Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022AP0122

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Aibreán 2022 ar an togra le haghaidh rialachán ón gComhairle maidir le bunú agus oibriú sásra meastóireachta agus faireacháin chun cur i bhfeidhm acquis Schengen a fhíorú agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 (COM(2021)0278 – C9-0349/2021 – 2021/0140(CNS))

IO C 434, 15.11.2022, pp. 126–159 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
IO C 434, 15.11.2022, pp. 89–122 (GA)

15.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 434/89


P9_TA(2022)0122

Sásra meastóireachta Schengen *

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Aibreán 2022 ar an togra le haghaidh rialachán ón gComhairle maidir le bunú agus oibriú sásra meastóireachta agus faireacháin chun cur i bhfeidhm acquis Schengen a fhíorú agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 (COM(2021)0278 – C9-0349/2021 – 2021/0140(CNS))

(An nós imeachta reachtach speisialta – comhairliúchán)

(2022/C 434/27)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an gComhairle (COM(2021)0278),

ag féachaint d’Airteagal 70 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá bhun a chuaigh an Chomhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa (C9-0349/2021),

ag féachaint do na tuairimí a thíolaic Seanad na Seicia, Parlaimint na Spáinne, Parlaimint na Portaingéile agus Seanad na Rómáine maidir leis an dréachtghníomh reachtach,

ag féachaint do Riail 82 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A9-0054/2022),

1.

ag formheas an togra ón gCoimisiún arna leasú;

2.

á iarraidh ar an gCoimisiún a thogra a athrú dá réir, i gcomhréir le hAirteagal 293(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;

3.

á iarraidh ar an gComhairle fógra a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa má tá sé ar intinn aici imeacht ón téacs atá formheasta ag Parlaimint na hEorpa;

4.

á iarraidh ar an gComhairle dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa arís má tá sé ar intinn aici an togra ón gCoimisiún a leasú go substaintiúil;

5.

á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Leasú 1

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(1)

Tá limistéar Schengen atá gan rialú teorann ag na teorainneacha inmheánacha ag brath ar na Ballstáit acquis Schengen a chur i bhfeidhm go héifeachtach éifeachtúil. Is éard atá san acquis bearta i réimse na dteorainneacha seachtracha, bearta cúitimh i ngeall ar an easpa rialuithe ag teorainneacha seachtracha agus creat faireacháin láidir, ar bearta iad a éascaíonn an tsaorghluaiseacht agus a áirithíonn ardleibhéal slándála, ceartas agus cosaint na gceart bunúsach, lena n-áirítear cosaint sonraí slándála.

(1)

Tá limistéar Schengen atá gan rialú teorann ag na teorainneacha inmheánacha ag brath ar na Ballstáit acquis Schengen a chur i bhfeidhm go héifeachtach éifeachtúil. Is éard atá san acquis bearta i réimse na dteorainneacha seachtracha, bearta cúitimh i ngeall ar an easpa rialuithe ag teorainneacha seachtracha agus creat faireacháin láidir, ar bearta iad lena n-áirithítear an tsaorghluaiseacht mar aon le hardleibhéal slándála, ceartas agus cosaint na gceart bunúsach, lena n-áirítear cosaint sonraí slándála.

Leasú 2

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(4)

Ba cheart feabhas a chur ar shásra meastóireachta agus faireacháin Schengen ar mhaithe lena éifeachtacht agus lena éifeachtúlacht a mhéadú. Ba cheart é a bheith mar aidhm ag an sásra meastóireachta agus faireacháin athbhreithnithe ardleibhéal iontaoibhe frithpháirtí idir na Ballstáit a choinneáil ar bun trína ráthú go ndéanann na Ballstáit acquis Schengen a chur i bhfeidhm go héifeachtach, de réir na gcaighdeán coiteann, na mbunphrionsabal agus na nósanna a comhaontaíodh, sa chaoi go gcuideofar le dea-fheidhmiú limistéar Schengen.

(4)

Ba cheart feabhas a chur ar shásra meastóireachta agus faireacháin Schengen ar mhaithe lena éifeachtacht agus lena éifeachtúlacht a mhéadú. Ba cheart é a bheith mar aidhm ag an sásra meastóireachta agus faireacháin athbhreithnithe ardleibhéal iontaoibhe frithpháirtí idir na Ballstáit a choinneáil ar bun trína ráthú go ndéanann na Ballstáit acquis Schengen a chur i bhfeidhm go héifeachtach, de réir na gcaighdeán coiteann, na mbunphrionsabal agus na nósanna a comhaontaíodh, chun dea-fheidhmiú limistéar Schengen a áirithiú, agus cearta bunúsacha á n-urramú go hiomlán agus gan rialuithe ag teorainneacha inmheánacha .

Leasú 3

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(5)

Is trí mheastóireachtaí oibiachtúla neamhchlaonta ba cheart don sásra meastóireachta agus faireacháin na spriocanna sin a bhaint amach, meastóireachtaí lenar féidir easnaimh a shainaithint i gcur i bhfeidhm acquis Schengen a d’fhéadfadh cur isteach ar fheidhmiú ceart limistéar Schengen, lenar féidir a áirithiú go réiteofaí na heasnaimh sin go tapa agus lenar féidir bonn a thabhairt le hidirphlé ar fheidhmiú limistéar Schengen trí chéile. Chuige sin, tá gá le dlúthchomhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún, na comhfhreagrachtaí a dháileadh ar bhealach cothrom agus gné phiarmheasúnaithe an chórais a choinneáil ar bun. Sa bhreis air sin, tá gá le rannpháirtíocht níos dlúithe ó Pharlaimint na hEorpa. I bhfianaise mhéid na n-athruithe, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 a aisghairm agus Rialachán nua a chur ina ionad.

(5)

Is trí mheastóireachtaí oibiachtúla neamhchlaonta ba cheart don sásra meastóireachta agus faireacháin na spriocanna sin a bhaint amach, meastóireachtaí lenar féidir easnaimh a shainaithint i gcur i bhfeidhm acquis Schengen a d’fhéadfadh cur isteach ar fheidhmiú ceart limistéar Schengen, lenar féidir a áirithiú go réiteofaí na heasnaimh sin go tapa agus lenar féidir bonn a thabhairt le hidirphlé ionraic polaitiúil i measc na mBallstát ar fheidhmiú limistéar Schengen trí chéile. Chuige sin, tá gá le dlúthchomhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún, na comhfhreagrachtaí a dháileadh ar bhealach cothrom agus gné phiarmheasúnaithe an chórais a choinneáil ar bun. Sa bhreis air sin, tá gá le rannpháirtíocht níos dlúithe ó Pharlaimint na hEorpa. I bhfianaise mhéid na n-athruithe, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 a aisghairm agus Rialachán nua a chur ina ionad.

Leasú 4

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 6

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(6)

Féadfaidh an sásra meastóireachta agus faireacháin réimsí uile limistéar Schengen atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo a chumhdach, seachas na cinn a bhfuil sásra meastóireachta sonrach ann dóibh cheana faoi dhlí an Aontais. Ba cheart don sásra meastóireachta agus faireacháin an reachtaíocht ábhartha uile a chuimsiú maille le gníomhaíochtaí oibríochtúla a chuidíonn le feidhmiú limistéar Schengen .

(6)

Ba cheart don sásra meastóireachta agus faireacháin réimsí uile limistéar Schengen atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo a chumhdach, seachas na cinn a bhfuil sásra meastóireachta sonrach ann dóibh cheana faoi dhlí an Aontais. Leis an sásra meastóireachta agus faireacháin, ba cheart go gcumhdófaí éifeachtúlacht na rialuithe teorann ag teorainneacha seachtracha agus easpa rialuithe teorann ag teorainneacha inmheánacha . Ba cheart go n-áireofaí sa sásra meastóireachta agus faireacháin an reachtaíocht ábhartha ar fad agus gníomhaíochtaí oibríochtúla a chuireann le feidhmiú limistéir gan rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha .

Leasú 5

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 7

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(7)

I ngach meastóireacht, ba cheart aird a thabhairt ar dhea-fheidhmiú na n-údarás a chuireann acquis Schengen i bhfeidhm, i gcomhréir le conclúidí na Comhairle Eorpaí an 1 agus 2 Márta 2012. Ina theannta sin, ba cheart don mheastóireacht cleachtais eintiteas príobháideach a chuimsiú amhail aerlínte nó soláthraithe seirbhísí seachtracha a mhéid atá siad rannpháirteach i gcur chun feidhme acquis Schengen nó a mhéid a dhéanann cur chun feidhme acquis Schengen difear dóibh agus iad ag comhoibriú leis na Ballstáit. Ar an gcaoi chéanna, ó tharla go bhfuil ról níos mó ag comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí AE i gcur chun feidhme acquis Schengen, ba cheart don sásra meastóireachta agus faireacháin tacú le gníomhaíochtaí na gcomhlachtaí, na n-oifigí agus na n-gníomhaireachtaí AE sin a fhíorú a mhéid a ghníomhaíonn siad thar ceann na mBallstát chun cuidiú le cur i bhfeidhm oibríochtúil fhorálacha acquis Schengen. Ba cheart fíorú na ngníomhaíochtaí sin a leabú sa mheastóireacht ar na Ballstáit agus é a dhéanamh gan dochar do na freagrachtaí arna sannadh don Choimisiún agus do chomhlachtaí ceannais ábhartha na ngníomhaireachtaí, oifigí agus comhlachtaí lena mbaineann de réir na rialachán bunaidh agus na nósanna imeachta meastóireachta agus faireacháin atá acu féin, agus na freagrachtaí sin a urramú go hiomlán. Má shainaithnítear sna meastóireachtaí gurb ann d’easnaimh i ndáil le feidhmeanna a dhéanann comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí AE, nó i ndáil le feidhmeanna a dtacaíonn siad leo, ba cheart don Coimisiún é sin a chur in iúl do na comhlachtaí ceannais ábhartha.

(7)

I ngach meastóireacht, ba cheart aird a thabhairt ar dhea-fheidhmiú na n-údarás a chuireann acquis Schengen i bhfeidhm agus ar a mhéid a chomhlíonann siad Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”) , i gcomhréir le conclúidí na Comhairle Eorpaí an 1 agus 2 Márta 2012. Ina theannta sin, ba cheart don mheastóireacht cleachtais eintiteas príobháideach a chuimsiú amhail aerlínte nó soláthraithe seirbhísí seachtracha a mhéid atá siad rannpháirteach i gcur chun feidhme acquis Schengen nó a mhéid a dhéanann cur chun feidhme acquis Schengen difear dóibh agus iad ag comhoibriú leis na Ballstáit. Ar an gcaoi chéanna, ó tharla go bhfuil ról níos mó ag comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí AE i gcur chun feidhme acquis Schengen, ba cheart don sásra meastóireachta agus faireacháin tacú le gníomhaíochtaí na gcomhlachtaí, na n-oifigí agus na n-gníomhaireachtaí AE sin a fhíorú a mhéid a ghníomhaíonn siad thar ceann na mBallstát chun cuidiú le cur i bhfeidhm oibríochtúil fhorálacha acquis Schengen. Ba cheart fíorú na ngníomhaíochtaí sin a leabú sa mheastóireacht ar na Ballstáit agus é a dhéanamh gan dochar do na freagrachtaí arna sannadh don Choimisiún agus do chomhlachtaí ceannais ábhartha na ngníomhaireachtaí, oifigí agus comhlachtaí lena mbaineann de réir na rialachán bunaidh agus na nósanna imeachta meastóireachta agus faireacháin atá acu féin, agus na freagrachtaí sin a urramú go hiomlán. Má shainaithnítear sna meastóireachtaí gurb ann d’easnaimh i ndáil le feidhmeanna a dhéanann comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí AE, nó i ndáil le feidhmeanna a dtacaíonn siad leo, ba cheart don Coimisiún é sin a áireamh sa tuarascáil mheastóireachta agus iarradh ar na comhlachtaí ceannais ábhartha a bheith rannpháirteach .

Leasú 6

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 9

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(9)

An measúnú leochaileachta a dhéanann Frontex, is sásra comhlántach é ar an sásra meastóireachta agus faireacháin a bhunaítear leis an Rialachán seo, ar mhaithe le rialú cáilíochta a ráthú ar leibhéal an Aontais agus ullmhacht leanúnach a áirithiú ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon chun freagairt ar aon dúshlán ag an teorainn sheachtrach. Is cuid de Bhainistiú Comhtháite Teorainneacha san Eoraip iad an dá shásra. Ba cheart an sineirge idir an mheastóireacht leochaileachta agus an sásra meastóireachta agus faireacháin a uasmhéadú d’fhonn léiriú staide feabhsaithe a chruthú i leith fheidhmiú limistéar Schengen agus dúbláil iarrachtaí agus moltaí a thagann salach ar a chéile a sheachaint a mhéid is féidir. Chun na críche sin, ba cheart malartú faisnéise rialta a bheith ann idir Frontex agus an Coimisiún faoi na torthaí ón dá shásra. Chun an bhéim straitéiseach a mhéadú agus chun meastóireacht níos spriocdhírithe a dhearadh, is gá níos mó sineirgí a bhaint as na sásraí agus na hardáin ábhartha atá faoi chúram gníomhaireachtaí AE agus riaracháin náisiúnta amhail an tArdán Eorpach Ildisciplíneach i gCoinne Bagairtí Coiriúla (EMPACT), nó an fhormhaoirseacht a dhéanann an Coimisiún le tacú ó eu-LISA a mhéid a bhaineann leis na Ballstáit a ullmhú le haghaidh chur chun feidhme na gcóras TF ábhartha mar aon leis na torthaí ó na sásraí rialaithe cáilíochta náisiúnta.

(9)

An measúnú leochaileachta a dhéanann Frontex, is sásra comhlántach é ar an sásra meastóireachta agus faireacháin a bhunaítear leis an Rialachán seo, ar mhaithe le rialú cáilíochta a ráthú ar leibhéal an Aontais agus ullmhacht leanúnach a áirithiú ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon chun freagairt ar aon dúshlán ag an teorainn sheachtrach . Ba cheart go mbeadh an measúnú leochaileachta ina chuid den chlár meastóireachta bliantúil, agus ar an gcaoi sin feasacht staide atá cothrom le dáta a áirithiú . Is cuid de Bhainistiú Comhtháite Teorainneacha san Eoraip iad an dá shásra. Ba cheart an sineirge idir an mheastóireacht leochaileachta agus an sásra meastóireachta agus faireacháin a uasmhéadú d’fhonn léiriú staide feabhsaithe a chruthú i leith fheidhmiú limistéar Schengen agus dúbláil iarrachtaí agus moltaí a thagann salach ar a chéile a sheachaint a mhéid is féidir. Chun na críche sin, ba cheart malartú faisnéise rialta a bheith ann idir Frontex agus an Coimisiún faoi na torthaí ón dá shásra. Chun an bhéim straitéiseach a mhéadú agus chun meastóireacht níos spriocdhírithe a dhearadh, is gá níos mó sineirgí a bhaint as na sásraí agus na hardáin ábhartha atá faoi chúram gníomhaireachtaí AE agus riaracháin náisiúnta amhail an tArdán Eorpach Ildisciplíneach i gCoinne Bagairtí Coiriúla (EMPACT), nó an fhormhaoirseacht a dhéanann an Coimisiún le tacú ó eu-LISA a mhéid a bhaineann leis na Ballstáit a ullmhú le haghaidh chur chun feidhme na gcóras TF ábhartha mar aon leis na torthaí ó na sásraí rialaithe cáilíochta náisiúnta.

Leasú 7

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 10

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(10)

Le linn na meastóireachta, ba cheart béim ar leith a leagan ar a fhíorú go bhfuil cearta bunúsacha á n-urramú mar chuid de chur i bhfeidhm acquis Schengen, mar aon le meastóireacht ar chur chun feidhme agus ar chur i bhfeidhm ceart na gceanglas cosanta sonraí a bhaineann le acquis Schengen, rud a dhéantar meastóireachtaí ar leithligh air. Chun inniúlacht an tsásra meastóireachta agus faireacháin a mhéadú ionas gur féidir sárú ar chearta bunúsacha i réimsí beartais ábhartha a shainaithint, is gá bearta breise a chur chun feidhme. Ba cheart oiliúint chuí a chur ar mheastóirí Schengen ina leith sin, agus ba cheart úsáid níos fearr a bhaint as faisnéis ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha agus ról níos mó a thabhairt dá saineolaithe ó thaobh dhearadh agus chur chun feidhme na meastóireachtaí de. Thairis sin, an fhianaise a chuirtear ar fáil go poiblí nó trí shásraí faireacháin neamhspleácha nó an fhianaise a chuireann tríú páirtithe ábhartha ar fáil astu féin, amhail oifigí ombudsman, údaráis a dhéanann faireachán ar an urraim do chearta bunúsacha, nó eagraíochtaí neamhrialtasacha agus idirnáisiúnta, ba cheart an fhianaise sin a chur san áireamh ó thaobh chlársceidealú, dhearadh agus chur chun feidhme na meastóireachtaí sin.

(10)

Le linn na meastóireachta, ba cheart béim ar leith a leagan ar a fhíorú go bhfuil cearta bunúsacha á n-urramú mar chuid de chur i bhfeidhm acquis Schengen, mar aon le meastóireacht ar chur chun feidhme agus ar chur i bhfeidhm ceart na gceanglas cosanta sonraí a bhaineann le acquis Schengen, rud a dhéantar meastóireachtaí ar leithligh air. Chun inniúlacht an tsásra meastóireachta agus faireacháin a mhéadú ionas gur féidir sárú ar chearta bunúsacha i réimsí beartais ábhartha a shainaithint, is gá bearta breise a chur chun feidhme. Ba cheart oiliúint chuí a chur ar mheastóirí Schengen ina leith sin, agus ba cheart úsáid níos fearr a bhaint as faisnéis ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha agus ról níos mó a thabhairt dá saineolaithe ó thaobh dhearadh agus chur chun feidhme na meastóireachtaí de. Go háirithe, ba cheart don Choimisiún, i gcomhar le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, tagarmharcanna sonracha a fhorbairt, a bheidh le háireamh sa cheistneoir caighdeánach, agus a bhféadfar measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceart bunúsach ina leith. Thairis sin, an fhianaise a chuirtear ar fáil go poiblí nó trí shásraí faireacháin neamhspleácha nó an fhianaise a chuireann tríú páirtithe ábhartha ar fáil astu féin, amhail oifigí ombudsman, údaráis a dhéanann faireachán ar an urraim do chearta bunúsacha, nó eagraíochtaí neamhrialtasacha agus idirnáisiúnta, ba cheart an fhianaise sin a chur san áireamh ó thaobh chlársceidealú, dhearadh agus chur chun feidhme na meastóireachtaí sin.

Leasú 8

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 12

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(12)

Ba cheart foirmeacha na meastóireachtaí agus na modhanna a dhéanamh ní ba sholúbtha chun éifeachtúlacht an tsásra meastóireachta agus faireacháin a mhéadú agus chun cur lena inniúlacht dul in oiriúint d’imthosca nua agus d’fhorbairtí reachtacha nua agus chun úsáid acmhainní na mBallstát, an Choimisiúin agus na gcomhlachtaí, na n-oifigí agus na ngníomhaireachtaí AE a chuíchóiriú. Ba cheart meastóireachtaí tréimhsiúla trí bhíthin cuairteanna a bheith ina bpríomhbhealach chun an mheastóireacht a dhéanamh. Ba cheart céatadán na gcuairteanna gan réamhfhógra agus meastóireachtaí téamacha a mhéadú de réir a chéile chun a áirithiú go mbainfear úsáid níos cothroime as na huirlisí atá ar fáil. Ba ceart foirmeacha na meastóireachtaí a shainiú go soiléir. Leis an sásra meastóireachta agus faireacháin, ba cheart go bhféadfaí meastóireacht a dhéanamh ar roinnt Ballstát san am céanna, mar aon le meastóireachtaí a dhéanamh go cianda nó go leathchianda, sin agus meastóireacht a dhéanamh ar réimsí beartais le chéile, ag brath ar an réimse beartais agus ar an gcineál gníomhaíochta meastóireachta agus faireacháin atá ann. Leis an sásra meastóireachta agus faireacháin, ba cheart féachaint le tuarascálacha meastóireachta cuimsitheacha a tharraingt suas ina ndéanfaí measúnú ar fheidhmíocht fhoriomlán an Bhallstáit ó thaobh chur i bhfeidhm acquis Schengen de.

(12)

Ba cheart foirmeacha na meastóireachtaí agus na modhanna a dhéanamh ní ba sholúbtha chun éifeachtúlacht an tsásra meastóireachta agus faireacháin a mhéadú agus chun cur lena inniúlacht dul in oiriúint d’imthosca nua agus d’fhorbairtí reachtacha nua agus chun úsáid acmhainní na mBallstát, an Choimisiúin agus na gcomhlachtaí, na n-oifigí agus na ngníomhaireachtaí AE a chuíchóiriú. Ba cheart meastóireachtaí tréimhsiúla trí bhíthin cuairteanna a bheith ina bpríomhbhealach chun an mheastóireacht a dhéanamh. Ba cheart céatadán na gcuairteanna gan réamhfhógra agus meastóireachtaí téamacha a mhéadú de réir a chéile chun a áirithiú go mbainfear úsáid níos cothroime as na huirlisí atá ar fáil. Ba ceart foirmeacha na meastóireachtaí a shainiú go soiléir. Leis an sásra meastóireachta agus faireacháin, ba cheart go bhféadfaí meastóireacht a dhéanamh ar roinnt Ballstát san am céanna, mar aon le meastóireachtaí a dhéanamh go cianda nó go leathchianda mar mhodhanna meastóireachta atá comhlántach le cuairteanna fisiceacha , sin agus meastóireacht a dhéanamh ar réimsí beartais le chéile, ag brath ar an réimse beartais agus ar an gcineál gníomhaíochta meastóireachta agus faireacháin atá ann. Leis an sásra meastóireachta agus faireacháin, ba cheart féachaint le tuarascálacha meastóireachta cuimsitheacha a tharraingt suas ina ndéanfaí measúnú ar fheidhmíocht fhoriomlán an Bhallstáit ó thaobh chur i bhfeidhm acquis Schengen de.

Leasú 9

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 13

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(13)

Ba cheart úsáid ní ba mhinice a bhaint as meastóireachtaí téamacha chun anailís chomparáideach ar chleachtais na mBallstát a chur ar fáil. Ba cheart na meastóireachtaí sin a eagrú chun measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme athruithe reachtacha suntasacha, de réir mar a thosóidh na hathruithe ag teacht i bhfeidhm, agus ar chur chun feidhme tionscnamh nua, mar aon le measúnú a dhéanamh ar shaincheisteanna i réimsí beartais éagsúla nó ar chleachtais na mBallstát a bhfuil dúshláin chomhchosúla rompu .

(13)

Ba cheart úsáid ní ba mhinice a bhaint as meastóireachtaí téamacha chun anailís chomparáideach ar chleachtais na mBallstát a chur ar fáil. Ba cheart na meastóireachtaí sin a eagrú chun measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme athruithe reachtacha suntasacha, de réir mar a thosóidh na hathruithe ag teacht i bhfeidhm, agus ar chur chun feidhme tionscnamh nua, mar aon le measúnú a dhéanamh ar shaincheisteanna i réimsí beartais éagsúla nó ar bheartais agus ar chleachtais chomhchosúla ar fud na mBallstát.

Leasú 10

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 14

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(14)

Cuairteanna gan réamhfhógra, atá ar cheann de na huirlisí is éifeachtaí chun cleachtais na mBallstát a fhíorú, ba cheart iad a eagrú , ag brath ar an gcuspóir atá leo, gan fógra a thabhairt roimh ré don Bhallstát lena mbaineann, sin nó gan ach fógra gairid a thabhairt dóibh . Ba cheart cuairteanna gan réamhfhógra a eagrú “chun críoch imscrúdaithe” d’fhonn comhlíonadh na n-oibleagáidí faoi acquis Schengen a fhíorú, lena n-áirítear oibleagáidí i leith freagairt ar thásca a léiríonn teacht chun cinn fadhbanna córasacha a d’fhéadfadh tionchar suntasach a bheith acu ar fheidhmiú limistéar Schengen nó i leith freagairt ar sháruithe ar chearta bunúsacha, go háirithe líomhaintí maidir le sáraithe tromchúiseacha ar chearta bunúsacha ag na teorainneacha seachtracha. I gcásanna mar sin, bhainfí an bonn de chuspóir na cuairte dá bhfógrófaí roimh ré í. Ba cheart cuairteanna gan réamhfhógra a bhfuil réamhfhógra 24 uair an chloig ag baint leo a eagrú más é príomhchuspóir na cuairte seiceáil randamach a dhéanamh i ndáil le cur chun feidhme acquis Schengen ag an Ballstát.

(14)

Cuairteanna gan réamhfhógra, atá ar cheann de na huirlisí is éifeachtaí chun cleachtais na mBallstát a fhíorú, ba cheart iad a eagrú gan réamhfhógra a thabhairt roimh ré don Bhallstát lena mbaineann. Ba cheart cuairteanna a eagrú “chun críoch imscrúdaithe” d’fhonn comhlíonadh na n-oibleagáidí faoi acquis Schengen a fhíorú, lena n-áirítear oibleagáidí i leith freagairt ar thásca a léiríonn teacht chun cinn fadhbanna córasacha a d’fhéadfadh tionchar diúltach a bheith acu ar fheidhmiú limistéar Schengen nó a bhféadfadh sáruithe ar chearta bunúsacha a bheith mar thoradh orthu , go háirithe líomhaintí maidir le sáraithe tromchúiseacha ar chearta bunúsacha ag na teorainneacha seachtracha.

Leasú 11

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 14 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(14a)

Ba cheart fógra 24 uair an chloig ar a mhéad a thabhairt do Bhallstát roimh chuairt ar ghearrfhógra, rud atá ina uirlis chomhlántach. Níor cheart cuairt ar ghearrfhógra a thabhairt ach amháin nuair is é príomhchuspóir na cuairte seiceáil randamach a dhéanamh ar chur chun feidhme acquis Schengen ag Ballstát.

Leasú 12

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 15

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(15)

Tá fianaise ann cheana go bhfuil breisluach ag baint leis na gníomhaíochtaí a dhéantar faoin Rialachán seo a chlársceidealú trí chláir mheastóireachta ilbhliantúla agus bhliantúla i dtaobh intuarthacht agus deimhneacht a áirithiú. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, cláir mheastóireachta ilbhliantúla agus bhliantúla a ghlacadh. Ba cheart an tsolúbthacht is gá a bheith ag baint leis na cláir sin ionas gur féidir iad a chur in oiriúint do nádúr dinimiciúil acquis Schengen le himeacht ama. I gcás force majeure, ba cheart na cláir a choigeartú i gcomhaontú leis na Ballstáit lena mbaineann gan aon ghá a bheith ann na cláir a leasú go foirmiúil. Sa chlár meastóireachta ilbhliantúil a ghlacfar ar feadh seacht mbliana, ba cheart na réimsí tosaíochta sonracha atá le cumhdach sna meastóireachtaí tréimhsiúla a shainaithint. Leis an gcur chuige sin, ba cheart gurbh ann do níos mó solúbthachta mar aon le roghnú tosaíochtaí ní b’fhearr agus úsáid ní ba chothroime agus ní ba straitéisí a bhaint as na huirlisí atá ar fáil. Agus an clár meastóireachta ilbhliantúil á shíneadh ó chúig bliana go seacht mbliana, ba cheart faireachán méadaithe ar na Ballstáit atá ní ba ghrinne agus ní ba spriocdhírithe a bheith mar thoradh air sin gan an leibhéal grinnscrúdaithe a laghdú.

(15)

Tá fianaise ann cheana go bhfuil breisluach ag baint leis na gníomhaíochtaí a dhéantar faoin Rialachán seo a chlársceidealú trí chláir mheastóireachta ilbhliantúla agus bhliantúla i dtaobh intuarthacht agus deimhneacht a áirithiú. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, cláir mheastóireachta ilbhliantúla agus bhliantúla a ghlacadh. Ba cheart an tsolúbthacht is gá a bheith ag baint leis na cláir sin ionas gur féidir iad a chur in oiriúint do nádúr dinimiciúil acquis Schengen le himeacht ama. I gcás force majeure, ba cheart na cláir a choigeartú i gcomhaontú leis na Ballstáit lena mbaineann gan aon ghá a bheith ann na cláir a leasú go foirmiúil. Sa chlár meastóireachta ilbhliantúil a ghlacfar ar feadh seacht mbliana, ba cheart na réimsí tosaíochta sonracha atá le cumhdach sna meastóireachtaí tréimhsiúla a shainaithint. Leis an gcur chuige sin, ba cheart gurbh ann do níos mó solúbthachta, inoiriúnaitheachta bunaithe ar an bhfaisnéis atá cothrom le dáta arna bailiú ag na hanailísí éagsúla d’fhonn tuiscint staide níos fearr a fháil ar fheidhmiú limistéar Schengen, roghnú tosaíochtaí ní b’fhearr chomh maith le húsáid ní ba chothroime agus ní ba straitéisí a bhaint as na huirlisí atá ar fáil. Agus an clár meastóireachta ilbhliantúil á shíneadh ó chúig bliana go seacht mbliana, ba cheart faireachán méadaithe ar na Ballstáit atá ní ba ghrinne agus ní ba spriocdhírithe a bheith mar thoradh air sin gan an leibhéal grinnscrúdaithe a laghdú.

Leasú 13

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 16

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(16)

Ba cheart d’fhoirne ar a bhfuil ionadaithe ón gCoimisiún agus saineolaithe arna n-ainmniú ag na Ballstáit na gníomhaíochtaí meastóireachta agus faireacháin a dhéanamh. Ba cheart na cáilíochtaí cuí a bheith ag na hionadaithe agus ag na saineolaithe sin, lena n-áirítear eolas teoiriciúil láidir agus taithí phraiticiúil. Chun a áirithiú ar bhealach níos gasta agus níos simplí gur leor an líon saineolaithe rannpháirteacha a bhfuil taithí acu, ba cheart don Choimisiún díorma saineolaithe a bhunú agus a choinneáil ar bun i ndlúthchomhar leis na Ballstáit. Ba cheart gurbh é an díorma sin an príomhfhoinse saineolaithe le haghaidh gníomhaíochtaí meastóireachta agus faireacháin.

(16)

Ba cheart d’fhoirne ar a bhfuil ionadaithe ón gCoimisiún agus saineolaithe, arna n-ainmniú ag na Ballstáit agus ag breathnóirí de chuid an Aontais na gníomhaíochtaí meastóireachta agus faireacháin a dhéanamh. Ba cheart na cáilíochtaí cuí a bheith ag na hionadaithe agus ag na saineolaithe sin, lena n-áirítear eolas teoiriciúil láidir agus taithí phraiticiúil , agus ba cheart an oiliúint iomchuí a bheith déanta acu . Chun sláine na dtuarascálacha meastóireachta arna dtarraingt suas ag foirne tar éis meastóireachta a áirithiú, i gcás ina ndéantar meastóireacht, i gcomhar le húdaráis Ballstáit, ar ghníomhaíochtaí comhlachta, oifige nó gníomhaireachta de chuid an Aontais a bhfuil baint acu le cur chun feidhme acquis Schengen, níor cheart aon choinbhleacht leasa a bheith ag breathnóirí an Aontais. Chun a áirithiú ar bhealach níos gasta agus níos simplí gur leor an líon saineolaithe rannpháirteacha a bhfuil taithí acu, ba cheart don Choimisiún díorma saineolaithe a bhunú agus a choinneáil ar bun i ndlúthchomhar leis na Ballstáit. Ba cheart gurbh é an díorma sin an príomhfhoinse saineolaithe le haghaidh gníomhaíochtaí meastóireachta agus faireacháin.

Leasú 14

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 19

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(19)

Ba cheart gur ghairid agus gur ghonta iad na tuarascálacha meastóireachta. Ba cheart dóibh díriú ar easnaimh a bhfuil tionchar suntasach acu agus tábhacht a leagan ar réimsí a bhféadfaí feabhsuithe suntasacha a chur orthu. Níor cheart torthaí fánacha a chur sna tuarascálacha . Bíodh sin mar atá , ag deireadh na gníomhaíochta meastóireachta, ba cheart don fhoireann na torthaí sin a chur in iúl don Bhallstát a ndearnadh meastóireacht air, lena n-áirítear na húdaráis a bhfuil an sásra rialaithe cáilíochta náisiúnta ábhartha faoina gcúram. Ba cheart don fhoireann a dícheall a dhéanamh na cleachtais is fearr a shainaithint lena gcur sna tuarascálacha. Go háirithe, i dtaca le bearta nua nuálacha a chuireann feabhas mór ar chur chun feidhme na rialacha comhchoiteanna ar bearta iad a d’fhéadfadh Ballstáit eile a chur i ngníomh, ba cheart na bearta sin a chur i dtábhacht mar dhea-chleachtas chun críocha na tuarascála.

(19)

Ba cheart gur ghairid iad na tuarascálacha meastóireachta agus go dtabharfaí cuntas iontu ar easnaimh arna sainaithint mar aon le tábhacht a leagan ar réimsí ar cheart feabhsuithe a chur orthu. Ag deireadh na gníomhaíochta meastóireachta, ba cheart don fhoireann na torthaí a chur in iúl don Bhallstát a ndearnadh meastóireacht air, lena n-áirítear na húdaráis a bhfuil an sásra rialaithe cáilíochta náisiúnta ábhartha faoina gcúram. Ba cheart don fhoireann a dícheall a dhéanamh na cleachtais is fearr a shainaithint lena gcur sna tuarascálacha. Go háirithe, i dtaca le bearta nua nuálacha a chuireann feabhas mór ar chur chun feidhme na rialacha comhchoiteanna ar bearta iad a d’fhéadfadh Ballstáit eile a chur i ngníomh, ba cheart na bearta sin a chur i dtábhacht mar dhea-chleachtas chun críocha na tuarascála.

Leasú 15

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 20

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(20)

Moltaí maidir leis na heasnaimh arna sainaithint a réiteach (lena n-áirítear sáruithe ar chearta bunúsacha), ba cheart na moltaí sin a bheith sna tuarascálacha meastóireachta go hiondúil agus ba cheart don Choimisiún iad a ghlacadh i ngníomh amháin trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme tríd an nós imeachta scrúdúcháin i gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 (36) . Nuair a chomhdhlúthaítear an tuarascáil agus na moltaí le chéile in aon doiciméad amháin atá faoi réir nós imeachta um ghlacadh amháin, treisítear an ceangal bunúsach idir torthaí na meastóireachta agus na moltaí. Sa bhreis air sin, i ngeall ar fhoilsiú brostaithe na moltaí, ba cheart gurbh fhéidir leis na Ballstáit na heasnaimh a réiteach ar bhealach ní ba thapa agus ní b’éifeachtúla. An tráth céanna, le húsáid an nós imeachta scrúdúcháin, ba cheart go n-áiritheofaí rannpháirtíocht na mBallstát sa phróiseas cinnteoireachta a mbeidh glacadh na moltaí ina thoradh air.

(20)

Moltaí maidir leis na heasnaimh arna sainaithint a réiteach (lena n-áirítear sáruithe ar chearta bunúsacha), ba cheart na moltaí sin a bheith sna tuarascálacha meastóireachta go hiondúil agus ba cheart don Choimisiún iad a ghlacadh i ngníomh amháin trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme tríd an nós imeachta scrúdúcháin i gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 (36) agus gan moill mhíchuí . Ba cheart aird a thabhairt, go háirithe, ar sháruithe ar chearta bunúsacha a shainaithint agus a leigheas . Nuair a chomhdhlúthaítear an tuarascáil agus na moltaí le chéile in aon doiciméad amháin atá faoi réir nós imeachta um ghlacadh amháin, treisítear an ceangal bunúsach idir torthaí na meastóireachta agus na moltaí. Sa bhreis air sin, i ngeall ar fhoilsiú brostaithe na moltaí, ba cheart gurbh fhéidir leis na Ballstáit na heasnaimh a réiteach ar bhealach ní ba thapa agus ní b’éifeachtúla. An tráth céanna, le húsáid an nós imeachta scrúdúcháin, ba cheart go n-áiritheofaí rannpháirtíocht na mBallstát sa phróiseas cinnteoireachta a mbeidh glacadh na moltaí ina thoradh air.

Leasú 16

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 22

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(22)

Sa bhreis air sin, i gcás ina sainaithneofar i meastóireacht gurb ann d’easnamh tromchúiseach, ba cheart feidhm a bheith ag forálacha sonracha lena n-áirithiú go nglacfar beart ceartaitheach go prapúil. I bhfianaise an riosca a bhaineann le heasnamh den sórt sin, a luaithe a chuirfear an t-easnamh tromchúiseach in iúl don Bhallstát a ndearnadh meastóireacht air, ba cheart don Bhallstát sin bearta a chur chun feidhme láithreach chun an t-easnamh a leigheas, lena n-áirítear, i gcás inar gá, na hacmhainní oibríochtúla agus airgeadais uile atá ar fáil a shlógadh. Ba cheart gníomhaíocht cheartaitheach a bheith faoi réir sprioc-amanna ní ba ghairide agus scrúdú polaitiúil agus meastóireacht ní ba ghrinne le linn an phróisis. Maidir leis sin, ba cheart don Choimisiún an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa a chur ar an eolas nuair a shuitear i meastóireacht gurb ann d’easnamh tromchúiseach agus ba cheart athchuairt i dtaca leis an easnamh tromchúiseach a eagrú nach déanaí ná bliain amháin ó dháta na meastóireachta chun a fhíorú an bhfuil na heasnaimh lena mbaineann leigheasta ag an mBallstát. Ba cheart don Choimisiún tuarascáil maidir le hathchuairt a chur bhráid na Comhairle tar éis na hathchuairte.

(22)

Sa bhreis air sin, i gcás ina sainaithneofar i meastóireacht gurb ann d’easnamh tromchúiseach, ba cheart feidhm a bheith ag forálacha sonracha lena n-áirithiú go nglacfar beart ceartaitheach go prapúil. I bhfianaise an riosca a bhaineann le heasnamh den sórt sin, a luaithe a chuirfear an t-easnamh tromchúiseach in iúl don Bhallstát a ndearnadh meastóireacht air, ba cheart don Bhallstát sin bearta a chur chun feidhme láithreach chun an t-easnamh a leigheas, lena n-áirítear, i gcás inar gá, na hacmhainní oibríochtúla agus airgeadais uile atá ar fáil a shlógadh. Ba cheart gníomhaíocht cheartaitheach a bheith faoi réir sprioc-amanna ní ba ghairide agus scrúdú polaitiúil agus meastóireacht ní ba ghrinne le linn an phróisis. Maidir leis sin, ba cheart don Choimisiún an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa a chur ar an eolas nuair a shuitear i meastóireacht gurb ann d’easnamh tromchúiseach agus ba cheart dó tuairisc a thabhairt maidir le haon imeachtaí um shárú atá ar siúl nó atá le déanamh i gcoinne an Bhallstáit a bhfuil meastóireacht déanta air. Ba cheart don Choimisiún freisin athchuairt i dtaca leis an easnamh tromchúiseach a eagrú tráth nach déanaí ná 180 lá ó dháta na meastóireachta chun a fhíorú an bhfuil na heasnaimh lena mbaineann leigheasta ag an mBallstát. Ba cheart don Choimisiún tuarascáil maidir le hathchuairt a chur faoi bhráid na Comhairle agus Pharlaimint na hEorpa tar éis na hathchuairte. I bhfianaise an mhórthionchar a d’fhéadfadh a bheith ag easnamh tromchúiseach ar limistéar Schengen, ba cheart don Choimisiún nós imeachta um shárú a sheoladh gan mhoill i gcomhréir leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh arna sainaithint.

Leasú 17

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 23

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(23)

Chun easnamh tromchúiseach a shainaithint, tá gá le measúnú críochnúil a dhéanamh de réir an cháis ar bhonn critéir shoiléire maidir le gné, scála agus tionchar féideartha na bhfadhbanna, ar critéir iad a d’fhéadfadh a bheith difriúil i gcás gach réimse beartais. Na príomheilimintí le haghaidh acquis Schengen a chur chun feidhme ar bhealach éifeachtach mar aon le teaglaim tosca éagsúla, is nithe iad a d’fhéadfadh bheith ina gcúis le toradh a aicmiú mar easnamh tromchúiseach. Mar sin féin, i gcás easnamh arna sainaithint, má mheastar go bhféadfadh an t-easnamh sin feidhmiú foriomlán an limistéir gan rialú teorannacha inmheánacha a chur i mbaol anois nó sa ghearrthéarma, nó go bhféadfadh sé tionchar diúltach suntasach a imirt ar chearta daoine aonair, ba cheart an t-easnamh sin a mheas mar easnamh tromchúiseach. I gcás ina sainaithneofar i dtuarascáil mheastóireachta gurb ann d’easnamh tromchúiseach maidir leis an rialú teorann a chur i gcrích ag na teorainneacha seachtracha, féadfaidh feidhm a bheith ag Airteagail 21 agus 29 de Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (37) .

(23)

Chun easnamh tromchúiseach a shainaithint, tá gá le measúnú críochnúil a dhéanamh de réir an cháis ar bhonn critéir shoiléire maidir le gné, scála agus tionchar féideartha na bhfadhbanna, ar critéir iad a d’fhéadfadh a bheith difriúil i gcás gach réimse beartais. Na príomheilimintí le haghaidh acquis Schengen a chur chun feidhme ar bhealach éifeachtach mar aon le teaglaim tosca éagsúla, is nithe iad a d’fhéadfadh bheith ina gcúis le toradh a aicmiú mar easnamh tromchúiseach. Mar sin féin, i gcás easnamh arna sainaithint, má mheastar go bhféadfadh an t-easnamh sin feidhmiú foriomlán an limistéir gan rialú teorannacha inmheánacha a chur i mbaol anois nó sa ghearrthéarma, nó go mbeadh tionchar diúltach aige ar chearta bunúsacha nó go bhféadfadh sé tionchar diúltach suntasach a imirt ar chearta daoine aonair, ba cheart an t-easnamh sin a mheas mar easnamh tromchúiseach. I gcás ina sainaithneofar i dtuarascáil mheastóireachta gurb ann d’easnamh tromchúiseach maidir leis an rialú teorann a chur i gcrích ag na teorainneacha seachtracha, féadfaidh feidhm a bheith ag Airteagail 21 agus 29 de Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (37) .

Leasú 18

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 26

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(26)

Tá sé riachtanach agus inmhianaithe go mbíonn plé ar siúl go rialta ar an leibhéal polaitiúil idir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle chun feasacht a mhéadú maidir le cur chun feidhme acquis Schengen, chun na Ballstáit a sháraíonn na rialacha comhchoiteanna go leanúnach a thabhairt chun cuntais agus chun an brú orthu a mhéadú na heasnaimh arna sainaithint a leigheas. Ba cheart don Choimisiún ionchur leormhaith a chur ar fáil chun an plé sin a éascú lena n-áirítear trí thuarascáil bhliantúil chuimsitheach a ghlacadh ina gcumhdaítear na meastóireachtaí a rinneadh le linn na bliana roimhe sin agus an staid atá ann ó thaobh chur chun feidhme na moltaí, rud a bheadh mar chuid den tuarascáil ar “Staid Schengen”. Moltar do Pharlaimint na hEorpa rúin a ghlacadh agus ba cheart don Chomhairle conclúidí a ghlacadh chun an brú a mhéadú ar na Ballstáit nach bhfuil dul chun cinn leordhóthanach á dhéanamh acu. Ba cheart do “Fhóram Schengen”, agus é ina chéim uathúil chun Schengen a phlé ar ardleibhéal le hionadaithe ó Pharlaimint na hEorpa, ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún, ba cheart dó ardán a chur ar fáil do phlé neamhfhoirmiúil d’fhonn acquis Schengen a chur chun feidhme ar bhealach níos fearr.

(26)

Tá sé riachtanach agus inmhianaithe go mbíonn plé ar siúl go rialta ar an leibhéal polaitiúil idir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle chun feasacht a mhéadú maidir le cur chun feidhme acquis Schengen, chun na Ballstáit a sháraíonn na rialacha comhchoiteanna go leanúnach a thabhairt chun cuntais agus chun an brú orthu a mhéadú na heasnaimh arna sainaithint a leigheas. Ba cheart go mbeadh an dá institiúid go hiomlán agus go cothrom ar an eolas faoi na forbairtí go léir i gcur chun feidhme acquis Schengen sna Ballstáit. Ba cheart don Choimisiún ionchur leormhaith a chur ar fáil chun an plé sin a éascú lena n-áirítear trí thuarascáil bhliantúil chuimsitheach a ghlacadh ina gcumhdaítear na meastóireachtaí a rinneadh le linn na bliana roimhe sin agus an staid atá ann ó thaobh chur chun feidhme na moltaí, rud a bheadh mar chuid den tuarascáil ar “Staid Schengen”. Moltar do Pharlaimint na hEorpa rúin a ghlacadh agus ba cheart don Chomhairle conclúidí a ghlacadh chun an brú a mhéadú ar na Ballstáit nach bhfuil dul chun cinn leordhóthanach á dhéanamh acu. Ba cheart do “Fhóram Schengen”, agus é ina chéim uathúil chun Schengen a phlé ar ardleibhéal le hionadaithe ó Pharlaimint na hEorpa, ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún, ba cheart dó ardán a chur ar fáil do phlé neamhfhoirmiúil d’fhonn acquis Schengen a chur chun feidhme ar bhealach níos fearr.

Leasú 19

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 28

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(28)

Stádas rúnaicmithe na tuarascála meastóireachta agus na tuarascála maidir le hathchuairt, ba cheart é a chinneadh i gcomhréir leis na rialacha slándála is infheidhme arna leagan amach i dTreoir (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún (38) . An Ballstát a ndearnadh meastóireacht air, ba cheart an deis a bheith aige i gcónaí rúnaicmiú na tuarascála nó codanna di a iarraidh i gcomhréir leis na rialacha slándála is infheidhme.

(28)

Stádas rúnaicmithe na tuarascála meastóireachta agus na tuarascála maidir le hathchuairt, ba cheart é a chinneadh i gcomhréir leis na rialacha slándála is infheidhme arna leagan amach i dTreoir (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún (38) . An Ballstát a ndearnadh meastóireacht air, ba cheart , i gcásanna eisceachtúla, an deis a bheith aige i gcónaí rúnaicmiú na tuarascála nó codanna di a iarraidh i gcomhréir leis na rialacha slándála is infheidhme.

Leasú 20

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 29

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(29)

I bhfianaise an róil ar leith a thugtar do Pharlaimint na hEorpa agus do na parlaimintí náisiúnta faoin abairt dheireanach d’Airteagal 70 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), mar a leagtar béim air in Airteagal 12, pointe (c), den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) a mhéid a bhaineann leis na parlaimintí náisiúnta, ba cheart don Chomhairle agus don Choimisiún Parlaimint na hEorpa agus na parlaimintí náisiúnta a chur go hiomlán ar an eolas maidir le hábhar agus torthaí na meastóireachtaí. Anuas air sin, dá mba rud é go gcuirfeadh an Coimisiún togra isteach le haghaidh an Rialachán seo a leasú, rachadh an Chomhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, i gcomhréir le hAirteagal 19(7), pointe (h) dá Rialacha Nós Imeachta (39) , chun an tuairim uaithi a chur san áireamh, a mhéid is féidir, roimh an téacs críochnaitheach a ghlacadh.

(29)

I bhfianaise an róil ar leith a thugtar do Pharlaimint na hEorpa agus do na parlaimintí náisiúnta faoin abairt dheireanach d’Airteagal 70 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), mar a leagtar béim air in Airteagal 12, pointe (c), den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) a mhéid a bhaineann leis na parlaimintí náisiúnta, ba cheart don Chomhairle agus don Choimisiún Parlaimint na hEorpa agus na parlaimintí náisiúnta a chur go hiomlán ar an eolas maidir le hábhar agus torthaí na meastóireachtaí tráth nach déanaí ná 14 lá tar éis an nós imeachta meastóireachta a thabhairt chun críche . Anuas air sin, dá mba rud é go gcuirfeadh an Coimisiún togra isteach le haghaidh an Rialachán seo a leasú, rachadh an Chomhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, i gcomhréir le hAirteagal 19(7), pointe (h) dá Rialacha Nós Imeachta (39) , chun an tuairim uaithi a chur san áireamh, a mhéid is féidir, roimh an téacs críochnaitheach a ghlacadh.

Leasú 21

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Leis an Rialachán seo bunaítear sásra meastóireachta agus faireacháin lena áirithiú go ndéanann na Ballstáit acquis Schengen a chur i bhfeidhm go héifeachtach , agus ar an gcaoi sin go gcuidíonn siad le limistéar dea-fheidhmiúil a bheith ann gan rialuithe ag teorainneacha inmheánacha.

1.   Leis an Rialachán seo bunaítear sásra meastóireachta agus faireacháin lena áirithiú go ndéanann na Ballstáit acquis Schengen a chur i bhfeidhm go héifeachtach, chun limistéar dea-fheidhmiúil gan rialuithe ag teorainneacha inmheánacha a áirithiú, agus cearta bunúsacha á n-urramú go hiomlán .

Leasú 22

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.   Féadfaidh na meastóireachtaí gach gné de acquis Schengen a chumhdach agus feidhmiú na n-údarás a chuireann acquis Schengen i bhfeidhm a chur san áireamh.

3.   Féadfaidh na meastóireachtaí gach gné de acquis Shengen a chumhdach , lena n-áirítear cur i bhfeidhm éifeachtach agus éifeachtúil beart tionlacain ag na Ballstáit i réimsí a bhaineann le teorainneacha seachtracha, an beartas maidir le víosaí, Córas Faisnéise Schengen , cosaint sonraí, comhar póilíneachta, comhar breithiúnach, chomh maith le heaspa rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha . Is éard a bheidh sna meastóireachtaí go léir measúnú ar chomhlíonadh na gceart bunúsach i gcomhthéacs na ngnéithe arna gcumhdach.

Leasú 23

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe d

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(d)

ciallaíonn “meastóireacht gan réamhfhógra” meastóireacht nach bhfuil sna cláir mheastóireachta bhliantúla agus ilbhliantúla, ar meastóireacht í chun a fhíorú go bhfuil acquis Schengen á chur i bhfeidhm ag Ballstát amháin nó níos mó i réimse beartais amháin nó níos mó;

(d)

ciallaíonn “meastóireacht gan réamhfhógra” meastóireacht a dhéantar gan aon réamhfhógra agus nach bhfuil sna cláir mheastóireachta bhliantúla agus ilbhliantúla, ar meastóireacht í chun a fhíorú go bhfuil acquis Schengen á chur i bhfeidhm ag Ballstát amháin nó níos mó i réimse beartais amháin nó níos mó;

Leasú 24

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe f a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(fa)

ciallaíonn “cuairt ar ghearrfhógra” cuairt, a dhéanann Ballstát le réamhfhógra 24 uair an chloig ar a mhéad ar mhaithe le seiceáil randamach a dhéanamh ar chur chun feidhme acquis Schengen ag Ballstát;

Leasú 25

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe i

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(i)

ciallaíonn “easnamh tromchúiseach” easnamh amháin nó níos mó a bhaineann le cur i bhfeidhm éifeachtach príomhghnéithe de acquis Schengen, easnaimh a bhfuil tionchar diúltach suntasach acu, ar bhonn aonair nó i dteaglaim, ar chearta daoine aonair nó ar fheidhmiú limistéar Schengen, nó a bhfuil baol ann go mbeidh an tionchar sin acu le himeacht ama;

(i)

ciallaíonn “easnamh tromchúiseach” easnamh amháin nó níos mó a bhaineann le cur i bhfeidhm éifeachtach acquis Schengen , nó cuid de, lena n-áirítear seasamh leis an gCairt, agus ar easnaimh iad a bhfuil tionchar diúltach acú nó a bhfuil baol ann go mbeadh tionchar diúltach acu ar an tsaorghluaiseacht, ar chearta daoine aonair nó ar fheidhmiú limistéar Schengen;

Leasú 26

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe k

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(k)

ciallaíonn “foireann” grúpa ina bhfuil saineolaithe arna n-ainmniú ag na Ballstáit agus ionadaithe ón gCoimisiún a dhéanann meastóireachtaí agus gníomhaíochtaí faireacháin.

(k)

ciallaíonn “foireann” grúpa ina bhfuil saineolaithe arna n-ainmniú ag na Ballstáit agus ionadaithe agus breathnóirí ón gCoimisiún arna n-ainmniú ag institiúidí, comhlachtaí nó gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais a dhéanann meastóireachtaí agus gníomhaíochtaí faireacháin.

Leasú 27

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe k a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ka)

ciallaíonn “breathnóir de chuid an Aontais” duine aonair a ainmníonn institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 7(1) atá rannpháirteach i meastóireacht nó i ngníomhaíocht faireacháin.

Leasú 28

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.   Oibreoidh na Ballstáit agus an Coimisiún go hiomlán i gcomhar ag gach céim de na meastóireachtaí ar mhaithe le cur chun feidhme éifeachtach an Rialacháin seo a áirithiú.

3.   Oibreoidh na Ballstáit, an Coimisiún agus an Chomhairle go hiomlán i gcomhar ag gach céim de na meastóireachtaí ar mhaithe le cur chun feidhme éifeachtach an Rialacháin seo a áirithiú , agus áiritheoidh siad ag an am céanna go gcoimeádfar Parlaimint na hEorpa go hiomlán ar an eolas faoi na forbairtí substainteacha go léir .

Leasú 29

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 4 – fomhír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Áiritheoidh siad go mbeidh an Coimisiún agus na foirne a dhéanann gníomhaíochtaí meastóireachta agus faireacháin in ann a gcúraimí a dhéanamh ar bhealach éifeachtach, go háirithe tríd an deis a thabhairt don Choimisiún agus do na foirne dul i dteagmháil go díreach leis na daoine ábhartha agus trí rochtain iomlán gan bhac a thabhairt ar na limistéir ar fad, ar na háitribh ar fad agus ar na doiciméid ar fad ar iarradh rochtain orthu, lena n-áirítear treoirlínte agus treoracha náisiúnta agus inmheánacha, mar aon le cinn rúnaicmithe.

Áiritheoidh siad go mbeidh an Coimisiún agus na foirne a dhéanann gníomhaíochtaí meastóireachta agus faireacháin in ann a gcúraimí a dhéanamh ar bhealach éifeachtach, go háirithe tríd an deis a thabhairt don Choimisiún agus do na foirne dul i dteagmháil go díreach agus go leithleach leis na daoine ábhartha agus trí rochtain iomlán gan bhac a thabhairt ar na limistéir ar fad, ar na háitribh ar fad agus ar na doiciméid ar fad ar iarradh rochtain orthu, lena n-áirítear treoirlínte agus treoracha náisiúnta agus inmheánacha, mar aon le cinn rúnaicmithe.

Leasú 30

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 5 – fomhír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Is é an Coimisiún a sheasfaidh na costais taistil agus lóistín le haghaidh na saineolaithe agus l e haghaidh an bhreathnóra dá dtagraítear in Airteagal 16(2), daoine atá rannpháirteach sna cuairteanna.

Is é an Coimisiún a sheasfaidh na costais taistil agus lóistín le haghaidh na saineolaithe agus le haghaidh na mbreathnóirí dá dtagraítear in Airteagal 16(2) agus le haghaidh breathnóirí Aontais atá rannpháirteach sna cuairteanna.

Leasú 31

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 1 – pointe c a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(c a)

meastóireachtaí arna ndéanamh ar ghearrfhógra;

Leasú 32

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 2 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)

chun meastóireacht a dhéanamh ar chleachtais ag teorainneacha inmheánacha;

(a)

chun meastóireacht a dhéanamh ar chleachtais ag teorainneacha inmheánacha , go háirithe i gcás ina raibh rialuithe ag teorainneacha inmheánacha i bhfeidhm le níos mó ná 180 lá agus i gcás ina raibh fianaise ann go ndearnadh sáruithe ar chearta bunúsacha.

Leasú 33

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 2 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)

nuair atá sé ar an eolas faoi fhadhbanna córasacha nó fadhbanna atá ag teacht chun cinn a d’fhéadfadh tionchar diúltach suntasach a bheith acu ar fheidhmiú limistéar Schengen;

(b)

nuair atá sé ar an eolas faoi fhadhbanna córasacha nó fadhbanna atá ann cheana a d’fhéadfadh tionchar diúltach suntasach a bheith acu ar fheidhmiú limistéar Schengen , lena n-áirítear imthosca as a bhféadfadh bagairtí inmheánacha slándála eascairt.

Leasú 34

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 2 – pointe c

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c)

nuair atá foras ann lena mheas go bhfuil Ballstát ag déanamh faillí thromchúiseach ina n-oibleagáidí faoi acquis Schengen lena n-áirítear líomhaintí maidir le sáruithe tromchúiseacha ar chearta bunúsacha ag na teorainneacha seachtracha.

(c)

nuair atá foras ann lena mheas go bhfuil Ballstát ag déanamh faillí ina n-oibleagáidí faoi acquis Schengen , go háirithe líomhaintí maidir le sáruithe tromchúiseacha ar chearta bunúsacha ag na teorainneacha seachtracha.

Leasú 35

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.   Féadfaidh an Coimisiún meastóireachtaí téamacha a eagrú, go háirithe chun measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme athruithe reachtacha suntasacha, de réir mar a thosóidh na hathruithe ag teacht i bhfeidhm, nó ar chur chun feidhme tionscnamh nua, nó chun measúnú a dhéanamh ar shaincheisteanna i réimsí beartais éagsúla ar chleachtais Ballstát a bhfuil dúshláin chomhchosúla rompu .

3.   Féadfaidh an Coimisiún meastóireachtaí téamacha a eagrú, go háirithe chun measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme athruithe reachtacha suntasacha, de réir mar a thosóidh na hathruithe ag teacht i bhfeidhm, nó ar chur chun feidhme tionscnamh nua, nó chun measúnú a dhéanamh ar shaincheisteanna i réimsí beartais éagsúla , nó ar bheartais agus ar chleachtais chomhchosúla ar fud na mBallstát .

Leasú 36

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 –fomhír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Féadfar meastóireachtaí agus gníomhaíochtaí faireacháin dá dtagraítear in Airteagail 4 agus 5 a dhéanamh trí bhíthin cuairteanna le réamhfhógra nó gan réamhfhógra, agus trí bhíthin ceistneoirí nó modhanna cianda eile.

Féadfar meastóireachtaí agus gníomhaíochtaí faireacháin dá dtagraítear in Airteagail 4 agus 5 a dhéanamh trí bhíthin cuairteanna le réamhfhógra , le gearrfhógra nó gan réamhfhógra, agus trí bhíthin ceistneoirí nó modhanna cianda eile. Níor cheart é sin a dhéanamh ach amháin nuair nach meastar go bhfuil gá le cuairteanna fisiciúla .

Leasú 37

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 1 – fomhír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Féadfaidh an Coimisiún socruithe a dhéanamh leis na comhlachtaí, na hoifigí agus na gníomhaireachtaí AE ar mhaithe leis an gcomhar a éascú.

Féadfaidh an Coimisiún socruithe a dhéanamh leis na comhlachtaí, na hoifigí agus na gníomhaireachtaí AE ar mhaithe leis an gcomhar a éascú agus cuireadh a thabhairt do chomhalta de chomhlachtaí, d’oifigí nó de ghníomhaireachtaí an Aontais páirt a ghlacadh sna foirne a dhéanann gníomhaíochtaí meastóireachta agus faireacháin, nuair is ábhartha .

Leasú 38

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 8 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Faoin 31 Lúnasa gach bliain, cuirfidh Frontex anailís riosca faoi bhráid an Choimisiúin agus na mBallstát ar mhaithe leis an gclár meastóireachta bliantúil dá dtagraítear in Airteagal 13 den Rialachán seo.

1.   Faoin 31 Lúnasa gach bliain, cuirfidh Frontex anailísí riosca faoi bhráid an Choimisiúin agus na mBallstát ar mhaithe leis an gclár meastóireachta bliantúil dá dtagraítear in Airteagal 13 den Rialachán seo.

Leasú 39

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 8 – mír 2 – fomhír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

An anailís riosca dá dtagraítear i mír 1, cumhdóidh sí gach gné ábhartha a bhaineann leis an mbainistiú comhtháite teorainneacha agus beidh moltaí inti freisin maidir le cuairteanna gan réamhfhógra sa bhliain ina dhiaidh sin, gan beann ar ord na mBallstát a bhfuil meastóireacht le déanamh orthu gach bliain, de réir mar a bhunófar sa chlár meastóireachta ilbhliantúil i gcomhréir le hAirteagal 12.

Na hanailísí riosca dá dtagraítear i mír 1, cumhdóidh siad gach gné ábhartha de bhainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip, mar a leagtar síos in Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2019/1896, agus áireofar comhpháirt maidir le cearta bunúsacha iontu, agus beidh moltaí iontu freisin maidir le cuairteanna gan réamhfhógra nó ar ghearrfhógra sa bhliain ina dhiaidh sin, gan beann ar ord na mBallstát a bhfuil meastóireacht le déanamh orthu gach bliain, de réir mar a bhunófar sa chlár meastóireachta ilbhliantúil i gcomhréir le hAirteagal 12.

Leasú 40

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 8 – mír 2 – fomhír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Féadfaidh na moltaí sin a bheith bainteach le haon réigiún nó limistéar sonrach agus beidh liosta de dheich gcuid shonracha de na teorainneacha seachtracha ar a laghad agus 10 bpointe trasnaithe teorann shonracha ar a laghad sna moltaí sin, mar aon le suíomhanna sonracha atá ábhartha maidir le meastóireacht a dhéanamh ar chomhlíontacht Threoir 2008/115/CE (47), agus faisnéis ábhartha eile.

Féadfaidh na moltaí sin a bheith bainteach le haon réigiún nó limistéar sonrach agus beidh liosta de dheich gcuid shonracha de na teorainneacha seachtracha ar a laghad agus 10 bpointe trasnaithe teorann shonracha ar a laghad sna moltaí sin, mar aon le suíomhanna sonracha atá ábhartha maidir le meastóireacht a dhéanamh ar chomhlíontacht Threoir 2008/115/CE (47), agus faisnéis ábhartha eile.

 

Cuirfidh an Coimisiún anailísí riosca ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle gan mhoill i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/1896.

Leasú 41

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 9a

Comhar le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha

I gcomhréir le hAirteagal 4(1), pointe (a) agus pointe (d), de Rialachán (CE) Uimh. 168/2007  (1a) ón gComhairle, faoin 31 Lúnasa gach bliain, cuirfidh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha conclúidí maidir lena measúnú foriomlán ar chearta bunúsacha i ndáil le cur chun feidhme acquis Schengen faoi bhráid an Choimisiúin d’fhonn a conclúidí a sholáthar dó agus an clár meastóireachta bliantúil dá dtagraítear in Airteagal 13 á tharraingt suas aici.

 

Leasú 42

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Torthaí na sásraí agus na n-ionstraimí ábhartha, lena n-áirítear gníomhaíochtaí meastóireachta agus faireacháin a dhéanann na comhlachtaí, na hoifigí agus na gníomhaireachtaí AE a bhfuil baint acu le cur chun feidhme acquis Schengen, gníomhaíochtaí a dhéanann Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, agus gníomhaíochtaí a dhéanann sásraí agus comhlachtaí faireacháin náisiúnta neamhspleácha agus sásraí rialaithe cáilíochta náisiúnta eile, is torthaí iad a bhainfidh an Coimisiún úsáid astu nuair a bheidh a chuid gníomhaíochtaí meastóireachta agus faireacháin féin á n-ullmhú aige, ar mhaithe le feasacht a fheabhsú maidir le feidhmiú limistéar Schengen agus ar mhaithe le dúbláil iarrachtaí agus bearta a thagann salach ar a chéile a sheachaint.

1.   Torthaí na sásraí agus na n-ionstraimí ábhartha, lena n-áirítear gníomhaíochtaí meastóireachta agus faireacháin a dhéanann na comhlachtaí, na hoifigí agus na gníomhaireachtaí AE a bhfuil baint acu le cur chun feidhme acquis Schengen, gníomhaíochtaí a dhéanann Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, agus gníomhaíochtaí a dhéanann sásraí agus comhlachtaí faireacháin náisiúnta neamhspleácha agus sásraí rialaithe cáilíochta náisiúnta eile, is torthaí iad a bhainfidh an Coimisiún úsáid astu nuair a bheidh a chuid gníomhaíochtaí meastóireachta agus faireacháin féin á n-ullmhú aige , chun an gá atá le meastóireacht nó meastóireachtaí gan réamhfhógra a dhéanamh ar ghearrfhógra agus ar mhaithe le feasacht a fheabhsú maidir le feidhmiú limistéar Schengen agus ar mhaithe le dúbláil iarrachtaí agus bearta a thagann salach ar a chéile a sheachaint.

Leasú 43

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 3 – fomhír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Déanfar an fhaisnéis a chomhroinnt i gcomhréir le sainorduithe na gcomhlachtaí, na n-oifigí agus na ngníomhaireachtaí AE lena mbaineann.

Déanfar an fhaisnéis a chomhroinnt i gcomhréir le sainorduithe na gcomhlachtaí, na n-oifigí agus na ngníomhaireachtaí AE lena mbaineann. Déanfar an chomhroinnt faisnéise sin chun a áirithiú go mbeidh feasacht staide fheabhsaithe ag na comhlachtaí, na hoifigí agus na gníomhaireachtaí sin lena mbaineann de chuid an Aontais agus go mbeidh cumas freagartha oibríochtúil fheabhsaithe acu.

Leasú 44

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

I gclársceidealú agus i gcur chun feidhme na meastóireachtaí agus na ngníomhaíochtaí faireacháin, cuirfidh an Coimisiún san áireamh faisnéis a sholáthróidh tríú páirtithe, lena n-áirítear údaráis neamhspleácha, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta.

I gclársceidealú agus i gcur chun feidhme na meastóireachtaí agus na ngníomhaíochtaí faireacháin, go háirithe chun a chinneadh an bhfuil gá le meastóireachtaí neamhfhógartha i gcomhréir le hAirteagal 4(2) agus (2a), cuirfidh an Coimisiún san áireamh faisnéis agus moltaí a sholáthróidh tríú páirtithe ábhartha , lena n-áirítear údaráis neamhspleácha, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta amhail institiúidí agus comhlachtaí na Náisiún Aontaithe agus Chomhairle na hEorpa . I gcás ina ndeimhneoidh an mheastóireacht go bhfuil easnaimh ann ar tharraing tríú páirtithe aird orthu san fhaisnéis a sholáthraíonn siad, beidh an deis ag na Ballstáit barúil a thabhairt.

Leasú 45

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 12 – mír 1 – fomhír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

I ngach timthriall meastóireachta ilbhliantúil, déanfar meastóireacht thréimhsiúil amháin ar gach Ballstát mar aon le meastóireacht gan réamhfhógra nó meastóireacht théamach amháin ar a laghad.

I ngach timthriall meastóireachta ilbhliantúil, déanfar meastóireacht thréimhsiúil amháin ar gach Ballstát mar aon le meastóireacht gan réamhfhógra nó ar ghearrfhógra, chomh maith le meastóireacht théamach amháin nó níos nó . Eagróidh an Coimisiún meastóireachtaí gan réamhfhógra de bhun Airteagal 4 aon uair a thiocfaidh na himthosca dá bhforáiltear san Airteagal sin chun cinn.

Leasú 46

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 12 – mír 3 – fomhír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Sainaithneoidh an clár meastóireachta ilbhliantúil réimsí tosaíochta sonracha a bheidh le cumhdach faoi na meastóireachtaí tréimhsiúla agus beidh sceideal ama sealadach le haghaidh na meastóireachtaí sin sa chlár.

Sainaithneoidh an clár meastóireachta ilbhliantúil , i gcomhréir le hAirteagal 4, na gnéithe sin de acquis Schengen a bheidh le cumhdach faoi na meastóireachtaí tréimhsiúla agus beidh sceideal ama sealadach le haghaidh na meastóireachtaí sin sa chlár.

Leasú 47

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 12 – mír 3 – fomhír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Leagfaidh sé amach liosta sealadach de na Ballstáit atá le bheith faoi réir na meastóireachtaí tréimhsiúla, gan dochar do choigeartuithe a dhéanfar faoi mhír 4 i mbliain ar leith. An t-ord sealadach ina bhfuil na Ballstáit le bheith faoi réir meastóireacht tréimhsiúil, cuirfear san áireamh ann an t-am a chuaigh thart ó rinneadh an mheastóireacht thréimhsiúil roimhe sin. Cuirfear san áireamh ann freisin toradh na meastóireachtaí a rinneadh roimhe sin, luas chur chun feidhme na bpleananna gníomhaíochta, agus faisnéis ábhartha eile atá ar fáil don Choimisiún maidir le cleachtais na mBallstát.

Leagfaidh sé amach liosta sealadach de na Ballstáit atá le bheith faoi réir na meastóireachtaí tréimhsiúla , mar aon leis na hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais a dhéanann feidhmeanna a bhaineann le cur chun feidhme acquis Schengen sna Ballstáit ábhartha , gan dochar do choigeartuithe a dhéanfar faoi mhír 4 i mbliain ar leith. An t-ord sealadach ina bhfuil na Ballstáit le bheith faoi réir meastóireacht tréimhsiúil, cuirfear san áireamh ann an t-am a chuaigh thart ó rinneadh an mheastóireacht thréimhsiúil roimhe sin. Cuirfear san áireamh ann freisin toradh na meastóireachtaí a rinneadh roimhe sin, luas chur chun feidhme na bpleananna gníomhaíochta, agus faisnéis ábhartha eile atá ar fáil don Choimisiún maidir le cleachtais na mBallstát.

Leasú 48

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 14 – mír 1 – fomhír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Agus an ceistneoir á tharraingt suas ag an gCoimisiún, féadfaidh sé dul i gcomhairle leis na comhlachtaí, na hoifigí agus na gníomhaireachtaí AE ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 7.

Agus an ceistneoir á tharraingt suas ag an gCoimisiún, féadfaidh sé dul i gcomhairle leis na comhlachtaí, na hoifigí agus na gníomhaireachtaí AE ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 7. Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, tagarmharcanna sonracha a áireamh sa cheistneoir ar ina leith a dhéanann na foirne meastóireachta measúnú ar chomhlíonadh na gceart bunúsach.

Leasú 49

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 14 – mír 4 – fomhír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Cuirfidh an Coimisiún na freagraí ar fáil do na Ballstáit eile.

Cuirfidh an Coimisiún na freagraí ar fáil do na Ballstáit eile agus do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle .

Leasú 50

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 16 – mír 1 – fomhír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Áiritheoidh na Ballstáit agus an Coimisiún, i gcomhar leis na comhlachtaí, na oifigí nó na gníomhaireachtaí AE ábhartha, go bhfaighidh saineolaithe ó na Ballstáit agus ionadaithe ón gCoimisiún oiliúint leormhaith le bheith ina meastóirí Schengen.

Áiritheoidh na Ballstáit agus an Coimisiún, i gcomhar leis na comhlachtaí, na oifigí nó na gníomhaireachtaí AE ábhartha, go bhfaighidh saineolaithe ó na Ballstáit agus ionadaithe ón gCoimisiún oiliúint leormhaith le bheith ina meastóirí Schengen. Beidh cur i gcrích na hoiliúna sin éigeantach do gach saineolaí atá rannpháirteach i bhfoireann a dhéanann gníomhaíocht mheastóireachta nó faireacháin i gcomhréir le hAirteagal 18.

Leasú 51

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 16 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.   Chun críoch oiliúna, féadfar “breathnóir” ó Bhallstát ón gCoimisiún a bheith ar gach foireann a dhéanann meastóireachtaí tréimhsiúla.

2.   Chun críoch oiliúna, féadfaidh breathnóir ó Bhallstát , ón gCoimisiún nó ó chomhlacht, oifig nó gníomhaireacht de chuid an Aontais atá bainteach le cur chun feidhme acquis Schengen a bheith san áireamh i ngach foireann a dhéanann meastóireachtaí tréimhsiúla.

Leasú 52

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Féadfaidh an Coimisiún díorma saineolaithe a chur ar bun gach bliain i gcomhar leis na Ballstáit, ar saineolaithe iad a bhfuil cúlra gairmiúil acu a chumhdaíonn na réimsí tosaíochta sonracha a leagtar amach sa chlár meastóireachta ilbhliantúil.

1.   Féadfaidh an Coimisiún díorma saineolaithe a chur ar bun gach bliain i gcomhar leis na Ballstáit, ar saineolaithe iad a bhfuil cúlra gairmiúil acu a áiríonn na gnéithe sin de acquis Schengen a bheidh le cumhdach i gcomhréir le chlár meastóireachta ilbhliantúil.

Leasú 53

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.   I gcomhthráth le cur ar bun an chláir meastóireachta ilbhliantúil i gcomhréir le hAirteagal 13(1), ar iarraidh ón gCoimisiún, ainmneoidh na Ballstáit saineolaí cáilithe amháin ar a laghad in aghaidh gach réimse shonraigh a sainaithníodh sa chlár meastóireachta ilbhliantúil le haghaidh dhíorma saineolaithe na bliana ina dhiaidh sin.

2.   I gcomhthráth le cur ar bun an chláir meastóireachta ilbhliantúil i gcomhréir le hAirteagal 13(1), ar iarraidh ón gCoimisiún, ainmneoidh na Ballstáit saineolaí cáilithe amháin ar a laghad in aghaidh gach gné de acquis Schengen a bhfuil meastóireacht le déanamh uirthi mar a leagtar síos sa chlár meastóireachta ilbhliantúil le haghaidh dhíorma saineolaithe na bliana ina dhiaidh sin.

Leasú 54

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 11

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

11.   Coimeádfaidh an Coimisiún liosta na saineolaithe atá sa díorma cothrom le dáta agus cuirfidh sé na Ballstáit ar an eolas faoi líon na saineolaithe atá ainmnithe in aghaidh an Bhallstáit agus faoi phróifílí na saineolaithe.

11.   Coimeádfaidh an Coimisiún liosta na saineolaithe atá sa díorma cothrom le dáta agus cuirfidh sé na Ballstáit , Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi líon na saineolaithe atá ainmnithe in aghaidh an Bhallstáit agus faoi phróifílí na saineolaithe.

Leasú 55

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 18 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Saineoidh an Coimisiún líon na saineolaithe ó na Ballstáit agus líon na n-ionadaithe ón gCoimisiún a bheidh rannpháirteach i bhfoireann ar bhonn shaintréithe agus riachtanais na gníomhaíochta meastóireachta nó faireacháin. Roghnóidh an Coimisiún saineolaithe ón díorma saineolaithe le bheith ina mbaill ar fhoireann.

1.   Saineoidh an Coimisiún líon na saineolaithe ó na Ballstáit agus líon na n-ionadaithe ón gCoimisiún a bheidh rannpháirteach i bhfoireann ar bhonn shaintréithe agus riachtanais na gníomhaíochta meastóireachta nó faireacháin. Roghnóidh an Coimisiún saineolaithe ón díorma saineolaithe le bheith ina mbaill ar fhoireann. Beidh oiliúint leordhóthanach dá dtagraítear in Airteagal 16(1) curtha ar chomhaltaí uile na foirne, seachas breathnóirí nó breathnóirí an Aontais.

Leasú 56

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 18 – mír 2 – fomhír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Ní bheidh saineolaithe ó na Ballstáit rannpháirteach i bhfoireann a dhéanann gníomhaíocht mheastóireachta nó faireacháin ar an mBallstát ina bhfuil siad fostaithe.

Ní bheidh saineolaithe ó na Ballstáit rannpháirteach i bhfoireann a dhéanann gníomhaíocht mheastóireachta nó faireacháin ar an mBallstát ina bhfuil siad fostaithe. Thairis sin, i gcás ina bhfuil meastóireacht á déanamh ar ghníomhaíochtaí comhlachta, oifige nó gníomhaireachta de chuid an Aontais i mBallstat mar chuid de mheastóireacht an Bhallstáit sin, ní bheidh aon saineolaí ná breathnóir ón gcomhlacht, ón oifig ná ón ngníomhaireacht sin de chuid an Aontais rannpháirteach sa mheastóireacht.

Leasú 57

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 18 – mír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4.   I gcás cuairteanna gan réamhfhógra, seolfaidh an Coimisiún na cuirí tráth nach déanaí ná coicís roimh an dáta a bhfuil sé sceidealaithe tús a chur leis an gcuairt. Tabharfaidh na saineolaithe freagra laistigh de 72 uair an chloig ón dáta a gheobhaidh siad an cuireadh, i gcomhaontú lena n-údaráis ainmniúcháin.

4.   I gcás cuairteanna gan réamhfhógra nó ar ghearrfhógra, seolfaidh an Coimisiún na cuirí tráth nach déanaí ná coicís roimh an dáta a bhfuil sé sceidealaithe tús a chur leis an gcuairt. Tabharfaidh na saineolaithe freagra laistigh de 72 uair an chloig ón dáta a gheobhaidh siad an cuireadh, i gcomhaontú lena n-údaráis ainmniúcháin.

Leasú 58

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 18 – mír 6 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

6a.     Iarrfaidh an Coimisiún ar Pharlaimint na hEorpa freisin ionadaí a sheoladh chun breathnú ar na hathchuairteanna mar bhreathnóir de chuid an Aontais.

Leasú 59

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 18 – mír 8

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

8.   Má mhainníonn an Coimisiún deimhniú a fháil maidir le rannpháirtíocht an lín saineolaithe is gá ón díorma sé seachtaine ar a laghad roimh an dáta a bhfuil sé sceidealaithe tús a chur leis an ngníomhaíocht mheastóireachta nó faireacháin, nó seachtain amháin ar a laghad i gcás cuairteanna gan réamhfhógra, iarrfaidh an Coimisiún ar na Ballstáit ar fad gan mhoill saineolaithe cáilithe a ainmniú lasmuigh den díorma le haghaidh na bhfolúntas sin.

8.   Má mhainníonn an Coimisiún deimhniú a fháil maidir le rannpháirtíocht an lín saineolaithe is gá ón díorma sé seachtaine ar a laghad roimh an dáta a bhfuil sé sceidealaithe tús a chur leis an ngníomhaíocht mheastóireachta nó faireacháin, nó 7 lá ar a laghad i gcás cuairteanna gan réamhfhógra nó ar ghearrfhógra , iarrfaidh an Coimisiún ar na Ballstáit ar fad gan mhoill saineolaithe cáilithe a ainmniú lasmuigh den díorma le haghaidh na bhfolúntas sin.

Leasú 60

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 18 – mír 9 – fomhír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Ainmneoidh an Coimisiún príomhshaineolaí ón gCoimisiún agus molfaidh sé an príomhshaineolaí ón mBallstát. Ainmneoidh na baill den fhoireann an príomhshaineolaí ón mBallstát a luaithe is féidir tar éis an fhoireann a chur ar bun.

Ainmneoidh an Coimisiún príomhshaineolaí ón gCoimisiún agus molfaidh sé an príomhshaineolaí ón mBallstát. Ainmneoidh na baill den fhoireann an príomhshaineolaí ón mBallstát a luaithe is féidir tar éis an fhoireann a chur ar bun. Ainmneoidh an Coimisiún saineolaí a bheidh freagrach as gnéithe den chuairt nó den mheastóireacht a bhaineann le cearta bunúsacha.

Leasú 61

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 19 – mír 2 – fomhír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

An clár mionsonraithe le haghaidh na gcuairteanna i mBallstát nó i gconsalachtaí Ballstáit, is é an Coimisiún a chuirfidh an clár sin ar bun, i ndlúthchomhar leis na príomhshaineolaithe agus leis an mBallstát lena mbaineann.

An clár mionsonraithe le haghaidh na gcuairteanna i mBallstát nó i gconsalachtaí Ballstáit, is é an Coimisiún a chuirfidh an clár sin ar bun, i ndlúthchomhar leis na príomhshaineolaithe agus leis an mBallstát lena mbaineann. Seolfaidh an Coimisiún an clár mionsonraithe chuig an bParlaimint náisiúnta ábhartha.

Leasú 62

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 19 – mír 4 – fomhír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Na cuairteanna gan réamhfhógra, déanfar iad gan fógra a thabhairt roimh ré don Bhallstát lena mbaineann. Mar eisceacht air sin, féadfaidh an Coimisiún fógra a thabhairt don Bhallstát lena mbaineann 24 uair an chloig ar a laghad roimh an am a bhfuil an chuairt le bheith ar siúl nuair is é is príomhchuspóir don chuairt gan réamhfhógra sin fíorú randamach a dhéanamh ar chur chun feidhme acquis Schengen.

Na cuairteanna gan réamhfhógra, déanfar iad gan fógra a thabhairt roimh ré don Bhallstát lena mbaineann. Is é an Coimisiún a chuirfidh an clár mionsonraithe le haghaidh cuairteanna gan réamhfhógra ar bun .

Leasú 63

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 19 – mír 4 – fomhír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Is é an Coimisiún a chuirfidh an clár mionsonraithe le haghaidh cuairteanna gan réamhfhógra ar bun. I gcás ina mbeidh fógra tugtha do na Ballstáit, féadfaidh an Coimisiún an clár ama agus an clár mionsonraithe a cheadú leis an mBallstát lena mbaineann.

scriosta

Leasú 64

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 19 – mír 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5.   I ndlúthchomhar leis na Ballstáit, féadfaidh an Coimisiún Treoirlínte a bhunú maidir le cuairteanna gan réamhfhógra a dhéanamh agus iad a thabhairt cothrom le dáta.

5.   I ndlúthchomhar leis na Ballstáit, féadfaidh an Coimisiún Treoirlínte a bhunú maidir le cuairteanna gan réamhfhógra nó ar ghearrfhógra a dhéanamh agus iad a thabhairt cothrom le dáta agus féadfaidh sé dul i gcomhairle leis na Ballstáit .

Leasú 65

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 20 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

I gcomhar leis na Ballstáit, féadfaidh an Coimisiún Treoirlínte a bhunú maidir gníomhaíochtaí meastóireachta agus faireacháin a dhéanamh trí bhíthin ceistneoirí nó modhanna cianda eile.

I gcomhar leis na Ballstáit, féadfaidh an Coimisiún Treoirlínte a bhunú maidir gníomhaíochtaí meastóireachta agus faireacháin a dhéanamh trí bhíthin ceistneoirí, nó modhanna cianda eile , mar modhanna comhlántacha . Ní bhainfear úsáid as modhanna ciana ach amháin i gcás nach meastar go bhfuil gá le cuairteanna fisiciúla.

Leasú 66

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 21 – mír 1 – fomhír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Tarchuirfidh an Coimisiún an tuarascáil mheastóireachta chuig na parlaimintí náisiúnta, chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

Tarchuirfidh an Coimisiún an tuarascáil mheastóireachta chuig na parlaimintí náisiúnta, chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle tráth nach déanaí ná 14 lá tar éis ghlacadh na tuarascála .

Leasú 67

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 21 – mír 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5.   Beidh moltaí sa tuarascáil mheastóireachta maidir le gníomhaíochtaí ceartaitheacha arb é is aidhm dóibh aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh agus na réimsí a bhféadfaí feabhas a chur orthu a sainaithníodh le linn na meastóireachta agus tabharfar léiriú inti ar na tosaíochtaí maidir lena gcur chun feidhme. Féadfar sprioc-amanna a leagan síos sa tuarascáil mheastóireachta maidir le cur chun feidhme na moltaí. I gcás ina sainaithneofar sa mheastóireacht gurb ann d’easnamh tromchúiseach, beidh feidhm ag na forálacha sonracha a leagtar amach in Airteagal 23.

5.   Beidh moltaí sa tuarascáil mheastóireachta maidir le gníomhaíochtaí ceartaitheacha arb é is aidhm dóibh aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh agus na réimsí a bhféadfaí feabhas a chur orthu a sainaithníodh le linn na meastóireachta agus tabharfar léiriú inti ar na tosaíochtaí maidir lena gcur chun feidhme. Déanfar sprioc-amanna a leagan síos freisin sa tuarascáil mheastóireachta maidir le cur chun feidhme na moltaí. I gcás ina sainaithneofar sa mheastóireacht gurb ann d’easnamh tromchúiseach, beidh feidhm ag na forálacha sonracha a leagtar amach in Airteagal 23.

Leasú 68

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 21 – mír 6

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

6.   Tarchuirfidh an Coimisiún an dréacht-tuarascáil mheastóireachta chuig an mBallstát a ndearnadh meastóireacht air laistigh de cheithre seachtaine ó dheireadh na gníomhaíochta meastóireachta. Cuirfidh an Ballstát a ndearnadh meastóireacht air a bharúlacha maidir leis an dréacht-tuarascáil mheastóireachta ar fáil laistigh de dhá sheachtain tar éis dó í a fháil. Tionólfar cruinniú maidir le dréachtú arna iarraidh sin don Bhallstát a ndearnadh meastóireacht air, tráth nach déanaí ná cúig lá oibre tar éis na barúlacha a fháil ón mBallstát a ndearnadh meastóireacht air. Féadfar barúlacha an Bhallstáit a ndearnadh meastóireacht air a léiriú sa dréacht-tuarascáil mheastóireachta.

6.   Tarchuirfidh an Coimisiún an dréacht-tuarascáil mheastóireachta chuig an mBallstát a ndearnadh meastóireacht air laistigh de cheithre seachtaine ó dheireadh na gníomhaíochta meastóireachta. Cuirfidh an Ballstát a ndearnadh meastóireacht air a bharúlacha maidir leis an dréacht-tuarascáil mheastóireachta ar fáil laistigh de dhá sheachtain tar éis dó í a fháil. Tionólfar cruinniú maidir le dréachtú arna iarraidh sin don Bhallstát a ndearnadh meastóireacht air, tráth nach déanaí ná cúig lá oibre tar éis na barúlacha a fháil ón mBallstát a ndearnadh meastóireacht air. Léireofar go hiomlán barúlacha an Bhallstáit a ndearnadh meastóireacht air sa dréacht-tuarascáil mheastóireachta.

Leasú 69

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 21 – mír 6 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

6a.     I gcás ina n-áireofar sa dréacht-tuarascáil mheastóireachta torthaí a bhaineann le gníomhaíochtaí comhlachta, oifige nó gníomhaireachta de chuid an Aontais a bhfuil baint acu le cur chun feidhme acquis Schengen, beidh feidhm mutatis mutandis ag an nós imeachta a leagtar amach i mír 6.

Leasú 70

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 21 – mír 6 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

6b.     Cuirfidh na tuarascálacha meastóireachta dá dtagraítear san Airteagal seo agus in Airteagal 23 den Rialachán seo leis an measúnú ar chur i bhfeidhm agus cur chun feidhme éifeachtach na Cairte i gcomhréir le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  (1a) agus le hIarscríbhinn III a ghabhann leis.

Leasú 71

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 22 – mír 2 – fomhír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Tar éis don Choimisiún dul i gcomhairle leis an bhfoireann a rinne an ghníomhaíocht mheastóireachta, cuirfidh sé a chuid tuairimí maidir le sásúlacht an phlean gníomhaíochta ar fáil agus, laistigh de mhí amháin ón dáta a chuirfear an plean isteach, cuirfidh sé a chuid tuairimí in iúl don Bhallstát a ndearnadh meastóireacht air. Féadfaidh an Chomhairle iarraidh ar na Ballstáit barúlacha a thabhairt maidir leis an bplean gníomhaíochta.

Tar éis don Choimisiún dul i gcomhairle leis an bhfoireann a rinne an ghníomhaíocht mheastóireachta, cuirfidh sé a chuid tuairimí maidir le sásúlacht an phlean gníomhaíochta ar fáil agus, laistigh de mhí amháin ón dáta a chuirfear an plean isteach, cuirfidh sé a chuid tuairimí in iúl don Bhallstát a ndearnadh meastóireacht air. Iarrfaidh an Chomhairle ar na Ballstáit eile a mbarúlacha a thabhairt maidir leis an bplean gníomhaíochta faoi chuimsiú an idirphlé pholaitiúil fheabhsaithe .

Leasú 72

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 22 – mír 3 – fomhír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Tuairisceoidh an Ballstát a ndearnadh meastóireacht air don Choimisiún agus don Chomhairle maidir le cur chun feidhme a phlean gníomhaíochta gach sé mhí ón dáta a ghlacfar an tuarascáil mheastóireachta go dtí go measfaidh an Coimisiún go bhfuil an plean gníomhaíochta curtha chun feidhme ina iomláine. Féadfaidh an Coimisiún a éileamh ar an mBallstát a ndearnadh meastóireacht air cloí le minicíocht eile maidir leis an tuairisciú, ag brath ar chineál na n-easnamh agus ar staid chur chun feidhme na moltaí.

Tuairisceoidh an Ballstát a ndearnadh meastóireacht air don Choimisiún agus don Chomhairle maidir le cur chun feidhme a phlean gníomhaíochta gach sé mhí ón dáta a ghlacfar an tuarascáil mheastóireachta go dtí go measfaidh an Coimisiún go bhfuil an plean gníomhaíochta curtha chun feidhme ina iomláine. Féadfaidh an Coimisiún a éileamh ar an mBallstát a ndearnadh meastóireacht air cloí le minicíocht eile maidir leis an tuairisciú, ag brath ar chineál na n-easnamh agus ar staid chur chun feidhme na moltaí. Más rud é, tar éis 24 mhí ó ghlacadh na tuarascála meastóireachta, go measfaidh an Coimisiún nár tugadh aghaidh ar na moltaí go léir go leordhóthanach agus nár cuireadh an plean gníomhaíochta chun feidhme go hiomlán, cuirfidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a seasamh ar an ábhar in iúl trí chinneadh réasúnaithe.

Leasú 73

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 22 – mír 3 – fomhír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi staid chur chun feidhme na bpleananna gníomhaíochta dhá uair sa bhliain ar a laghad. Déanfaidh an Coimisiún, go háirithe, faisnéis a sholáthar faoina chuid tuairimí maidir le sásúlacht na bpleananna gníomhaíochta dá dtagraítear i mír 2, faoi thoradh na n-athchuairteanna agus na gcuairteanna fíorúcháin, agus faoina bharúil an ann d’easpa shuntasach dul chun cinn i ndáil le plean gníomhaíochta a chur chun feidhme.

Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus na parlaimintí náisiúnta lena mbaineann ar an eolas faoi staid chur chun feidhme na bpleananna gníomhaíochta dhá uair sa bhliain ar a laghad. Déanfaidh an Coimisiún, go háirithe, faisnéis a sholáthar faoina chuid tuairimí maidir le sásúlacht na bpleananna gníomhaíochta dá dtagraítear i mír 2, faoi thoradh na n-athchuairteanna agus na gcuairteanna fíorúcháin, agus faoina bharúil an ann d’easpa shuntasach dul chun cinn i ndáil le plean gníomhaíochta a chur chun feidhme.

Leasú 74

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 23 – mír 2 – fomhír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Déanfaidh an Ballstát a ndearnadh meastóireacht air bearta ceartaitheacha láithreacha lena n-áirítear, i gcás inar gá, na hacmhainní oibríochtúla agus airgeadais uile atá ar fáil a shlógadh. Cuirfidh an Ballstát a ndearnadh meastóireacht air an Coimisiún agus na Ballstáit ar an eolas gan mhoill faoi na gníomhaíochtaí ceartaitheacha láithreacha a rinneadh nó atá beartaithe. I gcomhthráth leis sin, cuirfidh an Coimisiún na comhlachtaí, na hoifigí agus na gníomhaireachtaí AE lena mbaineann dá dtagraítear in Airteagal 7 ar an eolas faoin easnamh tromchúiseach i bhfianaise na tacaíochta a d’fhéadfadh siad a thabhairt don Bhallstát a ndearnadh meastóireacht air. Cuirfidh an Coimisiún an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar an eolas freisin.

Déanfaidh an Ballstát a ndearnadh meastóireacht air bearta ceartaitheacha láithreacha lena n-áirítear, i gcás inar gá, na hacmhainní oibríochtúla agus airgeadais uile atá ar fáil a shlógadh. Cuirfidh an Ballstát a ndearnadh meastóireacht air an Coimisiún agus na Ballstáit ar an eolas gan mhoill faoi na gníomhaíochtaí ceartaitheacha láithreacha a rinneadh nó atá beartaithe. I gcomhthráth leis sin, cuirfidh an Coimisiún na comhlachtaí, na hoifigí agus na gníomhaireachtaí AE lena mbaineann dá dtagraítear in Airteagal 7 ar an eolas faoin easnamh tromchúiseach i bhfianaise na tacaíochta a d’fhéadfadh siad a thabhairt don Bhallstát a ndearnadh meastóireacht air. Cuirfidh an Coimisiún an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa agus na parlaimintí náisiúnta ar an eolas láithreach freisin maidir leis an easnamh tromchúiseach arna sainaithint agus maidir leis na gníomhaíochtaí feabhais, más ann dóibh, atá déanta cheana féin ag an mBallstát a mbeidh meastóireacht déanta air .

Leasú 75

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 23 – mír 5 – fomhír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Glacfaidh an Chomhairle moltaí laistigh de dhá sheachtain ón dáta a gheofar an togra.

Glacfaidh an Chomhairle moltaí tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis an dáta a gheofar an togra.

Leasú 76

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 23 – mír 5 – fomhír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Socróidh an Chomhairle teorainneacha ama le haghaidh chur chun feidhme na moltaí a bhaineann le heasnamh tromchúiseach agus sonróidh sí minicíocht maidir leis an tuairisciú a dhéanfaidh an Ballstát a ndearnadh meastóireacht air don Choimisiún agus don Chomhairle i ndáil le cur chun feidhme a phlean gníomhaíochta.

Pléifidh an Chomhairle an tsaincheist faoi phráinn agus socróidh sí teorainneacha ama gearra le haghaidh chur chun feidhme na moltaí a bhaineann le heasnamh tromchúiseach agus sonróidh sí minicíocht maidir leis an tuairisciú a dhéanfaidh an Ballstát a ndearnadh meastóireacht air don Choimisiún agus don Chomhairle i ndáil le cur chun feidhme a phlean gníomhaíochta.

Leasú 77

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 23 – mír 6 – fomhír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Cuirfidh an Ballstát a ndearnadh meastóireacht air a phlean gníomhaíochta faoi bhráid an Choimisiúin agus na Comhairle laistigh de mhí amháin tar éis ghlacadh na moltaí. Tarchuirfidh an Coimisiún an plean gníomhaíochta sin chuig Parlaimint na hEorpa.

Cuirfidh an Ballstát a ndearnadh meastóireacht air a phlean gníomhaíochta faoi bhráid an Choimisiúin agus na Comhairle laistigh de 3 seachtaine tar éis ghlacadh na moltaí. Tarchuirfidh an Coimisiún an plean gníomhaíochta sin chuig Parlaimint na hEorpa gan aon mhoill .

Leasú 78

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 23 – mír 7 – fomhír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Ar mhaithe leis an dul chun cinn atá déanta i gcur chun feidhme na moltaí a bhaineann leis an easnamh tromchúiseach a fhíorú, eagróidh an Coimisiún athchuairt atá le déanamh tráth nach déanaí ná bliain amháin ó dháta na gníomhaíochta meastóireachta.

Ar mhaithe leis an dul chun cinn atá déanta i gcur chun feidhme na moltaí a bhaineann leis an easnamh tromchúiseach a fhíorú, eagróidh an Coimisiún athchuairt atá le déanamh tráth nach déanaí ná 180 lá ó dháta na gníomhaíochta meastóireachta.

Leasú 79

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 23 – mír 8

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

8.   Cuirfidh an Chomhairle a seasamh maidir leis an tuarascáil in iúl.

8.   Cuirfidh an Chomhairle a seasamh in iúl maidir leis an tuarascáil mheastóireachta agus féadfaidh sí a iarraidh ar an gCoimisiún togra a thíolacadh le haghaidh moltaí i leith gníomhaíochtaí leasúcháin atá dírithe ar aghaidh a thabhairt ar easnaimh thromchúiseacha leanúnacha arna sonrú sa tuarascáil athchuairte . I gcás ina dtíolacfaidh an Coimisiún an togra sin, beidh feidhm ag mír 6 agus ag mír 7.

Leasú 80

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 23 – mír 8 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

8a.     Más rud é, tar éis athchuairte, nach gcuireann Ballstát plean gníomhaíochta chun feidhme go sásúil tar éis meastóireacht lenar sainaithníodh easnamh tromchúiseach, seolfaidh an Coimisiún nós imeachta um shárú i gcoinne an Bhallstáit sin i gcomhréir le CFAE má mheasann sé gur mhainnigh an Ballstát sin oibleagáid a chomhlíonadh.

Leasú 81

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 23 – mír 10

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

10.   Maidir leis an easnamh tromchúiseach, má mheastar gur bagairt thromchúiseach é ar bheartas poiblí nó ar shlándáil inmheánach laistigh den limistéar gan rialuithe ag teorainneacha inmheánacha, nó má mheastar gur sárú tromchúiseach córasach ar chearta bunúsacha é, déanfaidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a chur ar an eolas faoi láithreach, ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa nó do Bhallstát.

10.   Maidir leis an easnamh tromchúiseach, má mheastar gur bagairt thromchúiseach é ar bheartas poiblí nó ar shlándáil inmheánach laistigh den limistéar gan rialuithe ag teorainneacha inmheánacha, nó má mheastar gur sárú tromchúiseach córasach ar chearta bunúsacha é, déanfaidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a chur ar an eolas faoi láithreach, ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa nó do Bhallstát agus cuirfidh sé ar an eolas iad faoi imeachtaí um shárú atá ar siúl nó a thionscnófar in aghaidh an Bhallstáit a bhfuil meastóireacht déanta air .

Leasú 82

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 26 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.   Cinnfear stádas rúnaicmiúcháin na dtuarascálacha i gcomhréir le Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444. Féadfar iad a rúnaicmiú freisin mar “EU RESTRICTED/RESTREINT UE” ar iarraidh chuí-réasúnaithe ón mBallstát a ndearnadh meastóireacht air.

2.   Cinnfear stádas rúnaicmiúcháin na dtuarascálacha i gcomhréir le Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444. I gcásanna eisceachtúla, féadfar codanna de na tuarascálacha meastóireachta a rúnaicmiú freisin mar “EU RESTRICTED/RESTREINT UE” ar iarraidh chuí-réasúnaithe ón mBallstát a ndearnadh meastóireacht air.

Leasú 83

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 26 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.   Is i gcomhréir leis na rialacha slándála is infheidhme a dhéanfar faisnéis agus doiciméid rúnaicmithe a tharchur agus a láimhseáil chun críocha an Rialacháin seo. Ní chuirfidh na rialacha sin bac ar fhaisnéis a chur ar fáil do Pharlaimint na hEorpa ná do na comhlachtaí, na hoifigí agus na gníomhaireachtaí AE ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 7.

3.   Is i gcomhréir leis na rialacha slándála is infheidhme a dhéanfar faisnéis agus doiciméid rúnaicmithe a tharchur agus a láimhseáil chun críocha an Rialacháin seo. Ní chuirfidh na rialacha sin bac ar fhaisnéis a chur ar fáil do Pharlaimint na hEorpa , do na parlaimintí náisiúnta ná do na comhlachtaí, na hoifigí agus na gníomhaireachtaí AE ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 7.

Leasú 84

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 30 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Tabharfaidh an Coimisiún faoi athbhreithniú ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid na Comhairle laistigh de shé mhí ón dáta a ghlacfar na tuarascálacha meastóireachta uile maidir leis na meastóireachtaí a chumhdaítear faoin gcéad chlár meastóireachta ilbhliantúil, clár a ghlacfar i gcomhréir leis an Rialachán seo. Faoin athbhreithniú sin, cumhdófar eilimintí uile an Rialacháin seo, lena n-áirítear feidhmiú na nósanna imeachta um ghníomhartha a ghlacadh faoin sásra meastóireachta. Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa.

Tabharfaidh an Coimisiún faoi athbhreithniú ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid na Comhairle laistigh de shé mhí ón dáta a ghlacfar na tuarascálacha meastóireachta uile maidir leis na meastóireachtaí a chumhdaítear faoin gcéad chlár meastóireachta ilbhliantúil, clár a ghlacfar i gcomhréir leis an Rialachán seo. Faoin athbhreithniú sin, cumhdófar eilimintí uile an Rialacháin seo, lena n-áirítear feidhmiú na nósanna imeachta um ghníomhartha a ghlacadh faoin sásra meastóireachta. Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa gan aon mhoill .

Leasú 85

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 30 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 30a

Athbhreithniú

Aon togra ón gCoimisiún amach anseo maidir le leasú a dhéanamh ar an sásra meastóireachta agus faireacháin chun cur i bhfeidhm acquis Schengen a fhíorú, beidh sé bunaithe ar Airteagal 77(2), pointe (b) CFAE.


(36)  IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.

(36)  IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.

(37)  Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (IO L 77, 23.3.2016, lch. 1).

(37)  Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (IO L 77, 23.3.2016, lch. 1).

(38)  Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe de chuid an Aontais Eorpaigh a chosaint (IO L 72, 17.3.2015, lch. 53).

(38)  Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe de chuid an Aontais Eorpaigh a chosaint (IO L 72, 17.3.2015, lch. 53).

(39)  Cinneadh 2009/937/AE ón gComhairle an 1 Nollaig 2009 lena nglactar Rialachán Nós Imeachta na Comhairle (IO L 325, 11.12.2009, lch. 35).

(39)  Cinneadh 2009/937/AE ón gComhairle an 1 Nollaig 2009 lena nglactar Rialachán Nós Imeachta na Comhairle (IO L 325, 11.12.2009, lch. 35).

(47)  Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh (IO L 348, 24.12.2008, lch. 98).

(47)  Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh (IO L 348, 24.12.2008, lch. 98).

(1a)   Rialachán (CE) Uimh. 168/2007 ón gComhairle an 15 Feabhra 2007 lena mbunaítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (IO L 53, 22.2.2007, lch. 1).

(1a)   Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159).


Top