Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52020PC0035

Moladh le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE lena n-údaraítear tús a chur le caibidlíocht le haghaidh comhpháirtíocht nua le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann

COM/2020/35 final

An Bhruiséil,3.2.2020

COM(2020) 35 final

Moladh le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

lena n-údaraítear tús a chur le caibidlíocht le haghaidh comhpháirtíocht nua le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Leis an moladh seo, tugann an Coimisiún Eorpach cuireadh do Chomhairle an Aontais Eorpaigh údarú a thabhairt chun tús a chur le caibidlíocht le haghaidh comhpháirtíocht nua le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, an Coimisiún a ainmniú mar idirbheartaí thar ceann an Aontais, treoirlínte a thabhairt don idirbheartaí, agus coiste speisialta a ainmniú nach foláir an chaibidlíocht a dhéanamh i gcomhairle leis.

2.CÚLRA

An 1 Feabhra 2020, tharraing an Ríocht Aontaithe siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (Euratom).

Tá na socruithe don tarraingt siar leagtha amach sa Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (“an Ríocht Aontaithe”) a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (“an Comhaontú maidir le Tarraingt Siar”) 1 .

Tháinig an Comhaontú um Tharraingt Siar i bhfeidhm an 1 Feabhra 2020 agus déantar foráil ann maidir le hidirthréimhse ina mbeidh dlí an Aontais i bhfeidhm maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe i gcomhréir leis an gComhaontú sin. Tiocfaidh deireadh leis an tréimhse sin an 31 Nollaig 2020, mura nglacfaidh an Comhchoiste arna bhunú faoin gComhaontú um Tharraingt Siar cinneadh aonair, roimh an 1 Iúil 2020, lena gcuirfear síneadh leis an idirthréimhse ar feadh suas le 1 bhliain nó le 2 bhliain.

I dtreoirlínte an 23 Márta 2018, d’athdhearbhaigh an Chomhairle Eorpach cinneadh an Aontais go mbeadh comhpháirtíocht chomh dlúth agus is féidir aige leis an Ríocht Aontaithe amach anseo. I gcomhréir leis na treoirlínte sin, ba cheart go gcuimseodh comhpháirtíocht den sórt sin comhar trádála agus eacnamaíoch mar aon le réimsí eile, go háirithe an comhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta agus na coireachta idirnáisiúnta, chomh maith leis an tslándáil, an chosaint agus an beartas eachtrach. Shocraigh an Chomhairle Eorpach na treoirlínte sin ag féachaint don tuiscint fhoriomlán ar an gcreat don chaidreamh sa todhchaí a mhionléirítear i ndearbhú polaitiúil a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar agus dá dtagraítear ann.

Leagtar amach an creat don chaidreamh sa todhchaí idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe sa dearbhú polaitiúil a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar (‘Dearbhú Polaitiúil’) 2 . Bunaítear leis na paraiméadair de “comhpháirtíocht uaillmhianach, leathan, dhomhain agus sholúbtha ar fud na trádála agus an chomhair eacnamaíoch lena mbaineann Comhaontú Saorthrádála cuimsitheach agus cothrom mar chroílár ann, forfheidhmiú an dlí agus ceartas coiriúil, an beartas eachtrach, an tslándáil agus an chosaint agus réimsí níos leithne comhair.”

Foráiltear in Airteagal 184 den Chomhaontú um Tharraingt Siar: “Déanfaidh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe a ndícheall, de mheon macánta agus lánurraim á tabhairt do dhlíchórais a chéile, na bearta is gá a dhéanamh chun caibidlíocht a dhéanamh go gasta ar na comhaontuithe lena rialófar an caidreamh a bheidh eatarthu sa todhchaí dá dtagraítear i nDearbhú Polaitiúil an 17 Deireadh Fómhair 2019 agus chun na nósanna imeachta ábhartha a chur i gcrích chun na comhaontuithe sin a dhaingniú nó a thabhairt chun críche, d’fhonn a áirithiú go mbeidh feidhm ag na comhaontuithe sin, a mhéid is féidir, ó dheireadh na hidirthréimhse.”

Ina conclúidí an 13 Nollaig 2019, d’athdheimhnigh an Chomhairle Eorpach gur mian léi caidreamh sa todhchaí a bheidh chomh dlúth agus is féidir a bhunú leis an Ríocht Aontaithe, i gcomhréir leis an Dearbhú Polaitiúil, agus na treoirlínte, chomh maith leis na ráitis agus na dearbhuithe, ón gComhairle Eorpach a comhaontaíodh roimhe seo á n‑urramú, go háirithe ráitis agus dearbhuithe an 25 Samhain 2018. D’athdhearbhaigh an Chomhairle Eorpach go háirithe gur gá don chaidreamh leis an Ríocht Aontaithe sa todhchaí a bheith bunaithe ar chothromaíocht idir cearta agus oibleagáidí agus cothrom iomaíochta a áirithiú. Thug an Chomhairle Eorpach cuireadh don Choimisiún “dréacht-sainordú cuimsitheach le haghaidh caidreamh don todhchaí leis an Ríocht Aontaithe láithreach tar éis di tarraingt siar” a chur faoi bhráid na Comhairle.

3.AN CHOMHPHÁIRTÍOCHT NUA

Léiríonn an chomhpháirtíocht nua uaillmhianach cuimsitheach atá beartaithe sa mholadh seo conclúidí agus treoirlínte na Comhairle Eorpaí agus cuireann sí leis an Dearbhú Polaitiúil.

Is pacáiste aonair é an chomhpháirtíocht atá beartaithe ina gcuimsítear trí phríomh-chomhpháirt:

socruithe ginearálta (lena n‑áirítear forálacha maidir le bunluachanna agus bunphrionsabail agus maidir le rialachas);

socruithe eacnamaíocha (lena n‑áirítear forálacha maidir le trádáil agus ráthaíochtaí maidir le cothrom iomaíochta); agus

socruithe slándála (lena n‑áirítear forálacha maidir le comhar um fhorfheidhmiú an dlí agus comhar breithiúnach in ábhair choiriúla, agus maidir le an mbeartas eachtrach, an tslándáil agus an chosaint).

Tá an chomhpháirtíocht atá beartaithe bunaithe ar an aitheantas go bhfeabhsaítear rathúnas agus slándáil mar gheall ar an ord idirnáisiúnta atá bunaithe ar rialacha, lena gcosnaítear cearta an duine aonair, an smacht reachta, ardchaighdeáin cosanta ar chearta oibrithe agus ar chearta tomhaltóirí agus ar an gcomhshaol, an comhrac i gcoinne an athraithe aeráide, agus saorthrádáil chóir.

Tá raon feidhme na comhpháirtíochta atá beartaithe sa mholadh seo cuimsitheach, i gcomhréir le conclúidí na Comhairle Eorpaí an 13 Nollaig 2019. Áirítear ann gach réimse spéise a leagtar amach sa Dearbhú Polaitiúil: trádáil agus comhar eacnamaíoch, comhar um fhorfheidhmiú an dlí agus comhar breithiúnach in ábhair choiriúla, an beartas eachtrach, an tslándáil agus an chosaint, rannpháirtíocht i gcláir an Aontais agus réimsí téamacha comhair. Tá an Coimisiún ullamh an méid is mó agus is féidir de sin a bhaint amach le linn na hidirthréimhse agus chun leanúint leis an gcaibidlíocht i dtaobh aon cheist a bheidh fós le réiteach tar éis dheireadh na hidirthréimhse.

Thabharfadh an chomhpháirtíocht atá beartaithe urraim do neamhspleáchas chinnteoireacht agus dlíchóras an Aontais, do shláine a mhargaidh aonair, don Aontas Custaim agus do dhodhealaitheacht na gceithre shaoirse. Ba cheart go n‑áiritheofar léi cosaint ar leasanna airgeadais an Aontais agus go dtabharfar san áireamh léi stádas na Ríochta Aontaithe mar thríú tír neamh-Schengen agus nach féidir léi dá réir sin leas a bhaint as na sochair chéanna a bhíonn ag Ballstát. Ba cheart go mbeidh an chomhpháirtíocht atá beartaithe bunaithe ar chreat foriomlán rialachais a chumhdódh gach réimse comhair.

Maidir le raon feidhme críochach na comhpháirtíochta atá beartaithe, meabhraítear go bhfuil sna ráitis le miontuairiscí chruinniú na Comhairle Eorpaí an 25 Samhain 2018, an dearbhú a leanas ón gComhairle Eorpach agus ón gCoimisiún curtha san áireamh: “Tar éis don Ríocht Aontaithe imeacht as an Aontas, ní chuirfear Giobráltar san áireamh i raon feidhme críochach na gcomhaontuithe a thabharfar i gcrích idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe. Mar sin féin, ní fhágfaidh sé sin nach bhféadfar comhaontuithe ar leith a bheith idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar. Gan dochar d’inniúlachtaí an Aontais agus urraim iomlán á tabhairt d’iomláine chríocha na mBallstát, mar a ráthaítear in Airteagal 4(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, beidh na comhaontuithe sin faoi réir comhaontú roimh ré ó Ríocht na Spáinne.”

4.AN CHAIBIDLÍOCHT

Déanfaidh an Coimisiún an chaibidlíocht i gcomhréir leis na treoirlínte caibidlíochta a leagtar amach san iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh agus i gcomhairle le coiste speisialta arna cheapadh ag an gComhairle.

Seolfaidh an Coimisiún an chaibidlíocht i gcomhordú leanúnach leis an gComhairle agus lena comhlachtaí ullmhúcháin agus rachaidh sé i gcomhairle leo agus tuairisceoidh sé dóibh agus soláthróidh sé dóibh ar dhóigh thráthúil gach faisnéis agus doiciméad is gá maidir leis an gcaibidlíocht.

Coimeádfaidh an Coimisiún, go tráthúil, Parlaimint na hEorpa go hiomlán ar an eolas i dtaobh na caibidlíochta.

Seolfaidh an Coimisiún caibidlíocht i gcomhar le hArdionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus i gcomhaontú leis maidir le hábhair a bhaineann leis an gComhbheartas Eachtrach agus Slándála.

5.BUNÚS DLÍ

Is iad Airteagal 218(3) agus (4) CFAE is bunús dlí nós imeachta le haghaidh cinneadh lena n‑údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht agus treoirlínte a thabhairt don idirbheartaí. Ag an gcéim seo, mar gheall ar raon feidhme cuimsitheach na comhpháirtíochta atá beartaithe agus an caidreamh uaillmhianach agus fadtéarmach a bhfuil sé ag iarraidh é a bhunú, is é Airteagal 217 CFAE is bunús dlí substainteach iomchuí le haghaidh an cinneadh lena n‑údaraítear tús a chur le caibidlíocht agus treoirlínte a thabhairt don idirbheartaí. Ina theannta sin, sa mhéid agus go gcuimsíonn an iarscríbhinn a ghabhann leis an gcinneadh treoirlínte caibidlíochta maidir le hábhair a thagann faoi Chonradh Euratom, ba cheart go mbeidh Airteagal 101 CEFA san áireamh le bunús dlí an chinnidh. Dá réir sin is iad Airteagal 218(3) agus (4) CFAE agus Airteagal 101 CEFA is ceart a bheith mar bhunús dlí leis an gcinneadh arna mholadh. Ní féidir an bunús dlí substainteach chun an chomhpháirtíocht nua a shíniú agus a thabhairt chun críche a chinneadh ach amháin ag deireadh na caibidlíochta.

Moladh le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

lena n-údaraítear tús a chur le caibidlíocht le haghaidh comhpháirtíocht nua le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, go háirithe Airteagal 217 de, i gcomhar le hAirteagal 218(3) agus (4) de,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, go háirithe Airteagal 101 de,

Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)An 1 Feabhra 2020, tharraing Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (“an Ríocht Aontaithe”) siar as an Aontas Eorpach.

(2)Leagtar amach na socruithe don tarraingt siar sa Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (“an Comhaontú um Tharraingt Siar”) a ndearnadh é a chaibidliú agus a thabhairt i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach 3 .

(3)Tháinig an Comhaontú um Tharraingt Siar i bhfeidhm an 1 Feabhra 2020 agus déantar foráil ann maidir le hidirthréimhse ina mbeidh dlí an Aontais i bhfeidhm maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe i gcomhréir leis an gComhaontú sin. Tiocfaidh deireadh leis an tréimhse sin an 31 Nollaig 2020, mura nglacfaidh an Comhchoiste arna bhunú faoin gComhaontú um Tharraingt Siar cinneadh aonair, roimh an 1 Iúil 2020, lena gcuirfear síneadh leis an idirthréimhse ar feadh suas le 1 bhliain nó le 2 bhliain.

(4)I dtreoirlínte an 23 Márta 2018, d’athdhearbhaigh an Chomhairle Eorpach cinneadh an Aontais go mbeadh comhpháirtíocht chomh dlúth agus is féidir aige leis an Ríocht Aontaithe amach anseo. I gcomhréir leis na treoirlínte sin, ba cheart go gcuimseodh comhpháirtíocht dá leithéid sin comhar trádála agus eacnamaíoch mar aon le réimsí eile, go háirithe an comhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta agus na coireachta idirnáisiúnta, chomh maith leis an tslándáil, an chosaint agus an beartas eachtrach. Shocraigh an Chomhairle Eorpach na treoirlínte sin ag féachaint don tuiscint fhoriomlán ar an gcreat don chaidreamh sa todhchaí a mhionléirítear i ndearbhú polaitiúil a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar agus dá dtagraítear ann.

(5)Leagtar amach an creat don chaidreamh sa todhchaí idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe sa dearbhú polaitiúil a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar (‘Dearbhú Polaitiúil’) 4 . Bunaítear leis na paraiméadair de chomhpháirtíocht uaillmhianach, leathan, dhomhain agus sholúbtha ar fud na trádála agus an chomhair eacnamaíoch lena mbaineann Comhaontú Saorthrádála cuimsitheach agus cothrom mar chroílár ann, forfheidhmiú an dlí agus ceartas coiriúil, an beartas eachtrach, an tslándáil agus an chosaint agus réimsí níos leithne comhair.

(6)Foráiltear in Airteagal 184 den Chomhaontú um Tharraingt Siar go ndéanfaidh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe a ndícheall, de mheon macánta agus lánurraim á tabhairt do dhlíchórais a chéile, na bearta is gá a dhéanamh chun caibidlíocht a dhéanamh go gasta ar na comhaontuithe lena rialófar an caidreamh a bheidh eatarthu sa todhchaí dá dtagraítear i nDearbhú Polaitiúil agus chun na nósanna imeachta ábhartha a chur i gcrích chun na comhaontuithe sin a dhaingniú nó a thabhairt chun críche, d’fhonn a áirithiú go mbeidh feidhm ag na comhaontuithe sin, a mhéid is féidir, ó dheireadh na hidirthréimhse.

(7)Ina conclúidí an 13 Nollaig 2019, d’athdheimhnigh an Chomhairle Eorpach gur mian léi caidreamh sa todhchaí a bheidh chomh dlúth agus is féidir a bhunú leis an Ríocht Aontaithe, i gcomhréir leis an Dearbhú Polaitiúil, agus na treoirlínte, chomh maith leis na ráitis agus na dearbhuithe, ón gComhairle Eorpach a comhaontaíodh roimhe seo á nurramú, go háirithe ráitis agus dearbhuithe an 25 Samhain 2018. D’athdhearbhaigh an Chomhairle Eorpach go háirithe gur gá don chaidreamh leis an Ríocht Aontaithe amach anseo a bheith bunaithe ar chothromaíocht idir cearta agus oibleagáidí agus cothrom iomaíochta a áirithiú. Thug an Chomhairle Eorpach cuireadh don Choimisiún “dréacht-sainordú cuimsitheach le haghaidh caidreamh don todhchaí leis an Ríocht Aontaithe láithreach tar éis di tarraingt siar” a chur faoi bhráid na Comhairle. Dúirt an Chomhairle Eorpach go gcoimeádfadh sí súil ghéar ar an gcaibidlíocht agus go gcuirfeadh sí tuilleadh treoirlínte polaitiúla ginearálta ar fáil de réir mar is gá.

(8)Ba cheart tús a chur leis an gcaibidlíocht dá bhrí sin d’fhonn comhpháirtíocht nua a bhunú le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann. Ba cheart an Coimisiún a ainmniú mar idirbheartaí an Aontais. In ábhair a bhaineann leis an gComhbheartas Eachtrach agus Slándála, ba cheart don Choimisiún caibidlíocht a sheoladh i gcomhaontú le hArdionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Údaraítear leis seo don Choimisiún tús a chur le caibidlíocht le haghaidh comhpháirtíocht nua le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann.

Airteagal 2

Déantar an Coimisiún a ainmniú leis seo mar idirbheartaí an Aontais.

Airteagal 3

Seolfaidh an Coimisiún an chaibidlíocht i gcomhairle le [ainm an choiste speisialta] agus ar bhonn na dtreoirlínte atá san iarscríbhinn.

Airteagal 4

Dírítear an Cinneadh seo chuig an gCoimisiún.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    IO C 29 I, 31.1.2020, lch. 7.
(2)    IO C 34 I, 31.1.2020, lch. 1.
(3)    IO C 29 I, 31.1.2020, lch. 7.
(4)    IO C 34 I, 31.1.2020, lch. 1.
Top

An Bhruiséil,3.2.2020

COM(2020) 35 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

moladh le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

lena n-údaraítear tús a chur le caibidlíocht le haghaidh comhpháirtíocht nua le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann


IARSCRÍBHINN

Treoracha maidir leis an gcaibidlíocht ar CHOMHPHÁIRTÍOCHT NUA le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann

I.Comhthéacs ginearálta 

1.Tar éis an fhógra ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (dá ngairfear “an Ríocht Aontaithe anseo feasta) go raibh rún aici tarraingt siar as an Aontas Eorpach (dá ngairfear “an tAontas” anseo feasta) agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (dá ngairfear “Euratom” anseo feasta) rinne an tAontas comhaontú a chaibidil agus a thabhairt i gcrích leis an Ríocht Aontaithe ina leagtar amach na socruithe maidir le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe (dá ngairfear “an Comhaontú um Tharraingt Siar” anseo feasta) i gcomhréir le hAirteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE).

2.Sna treoirlínte uaithi an 23 Márta 2018, d’athdhearbhaigh an Chomhairle Eorpach a dhiongbháilte atá an tAontas an chomhpháirtíocht is dlúithe is féidir a choinneáil leis an Ríocht Aontaithe sa todhchaí. De réir na dtreoirlínte sin, le comhpháirtíocht den sórt sin ba cheart comhar trádála agus eacnamaíoch a chumhdach mar aon le réimsí eile, go háirithe an comhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta agus na coireachta idirnáisiúnta, mar aon leis an tslándáil, an chosaint agus an beartas eachtrach. Rinne an Chomhairle Eorpach na treoirlínte sin a leagan amach d’fhonn tuiscint fhoriomlán a fháil ar an gcomhpháirtíocht atá beartaithe, a bhí le saothrú i ndearbhú polaitiúil a bhí ag gabháil leis an gComhaontú um Tharraingt Siar agus dá dtagraítear ann.

3.Le linn na caibidlíochta faoi Airteagal 50 CAE, aithníodh tuiscint fhoriomlán maidir leis an gcreat don chomhpháirtíocht atá beartaithe leis an Ríocht Aontaithe agus rinneadh í a thaifeadadh sa dearbhú polaitiúil ina leagtar amach an creat don chomhpháirtíocht atá beartaithe idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe (dá ngairfear “an Dearbhú Polaitiúil” anseo feasta) arna fhormheas ag an gComhairle (Airteagal 50) an 17 Deireadh Fómhair 2019. Sa chomhthéacs sin, bhí an Dearbhú Polaitiúil ag gabháil leis an gComhaontú um Tharraingt Siar a tugadh i gcrích ag an Aontas agus an Ríocht Aontaithe.

4.Leis an gComhaontú um Tharraingt Siar déantar foráil maidir le hidirthréimhse a mbeidh feidhm ag dlí an Aontais maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe. Tiocfaidh deireadh leis an idirthréimhse sin an 31 Nollaig 2020 mura ndéanfaidh an Comhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú um Tharraingt Siar, roimh an 1 Iúil 2020, cinneadh aonair a ghlacadh síneadh ama a chur leis an idirthréimhse go ceann bliana nó dhá bhliain ar a mhéid. Sa Chonradh um Tharraingt Siar thug an tAontas agus an Ríocht Aontaithe gealltanas a ndícheall a dhéanamh na bearta is gá a dhéanamh chun na comhaontuithe lena rialaítear a gcomhpháirtíocht atá beartaithe a chaibidil go gasta d’fhonn a áirithiú go mbeidh feidhm acu, a mhéid is féidir, amhail ó dheireadh na hidirthréimhse. Sa Dearbhú Polaitiúil, gheall an tAontas agus an Ríocht Aontaithe a seacht ndícheall a dhéanamh a gcomhaontú nua iascaigh a dhaingniú faoin 1 Iúil 2020.

5.Ba cheart an chaibidlíocht ar an gcomhpháirtíocht a bheith bunaithe ar chur chun feidhme éifeachtach an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar agus a thrí Phrótacal. Sa chomhthéacs sin, ba cheart go leanfadh an chomhpháirtíocht atá beartaithe de chosaint a thabhairt do Chomhaontú Aoine an Chéasta a rinne Rialtas na Ríochta Aontaithe, Rialtas na hÉireann agus na rannpháirtithe eile sa chaibidlíocht ilpháirtí ina hiomláine an 10 Aibreán 1998, mar aitheantas go mbeidh an próiseas síochána i dTuaisceart Éireann fós ríthábhachtach don tsíocháin, don chobhsaíocht agus don athmhuintearas ar oileán na hÉireann.

II.CUSPÓIR AGUS RAON FEIDHME NA COMHPHÁIRTÍOCHTA ATÁ BEARTAITHE

6.Sna conclúidí uaithi an 13 Nollaig 2019, d’athdhearbhaigh an Chomhairle Eorpach (Airteagal 50) a thiomanta atá an tAontas comhpháirtíocht den chineál is dlúithe is féidir a choinneáil leis an Ríocht Aontaithe sa todhchaí, i gcomhréir leis an Dearbhú Polaitiúil lena mbunaítear príomhpharaiméadair na comhpháirtíochta atá beartaithe idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe. Is leis na seasaimh agus leis na prionsabail fhoriomlána a leagtar amach sna treoirlínte agus sna conclúidí ábhartha ón gComhairle Eorpach, ón 23 Márta 2018 agus an 25 Samhain 2018 go háirithe, a leanfar de chur chuige an Aontais a shainiú.

7.Is é is aidhm leis an gcaibidlíocht comhpháirtíocht nua a bhunú idir an tAontas, agus Euratom i gcás inarb ábhartha, agus an Ríocht Aontaithe, comhpháirtíocht atá cuimsitheach agus lena gcumhdaítear na réimsí leasa a leagtar amach sa Dearbhú Polaitiúil: comhar trádála agus eacnamaíoch, forfheidhmiú an dlí agus comhar breithiúnach in ábhair choiriúla, an beartas eachtrach, slándáil agus cosaint agus réimsí téamacha comhair. Ba cheart an chomhpháirtíocht atá beartaithe a bheith ina struchtúr comhleanúnach agus í a bheith neadaithe i gcreat rialachais foriomlán.

8.Tá sé beartaithe sa Dearbhú Polaitiúil freisin, i gcás ina measann na Páirtithe gurb é a leas frithpháirteach é le linn na caibidlíochta, go bhféadfaí réimsí comhair de bhreis ar na réimsí a thuairiscítear ann a chuimsiú leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe. Aithnítear ann freisin go bhféadfadh éabhlóid teacht ar an gcomhpháirtíocht atá beartaithe le himeacht ama.

9.Ba cheart é a bheith d’aidhm ag an gCoimisiún a mhéid is féidir a bhaint amach le linn tráthchlár gairid na hidirthréimhse um aistriú agus ba cheart do a bheith ullamh chun leanúint den chaibidlíocht maidir le haon saincheisteanna atá fós gan réiteach ag deireadh na hidirthréimhse um aistriú.

III.ÁBHAR NA COMHPHÁIRTÍOCHTA ATÁ BEARTAITHE

PRIONSABAIL GHINEARÁLTA

10.Ba cheart an chomhpháirtíocht atá beartaithe idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe a bheith bunaithe inter alia ar na prionsabail fholuiteacha agus na príomhchuspóirí seo a leanas agus ba cheart tagairt a dhéanamh dóibh inti:

-aitheantas go gcuirtear feabhas ar an rathúnas agus an tslándáil leis an ord idirnáisiúnta riailbhunaithe, cearta an duine aonair agus an smacht reachta a chosaint, ardchaighdeáin cosanta d’oibrithe agus tomhaltóirí agus don chomhshaol, an comhrac i gcoinne an athraithe aeráide, agus shaorthrádáil chothrom;

-tiomantas na bPáirtithe oibriú le chéile chun na prionsabail ghinearálta sin a chosaint, agus comhoibriú in aghaidh bagairtí inmheánacha agus seachtracha ar a luachanna agus ar a leasanna;

-cothromaíocht idir cearta agus oibleagáidí a áirithiú, agus cothroime iomaíochta. Leis an gcothromaíocht sin ní mór neamhspleáchas cinnteoireachta agus dlíchórais an Aontais a áirithiú, cosaint leasanna airgeadais an Aontais a áirithiú agus a bheith ag teacht le prionsabail eile an Aontais a leagtar amach sna treoirlínte ábhartha ón gComhairle Eorpach, go háirithe i ndáil le sláine an Mhargaidh Aonair agus an Aontais Chustaim agus le dodhealaitheacht na gceithre shaoirse;

-léiriú a thabhairt ar stádas na Ríochta Aontaithe mar thríú tír neamh-Schengen, agus nach bhféadann tír nach Ballstát den Aontas í, nach bhfuil faoi réir na n‑oibleagáidí agus a bhíonn na Ballstáit, na cearta céanna a bheith acu agus leas a bhaint as na tairbhí céanna.

CUID I: FORÁLACHA TOSAIGH

1. AN BONN COMHAIR

A. Bunluachanna agus bunchearta

11.Ba cheart an chomhpháirtíocht atá beartaithe a bheith bunaithe ar luachanna agus ar ghealltanais chomhroinnte, ar cheart iad a chur in iúl sna cúig chlásal pholaitiúla cheangailteacha (ar bun iad leis an gcaidreamh uile idir an tAontas agus tríú tíortha) maidir leis an méid seo a leanas: cearta an duine, daonlathas agus an smacht reachta; neamhleathadh arm ollscriosta; an comhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta; ionchúiseamh na ndaoine a gcuirtear na coireanna is tromchúisí ina leith ar cúis imní iad don phobal idirnáisiúnta; mionairm agus armáin éadroma. Cearta an duine agus saoirsí bunúsacha, prionsabail dhaonlathacha, an smacht reachta agus tacaíocht don neamhleathadh a urramú agus a chosaint, ba cheart an méid sin a bheith ina ngnéithe bunriachtanacha den chomhar a bheartaítear sa chomhpháirtíocht. Ba cheart an comhrac i gcoinne an athraithe aeráide, a mhionsonraítear i bpróiseas UNFCCC agus i gComhaontú Pháras go háirithe, a bheith ina ghné bhunúsach den chomhpháirtíocht atá beartaithe. Leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart a thiomanta atá na Páirtithe a athdhearbhú iltaobhachas éifeachtach riailbhunaithe a chur chun cinn.

B. Cosaint sonraí

12.I bhfianaise na tábhachta a bhaineann le sreabha sonraí, leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart dearbhú a dhéanamh ar a thiomanta atá na Páirtithe ardleibhéal cosanta sonraí pearsanta a áirithiú, agus rialta an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta a urramú go hiomlán lean gcuimsítear próiseas cinnteoireachta an Aontais maidir le cinntí leordhóthanachta. Na cinntí leordhóthanachta a ghlacann ag an Aontas, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha infheidhme, ba cheart dóibh a bheith a bheith ina fhachtóir cumasúcháin le haghaidh comhair agus malartú faisnéise, maidir le forfheidhmiú an dlí agus comhar breithiúnach in ábhair choiriúla go háirithe.

2. RÉIMSÍ LEASA CHOITINN

A. Rannpháirtíocht i gcláir an Aontais agus Euratom

13.Leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart prionsabail ghinearálta, téarmaí agus coinníollacha a bhunú maidir le rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe i gcláir an Aontais agus Euratom agus a rannchuidiú leo, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach sna hionstraimí comhfhreagracha, i réimsí amhail an eolaíocht agus an nuálaíocht, an óige, an cultúr agus an t‑oideachas, an fhorbairt agus an comhar idirnáisiúnta, cumais chosanta, an chosaint shibhialta agus an spás agus i réimsí ábhartha eile nuair is leas an Aontais é. Cuimseofar leis an méid sin na rialacha ginearálta maidir le cur chun feidhme na gclár a mhaoiniú agus a rialú agus imscrúdú a dhéanamh air, agus an comhairliúchán iomchuí leis an Ríocht Aontaithe.

14.Leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart tiomantas comhroinnte a áirithiú maidir le PEACE PLUS a thabhairt i gcrích amach anseo, agus na comhréireachtaí maoinithe atá ann faoi láthair a choinneáil le haghaidh an chláir a bheidh ann amach anseo.

B. An t‑idirphlé

15.Leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart foráil a dhéanamh, de réir mar is iomchuí, maidir le hidirphlé agus malartuithe i réimsí leasa choitinn, d’fhonn deiseanna comhair, dea-chleachtas agus saineolas a chomhroinnt agus gníomhú le chéile a shainaithint, lena n‑áirítear i réimsí amhail cultúr, oideachas, eolaíocht agus nuálaíocht, turasóireacht nó staidreamh. Sna réimsí sin, leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart a thábhachtaí atá an tsoghluaisteacht agus gluaiseacht shealadach nithe agus trealamh a aithint má táthar chun an comhar a chumasú agus an comhar leanúnach idir grúpaí a bhaineann le cultúr agus le hoideachas a éascú chomh maith.

CUID II: AN CHUID EACNAMAÍOCH

1. CUSPÓIRÍ AGUS PRIONSABAIL

16.Leis an gcomhpháirtíocht eacnamaíoch ba cheart comhpháirtíocht eacnamaíoch atá uaillmhianach uileghabhálach cothrom a bheith san áireamh. Comhpháirtíocht chuimsitheach is ceart a bheith inti sin lena gcuimseofar comhaontú saorthrádála chomh maith le comhar earnála níos leithne i gcás ina rachaidh sé sin chun leasa an Aontais. Ba cheart di a bheith comhsheasmhach le rialacha infheidhme na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT), Airteagail XXIV den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Thrádáil (GATT) agus Airteagal V den Chomhaontú Ginearálta um Thrádáil Seirbhísí (GATS), agus a áirithiú go ndéanfaidh gach leibhéal rialtais a forálacha a chomhlíonadh. Ba cheart forálacha a chuimsiú inti maidir le hiascaigh, mar a leagtar amach i Roinn 12 den Chuid seo iad i mír 85 go háirithe, agus le gealltanais láidre a bheadh mar bhonn taca léi lena n‑áireofaí cothrom iomaíochta le haghaidh iomaíocht oscailte chothrom, mar a leagtar amach i Roinn 15 den Chuid seo, agus le socruithe maidir le maoirseacht agus bainistíocht éifeachtach, réiteach díospóidí agus forfheidhmiúchán, lena n‑áirítear leigheasanna iomchuí. Ba cheart go gcuimseofaí léi, a mhéid is féidir, trádáil agus infheistíocht idir na Páirtithe agus, san am céanna, sláine Mhargadh Aonair an Aontais agus a Aontais Custaim a urramú.

17.Leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart go n‑aithneofaí gur ceann de phríomhchuspóirí na bPáirtithe é an fhorbairt inbhuanaithe a áirithiú. Leis an gcomhpháirtíocht eacnamaíoch sin ba cheart a áirithiú go gcoinneoidh na Páirtithe a neamhspleáchas agus a gcumas an ghníomhaíocht eacnamaíoch a rialáil de réir na leibhéal cosanta a mheasann siad a bheith iomchuí chun cuspóirí dlisteanacha beartais phoiblí a bhaint amach amhail sláinte phoiblí, sláinte agus leas ainmhithe agus plandaí, seirbhísí sóisialta, oideachas, sábháilteacht, an comhshaol lena n‑áirítear an comhrac i gcoinne an athraithe aeráide, an mhoráltacht phoiblí, cosaint shóisialta nó cosaint tomhaltóirí, príobháideachas agus cosaint sonraí, an éagsúlacht chultúrtha a chosaint agus a chur chun cinn agus an comhrac i gcoinne sciúradh airgid.

2. EARRAÍ

A. Cuspóirí agus prionsabail

18.Leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart socruithe cuimsitheacha a bheith i gceist lena n‑áirítear limistéar saorthrádála, ina mbeidh comhar rialála agus custaim i gcomhréir le Pointí B, C agus D den Roinn seo, a bheadh a bhfothú le gealltanais láidre lena n‑áireofaí cothroime iomaíochta le haghaidh iomaíocht oscailte chothrom, agus trí bhíthin socruithe maidir le maoirseacht agus bainistíocht éifeachtach, réiteach díospóidí agus forfheidhmiú, lena n‑áirítear leigheasanna iomchuí.

B. Limistéar saorthrádála

19.Ba cheart é a bheith d’aidhm ag an gcomhpháirtíocht atá beartaithe limistéar saorthrádála a bhunú lena n‑áiritheofaí nárbh ann do tharaifí, táillí ná do mhuirir a mbeadh éifeacht choibhéiseach acu ná arbh iad ba chúis le srianta cainníochta sna hearnálacha uile ar choinníoll go n‑áiritheofaí cothrom iomaíochta trí bhíthin gealltanais láidre, mar a leagtar amach i Roinn 15 den Chuid seo. Ba cheart aon dleachtanna custaim nó cánacha ar onnmhairí nó aon bhearta comhéifeachta a thoirmeasc agus níor cheart aon dleachtanna nó cánacha den chineál sin a thabhairt isteach. Leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart aon toirmeasc nó srian ar thrádáil idir na Páirtithe nó srian a thoirmeasc, lena n‑áirítear srianta cainníochtúla nó ceanglais maidir le húdarú, nach bonn cirt leo na rialacha sonracha agus na heisceachtaí dá ndéantar foráil sa chomhpháirtíocht eacnamaíoch, agus ba cheart a bheith inti disciplíní feabhsaithe maidir le ceadúnú allmhairiúcháin agus onnmhairiúcháin, monaplachtaí allmhairiúcháin agus onnmhairiúcháin, earraí deisithe, trasloingsiú, earraí monaraithe agus comharthaíocht tionscnaimh.

20.Leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart rialacha maidir le tionscnamh, bunaithe ar rialacha fabhracha caighdeánacha an Aontais maidir le tionscnamh, a chuimsiú agus leas an Aontais á chur san áireamh.

21.Leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart a chur san áireamh forálacha a chuimsiú freisin maidir le bearta iomchuí i gcás earráidí a dhéanann na húdaráis inniúla a scrúdú go comhpháirteach, go háirithe agus na rialacha fabhracha maidir le tionscnamh á gcur i bhfeidhm. Ba cheart a leagan amach inti freisin na nósanna imeachta agus na bearta iomchuí a fhéadfaidh na Páirtithe a dhéanamh i gcás ina shuitear gurb ann d’easpa comhair riaracháin in ábhair chustaim, do neamhrialtachtaí nó do chalaois, agus i dtaca le dleachtanna neamhíoctha a aisghabháil i gcás calaois chustaim.

22.Leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart forálacha maidir le frithdhumpáil, bearta frithchúitimh agus cosanta lena ndéantar foráil go bhféadfaidh ceachtar Páirtí bearta iomchuí a dhéanamh i gcomhréir le Comhaontuithe EDT maidir le cur chun feidhme Airteagal VI de CGTT 1994, Comhaontú EDT maidir le Fóirdheontais agus Bearta Frithchúitimh, na hoibleagáidí faoi Airteagal XIX de CGTT 1994, Comhaontú EDT maidir le Bearta Cosanta, agus le hAirteagal 5 den Chomhaontú maidir leis an Talmhaíocht, de réir mar is iomchuí.

C. Comhar custaim agus éascú trádála

23.Faoi chuimsiú Chód Custaim an Aontais, ba cheart é a bheith d’aidhm ag an gcomhpháirtíocht atá beartaithe nósanna imeachta, maoirseacht agus rialúcháin chustaim a bharrfheabhsú agus trádáil dhlisteanach a éascú trí úsáid a bhaint as socruithe agus teicneolaíochtaí éascaitheacha agus, san am céanna, a áirithiú go mbeidh údaráis chustaim in ann bearta éifeachtacha ag teorainneacha a dhéanamh chun beartais phoiblí dhlisteanacha a fhorfheidhmiú agus leasanna airgeadais a chosaint, lena n‑áirítear forfheidhmiú éifeachtach éifeachtúil na gceart maoine intleachtúla ag údaráis chustaim ar na hearraí uile a thagann faoi rialú custaim.

24.Chuige sin, ba cheart don chomhpháirtíocht atá beartaithe tógáil ar Chomhaontú na hEagraíochta Domhanda Trádála um Éascú Trádála agus dul níos faide na é. Ba cheart a chuimsiú inti tacar cuimsitheach d’fhorálacha a bhaineann le custaim lena gcumhdófar an trédhearcacht, an eifeachtúlacht agus cineál neamh-idirdhealaitheach na nósanna imeachta agus na gcleachtas custaim.

25.Leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart foráil maidir le comhar riaracháin agus cúnamh frithpháirteach maidir le hábhair a bhaineann le custaim agus cáin bhreisluacha (CBL) lean n‑áirítear maidir le malartú faisnéise chun calaois custaim agus CBL agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a chomhrac, agus maidir le cúnamh frithpháirteach chun éilimh a bhaineann le cánacha agus dleachtanna a aisghabháil.

26.Ina theannta sin, leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart socruithe maidir le cigireachtaí agus foirmiúlachtaí i dtaca le hiompar earraí a chuimsiú agus maidir le bearta slándála custaim, lena n‑áirítear trí aitheantas frithpháirteach a thabhairt do chláir Oibreoirí Eacnamaíocha Údaraithe (AEO), i gcás inarb é leas an Aontais é agus ina gcomhlíontar na coinníollacha is gá maidir slándáil na trádála in earraí.

D. Gnéithe rialála

27.Agus neamhspleáchas rialála á chaomhnú, leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart forálacha a chur i bhfeidhm maidir le cur chuige rialála atá trédhearcach, éifeachtúil,a chuirfeadh seachaint bacainní neamhriachtanacha ar thrádáil earraí chun cinn agus atá comhréireach a mhéid is féidir. Le disciplíní maidir le bacainní teicniúla ar thrádáil (BTT) agus bearta sláintíochta agus fíteashláintíochta ba cheart cur le comhaontuithe EDT agus dul níos faide ná iad.

28. Go sonrach, ba cheart do dhisciplíní TBT prionsabail choiteanna a leagan amach i dtaca le caighdeánú, rialacháin theicniúla, measúnú comhréireachta, creidiúnú, faireachas margaidh, méadreolaíocht agus lipéadú. Ba cheart a chuimsiú leis na forálacha maidir le BTT sainmhíniú ar chaighdeáin idirnáisiúnta, bunaithe ar chleachtas comhroinnte reatha an dá Pháirtí agus é a bheith d’aidhm aige úsáid na gcaighdeán idirnáisiúnta ábhartha a chur chun cinn mar bhonn le rialacháin theicniúla, mar aon le ceanglais tástála agus deimhniúcháin chuíchóirithe trí chur chuige rioscabhunaithe, mar shampla, maidir leis an measúnú ar chomhréireacht a chur i bhfeidhm (lena n‑áirítear úsáid féindeimhniúcháin in earnálacha inar féidir sin agus inarb iomchuí). Leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart sásra a bhunú chun aghaidh a thabhairt go gasta ar aon ábhar imní sonrach trádála a bhaineann le bearta BTT agus forálacha a bheith ann lena ndírítear ar a áirithiú go ndéanfar faisnéis maidir leis na bearta BTT infheidhme a scaipeadh go tráthúil ar allmhaireoirí agus onnmhaireoirí sa dá Pháirtí.

29.I réimse na sláinte agus na fíteashláintíochta, leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart cur le Comhaontú EDT agus dul níos faide ná é, agus é mar chuspóir rochtain ar mhargadh gach Páirtí a éascú agus, san am céanna, sláinte an duine agus sláinte ainmhithe a chosaint, chomh maith le sláinte plandaí. Leis na forálacha maidir le sláinte agus fíteashláintíocht ba cheart sprioc a shaothrú chun próiseas údaraithe onnmhairiúcháin (eintiteas aonair) ar fud an Aontais a chur i bhfeidhm agus ba cheart go n‑aithneofaí réigiúnú i gcás ráigeanna galair nó lotnaidí ar bhonn faisnéis eipidéimeolaíochta a chuirfidh an Páirtí onnmhairiúcháin ar fáil. Ba cheart a chur san áireamh sna forálacha maidir le sláinte agus fíteashláintíocht caighdeáin, treoirlínte agus moltaí an Choinbhinsiúin Idirnáisiúnta Cosanta Plandaí (IPPC), na hEagraíochta Domhanda um Shláinte Ainmhithe (OIE) agus Codex Alimentarius faoi seach. Leis na forálacha maidir le sláinte agus fíteashláintíocht ba cheart go gcumhdófaí trédhearcacht agus neamh-idirdhealú, moilleanna míchuí a sheachaint, comhchuibhiú, aitheantas do stádas sláinte agus lotnaidí na bPáirtithe, rialú, nósanna imeachta cigireachtaí agus nósanna imeachta formheasa, iniúchtaí, deimhniúcháin, seiceálacha allmhairithe, bearta éigeandála, bunaíochtaí a fhormheas gan chigireachtaí roimh ré, comhar rialála, comhar maidir le frithsheasmhacht in aghaidh ábhar frithmhiocróbach, comhar i bhfóraim iltaobhacha a bhaineann le saincheisteanna sláinte agus fíteashláintíochta, comhar maidir le córais bhia inbhuanaithe, agus sásra a chruthú chun aghaidh a thabhairt go gasta ar chúiseanna imní trádála a bhaineann le bearta sláinte agus fíteashláintíochta nó aon saincheisteanna ábhartha. Leis an chomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart leanúint den chomhar agus malartuithe maidir le leas ainmhithe a chur chun cinn. Leis an chomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart seasamh le cur i bhfeidhm phrionsabal an réamhchúraim san Aontas mar a leagtar amach é sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

30.Leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart creat a bhunú le haghaidh comhar rialála deonach i réimsí a bhaineann le leas an Aontais, lena n‑áirítear malartú faisnéise agus comhroinnt an dea-chleachtais.

31.Leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart a chur san áireamh disciplíní trasghearrtha maidir le dea-chleachtais rialála agus trédhearcacht le haghaidh rialacháin éifeachtacha cost-éifeachtacha maidir le hearraí a fhorbairt agus a chur chun feidhme lena n‑áirítear comhairliúcháin phoiblí luatha ar rialacháin nua suntasacha nó athbhreithnithe suntasacha ar na bearta atá ann cheana.

3. SEIRBHÍSÍ AGUS INFHEISTÍOCHT

A. Cuspóirí agus prionsabail

32.Leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart a chur san áireamh forálacha uaillmhianacha cuimsitheacha cothromaithe maidir le trádáil seirbhísí agus in earnálacha neamhsheirbhíse agus an ceart atá ag gach Páirtí chun rialála á urramú. Ba cheart go mbeadh sé d’aidhm ag na forálacha sin leibhéal léirscaoilte a sholáthar i dtrádáil seirbhísí de bhreis ar ghealltanais EDT na bPáirtithe, agus comhaontuithe saorthrádála an Aontais atá ann cheana á gcur san áireamh.

33.I gcomhréir le hAirteagal V den Chomhaontú Ginearálta maidir le Trádáil Seirbhísí (GATS), is é ba cheart a bheith mar aidhm leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe cumhdach earnála substaintiúil, lena gcumhdaítear gach modh soláthair agus lena bhforálfar maidir le heaspa substaintiúil gach cineál idirdhealaithe sna hearnálacha a chumhdaítear. Leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart foráil a dhéanamh maidir le heisceachtaí agus teorainneacha de réir mar is iomchuí lena n‑áirítear gníomhaíochtaí eisiamh a dhéantar agus údarás rialtasach á fheidhmiú. Ba cheart seirbhísí closamhairc a eisiamh ó na forálacha a bhaineann le léirscaoileadh. Ba cheart ardcháilíocht sheirbhísí poiblí an Aontais a chaomhnú i gcomhréir leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus go háirithe le Prótacal Uimh. 26 maidir le Seirbhísí Leasa Ghinearálta, agus ábhair amhrais an Aontais sa réimse seo, lena n‑áirítear seirbhísí in GATS, á gcur san áireamh. Ba cheart go gcumhdófaí leis na forálacha maidir le seirbhísí agus infheistíocht earnálacha amhail seirbhísí gairmiúla agus gnó, seirbhísí teileachumarsáide, seirbhísí cúiréara agus poist, seirbhísí comhshaoil, seirbhísí airgeadais agus seirbhísí iompair 1 .

B. Rochtain ar mhargaí agus neamh-idirdhealú

34.Leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart forálacha a chuimsiú maidir le rochtain ar mhargaí agus cóireáil náisiúnta faoi rialacha an stáit óstaigh do sholáthraithe seirbhísí agus infheisteoirí na bPáirtithe, agus aghaidh a thabhairt san am céanna ar cheanglais feidhmíochta a fhorchuirtear ar infheisteoirí.

35.Ba cheart forálacha a áireamh inti lena gceadófaí do dhaoine dul isteach agus fanacht go sealadach chun críocha gnó i limistéir shainithe. Mar sin féin, níor cheart go gcuirfeadh aon ní sa chomhpháirtíocht atá beartaithe cosc ar na Páirtithe a ndlíthe, rialacháin agus ceanglais náisiúnta maidir le dul isteach agus fanacht a chur i bhfeidhm ar choinníoll, agus an méid sin á dhéanamh acu, nach ndéanfaidh siad an tairbhe a eascróidh as an gcomhpháirtíocht atá beartaithe a neamhniú ná a lagú. Na dlíthe, rialacháin agus ceanglais atá san Aontas cheana maidir le dálaí oibre agus cearta oibrithe, ba cheart go leanfaidís sin d’fheidhm a bheith acu.

C. Gnéithe rialála

36.Agus neamhspleáchas rialála na bPáirtithe á chaomhnú, leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart forálacha a chur san áireamh maidir le cineálacha cur chuige rialála atá trédhearcach éifeachtúil comhréireach, a mhéid is féidir, a chur chun cinn, agus a chuirfidh seachtain bacainní neamhriachtanacha ar thrádáil earraí chun cinn.

37.Sa chomhthéacs sin, leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart disciplíní maidir le rialáil intíre a chumhdach. Ba cheart go gcuimseofaí leosan forálacha cothrománacha i gcomhréir leis an gcleachtas i gcomhaontuithe saorthrádála, amhail cinn ar nósanna imeachta ceadúnúcháin agus forálacha rialála i gcomhréir le comhaontuithe saorthrádála an Aontais atá ann cheana in earnálacha sonracha amhail seirbhísí teileachumarsáide, seirbhísí airgeadais, seirbhísí seachadta agus seirbhísí iompair muirí idirnáisiúnta.

38.Leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe, ba cheart tiomantas na bPáirtithe a athdhearbhú, trí fhorálacha earnálacha i seirbhísí teileachumarsáide, maidir le rochtain chothrom chomhionann ar líonraí agus ar sheirbhísí teileachumarsáide poiblí a chur ar fáil do sholáthraithe seirbhísí a chéile agus aghaidh a thabhairt ar chleachtais fhrithiomaíocha.

39.Leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart creat a bhunú le haghaidh comhar rialála deonach i réimsí a bhaineann le leas an Aontais, lena n‑áirítear malartú faisnéise agus comhroinnt an dea-chleachtais.

40.Leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart a chur san áireamh disciplíní trasghearrtha maidir le dea-chleachtais rialála agus trédhearcacht le haghaidh rialacháin éifeachtacha cost-éifeachtacha maidir le seirbhísí agus infheistíocht a fhorbairt agus a chur chun feidhme, lena n‑áirítear comhairliúcháin phoiblí luatha ar rialacháin nua suntasacha nó athbhreithnithe suntasacha ar na bearta atá ann cheana.

41.Leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart a chuimsiú freisin creat le haghaidh na caibidlíochta maidir leis na coinníollacha faoina dtabharfaidh na húdaráis inniúla náisiúnta aitheantas do na cáilíochtaí is gá chun gairmeacha rialáilte sonracha a shaothrú, i gcás inarb é leas an Aontais é.

4. COMHAR MAIDIR LE SEIRBHÍSÍ AIRGEADAIS

42.Leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe, ba cheart tiomantas na bPáirtithe a athdhearbhú do chobhsaíocht airgeadais, sláine an mhargaidh, cosaint an infheisteora agus an tomhaltóra agus iomaíocht chóir a chaomhnú agus neamhspleáchas rialála agus cinnteoireachta na bPáirtithe a urramú, agus a gcumas cinntí coibhéise a dhéanamh ar mhaithe lena leas féin. Tá sin gan dochar do chumas na bPáirtithe aon bheart a ghlacadh nó a choinneáil ar bun ar chúiseanna stuamachta. Is iad a gcreataí coibhéise aontaobhacha faoi seach an phríomhionstraim a mbainfidh na Páirtithe úsáid aisti chun idirghníomhaíochtaí idir a gcórais airgeadais a rialáil.

43.Leis na gcomhar maidir le seirbhísí airgeadais ba cheart go mbunófaí dlúthchomhar atá struchtúrtha go hiomchuí maidir le cúrsaí rialála agus maoirseachta, i gcomhlachtaí idirnáisiúnta san áireamh. Leis an gcomhar sin ba cheart go gcaomhnófaí neamhspleáchas rialála agus maoirseachta an Aontais. Ba cheart go gceadófaí leis malartú faisnéise neamhfhoirmiúil agus plé déthaobhach a dhéanamh ar thionscnaimh rialála agus maidir le saincheisteanna leasa eile, an choibhéis mar shampla. Ba cheart go n‑áiritheofaí leis, i gcás inarb fhéidir, trédhearcacht agus cobhsaíocht iomchuí an chomhair.

5. AN TRÁDÁIL DHIGITEACH

44.I gcomhthéacs dhigitiú méadaitheach na trádála lena gcumhdaítear seirbhísí agus earraí araon, leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart forálacha a chuimsiú arb é is aidhm dóibh an trádáil dhigiteach a éascú, aghaidh a thabhairt ar bhacainní gan údar ar an trádáil trí bhíthin meán leictreonach, agus timpeallacht shlán iontaofa ar líne a áirithiú do ghnólachtaí agus do thomhaltóirí, amhail maidir le seirbhísí leictreonacha iontaoibhe barántúla nó maidir le gan údar ar an trádáil trí mheán leictreonach a éileamh ar an mbonn, agus ar an mbonn sin amháin, go soláthraítear an tseirbhís sin ar fáil trí bhíthin meán leictreonach. Ba cheart foráil freisin maidir le cosaint tomhaltóirí sa timpeallacht ar líne agus maidir le cumarsáid faoi mhargaíocht dhíreach nár iarradh. Leis na forálacha sin ba cheart aghaidh a thabhairt ar shreabha sonraí agus, san am céanna, gan cur isteach ar rialacha an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta.

45.Leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart foráil a dhéanamh maidir le comhar i bhfóraim iltaobhacha agus ilpháirtithe leasmhara i réimsí leasa fhrithpháirtigh, agus comhphlé a bhunú chun faisnéis, taithí agus dea-chleachtas maidir le teicneolaíochtaí i dtaca le teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn a mhalartú.

6. GLUAISEACHTAÍ CAIPITIL AGUS AISÍOCAÍOCHTAÍ

46.Leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart go gcuimseofaí forálacha maidir le gluaiseachtaí caipitil agus aisíocaíochtaí a chumasú a bhaineann le hidirbhearta a léirscaoilfear faoin gcomhpháirtíocht atá beartaithe. Ba cheart forálacha cosanta agus maolaithe a chuimsiú inti (i dtaca le haontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta agus comhardú íocaíochtaí an Aontais, mar shampla), ar cheart iad a bheith i gcomhréir leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le saorghluaiseacht chaipitil.

7.MAOIN INTLEACHTÚIL

47.Leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart foráil maidir le cearta chun maoin intleachtúil a choimirciú agus a fhorfheidhmiú chun an nuálaíocht, an chruthaitheacht agus an ghníomhaíocht eacnamaíocht a spreagadh agus an méid sin a dhéanamh de bhreis ar chaighdeáin Chomhaontú ETD ar Ghnéithe de Chearta Maoine Intleachtúla a bhaineann le Trádáil (TRIPS) agus na hEagraíochta Domhanda um Maoin Intleachtúil (EDMI) i gcás inarb ábhartha.

48.Leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart caomhnú a dhéanamh ar na hardleibhéil mhaoine intleachtúil a chosaint atá ann faoi láthair, amhail cóipcheart agus cearta gaolmhara, trádmharcanna, cearta dearaidh neamhchláraithe agus cláraithe, tásca geografacha, paitinní, faisnéis neamhnochta nó cearta maidir le cineálacha plandaí. Leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart an chosaint ar thásca geografach atá ann cheana a dhearbhú de réir mar a dhéantar foráil sa Chomhaontú um Tharraingt Siar agus ba cheart sásra a bhunú chun tásca geografacha a chosaint amach anseo lena n‑áiritheofar an leibhéal cosanta céanna dá bhforáiltear sa Chomhaontú um Tharraingt Siar.

49.Leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart éifeachtacht fhorfheidhmiú na gceart maoine intleachtúla a áirithiú freisin, lena n‑áirítear forfheidhmiú sa timpeallacht dhigiteach agus ag an teorainn.

50.Leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart sásra iomchuí a bhunú le haghaidh comhair agus malartú faisnéise idir na Páirtithe maidir le saincheisteanna leasa choitinn a bhaineann le maoin intleachtúil amhail na cineálacha cur chuige agus próisis faoi seach i dtaca le trádmharcanna, dearaí agus paitinní.

8. SOLÁTHAR POIBLÍ

51.Agus aontachas na Ríochta Aontaithe le Comhaontú EDT maidir le Soláthar Rialtais (GPA) á thabhairt d’aire, leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart foráil a dhéanamh maidir le deiseanna frithpháirteacha i margaí soláthair phoiblí na bPáirtithe bunaithe ar thairiscint rochtana na Ríochta Aontaithe ar GPA agus de bhreis ar a gealltanais faoi GPA i réimsí sonracha, gan dochar dá rialacha intíre chun a leasanna bunúsacha slándála a chosaint. Ba cheart a áireamh sna réimsí sin soláthar ábhartha nach gcumhdaítear le GPA amhail soláthar in earnálacha na bhfóntas nach gcumhdaítear faoi GPA. Ba cheart a áirithiú leis an gcóireáil náisiúnta nach lú fabhar í ná an chóireáil a thugtar do sholáthraithe nó do sholáthraithe seirbhísí áitiúla.

52.Leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart na Páirtithe a thiomnú do chaighdeáin atá bunaithe ar GPA lena n‑áirithítear trédhearcacht na ndeiseanna margaidh, agus na rialacha, nósanna imeachta agus cleachtais i ndáil leis an soláthar poiblí, agus a dhéanann de bhreis orthu. Ag cur di leis na caighdeáin sin, leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart aghaidh a thabhairt ar an riosca go dtarlódh iompar treallach agus conarthaí á ndeonú, agus ba cheart nósanna imeachta réitigh agus athbhreithnithe éifeachtacha inrochtana a chur ar fáil, lena n‑áirítear imeachtaí os comhair údaráis bhreithiúnacha.

9. SOGHLUAISEACHT

53.Ba cheart socruithe soghluaisteachta, lena n‑áirítear taisteal gan víosa le haghaidh cuairteanna gearrthéarmacha, sa chomhpháirtíocht atá beartaithe a bheith bunaithe ar neamh‑idirdhealú idir Ballstáit an Aontais agus ar an gcómhalartacht iomlán.

54.Ba cheart é a bheith d’aidhm ag an gcomhpháirtíocht atá beartaithe féachaint le coinníollacha iontrála agus fanachta a leagan amach chun críocha amhail taighde, staidéar, oiliúint agus malartuithe óige.

55.Leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart aghaidh a thabhairt ar chomhordú na slándála sóisialta, agus aird chuí á tabhairt ar ghluaiseacht daoine sa todhchaí.

56.Ba cheart aon fhorálacha a bheith gan dochar do shocruithe an Chomhlimistéir Taistil (CTA) a bhfuil feidhm acu idir an Ríocht Aontaithe agus Éire, dá dtagraítear in Airteagal 38(2) den Chomhaontú um Tharraingt Siar agus in Airteagal 3 den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann.

10. IOMPAR

A. Eitlíocht

a) Aeriompar

57.Ba cheart aghaidh a thabhairt go cuimsitheach leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ar an gcaidreamh eitlíochta leis an Ríocht Aontaithe. Ar bhonn prionsabal tráchtála agus deiseanna cothroma córa iomaíochta a bheith ann, ba cheart a áirithiú trína bíthin go ndéanfaí margaí a oscailt go cómhalartach, inbhuanaitheach, cothrom agus an margadh inmheánach le haghaidh seirbhísí aeriompair á chaomhnú san am céanna. Féadtar gnéithe áirithe den chomhpháirtíocht atá beartaithe a chur chun feidhme ar bhealach céimnithe.

58.Leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart a áirithiú go gcaithfí go cothrom agus ar bhealach neamh-idirdhealaitheach le haeriompróirí uile an Aontais, gan beann ar náisiúntacht, maidir le gach ceist a chumhdaítear leis an gcomhaontú.

59.Ba cheart forálacha a chuimsiú inti maidir le hiarratais ó aeriompróirí ar údaruithe oibríochta a bhunú ar nósanna imeachta lena mbaineann an mhoill is lú.

60.Leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart cearta tráchta áirithe a chuimsiú ar bhonn cómhalartach chun nascacht leanúnach a áirithiú. Mar sin féin, ní fhéadfaidh an Ríocht Aontaithe, ina cáil mar thír nach Ballstát den Aontas í, na cearta céanna a bheith aici ná leas a bhaint as an tairbhe céanna a bheadh ag Ballstát. Féadfar gnéithe a chuimsítear i gCúigiú Saoirse an Aeir a chur san áireamh más rud é, agus gaireacht gheografach na Ríochta Aontaithe á chur san áireamh, go ndéantar iad a chothromú le hoibleagáidí comhfhreagracha agus go bhfuil siad ar mhaithe le leas an Aontais.

61.Leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart foráil a dhéanamh maidir le sásraí leordhóthanacha le haghaidh faisnéis a fhíorú agus a mhalartú agus é d’aidhm leo muinín comhpháirteach san fhorfheidhmiú a áirithiú. Ba cheart foráil a dhéanamh inti maidir le forálacha sábháilteachta agus slándála aeir atá chomh dian agus is féidir. Ba cheart forálacha maidir le solúbthachta oibríochtúla agus tráchtála a chumhdach léi agus béim ar leith á chur ar shaincheisteanna a bhaineann le “bheith i mbun gnó” a réiteach.

62.Anuas ar na ceanglais maidir le cothroime iomaíochta a leagtar amach i Roinn 15 den Chuid seo, ba cheart forálacha sonracha a bheith ann maidir le hiomaíocht oscailte chothrom a bhaineann go sonrach le hearnáil na heitlíochta.

63.Leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe níor cheart toirmeasc a dhéanamh ar chánacha ar bhonn neamh-idirdhealaitheach ar bhreosla aerárthaí a sholáthraítear d’aerárthaí. Níor cheart tionchar a bheith ag an gcomhaontú ó thaobh CBL.

b) Sábháilteacht eitlíochta

64.Leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart an trádáil agus an infheistíocht i dtáirgí, comhpháirteanna nó fearais aerloingseoireachta a éascú trí chomhar i réimsí amhail deimhniúchán agus faireachán, formhaoirseacht ar tháirgeadh agus ceadú agus tástáil chomhshaoil. Ba cheart é a bheith mar bhonn leis an gcaibidlíocht an dá Pháirtí a bheith sásta le ceanglais agus próisis rialála a chéile agus a gcumas iad a chur chun feidhme.

65.Níor cheart aon ní a bheith sa chomhpháirtíocht atá beartaithe i dtaca le caighdeáin agus rialacháin theicniúla na bPáirtithe a ghlacadh go cómhalartach. Ach is é rud é gur cheart go ndéanfaí dúbláil measúnuithe a theorannú do dhifríochtaí rialála suntasacha agus go gceadófaí, a mhéid is féidir, dul ar iontaoibh chóras deimhniúcháin an Pháirtí eile. Féadfar rialacha mionsonracha a shonrú léi freisin, bunaithe ar thaithí agus eolas an pháirtí eile, maidir le leibhéal rannpháirtíochta na n‑údarás faoi seach. Chun gnóthú an chuspóra a leagtar amach thuas a éascú, féadfar leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe foráil a dhéanamh maidir le comhar rialála.

66.Ní ghlacfaidh Páirtí amháin le cinntí nó deimhnithe an Pháirtí eile ach amháin i gcás ina mbíonn an chéad Pháirtí in ann muinín a bhunú agus a choinneáil ar bun i gcumas an Pháirtí eile a oibleagáidí a chomhlíonadh i gcomhréir leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe, agus fad a bhíonn sé in ann sin a dhéanamh. Leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart sásraí comhair iomchuí a chuimsiú chun feidhmiúlacht leanúnach agus cumas leanúnach na gcomhlachtaí rialála a bhfuil baint acu lena cur chun feidhme a fhíorú ar bhonn cómhalartach.

B. Iompar de bhóthar

67.Leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart rochtain oscailte ar mhargaí d’iompar lasta déthaobhach de bhóthar a bhunú, lena n‑áirítear turais neamhualaithe a dhéantar i gcomhar leis an méid seo:

-oibríochtaí ag oibreoirí tarlaithe de bhóthar an Aontais ó chríoch an Aontais go críoch na Ríochta Aontaithe agus a mhalairt;

-oibríochtaí ag oibreoirí tarlaithe de bhóthar na Ríochta Aontaithe chuig críoch an Aontais agus a mhalairt.

68.Leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart foráil maidir le socruithe idirthurais iomchuí.

69.Ós rud é gur oibreoirí tríú tíortha iad, níor cheart na cearta céanna ná na tairbhí céanna a bhronnadh ar oibreoirí tarlaithe de bhóthar na Ríochta Aontaithe agus a bhronntar ar oibreoirí tarlaithe de bhóthar an Aontais i dtaca le hoibríochtaí iompair lasta de bhóthar ó Bhallstát amháin de chuid an Aontais go Ballstát eile (“cabatáiste mór”) agus i dtaca le hoibríochtaí iompair lasta de bhóthar laistigh de chríoch Ballstáit amháin de chuid an Aontais (“cabatáiste”).

70.Anuas ar na ceanglais maidir le cothroime iomaíochta a leagtar amach |i Roinn 15 den Chuid seo, ba cheart a áirithiú le forálacha sonracha nach ndéanfar laghdú ar an leibhéal cosanta coiteann i ndáil le hoibreoirí agus tiománaithe (lena n‑áirítear rialacha sóisialta) i réimse an iompair de bhóthar faoi bhun an leibhéil dá ndéantar foráil leis na caighdeáin choiteanna is infheidhme san Aontas agus sa Ríocht Aontaithe ag deireadh na hidirthréimhse.

71.Leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart aghaidh a thabhairt ar na ceanglais maidir le teicneolaíocht tacagraif.

72.I dtaca le paisinéirí a iompar de chóiste agus de bhus (seirbhísí ócáideacha agus seirbhísí rialta), leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart Comhaontú Iltaobhach Interbus agus an Prótacal a ghabhann leis an gComhaontú sin a chur san áireamh i dtaca le seirbhísí tráthrialta idirnáisiúnta agus seirbhísí tráthrialta speisialta, a bhfuiltear i mbun a sínithe nó a dhaingnithe ag na páirtithe sa chomhaontú agus sa phrótacal sin faoi láthair.

C. Iompar d'iarnród

73.Leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart aghaidh a thabhairt, más gá, ar chás sonrach Thollán Mhuir nIocht.

11. FUINNEAMH AGUS AMHÁBHAIR

A. Forálacha cothrománacha maidir le fuinneamh agus amhábhair

74.Ba cheart a chuimsiú leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe forálacha cothrománacha lena dtugtar aghaidh ar ghnéithe d’fhuinneamh agus d’amhábhair a bhaineann leis an trádáil agus leis an infheistíocht. Ba cheart go mbeadh sé d’aidhm ag an gcomhpháirtíocht timpeallacht ghnó atá oscailte, trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach agus intuartha a áirithiú agus aghaidh á tabhairt ar phraghsáil dhúbailte sa réimse sin. Ba cheart go mbeadh sé d’aidhm aici rialacha trédhearcacha neamh-idirdhealaitheacha a leagan síos maidir le taiscéal agus táirgeadh, agus rialacha sonracha maidir le rochtain ar mhargaí agus forálacha maidir le fuinnimh in-athnuaite a chuimsiú. Leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart rialacha a chuimsiú lena dtacaítear le trádáil agus le hinfheistíocht in earnáil an fhuinnimh in-athnuaite.

75.Leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart cur leis an gcomhar sna réimsí thuasluaite freisin. Ba cheart é a bheith d’aidhm ag an gcomhpháirtíocht atá beartaithe forbairt geilleagair ísealcharbóin shábháilte inbhuanaithe a chur chun cinn, amhail infheistíocht i bhfuinneamh in-athnuaite agus i réitigh atá éifeachtach ó thaobh fuinnimh de.

B. Leictreachas agus gás

76.Leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart foráil a dhéanamh maidir le tacú le seachadadh soláthairtí cost-éifeachtacha glana slána leictreachais agus gáis, bunaithe ar mhargaí iomaíocha agus ar rochtain neamh-idirdhealaitheach ar líonraí. Leis an gcomhar sin beidh gealltanais láidre maidir le cothroime iomaíochta de dhíth, lena n‑áirítear praghsáil éifeachtach carbóin mar a leagtar amach i Roinn 15 den Chuid seo, agus fuinneamh in-athnuaite a chomhtháthú sa chóras fuinnimh. I dtaca le margaí iomaíocha agus rochtain neamh-idirdhealaitheach ar líonraí, bíonn díchuachadh éifeachtach oibreoirí líonra, rialáil neamhspleách, agus bearta chun cosc a chur ar chleachtais drochúsáide a mbeadh tionchar acu ar mhargaí mórdhíola fuinnimh de dhíth.

77.Leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart foráil a dhéanamh maidir le creat a bhunú chun comhar teicniúil a éascú idir oibreoirí líonraí agus gáis agus eagraíochtaí leictreachais agus eagraíochtaí leictreachais agus gáis. I bhfianaise go bhfágfaidh an Ríocht Aontaithe an margadh inmheánach d’fhuinneamh, ba cheart sásraí a chuimsiú lena n‑áiritheofaí a mhéid is féidir cinnteacht an tsoláthair agus trádáil éifeachtúil ar idirnascairí thar thréimhsí ama éagsúla.

C. An chumhacht núicléach shibhialta

78.Agus tábhacht na sábháilteachta agus an leata núicléach á aithint, leis an gcomhpháirtíocht ba cheart forálacha a chuimsiú maidir le comhar leathan idir Euratom agus an Ríocht Aontaithe maidir húsáid shíochánta an fhuinnimh núicléach.

79.Ba cheart na forálacha maidir le comhar núicléach a bheith bunaithe ar choinbhinsiúin agus conarthaí idirnáisiúnta a urramú. Ba cheart na gealltanais maidir leis an gcomhar núicléach a fhothú le gealltanais maidir leis na hardchaighdeáin sábháilteachta núicléach a choinneáil ar bun a mbeidh feidhm acu ag deireadh na hidirthréimhse, agus le tiomantas ó Euratom agus ón Ríocht Aontaithe leanúint d’fheabhas a chur chun feidhme phrionsabail an Choinbhinsiúin ar Shábháilteacht Núicléach.

80.Leis na forálacha maidir le comhar núicléach ba cheart go n‑éascófaí trádáil ábhair núicléach agus trealamh núicléach agus aistriú teicneolaíochta núicléiche agus comhar agus malartú faisnéise idir Euratom, an Ríocht Aontaithe agus a húdaráis náisiúnta, lena n‑áirítear i dtaca le malartú faisnéise faoi choimircí núicléacha, an tsábháilteacht núicléach, na leibhéil raidighníomhaíochta sa chomhshaol agus an soláthar raidiseatóp míochaine.

12. IASCACH

81.Leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart, sa chuid eacnamaíoch di, forálacha a chuimsiú maidir le hiascaigh, ina leagfar amach creat don bhainistíocht ar stoic éisc chomhroinnte, chomh maith leis na coinníollacha maidir le rochtain ar uiscí agus ar acmhainní. Ba cheart iascaigh fhreagracha leanúnacha a bhaint amach léi a dhéanfaidh caomhnú fadtéarmach agus saothrú inbhuanaithe ar acmhainní bitheolaíocha na mara a áirithiú, i gcomhréir leis na prionsabail ábhartha faoin dlí idirnáisiúnta agus faoi dhlí an Aontais, go háirithe na prionsabail sin atá mar bhonn taca don Chomhbheartas Iascaigh mar a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013. Ba cheart socruithe éifeachtacha bainistíochta agus maoirseachta, agus socruithe um réiteach díospóidí agus um fhorfheidhmiú, lena n‑áirítear réitigh iomchuí, a bheith mar bhonn taca do na forálacha maidir le hiascaigh.

82.Leis na forálacha maidir le hiascaigh ba cheart comhar a chuimsiú maidir le bearta a fhorbairt le haghaidh saothrú inbhuanaithe, agus caomhnú, acmhainní, lena n‑áirítear cleachtais a mbaineann cur amú leo, amhail éisc a chur thar bord, a sheachaint. Ba cheart do bhearta den sórt sin a bheith neamh-idirdhealaitheach agus go gcloífí le cur chuige atá bunaithe ar an eolaíocht i dtreo an chuspóra an uastáirgeacht inbhuanaithe a bhaint amach le haghaidh na stoc lena mbaineann. Leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart forálacha a chuimsiú le haghaidh comhar sa bhailiú sonraí agus sa taighde.

83.Taobh amuigh den chomhar maidir le caomhnú, bainistiú agus rialáil, ba cheart é a bheith de chuspóir ag na forálacha maidir le hiascaigh seasamh le gníomhaíochtaí iascaireachta an Aontais. Go háirithe, ba cheart é a bheith mar aidhm aige easáitiú eacnamaíoch a sheachaint i gcás iascairí an Aontais a rinne iascaireacht go traidisiúnta in uiscí na Ríochta Aontaithe.

84.Chun an cuspóir sin a bhaint amach, ba cheart do na forálacha maidir le hiascaigh tógáil ar na coinníollacha rochtana cómhalartaí atá ann cheana, scaireanna cuótaí agus gníomhaíocht thraidisiúnta chabhlach an Aontais, agus, dá bhrí sin:

-foráil a dhéanamh maidir le leanúint den rochtain chómhalartach, le haghaidh gach speiceas ábhartha, ag soithí an Aontais agus na Ríochta Aontaithe ar uiscí an Aontais agus na Ríochta Aontaithe;

-scaireanna cuóta cobhsaí a shainiú, nach féidir a choigeartú ach le toiliú an dá Pháirtí;

-rialacha mionsonraithe a bheith san áireamh iontu maidir le cuótaí a aistriú agus a mhalartú agus maidir le gabhálacha iomlán incheadaithe (nó srianta ar iarrachtaí) ar bhonn straitéisí bainistíochta fadtéarmacha;

-na módúlachtaí a eagrú chun údaruithe iascaireachta a fháil agus na forálacha lena n‑áirithítear cóir chomhionann agus comhlíontacht, lena n‑áirítear gníomhaíochtaí comhpháirteacha rialaithe agus cigireachta.

85.Beidh na téarmaí maidir le rochtain ar uiscí agus ar scaireanna cuótaí mar bhonn eolais leis na coinníollacha a leagtar amach i dtaca le gnéithe eile den chuid eacnamaíoch den chomhpháirtíocht atá beartaithe, go háirithe de na coinníollacha rochtana faoin limistéar saorthrádála dá bhforáiltear i bPointe B de Roinn 2 den Chuid seo.

86.Ba cheart na forálacha maidir le hiascaigh a bhunú faoin 1 Iúil 2020, chun go mbeidh siad i bhfeidhm in am le húsáid chun deiseanna iascaireachta a chinneadh don chéad bhliain tar éis na hidirthréimhse.

13. FIONTAIR BHEAGA AGUS MHEÁNMHÉÍDE

87.Leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart caibidil shonrach a chuimsiú maidir le fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) agus ba cheart di sin cabhrú le FBManna lántairbhe a bhaint as an gcomhpháirtíocht atá beartaithe, inter alia tríd an leibhéal feasachta i measc FBManna a mhéadú agus feabhas a chur ar an rochtain atá acu ar fhaisnéis úsáideach maidir le rialacha, rialacháin agus nósanna imeachta a bhaineann le gnó a dhéanamh, soláthar poiblí san áireamh.

14.COMHAR DOMHANDA

88.Leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart forálacha a chuimsiú a aithníonn a thábhachtaí agus atá an comhar idirnáisiúnta chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a mbaineann leas comhroinnte eacnamaíoch, comhshaoil agus sóisialta leo. Ós amhlaidh atá, ba cheart é a bheith i gceist leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe, agus a n‑uathriail cinnteoireachta á gcoimeád ag na Páirtithe, comhar a dhéanamh i bhfóraim idirnáisiúnta, amhail G7 agus G20, i gcás ina rachaidh sin lena gcomhleas agus i réimsí lena n‑áirítear na cinn seo a leanas: an t‑athrú aeráide; forbairt inbhuanaithe; truailliú trasteorann; cosaint an chomhshaoil; sláinte phoiblí agus cosaint tomhaltóirí; cobhsaíocht airgeadais; agus an comhrac in aghaidh na caomhnaitheachta sa trádáil.

15. COTHROM IOMAÍOCHTA AGUS INBHUANAITHEACHT

A. Ginearálta

89.I bhfianaise a ghaire agus atá an tAontas agus an Ríocht Aontaithe dá chéile, agus an t‑idirspleácha eacnamaíoch eatarthu, ní mór don chomhpháirtíocht atá beartaithe iomaíocht oscailte chothrom a áirithiú, a chuimsíonn gealltanais láidre chun cothrom iomaíochta a áirithiú. Ba cheart do na gealltanais sin a bheith i gcomhréir le raon feidhme agus doimhneacht na comhpháirtíochta foriomláine atá beartaithe agus le gaolmhaireacht eacnamaíoch na bPáirtithe. Ba cheart do na gealltanais seo saobhadh trádála agus buntáistí iomaíochta éagóracha a chosc. Chuige sin, leis an gcomhaontú atá beartaithe ba cheart seasamh leis na hardchaighdeáin choiteanna i réimsí na státchabhrach, na hiomaíochta, na gcuideachtaí faoi úinéireacht stáit, na gcaighdeán sóisialta agus fostaíochta, na gcaighdeán comhshaoil, an athraithe aeráide, agus cúrsaí ábhartha cánach.. Agus sin á dhéanamh, ba cheart don chomhaontú dul i muinín chaighdeáin chuí ábhartha an Aontais agus na gcaighdeán cuí ábhartha idirnáisiúnta. Ba cheart sásraí leormhaithe a bheith san áireamh ann lena ndéanfar cur chun feidhme ar bhonn intíre, forfheidhmiú, agus réiteach díospóidí éifeachtach, leigheasanna cuí san áireamh, a áirithiú. Ba cheart an fhéidearthacht a bheith ag an Aontas freisin bearta eatramhacha uathrialacha a chur i bhfeidhm chun freagairt a thabhairt go tapa ar aon chur isteach ar na dálaí comhionanna iomaíochta i réimsí ábhartha.

90.Ba cheart don chomhpháirtíocht atá beartaithe na Páirtithe a thiomnú leanúint d'fheabhas a chur a leibhéil chosanta faoi seach agus é mar aidhm aige sin ardleibhéal cosanta a áirithiú sa réimse dá dtagraítear i mír 89 . Ba cheart an bord rialaithe a chumhachtú chun na gealltanais maidir le cothrom iomaíochta a mhodhnú chun réimsí breise a chur san áireamh nó chun caighdeáin níos airde a leagan síos le himeacht ama.

B. Iomaíocht

91.Leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart cur i bhfeidhm rialacha státchabhrach an Aontais maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe a áirithiú. I gcás cabhair arna deonú ag an Ríocht Aontaithe a dhéanann difear don trádáil idir an Bhreatain Mhór agus an tAontas, ba cheart don Ríocht Aontaithe údarás forfheidhmiúcháin, a bheidh neamhspleách agus a mbeidh acmhainní leormhaithe aige, a chur ar bun, a mbeidh cumhachtaí éifeachtacha aige chun na rialacha is infheidhme a fhorfheidhmiú, agus ba cheart don údarás sin oibriú i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún. Ba cheart díospóidí faoi chur i bhfeidhm na rialacha maidir le státchabhair sa Ríocht Aontaithe a bheith faoi réir réiteach díospóidí.

92.Leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart foráil a dhéanamh maidir le cosc a bheith ar chomhaontuithe frithiomaíocha, mí-úsáidí ceannasachta agus comhchruinnithe idir gnóthais ar baol iad go ndéanfaidís an iomaíocht a shaobhadh, mura leigheasfaí iad, a mhéid a dhéanann siad difear don trádáil idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe. Ba cheart do na Páirtithe gealltanas a thabhairt freisin forfheidhmiú éifeachtach a dhéanamh trí bhíthin dlí iomaíochta agus imeachtaí intíre riaracháin agus breithiúnacha, a fhágann gur féidir beart éifeachtach a dhéanamh in aghaidh sáruithe ar rialacha iomaíochta, agus leigheasanna éifeachtacha a dhéanamh.

C. Cuideachtaí faoi úinéireacht stáit

93.Leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart forálacha a chuimsiú maidir le cuideachtaí faoi úinéireacht stáit, monaplachtaí ainmnithe agus fiontair ar deonaíodh cearta nó pribhléidí speisialta orthu lena áirithiú nach ndéanfaidh siad an iomaíocht a shaobhadh ná bacainní ar an trádáil agus ar an infheistíocht a chruthú.

D. Cánachas

94.Leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart aitheantas a thabhairt do phrionsabail an dea-rialachais i réimse an chánachais, lena n‑áirítear na caighdeáin dhomhanda i dtaca le trédhearcacht agus malartú faisnéise, an cánachas cothrom, agus caighdeáin ECFE i gcoinne Chreimeadh an Bhoinn agus Aistriú Brabúis (BEPS), agus na Páirtithe a thiomnú dá gcur chun feidhme. Ba cheart di a áirithiú go gcuirfidh an Ríocht Aontaithe na caighdeáin choiteanna is infheidhme san Aontas agus sa Ríocht Aontaithe chun feidhme ag deireadh na hidirthréimhse i ndáil leis na réimsí seo a leanas ar a laghad: malartuithe faisnéis maidir le hioncam, cuntais airgeadais, rialuithe cánach, tuarascálacha de réir tíre, úinéireacht thairbhiúil agus socruithe pleanála cánach trasteorann a d’fhéadfadh a bheith ann. Ba cheart di a áirithiú freisin go gcuirfidh an Ríocht Aontaithe na caighdeáin choiteanna is infheidhme san Aontas agus sa Ríocht Aontaithe ag deireadh na hidirthréimhse i bhfeidhm i ndáil leis an gcomhrac i gcoinne cleachtais seachanta cánach agus i ndáil le tuairisciú de réir tíre ag institiúidí creidmheasa agus gnólacht infheistíochta.

95.Leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart go n‑athdhearbhófaí a thiomanta atá na Páirtithe srian a chur le bearta díobhálacha cánach, agus Plean Gníomhaíochta BEPS G20-ECFE á chur san áireamh. Ba cheart dóibh a áirithiú freisin go ndéanfadh an Ríocht Aontaithe a thiomantas don Chód Iompair maidir le Cánachas Gnó a athdhearbhú.

E. Cosaint ceart oibrithe agus shóisialta

96.Leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart a áirithiú nach ndéanfar an leibhéal cosanta ar chearta oibrithe agus sóisialta dá bhforáiltear le dlíthe, rialacháin agus cleachtais a laghdú faoi bhun an leibhéil dá bhforáiltear leis na caighdeáin choiteanna is infheidhme san Aontas agus sa Ríocht Aontaithe ag deireadh na hidirthréimhse i ndáil leis na réimsí seo a leanas ar a laghad: cearta bunúsacha ag an obair; sábháilteacht agus sláinte cheirde, prionsabal an réamhchúraim san áireamh; dálaí oibre cothroma agus caighdeáin fostaíochta; cearta faisnéise agus comhairliúcháin ar leibhéal na cuideachta agus athstruchtúrú. Ba cheart di freisin an t‑idirphlé sóisialta ar ábhair ceart oibrithe a chosaint agus a chur chun cinn i measc oibrithe agus fostóirí, agus a n‑eagraíochtaí faoi seach, agus i measc rialtas.

97.Leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart forfheidhmiú éifeachtach na Ríochta Aontaithe ar a ghealltanais agus ar dhlíthe, rialacháin agus cleachtais ina léirítear na gealltanais sin a áirithiú, trí bhíthin údaráis intíre a mbeidh acmhainní leormhaithe acu, córas éifeachtach cigireachtaí ar dhálaí oibre agus imeachtaí éifeachtacha riaracháin agus bhreithiúnacha.

F. An Comhshaol

98.Leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart a áirithiú nach ndéanfar an leibhéal cosanta comhshaoil dá bhforáiltear le dlíthe, rialacháin agus cleachtais a laghdú faoi bhun an leibhéil dá bhforáiltear leis na caighdeáin choiteanna is infheidhme san Aontas agus sa Ríocht Aontaithe ag deireadh na hidirthréimhse i ndáil leis na réimsí seo a leanas ar a laghad: rochtain ar fhaisnéis ar an gcomhshaol; rannpháirtíocht phoiblí agus rochtain ar cheartas in ábhair chomhshaoil; measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol agus measúnú straitéiseach ar an gcomhshaol; astaíochtaí tionsclaíocha; astaíochtaí aeir agus spriocanna agus uasteorainneacha aercháilíochta; caomhnú an dúlra agus na bithéagsúlachta; bainistiú dramhaíola; cosaint agus caomhnú an chomhshaoil uiscigh; cosaint agus caomhnú an chomhshaoil mhuirí; cosaint, laghdú agus díothú rioscaí do shláinte daoine nó don chomhshaol de dheasca substaintí ceimiceacha a tháirgeadh, a úsáid, a scaoileadh agus a dhiúscairt; agus an t‑athrú aeráide. Ba cheart a chur san áireamh leis sin go bhfuil bithsféar i gcoiteann ag an Aontas agus ag an Ríocht Aontaithe i ndáil le truailliú trasteorann. Leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart gealltanais íosta a leagan síos ina léireofar na caighdeáin, spriocanna san áireamh, i bhfeidhm ag deireadh na hidirthréimhse sna réimsí sin, i gcás inarb ábhartha. Leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart a áirithiú go ndéanfadh na Páirtithe prionsabal an réamhchúraim agus na prionsabail gur cheart gníomh coisctheach a ghlacadh, gur cheart tosaíocht a thabhairt do dhíobháil don chomhshaol a réiteach ag an bhfoinse agus gur cheart d'údar an truaillithe íoc as, na prionsabail sin a urramú.

99.Leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart a áirithiú go gcuirfidh an Ríocht Aontaithe córas trédhearcach chun feidhme chun go ndéanfaidh comhlacht nó comhlachtaí a mbeidh acmhainní leordhóthanacha aige nó acu faireachán, tuairisciú, maoirseacht agus forfheidhmiú éifeachtach ar a hoibleagáidí.

G. An comhrac i gcoinne an athraithe aeráide

100.Ba cheart gealltanais na bPáirtithe a athdhearbhú sa chomhpháirtíocht atá beartaithe comhaontuithe idirnáisiúnta lena dtéitear i ngleic leis an athrú aeráide a chur chun feidhme, lena n‑áirítear na comhaontuithe arna mbunú faoi Chreat-Choinbhinsiúin na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC), amhail Comhaontú Pháras.

101.Leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart a áirithiú freisin go ndéanfaidh an Ríocht Aontaithe córas praghsála carbóin a choimeád ar bun a mbeidh ar a laghad an éifeachtacht agus raon feidhme céanna aige dá bhforáiltear leis na caighdeáin choiteanna, spriocanna san áireamh, arna gcomhaontú san Aontas roimh dheireadh na hidirthréimhse agus is infheidhme i leith na tréimhse ina dhiaidh sin. Ba cheart do na Páirtithe breathnú ar chóras trádála astaíochtaí gás ceaptha teasa náisiúnta na Ríochta Aontaithe a nascadh le córas trádála astaíochtaí an Aontais (ETS). Ba cheart nascadh córas den sórt sin a bheith bunaithe ar na coinníollacha arna n‑aontú san Aontas, sláine ETS an Aontais agus cothrom iomaíochta a áirithiú leis, agus go bhfágfadh sé go bhféadfaí an leibhéal uaillmhéine a mhéadú le himeacht ama.

102.Leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart a áirithiú freisin, sna réimsí nach dtagann faoi chóras praghsála carbóin, nach ndéanfaidh an Ríocht Aontaithe an leibhéal cosanta a laghdú faoi bhun an leibhéil dá bhforáiltear leis na caighdeáin choiteanna, spriocanna san áireamh, arna gcomhaontú san Aontas faoi dheireadh na hidirthréimhse agus is infheidhme i leith na tréimhse ina dhiaidh sin.

103.Leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart a áirithiú go gcuirfidh an Ríocht Aontaithe córas trédhearcach chun feidhme chun go ndéanfaidh comhlacht nó comhlachtaí a mbeidh acmhainní leordhóthanacha aige nó acu faireachán, tuairisciú, maoirseacht agus forfheidhmiú éifeachtach ar a hoibleagáidí.

H. Ionstraimí eile le haghaidh forbairt inbhuanaithe

104.I gcomhréir le cuspóir na bPáirtithe an fhorbairt inbhuanaithe a áirithiú, ba cheart cur chun feidhme Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe a chur chun cinn. Ba cheart forálacha a bheith inti maidir le cloí leis na prionsabail agus rialacha idirnáisiúnta ábhartha arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta agus iad a chur chun feidhme go héifeachtach. Ba cheart coinbhinsiúin na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) agus Cairt Shóisialta Eorpach Chomhairle na hEorpa a bheith san áireamh leis sin. Leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart comhaontuithe iltaobhacha comhshaoil, lena n‑áirítear iad siúd a bhaineann leis an athrú aeráide, go háirithe Comhaontú Pháras, agus tionscnaimh iltaobhacha a bhaineann leis an athrú aeráide a mhaolú, amhail cinn na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta (IMO), a chumhdach freisin.

105.Ina theanna sin, sa chás go ndéanfadh na Páirtithe a leibhéal cosanta comhshaoil, sóisialta agus ceart oibrithe agus aeráide a mhéadú le dul níos faide ná na gealltanais i míreanna 96 , 98 agus 100 go 102 , ba cheart don chomhpháirtíocht atá beartaithe cosc a chur orthu na leibhéil bhreise sin a ísliú chun an trádáil agus an infheistíocht a spreagadh.

106.Chuige sin, ba cheart don chomhpháirtíocht atá beartaithe rannchuidiú níos mó trádála agus infheistíochta i dtreo na forbartha inbhuanaithe a chur chun cinn, lena n‑áirítear trí aghaidh a thabhairt, tríd an gcomhar déthaobhach agus i bhfóraim idirnáisiúnta, agus le modhanna eile, ar réimsí amhail an trádáil in earraí agus seirbhísí atá neamhdhíobhálach don chomhshaol agus don aeráid a éascú agus scéimeanna deonacha dearbhaithe inbhuanaitheachta agus freagracht shóisialta chorparáideach a chur chun cinn. Ba cheart é a bheith i gceist go háirithe comhar a dhéanamh i bhfóraim idirnáisiúnta, amhail UNFCCC, an G7 agus an G20, agus go déthaobhach chun leibhéal na huaillmhéine maidir leis an bhforbairt inbhuanaithe, agus sa chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide, a mhéadú. Ba cheart di an trádáil lena dtugtar tús áite don fhorbairt ísealastaíochta a bheidh athléimneach ó thaobh na haeráide de a chur chun cinn. Thairis sin ba cheart don chomhpháirtíocht atá beartaithe an trádáil in acmhainní nádúrtha a fhaightear go dlíthiúil agus a ndéantar bainistiú inbhuanaithe orthu a chur chun cinn, go háirithe i ndáil leis an mbithéagsúlacht, fauna agus flora, an t‑éiceachóras uisceach agus táirgí foraoiseachta a chur chun cinn agus na hionstraimí agus cleachtais ábhartha idirnáisiúnta a chumhdach.

107.Leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart foráil a dhéanamh maidir le rannpháirtíocht agus idirphlé na sochaí sibhialta.

108.Leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart foráil a dhéanamh maidir le faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na ngealltanas agus ar thionchair shóisialta agus chomhshaoil na comhpháirtíochta atá beartaithe trí inter alia athbhreithniú poiblí, grinnscrúdú poiblí agus sásraí chun dul i ngleic le díospóidí chomh maith le hionstraimí chun gníomhaíochtaí um chomhoibriú a spreagadh agus gníomhaíochtaí um chomhoibriú a bhaineann le trádáil, lena n‑áirítear é sin a dhéanamh i bhfóraim idirnáisiúnta ábhartha.

16. EISCEACHTAÍ GINEARÁLTA

109.Leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart eisceachtaí ginearálta a chuimsiú, is infheidhme maidir leis na codanna ábhartha den chomhpháirtíocht atá beartaithe, lena n‑áirítear eisceachtaí maidir leis an tslándáil, comhardú na n‑íocaíochtaí, maoirseacht stuamachta agus cánachas bunaithe ar na hairteagail ábhartha de chomhaontuithe EDT.

CUID III: CUID NA SLÁNDÁLA

1. CUSPÓIRÍ AGUS PRIONSABAIL

110.Ag féachaint do shlándáil an Aontais agus do shábháilteacht a chuid saoránach, ba cheart do na Páirtithe comhpháirtíocht slándála a bhunú a bheidh leathan cuimsitheach cothrom. Leis an gcomhpháirtíocht sin cuirfear san áireamh an ghaireacht gheografach agus bagairtí a bhíonn ag síorathrú, lena n‑áirítear an choireacht idirnáisiúnta, an choireacht thromchúiseach, an sceimhlitheoireacht, cibirionsaithe, feachtais bhréagaisnéise, bagairtí hibrideacha, an bonn a bheith á bhaint den ord riailbhunaithe idirnáisiúnta, agus athbheochan na mbagairtí státbhunaithe.

111.Leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe, ba cheart athdhearbhú a dhéanamh ar thiomantas na bPáirtithe an tslándáil dhomhanda, an rathúnas agus an t‑iltaobhachas éifeachtach a chur chun cinn, agus a bprionsabail, luachanna agus leasanna comhroinnte mar fhothaca leis sin. Ba cheart forfheidhmiú dlí agus comhar breithiúnach in ábhair choiriúla, an beartas eachtrach, an tslándáil agus an chosaint, chomh maith le comhar téamach i réimsí leasa choitinn a bheith sa chomhpháirtíocht slándála.

2. COMHAR UM FHORFHEIDHMIÚ AN DLÍ AGUS COMHAR BREITHIÚNACH IN ÁBHAIR CHOIRIÚLA

112.Leis an gcomhpháirtíocht slándála ba cheart foráil a dhéanamh maidir le dlúthchomhar um fhorfheidhmiú an dlí agus comhar breithiúnach i ndáil le cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh, agus stádas na Ríochta Aontaithe amach anseo mar thríú tír neamh-Schengen nach ndéantar foráil inti maidir le saorghluaiseacht daoine á chur san áireamh. Leis an gcomhpháirtíocht slándála ba cheart an chómhalartacht, neamhspleáchas chinnteoireacht an Aontais agus sláine a dhlíchórais a áirithiú agus a chur san áireamh nach féidir le tríú tír leas a bhaint as na cearta agus tairbhí céanna le Ballstát.

113.Ba cheart gealltanais go ndéanfar cearta bunúsacha a urramú, lena n‑áirítear cosaint sonraí pearsanta, gné lena ndéantar an comhar a chumasú, a bheith mar bhonn taca leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe. Sa chomhthéacs sin, leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart foráil a dhéanamh maidir le deireadh a chur go huathoibríoch leis an gcomhar um fhorfheidhmiú an dlí agus an comhar breithiúnach in ábhair choiriúla dá ndéanfadh an Ríocht Aontaithe an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine (ECHR) a shéanadh. Ba cheart foráil a dhéanamh inti freisin í a chur ar fionraí go huathoibríoch dá ndéanfadh an Ríocht Aontaithe an dlí náisiúnta lena dtugtar éifeacht do ECHR a aisghairm, agus é a fhágáil dodhéanta dá bhrí sin ag daoine aonair na cearta faoi ECHR a ghairm os comhair chúirteanna na Ríochta Aontaithe. Beidh leibhéal uaillmhéine an chomhair um fhorfheidhmiú an dlí agus an chomhair bhreithiúnaigh a bheartaítear sa chomhpháirtíocht slándála ag brath ar an leibhéal cosanta ar shonraí pearsanta arna áirithiú sa Ríocht Aontaithe. Oibreoidh an Coimisiún i dtreo cinneadh leordhóthanachta chun an comhar sin a éascú, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha infheidhme. Leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart foráil a dhéanamh maidir leis an gcomhar um fhorfheidhmiú an dlí agus an comhar breithiúnach a leagtar amach sa chomhpháirtíocht slándála a chur ar fionraí, má dhéanann an Coimisiún an cinneadh leordhóthanachta a aisghairm nó a chur ar fionraí nó má dhearbhaíonn Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) é a bheith neamhbhailí. Leis an gcomhpháirtíocht slándála ba cheart foráil a dhéanamh freisin maidir le ráthaíochtaí breithiúnacha do thriail chóir, lena n‑áirítear cearta nós imeachta, e.g. rochtain éifeachtach ar dhlíodóir. Ba cheart forais iomchuí a leagan síos inti freisin le hiarraidh ar chomhar a dhiúltú, lena n‑áirítear i gcás ina mbaineann iarraidh den sórt sin le duine a ciontaíodh nó a éigiontaíodh go críochnaitheach as na fíricí céanna i mBallstát nó sa Ríocht Aontaithe.

A. Malartú sonraí

114.Ba cheart socruithe cómhalartacha a bhunú sa chomhpháirtíocht atá beartaithe chun malartuithe tráthúla éifeachtacha éifeachtúla cómhalartacha a dhéanamh idir Aonaid Faisnéise Paisinéirí ar shonraí as an Taifead Ainmneacha Paisinéirí (PNR) agus torthaí próiseála na sonraí sin atá stóráilte i gcórais phróiseála náisiúnta PNR. Ba cheart foráil a dhéanamh ann freisin maidir le bonn le haghaidh aistrithe ar shonraí as PNR ag iompróirí aeir chuig an Ríocht Aontaithe le haghaidh na neitiltí idir an Ríocht Aontaithe agus Ballstát. Ba cheart do na socruithe den sórt sin cloí leis na ceanglais ábhartha, lena n‑áirítear iad siúd a leagtar amach i dTuairim 1/15 ó CBAE.

115.Leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart foráil a dhéanamh maidir le socruithe idir na Páirtithe a áiritheoidh rochtain chómhalartach ar shonraí atá ar fáil ar an leibhéal náisiúnta maidir le ADN agus méarloirg daoine a bhfuil amhras ina leith agus a ciontaíodh chomh maith le sonraí clárúcháin feithicle (Prüm).

116.Gan dochar do mhalartú faisnéise maidir le forfheidhmiú an dlí trí Interpol, Europol, comhaontuithe déthaobhacha agus comhaontuithe idirnáisiúnta, leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart foráil a dhéanamh maidir le malartuithe simplithe faisnéise atá ann cheana féin agus faisnéise míleata agus póilíneachta idir údaráis um fhorfheidhmiú an dlí na Ríochta Aontaithe agus na mBallstát, ar mhaithe le cumas a sholáthar a bheidh, a mhéid is indéanta go teicniúil agus go dleathach agus a mheastar gá a bheith leis agus a bheith chun leasa an Aontais, ar aon dul leosan a chumasaítear faoi Chinneadh Réime 2006/960/CGB ón gComhairle. Bheadh faisnéis i dtaca le daoine agus réada a bhfuiltear sa tóir orthu, nó atá ar iarraidh, san áireamh leis sin.

B. Comhar oibríochtúil idir údaráis um fhorfheidhmiú an dlí agus comhar breithiúnach in ábhair choiriúla

117.Leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart foráil a dhéanamh maidir le comhar idir an Ríocht Aontaithe agus Europol agus Eurojust i gcomhréir leis na socruithe don chomhar le tríú tíortha a leagtar amach i reachtaíocht ábhartha an Aontais.

118.Leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart socruithe éifeachtacha a bhunú bunaithe ar nósanna imeachta cuíchóirithe atá faoi réir rialú breithiúnach agus teorainneacha ama lena gcumasófar don Ríocht Aontaithe agus do Bhallstáit an Aontais iad siúd a bhfuil amhras fúthu nó iad siúd a ciontaíodh a thabhairt ar láimh go héifeachtúil agus go mear, agus deiseanna a bheith ann ceanglas na coiriúlachta dúbailte a tharscaoileadh le haghaidh cionta áirithe, agus infheidhmeacht na socruithe seo maidir lena náisiúnaigh féin agus maidir le cionta polaitiúla a fhágáil fúthu féin faoi seach.

119.Chun comhar praiticiúil éifeachtach agus éifeachtúil a áirithiú idir údaráis um fhorfheidhmiú an dlí agus údaráis bhreithiúnacha in ábhair choiriúla, ba cheart don chomhpháirtíocht atá beartaithe, i gcás inar gá, cur i bhfeidhm choinbhinsiúin ábhartha Chomhairle na hEorpa a éascú agus a fhorlíonadh, lena n‑áirítear trí theorainneacha ama a fhorchur agus foráil a dhéanamh maidir le foirmeacha caighdeánacha. Ba cheart di cineálacha forlíontacha cúnaimh riachtanaigh dhlíthiúil fhrithpháirtigh agus socruithe riachtanacha dlíthiúil frithpháirtigh a chumhdach atá oiriúnach ó thaobh stádas na Ríochta Aontaithe amach anseo de, lena n‑áirítear maidir le foirne comhpháirteacha imscrúdaitheacha agus an dul chun cinn teicneolaíoch is déanaí, ar mhaithe le cumas a sholáthar a bheidh, a mhéid is indéanta go teicniúil agus go dleathach agus a mheastar gá a bheith leis agus a bheith chun leasa an Aontais, ar aon dul leosan arna gcumasú faoi ionstraimí an Aontais.

120.Mar fhorlíonadh agus éascú ar chur i bhfeidhm Coinbhinsiún Eorpach ar Chúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla an 20 Aibreán 1959 agus na Prótacail Bhreise a ghabhann leis, ba cheart socruithe a chur i bhfeidhm leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe maidir le malartú faisnéise ar thaifid choiriúla a bheidh ag teacht le stádas na Ríochta Aontaithe amach anseo ar mhaithe le cumas a sholáthar a bheidh, a mhéid is indéanta go teicniúil agus go dleathach agus a mheastar gá a bheith leis agus chun leasa an Aontais, ar aon dul leosan a chumasaítear faoi ionstraim an Aontais.

C. Frithsciúradh airgid agus maoiniú frithsceimhlitheoireachta

121.Leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart go gcuimseofaí gealltanais tacaíocht a thabhairt d'iarrachtaí idirnáisiúnta chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac, go sonrach trí chaighdeáin an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais (FATF) a chomhlíonadh. Ba cheart do na forálacha sa chomhpháirtíocht atá beartaithe dul níos faide ná caighdeáin FATF maidir le faisnéis faoi úinéireacht thairbhiúil, i measc bealaí eile trí fhoráil a dhéanamh maidir le cláir phoiblí a bheith ann i dtaca le faisnéis faoi úinéireacht thairbhiúil le haghaidh cuideachtaí agus cláir leathphoiblí d’fhaisnéis faoi úinéireacht thairbhiúil le haghaidh iontaobhas agus comhshocruithe dlíthiúla eile.

3. AN BEARTAS EACHTRACH, AN tSLÁNDÁIL AGUS AN CHOSAINT

122.Leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart foráil a dhéanamh maidir le dlúthchomhar uaillmhianach buanmharthanach i dtaca le gníomhaíocht sheachtrach chun saoránaigh a chosaint ó bhagairtí seachtracha, coinbhleachtaí a chosc, an tsíocháin agus an tslándáil idirnáisiúnta a neartú agus aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna na ndúshlán domhanda.

123.Leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart neamhspleáchas chinnteoireacht an Aontais a chaomhnú, lena n‑áirítear múnlú a bheartais eachtraigh, slándála agus cosanta. Ba cheart don chomhpháirtíocht atá beartaithe dlíchóras an Aontais a urramú, chomh maith lena leasanna straitéiseacha agus slándála.

124.Má bhíonn leasanna comhroinnte ag an Ríocht Aontaithe agus ag an Aontas, agus sa chás sin, ba cheart don chomhpháirtíocht atá beartaithe an Ríocht Aontaithe a chumasú mar thríú tír oibriú i gcomhar leis an Aontas.

125.Agus lánleas á bhaint as an gcreat atá ann cheana oibriú i gcomhar le tríú tíortha, lena n‑áirítear trí na Náisiúin Aontaithe agus ECAT, leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba ceart idirphlé, comhairliúchán, malartú faisnéis agus sásraí comhair a chumasú a bheidh solúbtha, inscálaithe agus comhréireach le leibhéal rannpháirtíochta na Ríochta Aontaithe taobh leis an Aontas.

A. Comhairliúchán agus comhar

126.Leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart comhairliúcháin struchtúrtha idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe a chumasú tríd an Idirphlé Polaitiúil maidir leis an gComhbheartas Eachtrach agus Slándála (CBES) agus an Comhbheartas Slándála agus Cosanta (CBSC) chomh maith le babhtaí idirphlé earnálacha. Féadfaidh na Páirtithe comhairliúcháin struchtúrtha den sórt sin a chur chun oibríochta, i gcás inarb iomchuí, roimh dheireadh na hidirthréimhse.

127.Leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart comhar a chumasú idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe i dtríú tíortha, lena n‑áirítear maidir le cosaint chonsalach, agus in eagraíochtaí idirnáisiúnta, go háirithe faoi chuimsiú na Náisiún Aontaithe, d’fhonn iarrachtaí a chur le chéile sa ghníomhaíocht sheachtrach agus i mbainistiú na ndúshlán domhanda.

B. Smachtbhannaí

128.Chun go mbeifear in ann beartas smachtbhannaí na Ríochta Aontaithe a ailíniú le beartas smachtbhannaí an Aontais, má bhíonn cuspóirí comhroinnte acu i dtaca leis an mbeartas eachtrach agus sa chás sin, leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart idirphlé agus malartú faisnéise idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe a éascú ag na céimeanna iomchuí den timthriall bheartais ina gcóras smachtbhannaí faoi seach.

C. Oibríochtaí agus misin

129.Leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart creat a bhunú i gcomhréir leis na rialacha atá ann cheana le go mbeidh sé ar chumas na Ríochta Aontaithe a bheith rannpháirteach ar bhonn cás ar chás, agus ar chuireadh ón Aontas, i misin agus oibríochtaí CBSC atá oscailte do thríú tíortha.

130.Faoin gcreat sin agus i gcomhthéacs mhisean nó oibríocht CBSC a mbíonn an Ríocht Aontaithe rannpháirteach ann, leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart foráil a dhéanamh maidir le hidirghníomhú agus malartú faisnéise leis an Ríocht Aontaithe atá comhréireach le leibhéal rannpháirtíochta na Ríochta Aontaithe.

D. Forbairt ar an gcumas cosanta

131.Leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart neamhspleáchas straitéiseach agus saoirse gníomhaíochta an Aontais a bhfuil a bhonn tionsclaíoch cosanta mar fhothaca aige a chaomhnú. I gcás ar chun leasa tionsclaíoch agus teicneolaíoch an Aontais é, chun idir-inoibritheacht na bhfórsaí armtha faoi seach a éascú, féadfaidh an chomhpháirtíocht slándála na nithe seo a leanas a chumasú más féidir sin agus a mhéid is féidir sin faoi choinníollacha dhlí an Aontais:

a)comhoibriú na Ríochta Aontaithe i dtaighde agus acmhainneacht a fhorbairt i dtionscadail na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint (GEC) trí bhíthin socrú riaracháin;

b)rannpháirtíocht eintitis incháilithe de chuid na Ríochta Aontaithe i dtionscadail chomhoibríocha chosanta lena dtugtar le chéile eintitis de chuid an Aontais dá dtugtar tacaíocht ón gCiste Eorpach Cosanta;

c)rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe ar bhonn eisceachtúil i dtionscadail faoi chuimsiú an Bhuanchomhair Struchtúrtha (PESCO), i gcás ina dtabharfaidh an tAontas cuireadh di a bheith rannpháirteach.

132.Leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart foráil a dhéanamh gur cheart aon rannpháirtíocht de chuid na Ríochta Aontaithe i ngníomhaíochtaí na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint (GEC) nó Lárionad Satailítí an Aontais Eorpaigh a bhfuil baint acu le beartais níos leithne an Aontais a bheith i gcomhréir leis na rialacha rannpháirtíochta a shainítear i ndlí an Aontais.

E. Malartuithe faisnéise míleata agus póilíneachta

133.Leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht malartuithe faisnéise míleata agus póilíneachta a dhéanamh idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe ar bhonn tráthúil deonach cómhalartach de réir mar is iomchuí, agus táirgeadh neamhspleácha tháirgí faisnéise an Aontais a chaomhnú ag an am céanna. Ba cheart do mhalartuithe faisnéise míleata agus póilíneachta den sórt sin rannchuidiú le tuiscint chomhroinnte ar thimpeallacht slándála na hEorpa agus comhar a éascú idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe.

134.Leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart malartuithe faisnéise míleata agus póilíneachta agus faisnéise íogair a chumasú idir institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais agus údaráis na Ríochta Aontaithe. Leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart foráil a dhéanamh maidir leis an gcomhar idir an Ríocht Aontaithe agus Lárionad Satailítí an Aontais Eorpaigh i gcomhréir leis an gCinneadh ón gComhairle maidir le Lárionad Satailítí an Aontais Eorpaigh a bhunú i réimse an íomháithe spáis.

F. An Spás

135.Leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart foráil a dhéanamh maidir le rochtain a bheith ag an Ríocht Aontaithe ar Sheirbhís Phoiblí Rialáilte (PRS) Galileo trí fhorálacha maidir le PRS i gcomhréir le dlí an Aontais. Na forálacha den sórt sin maidir le PRS, ba cheart dóibh a chur ar chumas don Ríocht Aontaithe rochtain shlán a fháil ar an tseirbhís is athléimní de chuid Galileo le haghaidh feidhmeanna íogaire i gcomhthéacs oibríochtaí an Aontais nó oibríochtaí ad hoc a bhfuil a Bhallstáit rannpháirteach iontu.

136.Toisc go n‑eisiatar rochtain ar fhorbairt na dteicneolaíochtaí, ba cheart do na nithe seo a leanas a bheith ina gcoinníollacha maidir le rochtain ar PRS Galileo:

a)a áirithiú nach sáróidh úsáid PRS ag an Ríocht Aontaithe leasanna slándála bunriachtanacha an Aontais agus a Bhallstáit;

b)rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe sna gníomhaíochtaí nach mbaineann leis an tslándáil de Chlár Spáis an Aontais dá bhforáiltear i Roinn 2(A) de Chuid I maidir le rannpháirtíocht i gcláir an Aontais, ach amháin má dheonaíonn an Ríocht Aontaithe rochtain ar Chóras Domhanda um Loingseoireacht Satailíte na Ríochta Aontaithe atá beartaithe, agus go dtí go ndéantar sin.

G. An comhar um fhorbairt

137.Ba cheart go bhfágfadh an chomhpháirtíocht atá beartaithe gur féidir leis an Ríocht Aontaithe rannchuidiú le hionstraimí agus sásraí an Aontais le lánurraim do neamhspleáchas an Aontais ó thaobh tosaíochtaí forbartha a chlársceidealú de. Leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart an fhorbairt inbhuanaithe agus díothú na bochtaineachta a chur chun cinn. I ndáil leis an méid sin, ba cheart don chomhpháirtíocht foráil a dhéanamh maidir le tacaíocht leanúnach na bPáirtithe do chur chun feidhme Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe agus an Chomhdhearcaidh Eorpaigh maidir le Forbairt.

4. COMHAR TÉAMACH

A. An chibearshlándáil

138.Leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart idirphlé a chumasú idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe maidir leis an gcibearshlándáil, lena n‑áirítear comhar chun cleachtais éifeachtacha dhomhanda maidir leis an gcibearshlándáil a chur chun cinn i gcomhlachtaí ábhartha idirnáisiúnta.

139.Leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart malartú faisnéise tráthúil cómhalartach a chumasú idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe maidir leis an gcibearshlándáil, lena n‑áirítear maidir le teagmhais agus treochtaí.

140.Sa chomhthéacs sin, leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart comhar a chumasú a áirithíonn cómhalartacht idir an Ríocht Aontaithe agus Foireann Phráinnfhreagartha Ríomhaireachta an Aontais Eorpaigh (CERT-EU). Ba cheart di rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe a chumasú i ngníomhaíochtaí ábhartha an Ghrúpa Comhair arna bhunú faoi Threoir an Aontais maidir le Slándáil Líonra agus Faisnéise agus Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Shlándáil Gréasáin agus Faisnéise (ENISA).

B. An imirce neamhrialta

141.Leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart go mbeartófaí comhar a dhéanamh chun dul i ngleic leis an imirce neamhrialta, lena n‑áirítear na cúiseanna agus na hiarmhairtí atá léi, agus aitheantas a thabhairt ag an am céanna don dá rud seo – an gá atá ann na daoine is leochailí a chosaint agus stádas na Ríochta Aontaithe amach anseo mar thríú tír neamh‑Schengen nach ndéanann foráil maidir le saorghluaiseacht daoine. Leis an gcomhar sin, ba cheart an méid seo a leanas a chumhdach:

a)comhar le Europol chun coireacht inimirce eagraithe a chomhrac i gcomhréir leis na socruithe maidir le comhar le tríú tíortha a leagtar amach i reachtaíocht ábhartha an Aontais;

b)idirphlé maidir le cuspóirí comhroinnte agus comhar, lena n‑áirítear i dtríú tíortha agus i bhfóraim idirnáisiúnta, chun dul i ngleic leis an imirce neamhrialta ag an bhfoinse.

CUID IV: SOCRUITHE INSTITIÚIDEACHA AGUS SOCRUITHE COTHROMÁNACHA EILE

1. STRUCHTÚR

142.Ba cheart don chomhpháirtíocht atá beartaithe a bheith leabaithe i gcreat foriomlán rialachais a chumhdaíonn gach réimse den chomhar eacnamaíoch agus slándála agus, de réir mar is iomchuí, comhaontuithe agus socruithe lena ndéantar forlíonadh ar an gcomhpháirtíocht atá beartaithe.

143.Ba cheart go bhfágfadh an chomhpháirtíocht atá beartaithe gur féidir athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh uirthi.

2. RIALACHAS

144.Chun dea-fheidhmiú na comhpháirtíochta atá beartaithe a áirithiú, ba cheart athdhearbhú a dhéanamh inti ar an ngealltanas idirphlé a dhéanamh go rialta agus socruithe stóinsithe éifeachtúla éifeachtacha a bhunú chun bainistiú, faireachán, cur chun feidhme, athbhreithniú agus forbairt a dhéanamh uirthi de réir a chéile, agus chun díospóidí a réiteach agus forfheidhmiú a dhéanamh, agus uathriail a ndlíchóras faoi seach á n‑urramú acu go hiomlán.

145.Leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht bearta uathrialaitheacha a dhéanamh, lena n‑áirítear cur i bhfeidhm na comhpháirtíochta, chomh maith le haon chomhaontú forlíontach, a chur ar fionraí, go hiomlán nó go páirteach i gcás ina ndéantar sárú ar eilimintí bunriachtanacha.

A. Treo straitéiseach agus idirphlé

146.Leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart idirphlé ar leibhéil iomchuí a chuimsiú chun go dtabharfar treoir straitéiseach agus chun go bpléifear deiseanna le haghaidh comhar i réimsí leasa fhrithpháirtigh.

147.Ba cheart babhtaí idirphlé sonracha téamacha a bheith ann freisin ar leibhéal iomchuí, babhtaí idirphlé is ceart a bheith ar siúl a mhinice is gá chun go bhfeidhmeodh an chomhpháirtíocht atá beartaithe go héifeachtach.

148.Leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart idirphlé a bhunú idir Parlaimint na hEorpa agus Parlaimint na Ríochta Aontaithe, nuair is cuí leo, chun go roinnfeadh na reachtais tuairimí agus saineolas maidir le saincheisteanna a bhaineann leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe.

149.Leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart idirphlé na sochaí sibhialta a spreagadh.

B. Bainistíocht, riarachán agus maoirseacht

150.Leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart bord rialaithe a bhunú a bheidh freagrach as bainistíocht agus maoirseacht ar chur chun feidhme agus feidhmiú na comhpháirtíochta atá beartaithe, agus as éascú a dhéanamh ar réiteach díospóidí mar a leagtar amach thíos. Ba cheart dó cinntí agus moltaí a dhéanamh i dtaobh éabhlóid na comhpháirtíochta.

151.Ba cheart ionadaithe na bPáirtithe ar leibhéal iomchuí a bheith ar an mbord rialaithe, agus ba cheart dó teacht ar chinntí trí chomhthoil, agus teacht le chéile a mhinice is gá chun a chúraimí a chomhlíonadh. Más gá, d'fhéadfadh an bord sin fochoistí speisialaithe a bhunú chun tacú leis a chúraimí a chomhlíonadh.

C. Léirmhíniú

152.Agus neamhspleáchas dhlíchórais na bPáirtithe á urramú go hiomlán, ba cheart an chomhpháirtíocht atá beartaithe a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm ar bhonn comhsheasmhach.

D. Réiteach díospóidí

153.Leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart socruithe iomchuí a chuimsiú chun díospóidí a réiteach agus socruithe iomchuí forfheidhmithe, lena n‑áirítear forálacha chun fadhbanna a réiteach go caoithiúil. Chuige sin, ba cheart forálacha a bheith inti chun na Páirtithe a spreagadh le gach iarracht a dhéanamh teacht ar réiteach faoi aon ábhar a bhaineann le feidhmiú na comhpháirtíochta atá beartaithe trí phlé agus trí chomhairliúchán, lena n‑áirítear faoi chuimsiú an bhoird rialaithe chun teacht ar réiteach foirmiúil.

154.Féadfaidh an bord rialaithe, nuair is infheidhme, comhaontú a dhéanamh an díospóid a chur faoi bhráid painéal neamhspleách eadrána tráth ar bith, agus ba cheart do cheachtar Páirtí a bheith in ann sin a dhéanamh i gcás nach mbeadh an bord rialaithe tagtha ar réiteach sásúil don dá thaobh faoi thréimhse shainithe ama. Ba cheart cinntí ón bpainéal neamhspleách eadrána a bheith ina gceangal ar na Páirtithe.

155.I gcás ina n‑ardóidh díospóid ceist maidir le léirmhíniú ar dhlí an Aontais, agus féadfaidh ceachtar Páirtí ceist den sórt sin a chur in iúl, ba cheart don phainéal eadrána an cheist a tharchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE), ós í an t‑aon réiteoir amháin ar dhlí an Aontais í, chun rialú ceangailteach a fháil. Ba cheart don phainéal eadrána an díospóid a chinneadh i gcomhréir leis an rialú arna thabhairt ag CBAE.

156.I gcás nach ndéanann Páirtí na bearta riachtanacha chun rún ceangailteach díospóide a chomhlíonadh laistigh de thréimhse réasúnta ama, bheadh an Páirtí eile i dteideal cúiteamh airgeadais a iarraidh nó bearta comhréireacha sealadacha a dhéanamh, lena n‑áirítear a chuid oibleagáidí laistigh de raon feidhme na comhpháirtíochta atá beartaithe a chur ar fionraí. Mar a fhoráiltear in Airteagal 178(2) den Chomhaontú um Tharraingt Siar, ba cheart don chomhpháirtíocht atá beartaithe na coinníollacha a leagan amach faoina bhféadfaí Páirtí amháin, más rud é go leanfaidh an Páirtí eile de gan an rialú ón bpainéal eadrána dá dtagraítear in Airteagal 173 a chomhlíonadh, oibleagáidí a éiríonn as aon chuid den chomhpháirtíocht atá beartaithe nó as comhaontuithe forlíontacha a chur ar fionraí.

3. FAISNÉIS RÚNAICMITHE AGUS FAISNÉIS ÍOGAIR NEAMH-RÚNAICMITHE

157.Leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart foráil a dhéanamh maidir le ráthaíochtaí cómhalartacha maidir le faisnéis rúnaicmithe na bPáirtithe a láimhseáil agus a chosaint.

158.I gcás inar gá, ba cheart do na Páirtithe na téarmaí a leagan amach a bhaineann leis an bhfaisnéis íogair neamh-rúnaicmithe a sholáthraíonn siad nó a mhalartaíonn siad eatarthu a chosaint.

4. EISCEACHTAÍ AGUS COIMIRCÍ

159.Leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ba cheart foráil a dhéanamh maidir le heisceachtaí iomchuí. Ba cheart nochtadh faisnéise a bhaineann le leasanna slándála na bPáirtithe a bheith san áireamh orthu sin.

160.Ba cheart aghaidh a thabhairt leis an gcomhpháirtíocht atá beartaithe ar an bhféidearthacht gur ceadmhach do Pháirtí bearta sealadacha coimirce a chur chun gnímh, a bheadh ina sárú ar a ghealltanais murach sin, i gcás cúinsí a mbeadh mórdheacrachtaí eacnamaíocha, sóisialta nó comhshaoil i gceist leo. Ba cheart coinníollacha géara a leagan síos ina leith sin lena n‑áirítear ceart an Pháirtí eile chun bearta athchothromúcháin. Ba cheart do na bearta a ghlacfar a bheith faoi réir eadránú neamhspleách.

IV. RAON FEIDHME CRÍOCHACH

161.Ba cheart d’aon chomhaontú idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe arna chaibidliú ar bhonn na dtreoracha caibidlíochta seo a bheith gan dochar don Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann agus don Phrótacal maidir le limistéir bhunáite fhlaitheasacha Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann sa Chipir.

162.Ní bheidh Giobráltar san áireamh in aon chomhaontú idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe arna chaibidliú ar bhonn na dtreoracha caibidlíochta seo.

V.TEANGACHA BARÁNTÚLA

163.Sa chomhpháirtíocht atá beartaithe, comhpháirtíocht ar cheart comhúdarás a bheith aici i dteangacha oifigiúla uile an Aontais, ba cheart clásal teanga chuige sin a bheith san áireamh inti.

VI. SOCRUITHE NÓS IMEACHTA MAIDIR LE SEOLADH NA CAIBIDLÍOCHTA

164.Ba cheart don Choimisiún an chaibidlíocht a sheoladh ar bhonn comhordú leanúnach agus idirphlé buan leis an gComhairle agus lena comhlachtaí ullmhúcháin. I ndáil leis sin, ba cheart don Chomhairle agus do Coreper, agus [ainm an choiste speisialta] de chúnamh acu, treoraíocht a sholáthar don Choimisiún.

165.Ba cheart don Choimisiún, go tráthúil, dul i gcomhairle le comhlachtaí ullmhúcháin na Comhairle agus tuairisciú dóibh. Chuige sin, ba cheart don Chomhairle cruinniú de [ainm an choiste speisialta] a eagrú roimh gach seisiún caibidlíochta agus ina dhiaidh. Ba cheart don Choimisiún an fhaisnéis uile is gá agus na doiciméid uile a bhaineann leis an gcaibidlíocht a sholáthar go tráthúil.

166.Ba cheart don Choimisiún, go tráthúil, Parlaimint na hEorpa a choimeád ar an eolas go hiomlán faoin gcaibidlíocht.

167.Ba cheart don Choimisiún an chaibidlíocht a sheoladh i gcomhar le hArdionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus i gcomhaontú leis i dtaca le hábhair CBES.

(1) I dtaca le seirbhísí iompair áirithe, féach roinn 10 thíos freisin.
Top