Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R0866

Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/866 ón gCoimisiún an 24 Feabhra 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le haigéad sárfhluarochtánóch (PFOA), a shalainn agus a chomhdhúile PFOA-ghaolmhara (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2023/1151

IO L 113, 28.4.2023, pp. 5–8 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/866/oj

28.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 113/5


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/866 ÓN gCOIMISIÚN

an 24 Feabhra 2023

lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le haigéad sárfhluarochtánóch (PFOA), a shalainn agus a chomhdhúile PFOA-ghaolmhara

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha (1), agus go háirithe Airteagal 15(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2019/1021, cuirtear chun feidhme gealltanais an Aontais faoi Choinbhinsiún Stócólm maidir le Truailleáin Orgánacha Mharthanacha (2) (“an Coinbhinsiún”) agus faoin bPrótacal a ghabhann le Coinbhinsiún 1979 ar Thruailliú Aeir Trasteorann Fadraoin maidir le Truailleáin Orgánacha Mharthanacha (3).

(2)

In Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gCoinbhinsiún tá liosta ceimiceán a gceanglaítear ar gach Páirtí sa Choinbhinsiún iad a thoirmeasc nó na bearta dlí agus riaracháin is gá a dhéanamh chun deireadh a chur lena dtáirgeadh, lena n-úsáid, lena n-allmhairiú agus lena n-onnmhairiú, agus na díolúintí sonracha is infheidhme a leagtar síos san Iarscríbhinn sin á gcur san áireamh.

(3)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/784 ón gCoimisiún (4), leasaíodh Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021 chun aigéad sárfhluarochtánóch (PFOA), a shalainn agus a chomhdhúile PFOA-ghaolmhara a áireamh.

(4)

In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021 tá teorainn 1 mg/kg le haghaidh Rian-Éilleáin Neamhbheartaithe (UTC) maidir le PFOA agus a shalainn i micreaphúdair pholaiteitreafluaireitiléine (PTFE), teorainn atá le hathbhreithniú faoin 5 Iúil 2022.

(5)

Ghlac an Coiste um Measúnú Riosca agus Coiste um Anailís Shocheacnamaíoch na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (ECHA) tuairim (5) (“tuairim ECHA”), lena n-áirítear measúnú ar dhá theorainn UTC a socraíodh maidir le PFOA, a shalainn agus a chomhdhúile PFOA-ghaolmhara.

(6)

Thángthas ar an gconclúid i dtuairim ECHA gur forbraíodh próisis chun tiúchan PFOA a laghdú go dtí leibhéal faoi bhun theorainn chineálach UTC 0,025 mg/kg a leagtar amach i Rialachán (AE) 2019/1021. Chuir formhór na monaróirí micreaphúdair pholaiteitreafluaireitiléine (PTFE) na próisis sin i bhfeidhm go rathúil. Bheadh na monaróirí eile in ann an teorainn 0,025 mg/kg a chomhlíonadh faoin 5 Iúil 2022. Dá bhrí sin, níl gá a thuilleadh le teorainn shonrach UTC 1 mg/kg atá ann faoi láthair maidir le PFOA agus a shalainn i micreaphúdair PTFE agus ba cheart go rachadh sí in éag ar dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(7)

In Rialachán (AE) 2019/1021 tagraítear d’Airteagal 3(12) agus (24) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) chun “cur ar an margadh” agus “úsáid” a shainmhíniú. Cháileodh cóireáil micreaphúdair PTFE mar “úsáid” agus cháileodh an t-aistriú chuig eintiteas dlíthiúil éagsúil le haghaidh cóireála mar “cur ar an margadh”.

(8)

I gcás amháin ar a laghad, is gá micreaphúdair PTFE a iompar chuig saoráid eile le haghaidh cóireála chun tiúchan PFOA agus a shalainn a laghdú chun teorainn UTC 0,025 mg/kg a chomhlíonadh. Dá bhrí sin, ba cheart teorainn shonrach UTC 1 mg/kg atá ann faoi láthair a choinneáil ar bun chun monarú, cur ar an margadh agus úsáid PFOA agus a shalann i micreaphúdair PTFE a chumhdach i gcás micreaphúdair PTFE a iompar agus a chóireáil amháin chun an tiúchan PFOA a laghdú.

(9)

Is ann do chomhdhúile PFOA-ghaolmhara mar eisíontas in idirmheánaigh aonraithe iompartha a úsáidtear i monarú fluaraiceimiceán a bhfuil fad slabhra sárfhluaracarbón acu atá cothrom le sé adamh nó níos giorra. Chun gur féidir na hidirmheánaigh aonraithe iompartha sin a tháirgeadh agus a úsáid, leagtar síos i Rialachán (AE) 2019/1021 teorainn UTC 20 mg/kg, a bheidh le hathbhreithniú tráth nach déanaí ná an 5 Iúil 2022.

(10)

Thángthas ar an gconclúid i dtuairim ECHA gurb é leibhéal UTC atá ann faoi láthair an leibhéal is ísle is féidir a chomhlíonadh, agus na réitigh theicneolaíocha atá ar fáil á gcur san áireamh. Dá bhrí sin, ba cheart an t-athbhreithniú ar theorainn UTC a chur siar.

(11)

Is ann do PFCAnna C9-C14 freisin mar eisíontais in idirmheánaigh aonraithe iompartha a úsáidtear i monarú fluaraiceimiceán a bhfuil fad slabhra sárfhluaracarbóin acu atá cothrom le sé adamh nó níos giorra (“roghanna malartacha C6”). Le Rialachán (AE) 2021/1297 ón gCoimisiún (7), déantar foráil maidir le srian faoi Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 lena leagtar síos teorainn ar a dtiúchan, atá le hathbhreithniú tráth nach déanaí ná an 25 Lúnasa 2023. Ba cheart uainiú an athbhreithnithe ar UTC le haghaidh comhdhúile PFOA-ghaolmhara in idirmheánaigh a úsáidtear chun roghanna malartacha C6 a tháirgeadh faoi Rialachán (AE) 2019/1021 a mhodhnú chun é a ailíniú leis an athbhreithniú dá bhforáiltear sa srian ar PFCAnna C9-C14 faoi Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006.

(12)

In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021 tá díolúine chun PFOA, a shalainn agus a chomhdhúile PFOA-ghaolmhara a úsáid i monarú PTFE agus fluairíde polaivinilídéine (PVDF) chun roinnt táirgí a tháirgeadh.

(13)

Le linn an chomhairliúcháin phoiblí chun tuairim ECHA a ullmhú, dúirt táirgeoirí fluarapholaiméirí nach n-úsáidtear PFOA, a shalainn ná a chomhdhúile PFOA-ghaolmhara a thuilleadh chun PTFE agus PVDF a mhonarú san Aontas. Ar bhonn na faisnéise sin, níl gá leis an díolúine shonrach sin a thuilleadh agus ba cheart, dá bhrí sin, í a scriosadh.

(14)

Ba cheart cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur siar chun dóthain ama a thabhairt do na páirtithe leasmhara lena mbaineann oiriúnú a dhéanamh do na ceanglais nua.

(15)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2019/1021 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 18 Lúnasa 2023.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Feabhra 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 169, 25.6.2019, lch. 45.

(2)   IO L 209, 31.7.2006, lch. 3.

(3)   IO L 81, 19.3.2004, lch. 37.

(4)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/784 ón gCoimisiún an 8 Aibreán 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le haigéad sárfhluarochtánóch (PFOA), a shalainn agus a chomhdhúile PFOA-ghaolmhara a liostú (IO L 188 I, 15.6.2020, lch. 1).

(5)  https://echa.europa.eu/documents/10162/13579/art77_3c_pfoa_pfca_derogations_compiled_rac_seac_opinions_en.pdf/6582d9a1-56b2-3e88-a70f-cdf3ab33d421

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).

(7)  Rialachán (AE) 2021/1297 ón gCoimisiún an 4 Lúnasa 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le haigéid shárfhluaracarbocsaileacha ina bhfuil 9 go 14 adamh carbóin sa slabhra (PFCAnna C9-C14), a salainn agus substaintí PFCA C9-C14-ghaolmhara (IO L 282, 5.8.2021, lch. 29)


IARSCRÍBHINN

I Rialachán (AE) 2019/1021, in Iarscríbhinn I, Cuid A, sa tábla, san iontráil “Aigéad sárfhluarochtánóch (PFOA), a shalainn agus a chomhdhúile PFOA-ghaolmhara”, leasaítear an ceathrú colún mar a leanas:

(1)

i bpointe 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na dara habairte:

“Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú agus measúnú ar an díolúine sin tráth nach déanaí ná an 25 Lúnasa 2023.”;

(2)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 4:

“4.

Chun críocha na hiontrála seo, beidh feidhm ag Airteagal 4(1), pointe (b), maidir le tiúchain PFOA agus a shalainn atá cothrom le 1 mg/kg (0,0001 % de réir meáchain) nó faoina bhun sin i gcás ina bhfuil siad i micreaphúdair pholaiteitreafluaireitiléine (PTFE) a tháirgtear trí ionradaíocht ianúcháin nó trí dhíghrádú teirmeach agus i gcás ina bhfuil siad i meascáin agus earraí a bhfuil micreaphúdair PTFE iontu a bhfuiltear lena n-úsáid go tionsclaíoch agus go gairmiúil go dtí an 18 Lúnasa 2023. Seachnófar gach astaíocht PFOA le linn monarú agus úsáid micreaphúdair PTFE agus, mura féidir sin, laghdófar iad a mhéid is féidir. Ní bheidh feidhm ag an teorainn 1 mg/kg (0,0001 % de réir meáchain) ach amháin maidir le PFOA agus a shalainn a mhonarú, a chur ar an margadh agus a úsáid i gcás ina bhfuil siad i micreaphúdair PTFE a iompraítear nó a chóireáiltear chun tiúchan PFOA agus a shalainn a laghdú faoi bhun na teorann 0,025 mg/kg (0,0000025 % de réir meáchain).”;

(3)

Scriostar fophointe (e) i bpointe (5).


Top