Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022IP0324

    Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Meán Fómhair 2022 ar an togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle lena gcinntear, de bhun Airteagal 7(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, gur ann do bhaol soiléir go bhfuil sárú tromchúiseach á dhéanamh ag an Ungáir ar na luachanna ar a bhfuil an tAontas fothaithe (2018/0902R(NLE))

    IO C 125, 5.4.2023, p. 440–461 (GA)
    IO C 125, 5.4.2023, p. 463–484 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    5.4.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 125/440


    P9_TA(2022)0324

    Is ann do bhaol soiléir go bhfuil sárú tromhchúiseach á dhéanamh ag an Ungáir ar na luachanna ar a bhfuil an tAontas fothaithe

    Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Meán Fómhair 2022 ar an togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle lena gcinntear, de bhun Airteagal 7(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, gur ann do bhaol soiléir go bhfuil sárú tromchúiseach á dhéanamh ag an Ungáir ar na luachanna ar a bhfuil an tAontas fothaithe (2018/0902R(NLE))

    (2023/C 125/28)

    Tá Parlaimint na hEorpa,

    ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), go háirithe Airteagal 2, Airteagal 4(3) agus Airteagal 7(1) de,

    ag féachaint do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an “Chairt”),

    ag féachaint don Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine agus do na prótacail a ghabhann leis,

    ag féachaint do Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine,

    ag féachaint do chonarthaí idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe agus Chomhairle na hEorpa maidir le cearta an duine,

    ag féachaint don Seicliosta Smachta Reachta a ghlac Coimisiún na Veinéise ag a 106ú seisiún iomlánach sa Veinéis an 11-12 Márta 2016,

    ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Márta 2014 dar teideal “Creat nua AE chun an Smacht Reachta a neartú” (COM(2014)0158),

    ag féachaint do rún uaithi an 12 Meán Fómhair 2018 ar an togra lena n-iarrtar ar an gComhairle cinneadh a dhéanamh, de bhun Airteagal 7(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, an ann do riosca soiléir go bhfuil sárú tromchúiseach á dhéanamh ag an Ungáir ar na luachanna ar a bhfuil an tAontas fothaithe (1),

    ag féachaint do rúin uaithi an 16 Eanáir 2020 (2) agus an 5 Bealtaine 2022 (3) maidir le héisteachtaí leanúnacha faoi Airteagal 7(1) CAE maidir leis an bPolainn agus an Ungáir,

    ag féachaint do rún uaithi an 8 Iúil 2021 maidir le sáruithe ar dhlí AE agus ar chearta saoránach LGBTIQ san Ungáir mar thoradh ar na hathruithe dlíthiúla a ghlac Parlaimint na hUngáire (4),

    ag féachaint do na caibidlí tíre maidir leis an Ungáir i dTuarascálacha bliantúla an Choimisiúin maidir leis an Smacht Reachta,

    ag féachaint do Riail 105(5) dá Rialacha Nós Imeachta,

    ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla,

    ag féachaint don tuarascáil eatramhach ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A9-0217/2022),

    A.

    de bhrí go bhfuil an tAontas fothaithe ar luachanna an mheasa ar dhínit an duine, na saoirse, an daonlathais, an chomhionannais, an smachta reachta agus an mheasa ar chearta an duine, lena n-áirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad, mar atá leagtha amach in Airteagal 2 CAE agus mar atá léirithe sa Chairt agus atá leabaithe i gconarthaí idirnáisiúnta um chearta an duine, agus de bhrí go bhfuil na luachanna sin, ar comhluachanna ag na Ballstáit iad agus ar ghlac na Ballstáit uile go toilteanach leo, mar bhunús leis na cearta a theachtann daoine atá ina gcónaí san Aontas;

    B.

    de bhrí, mar is léir ó Airteagal 49 CAE, lena bhforáiltear go bhféadfaidh aon stát Eorpach iarratas a dhéanamh chun bheith ina bhall den Aontas Eorpach, go bhfuil an tAontas Eorpach comhdhéanta de stáit a thug gealltanas go toilteanach agus go deonach a bheith tiomanta do na comhluachanna dá dtagraítear in Airteagal 2 CAE, ar stáit iad a urramaíonn na luachanna sin agus a ghabhann orthu féin iad a chur chun cinn, agus dlí AE bunaithe ar an mbonn bunúsach go bhfuil na luachanna céanna ag gach Ballstát leis na Ballstáit eile, agus ag aithint go bhfuil na luachanna céanna ag na Ballstáit eile sin leis (5);

    C.

    de bhrí, leis an mbuntuiscint sin, go dtugtar le tuiscint go bhfuil iontaoibh fhrithpháirteach idir na Ballstáit go ndéanfar na comhluachanna sin a aithint agus, dá bhrí sin, go n-urramófar dlí an Aontais lena ndéantar iad a chur chun feidhme (6);

    D.

    de bhrí go bhfuil comhlíonadh na luachanna atá in Airteagal 2 CAE ag Ballstát ina choinníoll chun go mbeidh an Ballstát sin in ann na cearta uile a bheith aige a eascraíonn as cur i bhfeidhm na gConarthaí i leith an Bhallstáit sin; de bhrí go gciallaíonn aon sárú ar bhunluachanna AE a dhéanann rialtas Ballstáit go bhfuil ionsaí á dhéanamh aige ar shaoirse phearsanta, ar chearta polaitiúla agus sóisialta na saoránach, agus ar a saibhreas agus a bhfolláine; de bhrí gur ghlac an Ungáir féin leis na luachanna a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE;

    E.

    de bhrí go gcuireann prionsabal an chomhair dhílis in Airteagal 4(3) CAE oibleagáid ar an Aontas agus ar na Ballstáit cúnamh a thabhairt dá chéile i gcomhlíonadh oibleagáidí a thig ó na Conarthaí, agus lánurraim fhrithpháirteach á tabhairt acu dá chéile, agus de bhrí go gcuirtear d’oibleagáid ar na Ballstáit aon bheart is iomchuí a dhéanamh, go ginearálta nó go sonrach, chun a áirithiú go gcomhlíonfar na hoibleagáidí a thig ó na Conarthaí nó de dhroim gníomhartha de chuid institiúidí an Aontais;

    F.

    de bhrí go dtugtar le hAirteagal 19 CAE léiriú nithiúil ar luach an smachta reachta a dhearbhaítear in Airteagal 2 CAE agus go gcuirtear an fhreagracht ar na cúirteanna agus na binsí náisiúnta agus ar an gCúirt Bhreithiúnais as a áirithiú go gcuirfear dlí AE i bhfeidhm go hiomlán i ngach Ballstát agus go ndéanfar cearta daoine aonair faoin dlí sin a chosaint go breithiúnach (7);

    G.

    de bhrí nach mbaineann aon riosca soiléir go sáróidh Ballstát go tromchúiseach na luachanna dá dtagraítear in Airteagal 2 CAE leis an mBallstát aonair amháin ina dtagann an riosca chun cinn ach go bhfuil tionchar aige ar na Ballstáit eile, ar an muinín fhrithpháirteach eatarthu agus ar bhun-nádúr an Aontais agus chearta bunúsacha a shaoránach faoi dhlí an Aontais;

    H.

    de bhrí nach bhfuil raon feidhme Airteagal 7 CAE teoranta do na hoibleagáidí faoi na Conarthaí, mar atá in Airteagal 258 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), agus de bhrí gur féidir leis an Aontas a mheas an ann do bhaol soiléir go bhfuil sárú tromchúiseach á dhéanamh ar na comhluachanna i réimsí a thagann faoi inniúlachtaí na mBallstát;

    I.

    de bhrí, le roinnt blianta anuas, nár tugadh aghaidh go leordhóthanach ar an staid san Ungáir agus go bhfuil go leor ábhar imní fós ann, agus go bhfuil go leor saincheisteanna nua tagtha chun cinn idir an dá linn, rud a bhfuil tionchar diúltach aige ar íomhá an Aontais, chomh maith lena éifeachtacht agus a inchreidteacht maidir le cearta bunúsacha, cearta an duine agus an daonlathas a chosaint ar fud an domhain, agus go léirítear leis sin an gá atá le haghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin trí ghníomhaíocht chomhbheartaithe an Aontais;

    J.

    de bhrí, tar éis thoscaireacht ad hoc an Choiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile chuig Búdaipeist, an Ungáir, ón 29 Meán Fómhair go dtí an 1 Deireadh Fómhair 2021, go bhfuil ábhair imní thromchúiseacha fós ag tromlach chomhaltaí na toscaireachta faoin daonlathas, faoin smacht reachta agus faoi chearta bunúsacha sa tír; de bhrí gurb é conclúid na toscaireachta nach bhfuil feabhas tagtha ar an staid ó 2018 i leith, ach go bhfuil sí ag dul in olcas ina ionad sin;

    K.

    de bhrí go dtugann Rialtas na hUngáire neamhaird ar phrionsabal thosaíocht dhlí AE mar a chumhdaítear i gcásdlí na Cúirte Breithiúnais, ach go n-iarrtar leis dul ar iontaoibh na Cúirte Breithiúnais a mhéid a bhaineann le caingne a thionscnamh a bhaineann le gníomhartha Eorpacha atá ann cheana;

    L.

    de bhrí gur ghlac Parlaimint na hUngáire rún an 19 Iúil 2022 inar iarradh go mbeadh teorainn le cumhachtaí Pharlaimint na hEorpa, agus go ndéanfaí Feisirí de Pharlaimint na hEorpa a cheapadh seachas a thoghadh;

    M.

    de bhrí go bhfuil éifeachtaí dearfacha ag cómhaireachtáil shíochánta grúpaí eitneacha éagsúla ar shaibhreas cultúrtha agus ar rathúnas an náisiúin;

    N.

    de bhrí, trí bhearta sriantacha i gcoinne na Rúise a bhlocáil sa Chomhairle, go mbaintear an bonn d’iarrachtaí an Aontais na luachanna a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE a chosaint laistigh agus lasmuigh den Aontas, agus gur fadhb ó thaobh na slándála é don Aontas Eorpach;

    Feidhmiú an chórais bhunreachtúil agus toghcháin

    O.

    de bhrí gur chuir an Coimisiún in iúl, an 13 Iúil 2022, sa chaibidil tíre maidir leis an Ungáir i dTuarascáil 2022 maidir le an Smacht Reachta, go bhfuil trédhearcacht agus cáilíocht an phróisis reachtaigh fós ina n-ábhar imní, agus go bhfuil Rialtas na hUngáire ag úsáid a chumhachtaí éigeandála go fairsing, i réimsí nach mbaineann le paindéim COVID-19 freisin, an rud a agraíodh ar dtús; de bhrí gur cúis imní é breithiúnais cúirteanna Eorpacha agus náisiúnta a bheith á gcur chun feidhme go neamhéifeachtach ag orgáin stáit; de bhrí go bhfuil na hiontaobhais leasa phoiblí a fhaigheann cistiú poiblí suntasach agus atá á mbainistiú ag comhaltaí boird atá gar don rialtas reatha tar éis éirí oibríochtúil;

    P.

    de bhrí, ina rún an 17 Aibreán 2020 maidir le gníomhaíocht chomhordaithe AE chun paindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí a chomhrac (8), gur mheas an Pharlaimint go raibh cinneadh Rialtas na hUngáire an staid éigeandála a fhadú go ceann tréimhse éiginnte, údarás a thabhairt dó féin rialú trí fhoraithne gan teorainn ama, agus maoirseacht éigeandála Pharlaimint na hUngáire a lagú go hiomlán ar neamhréir le luachanna na hEorpa; de bhrí, ina moladh an 20 Iúil 2020 maidir le Clár Náisiúnta 2020 na hUngáire um Athchóiriú agus tuairim á tabhairt aici maidir le Clár 2020 na hUngáire um Chóineasú (9), gur mhol an Chomhairle go n-áiritheofaí go mbeadh aon bhearta éigeandála comhréireach go docht, teoranta ó thaobh ama agus i gcomhréir le caighdeáin Eorpacha agus idirnáisiúnta, nach gcuirfidís isteach ar ghníomhaíochtaí gnó ná ar chobhsaíocht na timpeallachta rialála, ná ar rannpháirtíocht éifeachtach comhpháirtithe sóisialta agus geallsealbhóirí sa phróiseas ceaptha beartas;

    Q.

    de bhrí, sa dara tuarascáil eatramhach uaidh maidir le comhlíonadh, a glacadh an 25 Meán Fómhair 2020, gur chuir Grúpa Stát Chomhairle na hEorpa i gcoinne na hÉillitheachta (GSE) in iúl gur geal leis na leasuithe ar an nGníomh maidir leis an Tionól Náisiúnta chun na forálacha, lena gcuirtear toirmeasc nó srian ar theachtaí parlaiminte (TPanna) dul i mbun gníomhaíochtaí áirithe, a dhéanamh níos oibríochtúla trí fhoráil a dhéanamh d’iarmhairtí níos soiléire i gcás nach réiteoidh an Teachta Parlaiminte (Mpanna) i gceist na cúrsaí sin; de bhrí, áfach, gur léiríodh sa tuarascáil freisin go bhfuil gá fós le bearta níos diongbháilte chun creat ionracais reatha Pharlaimint na hUngáire a fheabhsú, go háirithe chun feabhas a chur ar leibhéal na trédhearcachta agus an chomhairliúcháin sa phróiseas reachtach (lena n-áirítear rialacha a thabhairt isteach maidir le hidirghníomhaíochtaí le brústocairí), chun cód iompair a ghlacadh do Teachtaí Parlaiminte (lena gcumhdaítear go háirithe cásanna éagsúla a bhféadfadh coinbhleacht leasa a bheith mar thoradh orthu), chun rialacha a fhorbairt tuilleadh lena gcuirtear d’oibleagáid ar Theachtaí coinbhleachtaí féideartha a nochtadh ar bhealach ad hoc idir a gcuid oibre parlaimintí agus a leasanna príobháideacha, chun formáid aonfhoirmeach dearbhuithe sócmhainní a áirithiú agus chun athbhreithniú a dhéanamh ar an díolúine leathan atá ag Teachtaí Parlaiminte, chomh maith le maoirseacht agus forfheidhmiú éifeachtach rialacha iompair, coinbhleacht leasa agus dearbhuithe sócmhainní a áirithiú;

    R.

    de bhrí, i ráiteas a eisíodh an 20 Samhain 2020, gur thathantaigh Coimisinéir Chomhairle na hEorpa um Chearta an Duine ar Pharlaimint na hUngáire an vótáil ar dhréachtbhillí a chur siar, agus imní uirthi go bhféadfadh roinnt tograí atá sa phacáiste reachtach casta, a tíolacadh gan réamhchomhairliúchán agus a bhaineann le hábhair lena n-áirítear feidhmiú na mbreithiúna, an dlí toghcháin, struchtúir náisiúnta chearta an duine, grinnscrúdú ar chistí poiblí, agus cearta daonna daoine LGBTI, an bonn a bhaint den daonlathas, den smacht reachta agus de chearta an duine san Ungáir; de bhrí, i dtuairim uaidh an 2 Iúil 2021 maidir leis na leasuithe bunreachtúla a ghlac Parlaimint na hUngáire i mí na Nollag 2020, gur thug Coimisiún na Veinéise dá aire gur glacadh na leasuithe bunreachtúla le linn staid éigeandála gan aon chomhairliúchán poiblí, agus nach bhfuil sa mheabhrán míniúcháin ach trí leathanach; de bhrí gur chuir Coimisiún na Veinéise in iúl freisin go bhfágann Airteagail 6, 9 agus 11 den Naoú Leasú lena leasaítear Dlí Bunúsach na hUngáire a bhaineann le dearbhuithe cogaidh, le rialú fhórsaí cosanta na hUngáire, agus leis an “ord dlíthiúil speisialta” a bhaineann le staid an chogaidh, staid éigeandála agus staid na contúirte, go príomha go ndéantar formhór na mionsonraí a shonrú mar ghníomhartha bunúsacha, rud a d’fhéadfadh roinnt ceisteanna tromchúiseacha a ardú ar deireadh maidir le raon feidhme chumhachtaí an stáit le linn staideanna éigeandála; de bhrí, maidir le deireadh a chur leis an gComhairle Náisiúnta Cosanta agus a cumhachtaí a chur de chúram ar an rialtas, gur thug Coimisiún na Veinéise le fios, cé nach bhfuil sé contrártha leis na caighdeáin Eorpacha, go mbíonn comhchruinniú cumhachtaí éigeandála faoi chúram an fheidhmeannais mar thoradh air, rud nach féidir a mheas mar dhea-chomhartha, go háirithe in éagmais aon soiléiriú sa mheabhrán míniúcháin maidir le cóimheas nó riachtanas an athraithe sin;

    S.

    de bhrí, an 12 Feabhra 2021, gur chuir Comhdháil Údaráis Áitiúla agus Réigiúnacha Chomhairle na hEorpa sonrú i staid dhiúltach i gcoitinne i dtéarmaí féinrialtas áitiúil agus réigiúnach san Ungáir mar gheall ar mhainneachtain ghinearálta cloí leis an gCairt Eorpach um Fhéinrialú Áitiúil, agus gur chuir sí in iúl gur cúis imní di treocht shoiléir i dtreo athláraithe, easpa comhairliúcháin éifeachtaigh agus cur isteach suntasach ag an stát ar fheidhmeanna bardasacha; de bhrí gur leagadh béim sa chomhdháil freisin ar easnaimh áirithe i staid an fhéinrialtais áitiúil sa tír, amhail easpa acmhainní airgeadais atá ar fáil d’údaráis áitiúla agus a neamhábaltacht foireann ardcháilíochta a earcú;

    T.

    de bhrí go bhfuil na hathruithe a rinneadh ar an dlí toghcháin thar na blianta trí athmhúnlú toghlaigh agus cúiteamh do bhuaiteoirí ag cur páirtithe freasúra faoi mhíbhuntáiste; de bhrí gur chuir Coimisiún na Veinéise agus Oifig ESCE um Institiúidí Daonlathacha agus um Chearta an Duine (ODIHR) i bhfáth ina dtuairim chomhpháirteach an 18 Deireadh Fómhair 2021 maidir le leasuithe 2020 ar reachtaíocht toghcháin san Ungáir, gur cúis imní ar leith luas glactha agus easpa comhairliúchán poiblí fónta i gcás reachtaíocht toghcháin, nár cheart a mheas mar ionstraim pholaitiúil; de bhrí go ndearna Coimisiún na Veinéise agus ODIHR ESCE an príomhmholadh freisin go ndéanfaí leasú ar Chuid 3 agus Cuid 68 d’Acht CLXVII de 2020 maidir le Leasú ar Ghníomhartha Áirithe a bhaineann le Toghcháin trí laghdú suntasach a dhéanamh ar líon na dtoghcheantar aonchomhalta agus ar líon na gcontaetha inar gá do gach páirtí iarrthóirí a ainmniú ag an am céanna chun go mbeidh siad in ann liosta náisiúnta iarrthóirí a reáchtáil, chomh maith le roinnt moltaí breise;

    U.

    de bhrí go bhfuil toghcháin dhaonlathacha a eagraítear ar mhachaire réidh ríthábhachtach do nádúr daonlathach ár sochaithe; de bhrí, mar fhreagairt ar ábhair imní faoi chothroime na dtoghchán agus ar achainíocha ón tsochaí shibhialta, gur chinn ESCE misean breathnóireachta toghcháin idirnáisiúnta ar lánscála a chur chuig na holltoghcháin agus chuig an reifreann a reáchtáladh an 3 Aibreán 2022, rud nach dtarlaíonn ach go hannamh do Bhallstáit an Aontais; de bhrí gur chinn misean breathnóireachta toghchán idirnáisiúnta ESCE sa ráiteas uaidh ina dhiaidh sin maidir le réamhthorthaí agus réamhchonclúidí a foilsíodh an 4 Aibreán 2022 go raibh na toghcháin agus an reifreann dea-riartha agus bainistithe go gairmiúil, ach gur cuireadh iad ó mhaith ós rud é nach raibh machaire réidh ann; de bhrí go raibh iomaitheoirí in ann dul i mbun feachtais gan bhac den chuid is mó, ach cé go raibh sé iomaíoch, go raibh an feachtas an-diúltach agus go raibh forluí forleatach ann idir an chomhghuaillíocht atá i gceannas agus an rialtas, agus gur bhain an chomhghuaillíocht atá i gceannas tairbhe bhreise as an easpa trédhearcachta agus an easpa maoirseachta leordhóthanaí ar chúrsaí airgid an fheachtais; de bhrí, mar gheall ar an mbealach ina ndearna coimisiúin toghcháin agus cúirteanna déileáil le go leor díospóidí toghcháin, gur fágadh nár cuireadh leigheas éifeachtach dlí ar fáil; de bhrí gur thug misean idirnáisiúnta breathnóireachta toghchán ESCE le fios sa tuarascáil deiridh uaidh a foilsíodh an 29 Iúil 2022, nach dtugtar aghaidh ar go leor moltaí ODIHR roimhe seo fós den chuid is mó, lena n-áirítear maidir le cearta vótála, cosc ar mhí-úsáid acmhainní riaracháin agus feidhmeanna stáit agus páirtí a dhoiléiriú, saoirse na meán, maoiniú feachtais, agus breathnóireacht saoránach; de bhrí, murab ionann agus dea-chleachtas idirnáisiúnta, go gceadaítear le reachtaíocht na hUngáire dialltaí suas le 20 % ó mheánlíon na vótálaithe in aghaidh an toghlaigh aon-sainordaithe, agus in aghaidh na reachtaíochta náisiúnta, nach ndearna Parlaimint na hUngáire athbhreithniú ar theorainneacha na dtoghlach a sháraigh an teorainn diallais bhunaithe tar éis thoghcháin 2018; de bhrí go gcuireann dáileadh éagothrom na vótálaithe i measc na dtoghlach, le dialltaí ón meán de suas le 33 %, dúshlán roimh phrionsabal an chomhionannais vótála;

    V.

    de bhrí, an 24 Bealtaine 2022, gur ghlac Parlaimint na hUngáire an 10ú Leasú ar an Dlí Bunúsach chun a chur ar chumas an rialtais stát contúirte a dhearbhú i gcás coinbhleacht armtha, cogaidh nó tubaiste dhaonnúil i dtír chomharsanachta; de bhrí gur leasaíodh leis freisin an tAcht um Bainistiú Tubaistí, lena gceadaítear don rialtas gníomhartha parlaiminte a shárú trí fhoraitheanta éigeandála in aon limistéar le linn staid contúirte a dearbhaíodh mar gheall ar choinbhleacht armtha, cogaidh nó tubaiste dhaonnúil i dtír chomharsanachta, agus go bhféadfadh sé feidhmiú na gceart bunúsach a chur ar fionraí nó a shrianadh thar an méid is incheadaithe i ngnáthchúinsí; de bhrí gur ghlac Parlaimint na hUngáire, an 8 Meitheamh 2022, Gníomh VI de 2022 maidir leis na hiarmhairtí san Ungáir a dhíothú a bhaineann le Coinbhleacht Armtha agus Tubaiste Dhaonnúil i dTír chomharsanachta, a tháinig i bhfeidhm an lá céanna; de bhrí go n-údaraítear leis an ngníomh sin don rialtas éifeacht foraitheanta éigeandála rialtais a shíneadh go dtí go gcuirfidh an rialtas deireadh leis an staid chontúirte;

    W.

    de bhrí go ndearnadh an Dlí Bunúsach a leasú 10 n-uaire ó glacadh é; de bhrí go gcumhdaítear 35 ábhar le gníomhartha bunúsacha agus gurb ionann iad anois agus níos mó ná 300 píosa reachtaíochta a glacadh ó 2011 i leith, go minic gan comhairliúchán poiblí fiú má rinneadh difear do chearta bunúsacha;

    X.

    de bhrí, i gcomhráiteas a eisíodh in 2013, gur leag uachtaráin Chúirteanna Bunreachtúla na hUngáire agus na Rómáine béim ar an bhfreagracht speisialta atá ar chúirteanna bunreachtúla i dtíortha a rialaítear le tromlach dhá thrian; de bhrí gur sonraíodh sa Cheathrú Leasú ar an Dlí Bunúsach go ndéanfaí rialuithe ón gCúirt Bhunreachtúil a tugadh roimh theacht i bhfeidhm an Dlí Bhunúsaigh a aisghairm; de bhrí go bhfuil an Chúirt Bhunreachtúil ag brath níos mó agus níos mó ar choincheap na féiniúlachta bunreachtúla ina cinntí; de bhrí, i gcásdlí, go gcinntear coincheap na féiniúlachta bunreachtúla ar bhonn cás ar chás agus go bhfuil tosaíocht aige ar an Dlí Bunúsach; de bhrí go bhféachann Rialtas na hUngáire níos mó agus níos mó le dul i muinín na Cúirte Bunreachtúla chun nach mbeidh orthu breithiúnais Chúirt Bhreithiúnais AE (CBAE) a fhorfheidhmiú; de bhrí, an 18 Bealtaine 2022, gur chuir an Chúirt Bhunreachtúil bac ar na reifrinn maidir le pleananna an rialtais campas a thógáil i mBúdaipeist d’Ollscoil Fudan agus sochair dhífhostaíochta a leathnú go huastréimhse naoi mí ón tréimhse trí mhí atá ann faoi láthair;

    Y.

    de bhrí go bhfuil méadú ag teacht ar an gcomhdhearcadh i measc saineolaithe nach daonlathas í an Ungáir a thuilleadh; de bhrí, de réir Innéacs Daonlathais V-Dem 2019 de chuid Ollscoil Gothenburg, gurb í an Ungáir an chéad Bhallstát forlámhach riamh de chuid AE; de bhrí gur sainaithníodh an Ungáir mar “chóras hibrideach”, tar éis di a stádas mar “dhaonlathas leath-chomhdhlúite” a chailleadh i dTuarascáil 2020 Freedom House Nations in Transit; de bhrí go bhfuil an Ungáir aicmithe mar “dhaonlathas lochtach” agus go bhfuil sí rangaithe sa 56ú háit as 167 dtír (aon seasamh amháin faoi bhun a haicmithe in 2020) in Innéacs Daonlathais 2022 de chuid an Economist Intelligence Unit; de bhrí, de réir Innéacs Daonlathais V-Dem 2022, i measc Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, go bhfuil an Ungáir ar cheann de na huathlathasóirí is mó ar domhan le deich mbliana anuas;

    Neamhspleáchas na mbreithiúna agus institiúidí eile agus cearta na mbreithiúna

    Z.

    de bhrí gur léirigh an Coimisiún, an 13 Iúil 2022, sa chaibidil tíre maidir leis an Ungáir i dTuarascáil 2022 maidir leis an Smacht Reachta, a mhéid a bhaineann le neamhspleáchas breithiúna, nár tugadh aghaidh ar na hábhair imní a cuireadh in iúl i gcomhthéacs nós imeachta Airteagal 7(1) CAE arna thionscnamh ag Parlaimint na hEorpa, ná i dTuarascálacha roimhe seo maidir leis an Smacht Reachta, mar a bhí i gcás an mholta ábhartha a rinneadh faoin Seimeastar Eorpach; de bhrí go mbaineann na hábhair imní sin go háirithe leis na dúshláin atá os comhair na Comhairle Breithiúnaí neamhspleáiche (NJC) le linn cumhachtaí Uachtarán Oifig Bhreithiúnach na hUngáire a fhrithchothromú, na rialacha maidir le hUachtarán na Cúirte Uachtaraí (Kúria) a thoghadh, agus an fhéidearthacht go ndéanfaí cinntí lánroghnacha maidir le ceapacháin bhreithiúnacha agus arduithe céime, leithdháileadh cásanna agus bónais do bhreithiúna agus d’fheidhmeannaigh cúirte; de bhrí, maidir le héifeachtúlacht agus cáilíocht, go bhfeidhmíonn an córas ceartais go maith ó thaobh fhad na n-imeachtaí de agus go bhfuil ardleibhéal digitithe foriomlán aige, agus de bhrí go leanann tuarastail na mbreithiúna agus na n-ionchúisitheoirí de bheith ag méadú de réir a chéile; de bhrí, an 26 Lúnasa 2022, gur iarr roinnt eagraíochtaí sochaí sibhialta ar an Aire Dlí agus Cirt aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna a bhaineann le breithiúna na hUngáire tar éis comhairliúcháin fhorleathana a dhéanamh leis an bpobal i gcoitinne agus le saineolaithe, lena n-áirítear orgáin fhéinrialaitheacha agus ionadaíocha na mbreithiúna agus Coimisiún na Veinéise;

    AA.

    de bhrí gur rialaigh CBAE ina breithiúnas an 23 Samhain 2021 i gCás C-564/19 IS “Illégalité de l’ordonnance de renvoi”, gur rialaigh CBAE nach mór Airteagal 267 CFAE a léirmhíniú mar thoirmeasc ar chúirt uachtarach Ballstáit a dhearbhú go bhfuil iarraidh ar réamhrialú ó chúirt níos ísle neamhdhleathach ar na forais nach bhfuil na ceisteanna arna dtarchur ábhartha agus riachtanach chun an díospóid a réiteach sna príomhimeachtaí; de bhrí go gceanglaítear le prionsabal thosaíocht dhlí an Aontais ar an gcúirt is íochtaraí neamhaird a thabhairt ar chinneadh den sórt sin ón gcúirt uachtarach náisiúnta; de bhrí nach mór Airteagal 267 CFAE a léirmhíniú ionas go gcuirfear bac ar imeachtaí araíonachta a thionscnamh i gcoinne breitheamh náisiúnta ar na forais go ndearna sé nó sí tagairt le haghaidh réamhrialú do CBAE faoin bhforáil sin;

    AB.

    de bhrí, i ráiteas a eisíodh an 14 Nollaig 2018, gur iarr Coimisinéir Chomhairle na hEorpa um Chearta an Duine ar Uachtarán na hUngáire an pacáiste reachtach maidir le cúirteanna riaracháin a chur ar ais chuig Parlaimint na hUngáire; de bhrí, i dtuairim uaidh, an 19 Márta 2019, maidir leis an Dlí maidir le Cúirteanna Riaracháin agus an Dlí maidir le teacht i bhfeidhm an Dlí maidir le Cúirteanna Riaracháin agus Rialacha Idirthréimhseacha Áirithe, gur luaigh Coimisiún na Veinéise gurb é míbhuntáiste mór na samhla eagrúcháin agus riaracháin a glacadh do na cúirteanna riaracháin go bhfuil cumhachtaí an-leathan faoi chúram líon beag geallsealbhóirí agus nach bhfuil aon seiceálacha agus ceartúcháin éifeachtacha ann chun gníomhú in aghaidh na gcumhachtaí sin;

    AC.

    de bhrí gur thug Coimisinéir Chomhairle na hEorpa um Chearta an Duine dá haire ina tuarascáil an 21 Bealtaine 2019 tar éis cuairt a thabhairt ar an Ungáir ón 4 go dtí an 8 Feabhra 2019, gur cúis imní í an tsraith athchóirithe ar na breithiúna san Ungáir le linn na 2010idí mar gheall ar a n-éifeachtaí ar neamhspleáchas na mbreithiúna, agus sa ghnáthchóras cúirte, gur ardaíodh ceisteanna faoi éifeachtacht na maoirseachta arna feidhmiú ag NJC ar Uachtarán NOJ tar éis na n-aimhrialtachtaí a tugadh faoi deara le déanaí sa chaidreamh idir na hinstitiúidí breithiúnacha sin maidir le nósanna imeachta ceapacháin; de bhrí, cé gur geal leis na leasuithe a rinneadh le déanaí ar an reachtaíocht bhunaidh maidir leis na cúirteanna riaracháin mar fhreagairt ar thuairim Choimisiún na Veinéise, nár cheap an Coimisinéir go raibh na leasuithe leordhóthanach chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní thromchúiseacha a d'aithin Coimisiún na Veinéise;

    AD.

    de bhrí gur chinn Parlaimint na hUngáire in 2019 teacht i bhfeidhm an phacáiste reachtaigh maidir le cúirteanna riaracháin a chur ar athló agus gur luaigh an rialtas nach raibh sé ar intinn aige a thuilleadh cúirteanna riaracháin ar leithligh a thabhairt isteach; de bhrí gur tugadh isteach roinnt gnéithe tábhachtacha den phacáiste trí shraith leasuithe reachtacha a glacadh idir 2019 agus 2021;

    AE.

    de bhrí, i ráiteas a eisíodh an 28 Samhain 2019, gur thathantaigh an Coimisinéir um Chearta an Duine i gComhairle na hEorpa ar Pharlaimint na hUngáire bille a athrú a dhéanfadh difear do neamhspleáchas na mbreithiúna; de bhrí gur mheas an Coimisinéir gur léirigh na forálacha lenar cuireadh tús leis an bhféidearthacht d’údaráis riaracháin gearáin bhunreachtúla a thabhairt isteach tar éis rialuithe neamhfhabhracha ó na gnáthchúirteanna go raibh imní orthu faoi ráthaíochtaí maidir le triail chóir a chaomhnú don ghearánach aonair agus, in éineacht leis na hathruithe atá beartaithe ar cháilíochtaí agus ar cheapacháin breithiúna agus ar aonfhoirmeacht na dlí-eolaíochta, go bhfuil an baol ann freisin go laghdófar neamhspleáchas breithiúna aonair ina bpríomhdhualgais agus go gcruthófar ordlathais iomarcacha laistigh den chóras breithiúnach;

    AF.

    de bhrí, i dtuairim uaidh an 16 Deireadh Fómhair 2021 maidir leis na leasuithe ar an nGníomh maidir le hEagrú agus Riaradh na gCúirteanna agus ar an nGníomh um Stádas Dlíthiúil agus Luach Saothair Breithiúna a ghlac Parlaimint na hUngáire i mí na Nollag 2020, gur athdhearbhaigh Coimisiún na Veinéise nár tugadh aghaidh ar na moltaí maidir le ról Uachtarán NOJ óna thuairim ó 2012; de bhrí gur mhol Coimisiún na Veinéise freisin go mbunófaí coinníollacha soiléire, trédhearcacha agus intuartha do na breithiúna atá ar iasacht le go ndéanfaí post níos airde céime a shannadh dóibh tar éis na tréimhse iasachta; de bhrí go ndearna Coimisiún na Veinéise roinnt moltaí a bhain le leithdháileadh cásanna, le cumhacht Uachtarán Kúria cur le comhaltaí na bpainéal breithnithiúcháin, le cinntí aonfhoirmeachta agus le comhdhéanamh na ndlísheomraí sa nós imeachta um ghearáin aonfhoirmeachta; de bhrí gur thug Coimisiún na Veinéise faoi deara freisin go bhféadfadh, leis an gcóras maidir le ceapadh Uachtarán Kúria a tugadh isteach le leasuithe 2019, go mbeadh baol tromchúiseach polaitithe ann agus go bhféadfadh iarmhairtí tromchúiseacha a bheith ag baint leis do neamhspleáchas na mbreithiúna, nó don dearcadh atá ag an bpobal ina leith, i bhfianaise ról ríthábhachtach an phoist sin sa chóras breithiúnach;

    AG.

    de bhrí gur thug GRECO dá aire sa dara tuarascáil eatramhach maidir le comhlíonadh, a glacadh an 25 Meán Fómhair 2020, gur thug GRECO dá aire nár tuairiscíodh aon dul chun cinn breise i ndáil le breithiúna agus na trí mholadh nár cuireadh chun feidhme ina leith, agus go raibh tábhacht speisialta fós ag baint lena thorthaí féin maidir le cumhachtaí Uachtarán NOJ (maidir leis an bpróiseas chun iarrthóirí do phoist bhreithiúnacha a cheapadh nó a chur chun cinn agus maidir leis an bpróiseas chun breithiúna a athshannadh); de bhrí, maidir le hionchúisitheoirí, gur chuir GRECO in iúl gur geal leis teacht i bhfeidhm leasuithe reachtacha a d’fhág go mbeadh rannpháirtíocht coimisinéara araíonachta éigeantach in imeachtaí araíonachta, ach nach bhféadfadh sé comhthacú le cibé ar comhlíonadh a 17ú moladh (imeachtaí araíonachta i leith ionchúisitheoirí) nó nár comhlíonadh; de bhrí nach ndearnadh aon dul chun cinn maidir le síneadh a chur le téarma an Phríomh-Ionchúisitheora, maidir leis an díolúine fhairsing atá ag ionchúisitheoirí agus maidir le critéir a fhorbairt chun treoir a thabhairt maidir le cásanna a bhaint ó fho-ionchúisitheoirí;

    AH.

    de bhrí gur chuir Rapóirtéir Speisialta na Náisiún Aontaithe in iúl ina theachtaireacht chuig Rialtas na hUngáire an 15 Aibreán 2021 maidir le neamhspleáchas breithiúna agus dlíodóirí go bhféadfaí a mheas, maidir le ceapadh Uachtarán an Kúria, gur ionsaí ar neamhspleáchas na mbreithiúna é agus gur iarracht atá ann na breithiúna a chur faoi réir thoil an bhrainse reachtaigh, de shárú ar phrionsabal dheighilt na gcumhachtaí; de bhrí gur leag an Rapóirtéir Speisialta béim freisin ar an bhfíoras gur toghadh Uachtarán Kúria in ainneoin agóid fhollasach NJC, agus gur chuir sé in iúl go bhféadfaí an cinneadh chun neamhaird a dhéanamh den tuairim dhiúltach a léirigh NJC a léirmhíniú mar ráiteas polaitiúil ón tromlach rialaithe; de bhrí, de réir an Rapóirtéara Speisialta, gurbh é príomhéifeacht na n-athchóirithe ar an gcóras breithiúnach, nó fiú an phríomhsprioc, bac a chur ar phrionsabal an neamhspleáchais bhreithiúnaigh atá faoi chosaint bhunreachtúil agus cur ar chumas na mbrainsí reachtacha agus feidhmiúcháin cur isteach ar riaradh an cheartais;

    AI.

    de bhrí, sa chinneadh uaithi an 2 Nollaig 2021 maidir le maoirseacht fheabhsaithe ar fhorghníomhú bhreithiúnais na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine (ECtHR) in Gazsó group v an Ungáir, gur mheabhraigh Coiste Airí Chomhairle na hEorpa gur bhain an grúpa cásanna i dtrácht leis an bhfadhb struchtúrach a bhain le fad iomarcach imeachtaí sibhialta, coiriúla agus riaracháin agus leis an easpa leigheasanna éifeachtacha intíre; de bhrí gur chuir Coiste na nAirí in iúl gur geal leis gur glacadh an bille lena dtugtar isteach leigheas cúiteach le haghaidh imeachtaí sibhialta atá rófhada, ach gur iarr sé ar na húdaráis a áirithiú go raibh sé i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine; de bhrí, i bhfianaise thábhacht an ábhair, chineál teicniúil an ábhair agus dhul in éag an spriocdháta arna leagan síos ag ECtHR ina bhreithiúnas píolótach don 16 Deireadh Fómhair 2016, gur mhol Coiste na nAirí go láidir do na húdaráis féachaint ar aon bhealach a d’fhéadfadh a bheith ann chun dlús a chur lena bpleanáil;

    AJ.

    de bhrí, an 9 Márta 2022, ina rún eatramhach maidir leis an maoirseacht fheabhsaithe atá ar feitheamh ar fhorghníomhú bhreithiúnas ECtHR in Baka v an Ungáir, gur áitigh Coiste Airí Chomhairle na hEorpa go láidir ar na húdaráis dlús a chur lena n-iarrachtaí bealaí a aimsiú, i ndlúthchomhar le Rúnaíocht Choiste na nAirí, na bearta is gá a thabhairt isteach chun a áirithiú go mbeadh cinneadh ó Pharlaimint na hUngáire chun Uachtarán Kúria a ghaibhniú faoi réir maoirseacht éifeachtach ag comhlacht breithiúnach neamhspleách i gcomhréir le cásdlí ECtHR; de bhrí gur mheabhraigh Coiste na nAirí freisin, arís eile, an gealltanas a rinne na húdaráis meastóireacht a dhéanamh ar an reachtaíocht intíre maidir le stádas breithiúna agus riar na gcúirteanna, agus d’áitigh sé orthu conclúidí a meastóireachta a chur i láthair, lena n-áirítear na ráthaíochtaí agus na coimircí lena gcosnaítear breithiúna ar chur isteach míchuí, ionas go mbeidh Coiste na nAirí in ann measúnú iomlán a dhéanamh ar cé acu a díbríodh nó nár díbríodh na hábhair imní maidir leis an “éifeacht fhuaraitheach” ar shaoirse tuairimí a nochtadh mar gheall ar na sáruithe sna cásanna sin;

    AK.

    de bhrí go bhfuil an Ungáir rangaithe sa 69ú háit as 139 dtír in Innéacs Domhanda Ceartais 2021 maidir leis an Smacht Reachta (síos dhá áit i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin), agus go bhfuil sí rangaithe san áit dheireanach (an 31ú háit as 31) in AE, i gComhlachas Saorthrádála na hEorpa agus réigiún Mheiriceá Thuaidh;

    Éilliú agus coinbhleachtaí leasa

    AL.

    de bhrí gur chuir an Coimisiún in iúl an 13 Iúil 2022, sa chaibidil tíre maidir leis an Ungáir i dTuarascáil 2022 maidir leis an Smacht Reachta, go bhfuil cur chun feidhme fhormhór na mbeart faoi straitéis frith-éillithe 2020-2022 curtha siar agus nár fógraíodh aon straitéis nua agus go bhfuil easnaimh ann fós maidir le brústocaireacht agus doirse imrothlacha, chomh maith le maoiniú páirtithe polaitiúla agus feachtais; de bhrí, go bhfuil sásraí rialaithe neamhspleácha fós neamhleor chun éilliú a bhrath, agus go bhfuil ábhair imní ann fós maidir le heaspa seiceálacha córasacha agus formhaoirseacht neamhleor ar dhearbhuithe sócmhainne agus leasa chomh maith leis an easpa rialacha maidir le coinbhleacht leasa do na hiontaobhais leasa phoiblí; de bhrí gur cúis mhór imní i gcónaí é teist láidir a bheith in easnamh maidir le himscrúduithe a dhéanamh ar líomhaintí éillithe a bhaineann le hoifigigh ardleibhéil agus na daoine atá thart timpeall orthu, cé gur cuireadh tús le roinnt nuachásanna éillithe ardleibhéil; de bhrí gur cúis imní i gcónaí é an easpa athbhreithnithe bhreithiúnaigh ar chinntí gan éilliú a imscrúdú agus a ionchúiseamh, go háirithe i dtimpeallacht ina bhfuil aghaidh á tabhairt fós ar rioscaí cliantachais, fabhrachais agus finíochais i riarachán poiblí ardleibhéil;

    AM.

    de bhrí gur thug an Coimisiún le fios ina chuid freagraí ar na ceisteanna i scríbhinn chuig an gCoimisinéir Hahn i gcomhair éisteacht an 11 Samhain 2019 maidir le hurscaoileadh 2018 chuig an gCoimisiún, gur glacadh le ceartuithe airgeadais ar ráta comhréidh agus gur cuireadh chun feidhme iad san Ungáir tar éis iniúchadh cothrománach ar sholáthar poiblí inar sainaithníodh easnaimh thromchúiseacha i bhfeidhmiú an chórais bainistíochta agus rialaithe i ndáil le rialú nósanna imeachta soláthair phoiblí;

    AN.

    de bhrí, i moladh uaidh an 12 Iúil 2022 maidir le Clár Náisiúnta 2022 na hUngáire um Athchóiriú agus inar tugadh tuairim ón gComhairle maidir le Clár 2022 um Chóineasú na hUngáire, gur mhol an Chomhairle gur cheart don Ungáir gníomhaíocht a dhéanamh chun an creat frithéillithe a atreisiú, lena n-áirítear trí iarrachtaí ionchúisimh agus rochtain ar fhaisnéis phoiblí a fheabhsú, agus trí neamhspleáchas breithiúnach a neartú, chomh maith le feabhas a chur ar cháilíocht agus trédhearcacht an phróisis cinnteoireachta trí idirphlé sóisialta éifeachtach, trí rannpháirtíocht le geallsealbhóirí eile agus trí mheasúnuithe tionchair rialta, agus chun iomaíocht sa soláthar poiblí a fheabhsú;

    AO.

    de bhrí, an 10 Meitheamh 2021, gur dhearbhaigh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise ina Tuarascáil ar Ghníomhaíochtaí 2020 gur mhol sí go ngnóthódh an Coimisiún 2,2 % de na híocaíochtaí a rinneadh faoi Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa agus faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe don tréimhse 2016-2020; de bhrí gurb é sin an céatadán is airde d’íocaíochtaí atá le haisghabháil i measc na mBallstát uile agus go bhfuil sé i bhfad os cionn an mheáin de 0,29 %; de bhrí go ndearnadh calaois i gcoinne chistí forbartha AE a leithdháileadh ar an Ungáir; de bhrí, in éineacht le hardleibhéal éillithe, go bhfuil méadú tagtha ar an neamhionannas sóisialta agus ar an mbochtaineacht, rud a fhágann ní hamháin go bhfuil neamhshláine mhór ann i measc an phobail ach gur sárú ar chearta bunúsacha é freisin;

    AP.

    de bhrí, i mí na Samhna 2021, gur sheol an Coimisiún litir chuig an Ungáir ag cur síos ar na fadhbanna le neamhspleáchas na mbreithiúna, le hionchúiseamh neamhéifeachtach éillithe, agus le heasnaimh sa soláthar poiblí a d’fhéadfadh a bheith ina mbaol do leasanna airgeadais AE; de bhrí, ina litir, go ndearna an Coimisiún cur síos ar fhadhbanna sistéamacha agus easpa cuntasachta maidir le héilliú, agus 16 cheist shonracha á gcur ar údaráis na hUngáire maidir le saincheisteanna amhail coinbhleachtaí leasa, tairbhithe chistiú AE, agus ráthaíochtaí maidir le hathbhreithniú breithiúnach ag cúirteanna neamhspleácha; de bhrí, in ainneoin na n-ábhar imní sin, gur chuir an Coimisiún cur i bhfeidhm an Rialacháin maidir le Coinníollacht an Smachta Reachta (10) siar go dtí mí Aibreáin 2022;

    AQ.

    de bhrí gur fhógair Uachtarán an Choimisiúin, an 5 Aibreán 2022, go ndearna an Coimisinéir um Buiséad agus um Riarachán, Johannes Hahn, údaráis na hUngáire a chur ar an eolas faoi phleananna an Choimisiúin bogadh ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile agus an Rialachán Coinníollachta maidir leis an Smacht Reachta a thionscnamh go foirmiúil, mar thoradh, go príomha, ar ábhair imní a bhain leis an éilliú; de bhrí gur thionscain an Coimisiún an nós imeachta foirmiúil i gcoinne na hUngáire ar deireadh faoin Rialachán maidir le Coinníollacht an Smachta Reachta trí fhógra i scríbhinn a eisiúint an 27 Aibreán 2022; de bhrí gur chinn an Coimisiún, an 20 Iúil 2022, an Ungáir a chur ar an eolas faoin rún atá aige togra a dhéanamh le haghaidh cinneadh cur chun feidhme ón gComhairle agus deis a thabhairt di a barúlacha a thíolacadh;

    AR.

    de bhrí, an 6 Aibreán 2022, gur chinn an Coimisiún fógra foirmiúil breise a sheoladh chuig an Ungáir chun trasuí ceart Threoir 2014/24/AE maidir le soláthar poiblí (11), Threoir 2014/23/AE maidir le conarthaí lamháltais a dhámhachtain (12) agus Threoir 2014/25/AE maidir le soláthar arna dhéanamh ag eintitis a fheidhmíonn in earnáil an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist, a áirithiú (13); de bhrí, de réir an Choimisiúin, go gceadaítear le dlí na hUngáire cur i bhfeidhm níos forleithne eisceachtaí maidir le cúiseanna slándála agus conarthaí fóirdheonaithe trí shochair chánach, agus go n-eisiatar conarthaí ó na hoibleagáidí faoi dhlí AE mar thoradh ar na heisceachtaí sin; de bhrí, ina theannta sin, go gcreideann an Coimisiún go bhfuil athruithe ar dhlí mianadóireachta na hUngáire, lena bhforáiltear don fhéidearthacht lamháltais mhianadóireachta a dhámhachtain gan nósanna imeachta tairisceana trédhearcacha, i gcoinne phrionsabal na trédhearcachta;

    AS.

    de bhrí gur chinn an Coimisiún, an 19 Bealtaine 2022, litir fógra fhoirmiúil a sheoladh chuig an Ungáir maidir le trasuí mícheart Threoir (AE) 2017/1371 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (14);

    AT.

    de bhrí, ina dhara tuarascáil eatramhach maidir le comhlíonadh a glacadh an 25 Meán Fómhair 2020, gur thug GRECO dá aire nár chuir an Ungáir fós chun feidhme go sásúil nó nár dhéileáil sí go sásúil ach le cúig cinn de na 18 moladh atá sa Tuarascáil um an gCeathrú Babhta Meastóireachta agus gur tháinig sí ar an gconclúid go raibh an leibhéal íseal comhlíontachta foriomlán leis na moltaí “míshásúil ar an iomlán”;

    AU.

    de bhrí gur chinn an Ungáir gan a bheith rannpháirteach i gcomhar feabhsaithe chun Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh a bhunú ná páirt a ghlacadh i gcomhar neartaithe i measc ionchúisitheoirí AE;

    AV.

    de bhrí gur chinn Comhairle Idirnáisiúnta UNESCO um Shéadchomharthaí agus Láithreáin, ina athbhreithniú teicniúil ar an tuarascáil maidir le staid an chaomhnaithe don chomhpháirt Ungárach den mhaoin trasteorann Oidhreachta Domhanda “Fertö/Neusiedlersee Landscape Cultúrtha” a tiomsaíodh i mí na Bealtaine 2021, go ndéanfadh tionscadal Sopron Fertö Lake Resort, ina mhéid agus ina fhoirm cur i láthair, dochar do bharántúlacht agus do shláine na maoine trasteorann Oidhreachta Domhanda;

    AW.

    de bhrí go bhfuil an Ungáir sa 73ú háit as an 180 tír agus críoch a chumhdaítear le hInnéacs 2021 um Braistint i dtaca le hÉilliú de chuid Transparency International (síos áit amháin i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin), agus go raibh a rangú ag dul in olcas i gcónaí ó 2012 i leith;

    Príobháideacht agus cosaint sonraí

    AX.

    de bhrí, sa tuarascáil mhisin tar éis thoscaireacht ad hoc a Choiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile chuig Búdaipeist ón 29 Meán Fómhair go dtí an 1 Deireadh Fómhair 2021, gur cuireadh ábhair imní in iúl maidir leis an easpa coimircí a mhéid a bhaineann le faireachas sa reachtaíocht reatha, gan aon seiceálacha agus ceartúcháin agus leigheasanna iarbhír; de bhrí gur cuireadh ábhair imní in iúl freisin maidir le húsáid líomhnaithe earraí frithspiaireachta Pegasus de chuid NSO agus maidir le faireachas méadaithe ag an stát i gcoinne gníomhaithe, iriseoirí, dlíodóirí agus polaiteoirí;

    AY.

    de bhrí, i mí Iúil 2021, le faisnéis a fuarthas trí bhunachar sonraí sceite, gur léirigh an tairseach imscrúdaitheach Direkt36 gur dhírigh na bogearraí spiaireachta Pegasus ar thart ar 300 saoránach Ungárach, lena n-áirítear iriseoirí neamhspleácha, úinéirí na meán, dlíodóirí, polaiteoirí, lucht gnó atá cáinteach ar an rialtas agus iaroifigigh stáit, gan a n-eolas a bheith acu idir 2018 agus 2021; de bhrí, ina réamhbharúlacha maidir le bogearraí spiaireachta nua-aimseartha a foilsíodh an 15 Feabhra 2022, gur tháinig an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí ar an gconclúid go bhféadfadh úsáid fhorleathan bogearraí spiaireachta ardfhorbartha amhail Pegasus a bheith ina cúis le rioscaí agus damáistí nach bhfacthas a leithéid riamh do chearta agus saoirsí bunúsacha, agus don daonlathas agus don smacht reachta freisin, gur leag sé amach sraith céimeanna agus beart mar ráthaíocht i gcoinne úsáid neamhdhleathach spiaireachta, agus gur luaigh sé gurbh é toirmeasc ar bhogearraí spiaireachta a fhorbairt agus a imscaradh le hacmhainneacht Pegasus in AE an rogha is éifeachtaí chun cearta agus saoirsí bunúsacha a chosaint; de bhrí gur ar éigean a thuairiscigh na meáin atá ar son an rialtais san Ungáir riamh ar Pegasus;

    AZ.

    de bhrí, ina chinneadh an 9 Márta 2022 maidir leis an maoirseacht fheabhsaithe atá ar feitheamh ar fhorghníomhú bhreithiúnas ECtHR in Szabó agus Vissy v an Ungáir, gur mheabhraigh Coiste Airí Chomhairle na hEorpa gur bhain an cás i dtrácht le sárú ar cheart na n-iarratasóirí maidir lena saol príobháideach agus teaghlaigh a urramú agus as a gcomhfhreagras mar gheall ar reachtaíocht na hUngáire maidir le bearta náisiúnta faireachais rúnda a bhaineann leis an tslándáil, nach raibh coimircí leordhóthanacha, éifeachtacha agus cuimsitheacha ann maidir le hordú, forghníomhú agus sásamh féideartha na mbeart sin; de bhrí gur thug Coiste na nAirí chun suntais freisin gur cheart faireachas rúnda a mheas mar ghníomh thar a bheith ionsáiteach a d’fhéadfadh cur isteach ar na cearta chun tuairimí a nochtadh agus chun príobháideachais agus a d’fhéadfadh bunús sochaí daonlathaí a chur i mbaol, agus á mheabhrú, mar fhreagairt ar bhreithiúnas ECtHR, go bhfuil gá le hathchóiriú reachtach in 2017; de bhrí gur thug Coiste na nAirí dá aire go raibh an próiseas reachtach fós ag réamhchéim agus nár thíolaic na húdaráis aon fhorbairtí ábhartha eile, agus dá bhrí sin gur iarr sé ar na húdaráis na bearta is gá a ghlacadh go práinneach chun an reachtaíocht intíre a thabhairt go hiomlán i gcomhréir le ceanglais an Choinbhinsiúin Eorpaigh um Chearta an Duine, chun amlíne a bhunú don phróiseas reachtach agus chun dréacht-togra reachtach a thíolacadh don choiste;

    Saoirse chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear iolrachas na meán

    BA.

    de bhrí gur chuir an Coimisiún in iúl, an 13 Iúil 2022, sa chaibidil tíre maidir leis an Ungáir i dTuarascáil 2022 maidir leis an Smacht Reachta gur gá neamhspleáchas feidhmiúil agus éifeachtacht fheidhmiúil Údarás na Meán a neartú, agus go gcruthaítear éagothromaíocht iomaíochta i dtírdhreach na meán mar gheall ar líon suntasach fógraíochta stáit a sheoladh chuig na meáin atá ar son an rialtais; de bhrí go n-oibríonn meáin na seirbhíse poiblí i gcóras institiúideach casta, toisc imní a bheith ann maidir lena neamhspleáchas eagarthóireachta agus airgeadais, agus go bhfuil dúshláin fós os comhair ghairmithe na meán maidir lena ngníomhaíochtaí a fheidhmiú, lena n-áirítear faireachas ar iriseoirí iniúchta; de bhrí go bhfuil bac á chur i gcónaí ar rochtain ar fhaisnéis phoiblí faoi staid na contúirte;

    BB.

    de bhrí, an 15 Iúil 2022, gur chinn an Coimisiún an Ungáir a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais as rialacha teileachumarsáide AE a shárú le cinneadh ó Chomhairle Meán na hUngáire ar fhorais an-amhrasach diúltú d’iarratas Klubrádió ar úsáid speictrim raidió; de bhrí gur chinn an Coimisiún go raibh diúltú Chomhairle Meán na hUngáire cearta Klubrádió a athnuachan díréireach agus neamhthrédhearcach, agus gur cuireadh dlí náisiúnta na meán san Ungáir i bhfeidhm ar bhealach idirdhealaitheach sa chás áirithe seo, de shárú ar Threoir (AE) 2018/1972 lena mbunaítear an Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (15) agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh;

    BC.

    de bhrí gur bunaíodh Fondúireacht Lár na hEorpa um an bPreas agus na Meáin (KESMA) an 11 Meán Fómhair 2018; de bhrí go raibh tionchar ag comhdhlúthú breis agus 470 asraon meán faoi KESMA maidir leis an spás atá ar fáil do na meáin neamhspleácha agus freasúra a laghdú agus rochtain ar fhaisnéis a theorannú do shaoránaigh Ungáracha; de bhrí go n-úsáidtear na cistí a chaitear ar na meáin phoiblí agus KESMA chun bolscaireacht rialtais a shaothrú agus chun míchlú a tharraingt ar an bhfreasúra agus ar eagraíochtaí neamhrialtasacha (ENRanna); de bhrí gur féidir timpeallacht na meán a spreagadh i bhfabhar an rialtais trí ionramháil ar úinéireacht na meán, gabháil stáit na rialtóirí agus eagraíochtaí a bhí neamhspleách roimhe seo, ioncam fógraíochta rialtais agus deonú ceadúnas — modhanna a mhacasamhlaítear in áiteanna eile san Eoraip;

    BD.

    de bhrí, ina breithiúnas an 8 Deireadh Fómhair 2019 in Szurovecz v an Ungáir, gur chinn ECtHR gur tharla sárú ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh maidir le heaspa rochtana na meán ar shaoráidí glactha d’iarrthóirí tearmainn; de bhrí go bhfuil maoirseacht ar fhorghníomhú an bhreithiúnais sin fós ar feitheamh;

    BE.

    de bhrí gur chinn ECtHR ina breithiúnais an 3 Nollaig 2019 in Scheiring agus Szabó v an Ungáir agus an 2 Nollaig 2021 in Szél v an Ungáir go ndearnadh sáruithe ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh maidir le meirgí a thaispeáint i bParlaimint na hUngáire; de bhrí go bhfuil maoirseacht ar fhorghníomhú na mbreithiúnas sin fós ar feitheamh;

    BF.

    de bhrí gur chinn ECtHR ina breithiúnas an 20 Eanáir 2020 in Magyar Kétfarkú Kutya Párt v an Ungáir go ndearnadh sárú ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh maidir le pionóis a eisiúint as feidhmchlár soghluaiste an pháirtí pholaitiúil a sholáthar lenar ceadaíodh do vótálaithe grianghraif a thógáil de vótaí neamhbhailí a caitheadh le linn reifrinn maidir le hinimirce in 2016, iad a uaslódáil gan ainm agus trácht a dhéanamh orthu; de bhrí go bhfuil maoirseacht ar fhorghníomhú an bhreithiúnais sin fós ar feitheamh;

    BG.

    de bhrí, i ráiteas a eisíodh an 23 Márta 2020, gur chuir Ionadaí ESCE um Shaoirse na Meán in iúl go raibh imní air faoi fhorálacha i ndréachtbhille na hUngáire maidir leis an bhfreagairt ar an gcoróinvíreas a d’fhéadfadh tionchar diúltach a bheith aige ar obair na meán a thuairiscíonn ar an bpaindéim;

    BH.

    de bhrí gur chinn ECtHR ina breithiúnas an 26 Bealtaine 2020 in Mándli agus Daoine Eile v an Ungáir go ndearnadh sárú ar an tsaoirse tuairimí a nochtadh maidir le creidiúnú na n-iarratasóirí mar iriseoirí i bParlaimint na hUngáire a chur ar fionraí; de bhrí go bhfuil maoirseacht ar fhorghníomhú an bhreithiúnais sin fós ar feitheamh;

    BI.

    de bhrí, an 24 Iúil 2020, mar gheall ar dhífhostú phríomheagarthóir Innéacs thairseach nuachta neamhspleách na hUngáire Index.hu gur éirigh breis agus 70 iriseoir as a bpost i dteannta a chéile, agus iad ag cáineadh chur isteach soiléir agus bhrú an rialtais ar a n-eagraíochtaí meán;

    BJ.

    de bhrí, de réir an chéad Léargais ar Shaoirse na Meán a mhaoinigh an Coimisiún agus a eisíodh i mí Iúil 2020, go raibh an tionchar is mó ag géarchéim COVID-19 ar shaoirse na meán san Ungáir, thar aon tír eile san Eoraip, ós rud é go ndearnadh géarú ar na dúshláin atá ann cheana agus gur tháinig saincheisteanna nua chun cinn; de bhrí go raibh éiginnteacht agus féinchinsireacht i measc eagraíochtaí agus gníomhaithe na meán mar thoradh ar an reachtaíocht nua a glacadh le linn na staide éigeandála san Ungáir chun scaipeadh faisnéise “bréagach” nó “saofa” a chomhrac;

    BK.

    de bhrí, ina meabhrán maidir le saoirse cainte agus saoirse na meán san Ungáir, a foilsíodh an 30 Márta 2021, gur chuir Coimisinéir Chomhairle na hEorpa um Chearta an Duine in iúl go ndearna éifeachtaí comhcheangailte údaráis rialála na meán nach bhfuil saor ó rialú polaitiúil agus ó idirghabháil mharthanach agus chlaonta stáit i margadh na meán na coinníollacha maidir le hiolrachas na meán agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh san Ungáir a chreimeadh; de bhrí gur chinn an Coimisinéir freisin go bhfuil srian mór curtha ar shaordhíospóireacht pholaitiúil agus ar shaormhalartú tuairimí éagsúla, arb iad na réamhriachtanais chun go mbeidh rath ar shochaithe daonlathacha, go háirithe lasmuigh den phríomhchathair;

    BL.

    de bhrí, i ráiteas tar éis di cuairt a thabhairt ar an Ungáir ón 15 go dtí an 22 Samhain 2021, gur chuir Rapóirtéir Speisialta na Náisiún Aontaithe maidir leis an gceart chun saoirse tuairimíochta agus cainte a chur chun cinn agus a chosaint in iúl go bhféadfadh idirghabhálacha na hUngáire in earnáil na meán le deich mbliana anuas rioscaí a chruthú do chearta an duine sna toghcháin atá le teacht; de bhrí gur shonraigh Rapóirtéir Speisialta na Náisiún Aontaithe, trí thionchar a imirt ar chomhlachtaí rialála na meán, trí chistí stáit suntasacha a sholáthar chun tacú leis na meáin atá ar son an rialtais, trí leathnú agus forbairt na meán a leanann líne eagarthóireachta atá ar son an rialtais a éascú, agus trí thús áite a thabhairt d’eagraíochtaí meán agus d’iriseoirí a thuairiscíonn go criticiúil ar an rialtas, go bhfuil athmhúnlú réamhghníomhach déanta ag na húdaráis ar earnáil na meán agus ina n-iarrachtaí “cothromaíocht” a chruthú, gur bhain siad an bonn d’éagsúlacht, d’iolrachas agus de neamhspleáchas na meán;

    BM.

    de bhrí, an 4 Aibreán 2022, sa ráiteas uaidh maidir le réamhchinntí agus réamhchonclúidí tar éis na dtoghchán parlaiminteach agus an reifrinn, gur chuir misean idirnáisiúnta breathnóireachta toghchán ESCE in iúl gur chuir an claonadh agus an easpa cothromaíochta i gcumhdach nuachta a ndearnadh faireachán air agus easpa díospóireachtaí idir iomaitheoirí móra teorainn shuntasach le deis na vótálaithe rogha eolasach a dhéanamh; de bhrí, an 29 Iúil 2022, ina thuarascáil chríochnaitheach, gur chuir misean idirnáisiúnta breathnóireachta toghchán ESCE chun suntais gur chuir feachtais fógraíochta rialtais fhorleathana agus clúdach claonta nuachta sna meáin phoiblí agus in go leor meán príobháideach ardán feachtais forleathan ar fáil don pháirtí rialaithe;

    BN.

    de bhrí, an 8 Aibreán 2022, gur rialaigh Oifig Náisiúnta Toghchán na hUngáire go raibh sé neamhdhleathach feachtas náisiúnta ENRanna a spreagadh chun vótaí neamhbhailí a chaitheamh sa reifreann maidir le rochtain leanaí ar fhaisnéis a bhaineann le gnéaschlaonadh agus saincheisteanna féiniúlachta inscne, agus gur fhorchuir sí fíneálacha ar 16 ENRanna éagsúla de chuid na hUngáire a bhí rannpháirteach san fheachtas reifrinn;

    BO.

    de bhrí go bhfuil an Ungáir rangaithe sa 85ú háit as an 180 tír agus críoch a chumhdaítear le hInnéacs Domhanda 2022 um Shaoirse an Phreasa de chuid Tuairisceoirí gan Teorainneacha, agus go liostaítear í san anailís do réigiún na hEorpa-Lár na hÁise mar cheann de na tíortha a neartaigh dlíthe danartha i gcoinne iriseoirí;

    Saoirse acadúil

    BP.

    de bhrí, ina breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020 i gCás C-66/18, an Coimisiún v an Ungáir (“Enseignement supérieur”), gur rialaigh CBAE, trí na bearta dá bhforáiltear in Airteagal 76(1)(a) agus (b) de Dhlí Uimh. CCIV 2011 maidir le hardoideachas náisiúnta, arna leasú, nár chomhlíon an Ungáir a hoibleagáidí faoi Airteagail 13, 14(3) agus 16 den Chairt, Airteagal 49 CFAE agus Airteagal 16 de Threoir 2006/123/CE maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach (16), chomh maith leis an gcomhaontú lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála; de bhrí go raibh ar Ollscoil Lár na hEorpa Búdaipeist a fhágáil;

    BQ.

    de bhrí, i mí Dheireadh Fómhair 2018, gur chinn Rialtas na hUngáire staidéir inscne a bhaint ó liosta de chláir mháistreachta atá incháilithe do chreidiúnú agus do chistiú poiblí;

    BR.

    de bhrí, an 2 Iúil 2019, gur ghlac Parlaimint na hUngáire leasuithe ar roinnt dlíthe maidir leis an gcóras institiúideach agus maidir le taighde, forbairt agus nuálaíocht a mhaoiniú, agus ar an gcaoi sin deireadh a chur le hAcadamh na nEolaíochtaí dá neamhspleáchas; de bhrí gur éirigh bainistíocht Ollscoil na nEalaíon Amharclannaíochta agus Scannán (SZFE) as an 31 Lúnasa 2020 mar agóid maidir le cur i bhfeidhm boird arna cheapadh ag an rialtas; de bhrí gur cheap an Aireacht Teicneolaíochta agus Nuálaíochta cúigear comhaltaí ar bhord nua na n-iontaobhaithe, ag diúltú do chomhaltaí a mhol Seanad na hollscoile; de bhrí go ndéanfaidh dhá thrian de na 33 fhondúireachtaí bainistíochta sócmhainní chun leasa an phobail a chomhlíonann dualgais phoiblí a cruthaíodh faoi dheireadh 2021 institiúidí ardoideachais a bhainistiú a bhí á reáchtáil ag an stát roimhe sin;

    BS.

    de bhrí, ina thuairim an 2 Iúil 2021 maidir leis na leasuithe bunreachtúla a ghlac Parlaimint na hUngáire i mí na Nollag 2020, gur leag Coimisiún na Veinéise béim ar an ngá atá le hathmhachnamh a dhéanamh ar Airteagal 7 den Naoú Leasú a bhaineann le hAirteagal 38 den Bhunreacht agus na fondúireachtaí bainistithe sócmhainní ar mhaithe le leas an phobail a dhéanann dualgais phoiblí a thabhairt isteach sa Dlí Bunúsach; de bhrí gur mhol Coimisiún na Veinéise gur cheart na fondúireachtaí sin a rialáil leis an dlí reachtúil ina ionad sin, agus na dualgais ábhartha trédhearcachta agus cuntasachta uile maidir le bainistiú a gcistí (poiblí agus príobháideach) leagtha amach go soiléir, chomh maith le coimircí iomchuí neamhspleáchais do chomhdhéanamh agus d’fheidhmiú an bhoird iontaobhaithe; de bhrí gur luaigh Coimisiún na Veinéise freisin gur cheart go gcuirfí san áireamh sna dlíthe sin ról suntasach na n-ollscoileanna mar áiteanna saorsmaointeoireachta agus argóinteachta, lena bhforáiltear do gach beart cuí chun coimirciú cuí an neamhspleáchais acadúil agus an neamhspleáchais institiúidigh a ráthú;

    BT.

    de bhrí, i ráiteas tar éis di cuairt a thabhairt ar an Ungáir ón 15 go dtí an 22 Samhain 2021, gur áitigh Rapóirtéir Speisialta na Náisiún Aontaithe maidir leis an gceart chun saoirse tuairimíochta agus cainte a chur chun cinn agus a chosaint ar údaráis na hUngáire an tsaoirse acadúil a chosaint go héifeachtach agus cearta ollúna agus mac léinn a urramú, i bhfianaise na rioscaí a bhaineann le príobháidiú ollscoileanna poiblí ar mhaithe le neamhspleáchas scoláirí;

    Saoirse reiligiúin

    BU.

    de bhrí gur fógraíodh leasú cuimsitheach ar Acht Eaglaise 2011 an 21 Nollaig 2018; de bhrí, de réir Rialtas na hUngáire, go n-osclófaí leis an leasú bealaí dlíthiúla do phobail reiligiúnacha chun iarratas a dhéanamh, os comhair Chúirt Chathrach Bhúdaipeist, ar stádas comhlachais reiligiúnaigh, eaglaise cláraithe nó eaglaise ionchorpraithe; de bhrí go bhfuil maoirseacht ar fhorghníomhú bhreithiúnas ECtHR in Magyar Keresztény Mennonita Egyház and Othersan Ungáir, inar cinneadh gur sáraíodh an ceart comhlachais i bhfianaise ceart reiligiúnach mar thoradh ar eaglaisí a bheith á ndíchlárú, fós ar feitheamh;

    BV.

    de bhrí, i dtuairim uaidh an 2 Iúil 2021 maidir leis na leasuithe bunreachtúla a ghlac Parlaimint na hUngáire i mí na Nollag 2020, gur mhol Coimisiún na Veinéise nach mór don chóras poiblí scoile curaclam oibiachtúil agus iolraíoch a sholáthar, lena seachnófaí síolteagasc agus idirdhealú ar gach foras, agus ciontuithe tuismitheoirí agus a saoirse chun rogha a dhéanamh idir aicmí reiligiúnacha agus neamhchreidimh á n-urramú ag an am céanna;

    BW.

    de bhrí, an 13 Iúil 2022, gur thug an Coimisiún le fios sa chaibidil tíre maidir leis an Ungáir i dTuarascáil 2022 maidir leis an Smacht Reachta go bhfuil brú fós ar eagraíochtaí na sochaí sibhialta; de bhrí, an 27 Iúil 2022, gur chuir roinnt eagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta in iúl, maidir leis an mbille a thíolaic an Rialtas lena leasófaí na rialacha faoi chomhairliúchán poiblí “ar mhaithe le teacht ar chomhaontú leis an gCoimisiún Eorpach”, nach bhfuil ach réitigh bhréige á gcur ar fáil leis an mbille sin; de bhrí gur thug an Coimisiún le fios freisin gur sprioc thábhachtach é rannpháirtíocht an phobail sa reachtóireacht a neartú, ach go n-éileofaí, thar aon ní eile, toil iarbhír an rialtais, cur chun feidhme fóinteach na ndlíthe atá ann cheana agus ráthaíochtaí i bhfad níos éifeachtaí ná iad siúd a áirítear sa dréachtdlí;

    Saoirse comhlachais

    BX.

    de bhrí gur chinn CBAE ina breithiúnas an 18 Meitheamh 2020 i gCás C-78/18, an Coimisiún v an Ungáir (trédhearcacht comhlachas), trí fhorálacha Dhlí Uimh. LXXVI 2017 maidir le Trédhearcacht Eagraíochtaí a fhaigheann Tacaíocht ó Thar Lear a ghlacadh (17), go raibh srianta idirdhealaitheacha agus gan údar tugtha isteach ag an Ungáir ar thabhartais eachtracha d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta de shárú ar a hoibleagáidí faoi Airteagal 63 CFAE agus Airteagail 7, 8 agus 12 den Chairt; de bhrí gur chinn an Coimisiún litir fógra fhoirmiúil a sheoladh chuig údaráis na hUngáire an 18 Feabhra 2021, ós rud é nach ndearna siad na bearta is gá chun an breithiúnas a chomhlíonadh; de bhrí, an 20 Iúil 2021, gur thug an Coimisiún le fios sa chaibidil tíre maidir leis an Ungáir i dTuarascáil 2021 maidir leis an Smacht Reachta go ndearna Parlaimint na hUngáire an dlí a aisghairm agus go ndearna sí rialacha nua maidir le seiceálacha dlíthiúlachta don tsochaí shibhialta a thabhairt isteach, agus go bhfuil an brú fós ann ar eagraíochtaí na sochaí sibhialta atá cáinteach i leith an rialtais; de bhrí gur chuir baint anuas córasach an smachta reachta, an daonlathais agus na gceart bunúsach srian ar an spás do pháirtithe an fhreasúra agus d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta, do cheardchumainn agus do ghrúpaí sainleasa, agus nach bhfuil aon deis ann le haghaidh idirphlé agus comhairliúchán sóisialta;

    BY.

    de bhrí nach ndearnadh comhairliúchán poiblí de chineál ar bith roimh an dlí nua a ghlacadh agus nach ndeachthas i gcomhairle go díreach le ENRanna, i gcontrárthacht leis an moladh ó Choimisiún na Veinéise ón tuairim uaidh an 20 Meitheamh 2017 gur cheart go mbeadh gach eagraíocht sochaí sibhialta rannpháirteach, a mhéid is féidir, ar eagraíochtaí iad a ndéanfaí difear dá stádas, dá maoiniú nó dá réimsí oibríochta mar thoradh ar theacht i bhfeidhm na reachtaíochta; de bhrí, de réir an dlí nua, gur féidir le hOifig Iniúchóireachta an Stáit cigireacht rialta airgeadais a dhéanamh ar na heagraíochtaí sin anois; de bhrí go bhfuil imní ar eagraíochtaí na sochaí sibhialta go n-úsáidfear Oifig Iniúchóireachta an Stáit, arb é a phríomhfheidhm faireachán a dhéanamh ar úsáid cistí poiblí — seachas tabhartais phríobháideacha — chun níos mó brú a chur orthu; de bhrí gur thug eagraíochtaí na sochaí sibhialta rabhadh go gcuirfidh an stát, leis an dlí nua ENRanna, isteach ar neamhspleáchas comhlachais eagraíochtaí arna mbunú ar bhonn an chirt comhlachais agus ar bhonn phríobháideacht na saoránach a sheasann ar son leas an phobail, agus go bhfuil an dlí díobhálach d’fheidhmiú na saoirse chun tuairimí a nochtadh agus don phobal daonlathach ina iomláine; de bhrí gur chuir an Oifig Iniúchóireachta Stáit tús le seiceálacha ar na scórtha ENRanna an 17 Bealtaine 2022, ag iarraidh a mbeartais chuntasaíochta agus bainistíochta airgid;

    BZ.

    de bhrí, an 23 Iúil 2021, gur fógraíodh nár tháinig na stáit is deontóirí a chuireann deontais an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch agus na hIorua ar fáil – an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua – ar chomhaontú maidir le hoibreoir ciste a cheapadh chun an cistiú don tsochaí shibhialta san Ungáir a bhainistiú; de bhrí, mar thoradh air sin, nach gcuirfear aon chláir chun feidhme le linn na tréimhse cistiúcháin atá ann faoi láthair, rud a chealaíonn an cistiú EUR 214,6 milliún a cuireadh i leataobh don Ungáir;

    CA.

    de bhrí, i dtuairim chomhpháirteach uathu an 17 Nollaig 2018 maidir le Roinn 253 de Ghníomh XLI an 20 Iúil 2018 lena leasaítear dlíthe áirithe cánach agus dlíthe gaolmhara eile, agus maidir leis an gcáin speisialta inimirce, gur luaigh Coimisiún na Veinéise agus an Oifig um Institiúidí Daonlathacha agus um Chearta an Duine (ODIHR) san Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE) nach bhfuil an cháin 25 % ar thacaíocht airgeadais do ghníomhaíocht tacaíochta inimirce a rinneadh san Ungáir nó ar an tacaíocht airgeadais d’oibríochtaí eagraíochta a bhfuil a ceanncheathrú aici san Ungáir a dhéanann gníomhaíocht tacaíochta inimirce i gcomhréir le ceanglas na dlíthiúlachta agus gurb ionann an cháin sin agus cur isteach gan údar cuí ar shaoirse cainte agus comhlachais na n-eagraíochtaí neamhrialtasacha a ndéantar difear dóibh;

    CB.

    de bhrí, i dtuarascáil uaithi an 21 Bealtaine 2019 tar éis di cuairt a thabhairt ar an Ungáir ón 4 go dtí an 8 Feabhra 2019, gur chuir Coimisinéir Chomhairle na hEorpa um Chearta an Duine i bhfios go raibh gníomhaíochtaí na sochaí sibhialta á stiogmatú agus á gcoiriúlú de bharr na mbeart reachtach, bearta ar cheart a mheas go bhfuil siad go hiomlán dlisteanach i sochaí dhaonlathach, agus go bhfuil drochthionchar leanúnach acu ar eagraíochtaí neamhrialtasacha, agus í ag tabhairt dá haire go bhfuil cuid de na forálacha dlíthiúla thar a bheith doiléir, treallach agus nach bhfuil siad á gcur chun feidhme i ndáiríre;

    CC.

    de bhrí, i dtuarascáil uaidh an 11 Bealtaine 2020 tar éis dó cuairt a thabhairt ar an Ungáir ón 10 go dtí an 17 Iúil 2019, gur thug Rapóirtéir Speisialta na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta an Duine atá ag Imircigh faoi deara gur cuireadh an t-iliomad bac ar eagraíochtaí na sochaí sibhialta atá ag obair ar chearta na n-imirceach san Ungáir agus iad i mbun a gcuid oibre dlisteanaí agus tábhachtaí mar thoradh ar leasuithe reachtacha, srianta airgeadais agus bearta oibríochtúla agus praiticiúla eile atá glactha ag na húdaráis ábhartha; de bhrí gur thug Rapóirtéir Speisialta na Náisiún Aontaithe dá aire freisin go raibh roinnt eagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta thíos le feachtais chlúmhillte, agus go ndearnadh imscrúduithe riaracháin nó coiriúla ina leith ina dhiaidh sin i gcásanna áirithe;

    An ceart chun córa comhionainne, lena n-áirítear cearta LADTIA

    CD.

    de bhrí, an 13 Iúil 2022, gur thug an Coimisiún le fios sa chaibidil tíre maidir leis an Ungáir i dTuarascáil 2022 maidir leis an Smacht Reachta go bhfuil níos mó inniúlachtaí faighte ag Coimisinéir na hUngáire um Chearta Bunúsacha, ach go ndearnadh a chreidiúnú a íosghrádú mar gheall ar ábhair imní maidir lena neamhspleáchas; de bhrí, sa tuarascáil agus sna moltaí ó sheisiún fíorúil a Fochoiste um Chreidiúnú a tionóladh ón 14 go dtí an 25 Márta 2022, gur mhol Comhghuaillíocht Dhomhanda na nInstitiúidí Náisiúnta um Chearta an Duine go ndéanfaí an Coimisinéir um Chearta Bunúsacha a íosghrádú go stádas B, toisc nach bhfuair an fochoiste an fhianaise is gá i scríbhinn chun a shuí go raibh an Coimisinéir ag cur a shainordaithe i gcrích go héifeachtach i dtaca le grúpaí leochaileacha amhail mionlaigh eitneacha, daoine leispiacha, aeracha, déghnéasacha, trasinscneacha, idirghnéasacha agus aiteacha (LADTIA), cosantóirí chearta an duine, dídeanaithe agus imircigh, nó i dtaca le saincheisteanna tábhachtacha maidir le cearta an duine amhail iolrachas na meán, spás na sochaí sibhialta agus neamhspleáchas na mbreithiúna; de bhrí go raibh an fochoiste den tuairim go raibh an Coimisinéir ag gníomhú ar bhealach a chuir comhlíonadh Phrionsabail Pháras maidir le critéir na gcaighdeán d’institiúidí náisiúnta um chearta an duine i mbaol go mór; de bhrí gur thug an fochoiste dá aire freisin gur bhain fadhbanna leis an bpróiseas roghnúcháin agus ceapacháin agus leis an gcaidreamh oibre agus an comhar le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus le cosantóirí chearta an duine;

    CE.

    de bhrí, an 15 Meitheamh 2021, gur ghlac Parlaimint na hUngáire dlí a raibh sé mar aidhm leis ar dtús an phéidifilia a chomhrac ach, tar éis leasuithe a mhol Teachtaí Parlaiminte ón bpáirtí rialaithe Fidesz, go bhfuil clásail ann lena gcuirtear toirmeasc ar chur síos a dhéanamh ar an homaighnéasacht agus athrú inscne do mhionaoisigh; de bhrí go gcuirtear toirmeasc leis an dlí ar an homaighnéasacht agus athrú inscne a bheith á lua i ranganna gnéasoideachais, agus go sonraítear ann nach féidir ach le heagraíochtaí cláraithe na ranganna sin a mhúineadh anois; de bhrí go bhfágann athruithe a rinneadh ar an Dlí maidir le Fógraíocht Ghnó agus ar Dhlí na Meán nach mór fógraí agus ábhar ina bhfuil daoine LADTI a aicmiú mar Chatagóir V (i.e. ní mholtar iad do mhionaoisigh); de bhrí nach féidir glacadh leis go ndéanfaí gnéaschlaonadh agus féiniúlacht inscne a cheangal le gníomhartha coiriúla amhail an phéidifilia agus go bhfágann sé sin go ndéantar tuilleadh idirdhealaithe agus stiogmataithe ar mhionlaigh ghnéis; de bhrí, mar thoradh ar na rialacha náisiúnta lena dtoirmisctear nó lena dteorannaítear an rochtain ar ábhar a léiríonn “imeacht ón bhféinaitheantas a chomhfhreagraíonn don ghnéas tráth na breithe, athrú gnéis nó homaighnéasacht”, mar dhea, do dhaoine atá faoi bhun 18 mbliana d’aois, gur eisigh Rialtas na hUngáire foraithne lena n-ordaítear do dhíoltóirí leabhar do leanaí leabhair agus ábhar eile ina léirítear an homaighnéasacht a chlúdach i “bpacáistíocht dhúnta” agus lena gcuirtear toirmeasc ar dhíol aon leabhar nó ábhair eile ina léirítear caidreamh comhghnéis nó athruithe inscne laistigh de 200 méadar d’aon scoil nó séipéal; de bhrí gur cuireadh é sin i bhfeidhm maidir leis an leabhar scéalta do leanaí Fairyland is for everyone, arna fhoilsiú ag Labriz;

    CF.

    de bhrí, an 2 Nollaig 2021, gur chinn an Coimisiún tuairim réasúnaithe a chur chuig údaráis na hUngáire agus é á mheas, trí oibleagáid a fhorchur nach mór faisnéis a chur ar fáil faoi aon imeacht ó na “róil thraidisiúnta inscne”, go raibh an Ungáir ag cur srian ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh atá ag údair agus foilsitheoirí leabhar (Airteagal 11 den Chairt) agus go raibh idirdhealú á dhéanamh aici ar fhoras gnéaschlaonta ar bhealach nach raibh údar cuí leis (Airteagal 21 den Chairt), agus go raibh rialacha AE maidir le cleachtais éagóracha tráchtála faoi Threoir 2005/29/CE maidir le cleachtais éagóracha tráchtála idir gnólachtaí agus tomhaltóirí sa mhargadh inmheánach á gcur i bhfeidhm go mícheart (18);

    CG.

    de bhrí, an 15 Iúil 2022, gur chinn an Coimisiún an Ungáir a chur faoi bhráid CBAE maidir lena cuid rialacha náisiúnta a bhfuil sé mar aidhm leo toirmeasc a chur ar an rochtain ar ábhar a léiríonn “imeacht ón bhféinaitheantas a chomhfhreagraíonn don ghnéas tráth na breithe, athrú gnéis nó homaighnéasacht”, mar dhea, nó teorainn a chur leis an rochtain sin, do dhaoine atá faoi bhun 18 mbliana d’aois; de bhrí gur chinn an Coimisiún go bhfuil na rialacha sin, go háirithe, ar neamhréir le Treoir 2010/13/AE maidir le comhordú forálacha áirithe arna leagan síos leis an dlí, rialachán nó gníomh riaracháin sna Ballstáit i dtaobh seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (19), Treoir 2000/31/CE maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí na sochaí faisnéise, an tráchtáil leictreonach, go háirithe, sa Mhargadh Inmheánach (20), mar aon le dínit an duine, an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, an ceart go dtabharfaí urraim do shaol príobháideach an duine agus an ceart chun neamh-idirdhealaithe, mar a chumhdaítear iad in Airteagail 1, 7, 11 agus 21 faoi seach den Chairt; de bhrí gur léirigh an Coimisiún freisin, mar gheall ar thromchúis na sáruithe sin, go sáraíonn na forálacha atá á gconspóid na luachanna coiteanna a leagtar síos in Airteagal 2 CAE freisin; de bhrí, an 22 Meitheamh 2021, go ndeachaigh 18 mBallstát de AE i bpáirt ar imeall na Comhairle Gnóthaí Ginearálta chun ráiteas a eisiúint i gcoinne ghlacadh an dlí i dtrácht;

    CH.

    de bhrí, i dtuarascáil uaithi an 21 Bealtaine 2019 tar éis di cuairt a thabhairt ar an Ungáir ón 4 go dtí an 8 Feabhra 2019, gur thug Coimisinéir Chomhairle na hEorpa um Chearta an Duine tuairisc ar an gcaoi a bhfuil an Ungáir ag titim siar i dtaca leis an gcomhionannas inscne agus cearta na mban, go bhfuil ionadaíocht pholaitiúil na mban an-íseal, agus, i mbeartas an rialtais, go bhfuil dlúthbhaint ag saincheisteanna na mban le cúrsaí teaghlaigh agus nach bhfuil straitéis shonrach maidir leis an gcomhionannas inscne á cur chun feidhme ag na húdaráis a thuilleadh;

    CI.

    de bhrí, i ráiteas a eisíodh an 29 Aibreán 2020, gur iarr Saineolaí Neamhspleách na Náisiún Aontaithe maidir le Cosaint ar an bhForéigean agus an tIdirdhealú atá bunaithe ar Ghnéaschlaonadh agus ar Fhéiniúlacht Inscne ar an Ungáir an reachtaíocht a bhí beartaithe lena séanfaí an ceart chun aitheantais dhlíthiúil agus féinchinntiúcháin ar dhaoine trasinscneacha agus ar dhaoine atá athraitheach i dtaobh inscne a chaitheamh i dtraipisí;

    CJ.

    de bhrí, i mbarúlacha clabhsúir uaidh an 3 Márta 2020 maidir leis an séú tuarascáil thréimhsiúil ón Ungáir, gur iarr Coiste na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh ar Rialtas na hUngáire gníomhú, straitéis a ghlacadh, agus faisnéis agus tacaíocht a sholáthar do leanaí leochaileacha, lena n-áirítear bearta sonracha a bheadh dírithe ar chailíní, leanaí Romacha, leanaí iarrtha tearmainn agus imirceacha agus leanaí leispiacha, aeracha, déghnéasacha, trasinscneacha agus idirghnéasacha; de bhrí gur léirigh an coiste imní mhór freisin faoi leanaí atá faoi mhíchumas a bheith á gcoinneáil óna dteaghlach agus iad ina gcónaí in institiúidí, faoi na bearta neamhleora atá á ndéanamh ag údaráis na hUngáire chun deireadh a chur le daoine a bheith á gcur in institiúidí agus chun an rochtain ar shláinte, seirbhísí athshlánaithe agus gníomhaíochtaí cuimsithe eile a chur chun cinn, faoi chásanna de mhí-úsáid ghnéis leanaí agus an drochíde a tugadh do leanaí atá faoi mhíchumas i gcúram institiúideach, faoina laghad eolais atá ar fáil faoi chás na leanaí Romacha atá faoi mhíchumas, agus faoin stiogma leanúnach atá ag baint le leanaí atá faoi mhíchumas;

    CK.

    de bhrí gur ghlac Parlaimint na hUngáire rún an 5 Bealtaine 2020 lenar diúltaíodh do dhaingniú an Choinbhinsiúin chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac (Coinbhinsiún Iostanbúl);

    CL.

    de bhrí, i mbreithiúnas uaithi an 16 Iúil 2020 sa chás Rana v an Ungáir, gur shuigh an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine go ndearnadh sárú ar an gceart go dtabharfaí urraim do shaol príobháideach duine i gcás fear trasinscneach ón Iaráin a fuair tearmann san Ungáir ach nach bhféadfadh a inscne agus a ainm a athrú de réir dlí sa tír sin; de bhrí, sa chinneadh uaidh an 10 Meitheamh 2022 maidir leis an maoirseacht fheabhsaithe ar fhorghníomhú, gur thug Coiste Airí Chomhairle na hEorpa dá aire, agus imní air ina leith, nach raibh aon bhearta déanta ag údaráis na hUngáire chun teacht ar réiteach iomchuí do náisiúnaigh tríú tír atá socraithe go dleathach agus a bhfuil iarratas á chur isteach acu ar aitheantas dlíthiúil inscne; de bhrí, thairis sin, i mí na Bealtaine 2020, gur ghlac Parlaimint na hUngáire reachtaíocht a d’fhág go raibh sé dodhéanta do dhaoine trasinscneacha de chuid na hUngáire aitheantas dlíthiúil inscne a fháil;

    CM.

    de bhrí, i ráiteas a eisíodh an 14 Meitheamh 2021, gur thathantaigh Coimisinéir Chomhairle na hEorpa um Chearta an Duine ar Fheisirí Parlaiminte na hUngáire diúltú do dhréachtleasuithe lena gcuirfí toirmeasc ar phlé faoi fhéiniúlacht agus éagsúlacht ghnéis agus inscne; de bhrí, i dtuairim uaidh an 13 Nollaig 2021 maidir leis an gcomhoiriúnacht le caighdeáin idirnáisiúnta um chearta an duine i nGníomh LXXIX 2021 lena leasaítear gníomhartha áirithe chun leanaí a chosaint, gur chinn Coimisiún na Veinéise gur ar éigean a d’fhéadfaí a mheas go bhfuil na leasuithe i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine agus caighdeáin idirnáisiúnta um chearta an duine agus gur thathantaigh sé ar údaráis na hUngáire roinnt forálacha a aisghairm;

    CN.

    de bhrí, i dtuairim uaidh an 2 Iúil 2021 maidir leis na leasuithe bunreachtúla a ghlac Parlaimint na hUngáire i mí na Nollag 2020, gur mhol Coimisiún na Veinéise nár cheart an leasú bunreachtúil ina leagtar síos gurb ionann pósadh agus aontas idir fear amháin agus bean amháin, agus an chuid bhreise ina luaitear gur bean a bheidh sa mháthair agus gur fear a bheidh san athair, a úsáid mar dheis chun na dlíthe atá ann cheana maidir le cosaint daoine nach daoine heitrighnéasacha iad a tharraingt siar nó chun na dlíthe sin a leasú chun a n-aimhleasa; de bhrí gur mhol Coimisiún na Veinéise freisin gur cheart léirmhíniú agus cur i bhfeidhm na leasuithe bunreachtúla, go háirithe agus an reachtaíocht cur chun feidhme á dréachtú, a dhéanamh ar bhealach a fhágann go ndéanfar prionsabal an neamh-idirdhealaithe ar gach foras, lena n-áirítear ar bhonn gnéaschlaonadh agus féiniúlacht inscne, a chur chun feidhme go críochnúil; de bhrí gur thug sé dá aire freisin gur cheart an leasú “Cosnóidh an Ungáir ceart na leanaí chun féinaitheantais a chomhfhreagraíonn dá ngnéas tráth na breithe” a aisghairm nó a mhodhnú chun a áirithiú nach mbeidh sé mar thoradh air go séanfar an ceart ar dhaoine trasinscneacha go dtabharfaí aitheantas dlíthiúil dá bhféiniúlacht inscne atá faighte;

    CO.

    de bhrí, i dtuairim uaidh an 18 Deireadh Fómhair 2021 maidir leis na leasuithe ar an nGníomh um Chóir Chomhionann agus um Chur Chun Cinn Comhionannais Deiseanna agus ar an nGníomh um an gCoimisinéir um Chearta Bunúsacha mar a ghlac Parlaimint na hUngáire i mí na Nollag 2020 iad, gur chuir Coimisiún na Veinéise in iúl go bhfuil baol ag baint le cumasc na gcomhlachtaí comhionannais le hinstitiúidí náisiúnta um chearta an duine lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta dóibh, traidisiúin, nósanna imeachta agus cineálacha cur chuige difriúla a d’fhéadfadh a bheith i bhfeidhm ag na hinstitiúidí, agus gur thug sé faoi deara gur léiriú soiléir é cumasc na n-inniúlachtaí atá ag an gCoimisinéir um Chearta Bunúsacha cheana féin faoi Ghníomh CXI leis na hinniúlachtaí a fuair sé ina cháil mar chomharba ar Údarás na hUngáire um Chóir Chomhionann ar bhaol a d’fhéadfadh an bonn a bhaint d’éifeachtacht na hoibre i dtaca leis an gcomhionannas a chur chun cinn agus an t-idirdhealú a chomhrac;

    CP.

    de bhrí, i ráiteas a eisíodh an 13 Eanáir 2022, gur dhearbhaigh Coimisinéir Chomhairle na hEorpa um Chearta an Duine gurbh oth leis gur chinn Rialtas na hUngáire reifreann náisiúnta a reáchtáil maidir le rochtain leanaí ar fhaisnéis a bhaineann le gnéaschlaonadh agus saincheisteanna féiniúlachta inscne an lá céanna leis na toghcháin pharlaiminteacha, ós rud é gur chuir sé tuilleadh le hionstraimiú chearta an duine atá ag daoine LADTIA; de bhrí, an 29 Iúil 2022, sa tuarascáil chríochnaitheach uaidh, gur thug misean idirnáisiúnta breathnóireachta toghchán ESCE chun suntais go bhfuil creat dlíthiúil an reifrinn neamhleor den chuid is mó agus nach bhforáiltear leis do mhachaire comhréidh d’fheachtais reifrinn, go bhfuil sé easnamhach maidir le príomh-mholtaí faoin, dea-chleachtas idirnáisiúnta, agus faoi leasú a rinneadh in 2018, go bhfuil cearta iomlána feachtais ag an rialtas nuair is tionscnóir reifrinn é, rud ar sárú é ar an dea-chleachtas idirnáisiúnta, agus nach bhfuil sé d’oibleagáid ar na húdaráis faisnéis oibiachtúil a sholáthar do na toghthóirí maidir le saincheisteanna a bhaineann leis an reifreann nó maidir le seasamh na dtacadóirí agus seasamh iad siúd atá ina gcoinne, agus gur dúshlán é sin roimh chumas na vótálaithe rogha eolasach a dhéanamh; de bhrí go raibh an reifreann i gcoinne daoine LADTIA a tionóladh san Ungáir an 3 Aibreán 2022 neamhbhailí toisc nach bhfuair ceachtar den dá rogha (“tá” nó “níl”) 50 % de na vótaí; de bhrí go ndearnadh cáineadh forleathan ar an reifreann agus é á chur in iúl gur sárú ar phrionsabal an neamh-idirdhealaithe a bhí ann;

    CQ.

    de bhrí, an 29 Iúil 2022, i tuarascáil chríochnaitheach uaidh, gur thug misean idirnáisiúnta breathnóireachta toghchán ESCE chun suntais gurb ionann sciar na n-iarrthóirí uile ar mhná iad agus níos lú ná 20 % de na hiarrthóirí uile, rud a bhí ag cur teorainn shuntasach leis an deis chun líon íseal na mban sa pholaitíocht náisiúnta san Ungáir a ardú; de bhrí gurb ionann sciar na mban i bParlaimint na hUngáire a toghadh in 2022 agus 14 %;

    CR.

    de bhrí, i mbarúlacha clabhsúir uaidh an 25 Márta 2022 maidir leis an dara agus an tríú tuarascáil ón Ungáir in éineacht, gur chuir Coiste na Náisiún Aontaithe um Chearta Daoine faoi Mhíchumas in iúl go raibh imní air nach bhfuil córas ag daoine atá faoi mhíchumas le haghaidh cinneadh a dhéanamh as a stuaim féin, agus gur mhol sé don Ungáir a cuid reachtaíochta a leasú chun a áirithiú go n-áiritheofar le cinnteoireacht thacaithe go dtabharfar urraim do dhínit, neamhspleáchas, toil agus roghanna daoine atá faoi mhíchumas agus a n-inniúlacht dhlíthiúil á feidhmiú acu; de bhrí gur mhol an coiste don Ungáir freisin a cuid beart a athcheapadh agus a cuid buiséad a chur i dtreo seirbhísí tacaíochta pobalbhunaithe, amhail cúnamh pearsanta, d’fhonn ligean do dhaoine atá faoi mhíchumas maireachtáil go neamhspleách agus go cothrom sa phobal;

    Cearta daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad, lena n-áirítear Romaigh agus Giúdaigh, agus cosaint ar ráitis fuatha i gcoinne na mionlach sin

    CS.

    de bhrí gur chinn an Coimisiún, an 9 Meitheamh 2021, litir fógra fhoirmiúil a sheoladh chuig an Ungáir, ós rud é nach raibh a cuid reachtaíochta náisiúnta go hiomlán i gcomhréir le rialacha AE lena gcuirtear toirmeasc ar an idirdhealú faoi Threoir 2000/43/CE ón gComhairle lena gcuirtear chun feidhme prionsabal na córa comhionainne idir daoine gan beann ar bhunadh ciníoch nó eitneach (21) agus Treoir 2000/78/CE ón gComhairle lena mbunaítear creat ginearálta le haghaidh na córa comhionainne san fhostaíocht agus sa tslí bheatha (22), treoracha lena gcuirtear ceangal ar na Ballstáit smachtbhannaí éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha a leagan síos maidir leis an idirdhealú; de bhrí gur tharla athrú bunúsach i mí Iúil 2020 nuair a leasaigh an Ungáir an córas náisiúnta smachtbhannaí, rud a d’fhág nárbh éigean do na cúirteanna cúiteamh morálta a dhámhachtain as idirdhealú i réimse an oideachais agus na gairmoiliúna ach i bhfoirm seirbhísí oiliúna nó oideachais seachas i bhfoirm íocaíocht aonuaire; de bhrí gur iarr Parlaimint na hEorpa arís agus arís eile ar na Ballstáit dul i ngleic leis an bhfrithghiofógachas trí bhearta éifeachtacha reachtacha agus beartais;

    CT.

    de bhrí, an 2 Nollaig 2021, gur sheol an Coimisiún litir fógra fhoirmiúil chuig an Ungáir maidir le trasuí Chinneadh Réime 2008/913/CGB ón gComhairle maidir le cineálacha agus léirithe áirithe ciníochais agus seineafóibe a chomhrac trí bhíthin an dlí choiriúil (23), toisc, faoi chreat dlíthiúil na hUngáire, nach ndéantar coir as tacú go poiblí le coireanna idirnáisiúnta, as iad a shéanadh go poiblí ná as beag is fiú ar bhonn tromchúiseach a dhéanamh díobh go poiblí agus nach n-áirithítear go measfar gur imthoisc ghéaraitheach í cúis chiníoch agus sheineafóibeach ná go gcuirfidh na cúirteanna náisiúnta an chúis sin san áireamh i gcás aon choir a rinneadh;

    CU.

    de bhrí, i mbarúlacha clabhsúir an 6 Meitheamh 2019 maidir leis an 18ú go dtí an 25ú tuarascáil thréimhsiúil ón Ungáir in éineacht, gur chuir Coiste na Náisiún Aontaithe um Idirdhealú Ciníoch a Dhíothú in iúl gur cúis mhór imní dó a fhorleithne atá an fhuathchaint chiníoch i gcoinne na Romach, na n-imirceach, na ndídeanaithe, na n-iarrthóirí tearmainn agus mionlaigh eile, rud a chuireann leis an bhfuath agus leis an éadulaingt agus a spreagann foréigean uaireanta i gcoinne na ngrúpaí sin, go háirithe ó pholaiteoirí mór le rá agus sna meáin, lena n-áirítear ar an idirlíon; de bhrí, go háirithe, gur cúis mhór imní don choiste gur tuairiscíodh go ndearna daoine atá i mbéal an phobail, lena n-áirítear iad siúd ar na leibhéil is airde, ráitis a d’fhéadfadh fuath ciníoch a chur chun cinn, go háirithe mar chuid d’fheachtas an rialtais in aghaidh na n-inimirceach agus na ndídeanaithe ar cuireadh tús leis in 2015 agus gur ann d’eagraíochtaí a chuireann an fuath ciníoch chun cinn agus go bhfuil siad i mbun gnímh; de bhrí, cé go dtugann sé aird ar an bhfaisnéis a cuireadh ar fáil maidir leis na bearta a glacadh chun cás na Romach a fheabhsú, lena n-áirítear i réimsí na sláinte agus an oideachais agus trí straitéis náisiúnta 2011 um chuimsiú sóisialta, go bhfuil an-imní ar an gcoiste i gcónaí faoin idirdhealú leanúnach a dhéantar ar na Romaigh agus go bhfuil siad buailte ag leithscaradh agus ag fíorbhochtaineacht;

    CV.

    de bhrí gur thug Coiste Comhairleach Chomhairle na hEorpa um an gCreat-Choinbhinsiún maidir le Mionlaigh Náisiúnta a Chosaint le fios sa chúigiú tuairim uaidh maidir leis an Ungáir a glacadh an 26 Bealtaine 2020, cé gur choinnigh an Ungáir a beartas i dtaobh tacú le mionlaigh náisiúnta bunaithe ar chreat láidir reachtach, gur ghá fós aghaidh a thabhairt ar dheacrachtaí struchtúracha a bhíonn ag na Romaigh i ngach réimse den saol poiblí agus príobháideach, lena n-áirítear oideachas, fostaíocht, tithíocht agus rochtain ar chúram sláinte; de bhrí gur chuir an coiste i bhfios gur gá bearta práinneacha a dhéanamh chun cás na Romach a leigheas, chun luathfhágáil na scoile a chomhrac agus chun oideachas ionchuimsitheach agus ardcháilíochta a chur chun cinn, lena n-áirítear i gceantair leithscartha; de bhrí gur léirigh sé freisin, i réigiúin atá faoi mhíbhuntáiste, go bhfuil gá le comhlántacht níos láidre idir beartais náisiúnta agus áitiúla ar mhaithe le réitigh fhadtéarmacha ar fhadhbanna fostaíochta agus tithíochta a fháil agus go bhfuil baic mhóra phraiticiúla ar an rochtain ar chúram sláinte agus ar sheirbhísí sóisialta fós agus gur mná agus leanaí Romacha is mó a bhíonn thíos leis sin;

    CW.

    de bhrí, i gcinneadh uaidh an 10 Meitheamh 2022 maidir leis an maoirseacht fheabhsaithe atá ar feitheamh ar fhorghníomhú bhreithiúnais na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine sa chás Horváth agus Kiss v an Ungáir, gur mheabhraigh Coiste Airí Chomhairle na hEorpa gur bhain an cás i dtrácht le ró-ionadaíocht agus díláithriú idirdhealaitheach leanaí Romacha i scoileanna speisialta do leanaí atá faoi mhíchumas meabhrach, agus go raibh oibleagáid dhearfach ar an stát gan cleachtais idirdhealaitheacha a bhuanú; de bhrí gur iarr an coiste go daingean arís ar na húdaráis samplaí a thabhairt lena léirítear éifeachtacht na leigheasanna riaracháin agus breithiúnacha i gcoinne thorthaí na gcoistí saineolaithe agus na sonraí staidrimh arna soláthar ina leith sin a chomhlánú, gur áitigh sé ar na húdaráis an fhaisnéis staidrimh a fhorlíonadh le sonraí atá imdhealaithe ó thaobh eitneachta de lena léirítear líon na n-achomharc a taisceadh i gcásanna leanaí Romacha agus gur iarr siad go daingean arís ar na húdaráis tuilleadh faisnéise a thabhairt faoi aon nósanna imeachta ábhartha atá os comhair an Choimisinéara um Chearta Bunúsacha;

    CX.

    de bhrí go bhfuil an mhaoirseacht ar fhorghníomhú bhreithiúnais na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine sa chás Balázsan Ungáir maidir le sáruithe ar an toirmeasc ar idirdhealú mar aon leis an toirmeasc ar íde atá mídhaonna nó táireach mar gheall nach ndearna na húdaráis imscrúduithe éifeachtacha ar cheist na mbunchúiseanna ciníocha a d’fhéadfadh a bheith taobh thiar den drochíde a tugadh do na hiarratasóirí Romacha fós ar feitheamh;

    CY.

    de bhrí, an 29 Iúil 2022, gur ghlac ceannairí na ngrúpaí polaitiúla ráiteas inar cáineadh na dearbhuithe ciníocha ón bPríomh-Aire Viktor Orbán inar chuir sé in iúl nár mhian leis a bheith ina chuid de “phobal de chine measctha”, agus gur chuir siad i bhfios go láidir gur sárú ar ár luachanna na dearbhuithe sin, luachanna a chumhdaítear freisin i gConarthaí AE;

    Cearta bunúsacha imirceach, iarrthóirí tearmainn agus dídeanaithe

    CZ.

    de bhrí gur rialaigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) i mbreithiúnas uaithi an 19 Márta 2020 i gCás C-564/18, Bevándorlási és Menekültügyi Hivatal (Tompa), go gcuireann Treoir 2013/32/AE maidir le nósanna imeachta coiteanna chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar (24) cosc ar reachtaíocht náisiúnta lenar féidir diúltú d’iarratas ar chosaint idirnáisiúnta toisc go bhfuil sé neamh-inghlactha ar an bhforas gur tháinig an t-iarratasóir isteach i gcríoch an Bhallstáit lena mbaineann trí stát nach ndearnadh géarleanúint air nó nach raibh sé i mbaol díobhála tromchúisí ann, nó ina ráthaítear leibhéal leordhóthanach cosanta; de bhrí gur tháinig CBAE ar an gconclúid go gcuireann an treoir cosc freisin ar reachtaíocht náisiúnta lena leagtar síos teorainn ama ocht lá ar laistigh di ba cheart do chúirt a éisteann achomharc i gcoinne cinneadh lena ndiúltaítear d’iarratas ar chosaint idirnáisiúnta toisc go bhfuil sé neamh-inghlactha cinneadh a dhéanamh, i gcás nach bhfuil an chúirt sin in ann a áirithiú, laistigh den teorainn ama sin, go bhfuil na rialacha substainteacha agus na ráthaíochtaí nós imeachta atá ag an iarratasóir faoi dhlí AE éifeachtach;

    DA.

    de bhrí gur rialaigh CBAE i mbreithiúnas uaidh an 2 Aibreán 2020 i gCásanna Uamtha C-715/17, C-718/17 agus C-719/17, lena n-áirítear An Coimisiúnan Ungáir (sásra sealadach chun iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta a athlonnú), nach ndearna an Ungáir, ón 25 Nollaig 2015, a cuid oibleagáidí faoi Airteagal 5(2) de Chinneadh (AE) 2015/1601 ón gComhairle (25) a chomhlíonadh toisc nár chuir sí líon iomchuí iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta in iúl ag eatraimh rialta, agus gach trí mhí ar a laghad, agus, dá bhrí sin, nár chomhlíon sí na hoibleagáidí athlonnaithe a bhí uirthi ina dhiaidh sin faoi Airteagal 5(4) go (11) den chinneadh sin;

    DB.

    de bhrí, i mbreithiúnas uaidh an 14 Bealtaine 2020 i gCásanna Uamtha C-924/19 PPU agus C-925/19 PPU, Országos Idegenrendészeti Főigazgatóság Dél-alföldi Regionális Igazgatóság agus Országos Idegenrendészeti Főigazgatóság, gur rialaigh CBAE go bhfágann Treoir 2008/115/CE maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh (26) agus Treoir 2013/33/AE lena leagtar síos caighdeáin i ndáil le hiarratais ar chosaint idirnáisiúnta a fháil (27) go bhfuil an chosúlacht air go bhfuil a shaoirse á cheilt ar náisiúnach tríú tír, trína “choinneáil” de réir bhrí na dtreoracha sin, toisc go gcuirtear d’oibleagáid ar an náisiúnach tríú tír fanacht go buan i limistéar idirthurais a bhfuil a theorainn srianta agus dúnta, ina bhfuil gluaiseachtaí an náisiúnaigh tríú tír sin teoranta agus ina ndéantar faireachán orthu, agus nach féidir leis fágáil dá dheoin féin, in aon treo is féidir; de bhrí gur chuir CBAE in iúl go gcuirtear cosc faoi dhlí AE ar roinnt forálacha de reachtaíocht na hUngáire;

    DC.

    de bhrí gur rialaigh CBAE i mbreithiúnas uaidh an 17 Nollaig 2020 i gCás C-808/18, an Coimisiúnan Ungáir (“Accueil des demandeurs de protection internationale”) nár chomhlíon an Ungáir a cuid oibleagáidí faoi Threoracha 2008/115/CE, 2013/32/AE agus 2013/33/AE sa chaoi: i) gur bheartaigh sí nach bhféadfaí iarratais ar chosaint idirnáisiúnta ó náisiúnaigh tríú tír nó ó dhaoine gan stát a dhéanamh ach i limistéir idirthurais Röszke agus Tompa agus, san am céanna, gur chuir sí teorainn le líon na n-iarratasóirí a bhfuil cead acu dul isteach sna limistéir idirthurais sin gach lá; ii) gur bhunaigh sí córas chun iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta a choinneáil go córasach i limistéir idirthurais Röszke agus Tompa; iii) gur cheadaigh sí aistriú na náisiúnach tríú tír ar fad a bhí ag fanacht go neamhdhleathach ar a críoch, gan cloí leis na nósanna imeachta agus na coimircí a leagtar síos san acquis; agus iv) gur chuir sí feidhmiú an chirt atá ag iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta fanacht ina críoch faoi réir coinníollacha atá ar neamhréir le dlí AE; de bhrí gur fhógair an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) an 27 Eanáir 2021 go raibh a cuid oibríochtaí san Ungáir á gcur ar fionraí aici tar éis an rialaithe ó CBAE; de bhrí, an 12 Samhain 2021, gur chinn an Coimisiún an Ungáir a tharchur chuig CBAE ós rud é nár chomhlíon sí an breithiúnas agus gur iarr sé ar CBAE a ordú go n-íocfaí pionóis airgeadais (Cás C-123/22);

    DD.

    de bhrí, an 9 Meitheamh 2021, gur chinn an Coimisiún litir fógra fhoirmiúil agus tuairim réasúnaithe a chur chuig údaráis na hUngáire toisc nár thrasuigh siad Treoir 2013/32/AE go hiomlán a mhéid a bhaineann le forálacha maidir leis an agallamh pearsanta, an scagthástáil leighis, ráthaíochtaí do leanaí agus déagóirí neamhthionlactha, agus an nós imeachta scrúdúcháin tearmainn;

    DE.

    de bhrí, an 15 Iúil 2021, gur chinn an Coimisiún an Ungáir a tharchur chuig CBAE, agus é den tuairim nach raibh an nós imeachta nua tearmainn i gcomhréir le hAirteagal 6 de Threoir 2013/32/AE, arna léirmhíniú i bhfianaise Airteagal 18 den Chairt (Cás C-823/21, an Coimisiúnan Ungáir);

    DF.

    de bhrí gur rialaigh CBAE i mbreithiúnas uaidh an 16 Samhain 2021 i gCás C-821/19, an Coimisiúnan Ungáir (“Incrimination de l’aide aux demandeurs d’asile”), nár chomhlíon an Ungáir a cuid oibleagáidí faoin reachtaíocht seo a leanas: i) Airteagal 33(2) de Threoir 2013/32/AE trí chead a thabhairt iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a dhiúltú toisc é a bheith neamh-inghlactha ar an bhforas gur tháinig an t-iarratasóir isteach ina críoch trí stát nach ndearnadh géarleanúint air nó nach raibh sé i mbaol díobhála tromchúisí ann, nó inar ráthaíodh leibhéal leordhóthanach cosanta; ii) Airteagal 8(2) agus Airteagal 22(1) de Threoir 2013/32/AE agus Airteagal 10(4) de Threoir 2013/33/AE trí choir a dhéanamh as gníomhaíochtaí aon duine a thugann cúnamh, i dtaca le gníomhaíocht eagrúcháin, chun iarratas ar thearmann ina críoch a dhéanamh nó a thaisceadh, i gcás inar féidir a chruthú thar aon amhras réasúnach go raibh an duine sin ar an eolas nach bhféadfaí glacadh leis an iarratas sin faoin dlí sin; agus iii) Airteagal 8(2), Airteagal 12(1), pointe (c), agus Airteagal 22(1) de Threoir 2013/32/AE agus Airteagal 10(4) de Threoir 2013/33/AE tríd an gceart a bhaint d’aon duine a bhfuiltear in amhras go ndearna sé cion den sórt sin teacht i ngiorracht do theorainneacha seachtracha na tíre;

    DG.

    de bhrí, i dtuarascáil uaithi an 21 Bealtaine 2019 tar éis di cuairt a thabhairt ar an Ungáir ón 4 go dtí an 8 Feabhra 2019, gur chinn Coimisinéir Chomhairle na hEorpa um Chearta an Duine gur tháinig creat reachtach as an seasamh i gcoinne na hinimirce agus iarrthóirí tearmainn atá glactha ag Rialtas na hUngáire ó 2015 i leith, ar creat reachtach é a bhaineann an bonn de ghlacadh iarrthóirí tearmainn agus d’imeascadh dídeanaithe aitheanta mar a fhorordaítear le hoibleagáidí idirnáisiúnta maidir le cearta an duine;

    DH.

    de bhrí, i dtuarascáil uaidh an 17 Márta 2020 tar éis dó cuairt a thabhairt ar an Ungáir in 2018, gur thug an Coiste Eorpach um Chéastóireacht agus Íde nó Pionóis eile atá Mídhaonna agus Táireach a Chosc chun suntais nach ndearnadh aon ní ó chuairt ad hoc an choiste in 2017 chun coimircí éifeachtacha a chur i bhfeidhm chun nach dtabharfaí drochíde do dhaoine a chuir póilíní na hUngáire ar ais tríd an sconsa teorann i dtreo na Seirbia, agus gur léir freisin nach raibh aon leigheasanna dlíthiúla ann fós a d’fhéadfadh cosaint éifeachtach a chur ar fáil do na daoine sin ar a n-aistriú éigeantach agus/nó refoulement, lena n-áirítear refoulement slabhra;

    DI.

    de bhrí gur chuir Coiste na Náisiún Aontaithe um Idirdhealú Ciníoch a Dhíothú in iúl i mbarúlacha clabhsúir uaidh an 6 Meitheamh 2019 maidir leis an 18ú go dtí an 25ú tuarascáil thréimhsiúil ón Ungáir in éineacht, go raibh imní air faoi chruachás na n-iarrthóirí tearmainn, na ndídeanaithe agus na n-imirceach agus faoi thuairiscí nach raibh prionsabal an non-refoulement á urramú go hiomlán sa dlí agus sa chleachtas; de bhrí gur cúis mhór imní don choiste freisin na tuairiscí gur bhain oifigigh forfheidhmithe dlí ró-úsáid as an lámh láidir agus as an bhforéigean i gcoinne náisiúnaigh tríú tír a bhí in aon áit san Ungáir agus, san am céanna, gur “bhrúigh siad siar” na náisiúnaigh tríú tír a bhí gar don teorainn leis an tSeirbia, rud a d’fhág gur gortaíodh iad agus go ndearnadh díobháil choirp dóibh;

    DJ.

    de bhrí gur chinn an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine i mbreithiúnas uaithi an 2 Márta 2021 in R.R. agus Daoine Eilean Ungáir go ndearnadh sárú ar an toirmeasc ar íde mhídhaonna nó tháireach mar gheall ar an easpa bia a cuireadh ar fáil don chéad iarratasóir (R.R.) agus mar gheall ar dhálaí cónaithe na n-iarratasóirí eile (bean a bhí ag súil le páiste agus leanaí); de bhrí gur chinn an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine freisin gurbh ionann fanacht na n-iarratasóirí sa limistéar idirthurais agus cailleadh saoirse de facto agus go ndearnadh sáruithe ar an gceart chun saoirse agus slándála toisc nach ndearna na húdaráis aon chinneadh foirmiúil agus nárbh ann d’aon imeachtaí lena bhféadfadh cúirt dlíthiúlacht a gcoinneála a chinneadh go tapa; de bhrí gur tháinig an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine ar chonclúidí comhchosúla i mbreithiúnais uaithi an 24 Feabhra 2022 sa chás M.B.K. agus Daoine Eilean Ungáir agus an 2 Meitheamh 2022 sa chás H.M. agus Daoine Eilean Ungáir; de bhrí go bhfuil an mhaoirseacht fheabhsaithe ar fhorghníomhú na mbreithiúnas sin fós ar feitheamh;

    DK.

    de bhrí, i dtuarascáil uaidh an 11 Bealtaine 2020 tar éis dó cuairt a thabhairt ar an Ungáir in 2019, gur iarr Rapóirtéir Speisialta na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta an Duine atá ag Imircigh ar Rialtas na hUngáire arís athmheasúnú fónta a dhéanamh ar chúrsaí mar atá faoi láthair agus ar a chuid beartas imirce, agus gur chuir sé in iúl gur cheart don Ungáir deireadh a chur leis an “ngéarchéim”, rud nach bhfreagraíonn don fhíorshaol agus a raibh drochthionchar tromchúiseach aige ar chearta an duine atá ag imircigh, iarrthóirí tearmainn, saoirse eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus cumhacht na mbreithiúna, agus, ina theannta sin, gur cheart di deireadh a chur leis na bearta sriantach eile ar fad a bhfuil gnéithe agus iarmhairtí comhchosúla acu;

    DL.

    de bhrí gur chinn an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine i mbreithiúnas uaithi an 8 Iúil 2021 sa chás Shahzadan Ungáir gur díbríodh an t-iarratasóir “go coiteann” toisc nár scrúdaigh na húdaráis a chás aonair agus nár chuir siad fíorbhealaí éifeachtacha ar fáil chun dul isteach san Ungáir, agus nár aistríodh an t-iarratasóir de bharr a chuid iompair agus nach raibh aon leigheas dlíthiúil leormhaith ar fáil dó; de bhrí go bhfuil an mhaoirseacht fheabhsaithe ar fhorghníomhú an bhreithiúnais sin fós ar feitheamh;

    DM.

    de bhrí gur mheabhraigh Coiste Airí Chomhairle na hEorpa, i gcinneadh uaidh an 2 Nollaig 2021 maidir leis an maoirseacht fheabhsaithe atá ar feitheamh ar fhorghníomhú bhreithiúnas na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine sa chás Ilias agus Ahmedan Ungáir, gur bhain an cás i dtrácht le sárú ar an oibleagáid nós imeachta faoi Airteagal 3 den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine, is é sin go ndéanfaí measúnú ar an mbaol drochíde sula n-aistreofaí na hiarratasóirí a bhí ag lorg tearmainn chun na Seirbia, ós rud é gur glacadh leis an toimhde ghinearálta gur “tríú tír shábháilte” í, gur chuir sé in iúl gurb oth leis nach ndearnadh aon bheart chun an t-athmheasúnú is gá a dhéanamh ar an toimhde reachtach “tríú tír shábháilte” i ndáil leis an tSeirbia, agus d’iarr sé go láidir an athuair go ndéanfaí an t-athmheasúnú sin gan a thuilleadh moille agus i gcomhréir le ceanglais chásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine agus go ndéanfaí na cúiseanna atá leis an athmheasúnú agus an toradh a bheadh air a thíolacadh; de bhrí gur thug an coiste dá aire freisin, agus é ina chúis mhór imní dó, in ainneoin na n-ábhar imní a cuireadh in iúl sa chinneadh uaidh roimhe seo, gur lean an cleachtas maidir le daoine a aistriú go héigeantach gan nós imeachta ordúil ar aghaidh, agus gur iarr sé go láidir ar údaráis na hUngáire na ceanglais a eascraíonn as breithiúnas na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine a chomhlíonadh go hiomlán agus a áirithiú go mbeidh filleadh éigeantach bunaithe ar nósanna imeachta agus coimircí ordúla, go háirithe maidir le ceart gach duine tearmann a lorg i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta;

    DN.

    de bhrí go bhfuil an mhaoirseacht ar fhorghníomhú bhreithiúnais na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine fós ar feitheamh sa chás Nabil agus Daoine Eilean Ungáir maidir le sáruithe ar cheart na n-iarrthóirí tearmainn is iarratasóirí chun saoirse agus slándála mar gheall ar a gcoinneáil go dtí go ndéanfar scrúdú ar fhiúntas a n-éileamh ar thearmann;

    DO.

    de bhrí, san aighneacht uaithi an 12 Lúnasa 2022 a cuireadh faoi bhráid Choiste Airí Chomhairle na hEorpa, gur chuir Coimisinéir Chomhairle na hEorpa um Chearta an Duine in iúl go bhfuil sé beagnach dodhéanta san Ungáir rochtain a fháil ar an nós imeachta tearmainn agus ar mheasúnú riosca substainteach agus aonair mar gheall ar na bearta forluiteacha a ghlac an Rialtas i ndiaidh a chéile ó 2015 i leith; de bhrí go ndiúltaítear d’iarrthóirí tearmainn ionchasacha dul isteach go dleathach sa chríoch nó, cé is moite de roinnt bheag eisceachtaí, go gcuirtear faoi oibleagáid iad an Ungáir a fhágáil agus dul faoi réamhscagadh trí nós imeachta na hAmbasáide sula mbíonn siad in ann éileamh ar chosaint idirnáisiúnta a chur isteach; de bhrí go mbíonn dioscúrsa borb frith-imirceach i gcónaí ó Rialtas na hUngáire agus an córas tearmainn á bhaint as a chéile aige, rud a bhaineann an bonn tuilleadh ó ghlacadh agus cosaint dídeanaithe agus iarrthóirí tearmainn sa tír;

    Cearta eacnamaíocha agus sóisialta

    DP.

    de bhrí, i moladh uaithi an maidir le Clár Náisiúnta 12 lúil 2022 na hUngáire um Athchóiriú agus ina dtugtar tuairim ón gComhairle maidir le Clár 2022 na hUngáire um Chóineasú, gur mhol an Chomhairle go leanfaí de na grúpaí is leochailí a lánpháirtiú i margadh an tsaothair, go háirithe trí uas-sciliú, agus go gcuirfí síneadh le fad na sochar dífhostaíochta chun feabhas a chur ar leordhóthanacht an chúnaimh shóisialta agus rochtain ar sheirbhísí bunriachtanacha agus tithíocht leormhaith a áirithiú do chách; de bhrí gur mhol sé torthaí oideachas a fheabhsú agus rannpháirtíocht grúpaí faoi mhíbhuntáiste, go háirithe na Romaigh, a mhéadú in oideachas príomhshrutha ardcháilíochta agus feabhas a chur ar an rochtain ar sheirbhísí coisctheacha agus cúraim phríomhúil ar ardcháilíocht;

    DQ.

    de bhrí, i mbarúlacha clabhsúir uaidh an 3 Márta 2020 maidir leis an séú tuarascáil thréimhsiúil ón Ungáir, gur mhol Coiste na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh gur cheart don Ungáir leanúint d’infheistíocht a dhéanamh i mbearta chun deireadh a chur leis an mbochtaineacht, agus aird ar leith á tabhairt ar leanaí Romacha agus ar leanaí a bhfuil cónaí orthu i gceantair atá faoi mhíbhuntáiste ó thaobh na socheacnamaíochta de, agus gur chuir sé in iúl gur cúis mhór imní dó líon na ndaltaí a fhágann an scoil go luath, arb as cúlraí faoi mhíbhuntáiste a bhformhór acu, go bhfágtar scoileanna poiblí faoi chúram na bpobal reiligiúnach, rud a d’fhéadfadh cur leis an leithscaradh bunaithe ar reiligiún agus ar chreideamh, go bhfuil leanaí Romacha fós á leithscaradh san oideachas, an bhearna oideachais idir leanaí Romacha agus leanaí nach Romaigh iad, an easpa sonraí oifigiúla atá ar fáil faoi leanaí Romacha san oideachas, an bhulaíocht, an mhí-úsáid agus an t-eisiamh a mbíonn leanaí thíos leo i scoileanna, go háirithe leanaí LADTI, agus an úsáid a bhaintear as modhanna smachta i scoileanna a fhágann nach ndéantar leanaí a chosaint ar fhoréigean fisiciúil agus meabhrach;

    DR.

    de bhrí, an 11 Feabhra 2022, gur eisigh Rialtas na hUngáire foraithne éigeandála lenar cinneadh na “seirbhísí íosta riachtanacha” nach mór a sholáthar le linn stailceanna faoin dlí maidir le stailceanna, agus iad á léirmhíniú ar bhealach chomh leathan sin go mbeadh sé dodhéanta dul ar stailc; de bhrí gur cuireadh srian faoin bhforaithne le cearta na múinteoirí a raibh sé fógartha acu go raibh sé beartaithe acu dul ar stailc an 16 Márta 2022;

    DS.

    de bhrí, ón uair a glacadh an toirmeasc ar ghnáthchónaí i spás poiblí, gur iarr roinnt gnáthchúirteanna go ndéanfadh an Chúirt Bhunreachtúil an reachtaíocht lena líomhnaítear míbhunreachtúlacht an dlí ar mhórán foras a chur ar neamhní; de bhrí, tar éis moill fhada, gur dhiúltaigh an Chúirt Bhunreachtúil do na hachainíocha go léir a chuir na gnáthchúirteanna faoina bráid ar gach foras agus gur dhiúltaigh sí aon aighneachtaí nár thacaigh le réasúnú an rialtais a chur san áireamh; de bhrí, i gcás easpa dídine, go mbíonn an córas slándála sóisialta dírithe go príomha ar a dhearbhú go bhfuil sé neamhdhleathach go bhfanfadh daoine atá gan dídean i gceantair phoiblí agus ar bhearta pionósacha, seachas ar chuimsiú sóisialta;

    1.

    á athdhearbhú go mbaineann ábhair imní Pharlaimint na hEorpa leis na saincheisteanna seo a leanas san Ungáir:

    feidhmiú an chórais bhunreachtúil agus toghcháin,

    neamhspleáchas na mbreithiúna agus institiúidí eile agus cearta na mbreithiúna,

    éillitheacht agus coinbhleachtaí leasa,

    príobháideacht agus cosaint sonraí,

    an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear iolrachas na meán,

    saoirse acadúil,

    saoirse reiligiúin,

    saoirse comhlachais,

    an ceart chun córa comhionainne, lena n-áirítear cearta LADTIA,

    cearta daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad, lena n-áirítear Romaigh agus Giúdaigh, agus cosaint ar ráitis fuatha i gcoinne na mionlach sin,

    cearta bunúsacha imirceach, iarrthóirí tearmainn agus dídeanaithe,

    cearta eacnamaíocha agus sóisialta;

    2.

    á chreidiúint, nuair a chuirtear le chéile iad, gur bagairt chórasach ar luachanna Airteagal 2 CAE iad na fíricí agus na treochtaí a luaitear sna rúin ó Pharlaimint na hEorpa agus gur baol soiléir iad go bhfuil sárú tromchúiseach á dhéanamh ar na luachanna sin; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di iarrachtaí Rialtas na hUngáire, d’aon ghnó agus go córasach, an bonn a bhaint de luachanna bunaidh an Aontais a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE agus ag cáineadh na n-iarrachtaí sin; á thabhairt chun suntais go bhfuil na treochtaí sin imithe go mór in olcas ó tionscnaíodh Airteagal 7(1) CAE; á chur i bhfáth gur faoi Rialtas na hUngáire atá sé a chinntiú go gcomhlíonadh an tír dlí AE agus na luachanna a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE arís agus á chur in iúl gurb oth léi go mór gur chuir an easpa gníomhaíocht chinntitheach ón Aontas le cliseadh an daonlathais, an smachta reachta agus na gceart bunúsach san Ungáir, rud a fhágann go bhfuil réimeas hibrideach uathlathais toghcháin sa tír, de réir na n-innéacsanna ábhartha;

    3.

    á chur in iúl gur saoth léi nach bhfuil an Chomhairle in ann dul chun cinn fónta a dhéanamh sa nós imeachta leanúnach faoi Airteagal 7(1) CAE; ag tathant ar an gComhairle a áirithiú go mbeidh éisteachtaí ann uair amháin in aghaidh na hUachtaránachta ar a laghad le linn nósanna imeachta leanúnacha faoi Airteagal 7 CAE agus go dtabharfar aghaidh freisin ar fhorbairtí nua a bhfuil tionchar acu ar an smacht reachta, ar an daonlathas agus ar chearta bunúsacha; á iarraidh ar an gComhairle miontuairiscí cuimsitheacha a fhoilsiú tar éis gach éisteachta; ag cur béim ar an bhfíoras nach bhfuil gá le haontoilíocht sa Chomhairle chun baol soiléir go bhfuil sárú tromchúiseach á dhéanamh ar luachanna an Aontais faoi Airteagal 7(1) a shainaithint, ná chun moltaí nithiúla a dhíriú chuig na Ballstáit lena mbaineann agus spriocdhátaí a chur ar fáil chun na moltaí sin a chur chun feidhme; á iarraidh an athuair ar an gComhairle é sin a dhéanamh, agus béim á leagan aici ar an bhfíoras go mb’ionann aon mhoilleanna breise ar ghníomhaíocht den sórt sin agus sárú ar phrionsabal an smachta reachta ag an gComhairle féin; á chur i bhfáth go bhfuil sé d’oibleagáid ar na Ballstáit gníomhú le chéile agus deireadh a chur leis na hionsaithe ar na luachanna a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE; á iarraidh ar an gComhairle moltaí a chur ar fáil don Ungáir a luaithe is féidir chun réiteach a fháil ar na fadhbanna a luaitear i rún uaithi an 12 Meán Fómhair 2018 agus sa rún seo, ina n-iarrtar uirthi na breithiúnais agus na moltaí uile a luaitear a chur chun feidhme, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann leis an olltoghchán a tionóladh an 3 Aibreán 2022; á éileamh, i ngach imeacht a bhaineann le hAirteagal 7 CAE, go mbeadh Parlaimint na hEorpa in ann a togra réasúnaithe a chur faoi bhráid na Comhairle, go mbeadh sí in ann freastal ar éisteachtaí Airteagal 7 CAE agus go gcuirfí ar an eolas í go pras agus go hiomlán ag gach céim den nós imeachta;

    4.

    á iarraidh ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún aird níos mó a thabhairt ar dhíchur córasach an smachta reachta agus ar an gceangal idir na sáruithe éagsúla ar na luachanna a aithnítear ina rúin; á chur i bhfios go láidir, trí sháruithe ar an smacht reachta a fhágáil gan phionós, go mbaintear an bonn d’institiúidí daonlathacha agus go ndéantar difear ar deireadh do chearta an duine agus do shaol gach duine sa tír ina ndéantar na sáruithe sin; á chur i bhfáth gur cheart don Aontas na luachanna uile a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE a chosaint leis an diongbháilteacht chéanna;

    5.

    á iarraidh ar an gCoimisiún lán-úsáid a bhaint as na huirlisí atá ar fáil, chun aghaidh a thabhairt ar an mbaol soiléir go bhfuil sárú tromchúiseach á dhéanamh ag an Ungáir ar na luachanna ar a bhfuil an tAontas fothaithe, go háirithe nósanna imeachta brostaithe um shárú, iarratais ar bhearta idirthréimhseacha os comhair na Cúirte Breithiúnais agus caingne maidir le neamhchur chun feidhme bhreithiúnais na Cúirte; ag meabhrú a thábhachtaí atá an Rialachán Coinníollachta maidir leis an Smacht Reachta agus á chur in iúl gur geal léi an cinneadh chun é a spreagadh i gcás na hUngáire, cé go raibh moill fhada air agus go bhfuil raon feidhme teoranta aige; á iarraidh ar an gCoimisiún gníomhú láithreach faoin rialachán maidir le sáruithe eile ar an smacht reachta, go háirithe na sáruithe sin a bhaineann le neamhspleáchas na mbreithiúna agus forais eile a dtugtar aghaidh orthu sa litir a sheol an Coimisiún chuig an Ungáir an 19 Samhain 2021; á chur i bhfios go láidir gur uirlis atá comhlántach le nós imeachta Airteagal 7 é cur i bhfeidhm an Rialacháin Coinníollachta maidir leis an Smacht Reachta, go bhfuil sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát agus go bhfuil sé in-fhorfheidhmithe ó mhí Eanáir 2021 i leith, agus á iarraidh ar an gCoimisiún gach beart is gá a dhéanamh chun a áirithiú go bhforfheidhmeofar go héifeachtach é; ag tabhairt dá haire go bhfuil baol ann go mbainfí mí-úsáid as cistí faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus á iarraidh an athuair ar an gCoimisiún gan plean na hUngáire a fhormheas go dtí go mbeidh gach moladh tírshonrach ón Seimeastar Eorpach i réimse an smachta reachta comhlíonta go hiomlán aici agus go dtí go mbeidh breithiúnais ábhartha uile CBAE agus na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine curtha chun feidhme aici; á chur in iúl go bhfuil sí ag dréim leis go n-eisiafaidh an Coimisiún aon rioscaí a bhaineann le cláir faoin mbeartas comhtháthaithe lena gcuirfear le mí-úsáid chistí AE nó le sáruithe ar an smacht reachta sula bhformheasfar na comhaontuithe comhpháirtíochta agus na cláir beartais chomhtháthaithe; á iarraidh ar an gCoimisiún Rialachán na bhForálacha Coiteanna (28) agus an Rialachán Airgeadais (29) a chur i bhfeidhm ar bhealach níos déine chun dul i ngleic le mí-úsáid chistí AE ar chúiseanna polaitiúla; á mheas go bhfuil cur i bhfeidhm na n-ionstraimí sin chun na luachanna a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE a chosaint níos práinní fós tráth atá na luachanna sin faoi bhagairt ag cogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus ag na gníomhaíochtaí atá á ndéanamh aici i gcoinne AE;

    6.

    ag athdhearbhú a hiarrata ar an gCoimisiún a áirithiú nach mbainfear cistí AE d’fhaighteoirí nó tairbhithe deiridh na gcistí sin i gcás ina gcuirfear smachtbhannaí i bhfeidhm faoin Sásra Coinníollachta maidir leis an Smacht Reachta, mar a leagtar amach in Airteagal 5(4) agus (5), den Rialachán maidir le Coinníollacht an Smachta Reachta; á iarraidh ar an gCoimisiún bealaí a aimsiú chun cistí AE a dháileadh trí rialtais áitiúla agus eagraíochtaí neamhrialtasacha (ENRanna) mura gcomhoibreoidh an rialtas lena mbaineann maidir leis na heasnaimh i gcur chun feidhme an smachta reachta;

    7.

    á iarraidh ar an gCoimisiún tacú leis an tsochaí shibhialta neamhspleách san Ungáir a thugann cosaint do na luachanna a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE, go háirithe trí úsáid a bhaint as an gClár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna; á iarraidh an athuair ar an gCoimisiún straitéis chuimsitheach maidir leis an tsochaí shibhialta a ghlacadh chun an spás sibhialta san Aontas a chosaint agus a fhorbairt faoina ndéanfaí na huirlisí uile atá ann cheana a chomhtháthú agus ina leagfaí amach sraith beart nithiúil chun an spás sibhialta a chosaint agus a neartú;

    8.

    á iarraidh an athuair ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle dul i mbun caibidlíochta láithreach le Parlaimint na hEorpa faoi shásra de chuid AE maidir leis an daonlathas, an smacht reachta agus cearta bunúsacha i bhfoirm comhaontú idirinstitiúideach, lena n-áirítear timthriall beartais buan i measc institiúidí AE;

    9.

    á chur in iúl gur geal léi conclúidí na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa, go háirithe iad siúd atá i dtogra 25 maidir leis an smacht reachta, na luachanna daonlathacha agus an fhéiniúlacht Eorpach, agus á athdhearbhú gur gá an nós imeachta a neartú chun na luachanna ar a bhfuil an tAontas fothaithe a chosaint agus soiléiriú a thabhairt ar na critéir chun sáruithe ar na luachanna bunúsacha a chinneadh agus ar iarmhairtí na sáruithe sin;

    10.

    á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát, chuig Comhairle na hEorpa, chuig an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip agus chuig na Náisiúin Aontaithe.

    (1)  IO C 433, 23.12.2019, lch. 66.

    (2)  IO C 270, 7.7.2021, lch. 91.

    (3)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0204.

    (4)  IO C 99, 1.3.2022, lch. 218.

    (5)  Breithiúnas an 24 Meitheamh 2019, An Coimisiún EorpachPoblacht na Polainne, C-619/18, ECLI:EU:C:2019:531, mír 42.

    (6)  Tuairim ón gCúirt an 18 Nollaig 2014, Tuairim de bhun Airteagal 218(11) CFAE, 2/13, ECLI:EU:C:2014:2454, mír 168.

    (7)  Breithiúnas an 27 Feabhra 2018, Associação Sindical dos Juízes Portugueses v Tribunal de Contas, C-64/16, ECLI EU:C:2018:117, mír 32.

    (8)  IO C 316, 6.8.2021, lch. 2.

    (9)  IO C 282, 26.8.2020, lch. 107.

    (10)  Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 1).

    (11)  IO L 94, 28.3.2014, lch. 65.

    (12)  IO L 94, 28.3.2014, lch. 1.

    (13)  IO L 94, 28.3.2014, lch. 243.

    (14)  IO L 198, 28.7.2017, lch. 29.

    (15)  IO L 321, 17.12.2018, lch. 36.

    (16)  IO L 376, 27.12.2006, lch. 36.

    (17)  Forálacha lena bhforchuirtear oibleagáidí maidir le clárú, dearbhú agus foilsiú ar chatagóirí áirithe d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta a fhaigheann tacaíocht go díreach nó go hindíreach ón gcoigríoch a sháraíonn tairseach áirithe agus lena ndéantar foráil maidir leis an bhféidearthacht pionóis a ghearradh ar eagraíochtaí nach gcomhlíonann na hoibleagáidí sin.

    (18)  IO L 149, 11.6.2005, lch. 22.

    (19)  IO L 95, 15.4.2010, lch. 1.

    (20)  IO L 178, 17.7.2000, lch. 1.

    (21)  IO L 180, 19.7.2000, lch. 22.

    (22)  IO L 303, 2.12.2000, lch. 16.

    (23)  IO L 328, 6.12.2008, lch. 55.

    (24)  IO L 180, 29.6.2013, lch. 60.

    (25)  Cinneadh (AE) 2015/1601 ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2015 lena mbunaítear bearta sealadacha i réimse na cosanta idirnáisiúnta chun tairbhe na hIodáile agus na Gréige (IO L 248, 24.9.2015, lch. 80).

    (26)  IO L 348, 24.12.2008, lch. 98.

    (27)  IO L 180, 29.6.2013, lch. 96.

    (28)  IO L 231, 30.6.2021, lch. 159.

    (29)  IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.


    Top