EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D0437

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/437 ón gCoimisiún an 22 Feabhra 2023 maidir leis an iarraidh ar chlárú an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh dar teideal “Glacadh díniteach na n-imirceach san Eoraip a áirithiú”, de bhun Rialachán (AE) 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2023) 1121) (Is é an téacs Béarla amháin atá barántúil)

C/2023/1121

IO L 63, 28.2.2023, p. 54–55 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/437/oj

28.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 63/54


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/437 ÓN gCOIMISIÚN

an 22 Feabhra 2023

maidir leis an iarraidh ar chlárú an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh dar teideal “Glacadh díniteach na n-imirceach san Eoraip a áirithiú”, de bhun Rialachán (AE) 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2023) 1121)

(Is é an téacs Béarla amháin atá barántúil)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh, (1) agus go háirithe Airteagal 6(2) agus (3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 30 Nollaig 2022 cuireadh iarraidh ar chlárú an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh dar teideal “Glacadh díniteach imirceach san Eoraip a áirithiú” faoi bhráid an Choimisiúin.

(2)

Is iad seo a leanas cuspóirí an tionscnaimh mar a chuir an grúpa eagraithe in iúl iad: “Is minic nach n-urramaítear prionsabail dhínit an duine, bunluach de chuid an Aontais, leis an gcaoi a gcaitear le himircigh san Aontas Eorpach (AE). Dar linne, is é is príomhchúis leis sin neamhdhóthanacht leanúnach rialacha Eorpacha agus an easpa dlúthpháirtíochta idir na Ballstáit. Ós rud é gur ‘limistéar saoirse, slándála agus ceartais ina n-urramaítear cearta bunúsacha’ é an tAontas, iarraimidne, saoránaigh Eorpacha, ar an Aontas a áirithiú go ndéanfar imircigh a ghlacadh ar bhealach díniteach a luaithe a thiocfaidh siad isteach ina chríoch, rud a bheadh i gcomhréir leis na cearta bunúsacha a bhfuil gach duine ina dteideal faoi Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus faoin dlí idirnáisiúnta. Chun cur leis sin, iarraimid, i gcomhthéacs forbartha comhbheartais tearmainn, go nglacfaí rialacháin chun: 1) sásra nua a thabhairt isteach maidir le dáileadh iarrthóirí tearmainn san Aontas, sásra a bheadh bunaithe ar shaorthoil na n-iarrthóirí tearmainn agus ar dhlúthpháirtíocht éifeachtach idir na Ballstáit (Rialachán Bhaile Átha Cliath a athbhreithniú); 2) caighdeáin ghlactha a dhéanamh ceangailteach sna Ballstáit i ndáil le bia, sláinte, tithíocht, oideachas agus obair, caighdeáin lena n-áiritheofaí dálaí maireachtála díniteacha d’iarrthóirí tearmainn ar dálaí iad a bheadh inchomparáide ar fud an Aontais.”

(3)

In Iarscríbhinn a ghabhann leis an tionscnamh, tugtar tuilleadh sonraí ar an ábhar, ar na cuspóirí agus ar an gcúlra. D’ainneoin mhian an Choimisiúin córas tearmainn agus imirce mífheidhmiúil a fheabhsú, tá roinnt athruithe reachtacha agus beartais fós le glacadh ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta chun a áirithiú go gcaitear go díniteach leis na himircigh uile. Ar an gcéad dul síos, tá an grúpa eagraithe ag iarraidh ar an gCoimisiún sásra nua maidir le dáileadh iarrthóirí tearmainn san Aontas a bhunú trí athbhreithniú a dhéanamh ar Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) d’fhonn glacadh iarrthóirí tearmainn san Aontas a roinnt ar bhealach níos cothroime, mianta na n-iarrthóirí tearmainn a chur san áireamh mar chritéar nua, agus foráil a dhéanamh maidir le sásra dlúthpháirtíochta ceangailteach um athshocrú a bhunú idir na Ballstáit chun leithdháileadh díréireach a leigheas. Ar an dara dul síos, tá siad ag iarraidh go nglacfaí rialachán maidir le dálaí glactha iarrthóirí tearmainn san Aontas chun caighdeán maireachtála díniteach faoi dhálaí a bheadh inchomparáide ar fud an Aontais a ráthú dóibh, coinníollacha lena gceanglófaí ar na Ballstáit cearta bunúsacha a urramú ina n-iomláine, lena n-áiritheofaí go gcomhlíonfadh dálaí ábhartha glactha le haghaidh iarrthóirí tearmainn na caighdeáin oibríochtúla agus na táscairí a d’fhorbair an Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn (EASO), lena ráthófaí cearta an linbh, lena n-éascófaí rochtain ar fhostaíocht agus lena ndéanfaí foráil maidir le pleananna glactha éigeandála.

(4)

Cuireadh isteach freisin doiciméad breise ina bhfuil faisnéis faoi chúlra an tionscnaimh bheartaithe ó na saoránaigh.

(5)

A mhéid a bhaineann le cuspóirí an tionscnaimh, tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún togra le haghaidh gníomh dlí a thíolacadh chun sásra nua maidir le dáileadh iarrthóirí tearmainn a thabhairt isteach agus chun dálaí glactha ceangailteacha áirithe a leagan síos sna Ballstáit ar bhonn Airteagal 78(2) den Chonradh.

(6)

Ar na cúiseanna sin, ní thagann aon chuid den tionscnamh lasmuigh, go follasach, de chreat chumhachtaí an Choimisiúin togra le haghaidh gníomh dlí de chuid an Aontais a thíolacadh chun na Conarthaí a chur chun feidhme.

(7)

Is conclúid é sin atá gan dochar don mheasúnú ar cé acu a chomhlíonfaí nó nach gcomhlíonfaí, sa chás seo, na coinníollacha coincréiteacha substainteacha is gá chun go ngníomhódh an Coimisiún, coinníollacha lena n-áirítear comhlíonadh phrionsabail na comhréireachta agus na coimhdeachta, sin agus comhoiriúnacht do chearta bunúsacha.

(8)

Tá fianaise iomchuí curtha ar fáil ag an ngrúpa eagraithe go bhfuil na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 5(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2019/788 comhlíonta aige agus gur i gcomhréir le hAirteagal 5(3), an chéad fhomhír, den Rialachán sin atá na teagmhálaithe ainmnithe aige.

(9)

Ní tionscnamh é ar léir é a bheith míchuí, suaibhreosach ná cráiteach, ná ní follas go bhfuil sé contrártha do luachanna an Aontais a leagtar amach in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach ná do na cearta a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

(10)

Dá bhrí sin, ba cheart an tionscnamh dar teideal “Glacadh díniteach imirceach san Eoraip a áirithiú” a chlárú.

(11)

An chonclúid go bhfuil na coinníollacha maidir le clárú faoi Airteagal 6(3) de Rialachán (AE) 2019/788 comhlíonta, ní rud í a thugann le tuiscint go ndearbhaíonn an Coimisiún ar bhealach ar bith go bhfuil ábhar an tionscnaimh cruinn fíorasach, agus is é grúpa eagraithe an tionscnaimh amháin atá freagrach as an méid sin. Ní chuireann ábhar an tionscnaimh ach tuairimí an grúpa eagraithe in iúl, agus ní féidir a dhéanamh amach ar aon bhealach gurb iad tuairimí an Choimisiúin a léiríonn sé,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh dar teideal “Glacadh díniteach imirceach san Eoraip a áirithiú”, déanfar é a chlárú.

Airteagal 2

Tá an Cinneadh seo dírithe chuig grúpa eagraithe an tionscnaimh ó na saoránaigh dar teideal “Glacadh díniteach imirceach san Eoraip a áirithiú”, grúpa a bhfuil Stéphanie POPPE agus Pascale HÖGER ag gníomhú mar theagmhálaithe thar a cheann.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Feabhra 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

Věra JOUROVÁ

Leas-Uachtarán


(1)  IO L 130, 17.5.2019, lch. 55.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát, (IO L 180, 29.6.2013, lch. 31).


Top