This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52023AE1713
Opinion of the European Economic and Social Committee on the proposal for a Regulation of the European Parliament and of the Council amending Regulations (EU) No 1227/2011 and (EU) 2019/942 to improve the Union’s protection against market manipulation in the wholesale energy market (COM(2023) 147 final)
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1227/2011 agus (AE) 2019/942 chun feabhas a chur ar chosaint an Aontais ar chúbláil margaidh sa mhargadh mórdhíola fuinnimh (COM(2023) 147 final)
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1227/2011 agus (AE) 2019/942 chun feabhas a chur ar chosaint an Aontais ar chúbláil margaidh sa mhargadh mórdhíola fuinnimh (COM(2023) 147 final)
EESC 2023/01713
IO C 293, 18.8.2023, pp. 138–141
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
18.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 293/138 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1227/2011 agus (AE) 2019/942 chun feabhas a chur ar chosaint an Aontais ar chúbláil margaidh sa mhargadh mórdhíola fuinnimh
(COM(2023) 147 final)
(2023/C 293/20)
|
Rapóirtéir: |
Alena MASTANTUONO |
|
Comhrapóirtéir: |
Lutz RIBBE |
|
Comhairliúchán |
Comhairle an Aontais Eorpaigh, 31/03/2023 Parlaimint na hEorpa, 29/03/2023 |
|
Bunús dlí |
Airteagal 194(2) agus Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh |
|
Rannóg atá freagrach |
Iompar, Fuinneamh, Bonneagar agus an tSochaí Faisnéise |
|
Dáta a glactha sa rannóg |
16.5.2023 |
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
14.6.2023 |
|
Seisiún iomlánach Uimh. |
579 |
|
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
217/5/5 |
1. Conclúidí agus moltaí
|
1.1. |
Mar a cuireadh in iúl in go leor de na tuairimí a thug sé roimhe seo, measann an Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) go bhfuil sé ríthábhachtach feabhas a chur ar dhálaí ionas go bhfeidhmeoidh na margaí fuinnimh níos fearr, a fhad agus a thugtar aghaidh ar chúbláil margaidh agus ar fheiniméin eile a shaobhann margaí agus a mbíonn tionchar diúltach acu ar ghnólachtaí, ar theaghlaigh agus ar an tsochaí ina hiomláine. |
|
1.2. |
Sa chomhthéacs sin, is díol sásaimh do CESE bunchuspóir an Rialacháin atá beartaithe, is é sin trédhearcacht na margaí mórdhíola fuinnimh agus an faireachán a dhéantar orthu a neartú. Mar sin féin, tá CESE á chur in iúl nach mór diandíospóireacht agus measúnú tionchair a dhéanamh sula dtiocfaidh aon tionscnaimh i bhfeidhm. |
|
1.3. |
Dá bhrí sin, is oth le CESE nach ndearnadh comhairliúchán iomlán ná measúnú tionchair ar na tograí maidir le dearadh an mhargaidh leictreachais. Tá sé den tuairim nár cheart aon athchóiriú a dhéanamh faoi dheifir agus gur uirlisí luachmhara iad comhairliúcháin phoiblí agus measúnuithe tionchair sa phróiseas reachtóireachta. |
|
1.4. |
Sa tuairisc ar chomhthéacs beartais an Rialacháin atá beartaithe, cuireann an Coimisiún i dtábhacht an imní atá ar thomhaltóirí, lucht tionscail agus infheisteoirí maidir le neamhchosaint ar phraghsanna gearrthéarmacha luaineacha atá treoraithe ag praghsanna arda gáis. Mar sin féin, ní dhearnadh anailís cheart ar dhrochúsáid cumhachta margaidh ná ar chúbláil margaidh go dtí seo. Tá gá le faireachán agus anailís leanúnach a dhéanamh sa todhchaí ionas go mbeifear in ann idirghabhálacha iomchuí a dhéanamh agus freagraí rialála iomchuí a thabhairt ar bhealach pras agus ar bhonn fónta. |
|
1.5. |
Tá béim á leagan ag CESE ar a thábhachtaí atá an comhar idir na húdaráis chun cúbláil margaidh a bhrath agus aghaidh a thabhairt uirthi agus tá sé i bhfabhar comhar breise agus níos mó malartuithe faisnéise idir na húdaráis a oibríonn i réimse an fhuinnimh, réimse na hiomaíochta agus i réimse na rialála airgeadais. Ar an mbealach céanna, is díol sásaimh do CESE go ndéanfar na sainmhínithe ar fhaisnéis ón taobh istigh agus ar chúbláil margaidh a chur de réir rialacha an mhargaidh airgeadais. |
|
1.6. |
Cuireann CESE in iúl a thábhachtaí atá an comhar idir údaráis náisiúnta agus údaráis ar leibhéal an Aontais. Leagann sé béim freisin ar an ngá atá ann a áirithiú go ndéanfar dualgais a roinnt go hiomchuí agus go héifeachtúil idir na húdaráis rialála náisiúnta agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER). Ní mór inniúlachtaí ACER agus na dálaí ina bhfeidhmíonn ACER a chur san áireamh agus a chumhachtaí á neartú agus ní mór na srianta atá air maidir le hinniúlachtaí náisiúnta, amhail an dliteanas coiriúil, a chur san áireamh ag an am céanna. Ní inniúlachtaí ACER a neartú an rud is ceart a chur in ionad rialacha níos soiléire agus níos comhchuibhithe maidir leis an bhfaireachán margaidh a dhéanann na húdaráis náisiúnta. |
|
1.7. |
Agus béim á leagan aige ar an tábhacht a bhaineann le cáilíocht sonraí agus trédhearcacht na trádála a mhéadú, measann CESE go bhfuil sé tábhachtach próisis agus ceanglais sonraí agus faisnéise a chuíchóiriú d’fhonn an t-ualach riaracháin a íoslaghdú. Maidir le forbairt an mhargaidh, tá CESE á thabhairt le fios nár cheart iontrálaithe nua a dhíspreagadh le rialacha nua. A mhéid a bhaineann leis na ceanglais nua maidir le trádáil algartamach, d’fhéadfadh an togra cur le héagothroime iomaíochta idir rannpháirtithe sa mhargadh ar fud an Aontais, ós rud é go socraítear faoin Rialachán gur ar an leibhéal náisiúnta amháin a dhéanfar an cinneadh faoi thréimhsiúlacht na gceanglas faisnéise. Iarrann an Coiste go mbeadh comhréireacht ann maidir leis an tuairisciú sonraí agus maidir le cur i bhfeidhm phrionsabal na haonuaire. Ba cheart díriú san athbhreithniú ar chóras trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach a chruthú, a fhad agus a seachnaítear mí-úsáid a bhaint as na sonraí arna mbailiú. |
2. Cúlra agus éirim an téacs
|
2.1. |
Is é is cuspóir don Rialachán atá beartaithe (dá ngairtear ‘an togra’ anseo feasta) feabhas a chur ar chosaint an Aontais in aghaidh cúbláil margaidh ar an margadh mórdhíola fuinnimh. Chuige sin, moltar ann leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) (Rialachán REMIT) agus Rialachán (AE) 2019/942 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) (Rialachán ACER). |
|
2.2. |
Tá an togra seo mar chuid den phacáiste beart níos leithne a mhol an Coimisiún chun athchóiriú a dhéanamh ar dhearadh an mhargaidh leictreachais, pacáiste arb é is aidhm dó dlús a chur leis an méadú ar an bhfuinneamh in-athnuaite, tomhaltóirí a chosaint ar mhéadú tobann ar phraghsanna agus ar chúbláil, agus rannchuidiú le hiomaíochas na dtionscal. Thairis sin, tá nasc idir an togra agus reachtaíocht an mhargaidh airgeadais (go háirithe an Rialachán maidir le Drochúsáid Mhargaidh) trí ionstraimí amhail díorthaigh fuinnimh. |
|
2.3. |
Bunaítear leis an togra ceanglais le haghaidh rannpháirtithe sa mhargadh agus le haghaidh na n-údarás araon. Dírítear ann ar nósanna imeachta amhail bailiú agus bainistiú sonraí, tuairisciú, roinnt agus nochtadh faisnéise, agus imscrúduithe agus pionóis. Moltar ann go ndéanfaí roinnt sainmhínithe a athrú freisin. Áirítear an méid seo a leanas sna príomh-mholtaí:
|
3. Barúlacha ginearálta
|
3.1. |
Is díol sásaimh do CESE gur éist an Coimisiún Eorpach leis an iarraidh uaidh go ndéanfaí athbhreithniú ar REMIT. Cuireann sé i dtábhacht nach mór a leagan síos leis an athbhreithniú sin creat chun na rioscaí a bhaineann le drochúsáid mhargaidh a mhaolú trí bhíthin trédhearcacht níos fearr sa mhargadh agus cáilíocht níos fearr na sonraí margaidh. Is é ba cheart a bheith mar sprioc fhoriomlán ag an athbhreithniú na hiarmhairtí saobhacha ar shocrú praghsanna de thoradh drochúsáid mhargaidh agus amhantraíocht a d’fhéadfadh a bheith ann a mhaolú. Ag an am céanna, ní mór aird a thabhairt ar na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag leachtacht an mhargaidh agus ag bacainní ar iontráil sa mhargadh ar ghníomhaithe nua sa mhargadh. Tá gá le rialacha soiléire margaidh ach ba cheart an iomaíocht a fheabhsú leo gan bac a chur uirthi. Tá CESE á chur in iúl gur tráchtearra é an fuinneamh nach bhfuil cosúil le haon tráchtearra eile. Tá an fuinneamh mar bhunchloch faoinár gcóras eacnamaíoch agus sóisialta agus, dá bhrí sin, baineann saintréithe earra phoiblí leis. Chuige sin, ba cheart an tráchtearra sin a bheith inrochtana do chách. |
|
3.2. |
Tá ardáin trédhearcachta margaidh tugtha isteach ag roinnt Ballstát, agus tá ardán Eorpach ag an Líonra Eorpach d'Oibreoirí Córais Tarchurtha Leictreachais (ENTSO). Mar sin féin, trí anailís chórasach a dhéanamh ar na sonraí atá ar fáil ar na hardáin sin agus feasacht a bheith ag an bpobal orthu, chuirfí ar chumas na dtomhaltóirí agus na ngníomhaithe beaga margaidh tuiscint níos fearr a fháil ar neamhrialtachtaí agus aghaidh a thabhairt orthu. |
|
3.3. |
Is díol sásaimh do CESE bunchuspóir an togra chun aghaidh a thabhairt ar chúbláil margaí fuinnimh agus chun cosaint a thabhairt ina haghaidh. Chuige sin, measann CESE go bhfuil sé tábhachtach faireachán éifeachtúil a dhéanamh go trédhearcach ar na gníomhaíochtaí ar an margadh. Is díol sásaimh dó go gcomhlíontar leis an athbhreithniú ar REMIT an tsraith beart Aontais in aghaidh foirmeacha éagsúla amhantraíochta ar mhargadh an Aontais, amhail siúd a chuireann cosc ar chúbláil a bhaineann le saoráidí stórála gáis a fhágáil gan iad a líonadh. Tacaíonn sé leis an togra chun cur leis an sainmhíniú ar tháirgí mórdhíola fuinnimh d’fhonn a chumhdach ann na horduithe sin chun trádáil a dhéanamh i dtríú tíortha a bhféadfadh seachadadh san Aontas a bheith mar thoradh orthu. |
|
3.4. |
Cuireann CESE i bhfios go láidir nach mór obair agus faireachán a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta agus molann sé na húdaráis náisiúnta a bheith ag comhoibriú lena gcomhúdaráis ar fud na mBallstát agus le rialaitheoirí Eorpacha a mhéid agus is féidir. Ní bheadh éifeacht leis an obair mura ndéanfaí amhlaidh. |
|
3.5. |
Chuir CESE i dtábhacht freisin nach mór diandíospóireacht agus measúnú tionchair a dhéanamh sula dtiocfaidh aon tionscnaimh i bhfeidhm (3). Cé go dtuigeann sé go gcuirfeadh iarraidh den sórt sin le fad an nós imeachta, cuireann sé i bhfios go bhfuil gá le reachtóireacht níos fearr. Dá bhrí sin, is oth le CESE nach ndearnadh comhairliúchán iomlán ná measúnú tionchair ar na tograí maidir le dearadh an mhargaidh leictreachais. Tá doiciméad inmheánach oibre an Choimisiúin á thabhairt dá aire aige ach, is mian leis a thabhairt le fios, mar sin féin, nach mbaineann an nós imeachta céanna leis an gcineál doiciméid sin agus a bhaineann le measúnuithe tionchair. Chuige sin, cuireann sé i dtábhacht nach mór bearta nua a bheith i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta agus nár cheart ualach rómhór a chur ar na gníomhaithe margaidh. |
4. Barúlacha sonracha
|
4.1. |
Is díol sásaimh do CESE go bhforbrófar córas chun measúnuithe ar phraghsanna GNL agus tagarmharcanna GNL a tháirgeadh agus a fhoilsiú. |
|
4.2. |
Agus béim á leagan aige ar an tábhacht a bhaineann le cáilíocht sonraí agus trédhearcacht na trádála a mhéadú, measann CESE go bhfuil sé tábhachtach próisis agus ceanglais sonraí agus faisnéise a chuíchóiriú d’fhonn an t-ualach riaracháin a íoslaghdú. A mhéid a bhaineann leis na ceanglais nua maidir le trádáil algartamach, d’fhéadfadh an togra cur le héagothroime iomaíochta idir rannpháirtithe sa mhargadh ar fud an Aontais, ós rud é go socraítear faoin Rialachán gur ar an leibhéal náisiúnta amháin a dhéanfar an cinneadh faoi thréimhsiúlacht na gceanglas faisnéise. |
|
4.3. |
Tá CESE i bhfabhar comhar breise agus níos mó malartuithe faisnéise idir na húdaráis a oibríonn i réimse an fhuinnimh, réimse na hiomaíochta agus i réimse na rialála airgeadais. Ar an mbealach céanna, is díol sásaimh do CESE go ndéanfar na sainmhínithe ar fhaisnéis ón taobh istigh agus ar chúbláil margaidh a chur de réir rialacha an mhargaidh airgeadais. |
|
4.4. |
Cuireann CESE in iúl a thábhachtaí atá an comhar idir údaráis náisiúnta agus údaráis ar leibhéal an Aontais. Ag an am céanna, tá sé tábhachtach a áirithiú go ndéanfar dualgais a roinnt go hiomchuí agus go héifeachtúil idir na húdaráis rialála náisiúnta agus ACER. Le leathnú chumhachtaí rialaithe ACER, cruthaítear údar imní maidir lena inniúla atá sé na cúraimí uile a bhainistiú, i bhfianaise na ndúshlán atá roimhe maidir leis an gclár oibre leathan atá aige faoi láthair a bhainistiú. Ní mór na húdaráis náisiúnta a neartú agus rialacha níos soiléire a bheith acu. Ba cheart do ACER díriú ar an ról atá aige mar chomhordaitheoir. |
|
4.5. |
Ba cheart leanúint ar an leibhéal náisiúnta den chumhacht chun cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh agus cinntí maidir le sáruithe REMIT a eisiúint, ós rud é gur ag na Ballstáit i ndeireadh na dála atá an inniúlacht eisiach cinneadh a dhéanamh faoi choinníollacha an dliteanais chóiriúil. |
|
4.6. |
Aontaíonn CESE nach mór pionóis a bheith éifeachtach, athchomhairleach agus comhréireach. Sa chomhthéacs sin, tugann an Coiste dá aire go bhfuil na fíneálacha atá beartaithe le haghaidh eintitis dhlíthiúla agus daoine nádúrtha ar leibhéal an-ard. |
An Bhruiséil, 14 Meitheamh 2023.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Oliver RÖPKE
(1) Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le sláine agus trédhearcacht an mhargaidh mórdhíola fuinnimh (IO L 326, 8.12.2011, lch. 1).
(2) Rialachán (AE) 2019/942 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 lena mbunaítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (IO L 158, 14.6.2019, lch. 22).
(3) Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Idirghabhálacha gearrthéarmacha sa mhargadh fuinnimh agus feabhsuithe fadtéarmacha ar dhearadh an mhargaidh leictreachais — plean gníomhaíochta IO C 75, 28.2.2023, lch 185.