Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023XC0804(01)

    Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh (ECI) 'Cuir Deireadh le Teascadh Eití – Cuir Deireadh leis an Trádáil' 2023/C 275/01

    C/2023/4489

    IO C 275, 4.8.2023, p. 1–12 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    4.8.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 275/1


    TEACHTAIREACHT ÓN GCOIMISIÚN

    maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh (ECI) 'Cuir Deireadh le Teascadh Eití – Cuir Deireadh leis an Trádáil'

    (2023/C 275/01)

    1.   RÉAMHRÁ: AN TIONSCNAMH Ó NA SAORÁNAIGH

    Trí bhíthin tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh faoi Airteagal 11(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, féadfaidh milliún náisiúnach nó níos mó as seacht mBallstát den Aontas ar a laghad a iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach, faoi chuimsiú a chumhachtaí, aon togra iomchuí a thíolacadh maidir le hábhar a measann siad go bhfuil gá le gníomh dlí de chuid an Aontais ina leith chun na Conarthaí a chur chun feidhme.

    Is é ‘Cuir deireadh le Teascadh Eití – Cuir Deireadh leis an Trádáil’ (1) an t-ochtú tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh a bhain na tairseacha amach a cheanglaítear leis an gConradh agus le Rialachán (AE) Uimh. 2019/788 maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh (Rialachán ECI) (2). Leis an tionscnamh, iarrtar ar an gCoimisiún gníomhú chun deireadh a chur le trádáil eití scaoilte siorcanna san Aontas, lena n-áirítear allmhairiú, onnmhairiú agus idirthuras eití, sna téarmaí seo a leanas:

    Cé go bhfuil cosc ar eití siorcanna a bhaint ar bord shoithí an Aontais agus in uiscí an Aontais, agus cé gur gá siorcanna a thabhairt i dtír agus na heití orthu ó nádúr, tá an tAontas Eorpach ar cheann de na honnmhaireoirí is mó eití agus is mol idirthurais ollmhór é sa trádáil dhomhanda eití.

    Is mórghníomhaí é an tAontas i ndúshaothrú siorcanna agus de bhrí go mbíonn ganntanas imscrúduithe mara ann, tá eití go fóill á gcoinneáil, á dtrasloingsiú nó á dtabhairt i dtír go neamhdhlíthiúil san Aontas.

    Tá sé mar aidhm againn deireadh a chur le trádáil eití san Aontas, lena n-áirítear allmhairiú, onnmhairiú agus idirthuras eití mura bhfuil siad ar chorp an ainmhí ó nádúr.

    Ós rud é go gcuireann teascadh eití siorcanna cosc ar bhearta caomhnaithe éifeachtacha i dtaca le siorcanna, iarraimid go leathnófaí RIALACHÁN (AE) Uimh. 605/2013 chun go gclúdófar trádáil eití leis agus mar sin de iarraimid ar an gCoimisiún rialachán nua a cheapadh, chun go gclúdófar faoi ‘eití orthu ó nádúr’ gach cineál trádála siorcanna agus roc san Aontas.

    Chláraigh an Coimisiún an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh an 17 Nollaig 2019 (3). Ós rud é go raibh ráitis tacaíochta á mbailiú don tionscnamh le linn phaindéim COVID-19, ba stuama an rud é síneadh 12 mhí a chur leis an tréimhse bhailiúcháin rialála 12 mhí (i.e. bhíothas in ann, dá bhrí sin, sínithe a bhailiú ón 31 Eanáir 2020 go dtí an 31 Eanáir 2022) (4). Tar éis d’údaráis na mBallstát na sínithe arna mbailiú a fhíorú, chuir an lucht eagraithe a thionscnamh faoi bhráid an Choimisiúin an 11 Eanáir 2023.

    Mhínigh an lucht eagraithe cuspóirí an tionscnaimh go mion i gcruinniú leis an gcomhalta freagrach ón gCoimisiún an 6 Feabhra 2023 agus in éisteacht phoiblí i bParlaimint na hEorpa an 27 Márta 2023.

    Thionóil Parlaimint na hEorpa díospóireacht iomlánach maidir leis an tionscnamh an 11 Bealtaine 2023. Le linn na díospóireachta, dheimhnigh an Coimisiún go bhfuil na cúiseanna imní céanna aige is atá ag na saoránaigh, agus go mbíonn sé an-ghníomhach, laistigh agus lasmuigh den Aontas araon, i dtaca le siorcanna a chosaint agus iascaireacht siorcanna a dhéanamh go hinbhuanaithe. Mheabhraigh an Coimisiún an comhthéacs idirnáisiúnta – ina gcuireann an tAontas caomhnú agus bainistiú inbhuanaithe siorcanna chun cinn go gníomhach sna fóraim idirnáisiúnta ábhartha – chomh maith leis na rialacha Aontais atá i bhfeidhm cheana chun an beartas ‘eití orthu ó nádúr’ a fhorfheidhmiú.

    Leagtar amach sa Teachtaireacht seo measúnú dlíthiúil agus polaitiúil an Choimisiúin ar an tionscnamh, an ghníomhaíocht atá beartaithe aige a dhéanamh, na cúiseanna leis an ngníomhaíocht sin agus an amlíne atá beartaithe, i gcomhréir le hAirteagal 15(2) de Rialachán ECI.

    2.   COMHTHÉACS

    2.1.   Forbhreathnú ar an staid dhomhanda

    Cuimsítear le siorcanna thart ar 500 speiceas éagsúil a bhfuil gnéithe éagsúla éiceolaíocha agus bitheolaíocha acu. Is grúpa tábhachtach iad sa bhithéagsúlacht mhuirí, agus ós rud é gur príomhchreachadóirí iad, tá ról ríthábhachtach acu maidir le cothromaíocht na n-éiceachóras muirí a choinneáil ar bun, éiceachórais atá fíor-riachtanach don mhaolú ar an athrú aeráide agus don oiriúnú don athrú aeráide. Mar gheall ar a saolré fhada go ginearálta agus an ráta íseal atáirgthe atá acu, is riosca do shiorcanna iad gníomhaíochtaí an duine, go háirithe an iascaireacht agus an caillteanas gnáthóige.

    Is foinse bia iad freisin, fearacht iasc eile, agus tá dóigh bheatha an-chuid daoine ag brath ar shiorcanna. Tá siorcanna á ngabháil agus á n-ithe ag daoine leis na céadta bliain, ach le blianta beaga anuas, mar thoradh ar an domhandú eacnamaíoch agus an méadú atá tagtha ar an éileamh, is margadh domhanda amach is amach é an margadh d’iascaireacht agus do thomhaltas siorcanna. Sa lá atá inniu ann, cuireann cabhlaigh thionsclaíocha agus cheardaíochta ó gach cearn den domhan eití siorcanna ar fáil do mhargaí traidisiúnta na hÁise, agus san am céanna, tá feoil na siorcanna gafa céanna á hatreorú feadh bealaí soláthair ar leith chuig margaí a bhfuil fás ag teacht orthu, amhail margadh na Brasaíle.

    D’ainneoin iarrachtaí chun feabhas a chur ar chaomhnú siorcanna le blianta beaga anuas, tá go leor pobal siorcanna i gcruachás. Is deacair measúnuithe domhanda a dhéanamh i bhfianaise líon ard na speiceas siorcanna agus toisc na n-éagsúlachtaí idir réigiúin ó thaobh pobal de. Mar sin féin, tá na measúnuithe ar phobail siorcanna á láidriú de réir a chéile i roinnt mhaith réigiún. Sa mheasúnú domhanda is déanaí ar Liosta Dearg IUCN na Speiceas faoi Bhagairt, meastar go bhfuil níos mó ná aon trian de speicis siorcanna i mbaol dul in éag (i.e. meastar go bhfuil siad i mbaol criticiúil, go bhfuil siad i mbaol, nó go bhfuil siad leochaileach) (5).

    Dá bhrí sin, cuireann an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh in iúl, mar is ceart, go bhfuil sé tábhachtach aghaidh a thabhairt go práinneach ar staid na siorcanna ar fud an domhain, staid atá ina húdar imní, agus ar ról an éilimh ar eití siorcanna, ós rud é go bhfuil sé sin ag cur brú mhéadaithe ar an iascaireacht agus ag baint de na hiarrachtaí na speicis seo a chaomhnú.

    2.2.   Iascach agus trádáil eití siorcanna

    De réir sonraí ó Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (FAO) (6), tá méadú faoi thrí tagtha ar ghabhálacha domhanda siorcanna ó bhí 1950 ann, agus baineadh an buaicphointe amach in 2000 nuair a gabhadh 868 000 tona. Ó shin i leith, tá an líon gabhálacha ag dul i laghad, agus thit sé go 665 622 thona in 2020. De réir na sonraí céanna, bhí luach gar do 1 bhilliún in aghaidh na bliana ar an trádáil dhomhanda i dtráchtearraí siorca, agus thart ar 7 100 tona in 2021 le haghaidh eití siorcanna.

    Maidir leis an Aontas Eorpach, is beag allmhairí d’eití siorcanna a chláraigh sé idir 2017 agus 2021, cé go raibh méid mór onnmhairí ón Aontas, is é sin, thart ar 2 300 tona agus EUR 170 milliún in aghaidh na bliana ar an meán (7). In 2021, ba é EUR 16 in aghaidh an kg meánphraghas na n-onnmhairí d’eití siorcanna, agus ba é EUR 1.43 in aghaidh an kg an meánphraghas ar fheoil siorca (8). Is í an Spáinn an príomhghníomhaí go mór fada i measc Bhallstáit an Aontais, i gcás allmhairí agus onnmhairí eití araon; is í a dhéanann breis agus 99 % d’onnmhairí iomlána an Aontais, agus is eití reoite siorcanna iad thart ar 96 % de na honnmhairí sin (9).

    Le linn na tréimhse céanna, ba iad Singeapór (985 thona, EUR 13 mhilliún), an tSín (893 thona, EUR 11 mhilliún), agus Hong Cong (194 thona, EUR 7 milliún) na príomhthíortha cinn scríbe, ar an meán go bliantúil (10), le haghaidh onnmhairí eití siorcanna an Aontais. Seoltar thart ar 82 % d’onnmhairí an Aontais chuig Singeapór agus chuig an tSín, agus bíonn sreafaí trádála ábhartha eile ann le Hong Cong agus, le déanaí, leis an tSeapáin. Seoltar thart ar 85 % d’onnmhairí eití reoite siorcanna chuig Singeapór agus chuig an tSín.

    Maidir le hiascach an Aontais, idir 2019 agus 2021, thuairiscigh soithí Aontais gabhálacha iomlána dar mhéid 248 392 thona de shiorcanna (11), is é sin, 82 797 dtona ar an meán in aghaidh na bliana. Ba é an Siorc Gorm (Prionace glauca) an speiceas aonair is tábhachtaí, agus siorcanna gorma a bhí in 56 % de na gabhálacha le linn na tréimhse sin. Ina dhiaidh sin, bhí an Catsúileach Ballach, an Roc Garbh agus an Mácó Biorshrónach (Isurus oxyrinchus), a bhí in 7 %, 6 % agus 3 % de na gabhálacha iomlána, faoi seach. I gcás go leor speiceas eile, ba lú ná 100 kg na gabhálacha iomlána le linn na tréimhse sin, rud a thabharfadh le fios nach raibh iontu ach gabhálacha de thaisme.

    Tagann formhór na ngabhálacha ó bháid spiléireachta de chuid an Aontais in uiscí idirnáisiúnta sna haigéin uile, go háirithe an tAtlantach Theas agus an tAigéan Ciúin Theas. Gabhálacha in uiscí idirnáisiúnta is ea 60 % de mhéid na ngabhálacha. Is in uiscí idirnáisiúnta atá faoi shainchúram eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh (ERBInna), go heisiach nach mór, a ghabhtar an siorc gorm agus an Mácó Biorshrónach, i gcás 87 % agus 88 % dá ngabhálacha, faoi seach (12).

    I gcás ina ndéanann soithí de chuid an Aontais iascaireacht siorcanna nó i gcás ina ndéantar iascaireacht siorcanna in uiscí an Aontais, ní mór na siorcanna a thabhairt i dtír agus a n-eití fós ar a gconablach (féach roinn 2.3). Déantar iad a phróiseáil ar talamh agus, mar a thaispeántar sa staidreamh thuas, seoltar na heití agus na conablaigh chuig margaí éagsúla ina dhiaidh sin. Tá formhór mór na n-eití siorcanna ceaptha lena dtomhailt i dtíortha san Áise Thoir agus Thoir Theas. Idir an dá linn, tomhlaítear an fheoil agus na codanna eile de na conablaigh san Aontas, agus onnmhairítear cuid díobh chuig tríú tíortha, go háirithe chuig tíortha Mheiriceá Laidinigh.

    2.3.   Creataí beartais agus dlíthiúla AE agus idirnáisiúnta atá ann faoi láthair

    Iarrtar go sonrach sa tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh go leathnófaí Rialachán (AE) Uimh. 605/2013 chun an trádáil eití a chumhdach. Dá bhrí sin, iarrann sé ar an gCoimisiún an ceanglas ‘eití orthu ó nádúr’ a leathnú chuig an trádáil uile a dhéantar i siorcanna agus roic san Aontas. Maítear sa tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh gurb iad na heití an rud is mó a spreagann iascaireacht siorcanna toisc a luachmhaire atá siad i margadh na hÁise. Ina theannta sin, áitítear ann go bhfuil na córais um fhorfheidhmiú agus um chomhlíonadh ar fud an domhain rólag, san Aontas freisin, toisc nach leor na huirlisí rialaithe agus na hacmhainní a úsáidtear, ná oiliúint agus comhordú na n-údarás ábhartha, chun speicis a shainaithint ar bhonn a n-eití amháin, agus chun a áirithiú go bhfuil na rialacháin ábhartha á gcomhlíonadh feadh an tslabhra luacha. Dá bhrí sin, chun seiceálacha custaim a éascú agus chun stop a chur le trádáil eití siorcanna, iarrann na togróirí nach ndéanfaí ach an siorc iomlán a thrádáil, rud a chuirfeadh cosc, de facto, ar thrádáil codanna scaoilte siorcanna (eití nó conablaigh) san Aontas.

    Cuireann an tAontas beartas agus creat dlíthiúil saibhir chun feidhme a mhéid a bhaineann le trádáil i siorcanna agus in iascach siorcanna.

    Is é is aidhm don Choinbhinsiún maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fauna agus Flora Fiáine i mBaol (CITES) ainmhithe agus plandaí fiáine a chosaint ar róshaothrú mar thoradh ar thrádáil idirnáisiúnta. Is páirtí in CITES é an tAontas, agus cuireann sé cosaint speiceas muirí chun cinn go gníomhach. Ag an gComhdháil dheireanach de chuid na bPáirtithe i mí na Samhna 2022, cuireadh beagnach 100 speiceas breise de shiorcanna agus roic le haguisíní CITES. Ó thaobh na siorcanna de, rinne an tAontas comhurraíocht ar mholadh Phanama go ndéanfaí fine an tSiorca Charcairinidigh a liostú in Aguisín II de CITES, lena n-áirítear an Siorc Gorm. Tiocfaidh an liostú sin i bhfeidhm an 25 Samhain 2023. Ar an iomlán, liostaítear 174 speiceas de shiorcanna agus roic faoi CITES faoi láthair, a bhfuil an chuid is mó díobh i bhFoscríbhinn II, rud a chiallaíonn nach mór an trádáil a rialú chun leibhéal úsáide a sheachaint a chruthódh baol nach mairfidís.

    San Aontas Eorpach, rialaítear trádáil speiceas cosanta agus speiceas atá i mbaol, lena n-áirítear speicis mhuirí, trí shraith rialachán lena gcuirtear CITES chun feidhme. Le Rialachán (CE) Uimh. 338/97 maidir le speicis fauna agus flora fiáine a chosaint trí thrádáil iontu a rialú (13), bunaítear sraith forálacha maidir le heiseamail de speicis, lena n-áirítear codanna nó díorthaigh, a allmhairiú, a onnmhairiú agus a athonnmhairiú, agus liostaítear an tsraith forálacha sna ceithre Iarscríbhinní a ghabhann leis. Áirítear sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán na speicis uile a liostaítear in CITES, chomh maith le speicis nach speicis CITES iad.

    Tá teascadh eití siorcanna (14) ar cheann de na príomhbhagairtí ar chaomhnú siorcanna, agus ba é an tAontas a bhí chun tosaigh i dtaobh a mheas gur cleachtas iascaireachta do-ghlactha é. Ó bhí 2003 ann, le Rialachán (CE) Uimh. 1185/2003 (An Rialachán maidir le Teascadh Eití Siorcanna(15), toirmeasctar teascadh eití siorcanna ar bord gach soithigh iascaireachta in uiscí an Aontais agus i ngach áit i gcás soithí atá faoi bhratach Bhallstáit den Aontas. Neartaíodh an Rialachán sin le beartas docht ‘eití orthu ó nádúr’ trí Rialachán (AE) Uimh. 605/2013 (16). Toirmeasctar leis eití siorcanna a bhaint ar bord soithí agus eití siorcanna a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú nó a thabhairt i dtír. Ciallaíonn sé sin nach féidir na heití a bhaint ach amháin ar thuirlingt.

    Déanann Ballstáit an Aontais gníomhaíochtaí faireacháin agus rialaithe chun cur chun feidhme iomlán an Rialacháin maidir le Teascadh Eití Siorcanna a áirithiú. Ní mór do na Ballstáit tuairisciú faoin bhfaireachán ar an gcaoi a bhfuil an Rialachán á chomhlíonadh acu in uiscí an Aontais agus in uiscí neamh-Aontais. Ní mór faisnéis faoin méid seo a leanas a bheith sa tuarascáil: (i) líon na ngabhálacha de shiorcanna a tugadh i dtír; (ii) líon agus dáta na gcigireachtaí a rinneadh agus an áit ina ndearnadh iad; (iii) líon agus cineál na gcásanna de neamhchomhlíonadh a braitheadh, lena n-áirítear sainaithint iomlán an tsoithigh nó na soithí lena mbaineann agus an pionós a gearradh maidir le gach cás de neamhchomhlíonadh; (iv) líon iomlán na ngabhálacha arna dtabhairt i dtír de réir speicis (meáchan/líon) agus de réir calafoirt.

    In 2016, thug an Coimisiún tuairisc uaidh ar chur chun feidhme an Rialacháin maidir le Taisceadh Eití Siorcanna (17). Ba é conclúid an Choimisiúin gur chosúil nach raibh ach líon an-teoranta sáruithe ann, gur thabhaigh cur chun feidhme an bheartais ‘eití orthu ó nádúr’ costais bhreise i gcás na soithí lenar bhain, agus go raibh sé tábhachtach an beartas ‘eití orthu ó nádúr’ a shaothrú i bhfóraim idirnáisiúnta. Ar a iarraidh sin don Choimisiún, rinne an Coiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (CETEI) an t-athbhreithniú is déanaí in 2019 ar an Rialachán maidir le Teascadh Eití Siorcanna agus ar phlean gníomhaíochta an Aontais maidir le siorcanna (18). Ba é conclúid CETEI go raibh leibhéal íseal neamhchomhlíonta ann i measc na mBallstát úd a chuir tuairisc isteach, agus go raibh dul chun cinn déanta maidir le bearta caomhnúcháin agus bainistíochta le haghaidh siorcanna a chur chun feidhme. Mar sin féin, thug sé dá aire go raibh gá le faisnéis níos fearr maidir le gníomhaíochtaí a bhíonn a ndéanamh ag cabhlaigh an Aontais lasmuigh d’uiscí an Aontais.

    Cuireann an tAontas an beartas ‘eití orthu ó nádúr’ chun cinn go gníomhach ar an leibhéal idirnáisiúnta, agus ar bhonn níos ginearálta, cuireann sé i dtábhacht a thábhachtaí atá sé an tionchar a bhíonn ag an iascach ar shiorcanna a íoslaghdú. Leis na blianta, tá bearta ceangailteacha sonracha curtha chun feidhme ag na hEagraíochtaí Réigiúnacha Bainistithe Iascaigh (ERBInna) a bhfuil an tAontas ina bhall díobh chun speicis siorcanna a chaomhnú agus a bhainistiú.

    Rinneadh teascadh eití siorcanna a rialú ar dtús trí chóimheas idir eití agus conablach (FCR) a ghlacadh, rud a chiallaíonn nach bhféadfaidh, suas leis an gcéad tabhairt i dtír, níos mó ná 5 % den chonablach iomlán a thugtar i dtír a bheith comhdhéanta d’eití ar bord. Le himeacht na mblianta, bhí bunús eolaíoch agus éifeachtacht FCR á cheistiú agus bhí an tAontas ag éileamh ar bhonn leanúnach go nglacfaí an beartas ‘eití orthu ó nádúr’ i ngach ERBI a bhfuil sé ina chomhalta de, ós é sin an bealach is éifeachtaí chun deireadh a chur le teascadh eití. A bhuí leis na hiarrachtaí sin, tá an beartas ‘eití orthu ó nádúr’ glactha ag roinnt ERBInna mar an t-aon rogha (19) nó mar cheann de na roghanna (20) chun an toirmeasc ar theascadh eití a fhorfheidhmiú. Tá an tAontas fós ag dréim le deireadh a chur leis an gceanglas FCR i gcás ina bhfuil feidhm aige go fóill (21), agus an beartas ‘eití orthu ó nádúr’ a chur ina áit sna ERBInna uile trí chéile.

    Cé go bhfuil sé ina cheanglas an-chuid speiceas de shiorcanna a dhianchosaint, lena n-áirítear an méid sin a dhéanamh trí thoirmeasc ar choinneáil, is féidir speicis eile a iascach i gcomhréir leis na rialacha a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta, go háirithe i gcomhréir leis na rialacha arna nglacadh ag ERBInna. Déanann ERBInna bearta bainistíochta, amhail an líon iomlán gabhálacha ata incheadaithe, ar bhonn measúnuithe ar stoc agus comhairle eolaíoch arna soláthar ag a gcomhlachtaí eolaíocha féin, agus tuairiscíonn na soithí a ngabhálacha. Ní mór gníomhaíochtaí iascaireachta lena mbaineann idirghníomhaíochtaí le siorcanna a thuairisciú freisin i gcomhréir le nósanna imeachta comhfhreagracha na ERBInna um thuairisciú sonraí (lena n-áirítear meastacháin maidir le héisc mharbha aischurtha agus minicíochtaí méide). Tá na sonraí sin ar fáil i mbunachair sonraí na ERBInna éagsúla agus tacaíonn siad leis an gcomhairle eolaíoch atá ina bunús leis na cinntí bainistíochta a dhéantar maidir leis na speicis éagsúla. Mar sin féin, tá ceanglais mhíchothroma ann i measc na ERBInna éagsúla, agus tá laigí sa tuairisciú sonraí maidir le foghabhálacha siorcanna nach sprioc-siorcanna iad, go háirithe sonraí atá sainiúil don speiceas.

    Chun an chomhairle eolaíoch in ERBInna a neartú, tacaíonn an tAontas leis an obair eolaíoch trí ranníocaíochtaí deonacha airgeadais atá dírithe ar mhodheolaíochtaí oiriúnacha a fhorbairt chun measúnú a dhéanamh ar stádas caomhnaithe na bpríomhspeiceas siorcanna agus ar fheabhas a chur ar an gcreat rialála maidir le caomhnú siorcanna.

    3.   MEASTÓIREACHT AR AN TOGRA SA TIONSCNAMH

    3.1.   Freagairt ar an tionscnamh

    Ardaíonn an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh saincheisteanna tábhachtacha atá ábhartha maidir le beartas an Aontais Eorpaigh i ndáil leis an muirthimpeallacht a chosaint, acmhainní iascaigh a chosaint agus a chaomhnú agus iascaireacht inbhuanaithe a áirithiú san Aontas agus ar fud an domhain. Dá gcloífí leis an status quo, bheifí ag leanúint de na táirgí céanna a thrádáil agus dhéanfaí na gníomhaíochtaí a choinneáil ar bun le haghaidh chabhlach agus oibreoirí an Aontais. Mar sin féin, ní céim mhór eile chun tosaigh a bheadh ann maidir le líon domhanda na siorcanna a athbhunú agus, go sonrach, maidir le cur i gcoinne na n-éifeachtaí diúltacha a bhíonn ag trádáil eití siorcanna ar staid na bpobal siorcanna.

    An toirmeasc ar eití scaoilte siorcanna a thrádáil san Aontas, bheadh feidhm aige maidir leis na speicis sin a bhíonn á n-iascach ag cabhlach an Aontais i gcomhréir leis na rialacha a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta, go háirithe i gcomhréir leis na rialacha arna nglacadh ag ERBInna. Is é trádáil eití siorcanna príomh-asraon chabhlach an Aontais a mbíonn siorcanna á n-iascach aige in uiscí idirnáisiúnta, agus is gníomhaí tábhachtach é an tAontas ar fud an domhain. Is é an toradh a d’fhéadfadh a bheith ag toirmeasc ar thrádáil eití scaoilte go mbeadh líon níos lú siorcanna á iascach ag cabhlach an Aontais in uiscí idirnáisiúnta, rud a bheadh ina chúis le himní faoin tionchar socheacnamaíoch a bheadh aige. Ina theannta sin, mar gheall ar mhargaí ar leithligh a bheith ann le haghaidh eití siorcanna agus feoil siorca agus cineál na margaí sin, mar aon le saincheisteanna lóistíochta, ós rud é gur in uiscí idirnáisiúnta a rialaítear faoi shainchúram ERBInna is mó a bhíonn na speicis seo á ngabháil ag cabhlach an Aontais, d’fhéadfadh laghdú gníomhaíochta den chineál sin an bealach a réiteach le haghaidh cleachtais san iascach neamh-Aontais nach bhfuil chomh inbhuanaithe céanna. Dá bhrí sin, aon ghníomhaíocht a dhéantar ar leibhéal an Aontais, ní mór í a fhorlíonadh le gníomhaíocht ar an leibhéal idirnáisiúnta chun cothrom iomaíochta agus éifeachtaí dearfacha comhshaoil a áirithiú.

    Aon toirmeasc de chuid an Aontais ar thrádáil eití scaoilte siorcanna, ní mór é a bheith comhoiriúnach le gealltanais idirnáisiúnta an Aontais, lena n-áirítear rialacha na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT). Ní cheistíonn an Eagraíocht Dhomhanda Trádála an ceart atá ag tíortha gníomhaíochtaí a dhéanamh i ndáil le hábhair imní amhail caomhnú acmhainní nádúrtha neamh-inathnuaite nó leas ainmhithe, ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha áirithe. Go sonrach, ní mór na bearta sin (a) ceann amháin de na cuspóirí a liostaítear in Airteagal XX de GATT 1994 a shaothrú dáiríre, (b) an rud ar a dtugtar an ‘tástáil riachtanais’ a shásamh, is é sin, nach bhfuil aon bheart eile lena gcuirtear níos lú srianta ar an trádáil ar fáil chun an cuspóir thuasluaite a bhaint amach, agus (c) a áirithiú go bhfuil an beart cothrom ó thaobh a dhearaidh de agus nach mbeidh idirdhealú dochosanta, gan bhunús ann dá bharr, sin nó srian ceilte ar an trádáil idirnáisiúnta.

    Le Rialachán ECI, tá ceangal ar an gCoimisiún a chonclúidí dlíthiúla agus polaitiúla a leagan amach, mar aon leis an ngníomhaíocht a bhfuil sé beartaithe aige a dhéanamh, laistigh de thréimhse 6 mhí tar éis dó an tionscnamh a fháil. Laistigh den tréimhse ama sin, ní raibh an Coimisiún in ann na sonraí uile a bhfuil gá leo a bhailiú agus an anailís iomchuí ar fad a dhéanamh chun meastóireacht iomlán a dhéanamh ar a ábhartha atá sé beart a thionscnamh amhail an beart ata á iarraidh leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh. Ina theannta sin, ba ghá measúnú tionchair a dhéanamh roimh aon togra reachtach maidir leis na héifeachtaí comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíocha a d’fhéadfadh a bheith aige.

    Dá bhrí sin, seolfaidh an Coimisiún, faoi dheireadh 2023, measúnú tionchair ar na hiarmhairtí comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíocha a bhaineann le cur i bhfeidhm an bheartais ‘eití orthu ó nádúr’ maidir le siorcanna a chur ar an margadh san Aontas, bíodh sé sin lena dtomhailt laistigh den Aontas nó le haghaidh trádáil idirnáisiúnta (allmhairí agus onnmhairí). Leis an measúnú, ceadófar gníomhaíocht fhéideartha amach anseo, gníomhaíocht a mbeidh bonn eolais fúithi agus a bheidh bunaithe ar fhíricí (22). Áireofar leis sin anailís a dhéanamh ar an tionchar eacnamaíoch, comhshaoil agus sóisialta a imreofar ar pháirtithe leasmhara an Aontais agus ar thríú tíortha a bhféadfaí difear a dhéanamh dóibh, athruithe a d’fhéadfadh teacht ar dhinimic an mhargaidh dhomhanda, na sochair chomhshaoil agus shocheacnamaíocha a bhaineann le pobail siorcanna atá faoi chosaint níos fearr, agus meastóireacht ar mhodhanna malartacha a d’fhéadfadh a bheith ann chun an cuspóir inmhianaithe a bhaint amach, chomh maith le measúnú mionsonraithe ar an mbunús dlí agus ar an ionstraim is iomchuí. Ba cheart an measúnú tionchair a bheith ina chreat le haghaidh bhealach chun cinn an Choimisiúin i gcomhréir lena thosaíochtaí, go háirithe maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip, geilleagar a fhóireann do na daoine, Eoraip níos láidre sa domhan agus an dóigh bheatha Eorpach.

    Aithníonn an Coimisiún go bhfuil sé deacair bealaí tráchtála agus pointí trasnála a rianú toisc go bhfuil dí-chomhiomlánú neamhleor sonraí ann maidir le tabhairt i dtír agus trádáil feola siorca agus eití siorcanna ar leibhéal na speiceas. Mar gheall ar an easpa caighdeánaithe sin sa tacsanomaíocht, is dúshlán é anailís a dhéanamh ar threochtaí na dinimice i dtaca le gabhálacha agus trádáil ar scála domhanda. Tá sé aitheanta ag an gCoimisiún go bhfuil deis ann cur leis an bhfaisnéis faoi onnmhairí agus allmhairí a bhíonn á cur faoi bhráid na gcóras náisiúnta custaim ag oibreoirí. An fhaisnéis a ghintear trí dhearbhuithe custaim, chuideodh sí le hanailís a dhéanamh ar threochtaí na dinimice i dtaca le gabhálacha agus trádáil ar leibhéal níos mionsonraithe, agus le himscrúdú a dhéanamh ar na hardleibhéil calaoise líomhnaithe atá sainaitheanta ag lucht eagraithe an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh.

    Dá bhrí sin, scrúdóidh an Coimisiún, faoi dheireadh 2023, na modhanna dlíthiúla is fearr chun faisnéis níos mionsonraithe a iarraidh chun speicis siorcanna agus na táirgí a bhaineann le gach ceann díobh a shainaithint tráth a n-allmhairithe agus a n-onnmhairithe. Déanfaidh sé cinneadh maidir le teacht i bhfeidhm faoin 1 Eanáir 2025 ar a dhéanaí.

    3.2.   Gníomhaíochtaí a ghabhfaidh leis ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta araon

    Baineann an tAontas leas as raon leathan gníomhaíochtaí lena ndírítear go díreach nó go hindíreach ar chaomhnú siorcanna agus ar bhainistiú inbhuanaithe. I ndáil leis an méid sin, tá aird tarraingthe ag an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh ar go leor ábhar tábhachtach ar féidir aghaidh a thabhairt orthu trí iarrachtaí breise a dhéanamh chun dlí an Aontais a fhorfheidhmiú agus trí ghníomhaíocht a neartú ar an leibhéal idirnáisiúnta.

    3.2.1.   Dlí an Aontais atá ann cheana a fhorfheidhmiú

    Soláthraíonn an Comhbheartas Iascaigh (CBI) na huirlisí agus an creat chun bearta atá bunaithe ar an eolaíocht a ghlacadh le go laghdófaí tionchar diúltach gníomhaíochtaí iascaireachta ar speicis agus ar ghnáthóga muirí (23). Ní mór é a bheith comhleanúnach (24) le cuspóir na Treorach Réime um Straitéis Mhuirí (25) lena áirithiú go mbainfidh farraigí an Aontais Dea-stádas Comhshaoil amach, lena n-áirítear leibhéil flúirse shláintiúla agus foghabháil incheadaithe gach speicis mhuirí a áirithiú (26), rud a chuimsíonn éisc nach ndéantar saothrú tráchtála orthu, amhail ealásmabrainciaigh. Déanann an Coimisiún faireachán ar staid na siorcanna agus, i gcomhréir le cuspóirí CBI, áirithíonn sé cur chuige comhleanúnach idir an beartas iascaigh inmheánach agus an beartas iascaigh seachtrach maidir le siorcanna.

    Ó bhí 2009 ann, is é is aidhm do Phlean Gníomhaíochta an Aontais maidir le Siorcanna a Chaomhnú agus a Bhainistiú (EUPOA um shiorcanna) (27), arna spreagadh ag an bPlean Gníomhaíochta Idirnáisiúnta um Shiorcanna a Chaomhnú agus a Bhainistiú (féach roinn 3.2.2), an t-eolas faoi iascach siorcanna agus faoi speicis siorcanna, chomh maith lena ról san éiceachóras, a leathnú agus a áirithiú san am céanna go mbeidh an iascaireacht siorcanna inbhuanaithe agus go ndéanfar foghabhálacha siorcanna a thagann as iascach eile a rialáil mar is ceart. Cuireann sé bonn eolais faoin ngníomhaíocht a dhéantar ar leibhéal an Aontais (deiseanna iascaireachta, bearta teicniúla, teorainneacha iarrachta agus acmhainne, bailiú sonraí) agus ar an leibhéal idirnáisiúnta araon (ERBIanna, CITES, an Coinbhinsiún maidir le Caomhnú na Speiceas Imirceach Ainmhithe Fiáine, coinbhinsiúin réigiúnacha farraige).

    I gcás roinnt speiceas siorcanna, d’fhéadfadh riosca dá gcaomhnú a bheith ann fiú i gcás gníomhaíocht theoranta iascaireachta. Déantar speicis den chineál sin a chosaint faoi bhearta an Aontais. Leis na rialacháin bhliantúla leantacha maidir le deiseanna iascaireachta, amhail Rialachán (AE) Uimh. 2023/194, cuirtear toirmeasc ar shoithí iascaireachta an Aontais, agus ar shoithí ó thíortha nach tíortha den Aontas iad a bhíonn ag iascaireacht in uiscí an Aontais, iascaireacht a dhéanamh, speicis a liostaítear mar speicis thoirmiscthe a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú nó a thabhairt i dtír, lena n-áirítear speicis siorcanna (28). Ní mór na heiseamail ghafa a scaoileadh go pras gan iad a ghortú, rud a chuirfidh cosc breise ar eití speiceas atá i mbaol críochnú suas ar an margadh. Tá feidhm ag na forálacha céanna maidir le siorcanna domhainfharraige.

    Cé go gceanglaítear dianchosaint i gcás roinnt speiceas siorcanna, is féidir roinnt díobh a iascach go hinbhuanaithe nuair atá tacaíocht eolaíochta lena aghaidh sin. I gcás na stoc sin, déantar gabhálacha a bhainistiú trí shraith Gabhálacha Iomlána Incheadaithe (TACanna) faoi na rialacháin maidir leis na deiseanna iascaireachta bliantúla in uiscí an Aontais agus le haghaidh shoithí an Aontais in uiscí neamh-Aontais. Tá TACanna, arna moladh ag an gCoimisiún agus arna nglacadh ag an gComhairle, bunaithe ar chomhairle eolaíoch agus ar phrionsabal an réamhchúraim agus cuirtear gnéithe bitheolaíocha agus socheacnamaíocha san áireamh leo.

    I Rialachán (AE) 2019/1241 maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú agus le héiceachórais mhara a chosaint trí bhearta teicniúla (An Rialachán maidir le Bearta Teicniúla), (29) tá toirmeasc ginearálta ar iascaireacht siorcanna agus roc áirithe atá tearc/íogair (Airteagal 10(2) agus Iarscríbhinn I) (30), mar aon le forálacha lena gcuirtear srian le húsáid líonta éighníomhacha agus sruthlíonta chun go leor speiceas nó finte siorcanna a ghabháil (Airteagal 9(4) agus Iarscríbhinn III).

    Tá sé curtha i dtábhacht ag lucht eagraithe an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh go bhfuil deacrachtaí ann maidir le siorcanna agus táirgí siorcanna a rianú ar leibhéal na speiceas sna slabhraí trádála agus margaidh trí chéile. Is gné lárnach de bheartas an Aontais maidir le siorcanna é inrianaitheacht táirgí siorcanna agus faisnéis thrédhearcach do thomhaltóirí. Chun inrianaitheacht a áirithiú, bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 (31) córas rialaithe Comhphobail le haghaidh an iascaigh, lena bhforchuirtear rialacha inrianaitheachta ar oibreoirí an Aontais. Ní mór an fhaisnéis inrianaitheachta seo a leanas ar a laghad a áireamh i ngach baisc de tháirgí iascaigh a thugann soithí an Aontais i dtír: i) uimhir aitheantais, uimhir aitheantais sheachtrach agus ainm an tsoithigh iascaireachta; ii) cód alfa 3 FAO gach speicis; iii) ainm tráchtála agus ainm Laidine an speicis; agus iv) an limistéar geografach ábhartha, an modh táirgthe, dáta na gabhála, agus cainníochtaí gach speicis. Ba cheart faisnéis den chineál sin a chur ar fáil ag aon chéim den slabhra luacha do na húdaráis atá i gceannas ar rialú agus forfheidhmiú, agus d’oibreoirí gnó. Tá forálacha breise maidir le faisnéis inrianaitheachta san áireamh in athbhreithniú leanúnach ar chóras rialaithe iascaigh an Aontais (32), athbhreithniú ar tháinig Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar chomhaontú polaitiúil ina leith i mí na Bealtaine 2023. Leagtar amach ann feabhsuithe sa tuairisciú ar ghabhálacha, ar ghníomhaíochtaí iascaigh agus ar sheiceálacha ar an slabhra soláthair, lena n-áirítear táirgí leasaithe agus ullmhaithe, chomh maith le táirgí allmhairithe, mar atá: sonraí gabhála a thaifeadadh go leictreonach, lena n-áirítear éisc aischurtha speiceas íogair a thuairisciú; agus faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí iascaigh trí úsáid a bhaint as cianmhodhanna leictreonacha, lena n-áirítear TCInna.

    Maidir le faisnéis do thomhaltóirí, leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1169/2011 maidir le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí (33) nár cheart faisnéis bhia a bheith míthreorach. Ina theannta sin, mar gheall ar fhorálacha sonracha in earnáil an iascaigh, áirithítear ardleibhéal faisnéise do thomhaltóirí. Leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 maidir le Comheagrú na Margaí (CEM) i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe (34) nach bhféadfar táirgí siorcanna nach bhfuil ullmhaithe ná leasaithe, lena n-áirítear filléid agus eití, a mhargú ach amháin in éineacht le hainmníocht tráchtála an speicis agus an t-ainm eolaíoch atá air. De réir cosúlachtaí, tá cur chun feidhme míchothrom ann maidir leis na ceanglais faisnéise éigeantacha faoi Airteagal 35 de Rialachán CEM, mar a thuairiscigh an Coimisiún tar éis comhairliúchán poiblí oscailte i dtaca le cur chun feidhme Rialachán CEM (35). Baineann an mhíchothroime sin le hainm eolaíoch agus tráchtála speicis a shainaithint. Cé gur saincheist é sin a d’fhéadfadh teacht chun cinn, níl sé ábhartha go díreach dáiríre i gcomhthéacs teascadh eití, ach bheadh feabhsuithe ar chur chun feidhme na gceanglas lipéadaithe ina gcuidiú maidir le táirgí siorcanna a shainaithint níos fearr ar bhonn níos ginearálta.

    Léirigh an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh gurb ann do thrádáil neamhdhleathach. Cé is moite de shonraí teoranta maidir le hurghabhálacha speiceas a liostaítear in CITES (36), níor bhailigh an Coimisiún fianaise faoina mhéid a bhíonn trádáil mhídhleathach líomhnaithe i speicis atá faoi bhagairt ag tarlú san Aontas. Mar sin féin, aithníonn sé gur saincheist thábhachtach é an gháinneáil ar fhiadhúlra, agus tá Plean Gníomhaíochta Aontais nua i gcoinne na Gáinneála ar Fhiadhúlra (37) curtha chun tosaigh aige chun gníomhaíocht an Aontais i gcoinne an fheiniméin fhorleathain seo a neartú.

    Ar bhonn níos ginearálta, léiríonn an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh gur gá an méid seo a leanas a dhéanamh chun feabhas a chur ar inrianaitheacht na ngabhálacha, tabhairt i dtír, allmhairí agus onnmhairí siorcanna agus eití ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta feadh an tslabhra luacha ina iomláine:

    1)

    forfheidhmiú dhlí an Aontais a neartú maidir leis an méid seo a leanas: i) faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí iascaireachta agus margaidh, ii) bearta rialaithe maidir le próiseáil, margú, iompar agus stóráil, iii) allmhairiú agus onnmhairiú táirgí siorcanna, lena n-áirítear eití go háirithe, i gcás na speiceas siorcanna lena mbaineann, agus iv) na rialacha inrianaitheachta agus lipéadaithe atá i bhfeidhm ar fud na mBallstát, agus

    2)

    a áirithiú go mbailítear faisnéis iomlán iontaofa maidir le hiascach agus trádáil.

    Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

    iarrann sé ar na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar rialú iomchuí ar cheadanna agus deimhnithe CITES agus iarrann sé orthu a áirithiú go bhfuil acmhainneachtaí leordhóthanacha i réimse an rialaithe agus na hinrianaitheachta maidir le siorcanna faoi chosaint agus táirgí na siorcanna sin, amhail na nithe seo a leanas: i) oiliúint ar speicis ábhartha siorcanna agus a dtáirgí a shainaithint; ii) teicneolaíochtaí, uirlisí (lena n-áirítear uirlisí digiteacha) agus prótacail anailíse DNA a fhorbairt agus a úsáid chun speicis siorcanna a shainaithint; iii) córais inrianaitheachta iomchuí; agus iv) dea-chleachtais a chomhroinnt (38);

    seolfaidh sé, faoi dheireadh 2023, iarraidh ar chúnamh frithpháirteach chuig na Ballstáit faoi Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 i gcoinne iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (39) chun a n-aird a dhíriú ar tháirgí siorcanna;

    déanfaidh sé idirchaidreamh le Europol, faoi dheireadh 2023, chun scrúdú a dhéanamh ar mhéid na trádála neamhdhleathaí in eití siorcanna isteach san Aontas agus amach as;

    cuirfidh sé tús go pras leis an obair ar chur chun feidhme an rialacháin athbhreithnithe maidir le rialú, a luaithe a ghlacfar é, chun a áirithiú go mbeidh feidhm a luaithe is féidir ag na feabhsuithe atá san áireamh ann;

    iarrann sé ar na Ballstáit an faireachán agus an forfheidhmiú a neartú maidir le rialacháin an Aontais um Rialú agus Teascadh Eití Siorcanna agus maidir le rialacha na ERBInna, agus céim fhíor-riachtanach den mhéid sin is ea feabhas a chur ar thaifeadadh agus ar thuairisciú gabhálacha siorcanna agus gabhálacha siorcanna de thaisme. Tá feidhm aige sin maidir le soithí de chuid an Aontais a bhíonn ag iascach in uiscí an Aontais agus in uiscí idirnáisiúnta araon;

    iarrann sé ar na Ballstáit (40) luachanna tairsí a leagan síos faoi dheireadh 2023 le haghaidh na n-uasleibhéal i dtaca le foghabhálacha éisc nach ndéantar saothrú tráchtála orthu, amhail speicis ealásmabrainciaigh, in uiscí an Aontais faoin Treoir Réime um Straitéis Mhuirí, agus bearta iomchuí um bainistiú iascaigh a ghlacadh chun na tairseacha sin a chomhlíonadh;

    cuirfidh sé i bhfeidhm, ó 2024 ar aghaidh, bearta um rialú cáilíochta sonraí agus cros-seiceálacha idir na tuarascálacha míosúla ar ghabhálacha a sheolann na Ballstáit isteach faoin Rialachán um Rialú, ar thaobh amháin, agus sonraí maidir le tabhairt i dtír siorcanna a thuairiscítear go bliantúil, mar aon leis an bhfaisnéis a cheanglaítear faoin Rialachán maidir le Teascadh Eití Siorcanna, ar an taobh eile; agus

    déanfaidh sé anailís, faoi dheireadh 2023, ar fhreagraí na mBallstát ar shuirbhé a seoladh le déanaí maidir le cur chun feidhme na gceanglas lipéadaithe faoin Rialachán maidir le CEM, agus aird ar leith á tabhairt ar an tsaincheist shonrach a bhaineann le mílipéadú ainm tráchtála speicis.

    Is creataí tábhachtacha tacaíochta iad na tionscnaimh agus gníomhaíochtaí eile atá ar siúl faoi láthair ó thaobh beartas feabhsaithe Aontais maidir le siorcanna de.

    Sa ‘Phlean Gníomhaíochta Muirí’ faoi Straitéis Bhithéagsúlachta 2030 (41), a ghlac an Coimisiún an 21 Feabhra 2023, tá iarrataí ar ghníomhaíocht, agus iad dírithe ar na Ballstáit, chun feabhas a chur ar chosaint speiceas íogair, lena n-áirítear speicis leochaileacha siorcanna áirithe, trí dhíriú ar ghabhálacha de thaisme san iascach a laghdú, cothú agus iasclanna na speiceas sin a chosaint, agus feabhas a chur ar na córais faireacháin lena ndéantar méid agus dáileadh na ngabhálacha de thaisme a shainaithint.

    Is é is aidhm do thogra an Choimisiúin le haghaidh rialachán maidir le hathbhunú dúlra (42), a glacadh i mí an Mheithimh 2022, gnáthóga muirí díghrádaithe agus gnáthóga speiceas muirí aitheanta amhail deilfeanna agus muca mara, siorcanna agus éanlaith mhara a athbhunú, i measc nithe eile. An liosta speiceas siorcanna lena mbaineann, tá sé ar fáil in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an togra agus tá sé bunaithe ar Iarscríbhinn I (Liosta na speiceas toirmiscthe) a ghabhann le Rialachán Uimh. 2019/1241 maidir le Bearta Teicniúla.

    Is é is aidhm do Mhisean an Aontais chun ár nAigéan agus ár nUiscí (43) a athbhunú sláinte ár n-aigéin agus ár n-uiscí a chosaint agus a athbhunú faoi 2030. Mar chuid dá chéad cholún, cosaint agus athbhunú, breathnóidh sé ar athbhunú gnáthóg agus ar thacú le chluichreáin speiceas, lena n-áirítear na creachadóirí a thacaíonn leo, amhail siorcanna. Tá gá le taighde sonrach lena gceadófar, ar bhealach níos tapa agus níos saoire, speicis a shainaithint ó eití siorcanna ar bhonn DNA chun gur féidir na rialuithe a fhorfheidhmiú agus, i dtionscadal Fís Eorpach (44) maidir le comhrac i gcoinne iascaireacht neamhdhleathach agus éisc aischurtha, áirítear cheana féin mear-mheasúnacht bunaithe ar DNA le haghaidh rialú iascaigh.

    Aithnítear sa straitéis Ón bhFeirm go dtí an Forc faoin gComhaontú Glas don Eoraip an nasc láidir idir daoine sláintiúla, sochaithe sláintiúla agus pláinéad sláintiúil agus an gá atá le slí bheatha na bpríomhtháirgeoirí a dheimhniú chun go n-éireoidh leis an aistriú chuig córas bia inbhuanaithe Aontais.

    3.2.2.   Dlús a chur leis an ngníomhaíocht ar an leibhéal domhanda

    Is trádáil dhomhanda é an trádáil in eití siorcanna, mar aon le hiascaireacht siorcanna agus an meath suntasach atá tagtha ar líon na siorcanna. Sin an fáth ar glacadh an Plean Gníomhaíochta Idirnáisiúnta um Shiorcanna a Chaomhnú agus a Bhainistiú (IPOA – Siorcanna (45)) in 1999 faoi choimirce Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (FAO). Is é is príomhchuspóir dó siorcanna a chaomhnú agus a bhainistiú go hinbhuanaithe. Cuireann IPOA creat ar fáil a chuideoidh le pleananna gníomhaíochta náisiúnta, foréigiúnacha agus réigiúnacha a fhorbairt chun siorcanna a chaomhnú agus a bhainistiú. Chuir sé cosc den chéad uair ar theascadh eití siorcanna agus ba shamhail é le haghaidh pleananna gníomhaíochta idirnáisiúnta eile amhail an ceann Eorpach.

    An Coinbhinsiúin maidir le Caomhnú na Speiceas Imirceach Ainmhithe Fiáine (CMS), is conradh comhshaoil de chuid na Náisiún Aontaithe é. Tá forálacha ann maidir le speicis imirceacha, a ngnáthóga agus a mbealaí imirce a chaomhnú agus a bhainistiú. Geallann na páirtithe conarthacha ann cloí le prionsabail an Choinbhinsiúin (i.e. aitheantas a thabhairt don tábhacht a bhaineann le speicis imirceacha, agus oibriú chun na speicis sin agus a ngnáthóg a chaomhnú) agus gníomhú láithreach chun speicis a chosaint trí chomhaontuithe idirnáisiúnta nó Meabhráin Tuisceana a shíniú. Shínigh an tAontas an Meabhrán Tuisceana maidir le Siorcanna Imirceacha a Chaomhnú agus molann sé taighde, iascaireacht inbhuanaithe, cosaint gnáthóige agus comhar idirnáisiúnta sa chomhthéacs sin.

    Cé go ndéanann an tAontas eití siorcanna a onnmhairiú ó iascach siorcanna a bhíonn á bhainistiú, is minic nach amhlaidh atá i gcás go leor de na heití a onnmhairíonn tíortha eile isteach sna margaí tomhaltóirí is mó. Cé go bhfuil bearta caomhnúcháin agus bainistíochta le haghaidh siorcanna glactha agus curtha chun feidhme ag formhór na ERBInna agus ag an-chuid tíortha, tá gá le feabhas mór chun a áirithiú nach mbainfidh cleachtais trádála an bonn de na hiarrachtaí agus den dul chun cinn atá déanta maidir le go leor speiceas siorcanna a chaomhnú. Dá bhrí sin, is gá an toirmeasc éifeachtach ar theascadh eití siorcanna a chur chun cinn a thuilleadh ar fud an domhain, rialuithe éifeachtacha ar shreafaí trádála táirgí siorcanna ar fud an domhain a áirithiú, agus féachaint leis an éileamh ar na táirgí sin a shrianadh.

    Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas, i rith 2023 agus ina dhiaidh:

    tríú tíortha ábhartha a spreagadh chun liostaí siorcanna a chur chun feidhme go héifeachtach i bhfianaise chinntí CITES CoP19 a rinneadh le déanaí chun beagnach 100 speiceas breise de shiorcanna agus roic (agus a dtáirgí) a chur san áireamh i bhFoscríbhinn II a ghabhann le CITES;

    tacú le Rúnaíocht CITES cur leis na hacmhainní atá ag Stáit raoin (46) liostaí CITES de shiorcanna agus de speicis mhuirí eile a chur chun feidhme;

    dlús a chur leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag an Aontas i gcomhlachtaí réigiúnacha um bainistiú iascaigh chun bearta nua caomhnúcháin agus bainistíochta do speicis siorcanna a ghlacadh, agus/nó chun na bearta sin a neartú agus a chur chun feidhme go héifeachtach, chomh maith le measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht na mbeart a glacadh agus na bearta rialaithe a neartú chun a áirithiú go gcuirfear na rialacha atá ann faoi láthair i bhfeidhm agus go ndéanfar iad a fhorfheidhmiú mar is cuí. Áirítear leis sin an beartas ‘eití orthu ó nádúr’ a ghlacadh mar an modh is éifeachtaí chun deireadh a chur le teascadh eití;

    i ngach comhlacht agus eagraíocht idirnáisiúnta ábhartha eile, a mholadh do na Ballstáit tús a chur le plé faoi bhearta nua agus/nó bearta neartaithe atá ann faoi láthair maidir le caomhnú agus bainistiú speiceas siorcanna, chomh maith lena gcur chun feidhme éifeachtach trí a rialuithe a threisiú. Molfaidh an Coimisiún do na Ballstáit an tsaincheist a ardú ag an 19ú seisiún d’Fhochoiste FAO um Thrádáil Éisc, a bheidh ar siúl san Iorua i mí Mheán Fómhair 2023; agus

    oibriú i gcomhar le tíortha nach tíortha den Aontas iad chun laghdú ar an éileamh ar eití siorcanna arna bhfoinsiú go neamhdhleathach a spreagadh, lena n-áirítear an méid sin a dhéanamh trí bhíthin tionscadal cistiúcháin, agus chun tacú le tríú tíortha tábhachtacha acmhainní a fhorbairt chun gáinneáil ar fhiadhúlra a chomhrac.

    4.   CONCLÚIDÍ AGUS FORLÉARGAS

    Leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh, ‘Cuir deireadh le Teascadh Eití – Cuir Deireadh leis an Trádáil’, léirítear na ceisteanna sochaíocha agus comhshaoil atá ina n-údar imní maidir le staid na siorcanna ar fud an domhain, agus an ról atá ag an éileamh ar eití siorcanna. Measann an Coimisiún go bhfuil sé ábhartha maidir le beartas an Aontais Eorpaigh i ndáil leis an muirthimpeallacht a chosaint, acmhainní iascaigh a chosaint agus a chaomhnú agus iascaireacht inbhuanaithe a áirithiú san Aontas agus ar fud an domhain. Tá an tionscnamh seo ag teacht leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus le gealltanas an Aontais maidir le héiceachórais mhuirí agus speicis atá i mbaol a chosaint ar fud an domhain agus rialachas idirnáisiúnta na n-aigéan a chur chun cinn.

    Ba é an tAontas a bhí chun tosaigh i dtaobh a mheas gur cleachtas iascaireachta do-ghlactha é teascadh eití siorcanna. De réir dhlí an Aontais, i gcás ina ndéanann soithí de chuid an Aontais iascaireacht siorcanna nó i gcás ina ndéantar iascaireacht siorcanna in uiscí an Aontais, ní mór na siorcanna a thabhairt i dtír agus a n-eití fós ar an gconablach.

    Is é an toradh a d’fhéadfadh a bheith ag toirmeasc ar thrádáil eití scaoilte go mbeadh líon níos lú siorcanna á iascach ag cabhlach an Aontais in uiscí idirnáisiúnta, rud a bheadh ina chúis le himní faoin tionchar socheacnamaíoch a bheadh aige. Ina theannta sin, ós rud é gur in uiscí idirnáisiúnta a rialaítear faoi shainchúram ERBInna is mó a bhíonn na speicis seo á ngabháil ag cabhlach an Aontais, d’fhéadfadh laghdú gníomhaíochta den chineál sin an bealach a réiteach le haghaidh cleachtais san iascach neamh-Aontais nach bhfuil chomh inbhuanaithe céanna. Mar sin féin, is gá measúnú breise a dhéanamh ar an tionchar eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil níos leithne ar pháirtithe leasmhara an Aontais agus ar thríú tíortha a bhféadfaí difear a dhéanamh dóibh. Chun cinntí eolasacha a dhéanamh, tá gá ag an gCoimisiún le tacar sonraí agus staidrimh níos iomláine agus níos mionsonraithe chun anailís a dhéanamh ar na treochtaí maidir le dinimic na gabhála agus na trádála.

    Dá bhrí sin, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

    cuirfidh sé tús gan mhoill le hobair ullmhúcháin chun measúnú tionchair a sheoladh, faoi dheireadh 2023, ar na hiarmhairtí comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíocha a bhaineann le cur i bhfeidhm an bheartais ‘eití orthu ó nádúr’ maidir le siorcanna a chur ar an margadh san Aontas, bíodh sé sin lena dtomhailt laistigh den Aontas nó le haghaidh trádáil idirnáisiúnta (allmhairí agus onnmhairí).

    déanfaidh sé scrúdú, faoi dheireadh 2023, ar na modhanna dlíthiúla is fearr chun faisnéis níos mionsonraithe a iarraidh chun speicis siorcanna agus a dtáirgí a shainaithint tráth a n-allmhairithe agus a n-onnmhairithe, agus cinneadh a dhéanamh maidir le teacht i bhfeidhm faoin 1 Eanáir 2025 ar a dhéanaí.

    Tá aird tarraingthe leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh ar roinnt ábhar tábhachtach ar féidir aghaidh a thabhairt orthu trí iarrachtaí breise a dhéanamh chun dlí an Aontais a fhorfheidhmiú agus trí ghníomhaíocht a neartú ar an leibhéal idirnáisiúnta. Dá bhrí sin, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas san am céanna:

    an chaoi a bhforfheidhmítear dlí an Aontais a neartú a mhéid a bhaineann le faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí iascaireachta agus margaidh, bearta rialaithe maidir le próiseáil agus margaíocht, allmhairiú agus onnmhairiú táirgí siorcanna, agus rialacha inrianaitheachta agus lipéadaithe.

    gníomhaíocht bhreise a dhéanamh ar an leibhéal idirnáisiúnta agus gníomhaíocht mhéadaithe a mholadh chun siorcanna atá i mbaol a chosaint agus chun a áirithiú go gcoinneofar na pobail siorcanna tráchtála sláintiúil. Díreoidh sé ar chosc éifeachtach a chur ar theascadh eití ar fud an domhain, lena n-áiritheofar rialuithe éifeachtacha ar shreafaí trádála táirgí siorcanna ar fud an domhain, agus lena gcuirfear srian ar an éileamh ar tháirgí siorcanna a thagann as iascach neamh-inbhuanaithe.


    (1)  Uimhir chlárúcháin an Choimisiúin ECI(2020)000001 (https://europa.eu/citizens-initiative/initiatives/details/2020/000001_en)

    (2)  Rialachán (AE) 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh (IO L 130, 17.5.2019, lch. 55)

    (3)  Cinneadh (AE) 2019/2252 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 maidir leis an tionscnamh beartaithe ó na saoránaigh dar teideal ‘Cuir deireadh le Teascadh Eití – Cuir deireadh leis an trádáil’ (fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2019) 9203) (IO L 336, 30.12.2019, lch. 312)

    (4)  Rialachán (AE) 2020/1042 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2020 lena leagtar síos bearta sealadacha maidir leis na teorainneacha ama le haghaidh na gcéimeanna bailiúcháin, fíorúcháin agus scrúdúcháin dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2019/788 maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh i bhfianaise ráig COVID-19 (IO L 231, 17.7.2020, lch. 7); Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2200 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2020 maidir le síneadh a chur leis na tréimhsí chun ráitis tacaíochta a bhailiú le haghaidh tionscnaimh Eorpacha áirithe ó na saoránaigh de bhun Rialachán (AE) 2020/1042 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 434, 23.12.2020, lch. 56); Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/360 ón gCoimisiún an 19 Feabhra 2021 maidir le síneadh a chur leis na tréimhsí chun ráitis tacaíochta a bhailiú le haghaidh tionscnaimh Eorpacha áirithe ó na saoránaigh de bhun Rialachán (AE) 2020/1042 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2021) 1121) (IO L 69, 26.2.2021, lch. 9)

    (5)  Liosta Dearg IUCN na Speiceas faoi Bhagairt

    (6)  Siorcanna | Plean Gníomhaíochta Idirnáisiúnta maidir le Caomhnú agus Bainistiú Siorcanna | Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (fao.org)

    (7)  Féach an Iarscríbhinn

    (8)  Foinse: Faireachlann an Mhargaidh Eorpaigh um Iascach agus um Tháirgí Dobharshaothraithe (EUMOFA)

    (9)  Foinse: Faireachlann an Mhargaidh Eorpaigh um Iascach agus um Tháirgí Dobharshaothraithe (EUMOFA)

    (10)  Foinse: Faireachlann an Mhargaidh Eorpaigh um Iascach agus um Tháirgí Dobharshaothraithe (EUMOFA)

    (11)  Foinse: Staidreamh Iascaigh Eurostat

    (12)  Foinse: Tuarascálacha na mBallstát chuig an gCoimisiún. Ní thagann speicis roc faoin Rialachán maidir le Teascadh Eití Siorcanna, ach is in uiscí an Aontais a ghabhtar iad go heisiach, nach mór.

    (13)  Rialachán (CE) Uimh. 338/97 ón gComhairle an 9 Nollaig 1996 maidir le speicis fauna agus flora fiáine a chosaint trí thrádáil iontu a rialú (IO L 61, 3.3.1997, lch. 1)

    (14)  Is cleachtas é ‘teascadh eití siorcanna’ lena mbaintear na heití de shiorcanna ar bord soithí iascaireachta, agus lena ndéantar an chuid den siorc atá fágtha a aischur san fharraige le linn don soitheach a bheith ar muir.

    (15)  Rialachán (CE) Uimh. 1185/2003 ón gComhairle an 26 Meitheamh 2003 maidir le heití a bhaint de shiorcanna ar bord soithí (IO L 167, 4.7.2003, lch. 1)

    (16)  Rialachán (AE) Uimh. 605/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1185/2003 ón gComhairle maidir le heití a bhaint de shiorcanna ar bord soithí (IO L 181, 29.6.2013, lch. 1)

    (17)  Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le cur chun feidhme an Rialacháin maidir le Teascadh Eití Siorcanna (COM (2016) 207 final)

    (18)  AN COISTE EOLAÍOCH, TEICNIÚIL AGUS EACNAMAÍOCH UM IASCACH (CETEI), Athbhreithniú ar chur chun feidhme an rialacháin maidir le teascadh eití siorcanna agus measúnú ar thionchar Phlean Gníomhaíochta 2009 an Chomhphobail Eorpaigh um Shiorcanna a Chaomhnú agus a Bhainistiú (CPOA) (STECF-19-17)

    (19)  An Coimisiún um Iascach an Atlantaigh Thoir Thuaidh (NEAFC), an Coimisiún Ginearálta Iascaigh don Mheánmhuir (CIGM), Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh (NAFO)

    (20)  An Coimisiún Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú (ICCAT), an Coimisiún um Thuinníní an Aigéin Indiaigh (IOTC), an Coimisiún Idir-Mheiriceánach um Thuinníní Teochreasacha (IATTC), Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thoir Theas (SEAFO), CCSBT, an Coimisiún um Iascach an Aigéin Chiúin Iartharaigh agus an Aigéin Chiúin Láir (WCPFC), Coimisiún Iascaigh an Aigéin Chiúin Thuaidh (NPFC)

    (21)  An Eagraíocht Réigiúnach um Bainistíocht Iascaigh san Aigéan Ciúin Theas (SPRFMO), Comhaontú Iascaigh an Aigéin Indiaigh Theas (SIOFA), an Coinbhinsiún maidir le Beo-acmhainní Muirí san Antartach a chaomhnú (CCAMLR)

    (22)  Féach Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin; Treoirlínte um Rialáil níos Fearr, SWD(2021) 305 final

    (23)  Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1954/2003 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 2371/2002 agus (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22). Is é is aidhm don Chomhbheartas Iascaigh a áirithiú go mbeidh gníomhaíochtaí iascaireachta inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus go mbainisteofar iad de réir spriocanna eacnamaíocha, sóisialta agus fostaíochta (Airteagal 2(1)). Cuireann sé cuir chuige réamhchúraim i bhfeidhm maidir le hiascach a bhainistiú, agus iad bunaithe ar éiceachórais (Airteagal 2(2) agus 2(3)).

    (24)  Airteagal 2(5) j den Rialachán maidir leis an gComhbheartas Iascaigh

    (25)  Treoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 lena mbunaítear creat do ghníomhaíochtaí Chomhphobail sa réimse beartais comhshaoil mhuirí (Treoir Réime um Straitéis Mhuirí) (IO L 164, 25.6.2008, lch. 19)

    (26)  Tuairisceoir MSFD D1C1 de Chinneadh 2017/848 ón gCoimisiún maidir le ráta básmhaireachta speiceas muirí de réir foghabhála

    (27)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle i ndáil le Plean Gníomhaíochta don Chomhphobal Eorpach maidir le Siorcanna a Chaomhnú agus a Bhainistiú (COM/2009/0040 final)

    (28)  Aithrisí 19 agus 20 de Rialachán (AE) 2023/194 ón gComhairle an 30 Eanáir 2023 lena socraítear le haghaidh 2023 na deiseanna iascaireachta maidir le stoic éisc áirithe, a bheidh infheidhme in uiscí an Aontais, agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí neamh-Aontais áirithe, chomh maith le deiseanna iascaireachta den sórt sin a shocrú le haghaidh 2023 agus 2024 le haghaidh stoic éisc dhomhainfharraige áirithe (IO L 28, 31.1.2023, lch. 1)

    (29)  Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú agus le héiceachórais mhara a chosaint trí bhearta teicniúla, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh 1967/2006 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus Rialacháin (AE) Uimh. 1380/2013, (AE) 2016/1139, (AE) 2018/973, (AE) 2019/472 agus (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 894/97, (CE) Uimh. 850/98, (CE) Uimh. 2549/2000, (CE) Uimh. 254/2002, (CE) Uimh. 812/2004 agus (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle (IO L 198, 25.7.2019, lch. 105)

    (30)  Speicis a bhfuil toirmeasc ar a n-iascach, ar a gcoinneáil ar bord, ar a dtrasloingsiú, ar a dtabhairt i dtír, ar a stóráil, ar a dtaispeáint nó ar a dtairiscint lena ndíol.

    (31)  Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009, lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006. (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006 (IO L 343, 22.12.2009, lch. 1)

    (32)  Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle, agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 1967/2006, (CE) Uimh. 1005/2008, agus Rialachán (AE) Uimh. 2016/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialú ar an iascach (COM/2018/368 final)

    (33)  Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1924/2006 agus (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 87/250/CEE ón gCoimisiún, Treoir 90/496/CEE ón gComhairle, Treoir 1999/10/CE ón gCoimisiún, Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 2002/67/CE agus 2008/5/CE ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 608/2004 ón gCoimisiún ( IO L 304, 22.11.2011, lch. 18)

    (34)  Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le comheagrú na margaí i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1184/2006 agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 104/2000 ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 1)

    (35)  Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 maidir le comheagrú na margaí i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe (COM(2023) 101 final), Athbhreithniú ar phlean gníomhaíochta an Aontais i gcoinne na gáinneála ar fhiadhúlra (COM(2022) 581 final)

    (36)  In 2021, thuairiscigh Ballstáit an Aontais 3 urghabháil, agus 8 n-eití nó codanna díobh san iomlán.

    (37)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Athbhreithniú phlean gníomhaíochta an Aontais i gcoinne na gáinneála ar fhiadhúlra (COM(2022) 581 final)

    (38)  Féach Ábhair chun siorcanna a shainaithint | CITES

    (39)  Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 lena mbunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú, lena leasaítear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1936/2001 agus (CE) Uimh. 601/2004 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 1093/94 agus (CE) Uimh. 1447/1999 (IO L 286, 29.10.2008, lch. 1)

    (40)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Plean Gníomhaíochta: Cosaint agus athbhunú na n-éiceachóras muirí le haghaidh iascach inbhuanaithe athléimneach (COM/2023/102 final)

    (41)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Plean Gníomhaíochta an Aontais: Cosaint agus athbhunú na n-éiceachóras muirí le haghaidh iascach inbhuanaithe athléimneach (COM/2023/102 final)

    (42)  Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le hathbhunú dúlra (COM/2022/304 final)

    (43)  Ár nAigéan agus ár nUiscí a Athbhunú (europa.eu)

    (44)  CL6-2023-FARM2FORK-01-8

    (45)  1. PLEANANNA GNÍOMHAÍOCHTA IDIRNÁISIÚNTA - SIORCANNA (fao.org)

    (46)  Stát a bhfuil a chríoch laistigh den raon dáilte nádúrtha a bhaineann le speiceas.


    IARSCRÍBHINN

    Image 1


    Top