This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023R1030
Commission Regulation (EU) 2023/1030 of 25 May 2023 amending Annex IV to Regulation (EC) No 396/2005 of the European Parliament and of the Council as regards Bacillus amyloliquefaciens strain AH2, Bacillus amyloliquefaciens strain IT-45 and Purpureocillium lilacinum strain PL11 (Text with EEA relevance)
Rialachán (AE) 2023/1030 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2023 lena leasaítear Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le Bacillus amyloliquefaciens tréithchineál AH2, Bacillus amyloliquefaciens tréithchineál IT-45 agus Purpureocillium lilacinum tréithchineál PL11 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Rialachán (AE) 2023/1030 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2023 lena leasaítear Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le Bacillus amyloliquefaciens tréithchineál AH2, Bacillus amyloliquefaciens tréithchineál IT-45 agus Purpureocillium lilacinum tréithchineál PL11 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2023/3292
IO L 139, 26.5.2023, p. 28–30
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
26.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 139/28 |
RIALACHÁN (AE) 2023/1030 ÓN gCOIMISIÚN
an 25 Bealtaine 2023
lena leasaítear Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le Bacillus amyloliquefaciens tréithchineál AH2, Bacillus amyloliquefaciens tréithchineál IT-45 agus Purpureocillium lilacinum tréithchineál PL11
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Feabhra 2005 maidir le huasleibhéil iarmhar lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí nó de bhunadh ainmhíoch nó ar bhia agus ar bheatha den sórt sin agus lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 5(1) agus Airteagal 14(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
I gcás Bacillus amyloliquefaciens tréithchineál AH2, Bacillus amyloliquefaciens tréithchineál IT-45 agus Purpureocillium lilacinum tréithchineál PL11, níor socraíodh aon uasleibhéal sonrach iarmhar (MRLanna). Dá bhrí sin, tá feidhm ag an luach réamhshocraithe de 0,01 mg/kg a leagtar síos in Airteagal 18(1), pointe (b) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005. |
(2) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1455 ón gCoimisiún (2), formheasadh an tsubstaint ghníomhach ísealriosca Bacillus amyloliquefaciens tréithchineál AH2. Le linn an athbhreithnithe piaraí ar an measúnú riosca lotnaidicídí ar an tsubstaint ghníomhach faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharliamint na hEorpa agus ón gComhairle (3), tháinig an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) ar an gconclúid (4), a mhéid a bhaineann leis an measúnú ar an riosca cothaithe do thomhaltóirí, nach raibh roinnt faisnéise ar fáil agus gur ghá do na bainisteoirí riosca an cheist a scrúdú a thuilleadh. Mar a leagtar amach sa tuarascáil maidir le hathbhreithniú le haghaidh na substainte sin (5), i gcomhthéacs an mheasúnaithe riosca ar an tsubstaint ghníomhach faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, níl Bacillus amyloliquefaciens tréithchineál AH2 pataigineach do dhaoine, níl coinne leis go dtáirgfear tocsainí atá ábhartha do shláinte an duine agus tá an riosca do dhaoine trí bhíthin meitibilítí diomaibhseach. Agus an t-athbhreithniú piaraí ar an measúnú riosca lotnaidicídí ar an tsubstaint ghníomhach Bacillus amyloliquefaciens tréithchineál AH2, an tuarascáil maidir le hathbhreithniú agus Airteagal 5 agus Airteagal 14(2), pointe (a), (c) agus (d) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 á gcur san áireamh, níl aon ghá le MRLanna le haghaidh na substainte seo a bhunú agus is iomchuí, dá bhrí sin, Bacillus amyloliquefaciens tréithchineál AH2 a áireamh in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005. |
(3) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/159 ón gCoimisiún (6), formheasadh an tsubstaint ghníomhach ísealriosca Bacillus amyloliquefaciens tréithchineál IT-45. Le linn an athbhreithnithe piaraí ar an measúnú riosca lotnaidicídí ar an tsubstaint ghníomhach faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid (7), a mhéid a bhaineann leis an measúnú ar an riosca cothaithe do thomhaltóirí, nach raibh roinnt faisnéise ar fáil agus gur ghá do na bainisteoirí riosca an cheist a scrúdú a thuilleadh. Mar a leagtar amach sa tuarascáil maidir le hathbhreithniú le haghaidh na substainte sin (8), i gcomhthéacs an mheasúnaithe riosca ar an tsubstaint ghníomhach faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, níl Bacillus amyloliquefaciens tréithchineál IT-45 pataigineach do dhaoine, níl coinne leis go dtáirgfear tocsainí atá ábhartha do shláinte an duine agus tá an riosca do dhaoine trí bhíthin meitibilítí diomaibhseach. Agus an t-athbhreithniú piaraí ar an measúnú riosca lotnaidicídí ar an tsubstaint ghníomhach Bacillus amyloliquefaciens tréithchineál IT-45, an tuarascáil maidir le hathbhreithniú agus Airteagal 5 agus Airteagal 14(2), pointe (a), (c) agus (d) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 á gcur san áireamh, níl aon ghá le MRLanna le haghaidh na substainte seo a bhunú agus is iomchuí, dá bhrí sin, Bacillus amyloliquefaciens tréithchineál IT-45 a áireamh in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005. |
(4) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/4 ón gCoimisiún (9), formheasadh an tsubstaint ghníomhach ísealriosca Purpureocillium lilacinum tréithchineál PL11. Le linn an athbhreithnithe piaraí ar an measúnú riosca lotnaidicídí ar an tsubstaint ghníomhach faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid (10), a mhéid a bhaineann leis an measúnú ar an riosca cothaithe do thomhaltóirí, nach raibh roinnt faisnéise ar fáil agus gur ghá do na bainisteoirí riosca an cheist a scrúdú a thuilleadh. Mar a leagtar amach sa tuarascáil maidir le hathbhreithniú le haghaidh na substainte sin (11), i gcomhthéacs an mheasúnaithe riosca ar an tsubstaint ghníomhach faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, níl Purpureocillium lilacinum tréithchineál PL11 pataigineach do dhaoine agus tá an riosca do dhaoine trí bhíthin meitibilítí diomaibhseach. Agus an t-athbhreithniú piaraí ar an measúnú riosca lotnaidicídí ar an tsubstaint ghníomhach Purpureocillium lilacinum tréithchineál PL11, an tuarascáil maidir le hathbhreithniú agus Airteagal 5 agus Airteagal 14(2), pointe (a), (c) agus (d) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 á gcur san áireamh, níl aon ghá le MRLanna le haghaidh na substainte seo a bhunú agus is iomchuí, dá bhrí sin, Purpureocillium lilacinum tréithchineál PL11 a áireamh in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005. |
(5) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 a leasú dá réir sin. |
(6) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear na hiontrálacha seo a leanas isteach in ord aibítre in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005: Bacillus amyloliquefaciens tréithchineál AH2, Bacillus amyloliquefaciens tréithchineál IT-45 agus Purpureocillium lilacinum tréithchineál PL11.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Bealtaine 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 70, 16.3.2005, lch. 1.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1455 ón gCoimisiún an 6 Meán Fómhair 2021 lena bhformheastar an tsubstaint ghníomhach ísealriosca tréithchineál AH2 Bacillus amyloliquefaciens i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (IO L 315, 7.9.2021, lch. 1).
(3) Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 309, 24.11.2009, lch. 1).
(4) Peer review of the pesticide risk assessment of the active substance Bacillus amyloliquefaciens strain AH2 [Athbhreithniú piaraí ar an measúnú riosca lotnaidicídí ar an tsubstaint ghníomhach Bacillus amyloliquefaciens tréithchineál AH2]. EFSA Journal 2020 [Iris EFSA 2020];18(7):6156. Doi: https://doi.org/10.2903/j.efsa.2020.6156.
(5) Review report for the active substance Bacillus amyloliquefaciens strain AH2 [finalised in the Standing Committee on Plants, Animals, Food and Feed at its meeting on 5 July 2021] SANTE/11938/2020 Rev. 4, 6 July 2021. [Tuarascáil maidir le hathbhreithniú le haghaidh na substainte gníomhaí Bacillus amyloliquefaciens tréithchineál AH2 [tugtha chun críche sa Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha ag an gcruinniú a bhí aige an 5 Iúil 2021] SANTE/11938/2020 Rev. 4., an 6 Iúil 2021] https://ec.europa.eu/food/plant/pesticides/eu-pesticides-database/start/screen/active-substances/details/1257.
(6) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/159 ón gCoimisiún an 4 Feabhra 2022 lena bhformheastar an tsubstaint ghníomhach ísealriosca tréithchineál IT-45 Bacillus amyloliquefaciens i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (IO L 26, 7.2.2022, lch. 7).
(7) Peer review of the pesticide risk assessment of the active substance Bacillus amyloliquefaciens strain IT-45. [Athbhreithniú piaraí ar an measúnú riosca lotnaidicídí ar an tsubstaint ghníomhach Bacillus amyloliquefaciens tréithchineál AH2]. EFSA Journal [Iris EFSA] 2021;19(5):6594. Doi: https://doi.org/10.2903/j.efsa.2021.6594.
(8) Review report for the active substance Bacillus amyloliquefaciens strain IT-45 [finalised in the Standing Committee on Plants, Animals, Food and Feed at its meeting on 1-2 December 2021] SANTE/10762/2021 Rev. 1, 1-2 December 2021. [Tuarascáil maidir le hathbhreithniú le haghaidh na substainte gníomhaí Bacillus amyloliquefaciens tréithchineál IT-45 [tugtha chun críche sa Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha ag an gcruinniú a bhí aige an 1 go dtí an 2 Nollaig 2021] SANTE/10762/2021 Rev. 1, an 1 go dtí an 2 Nollaig 2021.] https://ec.europa.eu/food/plant/pesticides/eu-pesticides-database/start/screen/active-substances/details/1333.
(9) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/4 ón gCoimisiún an 4 Eanáir 2022 lena bhformheastar an tsubstaint ghníomhach tréithchineál PL11 Purpureocillium lilacinum mar shubstaint a mbaineann riosca íseal léi i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (IO L 1, 5.1.2022, lch. 5).
(10) Peer review of the pesticide risk assessment of the active substance Purpureocillium lilacinum strain PL11 [Athbhreithniú piaraí ar an measúnú riosca lotnaidicídí ar an tsubstaint ghníomhach tréithchineál PL11 Purpureocillium lilacinum]. EFSA Journal [Iris EPSA] 2022;20(5):6393. Doi: https://doi.org/10.2903/j.efsa.2022.6393.
(11) Review report for the active substance Purpureocillium lilacinum strain PL111 [finalised in the Standing Committee on Plants, Animals, Food and Feed at its meeting on 22 October 2021] SANTE/10418/2021 Rev. 4. [Tuarascáil maidir le hathbhreithniú le haghaidh na substainte gníomhaí Purpureocillium lilacinum tréithchineál PL11 [tugtha chun críche sa Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha ag an gcruinniú a bhí aige an 22 Deireadh Fómhair 2021] SANTE/10418/2021 Rev. 4.] https://ec.europa.eu/food/plant/pesticides/eu-pesticides-database/start/screen/active-substances/details/1285.