Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62020CA0319

    Cás C-319/20: Breithiúnas na Cúirte (an Tríú Dlísheomra) an 28 Aibreán 2022 (iarraidh ar réamhrialú ó Bundesgerichtshof – an Ghearmáin) – Meta Platforms Ireland Limited, ar a dtugtaí Facebook Ireland Limited v Bundesverband der Verbraucherzentralen und Verbraucherverbände – Verbraucherzentrale Bundesverband e.V (Tarchur chun réamhrialú – Daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta – Rialachán (AE) 2016/679 – Airteagal 80 – Ionadaíocht ar dhaoine bainteach le comhlachais neamhbhrabúis – Caingean ionadaíoch arna tabhairt ag comhlachas cosanta leasanna tomhaltóirí in éagmais sainordú agus gan beann ar shárú ar chearta ábhair sonraí – Caingean bunaithe ar thoirmeasc cleachtas tráchtála éagórach, sárú ar dhlí maidir le cosaint tomhaltóirí nó toirmeasc ar úsáid téarmaí agus coinníollacha atá ar neamhní)

    IO C 237, 20.6.2022, p. 6–6 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    20.6.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 237/6


    Breithiúnas na Cúirte (an Tríú Dlísheomra) an 28 Aibreán 2022 (iarraidh ar réamhrialú ó Bundesgerichtshof – an Ghearmáin) – Meta Platforms Ireland Limited, ar a dtugtaí Facebook Ireland Limited v Bundesverband der Verbraucherzentralen und Verbraucherverbände – Verbraucherzentrale Bundesverband e.V

    (Cás C-319/20) (1)

    (Tarchur chun réamhrialú - Daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta - Rialachán (AE) 2016/679 - Airteagal 80 - Ionadaíocht ar dhaoine bainteach le comhlachais neamhbhrabúis - Caingean ionadaíoch arna tabhairt ag comhlachas cosanta leasanna tomhaltóirí in éagmais sainordú agus gan beann ar shárú ar chearta ábhair sonraí - Caingean bunaithe ar thoirmeasc cleachtas tráchtála éagórach, sárú ar dhlí maidir le cosaint tomhaltóirí nó toirmeasc ar úsáid téarmaí agus coinníollacha atá ar neamhní)

    (2022/C 237/07)

    Teanga an cháis: an Ghearmáinis

    An chúirt a rinne an tarchur

    Bundesgerichtshof

    Páirtithe sna príomhimeachtaí

    Iarratasóir: Meta Platforms Ireland Limited, ar a dtugtaí Facebook Ireland Limited

    Cosantóir: Bundesverband der Verbraucherzentralen und Verbraucherverbände – Verbraucherzentrale Bundesverband e.V.

    An chuid oibríochtúil

    Ní mor Airteagal 80(2) de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta le Cosaint Sonraí), a léirmhíniú amhail is go gciallaíonn sé nach gcuirtear cosc ar reachtaíocht náisiúnta a thugann cead do chomhlachas cosanta leasanna tomhaltóirí caingean dlí a thabhairt, in éagmais sainordú chun na críche sin agus gan beann ar shárú ar chearta nithiúla na ndaoine lena mbaineann, i gcoinne an té a líomhnaítear go ndearna sé sárú ar chosaint sonraí pearsanta, trí shárú an toirmisc ar chleachtais tráchtála éagóracha a ardú, ar sárú é arna dhéanamh le dlí um chosaint tomhaltóirí nó toirmeasc ar úsáid téarmaí agus coinníollacha atá ar neamhní, sa chás go bhféadfadh tionchar a bheith ag an bpróiseáil sonraí ar chearta atá ag daoine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta faoin Rialachán sin.


    (1)  IO C 359, 26.10.2020


    Top