaíonn sé, ón 15 Meitheamh 2014 ar aghaidh, go n-aistríonn sé an fhreagracht go ginearálta chuig EULEX KOSOVO as aon éilimh agus oibleagáidí atá tagtha chun cinn cheana féin nó a d’fhéadfadh teacht chun cinn i ndáil le cur chun feidhme an tsainordaithe a cuireadh de chúram ar EULEX KOSOVO agus, dá bhrí sin, ag tosú ón dáta sin, amhail ó shin i leith, lena seachnaítear EULEX KOSOVO chuig cearta agus oibleagáidí an duine nó na ndaoine nó na n-institiúidí a bhí freagrach roimhe sin as cur chun feidhme an mhisin sin, lena n-áirítear dlíthíocht leanúnach.

47      Dá bhrí sin, is é an freagra ar an gceist a tharchuirtear nach mór Airteagal 16(5) de Ghníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/124, arna leasú, a léiriú go gciallaíonn sé, ón 15 Meitheamh 2014 ar aghaidh, go n-ainmneoidh sé EULEX KOSOVO mar dhuine freagrach agus, dá bhrí sin, mar chosantóir in aon chaingean a bhaineann leis na hiarmhairtí a bhaineann le cur chun feidhme an mhisin a cuireadh de chúram air, is cuma ar tharla na fíorais is bun le gníomhaíocht den sórt sin roimh an 12 Meitheamh 2014, an dáta ar tháinig Cinneadh 2014/349 i bhfeidhm.

 Costais

48      Ós rud é, i gcás na bpáirtithe sna príomhimeachtaí, gur céim iad na himeachtaí sin sa chaingean atá ar feitheamh os comhair na cúirte náisiúnta, is faoin gcúirt sin atá an cinneadh maidir le costais. Níl na costais a tabhaíodh agus barúlacha á gcur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt Bhreithiúnais (an Cúigiú Dlísheomra):

Ní mór Airteagal 16(5) de Ghníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/124/CBES ón gComhairle an 4 Feabhra 2008 maidir le misean smachta reachta an Aontais Eorpaigh sa Chosaiv, EULEX KOSOVO, arna leasú ag Cinneadh 2014/349/CBES ón gComhairle an 12 Meitheamh 2014, a léiriú sa chiall is go n-ainmnítear leis, ón 15 Meitheamh 2014, an misean smachta reachta sa Chosaiv, arna thugtar ‘EULEX KOSOVO’, dá dtagraítear in Airteagal 1 den ghníomhaíocht chomhpháirteach sin, mar fhreagrach agus mar sin mar chosantóir in aon chaingean a bhaineann le hiarmhairtí chur i gcrích an mhisin a cuireadh de chúram air, beag beann air gur tharla na fíricí is bonn le caingean den sórt sin roimh an 12 Meitheamh 2014, dáta theacht i bhfeidhm Chinneadh 2014/349.

[Sínithe]


*      Teanga an cháis: an Fhraincis.

Top