This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52023IR4562
Opinion of the European Committee of the Regions – Smart, sustainable and affordable housing as a tool for local authorities to face multiple challenges (Own-initiative opinion)
Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – Tithíocht chliste, inbhuanaithe agus inacmhainne mar uirlis a d’fhéadfadh na húdaráis áitiúla a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin iomadúla (Tuairim féintionscnaimh)
Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – Tithíocht chliste, inbhuanaithe agus inacmhainne mar uirlis a d’fhéadfadh na húdaráis áitiúla a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin iomadúla (Tuairim féintionscnaimh)
COR 2023/04562
IO C, C/2024/3667, 26.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3667/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/3667 |
26.6.2024 |
Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – Tithíocht chliste, inbhuanaithe agus inacmhainne mar uirlis a d’fhéadfadh na húdaráis áitiúla a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin iomadúla
(Tuairim féintionscnaimh)
(C/2024/3667)
|
MOLTAÍ I LEITH NA mBEARTAS
SEO SEASAMH CHOISTE EORPACH NA RÉIGIÚN (CnaR),
|
1. |
Tugann CnaR dá aire go bhfuil an ghéarchéim tithíochta san Eoraip ag dul chun donachta agus flosc treochtaí uirbithe agus imirce tagtha chun cinn, ar measa iad de dheasca na ngéarchéimeanna éagsúla a tharla go gairid i ndiaidh a chéile, go háirithe paindéim COVID-19, costais fuinnimh a bheith ag dul i méid agus boilsciú mar gheall ar an gcogadh san Úcráin. Tá na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha anuas sa mhullach orthu féin ag iarraidh stoc tithíochta leordhóthanach inacmhainne, timpeallacht shóisialta chuimsitheach agus dálaí maireachtála cuibhiúla, sláintiúla agus inbhuanaithe a ráthú. |
|
2. |
Is údar imní do CnaR an ró-ualach atá ann maidir le costais tithíochta i dteannta ráta cíosanna agus praghsanna tithe atá ag dul i méid go seasta i gcathracha agus i gceantair uirbeacha mhóra, rud atá ag cur isteach, mó sa mhó, ní hamháin ar theaghlaigh ar ioncam íseal, ach ar theaghlaigh meánioncaim freisin: tá cónaí ar 10,4 % den daonra uirbeach san Aontas i dteach inarb airde na costais iomlána tithíochta ná 40 % d’ioncam indiúscartha an teaghlaigh. Tá méadú ag teacht ar phraghsanna mar thoradh ar an uaisliú agus an turasóiriú (cíosú gearrthéarmach do thurasóirí) agus tá tuairim agus 34 mhilliún Eorpach thíos leis an mbochtaineacht fuinnimh. Fágann sé sin gur leochailí an duine i dtaobh an riosca go gcuirfear amach as a theach nó a teach é nó í agus gur measa fadhb na heaspa dídine, go háirithe do theaghlaigh ar ioncam íseal, daoine óga, daoine faoi mhíchumas, seanóirí, teaghlaigh mhóra a bhfuil leanaí iontu, imircigh agus grúpaí áirithe cultúrtha nó eitneacha agus daoine LGBTQIA+. |
|
3. |
Athdhearbhaíonn CnaR go bhfuil ag gach duine an ceart ar thithíocht inacmhainne, inrochtana agus shláintiúil, i gcomhréir le Prionsabal 19 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, le sprioc forbartha inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe maidir le cathracha agus pobail inbhuanaithe (SFI 11) agus le Cairt Ghinéive na Náisiún Aontaithe um Thithíocht Inbhuanaithe. |
|
4. |
Tá sé á chur i bhfáth ag CnaR gurb iad na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha atá freagrach go príomha as aghaidh a thabhairt ar an éileamh ar thithíocht agus as bainistíocht a dhéanamh ar stoic mhóra foirgneamh poiblí agus spásanna poiblí, óir tá príomhról pleanála agus cistithe acu. |
|
5. |
Tugann CnaR rabhadh go mbíonn tionchar díobhálach ag costais tithíochta iomarcacha ní hamháin ar gheilleagair áitiúla agus réigiúnacha, ach ar an tsoghluaisteacht laistigh den mhargadh aonair freisin. Is minic a bhíonn sé i bhfad róchostasach do dhaoine cáilithe agus do chéimithe athlonnú chuig limistéir ina bhfuil deiseanna gairmiúla le fáil ina réimse féin. Mar an gcéanna, tá an margadh tithíochta sna cathracha ródhaor do phríomhoibrithe, cuir i gcás múinteoirí, póilíní, agus altraí agus bíonn ar oibrithe criticiúla uaireanta fada a thabhairt ag comaitéireacht gach lá. Ina lán cásanna, bíonn deacrachtaí ollmhóra ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, ag na gníomhaireachtaí poiblí agus ag na cuideachtaí príobháideacha a chuireann na seirbhísí sin ar fáil oibrithe a aimsiú le roinnt de na poist ríthábhachtacha sin a líonadh. |
|
6. |
Tá CnaR den tuairim gur ríthábhachtach an ceart atá ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha cuspóirí maidir le leas an phobail a rialáil, go háirithe maidir leis an tithíocht agus an phleanáil uirbeach (laistigh den chreat dlíthiúil ábhartha) chun an comhtháthú a bhaint amach agus go bhfuil sé tábhachtach don choimhdeacht freisin. |
|
7. |
Athdhearbhaíonn CnaR an dúshlán a chuireann tithíocht chostasach romhainn ó thaobh an oideachais de, go háirithe i mbailte móra ina bhfuil go leor institiúidí ardoideachais agus ina bhfuil an cíos ar an leibhéal is airde. Dá laghad tithíocht inacmhainne atá ar fáil is ea is lú an rochtain ar oideachas, rud a léiríonn an gá atá le beartais lena n-áirithítear comhionannas oideachais agus lena gcumhachtaítear daoine óga. |
|
8. |
Cuireann CnaR i bhfáth an leochaileacht shóisialta a bhíonn mar thoradh ar thithíocht chostasach, rud a chuireann teorainn le roghanna daoine aonair timpeallachtaí míshláintiúla nó mí-úsáide a fhágáil. Ina fhianaise sin uile, is ríléir go bhfuil gá le beartas cuimsitheach tithíochta lena dtugtar aghaidh ní hamháin ar na gnéithe eacnamaíocha atá i gceist ach ar fholláine an duine aonair freisin. Is ábhar imní don tsláinte phoiblí agus don tsábháilteacht phearsanta í an tsaincheist seo. |
|
9. |
Aithníonn CnaR Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 21 Eanáir 2021 ina n-iarrtar go ndéanfaí gníomh ar mhaithe leis an ngéarchéim tithíochta a réiteach agus go n-aithneofaí an tithíocht chuibhiúil mar cheart bunúsach an duine san Aontas Eorpach. Is díol sásaimh dó an díospóireacht ar cheist cúrsaí reatha a bhí ag an bParlaimint i mí Dheireadh Fómhair 2023 maidir le tithíocht chuibhiúil do chách, mar aon leis an nglao a rinneadh le haghaidh plean láidir infheistíochta sóisialta, cistiú leordhóthanach agus cur chuige iomlánaíoch beartais chun aghaidh a thabhairt ar sholáthar tithíochta inacmhainne cuibhiúla san Eoraip. |
|
10. |
Is díol mór sásaimh do CnaR Dearbhú Gijón 2023 agus Dearbhú Nice 2022 a shínigh airí tithíochta agus forbartha uirbí de chuid an Aontais. Aithnítear leis sin gur gá prionsabail na coimhdeachta agus an rialachais il-leibhéil a chur i bhfeidhm agus beartais tithíochta á bhforbairt san Aontas. Go háirithe, is cúis mhór áthais dó go mbreathnaítear i nDearbhú Liège a foilsíodh an 5 Márta 2024 ar chéimeanna nithiúla a d’fhéadfaidh a dhéanamh chun dlús a chur leis an athchóiriú, chun foinsí cistiúcháin a éagsúlú, chun rialachas agus sineirgí a fheabhsú agus chun nuálaíocht sa réimse a spreagadh. |
|
11. |
Iarrann CnaR go ndíreofaí arís ar na tionscnaimh atá ar bun faoi láthair i ndáil le comharthithíocht, tithíocht phoiblí agus tithíocht shóisialta, tithíocht atá bunaithe ar chomhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí, tithíocht neamhbhrabúis, mar aon le tionscnaimh tithíochta príobháidí atá inacmhainne neamh-amhrasach agus iarrann sé go n-infheisteofaí sna tionscnaimh sin ar mhaithe le dlús a chur lena gcur chun feidhme mar d’fhéadfadh na tionscnaimh sin na huirlisí is gá a thabhairt do na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla le dul i ngleic leis an ngéarchéim leanúnach. Tá CnaR ag iarraidh go dtarraingeofaí ar Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa chun tithíocht shóisialta nua a chur á tógáil agus chun foirgnimh i limistéir chónaithe a athchóiriú agus a athnuachan i réigiúin uile na hEorpa. Dá méadófaí an infheistíocht sa tithíocht, thiocfadh feabhas dáiríre ar an soláthar tithíochta inacmhainne atá ann, thiocfadh borradh faoin mbonn eacnamaíoch áitiúil, chuideofaí le treochtaí déimeagrafacha a chur ar gcúl, bhainfí cuspóirí aeráide amach agus thiocfadh feabhas ar athléimneacht na gceantar áitiúil i gcoinne an athraithe aeráide, agus thacófaí chomh maith céanna le hiarrachtaí lánpháirtíochta na ndídeanaithe agus na n-imirceach. |
|
12. |
Iarrann CnaR go méadófaí an comhordú idir beartais an Aontais agus beartais na mBallstát, beartais na réigiún agus beartais na n-údarás áitiúil agus go seolfaí Clár Tithíochta don Aontas Eorpach, dála an chláir oibre uirbigh don Aontas Eorpach, ina n-oibreofaí i dtreo freagairt chomhpháirteach il-leibhéil ó gheallsealbhóirí agus institiúidí éagsúla do dhúshláin tithíochta le beartais, cistiú agus samhlacha tithíochta a bhfuil tuilleadh comhordaithe eatarthu san Eoraip. |
|
13. |
Cé gur inniúlacht arna feidhmiú ar an leibhéal ábhartha sa Bhallstát féin fós iad na beartais tithíochta, tá sé á chur i bhfáth ag CnaR go mbíonn tionchar láidir ar thithíocht áitiúil ag roinnt rialachán de chuid an Aontais maidir leis an gcosaint shóisialta, an geilleagar sóisialta, an fhorbairt uirbeach, an éifeachtúlacht fuinnimh, rialáil an mhargaidh agus an státchabhair. Chun cuidiú le clár fónta AE a bhunú don tithíocht, tá CnaR ag tacú leis an togra ó Pharlaimint na hEorpa leasú a dhéanamh ar Airteagal 153(1)(j) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh lena dtabharfar inniúlacht AE isteach d’fhonn tacú le réimse na tithíochta sóisialta (1). |
|
14. |
Maidir le rialáil na margaí, iarrann CnaR ar an gCoimisiún Eorpach aghaidh a thabhairt ar fhadhb na hamhantraíochta agus an sciúrtha airgid sa mhargadh réadmhaoine ar an leibhéal Eorpach trí chlár trédhearcachta Eorpach maidir le réadmhaoin a chur ar bun ina gcoinneofaí taifead ar ainmneacha na n-úinéirí réadmhaoine éagsúla. Ar an gcaoi sin, d’fhéadfaí a áirithiú go mbeadh gach tionónta ar an eolas faoi fhíoraitheantas an tiarna talún atá aige nó aici. Ba chuidiú clár den sórt sin le deireadh a chur leis an gclaonadh chun creiche atá le tabhairt faoi deara i gcuid mhaith mórchuideachtaí réadmhaoine, le deireadh a chur le cumas daoine aonair réadmhaoin a charnadh, agus le deireadh a chur le feiniméan na bhfoirgneamh folamh neamhúsáidte. |
|
15. |
Sa chomhthéacs sin, is díol sásaimh do CnaR an doiciméad inmheánach oibre a d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach in 2022 faoin meastóireacht ar rialacha státchabhrach an Aontais maidir leis na seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta sin is infheidhme i réimse na seirbhísí sláinte agus sóisialta. Ba é conclúid na meastóireachta sin go bhfuil an pacáiste maidir le seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta 2012 oiriúnach dá fheidhm ar an iomlán a mhéid a bhaineann sé le seirbhísí sláinte agus sóisialta, ach go bhféadfaí feabhas a chur air fós, mar shampla trí shoiléiriú a thabhairt ar choincheapa áirithe, amhail an tithíocht shóisialta agus an ‘tithíocht inacmhainne’ ionas gurbh ionann an sainmhíniú sna Ballstáit uile. |
|
16. |
Tugann CnaR dá aire freisin Dearbhú na Bruiséile ó Mhéaraí na hEorpa a foilsíodh an 24 Eanáir 2024 agus forógra Eurocities ó mhí na Nollag 2023 le haghaidh na dtoghchán Eorpach ina n-iarrtar, dála doiciméid chomhchosúla eile, go n-áireofaí an tithíocht ar cheann de na príomhthosaíochtaí don Pharlaimint nua agus don Choimisiún nua a bheidh ann, agus ina leagtar amach an tiomantas go n-oibreofaí i gcomhpháirt leis na geallsealbhóirí eile chun a áirithiú go mbainfí é sin amach. |
|
17. |
Measann CnaR gur cheart féachaint ar shásraí lenarbh fhéidir margadh na tithíochta foilmhe a rialáil, ionas gur féidir leis an margadh sin a bheith ar cheann de na réitigh ar an nganntanas tithíochta inacmhainne. |
|
18. |
Iarrann CnaR an athuair ar an gCoimisiún Eorpach athbhreithniú a dhéanamh ar Chinneadh 2021/21/AE (2) maidir le Státchabhair i bhfoirm cúiteamh seirbhíse poiblí, agus a mhachnamh a dhéanamh ar infheistíochtaí ní ba leithne a dhéanamh i dtithíocht faoi rialacha maidir le Státchabhair agus tuilleadh a áireamh sa sainmhíniú ar an tithíocht shóisialta ná mar a áirítear ann de réir na Treorach, mar atá saoránaigh faoi mhíbhuntáiste nó grúpaí nach bhfuil na buntáistí sóisialta céanna acu. Ar an gcaoi sin, d’aithneofaí discréid na mBallstát maidir le tógáil tithíochta sóisialta a phleanáil, a sholáthar, a mhaoiniú agus a eagrú. Ráthófaí freisin an ceart daonlathach chun rogha a dhéanamh agus chuirfí cóiríocht chuibhiúil inacmhainne ar fáil toisc nach féidir freastal ar riachtanais chóiríochta faoi na margaí tithíochta atá ann faoi láthair i roinnt áiteanna, ní hamháin do dhaoine nach bhfuil teacht ar thithíocht acu in aon chor, ach freisin d’áitritheoirí tithíochta atá guaiseach don tsláinte, míchuibhiúil nó plódaithe, mar aon le daoine a bhfuil an chuid is mó dá n-ioncam ag dul don chíos nó don íocaíocht mhíosúil mhorgáiste. |
|
19. |
Tá CnaR ag iarraidh go gcuirfí saincheisteanna uirbeacha san áireamh ar bhealach ní b’fhearr sa Seimeastar Eorpach: ní mór an tithíocht inacmhainne, an neamhionannas agus infheistíochtaí fadtéarmacha a chumhdach i gcomhordú an bheartais eacnamaíoch agus shóisialta san Aontas. |
|
20. |
Is mian le CnaR béim a chur ar ghné na hinscne sna beartais tithíochta agus cuireann sé chun suntais gurb iad na mná, chomh minic lena athrach, is cailltí leis na bearnaí pá idir na hinscní. Is iad mná, go háirithe máithreacha aonair agus mná atá in aois scoir, is mó atá i mbaol i bhfianaise na bearna pá agus pinsin atá fós ann idir na hinscní. Iarrann CnaR, dá bhrí sin, ar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha na bearta is gá a dhéanamh chun comhdheiseanna a chruthú do chách. Thar aon ní eile, cuireann sé chun suntais staid an-fhorbhásach na dteaghlach aontuismitheora agus an leithcheal a dhéantar orthu agus iad sa tóir ar thithíocht. Tá sé ag iarraidh go gcuirfí cás na dtuismitheoirí aonair (ar mná ar ciorraíodh siar ar a ngairmréimeanna is mó a bhíonn i gceist) san áireamh sna critéir maidir le leithdháileadh tithíochta sóisialta, ós ábhar tosaíochta atá ann. |
|
21. |
Is díol sásaimh do CnaR go bhforáiltear i dTreoir (AE) 2022/542 ón gComhairle (3) go mbeidh feidhm fós ag rátaí laghdaithe CBL maidir le soláthar agus tógáil tithíochta, mar chuid de bheartas sóisialta, agus maidir le hathchóiriú agus athrú tithe agus áitribh phríobháideacha chomh maith. |
|
22. |
Is mian le CnaR a chur i bhfáth go bhfuil mórán freagrachtaí faoi inniúlacht na rialtas náisiúnta, cuir i gcás an cánachas, an caiteachas poiblí agus an beartas sóisialta, agus go bhfuil tionchar ollmhór ag na freagrachtaí sin ar thorthaí tithíochta. Iarrann sé go mbunófaí rialachas láidir il-leibhéil agus comhpháirtíocht láidir i measc gníomhaithe poiblí a bhfuil uirlisí iomadúla comhordaithe acu chun tithíocht inacmhainne a chur ar fáil. Tá sé á chur i bhfáth aige, dá ndéanfaí cánacha athfhillteacha dea-cheaptha a ghearradh ar réadmhaoin chónaithe, go bhféadfaí cuidiú le haghaidh a thabhairt ar an neamhionannas, le fás ní b’inbhuanaithe praghsanna réadmhaoine a chothú agus acmhainní a bhfuil géarghá leo a chur ar fáil chun gurbh fhéidir leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha infheistiú i mbonneagar criticiúil agus san aistriú glas. |
|
23. |
Tá sé á chur in iúl ag CnaR gur chóir réitigh atá dírithe ar thithíocht dóibh siúd a bhfuil gá acu léi a bheith ina gceart agus gur chóir aimsiú cóiríochta a áirithiú mar chuid de chur chuige cuimsitheach lena gcinnteofaí soláthar seirbhísí struchtúracha agus seirbhísí pearsantaithe, lena ndíreofaí ar an gcosc, lena gcabhrófaí leis na daoine is leochailí ar bhaolach go bhfágfaí gan dídean iad, agus lena rannchuideofaí le leas an phobail. Sa chomhthéacs sin, iarrann CnaR ar Bhallstáit an Aontais Eorpaigh páirt a ghlacadh sa chlár ‘An Tithíocht ar dTús’ chun an easpa dídine a chomhrac agus chun an leithcheal a bhaineann leis an easpa dídine san Eoraip a chosc. |
|
24. |
Aithníonn CnaR go bhfuil samhlacha rathúla tithíochta sóisialta san Aontas agus iarrann sé go ndéanfaí tuilleadh poiblíochta ar dhea-chleachtais an Aontais maidir le slándáil shóisialta agus tionóntachta a chur ar fáil do theaghlaigh a bhfuil ioncam íseal agus meánioncam acu, agus go ndéanfaí tuilleadh díchill chun na daoine is leochailí gan dídean a lánpháirtiú sa tsochaí, agus béim ar leith á cur ar na daoine óga san Aontas atá gan dídean nó ar baolach go bhfágfar gan dídean iad. |
|
25. |
Tá sé á chur in iúl ag CnaR go bhfuil traidisiúin éagsúla ar fud chathracha agus réigiúin na hEorpa a mhéid a bhaineann le cíosú, úinéireacht tí agus beartas tithíochta agus ba cheart na héagsúlachtaí sin a chur san áireamh sa tsraith straitéisí beartais. Tá sé á chur i bhfáth aige, áfach, nárbh fhéidir soláthar leordhóthanach tithe a ráthú chun freastal ar riachtanais gach saoránaigh mura mbainfí meascán sláintiúil amach idir tithíocht phoiblí, comharthithíocht, tithíocht shóisialta agus tithíocht phríobháideach, agus sin faoi réimse socruithe maoinithe, lena n-áirítear socruithe príobháideacha poiblí. |
|
26. |
Tá béim á leagan ag CnaR ar an ngá atá ann go n-urramódh seirbhísí cíosaithe ghearrthéarmaigh cóiríochta cuspóirí an bheartais phoiblí a mhéid a bhaineann le tithíocht inacmhainne a chur ar fáil agus lárionaid uirbeacha a chosaint ar an ‘turasóiriú’ iomarcach. Tá ríthábhacht le cothromaíocht a aimsiú idir riachtanais mhuintir na háite, riachtanais an lucht fiontraíochta agus riachtanais na dturasóirí má táthar chun a chinntiú gur féidir le daoine cur fúthu i gceantar ar bith, gan an bonn a bhaint den fháilte mhór a chuirtear roimh an turasóireacht i réigiúin agus cathracha na hEorpa ná den leas mór eacnamaíoch a ghabhann léi. |
|
27. |
Is díol sásaimh do CnaR, dá bhrí sin, an comhaontú polaitiúil ar tháinig Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle air i mí na Samhna 2023 maidir le trédhearcacht agus malartú faisnéise a fheabhsú san earnáil cíosaithe ghearrthéarmaigh mar is céim thábhachtach chun cinn é sin, dar le CnaR, i gcumhacht rialaithe iomchuí a thabhairt do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha sa mhargadh sin. Tá CnaR ag iarraidh go gcuirfí an creat Eorpach nua seo chun feidhme go hiomlán agus go pras chun tionchar na n-ardán digiteach ar na margaí réadmhaoine a rialáil, go háirithe maidir leis na hoibleagáidí atá ar na hardáin cloí le rialacháin áitiúla agus réigiúnacha, sin agus na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a chur ar an eolas faoi aonaid tithíochta a chuirtear amach ar cíos go gearrthéarmach. |
|
28. |
Tugann CnaR dá aire, cé go bhfuil roinnt mhaith ceantair thuaithe ag déileáil le dúshláin dhéimeagrafacha agus leis an mbánú, gur minic a tharlaíonn go bhfanann praghsanna tithe cobhsaí, nó go dtagann méadú orthu fiú, de réir mar a cheannaíonn cónaitheoirí cathrach áiteanna cónaithe tánaisteacha. Is mian le CnaR aird ar leith a dhíriú ar na dúshláin a bhíonn i gceist leis an margadh tithíochta saoire, rud a fhágann go bhfuil sé ag éirí níos deacra don phobal áitiúil teach a cheannach mar gheall ar an iomaíocht le daoine ón taobh amuigh a bhfuil níos mó airgid acu. Chun cuidiú leis an bhfadhb a réiteach, ba cheart cláir iasachtaí poiblí agus ráthaíochtaí iasachta do dhaoine óga a chur chun cinn ionas go bhféadfaidís teach a mbeadh gnáthchónaí nó buanchónaí orthu ann a cheannach, a athchóiriú agus a thógáil iad féin i mbardas beag. |
|
29. |
Aithníonn CnaR go n-áirítear i stoc foirgneamh an Aontais breis agus 220 milliún aonad foirgnimh (85 % den stoc foirgneamh san Aontas) a tógadh roimh 2001 agus gurb ionann an sciar d’fhoirgnimh chónaithe (achar úrláir) agus os cionn 66 % den stoc foirgneamh i bhformhór na mBallstát. |
|
30. |
Tá sé á chur in iúl ag CnaR, ainneoin gurb airde an meánráta bliantúil ualaithe athchóirithe fuinnimh le haghaidh foirgnimh chónaithe i mBallstáit áirithe ná 2 %, go bhfuil an ráta foriomlán fós ag 1 % agus go bhfuil rátaí athchóirithe dhomhain ar fhoirgnimh chónaithe tite chun deiridh ar na rátaí atá ann maidir le hathchóiriú domhain ar fhoirgnimh neamhchónaithe. Iarrann CnaR go mbeadh tuilleadh dreasachtaí agus tacaíocht airgeadais ann, mar aon le cánachas fabhrach ar dá réir nach ngearrfaí cáin ar na méideanna a gheofaí ó aon riarachán mar dheontas nó mar chabhair chun bearta inrochtaineachta, caomhnaithe, éifeachtúlachta fuinnimh agus sláintíochta a dhéanamh, amhail baint aispeiste. Ar an gcaoi sin, bheifí ag súil le go bhféadfaí athchóiriú domhain a dhéanamh ar na foirgnimh chónaithe san Aontas, gan deireadh a chur san am céanna le bearta sóisialta a fhágann nach féidir tionóntaí ná úinéirí a chur as a dteach, go háirithe daoine leochaileacha agus grúpaí faoi mhíbhuntáiste. Toisc eile a mbíonn tionchar aici ar athchóiriú fuinnimh bunaithe ar chabhair Eorpach is ea an nós imeachta riaracháin casta maidir leis an gcabhair sin a fháil. Bíonn tionchar aige sin go háirithe ar an gcuid den daonra is mó atá faoi mhíbhuntáiste. |
|
31. |
Tá sé á chur i bhfáth ag CnaR go bhfuil roinnt tosca ann a mbíonn tionchar acu ar athchóiriú foirgneamh cónaithe, cuir i gcás rátaí arda úinéireachta, cumhachtaí ísle dlíthiúla na n-údarás áitiúil, pleanáil neamhleor maidir le hathdheisiú glas agus inbhuanaithe a dhéanamh ar fhoirgnimh agus cistiú easnamhach chun infheistíochtaí áitbhunaithe a dhéanamh a fhreastalaíonn ar riachtanais áitiúla agus a fheabhsaíonn athléimneacht eacnamaíoch, rathúnas agus forbairt inbhuanaithe na bpobal áitiúil. |
|
32. |
Aithníonn CnaR gurb í an ailtireacht inbhuanaithe an bealach chun tosaigh agus gur samhail í a d’fhéadfadh éifeachtúlacht fuinnimh na bhfoirgneamh a fheabhsú, an dramhaíl agus ábhair a bhfuil ceimiceáin thocsaineacha iontu a laghdú, timpeallachtaí sláintiúla agus táirgiúla a chruthú do na háitritheoirí agus, san am céanna, an ailtireacht a fhí isteach i gcreat cultúrtha i bhfad níos leithne bunaithe ar idirghaol an duine leis an dúlra. Cuireann sé in iúl, dá bharr sin, go bhféadfadh Bauhaus Eorpach Nua, Gníomhaíochtaí Nuálacha Uirbeacha an Aontais agus an tionscnamh de chuid an Aontais ‘Tithíocht Inacmhainne’ a bheith ina n-ionstraimí úsáideacha chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna iomadúla sin a bhfuil na húdaráis áitiúla ag plé leo. |
|
33. |
Tugann CnaR dá aire le teann spéise na nósanna atá ag teacht chun cinn le déanaí, cuir i gcás, pobail cónaithe chomhroinnte i gcathracha móra, an méadú mór atá ag teacht ar líon na n-árasán stiúideo agus na n-árasán do dhaoine aonair a bhfuil méid teoranta áiseanna iontu, cuir i gcás chun cócaireacht a dhéanamh nó chun ócáidí sóisialta a óstáil, ar nósanna iad sin a fhágann gur dlúithe lárionaid uirbeacha, go mbíonn ar chumas daoine óga cónaí a bheith orthu iontu, go mbíonn na ceantair sin níos inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus níos oiriúnaí do stíl mhaireachtála agus luachanna an duine óig. Tugann sé rabhadh, áfach, go bhféadfadh freagairt mhargaidh pháirteach a bheith i gceist leis sin i gcásanna áirithe agus go mbaineann fadhbanna sonracha leis freisin, amhail bonneagar tacaíochta atá neamhleor le haghaidh líon agus dlús níos mó cónaitheoirí. Ba cheart tacú leis na tionscnaimh sin mar bhealach le cónaí fadtéarmach a spreagadh i lár na gcathracha agus beocht a chur iontu an athuair, á áirithiú san am céanna nach gcuirfear róbhrú ar an mbonneagar atá ann cheana féin. I gcás inar baol go dtarlóidh a leithéid, ba cheart na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a bheith in ann cónaí comhroinnte a rialáil ionas go bhféadfadh an bonneagar agus na seirbhísí áitiúla cos a choinneáil le dlúthú na lárionad uirbeach. |
|
34. |
Aithníonn CnaR, a mhéid a bhaineann le maoiniú an Aontais, agus go háirithe Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, an Ciste Comhtháthaithe agus an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, go rannchuidíonn an maoiniú sin go suntasach leis an éifeachtúlacht fuinnimh i dtithíocht, le fáil agus athdheisiú aonad tithíochta comhchoitinne, le hathghiniúint limistéar tithíochta uirbí agus sóisialta agus le forbairt tithíochta sóisialta agus cosanta. Iarrann CnaR ar na Ballstáit freisin pleananna náisiúnta maidir le tithíocht inacmhainne a áireamh ina gcláir náisiúnta um athchóiriú. Tá tuairim agus EUR 22.3 billiún san iomlán curtha i leataobh sa chlárthréimhse 2021-2027 don éifeachtúlacht fuinnimh i dtithíocht agus d’infheistíochtaí tithíochta faoi chuimsiú lánpháirtiú sóisialta faoi Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus faoin gCiste Comhtháthaithe. Anuas air sin, tacaíonn Ciste Sóisialta na hEorpa Plus le cláir cúnaimh tithíochta, fothú acmhainneachta agus soláthar seirbhísí sóisialta do dhaoine ar baolach go bhfágfar gan dídean iad. Mar sin féin, tá an bhearna infheistíochta bhliantúil maidir le tithíocht shóisialta agus inacmhainne chomh hard le EUR 57 mbilliún (4). |
|
35. |
Tacaíonn CnaR le cur chun cinn agus malartú dea-chleachtas maidir le réitigh tithíochta atá díláraithe agus nuálach go sóisialta agus is mian leis béim a chur ar luach na tithíochta idirghlúine, go háirithe mar a gcónaíonn daoine scothaosta agus mic léinn, printísigh nó oiliúnaithe san áit chéanna, óir ba thairbheach dóibh, dá réir sin, an malartú idirghlúine agus na costais fhabhracha tithíochta a ghabhann leis. Ar an dóigh chéanna, molann sé tionscadail le haghaidh tithíocht shealadach a chur chun feidhme ar bhonn níos leithne chun an easpa dídine a chomhrac, maille le tionscadail a chuireann an comhtháthú agus an geilleagar ciorclach chun cinn trí phobail bhríomhara éagsúla a chruthú. Chuirfeadh sé sin bac ar dhaoine cur fúthu go mídhleathach i bhfoirgneamh folamh, ar fadhb é sin atá ag éirí níos forleithne in áiteanna nach bhfuil an dara rogha ag na daoine. |
|
36. |
Aithníonn CnaR an gá atá le comhar i measc na n-údarás áitiúil, na rialtas náisiúnta agus an lucht acadúil trí bhíthin an chláir Fís Eorpach agus tionscnaimh eile chun scéimeanna deontais le haghaidh athchóirithe agus dreasachtaí eile a thagarmharcáil agus a fhorbairt tuilleadh ionas gur féidir athchóirithe éifeachtacha a dhéanamh, athchóirithe a bheadh thar a bheith éasca a dhéanamh ar an gcaoi chéanna arís agus arís eile. D’fhéadfaí é sin a bhaint amach, mar shampla, trí ábhair inacmhainne réamhdhéanta a fhorbairt chomh maith le scéimeanna deontais nach gcuirfeadh ualach breise ar áitritheoirí atá thíos leis an mbochtaineacht fuinnimh. |
|
37. |
Iarrann CnaR go bhfeabhsófaí an rochtain atá ag daoine óga nach bhfuil cúlra airgeadais maith acu ar an gcreidmheas agus ar mhorgáistí trí scéimeanna ráthaíochta iasachta poiblí, cuir i gcás. Ní foláir do gheallsealbhóirí ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta a bheith i gcomhréir le luachanna a bhaineann le cumhachtú na hóige agus an fás eacnamaíoch agus aird a tharraingt ar a thábhachtaí atá sé an ghlúin óg a chumhachtú le hinfheistíocht a dhéanamh ina dtodhchaí féin trí úinéireacht tí. |
|
38. |
Creideann CnaR go láidir gur gá athchóiriú fuinnimh a dhéanamh de réir mar a dhéantar uasghrádú struchtúrach ar fhoirgnimh chun na foirgnimh a chur i gcomhréir leis na caighdeáin is déanaí atá ann, cuir i gcás caighdeáin sábháilteachta i gcás teagmhais sheismeacha nó dóiteán, caighdeáin lena n-áirítear rochtain uilíoch do chách, agus caighdeáin sábháilteachta eile. Ba cheart cloí leis na caighdeáin is airde maidir le hathléimneacht aeráide agus athchóiriú á dhéanamh ar fhoirgnimh ionas nach gcaillfí tithe nua nuair a thiteann teagmhais adhaimsire amach. Iarrann CnaR go ngéarófaí ar na maidí maidir leis an stoc foirgneamh atá ann cheana a dhíonadh ar an athrú aeráide ionas go bhféadfaí cur i gcoinne na dteagmhas adhaimsire, lena n-áirítear tonnta teasa, i gcás inarb ábhartha, a dhéanann difear díréireach do dhaoine scothaosta agus do ghrúpaí leochaileacha i gceantair uirbeacha a bhfuil dlúth ard daonra iontu. |
|
39. |
Aithníonn CnaR a éifeachtaí atá rialuithe cíosa i gcás ina n-úsáidtear iad mar bhearta sealadacha in aghaidh méaduithe gasta ar chíosanna ach tugann sé rabhadh nach bhfuil siad iontaofa mar bhearta fadtéarmacha. Cé go bhfuil géarghá le srian a chur ar mhéaduithe cíosa faoi láthair, tá sé fíorthábhachtach a bheith tiomanta do réitigh inbhuanaithe mhargadhbhunaithe a aimsiú lena n-áiritheofaí go mbeadh tithíocht inacmhainne ann ós rud é go bhfuil baol ann go gcruthófaí margaí comhthreomhara idir an tithíocht ar cíos rialaithe agus an tithíocht ar an margadh tráchtála. |
|
40. |
Tá CnaR ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a spreagadh le pacáistí athchóirithe comhtháite a chomhroinnt maidir le huasghrádú a dhéanamh ar an gcóras téite, an córas aerála agus an córas fuaraithe i bhfoirgnimh. D’fhéadfadh sé iad a spreagadh freisin tacú le hoiliúint an lucht saothair athchóirithe mar chuid de na cláir a chistítear faoi Chiste Sóisialta na hEorpa Plus agus REPowerEU. Tuigeann CnaR, má táthar chun cur chuige ciorclach agus sistéamach a ghlacadh i dtaca le hathchóirithe ar fhoirgnimh, go bhfuil obair mhór le déanamh a mhéid a bhaineann le huas-sciliú agus inniúlachtaí áitiúla a dhaingniú, san earnáil phríobháideach agus san earnáil phoiblí araon. Ar ndóigh, tá údar leis na pacáistí athchóirithe sin, más ea go ngabhann feabhsuithe éighníomhacha leo ar fhoirgnimh. |
|
41. |
Tithíocht nua a thógáil, cuireann CnaR i bhfáth gurb é sin an réiteach is fearr ar phraghsanna arda tithíochta, rud a mhéadódh an soláthar agus a laghdódh, dá bhrí sin, costas an táirgthe, praghas na talún agus an praghas a bhaineann le díol agus cíosú tithíochta. I dtaca leis sin de, leagann sé béim ar an ról ríthábhachtach atá ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha maidir lena áirithiú go mbeidh rialacháin leordhóthanacha, bonneagar iomchuí agus talamh oiriúnach ar fáil chun tógáil tithíochta nuaí a chumasú agus a dhreasú. Ina fhianaise sin, ba cheart iarracht a dhéanamh iarratais pleanála uirbí a shimpliú. |
|
42. |
Aithníonn CnaR gur gá díriú ar na foirgnimh a bhfuil an fheidhmíocht fuinnimh is measa acu agus ar fhoirgnimh a bhfuil acmhainneacht mhór acu maidir le coigilteas fuinnimh. Tá sé á chur i bhfáth aige go bhfuil gá le lucht saothair oilte agus le fiontraithe oilte, agus aithníonn sé an tionchar ar luach na bhfoirgneamh agus ar mhargaí maoine, rud nár cheart a bheith ina chúis le costais mhéadaithe do thionóntaí. Tá sé ag iarraidh, dá bhrí sin, go dtabharfaí an deis dhlíthiúil do na Ballstáit síneadh ama a iarraidh ar na sprioc-amanna sonraithe má tá údar cuí leis sin de bharr coinníollacha eisceachtúla. |
|
43. |
Aithníonn CnaR gur féidir costais tithíochta a laghdú trína thuilleadh forbartha a dhéanamh agus aonaid nua a thógáil. Aithníonn sé freisin, áfach, nach é sin an t-aon réiteach uileghabhálach amháin atá ar fáil, agus béim á leagan aige ar an ngá atá le réitigh nuálacha eile a chur chun feidhme go comhthreomhar agus ar bhonn níos leithne ar leibhéal na n-údarás áitiúil agus réigiúnach d’fhonn bacainní ar rochtain ar thithíocht mhaith chobhsaí a laghdú. D’fhéadfadh sé go n-áireofaí ar na réitigh sin réadmhaoin atá folamh a athrú agus a thiontú ina tithíocht nó b’fhéidir leas níos mó a bhaint as na hacmhainní tithíochta foilmhe atá ann cheana, cuir i gcás trí ionaid chúnaimh agus trí ghníomhaireachtaí bardasacha cíosa. Comhpháirtithe iontaofa is ea atá i gceist leosan d’úinéirí príobháideacha tí agus cuireann siad tacaíocht ar fáil do dhaoine atá i ngátar tithíochta. I gcás na n-úinéirí tí, cuireann siad raon ráthaíochtaí agus seirbhísí ar fáil dóibh, amhail íocaíocht rialta ioncaim ráthaithe nó deisiúcháin tithíochta atá thar na caighdeáin atá sainordaithe ag an dlí. Maidir le daoine a bhfuil gá acu le tithíocht, cuireann siad tacaíocht tithíochta ar fáil, lena n-áirítear seirbhísí sóisialta eile a sholáthar, i gcás inarb iomchuí. |
|
44. |
Is mian le CnaR béim a leagan ar a thábhachtaí atá sé go dtiocfadh na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha san Aontas i dtír ar na torthaí maidir le dea-chleachtais áitiúla agus ar an bhfaisnéis a chomhroinntear maidir le cleachtais pleanála uirbí, samhlacha tithíochta, gníomhaíochtaí nuálacha sa tithíocht agus teicneolaíochtaí cliste. Maidir leis sin, aithníonn CnaR tús dearfach an tionscnaimh Bauhaus Eorpach Nua ina gcuimsítear 22 smaoineamh spreagúla le haghaidh tionscadail a bhaineann leis an tithíocht agus cur chun feidhme an Chláir Oibre Uirbigh: tá sé beartaithe é sin a dhéanamh trí bhíthin na comhpháirtíochta ‘Tithíocht’ atá mar chuid den chlár, agus freisin trí lárionad de chuid Lárionaid Shármhaithe Chairt Ghinéive na Náisiún Aontaithe a chur ar bun, lárionad a bheadh i measc na chéad cheann dá leithéid. |
|
45. |
Aithníonn CnaR gur luachmhaire do lárionaid oidhreachta cultúrtha na hEorpa cur chuige athchóirithe atá córasach agus comhtháite agus, mar sin, iarrann sé ar an gCoimisiún Eorpach agus ar Bhallstáit an Aontais treoir a thabhairt maidir leis an éifeachtúlacht fuinnimh i bhfoirgnimh stairiúla a fheabhsú, lena n-áirítear trí leas a bhaint as obair an tionscnaimh Bauhaus Eorpach Nua. Ba cheart tacú le hathchóiriú na bhfoirgneamh sin trí scéimeanna cistiúcháin tiomnaithe agus creat ama atá solúbtha a dhóthain a cheadú dó sin. |
|
46. |
Tugann CnaR dá aire freisin gur cuireadh tús leis an rabharta athchóiriúcháin don Eoraip, ar straitéis de chuid an Choimisiúin é, lena leagtar síos 100 ceantar tí solais le haghaidh athchóiriú agus tógála mar thriail phíolótach. Is é is aidhm don straitéis sin rátaí athchóirithe a dhúbailt faoi 2030. Tá tionscadail tithíochta á gcur chun feidhme cheana féin ina lán ceantar, agus leas á bhaint acu as réitigh chliste i dtaca le héifeachtúlacht fuinnimh fhoirgnimh na mbardas. |
|
47. |
Athdhearbhaíonn CnaR gur cheart go rannchuideodh an rabharta athchóiriúcháin le cur chun feidhme an chirt ar thithíocht inacmhainne, inrochtana agus shláintiúil, agus measann sé gur bealach struchtúrach chun dul i ngleic leis an mbochtaineacht fuinnimh é an éifeachtúlacht fuinnimh a fhorbairt. |
|
48. |
Molann CnaR go n-úsáidfí an t-ioncam ó chóras trádála astaíochtaí an Aontais (CTA) agus ón gCiste Aeráide Sóisialta chun deontais a mhaoiniú d’fhonn cuidiú le saoránaigh leochaileacha san Aontas a dtithe a athchóiriú agus chun liúntais tithíochta aeráide a mhaoiniú dóibh siúd atá i ngátar – agus bainistiú comhpháirteach á dhéanamh ar an scéim sin i gcomhar leis na réigiúin – agus beartas cuimsitheach a bhunú chun an bhochtaineacht fuinnimh a shárú agus chun a áirithiú go mbeidh tithíocht níos inacmhainne ar fud an Aontais leis an rabharta athchóiriúcháin agus leis an Tionscnamh Tithíochta Inacmhainne. |
|
49. |
Tugann CnaR dá aire freisin gur gá cur chuige na smaointeoireachta saolré a chur san áireamh sa sainmhíniú ar an rud is foirgneamh astaíochtaí nialasacha ann agus foirgneamh nach mór astaíochtaí nialasacha d’fhonn stoc foirgneamh aeráidneodrach a chur chun cinn faoi 2050. |
|
50. |
Is mian le CnaR a athdhearbhú, mar a leagtar amach sa tuairim Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh, agus dlús á chur le hathchóiriú foirgneamh, go bhfuil an deis ann dul i ngleic leis an mbochtaineacht fuinnimh agus foirgnimh ina bhfuil teaghlaigh leochaileacha a dhéanamh dearfach ó thaobh fuinnimh de. Is oth leis, áfach, go méadófaí leis an treoir na costais athchóirithe a bheadh le híoc ag neart daoine, go háirithe teaghlaigh atá ar ioncam íseal, agus deacrachtaí acu cheana féin mar gheall ar an méadú ar an gcostas maireachtála, ar an gcostas fuinnimh agus ar an mboilsciú. Chuige sin, tathantaíonn sé go mbunófaí beartas cuimsitheach maidir leis an mbochtaineacht fuinnimh, ionas nach rachaidh saincheist na bochtaineachta fuinnimh in olcas ar fud an Aontais. Ar an gcúis sin, tá sé ag iarraidh ar an gCoimisiún straitéis chuimsitheach a chur ar bun chun an bhochtaineacht fuinnimh a dhíothú. Meabhraíonn sé go bhfuil sé réidh chun comhoibriú leis an nGrúpa Comhordúcháin nuabhunaithe um an mBochtaineacht Fuinnimh agus Tomhaltóirí Leochaileacha d’fhonn straitéis a cheapadh a bheidh oiriúnach don chur chun feidhme ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal réigiúnach. |
|
51. |
Sa chomhthéacs sin, iarrann CnaR ar an gCoimisiún Eorpach: (i) machnamh a dhéanamh ar a fhéideartha a bheadh sé ioncaim ó Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais agus ón gCiste Aeráide Sóisialta a úsáid chun fóirdheontais a mhaoiniú do na saoránaigh Eorpacha is leochailí, d’fhonn cabhrú leo, trí bhíthin cláir arna mbainistiú ag údaráis bhainistíochta na gCistí Struchtúracha, a dtithe a athchóiriú agus (ii) beartas cuimsitheach a bhunú i gcoinne na bochtaineachta fuinnimh. Ar an gcaoi sin, d’fhéadfaí a áirithiú go gcuirfí leis an rochtain ar thithíocht inacmhainne san Eoraip a bhuí leis an rabharta athchóiriúcháin, agus go ndéanfaí an nós imeachta riaracháin chun rochtain a fháil ar an tacaíocht sin a shimpliú a mhéid is féidir. |
|
52. |
Is díol sásaimh do CnaR na moltaí a d’fhoilsigh an Coimisiún an 20 Deireadh Fómhair 2023 maidir le bearta agus beartais a d’fhéadfadh na Ballstáit a ghlacadh chun dul i ngleic leis an mbochtaineacht fuinnimh. Baineann roinnt de na moltaí sin leis an tithíocht. Áirítear infheistíochtaí san éifeachtúlacht fuinnimh agus san fhuinneamh in-athnuaite i measc na mbeart struchtúrach a luaitear chun tionchar fadtéarmach a bhaint amach, rud a thabharfadh aghaidh ar bhunchúiseanna na bochtaineachta amhail feidhmíocht íseal fuinnimh tithe agus fearas tí, caiteachas ard fuinnimh i gcomparáid le buiséid na dteaghlach agus leibhéil níos ísle ioncaim (rud is measa fós de dheasca an bhoilscithe). Is mian le CnaR a chur i bhfios gur cuid d’fhadhb ghinearálta na bochtaineachta í an bhochtaineacht fuinnimh agus gur gá bearta a dhéanamh i réimsí beartais éagsúla, mar atá, an beartas eacnamaíoch, beartas an mhargaidh saothair agus an beartas sóisialta. |
|
53. |
Tacaíonn CnaR le córais dhíláraithe fuinnimh in-athnuaite agus pobail áitiúla fuinnimh atá nasctha le forbairtí foirgneamh cónaithe. Maidir leis sin, iarrann CnaR go ndéanfaí tuilleadh anailíse agus go mbainfí an reachtaíocht ábhartha a chuireann bac ar chomhroinnt leathan fuinnimh ionas go bhféadfaí leas iomlán a bhaint as na córais sin. Go háirithe, chun na bearta sna pleananna téimh agus fuaraithe faoin Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh a dhéanamh níos éifeachtaí, iarrann CnaR go ndéanfaí líonraí téimh agus fuaraithe a rialáil ar an leibhéal Eorpach chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna a bhaineann lena bhforbairt agus lena mbainistiú, amhail cearta úsáideoirí, i limistéir uirbeacha nua agus sheanbhunaithe. |
|
54. |
Tacaíonn CnaR le glacadh níos tapúla réiteach digiteach agus réiteach fuinnimh chliste trí inrochtaineacht agus inúsáidteacht na gcóras a chur chun cinn, trí chomhairle theicniúil ghnó leordhóthanach a sholáthar do theaghlaigh agus trí litearthacht dhigiteach agus scileanna na n-úsáideoirí deiridh a spreagadh ar an leibhéal áitiúil, sin agus trí thacú le teicneolaíochtaí a aistriú chuig an lucht áitiúil tógála agus suiteála chomh maith. |
|
55. |
Is mian le CnaR béim a leagan ar thábhacht na bpleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide, chomh maith leis na Pleananna Aeráide Sóisialta agus na pleananna náisiúnta athchóirithe foirgneamh. Cuireann na pleananna sin deiseanna nua ar fáil do na Ballstáit agus do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha chun borradh a chur faoin tithíocht chliste agus inacmhainne ar fud an Aontais. |
|
56. |
Tá CnaR ag iarraidh go dtabharfaí tacaíocht spriocdhírithe do na cathracha agus do na réigiúin ionas gurbh fhéidir leo aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhíonn ann agus iad ag glacadh le dídeanaithe, ós rud é gurb í an tithíocht chuibhiúil an chéad chéim ar an gconair lánpháirtithe. Ós amhlaidh atá, is mian le CnaR a chur in iúl go bhfuil sé i bhfách leis an Tionscnamh Eorpach ‘Cinntítear go gcuirfear fáilte dhíniteach roimh imircigh chun na hEorpa’ (5). |
|
57. |
Is díol sásaimh do CnaR na tionscnaimh chomhpháirtíochta agus nasctha le cathracha de chuid na hÚcráine ar mhaithe le hatógáil thapa agus inbhuanaithe. Athdhearbhaíonn CnaR gurb iad cathracha agus réigiúin an Aontais is fearr atá in ann saineolas a thabhairt agus réitigh réamhdhéanta a chur chun cinn chun cuidiú leis na hÚcránaigh filleadh ar thithe sábháilte agus teo a luaithe is féidir. Ba cheart atógáil stoc tithíochta na hÚcráine a áireamh i ngach tionscnamh de chuid an Aontais atá luaite a bhaineann leis an tithíocht. |
|
58. |
Ar an gcaoi chéanna, creideann CnaR, maidir le tíortha agus réigiúin de chuid Chomharsanacht na hEorpa, agus go háirithe tíortha is iarrthóir nó tíortha is iarrthóir ionchasach, bídís thíos le tubaistí nádúrtha amhail creathanna nó bídís thíos le treochtaí imirce agus déimeagrafacha, gur cheart rochtain a bheith acu go léir ar na huirlisí beartais agus ar an saineolas chun a stoc tithíochta a fheabhsú, le tacaíocht ó ionstraimí cistiúcháin iomchuí. |
|
59. |
Iarrann CnaR go n-eagródh an Coimisiún Eorpach, i gcomhar le CnaR, cruinniú mullaigh bliantúil AE maidir le tithíocht shóisialta agus inacmhainne, ina dtabharfaí le chéile na geallsealbhóirí uile atá rannpháirteach i gcomhordú ghníomhaíochtaí na mBallstát maidir le tithíocht shóisialta agus inacmhainne, agus an obair sin bunaithe ar chur chuige il-leibhéil agus urraim á tabhairt do phrionsabal na coimhdeachta ag an am céanna. |
An Bhruiséil, 17 Aibreán 2024.
An tUachtarán
Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Vasco ALVES CORDEIRO
(1) https://www.europarl.europa.eu/doceo/document/TA-9-2023-0427_GA.html
(2) (IO L 10, 17.1.2022, lch. 1).
(3) Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/54 ón gCoimisiún an 21 Deireadh Fómhair 2021 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 a mhéid a bhaineann le crúbaigh áirithe ar de bhunadh an Aontais iad a thabhairt isteach san Aontas, crúbaigh a aistrítear go tríú tír nó críoch chun bheith rannpháirteach in imeachtaí, taispeántais agus seónna, agus a aistrítear ar ais go dtí an tAontas ina dhiaidh sin (IO L 7, 11.1.2012, lch. 3).
(4) Focail tosaigh ón gCoimisinéir Schmit le linn na díospóireachta sa suí iomlánach i bParlaimint na hEorpa maidir le ‘Tithíocht Chuibhiúil do Chách’.
(5) https://citizens-initiative.europa.eu/news/new-initiative-registered-ensuring-dignified-reception-migrants-europe_ga.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3667/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)