Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32026R0136

Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/136 ón gCoimisiún an 8 Deireadh Fómhair 2025 lena gceartaítear an leagan Sualainnise de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1302 lena bhforlíontar Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála chun teorainneacha suímh a chur i bhfeidhm maidir le díorthaigh tráchtearraí agus nósanna imeachta chun iarratas a dhéanamh ar dhíolmhú ó theorainneacha suímh

C/2025/6716

IO L, 2026/136, 19.1.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2026/136/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2026/136/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/136

19.1.2026

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2026/136 ÓN gCOIMISIÚN

an 8 Deireadh Fómhair 2025

lena gceartaítear an leagan Sualainnise de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1302 lena bhforlíontar Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála chun teorainneacha suímh a chur i bhfeidhm maidir le díorthaigh tráchtearraí agus nósanna imeachta chun iarratas a dhéanamh ar dhíolmhú ó theorainneacha suímh

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (1), agus go háirithe Airteagal 57(1), an séú fomhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Sa leagan Sualainnise de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1302 ón gCoimisiún (2), tá earráid in Airteagal 9(1) ina dtagraítear go mícheart do mhaolú a leagtar síos in Airteagal 57(1), an dara fomhír, pointe (b), de Threoir 2014/65/AE. Déanann an earráid difear do shubstaint an ghnímh.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart an leagan Sualainnise de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1302 a cheartú dá réir sin. Ní dhéantar difear do na leaganacha teanga eile,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

(ní bhaineann sé leis an leagan Gaeilge)

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Deireadh Fómhair 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 173, 12.6.2014, lch. 349, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2014/65/oj.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1302 ón gCoimisiún an 20 Aibreán 2022 lena bhforlíontar Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála chun teorainneacha suímh a chur i bhfeidhm maidir le díorthaigh tráchtearraí agus nósanna imeachta chun iarratas a dhéanamh ar dhíolmhú ó theorainneacha suímh (IO L 197, 26.7.2022, lch. 52, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2022/1302/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2026/136/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top