Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024D2153

Cinneadh (AE) 2024/2153 ón gComhairle an 4 Márta 2024 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta agus Comhair Fheabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Cirgise, den pháirt eile

ST/10659/2022/INIT

IO L, 2024/2153, 13.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2153/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2153/oj

Related international agreement
European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2153

13.9.2024

CINNEADH (AE) 2024/2153 ÓN gCOMHAIRLE

an 4 Márta 2024

maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta agus Comhair Fheabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Cirgise, den pháirt eile

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 207 agus 209, i gcomhar le hAirteagal 218(5)(a) agus Airteagal 218(8), an chéad fhomhír, de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 21 Meán Fómhair 2017, d’údaraigh an Chomhairle tús a chur leis an gcaibidlíocht le Poblacht na Cirgise maidir le comhaontú comhpháirtíochta agus comhair feabhsaithe.

(2)

Tugadh an chaibidlíocht maidir leis an gComhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair Feabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Cirgise, den pháirt eile (‘an Comhaontú’), i gcrích go rathúil trí inisealacha a chur leis an gComhaontú an 6 Iúil 2019, ag tógáil ar mhian na bPáirtithe an caidreamh eatarthu a neartú agus a leathnú ar bhealach uaillmhianach nuálach.

(3)

Ba cheart an Comhaontú a shíniú thar ceann an Aontais, faoi réir a thabhairt i gcrích tráth níos déanaí.

(4)

Ba cheart an Comhaontú a chur i bhfheidhm ar bhonn sealadach, go dtí go gcomhlánófar na nósanna imeachta is gá chun go dtiocfaidh sé i bhfeidhm.

(5)

Ní dochar síniú an Chomhaontaithe thar ceann an Aontais agus cur i bhfeidhm sealadach codanna den Chomhaontú idir an tAontas agus Poblacht na Cirgise do leithdháileadh na n-inniúlachtaí idir an tAontas agus a Bhallstáit i gcomhréir leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

(6)

Meabhraítear gur oibleagáidí idirnáisiúnta iad prionsabail cheannasachta agus iomláine chríochach na Stát uile, lena n-áirítear urraim do Rúin 541 (1983) agus 550 (1984) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, ar oibleagáidí iad a eascraíonn, go háirithe, as ballraíocht na Náisiún Aontaithe,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, údaraítear an Comhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair Fheabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Cirgise, den pháirt eile (1), a shíniú thar ceann an Aontais, faoi réir an Chomhaontaithe sin a thabhairt i gcrích.

Airteagal 2

Leis seo, údaraítear Uachtarán na Comhairle an duine (na daoine) a ainmniú a mbeidh sé de chumhacht aige nó aici (acu) an Comhaontú a shíniú thar ceann an Aontais.

Airteagal 3

Go dtí go gcomhlánófar na nósanna imeachta is gá chun go dtiocfaidh sé i bhfeidhm, i gcomhréir le hAirteagal 318 den Chomhaontú agus faoi réir na bhfógraí dá bhforáiltear ann, ní chuirfear na codanna seo a leanas den Chomhaontú i bhfeidhm go sealadach idir an tAontas agus Poblacht na Cirgise, ach amháin a mhéid a chumhdaítear leo ábhair a thagann faoi inniúlacht an Aontais, lena n-áirítear ábhair a thagann faoi inniúlacht an Aontais maidir le comhbheartas eachtrach agus slándála a shainiú agus a chur chun feidhme:

(a)

Teideal I;

(b)

Teideal II: Airteagail 3, 4, 6 agus 9;

(c)

Teideal III: Airteagal 14(1) agus Airteagal 15(2);

(d)

Teideal IV, cé is moite d’Airteagail 26, 81, 82, 84 agus 89 a mhéid a bhaineann na hAirteagail sin le forfheidhmiú coiriúil na gcearta maoine intleachtúla;

(e)

Teideal V: Airteagail 254 go 257, Airteagal 258 (cé is moite de phointí (d)), Airteagal 259, Airteagal 260 (cé is moite de mhír 1, phointí (a), (c), agus (f)) agus Airteagail 261, 277 agus 278;

(f)

Teideal VI: Airteagail 304 go 309;

(g)

Teideal VII cé is moite d’Airteagal 319(1) agus (2), a mhéid atá forálacha an Teidil teoranta do chur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe a áirithiú;

(h)

Iarscríbhinní;

(i)

an Prótacal maidir le Cúnamh Riaracháin Frithpháirteach in Ábhair Chustaim.

Airteagal 4

I gcás ina measfadh Ballstát nó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an tArdionadaí’) nach gcomhlíontar an oibleagáid idirnáisiúnta a eascraíonn, go háirithe, as ballraíocht na Náisiún Aontaithe, lena n-áirítear urraim do Rúin 541 (1983) agus 550 (1984) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, déanfaidh an Ballstát sin, nó an tArdionadaí, an tsaincheist a tharraingt anuas sa Chomhairle, d’fhonn a chinneadh an dtionólfar comhairliúcháin faoi choimirce na Comhairle um Chomhar de bhun Airteagal 316(4) den Chomhaontú.

Airteagal 5

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 4 Márta 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. VERLINDEN


(1)  Foilseofar téacs an Chomhaontaithe in IO L, 2024/2141, 13.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2024/2141/oj.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2153/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top