Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R0223

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/223 ón gCoimisiún an 27 Eanáir 2023 lena ndéantar formheas na substainte gníomhaí Pseudomonas chlororaphis tréithchineál MA 342 a athnuachan i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2023/591

IO L 32, 3.2.2023, pp. 5–10 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/223/oj

3.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 32/5


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/223 ÓN gCOIMISIÚN

an 27 Eanáir 2023

lena ndéantar formheas na substainte gníomhaí Pseudomonas chlororaphis tréithchineál MA 342 a athnuachan i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 20(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Treoir 2004/71/CE ón gCoimisiún (2) áiríodh Pseudomonas chlororaphis tréithchineál MA 342 mar shubstaint ghníomhach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (3).

(2)

Maidir leis na substaintí gníomhacha a áirítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE, meastar iad a bheith formheasta faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 agus liostaítear iad i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (4).

(3)

Formheas na substainte gníomhaí Pseudomonas chlororaphis tréithchineál MA 342, mar a leagtar amach i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011, rachaidh sé in éag an 30 Aibreán 2023.

(4)

Cuireadh isteach iarratas chuig an Ísiltír, an Ballstát is rapóirtéir, chun an formheas ar an tsubstaint ghníomhach Pseudomonas chlororaphis tréithchineál MA 342 a athnuachan, i gcomhréir le hAirteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún (5) laistigh den tréimhse ama dá bhforáiltear san Airteagal sin.

(5)

Chuir an t-iarratasóir isteach na sainchomhaid fhorlíontacha a cheanglaítear i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012. Chinn an Ballstát is rapóirtéir an t-iarratas a bheith inghlactha.

(6)

D’ullmhaigh an Ísiltír dréacht-tuarascáil maidir le measúnú ar athnuachan i gcomhairle leis an Danmhairg, an Ballstát is comhrapóirtéir, agus chuir sí faoi bhráid an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) agus faoi bhráid an Choimisiúin í an 11 Eanáir 2016. Ina dréacht-tuarascáil maidir le measúnú ar athnuachan, mhol an Ísiltír formheas Pseudomonas chlororaphis tréithchineál MA 342 a athnuachan.

(7)

Chuir an tÚdarás an sainchomhad achomair forlíontach ar fáil go poiblí. Scaip an tÚdarás an dréacht-tuarascáil maidir le measúnú ar athnuachan ar na hiarratasóirí agus ar na Ballstáit freisin chun barúlacha a fháil uathu agus sheol sé comhairliúchán poiblí ina leith. Chuir an tÚdarás na barúlacha a fuarthas ar aghaidh chuig an gCoimisiún.

(8)

An 9 Nollaig 2016, chuir an tÚdarás a chonclúid (6) in iúl don Choimisiún inar léiríodh go bhféadfaí coinne a bheith leis go gcomhlíonfaidh Pseudomonas chlororaphis tréithchineál MA 342 na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

(9)

Bunaithe ar an bplé a rinneadh ag an mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, d’iarr an Coimisiún ar an Údarás an 3 Feabhra 2020 comhairle eolaíoch a sholáthar maidir le hacmhainneacht trasghluaiseachta Pseudomonas chlororaphis tréithchineál MA 342 i bplandaí tar éis cóireáil síolta ar ghránaigh agus piseanna agus, más infheidhme, athbhreithniú a dhéanamh ar an measúnú ar an riosca do dhaoine a bhaineann leis an meitibilít 2, 3-dí-eapocsa-2,3-dédhíhidrea-riosocsain (DDR). Mar fhreagairt air sin, an 23 Meán Fómhair 2020, d’eisigh an tÚdarás ráiteas maidir le hacmhainneacht trasghluaiseachta Pseudomonas chlororaphis tréithchineál MA 342 i bplandaí tar éis cóireáil síolta ar ghránaigh agus piseanna agus measúnú ar an riosca do dhaoine (7).

(10)

Chuir an Coimisiún an tuarascáil athnuachana agus dréacht den Rialachán seo maidir le Pseudomonas chlororaphis tréithchineáil MA 342 faoi bhráid an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha an 15 Deireadh Fómhair 2022 agus an 8 Nollaig 2022, faoi seach.

(11)

D’iarr an Coimisiún ar an iarratasóir a bharúlacha a chur isteach maidir le conclúid agus ráiteas an Údaráis agus, i gcomhréir leis an tríú fomhír d’Airteagal 14(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012, a bharúlacha maidir leis an tuarascáil athnuachana. Chuir an t-iarratasóir a bharúlacha isteach, barúlacha a scrúdaíodh go cúramach agus a cuireadh san áireamh i gcás inarb iomchuí.

(12)

Maidir le húsáid ionadaíoch amháin nó níos mó a bhaintear as táirge cosanta plandaí amháin ar a laghad ina bhfuil an tsubstaint ghníomhach Pseudomonas chlororaphis tréithchineál MA 342, suíodh go gcomhlíontar na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

(13)

Dá bhrí sin, is iomchuí formheas Pseudomonas chlororaphis tréithchineál MA 342 a athnuachan. I gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 6 de, agus i bhfianaise an eolais eolaíoch reatha agus an eolais theicniúil reatha (8) agus thoradh an mheasúnaithe riosca, is gá, mar sin féin, coinníollacha áirithe a leagan síos. Go háirithe, is gá an srian atá ann cheana a choinneáil ar bun, is é sin srian maidir le Pseudomonas chlororaphis tréithchineál MA 342 a úsáid mar fhungaicíd le haghaidh cóiriú síolta in innealra cóirithe síolta iata, agus chuige sin amháin, agus uaschion na meitibilíte DDR i dtáirgí cosanta plandaí ina bhfuil Pseudomonas chlororaphis tréithchineál MA 342 a leagan síos.

(14)

Ina theannta sin, chun an mhuinín a mhéadú sa chonclúid gur diomaibhseach nó an-íseal atá an riosca do dhaoine agus don chomhshaol tar éis teagmháil le Pseudomonas chlororaphis tréithchineál MA 342, ba cheart don iarratasóir faisnéis dheimhnitheach a sholáthar a mhéid a bhaineann le sainaithint agus tréithriú Pseudomonas chlororaphis tréithchineál MA 342, an mheitibilít DDR agus an fhéidearthacht go dtarlódh aistriú géine i ndáil le frithsheasmhacht in aghaidh antaibheathach ó Pseudomonas chlororaphis tréithchineál MA 342 chuig miocrorgánaigh eile.

(15)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a leasú dá réir.

(16)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/378 ón gCoimisiún (9) cuireadh síneadh leis an tréimhse formheasa le haghaidh Pseudomonas chlororaphis tréithchineál MA 342 go dtí an 30 Aibreán 2023 chun go bhféadfar an próiseas athnuachana a chur i gcrích sula rachaidh tréimhse formheasa na substainte gníomhaí sin in éag. Ós rud é go ndearnadh cinneadh maidir leis an athnuachan roimh dhul in éag na tréimhse formheasa sin ar cuireadh síneadh léi, áfach, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo tráth is luaithe ná an dáta sin.

(17)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Formheas na substainte gníomhaí a athnuachan

Déantar formheas na substainte gníomhaí Pseudomonas chlororaphis tréithchineál MA 342, mar a shonraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, a athnuachan faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 2

Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm agus dáta cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Márta 2023.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Eanáir 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 309, 24.11.2009, lch. 1.

(2)  Treoir 2004/71/CE ón gCoimisiún an 28 Aibreán 2004 lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle chun Pseudomonas chlororaphis a áireamh mar shubstaint ghníomhach (IO L 127, 29.4.2004, lch. 104).

(3)  Treoir 91/414/CEE ón gComhairle an 15 Iúil 1991 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 230, 19.8.1991, lch. 1).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na substaintí gníomhacha formheasta (IO L 153, 11.6.2011, lch. 1).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún an 18 Meán Fómhair 2012 lena leagtar amach na forálacha is gá chun an nós imeachta athnuachana um shubstaintí gníomhacha a chur chun feidhme, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 252, 19.9.2012, lch. 26). Cuireadh Rialachán (AE) 2020/1740 in ionad an Rialacháin seo ach, mar sin féin, tá feidhm aige go fóill maidir leis an nós imeachta chun formheas substaintí gníomhacha a athnuachan: (1) ar substaintí gníomhacha iad a dtagann deireadh lena dtréimhse formheasa roimh an 27 Márta 2024; (2) ar substaintí gníomhacha iad dá gcuireann Rialachán síneadh lena dtréimhse formheasa go dtí an 27 Márta 2024 nó go dtí dáta níos déanaí, ar Rialachán é a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 an 27 Márta 2021 nó ina dhiaidh sin.

(6)  EFSA Journal [Iris EFSA] 2017;15(1):4668. Le fáil ar líne: www.efsa.europa.eu.

(7)  EFSA (an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia), 2020. Statement on the translocation potential by Pseudomonas chlororaphis MA342 in plants after seed treatment of cereals and peas and assessment of the risk to humans [Ráiteas maidir le hacmhainneacht trasghluaiseachta Pseudomonas chlororaphis MA342 i bplandaí tar éis cóireáil síolta ar ghránaigh agus piseanna agus measúnú ar an riosca do dhaoine]. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2020.6276.

(8)   Guidance on the risk assessment of metabolites produced by microorganisms used as plant protection active substances [Treoraíocht maidir leis an measúnú riosca ar mheitibilítí arna dtáirgeadh le miocrorgánaigh a úsáidtear mar shubstaintí gníomhacha cosanta plandaí] (SANCO/2020/12258): https://food.ec.europa.eu/system/files/2020-11/pesticides_ppp_app-proc_guide_180653_microorganism-metabolites-concern_202011.pdf.

Guidance on the approval and low-risk criteria linked to ‘antimicrobial resistance’ applicable to microorganisms used for plant protection [Treoraíocht maidir leis na critéir formheasa agus na critéir íseal-riosca atá nasctha le “frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha” is infheidhme maidir le miocrorgánaigh a úsáidtear chun plandaí a chosaint] (SANTE/2020/12260): https://food.ec.europa.eu/system/files/2020-11/pesticides_ppp_app-proc_guide_180652_microorganism-amr_202011.pdf.

(9)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/378 ón gCoimisiún an 4 Márta 2022 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha abaimeictin, Bacillus subtilis (Cohn 1872) tréithchineál QST 713, fospeiceas Aizawai de Bacillus thuringiensis tréithchineál ABTS-1857 agus tréithchineál GC-91, fospeiceas Israeliensis (séiritíopa H-14) de Bacillus thuringiensis tréithchineál AM65-52, fospeiceas Kurstaki de Bacillus thuringiensis tréithchineál ABTS 351, tréithchineál PB 54, tréithchineál SA 11, tréithchineál SA12 agus tréithchineál EG 2348, Beauveria bassiana tréithchineál ATCC 74040 agus tréithchineál GHA, clóidineafop, Cydia pomonella Granulovirus (CpGV), ciopróidínil, déchlórpróp-P, feinpiorocsamáit, foiseitil, malaitian, meapainipirim, meatconasól, meitrifeanón, pirimeacarb, Pseudomonas chlororaphis tréithchineál MA342, pirimeiteanail, Pythium oligandrum M1, riomsulfúrón, spionasad, Trichoderma asperellum (ar a dtugtaí T. harzianum roimhe seo) tréithchineál ICC012, tréithchineál T25 agus tréithchineál TV1, Trichoderma atroviride (ar a dtugtaí T. harzianum roimhe seo) tréithchineál T11, Trichoderma gamsii (ar a dtugtaí T. viride roimhe seo) tréithchineál ICC080, Trichoderma harzianum tréithchineál T-22 agus tréithchineál ITEM 908, tríchlóipir, tríneicseapac, tríthiaconasól agus sioram (IO L 72, 7.3.2022, lch. 2).


IARSCRÍBHINN I

Gnáthainm, Uimhreacha Aitheantais

Ainm IUPAC

Íonacht (1)

Dáta formheasa

Dul in éag an fhormheasa

Forálacha sonracha

Pseudomonas chlororaphis

tréithchineál MA 342

Bailiúchán saothrán: NCIMB, UK: NCIMB 40616

Ní bhaineann le hábhar

Ní sháróidh méid na meitibilíte tánaistí 2,3-dí-eapocsa-2,3-dédhíhidrea-riosocsain (DDR) an teorainn chainníochtaithe (2,0 μg/ml) san Oibreán Miocróbach um Shrianadh Lotnaidí.

1 Márta 2023

28 Feabhra 2038

Ní fhéadfar ach a húsáid mar fhungaicíd le haghaidh cóiriú síolta in innealra cóirithe síolta iata a údarú.

Maidir le cur chun feidhme na bprionsabal aonfhoirmeach dá dtagraítear in Airteagal 29(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, cuirfear san áireamh conclúidí na tuarascála athnuachana maidir le Pseudomonas chlororaphis tréithchineál MA 342, agus go háirithe Foscríbhinní I agus II de.

Sa mheasúnú foriomlán seo, tabharfaidh na Ballstáit aird ar leith ar na nithe seo a leanas:

leibhéal na meitibilíte 2,3-dí-eapocsa-2,3-dédhíhidrea-riosocsain (DDR) san Oibreán Miocróbach um Shrianadh Lotnaidí (MPCA), leibhéal nach sáróidh 2 μg/ml;

cosaint na n-oibreoirí agus na n-oibrithe, ag cur san áireamh go bhfuil Pseudomonas chlororaphis tréithchineál MA 342 le meas, ar an gcaoi chéanna le haon mhiocrorgánach, mar íogróir féideartha, agus aird ar leith á tabhairt ar theagmháil trí ionanálú.

Dianchothabháil ar dhálaí comhshaoil agus ar anailís rialaithe cáilíochta le linn an phróisis monaraíochta, cinnteoidh an táirgeoir an dianchothabháil sin chun a áirithiú go ndéanfar na teorainneacha ar éilliú miocróbach a urramú, teorainneacha dá dtagraítear i nDoiciméad Oibre SANCO/12116/2012.

Áireofar bearta maolaithe riosca sna coinníollacha úsáide i gcás inarb iomchuí.

Déanfaidh an t-iarratasóir faisnéis bhreise dheimhnitheach a chur faoi bhráid an Choimisiúin, na mBallstát agus an Údaráis maidir leis an méid seo a leanas:

1.

sainaithint tacsanomaíoch fhíliginiteach an mhiocrorgánaigh i gcomhréir le pointe 1.3 (céannacht, tacsanomaíocht agus fíligineacht an mhiocrorgánaigh) d’Iarscríbhinn II, Cuid B de Rialachán (AE) 2022/1439 ón gCoimisiún (2);

2.

an mheitibilít thánaisteach DDR i gcomhréir le SANCO/2020/12258 (3), go háirithe maidir lena ráta díghrádaithe;

3.

an fhéidearthacht go dtarlódh aistriú géine i ndáil le frithsheasmhacht in aghaidh antaibheathach ó Pseudomonas chlororaphis tréithchineál MA 342 chuig miocrorgánaigh eile i gcomhréir le SANTE/2020/12260 (4).

Déanfaidh an t-iarratasóir an fhaisnéis a iarradh dá dtagraítear i bpointí 1, 2 agus 3 a thíolacadh faoin 23 Feabhra 2025.


(1)  Leis an tuarascáil athnuachana soláthraítear mionsonraí breise maidir le céannacht agus sonraíocht na substainte gníomhaí.

(2)  Rialachán (AE) 2022/1439 ón gCoimisiún an 31 Lúnasa 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 283/2013 a mhéid a bhaineann leis an bhfaisnéis a bheidh le cur isteach maidir le substaintí gníomhacha agus na ceanglais shonracha sonraí i ndáil le miocrorgánaigh (IO L 227/8, 1.9.2022, lch. 8).

(3)   Guidance on the risk assessment of metabolites produced by microorganisms used as plant protection active substances [Treoraíocht maidir leis an measúnú riosca ar mheitibilítí arna dtáirgeadh le miocrorgánaigh a úsáidtear mar shubstaintí gníomhacha cosanta plandaí] (SANCO/2020/12258): https://food.ec.europa.eu/system/files/2020-11/pesticides_ppp_app-proc_guide_180653_microorganism-metabolites-concern_202011.pdf.

(4)   Guidance on the approval and low-risk criteria linked to ‘antimicrobial resistance’ applicable to microorganisms used for plant protection [Treoraíocht maidir leis na critéir formheasa agus na critéir íseal-riosca atá nasctha le ‘frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha’ is infheidhme maidir le miocrorgánaigh a úsáidtear chun plandaí a chosaint] (SANTE/2020/12260): https://food.ec.europa.eu/system/files/2020-11/pesticides_ppp_app-proc_guide_180652_microorganism-amr_202011.pdf.”


IARSCRÍBHINN II

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 mar a leanas:

(1)

i gCuid A, scriostar iontráil 89 maidir le Pseudomonas chlororaphis tréithchineál MA 342;

(2)

i gCuid B, cuirtear an iontráil seo a leanas léi:

“156

Pseudomonas chlororaphis

tréithchineál MA 342

Bailiúchán saothrán: NCIMB, UK: NCIMB 40616

Ní bhaineann le hábhar

Ní sháróidh méid na meitibilíte tánaistí 2,3-dí-eapocsa-2,3-dédhíhidrea-riosocsain (DDR) an teorainn chainníochtaithe (2.0 μg/ml) san Oibreán Miocróbach um Shrianadh Lotnaidí.

1 Márta 2023

28 Feabhra 2038

Ní fhéadfar ach a húsáid mar fhungaicíd le haghaidh cóiriú síolta in innealra cóirithe síolta iata a údarú.

Maidir le cur chun feidhme na bprionsabal aonfhoirmeach dá dtagraítear in Airteagal 29(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, cuirfear san áireamh conclúidí na tuarascála athnuachana maidir le Pseudomonas chlororaphis tréithchineál MA 342, agus go háirithe Foscríbhinní I agus II de.

Sa mheasúnú foriomlán seo, tabharfaidh na Ballstáit aird ar leith ar na nithe seo a leanas:

leibhéal na meitibilíte 2,3-dí-eapocsa-2,3-dédhíhidrea-riosocsain (DDR) san Oibreán Miocróbach um Shrianadh Lotnaidí (MPCA), leibhéal nach sáróidh 2 μg/ml;

cosaint na n-oibreoirí agus na n-oibrithe, ag cur san áireamh go bhfuil Pseudomonas chlororaphis tréithchineál MA 342 le meas, ar an gcaoi chéanna le haon mhiocrorgánach, mar íogróir féideartha, agus aird ar leith á tabhairt ar theagmháil trí ionanálú.

Dianchothabháil ar dhálaí comhshaoil agus ar anailís rialaithe cáilíochta le linn an phróisis monaraíochta, cinnteoidh an táirgeoir an dianchothabháil sin chun a áirithiú go ndéanfar na teorainneacha ar éilliú miocróbach a urramú, teorainneacha dá dtagraítear i nDoiciméad Oibre SANCO/12116/2012.

Áireofar bearta maolaithe riosca sna coinníollacha úsáide i gcás inarb iomchuí.

Déanfaidh an t-iarratasóir faisnéis bhreise dheimhnitheach a chur faoi bhráid an Choimisiúin, na mBallstát agus an Údaráis maidir leis an méid seo a leanas:

1.

sainaithint tacsanomaíoch fhíliginiteach an mhiocrorgánaigh i gcomhréir le pointe 1.3 (céannacht, tacsanomaíocht agus fíligineacht an mhiocrorgánaigh) d’Iarscríbhinn II, Cuid B de Rialachán (AE) 2022/1439 ón gCoimisiún ((*)) ;

2.

an mheitibilít thánaisteach DDR i gcomhréir le SANCO/2020/12258 ((**)), go háirithe maidir lena ráta díghrádaithe;

3.

an fhéidearthacht go dtarlódh aistriú géine i ndáil le frithsheasmhacht in aghaidh antaibheathach ó Pseudomonas chlororaphis tréithchineál MA 342 chuig miocrorgánaigh eile i gcomhréir le SANTE/2020/12260 ((***)) .

Déanfaidh an t-iarratasóir an fhaisnéis a iarradh dá dtagraítear i bpointí 1, 2 agus 3 a thíolacadh faoin 23 Feabhra 2025.”


((*))  Rialachán (AE) 2022/1439 ón gCoimisiún an 31 Lúnasa 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 283/2013 a mhéid a bhaineann leis an bhfaisnéis a bheidh le cur isteach maidir le substaintí gníomhacha agus na ceanglais shonracha sonraí i ndáil le miocrorgánaigh (IO L 227, 1.9.2022, lch. 8).

((**))   Guidance on the risk assessment of metabolites produced by microorganisms used as plant protection active substances [Treoraíocht maidir leis an measúnú riosca ar mheitibilítí arna dtáirgeadh le miocrorgánaigh a úsáidtear mar shubstaintí gníomhacha cosanta plandaí] (SANCO/2020/12258): https://food.ec.europa.eu/system/files/2020-11/pesticides_ppp_app-proc_guide_180653_microorganism-metabolites-concern_202011.pdf.

((***))   Guidance on the approval and low-risk criteria linked to ‘antimicrobial resistance’ applicable to microorganisms used for plant protection [Treoraíocht maidir leis na critéir formheasa agus na critéir íseal-riosca atá nasctha le ‘frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha’ is infheidhme maidir le miocrorgánaigh a úsáidtear chun plandaí a chosaint] (SANTE/2020/12260): https://food.ec.europa.eu/system/files/2020-11/pesticides_ppp_app-proc_guide_180652_microorganism-amr_202011.pdf.


Top