EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023DC0600

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG AN mBANC CEANNAIS EORPACH, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA, CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN AGUS CHUIG AN mBANC EORPACH INFHEISTÍOCHTA Seimestar Eorpach 2023 - Pacáiste an Earraigh

COM/2023/600 final

An Bhruiséil,24.5.2023

COM(2023) 600 final

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG AN mBANC CEANNAIS EORPACH, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA, CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN AGUS CHUIG AN mBANC EORPACH INFHEISTÍOCHTA

Seimestar Eorpach 2023 - Pacáiste an Earraigh

{SWD(2023) 628 final} - {SWD(2023) 629 final} - {SWD(2023) 630 final} - {SWD(2023) 631 final} - {SWD(2023) 632 final} - {SWD(2023) 633 final} - {SWD(2023) 634 final} - {SWD(2023) 635 final} - {SWD(2023) 636 final} - {SWD(2023) 637 final} - {SWD(2023) 638 final} - {SWD(2023) 639 final} - {SWD(2023) 640 final} - {SWD(2023) 641 final} - {SWD(2023) 642 final} - {SWD(2023) 643 final} - {SWD(2023) 644 final}


1. RÉAMHRÁ

Lean geilleagar an Aontais d'athléimneacht shuntasach a léiriú i dtimpeallacht dhúshlánach a bhaineann le hionradh gan chúis na Rúise ar an Úcráin. D’éirigh leis an Aontas a spleáchas ar bhreoslaí iontaise na Rúise a laghdú, smacht ar dhrochthionchar ar ghníomhaíocht eacnamaíoch a choimeád agus ag tabhairt a aghaidh ar 2023 dó bhí bonn níos fearr faoi ná mar a bhíothas ag súil leis. Ag teacht aniar ón marbhántacht a tharla go déanach in 2022, neartóidh fás OTI le linn 2023 a bhuí le praghsanna mórdhíola gáis i bhfad níos ísle agus athléimneacht leanúnach sa mhargadh saothair. Mar sin féin, leanann boilsciú ard de thionchar a imirt ar chumhacht ceannaigh teaghlach, go háirithe i measc grúpaí leochaileacha, rud a fhágann go bhfuil baol níos airde bochtaineachta ann agus go bhfuil sé ina ualach ar iomaíochas na hEorpa, go háirithe ós rud é go bhfuil praghsanna fuinnimh fós i bhfad níos airde ná mar atá sa chuid eile den domhan. Ina theannta sin, leis an timpeallacht sheachtrach, agus an chaomhnaitheacht agus an iomaíocht gheostraitéiseach a bhaineann léi agus atá ag dul i méid, cuirtear i dtreis níos mó an gá atá le hiomaíochas agus neamhspleáchas straitéiseach oscailte gheilleagar an Aontais a chosaint. Tá cur chun feidhme seasta na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF) ag spreagadh athchóirithe agus infheistíochtaí móra i raon leathan réimsí beartais. Tá feidhmiú céimneach RRF ag tacú leis an leathnú eacnamaíoch agus cuirfidh sé borradh faoi athléimneacht na mBallstát.

Beidh sé ríthábhachtach go gcothófar an móiminteam le haghaidh athchóirithe agus infheistíochtaí chun rathúnas, iomaíochas, cothroime agus athléimneacht fhadtéarmach an Aontais a áirithiú. Tá an Seimeastar Eorpach, a fhaigheann tacaíocht ón RRF agus ó chistí eile de chuid an Aontais, amhail an Beartas Comhtháthaithe agus clár InvestEU, i gcroílár straitéis eacnamaíoch agus fostaíochta an Aontais a sheasfaidh an aimsir mar a léirítear i bPlean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais de chuid an Aontais 1 agus sa straitéis fhadtéarmach iomaíochais 2 . Go háirithe, ba cheart do na Ballstáit leanúint de dhul chun cinn a dhéanamh maidir lena ngeilleagair a dhícharbónú, aghaidh a thabhairt ar ghanntanais agus neamhréireanna saothair agus scileanna, tacú le cruthú post ardcháilíochta, comhdheiseanna a chur chun cinn, borradh a chur faoin digitiú, faoin taighde agus faoin nuálaíocht, ualaí riaracháin agus rialála a laghdú, nósanna imeachta riaracháin agus ceadaithe a luathú agus a shimpliú, creatchoinníollacha leordhóthanacha a chur ar fáil le haghaidh infheistíochtaí ar an leibhéal náisiúnta agus fonáisiúnta agus a riaracháin phoiblí a nuachóiriú. Leanann an Seimeastar Eorpach den chreat comhordaithe beartais a sholáthar chun na críche sin, de chur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta agus chláir an bheartais chomhtháthaithe a threorú agus faireachán a dhéanamh orthu ar bhealach comhlántach agus rannchuidiú le cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus phríomhspriocanna AE 2030 maidir le fostaíocht, scileanna agus laghdú na bochtaineachta. Sna tuarascálacha de réir tíre 2023 3 , a d’fhoilsigh an Coimisiún inniu, déantar machnamh ar na dúshláin, lena náirítear iad siúd a bhaineann leis an aistriú dúbailte, athléimneacht shóisialta agus eacnamaíoch agus iomaíochas, i ngach Ballstát, agus leagtar amach iontu a mhéid atá aghaidh á tabhairt ar na dúshláin sin ina bpleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta (RRPanna). Leis na hathbhreithnithe leanúnacha ar na RRPanna agus le cuimsiú caibidlí REPowerEU 4 le cistiú breise i bhfoirm deontas agus iasachtaí, tugtar deis bhreise chun freagairt go héifeachtach do na dúshláin sin, go háirithe maidir le Plean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais agus Plean REPowerEU a chur chun feidhme.

Ag tógáil ar anailís na dtuarascálacha de réir tíre, leis na tograí ón gCoimisiún maidir le moltaí tír-shonracha 2023 (CSRanna) 5 tugtar treoir do na Ballstáit maidir le dul i ngleic le príomhdhúshláin eacnamaíocha agus shóisialta nach dtugtar aghaidh orthu ach i bpáirt nó nach dtugtar aghaidh orthu leis na RRPanna. Tá na ceithre ghné d’inbhuanaitheacht iomaíoch an Aontais — inbhuanaitheacht chomhshaoil, táirgiúlacht, cothroime agus cobhsaíocht mhaicreacnamaíoch — fós i gcroílár na treorach seo 6 . Leagtar béim sna moltaí atá beartaithe ar an ngá atá le beartas fioscach stuama a áirithiú in 2023-2024, go háirithe trí dheireadh a chur de réir a chéile leis na bearta tacaíochta fuinnimh nach bhfuil chomh spriocdhírithe atá i bhfeidhm faoi láthair agus tríd an bhfiachas a laghdú sa mheántéarma. Iarrtar sna moltaí freisin ar na Ballstáit leanúint de chur chun feidhme a gcuid RRPanna de réir a chéile, nó dlús a chur leis i roinnt cásanna, i bhfianaise spriocdháta 2026 agus leanúint de chláir an bheartais chomhtháthaithe a chur chun feidhme go pras, i ndlúthchomhar leis na RRPanna, lena náirítear trí acmhainní leordhóthanacha riaracháin a áirithiú. Leagtar amach freisin sna moltaí atá beartaithe na hathchóirithe agus na dúshláin infheistíochta a bhaineann le fuinneamh, lena náirítear athsciliú agus uassciliú an lucht saothair a niarrtar ar na Ballstáit aghaidh a thabhairt orthu faoi REPowerEU agus a bpleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide 7 . Sna tuarascálacha de réir tíre agus i dTuarascáil Faireacháin 2022 ar Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe ó Eurostat, soláthraítear tuairisciú atá cothrom le dáta agus comhsheasmhach ar an dul chun cinn i dtreo na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) ar fud na mBallstát. Ar leibhéal an Aontais, le blianta beaga anuas, tugtar faoi deara go ndearnadh dul chun cinn maidir le SDGanna éagsúla, agus tá dul chun cinn thar a bheith láidir ann i dtreo obair chuibhiúil agus fás eacnamaíoch a áirithiú (SDG 8) agus an bhochtaineacht a laghdú (SDG 1). Tá dul chun cinn suntasach déanta freisin maidir le comhionannas inscne (SDG 5) 8 . Áirítear freisin sna tuarascálacha de réir tíre an Scórchlár Sóisialta, ina dtugtar forléargas cuimsitheach ar fhostaíochta, comhionannas, scileanna agus dúshláin shóisialta a bhaineann le cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus le cur chun feidhme straitéisí Aontas an Chomhionannais.

Leanfar den idirphlé cuiditheach leis na Ballstáit agus den idirphlé idirinstitiúideach neartaithe ar leibhéal an Aontais le linn phróiseas an tSeimeastair Eorpaigh. Leis an dlúth‑idirphlé beartais maidir leis na RRPanna, bhí an Coimisiún agus na Ballstáit in ann a gcomhar maidir le beartais eacnamaíocha agus shóisialta a neartú agus a dhoimhniú. Áirithítear leis sin úinéireacht leathan agus táthar ag súil go leanfaidh sé ar aghaidh le linn chur chun feidhme leanúnach an RRP agus a leasuithe a bhfuiltear ag súil leo in 2023, lena n‑áirítear i gcomhthéacs REPowerEU. Tugann na hábhair a chumhdaítear sna tuarascálacha de réir tíre agus sna CSRanna deis eile chun an t‑idirphlé a leathnú. Leanfaidh an Coimisiún ar aghaidh freisin lena dhlúth‑idirphlé le Parlaimint na hEorpa maidir le príomhfhorbairtí sóisialta agus eacnamaíocha, agus leanfaidh sé de bheith ag plé leis ag gach céim lárnach de thimthriall comhordaithe bliantúil an tSeimeastair Eorpaigh.

Chun tosaíochtaí an tSeimeastair Eorpaigh agus RRF a chur i gcrích go rathúil, tá gá le rannpháirtíocht bhuan struchtúrtha na gcomhpháirtithe sóisialta agus páirtithe leasmhara eile agus le hardú feasachta ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon. Déantar malartuithe leanúnacha ar fhorbairtí sóisialta agus eacnamaíocha san Aontas tríd an idirphlé maicreacnamaíoch débhliantúil ar an leibhéal polaitiúil agus teicniúil idir an Chomhairle, an Coimisiún, an Banc Ceannais Eorpach (BCE) agus na comhpháirtithe sóisialta Eorpacha. Ina theannta sin, le rannpháirtíocht ghníomhach na gcomhpháirtithe sóisialta agus na ngeallsealbhóirí ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal fonáisiúnta, de réir mar is iomchuí, trí chruinnithe rialta tiomnaithe (e.g. imeachtaí bliantúla pháirtithe leasmhara RRF) le linn chéimeanna uile an tSeimeastair Eorpaigh agus le próiseas cur chun feidhme RRF, cabhraítear le dúshláin a shainaithint go comhpháirteach, réitigh bheartais a fheabhsú agus úinéireacht níos leithne agus trédhearcacht ar chlár oibre an bheartais eacnamaíoch agus shóisialta a áirithiú 9 . Cuidíonn gníomhaíochtaí cumarsáide agus faisnéise freisin le feasacht an phobail a ardú agus le trédhearcacht a mhéadú maidir leis an tacaíocht a chuirtear ar fáil trí RRF 10 .

Thíolaic an Coimisiún tograí reachtacha i ndáil le creat rialachais eacnamaíoch athchóirithe an 26 Aibreán 2023 11 . Is é príomhchuspóir a chuid tograí inbhuanaitheacht an fhiachais phoiblí a neartú agus fás inbhuanaithe, cuimsitheach agus athléimneach a chur chun cinn i ngach Ballstát trí athchóirithe agus infheistíocht. Is iad na pleananna fioscacha agus struchtúracha meántéarmacha a dhearfaidh agus a chuirfidh na Ballstáit i láthair a bheidh mar bhunchloch na dtograí. De réir na dtograí ón gCoimisiún, leagfadh na Ballstáit amach ina bpleananna a spriocanna caiteachais, bearta chun aghaidh a thabhairt ar mhíchothromaíochtaí maicreacnamaíocha agus ar athchóirithe agus infheistíochtaí tosaíochta thar thréimhse 4 bliana ar a laghad. Leanfadh an próiseas nua faireachais fhioscaigh de bheith comhtháite sa Seimeastar Eorpach, a leanfadh, dá bhrí sin, de bheith ina chreat lárnach do chomhordú an bheartais eacnamaíoch agus fostaíochta lena náiritheofaí comhlántacht idir na pleananna fiscacha agus struchtúracha meántéarmacha agus na hinfheistíochtaí agus na hathchóirithe a áirítear sna RRPanna agus i gcláir an Bheartais Chomhtháthaithe. Is tosaíocht phráinneach é go dtiocfadh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar chomhaontú go pras maidir leis na tograí, agus tacaíonn an Coimisiún le rún na Comhairle an obair ar an gcreat rialachais eacnamaíoch a thabhairt chun críche in 2023.

2. IONCHAS EACNAMAÍOCH AGUS FOSTAÍOCHTA

Le feidhmíocht gheilleagar an Aontais níos fearr ná mar a bhíothas ag súil léi go luath in 2023 agus éascú praghsanna fuinnimh, tá ardú ar an ionchas fáis don bhliain seo agus don chéad bhliain eile. Ina theannta sin, le hiarrachtaí coiteanna chun soláthairtí fuinnimh a éagsúlú, saoráidí stórála gáis a líonadh agus an t‑éileamh ar fhuinneamh a laghdú, mar aon le haimsir chineálta, maolaíodh tionchar socheacnamaíoch na dteannas sin. Ag féachaint chun cinn, táthar ag súil go dtacóidh praghsanna fuinnimh níos ísle, slabhraí soláthair feabhsaithe agus an neart leanúnach sa mhargadh saothair le geilleagar an Aontais. Cé go bhfuil laghdú suntasach tagtha ar an mbaol go mbeidh ganntanais gháis ann, tá éiginnteacht fós ann maidir le praghsanna gáis don gheimhreadh seo chugainn agus ina dhiaidh sin. Ar an iomlán, tuartar go méadóidh gníomhaíocht eacnamaíoch ar luas beagán níos láidre ná mar a bhíothas ag súil leis roimhe seo. Meastar go dtiocfaidh méadú 1.0 % ar OTI an Aontais in 2023 agus méadú 1.7 % in 2024.

Tuartar go leanfaidh an boilsciú de bheith ag laghdú, ach tá brúnna croíphraghsanna ag éirí níos seasmhaí, rud atá ag cur isteach ar ghnólachtaí agus ag laghdú chumhacht ceannaigh na dteaghlach. Shroich boilsciú príomha san Aontas buaicphointe 11.5 % i mí Dheireadh Fómhair 2022, agus shroich éagsúlachtaí boilscithe ar fud an Aontais agus na mBallstát sa limistéar euro leibhéil stairiúla. Mar sin féin, mhéadaigh brúnna praghsanna de réir a chéile agus gníomhaithe eacnamaíocha intíre ag oiriúnú do phraghsanna ionchuir níos airde. Mar thoradh air sin, tá an croí‑bhoilsciú, lena n‑eisiatar praghas an fhuinnimh agus praghas an bhia neamhphróiseáilte, tar éis éirí níos seasmhaí, cé go meastar go mbeidh a bhuaicphointe bainte amach aige sa chéad ráithe de 2023 agus go dtiocfaidh laghdú air de réir a chéile sna ráithí atá le teacht. Ar an gcaoi chéanna, cuireadh dlús le praghsanna bia sa chéad ráithe de 2023 ach meastar go mbainfidh siad buaicphointe amach in 2023, i gcomhréir le modhnóireacht i bpraghsanna tráchtearraí talmhaíochta. Mar fhreagairt ar an mboilsciú ard, tá dálaí airgeadaíochta ag géarú agus tá coinne leis go leanfaidh an treocht sin ar aghaidh. Mar thoradh air sin, tá méadú tagtha ar chostais chistiúcháin na mbanc agus tá géarú tagtha ar chaighdeáin iasachtaithe, rud a chuireann moill ar shreabhadh creidmheasa chuig an ngeilleagar. Cé go leanfaidh an boilsciú de bheith ag titim in 2023, fanfaidh sé go mór os cionn na sprice agus leanfaidh sé de thionchar a bheith aige ar chumhacht ceannaigh teaghlach, go háirithe i measc grúpaí ísealioncaim agus íseal-mheánioncaim, agus gnólachtaí.

Tá an margadh saothair láidir i gcónaí agus tá coinne leis go neartóidh fás pá. Tá an ráta fostaíochta, a shroich 74.8 % sa ráithe dheireanach de 2022, gar dá leibhéal stairiúil. Tháinig tearcúsáid sa mhargadh saothair 12 agus thit an dífhostaíocht don leibhéal ab ísle riamh. Tá an ráta folúntais poist don gheilleagar foriomlán os cionn mheán 2010-2019, in ainneoin laghdú beag sa dara leath de 2022, agus tá ganntanais saothair ina gconstaic ar tháirgeadh do líon méadaitheach cuideachtaí 13 . Maidir le pá, tháinig méadú 4.9 % san Aontas ar chúiteamh ainmniúil in aghaidh an fhostaí in 2022 i gcomparáid le 2021. Mar sin féin, tá an luas sin go mór faoi bhun an bhoilscithe, le héagsúlachtaí anleathan i measc tionscal agus ar fud na mBallstát. Mar thoradh air sin, tháinig laghdú níos mó ná 4 % ar fhíorphá san Aontas in 2022, rud a d’fhág go ndearnadh ídiú suntasach ar chumhacht ceannaigh na noibrithe. Leis na méaduithe ar phá íosta reachtúil a tháinig le déanaí i roinnt Ballstát, mar aon le pá idirbheartaithe níos airde, cabhraítear le caillteanais i gcumhacht ceannaigh a bhí ann in 2022 a mhaolú. In 2024, táthar ag súil go leanfaidh an margadh saothair de bheith láidir agus go dtiocfaidh méadú ar an bhfás pá, ar luas níos tapúla ná an boilsciú.

Tá earnáil airgeadais an Aontais tar éis athléimneacht a léiriú agus aghaidh á tabhairt aici ar dhúshláin atá ag teacht chun cinn. Le rialáil láidir, go háirithe a bhuí le caighdeáin idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm maidir leis na bainc uile, le maoirseacht éifeachtach agus le creat láidir bainistithe géarchéime, a tugadh isteach mar fhreagairt ar an ngéarchéim airgeadais dhomhanda, agus leis an dul chun cinn maidir leis an Aontas Baincéireachta a thabhairt chun críche agus le hAontas na Margaí Caipitil a chur chun cinn, tá córas airgeadais an Aontais níos athléimní. Tá an tionchar i ndáil le suaiteacht margaidh le déanaí sna Stát Aontaithe agus san Eilvéis ó mhí an Mhárta 2023 i leith faoi smacht ag an Aontas. Mar sin féin, tharraing an eachtra seo aird ar idirnascthacht na margaí airgeadais domhanda agus ar leochaileacht mheon na n‑infheisteoirí. Tarraingíonn sí aird freisin ar an ról ríthábhachtach atá ag rialáil, maoirseacht agus bainistiú riosca na hearnála baincéireachta i dtimpeallacht dhúshlánach mhacrairgeadais. Cuireadh brú ar an gcóras airgeadais mar gheall ar éiginnteachtaí leanúnacha geopholaitiúla, brú fadtréimhseach boilscithe agus beartas airgeadaíochta níos daingne a chur tríd de réir a chéile. Mar gheall ar an leibhéal an‑ard fiachais i gcodanna áirithe den gheilleagar agus ar fud an domhain, tá rioscaí fós ard.

3. GEILLEAGAR AN AONTAIS A BHEIDH LÁIDIR AGUS SLÁN I bhFAD NA hAIMSIRE A THÓGÁIL — PRÍOMHCHUSPÓIRÍ DO MHOLTAÍ TÍR-SHONRACHA 2023

Ba cheart don bheartas eacnamaíoch leanúint de dhul i ngleic leis na rioscaí a bhaineann le boilsciú ard, go háirithe do theaghlaigh agus do chuideachtaí leochaileacha, agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin fhadtéarmacha. In ainneoin an laghdaithe ar bhoilsciú fuinnimh, tógfaidh sé am chun deireadh a chur le brúnna praghsanna. Is príomhthosaíocht bheartais fós é an boilsciú a chomhrac sa tréimhse atá le teacht. Chuige sin, ní mór do bheartais airgeadaíochta agus fhioscacha a bheith comhsheasmhach. Sa chomhthéacs sin, ba cheart bearta fioscacha a rinneadh chun freagairt don suaitheadh praghsanna fuinnimh a fhoirceannadh in 2023. Má thagann méadú ar phraghsanna fuinnimh arís agus mura féidir deireadh iomlán a chur leis an tacaíocht, beidh beartais spriocdhírithe ríthábhachtach i gcónaí chun tacú le teaghlaigh agus le cuideachtaí leochaileacha — seachas beartais tacaíochta atá leathan agus nach bhfuil chomh héifeachtach céanna. Níor spreag na méaduithe measartha pá go dtí seo tuilleadh boilscithe praghsanna, agus tá méadú tagtha ar bhrabúsacht chorparáideach. Mar sin féin, táthar ag súil go leanfaidh pá ainmniúil de bheith ag méadú agus ba cheart dlúthfhaireachán a dhéanamh ar an idirghníomhaíocht le forbairtí praghais. Leis an ngéarú leanúnach ar dhálaí airgeadais, cuireadh béim freisin ar an ngá atá le faireachán a dhéanamh ar rioscaí macrairgeadais agus dul chun cinn breise a dhéanamh maidir le hAontas na Margaí Caipitil agus maidir leis an Aontas Baincéireachta a thabhairt chun críche. De bhreis ar thosaíochtaí gearrthéarmacha, ní mór do bheartas ar leibhéal na mBallstát agus ar leibhéal an Aontais leanúint d’aghaidh a thabhairt ar dhúshláin fhadtéarmacha, lena n‑áirítear an gá atá le hiomaíochas, táirgiúlacht, scileanna agus athléimneacht gheilleagar an Aontais a neartú, agus forbairtí déimeagrafacha á gcur san áireamh agus dul chun cinn tapa a dhéanamh maidir leis an aistriú digiteach agus glas, i gcomhréir le Plean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais.

Tá RRF bunriachtanach chun dlús a chur leis an aistriú dúbailte glas agus digiteach agus chun athléimneacht an Aontais i leith dúshláin a bheidh ann amach anseo a neartú, agus ag cuidiú ag an am céanna le cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta ; ba cheart leanúint dá úsáid gan mhoill. Dhá bhliain ó cuireadh chun feidhme í, tá ardleibhéal tacaíochta poiblí á fáil ag RRF ó shaoránaigh na hEorpa 14 , tá tacaíocht airgeadais nach beag curtha ar fáil aici agus chuidigh sí le téarnamh eacnamaíoch iar-COVID an Aontais agus le hathléimneacht an Aontais a neartú. Tá na RRPanna ar fad i bhfeidhm ó dheireadh 2022, lena léirítear gach ceann de na CSRanna ábhartha nó fothacar suntasach díobh. Cuidíodh le roinnt Ballstát a bpleananna a ullmhú agus a chur chun feidhme tríd an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil. Go dtí seo, tá 24 iarraidh ar íocaíocht próiseáilte ag an gCoimisiún faoin RRF, agus d’eisíoc sé breis agus EUR 152 bhilliún san iomlán go dtí seo faoin RRF chun athchóirithe agus infheistíochtaí a chur chun feidhme go rathúil. Le caibidlí REPowerEU san áireamh, léirigh RRF solúbthacht freisin chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin nua atá ag teacht chun cinn agus atá nasctha go háirithe le slándáil fuinnimh an Aontais agus leis an aistriú tionsclaíoch chuig geilleagar glannialasach. Chun leas iomlán a bhaint as na tairbhí sin, ní mór RRPanna a chur chun feidhme go pras, lena náirítear trí aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a bhaineann le moilleanna i roinnt cásanna. Cé go raibh cur chun feidhme na RRPanna ar an mbóthar ceart a bheag nó a mhór ó dheireadh 2022, tá dúshláin roimh roinnt Ballstát maidir le cistí a riar, mar gheall, i bpáirt, ar acmhainneacht theoranta riaracháin nó ar scrogaill infheistíochta. Is deis é an próiseas leanúnach i ndáil le hathbhreithniú a dhéanamh ar RRPanna chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin agus acmhainneacht ionsúcháin chistí RRF a mhéadú. Ag an am céanna, áfach, táthar ag súil go mbeidh tionchar ag na hathbhreithnithe ar na pleananna ar sceideal eisíocaíochta chistí RRF in 2023 agus ina dhiaidh sin. Chun intuarthacht leordhóthanach oibríochtaí iasachtaíochta an Aontais a áirithiú agus, ag an am céanna, infheictheacht leordhóthanach a sholáthar don údarás buiséadach, mar chuid de nós imeachta Dhréachtbhuiséad 2024, maidir le riachtanais chistiúcháin sna míonna atá le teacht, tá sé tábhachtach na moilleanna a bhfuiltear ag súil leo i bpleanáil íocaíochtaí amach anseo a léiriú go cuí. Ag an am céanna, cuirfidh próiseas athbhreithnithe rathúil ar na pleananna ar chumas na mBallstát dul ar ais ar an mbóthar ceart in 2024 agus teacht suas leis an sceideal eisíocaíochta. Go comhthreomhar, anuas ar bhreis agus EUR 186 bhilliún a d’eisíoc cláir bheartais chomhtháthaithe 2014-2020 ó thús na paindéime leis na Ballstáit, gríosófar thart ar EUR 505 bhilliún do Bhallstáit agus do réigiúin an Aontais trí chláir bheartais comhtháthaithe 2021-2027. Ní mór na cláir sin a chur chun feidhme go pras freisin, lena náirítear trí aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a bhaineann le hacmhainneacht cur chun feidhme.

Sainaithnítear i dtuarascálacha de réir tíre na bliana seo gníomhaíocht bheartais a bhfuil gá léi ar leibhéal na mBallstát chun dúshláin eacnamaíocha agus shóisialta láithreacha a shárú, agus athléimneacht, iomaíochas fadtéarmach agus táirgiúlacht a mhéadú ag an am céanna. Cuirtear anailís iomlánaíoch ar fáil sna tuarascálacha de réir tíre ar athléimneacht 15 , ar fhorbairtí agus ar dhúshláin eacnamaíocha agus shóisialta na mBallstát, agus an ghné réigiúnach á cur san áireamh. Áirítear orthu sin measúnú ar an dul chun cinn atá déanta maidir le cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta tríd an Scórchlár Sóisialta agus maidir le príomhspriocanna agus spriocanna náisiúnta 2030 an Aontais a bhaint amach maidir le fostaíocht, scileanna agus laghdú na bochtaineachta, chomh maith leis na SDGanna. Tugann siad aird ar leith freisin ar tháirgiúlacht agus iomaíochas fadtéarmach, agus ag an am céanna cuireann siad anailís nuashonraithe agus níos mionsonraithe ar fáil maidir le slándáil agus inacmhainneacht fuinnimh, an taistriú chuig fuinneamh glan agus inbhuanaitheacht chomhshaoil. Sainaithnítear i dtuarascálacha de réir tíre dúshláin nach dtugann na RRPanna aghaidh orthu ach i bpáirt nó nach dtugann siad aghaidh orthu chomh maith le haon dúshláin atá ag teacht chun cinn. Ina theannta sin, caitheann siad súil ghéar ar an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme an RRP, ag cur samplaí de gharspriocanna agus de spriocanna a baineadh amach agus béim á leagan acu ag an am céanna ar chásanna inar cheart aghaidh a thabhairt ar rioscaí cur chun feidhme agus moilleanna.

I gcomhréir leis an anailís ar an tuarascáil de réir tíre, léirítear sa mholadh ón gCoimisiún maidir le CSRannana dúshláin a sainaithníodh agus stádas cur chun feidhme na RRPanna. Tá na moltaí roinnte ina gceithre fhochuid:

1.moladh maidir le beartas fioscach, lena náirítear athchóirithe fioscacha agus struchtúracha, i gcás inarb ábhartha;

2.moladh chun leanúint de chur chun feidhme an RRP nó chun dlús a chur leis, lena náirítear a athbhreithnithe agus comhtháthú chaibidlí REPowerEU, agus rioscaí cur chun feidhme tír-shonracha a d’fhéadfadh a bheith ann á gcur san áireamh, agus chun cláir bheartais chomhtháthaithe a glacadh a chur chun feidhme go pras;

3.moladh nuashonraithe maidir leis an aistriú chuig fuinneamh glan i gcomhréir le cuspóirí REPowerEU;

4.i gcás inarb ábhartha, moladh breise maidir le dúshláin eacnamaíocha nó fostaíochta atá fós gan réiteach agus/nó atá ag teacht chun cinn le déanaí.

Leis an moladh nuashonraithe agus níos mionsonraithe maidir le dúshláin athchóirithe agus infheistíochta a bhaineann le fuinneamh, cuirtear le bailchríoch leanúnach ar chaibidlí REPowerEU agus tugtar treoir do na Ballstáit maidir lena bpleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide a thabhairt cothrom le dáta. Le caibidlí REPowerEU mar chuid de na RRPanna, leis an gcistiú breise a ghabhann leo, ba cheart aghaidh a thabhairt go cuí ar na dúshláin arna sainaithint ag na CSRanna lena mbaineann ábharthacht REPowerEU 16 . Cuirfidh na CSRanna treoir ar fáil do na Ballstáit chun dul i ngleic leis na príomhdhúshláin nach dtugann na chéad RRPanna aghaidh orthu ach i bpáirt nó nach dtugann siad aghaidh orthu agus cuideoidh siad le Plean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais a chur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach.

4. IOMAÍOCHAS AGUS TÁIRGIÚLACHT A MHÉADÚ AR BHEALACH ATÁ CUIMSITHEACH GO SÓISIALTA — FORLÉARGAS AR NA DÚSHLÁIN CHOITEANNA A SAINAITHNÍODH

Sa bhreis ar chur chun feidhme tráthúil na n‑athchóirithe agus na n‑infheistíochtaí a chumhdaítear sna RRPanna, tá roinnt dúshláin choiteanna agus dúshláin thír-shonracha atá fós gan réiteach nó atá ag teacht chun cinn os comhair na mBallstát.

4.1 Cobhsaíocht mhaicreacnamaíoch

Spreagann an tionchar a bhíonn ag boilsciú ard leochaileacht nua i gcomhthéacs inar gá laghdú a dhéanamh ar an bhfiachas phoiblí. Chabhraigh gníomhaíocht bheartais chomhordaithe ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta le maolú a dhéanamh ar thionchar COVID-19 agus ar thionchar an bhorrtha ar phraghsanna fuinnimh agus ar an tionchar eacnamaíoch agus sóisialta a bhíonn aige, go háirithe ar ghnólachtaí leochaileacha agus ar theaghlaigh leochaileacha. Mar sin féin, tá fiachas poiblí níos airde i roinnt Ballstát mar thoradh ar na géarchéimeanna sin. Le déanaí, d’eascair costais fhioscacha shuntasacha as bearta beartais fhioscaigh a cuireadh i bhfeidhm in 2022 chun dul i ngleic leis an ngéarchéim fuinnimh. De réir Réamhaisnéis Eacnamaíoch an Earraigh 2023 ón gCoimisiún, b’ionann glanchostas na mbeart sin agus 1.2 % de OTI bliantúil an Aontais in 2022 agus méid comhchosúil in 2023. Ba cheart don bheartas fioscach a bheith stuama chun inbhuanaitheacht fiachais a áirithiú, agus ar an gcaoi sin tacú le beartas airgeadaíochta freisin. Go comhthreomhar, tá méadú tagtha ar leochaileachtaí maicreacnamaíocha mar gheall ar éagsúlachtaí sna rátaí boilscithe agus géarú ar dhálaí airgeadais.

Tá comhordú láidir bheartais fhioscaigh an Aontais agus an limistéir euro ríthábhachtach chun meascán comhsheasmhach beartais fhioscaigh agus airgeadaíochta a áirithiú agus éascóidh sé cúram an bheartais airgeadaíochta. In 2023 agus 2024, ba cheart beartais fhioscacha a bheith stuama chun a áirithiú go ndíreofar ar inbhuanaitheacht fiachais mheántéarmaigh agus, ag an am céanna, fás ionchasach a mhéadú agus an taistriú glas agus digiteach a áirithiú ar bhealach inbhuanaithe athléimneach. Ag brath ar an dúshlán fiachais atá rompu, ba cheart do na Ballstáit an fiachas a choinneáil ar leibhéil stuama nó ba cheart dóibh a áirithiú go dtiocfaidh laghdú inchreidte leanúnach ar fhiachas sa mheántéarma. Ba cheart an coigeartú fioscach do 2024 a bheith comhsheasmhach leis an reachtaíocht atá ann faoi láthair faoin gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis agus ba cheart do na Ballstáit uile a neasnamh a choinneáil nó a thabhairt faoi bhun 3 % de luach tagartha an Chonartha OTI. Mar a leagtar amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le treoir i ndáil le beartas fioscach le haghaidh 2024 an 8 Márta 2023 17 , ionchorpraítear sa chomhpháirt fhioscach de na moltaí tír-shonracha atá beartaithe na gnéithe sin de thograí reachtacha an 26 Aibreán 2023 atá comhsheasmhach leis an reachtaíocht atá ann cheana.

Ba cheart deireadh a chur leis na bearta fioscacha a rinneadh chun freagairt do shuaitheadh praghsanna fuinnimh. Tá an laghdú leanúnach ar phraghsanna tráchtearraí fuinnimh ag cur srian ar an gcroí‑bhoilsciú ón mbuaicphointe i mí Dheireadh Fómhair 2022, cé go bhfuil an croí‑bhoilsciú fós ard agus go bhfuil an treocht ag dul in airde. Sa chomhthéacs sin, neartaítear brúnna boilscithe le tacaíocht fhadtréimhseach neamh‑spriocdhírithe fhioscach do theaghlaigh agus do ghnólachtaí. Fágann sin gur dócha go gcuirfidh na bainc cheannais dlús le géarú ar an mbeartas airgeadaíochta, agus chuirfí brú ar chobhsaíocht airgeadais. Má tá gá le bearta tacaíochta mar gheall ar mhéaduithe ar phraghsanna fuinnimh athnuaite, ba cheart iad sin a dhíriú ar theaghlaigh agus ar ghnólachtaí leochaileacha a chosaint, iad a bheith inacmhainne go fioscach agus ba cheart dóibh dreasachtaí a chaomhnú le haghaidh coigilteas fuinnimh. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit cáilíocht agus comhdhéanamh a gcuid airgeadais phoiblí a fheabhsú, leanúint d’infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta a chosaint agus úsáid éifeachtach RRF agus cistí eile de chuid an Aontais a áirithiú, amhail clár InvestEU, go háirithe i bhfianaise an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh agus an ghá atá le hathléimneacht eacnamaíoch agus shóisialta an Aontais a neartú. I bhfianaise na dtuilte tubaisteacha a bhuail an Iodáil i mí na Bealtaine 2023, cuirfear costas na tacaíochta éigeandála dírí a bhaineann leis na tuilte sin san áireamh i measúnuithe ar chomhlíonadh ina dhiaidh sin agus measfar, i bprionsabal, gur bearta aonuaire agus sealadacha é.

Ós rud é go bhfuil éiginnteacht faoin ionchas maicreacnamaíoch fós ard faoi láthair, measann an Coimisiún nár cheart cinneadh a dhéanamh an t‑earrach seo maidir le Ballstáit a chur faoin nós imeachta um easnamh iomarcach, mar a léiríodh cheana sa Teachtaireacht uaidh an 8 Márta 2023 maidir le treoir i ndáil le beartas fioscach do 2024. An tráth céanna, molfaidh an Coimisiún don Chomhairle tús a chur leis na nósanna imeachta um easnamh iomarcach atá bunaithe ar easnaimh in earrach 2024 ar bhonn na sonraí olltoraidh le haghaidh 2023, i gcomhréir leis na forálacha dlíthiúla atá ann cheana. Ba cheart do na Ballstáit é sin a chur san áireamh agus a mbuiséid 2023 á bhfeidhmiú acu agus a ndréachtphleananna buiséadacha do 2024 á n‑ullmhú acu an fómhar seo.

Le meascán cothrom cánach, le huirlisí éifeachtacha chun straitéisí ionsaitheacha pleanála cánach a chomhrac agus le comhlíonadh cánach feabhsaithe, cuirtear le cóir chothrom na gcáiníocóirí agus le maoiniú éifeachtúil na seirbhísí poiblí. Dá naistreofaí cuid den ualach cánach ó shaothar go cineálacha eile cánacha, lena náirítear cánachas comhshaoil agus maoine dochorraithe, agus aird chuí á tabhairt ar thionchar dáileacháin an aistrithe sin, thacófaí leis an aistriú glas agus chuirfí borradh faoi fhás inbhuanaithe agus faoi chruthú post. D’fhéadfadh éifeachtaí iarmhartacha diúltacha a bheith ag straitéisí ionsaitheacha pleanála cánach ag gnólachtaí nó ag daoine aonair i mBallstát amháin ar an gcuid eile den Aontas. Dá bhrí sin, tá gá le gníomhaíocht chinntitheach chomhordaithe. Tá glacadh Threoir an Aontais maidir le Cáin Íosta (Colún 2) maidir le híosráta cánach éifeachtach 15 %, atá le cur chun feidhme faoi dheireadh 2023, ina gharsprioc ríthábhachtach 18 . Ar an gcaoi chéanna, le nuachóiriú leanúnach agus digitiú leanúnach na riarachán cánach, ba cheart go laghdófaí costais chomhlíonta a thuilleadh agus go gcuirfí borradh faoi ioncam cánach.

Tá méadú tagtha ar leochaileachtaí agus ar rioscaí i roinnt Ballstát mar gheall ar dhálaí airgeadais a ghéarú, agus d’fhéadfadh brúnna iomaíocha a bheith mar thoradh ar bhoilsciú éagsúil ar fud an Aontais. Cuidíonn fás ard ainmniúil OTI atá bunaithe ar bhoilsciú le cóimheasa fiachais‑OTI a laghdú san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach araon sa ghearrthéarma, agus ní chuireann rátaí úis níos airde ach leis an gcostas a bhaineann le fiachas a sheirbhísiú de réir a chéile. Mar sin féin, mar gheall ar ghéarú ar na coinníollacha maoiniúcháin, méadaítear na rioscaí a bhaineann le leibhéil arda fiachais. Tháinig méadú mór ar phraghsanna tithe i roinnt Ballstát in 2022, ach thosaigh na méaduithe ag maolú de réir mar a thagann brú ar ioncaim agus de réir mar a thagann ardú ar rátaí úis. Go comhthreomhar, d’fhéadfadh caillteanais iomaíochais costas i roinnt tionscal agus réigiún a bheith mar thoradh ar an éagsúlacht sna rátaí boilscithe, i dteannta le méaduithe ar chorrlaigh bhrabúis agus ar chostais saothair. Tá méadú tagtha ar na heasnaimh sa chuntas reatha i roinnt Ballstát, rud a léiríonn praghsanna i bhfad níos airde ar allmhairí fuinnimh ach freisin, i gcásanna áirithe, éileamh láidir intíre.

Mar gheall ar na méaduithe a tháinig ar rátaí úis le déanaí, tá imní ann maidir le pócaí leochaileachta san earnáil airgeadais, rud a éilíonn faireachán cúramach. Is céimeanna tábhachtacha iad an dul chun cinn atá déanta ag an Aontas maidir le maoirseacht bhaincéireachta a neartú agus an tAontas Baincéireachta a chur i gcrích chun cobhsaíocht mhacrairgeadais a áirithiú 19 . Ina theannta sin, tá iasachtaí neamhthuillmheacha ag laghdú agus tá aghaidh á tabhairt orthu i gcónaí, agus tá brabúsacht na hearnála baincéireachta á feabhsú ag an méadú ar rátaí úis. Mar sin féin, tá brú anuas ar phraghsanna tithe i roinnt tíortha ag eascairt as rátaí morgáiste atá ag ardú agus an meath ar chumas seirbhísithe fiachais mar gheall ar laghdú ar ioncam réadach teaghlaigh. Tháinig laghduithe comhchosúla ar an earnáil réadmhaoine tráchtála i roinnt tíortha i measc costas maoinithe níos airde agus rátaí áitíochta níos laige. I bhfianaise an mhéid sin, tá sé tábhachtach i gcónaí faireachán a dhéanamh ar cháilíocht sócmhainní, teagmháil a dhéanamh le féichiúnaithe anásta ar bhealach tráthúil réamhghníomhach (go háirithe féichiúnaithe inmharthana), feabhas breise a chur ar éifeachtúlacht creataí dócmhainneachta agus margaí tánaisteacha a fhorbairt a thuilleadh le haghaidh iasachtaí neamhthuillmheacha. Ar bhonn níos leithne, tá na dúshláin a bhaineann le digitiú fós ann agus tá siad treisithe fiú i réimsí áirithe, mar a léiríodh le cibeartheagmhais mhórscála níos minice. Ní mór faireachán cuí a dhéanamh ar rioscaí a bhaineann le hidirghabháil airgeadais neamhbhainc agus na rioscaí sin a d’fhéadfadh teacht chun cinn mar gheall ar úsáid mhéadaithe an airgeadais dhíláraithe agus ní mór aghaidh a thabhairt orthu mar is ceart. Maidir leis na saincheisteanna sin go léir, tá comhar idir údaráis mhaoirseachta náisiúnta agus Eorpacha chomh maith le BCE agus comhlachtaí rialála idirnáisiúnta fíorthábhachtach.

Tá leochaileachtaí a bhaineann le míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha nó míchothromaíochtaí iomarcacha sainaitheanta ag an gCoimisiún in 11 Bhallstát i gcomhthéacs an nós imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha. I gcás sé Bhallstát, is cosúil go bhfuil leochaileachtaí a bhí ann le déanaí faoi smacht faoi láthair agus sealadach. I mBosca 2, déantar achoimre ar na torthaí maidir le míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha sna Ballstáit ag an tráth seo; Tá tuilleadh sonraí ar fáil i bhFoscríbhinn 4.

Bosca 1: Nuashonrú ar fhaireachas faoin gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis

Mar chuid de phacáiste Sheimeastar Eorpach earrach 2023, ghlac an Coimisiún tuarascáil faoi Airteagal 126(3) CFAE le haghaidh 16 Bhallstát. Is iad sin an Bheilg, an Bhulgáir, an tSeicia, an Ghearmáin, an Eastóin, an Spáinn, an Fhrainc, an Iodáil, an Laitvia, an Ungáir, Málta, an Ostair, an Pholainn, an tSlóivéin, an tSlóvaic agus an Fhionlainn. I gcás na mBallstát sin uile seachas an Fhionlainn, déantar measúnú sa tuarascáil ar a mhéid a chomhlíonann siad an critéar easnaimh. I gcás na Bulgáire, na Gearmáine, na hEastóine, na Slóivéine agus na Slóvaice, ullmhaíodh an tuarascáil mar gheall ar easnamh pleanáilte in 2023 a bhí os cionn an 3 % de OTI faoi luach tagartha an Chonartha, agus bhí easnamh rialtais ginearálta ag na Ballstáit eile in 2022 ar mó é ná 3 % den OTI. Ina theannta sin, i gcás na Fraince, na hIodáile agus na Fionlainne, déantar measúnú sa tuarascáil ar chomhlíonadh an chritéir fiachais in 2022 bunaithe ar shonraí olltoraidh.

Mar a léiríodh cheana sa Teachtaireacht uaidh an 8 Márta 2023 maidir le treoir beartais fhioscaigh do 2024, níl sé beartaithe ag an gCoimisiún nósanna imeachta nua um easnamh iomarcach a oscailt in earrach 2023. Le cogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine, mar aon leis an tionchar maicreacnamaíoch agus fioscach atá fós ann de dheasca phaindéim COVID-19, cruthaítear éiginnteacht, lena n‑áirítear i ndáil le conair mhionsonraithe a dhearadh don bheartas fioscach. A mhéid a bhaineann le Ballstáit a bhfuil cóimheas fiachais os cionn 60 % de luach tagartha OTI acu, measann an Coimisiún, ina mheasúnú ar na tosca ábhartha uile, go dtabharfaí le tuiscint le comhlíonadh an tagarmhairc laghdaithe fiachais go mbeadh iarracht fhioscach ró‑éilitheach tús‑ualaithe ann a chuirfeadh an fás i mbaol. Dá bhrí sin, is é tuairim an Choimisiúin, nach gá an tagarmharc maidir le laghdú an fhiachais a chomhlíonadh faoi na dálaí eacnamaíocha atá ann faoi láthair.

Is í an Rómáin an t‑aon Bhallstát amháin faoi nós imeachta um easnamh iomarcach, bunaithe ar na forbairtí roimh an bpaindéim. An 3 Aibreán 2020, chinn an Chomhairle gurbh ann d’easnamh iomarcach sa Rómáin bunaithe ar an easnamh iomarcach a bhí beartaithe in 2019. Sa mholadh athbhreithnithe uaithi an 17 Meitheamh 2022, d’iarr an Chomhairle ar an Rómáin deireadh a chur le staid an easnaimh iomarcaigh faoi 2024 ar a dhéanaí. Bhí easnamh ginearálta rialtas na Rómáine in 2022 i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle. Ag an am céanna, bhí an coigeartú ar an gcomhardú struchtúrach faoi bhun an leibhéil a mhol an Chomhairle, agus bhí ráta ainmniúil fáis an ghlanchaiteachais phríomha rialtais os cionn an ráta a moladh. Tá an nós imeachta coinnithe ar stad.

Leanfaidh an Coimisiún d’fhaireachán a dhéanamh ar staid eacnamaíoch agus bhuiséadach na mBallstát. San fhómhar, glacfaidh an Coimisiún tuairimí maidir le Dréachtphleananna Buiséadacha Bhallstáit an limistéir euro, chun a áirithiú go mbeidh buiséid 2024 comhsheasmhach leis na moltaí tír-shonracha atá mar chuid de phacáiste Sheimeastar Eorpach earrach 2023 freisin agus a ghlacfaidh an Chomhairle níos déanaí in 2023. In earrach 2024, molfaidh an Coimisiún don Chomhairle tús a chur le Nósanna Imeachta um Easnamh Iomarcach atá bunaithe ar easnaimh ar bhonn na sonraí olltoraidh le haghaidh 2023, i gcomhréir leis na forálacha dlíthiúla atá ann cheana.

Bosca 2: Míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha sna Ballstáit

Tá measúnú déanta ag an gCoimisiún ar mhíchothromaíochtaí maicreacnamaíocha i gcás na 17 mBallstát a roghnaíodh le haghaidh athbhreithnithe doimhne i dTuarascáil 2023 maidir leis an Sásra Foláirimh. Astu sin, sainaithníodh 10 mBallstát le míchothromaíochtaí nó le míchothromaíochtaí iomarcacha sa timthriall bliantúil deireanach faireachais faoin Nós Imeachta um Míchothromaíochtaí Maicreacnamaíocha. Measadh gur léirigh na 7 mBallstát eile rioscaí maidir le míchothromaíochtaí nua ag teacht chun cinn. Mar chuid de thimthriall faireachais na bliana seo, agus mar bhonn eolais chun míchothromaíochtaí agus míchothromaíochtaí iomarcacha a shainaithint sna hathbhreithnithe doimhne a rinneadh i mbliana, scrúdaigh an Coimisiún tionchar na suaití coiteanna ar gheilleagair na mBallstát roghnaithe agus d’fhoilsigh sé trí nóta téamach - maidir le boilsciú, praghsanna tithe agus inbhuanaitheacht sheachtrach 20[1]

Tá éiginnteacht ag baint leis an measúnú ar leochaileachtaí maicreacnamaíocha i bhfianaise an bhoilscithe aird. Dá leanfaí ar aghaidh le dinimicí boilscithe éagsúla, d’fhéadfaí an bonn a bhaint den iomaíochas costais sna Ballstáit ina bhfuil boilsciú ard, rud a d’fhéadfadh leochaileachtaí a mhéadú. Ag an am céanna, tá an baol ann go mbeidh coinníollacha maoiniúcháin níos déine i gceist le boilsciú ard. Bíonn iarmhairtí díobhálacha dáileacháin ag an mboilsciú freisin. Dá bhfillfí ar threochtaí maidir le boilsciú íseal nó cóineasaithe ar fud an Aontais, laghdófaí na hábhair imní sin. Ar an gcaoi chéanna, leis an méadú mór ar phraghsanna tithíochta ó 2020 i leith, mar aon leis an méadú suntasach ar chostais mhaoinithe agus leis an mbrú ar ioncaim réadacha teaghlaigh, tá ionchas ann go ndéanfar ceartúcháin ar phraghsanna, go háirithe sna Ballstáit ina bhfuil margaí maoine ar luach ró‑ard. 

Tá míchothromaíochtaí seanbhunaithe a bhaineann le fiachais phoiblí agus phríobháideacha tar éis a dtreocht anuas a atosú le cuidiú ó fhás eacnamaíoch ainmniúil, go háirithe boilsciú ard. Tá laghdú ag teacht ar chóimheasa fiachais na hearnála príobháidí agus ar chóimheasa an fhiachais phoiblí, toisc go raibh éifeacht láidir ainmneora ag fás ainmniúil OTI. Tá riosca ag baint le géarú na gcoinníollacha maoiniúcháin, go háirithe i dtíortha agus in earnálacha ina bhfuil rátaí úis athraitheacha leitheadach nó ina bhfuil riachtanais (ath)mhaoinithe níos airde; féadfaidh luaineacht sa ráta malairte bheidh ina hualach ar sheirbhísiú fiachais i gcás ina sealbhaítear fiacha in airgeadraí eachtracha. Ar an taobh seachtrach, laghdaíonn fás ard ainmniúil OTI luach riochtaí seachtracha na dtíortha ó thaobh OTI de, agus tháinig laghdú foriomlán ar na cuntais reatha mar thoradh ar an laghdú géar ar chomharduithe trádála, agus i gcás tíortha ar glanchreidiúnaithe iad freisin. Mar sin féin, meastar go neartóidh na laghduithe breise ar phraghsanna fuinnimh ó na leibhéil arda i lár 2022 na cuntais reatha in 2023, easnaimh agus barrachais araon, agus roinnt Ballstát fós ag taifeadadh easnaimh agus barrachais shuntasacha sa chuntas reatha. D’éirigh go maith le hearnáil na baincéireachta teacht slán tríd an bpaindéim, agus tá iasachtaí neamhthuillmheacha ag titim i gcónaí, go háirithe sna tíortha ina raibh na hiasachtaí neamhthuillmheacha is airde.

Rinne an Coimisiún roinnt cinntí faoin Nós Imeachta um Míchothromaíochtaí Maicreacnamaíocha. Tá leochaileachtaí ag dul ar gcúl sa Chipir agus feabhas dá réir ar aicmiú na míchothromaíochtaí. Os a choinne sin, san Ungáir, tá méadú tagtha ar leochaileachtaí sa mhéid is go bhfuil míchothromaíochtaí nua ann. Ag an bpointe seo, ní bhfuarthas go raibh míchothromaíochtaí i roinnt Ballstát a bhí faoi réir athbhreithniú domhain den chéad uair le blianta beaga anuas. Tá forbairtí fabhrach go ginearálta sna Ballstáit eile a rinneadh anailís orthu ach tá dúshláin ábhartha fós ann. Ba cheart go dtacódh cur chun feidhme na moltaí tír-shonracha faoin Seimeastar Eorpach agus an chláir oibre bheartais atá leabaithe sna RRPanna le laghdú breise a dhéanamh ar leochaileachtaí maicreacnamaíocha.

- Tá míchothromaíochtaí ag an gCipir tar éis míchothromaíochtaí iomarcacha a bheith aici go dtí 2022 toisc go bhfuil laghdú foriomlán tagtha ar leochaileachtaí a bhaineann le fiachas príobháideach, rialtais agus seachtrach, ach is ábhar imní iad go fóill.

- Is cosúil go bhfuil míchothromaíochtaí ag an Ungáir anois. Tá rioscaí ag dul i dtreo an donais, agus d’fhéadfadh míchothromaíochtaí a bheith iomarcach amach anseo mura ndéantar gníomhaíocht bheartais go práinneach.

- Tá míchothromaíochtaí ag an nGearmáin, an Spáinn, an Fhrainc, an Ísiltír, an Phortaingéil, an Rómáin, agus an tSualainn go fóill.

— Tá rioscaí sa Rómáin ag dul i dtreo an donais, agus d’fhéadfadh míchothromaíochtaí a bheith iomarcach amach anseo mura ndéantar gníomhaíocht bheartais go práinneach. Ar an taobh eile, tá maolú ag teacht ar leochaileachtaí sa Ghearmáin, sa Spáinn, sa Fhrainc agus sa Phortaingéil sa mhéid go bhféadfadh cinneadh gan aon mhíchothromaíochtaí a bheith ann dá leanfaí leis na treochtaí sin an bhliain seo chugainn.

- Tá míchothromaíochtaí iomarcacha fós ag an nGréig agus ag an Iodáil, ach is cosúil go bhfuil maolú ag teacht ar a leochaileachtaí, mar gheall chomh maith ar dhul chun cinn beartais.

- Ní mheastar go bhfuil míchothromaíochtaí ag an tSeicia, an Eastóin, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, ná an tSlóvaic mar is cosúil go bhfuil leochaileachtaí á gcoinneáil faoi smacht den chuid is mó faoi láthair.

Tugtar mionsonraí i bhFoscríbhinn 4 faoi na gnéithe tír-shonracha do na 17 mBallstát lena mbaineann.

4.2 Fuinneamh agus inbhuanaitheacht chomhshaoil

In ainneoin an méid atá bainte amach maidir le slándáil an tsoláthair fuinnimh le míonna beaga anuas, ní féidir bheith réchúiseach faoin ullmhúchán don chéad gheimhreadh eile. Le bliain anuas, tá dul chun cinn suntasach déanta ag an Aontas maidir le fuinneamh a shábháil, a sholáthairtí fuinnimh a éagsúlú agus an bonneagar atá ann cheana a bharrfheabhsú. Tháinig laghdú 17.7 % ar thomhaltas gáis nádúrtha an Aontais ó mhí Lúnasa 2022 go mí an Mhárta 2023 i gcomparáid le meántomhaltas gáis do na míonna céanna idir 2017 agus 2022 21 . Thit sciar na nallmhairí ó phíblíne na Rúise in allmhairí gáis iomlána an Aontais go 7 % i mí Eanáir 2023 ó thart ar 50 % go stairiúil. Eascraíonn sé sin as meascán de bhearta a rinne an tAontas agus na rialtais náisiúnta, athruithe ar an éileamh struchtúrach, mar aon le praghsanna arda freisin. Bhí ról ceannasach ag  gás nádúrtha leachtaithe  (GNL) ar muir ag teacht in ionad thoirteanna gáis na Rúise, le méadú géar ó 81 bcm in 2021 go tuairim is 135 bcm in 2022. Ba cheart do thionscadail GNL nua acmhainneacht allmhairithe GNL an Aontais a mhéadú a thuilleadh agus gaibhniú neamhriachtanach don todhchaí a sheachaint ag an am céanna. Mar sin féin, d’fhéadfaí imní a chruthú maidir le slándáil an tsoláthair de chuid an Aontais, ag eascairt as stop iomlán ionchasach a chur le soláthar gáis na Rúise, teagmhais bhonneagair, triomaigh agus cothabháil gan choinne ar ghléasraí cumhachta, rud a d’fhágfadh go mbeadh gá le faireachas leanúnach. Neartófar iarracht an éagsúlaithe trí GNL in 2023 leis na chéad cheannacháin chomhpháirteacha gáis agus le diansaothrú na for-rochtana chuig soláthróirí gáis eile. Ina theannta sin, meastar go gcuideoidh bearta i gcaibidlí REPowerEU de RRPanna na mBallstát in éineacht le cláir an bheartais chomhtháthaithe, ioncaim ó Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh, tacaíocht airgeadais ó Chistí Nuálaíochta agus Nuachóirithe agus ó chlár InvestEU leis an tslándáil fuinnimh trí bhorradh a chur faoin bhfuinneamh glan taobh le héifeachtúlacht fuinnimh agus trí laghduithe ar an éileamh ar fhuinneamh a dhreasú, chomh maith le haghaidh a thabhairt ar bhochtaineacht fuinnimh agus dul i ngleic le scrogaill inmheánacha agus trasteorann maidir le tarchur agus dáileadh. Thairis sin, tá sé ríthábhachtach i gcónaí infheistíochtaí a chuíchóiriú, nósanna imeachta ceadaithe a shimpliú agus bacainní a shárú chun gur féidir foinsí inathnuaite fuinnimh a chur in úsáid agus iad a chomhtháthú san eangach. Ba cheart iarrachtaí a dhéanamh freisin chun tacú le stóráil leictreachais agus le hathléimneacht eangaí chun déileáil le hinathraitheacht mhéadaitheach soláthair agus éilimh.

Le formheas cuid mhór den phacáiste ‘Oiriúnach do 55’, ba cheart díriú anois ar chur chun feidhme na mbeart chun na spriocanna aeráide, fuinnimh agus iompair a bhaint amach. Baintear cothromaíocht amach sa phacáiste idir praghsáil, spriocanna, caighdeáin agus bearta tacaíochta chun sprioc aeráide 2030 a leagtar síos sa Dlí Aeráide Eorpach a bhaint amach. Tugtar le tuiscint le spriocanna aeráide, iompair agus fuinnimh níos airde 2030 agus le cinneadh an Aontais an spleáchas ar bhreoslaí iontaise na Rúise a laghdú gur cheart go leanfaí le dlús a chur leis an aistriú glas. Is é atá i gceist leis an dúshlán atá le teacht ná na bearta atá beartaithe agus/nó comhaontaithe a chur chun feidhme go diongbháilte. Ag an am céanna, is gá bearta nua beartais aeráide agus fuinnimh a shainiú chun uaillmhian níos airde 2030 a bhaint amach. Cuideoidh an nuashonrú ar phleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide na mBallstát leis sin. Leis na pleananna, ar cheart na CSRanna 22 is déanaí a chur san áireamh iontu, cuirtear intuarthacht infheistíochta sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma ar fáil agus tá siad ríthábhachtach chun na infheistíochtaí ar mhórscála a shlógadh is gá chun cuspóirí aeráide 2030 agus 2050 a bhaint amach 23 . Tá gá le tuilleadh iarrachtaí i bhformhór na réimsí amhail oiriúnú don athrú aeráide, lena náirítear le haghaidh bainistiú inbhuanaithe uisce, na córais bhia, lena náirítear ithreacha a chaomhnú agus stop a chur le cailliúint na bithéagsúlachta, agus earnálacha eile talamhúsáide. Go comhthreomhar, ní mór do na Ballstáit na cuspóirí beartais comhshaoil eile a comhaontaíodh ar leibhéal an Aontais a bhaint amach, lena náirítear truailliú nialasach a bhaint amach don aer, don uisce agus don ithir. Meastar gurb é EUR 110 mbilliún an bhearna infheistíochta bhliantúil chun cuspóirí comhshaoil an Aontais a bhaint amach sa bhreis ar an aeráid agus ar an bhfuinneamh 24 . Ba cheart a chur san áireamh sa phleanáil bhuiséadach dliteanais theagmhasacha atá nasctha le rioscaí a bhaineann leis an aeráid agus ba cheart cleachtais bhuiséadaithe ghlais a fhorbairt a thuilleadh chun infheistíocht phoiblí, tomhaltas agus cánachas a atreorú chuig tosaíochtaí glasa.

Trí aistriú glas ár dtionscal a neartú, laghdófar spleáchas foriomlán an Aontais ar bhreoslaí iontaise agus méadófar ár nathléimneacht i gcoinne suaití soláthair fuinnimh. Tá tionchar mór ag méaduithe ar phraghsanna fuinnimh ar go leor cuideachtaí, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) agus iad siúd i dtionscail dianfhuinnimh, fiú tar éis tacaíocht rialtais a chur san áireamh. Ba cheart do bheartais leanúint de bheith ag díriú ar an aistriú glas a chur chun cinn i réimsí amhail éifeachtúlacht fuinnimh na bpróiseas tionsclaíoch agus monaraíochta agus na bhfoirgneamh, dícharbónú na tionsclaíochta agus an geilleagar ciorclach 25 . Ba cheart sineirgí leis an aistriú digiteach a uasmhéadú. Ba cheart do na Ballstáit, trína RRPanna, leanúint d’infheistíocht a dhéanamh i hidrigin inathnuaite nó saor ó iontaise sna feidhmeanna ina bhfuil sé deacair astaíochtaí a mhaolú in earnáil na tionsclaíochta agus in earnálacha iompair áirithe, amhail iompar de bhóthar, iompar muirí agus eitlíocht. Thairis sin, dá laghdófaí tuilleadh fóirdheontais atá díobhálach don chomhshaol agus dá ndéanfaí an prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as a chomhtháthú, chuideofaí le costais dhíghrádaithe an dúlra a inmheánú agus spreagfaí éifeachtúlacht agus táirgiúlacht acmhainní. Chun a áirithiú nach bhfágfar aon duine ná aon réigiún ar lár, ba cheart tionchair dháileacháin, chríochacha agus shóisialta a chur san áireamh. Ba cheart an Ciste um Aistriú Cóir a úsáid go maith chun rannchuidiú le haistriú cothrom do na críocha is mó a ndéantar difear dóibh, lena náirítear trí thacú le bearta athscilithe agus uasscilithe.

Tá gníomhaíocht na mBallstát chun nósanna imeachta ceadaithe a ghiorrú agus a shimpliú ríthábhachtach chun dlús a chur le monarú agus le húsáid fuinnimh inathnuaite agus réitigh ghlannialasacha eile. Is ionann nósanna imeachta ceadaithe fada agus casta ar an leibhéal náisiúnta agus scrogall mór maidir le foinsí fuinnimh inathnuaite a chur in úsáid i bhformhór na mBallstát. In 2022, bunaithe ar an tuairisciú ó ghnólachtaí, rinne an Tascfhórsa um Fhorghníomhú an Mhargaidh Aonair 26 athbhreithniú ar thart ar 170 bacainn a bhaineann leis an bpróiseas chun foinsí fuinnimh inathnuaite a cheadú ar fud na mBallstát agus chomhaontaigh sé deireadh a chur le breis agus 80 díobh. Áirítear i measc na samplaí is suntasaí nósanna imeachta fada, údaráis cheadaithe gann ar fhoireann, cinnteoireacht ilroinnte agus easpa comhordaithe, as a dtagann cinntí agus uainiú neamhréireacha ar fud na réigiún.

Is príomhchoinníoll é an bonneagar tarchurtha agus dáileacháin leictreachais, lena n‑áirítear idirnascairí trasteorann, a leathnú agus a uasghrádú níos tapúla chun sciar i bhfad níos airde d’fhoinsí fuinnimh in‑athnuaite a chomhtháthú agus chun freastal a thuilleadh ar an éileamh ar leictriú. Ba cheart do na Ballstáit díriú ar shaoráidí stórála fuinnimh nua fadtéarmacha agus gearrthéarmacha chun solúbthacht agus slándáil an tsoláthair a áirithiú i gcórais fuinnimh ina bhfuil sciar ard d’fhoinsí in‑athnuaite athraitheacha. Cuireann uaillmhian na mBallstát fuinneamh in‑athnuaite amach ón gcósta a chur in úsáid (111 GW faoi 2030) i dtreis gur gá do na Ballstáit eangacha ríthábhachtacha amach ón gcósta a fhorbairt go pras mar aon le hatreisiú riachtanach na heangaí ar tír.

Cuirfidh acmhainneacht mhonaraíochta láidir nuálach i slabhraí luacha na teicneolaíochta glaine dlús leis an aistriú glas. Chun athléimneacht agus iomaíochas na dteicneolaíochtaí glannialasacha san Aontas a neartú agus chun córas fuinnimh an Aontais a dhéanamh níos sláine agus níos inbhuanaithe, mhol an Coimisiún an Gníomh um Thionscal GlanNialasach i mí an Mhárta 2023 27 . Ag an am céanna, ní mór do na Ballstáit a dtallann, a sócmhainní intleachtúla agus a nacmhainneachtaí tionsclaíocha a ghiaráil a thuilleadh agus infheisteoirí príobháideacha a spreagadh a thuilleadh chun páirt a ghlacadh i ngnólachtaí nuathionscanta atá bunaithe san Aontas agus chun nuálaíochtaí a mhéadú 28 . Ba cheart do na Ballstáit díriú freisin ar dhúshláin a shárú a bhaineann leis an nganntanas oibrithe oilte i ndeighleoga éagsúla den teicneolaíocht fuinnimh ghlain. Tá sé ríthábhachtach iomaíochas earnáil an fhuinnimh ghlain a neartú chun plean REPowerEU agus uaillmhian fhadtéarmach an Aontais a bhaint amach 29 .

Ní mór do mhonarú teicneolaíochta glaine rochtain a fháil ar amhábhair chriticiúla, lena náirítear trí éagsúlú, athchúrsáil agus ionadú. Chun cuspóirí an Aontais maidir leis an aistriú glas agus an aistriú digiteach a bhaint amach, tá gá le rochtain ar fhoinsí slána, inbhuanaithe agus éagsúlaithe d’amhábhair chriticiúla, chun ár spleáchas ar sholáthróirí aonair a laghdú agus chun slabhraí soláthair slána agus inbhuanaithe a thógáil do mhianadóireacht, do phróiseáil agus scagadh agus d’athchúrsáil. Sa chomhthéacs sin, beidh sé ríthábhachtach leas a bhaint as an gcomhar le comhpháirtithe trádála an Aontais agus an comhar sin a leathnú, lena náirítear trí pháirt a ghlacadh i gcomhpháirtíochtaí straitéiseacha thairbheacha le margaí atá ag teacht chun cinn agus le geilleagair atá i mbéal forbartha. Is éard atá i gceist le réitigh an gheilleagair chiorclaigh agus le samhlacha gnó freisin deiseanna suntasacha chun cuspóirí neamhspleáchais straitéisigh a shaothrú agus urraim á tabhairt don chomhshaol ag an am céanna. Is tosaíochtaí iad de chuid an Gnímh um Amhábhair Chriticiúla dearadh le haghaidh inathchúrsáilteachta, athchúrsáil agus an taistriú chuig geilleagar ciorclach a chur chun cinn 30 . Ba cheart do na Ballstáit an méid sin a chomhlánú, mar shampla maidir le buanmhaighnéid agus le dramhaíl eastóscach a athúsáid. Ba cheart straitéisí comhleanúnacha a fhorbairt ní hamháin chun bacainní a bhaint ach chun taiscéalaíocht, eastóscadh, próiseáil agus athchúrsáil ábhar ar fud na hEorpa a chur chun cinn freisin. Ar bhonn níos ginearálta, tá aistriú thionscail an Aontais go ciorclaíocht fós le cur i gcrích, toisc nach bhfuil ach méadú beag tagtha ar tháirgiúlacht acmhainní idir 2012 agus 2021.

4.3 Táirgiúlacht

Le margadh aonair dea-fheidhmiúil, laghdaítear na bearnaí sa táirgiúlacht agus san iomaíochas idir Ballstáit agus réigiúin an Aontais. Tá an margadh aonair mar bhonn taca ag rathúnas na hEorpa ó cruthaíodh é tríocha bliain ó shin. Baineann gnólachtaí an Aontais leas as margadh baile ina bhfuil breis agus 450 milliún tomhaltóir dá dtáirgí, rochtain níos éasca ar réimse leathan soláthróirí agus costais aonaid níos ísle, ach baineann saoránaigh an Aontais leas as tuilleadh nuálaíochta, praghsanna níos ísle agus caighdeáin níos airde sábháilteachta agus cosanta comhshaoil mar gheall ar an iomaíocht idir cuideachtaí 31 . Ina theannta sin, cosnaíonn sé an tAontas ar mhórshuaití éilimh nó soláthair agus is féidir leis cabhrú le brúnna praghsanna a smachtú tráth a mbíonn boilsciú ard ann. Sa mheántéarma agus san fhadtéarma, is féidir leis cabhrú chun aghaidh a thabhairt ar leochaileachtaí sa slabhra soláthair agus tacú le hacmhainneachtaí a mhéadú don dá aistriú agus d’athléimneacht agus slándáil an Aontais. Cé go bhfuil an margadh aonair ríthábhachtach do tharraingteacht dhomhanda an Aontais, tá moill tagtha ar an meánfhás táirgiúlachta le roinnt deicheanna de bhlianta anuas agus bhí sé níos laige ná mar a bhí i ngeilleagair mhóra eile, rud a chuireann bac ar iomaíochas chuideachtaí an Aontais 32 . I roinnt Ballstát agus réigiún an Aontais, tá an táirgiúlacht marbhánta i ndáiríre, rud a fhágann go bhfuil méadú ag teacht ar éagothromaíochtaí go háirithe laistigh de Bhallstáit an Aontais. Tá éagothromaíochtaí suntasacha réigiúnacha ann freisin maidir le rochtain ar oideachas, ar thaighde agus nuálaíocht agus ar shoghluaisteacht, atá níos measa arís sna ceantair thuaithe agus sna ceantair is forimeallaí agus i gceantair atá thar a bheith iargúlta amhail na réigiúin is forimeallaí, áit a bhfuil rochtain ar sheirbhísí tacaíochta sóisialta agus bunriachtanacha fós ina dúshlán i gcoitinne. Cuirfidh cur chun feidhme chláir an bheartais chomhtháthaithe agus na RRPanna go dtí 2026 go mór le feabhas a chur ar iomaíochas an Aontais agus le borradh a chur faoi chomhtháthú an Aontais. Sa bhreis ar bhearta infheistíochta, lena náirítear faoin gclár InvestEU, áirítear sna RRPanna athchóirithe arb é is aidhm dóibh an timpeallacht rialála a shimpliú ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach, rochtain ar chistiú a bhrostú agus fás agus athléimneacht FBManna a fheabhsú trí fhostaithe a athsciliú agus a uassciliú nó a nacmhainneachtaí taighde agus forbartha a neartú.

Thiocfadh gnóthachain shuntasacha táirgiúlachta as fíormhargadh aonair le haghaidh seirbhísí freisin. Tá roinnt dúshlán roimh mhargaí seirbhíse an Aontais, lena náirítear brú íseal iomaíoch, leibhéil táirgiúlachta níos ísle agus rátaí fáis níos ísle ná monaraíocht, drochchomhtháthú seirbhísí trasteorann agus soghluaisteacht ghairmiúil íseal. Dá laghdófaí srianta rialála ar an leibhéal náisiúnta, mhéadófaí an iomaíocht agus d’éascófaí soghluaisteacht lucht saothair agus chuirfí leis an leibhéal seirbhísí sna háiteanna is mó a bhfuil gá leo. Neartódh sé iomaíochas na dtionscal monaraíochta a chuireann go leor seirbhísí gairmiúla ar fáil freisin agus a thairgeann a gcuid táirgí i gcomhar le seirbhísí níos mó ná riamh. Mar sin féin, tá an dul chun cinn mall maidir le bacainní rialála a laghdú, agus i gcásanna áirithe rinneadh athchóirithe a aisiompú agus tá ardleibhéal srianta fós ann 33 . Mar shampla, tá bacainní rialála thar a bheith forleathan i bpríomhsheirbhísí gnó (dlí, cuntasaíocht agus d’ailtirí) i roinnt mhaith Ballstát. Is minic a bhíonn ceanglais údaraithe agus cháilíochta a chuireann ualach gan gá ag cur isteach ar earnáil na tógála, earnáil atá ríthábhachtach don aistriú glas. Bíonn tionchar breise ag freagrachtaí agus gníomhaíochtaí ilroinnte atá forchoimeádta do roinnt gairmeacha agus speisialtóireachtaí (go háirithe ailtirí agus innealtóirí sibhialta) ar shaorghluaiseacht gairmithe. Maidir le seirbhísí miondíola, d’fhan leibhéal na srianta gan athrú nó níos airde fós i gcás go leor Ballstát in 2022 i gcomparáid le 2018 34 .

Trí bhacainní rialála a bhaint, agus dea-rialachas agus urraim don smacht reachta á áirithiú ag an am céanna, méadaítear athléimneacht institiúideach agus feabhsaítear an timpeallacht ghnó. Tá 60 % de na bacainní a thuairiscíonn gnólachtaí an Aontais go bhfuil rompu sa lá atá inniu ann den chineál céanna leis na bacainní a tuairiscíodh 20 bliain ó shin. Baineann an chuid is mó díobh sin le rialáil náisiúnta agus le cleachtais riaracháin ar féidir leis na Ballstáit aghaidh a thabhairt orthu go díreach. D’fhéadfadh na tairbhí a bhaineann le deireadh a chur le bacainní ar leibhéal na mBallstát ar an margadh aonair d’earraí agus do sheirbhísí EUR 713 bhilliún a chur leis an ngeilleagar ina iomláine faoi dheireadh 2029 35 . Tacaíonn athchóirithe faoin RRF le dul i ngleic le bacainní reachtacha agus riaracháin, agus d’iarr an Coimisiún ar na Ballstáit athchóirithe sa réimse sin a neartú a thuilleadh mar chuid dá nathbhreithnithe leanúnacha. Comhlánaíonn sé sin obair an Tascfhórsa um Fhorghníomhú an Mhargaidh Aonair, mar a luaitear thuas. Tá méadú ag teacht freisin ar úsáid SOLVIT 36 chun aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna a bhaineann le reachtaíocht an mhargaidh aonair a chur i bhfeidhm, go háirithe i measc páirtithe leasmhara gnó. Tá dea-rialachas agus urraim don smacht reachta, go háirithe córais cheartais neamhspleácha, cháilíochta agus éifeachtúla 37 , córais chánach fheidhmiúla agus éifeachtacha, chomh maith le dócmhainneacht éifeachtach agus creataí láidre frithéillithe agus frithchalaoise, ina bpríomhchinntithigh i ngeilleagar a oibríonn do dhaoine agus a chuidíonn leis an timpeallacht ghnó a fheabhsú. Ina theannta sin, déanfaidh an Coimisiún iarracht as an nua chun na ceanglais tuairiscithe do chuideachtaí agus do riaracháin a chuíchóiriú agus a shimpliú, agus é mar aidhm aige na hualaí sin a laghdú 25 %, gan an bonn a bhaint de na cuspóirí beartais gaolmhara.

Tá margaí caipitil dea-fheidhmiúla ríthábhachtach chun an taistriú glas agus digiteach a chistiú agus chun tacú le hathléimneacht mhaicreacnamaíoch an Aontais agus le neamhspleáchas straitéiseach oscailte an Aontais. Is féidir leis an maoiniú poiblí, i gcomhar le dlús a chur le hAontas na Margaí Caipitil, na méideanna suntasacha maoinithe phríobháidigh is gá don dá aistriú a scaoileadh. Cé go bhfuil dul chun cinn déanta ó seoladh tionscnamh Aontas na Margaí Caipitil in 2015, tá margaí caipitil an Aontais fós ilroinnte agus tearcfhorbartha, rud a léiríonn go bhfuil gá le tuilleadh gníomhaíochta nithiúla. I dtimpeallacht ina bhfuil rátaí úis ag dul i méid, bíonn deacrachtaí ag go leor gnólachtaí, go háirithe FBManna, rochtain a fháil ar mhaoiniú. Is bacainn iad íocaíochtaí déanacha freisin ar athléimneacht gnólachtaí, go háirithe FBManna, agus iad níos measa fós mar gheall ar phraghsanna arda fuinnimh. Chuige sin, ní mór dlús a chur leis na hiarrachtaí comhchoiteanna chun dul chun cinn a dhéanamh, agus ról a thabhairt do lucht déanta beartas agus do rannpháirtithe sa mhargadh ar fud an Aontais 38 . Tiocfaidh tuilleadh gnóthachan i dtáirgiúlacht agus iomaíochas an Aontais ó chórais íocaíochta níos nuálaí agus níos sábháilte agus ó chreat airgeadais oscailte a chuirfidh ar ár gcumas tairbhe a bhaint as digitiú.

Tá ról tábhachtach ag an digitiú maidir le hiomaíochas a mhéadú agus tá gá le lucht saothair ag a bhfuil scileanna digiteacha níos láidre, lena náirítear do FBManna, agus seirbhísí poiblí a dhigitiú a thuilleadh. Méadaíonn daonra atá oilte go digiteach dul chun cinn teicneolaíoch agus spreagann sé táirgiúlacht. Tá digitiú FBManna fíor-riachtanach chun a nacmhainneacht nuálaíochta agus a niomaíochas a mhéadú. Is féidir an méid sin a neartú trí ghníomhaíocht chuimsitheach, mar a moladh sa dá thogra le déanaí le haghaidh moltaí ón gComhairle maidir leis an oideachas digiteach agus na scileanna digiteacha 39 atá beartaithe, inar ullmhaigh an tidirphlé struchtúrtha maidir leis an oideachas digiteach agus na scileanna digiteacha an bealach. Le claochlú digiteach rialtas, lena náirítear raon agus idir-inoibritheacht na seirbhísí poiblí atá ar fáil ar líne a leathnú agus infhaighteacht sonraí oscailte, cuirtear feabhas ar éifeachtúlacht ghnó. Thairis sin, neartaíonn an taistriú digiteach an taistriú glas, ós rud é go bhfuil ról suntasach ag teicneolaíochtaí digiteacha amhail sonraí agus seirbhísí spáis sa ghníomhú ar son na haeráide 40 . Leis an gclár beartais maidir leis an Deacáid Dhigiteach, cuirtear treochlár ar fáil chun leas a bhaint as acmhainneacht an Aontais maidir le claochlú digiteach, rud a réiteoidh an bealach d’Eoraip níos iomaíche. 

Teastaíonn iomaíocht oscailte ó mhargaí soláthair phoiblí chun an luach is fearr ar airgead poiblí a sholáthar. Tá méadú tagtha le blianta beaga anuas ar líon na dtairiscintí poiblí nach gcuirtear ach tairiscint amháin isteach. In 2022, shroich sí an sciar is airde ar leibhéal AE (37 %) ó glacadh Treoir 2014 maidir le Soláthar Poiblí 41 . Tá gá le hiarrachtaí na mBallstát an sciar sin a laghdú chun cothrom iomaíochta a chruthú. Is féidir le soláthar poiblí slabhraí soláthair a ghríosú tríd an éileamh a éagsúlú. Is féidir leis feabhas a chur ar cháilíocht, athléimneacht agus inbhuanaitheacht má úsáidtear é go straitéiseach agus má chuirtear an fócas ar níos mó ná ar phraghas. Tríd an nGníomh um Thionscal GlanNialasach, ba cheart go néireodh sé níos éasca do FBManna nuálacha, inbhuanaithe, nó do chuibhreannais lena náirítear FBManna, páirt a ghlacadh sa soláthar 42 . I gcás inar féidir, ba cheart tairiscintí a dhearadh ar bhealach a ligeann do FBManna a bheith rannpháirteach.

Tá an nuálaíocht ar cheann de na príomhchúiseanna le fás táirgiúlachta níos láidre, ach tá roinnt scrogall os a comhair. Tá ganntanas ball foirne ardoilte san eolaíocht, sa teicneolaíocht, san innealtóireacht agus sa mhatamaitic (STEM) ina ndúshlán coiteann d’fhormhór na mBallstát, rud a bhaineann an bonn d’acmhainneacht fáis gnólachtaí, lena n‑áirítear in earnálacha ardnuálaíochta agus ardteicneolaíochta. Tá an nuálaíocht comhchruinnithe go mór i roinnt Ballstát agus réigiún an Aontais, go háirithe i réigiúin na bpríomhchathrach agus i réigiúin mheitreapholaiteacha eile, agus tá sí fós i bhfad níos airde i dTuaisceart agus in Iarthar na hEorpa. Tá feidhmíocht nuálaíochta níos láidre á coinneáil siar ag sraith easnamh amhail infheistíocht phoiblí T&F neamhleor agus/nó neamhrialta, naisc laga idir an saol acadúil agus gnólachtaí i bhformhór na mBallstát nó tacaíocht phoiblí neamhéifeachtach don nuálaíocht ghnó. Mar shampla, bíonn tionchar ag easpa fiontar i mbun fáis, deacrachtaí maidir le rochtain a fháil ar chaipiteal, ualach rialála agus bacainní sa mhargadh aonair ar nuálaíochtaí ceannródaíocha. Tá go leor beart á gcur chun feidhme sna RRPanna. Cuideoidh infheistíochtaí an bheartais chomhtháthaithe agus tionscnaimh eile amhail na Gleannta Nuálaíochta Réigiúnacha le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin freisin. 

4.4 Cothroime

Cé go bhfuil athléimneacht i margadh saothair an Aontais go dtí seo, d’fhéadfadh boilsciú ard agus neamhchinnteacht difear a dhéanamh d’ionchais sa mhargadh saothair agus tá tionchar acu ar theaghlaigh. D’éirigh leis an margadh saothair san Aontas an ráta fostaíochta [74.8 %] is airde riamh a bhaint amach sa [cheathrú ráithe] de 2022, rud a léiríonn dul chun cinn suntasach i dtreo spriocráta fostaíochta 78 % ar a laghad in 2030. Tá ganntanas saothair agus scileanna fós ard agus os cionn leibhéil 2019, ach thosaigh siad ag laghdú sa dara leath de 2022 le linn feidhmíocht dhearfach leanúnach sa mhargadh saothair. Mar sin féin, táthar ag súil go neascróidh forbairtí níos maolaithe sa mhargadh saothair in 2023 agus in 2024 as an moilliú ar ghníomhaíocht eacnamaíoch, agus ag an am céanna tá éagothromaíochtaí réigiúnacha fós ard sa mhargadh saothair agus rátaí fostaíochta níos ísle ná 50 % i roinnt réigiún. Ag an am céanna, tá bearnaí suntasacha fostaíochta fós ann do roinnt grúpaí daonra, lena náirítear mná agus daoine óga. Tá tionchar ag méaduithe géara ar phraghsanna, go háirithe i gcás bia, fuinnimh agus iompair, ar chumhacht ceannaigh na dteaghlach ísealioncaim agus íseal-mheánioncaim go háirithe. Is ionann na hítimí sin agus sciartha níos airde ina gciseáin tomhaltais, agus bearta beartais shóisialta spriocdhírithe á niarraidh acu. Sa chomhthéacs sin, tá beartais phá freagrúla, agus cómhargáil éifeachtach ríthábhachtach chun forbairtí fíorphá leordhóthanaigh a chur chun cinn, go háirithe d’oibrithe ar ioncam íseal. I ndáil leis sin, tá ról tábhachtach ag nuashonruithe rialta ar phá íosta. Le glacadh threoir an Aontais maidir le pá íosta 43 , cruthaítear móiminteam dearfach do bhearta lena náirithítear pá íosta leordhóthanach.

Chun caillteanas cumhachta ceannaigh a mhaolú agus chun méadú ar rioscaí bochtaineachta a chosc, ní mór córais cosanta sóisialta a choimirciú agus a neartú, lena n‑áirítear a leordhóthanacht agus a n‑inbhuanaitheacht. Tá gá le faireachán leanúnach ar an staid shóisialta agus le freagairtí prasa beartais chun cosc a chur ar dhaoine ag titim i mbochtaineacht nó san eisiamh sóisialta, lena n‑áirítear bochtaineacht fuinnimh, agus chun na neamhionannais atá ann cheana a ghéarú. I gcomhthéacs an mhéadaithe atá ag teacht ar an gcostas maireachtála, tá ról lárnach ag dúnadh na mbearnaí sa rochtain ar chórais cosanta sóisialta agus ar chórais cuimsithe sóisialta atá leordhóthanach agus inbhuanaithe chun an tionchar a bhíonn ag boilsciú ard ar dhaoine leochaileacha a íoslaghdú, in éineacht le forbairtí pá lena maolaítear an caillteanas i gcumhacht ceannaigh go háirithe d’oibrithe ísealioncaim. Tá sásraí struchtúracha nó ad hoc chun sochair shóisialta a choigeartú mar fhreagairt ar bhoilsciú ard tábhachtach chun a leordhóthanacht a choinneáil, agus a áirithiú ag an am céanna go mbeidh na costais faoi seach inbhuanaithe go fioscach. Ag an am céanna, ní mór do chórais cosanta sóisialta agus do chórais chuimsithe dreasachtaí oibre a chaomhnú agus rannpháirtíocht agus lánpháirtiú sa mhargadh saothair a chur chun cinn go gníomhach, lena n‑áirítear trí sheirbhísí cáilíochta comhtháite. Le haosú an daonra, an t‑ualach a bhaineann le galair ainsealacha, éilimh nua ar shláinte agus teicneolaíochtaí nua, beidh gá freisin le tuilleadh post a chruthú, le tacair scileanna atá ag athrú, sna hearnálacha sláinte agus sóisialta. Ní mór feabhas a chur ar rochtain ar chúram sláinte agus ar chúram fadtéarmach atá inacmhainne, ar ardchaighdeán agus inbhuanaithe. Leanann ríomhshláinte de chlaochlú a dhéanamh ar an gcaoi a bhfaigheann daoine rochtain ar chúram sláinte agus a bhfaigheann siad cúram sláinte, rud a éilíonn leibhéal méadaitheach scileanna digiteacha chomh maith le hilchumas níos airde ón lucht saothair sláinte.

Tá córais oideachais agus oiliúna ríthábhachtach chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanais saothair agus scileanna agus chun iad a chosc. Is iad na ganntanais saothair is mó atá ann faoi láthair ná cúram sláinte agus cúram fadtéarmach, fáilteachas, tógáil, TFC agus gairmeacha gaolmhara, agus i bpríomhearnálacha don aistriú glas amhail foinsí in‑athnuaite agus éifeachtúlacht fuinnimh. Sa bhreis ar fhorbairtí timthriallacha, léiríonn ganntanas scileanna athruithe struchtúracha i ngeilleagar an Aontais, lena n‑áirítear aosú an daonra agus na claochluithe leanúnacha glasa agus digiteacha, as a dtagann athrú ar riachtanais scileanna. Ag an am céanna, nochtann siad na laigí atá ann cheana sna córais oideachais agus oiliúna. Cé go bhfeabhsaítear é, tá sciar na ndaoine óga nach bhfuil i mbun fostaíochta, oideachais ná oiliúna fós ard i roinnt Ballstát. Cheana féin in 2018, ní raibh bunscileanna ag duine as gach cúigear atá 15 bliana déag, agus maidir le daoine óga ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste, bhí sé beagnach sé oiread níos dóchúla nach n‑éireodh go maith leo go hacadúil. Le blianta beaga anuas, tá méadú tagtha ar an mbrú atá ar na córais oideachais agus oiliúna toisc go raibh orthu déileáil le tionchar na paindéime, leis an easpa bonneagair dhigitigh iomchuí agus leis an nganntanas méadaitheach foirne teagaisc, ar gach leibhéal oideachais, go háirithe sna hábhair is ábhartha don dá aistriú. Cé go bhfuil méadú ag teacht ar ghnóthachtáil oideachais threasaigh, ní leor an sciar de chéimithe STEM (eolaíocht, teicneolaíocht, innealtóireacht agus matamaitic) chun freastal ar éileamh an mhargaidh saothair i bhformhór na mBallstát. Tá sé ríthábhachtach i gcónaí do mhargaí saothair láidre agus d’aistriú cothrom go ndéantar na córas oideachais agus oiliúna a neartú, ó thaobh cáilíochta, cuimsitheachta agus ábharthacht don mhargadh saothair, ar gach leibhéal ar fud an Aontais. Ar an gcaoi chéanna, is deis mhór i gcónaí don fhás cuimsitheach agus don chomhionannas í rannpháirtíocht na mban, na ndaoine óga agus na ngrúpaí faoi ghannionadaíocht agus na ngrúpaí leochaileacha, amhail daoine faoi mhíchumas, daoine de bhunadh imirceach agus Romaigh, a mhéadú.

Go háirithe, tá forbairt agus sealbhú scileanna agus inniúlachtaí atá ábhartha don aistriú glas ag éirí níos práinní. Tá sé ag éirí níos tábhachtaí a áirithiú gur féidir le gach oibrí, go háirithe na hoibrithe sin in earnálacha agus i réigiúin a ndéanann an taistriú glas níos mó difir dóibh, tairbhe a bhaint as na gnóthachain fostaíochta a bhaineann le geilleagar glannialasach. Beidh tóir ar leith ar phróifílí gairmiúla agus teicniúla i bhfianaise an aistrithe fuinnimh bhrostaithe agus an chlaochlaithe teicneolaíochta i gcomhthéacs Phlean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais de chuid an Aontais. Ní mór do na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar ghanntanais shuntasacha saothair atá ag dul i méid, agus ag an am céanna d’fhéadfadh soláthar íseal oiliúna i bpríomhearnálacha scrogaill a chruthú san aistriú chuig geilleagar glannialasach. Tá an dúshlán níos láidre fós i roinnt réigiún forimeallach nó i roinnt réigiún atá marbhánta go heacnamaíoch. Sa chomhthéacs sin, tá sé ríthábhachtach go dtacóidh na Ballstáit le réamhaíocht, sealbhú agus soláthar scileanna don gheilleagar glas, mar a léirítear sna CSRanna do na Ballstáit uile agus i gcomhréir leis an Moladh ón gComhairle maidir le haistriú cothrom i dtreo na haeráidneodrachta a áirithiú, chun freastal ar riachtanais an mhargaidh saothair agus chun comhdheiseanna a chur ar fáil do chách. Trí uassciliú agus athsciliú a chur chun cinn d’oibrithe san earnáil phoiblí ar gach leibhéal (lena náirítear riarachán áitiúil) chuirfí dlús freisin leis na hinfheistíochtaí agus na hathchóirithe is gá don aistriú glas 44 . 

Cuidíonn an RRF agus cistí an bheartais chomhtháthaithe, go háirithe Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin i gcórais oideachais agus oiliúna ar gach leibhéal. Ar na bearta a dtacaítear leo tá feabhas a chur ar an rochtain ar oideachas agus cúram na luathóige, athchóirithe curaclaim, an tardoideachas a nuachóiriú, an taistriú ón gcóras oideachais chuig an margadh saothair a éascú, deiseanna uasscilithe agus athscilithe a chruthú — go háirithe i gcás scileanna atá ábhartha don aistriú glas — chomh maith le beartais ghníomhacha maidir leis an margadh saothair a athchóiriú agus a nuachóiriú. Trí thacú le hathcháiliú brostaithe an lucht saothair i dtreo scileanna a bhaineann leis an aistriú glas, áiritheoidh caibidlí tiomnaithe REPowerEU atá le cur san áireamh sna RRPanna atá ann cheana maoiniú breise le haghaidh athchóirithe agus infheistíochtaí sa réimse sin. In éineacht leis na hinfheistíochtaí méadaithe sin, lena náirítear faoi chlár InvestEU, is féidir leis an mbeartas uaillmhianach inbhuanaithe maidir leis an imirce dhleathach atá molta ag an gCoimisiún ina phacáiste Scileanna agus Tallanna 45 cabhrú freisin chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanas saothair agus scileanna agus leas iomlán a bhaint as acmhainneacht lucht saothair na hEorpa. Cuirfidh Bliain Eorpach na Scileanna 2023 spreagadh úr ar fáil chun rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara a mhealladh agus chun maoiniú poiblí agus príobháideach a shlógadh chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanais scileanna agus ar ghanntanais saothair sa mheántéarma agus san fhadtéarma, go háirithe i scileanna digiteacha agus glasa 46 .

Ó thús chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, tá fáilte curtha roimh bheagnach 4 mhilliún duine easáitithe san Aontas faoin Treoir um Chosaint Shealadach. Tá cuimsiú sa mhargadh saothair ríthábhachtach chun go mbeidh daoine easáitithe neamhspleách ó thaobh airgeadais de, go dtacóidh siad lena dteaghlaigh agus go gcuirfidh siad leis an bpobal óstach 47 . De réir na meastachán atá ar fáil 48 , tá idir 600 000 agus 1 mhilliún tairbhí de chosaint shealadach tar éis fostaíocht a fháil ar fud an Aontais, agus tá os cionn 350 000 duine cláraithe mar chuardaitheoirí poist. Is bacainn mhór iad bacainní teanga ar dhaoine easáitithe a chur ag obair, rud a fhágann go bhfuil sé ríthábhachtach oiliúint teanga a chur ar fáil. Tá sé tábhachtach freisin scileanna a bhailíochtú go tapa agus aitheantas a thabhairt do cháilíochtaí, lena náirítear in earnálacha a bhfuil éileamh orthu amhail cúram sláinte, chun a áirithiú gur féidir le daoine rochtain a fháil ar obair a oireann dá scileanna agus dá dtaithí. Tá bearta tábhachtacha déanta cheana féin ag roinnt mhaith Ballstát chun an próiseas sin a éascú, i gcomhréir leis an treoir ón gCoimisiún 49 , agus úsáid á baint freisin as na solúbthachtaí cistiúcháin a chuireann CARE ar fáil (Gníomhaíocht Chomhtháthaithe do Dhídeanaithe san Eoraip). Ós rud é go bhfuil go leor tairbhithe de chosaint shealadach ina mná a bhfuil leanaí acu, is réamhchoinníoll ríthábhachtach é seirbhísí oideachais agus cúraim na luathóige a bheith ar fáil dá rannpháirtíocht sa mhargadh saothair.

Leanann cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta de chóineasú sóisialta aníos a threorú san Aontas. Dhá bhliain tar éis Chruinniú Mullaigh Sóisialta Porto agus na gealltanais a tugadh maidir le príomhspriocanna 2030 maidir le fostaíocht, scileanna agus laghdú bochtaineachta, is tosaíocht i gcónaí ag na Ballstáit iad na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí is gá a chur i bhfeidhm chun dul chun cinn a dhéanamh i dtreo na spriocanna náisiúnta. Tá sé sin ríthábhachtach chun tacú le cóineasú sóisialta aníos agus le comhtháthú sóisialta san Aontas. Mar chuid den Phacáiste Earraigh, molann an Coimisiún freisin na Treoirlínte Fostaíochta a thabhairt ar aghaidh go dtí an chéad timthriall bliantúil eile. Tagann sé sin i ndiaidh mórathrú in 2022 chun an comhshaol iar-COVID agus na tionscnaimh bheartais is déanaí a léiriú ar bhealach níos fearr, chomh maith le plé méadaitheach maidir lena thábhachtaí atá sé dea-bhail inbhuanaithe agus chuimsitheach a áirithiú

5. Conclúid

I bhfianaise na réaltachta geopholaitiúla atá ann faoi láthair mar aon leis na dúshláin chasta eacnamaíocha agus shóisialta, féachann an tAontas le geilleagar láidir a thógáil a sheasfaidh an aimsir agus a chinnteoidh iomaíochas agus rathúnas fadtéarmach do chách. Chuige sin, tá gá le cur chuige comhtháite ar fud na réimsí beartais uile chun táirgiúlacht, athléimneacht, cothroime agus fás inbhuanaithe a mhéadú ar fud an bhoinn eacnamaíoch iomláin. Leis an Seimeastar Eorpach, soláthraítear an creat ceart um chomhordú beartais chun na críche sin, lena ndéantar cur chun feidhme RRF agus cláir an bheartais chomhtháthaithe a leabú freisin. Cé go bhfuil cur chun feidhme RRP faoi lán seoil i roinnt Ballstát, i mBallstáit eile tá baol ann go mbeidh moilleanna maidir leis na féilirí táscacha cur chun feidhme a comhaontaíodh sna Cinntí Cur Chun Feidhme ón gComhairle. Cé go dtiocfaidh deireadh le cur chun feidhme chláir an bheartais chomhtháthaithe 2014-2020 in 2023, tugann na cláir 2021-2027 a glacadh le déanaí deis borradh a chur faoin infheistíocht i gcomhlántacht iomlán leis an RRF. Chun dul chun cinn marthanach a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit leanúint de dhíriú ar na RRPanna a chur chun feidhme go hiomlán agus go tráthúil go dtí 2026 agus leanúint ar aghaidh go pras leis na cláir beartais chomhtháthaithe a comhaontaíodh le déanaí a chur chun feidhme. Is deis iad na hathbhreithnithe atá beartaithe ar na RRPanna, lena n‑áirítear caibidlí REPowerEU le cistiú breise in éineacht le cláir an bheartais chomhtháthaithe, freagairt do dhúshláin leanúnacha arna sainaithint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, lena n‑áirítear i réimse na haeráide agus an fhuinnimh.

I dtuarascálacha de réir tíre 2023, tugtar léargas ar na forbairtí eacnamaíocha agus sóisialta, ar na forbairtí sa mhargadh saothair agus ar na dúshláin atá os comhair na mBallstát faoi láthair. Tá an anailís ar na dúshláin mar bhonn taca ag CSRanna 2023. Tugann Seimeastar Eorpach na bliana seo aird ar leith ar ábhar an iomaíochais agus na táirgiúlachta fadtéarmaí, agus ag an am céanna soláthraítear anailís nuashonraithe agus níos mionsonraithe ar shlándáil agus ar inacmhainneacht fuinnimh. Iarrann an Coimisiún go ndéanfadh na Ballstáit gníomhaíocht uaillmhianach chun aghaidh a thabhairt ar na leochaileachtaí a nochtadh de bharr géarchéimeanna a tharla le déanaí agus a sainaithníodh sna tuarascálacha de réir tíre ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach. Áirítear air sin athléimneacht agus táirgiúlacht a neartú, rochtain ar mhaoiniú a éascú, fuinneamh inacmhainne a sholáthar, spleáchais straitéiseacha a laghdú, dlús a chur leis an aistriú chuig an ngeilleagar ciorclach, scileanna a áirithiú don todhchaí, tacú le poist ardcháilíochta a chruthú agus an bonn eacnamaíoch, eolaíoch, tionsclaíoch agus teicneolaíoch a chur in oiriúint don aistriú glas agus digiteach agus gan aon duine a fhágáil ar leataobh.

Iarrann an Coimisiún ar an gComhairle Eorpach na tograí ón gCoimisiún maidir le CSRanna 2023 a fhormhuiniú agus iarrann sé ar an gComhairle iad a ghlacadh. Iarrann sé freisin ar Bhallstáit uile an Aontais na moltaí a chur chun feidhme go hiomlán agus go tráthúil, i ndlúth‑idirphlé lena gcomhpháirtithe sóisialta, le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus le páirtithe leasmhara eile.

FOSCRÍBHINN 1 — FORLÉARGAS AR NA RÉIMSÍ TÉAMACHA A CHUMHDAÍTEAR SNA MOLTAÍ TÍR-SHONRACHA

Catagóir Leathan

An t‑aistriú glas

An t‑aistriú digiteach, an táirgiúlacht, agus an margadh aonair

 Fostaíocht, beartais shóisialta, agus cothroime

  Cobhsaíocht mhaicreacnamaíoch 

Athléimneacht institiúideach

Réimsí beartais

Bonneagar in‑athnuaite agus fuinnimh

Éifeachtúlacht fuinnimh

Oiriúnú don athrú aeráide

Comhshaol & bainistíocht acmhainní

Iompar

Nascacht dhigiteach, bonneagar agus feidhmiú an mhargaidh

Digitiú gnó

Digitiú an riaracháin phoiblí

Timpeallacht ghnó (beartais FBM san áireamh)

An margadh aonair, iomaíocht agus státchabhair

Fiontair faoi úinéireacht stáit

Soláthar poiblí agus lamháltais

Taighde & nuálaíocht

An margadh saothair

Beartais ghníomhacha maidir leis an margadh saothair

Comhdheiseanna

Pá & socrú pá

Scileanna, gairmoideachas agus gairmoiliúint leanúnach agus foghlaim aosach

Oideachas agus cúram na luath‑óige

Oideachas (Ginearálta, Gairmoideachas agus Gairmoideachas tosaigh & Ardoideachas)

Córais phinsin agus aosú gníomhach

Bochtaineacht, cuimsiú sóisialta agus cosaint shóisialta

Forbairt réigiúnach agus seirbhísí poiblí áitiúla

Cúram sláinte

Cúram fadtéarmach

Creat buiséadach agus rialachas fioscach

Polasaí Cánach

Riarachán cánach, imghabháil cánach agus seachaint cánach

Seirbhísí airgeadais agus cobhsaíocht airgeadais

Rochtain ar mhaoiniú agus ar mhaoiniú fáis

Frithsciúradh airgid

Tithíocht

Fiachas agus creat dócmhainneachta san earnáil phríobháideach

Riarachán poiblí

Éilliú

Cáilíocht na reachtóireachta

An Córas Ceartais

01 BE

02 BG

03 CZ

04 DK

05 DE

06 EE

07 IE

08 EL

09 ES

10 FR

11 HR

12 IT

13 CY

14 LV

15 LT

16 LU

17 HU

18 MT

19 NL

20 AT

21 PL

22 PT

23 RO

24 SI

25 SK

26 FI

27 SE

FOSCRÍBHINN 2 – DUL CHUN CINN MAIDIR LE CUR CHUN FEIDHME NA MOLTAÍ TÍR-SHONRACHA

I Seimeastar Eorpach 2023, déantar gníomhaíocht bheartais na mBallstát a mheas chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin struchtúracha arna sainaithint sna CSRanna a glacadh ó 2019 i leith. Tar éis bhunú RRF mar phríomhuirlis chun tosaíochtaí beartais an Aontais agus na mBallstát a chur i gcrích, cuirtear san áireamh i measúnú CSR 2023 an ghníomhaíocht bheartais a rinne na Ballstáit go dtí seo 50 chomh maith leis na gealltanais a tugadh sna RRPanna, ag brath ar mhéid an chur chun feidhme. Dá bhrí sin, léirítear sa mheasúnú na céimeanna reatha, atá fós sách luath, de chur chun feidhme na RRPanna, seachas an leibhéal dul chun cinn a d’fhéadfaí a bhaint amach ag glacadh leis go gcuirfear na pleananna chun feidhme ina niomláine go dtí 2026 51 .

Figiúr 1: Leibhéal reatha de chur chun feidhme CSRanna 2019-2020

Figiúr 2: Cur chun feidhme CSRanna 2019-2022: an measúnú bliantúil gach bliain i ndiaidh a chéile i gcomparáid leis an gcur chun feidhme go dtí seo

 

Nóta: Sa mheasúnú ilbhliantúil i bhFigiúr 1, scrúdaítear cur chun feidhme CSRanna 2019-2020 ó chéadghlacadh na moltaí go dtí gur foilsíodh an Teachtaireacht sin. I bhFigiúr 2, léirítear sa mheasúnú bliantúil an dul chun cinn a rinneadh sa chéad bhliain tar éis CSRanna a ghlacadh agus léirítear sa mheasúnú ilbhliantúil measúnú na bliana seo ar CSRanna roimhe seo. Tabhair faoi deara go mbaineann CSRanna 2021 leis an mbeartas fioscach amháin.

I gcomhthéacs ilbhliantúil, rinneadh dul chun cinn áirithe ar a laghad a thaifeadadh le haghaidh 68 % de CSRanna 2019-2020 (féach Figiúr 1). I gcomparáid le measúnú na bliana seo caite, rinneadh dul chun cinn breise maidir le CSRanna 2019 atá de chineál struchtúrach agus le CSRanna 2020 atá dírithe níos mó ar an ngéarchéim. Dá bhrí sin, tá méadú leanúnach tagtha ar chéatadán na CSRanna sin a bhfuil ar a laghad roinnt dul chun cinn déanta acu maidir le cur chun feidhme ó 59 % in 2021, trí 63 % in 2022, ag sroicheadh 68 % anois. Léirítear go soiléir leis sin na dreasachtaí arna soláthar ag an RRF ó 2021 i leith, ar dreasachtaí iad a bhfuiltear ag súil go leanfaidh a gcur chuige feidhmíochtbhunaithe de chur chun feidhme na CSRanna a threisiú sna blianta amach romhainn. Tá an dul chun cinn is mó déanta ag na Ballstáit le blianta beaga anuas maidir le rochtain ar mhaoiniú agus ar sheirbhísí airgeadais, agus ina dhiaidh sin maidir le feidhmiú an mhargaidh saothair, frithsciúradh airgid agus an timpeallacht ghnó. Ag an am céanna, ní raibh dul chun cinn chomh feiceálach céanna i réimsí an mhargaidh aonair, na hiomaíochta agus na státchabhrach, na tithíochta, an chúraim fhadtéarmaigh agus na gcóras pinsean.

Tá dul chun cinn suntasach déanta freisin i gcur chun feidhme na moltaí a glacadh in 2022. Tá ‘roinnt dul chun cinn’ ar a laghad déanta ag na Ballstáit i dtaca le beagnach 52 % de na moltaí a cuireadh faoina mbráid i mí Iúil 2022 (Figiúr 2). I bhfianaise na réimsí sin ina bhfuair líon suntasach Ballstát moladh in 2022, rinneadh an chuid is mó den dul chun cinn ar an iomlán maidir le creat buiséadach agus rialachas fioscach, agus ina dhiaidh sin tá iompar, timpeallacht ghnó agus éifeachtúlacht fuinnimh. Os a choinne sin, tá níos lú dul chun cinn déanta chun aghaidh a thabhairt ar mholtaí maidir le beartas cánachais.

Beidh torthaí mheasúnú CSR 2023, mar aon le torthaí na mblianta roimhe sin, ar fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin.



FOSCRÍBHINN 3 – DUL CHUN CINN AR FUD AN AONTAIS MAIDIR LE CUR CHUN FEIDHME NA SDGanna

 Nóta: Léiríonn an figiúr thuas an luas ag a bhfuil dul chun cinn déanta ag an Aontas ionsar gach ceann de na 17 sprioc le linn na tréimhse cúig bliana is déanaí de réir na dtáscairí a roghnaíodh. Tá an modh chun treochtaí na dtáscairí a mheasúnú agus chun iad a chomhiomlánú ar leibhéal na sprice mar aon le hanailísí níos mionsonraithe ar fáil ar shuíomh gréasáin Eurostat: Forléargas — Táscairí forbartha inbhuanaithe — Eurostat (europa.eu) .

Le linn na tréimhse cúig bliana a ndearnadh measúnú uirthi, tá dul chun cinn suntasach déanta ag an Aontas chun obair chuibhiúil agus fás eacnamaíoch cuibhiúil (SDG 8) a áirithiú agus chun an bhochtaineacht a laghdú (SDG 1). Tá dul chun cinn suntasach déanta freisin maidir le comhionannas inscne a bhaint amach (SDG 5). Baineadh amach dul chun cinn maith ach níos measartha i dtreo na spriocanna maidir le héagothromaíochtaí a laghdú (SDG 10), oideachas ardcháilíochta a áirithiú (SDG 4), síocháin agus slándáil phearsanta a chothú laistigh de chríoch an Aontais agus feabhas a chur ar rochtain ar cheartas agus ar mhuinín as institiúidí (SDG 16), sláinte agus folláine (SDG 3), in ainneoin na gcéimeanna ar gcúl mar thoradh ar phaindéim COVID-19, agus ar an nuálaíocht agus ar an mbonneagar (SDG 9). Ní raibh an dul chun cinn i dtreo na spriocanna eile - díothú an ocrais (SDG 2), uisce glan agus sláintíocht (SDG 6) agus fuinneamh inacmhainne agus glan (SDG 7) - chomh suntasach céanna.

Táthar ag súil go ndéanfar tuilleadh dul chun cinn le haghaidh trí sprioc - gníomhú ar son na haeráide (SDG 13), beatha ar talamh (SDG 15) agus comhpháirtíochtaí domhanda (SDG 17) - toisc go bhfuil sé beartaithe ag Ballstáit an Aontais an leibhéal níos airde uaillmhéine a chur chun feidhme sna spriocanna comhshaoil a shocraítear ar leibhéal an Aontais. Maidir le gníomhú ar son na haeráide (SDG 13), tá spriocanna aeráide anuaillmhianach agus nach bhfacthas a leithéid riamh leagtha síos ag an Aontas do 2030 agus, i gcomparáid leis na treochtaí a bhí ann roimhe seo, beidh gá le tuilleadh iarrachtaí. Tá na bearta beartais curtha i bhfeidhm ag an Aontas cheana féin chun na hiarrachtaí breise sin a chur i gcrích, go háirithe tríd an bpacáiste ‘Oiriúnach do 55’, le hathbhreithniú ar chóras trádála astaíochtaí an Aontais (ETS), agus leis an Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill lena leagtar síos spriocanna bliantúla ceangailteacha maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa do na Ballstáit. I réimse an fhuinnimh, tá spriocanna níos uaillmhianaí leagtha síos ag an Aontas freisin do 2030. Ciallaíonn sé sin go bhfuiltear ag súil go mbeidh dul chun cinn níos láidre le feiceáil sna blianta amach romhainn i réimse na héifeachtúlachta fuinnimh agus an fhuinnimh inathnuaite san Aontas, chomh maith 52 . Maidir le beatha ar talamh (SDG 15), cé go bhfuil méadú tagtha ar limistéir thalún faoi chosaint ó 2013 i leith, tá meath leanúnach ar dhaonra na néan coiteann agus ar dhaonra féileacán na bhféarthailte ag an Aontas i gcónaí. Beartaítear iarrachtaí breise is gá chun díghrádú éiceachóras a aisiompú i Straitéis Bhithéagsúlachta 2030 an Aontais, i straitéis foraoise an Aontais le haghaidh 2030 a seoladh i mbliana agus i Straitéis Ithreach an Aontais, lena leagtar síos cuspóir do 2030 maidir le talamh díghrádaithe agus ithir dhíghrádaithe a athbhunú agus maidir le gaineamhlú a chomhrac. Maidir le comhpháirtíochtaí le haghaidh na spriocanna (SDG 17), léiríonn an treocht i bpáirt éifeachtaí timthriallacha agus go háirithe an méadú ar an bhfiachas poiblí a eascraíonn as géarchéim COVID-19.  



FOSCRÍBHINN 4 – TORTHAÍ NA nATHBHREITHNITHE DOIMHNE AR MHÍCHOTHROMAÍOCHTAÍ MAICREACNAMAÍOCHA I dTÍORTHA AN AONTAIS

Sainaithníodh míchothromaíochtaí nó míchothromaíochtaí iomarcacha i 11 as na 17 mBallstát a ndearnadh athbhreithniú domhain orthu. San anailís ar an athbhreithniú domhain (IDR), breathnaítear ar thromchúis na míchothromaíochtaí, ar na hathruithe a tháinig orthu le déanaí nó a bhfuil coinne leo, agus ar na freagairtí beartais orthu. Cuirtear iarmhairtí ábhartha agus impleachtaí sistéamacha trasteorann na míchothromaíochtaí san áireamh freisin. Bhí tionchar ar na IDRanna ag eascairt as torthaí trí nóta théamacha, maidir le i) inbhuanaitheacht sheachtrach, maidir le ii) difreálacha boilscithe agus a nimpleachtaí don iomaíochas, agus (iii) maidir le dinimic an mhargaidh tithíochta, a bhí dírithe ar roinnt de na Ballstáit a roghnaíodh le haghaidh IDR sa bhabhta reatha. 53

Tá míchothromaíochtaí ag teacht chun cinn anois agus boilsciú ard mar chúlra dóibh. D’fhéadfadh boilsciú ard leanúnach dochar a dhéanamh don iomaíochas mura ndéantar é a mheaitseáil le gnóthachain táirgiúlachta, agus d’fhéadfadh míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a bheith ag teacht chun cinn nó ag dul in olcas mar thoradh air, agus leochaileachtaí eile a bheith ann . D’fhéadfadh sé sin tarlú má éiríonn an boilsciú daingnithe, go háirithe nuair a bhíonn bíseanna pá agus praghsanna ann, rud a d’fhéadfadh a bheith níos measa mar gheall ar chorrlaigh bhrabúis mhéadaithe, a leathnaíonn amach ar phraghsanna earraí agus seirbhísí intrádála. Is é is dóichí gurb amhlaidh an cás de réir mhéid an bhreisluacha intíre a chuirtear le honnmhairí. Ina dhiaidh sin, d’fhéadfadh tionchar diúltach a bheith aige ar iomaíochas, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le féichiúnas seachtrach méadaithe. Cruthaíonn boilsciú dúshláin freisin do theaghlaigh a bhfuil a n‑ioncam i bhfad taobh thiar de phraghsanna faoi láthair, rud a fhágann go gcailltear cumhacht ceannaigh agus go mbíonn iarmhairtí díobhálacha dáileacháin acu. I gcás na ngnólachtaí sin nach bhfuil in ann a gcostais mhéadaithe a aistriú go praghsanna, cuireann boilsciú seasmhach bac ar sheirbhísiú fiachais, rud a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar an earnáil airgeadais agus moill a chur ar fhás eacnamaíoch trí laghdú a chur le tomhaltas agus infheistíocht. Chun boilsciú a laghdú, tá gá le hiarrachtaí beartais, lena n‑áirítear trí smacht a choimeád ar éileamh, rud a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar fhás gearrthéarmach OTI. Is ábhar imní ar leith é sin i gcás ina bhfuil an croí‑bhoilsciú i bhfad os cionn mheán an Aontais nó an limistéir euro agus go bhfuil rioscaí ann fós; sna cásanna sin ní féidir brath ar bheartas airgeadaíochta amháin chun an boilsciú a laghdú.

Tá éagsúlacht an bhoilscithe ar fud na mBallstát ag na leibhéil is airde go stairiúil. Baineann cuid den éagsúlacht sa bhoilsciú leis an tionchar difreáilte a bhíonn ag praghsanna fuinnimh agus bia níos airde ar na tíortha éagsúla, rud a léiríonn a bhfoinsiú éagsúil fuinnimh, a struchtúir eacnamaíocha éagsúla agus an t‑éileamh fuinnimh gaolmhar, chomh maith leis an sciar fuinnimh agus bia atá á thomhailt. I gcás roinnt tíortha, áfach, tá foinsí eile brú boilscithe ag gabháil leis, lena n‑áirítear méaduithe ar chostais aonaid saothair agus ar uasmharcáil agus brabúis chorparáideacha. Ina theannta sin, i gcásanna áirithe, chuir caiteachas rialtais, bearta tacaíochta san áireamh, le difreálacha boilscithe i measc thíortha an Aontais agus an limistéir euro. I dtíortha ina dtagann an boilsciú go mór trí phraghsanna fuinnimh a chur ar aghaidh, ba cheart go mbeadh normalú praghsanna fuinnimh leordhóthanach chun difreálacha boilscithe a laghdú, in éagmais éifeachtaí eile ag teacht chun cinn agus chomh fada agus a dhéantar praghsanna a choigeartú síos nuair is gá. Mar sin féin, i gcás ina mbíonn an boilsciú mar thoradh ar bhrúnna praghsanna intíre den chuid is mó, a bhaineann le dinimic pá agus brabúis, d’fhéadfadh sé a bheith níos deacra dinimic an bhoilscithe a leachtú go pras, go háirithe má tá dinimic na bpraghsanna sin níos buaine nó fréamhaithe i dtosca níos buaine agus, dá bhrí sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le bearta struchtúracha chun tuilleadh iomaíochta a chruthú i margaí áirithe.

Is ábhar imní níos airde iad difreálacha boilscithe laistigh d’aontas airgeadaíochta agus is gá aird ar leith a thabhairt air sin. In aontas airgeadaíochta, fágann éifeachtaí boilscitheacha éagsúla go bhfuil cúram an údaráis airgeadaíochta an‑deacair, toisc go bhféadfadh tarchur aonfhoirmeach athruithe ar sheasamh airgeadaíochta chuig gach cuid den aontas a bheith lagaithe. Ós rud é nach rogha é athailíniú costas agus praghsanna intíre trí athruithe ar an ráta malairte ainmniúil, is féidir le difreálacha boilscithe leanúnacha caillteanais iomaíochais mharthanacha agus athruithe struchtúracha a d’fhéadfadh a bheith deacair agus costasach le sárú a dhaingniú; d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le géarú breise ar an mbeartas fioscach chun aon ró‑éileamh a mhaolú, chun carnadh na leochaileachtaí a laghdú agus chun an gá le ceartúcháin níos díobhálaí amach anseo a sheachaint.

I gcás tíortha nach bhfuil sa limistéar euro, is féidir an ráta malairte ainmniúil a choigeartú i gcoinne aon bhrú iomaíochais, ach d’fhéadfadh rioscaí a bheith ag baint leis freisin. Is féidir le díluacháil agus dímheas, ach go háirithe, brúnna boilscitheacha breise a thabhairt isteach de réir mar a éiríonn earraí agus seirbhísí allmhairithe níos costasaí. Ag an am céanna, méadaíonn costas an fhiachais atá ainmnithe in airgeadra eachtrach agus d’fhéadfadh préimh riosca níos airde a bheith ann maidir le fiachas flaithiúnais a eisiúint agus maidir le hiasachtaí a fháil ón gcoigríoch.

Lean cóimheasa arda fiachais phríobháidigh agus rialtais de bheith ag laghdú in 2022, uaireanta fiú ar luas níos tapúla, ach tá leochaileachtaí fós ann. Tar éis an tsosa i ndíghiaráil arb í géarchéim COVID-19 ba chúis leis, tá cóimheasa fiachais‑OTI laghdaithe ó shin le fás ainmniúil OTI níos airde. Is ionann sin agus filleadh ar an treocht sheanbhunaithe maidir le díghiaráil, a bhfuil laghduithe suntasacha tagtha ar chóimheasa fiachais thar na blianta i gcás go leor tíortha. I roinnt cásanna arda fiachais, tháinig laghdú níos mó ar chóimheasa fiachais‑OTI in 2022 ná mar a bhí sna blianta roimhe sin, mar gheall ar an éifeacht láidir ainmneora. Mar sin féin, tá cóimheasa fiachais fós ard agus, go háirithe i gcás fiachas rialtais, uaireanta is léir go bhfuil siad fós os cionn na leibhéal a bhí ann roimh an ngéarchéim COVID-19. I gcásanna áirithe, tá an laghdú ar chóimheasa fiachais rialtais teoranta ag na bearta tacaíochta a achtaíodh chun tionchar na bpraghsanna fuinnimh níos airde a mhaolú.

Tuartar go dtacóidh fás ainmniúil leanúnach OTI le tuilleadh díghiarála, ach i gcomhthéacs coinníollacha maoiniúcháin nach bhfuil chomh fabhrach céanna. Trí fhás ionchasach OTI a neartú, go háirithe trí na RRPanna a chur chun feidhme go héifeachtach, tacófar tuilleadh le cóimheasa fiachais‑OTI a laghdú. Cé go méadaíonn boilsciú ard OTI ainmniúil faoi láthair agus go laghdaíonn sé an féichiúnas mar sciar den aschur eacnamaíoch, meastar go dtiocfaidh laghdú ar an mboilsciú agus, ag an am céanna, d’fhéadfadh coinníollacha maoinithe níos déine bheith ina n‑ualach ar fhiachais arda a sheirbhísiú. Is ábhar imní níos mó é sin i gcás ina bhfuil rátaí úis athraitheacha nó ina n‑athraíonn siad níos tapúla nó i gcás ina bhfuil riachtanais mhaoinithe níos airde; d’fhéadfadh fiachas agus iasachtaíocht in airgeadraí eachtracha cur leis na hábhair imní sin do thíortha áirithe. Sna cásanna sin, ní féidir athruithe i mbraistintí nó in inghlacthacht riosca na margaí airgeadais a eisiamh, rud a éilíonn beartais fhónta eacnamaíocha agus fhioscacha.

Lagaíodh seasaimh sheachtracha de ghnáth mar gheall ar shuaitheadh ar phraghsanna allmhairiúcháin fuinnimh, agus chuir comhlúthacht an éilimh intíre níos mó leo i roinnt cásanna. Tá laghdú suntasach tagtha ar chomharduithe trádála ar fud an Aontais de réir mar a tháinig méadú ar chostais allmhairiúcháin fuinnimh. Mar sin féin, bhí tionchar níos mó ar roinnt tíortha ná ar thíortha eile mar gheall ar a spleáchas ar fhuinneamh breosla iontaise agus ar fhoinsiú geografach an fhuinnimh sin. Ina theannta sin, i gcásanna áirithe, rinneadh an meathlú sna cuntais reatha a fhormhéadú trí chomharduithe neamhfhuinnimh a bheith ag titim i gcás ina raibh fás an‑láidir ar an éileamh intíre. Os a choinne sin, chabhraigh téarnamh breise na turasóireachta trasteorann le srian a chur ar an meathlú a tháinig ar chuntais reatha roinnt tíortha móra glanfhéichiúnaithe a bhfuil earnálacha turasóireachta suntasacha acu, ach i gcásanna áirithe níor leor é sin chun easnaimh shuntasacha sa chuntas reatha a sheachaint. Tháinig laghdú freisin ar bharrachais mhóra sa chuntas reatha, ach d’fhan siad suntasach.

As seo amach, táthar ag súil go méadóidh praghsanna allmhairiúcháin fuinnimh níos ísle cuntais reatha beagnach gach Ballstát in 2023, easnaimh agus barrachais mar a chéile. Tháinig feabhas breise ar na staideanna glaninfheistíochta diúltacha idirnáisiúnta (NIIPS) in 2022 agus le tacaíocht ó fhás ainmniúil OTI agus in ainneoin go bhfuil na cuntais reatha ag dul in olcas; táthar ag súil go dtiocfaidh tuilleadh feabhais orthu i mbliana agus ina dhiaidh sin ach ar luas níos ísle, ag léiriú fás ainmniúil OTI níos ísle agus, i gcásanna áirithe, marthanacht na riachtanas mór maidir le hiasachtaíocht sheachtrach. D’ainneoin an mhéadaithe ar na cuntais reatha ba cheart a bheith mar thoradh ar an laghdú ar phraghsanna fuinnimh, i roinnt cásanna, d’fhéadfadh easnaimh i gcuntais reatha leanúint de bheith níos laige ná mar a bhí le blianta beaga anuas agus ba cheart súil ghéar a choinneáil ar a n‑éabhlóid. Tuartar go dtiocfaidh méadú ar bharrachais sa chuntas reatha in 2023, ar tháinig laghdú orthu in 2022, de réir mar a aisiompaíonn an éifeacht ar phraghsanna fuinnimh, ach go leibhéil níos measartha. Is fachtóirí riosca iad cobhsaíocht praghsanna fuinnimh ar leibhéal níos airde nó boilsciú leanúnach níos airde a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le meathlú marthanach ar chomhardú seachtrach. Tacóidh insreabhadh na gcistí RRF leis an seasamh seachtrach i roinnt cásanna sna blianta atá le teacht.

Lean praghsanna tithe ag fás go láidir don chuid is mó de 2022 ach bhí titim sa mhargadh tithíochta le feiceáil sna míonna ina dhiaidh sin. Bhí dlús leanúnach faoi phraghsanna ainmniúla tithe i bhformhór na mBallstát le linn 2022, rud a d’fhág go raibh cóimheasa idir praghsanna agus ioncam á mbrú aníos a thuilleadh. D’athraigh an treocht le linn na bliana nuair a thosaigh méadú ar phraghas na dtithe ag fuarú agus thuairiscigh roinnt tíortha titim i bpraghsanna ainmniúla sa dara leath de 2022. Le coinníollacha maoinithe níos déine mar aon le titim i bhfíorioncaim teaghlaigh, tá maolú tagtha ar an éileamh ar tithíocht agus tús curtha le ceartú ar phraghsanna tithe.

As seo amach, táthar ag súil go ndéanfar praghsanna tithe a mhaolú a thuilleadh i gcás coinníollacha maoinithe níos déine agus ioncaim atá faoi bhrú, agus tá an soláthar tithíochta buailte ag costais tógála atá ag ardú. I gcás inar cosúil go bhfuil praghsanna tithe ar luach ró‑ard agus i gcás inar tharla méaduithe ar phraghsanna taobh le féichiúnas teaghlaigh atá ard agus fós ag ardú, d’fhéadfadh teaghlaigh agus iasachtóirí leochaileacht níos mó a léiriú i leith ceartúcháin anuas ar phraghsanna tithe. D‘fhéadfaí difear níos mó a dhéanamh, ach go háirithe, do na tíortha sin ina bhfuil rátaí úis athraitheacha i réim de réir mar a thagann ardú tapa ar oibleagáidí fiach‑sheirbhíse, go háirithe i gcás ina bhfuil téarmaí morgáiste fada agus gur cuid shuntasach d’íocaíochtaí míosúla an t‑ús, agus d’fhéadfadh sé go mbeadh tionchar acu ar thomhaltas agus ar OTI. Ag an am céanna, tá imní bhreise ar roinnt Ballstát maidir lena n‑earnálacha réadmhaoine tráchtála, ar earnálacha iad atá buailte go háirithe ag na costais maoinithe níos airde i gcásanna áirithe. Tar éis na tréimhse go díreach romhainn, is féidir a bheith ag súil leis go leanfaidh srianta soláthair a bhí ann cheana féin roimh an bpaindéim ar aghaidh sna blianta atá le teacht, a d’fhéadfadh titim praghsanna a bheith ag baint leo ar an iomlán ach beidh siad fós ina scrogall do mhéaduithe ar an stoc tithíochta; go deimhin, tá gníomhaíocht tógála tar éis titim le déanaí i roinnt tíortha. Mura dtugtar aghaidh orthu, d’fhéadfadh tuilleadh brúnna praghsanna aníos agus inacmhainneacht ag dul in olcas sa mheántéarma a bheith mar thoradh ar na srianta soláthair sin.

Tá méadú tagtha ar neart na hearnála baincéireachta, agus í ag baint leasa as athchóirithe a rinneadh roimhe, ach d’fhéadfadh méadú teacht ar leochaileachtaí sa chomhthéacs maicreacnamaíoch reatha. Lean na Ballstáit a bhfuil iasachtaí neamhthuillmheacha arda oidhreachta acu á laghdú, go suntasach i roinnt cásanna. Mar sin féin, dá dtarlódh rioscaí ar an taobh thíos amhail an t‑ionchas eacnamaíoch ag dul in olcas, agus luaineacht mhéadaithe sna margaí airgeadais a bheith ann, d’fhéadfadh sé sin saincheisteanna a chruthú do chláir chomhardaithe na mbanc. Ba cheart go gcabhródh rátaí úis níos airde le corrlaigh bhrabúis na mbanc ach is féidir leo dúshláin a chruthú freisin má bhíonn teaghlaigh agus corparáidí neamhairgeadais ag streachailt lena bhfiacha a sheirbhísiú. Sna Ballstáit sin a bhfuil nasc láidir idir na bainc agus an rialtas, d’fhéadfadh sé go mbeadh méadú ar chostais mhaoinithe an stáit ina riosca do na bainc freisin. D’fhéadfadh neamhchosaint do thithíocht agus go háirithe d’earnálacha réadmhaoine tráchtála a bheith ina chúis imní i roinnt tíortha.

Tábla 1: AICMIÚ NA MBALLSTÁT FAOIN NÓS IMEACHTA UM MÍCHOTHROMAÍOCHTAÍ MAICREACNAMAÍOCHA

 

Torthaí IDRanna 2022

Torthaí IDRanna 2023

Gan mhíchothromaíochtaí

HR, IE

CZ, EE, LV, LT, LU, SK

Míchothromaíochtaí

DE, ES, FR, NL, PT, RO, SE

CY, DE, ES, FR, HU, NL, PT, RO, SE

Míchothromaíochtaí iomarcacha

CY, EL, IT

EL, IT

p.m.: Gan aon IDR

AT, BE, BG, CZ, DK, EE, FI, HU, LV, LT, LU, MT, PL, SK, SI

AT, BE, BG, DK, HR, FI, IE, MT, PL, SI

Nóta: Na Ballstáit a bhfuil a n‑aicmiú athraithe idir 2022 agus 2023, marcáiltear iad i gcló trom sa dá cholún.

Ballstáit eile nach bhfuil míchothromaíochtaí iontu 

Ní mheastar go bhfuil míchothromaíochtaí sa tSeicia. Baineann leochaileachtaí le hiomaíochas praghsanna agus praghsanna tithe, ach tá an chuma air go mbeidh siad teoranta as seo amach toisc go bhfuil fiachas teaghlaigh faoi smacht agus meastar go dtiocfaidh laghdú i bhfad níos tapúla ar an mboilsciú ná meán an Aontais. Bhí tionchar mór ag suaitheadh praghsanna fuinnimh ar an ngeilleagar agus tháinig méadú tapa ar an mboilsciú. Chuir seasamh fioscach scaoilte ó bhí an phaindéim ann le dlús a chur leis an mboilsciú freisin. Cé go bhfuil brú foriomlán praghsanna fós ard, tuartar go dtiocfaidh téarnamh i bpáirt ar iomaíochas costais as seo amach i measc laghdú ar phraghsanna fuinnimh, gan aon dúshlán láithreach a bheith ann maidir le hinbhuanaitheacht sheachtrach. Meastar go laghdóidh an boilsciú i bhfad níos tapúla ná meán an Aontais. Mar sin féin, má leanann an boilsciú ar aghaidh, d’fhéadfadh rioscaí áirithe a bheith ag baint leis sin d’iomaíochas na Seicia. Mar gheall ar an meathlú a tháinig ar an gcuntas reatha le déanaí, tá gá le dlúthfhaireachán a dhéanamh as seo amach. Le blianta beaga anuas, tháinig méadú mór ar an éileamh ar thithíocht, le spreagadh ó rátaí úis ísle, ó fhás ard ioncaim agus ó bhearta macrastuamachta scaoilte, agus níor choinnigh soláthar tithíochta suas leis an éileamh. D’fhás praghsanna tithe níos láidre le linn na paindéime ach thosaigh siad ag maolú i lár 2022 i measc rátaí úis níos airde agus coinníollacha iasachtaithe níos déine. Is cosúil, áfach, go bhfuil na rioscaí íseal maidir le ceartú suntasach ar phraghsanna tithe, tá fiachas teaghlaigh faoi smacht, agus tá an earnáil baincéireachta fónta; dá mbeadh freagairt i ndáil le soláthar teoranta leanúnach thar an meántéarma, leanfaí mar sin féin de phraghsanna a ardú . Tá gá le hiarrachtaí leanúnacha chun smacht a choimeád ar bhoilsciú. Chun boilsciú a laghdú go tapa, tá gá le laghdú láidir ar fhás an éilimh, rud is féidir a bhaint amach trí bheartas airgeadaíochta agus fioscach atá dian go leor.

Ní mheastar go bhfuil míchothromaíochtaí san Eastóin. Tá méadú tagtha le déanaí ar leochaileachtaí a bhaineann le hiomaíochas agus le forbairtí i bpraghsanna tithe ach is cosúil, ar an iomlán, go bhfuil siad faoi smacht faoi láthair. Tháinig méadú mór ar phá agus go háirithe ar phraghsanna in 2022, ach is cosúil go bhfuil na caillteanais iomaíochais teoranta, agus níl ach easnamh beag tuairiscithe sa chuntas reatha agus táthar ag tuar go dtiocfaidh sé gar do chomhardú i mbliana agus an bhliain seo chugainn. Mar sin féin, tá an baol ann go gcuirfidh boilsciú agus brúnna pá, má tá siad leanúnach, isteach ar iomaíochas na hEastóine, go háirithe ós rud é go bhfuil an croí‑bhoilsciú i bhfad os cionn mheán an limistéir euro. Tá méadú mór tagtha ar phraghsanna tithe ó bhí an phaindéim ann, ach ní léirítear go bhfuil siad ar luach ró‑ard. Is dócha go mbeidh praghsanna tithe measartha, i bhfianaise na n‑arduithe ar an ráta úis agus an chúlaithe eacnamaíochta a tharla le déanaí. Thairis sin, tá fiachas teaghlaigh agus iasachtaíocht measartha beag agus tá an earnáil airgeadais fónta. Tá an socrú beartais fabhrach ar an iomlán, cé go bhféadfadh roinnt iarrachtaí breise a bheith ina gcuidiú chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a bhaineann leis na leochaileachtaí sainaitheanta. Bheadh beartais fhioscacha agus mhacrastuamachta leanúnacha frith‑thimthriallacha, a threiseofaí nuair is gá, tábhachtach ina leith sin. D’fhéadfadh iomaíocht a chothú sa mhargadh baile cuidiú le brúnna praghsanna a bhainistiú.

Ní mheastar go bhfuil míchothromaíochtaí sa Laitvia. Tá leochaileachtaí a bhaineann le hiasachtaíocht sheachtrach agus tithíocht éadrom i gcónaí; tá na rioscaí don iomaíochas ábhartha, ach ar an iomlán is cosúil go mbeidh siad faoi smacht go luath amach anseo. Bhí méadú suntasach ar an easnamh sa chuntas reatha le déanaí, ach meastar go dtiocfaidh laghdú substainiúil ar an easnamh i mbliana agus a thuilleadh in 2024. Táthar ag súil go bhfanfaidh glanstaid infheistíochta idirnáisiúnta na Laitvia, a tháinig feabhas mór air le deich mbliana anuas, cobhsaí den chuid is mó. Mar sin féin, tá an baol ann go gcuirfidh boilsciú agus brúnna pá, má tá siad leanúnach, isteach ar iomaíochas na Laitvia, go háirithe ós rud é go bhfuil an croí‑bhoilsciú i bhfad os cionn mheán an limistéir euro. Cé go bhfuil fás ar phraghsanna tithe ardaithe le déanaí, ní cosúil go bhfuil luach ró‑ard ar phraghasanna tithe suntasach. Thairis sin, tháinig moill ar fhás praghsanna tithe go déanach in 2022, bhí an t‑iasachtú morgáistí lag, agus tá fiachas teaghlaigh teoranta agus ag titim i dtéarmaí ioncam teaghlaigh. Tá príomhdhúshláin eacnamaíocha struchtúracha os comhair na Laitvia a bhaineann le laghdú an tsoláthair saothair, rud a chuir le méaduithe tapa ar chostais aonaid saothair agus a d’fhéadfadh cur isteach ar an iomaíochas sa mheántéarma. Tá an socrú beartais fabhrach ar an iomlán, cé go bhféadfadh roinnt iarrachtaí breise a bheith ina gcuidiú chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a bhaineann leis na leochaileachtaí sainaitheanta. Bheadh beartais chun iomaíochas a chosaint, lena n‑áirítear bearta chun cáilíocht agus cainníocht an tsoláthair saothair a mhéadú, tábhachtach ina leith sin. Dá ndéanfaí an próiseas ceadaithe tógála a ghiorrú, chuideofaí le tacú leis an soláthar tithíochta agus chuirfí feabhas ar staid an mhargaidh tithíochta.

Ní mheastar go bhfuil míchothromaíochtaí sa Liotuáin. Tá méadú tagtha le déanaí ar leochaileachtaí a bhaineann le hiomaíochas praghsanna, comharduithe seachtracha agus forbairtí i bpraghsanna tithe ach ar an iomlán is cosúil go bhfuil siad faoi smacht faoi láthair. Bhí tionchar mór ag suaitheadh praghsanna fuinnimh ar an ngeilleagar agus tháinig méadú tapa ar an mboilsciú; tuartar, áfach, go dtiocfaidh téarnamh mall ar iomaíochas na Liotuáine de réir mar a bheidh praghsanna fuinnimh ag titim. Tháinig meath suntasach ar an gcuntas reatha in 2022 mar gheall ar an méadú ar phraghsanna allmhairiúcháin fuinnimh ach táthar ag tuar go mbogfaidh sé gar don chomhardú i mbliana. As seo amach, ní chuirfidh easnaimh éadroma sa chuntas reatha isteach ar inbhuanaitheacht sheachtrach mar gheall ar a seasamh fónta stoic. Mar sin féin, tá an baol ann go gcuirfidh boilsciú agus brúnna pá, má tá siad leanúnach, isteach ar iomaíochas na Liotuáine, go háirithe ós rud é go bhfuil an croí‑bhoilsciú i bhfad os cionn mheán an limistéir euro. Tá fás mór tagtha ar phraghsanna tithe ó bhí an phaindéim ann, ach níl aon fhianaise ann go bhfuil siad ar luach ró‑ard agus tá praghsanna á maolú anois i bhfianaise na n‑arduithe ar rátaí úis agus an chúlaithe eacnamaíoch atá ar siúl. Ina theannta sin, tá fiachas na dteaghlach íseal, agus tá an earnáil baincéireachta caipitlithe go maith, an‑bhrabúsach agus tuairiscíonn sí iasachtaí neamhthuillmheacha ísle. Tá socrú na mbeartas fabhrach ar an iomlán, cé go bhféadfadh roinnt beartas a bheith ina gcuidiú chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a bhaineann leis na leochaileachtaí sainaitheanta. Bheadh beartais fhioscacha agus mhacrastuamachta leanúnacha frith‑thimthriallacha, a threiseofaí nuair is gá, tábhachtach ina leith sin. Ag an am céanna, d’fhéadfadh níos mó béime ar iomaíocht a chothú sa mhargadh intíre agus ar bheartais chun cáilíocht agus cainníocht an tsoláthair saothair a mhéadú cabhrú chun brúnna costais agus praghsanna aonaid saothair a bhainistiú.

Ní mheastar go bhfuil míchothromaíochtaí i Lucsamburg. Tá méadú tagtha le déanaí ar leochaileachtaí a bhaineann le praghsanna arda tithe agus fiachas ard teaghlaigh ach ar an iomlán is cosúil go bhfuil siad faoi smacht go dtí seo agus táthar ag súil go n‑éascóidh siad thar an meántéarma. Tá méadú tagtha ar an éileamh ar thithíocht mar gheall ar fhás láidir daonra mar aon le creidmheas morgáiste méadaithe, arna spreagadh ag tacaíocht fhioscach, agus tá an soláthar srianta ag an talamh teoranta atá ar fáil le haghaidh tógála agus ag cnapaireacht talún. Mar thoradh ar an mbearna mhéadaitheach idir éileamh agus soláthar tithíochta, tá méadú mór tagtha ar phraghsanna tithe agus tá rioscaí méadaitheacha go mbeidh praghsanna tithe ar luach ró‑ard agus go mbeidh inacmhainneacht ag dul in olcas. Is léir gur thit praghsanna tithe go déanach in 2022, agus tháinig laghdú mór ar líon na n‑idirbheart tithíochta, toisc gur tháinig athrú ar an margadh de bharr an mhéadaithe ar rátaí úis. Mar sin féin, níltear ag súil le ceartú géar ar phraghsanna tithe toisc go bhfuil ioncaim ag coinneáil suas go maith agus táthar ag súil go leanfaidh an ganntanas soláthair ar aghaidh. Tá fiachas teaghlaigh an‑ard, agus é ag méadú, ó thaobh ioncaim indiúscartha de agus ag an am céanna thit iasachtaíocht beagán go déanach in 2022. Tá sócmhainní airgeadais teaghlach suntasach freisin, tá méaduithe ar fhéichiúnas i dtreo na leibhéal níos airde ioncaim agus rachmais, agus tá an earnáil baincéireachta fónta, rud a mhaolaíonn rioscaí macrairgeadais ar an iomlán. Le hiarrachtaí breise beartais, lena n‑áirítear trí dhlús a chur le glacadh agus cur chun feidhme na mbeart a rinneadh le déanaí agus trí thosaíocht a thabhairt dóibh, lena n‑áirítear cánacha athfhillteacha chun soláthar talún intógála a mhéadú, mar aon leis an athchóiriú leanúnach ar phleanáil úsáide talún, d’fhéadfaí cuidiú le borradh a chur faoin soláthar tithíochta, lena n‑áirítear trí thithíocht shóisialta inacmhainne a sholáthar atá dírithe orthu siúd is mó atá i ngátar. D’fhéadfaí éifeachtúlacht an mhargaidh cíosa a fheabhsú freisin. Ina theannta sin, dá laghdófaí in‑asbhainteacht úis morgáiste, a méadaíodh go suntasach le déanaí, laghdófaí na dreasachtaí fioscacha chun iasachtaí a fháil a thacaíonn le praghsanna arda tithe.

Ní mheastar go bhfuil míchothromaíochtaí sa tSlóvaic. Tá méadú ag teacht ar leochaileachtaí a bhaineann le hiomaíochas, tithíocht, fiachas teaghlaigh agus comhardú seachtrach, ach ar an iomlán is cosúil go mbeidh siad faoi smacht go luath amach anseo agus táthar ag súil go n‑éascóidh siad de réir mar a bhíonn dálaí eacnamaíocha á normalú. Bhí an geilleagar buailte go mór ag suaitheadh ar phraghsanna fuinnimh agus an boilsciú ag ardú go tapa. Tá an croí‑bhoilsciú agus an fás ar chostais aonaid saothair i bhfad os cionn mheán an limistéir euro. Cé go dtuartar go ndéanfar iad a normalú, tá an baol ann go dtógfadh sé tamall an brú ar iomaíochas costais a leachtú, agus go leanfaidh éileamh láidir intíre de bhrú a chur ar chuntais sheachtracha. Tháinig meath suntasach ar an gcuntas reatha in 2022 mar gheall ar phraghsanna allmhairiúcháin fuinnimh níos airde chomh maith le titim shuntasach i nglanonnmhairí earraí neamhfhuinnimh. Tuartar go dtiocfaidh feabhas éadrom ar an easnamh sa chuntas reatha ach go bhfanfaidh sé mór in 2023 agus 2024, in ainneoin praghsanna fuinnimh a bheith ag titim. Mar sin féin, meastar go bhfuil rioscaí inbhuanaitheachta seachtracha teoranta sa ghearrthéarma. Tuartar go mbeidh easnaimh rialtais suntasach i mbliana agus an bhliain seo chugainn agus go mbeidh siad ceartaithe ó 2024 ar aghaidh. Is cosúil go bhfuil praghsanna tithe ar luach éadrom ró‑ard tar éis roinnt blianta d’fhás suntasach. Tharla sé sin taobh le hardiasachtaíocht, atá ag laghdú anois, agus méadú mór ar fhiachas teaghlaigh, rud a chruthaíonn riosca éigin do chobhsaíocht airgeadais san iomlán. Mar sin féin, tá earnáil na baincéireachta fós dea-chaipitlithe, an‑bhrabúsach agus ag tuairisciú iasachtaí ísle neamhthuillmheacha. Tá gá le hiarrachtaí leanúnacha chun dul i ngleic le leochaileachtaí eacnamaíocha na Slóvaice. Ba cheart, go háirithe, smacht a choimeád ar ró‑éileamh chun tacú le ceartú ar an easnamh sa chuntas reatha agus ar an difreálach croí‑bhoilscithe vis‑à-vis an chuid eile den limistéar euro. Is féidir é sin a bhaint amach trí chomhdhlúthú fioscach leordhóthanach agus bearta chun aghaidh a thabhairt ar fhiachas teaghlaigh a áirithiú, agus inacmhainneacht tithíochta a choinneáil ag an am céanna trí chánachas maoine agus trí bhearta lena dtacaítear leis an soláthar tithíochta.

Ballstáit a bhfuil míchothromaíochtaí acu 

Tá míchothromaíochtaí ag an gCipir tar éis di a bheith sainaitheanta le míchothromaíochtaí iomarcacha go dtí 2022. Tá laghdú foriomlán tagtha ar leochaileachtaí a bhaineann le fiachas príobháideach, rialtais agus seachtrach ach is ábhar imní fós iad. Tá laghdú suntasach tagtha ach go háirithe ar fhiacha arda, lena n‑áirítear iasachtaí neamhthuillmheacha, agus táthar ag súil go leanfaidh siad ag titim, cé go bhfuil easnaimh sa chuntas reatha fós ina ábhar imní. Tá laghdú ag teacht ar an bhfiachas príobháideach ó 2015 i leith, seachas in 2020 le linn ghéarchéim COVID-19, agus meastar go leanfaidh sé de bheith ag meath i mbliana agus an bhliain seo chugainn le tacaíocht ó fhás ainmniúil OTI. Mar sin féin, d’fhéadfadh rátaí úis níos airde brú a chur ar sheirbhís fiachais, de réir mar a bheidh iasachtaí ar ráta úis athraitheach i réim. Bíonn tionchar ag eintitis shainchuspóireacha atá sa Chipir ar stoic fiachais phríobháidigh agus sheachtraigh, a ardaíonn na leibhéil ach a bhfuil rioscaí teoranta don gheilleagar ag baint leo. Tháinig laghdú an‑mhór ar iasachtaí neamhthuillmheacha atá i seilbh banc le blianta beaga anuas a bhuí le díolacháin iasachtaí neamhthuillmheacha, díscríobh, aisíocaíochtaí airgid, ceartú agus babhtálacha fiachais le sócmhainní. Tá fiachas an rialtais ag titim go seasta; tháinig laghdú air faoi bhun an leibhéil a bhí ann roimh an bpaindéim agus meastar go dtiocfaidh laghdú breise air in 2023 agus in 2024. In ainneoin an téarnaimh sa turasóireacht, tháinig méadú ar an easnamh mór sa chuntas reatha in 2022, ag léiriú éileamh láidir intíre chomh maith le praghsanna arda fuinnimh; táthar ag súil go dtiocfaidh laghdú beag air i mbliana agus an bhliain seo chugainn ach go bhfanfaidh sé mór. Bhí an fhreagairt bheartais fabhrach. Táthar ag súil go gcuideoidh roinnt beart a áirítear sa RRP le héagsúlú an gheilleagair, le tacú le fás onnmhairí, agus leis an róspleáchas ar allmhairí ola a mhaolú. Mar chuid den RRP, glacadh pacáiste de dhlíthe leasaitheacha maidir le cuideachtaí fála creidmheasa agus seirbhíseoirí creidmheasa i lár 2022, ag feabhsú a dtimpeallachta oibre agus ag tacú le laghdú iasachtaí neamhthuillmheacha. Tar éis roinnt síntí, tháinig deireadh le fionraí foriamh i mí Feabhra seo: tá creat éifeachtach foriaimh ríthábhachtach chun iasachtaithe a spreagadh chun páirt a ghlacadh in athstruchtúrú iasachtaí, iasachtaí neamhthuillmheacha sa gheilleagar a laghdú a thuilleadh, cabhrú le féichiúnas príobháideach a laghdú, agus smacht íocaíochta a fheabhsú .

Tá míchothromaíochtaí fós sa Spáinn. Tá leochaileachtaí a bhaineann le hardfhiachas príobháideach, rialtais agus seachtrach, a bhfuil ábharthacht trasteorann ag baint leo, ag cúlú ach atá fós ann. Tháinig laghdú ar fhiachas seachtrach agus go háirithe ar chóimheasa fiachais phríobháidigh thar na 2010idí agus, tar éis briseadh sealadach in 2020, thosaigh siad ag laghdú arís in 2021 agus táthar ag súil go leanfaidh siad de bheith ag meath i ngeall ar an bhfás eacnamaíoch. Mar sin féin, tá siad fós ag leibhéil ardaithe. Bhain an staid sheachtrach tairbhe as cuntas reatha a bhí ina bharrachas le deich mbliana fiú má chúngaigh sé le déanaí ag léiriú thionchar na paindéime ar onnmhairí turasóireachta agus ar phraghsanna fuinnimh níos airde in 2022. Tá fiachas an rialtais fós ard. In 2022, d’atosaigh sé ar chonair anuas a chuir feabhas ar bun roimh an bpaindéim mar gheall ar fhás láidir ainmniúil OTI, ach tá sé fós os cionn na leibhéal a bhí ann roimh an bpaindéim. Ar luas níos measartha, táthar ag súil go leanfar leis an laghdú sin in 2023 agus in 2024, agus bearta beartais sa RRP mar bhonn taca leis. Léirigh an córas airgeadais athléimneacht i bhfianaise na suaití a tharla le déanaí mar thoradh ar an bpaindéim agus ar an ngéarchéim fuinnimh. Tá an dífhostaíocht ag laghdú arís, ach tá sé fós ard agus tá áiteanna leochaileachta fós ann, lena n‑áirítear dífhostaíocht fhadtéarmach agus dífhostaíocht i measc na hóige. Na rioscaí a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do chúngú breise na leochaileachtaí, baineann siad go príomha leis an tionchar a bheadh le géarú ar dhálaí airgeadais ar staideanna airgeadais teaghlach agus gnólachtaí agus ar inbhuanaitheacht mheántéarmach go fadtéarmach fhiachas an rialtais i bhfianaise dhálaí reatha an mhargaidh agus aosú an daonra. Bhí dul chun cinn beartais fabhrach agus ba cheart go gcuirfí tuilleadh feabhsuithe ar fáil trí leanúint de chur chun feidhme RRP.

Tá míchothromaíochtaí fós ag an bhFrainc. Tá leochaileachtaí fós ann a bhaineann le fiachas ard rialtais, le hiomaíochas agus le fás íseal táirgiúlachta, a bhfuil ábharthacht trasteorann ag baint leo, ach tá comharthaí ann go bhfuil laghdú tagtha orthu. Tá laghdú ag teacht ar fhiachas an rialtais ó tháinig téarnamh ar OTI in 2021, tar éis méadú le linn na paindéime. In 2022, rinne bearta fioscacha éagsúla maolú suntasach ar thionchar na géarchéime fuinnimh ach chuir siad moill ar laghdú fiachais. Tuartar go dtiocfaidh laghdú breise ar fhiachas i mbliana agus an bhliain seo chugainn, ach meastar go dtiocfaidh treocht aníos arís ina dhiaidh sin in éagmais gníomhaíochta beartais, go bhfanfaidh sé ard agus os cionn na leibhéal a bhí ann roimh an bpaindéim, agus go mbeidh dúshláin mheántéarmacha maidir le hinbhuanaitheacht fhioscach fós ard. D’fhéadfadh bearta beartais a glacadh le blianta beaga anuas a bhfuil sé d’aidhm acu fás ionchasach a fheabhsú cuidiú leis an méadú réamh‑mheasta ar fhiachas poiblí a cheartú sa mheántéarma. Glacadh roinnt athchóirithe chun borradh a chur faoin iomaíochas costais. Tá tionchar dearfach beag ar iomaíochas le feiceáil cheana féin, agus táthar ag súil go mbeidh tionchar iomlán acu sna blianta amach romhainn. Ar an gcaoi chéanna, meastar go mbainfidh táirgiúlacht saothair tairbhe as cur chun feidhme éifeachtach na n‑infheistíochtaí agus na n‑athchóirithe atá beartaithe. Léirigh geilleagar na Fraince athléimneacht le bliain anuas, ós rud é gur lú an tionchar a bhí ag méaduithe ar phraghsanna fuinnimh ar iomaíochas costais ná mar a bhí sa chuid eile den limistéar euro. Tá feabhas ag teacht ar onnmhairí mar gheall ar théarnamh breise na turasóireachta trasteorann agus thionscal na n‑aerárthaí, dá ndearnadh an phaindéim difear mór. Cé gur tháinig méadú ar fhiachas na hearnála príobháidí le linn an chuid ba mheasa den phaindéim, chuaigh iasachtaíocht chorparáideach níos airde in éineacht le méaduithe ar chothromas agus ar charnadh maolán leachtachta. D’fhéadfadh sé go mbeadh díghiaráil phoiblí agus phríobháideach níos deacra mar gheall ar rátaí úis níos airde. Bhí an fhreagairt bheartais fabhrach, ach tá dúshláin fós ann, dírithe ar bhainistíocht airgeadais phoiblí. Tá cur chun feidhme éifeachtach na n‑athchóirithe a glacadh le déanaí ríthábhachtach i gcónaí chun leochaileachtaí a laghdú a thuilleadh, eadhon an t‑athchóiriú ar bhainistiú airgeadais phoiblí agus an sásra nua chun meastóireachtaí bliantúla ar chaiteachas poiblí a dhéanamh. Tá an dá ghníomhaíocht ríthábhachtach chun leanúint de chaiteachas a shrianadh agus chun fiachas poiblí a choinneáil ag laghdú go marthanach. Thairis sin, tá athchóiriú glactha ag an rialtas ar an gcóras pinsin phoiblí a bhfuiltear ag súil leis go gcuideoidh sé le hinbhuanaitheacht an fhiachais phoiblí.

Tá míchothromaíochtaí fós sa Ghearmáin. Tá laghdú de réir a chéile tagtha ar an mbarrachas mór leanúnach sa chuntas reatha, rud a léiríonn freisin infheistíocht lagaithe i gcomparáid le coigilteas agus a bhfuil ábharthacht trasteorann ag baint leis, den uair is déanaí le linn na géarchéime fuinnimh, ach meastar go dtiocfaidh méadú suntasach air. Tháinig cúlú go mall ar bharrachas an chuntais reatha go dtí 2019 le cóimheas infheistíochta intíre a bhí ag méadú go réidh agus le comhardú trádála a bhí ag titim agus tá imthosca eacnamaíocha neamhghnácha ann ó shin. Tháinig laghdú suntasach air in 2022 mar thoradh ar phraghsanna fuinnimh allmhairiúcháin níos airde, mar aon le cúngú ar an mbarrachas trádála neamhfhuinnimh agus téarnamh in allmhairí turasóireachta. In 2022, d’fhan an barrachas os cionn na leibhéal arna moladh ag buntosca na tíre agus táthar ag súil go dtiocfaidh méadú mór air in 2023 agus go bhfanfaidh sé beagnach gan athrú in 2024, ach tuartar go bhfanfaidh sé faoi bhun thairseach an nóis imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha. Tuartar go dtiocfaidh fás láidir ar phá, ag tacú leis an éileamh intíre, agus d’fhéadfadh costais aonaid saothair fás níos tapúla ná sa chuid eile den limistéar euro. Mar sin féin, déantar tomhaltas agus infheistíocht a mhaolú go sealadach trí bhoilsciú ard. Le blianta beaga anuas, tá méadú mór tagtha ar phraghsanna tithe, fiú má tá maolú beag ó lár 2022 i leith. Ní féidir leis an soláthar tithíochta teacht suas leis an éileamh mar gheall ar infheistíocht chónaitheach lag, rud a d’fhéadfadh cur le rioscaí leanúnacha ar luach ró‑ard. Bhainfeadh laghdú breise ar leochaileachtaí tairbhe as cur chun feidhme tráthúil agus éifeachtach na dtionscnamh infheistíochta poiblí agus as deireadh a chur le bacainní ar infheistíocht.

Tá míchothromaíochtaí san Ungáir. Tá méadú tagtha ar leochaileachtaí a bhaineann le brúnna praghsanna an‑láidir agus le riachtanais maoinithe sheachtraigh agus rialtais agus tá siad suntasach. Tá méadú suntasach tagtha ar an mboilsciú agus níor thosaigh sé go fóill ag maolú go feiceálach. Dá bhfanfadh an boilsciú ardaithe ar feadh tréimhse fadaithe, bhainfeadh sé an bonn d’iomaíochas costais a thuilleadh agus d’fhéadfadh sé costais mhaoinithe a fhágáil ardaithe. Tháinig méadú suntasach ar an easnamh mór sa chuntas reatha de bharr na bpraghsanna fuinnimh níos airde in 2022, agus tá méadú tagtha ar fhiachas seachtrach gearrthéarmach. Tá feabhsuithe sa chuntas reatha i mbliana agus an bhliain seo chugainn ag brath ar an modhnú breise a bhfuiltear ag súil leis ar phraghsanna fuinnimh, ach mar sin féin táthar ag tuar go mbeidh an t‑easnamh sa chuntas reatha fós neamhdhiomaibhseach in 2023 agus in 2024. Tá déine ard fuinnimh an gheilleagair tábhachtach do dhinimic an chuntais reatha. Bhí an t‑easnamh rialtais mór, mar gheall i bpáirt ar na freagairtí beartais ar an bpaindéim agus ar na géarchéimeanna fuinnimh, agus is é is cúis le cuid mhór d’iasachtaíocht sheachtrach an gheilleagair. Tháinig laghdú ar chóimheas fiachais an rialtais a bhuí le fás suntasach ainmniúil OTI, ach d’fhéadfadh moilliú ar ghníomhaíocht agus marthanacht na n‑easnamh ard bac a chur air sin. Tá méadú tagtha ar chostais iasachtaíochta flaithiúnais ó 2021 i leith, agus tá ualach úis méadaitheach os comhair an rialtais, cé go bhfuil aibíocht fiachais sách íseal fós. Tháinig méadú faoi dhó ar phraghsanna tithe thar thréimhse cúig bliana ach tháinig deireadh le méaduithe ar phraghsanna go déanach in 2022. Mar sin féin, is dóchúlacht theoranta atá ann go mbeidh laghdú substaintiúil ar phraghsanna ainmniúla i measc féichiúnas teaghlaigh íseal, agus i bhfianaise na timpeallachta boilscithe ard reatha chomh maith. Tá na leochaileachtaí sainaitheanta níos measa mar gheall ar neamhréireachtaí beartais. Tá comhordú éifeachtach agus idirdhealú soiléir na mbeartas maicreacnamaíoch, a bhfuil creat beartais institiúideach láidir mar bhonn taca leo, ríthábhachtach chun inbhuanaitheacht fhioscach agus sheachtrach a chosaint agus chun ionchais a dhaingniú. Meastar go gcuideoidh cur chun feidhme tráthúil agus iomlán na n‑athchóirithe struchtúracha a áirítear i bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta na hUngáire le leochaileachtaí maicreacnamaíocha a laghdú agus le tacú leis an bhfás agus leis an gcoigeartú sa mheántéarma.

Tá míchothromaíochtaí fós san Ísiltír. Tá leochaileachtaí fós ann a bhaineann le leibhéil arda fiachais phríobháidigh agus barrachas mór sa chuntas reatha, a bhfuil ábharthacht trasteorann ag baint leo, in ainneoin roinnt comharthaí go bhfuil laghdú ann. Tá barrachas an chuntais reatha, in ainneoin athbhreithnithe sonraí le déanaí, agus fiachas príobháideach mór de réir caighdeáin idirnáisiúnta agus os cionn bhuntosca an gheilleagair. Tháinig laghdú ar bharrachas mór sa chuntas reatha in 2022, mar gheall ar théarmaí trádála ag dul in olcas, an cuntas reatha ag méadú i bpraghsanna tairiseacha, agus leathnú ar an easnamh in ioncaim phríomha. Le téarmaí trádála á bhfeabhsú, táthar ag súil go dtiocfaidh méadú suntasach ar an mbarrachas in 2023 agus go gcobhsóidh sé in 2024. Tá dul chun cinn teoranta déanta ó thaobh beartais de ach is gá tuilleadh a dhéanamh chun bacainní ar infheistíocht a laghdú. Tá fiachas corparáide neamhairgeadais agus teaghlaigh fós ard: is ábhar imní níos mó é an dara ceann toisc go bhfágann sé go bhfuil teaghlaigh i mbaol suaití, agus go bhfuil na rioscaí sin níos measa mar gheall ar róluacháil praghsanna tithe atá ard agus ag dul i méid. As seo amach, táthar ag súil go leanfaidh an fiachas ar aghaidh ag ísliú ar bhonn measartha. In ainneoin praghsanna tithe a bheith ag titim go measartha, tá brú fós ar an margadh tithíochta, go háirithe ós rud é go bhfuil tógáil tithíochta nua go mór faoi bhun spriocanna an rialtais. Ag an am céanna, leantar d’fhóirdheonú a dhéanamh ar úinéireacht tí arna maoiniú ag fiachas trí chánachas fabhrach, agus tá an baol ann go mbainfidh beartais maidir leis an margadh príobháideach cíosa an bonn dá fhorbairt.

Tá míchothromaíochtaí fós ag an bPortaingéil. Tá leochaileachtaí a bhaineann le hardfhiachas príobháideach, rialtais agus seachtrach ag cúlú ach tá siad fós ann. Tar éis briseadh sealadach de dheasca ráig na paindéime, d’atosaigh cóimheasa fiachais na hearnála príobháidí agus an rialtais ag laghdú leo in 2021 agus meastar go leanfaidh siad de bheith ag meath, cuidithe leis an bhfás eacnamaíoch. Cé go bhfuil siad anois faoi bhun na leibhéal a bhí ann roimh an bpaindéim, tá siad fós ag leibhéil arda. Tháinig feabhas freisin ar NIIP ar léir go raibh sé diúltach, roimh an bpaindéim agus ina diaidh araon, agus tuartar go laghdóidh an féichiúnas seachtrach a thuilleadh, le tacaíocht ón bhfás eacnamaíoch leanúnach in ainneoin roinnt moillithe in 2023. Chuaigh an t‑easnamh beag sa chuntas reatha beagán in olcas in 2022, rud a léirigh praghsanna fuinnimh níos airde ach maolaíodh an meathlú sin leis an téarnamh suntasach breise in onnmhairí, go háirithe sa turasóireacht. As seo amach, leis an laghdú leanúnach a mheastar ar phraghsanna fuinnimh agus méadú breise ar onnmhairí turasóireachta, chomh maith le beartais leanúnacha chun tacú le héifeachtúlacht fuinnimh agus le foinsí in‑athnuaite fuinnimh, táthar ag tuar go mbeidh comhardú ar an gcuntas reatha agus go dtacófar tuilleadh leis an gcoigeartú sa NIIP. Tá méadú mór tagtha ar phraghsanna tithe le roinnt blianta anuas, agus lean iasachtaí neamhthuillmheacha de bheith ag laghdú ó leibhéil mheasartha a bhí ann cheana féin. Baineann na príomhrioscaí do chúngú breise na leochaileachtaí leis an tionchar a bheadh ag géarú na ndálaí airgeadais agus le timpeallacht sheachtrach neamhchinnte, agus leis an tionchar a d’fhéadfadh a bheith acu ar an bhfás eacnamaíoch. Bhí dul chun cinn beartais fabhrach, ag díriú go háirithe ar an RRP, agus ba cheart tuilleadh feabhsuithe a chur ar fáil trí leanúint de chur chun feidhme an RRP.

Tá míchothromaíochtaí fós sa Rómáin. Baineann leochaileachtaí le cuntais sheachtracha, atá nasctha le heasnaimh mhóra rialtais, agus tá méadú tagtha ar bhrúnna róbhorrtha. Chuaigh an t‑easnamh mór sa chuntas reatha go mór in olcas tar éis an chúlaithe eacnamaíoch de dheasca na paindéime, rud a fhágann go bhfuil an geilleagar leochaileach do shuaití maoinithe seachtracha. Má leantar d’easnamh mór sa chuntas reatha, tá an baol ann go mbrúfar an NIIP níos mó i staid dhiúltach. Tá comharthaí róbhorrtha le feiceáil go soiléir, le croí‑bhoilsciú ard go míshásúil, fás pá go maith i bhfigiúirí dúbailte agus ráta dífhostaíochta sách íseal. Meastar go gcobhsóidh táscairí iomaíochais costais, ach tá saincheisteanna struchtúracha fós ann. Is cosúil go bhfuil an ráta malairte os cionn an leibhéil atá molta ag buntosca agus tá sé fós á bhainistiú go mór. Bhí an t‑easnamh rialtais mór le roinnt blianta anuas agus b’ionann é agus cuid mhaith den ró‑éileamh agus de na heasnaimh sheachtracha ina dhiaidh sin; fiú má fheabhsaítear é, tuartar go bhfanfaidh an t‑easnamh rialtais suntasach i mbliana agus an bhliain seo chugainn. Ba é fás suntasach ainmniúil OTI ba chúis le cúngú an easnaimh rialtais in 2022 den chuid is mó, rud atá ag brath go mór ar róbhorradh an éilimh intíre. Tá na préimheanna riosca agus na costais iasachtaíochta flaithiúnais i bhfad níos airde ná mar a bhí sna blianta a bhí ann roimh an bpaindéim. I bhfianaise an ghéaraithe leanúnaigh i gcoinníollacha leachtachta domhanda, beidh sé tábhachtach treochtaí leanúnacha a aisiompú. As seo amach, ba cheart gurbh é coigeartú fioscach an bealach is fearr chun an t‑éileamh a thabhairt i gcomhréir níos mó le soláthar agus chun smacht a choimeád ar easnaimh intíre agus sheachtracha. Bheadh cur chun feidhme iomlán na n‑athchóirithe cánach agus pinsin a áirítear sa RRP, chomh maith le spriocanna fioscacha faoin nós imeachta um easnamh iomarcach a chomhlíonadh ina gcuidiú mór chun smacht a choimeád ar dhinimic reatha.

Tá míchothromaíochtaí fós ag an tSualainn. Tá leochaileachtaí fós ann a bhaineann lena mhargadh réadmhaoine agus le hardfhiachas príobháideach. Tá praghsanna réadmhaoine ard, agus iad ag ardú go dtí le déanaí. Tá méaduithe ar phraghsanna tithe ar aon dul le fiachas príobháideach ag ardú. In 2022, i gcomhthéacs géarú suntasach ar dhálaí airgeadaíochta agus maoinithe, thosaigh praghsanna réadmhaoine ag laghdú go feiceálach ag am de réir cosúlachta gur cuireadh tús leis na leochaileachtaí carntha a leachtú. Tá róluacháil shuntasach ar phraghsanna fós agus táthar ag súil go dtiocfaidh laghdú breise orthu. Tá laghdú suntasach tagtha ar an láimhdeachas in earnáil na réadmhaoine le déanaí, agus, mar thoradh air sin, tá an t‑éileamh ar theaghaisí nuathógtha tite freisin. Go dtí seo, tá na forbairtí díobhálacha teoranta d’earnálacha na tógála agus na réadmhaoine, atá ag laghdú go mór anois tar éis blianta d’ardfhás. Ar an iomlán, táthar ag súil go gcrapfaidh geilleagar na Sualainne in 2023, leis na hathruithe ar choinníollacha airgeadaíochta a dhéanann difear do chláir chomhardaithe teaghlach agus cuideachtaí réadmhaoine tráchtála agus dá gcumas tomhaltais agus infheistíochta. Tá tionchar suntasach ag rátaí úis méadaithe ar íocaíochtaí morgáiste, mar gheall ar leitheadúlacht rátaí úis athraitheacha agus morgáistí a bhfuil tréimhse fhada ag baint leo. Bhí tionchar teoranta ag coinníollacha athraitheacha ar an earnáil airgeadais; tá an earnáil láidir agus tuairiscíonn sí corrlaigh bhrabúis arda agus cóimheasa caipitil atá ualaithe ó thaobh riosca de, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chosaint ar fhorleathadh fadhbanna earnáil na réadmhaoine don gheilleagar i gcoitinne tríd an earnáil airgeadais, cé go bhfuil sí thar a bheith neamhchosanta ar réadmhaoin. Tá an dul chun cinn beartais teoranta. Leanann an córas cánach, ach go háirithe, de thaobhú le húinéireacht tí trí chánachas maoine athfhillteach íseal agus cuireann sé éadáil tithíochta atá maoinithe ag fiachas chun cinn trí in‑asbhainteacht shuntasach chánach íocaíochtaí úis morgáiste. Ina theannta sin, tá athchóiriú teoranta déanta ar an margadh cíosa neamhéifeachtúil.

Ballstáit a bhfuil míchothromaíochtaí iomarcacha iontu 

Tá míchothromaíochtaí iomarcacha fós sa Ghréig. Tá cúlú tagtha ar na leochaileachtaí a bhaineann le hardfhiachas rialtais agus stoc ard iasachtaí neamhthuillmheacha i gcomhthéacs dífhostaíocht ard, ach tá meathlú tagtha ar a staid sheachtrach. Is cúis mhór imní é go ndearnadh an t‑easnamh sa chuntas reatha a mhéadú go mór in 2022, d’ainneoin an téarnaimh in ioncam turasóireachta. Cé go bhfuiltear ag tuar go laghdóidh sé beagán i mbliana agus an bhliain seo chugainn, tá an t‑easnamh seachtrach chun fanacht i bhfad os cionn an leibhéil is gá chun a áirithiú go dtiocfaidh feabhas buan ar an nglanstaid infheistíochta idirnáisiúnta. Cé gurb é an cóimheas fiachais rialtais‑OTI an cóimheas is airde san Aontas, tháinig feabhas suntasach air in 2022, a bhuí, den chuid is mó, le fás láidir ainmniúil OTI, agus táthar ag súil go laghdóidh sé a thuilleadh in 2023 agus in 2024. Thit iasachtaí neamhthuillmheacha go mór anuraidh ag tógáil ar laghduithe móra sna blianta roimhe seo, ach tá siad fós ard agus tá siad fós ina n‑ualach ar bhrabúsacht agus acmhainneacht iasachtaithe na mbanc, rud a chuireann isteach ar dhoimhniú an chaipitil agus ar fhás táirgiúlachta an gheilleagair. Chuidigh an fhreagairt bheartais le míchothromaíochtaí a leachtú agus is deis mhór é cur chun feidhme an RRP chun dul i ngleic le laigí struchtúracha atá fós ann. Mar sin féin, tá gá le tuilleadh iarrachtaí, go háirithe chun a áirithiú go gcuirfear feabhas mór ar chomhardú seachtrach, agus go dtiocfaidh laghdú breise ar iasachtaí neamhthuillmheacha, lena n‑áirítear trí éifeachtacht fhorfheidhmiú an fhiachais a mhéadú agus trí mhargadh na n‑iasachtaí neamhthuillmheacha tánaisteacha a fheabhsú.

Tá míchothromaíochtaí iomarcacha fós ag an Iodáil. Cé go bhfuil roinnt feabhsuithe ann, tá leochaileachtaí fós ann a bhaineann le hardfhiachas rialtais agus fás lag táirgiúlachta, i gcomhthéacs leochaileachtaí sa mhargadh saothair agus roinnt laigí sna margaí airgeadais, a bhfuil ábharthacht trasteorann ag baint leo. Tá leochaileachtaí seanbhunaithe na hIodáile cúlaithe le blianta beaga anuas ach tá siad fós suntasach agus níltear ag súil go leachtófar iad go tapa. Is príomhthoisc é fás seasmhach íseal na táirgiúlachta i dtaca le fás lag fadtréimhseach eacnamaíoch na hIodáile, rud a chuireann moill ar fhiachas an rialtais a dhíghiaráil, a thagann salach ar dheiseanna fostaíochta agus a mbíonn tionchar aige ar chláir chomhardaithe na mbanc. Tháinig laghdú breise ar chóimheas fiachais an rialtais in 2022 mar aon leis an téarnamh eacnamaíoch. Mar sin féin, tá sé fós ard agus is dúshlán substaintiúil é maidir le hinbhuanaitheacht fhioscach. Tuartar go dtiocfaidh laghdú breise ar chóimheas an fhiachais phoiblí faoi 2024 ach go dtiocfaidh méadú air sa mheántéarma in éagmais bearta comhdhlúthaithe. Tá bearta breise curtha chun feidhme ag an rialtas chun tacú le hathléimneacht na hearnála airgeadais agus tá laghdú suntasach tagtha ar iasachtaí neamhthuillmheacha, ach tá na bainc fós neamhchosanta go mór ar an bhflaitheas. Tá roinnt dul chun cinn déanta le beartais chun dul i ngleic le míchothromaíochtaí, ach tá údar le hiarrachtaí leanúnacha agus is é cur chun feidhme an RRP an phríomhthosaíocht bheartais toisc go n‑áirítear athchóirithe cuimsitheacha agus infheistíochtaí suntasacha leis. Chun an t‑ardfhiachas rialtais a ísliú go daingean, i gcomhthéacs costais seirbhísithe fiachais a bheith ag ardú agus le costais a bhaineann le haosú a bheith ag ardú, tá gá le cur chuige ilghnéitheach a bheidh ag brath ar bheartais fhioscacha stuama a mbeidh barrachais phríomhúla leordhóthanacha acu, infheistíochtaí agus athchóirithe lena gcuirfear leis an bhfás, comhlíonadh cánach níos fearr chomh maith le húsáid éifeachtúil a bhaint as acmhainní náisiúnta agus Eorpacha. Tá dúshláin roimh an Iodáil, i dteannta le cur chun feidhme láidir leanúnach an RRP, a bhainfeadh tairbhe as iarrachtaí beartais breise, go háirithe i réimsí an chánachais, an chreata fhioscaigh agus na gcóras pinsean chomh maith le réimsí na déimeagrafaíochta, an mhargaidh saothair agus an fhuinnimh.

 

(1) COM(2023) 62 final.
(2) COM(2023) 168 final.
(3) SWD(2023) 601 - 627
(4) Rialachán (AE) 2023/435 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Feabhra 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/241 a mhéid a bhaineann le caibidlí REPowerEU i bpleananna téarnaimh agus athléimneachta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) 2021/1060 agus (AE) 2021/1755, agus Treoir 2003/87/CE (IO L 63, 28.2.2023, lch. 1).
(5) COM(2023) 601 - 627
(6) Féach Suirbhé Bliantúil ar Fhás Inbhuanaithe 2023: COM(2022) 780 final.
(7) Féach an fógra ón gCoimisiún: Treoir do na Ballstáit maidir le nuashonrú NECPanna 2021-2030 (C/2022/9264 final) .
(8)  Féach Foscríbhinn 3. An 15 Bealtaine, d’fhoilsigh an Coimisiún freisin a chéad Athbhreithniú Deonach ar leibhéal an Aontais ar chur chun feidhme Chlár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe (COM(2023) 700 final), atá le cur ar aghaidh ag Fóram Polaitiúil Ardleibhéil na Náisiún Aontaithe 2023 maidir leis an bhForbairt Inbhuanaithe. Athdhearbhaítear san athbhreithniú tiomantas an Aontais do Chlár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe i gcur chuige uile-rialtais, lena nasctar na gnéithe inmheánacha agus seachtracha.
(9) An 25 Eanáir 2023, mhol an Coimisiún Moladh ón gComhairle (COM(2023) 38 final), ina leagtar amach conas is féidir le Ballstáit an Aontais an tidirphlé sóisialta a neartú a thuilleadh ar an leibhéal náisiúnta, chomh maith le Teachtaireacht maidir leis an idirphlé sóisialta a threisiú agus a chur chun cinn ar leibhéal an Aontais. Thairis sin, leanfaidh an Coimisiún d’úsáid a bhaint as na fóraim atá ann cheana faoin Seimeastar Eorpach chun comhpháirtithe sóisialta a chur ar an eolas maidir le cur chun feidhme RRF agus chun ról a thabhairt dóibh.
(10) Sheol an Coimisiún Eorpach léarscáil idirghníomhach ina bhfuil samplaí fíorshaoil den athrú dearfach a tháinig ar na tionscadail a maoiníodh: An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (europa.eu)
(11) Com(2023) 240-242 final.
(12)      Cuireann tearcúsáid sa mhargadh saothair san áireamh daoine dífhostaithe, oibrithe páirtaimseartha ar mian leo níos mó oibre a dhéanamh, daoine atá ar fáil chun obair a dhéanamh ach nach bhfuil ag lorg oibre, agus daoine atá ag lorg oibre ach nach bhfuil ar fáil láithreach bonn. Léiríonn an sainmhíniú níos leithne sin ar bhealach níos fearr an gá le fostaíocht nach bhfuiltear ag freastal air.
(13)      An Coimisiún Eorpach (2022), ‘Táscairí Eorpacha maidir le Timthriall Gnó — Breathnú níos géire ar ghanntanais saothair ar fud an Aontais’, An Geilleagar EorpachPáipéar Teicniúil, 59.
(14) Measann trí cheathrú de fhreagróirí AE (74 %) gur cur chuige maith é prionsabal na dlúthpháirtíochta i gcroílár RRF chun go mbeidh AE níos láidre ann tar éis phaindéim COVID-19, agus creideann dhá thrian de fhreagróirí AE go mbeidh tionchar dearfach aige ar na glúnta atá le teacht (féach suirbhé FlaisEorabharaiméadar 515 ar ‘Phlean Téarnaimh an Aontais NextGeneration EU’, i mí Eanáir 2023).
(15) Is é is aidhm do na deaiseanna athléimneachta, arna bhforbairt ag an gCoimisiún, measúnú iomlánaíoch ar athléimneacht san Aontas agus sna Ballstáit a chur ar fáil. Leis na cláir sin, déantar measúnú ar athléimneacht mar an cumas dul chun cinn a dhéanamh i dtreo cuspóirí beartais le linn dúshlán.
(16)      Tá tuilleadh eolais faoi chaibidlí REPowerEU agus an nasc atá acu leis na CSRanna ar fáil sa ‘Treoir maidir le Pleananna Téarnaimh agus Athléimneachta i gcomhthéacs REPowerEU’ (IO C 80, 3.3.2023, lch. 1).
(17)      COM(2023) 141 final.
(18)      Treoir (AE) 2022/2523 ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le híosleibhéal domhanda cánachais a áirithiú do ghrúpaí ilnáisiúnta fiontar agus do ghrúpaí mórscála intíre san Aontas (IO L 328, 22.12.2022, lch. 1). Tá an Coimisiún ag obair freisin ar thionscnaimh shonracha, lena náirítear BEFIT agus FASTER, agus mhol sé sraith beart chun Córas Cánach Breisluacha an Aontais a nuachóiriú (COM(2022) 701, COM(2022) 703 agus COM(2022) 704) chun rialacha cánach a shimpliú, rómhaorlathas a laghdú, agus srian a chur le pleanáil ionsaitheach cánach agus cleachtais seachanta cánach. 
(19)      Tá bailchríoch á cur ag an Aontas freisin ar an gcaibidlíocht maidir leis an bPacáiste Baincéireachta, agus ghlac an Coimisiún togra le déanaí chun feabhas a chur ar infheidhmeacht a chreata bainistithe géarchéime agus árachais taiscí do bhainc bheaga agus mheánmhéide (COM(2023) 225 final).
(20) [1] ‘Anailís ar Inbhuanaitheacht Sheachtrach’, An Geilleagar Eorpach - Páipéir Institiúideacha 196; ‘Forbairtí an Mhargaidh Tithíochta’, An Geilleagar Eorpach - Páipéir Institiúideacha 197; ‘Difreálacha Boilscithe san Eoraip agus Impleachtaí don Iomaíochas’, An Geilleagar Eorpach - Páipéir Institiúideacha 198.
(21) Eurostat, 19 Aibreán 2023.
(22) Fógra ón gCoimisiún: Treoir do na Ballstáit maidir le nuashonrú NECPanna 2021-2030 (C/2022/9264 final).
(23) Féach freisin COM(2022)83 final agus SWD(2022) 230 final.
(24) COM(2022) 438 final.
(25) Trí dhlús a chur leis an aistriú chuig geilleagar ciorclach, is féidir neamhspleáchas straitéiseach oscailte an Aontais a mhéadú agus rannchuidiú go mór le coigilteas fuinnimh phríomhúil.
(26)   An Tascfhórsa um Fhorghníomhú an Mhargaidh Aonair (2022), ‘Tuarascáil 2021-2022’
(27) COM(2023) 62 final.
(28) Féach freisin COM(2022) 332 final.
(29) COM(2022) 643 final.
(30)

COM(2023) 160 final.

(31) COM(2023) 162 final
(32) COM(2023) 168 final.
(33)  COM(2021) 385 final.
(34) An Coimisiún Eorpach, nuashonrú 2022 ar an Táscaire Srianta Miondíola, atá le teacht.
(35) COM (2023) 162 final,16.3.2023.
(36) SWD(2022) 325 final.
(37) Chomh maith leis an Seimeastar Eorpach, cumhdaíonn Tuarascáil an Choimisiúin maidir leis an Smacht Reachta feidhmiú na gcóras ceartais i gceann dá cholúin.
(38) Foilseoidh an Coimisiún Eorpach Pacáiste Fóirithinte do FBManna i mí an Mheithimh 2023 agus tá tograí curtha síos aige le déanaí chun seirbhísí imréitigh an Aontais a dhéanamh níos tarraingtí agus níos athléimní, chun rialacha áirithe maidir le dócmhainneacht chorparáideach a chomhchuibhiú ar fud an Aontais, agus chun an tualach riaracháin ar chuideachtaí de gach méid, go háirithe FBManna, a laghdú maidir le liostú agus fanacht liostaithe: COM(2022) 696 final.
(39) COM(2023) 205 final; COM(2023) 206 final.
(40) Féach mar shampla plean gníomhaíochta an Aontais maidir le digitiú an chórais fuinnimh: COM(2022) 552.
(41) Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena naisghairtear Treoir 2004/18/CE Téacs atá ábhartha maidir le LEE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65).
(42) Féach freisin an Clár Oibre Eorpach Nua um Nuálaíocht: COM(2022) 332 final.
(43) Treoir (AE) 2022/2041 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le pá íosta leordhóthanach san Aontas Eorpach (IO L 275, 25.10.2022, lch. 33).
(44) Éascóidh Ionstraim an Aontais um Thacaíocht Theicniúil (TSI) malartuithe idir oifigigh ó riaracháin náisiúnta agus/nó réigiúnacha tríd an tionscnamh suaitheanta PACE (Malartú Comhair sa Riarachán Poiblí) mar bhealach chun acmhainneacht riaracháin a fheabhsú agus dea-chleachtais a chothú (Rialachán (AE) 2021/240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Feabhra 2021 lena mbunaítear Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil, IO L 57, 18.2.2021, lch. 1).
(45)   COM(2022) 657 final.
(46) Is é is aidhm do Bhliain Eorpach na Scileanna 2023 aghaidh a thabhairt ar ghanntanais scileanna agus ar ghanntanais saothair sa mheántéarma agus san fhadtéarma trí athsciliú agus uassciliú a dhéanamh ar lucht saothair na hEorpa agus trí mheaitseáil níos fearr idir soláthar agus éileamh sa margadh saothair a áirithiú.
(47) COM(2023) 140 final.
(48) Is deacair meastachán a dhéanamh ar líon iarbhír na dtairbhithe de chosaint shealadach atá fostaithe ar fud an Aontais toisc nach bhfuil sonraí ar fáil ó roinnt Ballstát agus mar gheall ar dhifríochtaí sa chineál foinsí riaracháin a úsáidtear. Tuairiscíonn roinnt tíortha, ach go háirithe, an líon carnach ‘fógraí fostaíochta’ (i.e. na dearbhuithe a chuir fostóirí isteach agus saoránaigh Úcránacha á bhfostú acu), a fhreagraíonn do líon na bpost a cruthaíodh seachas do líon na ndaoine atá fostaithe go hiarbhír.
(49)   Teachtaireacht ón gCoimisiún i ndáil le Treoir maidir le rochtain ar an margadh saothair, gairmoideachas agus gairmoiliúint agus foghlaim aosach i gcás daoine atá ag teitheadh ó chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine (IO C 233, 16.6.2022, lch. 1).
(50) Lena náirítear gníomhaíocht bheartais a thuairiscítear sna cláir náisiúnta um athchóiriú agus i dtuairisciú RRF (tuairisciú débhliantúil ar an dul chun cinn maidir le garspriocanna agus spriocanna a chur chun feidhme agus mar thoradh ar mheasúnú an iarratais ar íocaíocht).
(51) Iarradh ar na Ballstáit aghaidh a thabhairt go héifeachtach ina gcuid RRPanna ar na CSRanna ábhartha ar fad nó ar fhothacar suntasach díobh, go háirithe iad siúd in 2019 agus 2020. Cuirtear san áireamh sa mheasúnú CSR a chuirtear i láthair anseo méid chur chun feidhme na mbeart a áirítear sna RRPanna agus na mbeart sin a bhí déanta lasmuigh de na RRPanna tráth an mheasúnaithe. Maidir leis na bearta dá bhforáiltear in Iarscríbhinní na gCinntí Cur Chun Feidhme a ghlac an Chomhairle maidir le formheas an mheasúnaithe ar na RRPanna, más bearta iad nár glacadh ná nár cuireadh chun feidhme go fóill ach a mheastar gur fógraíodh go hinchreidte iad i gcomhréir le modheolaíocht mheasúnaithe CSR, cuirtear ‘dul chun cinn teoranta’ ina leith. Nuair a bheidh na bearta sin curtha chun feidhme, féadfaidh ‘dul chun cinn áirithe/suntasach’ nó ‘cur chun feidhme iomlán’ a bheith i gceist, ag brath ar a nábharthacht..
(52) Thairis sin, bhí tionchar mór ag na tuilte tromchúiseacha sa Ghearmáin, i Lucsamburg agus sa Bheilg ar na sonraí le haghaidh 2021 agus maidir le glanastaíochtaí gás ceaptha teasa in 2021, fiú má tá siad fós faoi bhun na leibhéal a bhí ann roimh an bpaindéim, tháinig siad ar ais i bpáirt ó na leibhéil ísle a buaileadh le linn na paindéime.
(53) Foilsíodh na nótaí sin an 5 Aibreán 2023 mar pháipéir institiúideacha ECFIN .
Top