AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,19.6.2023
COM(2023) 324 final
2023/0187(CNS)
Togra le haghaidh
TREOIR ÓN gCOMHAIRLE
maidir le Faoiseamh Níos Tapúla agus Níos Sábháilte ó Fharasbarr Cánacha Siarchoinneálacha
{SEC(2023) 243 final} - {SWD(2023) 215 final} - {SWD(2023) 216 final} - {SWD(2023) 217 final}
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
San Aontas Eorpach, d’fhéadfadh oibleagáid ghinearálta a bheith ar infheisteoirí cáin a íoc faoi dhó ar an ioncam a fhaigheann siad ó shealbhú urrús (is é sin díbhinní ar shealúchais cothromas agus ús ar shealúchais bannaí) i gcomhthéacs trasteorann.
·Ar an gcéad dul síos, féadfar cánacha a thobhach i dtír eisitheoir na n‑urrús (an tír fhoinseach) i bhfoirm cánach arna siarchoinneáil ón ollioncam ó urrúis, (cáin shiarchoinneálach (CSC)).
·Ar an dara dul síos, féadfar cánacha a thobhach i dtír chónaithe an infheisteora (an tír thionscnaimh) i bhfoirm cánach ioncaim.
Chun an cánachas dúbailte sin a sheachaint, tá sé aontaithe ag roinnt mhaith tíortha cearta cánachais a roinnt idir na tíortha foinseacha agus tíortha cónaithe trí chomhaontuithe um chánachas dúbailte (CCDanna) a shíniú. Faoi théarmaí na gcomhaontuithe sin, féadfaidh infheisteoirí neamhchónaitheacha a bheith i dteideal ráta níos ísle de cháin shiarchoinneálach nó i dteideal díolúine sa tír fhoinseach. Seachas comhaontuithe cánach, thug roinnt tíortha foinseacha rialacha isteach ina ndéantar foráil maidir le rátaí níos ísle nó díolúintí le haghaidh cáiníocóirí neamhchónaitheacha sonracha agus cuspóirí beartais sonracha ar intinn acu.
Féadfar an laghdú nó an díolúine sin maidir le cáin shiarchoinneálach a dheonú ar dhá bhealach. Cuirtear an ráta cánach laghdaithe nó an díolúine i bhfeidhm díreach ag an bpointe a íoctar an díbhinn/t‑ús (faoiseamh ag an bhfoinse), nó déantar an cháin bhreise arna siarchoinneáil a aisíoc ar bhonn aiséilimh ón infheisteoir (nós imeachta aisíocaíochta).
Bíonn ualach ag baint áfach leis na nósanna imeachta CSC lena gceadaítear d’infheisteoirí neamhchónaitheacha tairbhiú de chomhaontú cánach nó de shochair intíre , agus bíonn siad costasach, agus tógann siad tamall fada toisc go bhfuil éagsúlacht mhór ag baint leo ar fud na mBallstát i dtéarmaí na ndoiciméad a bheidh le cur isteach ag na cáiníocóirí chun an faoiseamh a fháil ón gcáin shiarchoinneálach agus a mhéid a bhaineann lena leibhéal digitithe. Tá nósanna imeachta CSC fós tugtha don riosca a bhaineann le calaois agus mí‑úsáid chánach freisin, rud as a leanann caillteanais ioncaim do na Ballstáit, mar a thaispeántar le sraith scannal cánach, go háirithe na cásanna Cum/Cum agus Cum/Ex mar a thugtar orthu. Tá sé sin i ngeall ar an easpa faisnéise cruinne atá ag na riaracháin chánach, mar gheall ar an leibhéal íseal trédhearcachta laistigh den slabhra airgeadais agus mar gheall ar an easpa faisnéise maidir le socruithe airgeadais a bhaineann leis an urrús foluiteach a bheith ann
Bíonn na céimeanna agus na ceanglais seo a leanas i gceist de ghnáth leis na nósanna imeachta chun éileamh aisíocaíochta a chur isteach: is gá don cháiníocóir (i.e. an té a fhaigheann na híocaíochtaí) a chruthú go bhfuil cónaí air sa tír lena bhfuil comhaontú cánach sínithe ag an mBallstát foinseach. Chun déanamh amhlaidh, is gá don cháiníocóir deimhniú cónaithe a iarraidh ón riarachán cánach maidir lena staid chónaithe. Ina theannta sin, caithfear líon foirmeacha agus doiciméad breise a sholáthar, ag brath ar an tír fhoinseach. De ghnáth, san Aontas, beidh cruthúnas de dhíth ar na Ballstáit fhoinseacha gurb é an cáiníocóir úinéir an urrúis agus tairbhí an ioncaim, d’fhéadfadh sé go gceanglófaí orthu freisin gach cineál doiciméadachta a bhaineann leis an slabhra íocaíochta nó le deimhnithe bainc sonracha (e.g. dearbhán díbhinne) a sholáthar sula ndéanann siad na cánacha breise arna siarchoinneáil a aisíoc. I ngeall ar chásanna an‑suntasach de chalaois shofaisticiúil le déanaí, thug roinnt Ballstát ceanglais fiú amháin níos géire isteach maidir le doiciméadacht mar chuid dá nósanna imeachta, nó tá siad ar tí iad a thabhairt isteach.
Ceann de na cineálacha mí‑úsáide cánach is follasaí is ea cásanna ina mbíonn cáiníocóirí nach bhfuil aon teidlíocht acu ar ráta CSC níos ísle ag gabháil d’idirbhearta (e.g. iasacht urrús nó díol agus athcheannach) le heintitis a bheadh in ann tairbhiú de ráta CSC laghdaithe (e.g. bunaithe ar an gcomhaontú cánach ábhartha nó i ngeall ar a stádas sonrach) dá mba iad úinéir an urrúis, chun na coigiltis a roinnt ina measc féin.
Tugtar arbatráiste díbhinní nó Cum/Cum ar an gcineál sin mí‑úsáide freisin. Cineál eile mí‑úsáide is ea na scéimeanna ‘Cum/Ex’, a oibríonn mar scéimeanna calaoiseacha chun roinnt éileamh aisíocaíochta a dhéanamh: féachann cleachtais díol folamh d’aon turas timpeall ar an lá dáileacháin míthuiscint a chruthú idir úinéir eacnamaíoch agus úinéir dlíthiúil na n‑urrús, rud a chuireann ar a gcumas do gach páirtí aisíocaíochtaí cánach a éileamh ar mó iad ná an tsuim a rinne an gníomhaire CSC a shiarchoinneáil an chéad lá riamh.
Díspreagann an status quo atá i bhfeidhm faoi láthair infheistíochtaí trasteorann laistigh den Aontas Eorpach, go háirithe d’infheisteoirí miondíola: i suirbhé a rinneadh le déanaí, bhí gar do 70 % d’infheisteoirí miondíola a bheadh incháilithe do ráta CSC laghdaithe nár éiligh é, agus iad ag lua nósanna imeachta fada, costasacha agus róchasta ar na príomhchúiseanna gan éileamh a dhéanamh, rud as ar chinn 31 % díobh a stoic eachtracha san Aontas a dhíol. Téann sé sin go bunúsach in aghaidh chuspóirí Aontas na Margaí Caipitil (AMC) agus an phacáiste infheistíochta miondíola a glacadh an 24 Bealtaine 2023, agus déanann sé dochar d’iomaíochas mhargadh an Aontais trí chéile. Seachas acmhainní suntasacha a thógáil d’údaráis chánach, bíonn tionchar diúltach ag an riosca calaoise nó mí‑úsáide seasta ar ioncaim chánach na mBallstát agus, ar chothroime cánach, sa deireadh thiar.
Rinne an Coimisiún Eorpach agus eagraíochtaí idirnáisiúnta anailís agus iad ag iarraidh aghaidh a thabhairt ar na neamhéifeachtúlachtaí agus ar an riosca calaoise nó mí‑úsáide atá bainteach le nósanna imeachta CSC leis na blianta. Go háirithe, chuir an Coimisiún Moladh chun cinn in 2009 chuig na Ballstáit maidir le nósanna imeachta CSC a shimpliú. In 2017, d’fhoilsigh an Coimisiún Cód Iompair maidir le cáin shiarchoinneálach, inar iarradh gealltanas deonach ó na Ballstáit. Ar an leibhéal idirnáisiúnta, in 2013, d’fhormheas an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) Pacáiste Cur chun Feidhme um fhaoiseamh i gcomhréir le conarthaí cánach agus um chomhlíonadh feabhsaithe (TRACE) arb é is aidhm dó aghaidh a thabhairt ar neamhéifeachtúlacht nósanna imeachta CSC chomh maith.
Cé go raibh roinnt feabhais i gceist leis na gníomhaíochtaí sin ar leibhéal idirnáisiúnta agus ar leibhéal an Aontais, díspreagann nósanna imeachta anásta CSC infheistíocht thrasteorann fós, go háirithe ó infheisteoirí miondíola, agus cuireann sé sin bac i gcónaí ar mhargadh caipitil a fheidhmíonn go maith san Aontas agus atá fós tugtha do riosca calaoise nó mí‑úsáide. Meastar go gcosnóidh na nósanna imeachta CSC EUR 6,62 billiún go foriomlán.
Is mar gheall ar na cúiseanna sin, in 2020, sa Phlean Gníomhaíochta maidir le cánachas cothrom agus simplí lena dtacaítear leis an straitéis téarnaimh agus sa Phlean Gníomhaíochta maidir le hAontas na Margaí Caipitil do dhaoine agus do ghnólachtaí, gur fhógair an Coimisiún tionscnamh reachtach i réimse na nósanna imeachta CSC. I mí an Mhárta 2022 chuir Parlaimint na hEorpa fáilte roimh an bPlean Gníomhaíochta le haghaidh cánachas cothrom agus simplí agus thug tacaíocht dá chur chun feidhme críochnúil. Thairis sin, chuir Parlaimint na hEorpa fáilte mhór roimh rún an Choimisiúin togra a chur chun cinn lena mbunaítear córas coiteann agus caighdeánaithe maidir le cánacha siarchoinneálacha, lena ngabhann sásra le haghaidh malartú faisnéise agus comhair i measc riaracháin chánach na mBallstát. In 2020, chuir Parlaimint na hEorpa agus í i mbun réitigh maidir leis an bPlean Gníomhaíochta ar Aontas na Margaí Caipitil i dtábhacht an gá atá le bacainní cánacha a laghdú i dtaca le hinfheistíochtaí trasteorann, lena n‑áirítear nósanna imeachta le haghaidh aisíocaíocht thrasteorann a dhéanamh le hinfheisteoirí, lena n‑áirítear infheisteoirí miondíola.
Tá dhá chuspóir leis an togra seo: tacaíocht a thabhairt do dhea‑fheidhmiú AMC trí infheistíocht trasteorann a éascú agus cánachas cothrom a áirithiú trí chalaois agus mí‑úsáid chánach a chosc.
Chun na cuspóirí a bhaint amach, tugtar nósanna imeachta CSC níos éifeachtúla isteach leis an togra seo agus, an tráth céanna, tugtar na huirlisí is gá do na Ballstáit chun calaois agus mí‑úsáid chánach a chomhrac go héifeachtach. Beidh tionchair an‑phraiticiúil agus an‑áisiúil ag na hathruithe atá molta freisin ó thaobh na n-infheisteoirí de agus tiocfaidh coigilteas an‑suntasach costas as d’infheisteoirí, agus meastar go mbeidh luach EUR 5,17 billiún in aghaidh na bliana ag gabháil leo.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Tá an tionscnamh seo i gcomhréir go hiomlán le tionscnaimh eile arna nglacadh ag an gCoimisiún le blianta anuas chun an phríomhthosaíocht maidir leis an gcomhrac in aghaidh calaois chánach agus mí‑úsáid chánach a bhaint amach:
–In 2016, ghlac an Coimisiún leis an Treoir in aghaidh Seachaint Cánach (ATAD) chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme ar bhealach comhordaithe sna Ballstáit príomhbhearta in aghaidh seachaint cánach a eascraíonn as na gníomhaíochtaí idirnáisiúnta um Chreimeadh an Bhoinn agus Aistriú Brabúis.
–Rinneadh athbhreithniú ar Threoir an Chomhair Riaracháin (DAC) ó glacadh í in 2011, agus leathnaíodh í roinnt uaireanta chun faisnéis a bhaineann le cáin a mhalartú ar bhonn mórscála agus go caoithiúil ar fud an Aontais. Go háirithe, bunaítear le DAC2 creat le haghaidh trédhearcacht chánach níos mó laistigh den Aontas Eorpach i dtéarmaí faisnéise maidir le cuntais airgeadais.
–Ceanglaítear le DAC6 ar idirghabhálaithe údaráis chánach a chur ar an eolas maidir le socruithe trasteorann a d’fhéadfaí a úsáid le haghaidh pleanáil ionsaitheach cánach.
–In 2021, ghlac an Coimisiún le togra le haghaidh Treorach chun comhrac in aghaidh mí‑úsáid eintiteas caoch (i.e. eintitis san Aontas Eorpach nach bhfuil aon ghníomhaíocht eacnamaíoch acu nó a bhfuil gníomhaíocht eacnamaíoch íosta acu) chun cánacha a sheachaint nó a imghabháil.
Níl bearta sonracha in ionstraimí reatha an Aontais áfach chun dul i ngleic le cleachtais chánach éagóracha i dtaca leis na nósanna imeachta CSC. Ní dhéantar foráil sna rialacha atá ann cheana chun faisnéis a thuairisciú ar idirbhearta urrús le riaracháin chánach na mBallstát foinseach (lena n‑áirítear mionsonraí an tslabhra íocaíochta i ndáil le híocaíocht díbhinní nó úis a dhéanann idirghabhálaithe airgeadais).
Dá thoradh sin, ní thugann siad aghaidh go leordhóthanach ar fhadhb shonrach na mí‑úsáide. Leis an Treoir sin leathnófar trédhearcacht chun deis a thabhairt do Bhallstáit seiceáil má chuirtear an ráta CSC i bhfeidhm i gceart ar gach cáiníocóir incháilithe. Áiritheofar léi go mbainfear trédhearcacht amach go tráthúil ionas go dtabharfar bonn cirt do phróiseáil thapa éifeachtúil iarrataí aisíocaíochta nó faoisimh is infheidhme agus go gceadófar an phróiseáil sin.
Toisc go mbaineann an togra seo le nósanna imeachta um cháin shiarchoinneálach ní dhéanfaidh sé ach amháin an Treoir maidir le Máthairchuideachtaí agus Fochuideachtaí agus an Treoir maidir le hÚs agus Ríchíosanna a chomhlánú, ar treoracha iad lena ndíolmhaítear faoi seach, díbhinní agus dáiltí brabúis eile, agus íocaíochtaí úis agus ríchíosa arna ndéanamh ag fochuideachtaí lena máthairchuideachtaí agus lena ndíothaítear cánachas dúbailte an ioncaim sin ar leibhéal na máthairchuideachta. D’fhéadfadh an Treoir maidir le Máthairchuideachtaí agus Fochuideachtaí agus an Treoir maidir le hÚs agus Ríchíosanna a bheith infheidhme i ndáil leis na hurrúis liostaithe atá faoi raon feidhme an togra seo agus ní chuirfear srian leis an togra seo ar na Ballstáit an Treoir maidir le Máthairchuideachtaí agus Fochuideachtaí agus an Treoir maidir le hÚs agus Ríchíosanna a chomhlíonadh ach ina ionad sin éascóidh sé é i dtéarmaí nós imeachta.
•
Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Tá an togra i gcomhréir go hiomlán le dea‑fheidhmiú Aontas na Margaí Caipitil agus cuideoidh sé chun tacaíocht a thabhairt dó. Féachann AMC le maoiniú a dhéanamh níos inrochtana do chuideachtaí an Aontais, le hinfheistíocht a dhéanann daoine aonair agus gnólachtaí a éascú, agus le margaí caipitil náisiúnta a chomhtháthú chun fíormhargadh aonair a dhéanamh díobh. Leanann costais shuntasacha as nósanna imeachta CSC atá éagsúil, trom agus fada agus díspreagann na costais sin infheistíocht thrasteorann agus déanann siad dochar don AMC. Ach nósanna imeachta CSC a dhéanamh níos tapúla, níos éifeachtúla agus níos saoire, tacóidh sé sin le hinfheistíocht thrasteorann agus cuideoidh sé le fíormhargadh aonair le haghaidh caipitil a thógáil san Aontas.
Trí aghaidh a thabhairt ar phríomh‑bhacainn ar an infheistíocht a dhéanann infheisteoirí miondíola ar bhonn trasteorann, comhlánaíonn an togra seo an Straitéis Infheistíochta Miondíola a glacadh an 24 Bealtaine 2023 chun tomhaltóirí a chumhachtú leas iomlán a bhaint as margaí caipitil an Aontais.
Comhlánaíonn an Treoir seo freisin an Treoir maidir le Cearta Scairshealbhóirí toisc gurb é is aidhm dóibh araon trédhearcacht a éileamh i ndáil leis an infheisteoir deiridh. Éascaíonn an Treoir maidir le Cearta Scairshealbhóirí sainaithint scairshealbhóra agus sreafaí faisnéise idir na scairshealbhóirí agus eisitheoir na n‑urrús. Tá sé de cheart ag cuideachtaí a gcuid scairshealbhóirí a shainaithint agus faisnéis a fháil maidir le haitheantas scairshealbhóirí ó aon idirghabhálaí a bhfuil an fhaisnéis sin ina sheilbh aige.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Is é Airteagal 115 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) an bunús dlí do na tionscnaimh reachtacha seo maidir le cánachas. Cé nach ndearnadh aon tagairt shainráite don chánachas díreach san airteagal seo, déantar tagairt ann do threoracha maidir le comhfhogasú dlíthe náisiúnta a dhéanann difear go díreach do bhunú nó d’fheidhmiú an mhargaidh aonair. Leantar ann gurb iad na treoracha, faoi Airteagal 115 CFAE, an ionstraim dlí iomchuí don Aontas sa réimse seo. Bunaithe ar Airteagal 288 CFAE, beidh treoracha ceangailteach, maidir leis an toradh atá le gnóthú ar na Ballstáit, ach fágfar faoi na húdaráis náisiúnta foirm agus modhanna a roghnú.
•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
Comhlíonann an togra seo prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). Fágann cineál trasteorann na faidhbe atá i ngeall go dteastaíonn tionscnamh coiteann ar fud an mhargaidh aonair.
Eascraíonn foinse na faidhbe go príomha go bhfuil, i measc na mBallstát sin a dhéanann cánacha siarchoinneálacha a thobhach ar íocaíochtaí díbhinne nó úis, córais dhifriúla á gcur i bhfeidhm chun foráil a dhéanamh maidir le faoiseamh ar chánacha breise i gcásanna trasteorann. Tá na córais seo a leanas á n‑úsáid agus d’fhéadfadh feidhm a bheith ag tairseacha difriúla nó ag ceanglais dhifriúla i mBallstáit dhifriúla: córas um fhaoiseamh ag an bhfoinse, córas tapa aisíocaíochta, an gnáthchóras aisíocaíochta nó meascán díobh.
Cruthaítear costais arda chomhlíontachta d’infheisteoirí agus do na hidirghabhálaithe airgeadais lena mbaineann nuair a choinnítear creat nósanna imeachta CSC ar bun san Aontas, creat atá ag éirí níos deighilte i gcónaí. Le cineál trasteorann na saincheiste i gceist atá i réim éilítear gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais chun nósanna imeachta riaracháin a shimpliú agus costais chomhlíontachta a laghdú. In éagmais tionscnamh den sórt sin, cuireann deighilt na nósanna imeachta CSC náisiúnta bac ar fheidhmiú éifeachtach na nósanna imeachta faoisimh le haghaidh oibríochtaí trasteorann, agus ar fheidhmiú ceart an mhargaidh aonair ina dhiaidh sin. Dá bhrí sin, éilítear gníomhaíocht an Aontais chun cothrom na Féinne a chothromú le haghaidh infheisteoirí náisiúnta agus eachtracha agus le haghaidh idirghabhálaithe intíre agus neamhchónaitheacha araon.
Is é is aidhm freisin don tionscnamh freagra a thabhairt ar na moltaí a rinne ESMA sa ‘Tuarascáil chríochnaitheach maidir le Cum/Ex, Cum/Cum agus scéimeanna aiséilimh cánach siarchoinneálaí’ a bhain de chonclúid as go mbeadh gá le gníomhaíocht shonrach maidir le cánachas ar leibhéal an Aontais chun calaois agus mí‑úsáid a chomhrac go héifeachtach.
Tá tionscnamh reachtach dá bhrí sin i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.
•Comhréireacht
Ní ghabhann na bearta atá beartaithe thar an leibhéal íosta cosanta is gá don mhargadh aonair agus tá siad i gcomhréir dá bhrí sin le prionsabail na comhréireachta. Ní fhorordaítear comhchuibhiú iomlán leis an togra, ní dhéantar ann ach gnéithe coiteanna a leagan amach a chuirfeadh feabhas ar chórais CSC na mBallstát agus a neartódh iad in aghaidh calaoise agus mí‑úsáide.
Bhainfeadh infheisteoirí, idirghabhálaithe airgeadais agus riaracháin chánach tairbhe de dheimhniú digiteach coiteann um chónaí cánach (ríomh-DCC) a chur chun feidhme. Tiocfaidh córas iomlán digiteach in ionad an chórais atá i bhfeidhm faoi láthair, córas atá deighilte agus a bhfuil cuid de páipéarbhunaithe. Mhéadódh sé sin digitiú na bpróiseas riaracháin i mBallstáit agus bhainfí gnóthachain éifeachtúlachta amach, rud lena gcuirfí ar a gcumas d’idirghabhálaithe airgeadais freisin feabhas a chur ar a bpróisis féin. Is céad chéim thábhachtach é sin i dtreo nósanna imeachta CSC níos éifeachtúla a bhaint amach.
Léireofaí roinnt costas agus ualach riaracháin le hoibleagáidí tuairiscithe a thabhairt isteach d’idirghabhálaithe airgeadais. Is mó áfach an tionchar dearfach a bheadh ag an bhfaisnéis a gheofaí do riaracháin chánach ná na costais sin, maidir le feabhas a chur ar nósanna imeachta CSC i dtéarmaí slándála agus éifeachtachta.
Thairis sin, ba cheart measúnú a dhéanamh ar an ualach sin in aghaidh na dtionscnamh a glacadh nó a fógraíodh le déanaí i roinnt Ballstát mar fhreagra ar scannail le déanaí a bhain le calaois chánach agus mí‑úsáid ar nósanna imeachta CSC – tugtar isteach ceanglais nua tuairiscithe forleathan d’idirghabhálaithe leis na tionscnaimh seo.
Le caighdeán tuairiscithe coiteann ar fud an Aontais shábhálfaí costais chomhlíontachta d’idirghabhálaithe airgeadais a fheidhmíonn thar theorainneacha toisc go mbeadh caighdeán tuairiscithe amháin os a gcomhair ar fud an Aontais ina iomláine, in ionad meascán de cheanglais tuairiscithe éagsúla.
•An rogha ionstraime
Is togra le haghaidh Treorach é an togra, arb í an t‑aon ionstraim atá ar fáil faoin mbunús dlí (Airteagal 115 CFAE).
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
Ní raibh aon reachtaíocht cheangailteach ann roimhe seo i réimse na nósanna imeachta faoisimh CSC agus dá bhrí sin ní dhearnadh aon mheastóireacht ex post nó aon seiceáil oiriúnachta.
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Bhí idir chomhairliúcháin phoiblí agus spriocdhírithe i gceist leis an straitéis comhairliúcháin do pháirtithe leasmhara le haghaidh an tionscnaimh seo. Foilsíodh an Measúnú Tionchair Tosaigh an 28 Meán Fómhair 2021 le tréimhse comhairliúcháin 4 seachtaine, agus lean comhairliúchán poiblí é ina dhiaidh sin a bhí ar siúl idir mí Aibreáin agus mí an Mheithimh 2022, as ar tháinig 1682 fhreagra.
Chuathas i gcomhairle leis na Ballstáit trí Pháirtí Oibre IV, cruinnithe déthaobhacha agus dhá chruinniú ag an bhFóram TRADEUS. Thairis sin, bhí cruinnithe ar siúl le páirtithe leasmhara éagsúla, amhail ionadaithe na n‑idirghabhálaithe airgeadais agus infheisteoirí miondíola.
As na malairtí sin uile agus an t‑ionchur a fuarthas ó na páirtithe leasmhara éagsúla, is féidir teacht ar an gconclúid go bhfuil comhthoil leathan ann maidir leis na fadhbanna atá ag éirí as na nósanna imeachta CSC difriúla ar fud na mBallstát agus maidir leis an ngá atá le gníomhaíocht an Aontais chun dul i ngleic leis an gcás deighilte agus neamhéifeachtúil.
Tá difríochtaí ann áfach idir na príomhghrúpaí páirtithe leasmhara maidir leis na roghanna féideartha sin a dhéanamh:
–Bhreithnigh infheisteoirí agus idirghabhálaithe airgeadais go follasach go soláthródh faoiseamh ag an bhfoinse na torthaí ab fhearr amhail luath‑fhaoiseamh d’infheisteoirí agus ualach teoranta ar idirghabhálaithe. D’aithin siad freisin gur dhóchúil go gcaithfí córas um fhaoiseamh ag an bhfoinse a chomhlánú le córais aisíocaíochta CSC, mar chúltaca. Léirigh siad tacaíocht dá bhrí sin do thionscnamh a mbeadh sé mar aidhm leis freisin na próisis agus na foirmeacha aisíocaíochtaí CSC atá i bhfeidhm faoi láthair a chaighdeánú.
–Léirigh na Ballstáit tacaíocht maidir le deimhniú digiteach coiteann uile‑Aontais um chónaí cánach a thabhairt isteach. Maidir leis an oibleagáid tuairiscithe agus an nós imeachta caighdeánaithe:
(a)Ballstáit i gcás ina bhfuil an ráta intíre le haghaidh infheisteoirí neamhchónaitheacha níos ísle nó mar an gcéanna leis an ráta CCD, ní bheadh tionchar díreach ag caighdeánú na nósanna imeachta CSC nó an tuairiscithe CSC orthu. Léirigh roinnt de na Ballstáit sin tacaíocht do ghníomhaíocht ar leibhéal an Aontais toisc go gcuirfidh sé feabhas ar sheasamh a gcuid infheisteoirí.
(b)Ballstáit i gcás ina bhfuil an ráta CSC inmheánach níos airde ná an ráta CCD faoi seach a comhaontaíodh tríd is tríd chun trédhearcacht a fheabhsú agus chun na nósanna imeachta CSC a chaighdeánú, ag cur i dtábhacht an tábhacht atá le cothromaíocht a bhaint amach idir na nósanna imeachta sin a bheith éifeachtúil agus an smacht a choimeád ar phróisis chun mí‑úsáidí cánach a chosc.
Rinneadh machnamh cúramach sa togra seo ar na léargais uile thuasluaite a fuarthas ó pháirtithe leasmhara ina dtugtar isteach nósanna imeachta CSC níos éifeachtúla agus a sholáthraíonn, an tráth céanna, na huirlisí is gá do na Ballstáit chun calaois chánach agus mí‑úsáid chánach a chomhrac go héifeachtach.
•Saineolas a bhailiú agus a úsáid
Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle go forleathan agus fuair sé ionchur ó fhoinsí éagsúla le linn don togra a bheith á ullmhú. I measc dreamanna eile, bhí an Coimisiún ag brath ar fhaisnéis atá ar fáil go poiblí agus ar ionchur a fuarthas ón earnáil phríobháideach trí ghlaonna agus seisiúin ar an láthair chun eilimintí teicniúla a phlé.
•Measúnú tionchair
Rinneadh measúnú tionchair chun an tionscnamh seo a ullmhú. Cuireadh an dréacht‑tuarascáil ar an measúnú tionchair faoi bhráid Bhord um Ghrinnscrúdú Rialála (RSB) an Choimisiúin an 16 Samhain 2022. Tar éis chruinniú an 14 Nollaig 2022, d’eisigh an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála tuairim dhiúltach an 16 Nollaig 2022, inar moladh roinnt réimsí ina bhféadfaí feabhas breise a dhéanamh. Na príomhréimsí le feabhas a chur orthu: tuilleadh soiléireachta maidir le hualú cothrom dhá chuspóir shonracha an tionscnaimh (éifeachtúlacht a fheabhsú agus mí‑úsáid chánach a chomhrac), tuairisc chruinn ar an ábhar, ar fheidhmiú agus ar chomhlántacht na roghanna agus pictiúr soiléir agus iomlán de na costais agus na sochair a bhainfidh le gach rogha.
Cuireadh tuarascáil athbhreithnithe ar Mheasúnú Tionchair isteach an athuair chuig an mBord um Ghrinnscrúdú Rialála an 20 Márta 2023 le hathbhreithnithe a tugadh isteach mar fhreagra ar thuairim an Bhoird roimhe sin. Tugadh soiléiriú go háirithe go bhfuil an tábhacht chéanna leis an dá chuspóir - feabhas a chur ar éifeachtúlacht agus mí‑úsáid chánach a chomhrac; anuas air sin, leasaíodh cur i láthair na roghanna chun léiriú a thabhairt ar thrí rogha in ionad ceithre cinn (rogha 1 agus 2 roimhe sin a chónascadh le rogha 1 atá ann faoi láthair agus athdhréachtú agus athrú beag a dhéanamh ar ord rogha 2 agus 3); ar deireadh, rinneadh athbhreithniú ar an measúnú tionchair chun foráil a dhéanamh maidir le forbhreathnú níos cuimsithí ar na costais agus sochair agus cuireadh cairt achoimre leis chun glanchostas/glansochair gach rogha reatha a léiriú le haghaidh gach páirtí leasmhar.
Ag teacht ón Measúnú Tionchair sin a cuireadh isteach an athuair, d’eisigh an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála tuairim dhearfach lenar ghabh forchoimeádas an 21 Aibreán 2023. D’iarr an Bord tuilleadh soiléirithe maidir leis na roghanna atá ar fáil agus ar chostais/coigiltis i raon feidhme an chur chuige Ceann Istigh, Ceann Amuigh. Thairis sin, iarradh go ndéanfaí léiriú níos fearr san anailís tionchair ar an bhfíoras go dtugtar leis an rogha thosaíochta rogha do na Ballstáit idir an faoiseamh a chur i bhfeidhm ag an bhfoinse agus/nó an córas tapa aisíocaíochta a chur i bhfeidhm. Tugadh aghaidh ar fhorchoimeádais thuasluaite sa leagan deireanach den mheasúnú tionchair.
Sa Mheasúnú Tionchair, arna athbhreithniú de réir na moltaí ón mBord um Ghrinnscrúdú Rialála, scrúdaíodh trí rogha beartais:
Rogha 1 – deimhniú digiteach um chónaí cánach (ríomh-DCC) + tuairisciú coiteann a chur ar bun
Faoin rogha seo, d’fhéadfadh na Ballstáit leanúint dá gcórais reatha a chur i bhfeidhm (i.e. faoiseamh ag an bhfoinse agus/nó nósanna imeachta aisíocaíochta) ach ba cheart dóibh na heilimintí nua seo a leanas a thabhairt isteach:
·ríomh-DCC coiteann (a bhfuil inneachar coiteann agus formáid choiteann aige) a d’eiseodh/a d’fhíoródh gach Ballstát ar bhealach digiteach.
·comhchaighdeán tuairiscithe chun trédhearcacht a mhéadú toisc go dtuairisceodh gach idirghabhálaí airgeadais ar fud an tslabhra airgeadais sraith shainithe faisnéise don Bhallstát foinseach. Bheadh nósanna imeachta caighdeánaithe um dhícheall cuí, rialacha maidir le dliteanas agus foirmeacha coiteanna aisíocaíochta a bheadh le comhdú thar ceann cliant/cáiníocóirí agus úsáid á baint as uathoibriú ag gabháil leis.
Rogha 2 - Córas um Fhaoiseamh ag an bhFoinse a Chur i bhFeidhm
Leis an dara rogha seo, forbraítear na heilimintí a áirítear i rogha 1 ach ceanglaítear ar na Ballstáit córas faoisimh ag an bhfoinse a bhunú lena n‑éascaítear rátaí laghdaithe a chur i bhfeidhm de bhun comhaontú um chánachas dúbailte nó rialacha intíre a chur i bhfeidhm díreach tráth na híocaíochta. Faoi rogha 2, bheadh ar riaracháin chánach faireachán a dhéanamh ar na cánacha a bheadh dlite tar éis don íocaíocht a bheith déanta.
Rogha 3 – Córas Tapa Aisíocaíochta a chur i bhfeidhm laistigh de thréimhse ama socraithe nó/agus Faoiseamh ag an bhFoinse
Cuimsítear leis an rogha sin rogha 1 agus an ceanglas breise gur cheart do na Ballstáit a bhfuil córas aisíocaíochta á chur i bhfeidhm acu a áirithiú go láimhseálfar an t‑aiséileamh laistigh de thréimhse ama réamhshainithe, ar a dtugtar an córas tapa aisíocaíochta.. Féadfaidh na Ballstáit córas um fhaoiseamh ag an bhfoinse a thabhairt isteach nó leanúint dá chur chun feidhme (mar phríomhchóras nó mar chóras le haghaidh íocaíochtaí áirithe a mbaineann riosca íseal leo).
Cuireadh na roghanna éagsúla i gcomparáid lena chéile de réir na gcritéar seo a leanas: éifeachtacht, éifeachtúlacht, comhleanúnachas agus comhréireacht.
De na roghanna uile, is í rogha 3 an rogha thosaíochta. Is rogha an‑éifeachtach rogha 3 chun dul i ngleic leis na fadhbanna a sainaithníodh san Aontas i dtéarmaí luais, agus próisis níos simplí agus nósanna imeachta níos digitithe a bheith ann. Cé go mbeadh coigilteas costais níos airde fós ag infheisteoirí mar thoradh ar rogha 2, le rogha 3 tugtar de rogha do na Ballstáit smacht ex ante a choinneáil ar iarratais ar aisíocaíocht, rud a sholáthródh bealach chun cinn ba cheart a bheith indéanta ó thaobh na polaitíochta de i ngach Ballstát. Tá sé ábhartha go háirithe go ndéanfaí mí‑úsáid a chomhrac i gcás na mBallstát ar bhí thíos go mór le cleachtais Cum/Cum agus Cum/Ex le blianta beaga anuas. Ar chúiseanna polaitiúla, d’fhéadfadh sé go mbeadh drogall ar na Ballstáit sin córas um fhaoiseamh ag an bhfoinse a ghlacadh sa ghearrthéarma, toisc go dtugtar le córas den sórt sin ról níos suntasaí d’idirghabhálaithe airgeadais.
Tionchair eacnamaíocha
Sochair
Is é an toradh a bheidh ar an tionscnamh atá beartaithe ná coigilteas costais d’infheisteoirí, arb é a bheidh ann de réir na meastachán tuairim is EUR 5,17 billiún in aghaidh na bliana, lena n‑áirítear EUR 730 milliún in aghaidh na bliana a bhaineann le laghdú ar pháipéarachas (EUR 409 milliún maidir le hinfheisteoirí an Aontais). Is é is cúis leis sin ná go dtabhóidh infheisteoirí níos lú costais chomhlíontachta, gur lú cásanna de chánachas dúbailte a bhainfidh dóibh agus go mbeidh siad in ann an t‑airgead a aisíocfar a athinfheistiú go tráthúil. Leis an tionscnamh seo rachfar i ngleic, dá réir, le bacainn struchtúrach fhadbhunaithe ar infheistíocht trasteorann agus cuideofar le cuideachtaí an Aontais caipiteal a chruinniú ó bhonn níos leithne infheisteoirí, rud atá de chroíchuspóir ag Aontas na Margaí Caipitil.
Cé go dtabhódh idirghabhálaithe airgeadais costais shuntasacha sa ghearrthéarma chun na córais a theastaíonn chun an Treoir nua a chomhlíonadh a chur i bhfeidhm, tá coinne leis go mbainfidh siad leas san fhadtéarma as coigilteas costais (a mheastar a bheith thart ar EUR 13.5 milliún in aghaidh na bliana) mar gheall ar nósanna imeachta cuíchóirithe, go háirithe a bhuí le digitiú gnéithe áirithe den tionscnamh amhail úsáid ríomh-DCC nó iarratas ar fhaoiseamh ar an mórchóir.
Ar deireadh, beidh riaracháin chánach níos fearr in ann mí‑úsáid cánach a chomhrac, rud ar cheart tionchar dearfach a bheith aige faoi dheireadh ar ioncaim chánach. Tá coinne leis go mbeidh tionchar dearfach ag an tionscnamh seo ar OTI, laistigh de raon 0,025 %.
Costais
Beidh costais cur chun feidhme agus costais athfhillteacha bhliantúla EUR 75.9 milliún agus EUR 13 mhilliún faoi seach ag idirghabhálaithe airgeadais. Tabhóidh riaracháin chánach freisin costais forbartha TF as ríomh-DCC a chur chun feidhme (a mheastar a bheith i raon EUR 4,9-54 mhilliún de chostais taighde agus EUR 0,97-10.8 milliún de chostais athfhillteacha) agus na córais tuairiscithe is gá chun sonraí a fháil (a mheastar a bheith ina chostas aonuaire atá cothrom le EUR 18,2 milliún agus EUR 3,5 milliún de chostais athfhillteacha). Ar deireadh, ós rud é go mbeidh níos lú cásanna de chánachas dúbailte ann, beidh laghdú do na Ballstáit ar ioncam cánach a mheastar a bheith cothrom le EUR 2,2 billiún.
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
Ar cheann de na príomhchuspóirí sonracha atá ag an togra tá digitiú nósanna imeachta CSC a thabhairt isteach chun bealaí lán‑uathoibrithe a bhaint amach chun ríomh-DCC a eisiúint, faisnéis a thuairisciú, iarratais ar fhaoiseamh nó ar aisíocaíocht a chur isteach agus na sonraí a sheiceáil. Cuspóir eile atá á lorg leis an tionscnamh is ea iomadú córas éagsúil sna Ballstáit a sheachaint trí roinnt eilimintí de nósanna imeachta CSC a chaighdeánú.
Maidir leis an gcur chuige ‘ceann amháin isteach, ceann amháin amach’, beidh de thoradh ar an tionscnamh coigilteas costais d’infheisteoirí a bhaineann le laghdú ar pháipéarachas (EUR 409 milliún in aghaidh na bliana) agus coigilteas costais d’idirghabhálaithe airgeadais a bhaineann le nósanna imeachta sruthlínithe (EUR 13.5 milliún in aghaidh na bliana). An tráth céanna, íocfaidh idirghabhálaithe airgeadais EUR 75.9 milliún de chostais aonuaire cur chun feidhme agus EUR 13 milliún de chostais athfhillteacha.
Tabharfar isteach leis an togra oibleagáidí tuairiscithe le haghaidh idirghabhálaithe airgeadais. Tá sé ríthábhachtach faisnéis ghráinneach a fháil chun go mbeidh riarachán cánach an Bhallstáit fhoinsigh in ann rátaí laghdaithe iomchuí CSC a mheasúnú agus a chur i bhfeidhm agus cleachtais mhíthreoracha a shainaithint go héifeachtach, agus ar an gcaoi sin ceann de chuspóirí an tionscnaimh a bhaint amach. Chun an t‑ualach a eascraíonn as an tuairisciú a theorannú, tá an fhaisnéis atá le tuairisciú ag idirghabhálaithe airgeadais teoranta don mhéid is gá do na Ballstáit chun an slabhra íocaíochta le haghaidh díbhinní agus úis a athchruthú agus a mhéid atá an fhaisnéis sin ar fáil d’idirghabhálaithe airgeadais tuairiscithe. Thairis sin, déanfar an tuairisciú trí úsáid a bhaint as ríomhfhoirmeacha caighdeánacha agus as ceanglais choiteanna maidir leis na bealaí cumarsáide atá le leagan síos ag an gCoimisiún trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme.
Ina theannta sin, ar mhaithe le simpliú agus ceanglais is lú déine a thabhairt isteach i nósanna imeachta CSC d’infheisteoirí beaga, tugadh isteach riail de minimis le haghaidh na n‑oibleagáidí tuairiscithe agus an nós imeachta um dhícheall cuí. Is éard atá ann gan faisnéis faoi shocruithe airgeadais nó íostréimhse sealbhaíochta a iarraidh ar infheisteoirí a bhfuil íocaíochtaí díbhinne acu faoi bhun thairseach EUR 1 000.
•Cearta bunúsacha agus comhionannas
Déantar cearta bunúsacha, go háirithe na ceanglais a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (‘RGCS’), a choimirciú. Ní dhéanfar na sonraí pearsanta a phróiseáil ach amháin chun a fhíorú go gcuirfear ráta ceart CSC i bhfeidhm ar an gcáiníocóir agus chun an riosca a bhaineann le calaois chánach agus mí‑úsáid chánach a mhaolú. Ní dhéanfar sonraí pearsanta a tharchur ach amháin idir eintitis a bhfuil baint acu le nósanna imeachta faoisimh CSC faoin Treoir seo. Beidh an méid sonraí pearsanta a tharchuirfear teoranta don mhéid atá riachtanach chun tearcthuairisciú, neamhthuairisciú nó calaois chánach nó mí‑úsáid chánach a bhrath, i gcomhréir le ceanglais RGCS. Ní choinneofar sonraí pearsanta ach chomh fada agus is gá chun na críche sin.
Níl tionchar suntasach ag an tionscnamh seo ar an gcomhionannas, lena n‑áirítear an comhionannas inscne.
•Tionchair eile
Níor sainaithníodh aon tionchar suntasach eile. Mar sin féin, tá coinne leis go mbeidh tionchar sóisialta dearfach teoranta ag an tionscnamh, ós rud é go n‑áiritheofar leis cánachas níos cothroime; chomh maith le tionchar dearfach teoranta ar an gcomhshaol, i bhfianaise an laghdaithe lena bhfuil coinne ar phróisis aisíocaíochta pháipéarbhunaithe. Dá bhrí sin, tá an tionscnamh atá ann faoi láthair ag teacht le comhlíonadh an chuspóra maidir le neodracht aeráide mar a iarrtar sa Dlí Aeráide Eorpach.
Seasann an togra leis na prionsabail ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ agus ‘digiteach trí réamhshocrú’ agus cuidíonn sé leis an modh Eorpach do shochaí agus do gheilleagar digiteach a bhaint amach.
Is iad na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a dtugtar aghaidh orthu go páirteach sa tionscnamh ná Sprioc 8 (Obair chuibhiúil agus fás eacnamaíoch), Sprioc 9 (Tionscal, nuálaíocht agus bonneagar) agus Sprioc 16 (Síocháin, ceartas agus institiúidí láidre) mar a chuirtear i láthair iad in Iarscríbhinn 3 den mheasúnú tionchair.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Áirítear ar phríomhimpleachtaí buiséadacha an tionscnaimh don Choimisiún an deimhniú leictreonach um chónaí cánach a chur chun feidhme agus na formáidí agus na bealaí cumarsáide a bhunú a úsáidfidh idirghabhálaithe airgeadais chun tuairisc a thabhairt do na húdaráis chánach náisiúnta. Leis an ráiteas airgeadais reachtach, soláthraítear sonraí maidir leis na hacmhainní daonna agus riaracháin a cheanglaítear.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme na Treorach, soláthróidh na Ballstáit sonraí don Choimisiún ar bhonn bliantúil ina léireofar faisnéis ábhartha maidir le feidhmiú na Treorach. Déanfar an fhaisnéis ábhartha a shainiú trí ghníomh cur chun feidhme mar a luaitear in Airteagal 19 den Treoir.
Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Treoir 5 bliana tar éis do rialacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir teacht i bhfeidhm agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin.
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Dhá bhloc tógála atá sa togra a chumhdaítear i gCaibidil 2 agus i gCaibidil 3, faoi seach. Déantar foráil i gCaibidil 2 maidir le deimhniú digiteach um chónaí cánach a chruthú ar fud an Aontais, agus baineann Caibidil 3 leis na nósanna imeachta faoisimh CSC. Áirítear leis an nós imeachta chun Cláir Náisiúnta idirghabhálaithe airgeadais sonracha a bhunú (Idirghabhálaí Airgeadais Deimhnithe - IAD), oibleagáid tuairiscithe caighdeánaithe maidir leis an IAD sin, agus an oibleagáid atá ar na Ballstáit córas um fhaoiseamh ag an bhfoinse nó córas tapa aisíocaíochta nó meascán den dá cheann a bhunú chun faoiseamh tapa slán CSC a áirithiú, bunaithe ar chomhaontú um chánachas dúbailte nó ar rialacha intíre, d’infheisteoirí AE agus neamh‑AE, i gcás ina gcomhlíonfar coinníollacha trédhearcachta áirithe. Ós rud é nach mbaineann na nósanna imeachta sin ach le Ballstáit shonracha ar gá dóibh faoiseamh ó chánacha breise siarchoinneálacha a sholáthar, níl Caibidil 3 ina ceangal ach ar na Ballstáit sin.
(i)Deimhniú digiteach coiteann um chónaí cánach (ríomh-DCC)
Tá ríomh-DCC le tabhairt isteach ag gach Ballstát agus soláthrófar leis próiseas riaracháin a bheidh tapa, éasca agus slán chun cónaí cánach cháiníocóirí an Aontais a dhearbhú.
Mar a leagtar síos in Airteagal 4, beidh ábhar coiteann ann don ríomh-DCC, gan beann ar an mBallstát eisiúna, i.e. an Ballstát cónaithe. Is iad na heilimintí a bhunaítear i mír 2 mar ábhar coiteann do ríomh-DCC na heilimintí lena sainaithnítear an cáiníocóir iarrthach agus lena ndeimhnítear go bhfuil cónaí air sna Ballstáit de réir a rialacha náisiúnta.
Léiríodh i gcomhairliúcháin spriocdhírithe leis na Ballstáit, maidir le cónaí infheisteoirí a bhunú, go bhfuil feidhm ag na rialacha céanna chun an t‑infheisteoir a mheas a bheith ina chónaí nó gan bheith ina chónaí i mBallstát ar leith, gan beann ar an tír infheistíochta. Dá bhrí sin, ní gá Ballstát na hinfheistíochta a lua in ríomh-DCC. Áireofar faisnéis den sórt sin san iarratas ar fhaoiseamh, áfach, chun an ráta laghdaithe is infheidhme a shainaithint.
Ós é is aidhm dó ríomh-DCC caighdeánaithe a bhunú, ar féidir é a úsáid chun nósanna imeachta CSC a chuíchóiriú, ach ar féidir iad a úsáid chun críoch eile freisin, ceadaítear leis an togra faisnéis a chur leis chun na gcríoch sin.
Ós rud é gurb é ceann de chuspóirí an tionscnaimh seo an t‑ualach riaracháin ar riaracháin chánach, ar infheisteoirí agus ar an tionscal airgeadais a laghdú, tá sé beartaithe go gcumhdófaí le ríomh-DCC an bhliain féilire iomlán ina n‑iarrtar é ar a laghad. Mar sin féin, mura dtacaíonn na himthosca ag deireadh na bliana le hábhar ríomh-DCC a eisíodh le linn na bliana, féadfaidh an Ballstát eisiúna agus aon Bhallstát eile lena mbaineann a mheas nach bhfuil an ríomh-DCC sin bailí. Níor cheart íostréimhse ríomh-DCC (bliain féilire amháin) a chumhdaítear a léirmhíniú mar thréimhse a choiscfeadh ar na Ballstáit ríomh-DCC a eisiúint le tréimhse níos faide a chumhdaítear, ag brath ar choincheap an chónaí cánach agus ar chinneadh inmheánach gach Ballstáit. Aithneoidh na Ballstáit ríomh-DCC arna eisiúint ag Ballstát eile mar chruthúnas leordhóthanach ar chónaí cáiníocóra sa Bhallstát eile sin, a mhéid a mheasann an Ballstát eisiúna fós go bhfuil an ríomh-DCC sin bailí.
Ceanglófar ar na Ballstáit ríomh-DCC a eisiúint laistigh de lá amháin, fad a bheidh tacar sonrach faisnéise curtha ar fáil dóibh agus ar choinníoll nach dtarlóidh aon imthoisc eisceachtúil a thugann údar le moill. I gcásanna nach gcomhlíonfar an eisiúint aon lae, ba cheart don Bhallstát lena mbaineann fógra a thabhairt don pháirtí iarrtha. Chun an ceanglas maidir le heisiúint aon lae a chomhlíonadh, ba cheart do na Ballstáit córas lán‑uathoibríoch a chur chun feidhme chun ríomh-DCC a eisiúint, lena dtabharfar caoi d’iarrataí a dhéanamh trí thairseach ar líne a bhfuil rochtain ag an gcáiníocóir agus ag páirtithe atá údaraithe chuige sin uirthi (e.g. idirghabhálaithe airgeadais a iarrann ríomh-DCC thar ceann a gcliant).
Déanfar ríomh-DCC a dhaingniú trí úsáid a bhaint as ríomhshéala i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh‑shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh‑idirbheart sa mhargadh inmheánach (Rialachán eIDAS). Leis an modh atá beartaithe, tá an deis ann go mbeidh leaganacha den deimhniú digiteach um chónaí cánach a bheidh inléite ag an duine agus ag meaisín araon ann le doiciméid PDF, nó formáidí eile dá samhail, ar féidir le córais uathoibrithe iad a úsáid.
(ii)Cláir Náisiúnta na mBallstát
Chun tairbhe a bhaint as na nósanna imeachta um fhaoiseamh ó CSC atá i gcroílár na Treorach, beidh ar infheisteoirí a bheith in ann dul i mbun déileála le hidirghabhálaithe airgeadais atá deimhnithe chun na seirbhísí sin a sholáthar. Is ann do dhá fhoras le bheith deimhnithe mar Idirghabhálaí Airgeadais Deimhnithe (IAD) agus rochtain a fháil ar nósanna imeachta na Treorach seo ar an gcaoi sin:
–Ar bhonn éigeantach: i gcás (1) institiúidí móra, mar a shainítear in Airteagal 5, mír 2, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, agus (2) Taisclanna Lárnacha Urrús faoi raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 a bhfuil seirbhísí gníomhaire cánach siarchoinneálaí á soláthar acu agus nach mór dóibh mar sin clárú leis na Ballstáit sin ina bhfuil eisitheoirí urrús lonnaithe agus ina bhfuil infheistíocht déanta ag aon duine dá gcliaint.
–Ar bhonn deonach: i gcás gach eintitis eile (lena n‑áirítear na heintitis sin atá bunaithe i ndlínse tríú tír) a ghníomhaíonn mar idirghabhálaithe airgeadais agus a chomhlíonann ceanglais shonracha trí chlárú i gceann amháin nó níos mó de na Cláir Náisiúnta arna mbunú i gcomhréir leis an Treoir seo, de rogha an idirghabhálaí lena mbaineann; tá coinne leis gur cheart clárú leis na Ballstáit sin ina bhfuil infheistíochtaí ag a gcliaint.
Maidir leis na Ballstáit nach gá dóibh faoiseamh ó cháin bhreise shiarchoinneálach a sholáthar, mar gheall ar dhíolúine ar CSC ar íocaíochtaí díbhinní nó i gcás go mbíonn an ráta cánach náisiúnta ábhartha i gcónaí níos ísle ná an ráta a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm faoi chomhaontuithe um chánachas dúbailte nó cothrom leis, ní gá Clár Náisiúnta a bheith i bhfeidhm acu. Maidir leis na Ballstáit a roghnaíonn faoiseamh ag an bhfoinse nó aisíocaíocht thapa a sholáthar ar cháin bhreise shiarchoinneálach ar ús ar bhannaí mar a fhoráiltear faoin Treoir seo, ba cheart dóibh, de réir réamhshocrú, an Clár Náisiúnta a bunaíodh cheana a úsáid chun faoiseamh a sholáthar ó cháin bhreise shiarchoinneálach ar dhíbhinní, nó Clár Náisiúnta a bhunú ar bhealach eile.
Beidh IADanna neamhchomhlíontacha, lena n‑áirítear na IADanna sin nach gcomhlíonann na ceanglais chlárúcháin, faoi réir a mbaint de na Cláir Náisiúnta agus/nó pionóis.
(iii)Tuairisciú coiteann
Is é is aidhm don Treoir seo cuidiú leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise cánach agus na mí‑úsáide cánach i réimse nósanna imeachta faoisimh cánach breise siarchoinneálaí agus na nósanna imeachta sin a dhéanamh éifeachtach. Tá an dá chuspóir sin i gceist le trédhearcacht a thabhairt isteach sa slabhra airgeadais ós rud é go gcuirtear ar chumas an Bhallstáit fhoinsigh an fhaisnéis is gá a fháil chun a sheiceáil go bhfuil feidhm ag ráta ceart CSC agus chun a mheas an gá rialacha frith‑mhí‑úsáide a chur i bhfeidhm. Trí chaighdeán coiteann do thuairisciú ar fud an Aontais a bhunú, sábháiltear costais chomhlíontachta d’infheisteoirí agus d’idirghabhálaithe airgeadais agus ceadaítear leis nósanna imeachta faoisimh CSC níos tapúla agus níos sábháilte.
Cé a chaithfidh tuairisc a thabhairt agus cé dó?
Eascraíonn na hoibleagáidí tuairiscithe ón gclárú i gceann de na Cláir Náisiúnta. Tá gach IAD atá san áireamh i gceann amháin nó níos mó de na Cláir Náisiúnta faoi réir tuairisciú don údarás a choinníonn an clár ar bun, agus i gcás inarb infheidhme don ghníomhaire cánach siarchoinneálaí, gan beann ar a dtír chónaithe (bíodh sí san Aontas nó lasmuigh den Aontas; nó i mBallstát a bhfuil Clár Náisiúnta féin i bhfeidhm aige nó nach bhfuil).
Ní mór do IADanna atá cláraithe in aon Chlár Náisiúnta tuairisciú cá háit a ndéantar infheistíocht a gcliant i mBallstát a bhfuil Clár Náisiúnta aige. Beidh ar an mBallstát foinseach sin foráil a dhéanamh maidir le faoiseamh agus, dá bhrí sin, ní mór dó an slabhra íocaíochta urrús a athchruthú agus an t‑infheisteoir deiridh a shainaithint. Ní eisiatar leis an Treoir an fhéidearthacht go ndéanfaidh IAD an oibleagáid tuairiscithe a sheachfhoinsiú chuig idirghabhálaí airgeadais eile laistigh den slabhra coinneála a mhéid a bheidh IAD ábhartha cuntasach i gcónaí maidir le comhlánú agus cruinneas an tuairiscithe sin.
Beidh pionóis mar thoradh ar neamhchomhlíonadh na hoibleagáide tuairiscithe.
Céard atá le tuairisciú?
Leagtar síos leis an Treoir tacar coiteann de ghnéithe tuairiscithe in Iarscríbhinn II. Ní thabharfaidh gach IAD tuairisc ach ar an gcuid sin den idirbheart atá infheicthe dó, i.e., an t‑idirbheart óna bhfuil an díbhinn/ús á fháil aige agus cé leis a bhfuil an díbhinn/ús á íoc aige. Dá réir sin, beidh an fhaisnéis uile is gá chun slabhra airgeadais an idirbhirt ón infheisteoir go heisitheoir na n‑urrús a athchruthú ag an té a fhaigheann an tuairisciú iomlán, is cuma riarachán cánach foinse nó gníomhaire CSC arna ainmniú thar a cheann a bheith ann.
Cuirfidh an fhaisnéis a thuairiscítear chuig an riarachán cánach ar a chumas dó sainaitheantas an infheisteora deiridh agus a theidlíocht ionchasach i leith ráta laghdaithe CSC a fhionnadh. Mar sin, maolaítear riosca na n‑aisíocaíochtaí dúbailte agus feabhsaítear cumas na riarachán cánach cleachtais mhaslacha agus chalaoiseacha eile, amhail Cum/Cum, a shainaithint agus a chomhrac.
Le ceannteideal E d’Iarscríbhinn II déantar foráil maidir le dhá cheanglas tuairiscithe atá dírithe ar chuidiú le mí‑úsáid CSC a chomhrac, go príomha scéimeanna maidir le mí‑úsáid Cum/Cum, (i) faisnéis maidir le tréimhse sealbhaíochta na n‑urrús foluiteach agus (ii) faisnéis maidir le socruithe airgeadais a bhaineann leis na hurrúis a bhfuil faoiseamh á iarraidh ag an gcáiníocóir ina leith.
Leis an gcéad eilimint lorgaítear faisnéis maidir le cé acu ar ceannaíodh nó nár ceannaíodh na hurrúis fholuiteacha laistigh de 2 lá roimh an dáta ex-dhíbhinne, agus é mar chuspóir aige cabhrú le tuilleadh scéimeanna calaoiseacha/maslacha ar il‑aiséileamh ar an CSC céanna a chosc i gcás nár cheart ach aon aiséileamh amháin a bheith ann (scéimeanna Cum/Ex).
Sa dara heilimint lorgaítear faisnéis maidir le cé acu atá nó nach bhfuil an t‑idirghabhálaí airgeadais tuairiscithe ar an eolas faoi aon socrú airgeadais a bhaineann leis na hurrúis fholuiteacha nár socraíodh, nach ndeachaigh in éag nó nár foirceannadh ar aon bhealach eile ar an dáta ex-dhíbhinne, arb é is cuspóir di cuidiú leis an riarachán cánach socruithe mí‑úsáideacha cánach (scéimeanna Cum/Cum) a bhrath. D’fhéadfadh comhaontú athcheannaigh nó iasachtú urrús, mar shampla, a bheith ina shocrú airgeadais, ach d’fhéadfadh táirgí díorthaigh amhail todhchaíochtaí stoic aonair a bheith ina socrú airgeadais freisin. Go sonrach, is éard atá i gceist le comhaontú athcheannaigh urrúis a dhíol ar phraghas sonrach le gealltanas na hurrúis chéanna nó urrúis chomhchosúla a athcheannach ar phraghas seasta ar dháta sonraithe sa todhchaí. Is é a bheidh in ‘comhaontuithe athcheannaigh’ idirbhearta ina bhfaigheann an institiúid airgead tirim mar mhalairt ar shócmhainní airgeadais a díoladh ag praghas tugtha faoi ghealltanas chun na sócmhainní céanna (nó díreach mar a chéile) a athcheannach ag praghas seasta ar dháta sonraithe sa todhchaí. Is éard atá i gceist le hiasacht urrús ná úinéireacht urrús a aistriú mar mhalairt ar chomhthaobhacht, urrús eile de ghnáth, ar an gcoinníoll go rachaidh úinéireacht an urrúis sin nó urrús comhchosúil ar ais chuig an úinéir bunaidh ag dáta sonraithe amach anseo. Sainmhíniú leathan atá ann chun gur féidir cineálacha éagsúla socruithe a chur san áireamh.
Toisc nár breathnaíodh na scéimeanna thuas ach i ndáil le híocaíochtaí díbhinní, ní cheanglaítear na heilimintí tuairiscithe faoi Cheannteideal E i ndáil le hús a íoctar ar bhannaí. Leantar an cur chuige céanna maidir le suimeanna an‑íseal díbhinní a íoctar, a mheastar a bheith ina gcásanna riosca íseal nach féidir údar a thabhairt leis an ualach tuairiscithe ábhartha ar idirghabhálaithe airgeadais deimhnithe (IADanna). Ní chuireann sé sin bac ar na Ballstáit, áfach, iarmhairtí iomchuí a chur i bhfeidhm i gcás ina sainaithníonn siad mí‑úsáid iarbhír, fiú i gcás méid íseal.
Cén chaoi a ndéanfar an tuairisciú?
Déanfar an tuairisciú trí scéim chaighdeánaithe i bhformáid XML a leagfar amach i ngníomh cur chun feidhme a ghlacfaidh an Coimisiún. Déanfar an bealach uathoibrithe chun an fhaisnéis a sheachadadh ó na hoibreoirí eacnamaíocha chuig an riarachán cánach comhfhreagrach nó chuig gníomhaire CSC a ghníomhaíonn thar a cheann a chaighdeánú agus a leagan amach sa ghníomh cur chun feidhme seo.
Cathain a thiocfaidh an oibleagáid tuairiscithe chun cinn?
Is é an t‑amlíne chun an fhaisnéis atá in Iarscríbhinn II a thuairisciú ná 25 lá ar a dhéanaí ón dáta taifid. Ba cheart tuairisciú a dhéanamh a luaithe is féidir tar an dáta taifid, ach amháin má thugtar treoir socraíochta maidir le haon chuid d’idirbheart a bheidh ag feitheamh ar an dáta taifid, agus sa chás sin déanfar an tuairisciú maidir leis an idirbheart sin a luaithe is féidir tar éis na socraíochta. Sa chleachtas, socraítear gach post laistigh de 10‑15 lá ón dáta taifid. Mura dtarlóidh sé sin faoin 20ú lá, chun faoiseamh éifeachtach a bhaint amach ó fharasbarr cánacha siarchoinneálacha, ceanglaítear leis an Treoir gur cheart fós do IADanna an staid a thuairisciú ón 20ú lá agus laistigh den chéad 5 lá dá éis.
I mBallstáit ina mbeidh feidhm ag faoiseamh ag an bhfoinse agus ina bhfuil an dáta íocaíochta díbhinne níos luaithe ná 25 lá ón dáta taifid, ba cheart sásra a bheith i bhfeidhm ag na hidirghabhálaithe airgeadais chun faisnéis a sholáthar go tráthúil do ghníomhaire CSC maidir leis an ráta atá le cur i bhfeidhm.
(iv) Córais faoisimh
Déantar foráil sa togra maidir leis na nithe seo a leanas: (a) córas um fhaoiseamh ag an bhfoinse; agus (b) córas tapa aisíocaíochta. Faoi chóras um fhaoiseamh ag an bhfoinse, cuireann gníomhaire CSC an méid cánach i bhfeidhm tráth na híocaíochta díbhinne/úis (Airteagal 12). Faoi chóras tapa aisíocaíochta, coinnítear siar an cháin ag an ráta níos airde a chuirtear i bhfeidhm sa tír fhoinseach ach tugtar an farasbarr cánach ar ais ansin laistigh de thréimhse ama socraithe 25 lá ar a mhéad ó dháta an iarratais nó ón dáta a dhéantar an tuairisciú is gá a chomhlíonadh, cibé acu is déanaí. Ba cheart é seo a dhéanamh laistigh de 50 lá féilire ón dáta íocaíochta (Airteagal 13). Sa dá chás, is iad gníomhaithe ábhartha a bheadh ann sna nósanna imeachta ná IADanna a bheadh ag gníomhú thar ceann a n‑infheisteoirí. Leagtar síos in Airteagal 10 (iarratas ar fhaoiseamh ag an bhfoinse nó ar aisíocaíocht thapa) agus in Airteagal 11 (nósanna imeachta um dhícheall cuí) eilimintí atá i gcoitinne ag an dá chóras.
Agus na nósanna imeachta um fhaoiseamh á gcur i bhfeidhm, féadfaidh an riarachán cánach inniúil cinneadh a dhéanamh na tascanna ábhartha a sheachfhoinsiú chuig gníomhaire cánach siarchoinneálaí ainmnithe in ionad na cúraimí a bhainistiú ina n‑aonar.
Gach Ballstát a chuireann nósanna imeachta um fhaoiseamh i bhfeidhm maidir le farasbarr cánach siarchoinneálaí, féadfaidh sé a chinneadh go gcuirfí sé i bhfeidhm an faoiseamh ag an bhfoinse nó an córas tapa aisíocaíochta nó an dá cheann acu sin, agus féadfaidh sé a chinneadh chomh maith cé acu a úsáidfear nó nach n‑úsáidfear an fhéidearthacht seachfhoinsithe thuas. Mar sin féin, ní mór do na Ballstáit sin a áirithiú go bhfuil ar a laghad ceann amháin den dá chóras ar fáil do gach infheisteoir agus go bhfuil sé gníomhachtaithe iarbhír agus, i ngach cás, go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach sa Treoir seo. Laistigh den dá chóras sin tá an rogha ag Ballstáit, mar shampla, gan a cheadú ach do cháiníocóirí ísealriosca faoiseamh a iarraidh ag an bhfoinse agus gan a cheadú do cháiníocóirí eile ach aisíocaíocht thapa a iarraidh. Ballstáit nach n‑úsáideann nósanna imeachta um fhaoiseamh ó fharasbarr cánach siarchoinneálaí toisc nach ndéanann siad foráil maidir le cáin shiarchoinneálach ar chor ar bith nó nach ndéanann siad foráil maidir le rátaí éagsúla cánach siarchoinneálaí in imthosca éagsúla, ní bhaineann na córais sin leo agus ní cheanglaítear orthu beart a dhéanamh.
I ngach cás, maidir le fianaise ar chónaí na n‑infheisteoirí, ba cheart do na Ballstáit brath go príomha ar ríomh-DCC, mar a shainmhínítear in Airteagal 4, nó ar chruthúnas iomchuí cónaithe cánach ó thír neamh‑AE.
Mórsprioc de chuid na Treorach seo is ea cosc a chur ar chleachtais chánach mhí‑úsáideacha/chalaoiseacha agus go háirithe ar scéimeanna Cum/Ex agus Cum/Cum. Tá an deis ag riaracháin chánach na mBallstát ar mian leo níos mó ama a bheith acu roinnt seiceálacha a dhéanamh sula n‑aontóidh siad faoiseamh a thabhairt gan an faoiseamh ag an bhfoinse nó na córais aisíocaíochta tapa atá le tabhairt isteach faoin Treoir seo a chur i bhfeidhm i roinnt imthosca sonracha. Beartaítear an fhéidearthacht sin go sonrach i gcás iarratais ar dhíolúine agus i gcás ina léireofar le faisnéis arna soláthar faoi cheannteideal E d’Iarscríbhinn II go bhfuarthas na hurrúis fholuiteacha laistigh de 2 lá féilire ón dáta ex-dhíbhinne agus/nó go dtuairiscíonn an t‑idirghabhálaí airgeadais gurb eol dó go bhfuil socrú airgeadais ann a bhaineannleis na hurrúis bhunúsacha nár socraíodh, nach ndeachaigh in éag nó nár foirceannadh ar bhealach eile ar an dáta ex-dhíbhinne.
I gcás nach mbeidh feidhm ag an bhfaoiseamh ag an bhfoinse agus ag na córais thapa aisíocaíochta a leagtar amach sa Treoir seo, cuirfear nós imeachta caighdeánach aisíocaíochta i bhfeidhm, i gcás ina mbeidh an cáiníocóir nó a ionadaí ceaptha, nach gá gur institiúid airgeadais é nó í, in ann a iarraidh go díreach. aisíocaíocht leis an údarás cánach. Áirithítear leis an Treoir seo freisin go gcumhdófar ar a laghad le hábhar na faisnéise a bheidh le tuairisciú don údarás cánach an fhaisnéis a bheartaítear faoi cheannteideal E d’Iarscríbhinn II.
Forálacha Ginearálta
Déileáiltear i gCaibidil 4 le forálacha ginearálta agus críochnaitheacha agus go háirithe le gníomhartha cur chun feidhme, meastóireacht agus faireachán, rialacha cosanta sonraí, trasuí agus teacht i bhfeidhm. Nuair a ghlactar an togra seo, ba cheart é a thrasuí i ndlí náisiúnta na mBallstát faoin 31 Nollaig 2026. Ba cheart é a theacht i bhfeidhm 2 bhliain tar éis na gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, lena bhfuil coinne faoin 1 Eanáir 2027.
2023/0187 (CNS)
Togra le haghaidh
TREOIR ÓN gCOMHAIRLE
maidir le Faoiseamh Níos Tapúla agus Níos Sábháilte ó Fharasbarr Cánacha Siarchoinneálacha
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 115 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Is tosaíochtaí polaitiúla don Aontas Eorpach (AE) iad cánachas cothrom a áirithiú sa mhargadh inmheánach agus dea‑fheidhmiú Aontas na Margaí Caipitil (CMU). Sa chomhthéacs sin, tá sé ríthábhachtach constaicí ar infheistíocht trasteorann a bhaint, agus calaois chánach agus mí‑úsáid chánach a chomhrac an tráth céanna. Is ann do bhacainní den sórt sin, mar shampla, trí nósanna imeachta atá mí‑éifeachtach agus díréireach ó thaobh ualaigh de a úsáidtear chun faoiseamh a thabhairt ó fharasbarr cánacha arna siarchoinneáil ag an bhfoinse ar ioncam díbhinne nó úis a íoctar ar scaireanna nó bannaí arna dtrádáil go poiblí le hinfheisteoirí neamhchónaitheacha. Ina theannta sin, tá sé cruthaithe go bhfuil an status quo neamhleor chun rioscaí athfhillteacha calaoise, imghabhála agus seachanta cánach a chosc, mar atá léirithe ag na scannail Cum/Ex agus Cum/Cum le déanaí. Leis an togra seo féachtar le nósanna imeachta an Aontais um cháin shiarchoinneálach a dhéanamh níos éifeachtaí, agus iad a neartú an tráth céanna in aghaidh an riosca a bhaineann le calaois agus mí‑úsáid chánach. Tarraingíonn sé ar ghníomhaíochtaí ábhartha roimhe seo ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta, amhail Moladh 2009 ón gCoimisiún maidir le nósanna imeachta um cháin shiarchoinneálach a shimpliú agus tionscnamh ECFE um fhaoiseamh i gcomhréir le conarthaí cánach agus um chomhlíonadh feabhsaithe (TRACE)..
(2)Chun cur le cumas na mBallstát calaois nó mí‑úsáid fhéideartha a chosc agus a chomhrac, rud a bhfuil bac á chur air faoi láthair ag ilroinnt agus easpa ghinearálta faisnéis iontaofa thráthúil maidir le hinfheisteoirí, is gá dá bhrí sin creat coiteann a chur i bhfeidhm um fhaoiseamh ó fharasbarr cánacha siarchoinneálacha ar infheistíochtaí trasteorann in urrúis atá athléimneach in aghaidh riosca calaoise nó mí‑úsáide cánach. Ba cheart, de thoradh an chreata seo, cóineasú a bheith ann idir na nósanna imeachta faoisimh éagsúla a chuirtear i bhfeidhm san Aontas agus ag an am céanna trédhearcacht agus cinnteacht a áirithiú maidir le céannacht infheisteoirí le haghaidh eisitheoirí urrús, gníomhairí cánach siarchoinneálaí, idirghabhálaithe airgeadais agus le haghaidh na mBallstát, de réir mar a bheidh. Chuige sin, ba cheart don chreat a bheith ag brath ar nósanna imeachta uathoibrithe, amhail digitiú an deimhnithe um chónaí cánach (ó thaobh nós imeachta agus foirme de), ar réamhriachtanas é d’infheisteoirí rochtain a bheith acu ar aon nós imeachta faoisimh nó aisíocaíochta. Ba cheart an creat sin a bheith solúbtha go leor freisin chun na córais éagsúla is infheidhme i mBallstáit éagsúla a chur san áireamh go cuí agus cóineasú níos mó a áirithiú agus uirlisí frith‑mhí‑úsáide iomchuí a sholáthar chun rioscaí calaoise, imghabhála agus seachanta cánach a mhaolú.
(3)Chun cur chuige comhréireach a áirithiú, níor cheart rialacha maidir leis na nósanna imeachta um fhaoiseamh a thabhairt ó fharasbarr cánacha siarchoinneálacha a bheith ina gceangal ach ar na Ballstáit sin a chuireann cáin shiarchoinneálach i bhfeidhm ar dhíbhinní ag rátaí éagsúla ag brath ar chónaí cánach an infheisteora faoi leith. Sa chás sin, ní mór do na Ballstáit faoiseamh a sholáthar i gcás inar cuireadh ráta níos airde i bhfeidhm i gcás ina bhfuil ráta níos ísle infheidhme. Ina theannta sin, ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit nósanna imeachta comhchosúla a chur chun feidhme maidir le híocaíochtaí úis le neamhchónaitheoirí ar bhannaí arna dtrádáil go poiblí, chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht an nós imeachta faoisimh ábhartha agus chun leibhéal níos airde comhlíontachta ag cáiníocóirí a áirithiú. Na Ballstáit nach bhfuil gá acu le nósanna imeachta faoisimh i ndáil le farasbarr cánacha siarchoinneálacha ar dhíbhinní, agus ús, de réir mar a bheidh, níl na nósanna imeachta a leagtar amach sa Treoir seo bainteach leo agus, dá bhrí sin, níl siad faoi cheangal ag na rialacha sin. Ós rud é go bhféadfadh infheisteoirí a bheith lonnaithe in aon Bhallstát, ba cheart rialacha maidir le deimhniú coiteann digiteach um chónaí cánach a bheith infheidhme i ngach Ballstát agus is amhlaidh an cás maidir le forálacha ginearálta agus críochnaitheacha.
(4)Chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag gach cáiníocóir den Aontas ar chruthúnas coiteann iomchuí éifeachtach maidir lena chónaí chun críoch cánach, ba cheart do na Ballstáit nósanna imeachta uathoibrithe a úsáid chun deimhnithe um chónaí cánach a eisiúint san fhoirm dhigiteach inaitheanta agus inghlactha chéanna agus a bhfuil an t‑inneachar céanna ann. Chun caoi a thabhairt d’éifeachtúlacht níos fearr, ba cheart an deimhniú a bheith bailí ar feadh na bliana iomláine, ar a laghad, a n‑eisítear lena linn é agus a bheith aitheanta ag Ballstáit eile le haghaidh na tréimhse sin. Is féidir le Ballstáit ríomh-DCC eisithe a chealú i gcás ina bhfuil cruthúnas contrártha ag an riarachán cánach maidir leis an gcónaí chánach don bhliain sin. Chun go mbeifear in ann cuideachtaí AE a shainaithint go héifeachtúil, ba cheart faisnéis faoin Aitheantóir Uathúil Eorpach (EUID) a áireamh sa deimhniú.
(5)Chun an cuspóir maidir le faoiseamh níos éifeachtúla ó fharasbarr cánach siarchoinneálaí a chomhlíonadh, ba cheart nósanna imeachta coiteanna a chur chun feidhme lena gceadófar faisnéis shoiléir shlán a fháil go tapa maidir le céannacht an infheisteora go háirithe i gcás boinn mhóra infheisteoirí, i.e., maidir le hinfheistíocht urrús arna dtrádáil go poiblí, i gcás ina bhfuil dúshláin ag baint le céannacht na n‑infheisteoirí aonair a shainaithint. Ba cheart a cheadú leis na nósanna imeachta sin freisin, mar dhara céim, an ráta cánach iomchuí a chur i bhfeidhm tráth na híocaíochta (faoiseamh ag an bhfoinse) nó chun aon fharasbarr cánach a íocadh a aisíoc go tapa. Ós rud é go mbíonn slabhra íocaíochta idirghabhálaithe airgeadais i gceist le hinfheistíochtaí trasteorann de ghnáth, ba cheart a cheadú freisin le nósanna imeachta ábhartha slabhra na n‑idirghabhálaithe a rianú agus a shainaithint agus dá bhrí sin an sreabhadh ioncaim ó eisitheoir an urrúis go dtí an faighteoir deiridh, i.e. an t‑infheisteoir aonair nó an t‑úinéir cláraithe. Na Ballstáit ábhartha, i.e., na Ballstáit sin a choinníonn siar cáin ar ioncam ó urrúis agus a sholáthraíonn faoiseamh i leith farasbarr cánach, ba cheart dóibh clár náisiúnta de na hidirghabhálaithe airgeadais sin a bhfuil ról suntasach acu sa slabhra íocaíochta a bhunú agus a choinneáil ar bun, agus a chur de cheangal orthu faisnéis atá ar fáil dóibh maidir leis na híocaíochtaí díbhinne nó úis, más infheidhme, a láimhseálann siad a thuairisciú a luaithe a chlárófar iad. Ba cheart an fhaisnéis a cheanglaítear a theorannú d’fhaisnéis atá ríthábhachtach chun an slabhra íocaíochta a athchruthú agus a bheadh úsáideach, dá bhrí sin, chun riosca calaoise nó mí‑úsáide a chosc, a mhéid atá faisnéis den sórt sin ar fáil don idirghabhálaí tuairiscithe. Féadfaidh Ballstáit a chuireann cáin shiarchoinneálach i bhfeidhm ar ús ag rátaí éagsúla agus nach mór dóibh dul i mbun nósanna imeachta faoisimh comhchosúla breithniú ar an gclár náisiúnta bunaithe a úsáid, de réir mar a bheidh.
(6)Ós rud é gur institiúidí móra mar a shainmhínítear iad sa Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil (CRR) na hidirghabhálaithe airgeadais is minice a bhíonn páirteach i slabhraí íocaíochta na n‑urrús agus na taisclanna lárnacha urrús a sholáthraíonn seirbhísí gníomhairí cánach siarchoinneálaí, ba cheart oibleagáid a bheith ar na heintitis sin a iarraidh go gclárófaí iad ar chláir náisiúnta na mBallstát arna mbunú mar a shonraítear thuas. Ba cheart cead a bheith ag idirghabhálaithe airgeadais eile clárú a iarraidh más rogha leo é. Ba cheart don idirghabhálaí airgeadais féin clárú a iarraidh trí iarratas a chur isteach chuig an údarás inniúil arna ainmniú ag an mBallstát, lena n‑áirítear fianaise go gcomhlíonann an t‑idirghabhálaí airgeadais ceanglais áirithe. Is é is cuspóir do na ceanglas a fhíorú go gcomhlíonann an t‑idirghabhálaí iarrthach ceanglais rialáil ábhartha an Aontais agus go ndéantar maoirsiú orthu maidir le comhlíonadh. I gcás ina bhfuil an t‑idirghabhálaí airgeadais bunaithe lasmuigh den Aontas, ceanglaítear air a bheith faoi réir reachtaíochta sa tríú tír ina bhfuil cónaí air atá inchomparáide chun críocha na Treorach seo agus nach bhfuil an tríú tír cónaithe in Iarscríbhinn I de liosta an Aontais de dhlínsí neamh‑chomhoibríocha ná ar liosta an Aontais de thríú tíortha ardriosca (liosta um an sciúradh airgid a chomhrac). Is chun na gcríoch a leagtar amach sa Treoir seo amháin a bhaineann comhlíontacht idirghabhálaí airgeadais tríú tír le ceanglais ábhartha an Aontais agus níl aon tionchar aige ar fheidhmiú nó ar chur i bhfeidhm aon cheart ná oibleagáid eile faoi reachtaíocht eile an Aontais. Nuair a chláraítear iad, ba cheart idirghabhálaithe airgeadais a mheas a bheith ina ‘n‑idirghabhálaithe airgeadais deimhnithe’ sa Bhallstát faoi leith agus ba cheart iad a bheith faoi réir na n‑oibleagáidí ábhartha tuairiscithe agus na n‑oibleagáidí ábhartha maidir le fógra faoin Treoir seo agus an ceart a bheith acu cur i bhfeidhm na nósanna imeachta faoisimh a leagtar amach sa Treoir seo a iarraidh. Ba cheart do na Ballstáit a choimeádann clár náisiúnta ar bun gníomhaíocht a dhéanamh freisin chun aon idirghabhálaí airgeadais deimhnithe a iarrann nó nach gcomhlíonann a thuilleadh na ceanglais faoi seach a bhaint. Thairis sin, féadfaidh na Ballstáit sin a chinneadh foráil a dhéanamh maidir le hidirghabhálaithe airgeadais deimhnithe, a fuarthas gur sháraigh siad a n‑oibleagáidí roinnt uaireanta, a bhaint óna gclár náisiúnta. I gcás ina ndéanann Ballstát beart den sórt sin maidir le baint, ba cheart dó na Ballstáit eile a choimeádann clár náisiúnta ar bun a chur ar an eolas dá réir sin chun go bhféadfaidh siad measúnú a dhéanamh ar bhaint an idirghabhálaí airgeadais deimhnithe céanna óna chlár náisiúnta féin. Tá feidhm ag reachtaíocht náisiúnta na mBallstát lena mbaineann maidir le cearta agus oibleagáidí na bpáirtithe lena mbaineann, lena n‑áirítear cearta agus oibleagáidí maidir le hachomharc, i ndáil le haon chinneadh arna dhéanamh ag Ballstát maidir le clárú agus baint óna chlár náisiúnta.
(7)Chun níos mó trédhearcachta a áirithiú maidir le céannacht agus imthosca an infheisteora a fhaigheann íocaíocht díbhinne nó úis agus maidir le sreabhadh na híocaíochta ón eisitheoir, ba cheart d’idirghabhálaithe airgeadais deimhnithe tacar ábhartha faisnéise a thuairisciú laistigh d’amlíne shonrach don údarás atá ainmnithe chun an clár náisiúnta a choinneáil ar bun. Ba cheart an fhaisnéis sin a thuairisciú freisin don ghníomhaire cánach siarchoinneálaí, i gcás inar féidir faoiseamh ag an bhfoinse a fháil. Ba cheart a áireamh sna sonraí sin faisnéis maidir le hincháilitheacht an infheisteora lena mbaineann, ach ba cheart na sonraí a bheith teoranta don fhaisnéis atá ar fáil don idirghabhálaí airgeadais deimhnithe tuairiscithe. Maidir le hidirghabhálaithe airgeadais nach bhfuil faoi oibleagáid clárú mar idirghabhálaithe airgeadais deimhnithe agus a roghnaigh freisin gan clárú amhlaidh, níl aon oibleagáid tuairiscithe orthu faoin Treoir seo. Mar sin féin, tá faisnéis maidir leis na híocaíochtaí a láimhseálann na hidirghabhálaithe sin nach idirghabhálaithe airgeadais deimhnithe iad fós ábhartha agus féadfaidh Ballstát a mheas, dá rogha féin, go bhfuil gá leo chun trédhearcacht a áirithiú agus chun go bhféadfar an slabhra íocaíochta a athdhéanamh i gceart sula gcuirfear na nósanna imeachta faoisimh a leagtar amach sa Treoir seo i bhfeidhm (faoiseamh ag an bhfoinse nó aisíocaíocht thapa). Dá bhrí sin, féadfaidh na Ballstáit a iarraidh ar idirghabhálaithe airgeadais deimhnithe an fhaisnéis sin a fháil ó na hidirghabhálaithe sin agus tuairisc a thabhairt chun go mbeidh feidhm ag na nósanna imeachta faoisimh a leagtar amach sa Treoir seo.
(8)Chun Aontas na Margaí Caipitil a dhéanamh níos éifeachtaí agus níos iomaíche, ba cheart nósanna imeachta um fhaoiseamh ó fharasbarr cánacha siarchoinneálacha ar ioncam urrús a éascú agus a luathú, i gcás ina mbeidh faisnéis leordhóthanach curtha ar fáil ag idirghabhálaithe airgeadais deimhnithe ábhartha, lena n‑áirítear faisnéis faoi chéannacht an infheisteora. Is éard atá sna hidirghabhálaithe airgeadais deimhnithe ábhartha gach idirghabhálaí airgeadais deimhnithe sa slabhra íocaíochta idir an t‑infheisteoir agus eisitheoir na n‑urrús, a bhféadfadh sé a bheith de cheangal orthu faisnéis a sholáthar freisin maidir le híocaíochtaí arna ndéanamh ag idirghabhálaithe airgeadais neamhdheimhnithe sa slabhra, de réir rogha beartais gach Ballstáit. Agus na cineálacha éagsúla cur chuige sna Ballstáit á gcur san áireamh, beartaítear dhá chineál nós imeachta: (i) faoiseamh ag an bhfoinse tríd an ráta cánach iomchuí a chur i bhfeidhm go díreach tráth a choinnítear cánacha siar agus (ii) aisíocaíocht thapa laistigh de 50 lá ar a mhéid ón dáta a íocfar an díbhinn nó, de réir mar a bheidh, ón dáta nach mór don eisitheoir bannaí ús a íoc leis an sealbhóir bannaí (an dáta cúpóin). Ba cheart é a bheith de rogha ag na Ballstáit aon cheann den dá nós imeachta nó cumasc den dá nós imeachta a thabhairt isteach, de réir mar a mheasann siad is iomchuí agus a áirithiú an tráth céanna go bhfuil nós imeachta amháin ar a laghad díobh sin ar fáil do gach infheisteoir, i gcás inar comhlíonadh ceanglais na Treorach seo. Chun a áirithiú go ndéanfaidh na Ballstáit lena mbaineann na nósanna imeachta sin a chur chun feidhme go cuí agus go tráthúil, is iomchuí ús a chur i bhfeidhm ar aisíocaíochtaí déanacha farasbarr cánacha siarchoinneálacha a chumhdaítear leis an Treoir seo agus lena gcomhlíontar na coinníollacha chun tairbhiú de na nósanna imeachta sin. I gcás nach gcomhlíontar ceanglais ábhartha, nó i gcás inar mian leis an infheisteoir lena mbaineann, ba cheart do na Ballstáit na nósanna imeachta caighdeánacha aisíocaíochta atá acu cheana a chur i bhfeidhm chun faoiseamh a thabhairt ó fharasbarr cánacha siarchoinneálacha. In aon chás, ba cheart d’úinéirí cláraithe, go háirithe infheisteoirí miondíola, agus a n‑ionadaithe údaraithe, an ceart a chaomhnú farasbarr cánach siarchoinneálaí arna íoc i mBallstát a aiséileamh i gcás ina dtabharfaidh siad cruthúnas go gcomhlíonann siad na coinníollacha a leagtar amach sa dlí náisiúnta.
(9)Chun na córais le haghaidh faoiseamh ó fharasbarr cánacha siarchoinneálacha a choimirciú, ba cheart do na Ballstáit a choinníonn clár náisiúnta ar bun é a chur de cheangal ar idirghabhálaithe airgeadais deimhnithe incháilitheacht infheisteoirí ar mian leo faoiseamh a éileamh a fhíorú freisin. Go háirithe, ba cheart d’idirghabhálaithe airgeadais deimhnithe deimhniú um chónaí cánach an infheisteora ábhartha a bhailiú, mar aon le dearbhú gurb é an t‑infheisteoir sin úinéir tairbhiúil na híocaíochta i gcomhréir le reachtaíocht an Bhallstáit fhoinsigh. Ba cheart dóibh freisin an ráta cánach siarchoinneálaí is infheidhme a fhíorú bunaithe ar imthosca sonracha an infheisteora agus a léiriú an bhfuil sé ar an eolas faoi aon socrú airgeadais a bhaineann leis na hurrúis fholuiteacha nár socraíodh, nach ndeachaigh in éag nó nár foirceannadh ar an dáta ex-dhíbhinne. Ba cheart idirghabhálaithe airgeadais deimhnithe a bheith faoi dhliteanas i leith caillteanais ioncaim chánach a tabhaíodh mar gheall ar chomhlíonadh neamhleor na n‑oibleagáidí sin, a mhéid a fhoráiltear amhlaidh le dlí náisiúnta an Bhallstáit ina dtabhófar an caillteanas.. Chun comhréireacht an ualaigh agus an dliteanais a fhorchuirtear ar idirghabhálaithe airgeadais deimhnithe a áirithiú, ba cheart feidhm a bheith ag oibleagáidí laghdaithe maidir le fíorú i dtaca le gach nós imeachta faoisimh, i gcás ina bhfuil an riosca mí‑úsáide íseal agus go háirithe i gcás ina bhfuil méid iomlán na díbhinne a íocadh leis an infheisteoir as scairsheilbh i gcuideachta níos ísle ná EUR 1 000. Má chruthaítear an mhí‑úsáid sin ar bhealach eile, féadfaidh na Ballstáit, áfach, iarmhairtí a chur i bhfeidhm faoin dlí náisiúnta, lena n‑áirítear na córais faoisimh dá bhforáiltear sa Treoir seo a dhiúltú, ach ní féidir leo idirghabhálaithe airgeadais deimhnithe a chur faoi dhliteanas mar gheall ar easpa fíoraithe.
(10)Aithnítear gur féidir socruithe airgeadais a úsáid chun úinéireacht eacnamaíoch urrús agus/nó rioscaí infheistíochta ábhartha a athrú, go hiomlán nó go páirteach. Tá fianaise ann freisin gur úsáideadh socruithe den sórt sin i scéimeanna arbatráiste díbhinní agus scéimeanna le haghaidh scamhadh díbhinní amhail na scéimeanna Cum/Ex agus Cum/Cum, arb é is aidhm aonair dóibh aisíocaíochtaí a fháil i gcás nach raibh aon teidlíocht ann ina leith nó méid na haisíocaíochta a raibh infheisteoir ina teideal iarbhír a mhéadú. Dá bhrí sin tá gá le faisnéis faoi shocruithe airgeadais den sórt sin, a chuimsíonn idirbhearta urrús atá dlisteanach de ghnáth amhail comhaontuithe athcheannaigh nó iasacht urrús, agus freisin táirgí díorthacha amhail todhchaíochtaí stoic aonair, chun go bhféadfaidh riaracháin chánach mí‑úsáid chánach a chomhrac. Chun cur chuige comhréireach a áirithiú, níor cheart gá a bheith le tuairisciú maidir leis an bhfaisnéis sin ach amháin ag na hidirghabhálaithe airgeadais deimhnithe sin a bhféadfadh baint dhíreach a bheith acu, mar gheall ar a suíomh laistigh den slabhra, leis an socrú airgeadais is ábhartha. Ní theastaíonn tuairisciú den sórt sin i gcás bannaí agus íocaíochtaí úis.
(11)Chun éifeachtacht a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit córas pionóis a bhunú i leith sáruithe ar na rialacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo. Ba cheart na pionóis sin a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.
(12)Tá cur chun feidhme agus forghníomhú ceart na rialacha atá beartaithe i ngach Ballstát lena mbaineann ríthábhachtach chun CMU ina iomláine a chur chun cinn agus chun bonn cánach na mBallstát a chosaint agus ba cheart don Choimisiún, dá bhrí sin, faireachán a dhéanamh orthu. Ba cheart do na Ballstáit, dá bhrí sin, faisnéis mar a shonraítear trí bhíthin gnímh cur chun feidhme a chur in iúl don Choimisiún go tráthrialta, ar faisnéis í maidir le cur chun feidhme agus forfheidhmiú beart náisiúnta ina gcríoch féin a ghlactar de bhun na Treorach seo. Ba cheart don Choimisiún meastóireacht a ullmhú ar bhonn na faisnéise arna soláthar ag na Ballstáit agus sonraí eile atá ar fáil chun éifeachtacht na rialacha nua atá beartaithe a mheas. Sa chomhthéacs sin, ba cheart don Choimisiún a mheas an gá na rialacha a tugadh isteach de bhua na Treorach seo a thabhairt cothrom le dáta.
(13)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Treoir seo a chur chun feidhme go háirithe maidir leis (i) an deimhniú digiteach um chónaí cánach, (ii) tuairisciú ag na hidirghabhálaithe airgeadais agus (iii) an iarratas ar fhaoiseamh faoin Treoir seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún foirmeacha caighdeánacha a ghlacadh a bhfuil líon teoranta comhpháirteanna acu, lena n‑áirítear na socruithe teanga. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(14)Ba cheart aon phróiseáil sonraí pearsanta a dhéantar faoi chuimsiú na Treorach seo a bheith i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Is chun freastal ar leas poiblí ginearálta, agus chuige sin amháin, a fhéadfaidh idirghabhálaithe airgeadais agus na Ballstáit sonraí pearsanta a phróiseáil faoin Treoir seo, chun calaois chánach, imghabháil cánach agus seachaint cánach a chomhrac, ioncaim chánach a chosaint agus cánachas cothrom a chur chun cinn, lena neartaítear deiseanna maidir le cuimsiú sóisialta, polaitiúil agus eacnamaíoch sna Ballstáit. Chun go bhféadfar an cuspóir seo a shaothrú go héifeachtach, is gá srian a chur le cearta áirithe daoine aonair dá bhforáiltear leis an Rialachán thuasluaite, go háirithe an ceart go dtabharfar fógra dóibh maidir le próiseáil a gcuid sonraí agus maidir le raon feidhme an chirt sin mar aon leis an gceart toiliú a thabhairt i dtaca le cineálacha áirithe próiseála sonraí.
(15)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir na Treorach seo a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr go bhfuil na hidirbhearta lena mbaineann trasteorann agus go bhfuil gá le costais chomhlíontachta a laghdú sa mhargadh inmheánach ina iomláine, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.
(16) Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Ábhar
Leagtar síos leis an Treoir seo rialacha maidir le heisiúint deimhnithe dhigitigh um chónaí cánach, ag Ballstáit agus an nós imeachta chun faoiseamh a thabhairt ó aon fharasbarr cánach siarchoinneálaí is féidir le Ballstát a choinneáil siar ar dhíbhinní ó scaireanna arna dtrádáil go poiblí agus, i gcás inarb infheidhme, ús ó bhannaí arna dtrádáil go poiblí a íoctar le húinéirí cláraithe a bhfuil cónaí orthu chun críoch cánach lasmuigh den Bhallstát sin.
Airteagal 2
Raon feidhme
Beidh feidhm ag Caibidil I agus ag Caibidil IV maidir le gach Ballstát. Beidh feidhm ag Caibidil II maidir le gach Ballstát i dtaca le gach duine a bhfuil cónaí orthu chun críoch cánach ina ndlínse.
Beidh feidhm ag na nósanna imeachta a leagtar síos i gCaibidil III maidir le gach Ballstát a thugann faoiseamh ó fharasbarr cánach siarchoinneálaí ar dhíbhinní a íoctar ar scaireanna arna dtrádáil go poiblí. Féadfaidh Ballstáit a thugann faoiseamh ó fharasbarr cánach siarchoinneálaí a íoctar ar bhannaí arna dtrádáil go poiblí Caibidil III a chur i bhfeidhm.
Airteagal 3
Sainmhínithe
Chun críocha na Treorach seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1)ciallaíonn ‘farasbarr cánach siarchoinneálaí’ an difríocht idir an méid cánach siarchoinneálaí arna thobhach ag Ballstát ar íocaíochtaí le húinéirí neamhchónaitheacha díbhinní nó úis ó urrúis tríd an ráta ginearálta intíre a chur i bhfeidhm agus an méid cánach siarchoinneálaí is ísle is infheidhme ag an mBallstát sin ar na díbhinní nó ar an ús céanna i gcomhréir le comhaontú um chánachas dúbailte nó le reachtaíocht shainiúil náisiúnta, de réir mar a bheidh.
(2)ciallaíonn ‘scair arna trádáil go poiblí’ scair arna ligean isteach chun a trádála ar mhargadh rialáilte nó ar shaoráid trádála iltaobhach mar a shainmhínítear faoi phointí 21 agus 22 d’Airteagal 4 de Threoir 2014/65/AE an 15 Bealtaine 2014.
(3)ciallaíonn ‘banna arna thrádáil go poiblí’ banna arna ligean isteach chun a thrádála ar mhargadh rialáilte nó ar shaoráid trádála iltaobhach nó ar shaoráid trádála eagraithe mar a shainmhínítear faoi phointí 21, 22 agus 23 d’Airteagal 4 de Threoir 2014/65/AE an 15 Bealtaine 2014 faoi seach.
(4)ciallaíonn ‘idirghabhálaí airgeadais’ taisclann urrús lárnach mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 909/2014 an 23 Iúil 2014, institiúid chreidmheasa mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nó gnólacht infheistíochta, mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 4(1) i dTreoir 2014/65/AE nó duine dlítheanach tríú tír atá údaraithe chun seirbhísí a sholáthar atá inchomparáide leis na seirbhísí sin a sholáthraíonn taisclann urrús lárnach, institiúid chreidmheasa nó gnólacht infheistíochta faoi reachtaíocht inchomparáide tríú tír chónaithe, atá mar chuid den slabhra íocaíochta urrús idir an t‑eintiteas a eisíonn urrúis agus an t‑úinéir cláraithe a fhaigheann íocaíochtaí ar na hurrúis sin.
(5)ciallaíonn ‘EUID’ an tAitheantóir Uathúil Eorpach do chuideachtaí dá dtagraítear in Airteagal 16 de Threoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(6)ciallaíonn ‘uimhir aitheantais cánach nó TIN’ an t‑aitheantóir uathúil chun críoch cánach atá ag úinéir cláraithe mar úinéir i mBallstát.
(7)ciallaíonn ‘nós imeachta um fhaoiseamh cánach siarchoinneálaí’ nós imeachta trína dtugtar, d’úinéir cláraithe a fhaigheann díbhinní nó ús ó urrúis is féidir a bheith faoi réir farasbarr cánach siarchoinneálaí, faoiseamh nó aisíocaíocht i leith an fharasbairr cánach sin.
(8)ciallaíonn ‘údarás inniúil’ an t‑údarás atá ainmnithe ag Ballstát de réir Airteagal 5 agus folaíonn sé aon duine atá údaraithe de réir rialacha náisiúnta ag an údarás sin gníomhú thar a cheann chun críocha na Treorach seo.
(9)ciallaíonn ‘urrús’ scair arna trádáil go poiblí nó banna arna thrádáil go poiblí.
(10)Ciallaíonn ‘institiúid mhór’ institiúid mhór mar a shainmhínítear i bpointe (146) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
(11)ciallaíonn ‘gníomhaire cánach siarchoinneálaí’ eintiteas atá údaraithe ag an mBallstát foinseach freagracht a ghlacadh as cáin shiarchoinneálach a asbhaint as íocaíocht díbhinní nó as úis ó urrúis agus freagracht as an gcáin shiarchoinneálach sin a aistriú chuig údarás cánach an Bhallstáit fhoinsigh.
(12)ciallaíonn ‘dáta taifid’ an dáta arna shocrú ag eisitheoir urrúis, ar a gcinnfear céannacht shealbhóir an urrúis sin agus na cearta a eascraíonn as, lena n‑áirítear an ceart chun bheith rannpháirteach agus vótáil i gcruinniú ginearálta, i gcás inarb ábhartha, bunaithe ar na suíomhanna socraithe atá bainte amach i leabhair an idirghabhálaí airgeadais de réir na gcuntas reatha ag a deireadh gnó mar a shainmhínítear in Airteagal 1(7) de Rialachán 2018/1212.
(13)ciallaíonn ‘socraíocht’ idirbheart urrús a chur i gcrích i gcás ina dtabharfar i gcrích é agus é d’aidhm aige oibleagáid na bpáirtithe san idirbheart sin a urscaoileadh trí airgead tirim nó urrúis nó an dá rud a aistriú, mar atá sainmhínithe i bpointe 7 d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 909/2014 ón gComhairle an 23 Iúil 2014.
(14)ciallaíonn ‘úinéir cláraithe’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá i dteideal ioncam díbhinne nó úis a fháil ó urrúis atá faoi réir cáin shiarchoinneálach ag an bhfoinse i mBallstát.
(15)ciallaíonn ‘cuntas infheistíochta’ an cuntas nó na cuntais a sholáthraíonn idirghabhálaithe airgeadais d’úinéirí cláraithe trína sealbhaítear nó trína gcláraítear a n‑urrúis agus trína ndéantar na híocaíochtaí a bhaineann leis na hurrúis sin.
(16)ciallaíonn ‘dáta ex-dhíbhinne’ an dáta óna dtrádáiltear na scaireanna gan na cearta a eascraíonn as na scaireanna, lena n‑áirítear an ceart chun páirt a ghlacadh agus vótáil i gcruinniú ginearálta, i gcás inarb ábhartha.
(17)ciallaíonn ‘socrú airgeadais’ aon socrú nó oibleagáid chonarthach trína ndéantar, nó trína bhféadfaí, aon chuid d’úinéireacht na scaire arna trádáil go poiblí, ar a n‑íoctar díbhinn, a aistriú go buan nó go sealadach chuig páirtí eile.
(18)ciallaíonn ‘slabhra íocaíochta urrús’ an seicheamh idirghabhálaithe airgeadais a láimhseálann íocaíocht díbhinní nó úis ar urrúis idir eisitheoir na n‑urrús agus úinéir cláraithe lena n‑íoctar díbhinní nó ús ó na hurrúis sin.
(19)ciallaíonn ‘comhaontú um chánachas dúbailte’ comhaontú nó coinbhinsiún lena ndéantar foráil maidir le deireadh a chur le cánachas dúbailte ar ioncam, agus i gcás inarb infheidhme, ar chaipiteal, ar comhaontú nó coinbhinsiún é atá i bhfeidhm idir dhá thír (nó níos mó ná dhá thír).
(20)ciallaíonn ‘Ballstát foinseach’ an Ballstát ina bhfuil eisitheoir an urrúis a íocann díbhinn nó ús.
(21)ciallaíonn ‘córas tapa aisíocaíochta’ córas ina ndéantar díbhinn nó ús a íoc agus an ráta ginearálta cánach siarchoinneálaí intíre á chur san áireamh agus ina dhiaidh sin iarraidh ar aisíoc an fharasbairr cánach siarchoinneálaí laistigh den tréimhse ama a leagtar amach in Airteagal 13.
(22)ciallaíonn ‘córas um fhaoiseamh ag an bhfoinse’ córas ina gcuirtear an ráta cánach siarchoinneálaí iomchuí i bhfeidhm, i gcomhréir leis na rialacha intíre is infheidhme agus/nó comhaontuithe idirnáisiúnta, amhail an comhaontú ábhartha um chánachas dúbailte, tráth a íoctar díbhinní nó ús.
(23)ciallaíonn ‘gnáthchóras aisíocaíochta’ córas ina ndéantar díbhinní nó ús a íoc agus an ráta ginearálta cánach siarchoinneálaí intíre á chur san áireamh agus ina dhiaidh sin iarraidh ar aisíoc an fharasbairr cánach siarchoinneálaí lasmuigh den nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 13.
(24)ciallaíonn ‘ráta gearrthéarmach an euro’ ráta gearrthéarmach an euro mar a shainmhínítear i dTreoirlíne (AE) 2019/1265 ón mBanc Ceannais Eorpach an 10 Iúil 2019.
CAIBIDIL II
DEIMHNIÚ DIGITEACH UM CHÓNAÍ CÁNACH
Airteagal 4
Deimhniú digiteach um chónaí cánach (ríomh-DCC)
1.Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le próiseas uathoibrithe chun deimhnithe digiteacha um chónaí cánach (ríomh-DCC) a eisiúint do dhuine a mheastar a bheith ina chónaí ina dhlínse chun críoch cánach.
2.Eiseoidh na Ballstáit ríomh-DCC laistigh de lá oibre amháin tar éis iarraidh a chur isteach, faoi réir mhír 4. Comhlíonfaidh ríomh-DCC ceanglais theicniúla in Iarscríbhinn I agus áireofar leis an fhaisnéis seo a leanas:
(a)céadainm agus sloinne an cháiníocóra agus an dáta agus an áit bhreithe, más duine aonair an cáiníocóir, nó a ainm agus a uimhir Aitheantóra Uathúil Eorpaigh (EUID), más eintiteas é an cáiníocóir
(b)uimhir aitheantais chánach;
(c)seoladh an cháiníocóra;
(d)dáta eisiúna;
(e)an tréimhse a chumhdaítear;
(f)sainaithint an údaráis chánach a eisíonn an deimhniú;
(g)aon fhaisnéis bhreise a d’fhéadfadh a bheith ábhartha i gcás ina n‑eisítear an deimhniú chun críoch seachas críoch faoisimh ó cháin shiarchoinneálach faoin Treoir seo nó faisnéis a cheanglaítear a áireamh i ndeimhniú um chónaí cánach faoi dhlí an Aontais.
3.Cumhdófar le ríomh-DCC ar a laghad an bhliain féilire iomlán ina ndéanfar an iarraidh ar an deimhniú sin agus beidh sé bailí ar feadh na tréimhse sin a chumhdaítear mura mbeidh fianaise ag an mBallstát a eisíonn ríomh-DCC nach bhfuil an duine dá dtagraíonn ríomh-DCC ina chónaí ina dhlínse agus go dtí go mbeidh an fhianaise sin aige.
4.Más gá níos mó ná lá oibre amháin chun cónaí chun críoch cánach cáiníocóra ar leith a fhíorú, cuirfidh an Ballstát an duine a iarrfaidh an deimhniú ar an eolas faoin am breise is gá agus faoi chúiseanna na moille.
5.Aithneoidh na Ballstáit ríomh-DCC arna eisiúint ag Ballstát eile mar chruthúnas leordhóthanach ar chónaí cáiníocóra sa Bhallstát eile sin i gcomhréir le mír 3.
6.Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos ríomhfhoirmeacha caighdeánacha, lena n‑áirítear na socruithe teanga, agus na prótacail theicniúla, lena n‑áirítear caighdeáin slándála, chun ríomh-DCC a eisiúint. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 18.
CAIBIDIL III
AN NÓS IMEACHTA FAOISIMH CÁNACH SIARCHOINNEÁLAÍ
ROINN 1
IDIRGHABHÁLAITHE AIRGEADAIS DEIMHNITHE
Airteagal 5
Clár náisiúnta d’idirghabhálaithe airgeadais deimhnithe
1.Maidir leis na Ballstáit a dhéanann cáin shiarchoinneálach a thobhach ar dhíbhinní ó scaireanna arna dtrádáil go poiblí arna n‑íoc le húinéirí cláraithe a bhfuil cónaí orthu chun críoch cánach lasmuigh den Bhallstát sin agus a thugann faoiseamh ó fharasbarr cánach siarchoinneálaí, bunóidh siad clár náisiúnta idirghabhálaithe airgeadais deimhnithe. Féadfaidh na Ballstáit rogha a dhéanamh an clár náisiúnta sin a úsáid freisin maidir le faoiseamh ó fharasbarr cánach siarchoinneálaí ar ús ó bhannaí arna dtrádáil go poiblí, más infheidhme.
2.Féadfaidh Ballstáit a dhéanann cáin shiarchoinneálach a thobhach ar ús ó bhannaí arna dtrádáil go poiblí ach nach ngearrann cáin shiarchoinneálach ar dhíbhinní ó scaireanna arna dtrádáil go poiblí clár náisiúnta a bhunú.
3.Maidir le Ballstáit a bhunaíonn clár náisiúnta de réir mhír 1 agus mhír 2, ainmneoidh siad údarás inniúil a bheidh freagrach as an gclár sin a chothabháil agus a nuashonrú.
4.Áireofar sa chlár náisiúnta an fhaisnéis seo a leanas maidir leis na hidirghabhálaithe airgeadais deimhnithe:
(a)ainm an idirghabhálaí airgeadais deimhnithe;
(b)an dáta clárúcháin;
(c)sonraí teagmhála agus aon suíomh gréasáin atá ag an idirghabhálaí airgeadais deimhnithe faoi láthair;
(d)EUID, nó, i gcás nach bhfuil uimhir den sórt sin ag an idirghabhálaí airgeadais deimhnithe, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh (LEI) nó aon chláruimhir eintitis dhlítheanaigh arna heisiúint ag a thír chónaithe.
5.Cuirfear an clár náisiúnta ar fáil don phobal ar shuíomh gréasáin tiomnaithe de chuid an Bhallstáit agus tabharfar cothrom le dáta é uair sa mhí ar a laghad.
Airteagal 6
Ceanglas maidir le clárú mar idirghabhálaí airgeadais deimhnithe
1.Na Ballstáit a choinníonn clár náisiúnta ar bun de réir Airteagal 5, cuirfidh siad de cheangal ar gach institiúid mhór dá dtagraítear in Airteagal 3(10) a láimhseálann íocaíochtaí díbhinní agus, i gcás inarb ábhartha, ús ar urrúis de thionscnamh a ndlínsí, agus ar gach taisclann lárnach urrús dá dtagraítear in Airteagal 3(4) a sholáthraíonn seirbhísí gníomhaire cánach siarchoinneálaí le haghaidh na n‑íocaíochtaí céanna, clárú lena gclár náisiúnta.
2.Cuirfidh na Ballstáit a choinníonn clár náisiúnta ar bun i gcomhréir le hAirteagal 5, de chumas ar aon idirghabhálaí airgeadais a chomhlíonfaidh ceanglais Airteagal 7 clárú sa chlár sin.
Airteagal 7
Nós imeachta clárúcháin
1.Áiritheoidh na Ballstáit go gclárófar idirghabhálaí airgeadais ina gclár náisiúnta d’idirghabhálaithe airgeadais deimhnithe laistigh de 3 mhí ó iarratas arna chur isteach ag idirghabhálaí airgeadais a sholáthraíonn fianaise ar gach ceann de na ceanglais seo a leanas:
(a)cónaí chun críoch cánach i mBallstát nó i ndlínse tríú tír nach n‑áirítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le liosta an Aontais de dhlínsí neamh‑chomhoibríocha chun críoch cánach ná i dTábla I den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675;
(b)más institiúid chreidmheasa atá san idirghabhálaí airgeadais iarrthach, údarú sa dlínse cónaithe chun críoch cánach chun gníomhaíochtaí coinneála a dhéanamh faoi phointe (12) nó (14) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2013/36/AE nó faoi reachtaíocht inchomparáide tríú tír; más gnólacht infheistíochta atá san idirghabhálaí airgeadais iarrthach, údarú sa dlínse cónaithe chun críoch cánach chun gníomhaíochtaí coinneála a dhéanamh faoi Roinn B(1) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE nó faoi reachtaíocht inchomparáide tríú tír nó; más taisceoir lárnach urrús atá san idirghabhálaí airgeadais iarrthach, údarú sa dlínse cónaithe chun críoch cánach faoi Rialachán AE 909/2014 nó faoi reachtaíocht inchomparáide tríú tír chónaithe;
(c)dearbhú maidir le comhlíonadh fhorálacha Threoir 2014/107/AE ón gComhairle nó fhorálacha Threoir 2018/843/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle de réir mar is infheidhme nó le reachtaíocht inchomparáide dlínse tríú tír nach n‑áirítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le liosta an Aontais de dhlínsí neamh‑chomhoibríocha chun críoch cánach ná i dTábla 1 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675.
2.Tabharfaidh idirghabhálaithe airgeadais fógra gan mhoill d’údarás inniúil an Bhallstáit faoi aon athrú ar an bhfaisnéis a sholáthraítear faoi phointí (a) go (c).
Airteagal 8
Baint den chlár náisiúnta
1.Déanfaidh na Ballstáit aon idirghabhálaí airgeadais deimhnithe a bhaint dá gclár náisiúnta, i gcás ina bhfuil feidhm ag aon cheann den mhéid seo a leanas maidir leis an idirghabhálaí sin:
(a)go n‑iarrann sé an bhaint sin; nó
(b)nach gcomhlíonann sé ceanglais Airteagal 7 a thuilleadh.
2.Féadfaidh na Ballstáit aon idirghabhálaí airgeadais deimhnithe a bhfuarthas amach nach ndearna sé oibleagáidí faoi aon cheann de na hionstraimí seo a leanas a chomhlíonadh arís agus arís eile agus d’aon ghnó a bhaint dá gclár náisiúnta:
(a)an Treoir seo;
(b)Treoir 2014/107/AE ón gComhairle; nó
(c)Treoir 2018/843/AE; nó
(d)reachtaíocht inchomparáide tríú tír chónaithe chun críoch cánach.
3.An Ballstát a bhainfidh idirghabhálaí airgeadais deimhnithe dá chlár náisiúnta, cuirfidh sé gach Ballstát eile a choinníonn clár náisiúnta ar bun ar an eolas gan mhoill de réir Airteagal 5.
4.Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an t‑idirghabhálaí airgeadais a baineadh den chlár náisiúnta de bhun mhír 1 a athchlárú i gcás inar réitíodh aon neamhchomhlíonadh fhorálacha na Treorach seo, lena n‑áirítear aon shuimeanna atá gan íoc mar gheall ar neamhchomhlíonadh a íoc nó a ghlanadh.
ROINN 2
TUAIRISCIÚ
Airteagal 9
Oibleagáid maidir le tuairisciú
1.Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a ceangal a chur ar idirghabhálaithe airgeadais deimhnithe ina gclár náisiúnta tuairisc a thabhairt don údarás inniúil ar an bhfaisnéis dá dtagraítear in Iarscríbhinn II a luaithe is féidir tar éis an dáta taifid, ach amháin má thugtar treoir socraíochta maidir le haon chuid d’idirbheart a bheidh ag feitheamh ar an dáta taifid, agus sa chás sin déanfar an tuairisciú maidir leis an idirbheart sin a luaithe is féidir tar éis na socraíochta. Más rud é, 20 lá tar éis an dáta taifid, go bhfuil socraíocht fós ar feitheamh maidir le haon chuid den idirbheart, tabharfaidh idirghabhálaithe airgeadais deimhnithe tuairisc laistigh de na 5 lá féilire ina dhiaidh sin agus an chuid a bhfuil an tsocraíocht ar feitheamh ina leith á sonrú.
2.Forálfaidh na Ballstáit nach gá d’idirghabhálaithe airgeadais deimhnithe an fhaisnéis dá dtagraítear in Iarscríbhinn II, ceannteideal E a thuairisciú, más rud é nach mó ná EUR 1 000 an díbhinn iomlán a íoctar leis an úinéir cláraithe ar scairsheilbh an úinéara i gcuideachta.
3.Maidir leis na Ballstáit a roghnaíonn clár náisiúnta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 5 a úsáid maidir le híocaíochtaí úis, cuirfidh siad de cheangal ar idirghabhálaithe airgeadais deimhnithe an fhaisnéis a áirítear in Iarscríbhinn II a thuairisciú ach ní chuirfidh siad de cheangal orthu an fhaisnéis faoi cheannteideal E a thuairisciú.
4.Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos ríomhfhoirmeacha caighdeánacha, lena n‑áirítear na socruithe teanga, agus ceanglais maidir leis na bealaí cumarsáide, chun faisnéis a thuairisciú dá dtagraítear in Iarscríbhinn II. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 18.
5.Maidir le hidirghabhálaithe airgeadais deimhnithe ina gclár náisiúnta, cuirfidh na Ballstáit de cheangal orthu an doiciméadacht lena dtacaítear leis an bhfaisnéis arna tuairisciú a choimeád ar feadh 5 bliana agus rochtain a sholáthar ar aon fhaisnéis eile, chomh maith le rochtain ar a n‑áitreabh chun críche iniúchta agus cuirfidh siad de cheangal ar idirghabhálaithe airgeadais deimhnithe aon sonraí pearsanta a chuimsítear sa doiciméadacht sin a scriosadh nó a anaithnidiú a luaithe a bheidh an t‑iniúchadh críochnaithe agus 5 bliana ar a dhéanaí tar éis an tuairiscithe.
ROINN 3
CÓRAIS FAOISIMH
Airteagal 10
Iarratas ar fhaoiseamh ag an bhfoinse nó ar aisíocaíocht thapa
1.Cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar idirghabhálaí airgeadais deimhnithe a choimeádann cuntas infheistíochta úinéara chláraithe a fhaigheann díbhinní nó ús faoiseamh a iarraidh de bhun Airteagal 12 agus/nó Airteagal 13, thar ceann an úinéara chláraithe sin, má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
(a)D’údaraigh an t‑úinéir cláraithe don idirghabhálaí airgeadais deimhnithe faoiseamh a iarraidh thar a cheann; agus
(b)Go bhfuil incháilitheacht an úinéara chláraithe fíoraithe agus suite ag an idirghabhálaí airgeadais deimhnithe i gcomhréir le hAirteagal 11. Féadfar a áireamh san fhíorú sin freisin measúnú riosca a chuireann an riosca creidmheasa agus an riosca calaoise san áireamh.
2.D’ainneoin mhír 1, ní thabharfaidh na Ballstáit faoiseamh le haghaidh iarrata faoi na córais dá bhforáiltear in Airteagal 12 agus Airteagal 13, i gcás inarb amhlaidh na nithe seo a leanas:
(a)gur íocadh an díbhinn ar scair arna trádáil go poiblí a fuair an t‑úinéir cláraithe laistigh de thréimhse 2 lá roimh an dáta ex-dhíbhinne;
(b)ina bhfuil an íocaíocht díbhinne ar an urrús foluiteach a n‑iarrtar faoiseamh ina leith nasctha le socrú airgeadais nár socraíodh, nach ndeachaigh in éag nó nár foirceannadh ar aon bhealach eile ar an dáta ex-dhíbhinne.
3.D’ainneoin mhír 1, féadfaidh na Ballstáit iarratais ar fhaoiseamh faoi Airteagail 12 agus 13 a eisiamh, i gcás:
(a)nach bhfuil ar a laghad ceann amháin de na hidirghabhálaithe airgeadais sa slabhra íocaíochta urrús ina idirghabhálaí airgeadais deimhnithe agus nach bhfuil idirghabhálaí airgeadais deimhnithe ina dhiaidh sin sa slabhra tar éis an fhaisnéis a sholáthar don údarás inniúil ar cheart don idirghabhálaí airgeadais a thuairisciú faoin Treoir seo i gcás gur idirghabhálaí airgeadais deimhnithe é; nó
(b)éilítear díolúine ón gcáin shiarchoinneálach.
Airteagal 11
Dícheall cuí maidir le hincháilitheacht úinéara chláraithe
1.Áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh an t‑idirghabhálaí airgeadais deimhnithe a iarrfaidh faoiseamh faoi Airteagal 12 agus/nó faoi Airteagal 13 thar ceann úinéir cláraithe dearbhú ón úinéir cláraithe sin maidir leis an úinéir cláraithe:
(a)gurb é úinéir tairbhiúil na díbhinne nó an úis é mar a shainmhínítear faoi reachtaíocht náisiúnta an Bhallstáit fhoinsigh; agus
(b)nach ndearna sé socrú airgeadais atá nasctha leis an scair fholuiteach arna trádáil go poiblí nár socraíodh, nach ndeachaigh in éag nó nár foirceannadh ar aon bhealach eile ar an dáta ex-dhíbhinne.
2.Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh idirghabhálaithe airgeadais deimhnithe a iarrfaidh faoiseamh faoi Airteagal 12 agus/nó faoi Airteagal 13 thar ceann úinéara cláraithe na nithe seo a leanas a fhíorú:
(a)ríomh-DCC an úinéara chláraithe agus/nó cruthúnas iomchuí maidir le cónaí cánach i dtríú tír;
(b)dearbhú an úinéara chláraithe agus cónaí cánach de réir faisnéise ó na sásraí rialaithe inmheánaigh arna n‑úsáid ag an idirghabhálaí airgeadais deimhnithe chun na hoibleagáidí a chomhlíonadh i ndáil le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoirí faoi Threoir (AE) 2015/849 nó faisnéis inchomparáide a cheanglaítear i dtríú tíortha;
(c)teidlíocht an úinéara chláraithe i leith ráta sonrach laghdaithe cánach siarchoinneálaí i gcomhréir le comhaontú um chánachas dúbailte idir an Ballstát foinseach agus na dlínsí ina bhfuil an t‑úinéir cláraithe ina chónaí chun críoch cánach nó le reachtaíocht náisiúnta shonrach an Bhallstáit fhoinsigh;
(d)i gcás íocaíocht díbhinne agus bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil don idirghabhálaí airgeadais deimhnithe, go bhféadfadh socrú airgeadais a bheith ann nár socraíodh, nach ndeachaigh in éag nó nár foirceannadh ar aon bhealach eile ar an dáta ex-dhíbhinne, mura mó ná EUR 1 000 an díbhinn a íocadh leis an úinéir cláraithe as gach grúpa scaireanna.
3.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh nósanna imeachta leormhaithe i bhfeidhm ag idirghabhálaithe airgeadais deimhnithe chun fíoruithe a dhéanamh i gcomhréir le mír 2.
Airteagal 12
Córas um fhaoiseamh ag an bhfoinse
Féadfaidh na Ballstáit a cheadú d’idirghabhálaithe airgeadais deimhnithe a choinníonn cuntas infheistíochta úinéara chláraithe ar bun faoiseamh ag an bhfoinse a iarraidh thar ceann úinéara chláraithe i gcomhréir le hAirteagal 10 tríd an bhfaisnéis seo a leanas a sholáthar don ghníomhaire cánach siarchoinneálaí:
(a)cónaí cánach an úinéara chláraithe; agus
(b)an ráta cánach siarchoinneálaí is infheidhme maidir leis an íocaíocht i gcomhréir le comhaontú um chánachas dúbailte nó le reachtaíocht náisiúnta shonrach.
Airteagal 13
Córas tapa aisíocaíochta
1.Féadfaidh na Ballstáit a cheadú d’idirghabhálaithe airgeadais deimhnithe a choinníonn cuntas infheistíochta úinéara chláraithe ar bun aisíoc tapa an fharasbairr cánach siarchoinneálaí a iarraidh, thar ceann an úinéara chláraithe sin i gcomhréir le hAirteagal 10 má sholáthraítear an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal sin a luaithe is féidir tar éis an dáta íocaíochta agus ar a dhéanaí laistigh de 25 lá féilire ón dáta a íoctar an díbhinn nó an t‑ús.
2.Próiseálfaidh na Ballstáit iarraidh ar aisíocaíocht arna déanamh i gcomhréir le mír 1 laistigh de 25 lá féilire ó dháta na hiarrata sin nó ón dáta a mbeidh na hoibleagáidí tuairiscithe faoin Treoir sin comhlíonta ag na hidirghabhálaithe airgeadais deimhnithe ábhartha uile, cibé acu is déanaí. Cuirfidh na Ballstáit ús i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 14 ar mhéid na haisíocaíochta sin le haghaidh gach lae moille tar éis an 25ú lá.
3.Soláthróidh idirghabhálaí airgeadais deimhnithe a iarrann aisíocaíocht thapa an fhaisnéis seo a leanas don Bhallstát ábhartha:
(a)aitheantas na híocaíochta díbhinne nó úis dá dtagraítear in Iarscríbhinn II, ceannteideal B;
(b)bunús dlí an ráta cánach siarchoinneálaí is infheidhme agus méid iomlán an fharasbairr cánach atá le haisíoc;
(c)cónaí cánach an úinéara chláraithe;
(d)dearbhú an úinéara chláraithe i gcomhréir le hAirteagal 11.
4.Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos ríomhfhoirmeacha caighdeánacha, lena n‑áirítear na socruithe teanga, agus ceanglais maidir leis na cainéil chumarsáide chun iarrataí a chur isteach faoin Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 18.
Airteagal 14
Ús íocaíochta déanaí
Cuirfidh na Ballstáit ús i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 13(2) ag ráta atá cothrom leis an ús nó muirear coibhéiseach a chuireann an Ballstát i bhfeidhm ar íocaíochtaí déanacha cánach ioncaim arna ndéanamh ag úinéirí cláraithe, nó, mura bhfuil foráil den sórt sin san áireamh i reachtaíocht náisiúnta na mBallstát, ag ráta gearrthéarmach an euro móide 50 bonnphointe nó an ráta úis coibhéiseach a úsáideann a mBanc Ceannais móide 50 bonnphointe, mura cuid den Sásra Ráta Malairte Eorpach iad.
Airteagal 15
Córas caighdeánach aisíocaíochta
Glacfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun a áirithiú, i gcás nach bhfuil feidhm ag Airteagal 12 agus Airteagal 13 maidir le díbhinní, toisc nach gcomhlíontar coinníollacha na Treorach seo, go soláthróidh úinéir cláraithe nó a ionadaí údaraithe atá ag iarraidh aisíoc an fharasbairr cánach siarchoinneálaí ar dhíbhinní den sórt sin, ar a laghad, an fhaisnéis a cheanglaítear faoi cheannteideal E d’Iarscríbhinn II, mura rud é nach mó ná EUR 1 000 an díbhinn iomlán a íoctar leis an úinéir cláraithe ar scairsheilbh an úinéara i gcuideachta, agus murar soláthraíodh an fhaisnéis sin cheana i gcomhréir le hoibleagáidí Airteagal 9.
Airteagal 16
Dliteanas sibhialta
Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun a áirithiú, más rud é nach gcomhlíonann idirghabhálaí airgeadais deimhnithe a oibleagáidí faoi Airteagail 9, 10, 11, 12 agus 13, d’aon ghnó nó le faillí, gurbh fhéidir an t‑idirghabhálaí airgeadais deimhnithe a chur faoi dhliteanas maidir le hiomlán an chaillteanais ioncaim ó cháin shiarchoinneálach, nó cuid de, arna thabhú ag an mBallstát i ndáil le hiarraidh faoi Airteagal 12 nó 13.
Airteagal 17
Pionóis
Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.
CAIBIDIL IV
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 18
Nós imeachta coiste
1.Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2.I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
Airteagal 19
Meastóireacht
1.Déanfaidh an Coimisiún scrúdú agus meastóireacht ar fheidhmiú na Treorach seo gach 5 bliana tar éis do rialacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir teacht i bhfeidhm. Cuirfear tuarascáil ar an meastóireacht ar an Treoir, lena n‑áirítear an gá a d’fhéadfadh a bheith ann forálacha sonracha di a leasú, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoi mhí na Nollag 2031 agus gach 5 bliana.
2.Cuirfidh na Ballstáit faisnéis ábhartha in iúl don Choimisiún chun meastóireacht a dhéanamh ar an Treoir maidir le nósanna imeachta faoisimh cánach siarchoinneálaí a fheabhsú chun cánachas dúbailte a laghdú chomh maith le mí‑úsáid chánach a chomhrac, i gcomhréir le mír 3.
3.Sonróidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an fhaisnéis atá le soláthar ag na Ballstáit chun críocha meastóireachta agus formáid agus coinníollacha cumarsáide na faisnéise sin.
4.Coinneoidh an Coimisiún faisnéis a chuirfear in iúl don Choimisiún faoi mhír 2 faoi rún i gcomhréir leis na forálacha is infheidhme maidir le hinstitiúidí an Aontais.
5.Is féidir aon fhaisnéis a chuireann Ballstát in iúl don Choimisiún faoi mhí 2, mar aon le haon tuarascáil nó doiciméad a chuireann an Coimisiún le chéile agus leas á bhaint as an bhfaisnéis, a tharchur chuig na Ballstáit eile. Déanfar an fhaisnéis tharchurtha a chumhdach leis an oibleagáid maidir le rúndacht oifigiúil agus bainfear leas as an gcosaint a thugtar d’fhaisnéis den chineál céanna faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit a fuair í.
Airteagal 20
Sonraí Pearsanta a Chosaint
1.Ní chuirfidh na Ballstáit srian le cearta an ábhair sonraí faoi Airteagail 15 go 19 de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ach amháin a mhéid agus a fhad is gá dá n‑údaráis inniúla chun an riosca calaoise cánach, imghabhála cánach nó seachanta cánach sna Ballstáit a mhaolú, go háirithe trína fhíorú go gcuirtear an ráta cánach siarchoinneálaí ceart i bhfeidhm maidir leis an úinéir cláraithe, nó trína fhíorú go bhfaigheann an t‑úinéir cláraithe an faoiseamh má tá sé i dteideal amhlaidh go tráthúil.
2.Agus sonraí pearsanta á bpróiseáil, measfar gur rialaitheoirí iad idirghabhálaithe airgeadais deimhnithe agus údaráis inniúla na mBallstát, de réir bhrí Airteagal 4, mír 7 de Rialachán (AE) 2016/679, laistigh de raon feidhme a ngníomhaíochtaí faoi seach faoin Treoir seo.
3.Maidir le faisnéis, lena n‑áirítear sonraí pearsanta, a phróiseáiltear i gcomhréir leis an Treoir seo, ní choinneofar í ach chomh fada agus is gá chun críocha na Treorach seo a bhaint amach, i gcomhréir le rialacha intíre gach rialaitheora sonraí maidir le reacht na dtréimhsí, ach ní choimeádfar í i gcás ar bith níos faide ná 10 mbliana.
Airteagal 21
Fógra a thabhairt
Ballstát a bhunaíonn agus a choinníonn clár náisiúnta ar bun de bhun Airteagal 5, cuirfidh sé an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoi sin agus faoi aon athruithe ina dhiaidh sin ar na rialacha lena rialaítear clár den sórt sin. Foilseoidh an Coimisiún an fhaisnéis sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus tabharfaidh sé an fhaisnéis cothrom le dáta mar is gá.
Airteagal 22
Trasuí
1.Na dlíthe, rialúcháin agus forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 31 Nollaig 2026 ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.
Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2027.
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.
2.Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.
Airteagal 23
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 24
Seolaithe
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH
1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH
1.1.Teideal an togra/tionscnaimh
Córas nua an Aontais chun cánachas dúbailte a sheachaint agus mí‑úsáid chánach a chosc i réimse na gcánacha siarchoinneálacha (CSC), córas dá ngairtear FASTER (Faster and Safer Tax Excess Relief, rud a chiallaíonn ‘Faoiseamh níos tapúla agus níos sábháilte ó fharasbarr cánach’).
1.2.Réimsí beartais lena mbaineann
Beartas cánach.
1.3.Baineann an togra/tionscnamh le:
Beart nua.
1.4.Cuspóirí
1.4.1.Cuspóirí ginearálta
1) Infheistíocht trasteorann san Aontas a éascú trí rochtain chuí agus éifeachtach a thabhairt do cháiníocóirí ar shochair chánach a eascraíonn as comhaontuithe um chánachas dúbailte agus as Treoracha ón Aontas
2) Mí‑úsáid chánach i réimse CSC a chosc
3) Tairbhí eacnamaíocha
1.4.2.Cuspóirí sonracha
1) An tréimhse chun faoiseamh a thabhairt ó fharasbarr cánach siarchoinneálaí nó chun aisíoc a thabhairt ina leith a ghiorrú
2) A áirithiú go gcloíonn idirghabhálaithe airgeadais le ceanglais díchill chuí custaiméara agus go ndéanann siad an méid sin a thuairisciú do riaracháin chánach
3) Mí‑úsáid CSC a chosc (Cum‑Ex agus Cum‑Cum)
4) Uirlisí a thabhairt do riaracháin chánach na mBallstát chun déileáil le nósanna imeachta aisíocaíochta/faoiseamh ag an bhfoinse ar bhealach slán agus tráthúil
5) Éifeacht an togra ar an ngeilleagar
1.4.3.An toradh agus an tionchar a mheastar a bheidh ann
D’áiritheofaí leis na teorainneacha ama sainithe laistigh den Togra go n‑aisíocfar aiséilimh CSC níos tapúla nó go mbeadh feidhm ag aon ráta CSC is infheidhme níos ísle tráth na híocaíochta. D’áiritheofaí leis na hoibleagáidí tuairiscithe go dtuairisceofaí faisnéis do na húdaráis chánach chun mórthrédhearcacht a cheadú agus go n‑úsáidtear an fhaisnéis sin go héifeachtach chun calaois chánach, imghabháil cánach agus seachaint cánach a chomhrac i gcórais aiséilimh/faoisimh CSCsan Aontas agus éifeachtúlacht an chórais á háirithiú ag an am céanna. Is é is aidhm thánaisteach dó tionchar dearfach a bheith aige ar tháscairí eacnamaíocha amhail OTI, pá agus fostaíocht.
1.4.4.Táscairí feidhmíochta
Cuspóir sonrach
|
Táscairí
|
Uirlisí tomhais
|
An tréimhse chun farasbarr cánach siarchoinneálaí a aisíoc nó faoiseamh a thabhairt ina leith a ghiorrú
|
Cé acu an bhfuil na laethanta íocaíochta le haghaidh aiséileamh CSC i gcomhréir le tréimhsí ama íocaíochta réamhshainithe sa togra nó nach bhfuil agus, i gcás inarb iomchuí, go n‑íoctar pionóis maidir le híocaíocht úis dhéanach le hinfheisteoirí as íocaíochtaí aisíocaíochta déanacha
|
Sonraí bliantúla atá le soláthar don Choimisiún ag Ballstáit foinseach
|
A áirithiú go gcloíonn idirghabhálaithe airgeadais deimhnithe leis na ceanglais díchill chuí custaiméara agus leis na hoibleagáidí tuairiscithe
|
Gníomhaíochtaí faireacháin an Bhallstáit chun comhlíonadh idirghabhálaithe airgeadais AE a áirithiú (ag an mBallstát ina bhfuil siad cláraithe sa Chlár Náisiúnta) agus idirghabhálaithe airgeadais nach idirghabhálaithe den Aontas iad (ag an mBallstát ina bhfuil siad cláraithe)
|
Tuarascáil bhliantúil atá le soláthar ag an mBallstát leis an gClár Náisiúnta ina bhfuil an t‑idirghabhálaí airgeadais cláraithe.
|
Mí‑úsáid chánach a chosc
|
Measúnú bliantúil ag an mBallstát foinseach ar a úsáidí atá sonraí arna dtuairisciú ag idirghabhálaithe/gníomhairí CSC chun mí‑úsáid chánach a bhrath agus a chosc. Áireofar sa mheasúnú úsáid agus tairbhí (líon na gcásanna mí‑úsáide agus na méideanna gaolmhara) sonraí tuairiscithe chun mí‑úsáid chánach CSC a bhrath agus a chomhrac (Cum/Ex agus Cum/Cum).
|
Measúnú bliantúil atá le soláthar don Choimisiún ag an mBallstát foinseach.
|
Uirlisí a thabhairt do riaracháin chánach na mBallstát chun déileáil le nósanna imeachta aisíocaíochta/faoisimh ag an bhfoinse ar bhealach slán
|
Cruinneas agus iomláine na faisnéise arna tuairisciú ag idirghabhálaithe airgeadais/gníomhairí CSC chuig riarachán cánach an Bhallstáit fhoinsigh
Measúnú bliantúil arna dhéanamh ag an mBallstát foinseach ar in‑fhorfheidhmitheacht na rialacha maidir le leithdháileadh dliteanais ar an leibhéal náisiúnta
|
Measúnú bliantúil atá le soláthar don Choimisiún ag an mBallstát foinseach.
|
Éifeacht an togra ar gheilleagar an Aontais
|
Measúnú ar éifeachtaí eacnamaíocha an togra ar OTI, ar infheistíocht, ar phá agus ar fhostaíocht. Áireofar sa mheasúnú sin an fhoinse sonraí agus an mhodheolaíocht a úsáidtear i staidéir JRC in Iarscríbhinn 4 den mheasúnú tionchair a ghabhann leis an togra, lena n‑áirítear suirbhé trasteorann slándála CPIS
|
Measúnú bliantúil atá le déanamh ag an gCoimisiún
|
1.5.Forais an togra/tionscnaimh
1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena n‑áirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh
Beidh ar an gCoimisiún tabhairt faoi na bearta seo a leanas chun an tionscnamh a chur chun feidhme: (1) tacaíocht theicniúil a sholáthar le haghaidh chur chun feidhme an chórais chun ríomh-DCC a eisiúint; agus (2) an creat a sholáthar le haghaidh an chórais a úsáidfidh idirghabhálaithe le haghaidh tuairisciú agus foirmeacha iarrata do na Ballstáit.
Eiseofar ríomh-DCC agus ríomhshéala air agus beidh sé i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh‑shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh‑idirbheart sa mhargadh inmheánach (Rialachán eIDAS). Ag céim níos déanaí, déanfaidh na Ballstáit machnamh ar phróiseas fíorúcháin a thabhairt isteach trí dhintiúir infhíoraithe má chomhlíontar ceanglais theicniúla an Aontais. Tá coinne leis go mbeidh ríomh-DCC agus an próiseas fíorúcháin i bhfeidhm laistigh de 18 mí tar éis don Treoir sin a bheith glactha.
Ceanglófar ar an gCoimisiún eochracha poiblí a thairiscint do sheirbhís clárlainne eisitheoirí iontaofa (ag glacadh le gur gá eochracha poiblí a athrú go tréimhsiúil) chun go gcuirfidh na Ballstáit ríomh-DCC chun feidhme.
Thairis sin, tacóidh an Coimisiún le Coiste Teicniúil maidir le hathruithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar bhonn teicniúil an deimhnithe dhigitigh cónaithe cánach nó forbairtí teicniúla nua.
Idirghabhálaithe airgeadais a thagann faoi raon feidhme an Togra, ceanglófar orthu tuairisciú do na Ballstáit maidir le díbhinn a íoctar ar scaireanna arna dtrádáil go poiblí agus/nó ar ús a íoctar ar bhannaí arna dtrádáil go poiblí. Leagtar síos sa Togra an fhaisnéis atá le tuairisciú. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh a bhaineann le hábhar na faisnéise atá le tuairisciú. Thairis sin, trí ghníomh cur chun feidhme, leagfaidh an Coimisiún síos na foirmeacha caighdeánaithe ríomhairithe bunaithe ar xml nó ar fhormáid choibhéiseach, lena n‑áirítear na socruithe teanga, chun an fhaisnéis a thuairisciú. Sonróidh an Coimisiún ceanglais freisin maidir leis na bealaí cumarsáide/prótacail le haghaidh na gcóras tuairiscithe a bheadh ag teastáil d’idirghabhálaithe airgeadais chun faisnéis a mhalartú le húdaráis chánach na mBallstát laistigh de raon feidhme an Togra.
1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas AE (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta, comhlántachtaí, nó gnóthachain de thoradh comhordú). Chun críocha an phointe seo, is é ‘breisluach AE’ an luach a bhíonn mar thoradh ar idirghabháil ón Aontas ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú astu féin
Chun an próiseas faoisimh/aisíocaíochta maidir le farasbarr CSC a chuíchóiriú agus chun íoc aisíocaíochtaí CSC níos tapúla a áirithiú, is fearr meascán ceanglas a sheachaint, ceanglais a chuirfí chun feidhme ar bhonn aontaobhach ag Ballstáit éagsúla trí nósanna imeachta éagsúla.
Trí chóras tuairiscithe coiteann caighdeánach a sholáthar ar fud an Aontais, beidh trédhearcacht iomlán ag na Ballstáit uile maidir leis an slabhra íocaíochta díbhinne agus úis. nach amhlaidh faoi láthair. Cuideoidh na sonraí a fhaightear le mí‑úsáid faoisimh/aisíocaíochta CSC (Cum/Ex agus Cum/Cum) a shainaithint agus a chosc.
Bheifí ag súil le réiteach ar leibhéal an Aontais Eorpaigh lena ndéanfaí príomhghnéithe de nósanna imeachta faoisimh CSC a dhigitiú agus a chomhchuibhiú, agus prionsabal na comhréireachta á urramú ag an am céanna, agus lena mbeadh ualach riaracháin níos ísle ann mar thoradh air agus, dá bhrí sin, go mbeadh coigiltis ama agus chostais ann do riaracháin chánach, d’infheisteoirí agus d’idirghabhálaithe airgeadais.
1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart
Is sásra nua é an tionscnamh ar leibhéal an Aontais Eorpaigh. Níl ach líon an‑teoranta Ballstát tar éis córais thapa aisíocaíochta a thabhairt isteach go dtí seo, agus bhí fadhbanna acu sin maidir lena gcur chun feidhme.
Faoi láthair, tá tuairisciú faisnéise ag idirghabhálaithe airgeadais teoranta agus de ghnáth is é eisitheoir na n‑urrús/gníomhaire CSC sa slabhra airgeadais, agus ní idirghabhálaithe airgeadais eile, a thuairiscíonn é. Dhéanfadh an tionscnamh foráil maidir le trédhearcacht iomlán na n‑íocaíochtaí díbhinne agus úis sa slabhra airgeadais chun mí‑úsáid faoisimh/aisíocaíochta CSC a shainaithint agus a chosc.
1.5.4.Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile
Léirítear sa Treoir seo ceann de na gníomhaíochtaí a leagtar síos sa ‘Phlean Gníomhaíochta maidir le cánachas cothrom agus simplí lena dtacaítear leis an straitéis téarnaimh’ agus i ‘bPlean Gníomhaíochta maidir le hAontas na Margaí Caipitil, 2.0’.
Chun cánachas cothrom a áirithiú, is gá mí‑úsáid chánach a chosc. Sa Togra, bainfear úsáid as na nósanna imeachta, na socruithe agus uirlisí TF atá bunaithe cheana nó atá á bhforbairt faoin Treoir maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais.
1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena n-áirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh
1.6.Fad an togra/tionscnaimh agus an tionchar airgeadais a mheastar a bheidh aige
◻
tréimhse theoranta
◻
i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB
◻
Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB maidir le leithreasuithe faoi chomhair oibleagáidí agus ó BBBB go BBBB maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.
–X tréimhse neamhtheoranta
Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh BBBB go BBBB,
agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.
1.7.Modh(anna) bainistíochta atá beartaithe
–X Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún
X ina ranna, lena n‑áirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;
◻
trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin
–◻ Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit
–◻ Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:
◻ tríú tíortha nó na comhlachtaí a d'ainmnigh siad;
◻ eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);
◻ BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;
◻ comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 70 agus Airteagal 71 den Rialachán Airgeadais;
◻ comhlachtaí dlí phoiblí;
◻ comhlachtaí a rialaítear le dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go soláthraítear ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais dóibh;
◻ comhlachtaí a rialaítear le dlí príobháideach Ballstáit, ar comhlachtaí iad a bhfuil sé de chúram orthu comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí a chur chun feidhme agus dá soláthraítear ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;
◻ daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.
2.BEARTA BAINISTÍOCHTA
2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe
Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh socruithe i bhfeidhm chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmiú na hidirghabhála agus chun meastóireacht a dhéanamh uirthi i dtaca leis na príomhchuspóirí beartais.
Cuirfidh na Ballstáit sonraí faoi bhráid an Choimisiúin ar bhonn bliantúil leis an bhfaisnéis a leagtar amach sa Tábla thuas maidir le táscairí feidhmíochta, ar táscairí iad a úsáidfear chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht leis an Treoir. Ós rud é go bhfuil sonraí faireacháin ar fáil, agus má mheastar é a bheith iomchuí, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar roinnt gnéithe a athbhreithniú i gcomhréir leis an tacaíocht theicniúil le haghaidh ríomh-DCC agus leis an ngníomh cur chun feidhme maidir leis an gcóras tuairiscithe.
Déanfar meastóireacht 5 bliana tar éis chur chun feidhme na Treorach, rud a chuirfidh ar chumas an Choimisiúin athbhreithniú a dhéanamh ar thorthaí an bheartais maidir lena chuspóirí chomh maith leis na tionchair fhoriomlána i dtéarmaí feabhas a chur ar chórais aisíocaíochta/faoisimh CSC san Aontas agus maidir le mí‑úsáid cánach CSC a chosc freisin.
2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe
2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an mhaoinithe, leis na coinníollacha íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe
Maidir le cur chun feidhme an tionscnaimh, is rud é sin a bheidh ag brath ar údaráis inniúla (riaracháin chánach) na mBallstát. Beidh siad freagrach as a gcórais náisiúnta féin a mhaoiniú, lena n‑áirítear cur chun feidhme ríomh-DCC, agus córais náisiúnta a bhunú chun tuairisciú agus iarrataí ó idirghabhálaithe airgeadais a fháil.
Maoineoidh an Coimisiún an cúnamh teicniúil le haghaidh ríomh-DCC agus bunú na gcreataí le haghaidh na gcóras tuairiscithe agus le haghaidh na bhfoirmeacha iarratais ar leibhéal an Aontais Eorpaigh.
2.2.2. Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí sin a mhaolú
Maidir lena áirithiú go n‑aisíocfar aiséilimh CSC nó go dtabharfar faoiseamh ina leith laistigh de na teorainneacha ama, ceanglófar ar na Ballstáit staidreamh a thuairisciú don Choimisiún ar bhonn bliantúil maidir leis an líon aiséileamh ar fharasbarr CSC a aisíocadh nó ar tugadh faoiseamh ina leith laistigh de na teorainneacha ama agus maidir leis an líon a íocadh lasmuigh de na teorainneacha ama. Maidir leis an líon thar teorainneacha ama, ba cheart réasúnú a thabhairt. Ina theannta sin, ceanglófar ar na Ballstáit íocaíochtaí úis déanacha a dhéanamh leis an gcáiníocóir le haghaidh aisíocaíochtaí thar na teorainneacha ama gan bonn cirt a bheith leo sin.
Maidir le comhlíonadh a n‑idirghabhálaithe airgeadais deimhnithe sna cláir náisiúnta, soláthróidh na Ballstáit tuarascáil bhliantúil don Choimisiún maidir leis na hiniúchtaí agus na gníomhaíochtaí a rinne siad chun a áirithiú go gcomhlíonann a n‑idirghabhálaithe airgeadais a n‑oibleagáidí de chuid na Treorach, lena n‑áirítear oibleagáidí tuairiscithe. Thairis sin, beidh idirghabhálaithe airgeadais faoi dhliteanas le haghaidh shárú a n‑oibleagáidí faoin Treoir seo más rud é go bhfuil caillteanas ioncaim ó cháin mar thoradh ar a n‑iompar.
Ceanglófar ar na Ballstáit tuarascáil bhliantúil a sholáthar don Choimisiún maidir le húsáid na sonraí a thuairiscítear faoin Treoir chun mí‑úsáid faoisimh/aisíocaíochta farasbairr CSC a bhrath agus a chomhrac.
Is iad príomheilimintí na straitéise rialaithe:
Conarthaí soláthair
Na nósanna imeachta maidir le soláthar a shainítear sa Rialachán Airgeadais: déantar aon chonradh soláthair a bhunú de réir nós imeachta bunaithe an fhíorúcháin arna dhéanamh ag seirbhísí an Choimisiúin maidir le híocaíocht, agus oibleagáidí conarthacha agus bainistíocht fhónta airgeadais agus bainistíocht ghinearálta á gcur san áireamh. Déantar foráil maidir le bearta frithchalaoise (rialuithe, tuarascálacha, etc.) sna conarthaí go léir arna dtabhairt i gcrích idir an Coimisiún agus na tairbhithe. Déantar téarmaí tagartha mionsonraithe a dhréachtú agus tá siad mar bhonn le gach conradh ar leith. Cloíonn an próiseas chun glacadh le hiarratais go dlúth le modheolaíocht TEMPO Ard‑Stiúrthóireacht an Chánachais agus an Aontais Chustaim: déantar athbhreithniú ar tháirgí insoláthartha, déantar leasú orthu más gá agus glactar leo (nó diúltaítear dóibh) go sainráite sa deireadh. Ní féidir aon sonrasc a íoc gan ‘litir inghlacthachta’.
Fíorú teicniúil soláthair
Déanann Ard‑Stiúrthóireacht an Chánachais agus an Aontais Chustaim rialuithe ar tháirgí insoláthartha agus déanann sé maoirseacht ar oibríochtaí agus ar sheirbhísí a dhéanann conraitheoirí. Déanann sé iniúchtaí cáilíochta agus slándála ar a gconraitheoirí go tráthrialta. Le hiniúchtaí cáilíochta, déantar comhlíonadh phróisis iarbhír na gconraitheoirí a fhíorú de réir na rialacha agus na nósanna imeachta a shainítear ina bpleananna cáilíochta. Dírítear sna hiniúchtaí slándála ar na próisis shonracha, ar na nósanna imeachta sonracha agus ar an mbunú sonrach.
I dteannta na rialuithe thuas, déanann Ard‑Stiúrthóireacht an Chánachais agus an Aontais Chustaim na rialuithe airgeadais traidisiúnta:
Fíorú ex ante gealltanas
Déanann Ceann an Aonaid Airgeadais agus Aonad Chomhfhreagraí Gnó na nAcmhainní Daonna gealltanais uile Ard‑Stiúrthóireacht an Chánachais agus an Aontais Chustaim a fhíorú. Dá thoradh sin, cumhdaítear 100 % de na méideanna geallta leis an bhfíorú ex ante. Leis an nós imeachta sin, tugtar ardleibhéal dearbhaithe maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht na n‑idirbheart.
Fíorú ex ante íocaíochtaí
Déantar 100 % d’íocaíochtaí a fhíorú ex ante. Thairis sin, roghnaítear ar a laghad íocaíocht amháin (ó gach catagóir caiteachais) in aghaidh na seachtaine go randamach le haghaidh fíorú ex ante a dhéanann ceann an Aonaid Airgeadais agus Aonad Chomhfhreagraí Gnó na nAcmhainní Daonna. Níl aon sprioc ann maidir leis an gcumhdach, toisc go bhfuil sé d’aidhm ag an bhfíorú sin íocaíochtaí a sheiceáil ‘go randamach’ chun a fhíorú gur ullmhaíodh na híocaíochtaí uile i gcomhréir leis na ceanglais. Déantar na híocaíochtaí eile a phróiseáil de réir na rialacha atá i bhfeidhm ar bhonn laethúil.
Dearbhuithe ó na hOifigigh Údarúcháin trí Fhotharmligean (AOSD)
Síníonn gach Oifigeach Údarúcháin trí Fhotharmligean dearbhuithe ina dtacaítear leis an Tuarascáil Gníomhaíochta Bhliantúil le haghaidh na bliana lena mbaineann. Leis na dearbhuithe sin, cumhdaítear na hoibríochtaí a thagann faoi chuimsiú an chláir. Dearbhaíonn na hOifigigh Údarúcháin trí Fhotharmligean go ndéantar na hoibríochtaí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid i gcomhréir le prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais, go soláthraítear leis na córais bhainistíochta agus rialaithe atá i bhfeidhm dearbhú sásúil maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht na n‑idirbheart agus go ndéantar na rioscaí a bhaineann leis na hoibríochtaí sin a shainaithint agus a thuairisciú go cuí agus go gcuirtear gníomhaíochtaí maolaithe chun feidhme.
2.2.3.Meastachán ar chostéifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas ‘costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú’) agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh)
Leis na rialuithe a bunaíodh, cuirtear ar a cumas d’Ard‑Stiúrthóireacht an Chánachais agus an Aontais Chustaim dearbhú leordhóthanach a bheith aici maidir le cáilíocht agus rialtacht an chaiteachais agus an riosca neamhchomhlíontachta a laghdú. Leis na bearta thuas maidir le straitéis rialaithe, laghdaítear na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann faoi bhun na sprice 2 % agus bíonn tionchar acu ar na tairbhithe uile. Dá ndéanfaí aon bheart breise chun rioscaí a laghdú a thuilleadh, is é a thiocfadh as costais arda a bheadh díréireach agus, dá bhrí sin, ní bheartaítear iad. Na costais fhoriomlána a bhaineann le cur chun feidhme na straitéise rialaithe thuas – le haghaidh gach caiteachas faoin gclár Fiscalis – tá siad teoranta do 1,6 % d’iomlán na n‑íocaíochtaí a dhéantar. Meastar go bhfanfaidh sé ag an gcóimheas céanna le haghaidh an tionscnaimh seo. Leis an straitéis rialaithe cláir, is beag nach dteorannaítear an riosca neamhchomhlíontachta go hiomlán agus leanann sí de bheith comhréireach leis na rioscaí bainteacha.
2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc
Féadfaidh an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF) imscrúduithe a dhéanamh, lena n‑áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/964 ón gComhairle d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le comhaontú deontais nó le cinneadh deontais nó le conradh a mhaoinítear faoin Rialachán sin.
3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA
3.1Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n-imreofar tionchar
Línte buiséid atá ann cheana
In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.
Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil
|
Líne buiséid
|
Saghas
caiteachais
|
Ranníocaíocht
|
|
Uimhir: 03 04 0100
|
LD/LN
|
ó thíortha de chuid CSTE
|
ó thíortha is iarrthóirí
|
ó thríú tíortha
|
de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais
|
1 ‑ Margadh Aonair, Nuálaíocht agus Digiteach
|
Feabhas a chur ar fheidhmiú cuí na gcóras cánachais
|
LD
|
NÍL
|
NÍL
|
NÍL
|
NÍL
|
Línte nua buiséid atá á n-iarraidh
In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.
Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil
|
Líne buiséid
|
An cineál
caiteachais
|
Ranníocaíocht
|
|
Uimhir
|
LD/LN
|
ó thíortha de chuid CSTE
|
ó thíortha is iarrthóirí
|
ó thríú tíortha
|
de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais
|
|
[XX.YY.YY.YY]
|
|
TÁ/NÍL
|
TÁ/NÍL
|
TÁ/NÍL
|
TÁ/NÍL
|
3.2An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe
3.2.1Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
◻
Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
☒
Éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil
|
Uimhir
1
|
An Margadh Aonair, an Nuálaíocht agus Cúrsaí Digiteacha
|
Ard-Stiúrthóireacht: An Cánachas agus an tAontas Custaim
|
|
|
2023
|
2024
|
2025
|
2026
|
Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)
|
IOMLÁN
|
• Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Líne bhuiséid 03.04.01
|
Gealltanais
|
(1a)
|
0,150
|
0,400
|
0,200
|
0,330
|
0,180
|
|
|
1,26
|
|
Íocaíochtaí
|
(2a)
|
|
0,150
|
0,400
|
0,200
|
0,330
|
0,180
|
|
1,26
|
Líne buiséid
|
Gealltanais
|
(1b)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Íocaíochtaí
|
(2b)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Líne buiséid
|
|
(3)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN leithreasuithe
d’Ard‑Stiúrthóireacht an Chánachais agus an Aontais Chustaim
|
Gealltanais
|
=1a+1b +3
|
0,150
|
0,400
|
0,200
|
0,330
|
0,180
|
|
|
1,26
|
|
Íocaíochtaí
|
=2a+2b+3
|
|
0,150
|
0,400
|
0,200
|
0,330
|
0,180
|
|
1,26
|
Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil
|
7
|
"Caiteachas riaracháin"
|
Chun an roinn seo a líonadh isteach, ba cheart leas a bhaint as na ‘sonraí buiséid de chineál riaracháin’ a iontráladh ar dtús san
Iarscríbhinn a ghabhann leis an Ráiteas Airgeadais Reachtach
(Iarscríbhinn V a ghabhann leis na rialacha inmheánacha) agus a uaslódáladh ar an gcóras DECIDE chun críocha comhairliúcháin idirsheirbhíse.
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
|
|
2023
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
IOMLÁN
Creat Airgeadais Ilbhliantúil 2021 -2027
|
Ard-Stiúrthóireacht: An Cánachas agus an tAontas Custaim
|
• Acmhainní daonna
|
0,118
|
0,157
|
0,157
|
0,063
|
0,016
|
0,511
|
• Caiteachas riaracháin eile
|
0,004
|
0,004
|
0,002
|
0,002
|
0,001
|
0,013
|
IOMLÁN AS an Chánachais agus an Aontais Chustaim
|
|
0,122
|
0,161
|
0,159
|
0,065
|
0,017
|
0,524
|
IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)
|
0,122
|
0,161
|
0,159
|
0,065
|
0,017
|
0,524
|
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
|
|
2023
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
IOMLÁN
Creat Airgeadais Ilbhliantúil 2021 – 2027
|
IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
Gealltanais
|
0,272
|
0,561
|
0,359
|
0,395
|
0,197
|
1 784
|
|
Íocaíochtaí
|
0,122
|
0,311
|
0,559
|
0,265
|
0,347
|
1,604
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
Éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:
Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
Sonraigh cuspóirí agus aschuir
⇩
|
|
|
2023
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
2028
|
IOMLÁN
|
|
ASCHUIR
|
|
Cineál
|
Meánchostas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon iomlán
|
Costas iomlán
|
CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1…
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Sonraíochtaí
|
|
|
|
0,150
|
|
0,100
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
0,250
|
Forbairt
|
|
|
|
|
|
0,300
|
|
0,200
|
|
0,150
|
|
|
|
|
|
0,650
|
Cothabháil
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
0,100
|
|
0,100
|
|
0,100
|
|
0,300
|
Tacaíocht
|
|
|
|
|
|
|
|
0,020
|
|
0,020
|
|
0,020
|
|
0,020
|
|
0,080
|
Oiliúint
|
|
|
|
|
|
|
|
0,020
|
|
|
|
|
|
|
|
0,020
|
ITSM (Bonneagar, óstáil, ceadúnais, etc.),
|
|
|
|
|
|
0,020
|
|
0,060
|
|
0,060
|
|
0,060
|
|
0,060
|
|
0,260
|
Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1
|
|
0,150
|
|
0,420
|
|
0,300
|
|
0,330
|
|
0,180
|
|
0,180
|
|
1,560
|
CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2...
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- Aschur
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN
|
|
0,150
|
|
0,420
|
|
0,300
|
|
0,330
|
|
0,180
|
|
0,180
|
|
1,560
|
3.2.3 Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin
Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin
Éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Bliain
2023
|
Bliain
2024
|
Bliain
2025
|
Bliain
2026
|
Bliain
2027
|
IOMLÁN
|
CEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
|
|
|
|
|
|
Acmhainní daonna
|
0,118
|
0,157
|
0,157
|
0,063
|
0,016
|
0,511
|
Caiteachas riaracháin eile
|
0,004
|
0,004
|
0,002
|
0,002
|
0,001
|
0,013
|
Fo‑iomlán CHEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN
|
0,122
|
0,161
|
0,159
|
0,065
|
0,017
|
0,524
|
Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
|
|
|
|
|
|
Acmhainní daonna
|
|
|
|
|
|
|
Caiteachas eile
de chineál riaracháin
|
|
|
|
|
|
|
Fo‑iomlán
Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN
|
0,122
|
0,161
|
0,159
|
0,065
|
0,017
|
0,524
|
Na leithreasuithe is gá le haghaidh acmhainní daonna agus caiteachas eile de chineál riaracháin, cumhdófar iad leis na leithreasuithe sin san Ard-Stiúrthóireacht atá sannta cheana do bhainistíocht an bhirt agus/nó atá athshannta laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.
3.2.3.1 Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach
Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna.
Éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:
|
2023
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
Iomlán
|
• Poist le haghaidh an phlean bunaíochta (oifigigh agus baill foirne shealadacha)
|
20 01 02 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)
|
0,75
|
1
|
1
|
0,4
|
0,1
|
3,25
|
20 01 02 03 (Toscaireachtaí)
|
|
|
|
|
|
|
01 01 01 01 (Taighde indíreach)
|
|
|
|
|
|
|
01 01 01 11 (Taighde díreach)
|
|
|
|
|
|
|
Línte buiséid eile (sonraigh)
|
|
|
|
|
|
|
• Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE)
|
20 02 01 (CA, SNE, INT ón ‘imchlúdach iomlánaíoch’)
|
|
|
|
|
|
|
20 02 03 (CA, LA, SNE, INT agus JPD sna toscaireachtaí)
|
|
|
|
|
|
|
XX 01 xx yy zz
|
- sa cheanncheathrú
|
|
|
|
|
|
|
|
- i dtoscaireachtaí
|
|
|
|
|
|
|
01 01 01 02 (CA, SNE, INT – Taighde indíreach)
|
|
|
|
|
|
|
01 01 01 12 (CA, SNE, INT – taighde díreach)
|
|
|
|
|
|
|
Línte buiséid eile (sonraigh)
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN
|
0,75
|
1
|
1
|
0,4
|
0,1
|
3,25
|
Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha
Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.
Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó ar athshannadh a gcúraimí laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.
Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:
Oifigigh agus pearsanra sealadach
|
Cruinnithe agus comhfhreagras leis na Ballstáit a ullmhú; obair ar fhoirmeacha, ar fhormáidí TF agus ar an Eolaire Lárnach;
Coimisiún conraitheoirí seachtracha chun obair a dhéanamh ar chóras TF.
|
Pearsanra seachtrach
|
N/B
|
3.2.4 Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil atá ann faoi láthair
I gcás an togra/tionscnaimh seo:
is féidir é a mhaoiniú ina iomláine trí athshannadh laistigh den cheannteideal ábhartha den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI).
Mínigh cén t‑ath-chlársceidealú a bhfuil gá leis, agus sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha. Cuir tábla excel ar fáil i gcás mór-ath-chlársceidealú.
◻
is gá an corrlach gan leithdháileadh faoin gceannteideal ábhartha de CAI a úsáid agus/nó na hionstraimí speisialta a shainítear sa Rialachán maidir le CAI a úsáid.
Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann, na méideanna comhfhreagracha agus na hionstraimí atá beartaithe a úsáid.
◻
is gá athbhreithniú a dhéanamh ar an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil.
Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.
3.2.5. Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe
I gcás an togra/tionscnaimh seo:
ní dhéantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe
◻
déantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe atá réamh‑mheasta thíos:
Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Bliain
N
|
Bliain
N+1
|
Bliain
N+2
|
Bliain
N+3
|
Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)
|
Iomlán
|
Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe
|
|
|
|
|
|
|
|
|
3.3. An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam
Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.
◻
Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:
◻
ar acmhainní dílse
◻
ar ioncam eile
má tá an t‑ioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin ◻
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
Líne buiséid ioncaim:
|
Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha
|
Tionchar an togra/tionscnaimh
|
|
|
Bliain
N
|
Bliain
N+1
|
Bliain
N+2
|
Bliain
N+3
|
Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)
|
Airteagal ………….
|
|
|
|
|
|
|
|
|
I gcás ioncam ilghnéitheach atá 'sannta', sonraigh na línte buiséid a n-imrítear tionchar orthu.
Aon rud eile (e.g. an modh nó an fhoirmle a úsáideadh chun an tionchar ar ioncam a ríomh nó aon fhaisnéis eile).