EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D1620

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1620 ón gCoimisiún an 19 Meán Fómhair 2022 lena leagtar síos bearta teagmhasacha samplacha i gcás nach bhfuil sé indéanta ar chúiseanna teicniúla sonraí a rochtain ag na teorainneacha seachtracha, lena n-áirítear nósanna imeachta cúltaca a bheidh le leanúint ag na húdaráis teorann de bhun Airteagal 48(4) de Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

C/2022/6591

IO L 243, 20.9.2022, p. 144–147 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/1620/oj

20.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 243/144


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1620 ÓN gCOIMISIÚN

an 19 Meán Fómhair 2022

lena leagtar síos bearta teagmhasacha samplacha i gcás nach bhfuil sé indéanta ar chúiseanna teicniúla sonraí a rochtain ag na teorainneacha seachtracha, lena n-áirítear nósanna imeachta cúltaca a bheidh le leanúint ag na húdaráis teorann de bhun Airteagal 48(4) de Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2018 lena mbunaítear Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1077/2011, (AE) Uimh. 515/2014, (AE) 2016/399, (AE) 2016/1624 agus (AE) 2017/2226 (1), agus go háirithe Airteagal 48(4) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2018/1240, bunaítear an Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (“ETIAS”) le haghaidh náisiúnaigh tríú tíortha atá díolmhaithe ón gceanglas maidir le víosa a fháil chun dul isteach agus fanacht ar chríoch na mBallstát.

(2)

De bhun Airteagal 47(1) de Rialachán (AE) 2018/1240, tá sé d’oibleagáid ar na húdaráis teorann atá inniúil chun seiceálacha teorann a dhéanamh ag pointí trasnaithe teorainneacha seachtracha i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) Lárchóras ETIAS a cheadú trí úsáid a bhaint as na sonraí atá i gcrios meaisín-inléite an doiciméid. D’fhéadfadh sé, i ngeall ar chliseadh teicniúil a tharlódh laistigh d’aon chuid de Chóras Faisnéise ETIAS nó i ngeall ar chliseadh ar an mbonneagar teorann náisiúnta i mBallstát, go mbeadh imthosca ann nach bhféadfadh údarás teorann dul ar aghaidh leis an gceadú dá dtagraítear in Airteagal 47(1) de Rialachán (AE) 2018/1240.

(3)

Is é is cuspóir don Chinneadh seo bearta teagmhasacha samplacha a leagan síos, lena n-áirítear nósanna imeachta cúltaca a bheidh le leanúint ag na húdaráis teorann ag na teorainneacha seachtracha in imthosca nach bhféadfadh údarás teorann dul ar aghaidh le ceadú Lárchóras ETIAS.

(4)

Tá sé mar aidhm leis na bearta teagmhasacha samplacha iad a úsáid mar threoirlínte agus mar bhonn, agus iad curtha in oiriúint de réir mar is gá, do na Ballstáit a bpleananna teagmhasacha náisiúnta a fhorbairt agus a ghlacadh le haghaidh na gcásanna nach bhféadfadh údarás teorann dul ar aghaidh le ceadú Lárchóras ETIAS le linn dóibh seiceálacha teorann a dhéanamh ag pointí trasnaithe teorainneacha seachtracha i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/399.

(5)

Ba cheart go mbeadh an deis ag na húdarás teorann maolú sealadach a dhéanamh, i gcás cliseadh teicniúil, ar an oibleagáid Lárchóras ETIAS a cheadú, agus stádas na n-údaruithe taistil a fhíorú tríd an uirlis fíorúcháin dá dtagraítear in Airteagal 31 de Rialachán (AE) 2018/1240. Thairis sin, is gá inneachar na bhfógraí ó na húdarás teorann a leagan síos i gcás nach mbeidh sé indéanta ar chúiseanna teicniúla dul ar aghaidh le ceadú Lárchóras ETIAS i ngeall ar chliseadh ar an mbonneagar náisiúnta teorann i mBallstát.

(6)

Ós rud é go gcuireann Rialachán (AE) 2018/1240 le acquis Schengen, i gcomhréir le hAirteagal 4 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, prótacal atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, thug an Danmhairg fógra faoi chur chun feidhme Rialachán (AE) 2018/1240 ina dlí náisiúnta. Dá bhrí sin, tá an Cinneadh seo ina cheangal ar an Danmhairg.

(7)

Ní thagann an Cinneadh seo faoi raon feidhme na mbeart dá bhforáiltear i gCinneadh 2002/192/CE ón gComhairle (3). Is é atá ann forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu; dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(8)

A mhéid a bhaineann leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá stát sin le acquis (4) Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle (5).

(9)

A mhéid a bhaineann leis an Eilvéis, is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis (6) Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle (7).

(10)

A mhéid a bhaineann le Lichtinstéin, is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis (8) Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle (9).

(11)

A mhéid a bhaineann leis an gCipir, an Bhulgáir, an Rómáin agus an Chróit, is é atá sa Chinneadh seo gníomh atá ag cur le acquis Schengen nó atá gaolmhar leis ar bhealach eile, de réir bhrí Airteagal 3(1) d’Ionstraim Aontachais 2003, Airteagal 4(1) d’Ionstraim Aontachais 2005 agus Airteagal 4(1) d’Ionstraim Aontachais 2011 faoi seach.

(12)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) agus thug sé a thuairim uaidh an 18 Feabhra 2022.

(13)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir le tuairim an Choiste um Theorainneacha Cliste (ETIAS),

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Bearta teagmhasacha samplacha lena n-áirítear nósanna imeachta cúltaca le haghaidh na gcásanna nach mbeidh sé indéanta ar chúiseanna teicniúla sonraí a rochtain ag na teorainneacha seachtracha

1.   I gcás nach bhfuil sé indéanta, ar chúiseanna teicniúla, dul ar aghaidh leis an gceadú nó leis an gcuardach dá dtagraítear in Airteagal 48(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2018/1240, féadfaidh na húdaráis teorann an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

a iarraidh ar náisiúnaigh tríú tíortha stádas a n-údaraithe taistil (bailí, diúltaithe, neamhnithe nó cúlghairthe) agus an tréimhse bhailíochta a thabhairt; chuige sin, féadfaidh na húdaráis teorann nasc Idirlín a bhunú nó rochtain a thabhairt ar threalamh atá suiteáilte ag pointí trasnaithe teorann do náisiúnaigh tríú tíortha chun nascadh leis an uirlis fíorúcháin dá dtagraítear i gCinneadh Tarmligthe (AE) 2019/970 ón gCoimisiún (11);

(b)

faisnéis a bhaineann le hiontrálacha a stóráil go háitiúil, amhail sonraí céannachta nó sonraí faoi dhoiciméad taistil, chun go mbeifear in ann fíorú a dhéanamh ina dhiaidh sin ar stádas údarú taistil na náisiúnach tríú tíortha a tháinig isteach sa tír le linn na tréimhse nach raibh sé indéanta ar chúiseanna teicniúla; Ní fhéadfaidh na húdaráis teorann an fhaisnéis sin a stóráil ach amháin le linn thréimhse na dodhéantachta teicniúla agus thréimhse an fhíoraithe ina dhiaidh sin; nó

(c)

a bheith díolmhaithe go sealadach ón oibleagáid atá orthu Lárchóras ETIAS a cheadú.

2.   Tabharfar na fógraí dá bhforáiltear in Airteagal 48(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2018/1240 gan mhoill trí chainéil chumarsáide a roinneann na húdaráis teorann, Aonaid Náisiúnta ETIAS agus Láraonad ETIAS.

3.   Sna fógraí dá bhforáiltear in Airteagal 48(2) de Rialachán (AE) 2018/1240 a chuirfidh na húdaráis teorann in iúl do Láraonad ETIAS agus dá nAonad Náisiúnta ETIAS féin, beidh an fhaisnéis seo a leanas:

(a)

an pointe trasnaithe teorann/na pointí trasnaithe teorann a ndearna an cliseadh difear dóibh agus an t-údarás nach raibh in ann an ceadú a dhéanamh; agus

(b)

an dáta agus an t-am a tharla an cliseadh;

(c)

i gcás inar féidir, tuairisc ar an gcliseadh agus ar an aga freagartha chun teacht ar réiteach.

Soláthróidh Láraonad ETIAS an fhaisnéis chéanna a fhaigheann sé ó na húdarás teorann, agus é ag cur eu-LISA agus an Coimisiún ar an eolas, i gcomhréir le hAirteagal 48(2) de Rialachán (AE) 2018/1240.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Meán Fómhair 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 236, 19.9.2018, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (IO L 77, 23.3.2016, lch. 1).

(3)  Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).

(4)  IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.

(5)  Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).

(6)  IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.

(7)  Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 1).

(8)  IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.

(9)  Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).

(10)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(11)  Cinneadh Tarmligthe (AE) 2019/970 ón gCoimisiún an 22 Feabhra 2019 maidir leis an uirlis d’iarratasóirí chun stádas a gcuid iarratas a sheiceáil agus chun tréimhse bhailíochta agus stádas a gcuid údaruithe taistil a sheiceáil de bhun Airteagal 31 de Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 156, 13.6.2019, lch. 15).


Top