EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022R0247
Commission Delegated Regulation (EU) 2022/247 of 14 December 2021 amending Regulation (EU) 2018/956 of the European Parliament and of the Council as regards the data on new heavy-duty vehicles to be monitored and reported by Member States and by manufacturers and the reporting procedure (Text with EEA relevance)
Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/247 ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na sonraí maidir le feithiclí nua tromshaothair a bhfuil faireachán agus tuairisciú le déanamh ag na Ballstáit agus ag monaróirí orthu agus a mhéid a bhaineann leis an nós imeachta tuairiscithe (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/247 ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na sonraí maidir le feithiclí nua tromshaothair a bhfuil faireachán agus tuairisciú le déanamh ag na Ballstáit agus ag monaróirí orthu agus a mhéid a bhaineann leis an nós imeachta tuairiscithe (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2021/8909
IO L 41, 22.2.2022, p. 11–13
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
No longer in force, Date of end of validity: 30/06/2024; Arna aisghairm go hintuigthe ag 32024R1610
22.2.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 41/11 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/247 ÓN gCOIMISIÚN
an 14 Nollaig 2021
lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na sonraí maidir le feithiclí nua tromshaothair a bhfuil faireachán agus tuairisciú le déanamh ag na Ballstáit agus ag monaróirí orthu agus a mhéid a bhaineann leis an nós imeachta tuairiscithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Meitheamh 2018 maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí CO2 ó fheithiclí nua tromshaothair agus ar ídiú breosla na bhfeithiclí sin (1), agus go háirithe Airteagal 11(1)(a) agus (d) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Sonraítear i gCuid A d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/956 na sonraí a bhfuil faireachán agus tuairisciú le déanamh ag na Ballstáit orthu maidir le feithiclí tromshaothair nua a chláraítear den chéad uair san Aontas. |
(2) |
Chun foráil a dhéanamh maidir le hanailís chríochnúil i gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán (AE) 2018/956, ba cheart do na Ballstáit faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar shonraí lenar féidir cumraíocht acastóirí feithicle na bhfeithiclí tuairiscithe a chinneadh ar bhonn líon na n-acastóirí tiomána. Cláraítear sonraí den sórt sin in iontráil 3 de dheimhniú comhréireachta feithicle nuachláraithe tromshaothair. |
(3) |
Leis an bhfaisnéis sin, d’fhágfaí go mbeadh an Coimisiún in ann feithiclí a thagann faoi raon feidhme na sonraí arna dtuairisciú ag na monaróirí de bhun Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2018/956 a shainaithint bunaithe ar fhaisnéis arna tuairisciú ag na Ballstáit gan malartuithe breise leis na monaróirí a bheith riachtanach. |
(4) |
Bunaithe ar an taithí a fuarthas tríd an tuarascáil a ullmhú i gcomhréir le hAirteagal 10 le haghaidh thréimhse thuairiscithe na bliana 2019 agus chun anailís chríochnúil a dhéanamh ar na sonraí a thuairisceofar sna blianta atá le teacht, is gá do na monaróirí sonraí sonracha a thuairisciú maidir le hiompraíocht comhpháirteanna aonair feithicle le linn thréimhse na huirlise ionsamhlúcháin, mar atá taifeadta sa chomhad “sum exec data file”. |
(5) |
Leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/956 an nós imeachta faireacháin agus tuairiscithe. |
(6) |
Bunaithe ar an taithí a fuarthas trí Rialachán (AE) 2018/956 a chur i bhfeidhm, ba cheart an tsolúbthacht a bheith ag an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil struchtúr agus saintréith na mbunachar sonraí a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil agus níor cheart go mbeadh sí faoi cheangal ag cinntí teicniúla sonracha. Ba cheart ainmneacha tuairisciúla na mbunachar sonraí a bhaint d’Iarscríbhinn II dá bhrí sin. |
(7) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2018/956 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2018/956
Leasaítear Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/956 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 14 Nollaig 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/956 mar a leanas:
(1) |
leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:
|
(2) |
leasaítear Iarscríbhinn II mar a leanas:
|