This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023R0007
Commission Implementing Regulation (EU) 2023/7 of 3 January 2023 authorising the placing on the market of Lacto-N-tetraose produced by derivative strains of Escherichia coli BL21(DE3) as a novel food and amending Implementing Regulation (EU) 2017/2470 (Text with EEA relevance)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/7 ón gCoimisiún an 3 Eanáir 2023 lena n-údaraítear Lachta-N-teatra-ós arna tháirgeadh le tréithchineálacha díorthacha Escherichia coli BL21(DE3) a chur ar an margadh mar bhia núíosach agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/7 ón gCoimisiún an 3 Eanáir 2023 lena n-údaraítear Lachta-N-teatra-ós arna tháirgeadh le tréithchineálacha díorthacha Escherichia coli BL21(DE3) a chur ar an margadh mar bhia núíosach agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2023/8
IO L 2, 4.1.2023, p. 21–26
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
4.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 2/21 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/7 ÓN gCOIMISIÚN
an 3 Eanáir 2023
lena n-údaraítear Lachta-N-teatra-ós arna tháirgeadh le tréithchineálacha díorthacha Escherichia coli BL21(DE3) a chur ar an margadh mar bhia núíosach agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le bianna núíosacha, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún (1), go háirithe Airteagal 12(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Foráiltear le Rialachán (AE) 2015/2283 nach bhféadfar ach bianna núíosacha atá údaraithe agus a áirítear i liosta an Aontais de bhianna núíosacha a chur ar an margadh laistigh den Aontas. |
(2) |
De bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2015/2283, bunaíodh liosta an Aontais de bhianna núíosacha le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún (2). |
(3) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/484 ón gCoimisiún (3) údaraíodh Lachta-N-teatra-ós a fhaightear trí choipeadh miocróbach trí úsáid á baint as an tréithchineál géinmhodhnaithe K12 DH1 Escherichia coli (“E. Coli”) a chur ar mhargadh an Aontais mar bhia núíosach faoi Rialachán (AE) 2015/2283. |
(4) |
An 22 Bealtaine 2020, chuir an chuideachta Chr. Hansen A/S (“an t-iarratasóir”) iarratas ar údarú faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2015/2283 chun lachta-N-teatra-ós (“LNT”), a fhaightear trí choipeadh miocróbach trí úsáid á baint as dhá thréithchineál ghéinmhodhnaithe (tréithchineál táirgthe agus tréithchineál díghrádúcháin roghnach) a dhíorthaítear ón tréithchineál óstach E. coli BL21(DE3), a chur ar mhargadh an Aontais mar bhia núíosach. D’iarr an t-iarratasóir go n-úsáidfí LNT i mbainne foirmle do naíonáin agus i mbainne foirmle leantach mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), i mbia gránachbhunaithe próiseáilte do naíonáin agus do leanaí óga agus bia do naíonáin agus do leanaí óga mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 609/2013, i mbianna do naíonáin agus do leanaí óga chun críoch speisialta míochaine mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 609/2013, bianna chun críoch speisialta míochaine mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 seachas bianna do naíonáin agus do leanaí óga, i ndeochanna bainnebhunaithe agus táirgí comhchosúla a cheaptar lena n-úsáid mar bhia do leanaí óga, agus i bhforbhianna mar a shainmhínítear i dTreoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). Mhol an t-iarratasóir freisin nár cheart forbhianna ina bhfuil LNT a úsáid má thomhlaítear bainne cíche, rud a bhfuil LNT ann go nádúrtha, agus/nó bianna arna mbreisiú le LNT, ar an lá céanna. Ina dhiaidh sin, an 17 Meitheamh 2022 mhodhnaigh an t-iarratasóir an iarraidh tosaigh san iarratas maidir le LNT a úsáid i bhforbhianna chun naíonáin agus leanaí óga a eisiamh. |
(5) |
An 22 Bealtaine 2020 chuir an t-iarratasóir iarraidh faoi bhráid an Choimisiún go gcosnófaí na staidéir agus na sonraí eolaíocha dílseánaigh arna gcur isteach mar thaca leis ar iarratas, is é sin, bailíochtú modha mais-speictriméadrachta (“MS”), athshondais mhaighnéadaigh núicléach (“NMR”) agus crómatagrafaíochta ainianmhalartúcháin ardfheidhmíochta le haimpéarméadrach bíogach braite (“HPAEC-PAD”) agus na torthaí a bhaineann le haitheantas LNT agus seachtháirgí carbaihiodráite (lachta-N-trí-ós II (“LNT2”), para-lachta-N-heicsea-ós (“pLNH”), lachtós, agus glúcós/galachtós) atá ann sa bhia núíosach a chinneadh (6); tuairisc ar thréithchineálacha táirgthe agus tréithchineálacha díghrádúcháin roghnacha géinmhodhnaithe LNT agus lachta-N-neoiteatra-óis (“LNnT”) (7); deimhnithe deascaidh na dtréithchineálacha táirgthe agus na dtréithchineálacha díghrádúcháin roghnacha géinmhodhnaithe LNT agus LNnT (8); córas um imoibriú slabhrúil polaiméaráise cainníochtúil fíor-ama (“qPCR”) agus tuarascálacha maidir le bailíochtú modha le haghaidh tréithchineálacha táirgthe agus tréithchineálacha díghrádúcháin roghnacha LNT agus LNnT (9); tástáil bhaictéarach ais-sócháin le LNT (10); tástáil micreanúicléis in vitro i gcealla mamach le LNT (11); staidéar raoin dáileoige 7 lá ar thocsaineacht bhéil i bhfrancaigh le LNT (12); agus staidéar 90 lá ar thocsaineacht bhéil i bhfrancaigh le LNT (13). |
(6) |
An 27 Eanáir 2021 d’iarr an Coimisiún ar an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) measúnú a dhéanamh ar LNT a fhaightear trí choipeadh miocróbach trí úsáid a bhaint as dhá thréithchineál ghéinmhodhnaithe (cineál táirgthe agus tréithchineál díghrádúcháin roghnach) a dhíorthaítear ón tréithchineál óstach Escherichia coli (“E. coli”) BL21(DE3), mar bhia núíosach, i gcomhréir le hAirteagal 10(3) de Rialachán (AE) 2015/2283. |
(7) |
An 23 Márta 2022, ghlac an tÚdarás a thuairim eolaíoch dar teideal ‘Safety of lacto-N-tetraose (LNT) produced by derivative strains of Escherichia coli BL21(DE3) as a novel food pursuant to Regulation (EU) 2015/2283’ (14) [Sábháilteacht lachta-N-teatra-óis arna tháirgeadh le tréithchineálacha díorthacha E. coli BL21(DE3) mar bhia núíosach de bhun Rialachán (AE) 2015/2283] i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) 2015/2283. |
(8) |
Sa tuairim eolaíoch uaidh, chinn an tÚdarás go raibh LNT sábháilte faoi na coinníollacha úsáide atá beartaithe do na spriocghrúpaí atá beartaithe. Dá bhrí sin, maidir le LNT, nuair a úsáidtear é i mbainne foirmle do naíonáin agus i mbainne foirmle leantach mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, bia gránachbhunaithe próiseáilte do naíonáin agus do leanaí óga agus bia do naíonáin agus do leanaí óga mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 609/2013, bianna do naíonáin agus do leanaí óga chun críoch speisialta míochaine mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 609/2013, bianna chun críoch speisialta míochaine mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 seachas bianna do naíonáin agus do leanaí óga, deochanna bainnebhunaithe agus táirgí comhchosúla a cheaptar lena n-úsáid mar bhia do leanaí óga, agus i forbhianna mar a shainmhínítear i dTreoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, is leor na forais sa tuairim eolaíoch sin chun a shuí go comhlíonann na nithe sin na coinníollacha a bhaineann lena gcur ar an margadh i gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2015/2283. |
(9) |
Sa tuairim eolaíoch uaidh, thug an tÚdarás dá aire freisin go raibh a chonclúid i ndáil le sábháilteacht an bhia núíosaigh bunaithe ar na staidéir agus sonraí eolaíocha agus na staidéir ar bhailíochtú modha MS, NMR agus HPAEC-PAD agus ar na torthaí a bhaineann le haitheantas LNT agus seachtháirgí carbaihiodráite LNT2, pLNH, lachtóis, agus glúcóis/galachtóis atá ann sa bhia núíosach a chinneadh; ar an tuairisc ar thréithchineálacha táirgthe agus tréithchineálacha díghrádúcháin roghnacha géinmhodhnaithe LNT agus LNnT; ar dheimhnithe deascaidh na dtréithchineálacha táirgthe agus na dtréithchineálacha díghrádúcháin roghnacha géinmhodhnaithe LNT agus LNnT; ar an gcóras qPCR agus ar thuarascálacha maidir le bailíochtú modha le haghaidh tréithchineálacha táirgthe agus tréithchineálacha díghrádúcháin roghnacha LNT agus LNnT; ar an tástáil bhaictéarach ais-sócháin le LNT; ar an tástáil micreanúicléis in vitro i gcealla mamach le LNT; ar an staidéar raoin dáileoige 7 lá ar thocsaineacht bhéil i bhfrancaigh le LNT; agus ar an staidéar 90 lá ar thocsaineacht bhéil i bhfrancaigh le LNT, nithe nach bhféadfadh sé measúnú a dhéanamh ar an mbia núíosach ná teacht ar a chonclúid dá n-uireasa. |
(10) |
D’iarr an Coimisiún ar an iarratasóir soiléiriú breise a thabhairt maidir leis an réasúnú a cuireadh ar fáil i ndáil lena éileamh dílseánaigh ar na staidéir agus na sonraí eolaíocha sin, agus soiléiriú a thabhairt maidir lena éileamh ar cheart eisiach a bheith aige orthu i gcomhréir le hAirteagal 26(2)(b) de Rialachán (AE) 2015/2283. |
(11) |
Dhearbhaigh an t-iarratasóir go raibh cearta dílseánaigh agus eisiacha tagartha aige ar na staidéir agus na sonraí ar bhailíochtú modha MS, NMR agus HPAEC-PAD agus na torthaí a bhaineann le haitheantas LNT agus seachtháirgí carbaihiodráite LNT2, pLNH, lachtóis, agus glúcóis/galachtóis atá ann sa bhia núíosach a chinneadh; ar an tuairisc ar thréithchineálacha táirgthe agus tréithchineálacha díghrádúcháin roghnacha géinmhodhnaithe LNT agus LNnT; ar dheimhnithe deascaidh na dtréithchineálacha táirgthe agus na dtréithchineálacha díghrádúcháin roghnacha géinmhodhnaithe LNT agus LNnT; ar an gcóras qPCR agus ar thuarascálacha maidir le bailíochtú modha le haghaidh tréithchineálacha táirgthe agus tréithchineálacha díghrádúcháin roghnacha LNT agus LNnT; ar an tástáil bhaictéarach ais-sócháin e LNT; ar an tástáil micreanúicléis in vitro i gcealla mamach le LNT; ar an staidéar raoin dáileoige 7 lá ar thocsaineacht bhéil i bhfrancaigh le LNT; agus ar an staidéar 90 lá ar thocsaineacht bhéil i bhfrancaigh le LNT, agus dhearbhaigh siad go bhfuil na cearta sin aige faoin dlí náisiúnta tráth a chuir siad an t-iarratas isteach agus nach féidir le tríú páirtithe na sonraí agus na staidéir sin a úsáid ná tagairt a dhéanamh dóibh. |
(12) |
Rinne an Coimisiún measúnú ar an bhfaisnéis uile a chuir an t-iarratasóir ar fáil agus mheas sé go raibh bunús leordhóthanach tugtha ag an iarratasóir gur comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 26(2) de Rialachán (AE) 2015/2283. Dá bhrí sin, na staidéir agus na sonraí eolaíocha ar bhailíochtú modha MS, NMR agus HPAEC-PAD agus na torthaí a bhaineann le haitheantas LNT agus seachtháirgí carbaihiodráite LNT2, pLNH, lachtóis, agus glúcóis/galachtóis atá ann sa bhia núíosach a chinneadh; an tuairisc ar thréithchineálacha táirgthe agus tréithchineálacha díghrádúcháin roghnacha géinmhodhnaithe LNT agus LNnT; deimhnithe deascaidh na dtréithchineálacha táirgthe agus na dtréithchineálacha díghrádúcháin roghnacha géinmhodhnaithe LNT agus LNnT; an córas qPCR agus tuarascálacha maidir le bailíochtú modha le haghaidh tréithchineálacha táirgthe agus tréithchineálacha díghrádúcháin roghnacha LNT agus LNnT; an tástáil bhaictéarach ais-sócháin le LNT; an tástáil micreanúicléis in vitro i gcealla mamach le LNT; an staidéar raoin dáileoige 7 lá ar thocsaineacht bhéil i bhfrancaigh le LNT; agus an staidéar 90 lá ar thocsaineacht bhéil i bhfrancaigh le LNT, ba cheart iad sin a chosaint i gcomhréir le hAirteagal 27(1) de Rialachán (AE) 2015/2283. Dá réir sin, níor cheart ach an t-iarratasóir a údarú chun LNT a chur ar an margadh laistigh den Aontas ar feadh tréimhse 5 bliana ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. |
(13) |
Mar sin féin, maidir le húdarú LNT agus an tagairt do na staidéir agus sonraí eolaíocha atá i gcomhad an iarratasóra a shrianadh d’úsáid an iarratasóra amháin, ní chuirfidh an srianadh sin cosc ar iarratasóirí eile ina dhiaidh sin cur isteach ar údarú chun an bia núíosach céanna a chur ar an margadh ar choinníoll gur ar fhaisnéis a fuarthas go dlíthiúil agus atá ina taca leis an údarú sin atá a n-iarratas bunaithe. |
(14) |
I gcomhréir le coinníollacha úsáide forbhianna ina bhfuil LNT, coinníollacha atá molta ag an iarratasóir agus atá measúnaithe ag an Údarás, tá sé riachtanach tomhaltóirí a chur ar an eolas trí bhíthin lipéad iomchuí nár cheart forbhianna ina bhfuil LNT a úsáid más rud é go dtomhlaítear bianna eile arna mbreisiú le LNT ar an lá céanna. |
(15) |
Is iomchuí go mbeadh an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 9(3) de Rialachán (AE) 2015/2283 san iontráil a bhaineann le LNT arna thairgeadh le tréithchineálacha díorthacha E. coli BL21(DE3) ar liosta an Aontais de bhianna núíosacha. |
(16) |
Ba cheart LNT arna thairgeadh le tréithchineálacha díorthacha E. coli BL21(DE3) a áireamh i liosta an Aontais de bhianna núíosacha a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470. Dá bhrí sin, ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a leasú dá réir sin. |
(17) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Údaraítear lachta-N-teatra-ós a tháirgtear le tréithchineálacha díorthacha E. coli BL21(DE3) a chur ar an margadh laistigh den Aontas.
Áireofar lachta-N-teatra-ós arna thairgeadh le tréithchineálacha díorthacha E. coli BL21(DE3) i liosta an Aontais de bhianna núíosacha a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470.
2. Leasaítear na hIarscríbhinní a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Ní údaraítear ach an chuideachta Chr. Hansen A/S (15) an bia núíosach dá dtagraítear in Airteagal 1 a chur ar an margadh laistigh den Aontas ar feadh tréimhse cúig bliana ó 24 Eanáir 2023, ach amháin má fhaigheann iarratasóir údarú ina dhiaidh sin don bhia núíosach sin gan tagairt do na sonraí eolaíocha atá á gcosaint de bhun Airteagal 3 nó le comhaontú ó Chr. Hansen A/S.
Airteagal 3
Na sonraí eolaíocha atá sa chomhad iarratais agus a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 26(2) de Rialachán (AE) 2015/2283, ní úsáidfear iad chun tairbhe iarratasóra ina dhiaidh sin ar feadh tréimhse cúig bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo gan comhaontú ó Chr. Hansen A/S.
Airteagal 4
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 3 Eanáir 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 327, 11.12.2015, lch. 1.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2017 lena mbunaítear liosta an Aontais de bhianna núíosacha i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bianna núíosacha (IO L 351, 30.12.2017, lch. 72).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/484 ón gCoimisiún an 2 Aibreán 2020 lena n-údaraítear lachta-N-teatra-ós a chur ar an margadh mar bhia núíosach faoi Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún (IO L 103, 3.4.2020, lch. 3).
(4) Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le bia a cheaptar lena úsáid mar bhia do naíonáin agus do leanaí óga, maidir le bia chun críocha speisialta míochaine, agus maidir le hionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú agus lena n-aisghairtear Treoir 92/52/CEE ón gComhairle, Treoir 96/8/CE ón gCoimisiún, Treoir 1999/21/CE ón gCoimisiún, Treoir 2006/125/CE ón gCoimisiún, Treoir 2006/141/CE ón gCoimisiún, Treoir 2009/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 41/2009 ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 953/2009 ón gCoimisiún (IO L 181, 29.6.2013, lch. 35).
(5) Treoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Meitheamh 2002 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le forbhianna (IO L 183, 12.7.2002, lch. 51).
(6) Chr. Hansen 2019 agus 2021 (nár foilsíodh).
(7) Chr. Hansen 2019 agus 2021 (nár foilsíodh).
(8) Chr. Hansen 2020 (nár foilsíodh).
(9) Chr. Hansen 2021 (nár foilsíodh).
(10) Chr. Hansen 2018 (nár foilsíodh) agus Parschat K., Oehme A., Leuschner J., Jennewein S., agus Parkot J. 2020. A safety evaluation of mixed human milk oligosaccharides in rats. Food and Chemical Toxicology, 136, 111118.
(11) Chr. Hansen 2018 (nár foilsíodh) agus Parschat K., Oehme A., Leuschner J., Jennewein S., agus Parkot J. 2020. A safety evaluation of mixed human milk oligosaccharides in rats. Food and Chemical Toxicology, 136, 111118.
(12) Chr. Hansen 2018 agus 2021 (nár foilsíodh) agus Parschat K., Oehme A., Leuschner J., Jennewein S., agus Parkot J. 2020. A safety evaluation of mixed human milk oligosaccharides in rats. Food and Chemical Toxicology, 136, 111118.
(13) Chr. Hansen 2019 agus 2021 (nár foilsíodh) agus Parschat K., Oehme A., Leuschner J., Jennewein S., agus Parkot J. 2020. A safety evaluation of mixed human milk oligosaccharides in rats. Food and Chemical Toxicology, 136, 111118.
(14) EFSA Journal [Iris EFSA] 2022;20(5):7242.
(15) Seoladh: Bøge Allé 10-12, 2970 Hørsholm, an Danmhairg.
IARSCRÍBHINN
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 mar a leanas:
(1) |
i dTábla 1 (Bianna núíosacha údaraithe), cuirtear an iontráil seo a leanas isteach in ord aibítre:
|
(2) |
i dTábla 2 (Sonraíochtaí), cuirtear an iontráil seo a leanas isteach in ord aibítre:
|