This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022R1183
Commission Implementing Regulation (EU) 2022/1183 of 8 July 2022 amending Annexes II and IV to Implementing Regulation (EU) 2020/2002 as regards Union notification and Union reporting on the detection of certain listed diseases (Text with EEA relevance)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1183 ón gCoimisiún an 8 Iúil 2022 lena leasaítear Iarscríbhinní II agus IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2002 a mhéid a bhaineann le fógra agus tuairisc a thabhairt don Aontas faoi ghalair liostaithe áirithe a bhrath (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1183 ón gCoimisiún an 8 Iúil 2022 lena leasaítear Iarscríbhinní II agus IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2002 a mhéid a bhaineann le fógra agus tuairisc a thabhairt don Aontas faoi ghalair liostaithe áirithe a bhrath (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2022/4669
IO L 184, 11.7.2022, p. 6–8
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
11.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 184/6 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1183 ÓN gCOIMISIÚN
an 8 Iúil 2022
lena leasaítear Iarscríbhinní II agus IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2002 a mhéid a bhaineann le fógra agus tuairisc a thabhairt don Aontas faoi ghalair liostaithe áirithe a bhrath
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (1), agus go háirithe Airteagal 23 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Leagtar síos le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2002 ón gCoimisiún (2) rialacha maidir le fógra agus tuairisc a thabhairt don Aontas faoi ghalair liostaithe a bhrath. Go háirithe, déantar foráil in Airteagal 3 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2002 gur gá an fhaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin a bheith san áireamh i bhfógraí don Aontas, agus déantar foráil in Airteagal 5 de go liostófar in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin na réigiúin maidir le fógra a thabhairt agus maidir le tuairisciú arna mbunú ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (AE) 2016/429. |
(2) |
I Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún (3) déantar galair liostaithe a shainmhíniú ina ngalair de chatagóir A go catagóir E, agus foráiltear ann go mbeidh feidhm ag na rialacha a bhaineann le galair a chosc agus a rialú i gcás galair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1) de Rialachán (AE) 2016/429, maidir leis na catagóirí galar liostaithe do na speicis agus grúpaí liostaithe de speicis liostaithe dá dtagraítear sa tábla a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán sin. Na leasuithe atá le déanamh ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2002 leis an Rialachán seo, ba cheart foráil a dhéanamh leo maidir le breis mionsonraí i leith na rialacha a bhaineann le galair chatagóir A i dtéarmaí fógra ráige i ndáil le láthair na ráige agus dáta an ghlanta agus an díghalraithe; tá údar leis na ceanglais fógra bhreise sin i gcás ghalair chatagóir A mar gheall ar an mbaol a bhaineann leo i ndáil le sláinte ainmhithe san Aontas. |
(3) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún (4) forlíontar Rialachán (AE) 2016/429 a mhéid a bhaineann leis na rialacha maidir le rialú galar i gcatagóirí A, B agus C. I bhfianaise na tábhachta a bhaineann le faisnéis mhionsonraithe bhreise a sholáthar maidir leis na bearta rialaithe galar agus an fhaisnéis chreata a bhaineann le ráigeanna ghalair chatagóir A, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2002 a leasú chun faisnéis a áireamh faoi cé acu a tharla nó nár tharla an ráig i limistéar a bhfuil srianta i bhfeidhm air cheana féin i ndiaidh bunú zón srianta dá bhforáiltear in Airteagail 64, 70, 71, 257, 258 nó 259 de Rialachán (AE) 2016/429, toisc go bhfuil tionchar aige sin ar an riosca a bhaineann leis na ráigeanna sin. |
(4) |
Áirítear ar na bearta a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 zóin srianta a bhunú i ndiaidh ráig de ghalar chatagóir A agus réamhghlanta agus réamh-dhíghalrú. Ba cheart faisnéis faoi na bearta sin a chur isteach ar bhealach níos soiléire faoi chuimsiú an fhógra don Aontas a cheanglaítear le hAirteagal 3 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2002. |
(5) |
In Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2002 níl iontráil inti a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann. Chuige sin, ba cheart an Ríocht Aontaithe (Tuaisceart Éireann) a liostú in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2002 i gcás inarb ábhartha do Thuaisceart Éireann. |
(6) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinní II agus IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2002 a leasú dá réir. |
(7) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinní II agus IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2002 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 8 Iúil 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2002 ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2020 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le fógra agus tuairisc a thabhairt don Aontas faoi ghalair liostaithe, maidir le formáidí agus nósanna imeachta chun cláir faireachais an Aontais agus cláir dhíothaithe a chur isteach agus a thuairisciú agus maidir le hiarratas ar stádas saor ó ghalair a aithint, agus maidir leis an gcóras faisnéise ríomhairithe (IO L 412, 8.12.2020, lch. 1).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2018 maidir le rialacha áirithe coisctheacha agus rialaithe galar a chur i bhfeidhm ar chatagóirí galar liostaithe agus lena mbunaítear liosta speiceas agus grúpaí speiceas a bhfuil riosca suntasach ag baint leo maidir le leathadh na ngalar liostaithe sin (IO L 308, 4.12.2018, lch. 21).
(4) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le rialacha i dtaca le galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú (IO L 174, 3.6.2020, lch. 64).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinní II agus IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2002 mar a leanas:
(1) |
Leasaítear Iarscríbhinn II mar a leanas:
|
(2) |
in Iarscríbhinn IV, leasaítear an tábla mar a leanas:
|