EUR-Lex Acesso ao direito da União Europeia

Voltar à página inicial do EUR-Lex

Este documento é um excerto do sítio EUR-Lex

Documento 32021R2239

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2239 ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí túr gaoithe cruach áirithe ar scála fóntais de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne

C/2021/9226

IO L 450, 16.12.2021, p. 59—136 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Estatuto jurídico do documento Em vigor

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/2239/oj

16.12.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 450/59


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/2239 ÓN gCOIMISIÚN

an 15 Nollaig 2021

lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí túr gaoithe cruach áirithe ar scála fóntais de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint in aghaidh allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1), agus go háirithe Airteagal 9(4) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.   NÓS IMEACHTA

1.1.   Tionscnamh

(1)

An 21 Deireadh Fómhair 2020, thionscain an Coimisiún Eorpach (“an Coimisiún”) imscrúdú frithdhumpála i ndáil le hallmhairí túr gaoithe cruach áirithe (“SWT” nó “an táirge faoi imscrúdú”) de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (“an tír lena mbaineann” nó “an tSín” nó “PRC”) ar bhonn Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (“an bun-Rialachán”). D’fhoilsigh sé Fógra Tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2) (“an Fógra Tionscnaimh”).

(2)

Thionscain an Coimisiún an t-imscrúdú tar éis gearán a chuir an Comhlachas Eorpach um Thúir Ghaoithe (“an gearánach” nó “EWTA”) isteach an 9 Meán Fómhair 2020. Rinneadh an gearán thar ceann thionscal túr gaoithe cruach an Aontais de réir bhrí Airteagal 5(4) den bhun-Rialachán. Sa ghearán bhí fianaise maidir le dumpáil agus le díobháil ábhartha dá dheasca sin, rud a bhí leordhóthanach chun údar a thabhairt le tionscnamh an imscrúdaithe.

1.2.   Páirtithe leasmhara agus barúlacha maidir le tionscnamh

(3)

San Fhógra Tionscnaimh, d’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara teagmháil a dhéanamh leis chun bheith rannpháirteach san imscrúdú. Ina theannta sin, chuir an Coimisiún an gearánach, táirgeoirí aitheanta eile de chuid an Aontais, na táirgeoirí onnmhairiúcháin aitheanta, údaráis na Síne agus na húsáideoirí/hallmhaireoirí aitheanta ar an eolas go sonrach faoi thionscnamh an imscrúdaithe agus d’iarr sé orthu a bheith páirteach ann.

(4)

Bhí deis ag na páirtithe leasmhara barúil a thabhairt ar thionscnamh an imscrúdaithe agus éisteacht a iarraidh leis an gCoimisiún agus/nó leis an Oifigeach Éisteachta in imeachtaí trádála. Thionóil an Coimisiún éisteachtaí le triúr úsáideoirí i mí an Mhárta 2021.

(5)

Ina bharúlacha maidir leis an tionscnamh, mhaígh Comhlachas Tráchtála na Síne um Allmhairiú agus Onnmhairiú Innealra & Táirgí Leictreonacha (“CCCME”), arb í eagraíocht tionscail na Síne í, gur theip ar an ngearánach achoimre lánbhrí ar an bhfaisnéis rúnda a úsáideadh sa ghearán a sholáthar, go háirithe i ndáil le hIarscríbhinní 2.1 go 2.4 den ghearán. De réir CCCME, chuir an úsáid iomarcach a baineadh as sonraí rúnda cosc ar an bpáirtí an staid a thuiscint i dtréimhse an imscrúdaithe. Rinne an páirtí na maímh sin an athuair ina bharúlacha agus ina éisteacht tar éis na céime sealadaí.

(6)

Thug an Coimisiún dá aire sna hiarscríbhinní faoi seach nár mhárcáil an gearánach ach faisnéis a bhain go sonrach le cuideachta, amhail láimhdeachas, brabús, táirgeacht agus méid díolachán gach cuideachta a sholáthair a cuid sonraí chun an gearán a ullmhú, mar fhaisnéis rúnda. Tíolacadh figiúirí comhiomlánaithe gach táscaire sa leagan oscailte den ghearán. In ainneoin mhaímh CCCME, bhí an fhaisnéis a bhí sa leagan oscailte den ghearán leordhóthanach mar sin chun go bhféadfadh CCCME barúlacha mionsonraithe a thíolacadh maidir le ríomh an chorrlaigh díobhála sa ghearán. D’áitigh EWTA féin freisin, agus é ag freagairt do bharúlacha CCCME, go raibh sé contrártha do leasanna na dtáirgeoirí de chuid an Aontais faisnéis mhionsonraithe faoina bhfeidhmíocht aonair a thabhairt, fiú agus iad innéacsaithe, le linn na tréimhse faoi bhreathnú (3). Dá dheasca sin, dhiúltaigh an Coimisiún an maíomh.

1.3.   Sampláil

(7)

Ina Fhógra Tionscnaimh, luaigh an Coimisiún go mb’fhéidir go samplálfadh sé na páirtithe leasmhara i gcomhréir le hAirteagal 17 den bhun-Rialachán.

1.3.1.   Sampláil táirgeoirí ón Aontas

(8)

Ina Fhógra Tionscnaimh, luaigh an Coimisiún go raibh sampla de tháirgeoirí ón Aontas roghnaithe go sealadach aige. Roghnaigh an Coimisiún an sampla ar bhonn tháirgeacht agus mhéid díolachán an Aontais a thuairiscigh na táirgeoirí de chuid an Aontais i gcomhthéacs na hanailíse réamhthionscnaimh i gcéim an tseasaimh, agus a suíomh geografach á chur san áireamh freisin. Ba é a bhí sa sampla sin triúr táirgeoirí de chuid an Aontais, agus iad lonnaithe in dhá Bhallstát dhifriúla, arbh ionann iad agus thart ar 38 % de mhéid measta díolachán agus táirgeachta tháirge comhchosúil de chuid an Aontais ag céim an tionscnaimh. D’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara a mbarúil a thabhairt faoin sampla sealadach. Níor thug páirtí ar bith aon bharúil.

(9)

Measadh, dá bhrí sin, gurbh ionadaíoch an sampla sealadach de thriúr táirgeoirí ón Aontas ar thionscal an Aontais agus deimhníodh ina shampla deiridh é.

(10)

Cheistigh CCCME agus an comhlachas um fhuinneamh gaoithe san Eoraip, “WindEurope”, ionadaíochas na ngearánach i bhfad tar éis an sprioc-ama a bheith thart le haghaidh barúlacha a thabhairt maidir leis an sampla de tháirgeoirí an Aontais. Níorbh fhéidir le barúlacha ó cheachtar páirtí an cinneadh faoin sampla de tháirgeoirí an Aontais a athrú agus díbheadh iad.

1.3.2.   Sampláil allmhaireoirí

(11)

Agus an t-imscrúdú á thionscnamh, sholáthair páirtí amháin, a líomhnaíodh a bheith ina allmhaireoir neamhghaolmhar, an fhaisnéis a sonraíodh san Fhógra Tionscnaimh agus thoiligh sé go n-áireofaí sa sampla é. Tharla sé gur cuid de ghrúpa é an páirtí sin a bhfuil a phríomhleasanna coibhéiseach le leasanna úsáideora SWT. Dá dheasca sin, chinn an Coimisiún nár ghá sampláil a dhéanamh. Níor tugadh aon bharúil maidir leis an gcinneadh sin.

1.3.3.   Sampláil táirgeoirí onnmhairiúcháin sa tSín

(12)

Chun a chinneadh cibé an raibh gá le sampláil agus, más amhlaidh a bhí, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar gach táirgeoir onnmhairiúcháin aitheanta i nDaon-Phoblacht na Síne an fhaisnéis a shonraítear san Fhógra Tionscnaimh a sholáthar. Ina theannta sin, d’iarr an Coimisiún ar Mhisean Dhaon-Phoblacht na Síne chuig an Aontas Eorpach táirgeoirí onnmhairiúcháin eile ar spéis leo a bheith páirteach san imscrúdú a shainaithint, agus/nó teagmháil a dhéanamh leo, dá mba ann dóibh.

(13)

Sholáthair seachtar táirgeoirí onnmhairiúcháin sa tír lena mbaineann an fhaisnéis a iarradh agus thoiligh siad a bheith san áireamh sa sampla. Níor onnmhairigh ach seisear díobh túir ghaoithe chruach chuig an tAontas le linn thréimhse an imscrúdaithe. I gcomhréir le hAirteagal 17(1) den bhun-Rialachán, roghnaigh an Coimisiún sampla de thriúr táirgeoirí onnmhairiúcháin ar bhonn an mhéid ionadaíoch is mó d’onnmhairí chuig an Aontas a d’fhéadfaí a imscrúdú go réasúnta laistigh den tréimhse a bhí ar fáil. Ba iad a bhí sa sampla sealadach na cuideachtaí Chengxi Shipyard Co., Ltd. (“Chengxi Shipyard”), CS WIND China Co., Ltd. (“CS Wind”), agus Suzhou Titan New Energy Technology Co., Ltd. (“Suzhou Titan”). I gcomhréir le hAirteagal 17(2) den bhun-Rialachán, chuathas i gcomhairle le gach táirgeoir onnmhairiúcháin aitheanta lena mbaineann agus le húdaráis na tíre lena mbaineann maidir le roghnú an tsampla.

(14)

Thug táirgeoir onnmhairiúcháin comhoibríoch amháin barúil maidir le roghnú an tsampla shealadaigh. D’iarr an chuideachta Penglai Dajin Offshore Heavy Industry Co., Ltd. (“Penglai Dajin”) go n-áireofaí sa sampla í agus mhaígh sí nach raibh an sampla sealadach ionadaíoch ar roinnt cúiseanna. Ar dtús, d’áitigh an chuideachta nach raibh an sampla ionadaíoch ó thaobh tíreolaíochta de, toisc gur i gcúige Jiangsu a bhí gach cuideachta shampláilte lonnaithe. Ar an dara dul síos, chuir Penglai Dajin in iúl gur cuideachta faoi úinéireacht stáit í ceann de na cuideachtaí sampláilte agus gur fochuideachta de chuideachta eachtrach í ceann eile díobh. Ar an tríú dul síos, mhaígh an chuideachta go bhféadfaí imscrúdú a dhéanamh uirthi go réasúnach laistigh den am a bhí ar fáil, murab ionann agus cuid de na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte a bhfuil struchtúr grúpa casta acu. Ar deireadh, d’áitigh Penglai Dajin nach raibh dhá cheann de na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte ionadaíoch ar a tháirgeadh ós rud é nár tháirg siad ach túir chruach le trastomhas mór.

(15)

Thug an Coimisiún dá aire, i gcomhréir le forálacha Airteagal 17 den bhun-Rialachán, gur áiríodh sa sampla sealadach cuideachtaí ag a raibh an méid ionadaíoch ba mhó de na táirgí, na díolacháin nó na honnmhairí, a d’fhéadfaí a imscrúdú go réasúnach laistigh den am a bhí ar fáil. Ina theannta sin, níor thug Penglai Dajin aon chúis láidir ar aird faoin bhfáth gur cheart dó dul in ionad aon cheann de na táirgeoirí onnmhairiúcháin a sampláladh go sealadach. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don iarraidh ó Penglai Dajin agus dheimhnigh sé an sampla.

(16)

Go gairid dá éis sin, rinne ceann de na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte, cuideachta CS Wind, a chomhar a tharraingt siar. Thug an Coimisiún an cinneadh sin dá aire agus chuir sé an chuideachta ar an eolas go raibh sé beartaithe aige aon dleacht frithdhumpála a d’fhéadfaí a bheith ar an gcuideachta sin a chinneadh de bhun fhorálacha Airteagal 18 den bhun-Rialachán. Ina theannta sin, chuir an Coimisiún Misean Dhaon-Phoblacht na Síne ar an eolas faoin staid.

(17)

Ina dhiaidh sin, rinne an Coimisiún an sampla de tháirgeoirí onnmhairiúcháin a fhorlíonadh trí chuideachta Penglai Dajin a chur leis, arbh í an chéad chuideachta eile i dtéarmaí mhéid na n-onnmhairí í as measc na gcuideachtaí comhoibríocha, cuideachta a bhféadfaí imscrúdú a dhéanamh uirthi go réasúnta agus teorainneacha ama á gcur san áireamh.

1.4.   Scrúdú aonair

(18)

Ar dtús, d’iarr ceathrar táirgeoirí onnmhairiúcháin i nDaon-Phoblacht na Síne a chuir an fhoirm shamplála ar ais go ndéanfaí scrúdú aonair orthu faoi Airteagal 17(3) den bhun-Rialachán. Ar lá an tionscnaimh, chuir an Coimisiún na ceistneoirí ar fáil ar líne (4). Agus an sampla á fhógairt aige, chuir an Coimisiún in iúl do na táirgeoirí onnmhairiúcháin neamhshampláilte gur ghá dóibh freagra ceistneora a sholáthar dá mba mhian leo go ndéanfaí scrúdú orthu ar bhonn aonair. Níor thug aon cheann de na cuideachtaí freagra ar an gceistneoir áfach. Dá bhrí sin, níor deonaíodh aon scrúdú aonair.

1.5.   Freagraí ar cheistneoirí

(19)

Chuir an Coimisiún ceistneoir chuig Rialtas Dhaon-Phoblacht na Síne (“Rialtas na Síne”) maidir le saobhadh suntasach a bheith ann sa tSín de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán.

(20)

Chuir an Coimisiún ceistneoirí le haghaidh táirgeoirí de chuid an Aontais, allmhaireoirí neamhghaolmhara, úsáideoirí, agus táirgeoirí onnmhairiúcháin ar fáil ar líne (5) lá an tionscnaimh. Cuireadh na páirtithe leasmhara ar an eolas san Fhógra Tionscnaimh faoin áit a raibh na ceistneoirí agus arís nuair a d’fhógair an Coimisiún an sampla nó a chinneadh an tsampláil a thréigean.

(21)

Fuarthas freagraí ar an gceistneoir ón triúr táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte, ón triúr táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais agus ó bheirt úsáideoirí. Ní bhfuarthas aon fhreagra ó Rialtas na Síne. Ina dhiaidh sin, chuir an Coimisiún Rialtas na Síne ar an eolas go raibh sé beartaithe aige Airteagal 18 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm i ndáil le haon fhianaise ar shaobhadh suntasach a d’fhéadfadh a bheith ann.

(22)

I bhfianaise ráig leanúnach COVID-19 agus na mbeart gaibhniúcháin arna gcur i bhfeidhm ag Ballstáit éagsúla mar aon le tríú tíortha éagsúla, níor fhéad an Coimisiún cuairteanna fíorúcháin a dhéanamh de bhun Airteagal 16 den bhun-Rialachán. Ina ionad sin, rinne an Coimisiún cros-seiceáil go cianda ar an bhfaisnéis a sheol páirtithe isteach i gcomhréir lena Fhógra maidir le hiarmhairtí ráig COVID-19 ar imscrúduithe frithdhumpála agus frith-fhóirdheontais (6).

(23)

Lorg an Coimisiún an fhaisnéis uile a measadh ba ghá chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an dumpáil, leis an díobháil de thoradh na dumpála agus maidir le leas an Aontais. Chuige sin, rinne an Coimisiún cros-seiceálacha cianda (“CC”) ar na cuideachtaí/páirtithe seo a leanas:

 

Táirgeoirí ón Aontas agus a gcomhlachais

GRI Renewable Industries S.L., Maidrid na Spáinne

Welcon A/S, Give na Danmhairge

Windar Renovables S.L, Avilés na Spáinne

EWTA, An Bhruiséil, An Bheilg

 

Úsáideoirí

GE Wind Energy GmbH, Salzbergen na Gearmáine (“GE”)

Vestas Wind Systems A/S, Aarhus N na Danmhairge agus cuideachtaí gaolmhara (“Vestas”)

 

Táirgeoirí onnmhairiúcháin i nDaon-Phoblacht na Síne

Chengxi Shipyard Co., Ltd., cathair Jiangyin agus a tháirgeoir gaolmhar intíre CSSC Guangxi Shipbuilding & Offshore Engineering Co., Ltd., Cathair Qinzhou

Penglai Dajin Offshore Heavy Industry Co., Ltd., Penglai agus a tháirgeoir gaolmhar intíre Liaoning Dajin Heavy Industry Corporation, Fuxin

Suzhou Titan New Energy Technology Co., Ltd., cathair Taicang agus a tháirgeoirí gaolmhara intíre Baotou Titan Wind Power Energy Equipment Co., Ltd., Baotou Rare Earth High-tech Zone agus Heze Titan New Energy Equipment Co., Ltd., Cathair Heze

1.6.   Tréimhse imscrúdúcháin agus an tréimhse faoi bhreathnú

(24)

Cumhdaítear leis an imscrúdú ar dhumpáil agus díobháil an tréimhse ón 1 Iúil 2019 go dtí an 30 Meitheamh 2020 (“tréimhse an imscrúdaithe”). Sa scrúdú ar threochtaí ábhartha do mheasúnú díobhála, cumhdaíodh an tréimhse ón 1 Eanáir 2017 go dtí deireadh na tréimhse imscrúdaithe (“an tréimhse a breithníodh”).

1.7.   Neamh-fhorchur na mbeart sealadach

(25)

De bhun Airteagal 7(1) den bhun-Rialachán, ba é an 18 Meitheamh 2021 an sprioc-am chun bearta sealadacha a fhorchur. I gcomhréir le hAirteagal 19a(2) den bhun-Rialachán, chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara ar an eolas an 21 Bealtaine 2021 nach raibh sé beartaithe aige bearta sealadacha a fhorchur.

(26)

Dheimhnigh an Coimisiún a chinneadh gan bearta sealadacha a fhorchur an 18 Meitheamh 2021, agus thug sé deis do na páirtithe leasmhara faisnéis bhreise a thíolacadh agus/nó éisteacht a fháil. D’iarr CCCME éisteacht agus thíolaic sé barúlacha. Tugtar aghaidh mar is cuí ar na barúlacha agus ar na maímh a cuireadh i láthair le linn na héisteachta agus ina aighneacht sna ranna faoi seach den rialachán seo.

(27)

Ó tharla nár forchuireadh aon bheart sealadach frithdhumpála, níor feidhmíodh aon chlárú allmhairí.

1.8.   An nós imeachta ina dhiaidh sin

(28)

Lean an Coimisiún air ag lorg agus ag fíorú na faisnéise uile a mheas sé a bheith riachtanach le haghaidh na dtorthaí deiridh. Bhreithnigh an Coimisiún na barúlacha a thíolaic na páirtithe leasmhara agus é ag teacht ar a thorthaí cinntitheacha.

(29)

Chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara go léir ar an eolas maidir leis na fíorais agus na breithnithe riachtanacha ar an mbonn a raibh sé beartaithe aige dleacht frithdhumpála chinntitheach a fhorchur ar allmhairí túr gaoithe cruach ar de thionscnamh na Síne iad (“nochtadh deiridh”). Ceadaíodh tréimhse do gach páirtí leasmhar ina raibh siad in ann a mbarúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh deiridh.

(30)

Tugadh deis chainte do na páirtithe a d’iarr éisteacht chomh maith. Bhí EWTA os comhair éisteachta an 23 Meán Fómhair 2021. Bhí CCCME agus Suzhou Titan os comhair éisteachtaí an 27 Meán Fómhair 2021.

(31)

Tar éis an nochta deiridh agus le linn na héisteachta thuasluaite os comhair sheirbhísí an Choimisiúin, rinne CCCME a líomhain an athuair, ar a ndéantar achoimre in aithris (5) thuas, go mbeadh úsáid iomarcach bainte ag EWTA as faisnéis rúnda. Bhainfeadh sin ní hamháin leis an bhfaisnéis a soláthraíodh sa ghearán ach leis an bhfaisnéis a soláthraíodh do pháirtithe leasmhara tráth an nochta deiridh freisin. I ndáil leis an ní deiridh sin, shuigh CCCME agus Suzhou Titan go háirithe nach raibh mionsonraí leordhóthanacha ar thaobh ríomh an spriocphraghais i nochtadh na ríomhanna gearrdhíola a soláthraíodh do na táirgeoirí onnmhairiúcháin. Thug Chengxi Shipyard barúlacha comhchosúla tar éis an nochta deiridh. Rinne an Coimisiún athbhreithniú ar na sonraí nochta agus, cé nárbh fhéidir na spriocphraghsanna beachta in aghaidh chineál táirge an tionscail de chuid an Aontais a sholáthar ar chúiseanna rúndachta, sholáthair sé nochtadh breise an lá céanna sin don triúr táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte ar na ríomhanna sladghearrtha agus gearrdhíola.

(32)

D’ainneoin a bhfuil thuas, d’iarr CCCME agus Suzhou Titan idirghabháil ón Oifigeach Éisteachta i bhfianaise (i) gur mheas siad gur cheart don Choimisiún seiceáil níos fearr a dhéanamh ar shonraí áirithe tionscail de chuid an Aontais (tugtar aghaidh air sin in aithris (307)), (ii) gur mhaith leo tuairim an Oifigigh Éisteachta a fháil maidir leis an bhfoinse a d’úsáid an Coimisiún chun praghsanna allmhairiúcháin na Síne ar SWTanna a shuí (ar a dtugtar aghaidh in aithrisí (317)-(318)), (iii) na neamhréireachtaí a aimsíodh agus trí aighneacht ón ngearánach á gcur i gcomparáid le chéile (ar a dtugtar aghaidh in aithris (306) agus aithris (307)), agus i bhfianaise (iv) na ndifríochtaí suntasacha idir corrlaigh dumpála agus díobhála (ar a dtugtar aghaidh in aithrisí (292)-(295)). Tharla éisteacht os comhair an Oifigigh Éisteachta an 14 Deireadh Fómhair 2021 ina ndearna an Coimisiún soiléiriú ar na saincheisteanna sin. Tháinig an tOifigeach Éisteachta ar an gconclúid nach raibh aon sárú ar chearta cosanta ann.

(33)

Tar éis an nochta deiridh, mhaígh EWTA go ndearna fadhbanna nós imeachta san imscrúdú dochar do cheart cosanta na ngearánach agus dá gcumas measúnú a dhéanamh agus aghaidh a thabhairt ar na haighneachtaí ó onnmhaireoirí Síneacha agus ó úsáideoirí. De réir EWTA, le linn an imscrúdaithe ar fad, bhain onnmhaireoirí Síneacha agus páirtithe leasmhara eile úsáid iomarcach as faisnéis rúnda agus theip go seasta orthu an tráth céanna achoimrí lánbhrí ar a n-aighneachtaí rúnda a sholáthar. D’fhágfadh sé sin go mbeadh sé dodhéanta do na gearánaigh measúnú a dhéanamh agus barúlacha lánbhrí a thabhairt ar na sonraí ábhartha agus ar na líomhaintí de shárú ar a gceart chun próise cuí.

(34)

Dhíbhir an Coimisiún an maíomh, toisc nár tugadh bunús breise leis. Thairis sin, thug an Coimisiún dá aire go maidir leis an bhfaisnéis uile a soláthraíodh i bhformáid íogair, gur tíolacadh í ar an mbealach céanna le haghaidh an chomhaid oscailte i gcás ar bith nach ndéanfadh scaoileadh na faisnéise sin dochar do leasanna rúndachta an pháirtí a bhí á tíolacadh.

(35)

Breithníodh na barúlacha a thíolaic na páirtithe leasmhara agus cuireadh san áireamh iad sa Rialachán seo, i gcás inarb iomchuí.

(36)

Tar éis an nochta deiridh, d’áitigh roinnt páirtithe gur cheart don Choimisiún na bearta a chur ar fionraí de bhun Airteagal 14(4) den bhun-Rialachán. Bhí na gearánaigh agus roinnt táirgeoirí de chuid an Aontais i gcoinne aon fhionraí ar bhearta. D’admhaigh an Coimisiún go bhfuarthas an fhaisnéis a sholáthair na páirtithe sin agus mheabhraigh sé dóibh, dá mba iomchuí dar leis an gCoimisiún, go bhféadfadh an Coimisiún a chinneadh bearta a chur ar fionraí i gcás ina mbeidh athrú sealadach tagtha ar dhálaí an mhargaidh sa mhéid nach dócha go ndéanfaí díobháil an athuair de thoradh na fionraí, agus i gcás gur chun leasa an Aontais é amhlaidh a dhéanamh.

2.   AN TÁIRGE LENA mBAINEANN AGUS TÁIRGE COMHCHOSÚIL

2.1.   An táirge lena mbaineann

(37)

Agus athbhreithniú á dhéanamh ar thuairisc an táirge san fhógra tionscnaimh, agus chun aon mhíthuiscint ag údaráis náisiúnta custaim a sheachaint, shuigh an Coimisiún gurbh iomchuí mionleasú a dhéanamh ar thuairisc an táirge mar a foilsíodh san fhógra tionscnaimh í. Níor ghá an fógra a leasú de dhroim na n-athruithe sin ná ní dhearna siad difear do pháirtithe leasmhara sa nós imeachta. Léirítear na hathruithe i gcló iodálach thíos.

(38)

Is é an táirge lena mbaineann túir ghaoithe chruach áirithe ar scála fóntais, cibé acu atá siad barrchaolaithe nó nach bhfuil, agus ranna díobh sin (7), cibé acu atá siad cóimeáilte nó nach bhfuil, cibé acu a áirítear dúshraith leabaithe túir leo nó nach n-áirítear, cibé acu atá siad ceangailte le naoisilí nó le lanna rótair nó nach bhfuil, agus atá deartha chun tacú leis an naoisil agus leis na lanna rótair le haghaidh a n-úsáide – ar talamh nó eischósta – i dtuirbíní gaoithe a bhfuil acmhainneacht ginte leictreachais acu de 1,00 meigeavata (“MW”) nó níos mó agus atá 50 méadar ar a laghad ar airde ó bhun an túir go bun na naoisile (i.e. áit a gceanglaítear barr an túir leis an naoisil) agus iad lánchóimeáilte, de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, atá faoi láthair faoi chóid AC ex 7308 20 00 (cód TARIC 7308200011) agus ex 7308 90 98 (cód TARIC 7308909811) faoi láthair agus, má allmhairítear mar chuid de thuirbín gaoithe iad, atá faoi láthair faoi chóid AC 8502 31 00 (cóid TARIC 8502310011 agus 8502310085) faoi láthair (“an táirge lena mbaineann”).

2.2.   Táirge comhchosúil

(39)

Léiríodh leis an imscrúdú gurb ionann na saintréithe bunúsacha fisiceacha agus teicniúla agus na húsáidí bunúsacha atá ag na táirgí seo a leanas:

an táirge lena mbaineann;

an táirge a táirgeadh agus a díoladh ar mhargadh intíre Dhaon-Phoblacht na Síne é; agus

an táirge arb é an tionscal de chuid an Aontais a tháirg agus a dhíol é.

(40)

Dá bhrí sin chinn an Coimisiún gur táirgí comhchosúla iad na táirgí sin de réir bhrí Airteagal 1(4) den bhun-Rialachán.

2.3.   Maímh maidir leis an raon táirge

(41)

D’iarr Vestas go gcuirfí túir ghaoithe chruach mhóra as an áireamh ar na forais go bhfuil acmhainneacht ag tionscal an Aontais i gcomhair túir bheaga go príomha (8).

(42)

Shuigh an Coimisiún nach raibh bunús le forais na hiarrata toisc go bhfuil acmhainneacht táirgeachta ag tionscal an Aontais ar an iomlán i gcomhair gach méid de SWT is gá, fiú mura monaraíonn gach táirgeoir SWT de chuid an Aontais táirgí ar aon toise. Shuigh an Coimisiún freisin go bhfuil na gnéithe céanna ag gach túr gaoithe cruach, gan beann ar a mhéid ná ar a phointe allmhairithe, i dtéarmaí a mbun-saintréithe fisiciúla agus teicniúla, a n-úsáidí deiridh agus a n-idirmhalartachta. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don iarraidh ar eisiamh.

(43)

Mar gheall ar an éagsúlacht sa raon táirgí, d’áitigh CCCME nárbh fhéidir a mheas gur táirgí comhchosúla iad an táirge a tháirgtear agus a dhíoltar ar mhargadh intíre Dhaon-Phoblacht na Síne agus an táirge a dhéanann tionscal an Aontais a tháirgeadh agus a dhíol san Aontas. Tar éis an nochta deiridh, d’iarr CCCME go ndéanfaí an raon táirgí a chúngú ar na forais gurb ann do rialacháin agus d’fhóirdheontais dhifreáilte san Aontas cheana le haghaidh túir arda seachas túir ísle agus go meastar go rachaidh airde SWT i méid. Níor sholáthair CCCME aon fhianaise maidir leis na múnlaí túr ba cheart a chur as an áireamh ná maidir le saintréithe teicniúla na dtúr ba cheart a chur as an áireamh ina thuairim.

(44)

Diúltaítear don mhaíomh thuas. Thug an Coimisiún dá aire gur dual do shamhlacha nó do chineálacha difriúla a bheith le sonrú i ngrúpa táirgí. Le linn do shladghearradh, gearrdhíol agus dumpáil a bheith á ríomh, tugann an Uimhir Rialaithe Táirge (“PCN”) lánaird ar éagsúlacht sin an táirge agus ar dhífríochtaí sa chostas táirgthe agus i bpraghsanna de thoradh na héagsúlachta sin. Mar a luadh i roinn 2.2, shuigh an Coimisiún go bhfuil na gnéithe céanna ag gach túr gaoithe cruach i dtéarmaí a mbun-saintréithe fisiciúla agus teicniúla, a n-úsáidí deiridh agus a n-idirmhalartachta, arb iad na tosca ábhartha iad chun an táirge lena mbaineann a chinneadh.

3.   DUMPÁIL

3.1.   An nós imeachta chun an gnáthluach a chinneadh faoi Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán

(45)

Ó tharla gur leordhóthanach an fhianaise a bhí ar fáil ar thionscnamh an imscrúdaithe lenar tugadh le fios gurbh ann do shaobhadh suntasach de réir bhrí Airteagal 2(6a), pointe (b), den bhun-Rialachán, maidir le Daon-Phoblacht na Síne, mheas an Coimisiún gurbh iomchuí an t-imscrúdú a thionscnamh, ag féachaint d’Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán.

(46)

Dá bhrí sin, chun na sonraí a bhailiú, ar sonraí iad is gá chun Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm amach anseo, san Fhógra Tionscnaimh d’iarr an Coimisiún ar gach táirgeoir onnmhairiúcháin i nDaon-Phoblacht na Síne faisnéis a sholáthar maidir leis na hionchuir a úsáidtear chun SWT a tháirgeadh. Chuir cúigear táirgeoirí onnmhairiúcháin an fhaisnéis ábhartha isteach

(47)

An faisnéis a mheas séa bheith riachtanach le haghaidh a imscrúdaithe maidir leis an saobhadh suntasach a líomhnaíodh, chun an fhaisnéis sin a fháil, sheol an Coimisiún ceistneoir chuig Rialtas na Síne. Ina theannta sin, i bpointe 5.3.2 den Fhógra Tionscnaimh, thug an Coimisiún cuireadh do gach páirtí leasmhar a gcuid tuairimí a chur in iúl, faisnéis a chur isteach agus fianaise thacaíochta a chur ar fáil maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán laistigh de 37 lá ó dháta fhoilsiú an Fhógra Tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Ní bhfuarthas aon fhreagra ar an gceistneoir ó Rialtas na Síne roimh an sprioc-am. Ina dhiaidh sin, chuir an Coimisiún in iúl do Rialtas na Síne go n-úsáidfeadh sé na fíricí a bhí ar fáil de réir bhrí Airteagal 18 den bhun-Rialachán chun a chinneadh an ann do shaobhadh suntasach i nDaon-Phoblacht na Síne.

(48)

Thug táirgeoirí onnmhairiúcháin Chengxi Shipyards agus Suzhou Titan, mar aon leis an eagraíocht tionscail CCCME, barúil maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán ina n-aighneachtaí ar an gcéad nóta maidir leis na foinsí chun an gnáthluach a chinneadh an 1 Nollaig 2020. Rinne siad a maímh an athuair ina n-aighneachtaí ar an dara nóta maidir leis na foinsí chun an gnáthluach a chinneadh an 8 Aibreán 2021. Tugtar aghaidh ar na barúlacha sin go cuí i roinn 3.2.1 den Rialachán seo.

(49)

San Fhógra Tionscnaimh, shonraigh an Coimisiún freisin, i bhfianaise na fianaise a bhí ar fáil, go bhféadfadh sé gur ghá dó tír ionadaíoch iomchuí a roghnú de bhun Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, chun an gnáthluach a chinneadh bunaithe ar phraghsanna nó ar thagarmharcanna neamhshaofa.

(50)

Chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara ar an eolas an 1 Nollaig 2020 le nóta (“an Chéad Nóta”) (9) maidir leis na foinsí ábhartha a bhí beartaithe aige a úsáid chun an gnáthluach a chinneadh. Sa nóta sin, sholáthair an Coimisiún liosta de na tosca táirgeachta uile amhail amhábhair, saothar agus fuinneamh a úsáidtear chun MSG a tháirgeadh. Ina theannta sin, ar bhonn na gcritéar lena dtreoraítear roghnú na bpraghsanna nó na dtagarmharcanna neamhshaofa, shainaithin an Coimisiún roinnt tíortha a d’fhéadfadh a bheith ionadaíoch, eadhon Meicsiceo, an Afraic Theas agus an Tuirc. Chuir an bheirt táirgeoirí onnmhairiúcháin shampláilte Chengxi Shipyard (10) agus Suzhou Titan (11), CCCME (12) agus an t-úsáideoir Vestas (13) barúlacha faoi bhráid an Choimisiúin. Tugadh aghaidh ar na barúlacha sa dara nóta maidir leis na foinsí chun an gnáthluach a chinneadh agus déantar achoimre orthu freisin i roinn 3.2.2 den Rialachán seo.

(51)

Chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara ar an eolas an 8 Aibreán 2021 leis an dara nóta (“an Dara Nóta”) (14) maidir leis na foinsí ábhartha a bhí beartaithe aige a úsáid chun an gnáthluach a chinneadh, gur shainaithin sé gurb é Meicsiceo an tír ionadaíoch ab iomchuí. Chuir sé páirtithe leasmhara ar an eolas freisin go ndéanfadh sé costais díola, ghinearálta agus riaracháin (“SGA”) agus brabúis a shuí ar bhonn na faisnéise a bhí ar fáil le haghaidh cuideachtaí Arcosa Industries de México, S. de R.L. de C.V. agus Speco Wind Power, S.A. de C.V., ar táirgeoirí sa tír ionadaíoch iad: Chuir Chengxi Shipyard (15), Suzhou Titan (16) agus CCCME (17) barúlacha faoi bhráid an Choimisiúin. Tugtar aghaidh ar na barúlacha i roinn 3.2.2 den Rialachán seo.

3.2.   Gnáthluach

3.2.1.   Saobhadh suntasach a bheith ann

(52)

In imscrúduithe a rinneadh le déanaí a bhain leis an earnáil cruach i nDaon-Phoblacht na Síne (18) - ós í an chruach an phríomhthoisc tháirgeachta le haghaidh túir ghaoithe - shuigh an Coimisiún gurbh ann do shaobhadh suntasach de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán. Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid san imscrúdú sin, ar bhonn na fianaise a bhí ar fáil, gurbh iomchuí freisin Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm.

(53)

Sna himscrúdaithe sin, shuigh an Coimisiún gurbh ann d’idirghabháil shuntasach ón rialtas sa tSín, rud a shaobhann leithdháileadh éifeachtach na n-acmhainní i gcomhréir le prionsabail an mhargaidh. (19) Go háirithe, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur san earnáil cruach, arb í an príomh-amhábhar í chun an táirge faoi athbhreithniú a thairgeadh, ní hamháin go bhfuil cuid mhór úinéireachta ag Rialtas na Síne uirthi de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an chéad fhleasc, den bhun-Rialachán (20), ach ina theannta sin, go bhfuil Rialtas na Síne in ann cur isteach ar phraghsanna agus ar chostais trí láithreacht Stáit i ngnólachtaí de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an dara fleasc, den bhun-Rialachán (21). Shuigh an Coimisiún thairis sin go bhfuil éifeachtaí saofa breise ar an margadh ag láithreacht an Stáit agus idirghabháil ón Stát sna margaí airgeadais, agus i soláthar amhábhar agus ionchur freisin. Go deimhin, ar an iomlán, de bharr an chórais pleanála i nDaon-Phoblacht na Síne, fágann sé go mbíonn acmhainní á gcomhchruinniú in earnálacha atá ainmnithe ag Rialtas na Síne mar earnálacha straitéiseacha nó atá tábhachtach go polaitiúil ar shlí eile, seachas iad a bheith á leithdháileadh i gcomhréir le fórsaí an mhargaidh (22). Thairis sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach bhfuil dlíthe féimheachta agus maoine na Síne ag obair i gceart de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an ceathrú fleasc den bhun-Rialachán, rud a chruthaíonn saobhadh go háirithe nuair a bhíonn gnólachtaí dócmhainneacha á gcoimeád sócmhainneach agus nuair a bhíonn cearta úsáide talún á leithdháileadh i nDaon-Phoblacht na Síne (23). Ar an gcaoi chéanna, shuigh an Coimisiún gurbh ann do shaobhadh maidir le costais phá san earnáil cruach de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an cúigiú fleasc, den bhun-Rialachán (24), mar aon le saobhadh sna margaí airgeadais de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an séú fleasc den bhun-Rialachán, go háirithe maidir le rochtain ar ghníomhaithe corparáideacha caipiteal i nDaon-Phoblacht na Síne (25).

(54)

Bhí faisnéis sa ghearán maidir le saobhadh san earnáil cruach, agus go háirithe maidir leis an 13ú Plean Cúig Bliana (“FYP”) do Chruach agus maidir le cóir fhabhrach na bhfiontar atá gníomhach san earnáil cruach. Thairis sin, soláthraíodh leis an ngearán liosta cuimsitheach de chuideachtaí faoi úinéireacht stáit (“SOE”) a tháirgeann SWT, lena n-áirítear na déantúsóirí buntrealaimh (“OEM”) seo a leanas de chuid na Síne: China Shipbuilding Industry Corporation, Dongfang Electric Corporation, Xinjiang Goldwind (nach SOE é ach atá faoi úinéireacht shuntasach stáit), Shanghai Electric (atá liostaithe i Hong Cong agus Shang-hai, agus a bhfuil 63 % di faoi úinéireacht stáit), Dalian Huarui Heavy Industry, Taiyuan Heavy Machinery Group Co Ltd, Guodian United Power Technology Company Limited, XEMC Windpower (a bhfuil leas tromlaigh de ag Cúige Hunan agus na scaireanna eile á dtrádáil ar stocmhalartán Shang-hai), China Datang Corporation, agus an chuideachta dhócmhainneach Baoding Tianwei Baobian Electric Co. Luadh Envision Energy sa ghearán freisin, ar cuideachta phríobháideach í ach ar dheonaigh banc faoi úinéireacht stáit líne chreidmheasa 50 milliún RMB mar sin féin di.

(55)

Thairis sin, le hais na ndéantúsóirí buntrealaimh a luaitear thuas, liostaíodh sa ghearán na táirgeoirí túr gaoithe seo a leanas de chuid na Síne freisin: Chengxi Shipyard Co., Ltd., ar fochuideachta sealbhaíochta í de chuid China State Shipbuilding Corporation agus China CSSC Holdings Limited (ar cuideachtaí faoi úinéireacht stáit iad an dá cheann); Beijing JINGCHENG New Energy Co., Ltd., ar fochuideachta í de chuid Beijing JINGCHENG Machinery Electric Holding Co., Ltd., atá faoi úinéireacht stáit; Zhonghang Hongbo Windpower Equipment Co., Ltd., ar ceann de chomhpháirtithe straitéiseacha í de chuid AVIC, arb í an chuideachta aeraspáis agus cosanta is mó sa tSín í atá faoi úinéireacht stáit; China Gezhouba Group Corporation (cuideachta faoi úinéireacht stáit); Harbin Hongguang Boiler Group Co., Ltd. (fiontar ardteicneolaíochta ar leibhéal an stáit); Jiangsu Baolong Electromechanical Manufacturing Co., Ltd, ar ceann de phríomhfhiontair cheannasacha Liyang é, a rinne dhá iarchuideachta faoi úinéireacht stáit roimhe seo a chumasc; agus HuaDian Heavy Industries Co., Ltd., a bhfuil leas tromlaigh de ag China State-owned Assets Supervision & Administration Commission [Coimisiún na Síne um Maoirseacht agus Riarachán Sócmhainní faoi Úinéireacht Stáit].

(56)

Ina theannta sin, luadh sa ghearán go ndearna Roinn Tráchtála Stáit Aontaithe Mheiriceá imscrúdú ar dhá chuideachta Shíneacha (CS Wind agus Titan Wind) (26), lenar sainaithníodh na beartais phoiblí seo a leanas ar a laghad a théann chun tairbhe don earnáil táirgeachta go díreach: Beartas um Iasachtú don Tionscal Fuinnimh In-athnuaite, Creidmheasanna Ceannaitheora Onnmhairiúcháin, An Clár “Dhá Bhliain Saor ó Cháin Ioncaim, Trí Bliana ar Leathcháin Ioncaim” le haghaidh Fiontair ina bhfuil Infheistíocht Eachtrach, Sochair Cánach Ioncaim d’Fhiontair ina bhfuil Infheistíocht Eachtrach Bunaithe ar Shuíomh Geografach, Clár Taighde agus Forbartha um an Dlí maidir le Cáin Ioncaim Fiontair, Lacáistí Taraife ar Allmhairí agus Díolúintí ó CBL le haghaidh Úsáid Trealaimh a Allmhairithe, Soláthar Cruach Teo-Rollta, Soláthar Leictreachais ar Íocaíocht Neamh-Leordhóthanach, Cistí Tacaíochta arna Soláthar ag Coimisiún Riaracháin Chrios Forbartha Eacnamaíche agus Teicneolaíochta Lianyungang (“LETDZ”) chun Bonneagar Tionscadail a Thógáil, an Dámhachtain as Dea-Fheidhmíocht san Íoc Cánach, Dámhachtain ar Chathair Taicang chun Tacú le Liostú Poiblí Fiontar, Dámhachtainí ar Chathair Taicang chun Forbairt Geilleagair Thionsclaíoch a Chur Chun Cinn don Tréimhse Trí Bliana ó 2010 go 2012, Cistí Speisialta le haghaidh Forbairt Eolaíochta agus Teicneolaíochta, agus an Dámhachtain ar Titan Baotou as Tionscadail Tógála den Scoth sa Chrios Forbartha Tionsclaíche um Ardteicneolaíocht agus Nuatheicneolaíocht maidir le Miotail Tearc-Chré.

(57)

San imscrúdú reatha, scrúdaigh an Coimisiún cibé a raibh nó nach raibh sé iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid i nDaon-Phoblacht na Síne, i ngeall gurb ann do shaobhadh suntasach de réir bhrí Airteagal 2(6a), pointe (b), den bhun-Rialachán. Rinne an Coimisiún amhlaidh ar bhonn na fianaise a bhí ar fáil sa chomhad, lena n-áirítear an fhianaise a bhí sa tuarascáil tíre maidir le Daon-Phoblacht na Síne, (“an Tuarascáil”) (27), ar rud í a bhraitheann ar fhoinsí atá ar fáil go poiblí. Cumhdaíodh leis an anailís sin an scrúdú a rinneadh ar na hidirghabhálacha substaintiúla ón rialtas i ngeilleagar Dhaon-Phoblacht na Síne go ginearálta, ach cumhdaíodh freisin staid shonrach an mhargaidh san earnáil ábhartha lena n-áirítear an táirge lena mbaineann. Chuir an Coimisiún leis na gnéithe fianaiseacha sin tuilleadh lena thaighde féin ar na critéir éagsúla atá ábhartha chun a dheimhniú gurb ann do shaobhadh suntasach i nDaon-Phoblacht na Síne.

(58)

Maidir leis an méid úinéireachta atá ag Rialtas na Síne de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an chéad fhleasc den bhun-Rialachán, níl aon sonraí mionsonraithe ann faoin sciar beacht de chuideachtaí faoi úinéireacht stáit agus de tháirgeoirí túr gaoithe atá faoi úinéireacht phríobháideach atá ann; tá roinnt táirgeoirí móra túr gaoithe de chuid na Síne, lena n-áirítear Chengxi Shipyard agus Fuchuan Yifan, ina gcuideachtaí faoi úinéireacht stáit áfach.

(59)

Is ann i gcónaí do chuid mhór úinéireachta ag Rialtas na Síne san earnáil cruach, arb í príomhthoisc tháirgeachta na dtúr gaoithe í. Cé go meastar go bhfuil an deighilt ainmniúil beagnach cothrom idir an líon cuideachtaí faoi úinéireacht an Stáit agus an líon cuideachtaí faoi úinéireacht phríobháideach, as an gcúigear táirgeoirí cruach ón tSín a aicmítear sa deichniúr táirgeoirí cruach is mó ar domhan, is cuideachtaí faoi úinéireacht an Stáit iad ceithre cinn díobh (28). An tráth céanna, cé nár bhain ach thart ar 36 % d’aschur iomlán an tionscail in 2016 leis an deichniúr táirgeoirí is mó, leag Rialtas na Síne an sprioc amach sa bhliain chéanna chun idir 60 % agus 70 % den táirgeadh cruach a chomhdhlúthú in thart ar dheich bhfiontar mhóra nó mar sin faoi 2025 (29). Chuir Rialtas na Síne an méid sin a bhí beartaithe acu in iúl arís i mí Aibreáin 2019, agus d’fhógair siad eisiúint treoirlínte maidir le comhdhlúthú an tionscail cruach (30). D’fhéadfadh sé go mbeadh cumaisc éigeantacha de chuideachtaí príobháideacha brabúsacha agus cuideachtaí atá ag tearcfheidhmiú faoi úinéireacht an Stáit i gceist sa chomhdhlúthú sin (31).

(60)

Ina theannta sin, san earnáil cruach, tagraítear go sonrach do go leor de na táirgeoirí is mó in Steel Industry Adjustment and Upgrading plan for 2016-2020 [Plean um Choigeartú agus Uasghrádú an Tionscail Cruach le haghaidh 2016-2020]. Mar shampla, luann Shanxi Taiyuan Iron & Steel Co. Ltd. (“TISCO”), cuideachta Shíneach atá faoi úinéireacht an Stáit, ar a shuíomh gréasáin gur “mórchuideachta iarainn agus cruach”, atá ann “a d’fhorbair ina chóras ollmhór iarainn agus cruach ar mhórscála, atá comhtháite le gnó na mianadóireachta iarainn, an táirgthe iarainn agus cruach, na próiseála, an tseachadta agus na trádála” (32). Mórchuideachta Shíneach eile atá faoi úinéireacht stáit is ea Baosteel atá i mbun monarú cruach agus atá ina chuid de China Baowu Steel Group Co. Ltd., cuideachta a comhdhlúthaíodh le déanaí (ar a dtugtaí Baosteel Group agus Wuhan Iron & Steel roimhe seo) (33).

(61)

Toisc gurb ann do leibhéal áirithe idirghabhála ón rialtas sa tionscal túr gaoithe agus do chion ard cuideachtaí faoi úinéireacht stáit san earnáil túr gaoithe agus cruach, cuirtear cosc ar tháirgeoirí, ar táirgeoirí atá faoi úinéireacht phríobháideach iad fiú, oibriú faoi dhálaí margaidh. Go deimhin, tá cuideachtaí faoi úinéireacht phoiblí agus cuideachtaí faoi úinéireacht phríobháideach san earnáil túr gaoithe araon faoi réir maoirseacht beartais agus treorach freisin mar a leagtar amach in aithrisí (67) go (74) thíos.

(62)

Maidir le Rialtas na Síne a bheith in ann cur isteach ar phraghsanna agus ar chostais tríd an stát a bheith i láthair i ngnólachtaí de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an dara fleasc, den bhun-Rialachán, léiríonn na samplaí a leanas an treocht thuasluaite maidir le méadú a bheith ag teacht ar an leibhéal idirghabhála ó Rialtas na Síne tríd an stát a bheith i láthair sna hoibreoirí eacnamaíocha san earnáil túr gaoithe. Déanann go leor táirgeoirí WPT gníomhaíochtaí neartaithe páirtí a chur i dtábhacht go sainráite ar a suíomh gréasáin, bíonn comhaltaí den pháirtí ar fhoireann bainistíochta na cuideachta, agus cuireann siad a gceangal le Páirtí Cumannach na Síne i dtábhacht. Léiríodh leis an imscrúdú go mbíonn gníomhaíochtaí neartaithe páirtí ar siúl i measc roinnt táirgeoirí túr gaoithe, lena n-áirítear táirgeoir onnmhairiúcháin sampláilte Chengxi Shipyard. De réir Airteagail chomhlachais CSSC Holdings Limited, a bhfuil 100 % de scaireanna Chengxi Shipyard ina sheilbh aige, is é seo a leanas ról choiste an pháirtí: “Cur chun feidhme éifeachtach bheartais an Pháirtí agus an Stáit a mhaoirsiú agus a áirithiú sa chuideachta [...], Ag cloí leis an bprionsabal go mbeidh an Páirtí i bhfeighil foirne meánbhainistíochta, in éineacht le prionsabal bhainistíocht oibríochtúil chomhaltaí an Bhoird Stiúrthóirí arna roghnú i gcomhréir leis an dlí, mar aon leis an bprionsabal go gcuirfidh bainisteoirí oibríochtúla cearta an duine i bhfeidhm i gcomhréir leis an dlí, áirithíonn eagraíocht an Pháirtí réamhshocruithe agus cuireann tuairimí agus moltaí ar aghaidh a mhéid a bhaineann leis na hiarrthóirí don Bhord Stiúrthóirí nó do leibhéal an Stiúrthóra Bainistíochta, nó, tar éis taighde cuimsitheach a chur i gcrích, cuireann tuairimí agus moltaí ar fáil don Bhord Stiúrthóirí agus don Bhainisteoir Ginearálta maidir le hiarrthóirí atá ann cheana, [...], Taighde agus idirphlé a dhéanamh ar ábhair a bhaineann le hathchóiriú, forbairt agus cobhsaíocht na cuideachta agus le móroibríochtaí agus le bainistíocht [...]” (34).

(63)

I gcás CS Wind, freisin, suíodh san imscrúdú go raibh iarrachtaí ar bun chun an líon comhaltaí den pháirtí sa chuideachta a mhéadú: “Tá níos mó ná 150 fostaí ag CS Wind Power Equipment (Lianyungang) Co., Ltd., ar fiontar é ag a bhfuil cistiú eachtrach, agus ní bhíodh ach cúigear comhaltaí den pháirtí ann. De bharr ‘chomhtháthú an Pháirtí agus an ghnáthphobail’, tá níos mó ná 70 comhalta den Pháirtí sa chuideachta anois”. (35)

(64)

Tugann Fuchuan Yifan tuairisc ar ról Choiste an Pháirtí ar an mbealach seo a leanas: “Téann comhaltaí den Pháirtí agus baill foirne fíor-riachtanacha ranna éagsúla i ndlúthchomhar le chéile, déanann siad lánfhorbairt ar fheidhm na heiseamláire ceannródaíche, comhdhlúthaíonn siad láidreachtaí éifeachtacha gach ranna go gníomhach, spreagann siad an fhoireann chun tús cadhnaíochta agus barrfheabhais a bhaint amach, measann siad tionscadail cheannródaíocha mar phointí tosaigh, díríonn siad ar chomhtháthú, sáraíonn siad deacrachtaí, cuireann siad tallanna agus scileanna i láthair chun a áirithiú go mbeidh ról gníomhach acu sa chuideachta a mhéid a bhaineann le laghdú costais na cuideachta, gnóthachain éifeachtúlachta, méadú ioncaim agus tiomsú airgid etc. agus chun a áirithiú freisin go gcuirfear gach tionscadal i gcrích go cuí i dtéarmaí cáilíochta agus cainníochta” (36)

(65)

Thairis sin, rinneadh amach go raibh gníomhaíochtaí forbartha páirtí ar bun sna táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte Penglai Dajin agus Shanghai Taisheng Wind Power Equipment.

(66)

Ina theannta sin, shuigh an Coimisiún le linn an imscrúdaithe gurb ann do naisc phearsanta idir táirgeoirí túr gaoithe agus Páirtí Cumannach na Síne. Léirigh an t-imscrúdú gurb ann do chomhaltaí de chuid Pháirtí Cumannach na Síne i measc lucht bainistíochta sinsearaí i roinnt cuideachtaí a mhonaraíonn túir ghaoithe, lena n-áirítear Chengxi Shipyard (is comhaltaí de chuid Pháirtí Cumannach na Síne iad Cathaoirleach an Bhoird Stiúrthóirí agus an tArd-Stiúrthóir araon agus an tráth céanna tá acu feidhmeanna Rúnaí agus Leas-Rúnaí Choiste an Pháirtí, faoi seach), Suzhou Titan (is comhalta de chuid Pháirtí Cumannach na Síne é ar a laghad comhalta amháin den Bhord Stiúrthóirí), Fuchuan Yifan (is comhaltaí de chuid Pháirtí Cumannach na Síne iad Cathaoirleach an Bhoird Stiúrthóirí agus Leas-Chathaoirleach an Bhoird Stiúrthóirí araon agus an tráth céanna tá acu feidhmeanna Rúnaí agus Leas-Rúnaí Choiste an Pháirtí, faoi seach), agus Shanghai Taisheng Wind Power Equipment (is comhalta de chuid Pháirtí Cumannach na Síne é Cathaoirleach an Bhoird Maoirseachta).

(67)

Thairis sin, tá beartais i bhfeidhm san earnáil SSCR lena ndéantar idirdhealú i bhfabhar táirgeoirí intíre nó lena ndéantar tionchar ar an margadh ar shlí eile de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an tríú fleasc den bhun-Rialachán.

(68)

Measann Rialtas na Síne gur príomhthionscal é an tionscal cruach, arb í an phríomh-chomhpháirt i dtúir ghaoithe í (37). Deimhnítear é sin sna pleananna, treoracha agus doiciméid iomadúla eile ina ndírítear ar an gcruach, a eisítear ar leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus cathrach amhail Steel Industry Adjustment and Upgrading plan for 2016-2020. Luaitear sa Phlean sin gurb “earnáil bhunúsach thábhachtach de gheilleagar na Síne, cloch choirnéil náisiúnta” é an tionscal cruach (38). Cumhdaítear leis na príomhthascanna agus na cuspóirí a leagtar amach sa Phlean seo gach gné d’fhorbairt an tionscail (39).

(69)

Beartaítear sa 13ú Plean Cúig Bliana maidir leis an bhForbairt Eacnamaíoch agus Shóisialta (40) go dtabharfaí tacaíocht d’fhiontair a tháirgeann cineálacha táirge cruach ardleibhéil (41). Dírítear ann freisin ar cháilíocht, marthanacht agus iontaofacht táirge a bhaint amach trí thacú le cuideachtaí a mbíonn teicneolaíochtaí in úsáid acu a bhaineann le táirgeadh glan cruach, beacht-rollú, agus feabhas ar cháilíocht (42).

(70)

In Catalogue for Guiding Industry Restructuring [Catalóg um Athstruchtúrú Tionscail a Threorú] (Leagan 2011) (2013 Leasú) (43) (“an Chatalóg”), liostaítear cruach mar thionscal atá á spreagadh.

(71)

Déanann Rialtas na Síne treoraíocht bhreise ar fhorbairt na hearnála i gcomhréir le raon leathan uirlisí agus treoracha beartais a bhaineann, inter alia leo seo a leanas: comhdhéanamh agus athstruchtúrú an mhargaidh, amhábhair, infheistíocht, díothú acmhainneachta, raon táirgí, athshocrú, uasghrádú, etc. Ar an mbealach sin agus ar bhealaí eile, déanann Rialtas na Síne gach gné, nach mór, d’fhorbairt agus d’fheidhmiú na hearnála a stiúradh agus a rialú (44). D’fhéadfaí a áitiú gurb í fadhb reatha na ró-acmhainneachta an léiriú is soiléire ar impleachtaí bheartais Rialtas na Síne agus ar an saobhadh a eascraíonn astu.

(72)

Tacaítear le fuinneamh gaoithe ar leibhéal an chúige agus ar an leibhéal bardasach freisin, mar shampla tagraítear go sainráite d’fhorbairt an tionscail sin sa 13ú Plean Cúig Bliana ag Bardas Lianyungang um fhorbairt eacnamaíoch muirí. Beartaítear sa phlean “slabhra tionscail do threalamh cumhachta gaoithe a thógáil’. Spreagadh agus treoraíocht a thabhairt don chlaochlú agus don uasghrádú ar roinnt fiontar cumhachta gaoithe ceannasach amhail Guodian Power, Zhongfu Lianzhong, Tianshun Tower, agus CSWind Power, a dteicneolaíochtaí forbartha, dearaidh agus monaraíochta a uasghrádú de réir a chéile, agus tionscadail lann meigeavata a chur chun cinn (45).

(73)

Mar is léir on méid thuas, déanann Rialtas na Síne treoraíocht bhreise ar fhorbairt na hearnála i gcomhréir le raon leathan uirlisí agus treoracha beartais. Tríothu sin agus trí mhodhanna eile, déanann Rialtas na Síne gach gné, nach mór, d’fhorbairt agus d’fheidhmiú na hearnála a stiúradh agus a rialú.

(74)

Mar achoimre, tá bearta i bhfeidhm ag Rialtas na Síne chun oibreoirí a spreagadh chun cuspóirí beartais phoiblí a chomhlíonadh maidir le tacú le tionscail atá á spreagadh, lena n-áirítear cruach a tháirgeadh mar an príomh-amhábhar a úsáidtear i monarú na dtúr gaoithe. Cuireann bearta den sórt sin cosc ar fhórsaí an mhargaidh oibriú gan bhac.

(75)

Leis an imscrúdú reatha, níor nochtadh aon fhianaise ar chur i bhfeidhm idirdhealaitheach nó ar fhorfheidhmiú easnamhach na ndlíthe féimheachta agus maoine de réir Airteagal 2(6a)(b), an ceathrú fleasc, den bhun-Rialachán in earnáil na dtúr gaoithe, rud dá dtagraítear thuas in aithris (53), ar cur i bhfeidhm nó forfheidhmiú é nach ndéanfadh difear do mhonaróirí na dtúr gaoithe cruach.

(76)

Maidir le hearnáil na dtúr gaoithe, déanann saobhadh ar chostais phá de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an cúigiú fleasc, den bhun-Rialachán, difear di freisin, rud dá dtagraítear thuas in aithris (53) freisin. Déanann an saobhadh sin difear don earnáil go díreach (nuair a bhíonn an gúir ghaoithe chruach nó na príomh-ionchuir á dtáirgeadh) agus go hindíreach araon (le linn rochtain ar chaipiteal nó ar ionchuir ó chuideachtaí atá faoi réir an chórais saothair chéanna i nDaon-Phoblacht na Síne) (46).

(77)

Thairis sin, níor tíolacadh aon fhianaise san imscrúdú reatha lenar léiríodh nach bhfuil an earnáil SSCR faoi thionchar ag idirghabháil ón rialtas sa chóras airgeadais de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an séú fleasc den bhun-Rialachán, rud dá dtagraítear thuas in aithris (53) freisin. Dá bhrí sin, déantar difear tromchúiseach do dhálaí an mhargaidh ar gach leibhéal de dheasca idirghabháil shubstainteach an rialtais sa chóras airgeadais.

(78)

Ar deireadh, meabhraíonn an Coimisiún gur gá roinnt ionchur chun túir ghaoithe a tháirgeadh. De réir na fianaise sa chomhad, d’fhoinsigh na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte uile tromlach mór a n-ionchur i nDaon-Phoblacht na Síne. Thairis sin, tá Daon-Phoblacht na Síne ar cheann de phríomhtháirgeoirí cruach – an príomh-amhábhar i bpróiseas táirgeachta na dtúr gaoithe. Nuair a cheannaíonn táirgeoirí túr gaoithe na hionchuir sin nó nuair a dhéanann siad conarthaí lena n-aghaidh, is léir go mbíonn na praghsanna a íocann siad (agus a dhéantar a thaifeadadh mar a gcuid costas) neamhchosanta ar an saobhadh sistéamach céanna a luadh thuas. Mar shampla, fostaíonn soláthróirí na n-ionchur lucht saothair a bhíonn faoi réir an tsaofa. Féadfaidh siad airgead a fháil ar iasacht a bheidh faoi réir shaobhadh na hearnála airgeadais/leithdháileadh an chaipitil. Ina theannta sin, bíonn siad faoi réir an chórais pleanála is infheidhme maidir le gach leibhéal rialtais agus earnálacha.

(79)

Dá dheasca sin, ní hamháin nach iomchuí praghsanna díola intíre na dtúr gaoithe úsáid de réir bhrí Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, ach déantar difear freisin do na costais ionchuir uile (lena n-áirítear amhábhair, fuinneamh, talamh, maoiniú, lucht saothair, etc.) toisc go ndéanann idirghabháil shubstaintiúil ón rialtas difear dá bpraghasmhúnlú, mar a thuairiscítear i gCodanna A agus B den Tuarascáil. Go deimhin, tá idirghabhálacha an rialtais a thuairiscítear i ndáil le leithdháileadh an chaipitil, na talún, an lucht saothair, an fhuinnimh agus na n-amhábhar le fáil ar fud Dhaon-Phoblacht na Síne. Ciallaíonn sé sin, mar shampla, go mbíonn ionchur, a táirgeadh i nDaon-Phoblacht na Síne trí raon tosca táirgeachta a chur le chéile, neamhchosanta ar shaobhadh suntasach. Is amhlaidh an scéal maidir leis an ionchur don ionchur agus mar sin de. Níor thug Rialtas na Síne ná na táirgeoirí onnmhairiúcháin san imscrúdú reatha aon fhianaise ná argóint ina choinne sin.

(80)

Mar a tugadh le fios in aithris (21) agus aithris (47) faoi seach, níor chuir Rialtas na Síne barúlacha in iúl ná níor sholáthair sé fianaise lenar tacaíodh nó lenar bréagnaíodh an fhianaise atá sa cháschomhad, lena n-áirítear an Tuarascáil agus an fhianaise bhreise a sholáthair an t-iarratasóir maidir le saobhadh suntasach a bheith ann agus/nó maidir lena iomchuí atá cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán sa chás atá i gceist. Maidir le barúlacha Rialtas na Síne tar éis an nochta deiridh, féach aithrisí (116) go (123) thíos.

(81)

Chuir CCCME barúlacha maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán isteach ar thionscnamh an imscrúdaithe. Ina dhiaidh sin, chuir CCCME, Suzhou Titan, agus Chengxi Shipyard barúlacha isteach mar fhreagra ar an gCéad Nóta agus mar fhreagra ar an Dara Nóta.

(82)

Ina bharúlacha ar thionscnamh an imscrúdaithe, thíolaic CCCME na barúlacha seo a leanas ar dtús i ndáil le cinneadh an ghnáthluacha sa ghearán:

(a)

Sholáthair an gearánach faisnéis neamhréireach maidir leis an sciar de phlátaí cruach i gcostas táirgthe SWT. I roinnt áiteanna sa ghearán, mhaígh sé gur le plátaí cruach a bhain níos mó ná 40 % den chostas táirgthe ach i ríomh an ghnáthluacha féin, shroich an gearánach thart ar 60 % den chostas táirgthe;

(b)

D’úsáid an gearánach costas neamhshaofa plátaí cruach 869 EUR/tona i ríomh an ghnáthluacha cé nárbh é a chostas féin as an amhábhar sin ach 625 EUR/tona ar an meán;

(c)

Níorbh indéanta i margadh iomaíoch é an 14 % de chorrlach brabúis a úsáideadh i ríomh an ghnáthluacha agus ba cheart brabús réasúnta 6 % a úsáid ina ionad sin;

(d)

Ba cheart costas aonaid amhábhar eile a cheartú freisin ós rud é go raibh siad suas le trí huaire níos airde ná costais an ghearánaigh i roinnt cásanna. Níor sholáthair CCCME aon fhaisnéis mhionsonraithe ina thaobh sin ná níor shainaithin sé cé acu amhábhair dá ndearnadh difear.

(83)

Ina theannta sin, d’áitigh CCCME, i bhfianaise na n-easnamh i ríomh an ghnáthluacha a liostaítear in aithris (82), gur cheart modheolaíocht mhalartach a úsáid chun an gnáthluach a ríomh. D’áitigh CCCME gur cheart spriocphraghas thionscal an Aontais a úsáid mar bhonn. Ba cheart an costas saothair sa Tuirc, arb í an tír ionadaíoch a mhol an gearánach í, a bhí breis agus deich n-uaire níos lú ná costas saothair thionscal an Aontais, a chur in ionad an chostais saothair a úsáideadh chun an spriocphraghas a shuí. Ba cheart spriocbhrabús 10 %, mar a d’úsáid an gearánach chun an spriocphraghas a chinneadh, a chur leis chun teacht ar an ngnáthluach malartach. Thug CCCME ar aird gurb é a bheadh ann de thoradh an ghnáthluacha sin corrlach dumpála i bhfad níos lú ná meánchorrlach 55 %, a ríomh an gearánach gan ríomh iarbhír a sholáthar.

(84)

Thug CCCME na barúlacha agus rinne siad na maímh a dtugtar tuairisc orthu in aithris (82) agus aithris (83) an athuair san éisteacht agus san aighneacht tar éis na céime sealadaí freisin.

(85)

I ndáil leis na heasnaimh líomhnaithe a liostaítear in aithris (82), mheas an Coimisiún nach mór gur bhain CCCME míthuiscint as na sonraí a áiríodh sa ghearán agus as an modheolaíocht a úsáideadh chun an gnáthluach a chinneadh faoi Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán:

(a)

Nuair a luaigh an gearánach gurbh ionann plátaí cruach agus níos mó ná 40 % de chostas táirgthe SWT, thagair sé do chostas SWT arna chóimeáil agus gach cuid inmheánach ann. B’ionann na codanna sin, de réir an ghearánaigh, agus 17 % de chostas táirgthe SWT (47). Rinne an gearánach ríomh an chorrlaigh dumpála a bhunú ar thúir bhána, áfach, i.e. túir gan na codanna inmheánacha gan an costas saothair cóimeála a áireamh mar sin. Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún go bhféadfaí míniú réasúnach a thabhairt ar an sciar níos airde de phlátaí cruach sa chostas táirgthe i ríomh an ghnáthluacha.

(b)

Níl an costas amhábhar arna thabhú ag tionscal an Aontais cinntitheach mar sin chun an gnáthluach a ríomh. Comhsheasmhach le cleachtas an Choimisiúin, is é an costas arna thabhú ag an táirgeoir onnmhairiúcháin nó, i gcás ina ríomhtar an gnáthluach faoi Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán, an costas sa tír ionadaíoch é an costas atá tábhachtach. Mheas an Coimisiún gur sholáthair an gearánach fianaise leordhóthanach (i.e. gabhálacha scáileáin de staitisticí oifigiúla allmhairiúcháin de chuid na Tuirce (48)) chun tacú leis an bpraghas aonaid ar phlátaí cruach a úsáideadh chun an gnáthluach a ríomh.

(c)

Bhunaigh an gearánach an leibhéal brabúis a úsáideadh i ríomh an ghnáthluacha ar an bhfaisnéis airgeadais ó thriúr táirgeoirí SWT sa Tuirc (49). Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún gur tugadh bunús leordhóthanach leis an mbrabús a d’úsáid an gearánach.

(d)

Mhol CCCME gur cheart na tagarmharcanna, a bhí cuid mhaith níos airde ná costas thairgeoirí an Aontais, a cheartú. Mar a mhínítear faoi phointe (b) den aithris seo, braitheann an mhodheolaíocht faoi Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán ar shuíomh praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa, agus ní gá go mbeadh na costais dá dtoradh mar a chéile le costais tháirgeoirí an Aontais.

(86)

I ndáil leis an modheolaíocht mhalartach a mhol CCCME mar a thuairiscítear in aithris (83) uirthi, thug an Coimisiún dá aire go mbeadh ríomh den sórt sin i leith an ghnáthluacha ar neamhréir le forálacha Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. Thairis sin, ba chosúil go raibh cur chuige CCCME ar neamhréir. I gcás ina raibh an costas ar ábhair áirithe sa Tuirc níos mó ná an costas arna thabhú ag tionscal an Aontais, mhol CCCME go n-úsáidfí costas níos ísle thionscal an Aontais mar thagarmharc. Ach, i gcás ina raibh an costas sa Tuirc níos ísle, go háirithe an costas saothair, mhol CCCME go n-úsáidfí an costas Tuirceach mar thagarmharc. Thairis sin, mar a mhínítear in aithris (85), bhraith an gearánach ar chostais i dtír ionadaíoch chun an gnáthluach a ríomh, mar ba cheart.

(87)

Bunaithe ar na cúiseanna a luaitear go mion in aithris (85) agus aithris (86), dhiúltaigh an Coimisiún do mhaímh CCCME dá dtagraítear in aithris (82), aithris (83) agus aithris (84).

(88)

Mar a mhínítear a thuilleadh thíos, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid san imscrúdú reatha gur ar bhonn na fianaise atá ar fáil agus i bhfianaise na heaspa comhoibre a fuarthas ó Rialtas na Síne, b’iomchuí Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm.

(89)

San aighneacht a rinne CCCME ar thionscnamh an imscrúdaithe, d’áitigh siad thairis sin gur bhraith an gearán go mór ar an Tuarascáil a scríobhadh, de réir CCCME, chun taisceadh gearán a éascú le haghaidh an tionscail Eorpaigh. Ciallaíonn an cuspóir sin nárbh fhéidir an tuarascáil a scríobh ar bhealach oibiachtúil. Chuir CCCME leis sin freisin, de dheasca chuspóir na Tuarascála, nár chomhlíon an Tuarascáil na caighdeáin maidir le fianaise neamhchlaonta oibiachtúil ná fianaise a bhfuil luach profach leordhóthanach léi. Mhaígh CCCME thairis sin go bhfágtar imthosca, gnéithe agus conclúidí fíorasacha amach as an Tuarascáil d’aon ghnó agus nach tuarascáil oibiachtúil í.

(90)

Thairis sin, mhaígh CCCME gur foilsíodh an Tuarascáil in 2017, lena n-áirítear ábhar agus tagairtí ó 2016 agus ó na blianta roimhe sin. Tionscnaíodh an t-imscrúdú atá ann faoi láthair an 21 Deireadh Fómhair 2020, áfach, agus cumhdaíodh an tréimhse ó mhí Iúil 2019 go mí an Mheithimh 2020 le tréimhse an imscrúdaithe ar thaobh na dumpála. Dá bhrí sin, de réir CCCME, ní léiríonn an Tuarascáil an saobhadh féideartha le linn thréimhse an imscrúdaithe. Mhaígh CCCME, go háirithe, gur cumhdaíodh leis an gcaibidil den Tuarascáil maidir le Cruach an tréimhse suas le 2017 agus nár léiríodh leis an ngearán go mbeadh an saobhadh sin fós ann sna blianta dá éis sin, lena n-áirítear tréimhse an imscrúdaithe.

(91)

Thug an Coimisiún dá aire gur doiciméad cuimsitheach é an Tuarascáil atá bunaithe ar fhianaise fhorleathan oibiachtúil, lena n-áirítear reachtaíocht, rialacháin agus doiciméid bheartais oifigiúla eile arna bhfoilsiú ag Rialtas na Síne, tuarascálacha tríú páirtí ó eagraíochtaí idirnáisiúnta, staidéir acadúla agus ailt le scoláirí, agus foinsí iontaofa neamhspleácha eile. Ó cuireadh ar fáil go poiblí i mí na Nollag 2017 í, bhí neart deiseanna ag aon pháirtí leasmhar í a fhrisnéis, a fhorlíonadh nó barúil a thabhairt ar an Tuarascáil agus ar an bhfianaise ar a bhfuil sí bunaithe. Níor sholáthair aon pháirtí aon fhaisnéis go dtí seo lena gcruthaítear gur mhícheart na foinsí a úsáideadh sa Tuarascáil.

(92)

I ndáil le tréimhse an imscrúdaithe, ba léir don Choimisiún go raibh an Tuarascáil bunaithe ar an mórgóir ar na 13ú Pleananna Cúig Bliana de chuid na Síne arbh infheidhme ó 2016 go 2020 iad, agus dá bhrí sin go gcumhdaítear tréimhse an imscrúdaithe leis an Tuarascáil cé gur foilsiodh in 2017 í.

(93)

Ina theannta sin, thug CCCME an bharúil go dtéann coincheap an tsaofa shuntasaigh in aghaidh dhlí na hEagraíochta Domhanda Trádála (“EDT”) toisc nach ann don choincheap sin faoi Airteagal 2.2 de Chomhaontú Frithdhumpála EDT (“ADA”). Le hAirteagal 2.2 ADA teorannaítear na dálaí inar féidir gnáthluach a ríomh le “gan aon díolachán i ngnáthchúrsa trádála i margadh intíre na tíre is onnmhaireoir”, nó “i ngeall ar staid an mhargaidh ar leith sin nó ar mhéid íseal na ndíolachán i margadh intíre na tíre is onnmhaireoir”. Ní liostaítear saobhadh suntasach in Airteagal 2.2 ADA. Thairis sin, mhaígh CCCME nach gceadaítear le hAirteagal 2.2 ADA an ghnáthluacha a ríomh bunaithe ar thír ionadaíoch nó ar thagarmharcanna idirnáisiúnta, mar a bheartaítear le hAirteagal 2(6a) den bhun-Rialachán, toisc nach gceadaítear ach “an costas táirgthe sa tír thionscnaimh plus méid réasúnta le haghaidh costais díola, riaracháin agus ghinearálta agus le haghaidh brabúis” agus gnáthluach á ríomh.

(94)

Mheas an Coimisiún go bhfuil forálacha Airteagal 2(6a) comhsheasmhach go hiomlán le hoibleagáidí EDT an Aontais. Mar a shoiléirigh Comhlacht Achomhairc na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT) go sainráite in DS473 an tAontas Eorpach — Bearta Frithdhumpála ar Bhithdhíosal ón Airgintín, ceadaítear le dlí na hEagraíochta Domhanda Trádála sonraí ó thríú tír a úsáid, agus iad coigeartaithe go cuí nuair is gá an coigeartú sin agus nuair a bhíonn bunús leis an gcoigeartú sin. Más ann do shaobhadh suntasach, ní iomchuí úsáid a bhaint as costais agus praghsanna sa tír is onnmhaireoir chun an gnáthluach a ríomh. Sna himthosca sin, beartaítear leis an bhforáil sin go ndéantar na costais táirgthe agus díola a ríomh ar bhonn praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa, lena n-áirítear na praghsanna nó na tagarmharcanna i dtír ionadaíoch iomchuí ina bhfuil leibhéal forbartha mar an gcéanna leis an tír is onnmhaireoir. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin.

(95)

Chuir CCCME leis sin á mhaíomh gur chosúil gur sháraigh Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán Airteagal 2.2.1.1 ADA toisc, de réir Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán, go bhfuil an Coimisiún i dteideal neamhshuim a dhéanamh den chostas táirgthe agus díola sa tír is onnmhaireoir agus úsáid a bhaint go díreach as sonraí den sórt sin i dtríú tír. Tá sé sin contrártha d’fhorálacha Airteagal 2.2.1.1. ADA ina sonraítear: “déanfar costais a ríomh de ghnáth ar bhonn na dtaifead arna gcoinneáil ag an onnmhaireoir nó ag an táirgeoir atá faoi imscrúdú, ar choinníoll go mbeidh taifid den sórt sin i gcomhréir leis na prionsabail chuntasaíochta a bhfuil glactha leo go ginearálta sa tír is onnmhaireoir agus go dtugann siad léiriú réasúnach ar na costais atá bainteacht le táirgeadh agus le díol an táirge atá i gceist”. Chun tacú lena mhaíomh, thagair CCCME do dhlí-eolaíocht EDT, go háirithe do DS473, An tAontas Eorpach – Bearta Frithdhumpála maidir le Bithdhíosal ón Airgintín (“DS473”), lenar suíodh nach mór d’údaráis imscrúdaithe úsáid a bhaint as na costais táirgthe arna dtabhú go hiarbhír ag táirgeoirí nó ag onnmhaireoirí chun na gnáthluachanna ríofa a ríomh, agus do Thuarascáil an Phainéil in DS494, An tAontas Eorpach – Modheolaíochtaí Coigeartaithe Costas II (An Rúis) (“DS494”).

(96)

Mheabhraigh an Coimisiún nár bhain ceachtar de na cásannna EDT a luadh le hAirteagal 2(6a) den bhun-Rialachán ná leis na coinníollacha maidir lena chur i bhfeidhm. Thairis sin, ní hionann na bunstaideanna fíorasacha sna cásanna sin agus an bunstaid agus na critéir is cúis le cur i bhfeidhm na modheolaíochta faoin bhforáil seo den bhun-Rialachán. Maidir le díospóid EDT, An tAontas Eorpach – Modheolaíochtaí Coigeartaithe Costas II, mheabhraigh an Coimisiún go ndearna an tAontas Eorpach agus an Rúis araon achomharc i gcoinne thorthaí an Phainéil, nach críochnaitheach na torthaí sin dá bhrí sin agus, i gcomhréir le cásdlí EDT, nach bhfuil stádas dlíthiúil acu ó tharla nár formhuinigh Comhaltaí EDT iad. In aon chás, measadh go sonrach i dTuarascáil an Phainéil go raibh na forálacha in Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán lasmuigh de raon feidhme na díospóide. Chinn an Painéal go bhfuil gné dhifriúil ag na forálacha sin agus nach ionann na himpleachtaí dlíthiúla atá leo agus na cinn atá leis na forálacha faoi Airteagal 2(5) den bhun-Rialachán, forálacha arbh ábhar na díospóide sin iad, agus ní dhearnadh na forálacha faoi Airteagal 2(5) a ionadú le forálacha Airteagal 2(6a) nuair a tugadh isteach iad. (50) Dá bhrí sin, níl aon tabhacht ag baint leis na torthaí sin maidir le measúnú a dhéanamh ar a chomhoiriúnaí atá Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán le rialacha ábhartha EDT. Mar gheall ar na cúiseanna seo, diúltaíodh don mhaíomh sin.

(97)

Rinne CCCME na maímh thuas an athuair ina bharúlacha maidir leis an gCéad Nóta. Rinne Suzhou Titan na barúlacha uile thuas a thug CCCME a fhormhuiniú freisin ina bharúlacha maidir leis an gCéad Nóta.

(98)

Thairis sin, mhaígh CCCME ina bharúlacha maidir leis an gCéad Nóta go bhfuil an tionscal túr gaoithe dírithe ar an margadh, toisc go bhfuil tromlach na dtáirgeoirí faoi úinéireacht phríobháideach, go n-allmhairítear roinnt amhábhar ón gcoigríoch agus go ndéantar caibidlíocht ar phraghsanna ceannaigh na bhfeisteas inmheánach (51) go díreach le táirgeoirí Eorpacha is déantúsóirí buntrealaimh tuirbíní gaoithe.

(99)

Thug an Coimisiún dá aire gur ón uair a chinntear nach iomchuí praghsanna agus costais intíre sa tír is onnmhaireoir a úsáid de bharr saobhadh suntasach a bheith sa tír is onnmhaireoir i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán, go ríomhtar an gnáthluach faoi threoir praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa i dtír ionadaíoch iomchuí le haghaidh gach táirgeora onnmhairiúcháin i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán. Ceadaítear freisin leis an bhforáil chéanna den bhun-Rialachán úsáid a bhaint as costais intíre, más rud é go suitear go dearfach nach bhfuil siad saofa. Dá bhrí sin, bhí deis ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin fianaise a sholáthar go raibh a gcostais aonair riaracháin/oibríochtúla agus/nó costais eile ionchuir neamhshaofa go hiarbhír. Mar a leagtar amach in aithrisí (52) go (79) thuas, áfach, tá sé suite ag an gCoimisiún gurb ann do shaobhadh sa tionscal túr gaoithe agus ní raibh aon fhianaise ann a léirigh nach ndearnadh saobhadh ar thosca táirgeachta de chuid táirgeoirí onnmhairiúcháin ar leith. Dá bhrí sin, diúltaíodh do na maímh sin.

(100)

Ina theannta sin, mhaígh CCCME ina bharúlacha maidir leis an Dara Nóta go gceanglaítear le hAirteagal 2(6a) den bhun-Rialachán ar an gCoimisiún scrúdú aonair a dhéanamh ar shaobhadh gach táirgeora onnmhairiúcháin. De réir CCCME, tá oibleagáid ar an gCoimisiún anailís de réir an cháis a dhéanamh agus a fháil amach (a) cibé acu a bhaineann nó nach mbaineann an saobhadh suntasach líomhnaithe le gach onnmhaireoir sampláilte; (b) cibé acu ar “saobhadh” nó nár “saobhadh” gach ionchur agus gach toisc tháirgeachta arna dtuairisciú ag an onnmhaireoir sonrach sin agus ar cheart dá bhrí sin sonraí ó fhoinse eile a chur ina ionad nó ina hionad; agus (c) a mhíniú cén fáth a mheasann an Coimisiún go bhfuil sonraí ó fhoinse eile “neamhshaofa”, maidir le gach ionchur nó gach toisc tháirgeachta.

(101)

Rinne Suzhou Titan na maímh thuas an athuair ina bharúlacha maidir leis an Dara Nóta.

(102)

Mar a mhínítear in aithris (99) thuas, má shuitear go bhfuil saobhadh suntasach ann, beidh feidhm ag forálacha Airteagal 2(6a) a priori ansin, maidir leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin uile i nDaon-Phoblacht na Síne agus bainfidh siad leis na costais uile a bhaineann lena dtosca táirgeachta. An tráth céanna, foráiltear leis an bhforáil sin go bhféadfar costais intíre a úsáid más rud é go suitear go dearfach nach ndéanann saobhadh suntasach difear dóibh

(103)

I ndáil leis an argóint gur cheart don Choimisiún a chruthú go bhfuil na costais ón tír ionadaíoch neamhshaofa, ní úsáideann an Coimisiún ach costais nach bhfuil faoi réir saobhadh i dtír ionadaíoch iomchuí i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán. D’fhoilsigh an Coimisiún dhá nóta a ghabhann leis an gcomhad maidir leis na tosca táirgeachta, rud lenar tugadh deis an-mhaith do na páirtithe lena gcuid barúlacha a thabhairt, lena n-áirítear aon mhínormáltacht, a d’fhéadfadh a bheith ann, a chur i dtábhacht nó aon saincheist eile a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do na tosca táirgeachta sa tír ionadaíoch nó sna tíortha ionadaíocha. Sa chomhthéacs sin, níor cheistigh páirtithe leasmhara leibhéal na dtosca difriúla táirgeachta sa tír ionadaíoch iomchuí a leagtar amach sa Chéad Nóta agus sa Dara Nóta. Dá bhrí sin, diúltaíodh do na maímh sin.

(104)

I ndiaidh an Chéad Nóta, thíolaic Chengxi Shipyard tacar barúlacha freisin a bhain leis an saobhadh suntasach. Ar an gcéad dul síos, mhaígh Chengxi Shipyard go bhfuil Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán neamhoiriúnach le dlí EDT agus le rialuithe roimhe seo ó Chomhlacht EDT um Réiteach Díospóidí. Mhaígh Chengxi Shipyard gur ceadaíodh go heisceachtúil le Roinn 15 den Phrótacal maidir le hAontachas na Síne le EDT go bhféadfadh comhaltaí EDT is allmhaireoirí modheolaíocht a úsáid nach bhfuil bunaithe ar chomparáid bheacht le praghsanna nó le costais intíre an tionscail faoi imscrúdú sa tSín, ach go ndeachaigh an maolú sin in éag 15 bliana tar éis an dáta aontachais, is é sin an 11 Nollaig 2016. Ón dáta sin amach, tá sé d’oibleagáid ar an gCoimisiún an mhodheolaíocht chaighdeánach a úsáid chun gnáthluach tháirgeoirí na tíre is onnmhaireoir a shuí, is é sin gan ach praghsanna agus costais intíre na tíre is onnmhaireoir a úsáid, mura gceadaítear a mhalairt le forálacha eile de chuid chomhaontuithe EDT, lena n-áirítear ADA.

(105)

D’áitigh Chengxi Shipyard thairis sin nach ann d’aon fhoráil i ndlí EDT lena gceadófaí gan an mhodheolaíocht chaighdeánach a úsáid i gcás na Síne. Luaigh Chengxi Shipyard freisin nach bhfuil coinníollacha Airteagal 2 ADA, go háirithe Airteagal 2.2.1 ADA, comhoiriúnach le coinníollacha Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. Shoiléirigh Chengxi Shipyard nach gceadaítear leis an modheolaíocht, a fhorordaítear le hAirteagal 2 ADA, faisnéis a úsáid seachas an fhaisnéis sa tír is onnmhaireoir chun an gnáthluach a shuí. Más gá in imthosca eisceachtúla an gnáthluach a ríomh, ní mór na sonraí a bhaineann leis an gcostas táirgthe agus le costais SGA agus le brabúis a fháil ó na foinsí sa tír is onnmhaireoir. Chun tacú leis an méid thuas a maíodh, luaigh Chengxi Shipyard an rialú maidir le díospóid EDT, An tAontas Eorpach – Bithdhíosal (An Airgintín), lenar ceanglaíodh ar an gCoimisiún na costais a tuairiscíodh i dtaifid an táirgeora/onnmhaireora a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 2.2.1.1 ADA.

(106)

Pléadh an maíomh sin cheana in aithrisí (94) go (96) thuas. I ndáil leis an argóint a bhaineann le Prótacal Aontachas na Síne, meabhraíonn an Coimisiún, maidir le himeachtaí frithdhumpála a bhaineann le táirgí ón tSín, go bhfuil feidhm fós, agus an gnáthluach á chinneadh, ag na codanna de Roinn 15 de Phrótacal Aontachas na Síne le EDT nach bhfuil imithe in éag, i leith chaighdeán an gheilleagair margaidh mar aon le húsáid modheolaíochta nach bhfuil bunaithe ar chomparáid dhocht le costais nó le praghsanna sa tSín. Dá bhrí sin, diúltaíodh do na hargóintí sin.

(107)

Ina theannta sin, mhaígh Chengxi Shipyard nach bhfuil dea-fhianaise ann ar an saobhadh líomhnaithe agus, fiú dá mb’ann dó, nach ndéanann sé difear do gach gné de chostais Chengxi Shipyard. Dá réir sin, ní gá iomlán na gcostas a choigeartú nó a shuí ar bhonn difriúil. Mhaígh Chengxi Shipyard gurbh í an Tuarascáil an phríomhfhianaise tacaíochta sa ghearán, ach de bhrí nach bhfuil aon chaibidil shonrach inti lena ndírítear ar na túir ghaoithe amháin, nach féidir a mheas go huathoibríoch go bhfuil feidhm ag torthaí na Tuarascála maidir leis an tionscal túr gaoithe.

(108)

I ndáil leis an argóint nach n-áirítear sa Tuarascáil caibidil shonrach maidir le túir ghaoithe, thug an Coimisiún dá aire nach bhfuil aon nasc idir saobhadh suntasach a bheith ann, rud is cúis le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán agus caibidil shonrach earnála a bheith ann lena gcumhdaítear an táirge atá faoi imscrúdú. Sa Tuarascáil tugtar tuairisc ar chineálacha difriúla saofa arb ann dóibh i nDaon-Phoblacht na Síne, agus atá cothrománach, a dhéanann difear do gheilleagar na Síne trí chéile agus dá bhrí sin do phraghsanna agus/nó d’amhábhair agus do chostais táirgthe an táirge faoi imscrúdú freisin. Mar a mhínítear in aithrisí (58) go (79) thuas, tá an tionscal túr gaoithe faoi réir roinnt idirghabhálacha ón rialtas a dtugtar tuairisc orthu sa Tuarascáil (cumhdach sna Pleananna Cúig Bliana agus i ndoiciméid eile, saobhadh ar amhábhar, saobhadh airgeadais etc.), a liostaítear agus a ndéantar tagairt dóibh go sainráite sa Rialachán seo. Thairis sin, ní hí an Tuarascáil an t-aon fhoinse fianaise a úsáideann an Coimisiún chun cinneadh a dhéanamh, ó tharla gurb ann do ghnéithe imscrúdaithe breise a úsáidtear chun na críche sin. Tá mionsonraí in aithrisí (58) go (74) thuas freisin ar roinnt cineálacha saofa arb ann dóibh sa tionscal túr gaoithe agus/nó lena ndéantar difear do na hamhábhair agus do na hionchuir thar an saobhadh suntasach ar ar tugadh tuairisc cheana sa Tuarascáil. Tá feidhm ag na himthosca margaidh agus na beartais agus na pleananna forluiteacha as a n-éiríonn an saobhadh suntasach fós maidir leis an earnáil túr gaoithe agus lena costais táirgthe. Níor chuir aon pháirtí aon fhianaise dá mhalairt isteach. Dá bhrí sin, diúltaíodh don argóint sin.

(109)

Thairis sin, thug Chengxi Shipyard an bharúil nach raibh na sé chritéir is gá chun a chruthú gurb ann do shaobhadh suntasach i láthair sa ghearán, nó ní raibh feidhm acu maidir le Chengxi Shipyard. I measc na gcritéar ó Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán, níor luadh agus níor tugadh bunús fianaise sa ghearán leis na critéir faoin gcéad fhleasc, faoin gceathrú fleasc, faoin gcúigiú fleasc ná faoin séú fleasc. I ndáil leis an dara fleasc, rinne Chengxi Shipyard anailís ar tháirgeoirí túr gaoithe (OEM) de chuid na Síne, ina cheann agus ina cheann, mar a bhí siad liostaithe ag an ngearánach (féach aithris (54)) agus tháinig ar an gconclúid nach dtugtar bunús ceart leis an bhfaisnéis nó go bhfuil an fhaisnéis as dáta. Luaigh Chengxi Shipyard freisin nach raibh aon bhealach ann, fiú dá mbeadh an fhaisnéis sin uile ceart, chun an cion beacht de na táirgeoirí túr gaoithe atá faoi úinéireacht stáit, seachas na cinn atá ina gcuideachtaí faoi úinéireacht phríobháideach, a shuí. Thug sé chun suntais go bhfuil na táirgeoirí túr gaoithe is mó, lena n-áirítear Titan Wind, Shanghai Taisheng, Dajin Heavy Industry, Tianneng Heavy Industries agus CS Wind, uile faoi úinéireacht phríobháideach.

(110)

Thug Chengxi Shipyard barúil maidir leis an eilimint a liostaítear faoi Airteagal 2(6a)(b), an tríú fleasc, gur léiríodh in imscrúdú na Stát Aontaithe ar thúir ghaoithe ar scála fóntais de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne inter alia fóirdheonú dhá chuideachta shonracha nach féidir a eachtarshuíomh chuig na táirgeoirí eile túr gaoithe. Fiú más rud é go suífidh an Coimisiún gurb ann do shaobhadh suntasach ar ghnéithe áirithe de chostais Chengxi Shipyard, ba cheart na gnéithe eile de chostais, nár cruthaíodh go raibh saobhadh suntasach orthu, a úsáid mar sin féin chun an gnáthluach a ríomh. De réir Chengxi Shipyard, ós rud é nár tugadh bunús ceart sa ghearán leis na sé eilimint thuas, níl aon fhianaise ann go bhfuil margadh na dtúr gaoithe cruach féin saofa.

(111)

Ar deireadh, shonraigh Chengxi Shipyard ina bharúil gur fiú más rud é go gcinnfidh an Coimisiún gurb ann do shaobhadh suntasach ar ghnéithe áirithe de chostais Chengxi Shipyard, gur cheart na gnéithe eile de na costais, nár cruthaíodh go raibh saobhadh suntasach orthu, a úsáid mar sin féin chun an gnáthluach a ríomh.

(112)

Mar fhreagra ar an méid a maíodh maidir le fianaise leordhóthanach ag céim an tionscnaimh, meabhraíonn an Coimisiún go ndearnadh tagairt i roinn 3 den Fhógra Tionscnaimh do roinnt eilimintí i margadh túr gaoithe na Síne chun bunús a thabhairt leis an maíomh go raibh an margadh faoi thionchar ag an saobhadh a bhí ann ar fud shlabhra luacha na dtúr gaoithe i nDaon-Phoblacht na Síne. Mheas an Coimisiún gur leor an fhianaise a liostaíodh san Fhógra Tionscnaimh chun go mbeadh údar le himscrúdú a thionscnamh ar bhonn Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. An cinneadh an ann do shaobhadh suntasach iarbhíragus i dtaobh an úsáid a bhaintear ina dhiaidh sin as an modheolaíochta fhorordaítear le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, is rud é sin nach dtarlíonn go dtí tráth an nochta sealadaigh agus/nó an nochta deiridh. Sa chás sin, cé gur suíodh gur as dáta a bhí cuid áirithe den fhaisnéis a sholáthair an gearánach maidir leis an saobhadh, mheas an Coimisiún gur leordhóthanach an fhianaise a chuir an gearánach isteach ar an saobhadh suntasach chun an t-imscrúdú a thionscnamh ar an mbonn sin. Sonraíodh sé sin go soiléir san Fhógra Tionscnaimh i roinn 3 i gcomhréir leis an oibleagáid a shonraítear in Airteagal 2(6a)(e) den bhun-Rialachán. Diúltaíodh do mhaíomh Chengxi Shipyard dá bhrí sin.

(113)

Ar deireadh, mheabhraigh Chengxi Shipyard go sonraítear le hAirteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán: “Is éard atá i saobhadh suntasach an saobhadh sin a tharlaíonn nuair nach torthaí fhórsaí an mhargaidh shaoir iad na praghsanna nó na costais a tuairiscíodh, lena n-áirítear costais amhábhar agus fuinnimh, toisc go bhfuil tionchar ag idirghabháil shubstainteach rialtais orthu” (béim curtha leis). D’áitigh Chengxi Shipyard nach bhfuil an idirghabháil ón rialtas sa tionscal túr gaoithe sa tSín substaintiúil, mar is é is cuspóir leis acmhainneacht fuinnimh inathnuaite a fhorbairt i nDaon-Phoblacht na Síne agus sa chuid eile den domhan araon. Molann Chengxi Shipyard sainmhíniú ar “substaintiúil” ina ndéantar tagairt d’idirghabháil ón rialtas atá ina hidirghabháil threallach. Nuair is é aidhm na hidirghabhála teip mhargaidh a cheartú, áfach, níor cheart í a mheas mar idirghabháil “shubstaintiúil”. De réir Chengxi Shipyard, is seachtracht dhiúltach é an truailliú arna ghiniúint ag fuinneamh neamh-inathnuaite agus níl aon bhealach ag tríú páirtithe chun an truailliú sin a stopadh nó a laghdú tríd an margadh toisc nach ann do “mhargadh le haghaidh truailliú” ina bhféadfadh na tríú páirtithe sin an mhonarcha a íoc chun laghdú a dhéanamh ar a cuid truaillithe. Is sa staid sin nach mór don stát idirghabháil a dhéanamh chun teip an mhargaidh a cheartú trí cháin a ghearradh ar thruailliú nó trí fhuinneamh inathnuaite a fhóirdheonú chun a chostas a laghdú agus chun a áirithiú go nglacfaidh gnólachtaí fuinneamh glan inathnuaite. Dá bhrí sin, de réir Chengxi Shipyard, ní idirghabháil shubstaintiúil é an fóirdheonú ar tháirgeadh foinsí fuinnimh inathnuaite toisc go bhfónann sé don mhaith mhór trí theorainn a chur leis an truailliú go domhanda. Ní saobhadh suntasach dá bhrí sin é i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)c den bhun-Rialachán.

(114)

A mhéid a bhaineann le barúil Chengxi Shipyard maidir leis an gcoincheap “idirghabháil shubstaintiúil ón rialtas”, chun a shuí an bhfuil saobhadh suntasach ann nó nach bhfuil, thug an Coimisiún dá aire nach mbaineann sé le hábhar cibé acu is é sprioc na bhfóirdheontas rannchuidiú le toradh dearfach sóisialta, comhshaoil nó eacnamaíoch nó nach ea, mar ba threallach an ní é sin. Ina ionad sin, déantar tábhacht na bhfóirdheontas a thomhas mar fhóirdheontais atá substaintiúil, i.e. luach mór a bheith orthu. Ba cheart an focal “substaintiúil” a léirmhíniú sa chomhthéacs sin i gcomhréir leis an sainmhíniú caighdeánach, a chiallaíonn “mór ó thaobh méide, luacha, nó tábhachta de”. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

(115)

Ar an nochtadh deiridh, thug roinnt páirtithe leasmhara barúlacha maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán.

(116)

D’áitigh Rialtas na Síne, ar an gcéad dul síos, go bhfuil an Tuarascáil lochtach agus nach bhfuil bunús fíorasach ná bunús dlí leis na cinntí atá bunaithe uirthi. Ar dhóigh níos sonraí, mhaígh Rialtas na Síne go bhfuil sé in amhras gur féidir leis an Tuarascáil a bheith ina léiriú ar sheasamh oifigiúil an Choimisiúin. Ó thaobh na bhfíoras de, de réir Rialtas na Síne, tá mífhaisnéis sa Tuarascáil agus tá sí leataobhach agus scoite amach ón bhfírinne. Thairis sin, tá an fíoras gur eisigh an Coimisiún tuarascálacha tíre le haghaidh roinnt tíortha roghnaithe áirithe ina ábhar imní maidir le cóir an Náisiúin Barrfhabhair (“MFN”). Thairis sin, dar le Rialtas na Síne, níl sé i gcomhréir le spiorad an dlí chothroim chóir é go mbraithfeadh an Coimisiún ar an bhfianaise sa Tuarascáil, toisc gurb ionann é sin go héifeachtach agus breithiúnas a thabhairt ar an gcás roimh an triail.

(117)

Ar an dara dul síos, d’áitigh Rialtas na Síne go bhfuil ríomh an ghnáthluacha i gcomhréir le hAirteagal 2(6a) den bhun-Rialachán ar neamhréir le ADA, go háirithe le hAirteagal 2.2. ADA lena soláthraítear liosta uileghabhálach de chásanna inar féidir an gnáthluach a ríomh, ach gan ‘saobhadh suntasach’ a bheith liostaithe i measc na gcásanna sin. Thairis sin, de réir Rialtas na Síne, tá úsáid sonraí ó thír ionadaíoch iomchuí ar neamhréir le hAirteagal 6.1(b) den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (“CGTT”) agus le hAirteagal 2.2.1.1. ADA lena gceanglaítear úsáid an chostais táirgthe sa tír thionscnaimh agus an gnáthluach á ríomh.

(118)

Ar an tríú dul síos, mhaígh Rialtas na Síne nach bhfuil cleachtais imscrúdaithe an Choimisiúin faoi Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán i gcomhréir le rialuithe EDT a mhéid a rinne an Coimisiún, de shárú ar Airteagal 2.2.1.1. ADA, neamhaird do thaifid an táirgeora Shínigh gan a chinneadh cibé acu a bhfuil na taifid sin i gcomhréir leis na prionsabail chuntasaíochta a bhfuil glactha leo go ginearálta sa tSín nó nach bhfuil. I dtaca leis sin, mheabhraigh Rialtas na Síne gur dhearbhaigh an Comhlacht Achomhairc in DS473 agus an painéal in DS494 de réir Airteagal 2.2.1.1 ADA, fad agus atá na taifid arna gcoinneáil ag an onnmhaireoir nó ag an táirgeoir faoi imscrúdú comhfhreagrach – laistigh de theorainneacha inghlactha – ar bhealach cruinn agus iontaofa, leis na costais iarbhír uile a thabhaigh an táirgeoir nó an t-onnmhaireoir áirithe le haghaidh an táirge lena mbaineann, gur féidir a mheas go dtugann siad “léiriú réasúnta ar na costais atá bainteach le táirgeadh agus díol an táirge lena mbaineann” agus gur cheart don údarás imscrúdaithe na taifid sin a úsáid chun costas táirgthe na dtáirgeoirí faoi imscrúdú a chinneadh.

(119)

Ar an gceathrú dul síos, d’áitigh Rialtas na Síne gur cheart don Choimisiún a bheith comhsheasmhach agus scrúdú iomlán a dhéanamh ar cibé acu a bhfuil saobhadh suntasach, a ngairtear de, sa tír ionadaíoch nó nach bhfuil. Is ionann glacadh le sonraí na tíre ionadaíche go héasca gan meastóireacht den sórt sin agus “caighdeáin dhúbailte”. Baineann an rud céanna, dar le Rialtas na Síne, le meastóireacht ar phraghas agus ar chostais thionscal an Aontais Eorpaigh.

(120)

I ndáil leis an gcéad phointe maidir le stádas na Tuarascála faoi reachtaíocht an Aontais Eorpaigh, mheabhraigh an Coimisiún nach ndéanann Airteagal 2(6a)(c) den bhun-Rialachán formáid shonrach a fhorordú le haghaidh na dtuarascálacha maidir le saobhadh suntasach, ná nach sainmhíníonn an fhoráil sin modh foilseacháin. Mheabhraigh an Coimisiún gur doiciméad teicniúil atá sa tuarascáil atá bunaithe ar fhíorais a úsáidtear i gcomhthéacs imscrúduithe cosanta trádála amháin. Eisíodh an tuarascáil go hiomchuí dá bhrí sin mar dhoiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin toisc gur doiciméad tuairisciúil amháin atá inti agus nach léirítear inti aon tuairimí polaitiúla, fabhair ná breithiúnais. Ní dhéanann sé sin difear dá ábhar, eadhon foinsí oibiachtúla faisnéise a bhaineann le saobhadh suntasach a bheith i ngeilleagar na Síne atá ábhartha chun críche chur i bhfeidhm Airteagal 2(6a)(c) den bhun-Rialachán. Maidir leis na barúlacha faoin Tuarascáil a bheith lochtach ó thaobh na bhfíoras de agus leataobhach, tugadh aghaidh orthu sin in aithris (91) thuas. Mar fhreagra ar mhaíomh Rialtas na Síne maidir le sárú chlásal an Náisiúin Barrfhabhair, mheabhraigh an Coimisiún, mar a fhoráiltear le hAirteagal 2(6a)(c) den bhun-Rialachán, nach gcuirfear tuarascáil tíre le chéile maidir le haon tír ach amháin i gcás ina bhfuil údar maith ag an gCoimisiún le creidiúint go bhféadfadh saobhadh suntasach a bheith ann i dtír ar leith nó in earnáil ar leith sa tír sin. Ar theacht i bhfeidhm fhorálacha nua Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán i mí na Nollag 2017, bhí léirithe den sórt sin ag an gCoimisiún maidir le saobhadh suntasach i ndáil leis an tSín. D’fhoilsigh an Coimisiún tuarascáil freisin maidir le saobhadh sa Rúis i mí Dheireadh Fómhair 2020 (52), agus, i gcás inarb iomchuí, féadfaidh tuarascálacha eile a theacht ina diaidh. Thairis sin, mheabhraigh an Coimisiún nach bhfuil sé sainordaitheach go ndéantar na tuarascálacha chun Airteagal 2(6a) a chur i bhfeidhm. Tugtar tuairisc in Airteagal 2(6a)(c) ar na coinníollacha maidir leis an gCoimisiún a bheith ag eisiúint tuarascálacha de réir tíre, agus de réir Airteagal 2(6a)(d) níl sé d’oibleagáid na gearánaigh an tuarascáil a úsáid ná ní coinníoll é tuarascáil tíre a bheith ann chun imscrúdú a thionscnamh faoi Airteagal 2(6a) de réir Airteagal 2(6a)(e). De réir Airteagal 2(6a)(e), is leor fianaise leordhóthanach lena gcruthaítear go bhfuil saobhadh suntasach in aon tír arna tabhairt ag gearánaigh, a chomhlíonann na critéir in Airteagal 2(6a)(b) chun imscrúdú a thionscnamh ar an mbonn sin. Dá bhrí sin, tá feidhm ag na rialacha i dtaca le saobhadh suntasach, a bhaineann le tír ar leith, maidir le gach tír gan aon idirdhealú, agus beag beann ar thuarascáil a bheith déanta ar thír. Dá thoradh sin, de réir an tsainmhínithe sin, ní sháraíonn na rialacha a bhaineann le saobhadh tíre cóir na náisiún barrfhabhair.

(121)

A bhaineann leis an dara agus an tríú hargóint maidir le neamhoiriúnacht líomhnaithe Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán le dlí EDT, go háirithe forálacha Airteagal 2.2. agus 2.2.1.1. ADA, mar aon leis na torthaí in DS473 agus DS494, tugadh aghaidh ar na hargóintí sin cheana in aithris (94) agus aithris (96) thuas.

(122)

I ndáil leis an gceathrú pointe inar iarradh ar an gCoimisiún a dhéanamh amach nach ndéanann saobhadh margaidh difear do shonraí tríú tír a úsáideadh in imeachtaí an Choimisiúin, mheabhraigh an Coimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, nach dtéann sé ar aghaidh leis an ngnáthluach a ríomh ar bhonn sonraí roghnaithe seachas praghsanna agus costais intíre sa tír is onnmhaireoir ach amháin i gcás ina suíonn sé gurb iad na sonraí sin is iomchuí chun praghsanna agus costais neamhshaofa a léiriú. Sa phróiseas sin, tá an Coimisiún faoi cheangal gan ach sonraí neamhshaofa amháin a úsáid. Ina leith sin, iarrtar ar pháirtithe leasmhara a mbarúlacha a thabhairt ar na foinsí atá beartaithe chun an gnáthluach a chinneadh i gcéimeanna tosaigh an imscrúdaithe. Cuirtear na barúlacha sin san áireamh ina n-iomláine sa chinneadh deiridh ón gCoimisiún maidir leis na sonraí neamhshaofa ba cheart a úsáid chun an gnáthluach a ríomh. Maidir le hiarraidh Rialtas na Síne go ndéanfadh an Coimisiún meastóireacht ar shaobhadh féideartha i margadh inmheánach an Aontais Eorpaigh, níor léir don Choimisiún go mbaineann an pointe sin le hábhar i gcomhthéacs measúnú a dhéanamh ar shaobhadh suntasach a bheith ann i gcomhréir le hAirteagal 2(6a) den bhun-Rialachán.

(123)

Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún d’argóintí Rialtas na Síne.

(124)

Rinne CCCME a chuid argóintí a leagtar amach thuas in aithris (89) agus aithris (90) maidir leis an Tuarascáil an athuair, á rá go raibh argóinteacht an Choimisiúin in aithris (91) ciorclach. Níor thug CCCME, áfach, aon fhianaise bhreise ar aird a bhain leis an Tuarascáil, seachas a mhaíomh nach bhfuil i bpleananna 5 bliana na Síne ach treoirdhoiciméid ina gcuirtear tuairimí beartais don todhchaí in iúl. Níl na pleananna ceangailteach dá réir sin, dar le CCCME, ó tharla freisin nach nglactar ar an mbealach céanna iad agus a ghlactar dlíthe nó foraitheanta. Thairis sin, thug CCCME ar aird gur féidir doiciméid chomhchosúla a aimsiú san Eoraip, lena n-áirítear i measc dhoiciméid bheartais an Choimisiúin.

(125)

Sa bhreis air sin, maidir le comhoiriúnacht Airteagal 2(6a) den bhun Rialachán le dlí EDT, d’áitigh CCCME nach ann do choincheap an “tsaofa shuntasaigh” a áirítear le hAirteagal 2(6a) den bhun-Rialachán in aon riail de chuid EDT ADA ná CGTT 1994. Go háirithe, ní thagann coincheap an “tsaofa shuntasaigh” faoi réim aon cheann de na catagóirí a dá bhforáiltear le hAirteagal 2.2 EDT ADA. Maidir le húsáid sonraí ó thríú tír, d’áitigh CCCME, cé nach bhfuil toirmeasc ar úsáid sonraí ó fhoinse lasmuigh den tír is onnmhaireoir de réir an Chomhlachta Achomhairc in DS473, gur cosúil go ndéanann an Coimisiún neamhaird de gur chuir an Comhlacht Achomhairc i dtábhacht freisin “nach gciallaíonn sin, áfach, go bhféadfaidh údarás imscrúdaithe an costas ó lasmuigh den tír thionscnaimh a chur in ionad an chostais táirgthe sa tír thionscnaimh go simplí”, agus “i gcás ina mbraithfear ar aon fhaisnéis nach ón tír thionscnaimh í chun an ‘costas táirgthe sa tír thionscnaimh’ a chinneadh faoi Airteagal 2.2 den Chomhaontú Frithdhumpála, nach mór d’údarás imscrúdaithe a áirithiú go n-úsáidfear an fhaisnéis sin chun teacht ar an ‘gcostas táirgthe sa tír thionscnaimh’ agus go mb’fhéidir go mbeidh ar an údarás imscrúdaithe an fhaisnéis sin a oiriúnú dá bharr.” Is cosúil dá bhrí sin, dar le CCCME, go bhfuil cur chuige an Choimisiúin ar neamhréir le hoibleagáid an Aontais Eorpaigh faoi Airteagal 2.2 EDT ADA.

(126)

Thairis sin, d’áitigh CCCME gur cosúil freisin go bhfuil Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán ag sárú Airteagal 2.2.1.1 EDT ADA a mhéid gur cosúil go ndéanann an Coimisiún na botúin chéanna a rinneadh in DS473 arís, toisc gur cosúil go bhfuil torthaí agus réasúnaíocht an Choimisiúin san imscrúdú reatha an-chosúil leis an imscrúdú sa chás maidir le bithdhíosal. Shuigh an Coimisiún go bhfuil na praghsanna cruach, arb é an príomh-amhábhar i dtáirgeadh túr gaoithe í, saofa sa tSín, agus go bhfuil na praghsanna cruach arna n-íoc ag táirgeoirí túr gaoithe neamhchosanta ar shaobhadh sistéimeach. Dá réir sin, dar le CCCME, bunaithe ar thoradh an Chomhlachta Achomhairc sa chás An tAontas Eorpach – Bithdhíosal (An Airgintín), féadfaidh Airteagal 2.2.1.1 EDT ADA a bheith á shárú ag an gCoimisiún freisin.

(127)

Ina theannta sin, mheabhraigh CCCME go bhforáiltear go soiléir in Airteagal 2(6a), an tríú fomhír, den bhun-Rialachán go ndéanfar measúnú ar leithligh ar shaincheist an tsaofa shuntasaigh i gcás gach onnmhaireora agus táirgeora, gan ach an t-aon eisceacht amháin, is é sin cur i bhfeidhm na samplála. Dá bhrí sin, d’easaontaigh CCCME le ráiteas an Choimisiúin in aithris (102) á rá “tar éis é a bheith suite gurb ann do shaobhadh suntasach, beidh feidhm ag forálacha Airteagal 2(6a), a priori, maidir leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin uile sa tSín agus bainfidh siad leis na costais uile a ghabhann lena dtosca táirgeachta” agus go gceanglaítear ar an gCoimisiúin feabhas a chur ar a chleachtas ina leith sin.

(128)

Maidir le maíomh CCCME nach bhfuil doiciméid pleanála na Síne de chineál ceangailteach, mheabhraigh an Coimisiún go leagtar amach tosaíochtaí le córas pleanála na Síne lena bhforordaítear na spriocanna nach mór don rialtas láir agus do na rialtais áitiúla díriú orthu. Tá pleananna ábhartha ann ar gach leibhéal den rialtas agus cumhdaítear leo gach earnáil eacnamaíoch, nach mór, agus déanann na húdaráis ar gach leibhéal riaracháin faireachán ar chur chun feidhme na bpleananna ag an leibhéal comhfhreagrach níos ísle den rialtas. Mar a thugtar tuairisc mhionsonraithe orthu sa Tuarascáil, tá na cuspóirí a leagtar síos leis na hionstraimí pleanála de chineál ceangailteach le fírinne, agus fágann an córas pleanála go mbíonn acmhainní á leithdháileadh ar earnálacha atá ainmnithe ag an rialtas mar earnálacha straitéiseacha nó atá tábhachtach go polaitiúil ar shlí eile, seachas iad a bheith á leithdháileadh i gcomhréir le fórsaí an mhargaidh (53).

(129)

Maidir le hargóintí CCCME maidir le hAirteagal 2(a) den bhun-Rialachán a bheith i gcomhréir le ADA agus le torthaí an Chomhlachta um Réiteach Díospóidí, tugadh aghaidh orthu sin cheana in aithris (94) agus aithris (96), lena n-áirítear an míniú nár bhain DS473 le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. Maidir leis an maíomh nach ann do choincheap “an tsaofa shuntasaigh” a áirítear le hAirteagal 2(6a) den bhun-Rialachán in aon riail de chuid EDT ADA ná CGTT 1994, mheabhraigh an Coimisiún gur gníomh de chuid dhlí tánaisteach an Aontais é an bun-Rialachán, lena n-áirítear Airteagal 2(6a), mar a fhoráiltear in Airteagal 288 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Níl aon cheanglas ann faoi dhlí an Aontais go mbeadh foinsí an dlí sin, lena n-áirítear dlí tánaisteach amhail rialacháin, bunaithe ar an dlí idirnáisiúnta nó nasctha le hoibleagáidí a eascraíonn as an dlí idirnáisiúnta amhail ADA nó an Prótacal maidir le hAontachas na Síne le EDT.

(130)

Maidir leis an maíomh a bhaineann le measúnú aonair ar shaobhadh suntasach le haghaidh gach onnmhaireora, ní dhearna CCCME ach a n-easaontas le seasamh an Choimisiúin a chur in iúl, gan argóintí nua a thabhairt ar aird. Dheimhnigh an Coimisiún dá bhrí sin an seasamh atá aige a luaitear in aithris (99) agus aithris (102) thuas.

(131)

Rinne Chengxi Shipyard a chuid argóintí an athuair maidir le neamhoiriúnacht Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán le dlí EDT mar a shonraítear in aithris (104) thuas, á thabhairt chun suntais go bhfuil freagra an Choimisiúin in aithris (94) agus aithris (96) an-ghinearálta agus nach mínítear go sainráite ann an bunús dlí i gComhaontuithe EDT a thacaíonn le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán, de mhaolú ar an disciplín ginearálta a leagtar amach go soiléir i gcomhaontú EDT agus i rialú an Chomhlachta um Réiteach Díospóidí in DS473. Dá réir sin, thuig Chengxi Shipyard ó ráiteas an Choimisiúin gur ar fhoras na coda eile de Roinn 15 den Phrótacal maidir le hAontachas na Síne le EDT a thugtar bonn cirt le comhoiriúnacht Airteagal 2(6a) le comhaontuithe EDT, á thabhairt chun suntais, in éagmais réasúnaíocht shoiléir maidir leis an bhfáth a bhfuil an Coimisiún den tuairim sin, nach gcomhlíonann nochtadh an Choimisiúin na caighdeáin dhlíthiúla maidir le ráiteas leormhaith ar chúiseanna a thugann bonn cirt lena chinneadh Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm.

(132)

Thairis sin, mhaígh Chengxi Shipyard nár cruthaíodh go bhfuil an chuideachta faoi réir saobhadh suntasach, ar thrí fhoras go príomha: (i) níl cinntí gnó na cuideachta faoi thionchar díreach Pháirtí Cumannach na Síne, toradh a bhfuil bunús leis d’aineoinn go bhfuil Cathaoirleach Bhord Stiúrthóirí agus Stiúrthóir Ginearálta Chengxi Shipyard ina gcomhaltaí de Pháirtí Cumannach na Síne agus go bhfeidhmíonn siad mar Rúnaí agus Leas-Rúnaí Choiste an Pháirtí ar leibhéal na cuideachta, (ii) ní léiríonn scairshealbhú stáit, ná ionadaithe stáit a bheith i láthair ar an mBord Stiúrthóirí, nach mbíonn cinntí gnó na cuideachta freagrach do chomharthaí an mhargaidh maidir le héileamh agus soláthar, ná nach bhfuil a cuid oibríochtaí margadh-dhírithe, (iii) ní hionann idirghabháil ón stát a bheith ann agus saobhadh suntasach agus theip ar an gCoimisiún a léiriú gurb é atá mar thoradh ar na hidirghábhálacha cothrománacha a chuirtear i leith Rialtas na Síne go bhfuil saobhadh suntasach ar na tosca táirgeachta agus go ndéanann na hidirghabhálacha sin difear dá dheasca sin do chostas agus do phraghas oibríocht Chengxi Shipyard.

(133)

Maidir le hargóintí Chengxi Shipyard i dtaobh oiriúnacht Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán le EDT, athdhearbhaíonn an Coimisiún a sheasamh go bhfuil forálacha Airteagal 2(6a) go hiomlán i gcomhréir le hoibleagáidí EDT an Aontais. Léirítear na cúiseanna le seasamh an Choimisiúin go soiléir in aithris (94) thuas. Mar an gcéanna, mheabhraigh an Coimisiún in aithris (106) cheana féin, maidir le himeachtaí frithdhumpála a bhaineann le táirgí ón tSín, go bhfuil feidhm fós, agus an gnáthluach á ríomh, ag na codanna de Roinn 15 de Phrótacal Aontachas na Síne le EDT nach bhfuil imithe in éag, i leith chaighdeán an gheilleagair margaidh agus freisin i leith úsáid modheolaíochta nach bhfuil bunaithe ar chomparáid dhocht le costais nó le praghsanna sa tSín. Is cosúil go gcónaidhmíonn Chengxi Shipyard an oibleagáid chun na cúiseanna a lua, atá le cur i bhfeidhm substainteach Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán, agus oibleagáid airbheartaithe chun míniú a thabhairt ar bhunús dlí EDT a thacaíonn le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán, ní nach bhfuil ábhartha ná ceart ach an oiread (féach freisin aithris (129) thuas). Dá bharr sin, diúltaíodh d’argóint Chengxi Shipyard nach gcomhlíonann nochtadh an Choimisiúin na caighdeáin dhlíthiúla maidir le ráiteas leormhaith ar chúiseanna.

(134)

Tugadh aghaidh go mionsonraithe cheana in aithris (108) thuas ar mhaímh Chengxi Shipyard maidir le heaspa fianaise a bheith ann go bhfuil an chuideachta faoi réir saobhadh suntasach. Ina theannta sin, mheabhraigh an Coimisiún nach bhfuil nasc idir saobhadh suntasach a bheith ann agus Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán a bheith curtha i bhfeidhm dá bharr, agus aon eilimint fhíorasach faisnéise ar leith a bheith ann maidir le margadh ar leith lena gcumhdaítear an táirge lena mbaineann. I ndáil leis an méid sin, mar léirítear in aithrisí (52) go (79), shuigh an Coimisiún san imscrúdú seo go bhfuil saobhadh suntasach ann sa tionscal túr gaoithe agus in earnálacha gaolmhara ionchur. Ní cheadaítear le hAirteagal 2(6a)(a) costais intíre a úsáid agus an gnáthluach á ríomh ach amháin más rud é go suitear go cinnte nach bhfuil na costais sin saofa le linn an imscrúdaithe. Ina leith sin, áfach, níor thíolaic Chengxi Shipyard aon fhianaise dhearfach dá thosca táirgeachta a bheith neamhshaofa. Dá bhrí sin, diúltaíodh do mhaíomh Chengxi Shipyard.

(135)

I bhfianaise an mhéid thuas, léiríodh leis an bhfianaise a bhí ar fáil nach toradh ar fhórsaí an tsaormhargaidh iad praghsanna ná costais an táirge i gceist, lena n-áirítear costais na n-amhábhar, an fhuinnimh agus an tsaothair, toisc go dtagann siad faoi thionchar idirghabhálacha substaintiúla ón rialtas de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán, mar a léirítear leis an tionchar iarbhír nó an tionchar féideartha atá ag ceann amháin nó níos mó de na heilimintí ábhartha a liostaítear ansin. Ar an mbonn sin, agus in éagmais aon chomhoibriú ó Rialtas na Síne, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid chun gnáthluach a shuí sa chás sin. Dá bhrí sin, chuaigh an Coimisiún ar aghaidh leis an ngnáthluach a bhunú go heisiach ar bhonn na gcostas táirgthe agus díola agus praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa á léiriú, is é sin, sa chás seo, ar bhonn na gcostas comhfhreagrach táirgthe agus díola i dtír ionadaíoch iomchuí, i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, mar a pléadh sa roinn a leanas.

3.2.2.   Tír ionadaíoch

3.2.2.1.   Barúlacha ginearálta

(136)

Bunaíodh roghnú na tíre ionadaíche ar na critéir seo a leanas de bhun Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán:

Leibhéal forbartha eacnamaíche atá cosúil le Daon-Phoblacht na Síne. Chun na críche sin, d’úsáid an Coimisiún tíortha ag a bhfuil ollioncam náisiúnta per capita (“OIN p.c.”) atá cosúil le Daon-Phoblacht na Síne ar bhonn bhunachar sonraí maidir le haicmiú tíortha de chuid an Bhainc Dhomhanda (54);

Táirgeadh an táirge lena mbaineann sa tír sin;

Infhaighteacht sonraí poiblí ábhartha sa tír ionadaíoch.

I gcás ina bhfuil níos mó ná rogha féideartha amháin i ndáil le tír ionadaíoch, ba cheart tús áite a thabhairt, i gcás inarb iomchuí, don tír ina bhfuil leibhéal leordhóthanach cosanta sóisialta agus comhshaoil.

(137)

Mar a mhínítear in aithris (50) agus aithris (51), d’eisigh an Coimisiún dhá nóta i gcomhair an chomhaid faoi na foinsí chun an gnáthluach a chinneadh. Sna nótaí sin, tugadh tuairisc ar na fíorais agus ar an bhfianaise is bun leis na critéir ábhartha agus tugadh aghaidh iontu freisin ar na barúlacha a fuarthas ó na páirtithe maidir leis na gnéithe sin agus maidir leis na foinsí ábhartha. Sa dara Nóta, chuir an Coimisiún páirtithe leasmhara ar an eolas go raibh sé ar intinn aige Meicsiceo a bhreithniú mar thír ionadaíoch iomchuí sa chás reatha dá mba rud é go ndeimhneofaí gurbh ann do shaobhadh suntasach de bhun Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán.

3.2.2.2.   Leibhéal forbartha eacnamaíche atá cosúil le Daon-Phoblacht na Síne

(138)

Sa Chéad Nóta, shainaithin an Coimisiún an Bhrasaíl, an Mhalaeisia, Meicsiceo, an Tuirc agus an Afraic Theas mar thíortha lena mbaineann leibhéal forbartha eacnamaíche atá cosúil le Daon-Phoblacht na Síne, agus inarbh eol go raibh táirgeadh an táirge lena mbaineann ag tarlú. D’aicmigh an Banc Domhanda na tíortha uile sin mar thíortha “meánioncaim uachtaraigh” ar bhonn an ollioncaim náisiúnta (“OIN”), atá cosúil le Daon-Phoblacht na Síne.

(139)

Ina chuid barúlacha maidir leis an gCéad Nóta, mhaígh Chengxi Shipyard nach raibh OIN p.c. ina tháscaire iomchuí le measúnú a dhéanamh ar leibhéal na forbartha eacnamaíche sa tír. Ina ionad sin, ba cheart don Choimisiún a thorthaí a bhunú ar an olltáirgeacht intíre per capita i bpaireacht cumhachta ceannaigh (“OTI p.c. in PCC”). Chuige sin, d’áitigh an chuideachta go mbeadh an India ina tír ionadaíoch níos oiriúnaí toisc go raibh an India níos gaire do Dhaon-Phoblacht na Síne ná an Tuirc i dtéarmaí OTI p.c. in PCC in 2019, arbh í an Tuirc a moladh sa ghearán. Ina theannta sin, bhí an India níos cosúla le Daon-Phoblacht na Síne nuair a cuireadh OTI p.c. in PCC in aghaidh an duine fhostaithe i gcomparáid le chéile, agus an táirgiúlacht sna trí thír á tabhairt san áireamh dá réir. Mhaígh Vestas freisin go raibh an India ina tír ionadaíoch oiriúnach ar an leibhéal céanna forbartha le Daon-Phoblacht na Síne.

(140)

Sa Dara Nóta, thug an Coimisiún faoi deara ina leith sin gur deimhníodh sa bhun-Rialachán go mba cheart go mbeadh leibhéal forbartha comhchosúil ag an tír ionadaíoch leis an tír is onnmhaireoir. Ní bhfuarthas aon cheanglas breise ann áfach le haghaidh roghnú na tíre ionadaíche iomchuí. Chinn an Coimisiún gurbh é bunachar sonraí an Bhainc Dhomhanda an fhoinse is iomchuí chun an fhaisnéis sin a fháil. Ba leis an mbunachar sonraí sin a ceadaíodh don Choimisiún líon leordhóthanach de thíortha ionadaíocha ionchasacha iomchuí ag a bhfuil leibhéal forbartha comhchosúil chun an fhoinse costas agus praghsanna neamhshaofa is oiriúnaí a roghnú. Thairis sin, is rangú é atá bunaithe ar chritéar oibiachtúil agus a úsáidtear go comhsheasmhach i ngach cás frithdhumpála mar a mbunaítear cinneadh an ghnáthluacha ar fhorálacha Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán, lena n-áirithítear aonfhoirmeacht agus cóir chomhionann trí imeachtaí difriúla.

(141)

Thairis sin, úsáideann an Banc Domhanda OIN ina aicmiúchán ar gheilleagair ina ngrúpálacha de réir ioncaim toisc go gcloíonn sé le modheolaíocht an bheartais iasachtaithe oibriúcháin de chuid an Bhainc Dhomhanda. Ós rud é go n-aithnítear ann an t-ioncam uile a théann isteach i ngeilleagar náisiúnta, beag beann ar a thionscnamh, léirítear go leormhaith leis an ghníomhaíocht eacnamaíoch iomlán ag tír éigin. I gcás ar bith, níor thug Chengxi Shipyard breis eolais faoin gcaoi agus faoin bhfáth a mbeadh OTI p.c. in PCC seachas OIN p.c. níos iomchuí chun leibhéal forbartha comhchosúil a léiriú seachas an fhoinse atá á húsáid ag an gCoimisiún, ná níor thug sé bunús ná fianaise dá mhaíomh ar bhealach ar bith eile.

(142)

Toisc nár áiríodh an India leis an gcatagóir chéanna d’aicmiú an Bhainc Dhomhanda le linn tréimhse an imscrúdaithe, níor measadh gur chomhlíon sí an critéar a leagtar síos in Airteagal 2(6a)(a) den chéad eang den bhun-Rialachán Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún an maíomh.

(143)

Ina chuid barúlacha maidir leis an Dara Nóta, dhearbhaigh Chengxi Shipyard an athuair a thuairimí nach raibh OIN p.c. ina tháscaire oiriúnach den fhorbairt eacnamaíoch. Ar an gcéad dul síos, d’áitigh an chuideachta gur áiríodh le OIN ioncam ó ghníomhaíochtaí eachtracha, nach raibh ábhartha do mheasúnú na forbartha eacnamaíche. Ar an dara dul síos, d’áitigh an chuideachta go raibh táscaire, más OIN nó OTI é, arna shloinneadh in USD chun críche na comparáide idir na tíortha éagsúla, mífheiliúnach do mheasúnú na forbartha eacnamaíche. Shaobhfaí an measúnú sin le leibhéal na bpraghsanna i dtíortha ina bhfacthas méid aschuir comhchosúil ar bhealach ar bith eile, chomh maith leis an luaineacht sna rátaí malairte. D’aithin an chuideachta freisin go raibh an modh Atlas a bhí in úsáid ag an mBanc Domhanda agus an t-aicmiúchán Tíortha agus Grúpaí Iasachtaithe á tháirgeadh aige mar pháirtmhaolú ar éifeachtaí na n-athruithe ar leibhéal na bpraghsanna (boilsciú) agus na luaineachtaí sa ráta malairte. Ar deireadh, d’áitigh an chuideachta dá dtabharfaí san áireamh na barúlacha thuasluaite go mbeadh an India níos cosúla le Daon-Phoblacht na Síne ná an Tuirc i dtéarmaí na forbartha eacnamaíche.

(144)

Ina chuid barúlacha maidir leis an nochtadh deiridh, dhearbhaigh Chengxi Shipyard an athuair a thuairim go mbeadh OTI p.c. in PCC ina táscaire oiriúnach le measúnú a dhéanamh ar chosúlacht idir tíortha i dtéarmaí leibhéal na forbartha eacnamaíche, agus go bhféadfadh an India a bheith ina tír ionadaíoch iomchuí dá réir.

(145)

Mhínigh an Coimisiún cé gur cheart go mbeadh leibhéal forbartha comhchosúil ag an tír ionadaíoch leis an tír is onnmhaireoir, nach raibh aon oibleagáid ann tír ionadaíoch a roghnú arbh í an tír is gaire don tír is onnmhaireoir í i dtéarmaí na forbartha eacnamaíche, cibé acu a thomhaistear le OIN p.c. nó le OTI p.c. in PCC í. Ina theannta sin, thug an Coimisiún dá aire go bhfuil OIN p.c. agus OTI p.c. in PCC araon, chomh maith le roinnt eile, ina dtáscairí aitheanta do thomhas na forbartha eacnamaíche i dtíortha. Chuige sin, mhaígh an Coimisiún gur leis an aicmiúchán tíortha arna léiriú ag an mBanc Domhanda a sholáthraítear stór tíortha ionadaíocha ionchasacha, a nuashonraítear ar bhonn tráthrialta agus a chruthaítear ar bhonn critéar oibiachtúil agus modheolaíochta comhsheasmhaí. Ar deireadh, dhearbhaigh an Coimisiún an athuair go raibh aicmiúchán tíortha an Bhainc Dhomhanda ina fhoinse faisnéise iomchuí chun aonfhoirmeacht agus cóir chothrom a áirithiú i rith nósanna imeachta difriúla. Toisc nach raibh an India aicmithe mar thír mheánioncaim uachtaraigh le linn na tréimhse imscrúdúcháin, agus é ag cloí leis na dálaí thuas, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh ó Chengxi Shipyard.

(146)

Sna barúlacha maidir leis an Dara Nóta, d’áitigh CCCME agus Suzhou Titan gur cheart an India a mheas mar thír ionadaíoch ionchasach cé nach raibh sí aitheanta mar thír mheánioncaim uachtaraigh ag an mBanc Domhanda. Chuige sin, rinne na páirtithe tagairt don athbhreithniú éaga ar na bearta frithdhumpála a gearradh ar allmhairí an aigéid shulfainíligh de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, athbhreithniú inar úsáid an Coimisiún an India mar thír ionadaíoch. Dhearbhaigh CCCME na maímh sin an athuair ina bharúlacha agus ina éisteacht tar éis na céime sealadaí.

(147)

Thug an Coimisiún dá aire san athbhreithniú éaga luaite, go bhfuarthas amach san imscrúdú nach raibh an t-aigéad sulfainíleach á tháirgeadh ach i gceithre gheilleagar ar fud an domhain (an India, Daon-Phoblacht na Síne, an tAontas, agus Stáit Aontaithe Mheiriceá). Toisc nach raibh aon aigéad sulfainíleach á tháirgeadh in aon tír mheánioncaim uachtaraigh, chinn an Coimisiún an India a úsáid chun praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa comhfhreagracha a fhoinsiú i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán. Bhí dálaí difriúla ann sa chás faoi chaibidil anseo. Bhí an Coimisiún in ann líon leordhóthanach táirgeoirí a shainaithint i dtíortha ar leibhéal forbartha eacnamaíche comhchosúil le Daon-Phoblacht na Síne. Dá bhrí sin níor ghá cuardach a dhéanamh thar an ngrúpa tíortha meánioncaim uachtaraigh chun praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa a fhoinsiú. Dá dheasca sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh.

3.2.2.3.   Táirgeadh an táirge faoi imscrúdú

(148)

Shainaithin an gearánaí sa ghearán táirgeadh an táirge faoi imscrúdú sa Tuirc.

(149)

Rinne an Coimisiún anailís ar thíortha eile ar an leibhéal forbartha céanna le Daon-Phoblacht na Síne, agus shainaithin táirgeoirí SWT i gceithre thír eile, eadhon an Bhrasaíl, an Mhalaeisia, Meicsiceo, agus an Afraic Theas.

(150)

Sa Chéad Nóta, thug an Coimisiún na torthaí sin le fios do na páirtithe leasmhara.

(151)

Ina chuid barúlacha maidir leis an gCéad Nóta, shainaithin Chengxi Shipyard cúig tháirgeoir SWT san India. Faoi mar a mhínítear in aithrisí (140) go (142) agus aithris (145), fuarthas amach nach raibh an India ag an leibhéal forbartha céanna le Daon-Phoblacht na Síne, agus nach raibh sí oiriúnach mar thír ionadaíoch. Dá bhrí sin, ní dhearna an Coimisiún anailís ar ghníomhaíochtaí na dtáirgeoirí SWT líomhnaithe san India ná ar infhaighteacht agus ar chaighdeán a bhfaisnéise airgeadais.

3.2.2.4.   Infhaighteacht sonraí poiblí ábhartha sa tír ionadaíoch

(152)

Rinne an Coimisiún iniúchadh ar infhaighteacht agus ar chaighdeán na sonraí poiblí ábhartha sna cúig thír ionadaíocha ionchasach inar sainaithníodh táirgeadh an táirge faoi imscrúdú. Díríodh an anailís sin ar infhaighteacht agus ar chaighdeán na faisnéise airgeadais, agus ar infhaighteacht agus ar chaighdeán na sonraí maidir leis na tosca táirgeachta.

(153)

Maidir leis an bhfaisnéis airgeadais a úsáidtear leis na costais díola, ghinearálta agus riaracháin agus brabús a chinneadh chun an gnáthluach a ríomh, chuaigh an Coimisiún i mbun anailíse ar an bhfaisnéis infhaighte. Go háirithe, rinne sé iniúchadh ar cibé ar tháinig nó nár tháinig an fhaisnéis airgeadais ón tréimhse le déanaí, an ndearnadh nó nach ndearnadh iniúchóireacht ar an bhfaisnéis airgeadais, an raibh sí ar fáil i bhfoirm aonair nó chomhdhlúite, agus an raibh na cuideachtaí brabúsach.

(154)

Maidir leis na sonraí ar na tosca táirgeachta, rinne an Coimisiún iniúchadh ar infhaighteacht na sonraí maidir le hallmhairí, ar an gcion d’allmhairí de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus thíortha nach bhfuil ina mballstáit den EDT, agus ar shaobhadh a bheith ann a d’fhéadfadh dul i bhfeidhm ar phraghas na dtosca táirgeachta. Díríodh an anailís ar na tosca táirgeachta is tábhachtaí.

(a)   Faisnéis airgeadais

(155)

Sa Chéad Nóta, shuigh an Coimisiún nach raibh an fhaisnéis airgeadais oiriúnach ionchasach faoi na táirgeoirí SWT ar fáil go poiblí ach amháin i Meicsiceo, san Afraic Theas, agus sa Tuirc. Shuigh an Coimisiún sa bhreis air sin nach raibh an fhaisnéis airgeadais le gach ceann de na táirgeoirí SWT sa Bhrasaíl agus sa Mhalaeisia agus le roinnt de na táirgeoirí SWT sa Tuirc ar fáil le haghaidh tréimhse an imscrúdaithe, i.e. bhí sí as dáta, nó bhí na cuideachtaí neamhbhrabúsach. Chuige sin, rinne an Coimisiún anailís bhreise ar infhaighteacht agus ar chaighdeán na faisnéise airgeadais leis na táirgeoirí SWT i Meicsiceo, san Afraic Theas, agus sa Tuirc; agus na barúlacha leis an gCéad Nóta ag na páirtithe leasmhara atá liostaithe in aithris (50) á dtabhairt san áireamh.

(156)

Ina chuid barúlacha maidir leis an gCéad Nóta, mhaígh CCCME agus Suzhou Titan nár cheart don Choimisiún sonraí le cuideachta neamhbhrabúsach a eisiamh má tá an cás sin réasúnach agus neamhshaofa. Mar mhalairt air sin, i dtír ionadaíoch mar a raibh ráitis airgeadais ó roinnt cuideachtaí ar fáil, ba cheart don Choimisiún idir chuideachtaí brabúsacha agus neamhbhrabúsacha a thabhairt san áireamh agus na meánchostais díola, ghinearálta agus riaracháin agus an meánbhrabús á gcinneadh sa tír ionadaíoch.

(157)

Thug an Coimisiún dá aire go raibh sonraí airgeadais na dtáirgeoirí neamhbhrabúsacha go léir a sainaithníodh sna tíortha ionadaíocha ionchasacha sa Chéad Nóta as dáta freisin. Mheas an Coimisiún dá réir gur mhaíomh gan bhunús a bhí ann. I gcás ar bith, thug an Coimisiún dá aire nach bhfacthas leibhéal brabúis “réasúnach” sna cuideachtaí neamhbhrabúsacha i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a), an fhomhír dheireanach den bhun-Rialachán. Dá bhrí sin diúltaíodh don mhaíomh sin ar bhunús substainteach freisin.

(158)

Ina chuid barúlacha maidir leis an gCéad Nóta, shuigh Chengxi Shipyard nach raibh sonraí airgeadais an táirgeora Mheicsicigh Arcosa Industries de México, de R.L. de C.V. agus an táirgeora ón Afraic Theas GRI Wind Steel South Africa (Pty.), nach raibh na sonraí sin oiriúnach chun na costais díola, ghinearálta agus riaracháin agus an brabús a chinneadh toisc nach raibh na sonraí ar fáil ach amháin i ráitis airgeadais chomhdhlúite. Dar le Chengxi Shipyard, níor bhain an cheist leis na táirgeoirí sa Tuirc ná san India.

(159)

Thug an Coimisiún dá chéadaire gur suíodh nárbh iomchuí an India a úsáid mar thír ionadaíoch ionchasach. Ina theannta sin, níor dícháilíodh na sonraí sin per se óna n-úsáid mar fhoinse costas díola, ginearálta agus riaracháin agus brabúis neamhshaofa, de bharr go raibh sonraí airgeadais táirgeoirí áirithe ar fáil i bhfoirm chomhdhlúite. I gcontrárthacht leis sin, ní mór na ráitis airgeadais infhaighte a anailísiú ar bhonn cás ar chás.

(160)

Chuige sin, mhínigh an Coimisiún sa Dara Nóta gur shainaithin sé dhá tháirgeoir do thúir ghaoithe i Meicsiceo. Ba é Dun&Bradstreet (“D&B”) a fuair an fhaisnéis airgeadais áitiúil aonair maidir le Speco Wind Power, S.A. de C.V. (“Speco”) ó Global Financials (55) agus tugadh do na páirtithe leasmhara in Iarscríbhinn III leis an gCéad Nóta í. Ba thúir ghaoithe amháin a tháirg an chuideachta, agus bhí sí brabúsach in 2019. Ní hamháin go rabhthas in ann na costais díola, ghinearálta agus riaracháin a shainaithint leis an bhfaisnéis airgeadais áitiúil, ach bhíothas in ann speansas airgeadais a shainaithint léi freisin, agus speansais agus ioncam eile. Aimsíodh ar líne ráitis airgeadais chomhdhlúite de chuid Arcosa Industries de México, S. de R.L. de C.V. (“Arcosa”) (56). Bhí an grúpa comhdhlúite gníomhach i dtrí limistéar gnó: an tógáil, trealamh fuinnimh, agus an t-iompar. Faoi scátheagras an Energy Equipment Group (“EEG”), tháirg agus dhíol an grúpa comhdhlúite túir ghaoithe, déanmhais fóntais agus umair stórais agus dháileacháin (57). D’fhostaigh EEG 55 % d’fhostaithe an ghrúpa (58) agus ghin 48 % d’ioncam agus costas neamhchomhdhlúite an ghrúpa (59). Is ionann an t-ioncam a ghintear ó dhíolacháin na dtúr gaoithe agus na ndéanmhas fóntais agus 75 % d’ioncam EEG (60). B’ionann na costais díola, ghinearálta agus riaracháin (lena n-áirítear dímheas agus amúchadh) arna dtabhú ag EEG agus ar leibhéal comhdhlúite in 2019 agus tuairim is 13 % (arna sloinneadh mar chéatadán de na costais díola) (61). Ghin EEG agus an grúpa comhdhlúite araon brabús ar leibhéal timpeall ar 10 % (62). Léiríodh san anailís thuas gur rannchuir an deighleog a bhain den chuid is mó le táirgeadh agus díolacháin SWT go mór le gníomhaíochtaí foriomlána na cuideachta, agus gur bhain sí amach feidhmíocht a bhí comhchosúil le feidhmíocht na cuideachta trí chéile. Measadh dá réir go raibh na figiúirí sin réasúnach de réir bhrí Airteagal 2(6a)(a), an fhomhír dheireanach den bhun-Rialachán.

(161)

Sa Dara Nóta, thug an Coimisiún dá aire sa bhreis air sin gur shainaithin sé san Afraic Theas táirgeoir túr gaoithe amháin, an chuideachta GRI Wind Steel South Africa (Pty.) Ltd. Bhí ráitis airgeadais na cuideachta sin ar fáil i bhfoirm chomhdhlúite agus chomhtháite ar leibhéal a scairshealbhóra Hulisani (63). Níor cuireadh dóthain sonraí ar fáil sa tuarascáil bhliantúil chomhtháite, áfach, maidir leis an táirgeoir túr gaoithe laistigh den ghrúpa. Níor luadh sa tuarascáil ach go raibh an táirgeoir SWT brabúsach sa bhliain airgeadais Márta 2019-Feabhra 2020 (64). Dá réir sin, ní raibh an Coimisiún in ann measúnú a dhéanamh ar a feidhmíocht agus ar an rannchur leis na torthaí airgeadais chomhdhlúite. Dá bhrí sin, shuigh an Coimisiún nach raibh ráitis airgeadais chomhdhlúite Hulisani oiriúnach do chinneadh na gcostas díola, ginearálta agus riaracháin agus an bhrabúis san imscrúdú faoi chaibidil anseo.

(162)

Ar deireadh, sa Dara Nóta, rinne an Coimisiún anailís ar na sé tháirgeoir SWT a sainaithníodh sa Tuirc. Ní raibh sonraí airgeadais ar fáil go poiblí ach ag beirt de na táirgeoirí. Bhí ráitis airgeadais áitiúla aonair le ATES Çelik Insaat Taahhut Proje Muhendislik Sanayi ve Ticaret A.Ş. ar fáil in Global Financials ag D&B, agus cuireadh ar fáil do na páirtithe leasmhara in Iarscríbhinn III den Chéad Nóta iad. Bhí an chuideachta brabúsach in 2019. Ní hamháin go rabhthas in ann na costais díola, ghinearálta agus riaracháin a shainaithint leis na ráitis áitiúla, ach bhíothas in ann ioncam airgeadais agus speansas airgeadais a shainaithint léi freisin. Bhí na ráitis airgeadais áitiúla aonair le Çimtaş Çelik İmalat Montaj ve Tesisat A.Ş. (“Çimtaş Çelik”) a bhí ar fáil in Global Financials le D&B as dáta. Mar sin féin, bhí na ráitis airgeadais áitiúla ar leibhéal a scairsealbhóra ENKA ar fáil ar líne (65) arna n-iniúchadh agus/nó arna neamhiniúchadh le haghaidh gach ráithe a chumhdaítear leis an tréimhse imscrúdúcháin. Tugadh dá aire áfach nár leor na sonraí sna ráitis airgeadais chomhdhlúite maidir le feidhmíocht an táirgeora SWT, ná maidir lena rannchur le feidhmíocht an ghrúpa chomhdhlúite. Ba leis an deighleog Tógála é Çimtaş Çelik (66). Cé gur rannchuir an deighleog Tógála leis an ioncam comhdhlúite iomlán agus beagnach 60 % i gceist leis (67), níor léir an chaoi a raibh feidhmíocht na deighleoige sin ina léiriú ar fheidhmíocht an táirgeora SWT. Níor tugadh aon sonraí sna ráitis airgeadais maidir le comhdhéanamh na deighleoige. Is féidir gur bhain éagsúlacht mhaith le cineál na ngníomhaíochtaí a chumhdaítear leis an deighleog sin. Déanta na fírinne, ní raibh an táirgeoir SWT ach ar cheann amháin de 39 gcuideachta den ghrúpa comhdhlúite (68) atá aicmithe faoin deighleog Tógála. Dá bhrí sin, shuigh an Coimisiún nach raibh ráitis airgeadais chomhdhlúite ENKA oiriúnach do chinneadh na gcostas díola, ginearálta agus riaracháin agus an bhrabúis san imscrúdú faoi chaibidil anseo.

(163)

Ina chuid barúlacha maidir leis an Dara Nóta, mhaígh Chengxi Shipyard go raibh easnaimh thromchúiseacha i bhfaisnéis airgeadais an dá thairgeoir SWT i Meicsiceo. D’áitigh an chuideachta fiú féin dá mba rud é gur ghin deighleog EEG Arcosa 48 % den ioncam comhdhlúite, tháinig i bhfad níos lú ná a leath de sin ó dhíolacháin SWT toisc gur áiríodh leis an EEG freisin táirgeadh agus díolacháin na ndéanmhas fóntais. Thairis sin, thug an chuideachta le fios nár tháirg Arcosa SWT i Meicsiceo amháin, ach i Stáit Aontaithe Mheiriceá (“SAM”) freisin; agus nárbh fhéidir cion an ioncaim agus na gcostas SGA a chinneadh, a d’fhéadfadh a bheith inchurtha i leith díolachán ar an margadh intíre i Meicsiceo. Maidir le Speco, d’áitigh an chuideachta nárbh fhéidir cion an ioncaim agus na gcostas díola, ginearálta agus riaracháin arna nginiúint ar mhargadh Mheicsiceo a chinneadh.

(164)

Thug an Coimisiún dá aire nár chuir an chuideachta aon fhianaise ar fáil mar thacú lena maímh maidir le ranníocaíocht na ndíolachán SWT leis an ioncam a ghintear leis an deighleog EEG. D’aithin an Coimisiún gur tháirg Arcosa SWT i Meicsiceo agus i SAM araon. Mar sin féin, toisc gur mhór í an acmhainneacht táirgeachta (arna tomhas de réir achair) a bhí suite i Meicsiceo (40 % (69)), shuigh an Coimisiún nár éirigh an fhaisnéis airgeadais mí-oiriúnach de bharr an chaoi go ndearnadh cuid den táirgeadh SWT i SAM. Mheas an Coimisiún gurbh iomchuí an fhaisnéis maidir le costais díola, ghinearálta agus riaracháin agus ioncam iomlán an dá thairgeoir Mheicsiceacha SWT a úsáid toisc go mba annamh a sholáthrófaí san fhaisnéis airgeadais a bheadh ar fáil go poiblí, dá soláthrófaí riamh, miondealú breise ar ioncam agus costais díola, ghinearálta agus riaracháin de réir margaidh (intíre agus onnmhairiúcháin), go háirithe faoi thuairisciú maidir le deighleoga oibriúcháin. I gcás ar bith, níor bheartaigh an chuideachta aon táirgeoir SWT malartach oiriúnach i Meicsiceo chun costais díola, ghinearálta agus riaracháin agus brabús a chinneadh. Dá dheasca sin, dhiúltaigh an Coimisiún do mhaímh Chengxi Shipyard agus dheimhnigh úsáid na faisnéise airgeadais leis an dá tháirgeoir SWT Mheicsiceacha chun costais díola, ghinearálta agus riaracháin agus brabús a chinneadh.

(165)

Tar éis an nochta deiridh, d’athdhearbhaigh Chengxi Shipyard nach raibh faisnéis airgeadais Arcosa ina foinse iomchuí de chostais SGA agus brabús neamhshaofa. D’áitigh an chuideachta go raibh an fhaisnéis mí-oiriúnach go sonrach de bharr suíomh tháirgeadh SWT Arcosa i Meicsiceo agus i SAM, agus de bharr an chaoi gur áiríodh leis an deighleog EEG freisin táirgeadh na ndéanmhas fóntais agus na n-umar dáileacháin. Ina theannta, thug an chuideachta dá haire nárbh é táirgeadh SWT amháin a spreag an méadú ar ioncam Arcosa in 2019, ach spreagadh le tosca eile é. Ar deireadh, thug an chuideachta le fios go raibh faisnéis airgeadais Arcosa do 2020 ar fáil cheana féin tráth an nochta deiridh.

(166)

Faoi mar a leagtar amach in aithris (160) agus aithris (164), tháinig an Coimisiún ar an gconclúid cé go ndearnadh cuid den táirgeadh SWT i dtír eile seachas an tír ionadaíoch, gurbh iomchuí i gcónaí é sonraí na cuideachta a úsáid. In éagmais argóintí nua, dheimhnigh an Coimisiún a dhiúltú don mhaíomh sin. Dheimhnigh an Coimisiún freisin mar gheall ar chion ard ó fhodheighleog an SWT agus na ndéanmhas fóntais in ioncam an ghrúpa EEG, go raibh torthaí airgeadais an ghrúpa sin ionadaíoch don táirgeadh SWT, toisc go raibh an méid táirgeachta SWT níos airde mar spreagadh go páirteach don mhéadú ar ioncam. Ar deireadh, shuigh an Coimisiún, i bhfianaise na mbeart rialtasach ónar tháinig moill ar líon na suiteálacha nua d’acmhainneacht cumhachta gaoithe i Meicsiceo, faoi mar a pléadh sna haithrisí (196) go (199), ba stuama gan na costais díola, ghinearálta agus riaracháin agus an brabús a bhunú ach amháin ar ráitis airgeadais le haghaidh 2019.

(167)

Tar éis an nochta deiridh, d’áitigh Suzhou Titan nach raibh faisnéis airgeadais Arosa ina foinse oiriúnach de chostais díola, ghinearálta agus riaracháin agus brabús neamhshaofa de bharr táirgeadh SWT a bheith lasmuigh de Mheicsiceo. Ina theannta sin, thug an chuideachta le fios gur tháinig ioncam na fochuideachta Meicsicí den chuid is mó ó oibríochtaí ionghrúpa agus nárbh ionann brabúsacht na fochuideachta sin ach 2,4 %.

(168)

I dteannta lena chonclúid maidir le táirgeadh SWT ag Arcosa lasmuigh de Mheicsiceo, mar a leagtar amach in aithris (166), shuigh an Coimisiún mar gheall ar chion ard an ioncaim ionghrúpa ar ioncam iomlán na fochuideachta Meicsicí, gurbh iomchuí é úsáid a bhaint as ráitis airgeadais chomhdhlúite agus chomhcheangailte Arcosa inar díothaíodh na hidirbhearta ionghrúpa (70). Ní mór a thabhairt faoi deara freisin, sa chás seo, gur neamhábhartha leibhéal na brabúsachta arna ríomh ag Suzhou Titan. Shloinn an chuideachta an brabús oibriúcháin mar chéatadán de na hioncaim, agus maidir leis an ngnáthluach a ríomh, ní mór é a shloinneadh mar chéatadán de chostas na n-earraí díolta, nárbh fhéidir a luach a chinneadh ó fhaisnéis airgeadais Arcosa maidir lena hoibríochtaí i Meicsiceo.

(169)

Ar bhonn na gcúiseanna a tuairiscíodh in aithris (166) agus aithris (168), dhiúltaigh an Coimisiún do mhaímh Chengxi Shipyard agus Suzhou Titan a shonraítear in aithris (165) agus aithris (167).

(b)   Saobhadh maidir le tosca táirgeachta

(170)

Sa Chéad Nóta, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid, i gcomhréir le Fardal ECFE maidir le srianta onnmhairiúcháin ar Amhábhair Thionsclaíocha (71), gur tháinig onnmhairí dramhchruach (cóid HS 7204 41 agus 7204 49) faoi réir ceanglais cheadúnaithe san Afraic Theas agus ceanglais cheadúnaithe agus cánach onnmhairiúcháin sa Mhalaeisia go dtí 2017 (an fhaisnéis is déanaí dá bhfuil ar fáil).

(171)

Chuige sin, sa Dara Nóta d’eisiaigh an Coimisiún an Afraic Theas ar bhunús an fhíorais nach raibh faisnéis airgeadais an táirgeora SWT san Afraic Theas oiriúnach chun costais díola, ghinearálta agus riaracháin agus brabús a chinneadh faoi mar a mhínítear in aithris (161). Thairis sin, shuigh an Coimisiún nach raibh an fhaisnéis airgeadais a bhí ar fáil go poiblí faoin táirgeoir SWT sa Mhalaeisia go mór as dáta. Toisc nach bhfuair an Coimisiún aon fhaisnéis bhreise maidir leis an táirgeacht sa Mhalaeisia, eisiadh an tír freisin ó bhreithnithe breise. Dá bhrí sin, suíodh go raibh na srianta onnmhairiúcháin a shainaithnítear sa Chéad Nóta neamhábhartha sa chás faoi chaibidil anseo.

(172)

Ina gcuid barúlacha maidir leis an gCéad Nóta, mhaígh na páirtithe leasmhara nach raibh Meicsiceo, ná an Afraic Theas ná an Tuirc ina dtíortha ionadaíocha oiriúnacha mar gheall ar bhearta éagsúla a bheith sna tíortha sin a líomhnaítear ina leith go ndearna siad saobhadh ar mhargadh na dtosca táirgeachta agus/nó ar mhargadh na bhfuinneamh inathnuaite. Mínítear na maímh sin ina mionsonraí in aithrisí (173), (179), (181), (184) agus (189).

(173)

Ina gcuid barúlacha maidir leis an gCéad Nóta, mhaígh CCME, Chengxi Shipyard, agus Suzhou Titan nach raibh an Afraic Theas ina tír ionadaíoch oiriúnach de bharr na mbeart coimirce maidir leis an gcruach a chuir an tír i bhfeidhm lena saobhfaí praghsanna allmhairiúcháin na dtáirgí cruach a úsáidtear sa táirgeadh SWT. Ina theannta sin, d’áitigh Chengxi Shipyard go raibh bearta coimirce mar sin i bhfeidhm i Meicsiceo agus sa Tuirc freisin, agus i gcás na Tuirce, b’amhlaidh nár luaigh an páirtí ach amháin fionraíocht na lamháltas i ndáil leis an Aontas mar fhreagairt ar na bearta coimirce cruach a thug an tAontas isteach.

(174)

Sa Dara Nóta, thug an Coimisiún dá aire gur suíodh an Afraic Theas a bheith mí-oiriúnach cheana féin ar bhonn easpa faisnéise airgeadais atá ar fáil go poiblí ó aon táirgeoirí SWT. Mheas an Coimisiún dá réir gur mhaímh gan bhunús a bhí sna maímh maidir leis an Afraic Theas.

(175)

Maidir leis an Tuirc, thug an Coimisiún dá aire nár chuir an páirtí aon fhianaise ar fáil mar thacú lena mhaíomh maidir le bearta coimirce cruach a bheith ann. Go deimhin, shuigh an Coimisiún gur thionscain an Tuirc imscrúdú sna coimircí cruach i mí Aibreáin 2018 (72) ach rinne sí an t-imscrúdú a fhoirceannadh gan bearta a fhorchur i mí na Bealtaine 2019 (73). Maidir le fionraíocht na lamháltas, níor thug an páirtí aon fhianaise faoin bhfáth agus faoin méid a dhéanfadh taraif bhreise ar allmhairí táirgí cruach áirithe de thionscnamh an Aontais margadh cruach na Tuirce a shaobhadh agus staitisticí allmhairiúcháin ina bhfoinse mhíchuí de thagarmharcanna neamhshaofa.

(176)

Maidir le Meicsiceo, thug an Coimisiún dá aire sa Dara Nóta gur bhunaigh Chengxi Shipyard a chuid líomhaintí ar alt a d’fhoilsigh Metal Bulletin inar maíodh de réir foraithne an 25 Márta 2019, “gur athshuigh Meicsiceo dleacht choimirce 15 % ar allmhairí táirgí cruach áirithe ó thíortha nach bhfuil comhaontuithe saorthrádála aici leo”. Shuigh an Coimisiún gur fhoilsigh Meicsiceo an 25 Márta 2019 foraithne lenar leasaíodh na taraifí allmhairiúcháin a leagtar síos leis an Dlí Ginearálta maidir le Cáin Allmhairiúcháin agus Onnmhairiúcháin (74). Ba leis an bhforaithne sin, a mhéadaigh Meicsiceo an dleacht MFN ar tháirgí cruach áirithe, lena n-áirítear plátaí cruach (cóid HS 7208 51 agus 7208 52) ó 0 % chuig 15 % ar feadh tréimhse 180 lá. Bhí an méadú ar an dleacht MFN arna cur i bhfeidhm, i gcomhréir leis an bhforaithne, bunaithe ar Airteagal II den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (“GATT”)..

(177)

Sa bhreis air sin, níor gearradh na taraifí tar éis imscrúdú coimirce agus níor sháraigh siad leibhéal na dtaraifí ceangailte ag 35 %, a raibh Meicsiceo tiomanta dóibh de réir rialacha EDT (75). Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún nach raibh na bearta sin i bhfeidhm ina mbonn cirt chun Meicsiceo a eisiamh ón anailís ar thíortha ionadaíocha ionchasacha.

(178)

Dá dheasca sin, diúltaíodh do na líomhaintí maidir le coimircí cruach a bheith i bhfeidhm i Meicsiceo agus sa Tuirc.

(179)

Ina gcuid barúlacha maidir leis an gCéad Nóta, mheas CCME agus Suzhou Titan nach raibh Meicsiceo ina tír ionadaíoch oiriúnach toisc gur ghearr sí bearta frithdhumpála ar na hallmhairí SWT de thionscnamh na Síne.

(180)

Sa Dara Nóta, thug an Coimisiún dá aire nár chuir na páirtithe fianaise shainiúil faoi bhráid faoin gcaoi agus faoin méid a rachadh forchur beart frithdhumpála ar an táirge faoi imscrúdú ag Meicsiceo i bhfeidhm ar a ionadaíochas agus faoin bhfáth nár ghá é a mheas a bheith iomchuí a thuilleadh mar gheall ar an toisc sin. Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún nach raibh bunús ar bith leis na hargóintí sin agus dhíbh sé iad.

(181)

Sna barúlacha maidir leis an gCéad Nóta, mhaígh Chengxi Shipyard go raibh na margaí leictreachais i Meicsiceo agus san Afraic Theas saofa toisc fiontair faoi úinéireacht an Stáit a bheith ceannasach iontu. Os a choinne sin, mhaígh an páirtí leasmhar nach raibh saobhadh den sórt sin ag baint do na margaí leictreachais sa Tuirc agus san India. Thug an páirtí fianaise gur sholáthair an chuideachta ESKOM faoi úinéireacht an Stáit 95 % den leictreachas san Afraic Theas.

(182)

Sa Dara Nóta, rinne an Coimisiún iniúchadh ar an maíomh agus shuigh sé gur ghlac an táirgeoir leictreachais Meicsiceach faoi úinéireacht an Stáit Comisión Federal de Electricidad (“CFE”) rannpháirt sa ghiniúint leictreachais iomlán i Meicsiceo le cion níos lú ná 80 % (76). De réir na faisnéise a thugann Chengxi Shipyard, bhí cion na bhfiontar faoi úinéireacht an Stáit sa ghiniúint leictreachais san India ábhairín níos mó ná 80 %, i.e. cosúil leis an gcás i Meicsiceo. De réir an pháirtí leasmhair, bhí dóthain léirscaoilte sa mhargadh leictreachais san India. Thairis sin, shuigh an Coimisiún gur leis an ngineadóir leictreachais faoi úinéireacht an Stáit EÜAŞ ábhairín níos mó ná 20 % den acmhainneacht ghiniúna sa Tuirc (77). Mheas an Coimisiún nár leor per se an fíoras lom go raibh fiontair faoi úinéireacht an Stáit ceannasach i margadh éigin gan aon tásc ná fianaise bhreise nár chloígh praghsáil an ionchuir faoina bun le fórsaí an mhargaidh, chun an tír sin a eisiamh mar thír neamhionadaíoch. Sna cásanna sin, ní mór fianaise a bheith ar taifead go bhféadfaí breithnithe eile amhail beartais tosaíochta i leith tionscail áirithe nó idirghabháil shubstaintiúil eile ón rialtas dul i bhfeidhm ar phraghsáil iarbhír an ionchuir sin, sa mhéid nach é toradh fhórsaí an tsaormhargaidh atá inti. I gcás ar bith, mheas an Coimisiún an fíoras nach raibh an leictreachas ach ina chion beag (tuairim is 1 %) de chostas iomlán na táirgeachta SWT. Dá bhrí sin, fiú má bhí fianaise ann go raibh praghsáil an ionchuir sin saofa, níorbh ionann é sin per se agus cúis chun diúltú go hiomlán do Mheicsiceo (ná do thír ar bith eile) mar thír ionadaíoch ionchasach sa chás faoi chaibidil Ar a mhéad, bheadh saobhadh féideartha na hearnála leictreachais i Meicsiceo ina fhadhb le hiniúchadh a dhéanamh uirthi i gcomhthéacs tagarmharc eile a úsáid le haghaidh toisce mar í.

(183)

Dá réir sin, dhiúltaigh an Coimisiún do na maímh maidir le Meicsiceo agus an Tuirc, agus shuigh sé go raibh an Afraic Theas mí-oiriúnach cheana féin ar bhunús na heaspa faisnéise airgeadais dá bhfuil ar fáil.

(184)

Ina chuid barúlacha maidir leis an gCéad Nóta, d’áitigh Vestas gur ghearr an Tuirc beart maidir le hábhair logánta (“LCR”) ar thionscadail fuinnimh inathnuaite agus/nó gur thug sí ráthaíocht le haghaidh taraifí ar sholáthar leictreachais níos airde faoi réir an bhirt maidir le hábhair áitiúla.

(185)

Sa Dara Nóta, rinne an Coimisiún iniúchadh ar na líomhaintí maidir leis an LCR sa Tuirc i bhfianaise a ábharthachta mar shrianadh le haghaidh na tosca táirgeachta is tábhachtaí, i.e. na plátaí cruach, chomh maith le haghaidh na dtosca táirgeachta eile, agus ar deireadh thiar freisin le haghaidh bhrabúsacht na dtáirgeoirí SWT Turcacha.

(186)

Shuigh an Coimisiún gur éirigh dálaí mhargadh fuinnimh gaoithe na Tuirce as an LCR ar bhealach a mbaineann dhá ghné leis:

(a)

Bhí ráthaíocht ann do ghineadóirí fuinnimh gaoithe maidir le taraifí ar sholáthar leictreachais. Bhí na hinfheisteoirí a bhuail leis an LCR i dteideal taraif níos airde ar sholáthar leictreachais a fháil (78). Ba 7,00 cent USD/kWh í an taraif ab infheidhme le linn tréimhse an imscrúdaithe. D’fhéadfaí méadú 0,60 cent USD/kWh a chur ar an taraif sa chás gur de bhunadh áitiúil a táirgeadh an túr gaoithe cruach. Tríd is tríd, d’fhéadfaí an taraif ar sholáthar leictreachais a bhreisiú suas le 11,00 cent USD/kWh murar táirgeadh an SWT amháin go háitiúil, ach na lanna, an gineadóir agus an leictreonaic freisin.

(b)

Idir 2017 agus deireadh thréimhse an imscrúdaithe, thionscain Rialtas na Tuirce trí thairiscint le haghaidh feirmeacha gaoithe de réir samhail infheistíochta nua d’athnuaiteáin, ar ar tugadh Limistéir Ainmnithe don Fhuinneamh Inathnuaite (“YEKA”) (79). B’éigean do na tairgeoirí ar ar dámhadh conradh faoi na tairiscintí YEKA bualadh le LCR maidir le tionscnamh na n-ionchur a úsáidtear i dtáirgeadh tuirbíní, SWT agus lann, agus maidir le náisiúntacht na bhfostaithe freisin.

(187)

Sa Dara Nóta, mheas an Coimisiún nárbh fhéidir an LCR is infheidhme maidir le SWT a chomhlíonadh ach amháin trí phlátaí cruach a fhoinsiú, arb iad an t-amhábhar is tábhachtaí iad, ar an margadh intíre. Dá réir sin, is féidir nár léiríodh i bpraghsanna allmhairiúcháin na bplátaí cruach praghsanna na gcineálacha plátaí cruach sin ar baineadh úsáid iarbhír astu i dtáirgeadh SWT. Ina theannta sin, i ngeall ar an oibleagáid chun foinsiú a dhéanamh ar an margadh intíre, laghdaíodh an iomaíocht ar mhargadh na n-ionchur le haghaidh táirgeadh SWT, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le praghsanna intíre saofa na n-ionchur sin. Ina dhiaidh sin, ba dhóichí go raibh praghsanna na n-ionchur níos airde de bharr cás na hiomaíochta laghdaithe, agus ba dhócha gur saobhadh an costas táirgthe leo, agus dá bhrí sin freisin ar chostais díola, ghinearálta agus riaracháin agus ar bhrabúsacht na dtáirgeoirí SWT sa Tuirc.

(188)

Dá dheasca sin, mheas an Coimisiún go mb’fhéidir go raibh an margadh fuinnimh gaoithe lena n-áirítear táirgeadh túr gaoithe saofa ag cur i bhfeidhm an LCR sa Tuirc, agus nach raibh siad oiriúnach dá réir le praghsanna agus costais neamhshaofa a chinneadh, go háirithe don ionchur is tábhachtaí.

(189)

Sna barúlacha maidir leis an gCéad Nóta, mhaígh Vestas freisin nár thír ionadaíoch iomchuí í an Tuirc de bharr infhaighteacht theoranta d’amhábhair áirithe (plátaí troma) óna dtiocfadh praghsanna níos airde do na hábhair sin agus de bharr easnamh na hacmhainneachta do tháirgeadh mór SWT.

(190)

Toisc nár thug an páirtí aon fhianaise chun tacú leis na maímh sin, agus tháinig an Coimisiún ar an gconclúid cheana féin go mb’fhéidir go raibh an margadh Turcach saofa de bharr an LCR, níor tháinig an Coimisiún ar aon chonclúid maidir leis na maímh sin.

(191)

Sna barúlacha maidir leis an Dara Nóta, d’áitigh CCCME agus Suzhou Titan go mba cheart go mbeadh an Tuirc fós ina tír ionadaíoch ionchasach. Go háirithe, níor mhaígh siad ach go raibh codán beag de na plátaí cruach a allmhairíodh de réir cód sonrach earraí beartaithe don táirgeadh SWT, agus go mb’fhéidir go raibh sé saofa dá bharr. D’áitigh na cuideachtaí go mba cheart don Choimisiún, lena shuí cibé an ndeachaigh nó nach ndeachaigh an LCR i bhfeidhm ar an bpraghas allmhairiúcháin, comparáid a dhéanamh idir praghas allmhairiúcháin na bplátaí cruach sa Tuirc agus a bpraghas allmhairiúcháin i dtíortha eile. D’athdhearbhaigh CCCME ina bharúlacha agus ina éisteacht tar éis na céime sealadaí go mba cheart an Tuirc a bhreithniú go leanúnach mar pháirtí ionadaíoch ionchasach.

(192)

Thug an Coimisiún dá aire nach raibh praghas allmhairiúcháin na bplátaí cruach i dtíortha eile ionadaíoch ar an bpraghas a bheadh sa Tuirc de réir dálaí an mhargaidh nach ndeachaigh an LCR i bhfeidhm orthu. Thairis sin, ní dheachaigh an LCR i bhfeidhm ar phraghas na bplátaí cruach don táirgeadh SWT amháin. Chuir an LCR cosc ar an iomaíocht ó phlátaí cruach allmhairithe le haghaidh táirgeadh SWT. Ba leis na dálaí margaidh sin a mhúnlófaí cinntí táirgthe na dtáirgeoirí plátaí cruach, rud a d’fheidhmeodh tionchar dá réir ar phraghas na bplátaí cruach le haghaidh úsáidí eile freisin. Ina theannta sin, d’fhéadfadh costais díola, ghinearálta agus riaracháin agus brabúsacht na dtáirgeoirí SWT Turcacha a bheith saofa freisin toisc nár bhain an LCR leis na hionchuir amháin, ach leis an saothar freisin. Dá dheasca sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh.

(193)

I dteannta na mbarúlacha thuas maidir le srianta trádála ó pháirtithe leasmhara, rinne an Coimisiún iniúchadh sa Dara Nóta ar shrianta trádála a bheith i bhfeidhm i Meicsiceo maidir leis na hionchuir a úsáidtear sa táirgeadh SWT. Chun na críche seo, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle le Fardal ECFE maidir le srianta ar onnmhairiú i ndáil le hAmhábhair Thionsclaíocha (80) agus i dtaisclann na Léarscáile Rochtana Margaidh (81). Níor aimsíodh aon srian trádála arna bhforchur ag Meicsiceo i leith na bpríomh-ionchur.

(194)

Sna barúlacha maidir leis an Dara Nóta, d’áitigh CCCME agus Suzhou Titan go raibh praghas allmhairiúcháin na bplátaí cruach i Meicsiceo saofa go mór de bharr dleacht allmhairiúcháin 15 % a gearradh i mí an Mhárta 2019. Rinne CCCME an maíomh sin an athuair ina éisteacht agus sna barúlacha a thug sé tar éis na céime sealadaí.

(195)

Rinne an Coimisiún scrúdú ar an maíomh sin. Faoi mar a míníodh in aithris (176) agus aithris (177), rinne an Coimisiún measúnú ar an méadú sa dleacht allmhairiúcháin is infheidhme maidir le plátaí cruach sa Dara Nóta, agus shuigh gur mhéadaigh Meicsiceo an dleacht MFN is infheidhme ó 0 % chuig leibhéal (15 %) nár sháraigh an dleacht MFN cheangailte, rud ar thug Meicsiceo gealltanas ina leith sa WTO. Dá bhrí sin, ní fhéadfaí dleacht allmhairiúcháin a chur i bhfeidhm a mheas mar shaobhadh ná mar shárú ar oibleagáidí Mheicsiceo sa chás faoi chaibidil. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún an maíomh.

(196)

Sna barúlacha maidir leis an Dara Nóta, d’áitigh Chengxi Shipyard nár thír ionadaíoch oiriúnach í Meicsiceo toisc go raibh saobhadh suntasach le sonrú ina margadh fuinnimh inathnuaite. Chuige sin, rinne an páirtí tagairt do na bearta seo a leanas ar ghlac rialtas Mheicsiceo leo:

Cuireadh siar an ceathrú ceant d’fhuinneamh inathnuaite ar dtús (Mí na Nollag 2018) agus cuireadh ar ceal níos déanaí é (Mí Feabhra 2019);

I mí Dheireadh Fómhair 2019, leathnaíodh deimhniúcháin fuinnimh ghlain chuig gineadóirí an fhuinnimh inathnuaite a chuir tús lena n-oibriú roimh mhí Lúnasa 2014, rud a bhí i gcoinne na sprice infheistíochtaí nua isteach san fhuinneamh inathnuaite a spreagadh;

Chuir CFE, gineadóir leictreachais faoi úinéireacht an Stáit agus úinéir na heangaí tarchurtha, méadú lena tháillí tarchurtha le haghaidh gineadóirí an fhuinnimh inathnuaite i mí an Mheithimh 2020;

Chuir Centro Nacional de Control de Energía, comhlacht poiblí a bhfuil rialú oibriúcháin an líonra tarchurtha leagtha de chúram air, tástáil agus nascadh le tionscadail nua um chumhacht gaoithe agus gréine leis an eangach ar coimeád i mí Aibreáin 2020;

D’fhoilsigh an Aireacht Fuinnimh i Meicsiceo rún lena dtabharfaí níos mó smachta don rialtas thar na grúpaí arbh fhéidir leo cumhacht a ghiniúint, na háiteanna ina bhféadfaí na saoráidí sin a lonnú agus an méid leictreachais a d’fhéadfaidís a ghiniúint.

(197)

Rinne an Coimisiún scrúdú ar an maíomh. I dtosach báire, ní mór a thabhairt dár n-aire nach gá gurb ionann rialáil thar earnáil faoi leith de gheilleagar trí mheán dlíthe agus rialachán agus saobhadh ar an margadh. Sa chás faoi chaibidil, níor chuir an páirtí leasmhar aon fhianaise faoin bhfáth, faoin gcaoi agus faoin méid a chuaigh na beartais rialtasacha atá liostaithe in aithris (196) i bhfeidhm ar phraghsanna (allmhairiúcháin) na dtosca táirgeachta a úsáidtear sa mhonaraíocht SWT, chomh maith leis na costais díola, ghinearálta agus riaracháin agus brabús na dtáirgeoirí SWT i Meicsiceo le linn tréimhse an imscrúdaithe. Is dócha gur tugadh díspreagadh le roinnt de na bearta (taraifí tarchurtha níos airde, tástáil agus nascadh thionscadail fuinnimh inathnuaite nua leis an eangach a chur ar fionraí) nó fiú gur coisceadh tuilleadh infheistíochtaí leo (an ceathrú ceant um fhuinneamh inathnuaite a chur ar ceal), agus dá bhrí sin go ndeachaigh siad i bhfeidhm go hindíreach ar bhrabúsacht na dtáirgeoirí SWT Meicsiceacha i dtréimhse tar éis tréimhse an imscrúdaithe. Mar sin féin, mheas an Coimisiún nár tháinig na srianta i bhfeidhm go hiomlán, má tháinig siad i bhfeidhm ar chor ar bith, tar éis tréimhse an imscrúdaithe. Chuig sin, bhain suiteálacha cumhachta gaoithe Mheicsiceo leibhéal níos airde ná riamh de 1,6 GW d’acmhainneacht bhreise in 2019 (82). Cé gur chuir cealú an cheathrú ceant deireadh le hinfheistíochtaí amach anseo in earnáil an fhuinnimh ghaoithe, mheas an Coimisiún gur cuireadh chun cinn feidhmíocht na dtáirgeoirí SWT Meicsiceacha le tógáil na bpáirceanna gaoithe arna gcoimisiúnú faoin tríú ceant maidir le fuinneamh inathnuaite, inar samhlaíodh go n-éireodh na tionscadail oibríochtúil idir mí Eanáir 2020 agus mí Eanáir 2022 (83). Lena chois sin, shuiteáil Meicsiceo in 2020 acmhainneacht cumhachta gaoithe nua de thuairim is 0,6 GW (84). Chonacthas feidhmíocht cosúil leis sin in 2018 (0,7 GW d’acmhainneacht bhreise cumhachta gaoithe (85)), bliain nach ndeachaigh neamhchinnteacht mar thoradh ar an athrú i mbeartais rialtasacha i bhfeidhm uirthi. Dá dheasca sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh.

(198)

Tar éis an nochta deiridh, thug Chengxi Shipyard chun cuimhne a aighneacht maidir leis an Dara Nóta, ina ndearna sé achoimre ar roinnt bearta rialtasacha a ritheadh i Meicsiceo a líomhnaíodh ina leith gur saobhadh an margadh fuinnimh inathnuaite leo Thairis sin, rinne an chuideachta tagairt do shonraí maidir le hacmhainneacht nua cumhachta gaoithe a suiteáladh i Meicsiceo sa tréimhse 2018-2020 agus maidir le réamhaisnéisí don tréimhse 2021-2022 atá foilsithe ag an nGníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh (86), ina dtaispeántar meathlú ar líon na suiteálacha nua tar éis 2019. Ar deireadh, mhaígh an chuideachta nár thug an Coimisiún aitheantas don éifeacht mhór dhiúltach a bhain leis na bearta rialtasacha sin.

(199)

Dhearbhaigh an Coimisiún a thorthaí an athuair mar a thugtar tuairisc air in aithris (197). Ní raibh aon amhras ar an gCoimisiún go mb’fhéidir gur tugadh díspreagadh d’infheistíochtaí nua isteach sa ghiniúint fuinnimh inathnuaite, lena n-áirítear túir ghaoithe, le roinnt de na bearta nó gur cuireadh cosc orthu leo, tar éis tréimhse an imscrúdaithe. Mar sin féin, d’fhonn na speansais chostais díola, ghinearálta agus riaracháin neamhshaofa agus an tagarmharc don bhrabús neamhshaofa a chinneadh, d’úsáid an Coimisiún an fhaisnéis airgeadais ó 2019 i leith dhá tháirgeoir SWT i Meicsiceo. Mheas an Coimisiún nach ndeachaigh na bearta rialtasacha i bhfeidhm go fóill ar an bhfaisnéis sin, ós rud é nár cuireadh chun feidhme an chuid is mó de na bearta ach amháin in 2020. Ina theannta sin, níor chuir an chuideachta aon fhianaise ar fáil faoin gcaoi agus faoin méid a chuaigh na bearta rialtasacha i gceist i bhfeidhm ar na costais agus tagarmharcanna neamhshaofa de na tosca táirgeachta. Ar deireadh, bhí forbairt ar bith ar tharla i Meicsiceo tar éis tréimhse an imscrúdaithe neamhábhartha do roghnú na tíre ionadaíche. Dá dheasca sin, dheimhnigh an Coimisiún diúltú an mhaímh sin.

3.2.2.5.   Leibhéal cosanta sóisialta agus comhshaoil

(200)

Tar éis a shuí gurb é Meicsiceo an t-aon tír ionadaíoch iomchuí amháin, bunaithe ar na gnéithe thuasluaite uile, ní raibh aon ghá measúnú a dhéanamh ar leibhéal na cosanta sóisialta agus an chomhshaoil i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a), an chéad fhleasc, an abairt deiridh, den bhun-Rialachán.

3.2.2.6.   Conclúid

(201)

I bhfianaise na hanailíse thuas, chomhlíon Meicsiceo na critéir a leagtar síos in Airteagal 2(6a)(a), an chéad fhleasc, den bhun-Rialachán, chun go measfar é a bheith ina thír ionadaíoch iomchuí.

(202)

Tar éis an nochta deiridh, choinnigh Chengxi Shipyard air ag áitiú i gcomhréir lena bharúlacha a tuairiscíodh in aithris (144) agus aithris (198) gurbh í an India an t-aon tír ionadaíoch oiriúnach.

(203)

Anuas ar an bhfíoras nach raibh an India aicmithe mar thír mheánioncaim uachtaraigh ag an mBanc Domhanda, mheas an Coimisiún gur mhainnigh an chuideachta anailís a dhéanamh ar infhaighteacht agus ar chaighdeán na sonraí poiblí san India. Mar shampla, shuigh an Coimisiún nach raibh ráitis airgeadais ar fáil go poiblí ag ceann ar bith de na táirgeoirí SWT san India a liostaigh Chengxi Shipyard ina bharúlacha maidir leis an gCéad Nóta (féach aithris (151)). Thairis sin, fearacht na Tuirce, thug an India LCR isteach le haghaidh tionscadail fuinnimh gaoithe in 2019 (87), ónar tháinig saobhadh féideartha ar tháirgeadh SWT.

3.2.2.7.   Foinsí arna n-úsáid chun costais neamhshaofa a shuí

(204)

Sa Chéad Nóta, liostaigh an Coimisiún na tosca táirgeachta amhail ábhair, fuinneamh agus saothar a úsáideann na táirgeoirí onnmhairiúcháin i dtáirgeadh an táirge lena mbaineann agus d’iarr sé ar na páirtithe leasmhara a mbarúil a thabhairt agus faisnéis atá ar fáil go poiblí a mholadh maidir le luachanna neamhshaofa le haghaidh gach ceann de na tosca táirgeachta a luaitear sa nóta sin.

(205)

Ina gcuid barúlacha maidir leis an gCéad Nóta, d’áitigh CCCME agus Suzhou Titan go mba cheart don Choimisiún a bheidh sásta glacadh le húsáid foinsí sonraí eile atá ar fáil go poiblí, amhail an praghas díola intíre i dtríú tír nó praghsanna idirnáisiúnta eile. Chuige sin, d’áitigh Chengxi Shipyard go mba cheart don Choimisiún staitisticí allmhairiúcháin na Síne a úsáid toisc gur lú dóchúlachta go mbeadh praghsanna de sholáthróirí tríú tír saofa le beartais Rialtas na Síne. Murab amhlaidh, ba cheart úsáid a bhaint as staitisticí allmhairiúcháin ó na húdaráis chustaim náisiúnta de chuid na tíre ionadaíche, toisc gurbh iontaofa iad dar leis an bpáirtí ná an fhaisnéis ó phróiseálaí is tríú páirtí.

(206)

Sa Dara Nóta, thug an Coimisiún dá aire go bhfuil sé sásta úsáid a bhaint as foinsí eile praghsanna neamhshaofa sa chás nach bhféadfaí na staitisticí allmhairiúcháin a úsáid mar fhoinse iontaofa tagarmharcanna. Toisc nár thug na páirtithe aon chúiseanna don fháth ar cheart don Choimisiún imeacht óna chleachtas úsáid a bhaint as na staitisticí allmhairiúcháin arna soláthar ag Global Trade Atlas (“GTA”), diúltaíodh don mhaíomh.

(207)

Maidir leis an maíomh gur cheart don Choimisiún úsáid a bhaint as praghsanna allmhairiúcháin isteach sa tSín, mheas an Coimisiún sa Dara Nóta dá ndeimhneofaí saobhadh suntasach ar mhargadh intíre Daon-Phoblacht na Síne de réir bhrí Airteagal 2(6a), pointe (b), den bhun-Rialachán, nach mbeadh na staitisticí maidir le praghsanna allmhairiúcháin chuig Daon-Phoblacht na Síne ina ionadaí níos fearr ná praghsanna allmhairiúcháin isteach sna tíortha ionadaíocha ionchasacha. Ba rídhócha go rachadh an saobhadh suntasach i bhfeidhm ar allmhairí isteach go Daon-Phoblacht na Síne dá mbeidís ar fáil i gcainníochtaí fónta ar bith toisc go bhfeicfidís dálaí comhchosúla leis na cinn a bheadh i réim i margadh saofa na Síne féin.

(208)

Níor thug Chengxi Shipyard aon fhianaise lenar léiríodh nach raibh GTA chomh hiontaofa céanna leis na staitisticí custaim oifigiúla de chuid tír ionadaíoch ionchasach. Bhí na staitisticí allmhairiúcháin a chuir GTA ar fáil bunaithe ar staitisticí custaim náisiúnta oifigiúla de chuid na dtíortha éagsúla i gceist, a chuir a sonraí oifigiúla ar fáil do GTA ar bhonn a gcomhaontuithe déthaobhacha. Tá cleachtas seanbhunaithe ag roinnt riaracháin phoiblí úsáid a bhaint as GTA chun rochtain a fháil ar staitisticí custaim agus úsáideann oibreoirí príobháideacha an bunachar sonraí sin go fairsing freisin le haghaidh roinnt cuspóirí difriúla agus i gcomhthéacsanna difriúla. Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún go raibh na staitisticí in GTA iontaofa agus dhiúltaigh sé do na maímh sin.

(209)

Ina gcuid barúlacha maidir leis an gCéad Nóta, thug CCCME, Chengxi Shipyard, agus Suzhou Titan dá n-aire gur liostaigh an Coimisiún sa Chéad Nóta na cóid tráchtearraí de na tosca táirgeachta ar leibhéal sé dhigit. Chuige sin, d’áitigh Chengxi Shipyard gur sna staitisticí allmhairiúcháin atá bunaithe ar chód sé dhigit, áíríodh ábhair seachas an toisc táirgeachta shonrach. Dá bhrí sin, d’fhonn feabhas a chur ar chruinneas na sonraí, mhol na páirtithe staitisticí allmhairiúcháin a úsáid ar leibhéal níos airde mionsonraí de na cóid is infheidhme. D’áitigh CCCME agus Suzhou Titan sa bhreis air sin nár cheart don Choimisiún úsáid a bhaint ach amháin as na staitisticí a léiríonn go cruinn allmhairí na gcineálacha feirí a úsáidtear i monaraíocht an táirge faoi imscrúdú. Luaigh CCCME a chuid barúlacha an athuair maidir le húsáid staitisticí allmhairiúcháin ar leibhéal na gcód sé dhigit ina éisteacht agus barúlacha tar éis na céime sealadaí.

(210)

Sa Dara Nóta, thug an Coimisiún dá aire gur úsáid sé i gcéimeanna luatha an imscrúdaithe an Córas Comhchuibhithe um Thuairisciú agus um Chódú Tráchtearraí ar leibhéal sé dhigit. Ag céim níos déanaí den imscrúdú agus i gcás inarbh fhéidir, d’úsáid an Coimisiún cóid níos sonraí sa tír ionadaíoch a bheadh mar mheaitseáil fhéideartha d’ionchuir shonracha na n-allmhaireoirí, faoi mar a léirítear i dTábla 1 thíos.

(211)

Ina gcuid Barúlacha maidir leis an gCéad Nóta, d’áitigh CCCME agus Suzhou Titan nár léiríodh na praghsanna intíre leis na praghsanna allmhairiúcháin toisc gurbh fhéidir an chainníocht arna seachadadh agus an fad go dtí an tír thionscnaimh a chur i bhfeidhm orthu. Luadh an maíomh sin an athuair sna barúlacha a thug na páirtithe maidir leis an Dara Nóta agus san éisteacht agus barúlacha le CCCME tar éis na céime sealadaí. Mhaígh CCCME, Chengxi Shipyard agus Suzhou sa bhreis air sin gur cheart don Choimisiún allmhairí cainníochtaí beaga ar phraghsanna fíor-ard a eisiamh ón ríomh. Sa bhreis air sin, d’áitigh Chengxi Shipyard nár cheart don Choimisiún allmhairí ón tSín a eisiamh ón ríomh (chuig an tír ionadaíoch) i gcás nach raibh cainníochtaí allmhairiúcháin suntasacha i gceist agus go ndearnadh iad ar phraghsanna comhchosúla le praghsanna allmhairiúcháin ó thíortha tionscnaimh eile agus nach raibh saobhadh ar bith ann dá réir.

(212)

Sa Dara Nóta, mheas an Coimisiún gur fheidhmigh an chainníocht arna seachadadh agus an fad idir an soláthróir agus an t-úsáideoir tionchar comhionann ar na praghsanna intíre i dtír ionadaíoch. Sa bhreise air sin, léiríodh an chainníocht arna seachadadh i ríomh an phraghais neamhshaofa toisc gur mheán ualaithe a bhí i ríomh an Choimisiúin. Chiallaigh sé sin freisin nár ghá cainníochtaí beaga a allmhairítear ar phraghsanna arda a eisiamh toisc nár fheidhmigh siad tionchar ar an meánphraghas neamhshaofa deiridh. Tugadh an fad san áireamh freisin toisc gur úsáid an Coimisiún na praghsanna allmhairiúcháin ag teorainn na tíre ionadaíche (luach CIF) mar thúsphointe. Rinneadh na praghsanna CIF a choigeartú a thuilleadh le haghaidh dleachtanna allmhairiúcháin agus costais iompair intíre d’fhonn praghas neamhshaofa ar thoisc táirgeachta a bhunú ag geata na monarchan. Ar deireadh, thug an Coimisiún dá aire nach raibh conclúidí faoin saobhadh suntasach i nDaon-Phoblacht na Síne bunaithe ar leibhéal phraghas allmhairiúcháin na n-ábhar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, ach ar bheartais rialtasacha a bheith i bhfeidhm lena saobhtar an margadh. Dá dheasca sin, diúltaíodh do na maímh thuas go léir maidir leis na praghsanna neamhshaofa a ríomh.

(213)

Sa Chéad Nóta, mhaígh CCCME agus Suzhou Titan sa bhreis air sin i gcás inar áiríodh sna staitisticí allmhairiúcháin costais lastais aigéin agus árachais, gur cheart na costais sin a asbhaint toisc go bhfuair na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha sa sampla a gcuid ionchur ar an margadh intíre agus nár thabhaigh siad na costais sin. Rinne CCCME an maíomh sin an athuair ina éisteacht agus barúlacha tar éis na céime sealadaí.

(214)

Chuige sin, sa Dara Nóta shoiléirigh an Coimisiún go gcuirfeadh sé praghsanna ionadaíocha atá ar fáil go poiblí sa tír ionadaíoch roghnaithe in ionad praghsanna na n-ionchur a íocann táirgeoirí onnmhairiúcháin i gcomhréir leis an modheolaíocht atá bunaithe ar Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. I gcás na dtosca táirgeachta dá n-úsáidtear an praghas allmhairiúcháin mar ionadaí, b’éigean gach costas a bhain le tabhairt an ábhair ón tír thionscnaimh go dtí geata na monarchan sa tír ionadaíoch a thabhairt san áireamh le bheith ar an leibhéal céanna iomaíochta leis na táirgeoirí intíre eile. Bhí áireamh an lastais aigéin agus an árachais, agus na ndleachtanna allmhairiúcháin fiú, ríthábhachtach dá réir chun praghas neamhshaofa sa tír ionadaíoch a chinneadh. Dá dheasca sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

(215)

Ina theannta sin, sa Dara Nóta, luaigh an Coimisiún, chun an gnáthluach a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, go n-úsáidfeadh sé GTA (88) chun an costas neamhshaofa a dhéanamh amach maidir le formhór na dtosca táirgeachta sa tír ionadaíoch, go sonrach na hamhábhair agus na seachtháirgí. Ina theannta sin, shonraigh an Coimisiún go mbainfeadh sé úsáid as an bhfaisnéis arna foilsiú ag Rannóg Staidrimh na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (“Ilostat”) agus ag an Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíoch (“ECFE”) le haghaidh costais neamhshaofa an tsaothair (89), ag CFE nó eolas ó fhaisnéis mhargaidh le haghaidh costais neamhshaofa an leictreachais (90), agus ag Comisión Reguladora de Energía (“CRE”) le haghaidh costais neamhshaofa an gháis nádúrtha (91).

(216)

Sa Dara Nóta, thug an Coimisiún le fios do na páirtithe leasmhara freisin óir ba chion diomaibhseach den chostas táirgthe iomlán a bhí san uisce, gal agus aer comhbhrúite (92), nach bhféachfadh an Coimisiún le praghsanna neamhshaofa na bhfoinsí fuinnimh sin a fháil. Bhí an Coimisiún ag beartú na míreanna diomaibhseacha sin a ghrúpáil le chéile faoi “thomhaltáin”.

(217)

Sna barúlacha maidir leis an Dara Nóta, d’áitigh CCCME agus Suzhou Titan go raibh sonraí allmhairiúcháin Mheicsiceo rí-easnamhach de bharr gur tuairiscíodh in GTA iad ar luach sar ar bord (“FOB”). Dá bhrí sin, b’éigean don Choimisiún an luach CIF a ríomh leis an gcomhéifeacht CIF go FOB atá ar fáil i mbunachar sonraí International Transport and Insurance Costs of Merchandise Trade (93) (“ITIC”) ECFE. Chuige sin, rinne CCCME, Chengxi Shipyard agus Suzhou Titan cáineadh gur úsáid an Coimisiún comhéifeacht mheánach CIF go FOB aonair le haghaidh na dtosca táirgeachta go léir agus na dtíortha tionscnaimh go léir. Rinne CCCME an maíomh sin an athuair ina éisteacht agus barúlacha tar éis na céime sealadaí.

(218)

Thug an Coimisiún dá aire den chéad uair nár bhain níos mó neamhiontaofachta leis na sonraí de bharr an fhíorais gur thaifead agus gur thuairiscigh Meicsiceo a cuid staitisticí allmhairiúcháin ar luach FOB. Sa bhreis air sin, d’úsáid an Coimisiún foinse eolais neamhspleách do thiontú na luachanna allmhairiúcháin FOB ina luachanna allmhairiúcháin CIF. Chuige sin, rinne an Coimisiún iniúchadh ar an maíomh a rinne na trí pháirtí leasmhara maidir le húsáid chomhéifeacht CIF go FOB aonair, agus tháinig sé ar an gconclúid go mbeadh sé níos iomchuí difríocht a dhéanamh idir an chomhéifeacht de réir toisc táirgeachta agus tír thionscnaimh. I gcás nach raibh an fhaisnéis ar fáil le haghaidh tíortha tionscnaimh áirithe, d’úsáid an Coimisiún comhéifeacht mheánach a tuairiscíodh i mbunachar sonraí ITIC de chuid ECFE le haghaidh na toisce táirgeachta faoi leith sin.

(219)

Ina gcuid barúlacha maidir leis an Dara Nóta, d’áitigh CCCME, Chengxi Shipyard agus Suzhou Titan gur chuir an Coimisiún dleacht allmhairiúcháin 25 % i bhfeidhm go mícheart ar allmhairí plátaí cruach de thionscnamh SAM toisc gur scoireadh den dleacht frithbheartach sin roimh thús thréimhse an imscrúdaithe. Rinne CCCME an maíomh sin an athuair ina éisteacht agus barúlacha tar éis na céime sealadaí.

(220)

Rinne an Coimisiún scrúdú ar an maíomh. Shuigh sé gur ghearr Meicsiceo dleacht 25 % ar allmhairí táirgí cruach faoi leith i mí an Mheithimh 2018, lenar áiríodh na plátaí cruach, mar fhreagairt do tharaif cruach agus alúmanaim faoi Roinn 232 de chuid SAM (94). D’fhoircinn Meicsiceo na frithbhearta i mí na Bealtaine 2019 (95) tar éis comhaontú (96) ar ar thángthas le SAM maidir leis na taraifí cruach agus alúmanaim faoi Roinn 232. Ina dhiaidh sin, ghlac an Coimisiún leis an maíomh agus chuir sé an dleacht allmhairiúcháin á húsáid i ríomh costais neamhshaofa na bplátaí cruach in oiriúint dá réir.

(221)

San aighneacht maidir leis an Dara Nóta, thug Suzhou Titan, agus Chengxi Shipyard barúlacha maidir leis an gcód tráchtearra a raibh sé beartaithe ag an gCoimisiún a úsáid chun na costais neamhshaofa a bhain le tosca táirgeachta áirithe a chinneadh, go háirithe na plátaí cruach, péint, sreang tháthúcháin, agus boltaí. D’áitigh Chengxi Shipyard nár cheart don Choimisiún úsáid a bhaint ach amháinas cód tráchtearra 8311 30 01 chun costas neamhshaofa na sreinge táthúcháin lena táthú trí lasair a shuí toisc gurbh é an cód tráchtearra sin amháin a chumhdaigh sreang tháthúcháin iarainn agus chruach. D’áitigh an chuideachta sa bhreis air sin gur cheart don Choimisiún cóid tráchtearra a chur as an áireamh i gcás boltaí a úsáidtear in aerárthaí agus i mótarfheithiclí, agus i gcás boltaí cruach dhosmálta nuair atáa gcostas neamhshaofa á gcinneadh. D’iarr Suzhou Titan go gcuirfeadh an Coimisiún na cóid tráchtearra maidir le plátaí cruach de thiús os cionn 10 mm (HS 7208 51) i bhfeidhm ina n-aonar ar bhonn ghrád cruach na bplátaí a úsáideann an chuideachta iarbhír. Cosúil leis sin, d’iarr an chuideachta go gcuirfeadh an Coimisiún an dá chód tráchtearra maidir le péint ar mhórán since (HS 3208 90 agus 3209 90) i bhfeidhm ina n-aonar ag brath ar an gcineál péinte iarbhír a úsáideann an chuideachta.

(222)

Shuigh an Coimisiún go raibh sé níos iomchuí sreang tháthúcháin déanta as miotail seachas iarann agus cruach a eisiamh ó na cóid tráchtearra a úsáidtear chun an costas neamhshaofa a chinneadh. Chuir an Coimisiún an prionsabal sin i bhfeidhm, ní hamháin ar shreang tháthúcháin le haghaidh táthúcháin le lasair (HS 8311 30), ach freisin ar shreang tháthúcháin le haghaidh stuatáthúcháin leictrigh (HS 8311 20). Cosúil leis sin, d’eisiaigh an Coimisiún na boltaí a úsáidtear in aerárthaí agus i mótarfheithiclí chomh maith le boltaí cruach dhosmálta ó na cóid tráchtearra a úsáidtear chun costas neamhshaofa na mboltaí a shuí.

(223)

Maidir leis na cóid tráchtearra a thugtar san áireamh chun costais neamhshaofa na bplátaí cruach de thiús os cionn 10 mm a ríomh, thug an Coimisiún dá aire go ndearnadh idirdhealú breise sa dá chód tráchtearra ar na plátaí sin leis an ngrád cruach in úsáid. Chloígh na gráid chruach dár tagraíodh sna cóid tráchtearra, le caighdeáin nach bhfuil in úsáid san Aontas áfach. Mar sin féin, thuairiscigh an chuideachta grád cruach na bplátaí cruach i gcomhréir leis na caighdeáin is infheidhme san Aontas. Níor chuir an chuideachta aon fhianaise ar fáil faoi na gráid chruach a liostaítear sna cóid tráchtearra a bhí comhfhreagrach leis na gráid chruach a úsáideann an chuideachta.

(224)

Maidir leis an bpéint eapocsach ar mhórán since, chinn an Coimisiún gur sholáthair an chuideachta fianaise leordhóthanach a thacaigh lena hiarraidh chun ceann amháin de chóid na dtráchtearraí a chur i bhfeidhm do phéint den sórt sin ar ghnáthluach ríofa na cuideachta.

(225)

Dá dheasca sin, ghlac an Coimisiún leis an maíomh a bhain le cóid na dtráchtearraí do shreang táthaithe, boltaí, péint eapocsach ar mhórán since, ach dhiúltaigh sé an maíomh a bhain le cóid na dtráchtearraí do phláta cruach ar thiús níos mó ná 10 mm. I gcás inarb iomchuí, theorannaigh an Coimisiún cóid na dtráchtearraí a úsáideadh i ríomh chostais neamhshaofa tosca táirgeachta áirithe do na cinn siúd arna n-aithint ag na páirtithe.

(226)

Tar éis an nochta deiridh, d’áitigh Chengxi Shipyard gur úsáid an Coimisiún cóid tráchtearraí mhíchearta i ndáil le dhá thoisc táirgeachta. D’áitigh an chuideachta gur mhodhnaigh an Coimisiún an cód HS a úsáideadh chun costas neamhshaofa an dá thoisc táirgeachta sin a shuí gan an chuideachta a chur ar an eolas: d’úsáid an Coimisiún cód HS 7308 90 (97) in áit cód HS 7326 90 (98) arna thuairisciú ag an gcuideachta.

(227)

Le linn na cros-seiceála cianda, bhí idirphlé ag an gCoimisiún leis an gcuideachta maidir leis an gcód HS arna mholadh ag an gcuideachta le haghaidh toisc táirgeachta amhail an dá thoisc táirgeachta i gceist. D’aontaigh an chuideachta go mbeadh sé níos iomchuí cód HS 7308 90 a úsáid toisc gur bhain an toisc sin táirgeachta le struchtúir chruach (99). Bunaithe ar an idirphlé seo leis an gcuideachta agus mionsonraí thuairisc an ábhair a sholáthair an chuideachta le linn na cros-seiceála cianda, chinn an Coimisiún go raibh sé níos iomchuí cóid tráchtearra a úsáid a chumhdaigh struchtúir chruach agus codanna de struchtúir cruach chun costas neamhshaofa an dá thoisc táirgeachta i gceist a shuí ná an cód HS arna thuairisciú ag an gcuideachta a úsáid. Cuireadh an chuideachta ar an eolas maidir leis an gcinneadh seo sa nochtadh deiridh. Thairis sin, níor thug an chuideachta aon réasúnaíocht ar an bhfáth a mbeadh an cód HS tuairiscithe níos cruinne ná an cód HS ceartaithe. Dá dheasca sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh.

(228)

Tar éis an nochta deiridh, mheabhraigh Suzhou Titan gur dhiúltaigh an Coimisiún na costais a tuairiscíodh i dtaobh roinnt tosca táirgeachta, ar mhaígh an chuideachta nach raibh siad faoi réir saobhadh suntasach toisc gur allmhairíodh iad, sa nochtadh a bhain go sonrach leis an gcuideachta. Bhí dhá chúis le diúltú an Choimisiúin: (1) níor sholáthair an chuideachta fianaise thacaíochta ach amháin le haghaidh líon teoranta de na hidirbhirt allmhairiúcháin faoi seach agus (2) níor úsáideadh na hamhábhair allmhairithe sna tionscadail a onnmhairíodh chuig an Aontas le linn thréimhse an imscrúdaithe. Mhaígh an chuideachta nár iarr an Coimisiún fianaise maidir le gach idirbheart allmhairiúcháin. Anuas air sin, d’athdhearbhaigh sé an mhodheolaíocht a úsáideadh chun an costas táirgthe a leithdháileadh in aghaidh an chineáil táirge, rud ar ghlac an Coimisiún leis le linn na cros-seiceála cianda, agus chomh maith leis sin go raibh an Coimisiún in ann an costas táirgthe a réiteach le cuntasaíocht na cuideachta (comhardú trialach). Dá bhrí sin, de réir na cuideachta, ba cheart don Choimisiún glacadh le leithdháileadh chostais iarbhír na dtosca allmhairiúcháin táirgeachta maidir le tionscadail a soláthraíodh don Aontas.

(229)

Níor iarr an Coimisiún doiciméid tacaíochta maidir le hidirbhirt allmhairiúcháin eile toisc go mba léir ón bhfaisnéis a chuir an chuideachta isteach maidir le ceannach amhábhar (100) nár úsáideadh na hábhair allmhairithe sna tionscadail a soláthraíodh don Aontas le linn na tréimhse imscrúdaithe. B’ábhartha é sin go háirithe don imscrúdú reatha, ar cheannaigh na táirgeoirí onnmhairiúcháin na hionchuir éagsúla le haghaidh gach tionscadail ar bhonn aonair i gcomhréir leis na líníochtaí agus sonraíochtaí teicniúla a sholáthair an custaiméir. Ghlac an Coimisiún le modh leithdháilte na cuideachta toisc gur thug sé léargas leorchruinn ar na cineálacha amhábhar, agus an chainníocht, a úsáideadh in aghaidh an chineáil táirge. Níorbh fhéidir leis neamhaird a dhéanamh, áfach, nár úsáideadh na hábhair, a maíodh go raibh siad neamhshaofa, sna cineálacha táirgí a onnmhairíodh chuig an Aontas. Níl sé ábhartha, sa chás seo, gur réitigh an Coimisiún an costas foriomlán táirgthe le cuntasaíocht airgeadais na cuideachta, toisc nár sholáthair an chuntasaíocht airgeadais, an comhardú trialach go háirithe, aon fhaisnéis maidir leis an gcostas táirgthe in aghaidh an chineáil táirge. Dhiúltaigh an Coimisiún an maíomh ina dhiaidh sin.

3.2.3.   Costais neamhshaofa agus tagarmharcanna

3.2.3.1.   Tosca táirgeachta

(230)

I bhfianaise na faisnéise uile a chuir na páirtithe leasmhara isteach agus a bailíodh le linn na gCros-Seiceálacha Cianda, sainaithníodh na tosca táirgeachta seo a leanas agus a bhfoinsí chun an gnáthluach a chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán:

Tábla 1

Tosca táirgeachta na dtúr gaoithe cruach

Toisc tháirgeachta

Cód an Tráchtearra i Meicsiceo

Luach neamhshaofa (CNY)

Aonad tomhais

Amhábhair

Plátaí cruach ar thiús is mó ná 10 mm

Táirgí cothromrollta iarainn nó cruach neamh-chóimhiotail, ar leithead 600 mm nó níos mó, teo-rollta, nach bhfuil cumhdaithe, plátáilte, ná brataithe eile, nach bhfuil i gcornaí, teo-rollta agus gan aon saoirsiú thairis sin; Ar thiús níos mó ná 10 mm;

Ar thiús is mó ná 10 mm, seachas iad sin atá faoi fho-cheannteidil 7208 51 02 agus 7208 51 03 ;

Leatháin nó plátaí cruach ar thiús is mó ná 10 mm, SHT-80, SHT-110, AR-400, SMM-400 nó grád A-516

7208 51 01

7208 51 02

6,54

kg

Pláta cruach ar thiús 4,75 mm nó níos mó, ach nach mó ná 10 mm

Táirgí cothromrollta iarainn nó cruach neamhchóimhiotail, ar leithead 600 mm nó níos mó, teo-rollta, nach bhfuil cumhdaithe, plátáilte, ná brataithe Eile, nach bhfuil i gcornaí, teo-rollta agus gan aon saoirsiú thairis sin; Ar thiús 4,75 mm nó níos mó ach nach mó ná 10 mm

7208 52 01

6,44

kg

Plátaí cruach ar thiús is lú ná 3 mm

Táirgí cothromrollta iarainn nó cruach neamhchóimhiotail, ar leithead 600 mm nó níos mó, teo-rollta, nach bhfuil cumhdaithe, plátáilte, ná brataithe Eile, i gcornaí, teo-rollta, picilte agus gan aon saoirsiú thairis sin; Ar thiús níos lú ná 3 mm

7208 27 01

6,36

kg

Feirí

Earraí iarainn nó cruach; Feistis feadáin nó píobáin (mar shampla, cúplálacha, uillinneacha, muinchillí) as iarann nó as cruach; Eile; Feirí

7307 91 01

52,93

kg

Péint eapocsach ar mhórán since, easraithe nó tuaslagtha i meán neamh-uisceach

3208 90 99

50,49

kg

Péint eapocsach ar mhórán since, easraithe nó tuaslagtha i meán uisceach

3209 90 99

22,53

kg

Péint pholúireatáin

Péinteanna agus vearnaisí (lena n-áirítear cruain agus laicir) atá bunaithe ar pholaiméirí sintéiseacha nó polaiméirí nádúrtha a mhodhnaítear ar bhun ceimice, easraithe nó tuaslagtha i meán neamh-uisceach; Bunaithe ar pholaiméir aicrileacha nó vinile

3208 20 01

71,77

kg

Péint pholúireatáin

Péinteanna agus vearnaisí (lena n-áirítear cruain agus laicir) atá bunaithe ar pholaiméirí sintéiseacha nó polaiméirí nádúrtha a mhodhnaítear ar bhun ceimice, easraithe nó tuaslagtha i meán neamh-uisceach; Bunaithe ar phoileistir

3208 10 01

39,70

kg

Caolaitheoir péinte

Tuaslagóirí agus caolaitheoirí comhchodacha orgánacha nach bhfuil sonraithe ná áirithe in áit eile; péintdíobhaigh nó vearnaisdíobhaigh ullmhaithe (Caolaitheoir péinte)

3814 00 01

17,55

kg

Sreang táthaithe le haghaidh táthú le lasair

Sreang, slata, feadáin, plátaí, leictreoidí agus táirgí comhchosúla, as táirmhiotal nó as cairbídí miotail, atá brataithe nó croíleacaithe le hábhar flosca, de chineál a úsáidtear chun miotal nó cairbídí miotail a shádráil, a phrásáil, a tháthú nó a dheascadh; sreang agus slata, as púdar táirmhiotail cheirtleánaithe, a úsáidtear chun miotal a spraeáil; Slata brataithe agus sreang chroíleacaithe, as táirmhiotal, le haghaidh sádrála, prásála nó táthaithe trí lasair Earraí iarainn seachas iarann teilgthe, nó cruach

8311 30 01

131,54

kg

Sreang táthaithe le haghaidh stuatháthú leictreach

Sreang, slata, feadáin, plátaí, leictreoidí agus táirgí comhchosúla, as táirmhiotal nó as cairbídí miotail, atá brataithe nó croíleacaithe le hábhar flosca, de chineál a úsáidtear chun miotal nó cairbídí miotail a shádráil, a phrásáil, a tháthú nó a dheascadh; sreang agus slata, as púdar táirmhiotail cheirtleánaithe, a úsáidtear chun miotal a spraeáil; Sreang táirmhiotail chroíleacaithe, le haghaidh stuatháthú leictreach; De chruach

8311 20 04

25,45

kg

Sreabhadh Táthúcháin/Sádrála

Sreabhadh Agus Ullmhúcháin Eile Chúnta Do Shádráil, Prásáil Nó Táthú, Croíleacáin Nó Bratú Ullmhaithe, Nach Sonraítear Nó Nach nÁirítear In Aon Áit Eile, Do Leictreoidí Nó Slata Táthúcháin

Sreabhadh táthúcháin, a úsáidtear sa phróiseas stua tumtha, i bhfoirm gráinníní nó millíní, bunaithe ar ocsaídí sileacáite agus miotalacha;

Eile

3810 90 01

3810 90 99

25,45

kg

Dréimire alúmanaim

Struchtúir alúmanaim (gan foirgnimh réamhdhéanta atá faoi cheannteideal 9406 a áireamh) agus codanna de struchtúir (mar shampla, droichid agus codanna droichid, túir, crainn laitíse, díonta, creatlacha dín, doirse agus fuinneoga agus a bhfrámaí mar aon le tairseacha dorais, balastráidí, piléir agus colúin); plátaí, slata, próifílí, feadáin agus a leithéid de dhéantús alúmanaim, arna n-ullmhú lena n-úsáid i struchtúir; Eile

7610 90 99

81,50

kg

Fráma dorais

Doirse, Fuinneoga agus Frámaí Agus Tairseacha Do Dhoirse, As Iarrann Nó Cruach

Doirse, Fuinneoga agus a bhFrámaí;

Eile

7308 30 01

7308 30 99

30,09

kg

Gríl chruach

Gríl Eile, Líontán Agus Fálú Arna Tháthú Ag Trasnú Cruach Ghalbhánaithe

7314 31 01

19,42

kg

Gaireas frititime

Gléasadh, Feistis Agus Earraí Comhchosúla, Agus Páirteanna Díobh, As Miotal Neamhlómhar; Eile

8302 49 99

82,56

kg

Codanna éagsúla cruach

Struchtúir (gan foirgnimh réamhdhéanta atá faoi cheannteideal 9406 a áireamh) agus codanna de struchtúir iarainn nó cruach (mar shampla, droichid agus codanna droichid, geataí loic, túir, crainn laitíse, díonta, creatlacha dín, doirse agus fuinneoga agus a bhfrámaí mar aon le tairseacha dorais, comhlaí, balastráidí, piléir, colúin); plátaí, slata, uillinneacha, cruthanna, cónaisc, feadáin agus a leithéid arna n-ullmhú lena n-úsáid i struchtúir iarainn nó chruach; Eile; Eile

7308 90 99

22,19

kg

Cáblaí leictreacha le haghaidh voltais is mó ná 1 000 V

Sreang (lena n-áirítear cruanta nó anóidithe), cábla (lena n-áirítear cábla comhaiseacha) inslithe agus seoltóirí leictreacha inslithe eile, bíodh nascóirí feistithe díobh nó ná bíodh; cáblaí snáithín optúil, déanta de shnáithíní i dtruaillí ar leith, bídís cóimeáilte le seoltóirí leictreacha nó feistithe le nascóirí nó ná bídís; Seoltóirí leictreacha eile, le haghaidh voltais níos mó ná 1 000  V

As copar, alúmanam nó a gcóimhiotail;

Eile

8544 60 01

8544 60 99

57,80

kg

Cáblaí leictreacha le haghaidh voltais nach mó ná 1 000 V

Sreang (lena n-áirítear cruanta nó anóidithe), cábla (lena n-áirítear cábla comhaiseacha) inslithe agus seoltóirí leictreacha inslithe eile, bíodh nascóirí feistithe díobh nó ná bíodh; cáblaí snáithín optúil, déanta de shnáithíní i dtruaillí ar leith, bídís cóimeáilte le seoltóirí leictreacha nó feistithe le nascóirí nó ná bídís; Seoltóirí leictreacha eile, le haghaidh voltais nach mó ná 1 000 V; Eile

8544 49 01

8544 49 02

8544 49 03

8544 49 04

8544 49 05

8544 49 06

8544 49 99

47,29

kg

Scriúnna agus boltaí

Scriúnna, boltaí, cnónna, scriúnna cóiste, crúcaí scriú, seamanna, leicníní, pionnaí leicnín, leicneáin (lena n-áirítear leicneáin sprionga) agus earraí comhchosúla eile, as iarann nó as cruach; Scriúnna agus boltaí eile, bíodh cnónna nó leicneáin acu nó ná bíodh (seachas iad siúd a úsáidtear in aerárthaí nó i ngluaisteáin, agus iad siúd atá déanta as cruach dhosmálta)

7318 15 02

7318 15 04

7318 15 05

7318 15 06

7318 15 07

7318 15 08

7318 15 09

28,84

kg

Struchtúir chruach éagsúla

Struchtúir (gan foirgnimh réamhdhéanta atá faoi cheannteideal 9406 a áireamh) agus codanna de struchtúir iarainn nó chruach (mar shampla, droichid agus codanna droichid, geataí loic, túir, crainn laitíse, díonta, creatlacha dín, doirse agus fuinneoga agus a bhfrámaí mar aon le tairseacha dorais, comhlaí, balastráidí, piléir, colúin); plátaí, slata, uillinneacha, cruthanna, cónaisc, feadáin agus a leithéid arna n-ullmhú lena n-úsáid i struchtúir iarainn nó chruach; Eile;

Ráillí; balcóiní; staighre;

Struchtúir neamhchóimeáilte nó díchóimeáilte ina gcuimsítear frámaí, cuaillí agus a bplátaí boinn, bracanna, cláir cheangail, slata snaidhmthe agus teanntóga dá gcóimeáil, cibé acu le cnónna nó gan chnónna, agus páirteanna eile;

Eile

7308 90 01

7308 90 02

7308 90 99

20,91

kg

Seachtháirge

Dramhchruach i bhfoirm fuíoll deile agus scamhacháin

Fuíollábhar iarainn agus dramhiarann; athleá ar dhramhuingí iarainn agus cruach; Fuíollábhar agus dramhaíl eile; Fuíoll deile, scamhacháin, sliseoga, fuíollábhar meilte, minsáibh, mionrabh, scotháin agus stampáin, bídís cuachta nó ná bídís

7204 41 01

2,02

kg

Fuinneamh

Leictreachas

n/bh

0,98

kWh

Gás nádúrtha

n/bh

0,71

m3

Dé-ocsaíd charbóin

2811 21 01

2811 21 02

1,35

kg

Ocsaigin

2804 40 01

1,29

1,70

kg

m3

Lucht saothair

Lucht saothair

n/bh

16,25

Uaireanta an chloig

(231)

Chuir an Coimisiún ar áireamh i ríomh an ghnáthluacha luach ar fhorchostais mhonaraíochta chun costais a chumhdach nach n-áirítear sna tosca táirgeachta dá dtagraítear thuas. Mínítear an mhodheolaíocht go hiomchuí i roinn 3.2.3.2.

Amhábhair, seachtháirgí agus cineálacha áirithe fuinnimh

(232)

Chun praghas neamhshaofa na n-amhábhar, seachtháirgí, agus cineálacha áirithe fuinnimh (dé-ocsaíd charbóin agus ocsaigin), mar a dhéantar iad a sheachadadh ag geata táirgeora sa tír ionadaíoch, a shuí, d’úsáid an Coimisiún na praghsanna allmhairiúcháin chuig an tír ionadaíoch mar a thuairiscítear in GTA mar bhonn agus cuireadh dleachtanna allmhairiúcháin leis. Chun an luach ag geata na monarchan sa tír ionadaíoch a ríomh, méadaíodh meán ualaithe an luacha allmhairiúcháin, ar ar íocadh dleachtanna, le haghaidh gach toisc táirgeachta, faoi na costais iompair intíre. Mar a luaitear in aithris (217) agus aithris (218), déanann Meicsiceo taifeadadh ar a staitisticí allmhairiúcháin ar luach SAB. Dá bhrí sin, sa chás reatha seo, cuireadh lasta aigéin agus árachas leis an bpraghas allmhairiúcháin, arna chinneadh ó GTA, sular féadadh na dleachtanna allmhairiúcháin a léiriú sna tagarmharcanna.

(233)

Cinneadh praghas allmhairiúcháin sa tír ionadaíoch mar mheán ualaithe phraghsanna aonaid na n-allmhairí ó gach tríú tír gan Daon-Phoblacht na Síne a áireamh ná tíortha nach comhaltaí den Eagraíocht Dhomhanda Trádála iad, a liostaítear in Iarscríbhinn 1 de Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. (101) Chinn an Coimisiún na hallmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne isteach sa tír ionadaíoch a chur as an áireamh toisc gur tháinig sé ar an gconclúid in aithris (135) nach iomchuí praghsanna agus costais intíre i nDaon-Phoblacht na Síne a úsáid toisc go bhfuil saobhadh suntasach ann i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán. De bhrí nach bhfuil aon fhianaise ann lena léirítear nach ndéanann an saobhadh céanna difear comhionann do tháirgí a bhfuil sé beartaithe iad a onnmhairiú, mheas an Coimisiún go ndéanann an saobhadh céanna difear do phraghsanna onnmhairiúcháin. Cé is moite de na hionchuir a luaitear in aithris (234), ní raibh tionchar suntasach ag eisiamh allmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne agus roinnt tíortha nach comhaltaí den Eagraíocht Dhomhanda Trádála iad, toisc gurbh é a bhí sna hallmhairí a bhí fágtha ná 60 – 100 % d’iomlán na n-allmhairí a tháinig isteach sa tír ionadaíoch.

(234)

Le linn na tréimhse imscrúdaithe, d’allmhairigh Meicsiceo líon mór amhábhar áirithe (dréimire alúmanaim, feirí, sreang táthaithe, agus boltaí) ó Dhaon-Phoblacht na Síne agus/nó ó thíortha nach comhaltaí den Eagraíocht Dhomhanda Trádála iad. Léiríodh idir 45 agus 90 % d’allmhairí iomlána na gceithre thoisc táirgeachta leis na hallmhairí sin. Toisc nár thug aon rud a bhí sa chomhad le fios nárbh ionann na praghsanna allmhairiúcháin ó thíortha seachas Daon-Phoblacht na Síne agus tagarmharc iomchuí, agus in éagmais tráchtanna ó pháirtithe leasmhara maidir leis an bpointe seo, chinn an Coimisiún gurbh fhéidir iad a úsáid mar thagarmharc le haghaidh chostas neamhshaofa na n-amhábhar sin.

(235)

I gcás roinnt tosca táirgeachta, ba ionann na costais iarbhír arna dtabhú ag táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha sampláilte agus sciar diomaibhseach den chostas táirgeachta iomlán i dtréimhse an imscrúdaithe. Ós rud é nach raibh aon tionchar suntasach ag an luach a úsáideadh le haghaidh na hamhábhair sin ar na ríomhanna maidir leis an gcorrlach dumpála, gan beann ar an bhfoinse a úsáideadh, chinn an Coimisiún na costais sin a áireamh le tomhaltáin, mar a mhínítear in aithris (239).

(236)

Maidir leis an lasta aigéin agus árachas, d’úsáid an Coimisiún bunachar sonraí ITIC ECFE chun a luach a chinneadh. D’úsáid an Coimisiún an chomhéifeacht CAL le SAB atá infheidhme maidir le gach teaglaim aonair de thoisc táirgeachta a shainítear ag a leibhéal ceithre dhigit cód HS, an leibhéal is mionsonraithe atá ar fáil, agus tír thionscnaimh. Cuireadh luachanna a tuairiscíodh sa bhunachar sonraí le haghaidh 2016, an bhliain is déanaí atá ar fáil, san áireamh. I gcás nach raibh comhéifeacht ar fáil le haghaidh tír thionscnaimh faoi leith, d’úsáid an Coimisiún comhéifeacht mheánach a cinneadh le haghaidh na toisce áirithe táirgeachta.

(237)

Maidir le dleachtanna allmhairiúcháin, thug an Coimisiún dá aire gur allmhairigh Meicsiceo amhábhair ábhartha ó bhreis agus 50 tír ag a bhfuil leibhéil éagsúla rátaí dleachta allmhairiúcháin. Chuir an Coimisiún na dleachtanna allmhairiúcháin is infheidhme maidir le hallmhairí na n-amhábhar uile ar caitheadh leo mar thosca aonair táirgeachta, agus a dtír thionscnaimh á cur san áireamh, leis an luach CAL.

(238)

Shloinn an Coimisiún an costas iompair intíre arna thabhú ag gach táirgeoir onnmhairiúcháin comhoibríocha sampláilte chun amhábhair a cheannach mar chéatadán de chostas iarbhír na n-amhábhar sin agus chuir sé an céatadán céanna i bhfeidhm ar chostas neamhshaofa na n-amhábhar céanna chun an costas iompair neamhshaofa a fháil. Mheas an Coimisiún go bhféadfaí, i gcomhthéacs an imscrúdaithe sin, an cóimheas idir amhábhar an táirgeora onnmhairiúcháin agus na costais iompair intíre tuairiscithe a úsáid go réasúnta mar tháscaire chun meastachán a dhéanamh ar chostais neamhshaofa na n-amhábhar nuair a sheachadtar chuig an monarcha sa tír ionadaíoch iad.

Tomhaltáin

(239)

Thuairiscigh na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha sampláilte gur úsáideadh thart ar 120 amhábhar agus cineál fuinnimh éagsúil i dtáirgeadh an táirge faoi imscrúdú. Léiríodh leis an imscrúdú gurbh ionann formhór na dtosca táirgeachta sin agus sciar diomaibhseach den chostas táirgthe foriomlán, agus an costas tosca táirgeachta in aghaidh an chineáil táirge chomh maith. Chruinnigh an Coimisiún na tosca táirgeachta sin le chéile faoi thomhaltáin. Sloinneadh an costas iarbhír a thabhaigh na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha sampláilte mar chéatadán de chostas iarbhír na n-ábhar díreach agus cuireadh an céatadán i bhfeidhm ar chostas neamhshaofa na n-ábhar díreach.

Lucht saothair

(240)

Foilsíonn Ilostat (102) faisnéis maidir le tuarastail mhíosúla agus meánlíon na n-uaireanta seachtainiúla oibre in earnálacha gníomhaíochta eacnamaíche inter alia i Meicsiceo. D’úsáid an Coimisiún an fhaisnéis sin ó 2019 chun an meántuarastal in aghaidh na huaire san earnáil monaraíochta a chinneadh. Chun an costas foriomlán saothair a ríomh, bhraith an Coimisiún ar na sonraí, arna bhfoilsiú ag ECFE in Taxing Wages 2020 (103), inar cumhdaíodh an tréimhse 2019. Chuir an Coimisiún ranníocaíochtaí na bhfostóirí d’árachas breoiteachta agus máithreachais, seirbhísí sóisialta, árachas gortuithe, árachas scoir, árachas urscaoilte agus seanaoise, agus ciste tithíochta leis an tuarastal in aghaidh na huaire sa mhonaraíocht.

Leictreachas

(241)

Mar a mhínítear in aithris (182), shuigh an Coimisiún nach raibh aon fhianaise go ndearna idirghabháil rialtais saobhadh ar phraghas an leictreachais i Meicsiceo. Dá bhrí sin, bhí costas neamhshaofa an leictreachais bunaithe ar fhaisnéis ó Mheicsiceo.

(242)

Sa Dara Nóta, chuir an Coimisiún na páirtithe ar an eolas go raibh sé i gceist aige na taraifí leictreachais atá infheidhme maidir le húsáideoirí tionsclaíocha mar a d’fhoilsigh CCE a úsáid (104). D’fhoilsigh CCE na taraifí leictreachais is infheidhme maidir le roinnt cineálacha gnólachtaí agus úsáideoirí tionsclaíocha de réir na míosa agus de réir na bardasachta. Mar gheall ar an méid mór sonraí ba ghá a phróiseáil, chomh maith leis an sciar neamhthábhachtach leictreachais ar an gcostas táirgthe (thart ar 1 %), bheartaigh an Coimisiún brath ar an meánphraghas leictreachais i Meicsiceo, arna shuí i suirbhé Doing Business ag an mBanc Domhanda le haghaidh 2019 agus 2020 (105).

(243)

Tar éis an nochta deiridh, mhaígh Chengxi Shipyard agus Suzhou Titan nárbh fhoinse iomchuí é suirbhé Doing Business le haghaidh chostas neamhshaofa an leictreachais agus gur cheart don Choimisiún na taraifí arna ngearradh ag CCE le haghaidh an Éilimh Thionsclaíoch i Seachadadh agus Éileamh Tionsclaíoch i bhFosheachadadh a úsáid ina áit sin. Go háirithe, thug na cuideachtaí chun suntais nár léirigh an mhodheolaíocht a d’úsáid Doing Business na tosca faoina n-úsáideann táirgeoirí SWT leictreachas. Bhí an taraif arna ríomh ag Doing Business infheidhme maidir le trádstóras a bhí suite sa chathair gnólachta is mó sa tír, a nascadh leis an eangach den chéad uair agus a bhí ag oibriú ocht n-uaire an chloig in aghaidh in lae ar achar dromchla de thart ar 2 200m2 (foirgneamh agus talamh) agus tomhaltas míosúil atá i bhfad níos lú ná ceann an táirgeora Shínigh SWT. Ar an lámh eile, dar le Chengxi Shipyard, bhí na táirgeoirí SWT suite go minic i gceantair thionsclaíocha fho-uirbeacha, go raibh saoráidí táirgthe ar scála mór acu agus go raibh siad ag oibriú go leanúnach. Anuas air sin, sholáthair Suzhou Titan ríomh de chostas neamhshaofa an leictreachais bunaithe ar dhá tharaif (Éileamh Tionsclaíoch i Seachadadh agus Éileamh Tionsclaíoch i bhFosheachadadh) arna ngearradh ag CCE sna bardasachtaí a raibh na táirgeoirí Meicsiceacha SWT suite.

(244)

Thug an Coimisiún dá aire gur úsáid CCE 13 tharaif éagsúla dá chustaiméirí tionsclaíocha. Cé gurbh fhéidir roinnt de na taraifí sin a chur as an áireamh go héasca, amhail taraifí do chuideachtaí atá gníomhach in earnáil na talmhaíochta nó an dobharshaothraithe, fágadh go leor eile chun iad a bhreithniú. Shuigh an Coimisiún nár sholáthair na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte aon fhianaise lenar féidir a chinneadh cén taraif ba cheart a úsáid. Bhí an tagarmharc arna fhoilsiú ag Doing Business infheidhme maidir le custaiméir tionsclaíoch samplach. Dá bhrí sin, shuigh an Coimisiún go raibh an tagarmharc réasúnach cé nár oibrigh an ghnólacht shamplach arna húsáid ag Doing Business faoi na tosca ceannann céanna leis na táirgeoirí Síneacha SWT. Dá dheasca sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh.

Gás nádúrtha

(245)

Bhí praghas an gháis nádúrtha i Meicsiceo i dtréimhse an imscrúdaithe ar fáil sa bhunachar sonraí staidrimh ar líne, arna choinneáil ag an rialtóir fuinnimh CRE (106). D’úsáid an Coimisiún na praghsanna a tuairiscíodh le haghaidh na míonna ar fad lena gcumhdaítear an tréimhse imscrúdaithe. Tuairiscíodh na praghsanna in aghaidh an ghigigiúil. Dá bhrí sin, bhí aistriú chuig méadair chiúbacha riachtanach. Chun an cóimheas aistrithe a chinneadh, d’úsáid an Coimisiún an fhaisnéis a d’fhoilsigh an dáileoir gás nádúrtha Ceanadach, Forbis BC, ar líne (107).

3.2.3.2.   Forchostais mhonaraíochta, costais SGA agus brabús

(246)

De réir Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, “ní mór méid neamhshaofa agus réasúnach i gcomhair costais riaracháin, díola agus ghinearálta agus i gcomhair brabús a bheith san áireamh sa ghnáthluach comhdhéanta”. Ina theannta sin, ní mór luach ar fhorchostais mhonaraíochta a shuí chun costais a chumhdach nach n-áirítear sna tosca táirgeachta dá dtagraítear thuas.

(247)

Deimhníodh forchostais mhonaraíochta do gach táirgeoir onnmhairiúcháin sampláilte. Sloinneadh na forchostais mhonaraíochta arna dtuairisciú ag na cuideachtaí mar sciar de chostais na monaraíochta arna dtabhú iarbhír ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin. Cuireadh an céatadán sin chun feidhme maidir le costais neamhshaofa na monaraíochta.

(248)

Chun méid neamhshaofa agus réasúnach a shuí i gcomhair costais SGA agus an bhrabúis, bhraith an Coimisiún ar fhaisnéis airgeadais dhá tháirgeoir SWT i Meicsiceo. Maidir le Arcosa Industries de México, S. de R.L. de C.V., d’úsáid an Coimisiún na ráitis airgeadais a áirítear i dtuarascáil bhliantúil chomhdhlúite 2019, go háirithe na sonraí a tuairiscíodh le haghaidh dheighleog EEG (108). Maidir le Speco Wind Power, S.A. de C.V., d’úsáid an Coimisiún an fhaisnéis airgeadais aonair le haghaidh 2019 mar atá ar fáil in Global Financials le D&B (109).

(249)

Tar éis an nochta deiridh, mhaígh Chengxi Shipyard nár cheart don Choimisiún neamhaird a dhéanamh dá chostais díola, ghinearálta agus riaracháin toisc nár cruthaíodh é agus go raibh sé saofa. Thairis sin, d’áitigh an chuideachta dá leanfaí de ráitis airgeadais Arcosa a úsáid fós, gur cheart luachanna na míreanna costais faoi seach agus an bhrabúis a laghdú go 75 %, ós rud é gurbh é sin an sciar SWT agus na fodheighleoige struchtúir fóntais in ioncam ghrúpa EEG.

(250)

In aithris (88), tháinig an Coimisiún ar chonclúidí maidir le saobhadh suntasach a d’fhág go raibh úsáid Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán iomchuí. Ní hamháin go ndearnadh torthaí a shuí maidir le hamhábhair a úsáideadh i dtáirgeadh SWT, ach maidir leis an táirge faoi imscrúdú chomh maith agus saincheisteanna cothrománacha a bhí comónta do gach earnáil i ngeilleagar na Síne. Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún go raibh sé iomchuí tagarmharcanna neamhshaofa a chur in áit na gcostas díola, ginearálta agus riaracháin agus brabús na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte. Anuas air sin, thug an Coimisiún dá aire nárbh fhéidir coigeartú fhaisnéis airgeadais Arcosa chuig an leibhéal arna ghiniúint ag an bhfodheighleog, arbh é ba ghaire den táirge faoi imscrúdú, a dhéanamh ós rud é nár sholáthair faisnéis airgeadais Arcosa ach faisnéis maidir leis an sciar SWT agus fodheighleog struchtúr fóntais in ioncam ghrúpa EEG, ach gan costais na n-earraí a díoladh agus costais indíreacha eile a chuir le costais díola, ghinearálta agus riaracháin san áireamh. Dá dheasca sin, diúltaíodh maíomh Chengxi Shipyard.

(251)

D’áitigh Chengxi Shipyard anuas air sin, gur chuir sé míreanna costais áirithe san áireamh ina fhorchostais mhonaraíochta faoina chleachtais chuntasaíochta, nithe ar cheart bheith faoi chostais díola, ghinearálta agus riaracháin. Sholáthair an chuideachta liosta de na míreanna costais sin agus d’iarr ar an gCoimisiún iad a chur as an áireamh maidir le forchostais mhonaraíochta tuairiscithe chun comhaireamh dúbailte na míreanna costais sin a sheachaint, toisc gur maíodh gur cuireadh san áireamh iad i dtagarmharc na gcostas díola, ginearálta agus riaracháin.

(252)

Thug an Coimisiún dá aire gur thuairiscigh an chuideachta féin na míreanna costais i gceist faoi fhorchostais mhonaraíochta le linn an imscrúdaithe fhoriomláin (ina fhreagairt ar an gceistneoir ar dtús, san fhreagairt easnaimh agus i leagan athbhreithnithe de na sonraí a cuireadh isteach le linn na cros-seiceála cianda). Níor iarr sé ach go gcuirfí míreanna costais áirithe as an áireamh sna forchostais mhonaraíochta agus go mbogfaí chuig costais díola, ghinearálta agus riaracháin iad ina thráchtanna maidir le nochtadh deiridh. Thairis sin, san fhaisnéis maidir le brabús agus caillteanas a cuireadh isteach (110), a bhí mar chuid den fhreagairt ar an gceistneoir, thuairiscigh an chuideachta costais díola, ghinearálta agus riaracháin ar leithligh ina raibh míreanna costais seachas na cinn sin a bhí mar chuid de na forchostais mhonaraíochta. Níos tábhachtaí fós, bhí roinnt na gcostas idir forchostais mhonaraíochta agus costais díola, ghinearálta agus riaracháin a thuairiscigh an chuideachta le linn an imscrúdaithe i gcomhréir leis an gcuntasaíocht airgeadais, a raibh na míreanna costais i gceist áirithe i gcuntais na bhforchostas monaraíochta. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh.

(253)

Tar éis an nochta deiridh, mhaígh Suzhou Titan nár thuig an Coimisiún maidir leis na hítimí SGA i bhfaisnéis airgeadais Speco, ar bhain siad le hioncam nó caiteachas, rud a d’fhág costais SGA boilscithe. Dar leis an gcuideachta, ba cheart gurbh ionann na costais SGA agus thart ar 15 mhilliún MXN in áit an 42 mhilliún MXN a ríomh an Coimisiún.

(254)

Rinne an Coimisiún scrúdú ar an maíomh agus dheimhnigh gur ríomhadh luach na gcostas díola, ginearálta agus riaracháin i gceart. Is féidir luach na gcostas díola, ginearálta agus riaracháin a chros-seiceáil go héasca agus comparáid á déanamh idir an t-ollbhrabús (thart ar 105 milliún MXN) agus an brabús roimh chánacha (thart ar 63 milliún MXN). Léirigh an difríocht eatarthu (42 mhilliún MXN, ní 15 mhilliún MXN) luach na gcostas díola, ginearálta agus riaracháin. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún an maíomh.

3.2.4.   Ríomh

(255)

Ar bhonn a bhfuil thuas, rinne an Coimisiún an gnáthluach a chomhdhéanamh de réir chineál an táirge ar bhonn an phraghais dhírigh i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán.

(256)

Ar an gcéad dul síos, bhunaigh an Coimisiún na costais mhonaraíochta neamhshaofa. Chuir an Coimisiún na costais aonaid neamhshaofa i bhfeidhm ar thomhaltas iarbhír thosca ar leithligh na táirgeachta i gcás gach táirgeora onnmhairiúcháin chomhoibríoch sampláilte. D’iolraigh an Coimisiún na cainníochtaí tomhaltais aonaid faoi na costais neamhshaofa in aghaidh an aonaid a chonacthas sa tír ionadaíoch mar a thuairiscítear i roinn 3.2.3 thuas.

(257)

Nuair a suíodh costas neamhshaofa na monaraíochta, chuir an Coimisiún na forchostais mhonaraíochta, costais díola, ghinearálta agus riaracháin agus an brabús i bhfeidhm mar a tugadh ar aird in aithrisí (246) go (248).

(258)

Chuir an Coimisiún forchostais mhonaraíochta do gach táirgeoir onnmhairiúcháin sampláilte, mar a mhínítear in aithris (247), sa raon idir 3 agus 10 % de na costais mhonaraíochta leis an gcostas monaraíochta neamhshaofa chun teacht ar na costais táirgthe neamhshaofa.

(259)

Ar an gcostas táirgthe a suíodh, ar a dtugtar tuairisc san aithris roimhe, chuir an Coimisiún costais díola, ghinearálta agus riaracháin agus an brabús i bhfeidhm, bunaithe ar fhaisnéis airgeadais an dá tháirgeoir SWT i Meicsiceo. Ba é 13,6 % an meánchostas díola, ginearálta agus riaracháin ualaithe arna shloinneadh mar chéatadán de chostais na n-earraí a díoladh (“COGS”) agus arna chur i bhfeidhm ar chostas neamhshaofa táirgthe. Ba é 10,8 % an meánbhrabús ualaithe arna shloinneadh mar chéatadán de COGS agus arna chur i bhfeidhm ar chostais neamhshaofa táirgthe.

(260)

Ar deireadh, i gcás inarb infheidhme, d’asbhain an Coimisiún luach neamhshaofa an seachtháirge. D’iolraigh an Coimisiún na cainníochtaí seachtháirge a gineadh in aghaidh aonad an táirge faoi imscrúdú faoi phraghas aonaid an seachtháirge a chonacthas sa tír ionadaíoch, mar a thuairiscítear i roinn 3.2.3 thuas.

(261)

Ar an mbonn sin, rinne an Coimisiún an gnáthluach a chomhdhéanamh de réir chineál an táirge ar bhonn an phraghais dhírigh ón monarcha i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán.

(262)

Tar éis an nochta deiridh, mhaígh Chengxi Shipyard agus Suzhou Titan gur cheart don Choimisiún luach neamhshaofa an seachtháirge (dramhchruach) a díoladh a asbhaint as costas na monaraíochta agus ní as an ngnáthluach. D’áitigh Chengxi Shipyard go raibh sé i gcomhréir lena chleachtais chuntasaíochta chun an t-ioncam ó dhíolacháin na dramhchruach a fhritháireamh in aghaidh chostas na monaraíochta. Mheabhraigh Suzhou Titan gur asbhain an Coimisiún luach neamhshaofa an seachtháirge as costas na monaraíochta in imscrúduithe roimhe seo (111).

(263)

Maidir le maíomh Chengxi Shipyard, thug an Coimisiún dá aire gur leithdháil an chuideachta an t-ioncam a gineadh le díolacháin dramhchruach ar gach tionscadal ina chuntasaíocht chostála. Ina chuntasaíocht airgeadais, áfach, níor áiríodh an t-ioncam ó dhíolacháin dramhchruach mar phríomhioncam oibriúcháin agus is cinnte nár laghdaigh sé luach chostas na monaraíochta. I gcodarsnacht leis sin, taifeadadh ioncam faoi “Ioncam oibriúcháin eile”.

(264)

I ndáil le hargóint Suzhou Titan, thug an Coimisiún dá aire gur athúsáideadh an seachtháirge i dtáirgeacht na dtáirgeoirí féin san imscrúdú roimhe seo a luadh agus gur díoladh an dramhchruach sa chás reatha. Dá bhrí sin, san imscrúdú seo, sheas an tagarmharc le haghaidh dramhchruach don phraghas díola neamhshaofa, a chumhdaíonn ní hamháin an costas monaraíochta, ach na forchostais mhonaraíochta, costais SGA agus brabús freisin.

(265)

Dá dheasca sin, dhiúltaigh an Coimisiún do mhaímh Chengxi Shipyard agus Suzhou Titan a shonraítear in aithris (262).

(266)

I dteannta a bharúlacha ar an modheolaíocht a úsáideadh chun an éifeacht atá ag seachtháirge ar an ngnáthluach a léiriú, chuir Chengxi Shipyard in iúl gur fhág an Coimisiún asbhaint seachtháirge ar lár i ríomh ghnáthluach na cuideachta.

(267)

Rinne an Coimisiún scrúdú ar an maíomh agus dheimhnigh nár asbhaineadh luach neamhshaofa seachtháirge as an ngnáthluach, de bharr earráid chléireachais. Cheartaigh an Coimisiún an earráid agus léirigh na hathruithe i ríomh an chorrlaigh dumpála do chuideachtaí comhoibríocha eile agus an chorrlaigh dumpála iarmharaigh. Sheol an Coimisiún nochtadh deiridh breise chuig an gcuideachta agus thug sé deis di barúil a thabhairt. Níor thug an chuideachta aon bharúil eile maidir leis an tsaincheist sin.

(268)

Tar éis an nochta deiridh, chuir Chengxi Shipyard in iúl nár cheart don Choimisiún costas na dtomhaltán agus na bhforchostas monaraíochta a thabhairt ar aghaidh chuig an ngnáthluach ríofa mar chéatadán den chostas monaraíochta. De réir na cuideachta, ní raibh an dá chatagóir costais sin ceangailte le luach ábhair ionchuir eile. Ina ionad sin, ba cheart don Choimisiún tagarmharc oiriúnach a shainaithint sa tír ionadaíoch.

(269)

Shoiléirigh an Coimisiún gur cuireadh an mhodheolaíocht ar tugadh tuairisc uirthi i bhfeidhm de bharr nach raibh faisnéis faoi fhorchostais mhonaraíochta sna sonraí airgeadais a bhí ar fáil sa tír ionadaíoch. Cuireadh é sin in iúl do na páirtithe leasmhara trí bhíthin dhá Nóta maidir leis na foinsí chun an gnáthluach a chinneadh. Dá bhrí sin, bhí go leor deiseanna ag an gcuideachta chun tagarmharc oiriúnach a mholadh lena chur in ionad na bhforchostas monaraíochta saofa.

(270)

I ndáil le tomhaltáin, thug an Coimisiún dá aire gur sloinneadh costas tomhaltán mar chéatadán d’ábhair dhíreacha, ní mar chéatadán den chostas monaraíochta. I ndáil leis sin, chinn sé an mhodheolaíocht sin a chur i bhfeidhm i bhfianaise an tionchar teoranta atá ag tomhaltáin ar an gcostas táirgthe, ina n-iomláine agus in aghaidh an chineáil táirge, agus de bhrí nárbh fhéidir le roinnt de na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte tomhaltas tosca táirgeachta áirithe a thuairisciú i ngnáthaonaid tomhais. Ina ionad sin, tuairiscíodh aonaid amhail tacair nó buidéil, nach raibh ag teacht leis na haonaid a úsáideadh sna staitisticí allmhairiúcháin. Cé go ndearna na cuideachtaí sin iarracht, go ginearálta, agus gur aistrigh siad tomhaltas na dtosca táirgeachta níos tábhachtaí chuig gnáthaonaid (go cileagraim, den chuid is mó), níorbh fhéidir fáil réidh leis an easnamh sin maidir leis na tosca táirgeachta uile a ndearnadh difear dóibh. Chuir sin cosc ar an gCoimisiún teacht ar thagarmharc oiriúnach sa tír ionadaíoch agus mar sin chuir sé leis an ngá leis an gcostas tomhaltán a léiriú sa ghnáthluach mar chéatadán de chostas neamhshaofa na n-ábhar díreach.

(271)

Ar bhonn na gcúiseanna a luadh in aithris (269) agus aithris (270), dhiúltaigh an Coimisiún do mhaímh Chengxi Shipyard mar a shonraítear in aithris (268).

(272)

Rinne Chengxi Shipyard maíomh comhchosúil gur úsáid an Coimisiún an modh mícheart chun costas an iompair intíre a chur le costas neamhshaofa na dtosca táirgeachta . In ionad na costais neamhshaofa a mhéadú faoi chéatadán amháin arna chinneadh ar bhonn sonraí na cuideachta, ba cheart don Choimisiún an costas iompair aonair le haghaidh gach toisc táirgeachta a ríomh. Go háirithe, mhaígh an chuideachta go raibh an costas iompair aonaid nasctha níos mó leis meáchan ábhair ná le luach ábhair. Dá réir sin, trí bhíthin céatadán amháin a úsáid, boilscíodh an costas iompair le haghaidh tosca táirgeachta níos luachmhaire.

(273)

Mheabhraigh an Coimisiún gur ghá do na táirgeoirí onnmhairiúcháin an costas iompair iarbhír nó measta a bhain le gach toisc táirgeachta a thuairisciú. Mar sin féin, níor chuir an chuideachta an fhaisnéis is gá ar fáil. Dá dheasca sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh.

3.3.   An praghas onnmhairiúcháin

(274)

Ina bharúlacha maidir leis an tionscnamh, mhaígh CCCME go rabhthas in amhras faoi fhoinsí na faisnéise faoin bpraghas onnmhairiúcháin ó tharla, go háirithe, go raibh an praghas ar thúr gaoithe cruach (SWT) 3 chuid a úsáideadh sa ghearán níos airde ná an praghas ar thúr 4 chuid.

(275)

Thug an Coimisiún dá aire nárbh fhéidir leis an ngearánaí, sa chás reatha, úsáid a bhaint as na staitisticí allmhairithe oifigiúla chun praghas onnmhairiúcháin na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin i nDaon-Phoblacht na Síne a chinneadh. Ar dtús báire, tagann an táirge faoi imscrúdú faoi chóid AC lena gcumhdaítear raon níos leithne táirgí. Ansin, déantar na cainníochtaí a thaifeadadh i gcileagraim sna staitisticí allmhairiúcháin. Dá bhrí sin, níorbh fhéidir an praghas allmhairiúcháin ar na cineálacha éagsúla túr a chinneadh (ag brath ar líon na gcodanna). Mar a míníodh sa ghearán (112), chuir an gearánach mionnscríbhinní faoi mhionn a d’eisigh táirgeoirí an Aontais ar fáil mar fhianaise leordhóthanach ar an bpraghas buacach arna dtairiscint ag táirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne i dtairiscintí ar ghlac táirgeoirí an Aontais páirt iontu ach nár bhuaigh iad. I ndálaí an cháis reatha agus ag cur cineál sonrach an táirge faoi imscrúdú san áireamh, bhreith an Coimisiún gurbh fhoinse iontaofa go leor a bhí sna mionnscríbhinní faoi mhionn. D’fhéadfadh sé go raibh an praghas ar SWT 3-chuid níos airde ná an praghas ar SWT 4-chuid mar thoradh ar an bhfoinse faisnéise a d’úsáid an gearánach. Ina theannta sin, níor chuir CCCME aon fhianaise ar fáil lena thaispeáint nach bhféadfadh cás den sórt sin tarlú, go háirithe ós rud é go raibh tionchar ag ní hamháin an líon codanna ach ag a dtoisí (trastomhas, fad agus tiús) freisin ar an gcostas táirgthe agus dá bharr sin ar an bpraghas díola. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún an maíomh.

(276)

D'onnmhairigh na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte isteach san Aontas go díreach chuig custaiméirí neamhspleácha.

(277)

Ba é a bpraghas onnmhairiúcháin an praghas iarbhír a íocadh nó a bhí iníoctha le haghaidh an táirge lena mbaineann nuair a díoladh lena onnmhairiú leis an Aontas é, i gcomhréir le hAirteagal 2(8) den Bhun-rialachán.

3.4.   Comparáid

(278)

Rinne an Coimisiún comparáid idir gnáthluach agus praghas onnmhairiúcháin na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin a samplaíodh ar bhonn an phraghais dhírigh ón monarcha.

(279)

I gcás ina raibh údar leis mar gheall ar an ngá a bhí le comparáid chothrom a áirithiú, choigeartaigh an Coimisiún an gnáthluach agus/nó an praghas onnmhairiúcháin le haghaidh difríochtaí lena ndéantar difear do phraghsanna agus d’inchomparáideacht praghsanna, i gcomhréir le hAirteagal 2(10) den bhun-Rialachán. Rinneadh coigeartuithe maidir le láimhseáil agus lódáil, iompar sa tír lenar bhain, costas creidmheasa, agus, i gcás inarbh infheidhme, rinneadh an praghas onnmhairiúcháin a choigeartú maidir le luach soláthairtí a chuir an custaiméir ar fáil faoi chomhaontú dolaphróiseála de bhun Airteagal 2(10)(k) den bhun-Rialachán.

(280)

Ina bharúlacha faoin nochtadh deiridh, chuir Chengxi Shipyard in iúl nár cuireadh faisnéis sách mionsonraithe ar fáil i sonraí SGA tháirgeoirí SWT Mheicsiceo. Dá bhrí sin, de réir na cuideachta, ba dhócha go raibh speansais san áireamh sna costais díola, ghinearálta agus riaracháin a úsáideadh chun an gnáthluach a ríomh, speansais ba cheart a asbhaint ón bpraghas onnmhairiúcháin chun críche comparáide. Ina dhiaidh sin, d’iarr an chuideachta go ndéanfaí an tagarmharc SGA a choigeartú chun na liúntais a asbhaineadh ón bpraghas onnmhairiúcháin a léiriú.

(281)

Mheas an Coimisiún nár sholáthair an chuideachta aon fhianaise go raibh na speansais a asbhaineadh ón bpraghas onnmhairiúcháin chun críche comparáide curtha san áireamh in SGA an dá tháirgeoir SWT i Meicsiceo. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún an maíomh.

(282)

Mhaígh Chengxi Shipyard freisin go mba cheart an chomparáid idir gnáthluach agus praghas onnmhairiúcháin a bheith déanta in aghaidh an phíosa, i.e. in aghaidh na coda de SWT, seachas in aghaidh an chileagraim mar a rinne an Coimisiún. Luaigh an chuideachta gur cuireadh formhór na dtáscairí díobhála in iúl i bpíosaí seachas i meáchan. Sa bhreis air sin, d’áitigh sí gur thug praghas SWT in aghaidh an chileagraim pictiúr saofa in iúl ó tharla go bhféadfadh codanna inmheánacha éagsúla a bheith i ngach cuid, rud a raibh tionchar aige ar a meáchan ach nach raibh baint acu le praghsáil SWT. Ar deireadh, thug Chengxi Shipyard dá aire na neamhréireachtaí idir meáchan chodanna aonair a tuairiscíodh ina Eusalur (díolacháin san Aontas le custaiméirí neamhghaolmhara) agus a tháblaí COM PCN (costas táirgthe ina aghaidh an chineáil táirge). Mhaígh an chuideachta gur eascair na neamhréireachtaí sin as ceartúchán a d’iarr an Coimisiún i rith na cros-seiceála cianda.

(283)

Mheas an Coimisiún nach raibh na táscairí díobhála nasctha le ríomh an chorrlaigh dumpála. Thairis sin, níor sholáthair an chuideachta aon fhianaise maidir leis an maíomh nach raibh tionchar ag cuimsiú codanna inmheánacha ar an bpraghas SWT. I ndáil leis na neamhréireachtaí i meáchan cineálacha táirgí aonair (codanna) sna táblaí díolachán agus costas táirgthe, thug an Coimisiún faoi deara i rith na cros-seiceála cianda nár tuairiscíodh páirteanna áirithe a bhí liostaithe ar shonraisc dhíolacháin i luach agus i gcainníocht (meáchan) na n-idirbheart díolacháin faoi seach. Ó tharla gur dheimhnigh an chuideachta gur soláthraíodh na páirteanna sin mar ghabhálais den chuid áirithe den SWT agus gur áiríodh iad sa chostas táirgthe a tuairiscíodh, d’iarr an Coimisiún ar an gcuideachta iad a chur san áireamh i gcainníocht agus i luach na n-idirbheart díolachán a ndearnadh difear dóibh, agus chomhaontaigh an chuideachta leis sin. Mhaígh an chuideachta gur ailínigh siad, sna sonraí maidir le costas táirgthe, an meáchan leis an meáchan a tuairiscíodh ar dtús sa tábla díolachán. Ag an bpointe sin den imscrúdú, níorbh fhéidir a fhíorú cén meáchan in aghaidh an chineáil táirge (cuid SWT) a bhí ceart agus ar cheart é a úsáid, dá bhrí sin, sa ríomh. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún do na maímh.

(284)

Tar éis an nochta deiridh, d’áitigh Suzhou Titan go ndearna an Coimisiún neamhaird ar na difríochtaí idir SWT ar an gcladach agus SWT eischósta. Cé gur chinn an Coimisiún gan síneadh a chur leis na bearta frithdhumpála i gcás allmhairí chuig an scairbh ilchríochach agus limistéir eacnamaíocha eisiacha na mBallstát, mhaígh an chuideachta go n-úsáidtear túir eischósta i bhfeirmeacha gaoithe in uiscí críochacha tíre. Dá bhrí sin, d’éiligh an chuideachta, i gcás go mbeadh SWT eischósta curtha san áireamh sna ríomhanna, gur cheart na difríochtaí i saintréithe fisiceacha idir SWT ar an gcladach agus SWT eischósta a léiriú sa chomparáid.

(285)

A mhéid a bhaineann le Suzhou Titan, thug an Coimisiún dá aire nár onnmhairigh ná nár tháirg an chuideachta SWT eischósta. Go ginearálta, níor tháirg agus níor onnmhairigh ach ceann amháin de na trí tháirgeoir shampláilte líon teoranta codanna don Aontas le haghaidh suiteálacha eischósta. Áiríodh iad sin sna ríomhanna den chorrlach dumpála. Ó tharla go raibh an sainmhíniú ar chineálacha táirgí an-mhionsonraithe, ní raibh aon fhorluí le codanna de SWT ar an gcladach nuair a bhí comparáid á déanamh idir an gnáthluach agus an praghas onnmhairiúcháin in aghaidh an chineáil táirge. Mar sin, mheas an Coimisiún nach ndearnadh neamhaird ar na difríochtaí idir túir ar an gcladach agus túir eischósta nuair a bhí cinneadh maidir le dumpáil á dhéanamh agus dhiúltaigh sé don mhaíomh dá dheasca sin.

3.5.   Corrlach dumpála

(286)

Maidir leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha sampláilte, rinne an Coimisiún comparáid idir meán-ghnáthluach ualaithe gach cineáil den táirge comhchosúil agus an meánphraghas onnmhairiúcháin ualaithe ar chineál comhfhreagrach an táirge lena mbaineann, i gcomhréir le hAirteagal 2(11) agus (12) den bhun-Rialachán.

(287)

Maidir leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha lasmuigh den sampla, ríomh an Coimisiún an meánchorrlach dumpála ualaithe, i gcomhréir le hAirteagal 9(6) den bhun-Rialachán. Dá bhrí sin, suíodh an corrlach ar bhonn chorrlaigh na dtrí tháirgeoir onnmhairiúcháin sampláilte agus thug neamhaird ar na corrlaigh a suíodh sna dálaí dá dtagraítear in Airteagal 18 den bhun-Rialachán.

(288)

Ar an mbonn sin, is é 81,9 % corrlach dumpála cinntitheach na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha lasmuigh den sampla.

(289)

Maidir le gach táirgeoir onnmhairiúcháin eile i nDaon-Phoblacht na Síne, bhunaigh an Coimisiún an corrlach dumpála ar na fíorais a bhí ar fáil, i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán. Chuige sin, chinn an Coimisiún leibhéal comhair na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin. Is é an leibhéal comhair an méid onnmhairí de chuid na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha chuig an Aontas arna shloinneadh ina chion den mhéid allmhairí iomlán ó Dhaon-Phoblacht na Síne chuig an Aontas sa tréimhse imscrúdaithe a ndearnadh tomhas orthu leis an líon túr agus a suíodh ar bhonn an mheastacháin a sholáthair tionscal an Aontais mar a mhínítear in aithrisí (308) go (313).

(290)

Tá an leibhéal comhair íseal sa chás sin toisc gurbh ionann allmhairí na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha agus thart ar 30 % de na honnmhairí iomlána chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdaithe. Ar an mbonn sin, mheas an Coimisiún gur iomchuí an corrlach dumpála iarmhair a shuí ar leibhéal an mheánchorrlaigh dumpála ualaithe arna chinneadh do na cineálacha táirgí is mó a onnmhairíonn Chengxi Shipyard, an táirgeoir onnmhairiúcháin sampláilte leis an gcorrlach dumpála aonair is airde. B’ionann na cineálacha táirgí sin agus níos mó ná 50 % d’onnmhairí PUI na cuideachta sin chuig an Aontas sa tréimhse imscrúdaithe.

(291)

Is mar a leanas atá na corrlaigh dumpála shealadacha, arna sloinneadh mar chéatadán de phraghas CAL ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht a íoc:

Cuideachta

Corrlach dumpála cinntitheach

Chengxi Shipyard

126,8  %

Penglai Dajin

49,7  %

Suzhou Titan

60,7  %

Cuideachtaí comhoibríocha eile

81,9  %

Gach cuideachta eile

143,2  %

(292)

Tar éis an nochta deiridh, d’áitigh CCCME nach raibh na corrlaigh dumpála a shuigh an Coimisiún inchreidte. Go háirithe, luaigh an eagraíocht tionscail, maidir leis an sampla den chorrlach dumpála a cinneadh le haghaidh cuideachtaí comhoibríocha eile, gur cheart go mbeadh gnáthluach onnmhaireoirí na Síne tuairim is 80 % níos airde ná a bpraghas onnmhairiúcháin i gcás ina mbeadh praghsanna onnmhairiúcháin na Síne thart ar an leibhéal céanna le costas táirgthe tháirgeoirí an Aontais, bunaithe ar ríomh an Aontais. Chun teacht ar an gconclúid sin, d'asbhain CCCME an spriocbhrabús (9,1 %) ón gcorrlach díobhála (11,2 %) agus dá bhrí sin mhaígh sé nach raibh praghas onnmhairiúcháin na Síne ach 2 % níos airde ná costas táirgthe tháirgeoir an Aontais.

(293)

Thug an Coimisiún dá aire nach mbaineann an difríocht idir corrlaigh dumpála agus díobhála le hábhar nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar chreidiúnacht an ríomha den chorrlach dumpála. Bunaíodh corrlaigh dumpála ar an bhfaisnéis a sholáthair na cuideachtaí (ídiú tosca táirgeachta, costais áirithe, praghsanna onnmhairiúcháin) agus costais neamhshaofa agus tagarmharcanna arna suí sa tír ionadaíoch. Bhí deis ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin barúil a thabhairt maidir lena ríomh corrlaigh dumpála aonair. I gcás ina sainaithneofaí earráidí sna fíricí, bheadh siad curtha ina gceart ag an gCoimisiún. Ina theannta sin, cuireadh na páirtithe uile ar an eolas faoi fhoinsí agus luachanna costas neamhshaofa agus tagarmharcanna sa tír ionadaíoch agus tugadh deis dóibh barúil a thabhairt ar na foinsí féin agus ar earráidí féideartha sa ríomh chomh maith. Bunaithe ar bharúlacha na bpáirtithe leasmhara, rinne an Coimisiún athruithe nó ceartúcháin i gcás inarbh iomchuí.

(294)

Thairis sin, rinne CCCME comparáid idir catagóirí nach féidir comparáid a dhéanamh eatarthu go coincréiteach. Mar shampla, thug CCCME neamhaird ar an bhfíric go raibh costais díola, ghinearálta agus riaracháin, brabús, láimhseáil agus lódáil, lasta aigéin agus árachas, dleachtanna allmhairiúcháin agus costas iar-allmhairiúcháin san áireamh i bpraghsanna allmhairiúcháin tugtha i dtír sa tSín, agus dá bhrí sin nárbh fhéidir iad a chur i gcomparáid le costais táirgthe an Aontais. Thairis sin, níor chuir CCCME san áireamh gur phraghas tagtha i dtír a bhí i bpraghas onnmhairiúcháin na Síne i gcomparáid le spriocphraghas an Aontais chun críche an corrlach díobhála a ríomh, agus gur phraghas díreach ón monarcha a bhí i bpraghas onnmhairiúcháin na Síne a úsáideadh chun an corrlach dumpála a ríomh.

(295)

Ar deireadh, bunaithe ar na cúiseanna a luadh in aithris (293) agus aithris (294), dhiúltaigh an Coimisiún maíomh CCCME.

4.   DÍOBHÁIL

4.1.   Sainmhíniú ar an tionscal de chuid an Aontais agus ar tháirgeacht an Aontais

(296)

Rinne 19 dtáirgeoir aitheanta san Aontas an táirge comhchosúil a mhonarú le linn na tréimhse imscrúdaithe (113). Is ionann na táirgeoirí sin agus “tionscal an Aontais” de réir bhrí Airteagal 4(1) den bhun-Rialachán.

(297)

Maidir le táirgeacht iomlán an Aontais le linn na tréimhse imscrúdaithe, rinneadh amach gur tuairim agus 2 443 thúr a bhí ann.

(298)

Mar a tugadh le fios in aithris (8), measadh gurbh ionann na trí tháirgeoir chomhoibríocha ón Aontas a roghnaíodh sa sampla agus 38 % de tháirgeacht iomlán an táirge chomhchosúil san Aontas. B’ionann iad agus 38 % de mhéideanna díolacháin an Aontais a cuireadh ar bun ag an gcéim thionscnaimh.

4.2.   Tomhaltas an Aontais

(299)

Tá méideanna suntasacha de tháirgí eile san áireamh sna trí chód AC faoinar féidir SWT nó codanna díobh a allmhairiú. Dá bhrí sin, in éagmais sonraí níos cruinne maidir le hallmhairí SWT don tréimhse faoi bhreithniú, shuigh an Coimisiún tomhaltas an Aontais ar bhonn sonraí EWTA (114).

(300)

Rinne EWTA tomhaltas a thosaíonn i suiteálacha gaoithe a ríomh in MW mar a fhoilsíonn WindEurope (115). Rinne EWTA an líon túr a ríomh trí bhíthin na MW a shuiteáiltear gach bliain a roinnt ar mheánmhéid(eanna) na ngineadóirí tuirbín gaoithe arna suiteáil de réir tuarascálacha WindEurope. Tá tomhaltas an Aontais in 2017 bunaithe ar shuiteálacha 2018 mar a thuairiscigh WindEurope. Tá tomhaltas an Aontais in 2018 bunaithe ar shuiteálacha 2019 mar a thuairiscigh WindEurope agus tá tomhaltas an Aontais in 2019 bunaithe ar shuiteálacha 2020 mar a thuairiscigh WindEurope. Tá tomhaltas an Aontais sa tréimhse imscrúdaithe bunaithe ar shuiteálacha 2020 mar a thuairiscigh WindEurope (don chéad leath den tréimhse imscrúdaithe) agus ar eachtarshuímh bunaithe ar fhaisnéis EWTA ar an margadh (don dara leath den tréimhse imscrúdaithe). Tá gá leis an gcoigeartú ama 1-bhliain mar gheall ar an aga tionscanta idir an t-am a dhíolann táirgeoirí SWT lena gcliaint agus an t-am a suiteáiltear tuirbíní gaoithe arb é 12 mhí ar an meán é, de réir faisnéis ar taifead (116), cé go bhféadfadh sé a bheith níos faide (117).

(301)

Ar an mbonn sin, is mar a leanas a tháinig forbairt ar thomhaltas le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 2

Tomhaltas ar mhargadh an Aontais (túir)

 

2017

2018

2019

An tréimhse imscrúdaithe

Tomhaltas an Aontais

2 707

3 200

2 851

3 087

Innéacs

100

118

105

114

Foinse: EWTA

(302)

Tháinig méadú ar an tomhaltas uile ó 2 707 dtúr in 2017 go dtí 3 087 sa tréimhse imscrúdúcháin. Bhí an t-éileamh láidir in 2018 go háirithe, mar thoradh ar an ardú ar líon na suiteálacha in 2019 sa Spáinn, sa tSualainn agus ar an eischósta (118).

(303)

Tar éis an nochta deiridh, mhaígh GE nach raibh mórán céille le figiúirí tomhaltais an Aontais a bhunú ar líon na suiteálacha san Aontas i rith na bliana ina dhiaidh sin, de bhrí go mbeadh sé dodhéanta dáta ceannaigh a athríomh go cruinn ó bhliain na suiteála. Chun tacú leis an maíomh sin, luaigh GE go bhféadfaidh níos mó ná 1 bhliain amháin a bheith i gceist leis an aga tionscanta, mar a fuair an Coimisiún, ach níor thug sé barúil faoi cé chomh iomchuí atá sé meán-aga tionscanta 12 mhí a úsáid, mar a mhol EWTA agus a bhfuair an Coimisiún gur aga réasúnach é bunaithe ar an bhfaisnéis arna soláthar ag páirtithe leasmhara san imscrúdú seo.

(304)

Thug an Coimisiún dá aire ar dtús nár mhol GE aga tionscanta malartach chun tomhaltas a shuí ar bonn sonraí suiteála WindEurope, ná bonn difriúil chun tomhaltas a ríomh. Go deimhin, d’admhaigh GE féin go mbíonn éagsúlacht mhór i gceist leis na hamlínte ón am a gceannaítear túir ghaoithe cruach go dtí an t-am a suiteáiltear iad, ag brath ar an tionscadal feirme gaoithe agus an méid agus an áit a bhfuil sí, agus go dtagann athrú freisin ar na hamlínte ón am a bhfaightear imréiteach custaim do thúir ghaoithe chruach (nó an t-am a bhfágann siad monarchana tháirgeoirí an Aontais) go dtí an t-am a suiteáiltear iad. Maidir le réasúntacht meán-aga tionscanta de 1 bhliain amháin idir díol (tomhaltas) agus suiteáil, fuair réasúnaíocht EWTA tacaíocht ó ráitis a sholáthair páirtithe leasmhara eile i rith an imscrúdaithe (119). Ar deireadh, ní thagann faisnéis eile ar taifead salach ar an treocht tomhaltais a suíodh agus an coigeartú 1 bhliain amháin á chur i bhfeidhm. Diúltaíodh, dá bhrí sin, an maíomh.

(305)

Tar éis an nochta deiridh, d’iarr CCCME réiteach ar an tacar sonraí ábhartha a úsáideadh le foinsí a bhí ar fáil go poiblí. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh. Is é an easpa sonraí staidrimh cruinne atá ar fáil go poiblí i ndáil le túir ghaoithe chruach an chúis bheacht le dul i muinín na modheolaíochta ar tugadh breac-chuntas uirthi in aithris (300) thuas. I ndáil le hallmhairí, ní úsáideann Eurostat na haonaid tomhais chéanna agus atá i dtacar sonraí WindEurope. Thairis sin, tá méideanna suntasacha táirgí eile san áireamh sna cóid AC faoina n-aicmítear túir ghaoithe chruach. Cuireadh na leaganacha oscailte de thacair shonraí EWTA a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin ar fáil do pháirtithe leasmhara in t21.003247, a sábháladh an 12.4.2021 (tacair shonraí WindEurope agus Eurostat) agus in t21.004376, dar dáta an 7.6.2021 (tacar sonraí WindEurope).

(306)

Tar éis an nochta deiridh, cheistigh CCCME na difríochtaí suntasacha sna figiúirí tomhaltais, (120) mar a tuairiscíodh sa ghearán (121), i bhfreagra EWTA ar an gceistneoir macrashonraí an 9 Aibreán 2021 (122) agus in aighneacht athbhreithnithe EWTA an 7 Meitheamh 2021 (123). Shoiléirigh an Coimisiún gur mhínigh EWTA na cúiseanna leis na hathruithe sa dá aighneacht dheireanacha de na haighneachtaí luaite agus d’athdhearbhaigh gur cuireadh na tacair shonraí fholuiteacha ar fáil do pháirtithe leasmhara. Tugtar míniú i bpáirt ar an difríocht idir an chéad fhreagra a thug EWTA ar an gceistneoir macrashonraí agus sonraí an ghearáin mar gheall nach raibh an Ríocht Aontaithe, ar margadh tábhachtach SWT í, san áireamh a thuilleadh sa fhreagra ar an gceistneoir macrashonraí mar gheall gur imigh sí go foirmiúil ón Aontas an 1 Eanáir 2021. Ina theannta sin, ina aighneacht an 7 Meitheamh 2021, mhínigh EWTA na figiúirí athraithe i ndáil le roinnt de na táscairí, i gcomparáid leis an aighneacht an 9 Aibreán 2021 de réir léargais nua, go háirithe i ndáil le tomhaltas uile bliantúil (an coigeartú 1 bhliain amháin dá dtagraítear thuas) agus an sciar onnmhairí i méideanna díolachán thionscal an Aontais.

(307)

Bhí cros-sheiceáil chianda déanta ag an gCoimisiún ar an bhfreagra ar an gceistneoir macrashonraí an 26 Márta 2021. Tar éis an nochta deiridh, mhol CCCME gur cheart don Choimisiún cros-seiceáil chianda eile a dhéanamh mar gheall go raibh an freagra nuashonraithe ón 7 Meitheamh 2021 tagtha in ionad fhreagra fíoraithe EWTA ar an gceistneoir. Shoiléirigh an Coimisiún go raibh an tacar sonraí ar a bunaíodh aighneacht an 7 Meitheamh 2021 ag teacht den chuid is mó leis an tacar sonraí ar a bunaíodh aighneacht an 9 Aibreán 2021. Maidir leis an dara leath den tréimhse imscrúdaithe agus sin amháin, shuigh EWTA figiúirí tomhaltais nua, i gcomhréir leis an gcur chuige athbhreithnithe, chun moill 1 bhliain amháin idir tomhaltas agus suiteáil a chur san áireamh. B’éigean na sonraí tomhaltais don chéad leath de 2020 a bhunú ar an aschur fuinnimh suiteáilte (MW) i rith an chéad leath de 2021. I ndiaidh an aighneacht nuashonraithe a fháil ó EWTA, rinne an Coimisiún seiceáil ar an tslí a rinne EWTA meastachán ar an bhfigiúr MW don chéad leath de 2021 agus tháinig sé ar an gconclúid go raibh an mhodheolaíocht eachtarshuímh chun teacht ar an bhfigiúr sin, a bhí mar bhunús leis an bhfigiúr tomhaltais SWT sa dara leath den tréimhse imscrúdaithe ina modheolaíocht réasúnach. Tháinig sé ar an gconclúid, mar sin, nach raibh aon ghá leis an dara cros-seiceáil chianda a dhéanamh maidir leis na macrashonraí a chuir EWTA ar fáil. Thug an Coimisiún dá aire freisin nach raibh barúil faoi aighneacht nuashonraithe EWTA an 7 Meitheamh 2021 tugtha ag aon pháirtí roimh an nochtadh deiridh, ná tar éis páirtithe a chur ar an eolas an 18 Meitheamh 2021 nach mbeadh bearta sealadacha á bhforchur agus tar éis gur iarraidh orthu go sainráite barúil a thabhairt faoi aighneachtaí a rinne páirtithe leasmhara eile (124). Níor thug CCCME ná aon pháirtí eile barúil faoi aighneacht EWTA an 7 Meitheamh 2021 faoin sprioc-am sin agus dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don líomhain go bhféadfadh an aighneacht nua sin difear a dhéanamh do chearta cosanta CCCME.

4.3.   Allmhairí ón tSín

4.3.1.   Méid agus sciar margaidh na n-allmhairí ón tSín

(308)

Is ionann an táirge faoi imscrúdú agus cuid theoranta de na méideanna allmhairiúcháin faoi na cóid AC arna gcumhdach ag an imscrúdú. In éagmais sonraí allmhairiúcháin níos cruinne don tréimhse faoi bhreithniú nó sonraí fiúntacha eile, léirítear i dtábla 3 na meastacháin is fearr ó EWTA ar allmhairí ón tír lena mbaineann. Ba é a bhí i modheolaíocht EWTA, díolacháin tháirgeoirí an Aontais a asbhaint ó thomhaltas an Aontais chun allmhairí i mbliain a shuí. Chuaigh EWTA i muinín Eurostat ansin chun meán-ionadaíocht gach foinse allmhairithe ábhartha a ríomh, lena n-áirítear an tSín, mar a leanas:

Tábla 3

Meán-ionadaíocht foinsí allmhairithe

 

2017

2018

2019

An tréimhse imscrúdaithe

An tSín

81  %

77  %

85  %

79  %

Vítneam

4  %

8  %

5  %

7  %

Poblacht na Cóiré

10  %

5  %

4  %

3  %

An Tuirc

4  %

9  %

5  %

10  %

Eile, eadhon an Mhalaeisia agus an Indinéis

1  %

1  %

1  %

1  %

Foinse: EWTA

(309)

Ríomh EWTA na céatadáin thuas, ag tosú dó le luachanna allmhairí don tSín, don Tuirc, do Vítneam agus do Phoblacht na Cóiré maidir le cóid AC 7308 20 00 agus 8502 31 00. Ríomh EWTA meán simplí maidir le hionadaíocht gach foinse i gcód AC 7308 20 00 agus ionadaíocht gach foinse i gcód AC 8502 31 00 chun teacht ar an meán-ionadaíocht uile mar a léirítear i dtábla 3.

(310)

Maidir le gach ceann de na tréimhsí, meastar gur 1 % de na hallmhairí uile iad allmhairí SWT ó thríú tíortha seachas an tSín, an Tuirc, Vítneam agus Poblacht na Cóiré. Is iad an Mhalaeisia agus an Indinéis na “tíortha eile”, dar le EWTA.

(311)

I gcás inar thaispeáin sonraí Eurostat allmhairí faoi chóid AC 7308 20 00 agus 8502 31 00 ó thíortha seachas na tíortha a luadh sa tábla thuas, thug EWTA neamhaird orthu sin, agus bhraith sé ar a gcuid eolais ar an margadh, a thugann le tuiscint nach bhfuil táirgeacht SWT ar bun ach i líon beag tíortha. Astu sin, ní bheadh SWT onnmhairithe chuig an Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú ach ag na tíortha a ainmnítear sa tábla thuas.

(312)

Tar éis an nochta deiridh, líomhain CCCME go raibh an mhodheolaíocht thuas bunaithe ar mheasúnú suibiachtúil EWTA agus ar eolas EWTA ar an margadh ach theip air é sin a chruthú. Mheas an Coimisiún gur réasúnach é méideanna allmhairí a ríomh mar a mhínítear thuas i bhfianaise na sonraí atá ar fáil, ó tharla go ndéantar, leis an modh sin, úsáid a bhaint as foinse staidrimh iontaofa nach bhfuil aon cheist fúithi (Eurostat) agus as eolas EWTA ar an margadh maidir leis an sciar i méideanna de thíortha onnmhairiúcháin, a chomhcheangal le méid uile na n-allmhairí a suíodh agus úsáid á baint as sonraí acmhainneachta suiteáilte foilsithe agus as méideanna díolachán an Aontais arna dtuairisciú ag táirgeoirí an táirge chomhchosúil san Aontas. Níor tugadh le fios ón rannchuidiú a rinne úsáideoirí ar an iomlán le linn an imscrúdaithe aon fhoinse allmhairí seachas an líon tíortha roghnaithe i dtábla 3, agus dheimhnigh siad gurbh iad táirgeoirí na Síne a bpríomhsholáthróirí amach is amach as tríú tíortha. Dhiúltaigh an Coimisiún do mhaíomh CCCME dá dheasca sin.

(313)

Ar an mbonn sin, is mar a leanas a tháinig forbairt ar allmhairí ón tSín:

Tábla 4

Méid na n-allmhairí agus a sciar den mhargadh

 

2017

2018

2019

An tréimhse imscrúdaithe

Méid na n-allmhairí ón tSín (túir)

690

992

791

1 063

Innéacs

100

144

115

154

Sciar den mhargadh

25  %

31  %

28  %

34  %

Innéacs

100

122

109

135

Foinse: EWTA

(314)

Tháinig athrú ar allmhairí ón tSín le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Tugtar faoi deara go ndíoltar SWT mar chuid de thionscadail níos mó de ghnáth, agus is minic a bhíonn níos mó ná 1 bhliain amháin i gceist leis na tionscail sin, mar sin is minic a léiríonn an éabhlóid ar dhíolacháin, lena n-áirítear allmhairí, na hathruithe ar éileamh a tharla bliain nó níos mó ná bliain sula ndearnadh an díolachán. Tháinig méadú 54 % ar allmhairí ón tSín, ar an iomlán. Tháinig méadú ar a sciar den mhargadh ó 25 % in 2017 go 34 % sa tréimhse imscrúdúcháin, lena gcuimsítear méadú 35 % le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

(315)

Tar éis an nochta deiridh, thug GE dá aire go ndearna an Coimisiún ríomh mícheart ar thomhaltas an Aontais ar thúir ghaoithe chruach agus, dá bharr sin, gur shuigh sé go mícheart sciar tháirgeoirí na Síne den mhargadh. Diúltaítear don mhaíomh ar na forais a mhínítear in aithris (304).

4.3.2.   Praghsanna na n-allmhairí ón tSín agus sladghearradh praghsanna

(316)

Is ionann an táirge faoi imscrúdú agus cuid theoranta de na hallmhairí arna dtuairisciú faoi na cóid AC a chumhdaítear san imscrúdú. In éagmais sonraí staidrimh iontaofa don tréimhse faoi bhreathnú nó sonraí bríocha eile, shuigh an Coimisiún dá bhrí sin meánphraghsanna allmhairí ón tSín ar bhonn sonraí a chuir táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte faoina bhráid.

(317)

Tar éis nochta deiridh, mhaígh CCCME agus Suzhou Titan gurbh iomchuí meánphraghsanna allmhairiúcháin na Síne a shuí ar bhonn phraghsanna na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte arna gcros-seiceáil go cianda. Go háirithe, mheas CCCME go ndéanfadh na praghsanna sin ionadaíocht ar líon nach mó ná 22 % d’allmhairí ón tSín agus dá bhrí sin nach bhféadfaí a mheas gur praghsanna ionadaíocha iad. Seachas sin, mheas sé gur cheart don Choimisiún dul i muinín sonraí Eurostat agus chuir sé tábla ar fáil ina raibh, do na 4 bliana den tréimhse a bhí á breathnú, méid allmhairí i dtonaí agus praghas aonaid EUR/tona de na hallmhairí sin de réir “ríomhanna CCCME féin, bunaithe ar shonraí Eurostat”.

(318)

Níor chuir CCCME an fhoinse sonraí bheacht do na figiúirí luaite ar fáil agus dá bhrí sin ní raibh an Coimisiún in ann a mheas cibé a raibh nó nach raibh na figiúirí dá thoradh níos ionadaíche. Mar sin féin, thug an Coimisiún ar aird nach bhfuil sa táirge faoi imscrúdú ach cuid theoranta de na méideanna allmhairithe a tuairiscíodh in Eurostat faoi na cóid AC a cuimsíodh san imscrúdú. Dá bhrí sin, tháinig sé ar an gconclúid gur léir nach bhfuil meánphraghas agus éabhlóid ar mheánphraghas ar bhonn meascán táirgí ina n-áirítear méideanna suntasacha táirgí nach mbaineann, chomh ionadaíoch agus atá meánphraghas agus éabhlóid ar mheánphraghas an táirge lena mbaineann agus an táirge sin amháin ó na trí tháirgeoir onnmhairiúcháin sampláilte, arb iad na táirgeoirí onnmhairiúcháin is mó iad a tháinig chun cinn san imeacht ag an am céanna. Dá bhrí sin, diúltaíodh do mhaímh CCCME agus Titan.

(319)

I bhfianaise an mhéid thuas, fuair an Coimisiún gur mar a leanas a tháinig forbairt ar mheánphraghas allmhairí SWT ón tSín:

Tábla 5

Praghsanna allmhairiúcháin (an tSín)

 

2017

2018

2019

An tréimhse imscrúdaithe

EUR/tona

1 131

1 271

1 130

1 151

Innéacs

100

112

100

102

Foinse: Táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte

(320)

Tháinig athrú ar mheánphraghsanna allmhairí ón tSín le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Tríd is tríd, tháinig méadú 2 % orthu, cé gur tháinig laghdú suntasach orthu idir 2018 agus 2019 agus tháinig téarnamh orthu ansin.

(321)

Tá na praghsanna atá i dtáblaí 5 agus 9 den Rialachán seo ar leibhéal raon feidhme iomlán agus léiríonn siad difríochtaí suntasacha idir praghsanna tionscail an Aontais agus na hallmhairí dumpáilte. Tá sé léirithe ag an imscrúdú go gceannaíonn úsáideoirí SWT faoi chomhaontuithe dolaphróiseála (125) nó faoi orduithe ceannaigh raon iomlán. Murab ionann agus comhaontuithe dolaphróiseála, faoi orduithe ceannaigh raon iomlán, ceannaíonn úsáideoirí SWTanna iomlána ó tháirgeoirí SWT, lena n-áirítear an t-amhábhar ar fad, amhail plátaí cruach agus “codanna inmheánacha” mar a thugtar orthu (e.g. ardaitheoir). Faoi chomhaontuithe dolaphróiseála, cuireann an t-úsáideoir na hábhair ionchuir ar fad nó cuid díobh ar fáil don táirgeoir. Sa chás sin, ní thugann an táirgeoir sonrasc ach amháin i leith an tsaothair a éilíodh chun na hábhair ionchuir a aistriú ina SWT móide aon ábhair eile nár chuir an t-úsáideoir ar fáil roimhe sin.

(322)

Chinn an Coimisiún an sladghearradh praghais le linn na tréimhse imscrúdaithe trí chomparáid a dhéanamh d’idirbhearta ceannaigh raon iomlán:

(a)

na meánphraghsanna ualaithe in aghaidh chineál táirge na n-allmhairí ó na táirgeoirí sampláilte ón Tuirc chuig an gcéad chustaiméir neamhspleách ar mhargadh an Aontais, arna mbunú ar bhonn CAL, le coigeartuithe iomchuí le haghaidh costais iar-allmhairiúcháin; agus

(b)

na meánphraghsanna díola ualaithe comhfhreagracha in aghaidh chineál táirge na dtáirgeoirí ón Aontas a samplaíodh, rud a gearradh ar chustaiméirí neamhghaolmhara ar mhargadh an Aontais, arna gcoigeartú don leibhéal díreach ón monarcha.

(323)

Rinneadh an chomparáid praghsanna ar bhonn an chineáil d’idirbhearta ar an leibhéal trádála céanna, arna gcoigeartú go cuí i gcás inar gá, agus tar éis lacáistí agus lascainí a asbhaint nuair is infheidhme. Sloinneadh toradh na comparáide mar chéatadán de láimhdeachas teoiriciúil táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais le linn na thréimhse imscrúdaithe.

(324)

Ar bhonn an méid atá thuas, le hallmhairí dumpáilte na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte, léiríodh meánchorrlaigh shladghearrtha ualaithe idir 2,7 % agus 5,1 %. Tá an táirge faoi athbhreithniú praghasíogair. De ghnáth, ceannaíonn úsáideoirí SWT trí phróisis tairisceana agus/nó iarrataí ar mheastacháin. Tugtar aghaidh ar thairiscintí roinnt soláthróirí ansin agus bunaítear an comórtas ar phraghas, den chuid is mó. I gcomhthéacs den sórt sin, meastar gur suntasach iad na corrlaigh shladghearrtha.

(325)

Mar a tugadh le fios thuas, chuir an Coimisiún a chleachtas caighdeánach i bhfeidhm trí chomparáid a dhéanamh idir praghas CAL theorainn an Aontais de chuid na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin agus an praghas díreach ón monarcha de chuid táirgeoirí an Aontais mar gheall gur mheas sé gur n-áiritheofaí measúnú oibiachtúil chun críche sladghearradh a ríomh trí chomparáid a dhéanamh idir praghsanna ar na leibhéil sin faoi seach.

(326)

Tar éis an nochta deiridh, mhaígh Suzhou Titan i ndáil leis na ríomhanna sladghearrtha (agus gearrdhíola) gur cheart na costais iar-allmhairiúcháin arna gcur le praghas CAL allmhairí na Síne a mhéadú faoin gcostas iompair agus árachais maidir leis an suíomh suiteála, agus gur cheart praghas tionscail an Aontais a thógáil ar an leibhéal díreach ón monarcha. Ba é an chúis a thug sé le coigeartú den sórt sin ar an bpraghas allmhairiúcháin maidir le ríomhanna sladghearrtha agus gearrdhíola, ardleibhéal an chostais iompair a bhí i gceist agus go raibh a cheann scríbe aonair féin ag gach cuid de thúr gaoithe cruach, i ndiaidh í a allmhairiú isteach san Aontas. Mhaígh roinnt páirtithe gurb é is ceart a bheith mar phointe comparáide iomchuí chun corrlaigh sladghearrtha (agus gearrdhíola) a ríomh, an praghas tagtha i dtír arna sheachadadh chuig an Aontas ag an suíomh suiteála, le haghaidh táirgeoirí ón tSín agus táirgeoirí ón Aontas araon, mar gheall go bhfuil ardchostais iompair san áireamh sa phraghas díolacháin deiridh, go ndéanann ceann scríbe an tionscadail feirme gaoithe difear mór dó agus gur ar an leibhéal sin a tharlaíonn an iomaíocht idir táirgeoirí an Aontais agus táirgeoirí onnmhairiúcháin. Mhaígh EWTA gur cheart praghsanna tionscail an Aontais do na ríomhanna sladghearrtha (agus gearrdhíola) a mhéadú faoi na costais iompair agus árachais chun iad a thabhairt chuig leibhéal CAL ag an gcalafort iontrála céanna le praghsanna allmhairiúcháin na Síne.

(327)

Mheas an Coimisiún go raibh locht ó thaobh coincheapa de ar gach ceann de na maímh thuas. Tá praghsanna díreach ón monarcha de chuid táirgeoirí an Aontais san iomaíocht le praghsanna allmhairiúcháin ón tír lena mbaineann ar leibhéal calafort iontrála CAL AE. Ní bheadh sé iomchuí costas iompair agus árachais a chur leis an suíomh suiteála ar thaobh an Aontais nó ar thaobh na n-onnmhairí, ach ní ar an dá thaobh, maidir le scrúdú a dhéanamh ar éifeachtaí allmhairí ar phraghsanna.

(328)

Ar na cúiseanna thuas, dhiúltaigh an Coimisiún do na maímh thuas a chuir EWTA, GE agus Suzhou Titan faoina bhráid.

(329)

Tar éis an nochta deiridh, chuir Chengxi Shipyard roinnt maíomh isteach maidir leis na ríomhanna corrlaigh sladghearrtha agus gearrdhíola.

(330)

Ar dtús, mhaígh sé gur cheart corrlaigh sladghearrtha a ríomh ar bhonn an phíosa seachas ar bhonn an chileagraim, agus rinne sé tagairt do phíosaí (túir) mar an bunús ríofa do tháscairí díobhála (nó don chuid is mó díobh). Diúltaíodh don mhaíomh sin, ó tharla gur mheas an Coimisiún nach raibh ríomh na gcorrlach sladghearrtha (agus gearrdhíola) nasctha le suí na dtáscairí díobhála (féach aithris (282) agus aithris (283) freisin). Thairis sin, is cuma cé acu túir nó cileagraim a d’úsáid an Coimisiún, chomh fada agus a d’úsáid an Coimisiún na luachanna céanna ar an dá thaobh den chomparáid.

(331)

Ar an dara dul síos, mhaígh Chengxi Shipyard go raibh an nochtadh deiridh neamhleor go fóill d’ainneoin na faisnéise breise a chuir an Coimisiún ar fáil trí nochtadh breise de, inter alia, na spriocphraghsanna in aghaidh na samhla táirge de thionscal an Aontais i raonta. De dheasc nach ndearnadh cainníochtaí díolachán, luachanna ná spriocphraghsanna beachta thionscal an Aontais a nochtadh, níor chuir an Coimisiún ar chumas na cuideachta cruinneas na ríomhanna díobhála a sheiceáil. Mheas an chuideachta gur cheart sonraí sonracha maidir le tionscal an Aontais a chur ar fáil mar gheall gurb iad an toradh ar chomhdhlúthú sonraí ó thrí tháirgeoir shampláilte de chuid an Aontais.

(332)

Níor chomhaontaigh an Coimisiún leis an maíomh a rinne an chuideachta, mar gheall go raibh an fhaisnéis ar fad a bhí de dhíth chun an corrlach gearrdhíola uasta agus íosta in aghaidh na samhla táirge a ríomh san áireamh sa spriocphraghas i raonta agus dá bhrí sin go raibh deis ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin botúin fhéideartha sa ríomh a shainaithint. Thairis sin, maidir leis an iarraidh chun cainníochtaí, luachanna agus na spriocphraghsanna beachta a nochtadh, thug an Coimisiún ar aird go gcuireann forálacha Airteagal 19(4) den bhun-Rialachán oibleagáid ar an gCoimisiún leasanna dlisteanacha na bpáirtithe lena mbaineann nach nochtfar a rúin ghnó a chur san áireamh. Sa chás sonrach seo, níl praghas díolacháin ná spriocphraghas thionscal an Aontais mar thoradh ar shonraí comhdhlúite na dtrí tháirgeoir shampláilte, e.g. i roinnt cásanna, ní raibh an tsamhail den táirge a úsáideadh don chomparáid díolta ag ceann de na trí tháirgeoir shampláilte de chuid an Aontais agus dá bhrí sin níorbh ionann an praghas in aghaidh na samhla den táirge de chuid thionscal an Aontais agus meánphraghas trí chuideachta shampláilte níos mó. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

(333)

Ar an tríú dul síos, mhaígh Chengxi Shipyard nach raibh na túir ghaoithe chruach in iomaíocht dhíreach le táirge thionscal an Aontais agus nach mbeidís ina gcúis díobhála ar bith, mar gheall, ar an gcéad dul síos, nár úsáideadh leath dá dhíolacháin ina ríomh corrlaigh díobhála agus, ar an dara dul síos, go raibh corrlach diúltach ag roinnt díobh.

(334)

Níor cuireadh os cionn 45 % de na hallmhairí ó Chengxi Shipyard san áireamh mar gheall ar an modheolaíocht maidir leis an gcomparáid praghsanna idir na hallmhairí agus díolacháin an táirge chomhchosúil de chuid táirgeoirí sampláilte an Aontais. Mheabhraigh an Coimisiún go mbíonn na cineálacha táirgí allmhairithe ar fad san iomaíocht leis na cineálacha táirgí ar fad a tháirgeann táirgeoirí de chuid an Aontais. Ó tharla, mar shampla, go ndéantar cineál táirge a allmhairítear ón tSín a sheachadadh gan cuid inmheánach (e.g. ardaitheoir nó córas cúnaimh dreapadóireachta nó an córas rialaithe teochta), nó le fad difriúil in aghaidh na coda, agus dá bhrí sin nach bhfuil aon mheaitseáil ann chun críche sladghearradh nó gearrdhíol a ríomh, ní thugann an méid sin le fios nach bhfuil táirgí den sórt sin san iomaíocht leis na táirgí comhchosúla arna monarú ag tionscal an Aontais, ach tugtar deimhniú go ndéantar gach díolachán a shaincheapadh de réir sonraíochtaí teicniúla agus riachtanais an chustaiméara. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

(335)

Ar an gceathrú dul síos, mhaígh Chengxi Shipyard go raibh an anailís ar chorrlaigh sladghearrtha (agus ghearrdhíola) neamhiomlán agus éagothrom i leith an ríomha dumpála mar gheall gur úsáideadh díolacháin onnmhairí uile de chuid Longchlós Chengxi chun an corrlach dumpála a chinneadh ach ní chun an sladghearradh (agus gearrdhíol) a ríomh. Mheabhraigh an Coimisiún nach bhfuil aon cheanglas sa bhun-Rialachán maidir leis na díolacháin onnmhairí céanna a úsáid sna ríomhanna dumpála agus díobhála. Tá comhthéacs difriúil ag an dá ríomh agus féadfaidh an tacar sonraí foluiteach a bheith difriúil freisin, nuair a chuirtear san áireamh gur idir faisnéis ar phraghas onnmhaireoirí ar thaobh amháin agus táirgeoirí de chuid an Aontais, ar an taobh eile, a dhéantar an chomparáid i gcás ríomhanna díobhála. Diúltaíodh dá bhrí sin don mhaíomh.

(336)

Ar deireadh, mhaígh Chengxi Shipyard gur cheart don Choimisiún na costais iar-allmhairiúcháin a ríomh mar mhéid áirithe in aghaidh na cainníochta (in aghaidh an tona in aghaidh an phíosa SWT) seachas mar chéatadán den luach CAL chun bheith comhsheasmhach leis an gcoigeartú costais céanna a rinneadh chun an praghas onnmhairithe a ríomh agus mar gheall go bhfuil an chainníocht níos ábhartha ó thaobh costais iar-allmhairiúcháin a chainníochtú. Ar dtús, bhí ar an gCoimisiún a mheabhrú nach bhfuil bunús ná fianaise tacaíochta curtha ar fáil ag an gcuideachta dá mhaíomh go bhfuil méid áirithe den chostas iar-allmhairiúcháin in aghaidh na cainníochta níos ábhartha. Ar an dara dul síos, fuair an Coimisiún na sonraí go díreach ó na freagraí a thug allmhaireoirí/úsáideoirí ar an gceistneoir agus thug sé faoi deara go raibh formhór na gcostas imréitigh a tuairiscíodh sa doiciméad tacaíochta bunaithe ar mhéideanna cnapshuime nach bhfuil nasctha leis na cainníochtaí ná le meáchan na n-earraí allmhairithe. Ar deireadh, bhí an tagairt don mheáchan nó uimhir an aonaid allmhairithe ar iarraidh sna doiciméid tacaíochta a ceadaíodh. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

4.4.   Staid eacnamaíoch thionscal an Aontais

4.4.1.   Barúlacha ginearálta

(337)

I gcomhréir le hAirteagal 3(5) den bhun-Rialachán, sa scrúdú ar thionchar na n-allmhairí dumpáilte ar an tionscal de chuid an Aontais, áiríodh meastóireacht ar na táscairí eacnamaíocha uile a raibh baint acu le staid an tionscail de chuid an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

(338)

Mar a luadh in aithris (9), úsáideadh sampláil díobháil a d’fhéadfadh a bheith déanta do thionscal an Aontais a chinneadh.

(339)

Maidir le cinneadh na díobhála, rinne an Coimisiún idirdhealú idir táscairí díobhála maicreacnamaíocha agus micreacnamaíocha. Rinne an Coimisiún measúnú ar na táscairí maicreacnamaíocha ar bhonn sonraí ón bhfreagra a thug EWTA ar an gceistneoir a bhain le táirgeoirí uile an Aontais, agus rinne siad cros-seiceáil nuair ba ghá leis na freagraí ón gceistneoir ó na trí tháirgeoir shampláilte de chuid an Aontais. Rinne an Coimisiún measúnú ar na táscairí micreacnamaíocha ar bhonn sonraí sna freagraí ceistneora ó na trí tháirgeoir shampláilte de chuid an Aontais. Rinne cros-seiceáil chianda ar an dá thacar sonraí agus fuarthas amach go raibh siad ionadaíoch ar staid eacnamaíoch an tionscail de chuid an Aontais.

(340)

Is iad seo na táscairí maicreacnamaíocha: an táirgeacht, an acmhainneacht táirgeachta, an úsáid acmhainneachta, an méid díolachán, an sciar den mhargadh, an fás, an fhostaíocht, an táirgiúlacht, méid an chorrlaigh dumpála, agus téarnamh ó dhumpáil roimhe sin.

(341)

Is iad seo na táscairí micreacnamaíocha: meánphraghsanna aonaid, costas aonaid, costais saothair, fardail, brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí, toradh ar infheistíochtaí agus an cumas caipiteal a thiomsú.

4.4.2.   Táscairí maicreacnamaíocha

4.4.2.1.   Táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta

(342)

Tháinig forbairt ar tháirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta iomlán an Aontais le linn na tréimhse a breithníodh mar a leanas:

Tábla 6

An táirgeacht, an acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta

 

2017

2018

2019

An tréimhse imscrúdaithe

An méid táirgeachta (túir)

2 704

2 516

2 647

2 443

Innéacs

100

93

98

90

An acmhainneacht táirgeachta (túir)

4 859

4 664

4 936

4 952

Innéacs

100

96

102

102

Úsáid acmhainneachta

56  %

54  %

54  %

49  %

Innéacs

100

97

96

89

Foinse: EWTA agus táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais

(343)

Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig laghdú 10 % ar tháirgeacht. Bhí an acmhainneacht táirgeachta cobhsaí, go praiticiúil, le linn na tréimhse faoi bhreathnú, gan ach ardú 2 % uirthi. Tháinig laghdú 56 % ar úsáid acmhainneachtain 2017 go dtí 49 % sa tréimhse imscrúdúcháin.

(344)

Mheas Siemens Gamesa Renewable Energy GmbH & Co KG (“SGRE”), úsáideoir SWT a chuir barúlacha isteach, nach ionadaíoch é an líon SWT a táirgeadh amháin mar gheall gur fhás a méid, le himeacht ama. Rinne an páirtí athrá ar an mbarúil sin tar éis an nochta deiridh agus mhaígh gur cheart don Choimisiún úsáid a bhaint as meigeavatanna (“MW”) agus gigeavatanna (“GW”) mar aonaid tomhais, i.e. paraiméadair atá in úsáid ar fud an tionscail, mar léiriú ar an acmhainneacht suiteáilte agus arb iad an bunús iad chun na riachtanais aschuir a thomhas le haghaidh na spriocanna fuinnimh inathnuaite atá sa Chomhaontú Glas. Dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin, mar gheall nach n-úsáideann margadh na dtúr gaoithe cruach MW ná GW mar aonad tomhais.

4.4.2.2.   An méid díolachán agus an sciar den mhargadh

(345)

Le linn na tréimhse a breathnaíodh tháinig forbairt ar mhéid na ndíolachán a bhí ag tionscal an Aontais agus a sciar den mhargadh san Aontas mar a leanas:

Tábla 7

An méid díolachán agus an sciar den mhargadh

 

2017

2018

2019

An tréimhse imscrúdaithe

Díolacháin thionscal an Aontais le custaiméirí neamhghaolmhara san Aontas (túir)

1 859

1 895

1 924

1 737

Innéacs

100

102

104

93

Sciar den mhargadh

69  %

59  %

68  %

56  %

Innéacs

100

86

98

82

Foinse: EWTA agus táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais

(346)

Tháinig laghdú 7 % ar mhéid díolachán thionscal an Aontais le linn na tréimhse a breathnaíodh. Tháinig laghdú ar sciar thionscal an Aontais den mhargadh ó 69 % in 2017 go 56 % sa tréimhse faoi bhreathnú, laghdú foriomlán 18 %.

(347)

Tar éis an nochta deiridh, thug GE dá aire go ndearna an Coimisiún ríomh mícheart ar thomhaltas an Aontais maidir le túir ghaoithe chruach agus, dá bharr sin, gur shuigh sé go mícheart sciar táirgeoirí na Síne den mhargadh. Diúltaíodh don mhaíomh ar na forais a mhínítear in aithris (304).

4.4.2.3.   Fás

(348)

Le linn na tréimhse faoi bhreathnú tháinig laghdú 7 % agus 18 % faoi seach ar mhéid na ndíolachán a bhí ag tionscal an Aontais agus a sciar den mhargadh. Níorbh fhéidir do thionscal an Aontais tairbhiú den ardú ar thomhaltas an Aontais dá bhrí sin (+14 % sa tréimhse faoi bhreathnú, mar a léirítear i dtábla 2).

4.4.2.4.   An fhostaíocht agus an táirgiúlacht

(349)

Tháinig forbairt ar an bhfostaíocht agus ar an táirgiúlacht le linn na tréimhse a breithníodh mar a leanas:

Tábla 8

An fhostaíocht agus an táirgiúlacht

 

2017

2018

2019

An tréimhse imscrúdúcháin

Líon na bhfostaithe

3 803

3 817

3 936

3 614

Innéacs

100

100

103

95

Táirgiúlacht (túir in aghaidh an fhostaí)

0,71

0,66

0,67

0,68

Innéacs

100

93

95

95

Foinse: EWTA agus táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais

(350)

Tháinig laghdú 5 % ar an leibhéal fostaíochta i dtionscal an Aontais a bhain le SWT a tháirgeadh le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

(351)

Tháinig laghdú ar an táirgeacht ó 0,71 túr in 2017 go dtí 0,68 túr in aghaidh an fhostaí sa tréimhse imscrúdúcháin. Ba cheart a thabhairt faoi deara go ndéanann an meascán táirgí difear don líon túr in aghaidh an fhostaí. Thairis sin, ar an meán, tagann méadú ar mhéid na SWT bliain i ndiaidh bliana. Dá bhrí sin, is dócha go ndéantar fritháireamh iomlán ar an laghdú 5 % a léirítear thuas toisc gur éirigh na túir níos mó le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

4.4.2.5.   Méid an chorrlaigh dumpála agus téarnamh ó dhumpáil roimhe sin

(352)

Ba shubstaintiúil an tionchar a bhí ag méid na gcorrlach dumpála iarbhír ar an tionscal de chuid an Aontais, i bhfianaise mhéid agus phraghsanna na n-allmhairí ón tír lena mbaineann.

(353)

Is é seo an chéad imscrúdú frithdhumpála maidir leis an táirge lena mbaineann. Dá bhrí sin, ní raibh aon sonraí ar fáil chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí na dumpála a d’fhéadfadh a bheith déanta roimhe.

4.4.3.   Táscairí micreacnamaíocha

4.4.3.1.   Praghsanna agus fachtóirí lena ndéantar difear do phraghsanna

(354)

Tháinig forbairt ar mheánphraghsanna díola aonaid ualaithe na dtáirgeoirí ón Aontas a rinneadh a shampláil le custaiméirí neamhghaolmhara san Aontas le linn na tréimhse a measadh mar a leanas:

Tábla 9

Praghsanna díola agus costas táirgthe san Aontas

 

2017

2018

2019

An tréimhse imscrúdaithe

An meánphraghas díola aonaid le custaiméirí neamhghaolmhara (EUR/tona – díolacháin raoin feidhme iomláin amháin)

1 265

1 377

1 459

1 419

Innéacs

100

109

115

112

Costas aonaid an táirgthe (EUR/tona – díolacháin raoin feidhme iomláin amháin)

1 191

1 385

1 538

1 439

Innéacs

100

116

129

121

Foinse: Táirgeoirí ón Aontas a samplaíodh

(355)

Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig méadú 12 % ar mheánphraghsanna díola aonaid maidir le horduithe raoin feidhme iomláin ar SWT de thionscnamh an Aontais, agus tháinig méadú ní ba mhó, i.e. 21 %, ar chostas aonaid an táirgthe.

4.4.3.2.   Costais saothair

(356)

Tháinig forbairt ar mheánchostais saothair na dtáirgeoirí ón Aontas a rinneadh a shampláil le linn na tréimhse a measadh mar a leanas:

Tábla 10

Meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí

 

2017

2018

2019

An tréimhse imscrúdaithe

(EUR)

45 411

45 427

48 121

48 593

Innéacs

100

100

106

107

Foinse: Táirgeoirí ón Aontas a samplaíodh

(357)

Tháinig méadú 7 % ar na meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí le linn na tréimhse faoi bhreathnú i gcomhréir leis na treochtaí ginearálta maidir le boilsciú agus costas saothair. Tháinig méadú go 3 % agus níos airde ar rátaí fáis bliantúla ar chostais saothair, le haghaidh gheilleagar an Aontais go léir in 2018 agus 2019 agus go breis is 4 % in 2020 (126).

4.4.3.3.   Fardail

(358)

Tháinig forbairt ar leibhéil stoic na dtáirgeoirí ón Aontas a rinneadh a shampláil le linn na tréimhse a measadh mar a leanas:

Tábla 11

Fardail

 

2017

2018

2019

An tréimhse imscrúdaithe

Stoic dheiridh (codanna)

0

[30 -40 ]

[30 -40 ]

0

Innéacs

0

100

100

0

Foinse: Táirgeoirí ón Aontas a samplaíodh

(359)

Shuigh an Coimisiún nár tháscaire díobhála fóinteach iad fardail i ndáil le táirgeadh SWT. Táirgeann táirgeoirí SWT bunaithe ar orduithe agus ní choimeádann siad aon fhardail fhisiciúla go hiondúil. Maidir leis na méideanna an-bheag de stoc deiridh a thuairiscítear i dtábla 11, baineann siad le SWT a táirgeadh ach nár díoladh go fóill (127). .

4.4.3.4.   Brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí, toradh ar infheistíochtaí agus cumas caipiteal a chruinniú

(360)

Tháinig forbairt ar an mbrabúsacht, ar shreabhadh airgid, ar infheistíochtaí agus ar an toradh ar infheistíochtaí de chuid na dtáirgeoirí ón Aontas a sampláladh le linn na tréimhse a measadh mar a leanas:

Tábla 12

An bhrabúsacht, an sreabhadh airgid, na hinfheistíochtaí agus an toradh ar infheistíochtaí

 

2017

2018

2019

An tréimhse imscrúdaithe

Brabúsacht díolachán san Aontas le custaiméirí neamhghaolmhara (% de láimhdeachas na ndíolachán)

3,6  %

1,1  %

-4,5  %

-1,4  %

Innéacs

100

31

- 126

-40

An sreabhadh airgid (EUR)

12 444 710

- 377 687

-17 013 650

-5 531 711

Innéacs

100

-3

- 137

-44

Infheistíochtaí (EUR)

36 715 248

15 482 383

5 275 427

3 488 463

Innéacs

100

42

14

10

Toradh ar infheistíochtaí

16,5  %

-4,5  %

-18,9  %

-4,6  %

Innéacs

100

-27

- 115

-28

Foinse: Táirgeoirí ón Aontas a samplaíodh

(361)

Tháinig laghdú ar bhrabúsacht thionscal an Aontais ó + 3,6 % in 2017 go - 1,4 % i dtréimhse an imscrúdaithe. Bhí tionchar diúltach ag brabúis laghdaithe ar an nglansreabhadh airgid agus bhí sé diúltach idir 2018 agus tréimhse an imscrúdaithe. Cuireadh bac ar an gcumas caipiteal a thiomsú mar gheall ar an titim ar bhrabúis. Lean leibhéal na n-infheistíochtaí bliantúla treocht íslitheach sheasta agus tháinig laghdú 90 % orthu le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

(362)

I ndáil leis an sreabhadh airgid, thug SGRE dá aire gur thuairiscigh GRI ina fhreagra ar an gceistneoir nár chuir dumpáil dhíobhálach isteach ar a acmhainneacht caipiteal a thiomsú agus go raibh na hinfheistíochtaí féinmhaoinithe nó maoinithe le creidmheasanna bainc. Sa tslí chéanna, d’áitigh sé gur thuairiscigh Windar nár cuireadh isteach ar a acmhainneacht caipiteal a thiomsú toisc nár dáileadh aon díbhinn agus gur úsáideadh na brabúis chun struchtúr an chláir chomhardaithe a neartú, agus gur maoiníodh infheistíocht leis an sreabhadh airgid dílis nó le creidmheasanna bainc fadtéarmacha. Léiríodh san imscrúdú, áfach, mar a léirítear sa tábla thuas, gur tháinig laghdú ar bhrabúis na dtáirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais, agus d’fhéadfaí gur chuir sé sin isteach ar a n-infheistíochtaí. Thairis sin, níorbh fhéidir le Windar díbhinní a íoc lena scairshealbhóirí mar thoradh ar bhrabúis laghdaithe agus b’éigean do Windar dul i muinín creidmheasanna bainc chun infheistíochtaí a dhéanamh, mar a léiríodh thuas, rud a léirigh go raibh siad i staid airgeadais leochaileach cheana féin. Ar ndóigh bhí costais bhreise ag baint le creidmheasanna bainc i bhfoirm úis iníoctha a bheidh níos airde freisin ná i gcás ina raibh Windar níos fónta ó thaobh airgeadais de.

(363)

Tar éis an nochta deiridh, shonraigh SGRE nach gá go mbeadh cuideachta i staid leochaileach airgeadais má théann sí i muinín creidmheasanna bainc chun infheistíochtaí a dhéanamh. D’aontaigh an Coimisiún nach féidir, san achomaireacht, a mheas mar fhianaise ar dhíobháil ann féin go ndeachaigh Windar i muinín creidmheasanna bainc chun infheistíochtaí a dhéanamh. Mar sin féin, mheas an Coimisiún gur gá féachaint air sin i gcomhar le tosca eile, mar a rinne sé in aithris (362). Níor tháinig athrú ar an gconclúid sin mar thoradh ar ráitis SGRE.

(364)

Thagair SGRE d’imscrúdú ITC sna Stáit Aontaithe in aghaidh túir ghaoithe chruach de chuid na Spáinne. Thug sé le tuiscint dá ndíolfadh táirgeoirí de chuid na Spáinne amhail Windar a n-onnmhairí SWT leis na Stáit Aontaithe ar phraghsanna faoi bhun a bpraghsanna intíre, go measfadh sé gur leordhóthanach a chostas táirgthe agus a bhrabúsacht ar an margadh intíre. Mar sin féin, ar chúiseanna éagsúla, níor thuig an Coimisiún an réasúnaíocht ba bhun leis an líomhain sin atá, thairis sin, bunaithe ar líomhaintí i ngearán (“achainí”) atá faoi imscrúdú ag údaráis tríú tír. Thairis sin, tá an líomhain sin lochtach mar is iomaí cúis a bhíonn leis an idirdhealú praghsanna (más ann dó agus má chruthaítear a leithéid), agus fiú más rud é gurbh airde praghsanna intíre (AE) Windar ná a phraghsanna onnmhairiúcháin chun na Stát Aontaithe, ní gá gurbh ionann sin agus na praghsanna intíre a bheith (sách) brabúsach. Chuir an Coimisiún i dtábhacht freisin gur shuigh sé na sonraí le haghaidh na micreatháscairí ar bhonn sampla de thriúr tairgeoirí de chuid an Aontais. Ar an gcaoi sin, diúltaíodh go daingean don áiteamh.

4.5.   Conclúid faoi dhíobháil

(365)

Léirítear leis an measúnú thuas ar mhaicreatháscairí agus ar mhicreatháscairí gur bhain díobháil ábhartha do thionscal an Aontais le linn thréimhse an imscrúdaithe, toisc gur tháinig laghdú mór ar a sciar den mhargadh agus níor leor an méadú ar a phraghsanna díola chun an méadú mór ar a chostais táirgthe a chur ar aghaidh, rud a d’fhág gur chlis ar a bhrabúsacht go hiomlán, agus bhí drochthionchar aige sin ar infheistíochtaí, ar an toradh ar infheistíochtaí agus ar an sreabhadh airgid.

(366)

Ní dhéantar dochar don chinneadh gurbh ann do dhíobháil mar gheall nár tháinig meath ar roinnt táscairí (acmhainneacht táirgeachta, stoic).

(367)

D’áitigh páirtithe áirithe (CCCME, SGRE, GE) gur tháinig feabhas ar tháscairí áirithe sa tréimhse dheiridh den tréimhse thagartha a úsáideadh sa ghearán. Suíodh san imscrúdú nárbh amhlaidh a bhí ach amháin i gcás na dtáscairí airgeadais le linn thréimhse an imscrúdaithe, toisc go raibh éifeacht dhearfach ar staid airgeadais thionscal an Aontais ag an laghdú mór ar an gcostas táirgthe idir 2019 agus tréimhse an imscrúdaithe. Mar sin féin, ba ann do chaillteanais mhóra i dtionscal an Aontais i gcónaí i dtréimhse an imscrúdaithe. Ar an gcaoi sin, fiú más rud é gur tháinig feabhas ar an táscaire sin idir 2019 agus tréimhse an imscrúdaithe, ní dhéanann sé dochar don chinneadh maidir le díobháil ina leith.

(368)

Ar bhonn a bhfuil thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur bhain díobháil ábhartha don tionscal de chuid an Aontais de réir bhrí Airteagal 3(5) den bhun-Rialachán.

5.   CÚISÍOCHT

5.1.   Éifeachtaí na n-allmhairí dumpáilte

(369)

Chaill tionscal an Aontais díolacháin mar thoradh ar allmhairí ón tSín le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Tháinig méadú mór (54 %) ar mhéideanna allmhairí ón tSín agus tháinig méadú naoi bpointe céatadáin ar a sciar den mhargadh ó 25 % in 2017 go 34 % i dtréimhse an imscrúdaithe. Sa tréimhse chéanna, agus d’ainneoin méadú 14 % ar an tomhaltas, tháinig laghdú 7 % ar mhéid dhíolacháin thionscal an Aontais agus tháinig laghdú ar a sciar den mhargadh ó 69 % in 2017 go 56 % i dtréimhse an imscrúdaithe.

(370)

I dtéarmaí praghsanna, b’ísle i bhfad na praghsanna allmhairiúcháin ón tSín ná praghsanna díola thionscal an Aontais agus costas táirgthe thionscal an Aontais freisin i rith na tréimhse faoi bhreathnú go léir, rud a bhí ina chúis le cúngach praghsanna. Is míniú soiléir é an brú praghsanna ó na méideanna móra allmhairí atá ag dul i méid ón tSín ar phraghsanna den sórt sin le linn na tréimhse faoi bhreathnú ar neamhábaltacht thionscal an Aontais na méaduithe ar chostais a léiriú ina bpraghsanna díola agus ar na caillteanais a eascraíonn as sin.

(371)

Ar bhonn a bhfuil thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go ndearna na hallmhairí ón tSín díobháil ábhartha don tionscal de chuid an Aontais. Bhí tionchar ag an díobháil sin ar mhéid agus ar phraghsanna araon.

(372)

Shonraigh SGRE agus GE araon nach raibh aon comhghaol idir brabúis laghdaitheacha na ngearánach agus na hallmhairí dumpáilte líomhnaithe toisc gur tháinig laghdú mór ar bhrabúis ó 2018 amach agus tháinig méadú ar phraghsanna allmhairiúcháin ón tSín. Shonraigh CCCME nárbh fhéidir leis na hallmhairí ón tSín díobháil a dhéanamh do tháirgeoirí de chuid an Aontais toisc gur tháinig laghdú ar na méideanna allmhairí ón tSín faoi mar a tháinig méadú ar a bpraghsanna.

(373)

Níor aontaigh an Coimisiún leis sin. Ar an iomlán, tháinig méadú 2 % ar phraghsanna allmhairiúcháin ón tSín le linn na tréimhse faoi bhreathnú, mar a léirítear i dTábla 5. Mar sin féin, b’ísle iad ná praghsanna thionscal an Aontais agus a chostas táirgthe i rith na tréimhse faoi bhreathnú. Ina theannta sin, tháinig laghdú ar phraghsanna allmhairiúcháin ón tSín idir 2018 agus 2019. Maidir leis na méideanna allmhairí ón tSín, léiríodh san imscrúdú gur tháinig méadú 54 % orthu idir 2017 agus tréimhse an imscrúdaithe agus gur tháinig méadú eile 7 % orthu ó 2018 ar aghaidh.

5.2.   Éifeachtaí fachtóirí eile

5.2.1.   Allmhairí ó thríú tíortha

(374)

Tháinig forbairt ar mhéid na n-allmhairí ó thríú tíortha eile le linn na tréimhse a measadh mar a leanas:

Tábla 13

Allmhairí ó thríú tíortha

Tír

 

2017

2018

2019

An tréimhse imscrúdúcháin

An Tuirc

Méid (túir)

34

121

48

134

Innéacs

100

356

141

393

Sciar den mhargadh

1,3  %

3,8  %

1,7  %

4,3  %

Innéacs

100

301

134

344

Meánphraghas

(EUR/tona)

1 844

1 830

1 646

1 691

Innéacs

100

99

89

92

Vítneam

Méid (túir)

31

109

44

98

Innéacs

100

351

142

315

Sciar den mhargadh

1,2  %

3,4  %

1,5  %

3,2  %

Innéacs

100

297

135

277

Meánphraghas (EUR/tona)

1 712

1 681

1 592

1 475

Innéacs

100

98

93

86

Poblacht na Cóiré

Méid (túir)

85

69

34

41

Innéacs

100

81

40

49

Sciar den mhargadh

3,1  %

2,1  %

1,2  %

1,3  %

Innéacs

100

68

38

43

Meánphraghas (EUR/tona)

2 111

1 997

2 140

2 381

Innéacs

100

95

101

113

Eile (an Indinéis, an Mhalaeisia)

Méid (túir)

8

13

9

14

Innéacs

100

163

113

175

Sciar den mhargadh

0,3  %

0,4  %

0,3  %

0,4  %

Innéacs

100

137

107

153

Meánphraghas (EUR/tona)

1 712

4 184

2 238

2 896

Innéacs

100

244

131

169

Na tríú tíortha go léir a liostaítear thuas

Méid (túir)

158

312

136

287

Innéacs

100

197

86

181

Sciar den mhargadh

5,9  %

9,8  %

4,8  %

9,3  %

Innéacs

100

167

82

159

Meánphraghas (EUR/tona)

1 931

1 876

1 776

1 783

Innéacs

100

97

92

92

Foinse: EWTA (túir, sciartha den mhargadh) agus Eurostat (meánphraghas)

(375)

Bhí allmhairí ó thríú tíortha seachas an tSín teoranta le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Tháinig méadú ar a sciar comhroinnte den mhargadh ó 5,9 % in 2017 go 9,3 % i dtréimhse an imscrúdaithe. Thug an Coimisiún dá aire go ndearnadh measúnú ar mheánphraghsanna allmhairí ó thríú tíortha seachas an tSín bunaithe ar shonraí Eurostat le haghaidh chóid AC 7308 20 00 agus 7308 90 98. Cuimsítear leis na cóid AC sin allmhairí réimse earraí i bhfad níos mó ná SWT amháin ach léirítear leo an fhaisnéis is fearr atá ar fáil san imscrúdú reatha. Ós rud é gurbh airde na praghsanna sin go mór agus go comhsheasmhach ná praghsanna na n-allmhairí ón tSín, d’fhéadfaí teacht ar chonclúid le réasún nár ghearr na hallmhairí bunúsacha SWT faoi phraghsanna díola thionscal an Aontais.

(376)

Is é atá sna méideanna sa tábla thuas na meastacháin is fearr a sholáthair EWTA. Tá tuairisc ar mhodheolaíocht EWTA i roinn 4.3.1.

(377)

Nuair a iarradh é, chuir roinnt úsáideoirí sonraí faoi bhráid an Choimisiúin ina raibh a méideanna allmhairí agus praghsanna ó thríú tíortha seachas an tSín. Mar sin féin, mar thoradh ar an líon teoranta úsáideoirí, ar na foinsí allmhairiúcháin teoranta a d’úsáid gach ceann díobh agus ar na modheolaíochtaí éagsúla a úsáideadh dá dtuairisciú, agus ar an nganntanas sonraí, measadh nach raibh an fhaisnéis sin iontaofa ná nach bhféadfaí í a nochtadh go fóinteach.

(378)

Léirítear i dTábla 13 meánphraghsanna de réir shonraí Eurostat le haghaidh chóid Ainmníochta Comhcheangailte 7308 20 00 agus 7308 90 98 le chéile. D’iarr WindEurope ar an gCoimisiún díobháil a mheasúnú ar bhonn na sonraí le haghaidh an chéad chóid amháin, i gcomhréir le ITC sna Stáit Aontaithe (128). Mheas an Coimisiún nach raibh bunús leis an iarraidh toisc gur léiríodh san imscrúdú allmhairí faoi 7308 90 98 le linn thréimhse an imscrúdaithe. Níor thuairiscigh aon pháirtí comhoibríoch allmhairí faoi chód 8502 31 00. Ina theannta sin, thug an Coimisiún an rud céanna mar a bhí in aithris (375) dá aire maidir le cruinneas na sonraí bunúsacha.

(379)

Níor thug aon pháirtí le tuiscint go bhféadfadh go raibh allmhairí ó thríú tíortha seachas an tSín ina gcúis le díobháil do tháirgeoirí de chuid an Aontais. Thairis sin, thug an Coimisiún dá aire gurbh ionann allmhairí den sórt sin agus níos lú ná aon trian amháin de na hallmhairí ón tSín le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

(380)

I bhfianaise a bhfuil thuas, ba é conclúid an Choimisiúin nach raibh allmhairí ó thríú tíortha seachas an tSín ina gcúis le díobháil do thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

5.2.2.   Feidhmíocht onnmhairiúcháin an tionscail de chuid an Aontais

(381)

Is mar seo a leanas a tháinig forbairt ar mhéideanna agus ar phraghsanna onnmhairiúcháin thionscail an Aontais le páirtithe neamhghaolmhara le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 14

Díolacháin onnmhairí

 

2017

2018

2019

An tréimhse imscrúdúcháin

Méid na n-onnmhairí (túir)

743

421

357

371

Innéacs

100

57

48

50

Meánphraghas (EUR/túir – orduithe raoin iomláin amháin)

311 479

n/bh *

559 982

643 024

Innéacs

100

-

180

206

Foinse: EWTA (méideanna) agus táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais (meánphraghsanna)

*

Níl díolacháin onnmhairí raoin iomláin sa sampla

(382)

Laghdaigh na méideanna onnmhairiúcháin a bhí ag táirgeoirí de chuid an Aontais faoina leath le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Ní raibh sé ar a gcumas ag na táirgeoirí sampláilte praghas EUR/tona a sholáthar le haghaidh na ndíolachán sin, agus dá bhrí sin is in aghaidh SWT atá na praghsanna a thuairiscítear thuas agus léiríonn siad freisin, ar an gcaoi sin, an méadú ar an meánmhéid le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Thairis sin, téann éagsúlachtaí sa mheascán táirgí go mór i bhfeidhm ar na meánphraghsanna a thuairiscítear thuas. Dá bhrí sin, níorbh fhéidir teacht ar aon chonclúid fhóinteach maidir le tionchar an allmhairiúcháin chuig tríú tíortha. Ar a mhéad, ós rud é gurbh ionann allmhairí ar a mbuaic in 2017 agus 28 % de dhíolacháin an Aontais in 2017, d’fhéadfaí gur chuir an laghdú ar dhíolacháin onnmhairí leis an díobháil go pointe áirithe ach, i gcás ar bith, níor mhaolaigh sé an nasc cúisíoch leis na hallmhairí dumpáilte.

5.2.3.   Éileamh eischósta

(383)

Thagair Vestas do luaineacht an éilimh eischósta mar fhoinse díobhála agus, fearacht GE, chuir sé an locht ar an tearc-úsáid a bhaintear as saoráidí táirgthe eischósta san Aontas. Thug GE dá aire go ndearna táirgeoirí de chuid an Aontais infheistíochtaí móra i bhforbairt saoráidí táirgthe costasacha roimh 2017, d’fhonn freastal ar éileamh eischósta nár mhór iad a úsáid, ar deireadh, chun SWT a tháirgeadh ar talamh, nó a bhí díomhaoin. Maidir le SGRE agus GE, d’eascair an laghdú ar bhrabúsacht thionscal SWT an Aontais as laghdú ar an éileamh ar SWT eischósta.

(384)

Bréagnaítear na maímh sin i bhfoilseachán de chuid WindEurope dar teideal Offshore wind in Europe – Key trends and statistics 2020 a foilsíodh i mí Feabhra 2021. Léirítear le Fíor 1 ann gur tháinig méadú tapa 16 % nó mar sin ar an acmhainneacht gaoithe eischósta shuiteáilte charnach san Aontas idir 2017 agus 2018 agus gur éirigh an acmhainneacht níos mó fós le 20 % in aghaidh na bliana in 2019 agus 2020. Ní raibh i gceist leis ach thart ar 8,8 GW in 2017, ach bhí thart ar 14,6 GW i gceist leis an acmhainneacht gaoithe eischósta shuiteáilte in AE27 in 2020 (129). Thuar WindEurope go raibh ionchas sách dearfach i ndán do shuiteálacha eischósta (130). Thug an Coimisiún dá aire freisin nár léiríodh san imscrúdú go raibh úsáid chórasach á baint ag tairgeoirí de chuid an Aontais as saoráidí a bhí ann ar mhaithe le SWT eischósta chun SWT ar talamh a tháirgeadh – d’aithin GE féin go raibh na saoráidí a bhí ann ar mhaithe le SWT eischósta táirgeoirí áirithe de chuid an Aontais curtha in áirithe go hiomlán (131).

(385)

Tar éis an nochta deiridh, rinneadh GE na figiúirí a d’fhoilsigh WindEurope a léirmhíniú ar bhealach eile. Ba é a chonclúid ón gcairt thuasluaite gur tháinig laghdú ar an éileamh ar shuiteálacha gaoithe eischósta idir 2017 agus 2018, ansin gur tháinig “feabhas beag” air idir 2018 agus 2019 agus gur tháinig laghdú air arís idir 2019 agus 2020. Ar an mbonn sin, ba é a chonclúid gur chrap margadh eischósta an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Mar sin féin, cé go ndearna an Coimisiún na figiúirí a choigeartú chun Ballstáit an Aontais amháin a áireamh, i.e. chuir sé as an áireamh na méideanna a tuairiscíodh maidir leis an Ríocht Aontaithe, is cosúil nach ndearna GE an rud céanna agus, ar an gcaoi sin, gur bhunaigh sé a chonclúid ar thacar sonraí mícheart. Go deimhin, má eisiatar an Ríocht Aontaithe ón gcairt a luaitear, níl aon laghdú ar an éileamh ar shuiteálacha gaoithe eischósta idir 2019 agus 2020, ach ina áit sin tháinig méadú réasúnta mór thart ar 20 % air. Ar an iomlán, mar a luadh, tháinig méadú mór ar an acmhainneacht gaoithe eischósta shuiteáilte charnach san Aontas ó 8,8 GW go 14,6 GW le linn na tréimhse faoi bhreathnú, i.e. méadú 66 %.

(386)

Maidir le barúlacha GE a bhaineann le tearc-úsáid saoráidí táirgthe eischósta, bréagnaítear iad le barúlacha an pháirtí ina soiléirítear nach raibh i gceist leis na saoráidí a bhí curtha in áirithe go hiomlán dá dtagraítear in aithris (384) ach saoráidí aon táirgeora amháin de chuid an Aontais. Tá an Coimisiún muiníneach nár léiríodh san imscrúdú go raibh úsáid chórasach á baint ag tairgeoirí de chuid an Aontais as saoráidí a bhí ann ar mhaithe le SWT eischósta chun SWT ar talamh a tháirgeadh.

(387)

Ar na cúiseanna thuasluaite go léir, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh athráite go rachadh laghdú ar an éileamh eischósta i bhfeidhm ar bhealach diúltach ar bhrabúsacht thionscal an Aontais agus go gcuirfeadh sé leis an díobháil.

5.2.4.   Praghsanna amhábhar

(388)

Is ionann plátaí cruach agus sciar mór (thart ar 40 % (132)) de chostas táirgthe SWT. Dar le CCCME, SGRE agus GE, ba é forchur roinnt bearta cosanta trádála in aghaidh allmhairí cruach, lena n-áirítear na bearta coimirce is infheidhme faoi láthair, san Aontas a laghdaigh brabúsacht thionscal an Aontais seachas allmhairí ón tSín. Chuir CCCME an bharúil sin in iúl arís tar éis an nochta deiridh, agus thug le fios freisin i bhfianaise na mbeart cosanta trádála eile atá i bhfeidhm, go raibh an méadú ar an gcostas táirgthe chomh mór sin nach féidir é a fhritháireamh trí phraghsanna a mhéadú. Ar dhóigh níos ginearálta, tar éis an nochta deiridh, shonraigh SGRE gur cheart a chuimsiú in anailís an Choimisiúin measúnú níos grinne ar cibé acu a mhaolaigh nó nár mhaolaigh an méadú 21 % ar an gcostas táirgthe an nasc cúisíoch idir na hallmhairí a líomhnaítear a dumpáladh agus aon díobháil líomhnaithe a bhain do thionscal SWT an Aontais.

(389)

Shuigh an Coimisiún nach raibh aon bhunús leis na maímh. Níor thug aon pháirtí bunús le héifeacht aon bheart cosanta trádála ar leith ar chostas táirgthe foriomlán táirgeoirí SWT, gan trácht ar an éifeacht sin a chainníochtú le sonraí, trí stair thionscal an Aontais agus foinsiú táirgí cruach ina dhiaidh sin faoi réir bearta cosanta trádála, más ann dóibh, a chur san áireamh. Thairis sin, léirigh an Coimisiún, i ndoiciméad an nochta deiridh agus i roinn 4.4.3.1 chomh maith, an fhorbairt ar chostais amhábhar le linn na tréimhse faoi bhreathnú, agus i gcomparáid leis an bhforbairt ar phraghsanna díola freisin. Chuir an Coimisiún i dtábhacht, nuair a bhíonn cothrom iomaíochta ann, gur féidir le táirgeoirí de chuid an Aontais méaduithe ar chostais (amhábhar) a léiriú ina bpraghsanna díola. Mar sin féin, níorbh fhéidir le táirgeoirí SWT de chuid an Aontais a bpraghsanna a mhéadú (fiú amháin chun a gcostais a chlúdach) i ngeall ar an mbrú praghsanna ó na hallmhairí ón tSín. Dá bhrí sin, ní fhéadfadh an méadú ar an gcostas táirgthe foriomlán, cibé acu atá nó nach bhfuil ann mar thoradh ar aon bheart cosanta trádála, an nasc cúisíoch a suíodh idir allmhairí dumpáilte ón tSín agus an díobháil ábhartha a bhain do thionscal an Aontais a mhaolú.

5.2.5.   Fadhbanna le saoráidí táirgthe

(390)

Thug SGRE le tuiscint go ndearnadh díobháil do tháirgeoirí de chuid aon Aontais mar thoradh ar shaoráidí táirgthe SWT atá níos nuaí agus níos nua-aimseartha a oscailt san Aontas toisc gur dúnadh saoráidí táirgthe SWT eile (níos sine) san Aontas dá thoradh sin. Tar éis an nochta deiridh, shonraigh an páirtí nár thug an Coimisiún aghaidh go leordhóthanach ar an iomaíocht inmheánach a d’eascair as oscailt GRI Sevilla sa Spáinn in 2017, Haizea Bilboa sa Spáinn in 2018 agus Windar France in 2020. Dar le SGRE, d’fhág oscailt Windar France (suite go fabhrach ar an gcósta) go raibh saoráid Windar in Olazagutía na Spáinne (suite go dífhabhrach 100 km isteach ón gcósta) iomarcach agus gur mar gheall air sin a dúnadh é in 2019. Níor soláthraíodh aon fhaisnéis bhreise chun údar a thabhairt leis an maíomh sin. In éagmais aon aighneacht eile maidir leis an tsaincheist, níorbh fhéidir leis an imscrúdú a shuí go raibh, mar thoradh ar oscailt saoráidí táirgthe nua san Aontas, per se, éifeacht dhíobhálach ar na saoráidí a bhí ann cheana.

(391)

Chuir Vestas agus SGRE an locht maidir le díobháil ar shaoráidí monaraíochta táirgeoirí de chuid an Aontais atá lonnaithe i suíomhanna mí-oiriúnacha, ach níor thug siad aon údar leis na líomhaintí sin. Léiríodh san imscrúdú nach margadh mórmhéide é margadh SWT an Aontais, lena mbaineann tomhaltas bliantúil de thart ar 3 000 aonad i dtréimhse an imscrúdaithe, agus dá bhrí sin ní féidir le táirgeoirí a ndíolacháin a theorannú do shuíomhanna in aice láimhe amháin. Mar sin féin, dhíol gach ceann de na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais SWT le cinn scríbe ina mBallstát féin freisin, nó gar dó, i dtréimhse an imscrúdaithe. Diúltaítear do na maímh.

5.2.6.   Iomaíocht idir cumhacht ghaoithe agus foinsí fuinnimh eile

(392)

I gcás páirtithe áirithe, tháinig méadú ar an mbrú chun túir ghaoithe chruach a tháirgeadh ar phraghsanna níos lú agus níos lú fós mar gheall go mbíonn tionscadail nua giniúna leictreachais ó chumhacht ghaoithe san Aontas in iomaíocht go díreach le táirgeoirí foinsí fuinnimh eile, go háirithe grianphainéil (a tháirgtear lasmuigh den Aontas den chuid is mó). Tháinig méadú ar an mbrú freisin mar thoradh ar an spleáchas níos mó ar cheant acmhainneachta in-athnuaite nua ó bhí 2017 ann, a fhorordaítear leis na treoirlínte ábhartha don tréimhse 2014-2020 (133). Shuigh an Coimisiún nach ann don iomaíocht líomhnaithe le foinsí fuinnimh eile in go leor tionscadal (féach aithris (447) freisin). Maidir le ceant, de réir na sonraí staidrimh atá ar fáil, tháinig laghdú níos mó ar phraghsanna na dtúr idir 2009 agus 2016 ná tar éis 2016. Diúltaíodh, dá bhrí sin, don argóint.

(393)

Shonraigh Vestas, WindEurope agus SGRE go raibh aon laghdú ar phraghsanna nó ar bhrabúsacht le haghaidh SWT ina thoradh loighciúil ar an iomaíocht shubstaintiúil agus ar an mbrú praghsanna in earnáil na gaoithe ina hiomláine. Sa chomhthéacs sin, thagair Vestas, SGRE, WindEurope agus CCCME do roinnt forbairtí in earnáil an fhuinnimh gaoithe san Aontas (mar atá, brú atá ag méadú de shíor chun an líon scéimeanna idirdhealaithe costais leictreachais a laghdú, beartais náisiúnta mhíréireacha, easpa infheictheachta maidir le méideanna amach anseo agus brabúsacht níos ísle na bhfeirmeacha gaoithe i ngeall ar na hathruithe ar fhoirm agus ar leibhéal an fhóirdheonaithe le haghaidh fuinneamh in-athnuaite san Aontas (agus aistriú ag tarlú ó tharaifí ar sholáthar leictreachais go préimheanna ar sholáthar leictreachais)) rud a bhí ina chúis, dar leo, le caillteanas roinnt úsáideoirí Eorpacha in 2018 agus 2019. D’aithin an Coimisiún na saincheisteanna sin ach shuigh sé nach raibh bunús leis an maíomh ar an iomlán. Ní bhíonn díobháil ar leibhéal a soláthróirí ina toradh ar iomaíocht níos mó ar leibhéal úsáideoirí deiridh faoi ghnáthchúinsí. An chúis le tarraingt anuas praghsanna SWT i dtionscal an Aontais ab ea líon níos mó allmhairí ar phraghas íseal ón tSín a bheith ar fáil go forleathan. Dá mbeadh cothrom iomaíochta san iomaíocht ar an leibhéal sin, ní thiocfadh laghdú chomh mór sin ar phraghsanna agus ar bhrabúsacht táirgeoirí SWT. Dá bhrí sin, ní fhéadfadh an brú ardaithe praghsanna ar an tionscal úsáideoirí an nasc cúisíoch a suíodh idir allmhairí dumpáilte ón tSín agus an díobháil ábhartha a bhain do thairgeoirí SWT de chuid an Aontais a mhaolú.

5.2.7.   Túir neamhchruach

(394)

Shonraigh SGRE gur cúis fhéideartha díobhála ar leith do thionscal an Aontais atá in iomaíocht inmheánach ó thúir neamhchruach. Tar éis an nochta deiridh, mhaígh an páirtí arís eile go léirítear san fhoilseachán Global wind turbine technology trends 2019 le Wood Mackenzie méadú 10 % ar thúir hibrideacha, agus laghdú 16 % ar thúir chruach le linn na tréimhse 2017-2024, agus thuar WindEurope laghdú ar mhargadhluach SWT sna blianta amach romhainn. D’aithin an Coimisiún an t-ábhar. Mar sin féin, bhí líon íseal túr neamhchruach san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú (134) agus níl na túir sin oiriúnach le haghaidh go leor tionscadal. Dá bhrí sin, ní fhéadfadh túir neamhchruach an nasc cúisíoch a suíodh idir allmhairí dumpáilte ón tSín agus an díobháil ábhartha a bhain do thairgeoirí SWT de chuid an Aontais a mhaolú.

5.2.8.   Fachtóirí eile

(395)

Shonraigh CCCME gur chuir infheistíochtaí móra a rinne táirgeoirí SWT de chuid an Aontais, go háirithe in 2017, brú ar bhrabús táirgeoirí SWT de chuid an Aontais i rith na mblianta ina dhiaidh sin nuair a tháinig laghdú ar an éileamh. Ar an gcéad dul síos, níor tháinig laghdú ar an éileamh tar éis 2017. Anuas air sin, in 2017, ghin táirgeoirí SWT de chuid an Aontais sreabhadh airgid arbh ionann é agus breis agus aon trian amháin de na hinfheistíochtaí a rinneadh an bhliain sin. I dteannta na mbrabús agus an tsreafa airgid a gineadh sna blianta roimh 2017 tráth nár tharla aon dumpáil dhíobhálach, bhí cistí leordhóthanacha ag táirgeoirí de chuid an Aontais chun na hinfheistíochtaí sin a mhaoiniú. Léiríodh san imscrúdú, áfach, gurbh athsholáthar a raibh údar leo, athruithe a bhí de dhíth de bharr éileamh an mhargaidh, agus uasghráduithe fíor-riachtanacha ar threalamh a raibh mar aidhm leo freastal ar úsáideoirí a bhí i gceist le hinfheistíochtaí na dtáirgeoirí SWT sampláilte de chuid an Aontais.

(396)

Léirigh SGRE dímheas níos mó GRI mar chúis díobhála. Suíodh san imscrúdú go raibh dímheas GRI i gcomhréir leis na caighdeáin chuntasaíochta náisiúnta agus idirnáisiúnta is infheidhme. Thairis sin, níorbh fhéidir leis an imscrúdú a shuí go ndearna aon athrú ar dhímheas GRI difear don nasc cúisíoch a suíodh idir allmhairí dumpáilte ón tSín agus an díobháil ábhartha a bhain do thionscal an Aontais trí chéile.

(397)

Chuir Vestas an locht as an díobháil ar lagú airgeadra na Síne, rud a chuir feabhas ar iomaíochas SWT ón tSín. Shuigh an Coimisiún, áfach, go raibh an maíomh sin lochtach. Suíodh gur sheol táirgeoirí SWT de chuid na Síne sonraisc le haghaidh onnmhairí chun an Aontais in USD nó in EUR. Go deimhin, bhí USD réasúnta láidir le linn thréimhse an imscrúdaithe, i raon idir 1,07 agus 1,14 in aghaidh EUR/USD. I gcomparáid leis sin, bhí an ráta EUR/USD os cionn 1,18 i mí Lúnasa 2020 agus os cionn 1,22 i mí Eanáir 2021. Dá bhrí sin, ní fhéadfadh luaineachtaí airgeadra a bheith ina gcúis leis an díobháil ábhartha a bhain do thionscal an Aontais.

(398)

Tar éis an nochta deiridh, mhaígh CCCME gur toisc chúisíoch leis an díobháil a bhí sa laghdú ar an tomhaltas in 2019, lena gcuimsítear leath de thréimhse an imscrúdaithe. Ina leith sin, léirigh sé freisin an leibhéal réasúnta íseal d’acmhainneacht a suiteáladh sa Ghearmáin in 2019 agus go háirithe in 2020. Dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh, toisc go raibh tomhaltas an Aontais in 2019 5 % ní b’airde fós i gcomparáid le 2017 agus gur shealadach an laghdú ar an tomhaltas in 2019 agus toisc gur tháinig méadú mór 8 % dá éis sin i dtréimhse an imscrúdaithe.

(399)

Mhaígh CCCME freisin tar éis an nochta deiridh gur cheart don Choimisiún aghaidh a thabhairt ar thionchar phaindéim COVID-19 ar an díobháil, toisc go raibh an phaindéim ina cúis le sleabhcadh eacnamaíoch suntasach agus gur chuir sí isteach go mór ar shlabhraí soláthair domhanda. Thug an Coimisiún dá aire gur tháinig deireadh le tréimhse an imscrúdaithe i lár 2020 agus nach raibh aon chomhartha ann gur tháinig laghdú ar an éileamh ar SWT nó gur tháinig fadhbanna chun cinn maidir le hamhábhair a fháil sna 4 mhí dheireanacha de thréimhse an imscrúdaithe, nuair a thosaigh an phaindéim san Aontas. Diúltaíodh, dá bhrí sin, don mhaíomh ó CCCME.

5.3.   An chonclúid ar chúisíocht

(400)

Ar bhonn a bhfuil thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go ndearnadh díobháil ábhartha don tionscal de chuid an Aontais de dheasca na n-allmhairí dumpáilte ón tír lena mbaineann agus maidir leis na tosca eile, a breithníodh leo féin nó le chéile, nár mhaolaigh siad an nasc cúisíoch idir na hallmhairí dumpáilte agus an díobháil ábhartha.

6.   LEIBHÉAL NA mBEART

(401)

Chun leibhéal na mbeart a chinneadh, scrúdaigh an Coimisiún ar leor dleacht is lú ná an corrlach dumpála chun an díobháil a rinneadh don tionscal de chuid an Aontais de dheasca allmhairí dumpáilte a bhaint.

6.1.   Corrlach díobhála

(402)

Thiocfadh deireadh leis an díobháil dá bhféadfadh tionscal an Aontais spriocbhrabús a fháil trí dhíol ar spriocphraghas de bhrí Airteagal 7(2c) agus Airteagal 7(2d) den bhun-Rialachán.

(403)

I gcomhréir le hAirteagal 7(2c) den bhun-Rialachán, chun an spriocbhrabús a shuí, chuir an Coimisiún na tosca seo a leanas san áireamh: leibhéal na brabúsachta roimh an méadú ar allmhairí ón tír lena mbaineann, leibhéal na brabúsachta is gá chun costais agus infheistíochtaí iomlána a chumhdach, taighde agus forbairt (T&F) agus nuálaíocht, agus leibhéal na brabúsachta a mbeadh coinne leis faoi ghnáthdhálaí iomaíochta. Níor cheart don chorrlach brabúis sin a bheith níos ísle ná 6 %.

(404)

Shonraigh na gearánaigh gur spriocbhrabús réasúnta é 10 % toisc go líomhnaítear gur éirigh le gearánaigh áirithe é sin a bhaint amach sa tréimhse a chuimsítear leis an ngearán (135). Mhaígh roinnt úsáideoirí go raibh an leibhéal brabúis a shonraigh na gearánaigh míréasúnach ard, áfach.

(405)

Leagtar amach spriocbhrabús íosta 6 % in Airteagal 7(2c) den bhun-Rialachán. Léiríodh san imscrúdú go raibh sciar mór den mhargadh san Aontas ag allmhairí ón tSín agus go raibh brabúsacht thionscal an Aontais faoi bhun 6 % ar feadh iomlán na tréimhse faoi bhreathnú. Dá bhrí sin, rinne an Coimisiún measúnú ar bhrabúsacht thionscal an Aontais i rith na 6 bliana roimh an tréimhse faoi bhreathnú agus shuigh sé gur 8,4 % agus 9,8 % faoi seach a bhrabúsacht in 2015 agus in 2016, is é sin an 2 bhliain roimh an tréimhse tagartha (136). Níl aon fhaisnéis ag an gCoimisiún maidir le leibhéal ná praghsanna allmhairí roimh an tréimhse faoi bhreathnú. Mar sin féin, tugann na leibhéil bhrabúis a baineadh amach sa 2 bhliain sin le fios nár chuir allmhairí ón tSín isteach ar phraghsanna díola an tionscail in aon chor, fiú má bá na hallmhairí sín i láthair ar mhargadh an Aontais ina méideanna móra in 2015 agus 2016. Mheas an Coimisiún, dá bhrí sin gur réasúnach é spriocbhrabús 9,1 %, arb é an meánbhrabús a bhain tionscal an Aontais amach sa 2 bhliain sin, toisc go ndearna an leibhéal ard allmhairí ón tSín difear do bhrabúsacht thionscal an Aontais cheana féin le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Cuireadh an spriocbhrabús sin le costas táirgthe iarbhír thionscal an Aontais chun an praghas neamhdhíobhála a shuí.

(406)

Tar éis an nochta deiridh, mheas Suzhou Titan go raibh an coigeartú 0,5 % ar luach CAL a rinne an Coimisiún chun an costas iar-allmhairiúcháin a chumhdach ró-íseal i bhfianaise an chostais iompair atá le hiompar ag úsáideoirí agus an coigeartú (níos airde) a rinne an Coimisiún in imscrúduithe eile. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh. Tá an coigeartú a rinneadh bunaithe ar na sonraí a sholáthair na húsáideoirí comhoibríocha agus a ndearna an Coimisiún cros-seiceáil chianda orthu, agus dá bhrí sin tá sé sonrach don chás.

(407)

Tar éis an nochta deiridh, shonraigh CCCME gur 6 % is ceart a bheith sa spriocbhrabús, toisc go raibh brabúsacht thionscal an Aontais le roinnt blianta anuas faoi bhun 6 % agus nach mbeadh sé ionadaíoch ar dhálaí reatha an mhargaidh a bheith ag brath ar shonraí ó 2015 agus 2016. Dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin. Ar na cúiseanna a leagtar amach thuas, ní féidir an bhrabúsacht le linn na tréimhse faoi bhreathnú a úsáid mar thagarmharc agus an bhrabúsacht le linn an 2 bhliain roimhe sin ag cloí le ceanglais Airteagal 7(2c).

(408)

Ina bharúlacha a ghabh leis an nochtadh deiridh, mheas GE go raibh locht ar an modheolaíocht ar a dtugtar tuairisc thuas. Shonraigh GE nár tháinig laghdú ar phraghsanna thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú agus mheas sé nár ghá don Choimisiún tagairt siar do na blianta roimh an tréimhse faoi bhreathnú toisc, dar leis, nár tharla an borradh faoi allmhairí SWT ón tSín ach in 2019. Shuigh an Coimisiún nach raibh bunús leis an maíomh sin i bhfianaise thábla 4 den Rialachán seo, ina léirítear go soiléir méadú 44 % ar allmhairí ón tSín idir 2017 agus 2018 agus sciar den mhargadh ag allmhairí ón tSín nach lú ná 25 % in 2017, agus ba é sin an ráta ab ísle fós le linn na tréimhse faoi bhreathnú. D’áitigh GE freisin, bunaithe ar shonraí sa ghearán, go raibh na leibhéil allmhairí ón tSín inchomparáide in 2016, 2017 agus 2018. Mar sin féin, léirítear i dtorthaí an imscrúdaithe seo (féach tábla 4) mar a nochtadh do pháirtithe leasmhara iad figiúirí allmhairiúcháin le linn na tréimhse faoi bhreathnú atá an-difriúil leo siúd sa ghearán, agus níl figiúirí allmhairiúcháin de SWT amháin roimh an tréimhse sin ag an gCoimisiún. Dá bhrí sin, mar a luadh, ní heol an leibhéal allmhairí ón tSín in 2015 agus 2016 ach tugtar le tuiscint leis an mbrabúsacht a bhain tionscal an Aontais amach sna blianta sin nár tháinig laghdú ar a phraghsanna díola mar thoradh ar allmhairí ón tSín mar a mhínítear in aithris (405). D’iarr GE spriocbhrabús 6 % “toisc go ndéanfaí leis sin an leibhéal brabúis a bhain an tAontas (tionscal an Aontais) amach ag tús na tréimhse faoi bhreathnú a dhúbláil agus gur mhéadú 7,4 % a bheadh ann ó leibhéal thréimhse an imscrúdaithe” (137). Ní chuirtear san áireamh leis an réasúnaíocht sin ar chor ar bith na forálacha ábhartha sa bhun-Rialachán. Dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin dá bhrí sin.

(409)

Ní dhearna aon cheann de na táirgeoirí sampláilte maíomh faoi Airteagal 7(2c) den bhun-Rialachán maidir le hinfheistíochtaí ligthe thar ceal nó T&D agus costais nuálaíochta. Ina theannta sin, ní dhearnadh aon mhaíomh de bhun Airteagal 7(2d) den bhun-Rialachán, i.e. maidir leis na costais a thabhóidh tionscal an Aontais amach anseo a eascróidh as Comhaontuithe Iltaobhacha Comhshaoil, agus as prótacail fúthu, ar páirtí iontu an tAontas, agus as na Coinbhinsiúin EIS a liostaítear in Iarscríbhinn Ia a ghabhann leis an mbun-Rialachán, le linn thréimhse chur i bhfeidhm an bhirt de bhun Airteagal 11(2).

(410)

Ansin, chinn an Coimisiún an leibhéal maidir le díothú na díobhála ar bhonn comparáid idir meánphraghas allmhairiúcháin ualaithe gach táirgeora onnmhairiúcháin a samplaíodh sa tír lena mbaineann de réir an chineáil, arna shuíomh le haghaidh na ríomhanna sladghearrtha praghais, agus meánphraghas neamhdhíobhála ualaithe an táirge chomhchosúil arna dhíol ag na táirgeoirí ón Aontas a samplaíodh ar mhargadh an Aontais le linn na tréimhse imscrúdaithe. Rinneadh aon difríocht a d’eascair as an gcomparáid sin a shloinneadh mar chéatadán den mheánluach allmhairiúcháin ualaithe maidir le CAL.

(411)

Rinne Suzhou Titan GE agus EWTA na barúlacha céanna, maidir leis an leibhéal comparáide praghsanna a úsáidfear le haghaidh na ríomhanna maidir le gearrdhíol, leis na barúlacha a rinneadh maidir leis na ríomhanna maidir le sladghearradh (tugtar aghaidh orthu in aithrisí (326)-(328)). Diúltaítear do na maímh sin ar na cúiseanna céanna a leagtar amach sna haithrisí sin, trí mutatis mutandis a chur i bhfeidhm.

(412)

Mhaígh GE agus Vestas gur cheart an corrlach sladghearrtha a mheas mar an corrlach díobhála. Dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin toisc go mbeadh mar thoradh ar an gcur chuige sin leibhéal dleachta nach mbainfeadh an díobháil atá ann mar thoradh ar allmhairí dumpáilte do thionscal an Aontais, contrártha do na rialacha is infheidhme.

(413)

Tar éis an nochta deiridh, léirigh Suzhou Titan amhras faoina inchreidte atá na corrlaigh a chinntear ar an tslí a mhínítear in aithris (410) mar gheall ar an leibhéal meaitseála idir a dhíolacháin agus díolacháin nochta an Aontais. D’iarr an páirtí idirdhealú idir túir ghaoithe chruach ar talamh agus eischósta sna ríomhanna, go bhfaighfí breithniú níos cuimsithí agus níos iomláine ar onnmhairí iontu sin, agus shonraigh ag an am céanna nach bhféadfadh Uimhreacha Rialacháin Táirge (PCNanna) lena mbaineann corrlaigh ghearrdhíola diúltacha a bheith ina gcúis le díobháil. Dhiúltaigh an Coimisiún do na maímh. Shoiléirigh an Coimisiún gur bunaíodh ríomhanna ar thúir ghaoithe chruach ar talamh, agus orthu sin amháin. Tá an mheaitseáil PCN mór ar an iomlán agus is féidir léiriú soiléiriú a fháil léi i dtéarmaí corrlach díobhála. Ní léirítear corrlaigh ghearrdhíola dhiúltacha ach le líon beag PNCanna, ach ní théann sé sin i gcion ar ríomh an chorrlaigh díobhála ná ní athraíonn sé an chonclúid maidir le díobháil.

(414)

D’iarr CCCME ar an gCoimisiún an leibhéal meaitseála a nochtadh dá mba rud é nár baineadh / maolaíodh paraiméadair PCN áirithe. Mheas an Coimisiún nárbh ábhartha cás a nochtadh nár coinníodh chun críche na ríomhanna.

(415)

Mhaígh an táirgeoir onnmhairiúcháin Chengxi Shipyard gur cheart corrlaigh ghearrdhíola a ríomh ar bhonn an phíosa seachas ar bhonn an chileagraim. Diúltaíodh don mhaíomh sin ar na cúiseanna céanna a leagtar amach in aithris (329), trí mutatis mutandis a chur i bhfeidhm.

(416)

Suíodh na leibhéil díothaithe díobhála le haghaidh “cuideachtaí comhoibríocha eile” agus le haghaidh “gach cuideachta eile” ar an mbealach céanna agus a suíodh na corrlaigh dhumpála le haghaidh na gcuideachtaí sin (féach aithris (287) agus aithris (290)). Ar an mbonn sin, maidir leis an gcorrlach díobhála iarmhair, mheas an Coimisiún gurb iomchuí é a shuí ar leibhéal an mheánchorrlaigh díobhála ualaithe arna chinneadh le haghaidh na gcineálacha táirgí is mó a onnmhairíonn Suzhou Titan, an táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte lena mbaineann an corrlach díobhála aonair is airde. B’ionann na cineálacha táirgí sin agus níos mó ná 50 % d’onnmhairí an táirge faoi imscrúdú de chuid na cuideachta sin chuig an Aontas le linn thréimhse an imscrúdaithe.

Cuideachta

Corrlach dumpála cinntitheach (%)

Corrlach díobhála cinntitheach (%)

Chengxi Shipyard

127,8

7,5

Penglai Dajin

49,7

7,2

Suzhou Titan

60,7

14,4

Cuideachtaí comhoibríocha eile

83,2

11,2

Gach cuideachta eile

144,2

19,2

(417)

Tar éis an nochta deiridh, mhaígh EWTA nár leor na dleachtanna arna mbeartú chun an díobháil a rinneadh do thionscal an Aontais de dheasca allmhairí dumpáilte a bhaint; ní thabharfaí ar ais leis na dleachtanna sin cothrom iomaíochta agus leibhéal praghsanna cothrom ar mhargadh an Aontais agus ní chuirfí feabhas ar bhrabúsacht thionscal an Aontais. Ní chomhlíonfadh siad ceanglais Airteagal 9(4) den bhun-Rialachán ar dá réir is ceart an dleacht níos lú a chur i bhfeidhm nuair is leor sin chun an díobháil a rinneadh do thionscal an Aontais a bhaint.

(418)

Shonraigh EWTA freisin, i dtaca le hAirteagal 7(2) agus (2a) den bhun-Rialachán, go n-éilítear le reachtaíocht phríomha an Aontais Eorpaigh forchur taraifí ar leibhéal an chorrlaigh dumpála agus dá n-imeodh an Coimisiún ó na ceanglais faoi Airteagal 7(2) agus dá gcuirfeadh sé i bhfeidhm dleacht níos lú de bhun Airteagal 7(2a), ansin ba cheart don Choimisiún scrúdú a dhéanamh ar cibé acu a bheadh nó nach mbeadh dleacht níos lú ná an corrlach dumpála leordhóthanach chun an díobháil a bhaint agus aird a thabhairt ar shaobhadh amhábhar a bheith ann i ndáil leis an táirge lena mbaineann.

(419)

De réir EWTA, bunaítear leis an mbun-Rialachán foráil in Airteagal 7(2) a bhfuil mar aidhm leis an chosaint is mó do leasanna an Aontais a sholáthar. D’áitigh EWTA gur cheart don Choimisiún na scrúduithe is gá a dhéanamh chun imeacht ó Airteagal 7(2) agus a fhíorú cibé acu a chomhlíontar nó nach gcomhlíontar na coinníollacha chun an leibhéal dleachtanna a shocrú ar leibhéal níos ísle. Maidir leis an bpointe thuas, dar le EWTA, níl aon lamháil discréide ag an gCoimisiún agus ní dhealraíonn sé go bhfuil aon bhunús dlí príomha eile san Aontas lena gceadaítear don Choimisiún imeacht ó fhorálacha an bhun-Rialacháin, gan trácht ar an oibleagáid nó an tasc a tharmligean don ghearánaí chun imscrúdú a dhéanamh ar an bpointe seo agus chun é a chruthú. Sa chomhthéacs sin, thug EWTA dá aire, óna thaobh féin, gur soláthraíodh fíorais agus argóintí réasúnacha sa ghearán agus gur iarradh go soiléir ar an gCoimisiún ann na dleachtanna a shocrú ar leibhéal an chorrlaigh dumpála mar gheall ar an saobhadh tromchúiseach i ndáil leis an bpríomh-amhábhar i dtrácht, rud a shuigh an Coimisiún féin cheana féin roinnt uaireanta le déanaí. Sa chomhthéacs sin, thagair EWTA do roinn 2.7.2. den ghearán, inar léiríodh an treocht maidir leis an difreálach praghsanna mhór le haghaidh plátaí cruach idir an tAontas agus Daon-Phoblacht na Síne, nach mór a thuiscint atá de réir bhrí Airteagal 7(2a) den bhun-Rialachán lena gcuimsítear an pointe go bhfuil “praghas amhábhair i bhfad níos ísle i gcomparáid le praghsanna sna margaidh ionadaíocha idirnáisiúnta”. Thairis sin, thug EWTA dá aire, ó tharla gur shuigh an Coimisiún cheana féin gurb ann do shaobhadh maidir leis na hamhábhair i dtrácht, chomh maith le príomhionchuir eile amhail fuinneamh agus saothar, gur cheart go mbeadh sé éasca na gnéithe sin a chomhtháthú chun Airteagal 7(2a) a tharscaoileadh agus dleachtanna a fhorghníomhú ar bhonn Airteagal 7(2). I bhfianaise a bhfuil thuas, choinnigh EWTA ar bun a iarraidh chun na dleachtanna a fhorchur ar leibhéal an chorrlaigh dumpála i gcomhréir le hAirteagal 7(2) den bhun-Rialachán agus mhaígh sé gur aimsigh sé bealach dlíthiúil éifeachtach, éifeachtúil agus cuiditheach le háirithiú go gcomhlíontar an ceanglas seo den bhun-Rialachán.

(420)

Thug an Coimisiún dá aire go leagtar síos in Airteagal 7(2) den bhun-Rialachán an riail ghinearálta chun leibhéal dleachtanna a ríomh, agus is é atá ann tosaíocht a thabhairt don chorrlach díobhála nuair is ísle é sin ná an corrlach dumpála (“riail na dleachta is lú”). Go hiondúil, bainfidh an corrlach díobhála sin, de réir a shainmhínithe, an díobháil a bhain do thionscal an Aontais, toisc go ríomhtar é trí spriocbhrabús, mar a shuitear i gcomhréir le hAirteagal 7(2c) den bhun-Rialachán, a chur leis an gcostas táirgthe iarbhír a thabhaíonn tionscal an Aontais.

(421)

Leagtar amach eisceacht ón riail ghinearálta, mar a shonraigh EWTA agus an ceart aige, in Airteagal 7(2a) den bhun-Rialachán ina ndéantar foráil maidir le, cibé acu an ann nó nach ann do shaobhadh ar amhábhair i ndáil leis an táirge lena mbaineann, a chur san áireamh.

(422)

Sonraítear in Airteagal 7(2a), an ceathrú mír, den bhun-Rialachán go gcuimseofar leis an mbun-Rialachán aon saobhadh ar amhábhair a shainítear sa dara fomhír den mhír seo, a bhfuil fianaise leordhóthanach ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 5 maidir leis an saobhadh sin a bheith ann. Leagtar amach in Airteagal 5 den bhun-Rialachán na forálacha maidir le tionscnamh imeachtaí. Ag céim an tionscnaimh, níor soláthraíodh aon fhianaise sa ghearán maidir le haon cheann de na bearta a liostaítear in Airteagal 7(2a), an dara fomhír, den bhun-Rialachán a bheith ann i nDaon-Phoblacht na Síne, agus ní raibh aon fhianaise ag an gCoimisiún ach an oiread maidir le bearta den sórt sin a bheith ann. Dá dhroim sin, níorbh fhéidir saobhadh den sórt sin a chuimsiú in imscrúdú an Choimisiúin. Diúltaíodh do mhaíomh EWTA dá bhrí sin.

6.2.   Conclúid maidir le leibhéal na mbeart

(423)

De réir an mheasúnaithe thuas, is mar a leanas ba cheart dleachtanna frithdhumpála cinntitheacha a shocrú i gcomhréir le hAirteagal 9(4) den bhun-Rialachán:

Cuideachta

Dleacht frithdhumpála chinntitheach

Chengxi Shipyard

7,5  %

Penglai Dajin

7,2  %

Suzhou Titan

14,4  %

Cuideachtaí comhoibríocha eile

11,2  %

Gach cuideachta eile

19,2  %

7.   LEAS AN AONTAIS

7.1.   Leas an tionscail de chuid an Aontais

(424)

Ní chuir aon táirgeoir SWT san Aontas in aghaidh na mbeart. Meastar go dtabharfaí ar ais leis na bearta cothrom iomaíochta agus leibhéal praghsanna cothrom ar mhargadh an Aontais agus go gcuirfí feabhas ar bhrabúsacht thionscal an Aontais.

(425)

Rinneadh athstruchtúrú ar thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú agus tá an tionscal airdeallach i gcónaí chun feabhas a chur ar a éifeachtúlacht i dtéarmaí cost-éifeachtúlachta agus nuálaíochta agus freastal níos fearr ar chustaiméirí. Dá ainneoin sin, d’áitigh an gearánach gurbh éigean do cheathrar táirgeoirí SWT de chuid an Aontais imeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh in 2018-2019 (138).

(426)

D’fhéadfaí go mbeadh ar tháirgeoirí áirithe eile de chuid an Aontais an rud céanna a dhéanamh, a ngníomhaíochtaí SWT a laghdú nó fiú deireadh a chur leo, agus poist a ghearradh murarbh ann d’aon bhearta (139). D’fhéadfadh a bheith ina thoradh air sin foinsí soláthair níos teoranta ag úsáideoirí, moill ar agaí tionscanta, agus tionchar diúltach ar an iomaíocht sa mhargadh. Ní rud inmhianaithe é caillteanas fios gnó san Aontas i gcomhthéacs spriocanna an Aontais maidir le suiteálacha gaoithe ar talamh agus eischósta le haghaidh na mblianta amach romhainn. Léirítear leis an ráta úsáide acmhainneachta i dtábla 6 thuas, d’ainneoin ar mhaígh roinnt páirtithe, go bhféadfaidh tionscal an Aontais freastal ar an éileamh san Aontas agus go bhfuil acmhainneacht bhreise fós ann.

(427)

Ach táirgeoirí SWT san Aontas a chosaint, neartófaí an slabhra luacha in-athnuaite san Aontas agus samhail ghnó inbhuanaithe bunaithe ar shlándáil an tsoláthair agus ar iomaíocht chóir. Measfar go dtiocfaidh méadú ar an éileamh ar shuiteálacha fuinnimh gaoithe sna blianta amach romhainn. Dá dhroim sin, measann WindEurope go dtiocfaidh méadú 2,4 % in aghaidh na bliana ar an margadhluach le haghaidh túir ghaoithe go dtí 2029 chun luach EUR 4 bhilliún a bhaint amach (140).

(428)

In éagmais beart, is dócha go dtiocfaidh meath eile ar staid thionscal an Aontais. Is ann d’acmhainneacht bhreise mhór de tháirgeacht SWT sa tSín. Breis is 23 000 túr sa bhliain atá san acmhainneacht sin, i.e. 100 % d’éileamh an domhain (141), i gcomhthéacs ina bhfuil bearta cosanta trádála i bhfeidhm ar tháirgeoirí SWT de chuid na Síne i roinnt áiteanna ar domhan, amhail Stáit Aontaithe Mheiriceá (142), an Astráil (143), nó Meicsiceo (144), rud a fhágann gur an-dócha go dtiocfaidh méadú eile ar allmhairí ón tSín isteach san Aontas.

(429)

Tar éis an nochta deiridh, rinne EWTA agus roinnt táirgeoirí de chuid an Aontais gearán maidir le fad an nós imeachta chun bearta cinntitheacha a fhorchur agus maidir le leibhéal nochta na ndleachtanna, atá ró-íseal, dar leo, chun cosaint leordhóthanach a thabhairt do thionscal an Aontais. Dhiúltaigh an Coimisiún do na barúlacha sin. Tá amlíne an imscrúdaithe i gcomhréir iomlán leis na forálacha dlíthiúla ábhartha agus ghníomhaigh an Coimisiún le dúthracht chuí roimh theacht ar chonclúid. Thairis sin, ríomh an Coimisiún na dleachtanna frithdhumpála a fhorchuirfear trí thacair sonraí a chuir na páirtithe ábhartha isteach a úsáid mar a bheith cros-seiceáilte agus trí fhorálacha ábhartha go léir an bhun-Rialacháin a chur i bhfeidhm.

(430)

I bhfianaise a bhfuil thuas, ba é conclúid an Choimisiúin go mbeadh forchur dleachtanna frithdhumpála chun leas thionscal an Aontais.

7.2.   Leas allmhaireoirí neamhghaolmhara

(431)

Shuigh an Coimisiún gur gnó dí-idirghafa atá i ngnó SWT go bunúsach mar ceannaíonn úsáideoirí SWT go díreach ó tháirgeoirí SWT. Is iad úsáideoirí san Aontas a dhéanann cúram d’allmhairiú SWT go hiondúil.

(432)

Níor chomhoibrigh aon chuideachta a dhéanann cúram d’allmhairiú SWT, agus de sin amháin, san imscrúdú. Líon cuideachta i Hong Cong a bhaineann le Envision (forbróir tuirbíní gaoithe), grúpa Síneach, ceistneoir a bhí beartaithe d’allmhaireoirí neamhghaolmhara san Aontas agus mheas sé nach bhfuil gá le bearta chun iomaíocht chóir a áirithiú sa mhargadh SWT. Léiríodh san imscrúdú go bhfuil an freagróir ina chuid de ghrúpa a bhfuil a phríomhleasanna coibhéiseach leo siúd a bheadh ag úsáideoir SWT.

(433)

I bhfianaise a bhfuil thuas, ba é conclúid an Choimisiúin nach ann d’fhianaise go rachadh forchur dleachtanna frithdhumpála i bhfeidhm ar allmhaireoirí.

7.3.   Leas úsáideoirí

(434)

Go hiondúil, díolann táirgeoirí SWT an táirge faoi imscrúdú go díreach le táirgeoirí tuirbíní gaoithe, ar úsáideoirí san imeacht seo iad sa mhéid go ndéanann siad SWT a chóimeáil le tuirbín gaoithe iomlán.

(435)

Maidir le GE agus Vestas, úsáideoirí arbh ionann iad le chéile agus 50 % ar a laghad de thomhaltas an Aontais le linn thréimhse an imscrúdaithe, chuir siad isteach freagraí ar an gceistneoir agus roinnt faisnéis eile nuair a iarradh é sin orthu. Ina theannta sin, chuir na húsáideoirí SGRE agus Nordex isteach faisnéis áirithe maidir lena gceannacháin nuair a iarradh é sin orthu. Tá na ceithre chuideachta sin i measc na ndeich monaróir tuirbíní gaoithe fuinnimh gaoithe is mó (145).

(436)

Mheas CCCME gur dea-shampla den domhandú agus de chomhar idirnáisiúnta iad úsáideoirí mar déantar comhpháirteanna ó gach cearn den domhan, SWT ina measc, a chomhtháthú. Shonraigh CCCME go rachadh bearta maidir le SWT de thionscnamh na Síne i gcion ar an slabhra soláthair agus go gcuirfeadh siad moill ar thionscadail ghaoithe mar bíonn próisis cháilíochta idir fhada agus chasta ag úsáideoirí le haghaidh soláthróirí. Níor aontaigh an Coimisiún leis sin mar tabharfar cothrom na Féinne ar ais leis na bearta seachas an doras a dhúnadh ar allmhairí ón tSín. Thairis sin, níl tionscal na n-úsáideoirí ag brath ar an tSín le haghaidh soláthar SWT ina shlabhra soláthair mar faigheann sé SWT ó go leor soláthróirí cáilithe eile san Aontas agus in áiteanna eile. Tugtar aghaidh ar an tsaincheist a thuilleadh in aithris (443) thíos.

(437)

Léirigh an comhlachas WindEurope agus roinnt monaróirí tuirbíní gaoithe an t-ábhar imní atá ag úsáideoirí. Shonraigh roinnt úsáideoirí nach bhféadfaidís dleachtanna frithdhumpála ar SWT a iompar mar bhí dleachtanna frithdhumpála agus frithchúitimh á n-íoc acu ar amhábhair éagsúla eile a úsáidtear i dtuirbíní gaoithe agus toisc gur sciar mór de chostais tuirbín gaoithe é costais SWT. Luaigh úsáideoirí áirithe na caillteanais a bhí ag cuid acu san Aontas le déanaí. Thug SGRE dá aire go raibh brabús íseal á fhógairt ag úsáideoirí le haghaidh 2021 (146). Líomhain cuid acu go dtiocfadh méadú ar phraghsanna SWT (lena n-áirítear iad siúd de thionscnamh an Aontais) mar thoradh ar na bearta, go mbeadh tionchar diúltach acu ar bhrabús na n-úsáideoirí agus ar chuid dá ngníomhaíochtaí, go gcuirfí stop le hearcú, agus go ndúnfaí a saoráidí monaraíochta nach bhfuil chomh hiomaíoch céanna in áiteanna áirithe san Aontas. Chuige sin, shonraigh WindEurope go raibh breis is 300 000 post i gceist leis an tionscal gaoithe Eorpach in 2019, agus ba phoist dhíreacha iad 50 000 díobh sin a bhí á soláthar ag monaróirí tuirbíní gaoithe, agus ghin sé ioncam mór agus chuir sé le OTI an Aontais. Shonraigh roinnt úsáideoirí go raibh gá le hallmhairí agus bhí imní orthu go mbeadh easpa acmhainneachta agus fadhbanna soláthair (níos measa) san Aontas, go háirithe le haghaidh méideanna níos mó (147). Líomhain SGRE go mbeadh costais ní b’airde ar úsáideoirí i ngeall ar an ngá a bheadh ann dul i muinín soláthróirí fo-optamacha i leith suíomhanna sonracha. Shonraigh GE gur cheart anailís ar leith a dhéanamh ar acmhainneacht le haghaidh túir ar talamh agus túir eischósta agus líomhain sé go raibh na gearánaigh ag feidhmiú ar lánacmhainneacht nach mór chun SWT ar talamh a tháirgeadh agus, roinnt uaireanta, níorbh fhéidir leo freastal ar riachtanais GE maidir le ceanglais sonraíochta nó laistigh de na hagaí tionscanta riachtanacha (agus uaireanta níorbh fhéidir leo freastal ar na riachtanais ar chor ar bith). Dar le GE, bhí éileamh ar SWT ón Aontas á bhrú ag GRI chuig a saoráidí táirgthe sa Tuirc agus san India. Thug SGRE dá aire gur léiríodh i bhfreagraí GRI ar an gceistneoir gurbh éigean don chuideachta SWT a cheannach chun freastal ar an éileamh. Luadh cuid de na héilimh sin, eadhon iad sin a bhain le costais níos airde ar úsáideoirí agus cúrsaí soláthair, arís tar éis an nochta deiridh. Tugtar aghaidh sna haithrisí seo a leanas ar na maímh go léir san aithris seo.

(438)

Mar bharúil tosaigh, thug an Coimisiún dá aire, maidir le formhór na ráiteas ginearálta ó úsáideoirí i ndáil le tionchar na dleachta, go ndearnadh iad i bhfianaise na líomhaintí sa ghearán, le corrlaigh dumpála ríofa os cionn 50 % agus corrlaigh díobhála suas le 20 %. I bhfocail eile, níor chuir siad san áireamh leibhéal na ndleachtanna faoi mar a cuireadh san imscrúdú reatha.

(439)

Rinne na páirtithe cainníochtú éagsúil ar chostais SWT laistigh de chostais tuirbín gaoithe, agus ba ann do chéatadáin éagsúla sa raon 20 % (148)-30 %. Níor tugadh le tuiscint le haon fhianaise sa cháschomhad nach féidir le húsáideoirí méaduithe ar chostais ar SWT mar thoradh ar an dleacht a bheartaítear, más ann dóibh, a chur ar aghaidh chuig forbróirí tionscadail nó chuig páirtithe eile. Thairis sin, maidir leis an tréimhse thagartha, níor léiríodh san imscrúdú aon chaillteanas do GE agus Vestas ar úsáideoirí comhoibríocha iad. Maidir le táirgí ina gcuimsítear an táirge faoi imscrúdú, ina fhreagra ar an gceistneoir, thuairiscigh GE brabús sa raon 5 %-10 % in 2019 agus i dtréimhse an imscrúdaithe (149). Sna tréimhsí sin, rinne Vestas brabús sa raon céanna, agus thuar brabús níos airde sna blianta amach romhainn (150). Tugtar d’aire nach mór féachaint ar bhrabúsacht úsáideoirí i gcomhthéacs níos leithne, mar bíonn díolacháin tuirbíní gaoithe ina gcuimsítear SWT ina gcuid de thionscadal níos leithne (151) agus gur minic a bhíonn conarthaí seirbhíse agus cothabhála (152) i gceist leo ar feadh roinnt blianta. Laistigh de Vestas, bhí feidhmíocht na roinne seirbhíse an-láidir in 2020, agus bhí méadú 10 % ar an ioncam le hais na bliana roimhe mar aon le corrlach tuillimh roimh ús agus cáin 28 %, an corrlach is airde riamh (153). I gcás Nordex agus SGRE, idir 2017 agus 2019 b’airde i bhfad an corrlach le haghaidh seirbhísí ná an tuilleamh roimh ús agus cáin (dearfach) le haghaidh orduithe do thuirbíní gaoithe (154). D’ainneoin go raibh brabús níos ísle ag úsáideoirí áirithe in 2021 (155) (156), d’fheidhmigh formhór na n-úsáideoirí go han-mhaith le linn tréimhse inar tháinig laghdú ar chostas an fhuinnimh gaoithe (157) agus go raibh timthriallacht áirithe ina dtuilleamh, ag brath ar an gcéim de na tionscadail a bhíonn idir lámha acu. Ina bharúlacha leis an nochtadh deiridh, léirigh CCCME go raibh coinne shoiléir le téarnamh láidir sa tréimhse tar éis an imscrúdaithe, go háirithe i dtéarmaí tomhaltais agus táirgthe (158).

(440)

Ó tharla nár sholáthair úsáideoirí ach sonraí neamhiomlána ar ualú an chostais SWT laistigh dá dtionscadail, níorbh fhéidir leis an gCoimisiún cainníochtú fóinteach a dhéanamh maidir lena mhéid a chuirfeadh na bearta le costais fhoriomlána na dtionscadal. Céatadán íseal a thugtar le tuiscint sna meastacháin, rud a bheadh ag brath ar raon feidhme an chonartha. D’áitigh EWTA gurbh ionann an méadú ar chostas ceannaigh SWT i ngeall ar an dleacht agus méadú bliantúil 0,5 % den mhéid sin ar chostas tionscadail (159). Dá bhrí sin, dá mbeadh mar thoradh ar fhorchur beart frithdhumpála méadú foriomlán 10 %, mar shampla, ar phraghsanna SWT d’úsáideoirí a chuirfeadh formhór an mhéadaithe sin ar phraghsanna ar aghaidh chuig a gcustaiméirí, agus bheadh ina thoradh air sin, dar le EWTA, méadú bliantúil 0,05 % ar chostas tionscadail. Ba cheart a thabhairt d’aire freisin nach mbíonn GE, Vestas, Nordex ná SGRE ag brath go heisiach ar allmhairí SWT ón tSín.

(441)

Tar éis an nochta deiridh, shonraigh SGRE fiú dá mbeadh tionchar réasúnta beag ag dleachtanna ar chostas SWTanna arna shloinneadh mar chéatadán, mar dhearbh-mhéideanna bheadh an tionchar suntasach mar gheall ar an ngá atá ann d’úsáideoirí saoráidí táirgthe a bharrfheabhsú de thoradh brú iomaíoch agus an ghá le rannchuidiú le hiomaíochas fuinnimh an fhuinnimh gaoithe i dtéarmaí na meánchostas iomlán táirgthe fuinnimh, i.e. an meán-ghlanchostas reatha giniúna leictreachais le haghaidh saoráid giniúna thar a saolré. Ní dhearna an páirtí an tionchar “suntasach” líomhnaithe a chainníochtú. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh. I bhfianaise a bhfuil in aithris (438) agus aithris (440) thuas, ní mheastar go mbeidh tionchar mór ag bearta ar allmhairí SWT ón tSín ar bhrabúis úsáideoirí comhoibríocha, ar a ngníomhaíochtaí T&F nó ar oibríochtaí monaraíochta comhpháirteanna áirithe tuirbíní gaoithe ag úsáideoirí.

(442)

Faoi mar a shonraigh WindEurope, gineann úsáideoirí breisluach mór san Aontas. Is amhlaidh an scéal maidir le táirgeoirí SWT san Aontas, mar mhonaróirí SWT (160). Mar sin féin, níor cheart na 300 000 agus/nó 50 000 post a luaigh WindEurope a chur i gcomparáid le figiúirí fostaíochta an Aontais i dtábla 8 den Rialachán seo. Go deimhin, cuimsítear leis na 300 000 post freisin poist monaróirí comhpháirteanna, lena n-áirítear táirgeoirí SWT san Aontas, agus poist soláthraithe seirbhísí ar talamh agus eischósta. Cuimsítear leis an bhfigiúr sin freisin poist in eintitis i dtíortha nach Ballstáit den Aontas iad amhail an Ríocht Aontaithe, an Tuirc, an Iorua agus an Eilvéis agus 140 000 post indíreach de chineálacha éagsúla. Maidir leis na húsáideoirí a thuairiscigh sonraí fostaíochta foriomlána, ní dhearna siad cainníochtú ar na poist a d’fhéadfadh a bheith i mbaol laistigh dá n-eintitis, dá ndéanfaí bearta a fhorchur ar SWT de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne. Maidir le húsáideoirí eile a luaitear in aithris (435), níor sholáthair siad aon sonraí ar fhostaíocht. I bhfianaise a bhfuil thuas, measann an Coimisiún go dtacóidh bearta le fostaíocht in earnáil na gaoithe san Aontas trí chéile mar tuartar go dtiocfaidh méadú ar an bhfostaíocht sa réimse sin (161).

(443)

Maidir le barúlacha úsáideoirí maidir le fadhbanna soláthair, léiríodh san imscrúdú go mbíonn úsáideoirí ag obair le líon teoranta soláthróirí SWT ar na forais go nglacann sé tamall fada chun soláthróirí cáilithe (malartacha) túr gaoithe a aimsiú. Mar sin féin, tá bunús mór soláthróirí san Aontas, agus is féidir leo raon mór méideanna a tháirgeadh. Maidir leis an ní deiridh sin, mar a luadh in aithris (42), shuigh an Coimisiún go bhfuil an acmhainneacht táirgeachta ag tionscal an Aontais le haghaidh gach méid SWT is gá. Léirítear sna comhaid ina nochtar ríomhanna díobhála go raibh codanna le trastomhas os cionn 5 mhéadar á ndíol san Aontas ag táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais, fearacht táirgeoirí de chuid na Síne. Ina theannta sin, tar éis an nochta deiridh, thug an t-úsáideoir SGRE dá aire go háirithe teacht chun cinn saoráidí táirgthe nua níos nua-aimseartha san Aontas a bhí in ann SWT ar mhéid níos mó a tháirgeadh in 2017, 2018 agus 2020 (162). Tagraítear i bhfógraí cuideachtaí ó tháirgeoirí de chuid an Aontais do thoisí os a gcionn siúd a dhíol táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais le linn thréimhse an imscrúdaithe (163). Is fíor gurb ann do sholáthar mór san Aontas: is airde acmhainneacht táirgeachta táirgeoirí SWT de chuid an Aontais ná tomhaltas an Aontais agus tá acmhainneachtaí móra SWT ar fáil san Aontas (féach tábla 6) lena bhfreastalaítear ar gach suíomh is gá agus ar mhargaí ar talamh agus eischósta araon. Aithníonn CCCME méadú ar acmhainneacht an Aontais le blianta beaga anuas. In ainneoin a chasta a bhí tosca an mhargaidh i ngeall ar SWT ar phraghas íseal ón tSín a bheith ann, tháinig méadú ar acmhainneacht thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú ar iarraidh ó chustaiméirí (164) agus gheall an tionscal go gcuirfidh sé méadú breise ar a acmhainneacht, más féidir de réir dhálaí an mhargaidh. Má fhorchuirtear bearta, ceadófar allmhairí ón tSín i gcónaí (ach ar leibhéal praghsanna ceartaithe) agus beidh allmhairí de thionscnamh tíortha eile ar fáil i gcónaí (165).

(444)

I bhfianaise a bhfuil thuas, dhiúltaigh an Coimisiún do na maímh a bhfuil achoimre orthu in aithris (437).

(445)

Tar éis an nochta deiridh, líomhain SGRE nach dtugann táirgeoirí de chuid na Síne aghaidh ach ar an éileamh sa Danmhairg, sa tSualainn agus san Fhionlainn, mar bíonn easpa iomaíochais sna Ballstáit Theas. Thug an Coimisiún dá aire gur Margadh Aonair atá san Aontas. Ina theannta sin, léiríodh san imscrúdú nár tharla díolacháin SWT ón tSín ach i mBallstáit Thuaidh amháin. Shuigh an Coimisiún nach raibh bunús le líomhain SGRE.

(446)

D’áitigh roinnt páirtithe go mbíonn teicneolaíocht tuirbíní gaoithe agus teicneolaíocht grianphainéal (a tháirgtear lasmuigh den Aontas den chuid is mó) in iomaíocht dhíreach le chéile uaireanta i dtéarmaí praghas in aghaidh an kWh de leictreachas. Chuir an iomaíocht sin leis an mbrú chun SWT a tháirgeadh ar phraghsanna níos ísle arís. D’áitigh siad, dá bhrí sin, fiú dá bhféadfaí fostaíocht a shábháil nó a chruthú sa tionscal monaraíochta SWT trí bhearta a fhorchur, sháródh an caillteanas fostaíochta i réimsí eile den tionscal tuirbíní gaoithe de dheasca éileamh níos lú an tairbhe sin (orduithe a chailltear don tionscal grianphainéal mar thoradh ar phraghsanna níos airde ar SWT agus, dá dhroim sin, ar thuirbíní gaoithe).

(447)

Diúltaíodh don mhaíomh sin. I bhformhór na gcásanna, bíonn suíomh oiriúnach agus déantar é a fhorbairt do ghiniúint fuinnimh gaoithe amháin nó do ghiniúint grianfhuinnimh amháin mar gheall ar an áit a bhfuil sé (e.g. eischósta, suíomh inar féidir an oiread gréine nó gaoithe is mó agus is féidir a ghabháil) nó mar gheall ar éilimh an choimisinéara nó an daonra. Thairis sin, tuigtear leis an maíomh thuas go mbeidh mar thoradh ar fhorchur beart méadú foriomlán ar chostais ceannaigh tuirbíní gaoithe, ach mar a míníodh in aithrisí (438) go (441), ní mheastar go mbeidh tionchar mór ar úsáideoirí ag na bearta ar allmhairí SWT ón tSín, mar gheall freisin ar infhaighteacht na bhfoinsí soláthair a mhínítear in aithris (443).

7.4.   Leas na soláthróirí

(448)

Shonraigh an comhlachas cruach Eurofer go bhfuil leas soiléir ann don Aontas bearta a fhorchur ar SWT ionas nach ndéanfar an díobháil a rinneadh do tháirgeoirí plátaí muilinn aisiompaitheacha, a chosnaítear le bearta frithdhumpála, a bhogadh anuas i slabhra luacha cruach an Aontais. Chuir an páirtí tábhacht thionscal SWT an Aontais i dtábhacht le haghaidh soláthróirí cruach de chuid an Aontais agus i gcomhthéacs pleananna maidir le fuinneamh inathnuaite san Aontas. De réir faisnéis mhargaidh (166), beidh idir 8 agus 10 n-uaire an cruach in aghaidh an MW a ghintear ag teastáil ó chineálacha fuinnimh inathnuaite i gcomparáid le cineálacha fuinnimh iontaise, agus tiocfaidh méadú ar an líon tuirbíní gaoithe a shuiteálfar sna blianta amach romhainn.

(449)

Shonraigh CCCME go ndíspreagfaí le beartas infheistíochtaí Síneacha san Aontas arb é atá iontu ceannach táirgeoirí áitiúla SWT (dócmhainneacha), agus bíonn tionchar diúltach aige sin ar sholáthróirí meaisín Eorpacha. Níor aontaigh an Coimisiún leis sin. Meastar go dtairbheoidh táirgeoirí innealra san Aontas d’fheabhas ar chás táirgeoirí SWT san Aontas.

(450)

Measann an Coimisiún go rachaidh bearta chun tairbhe tionscal réamhtheachtach san Aontas, mar atá soláthróirí amhábhar (e.g. muilinn chruach san Aontas) agus táirgeoirí innealra ábhartha san Aontas.

7.5.   Leasanna comhshaoil

(451)

Mheas CCCME go dtiocfadh méadú ar chostais táirgthe le haghaidh thionscal fuinnimh gaoithe an Aontais mar gheall ar bhearta. Líomhain SGRE agus CCCME go mbeadh tionchar díobhálach ag bearta ar bhaint amach spriocanna an Aontais maidir le fuinneamh inathnuaite agus laghdú CO2 agus ar an gcaoi sin ní bheidís chun leasa an Aontais. Mheas GE go gcuirfidh bearta bac ar Bhallstáit chun spriocanna maidir le fuinneamh inathnuaite a bhaint amach, nach mbeidh tionscadail ghaoithe barainneach a thuilleadh mura gcomhlíontar tairseacha infheistíochta (e.g. moill ar sceideal/ní féidir an sciar den mhaoiniú fiachais a fháil) agus go gcuirfear cosc ar fhorbairt tionscadal áirithe. Tar éis an nochta deiridh, bhí imní ar WindEurope go ndéanfar tearc-infheistíocht sa mhonaraíocht úrscothach agus i dtaighde agus i bhforbairt agus go gcaillfeadh tionscal na hEorpa an rás domhanda le haghaidh na ceannaireachta teicneolaíochta san fhuinneamh gaoithe. Mheas an Coimisiún nach bhfuil coinne leis go ndéanfaidh bearta frithdhumpála ar SWT ón tSín dochar do bhaint amach spriocanna an Aontais maidir leis an bhfuinneamh inathnuaite agus laghdú CO2 ná nach gcuirfear tionscadail ghaoithe ar ceal mar thoradh orthu. Ina ainneoin sin, tá coinne leis go gcuirfidh na bearta le cur chun feidhme an fhuinnimh gaoithe ar fud an Aontais trí chothrom na Féinne a chruthú inar féidir le gach oibreoir eacnamaíoch, táirgeoirí de chuid na Síne san áireamh, a bheith in iomaíocht faoi dhálaí córa.

(452)

Shonraigh GE go mbeadh bearta ina gcúis le praghsanna fuinnimh níos airde do thomhaltóirí agus go dtiocfaidís salach ar chuspóir an Choimisiúin gur cheart leictreachas ó fhoinsí inathnuaite a chur i bhfeidhm ar an gcostas is ísle agus is féidir do thomhaltóirí agus do cháiníocóirí. Níor aimsigh an Coimisiún aon fhianaise go mbeadh bearta maidir le SWT ina gcúis le méaduithe móra ar phraghsanna fuinnimh do thomhaltóirí san Aontas. Níor sholáthair aon pháirtí sonraí lena bhféadfaí méadú den sórt sin, dá mba ann dó, a chainníochtú. Maidir le cáiníocóirí, meastar go rachaidh na méaduithe tuartha ar shuiteálacha fuinnimh gaoithe san Aontas (167) chun tairbhe na bpobal a óstálann tionscadail trí chánacha agus trí fháltais eile (168).

(453)

Ag cuimhneamh ar an gcistiú a chuireann an tAontas agus na Ballstáit ar fáil d’earnáil an fhuinnimh gaoithe, dar le GE, thiocfadh bearta salach ar leasanna an Aontais féin agus chuirfidís inbhuaine na hearnála fuinnimh gaoithe ann i mbaol. Níor aontaigh an Coimisiún leis sin. Mar mhonaróirí comhpháirteanna, gineann táirgeoirí SWT san Aontas breisluach mór laistigh den tionscal fuinnimh gaoithe (169). Bíonn coinne leis go dtacóidh bearta le táirgeoirí SWT san Aontas agus go dtabharfaidh siad fás, cobhsaíocht fostaíochta, ioncaim agus infheistíochtaí dóibh. Ba cheart d’úsáideoirí tairbhiú de bhonn leathan táirgeoirí SWT de chuid an Aontais atá iomaíoch, iontaofa agus fónta ó thaobh airgeadais de agus d’agaí seachadta áisiúla is féidir le táirgeoirí de chuid an Aontais a thairiscint mar gheall ar a ngaireacht

7.6.   Fachtóirí eile

(454)

Shonraigh CCCME go raibh sé mar aidhm ag táirgeoirí SWT de chuid an Aontais an mhonaplacht, nó gar di, atá acu ar an margadh a neartú go gairid roimh mhéadú ar an éileamh a bhfuil coinne leis, chun tairbhiú de na forbairtí sin a bhfuil coinne leo agus chun na críche sin amháin. Mheas an Coimisiún nach raibh tacaíocht ná bunús leis an maíomh sin. Gan ach an líon táirgeoirí SWT san Aontas a lua, bréagnaítear aon mhonaplacht sa mhargadh. Léirítear i bhfíor 24 i bhfoilseachán le WindEurope (170) le déanaí líon ard saoráidí ina monaraítear túir (níos airde ná an líon saoráidí ina monaraítear comhpháirteanna gaoithe eile).

(455)

Thairis sin, ina fhreagra ar an gceistneoir, thagair GE do laghduithe féideartha ar an lucht saothair san Aontas le haghaidh páirtithe idirmheánacha a bhfuil baint acu le hoibríochtaí calafoirt agus le haghaidh páirtithe a bhfuil baint acu le hiompar agus le suiteáil tuirbíní gaoithe críochnaithe. I bhfianaise na méaduithe tuartha ar shuiteálacha fuinnimh gaoithe san Aontas (féach fonóta 167), shuigh an Coimisiún nach bhfuil bunús leis an maíomh.

7.7.   An chonclúid ar leas an Aontais

(456)

Ar bhonn a bhfuil thuas, ba é conclúid an Choimisiúin nach raibh aon chúis fíor-láidir ann nárbh é leas an Aontais bearta frithdhumpála cinntitheacha a fhorchur ar allmhairí túr gaoithe cruach agus a gcodanna de thionscnamh na Síne.

8.   BEARTA FRITHDHUMPÁLA CINNTITHEACHA

8.1.   Réamhbharúil

(457)

Léiríodh i roinn 4 den fhógra tionscnaimh gur sholáthair an gearánach fianaise go raibh an táirge faoi imscrúdú á thabhairt i méideanna móra chuig suíomhanna eischósta, i.e. chuig oileán saorga, suiteáil sheasta nó ar snámh nó aon struchtúr eile ar scairbh ilchríochach Bhallstáit nó sa limistéar eacnamaíoch eisiach (“CS/EEZ”) a dhearbhaigh Ballstát de bhun Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige (“Unclos”).

(458)

Dá réir sin, rinne an Coimisiún, de bhun Airteagal 14a den bhun-Rialachán, scrúdú freisin ar cibé acu ba cheart nó nár cheart bearta, más ann dóibh, a fhorchur freisin in CS/EEZ. Léiríodh san imscrúdú nár thuairiscigh aon cheann de na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte de chuid na Síne díolacháin chuig an scairbh ilchríochach nó chuig EEZ. Ní bhfuair an Coimisiún aon eolas ar dhíolacháin mhóra ag táirgeoirí SWT de chuid na Síne le CS/EEZ.

(459)

Dá bhrí sin, ó tharla nach ann d’aon fhianaise gur tugadh méideanna móra den táirge dumpáilte chuig CS/EEZ, ní fhorchuirtear aon bheart frithdhumpála in CS/EEZ.

(460)

Tar éis an nochta deiridh, shonraigh an gearánach agus roinnt táirgeoirí de chuid an Aontais gurbh fhéidir le táirgeoirí de chuid na Síne tabhairt faoi chleachtais dumpála áirithe mar gheall nach ann do bhearta frithdhumpála in CS/EEZ. Dhiúltaigh an Coimisiún do na barúlacha. Ós rud é nach gcomhlíontar ceanglais Airteagal 14a den bhun-Rialachán, mar a mhínítear, ní fhéadfaidh an Coimisiún bearta frithdhumpála a fhorchur in CS/EEZ faoi chuimsiú an imscrúdaithe seo.

8.2.   Bearta cinntitheacha

(461)

I bhfianaise na gconclúidí ar tháinig an Coimisiún orthu maidir leis an dumpáil, leis an díobháil, leis an gcúisíocht agus le leas an Aontais, agus i gcomhréir le hAirteagal 9(4) den bhun-Rialachán, ba cheart bearta frithdhumpála cinntitheacha a fhorchur ionas nach ndéanfar tuilleadh díobhála don tionscal de chuid an Aontais le hallmhairí dumpáilte den táirge lena mbaineann. Ar na cúiseanna a leagtar amach i roinn 6, agus go háirithe in aithrisí (417) go (422), den Rialachán seo, ba cheart dleachtanna frithdhumpála a shocrú i gcomhréir le riail na dleachta is lú.

(462)

Ar bhonn lena bhfuil thuas, leagtar amach na rátaí a ndéanfar na dleachtanna a fhorchur mar a leanas:

Cuideachta

Dleacht frithdhumpála chinntitheach

Chengxi Shipyard

7,5  %

Penglai Dajin

7,2  %

Suzhou Titan

14,4  %

Cuideachtaí comhoibríocha eile

11,2  %

Gach cuideachta eile

19,2  %

(463)

Na rátaí dleachta frithdhumpála le haghaidh cuideachtaí aonair a shonraítear sa Rialachán seo, bunaíodh iad ar bhonn thorthaí an imscrúdaithe seo. Dá bhrí sin, is léiriú iad ar an staid mar a suíodh le linn an imscrúdaithe seo maidir leis na cuideachtaí sin. Tá na rátaí dleachta sin infheidhme go heisiach maidir le hallmhairí an táirge lena mbaineann ar de thionscnamh na tíre lena mbaineann é agus arna tháirgeadh ag na heintitis dhlítheanacha ainmnithe. Maidir le hallmhairí an táirge lena mbaineann arna dtáirgeadh ag aon chuideachta eile nach luaitear go sonrach i gcuid oibríochtúil an Rialacháin seo, lena n-áirítear eintitis a bhaineann leo sin a luaitear go sonrach, ba cheart iad a bheith faoi réir an ráta dleachta is infheidhme maidir le “gach cuideachta eile”. Níor cheart iad a bheith faoi réir aon cheann de na rátaí aonair maidir le dleacht frithdhumpála.

(464)

Féadfaidh cuideachta a iarraidh go gcuirfear na rátaí aonair sin maidir le dleacht frithdhumpála i bhfeidhm má athraíonn sí ainm a heintitis ina dhiaidh sin. Ní mór an iarraidh a chur faoi bhráid an Choimisiúin (171). Ní mór an fhaisnéis ábhartha uile a bheith san iarraidh ionas gur féidir a léiriú nach ndéantar difear leis an athrú do cheart na cuideachta tairbhiú den ráta dleachta a bhfuil feidhm leis maidir léi. Más amhlaidh nach ndéantar difear leis an athrú ar ainm na cuideachta do cheart na cuideachta tairbhiú den ráta dleachta is infheidhme maidir léi, foilseofar rialachán maidir leis an athrú ainm in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(465)

Chun na rioscaí imchéimniúcháin a íoslaghdú de bharr na difríochta i rátaí dleachta, teastaíonn bearta speisialta chun cur i bhfeidhm na ndleachtanna aonair frithdhumpála a áirithiú. Ní mór do na cuideachtaí a bhfuil dleachtanna frithdhumpála aonair acu sonrasc tráchtála bailí a thíolacadh d’údaráis chustaim na mBallstát. Ní mór an sonrasc a bheith i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 1(3) den rialachán sin. Ba cheart d’allmhairí nach mbíonn sonrasc ag gabháil leo a bheith faoi réir na dleachta frithdhumpála is infheidhme maidir le “gach cuideachta eile”.

(466)

Cé go bhfuil sé riachtanach an sonrasc seo a chur i láthair údaráis chustaim na mBallstát chun na rátaí aonair dleachta frithdhumpála a chur i bhfeidhm ar allmhairí, ní hé an t-aon ghné é a chuirfidh na húdaráis chustaim san áireamh. Go deimhin, fiú má thugtar sonrasc dóibh a chomhlíonann na ceanglais uile a leagtar amach in Airteagal 1(3) den rialachán seo, ní mór d’údaráis chustaim na mBallstát a ngnáthsheiceálacha a dhéanamh agus féadfaidh siad, mar atá i ngach cás eile, doiciméid bhreise a éileamh (doiciméid loingseoireachta, etc.) chun cruinneas na sonraí atá sa dearbhú a fhíorú agus chun a áirithiú go mbeidh údar le cur i bhfeidhm an ráta níos ísle dleachta ina dhiaidh sin, i gcomhréir leis an dlí custaim.

(467)

Má thagann méadú suntasach ar mhéid na n-onnmhairí ag ceann de na cuideachtaí a thairbhíonn de na rátaí dleachta aonair níos ísle tar éis fhorchur na mbeart lena mbaineann, d’fhéadfaí a mheas gur athrú ann féin é méadú den sórt sin ar an bpatrún trádála de bharr fhorchur beart de réir bhrí Airteagal 13(1) den Bhun-rialachán. Sna himthosca sin agus ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha, féadfar imscrúdú frith-imchéimniúcháin a thionscnamh. Féadfar leis an imscrúdú sin, inter alia, scrúdú a dhéanamh ar an ngá atá leis an ráta nó na rátaí dleachta aonair a bhaint agus ar an ngá le dleacht ar fud na tíre a fhorchur dá bharr sin.

(468)

Chun a áirithiú go ndéanfar na dleachtanna frithdhumpála a fhorfheidhmiú mar is ceart, ba cheart feidhm a bheith le dleacht frithdhumpála “gach cuideachta eile” ní hamháin maidir leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin neamh-chomhoibríocha san imscrúdú seo, ach maidir leis na táirgeoirí nach ndearna táirgí a onnmhairiú chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdaithe.

(469)

Maidir leis an táirge faoi imscrúdú, nuair a chuirtear le chéile é le comhpháirteanna le go mbeidh an t-iomlán ina thuirbín gaoithe, tá sé faoi láthair faoi chód AC 8502 31 00. D’fhonn a áirithiú nach bhforchuirtear na dleachtanna frithdhumpála ach ar SWT amháin, is gá foráil a dhéanamh gur gá an luach do SWT a chur isteach sa dearbhú le haghaidh scaoileadh i saorchúrsaíocht. Ba cheart luach SWT a léiriú go sonrach le haghaidh 8502310011 agus 8502310085.

(470)

Is minic a shloinntear staitisticí SWT i líon míreanna (píosaí). Mar sin féin, ní shainmhínítear an t-aonad forlíontach sin go córasach le haghaidh SWT a shainítear san Ainmníocht Chomhcheangailte a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (172). Dá bhrí sin, is gá foráil a dhéanamh gur gá an líon míreanna le haghaidh na n-allmhairí go léir den táirge lena mbaineann a chur isteach sa dearbhú le haghaidh scaoileadh i saorchúrsaíocht, anuas ar an meáchan in kg nó tonaí.

9.   FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

(471)

I bhfianaise Airteagal 109 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 (173), nuair atá méid le haisíoc tar éis breithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, ba cheart don ús atá le híoc a bheith ag an ráta arna chur i bhfeidhm ag an mBanc Ceannais Eorpach chuig a phríomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin, mar a fhoilsítear i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ar an gcéad lá féilire de gach mí.

(472)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Choiste a bunaíodh le hAirteagal 15(1) den bhun-Rialachán,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Forchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí túr gaoithe cruach áirithe ar scála fóntais, cibé acu atá siad barrchaolaithe nó nach bhfuil, agus codanna díobh sin, cibé acu atá siad cóimeáilte nó nach bhfuil, cibé acu a áirítear dúshraith leabaithe túir leo nó nach n-áirítear, cibé acu atá siad ceangailte le naoisilí nó lanna rótair nó nach bhfuil, agus atá deartha chun tacú leis an naoisil agus na lanna rótair le haghaidh a n-úsáide – ar talamh nó eischósta – i dtuirbíní gaoithe a bhfuil acmhainneacht ginte leictreachais acu de 1,00 meigeavata nó níos mó agus atá 50 méadar ar a laghad ar airde ó bhun an túir go bun na naoisile (i.e. áit a gceanglaítear barr an túir leis an naoisil) agus iad lánchóimeáilte, de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, atá faoi láthair faoi chóid AC ex 7308 20 00 (cód TARIC 7308200011) agus ex 7308 90 98 (cód TARIC 7308909811) agus, má allmhairítear mar chuid de thuirbín gaoithe iad, atá faoi láthair faoi chóid AC 8502 31 00 (cóid TARIC 8502310011 agus 8502310085).

2.   Is mar a leanas a bheidh na rátaí cinntitheacha maidir le dleacht frithdhumpála is infheidhme maidir leis an bpraghas glan, saor ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht, a bhí ag an táirge a bhfuil tuairisc air i mír 1 agus arna tháirgeadh ag na cuideachtaí a liostaítear thíos:

Tír

Cuideachta

Ráta dleachta frithdhumpála cinntithí

Cód breise TARIC

An tSín

Chengxi Shipyard Co., Ltd.

7,5  %

C726

Penglai Dajin Offshore Heavy Industry Co., Ltd.

7,2  %

C727

Suzhou Titan New Energy Technology Co., Ltd.

14,4  %

C728

Cuideachtaí comhoibríocha eile a liostaítear in Iarscríbhinn

11,2  %

Féach an Iarscríbhinn

Gach cuideachta eile

19,2  %

C999

3.   Beidh cur i bhfeidhm na rátaí dleachta aonair a sonraíodh le haghaidh na gcuideachtaí a luaitear i mír 2 coinníollach ar shonrasc tráchtála bailí a chur faoi bhráid údaráis chustaim na mBallstát, ar a mbeidh dearbhú arna dhátú agus arna shíniú ag oifigeach de chuid an eintitis ag a mbeidh an sonrasc sin á eisiúint, a shainaithneofar lena ainm agus lena fheidhm, arna dhréachtú mar a leanas: “Deimhnímse, a bhfuil mo shíniú thíos, go ndearna (ainm agus seoladh na cuideachta) (cód breise TARIC) méid (méid) den (táirge lena mbaineann), a díoladh lena onnmhairiú chuig an Aontas Eorpach, rud a chumhdaítear leis an sonrasc seo, a mhonarú sa tír seo: [an tír lena mbaineann]. Dearbhaím go bhfuil an fhaisnéis sa sonrasc seo iomlán agus ceart”. Mura gcuirtear an sonraisc sin isteach, beidh feidhm ag an dleacht is infheidhme maidir le gach cuideachta eile.

4.   Mura sonraítear a mhalairt, beidh feidhm leis na forálacha atá i bhfeidhm maidir le dleachtanna custaim.

Airteagal 2

I gcás ina ndéantar dearbhú maidir le scaoileadh i saorchúrsaíocht a thíolacadh i leith tuirbíní gaoithe dá dtagraítear in Airteagal 1(1), de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, déanfar an praghas glan, saor ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht, ar na tuirbíní gaoithe dá dtagraítear in Airteagal 1(1) a chur isteach i réimse ábhartha an dearbhaithe sin.

Ní bheidh feidhm ag na dleachtanna frithdhumpála dá dtagraítear in Airteagal 1(2) ach amháin i leith an phraghais ghlain, saor ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht, ar na tuirbíní gaoithe dá dtagraítear in Airteagal 1(1).

Cuirfear sonrasc tráchtála bailí i láthair údaráis chustaim na mBallstát. Beidh an fhaisnéis ann mionsonraithe a dóthain le cur ar a gcumas d’údaráis chustaim na mBallstát measúnú a dhéanamh ar chruinneas an phraghais ghlain a dhearbhaítear, saor ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht, ar na tuirbíní gaoithe dá dtagraítear in Airteagal 1(1).

Cuirfidh na Ballstáit, ar bhonn míosúil, an Coimisiún ar an eolas maidir leis an bpraghas glan, saor ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht, a dhearbhaítear le haghaidh na dtúr gaoithe dá dtagraítear in Airteagal 1(1) a allmhairítear mar chuid de thuirbín gaoithe dá dtagraítear in Airteagal 1(1).

Airteagal 3

I gcás ina ndéantar dearbhú maidir le scaoileadh i saorchúrsaíocht a thíolacadh i leith na dtáirgí dá dtagraítear in Airteagal 1(1), gan beann ar a dtionscnamh, déanfar an líon míreanna de na táirgí a allmhairítear a chur isteach i réimse ábhartha an dearbhaithe sin, ar an gcoinníoll go bhfuil an fhaisnéis sin comhoiriúnach le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (174).

Cuirfidh na Ballstáit, ar bhonn míosúil, an Coimisiún ar an eolas maidir leis an líon míreanna a allmhairítear faoi chód TARIC 7308200011, 7308909811, 8502310011 agus 8502310085.

Airteagal 4

D’fhéadfadh sé go ndéanfaí Airteagal 1(2) a leasú chun táirgeoirí onnmhairiúcháin nua ón tSín a chur leis agus iad a chur faoi réir na meándleachta frithdhumpála ualaithe iomchuí le haghaidh cuideachtaí comhoibríocha nár cuireadh san áireamh sa sampla. Tabharfaidh táirgeoir onnmhairiúcháin nua fianaise maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

ní dhearna sé na hearraí ar a dtugtar tuairisc in Airteagal 1(1) de thionscnamh na Síne a onnmhairiú le linn na tréimhse imscrúdaithe (1 Iúil 2019 go dtí an 30 Meitheamh 2020);

(b)

ní baineann sé le honnmhaireoir ná le táirgeoir atá faoi réir na mbeart arna bhforchur ag an Rialachán seo; agus

(c)

tá an táirge lena mbaineann onnmhairithe aige go cnó tá oibleagáid chonarthach neamh-inchúlghairthe air méid suntasach a onnmhairiú chuig an Aontas tar éis dheireadh na tréimhse imscrúdaithe.

Airteagal 5

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 15 Nollaig 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.

(2)  Fógra tionscnaimh maidir le nós imeachta frithdhumpála a bhaineann le hallmhairí túr gaoithe cruach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO C 351, 21.10.2020, lch. 8).

(3)  t21.003247.

(4)  Le fáil ag https://trade.ec.europa.eu/tdi/case_details.cfm?id=2488.

(5)  Le fáil ag https://trade.ec.europa.eu/tdi/case_details.cfm?id=2488.

(6)  Fógra maidir le hiarmhairtí na ráige COVID-19 ar imscrúduithe frithdhumpála agus frith-fhóirdheontais (IO C 86, 16.3.2020, lch. 6).

(7)  Is é atá i roinn túir ghaoithe struchtúir chruach agus plátaí cruach atá rolláilte ina gcruthanna sorcóra nó cóin agus iad táthaithe le chéile (nó ceangailte le chéile ar bhealach eile) chun blaosc chruach a chruthú, cibé acu atá siad brataithe, slim-mhaisithe nó péinteáilte nó nach bhfuil, gan beann ar chóireáil ná ar mhodh monaraithe, agus cibé acu a bhfuil feirí, doirse, nó comhchodanna inmheánacha nó seachtracha (e.g., urlárlach/deiceáil, dréimirí, ardaitheoirí, comhchumair leictreacha, cáblú leictreach, seolphíobáin, seol cáblaí don ghineadóir naoisile, soilsiú inmheánach, taisceadáin uirlisí agus stórála) acu nó nach bhfuil, atá ceangailte le roinn an túir ghaoithe.

(8)  Uimh. Thagartha t21.001369.

(9)  Uimh. Thagartha t20.007979.

(10)  Uimh. Thagartha t20.008738.

(11)  Uimh. Thagartha t20.008722.

(12)  Uimh. Thagartha t20.008655.

(13)  Uimh. Thagartha t21.002365.

(14)  Uimh. Thagartha t21.003189.

(15)  Uimh. Thagartha t21.003476.

(16)  Uimh. Thagartha t21.003443.

(17)  Uimh. Thagartha t21.003444.

(18)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/635 ón gCoimisiún an 16 Aibreán 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí píopaí táite agus feadán táite áirithe d’iarann nó de chruach neamh-chóimhiotail ar de thionscnamh na Bealarúise, Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Rúise iad tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/508 an 7 Aibreán 2020 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí leathán agus cornaí teorollta de chruach dhosmálta de thionscnamh na hIndinéise, Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Téaváine.

(19)  Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/635 ón gCoimisiún, aithrisí 149-150, agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/508 ón gCoimisiún, aithrisí 158-159.

(20)  Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/635 ón gCoimisiún, aithrisí 115-118, agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/508 ón gCoimisiún, aithrisí 122-127.

(21)  Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/635 ón gCoimisiún, aithrisí 119-122, agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/508 ón gCoimisiún, aithrisí 128-132: Cé go bhféadfaí an ceart atá ag na húdaráis ábhartha Stáit príomh-phearsanra bainistíochta i gcuideachtaí atá faoi úinéireacht an Stáit a cheapadh agus a chur as a bpoist, dá bhforáiltear i reachtaíocht na Síne, a mheas mar rud lena léirítear na cearta úinéireachta a chomhfhreagraíonn dó sin, léiríonn cealla de Pháirtí Cumannach na Síne i gcuideachtaí, idir chuideachtaí atá faoi úinéireacht an stáit agus chuideachtaí príobháideacha araon, modh tábhachtach eile trína féidir leis an Stát cur isteach ar chinntí gnó. De réir dhlí cuideachta Dhaon-Phoblacht na Síne, bunófar eagraíocht de chuid Pháirtí Cumannach na Síne i ngach cuideachta (le triúr comhaltaí de chuid an Pháirtí ar a laghad mar a shonraítear i mBunreacht Pháirtí Cumannach na Síne) agus cuirfidh an chuideachta na coinníollacha is gá ar fáil le haghaidh gníomhaíochtaí eagraíocht an pháirtí. Ní léir gur leanadh an ceanglas sin i gcónaí roimhe seo nó gur forfheidhmíodh go docht é. Mar sin féin, ó 2016 ar a laghad threisigh Páirtí Cumannach na Síne na maímh atá aige go bhfuil smacht aige ar chinntí gnó i bhfiontair atá faoi úinéireacht an stáit ar bhonn prionsabal polaitiúil. Tuairiscítear freisin gur chuir Páirtí Cumannach na Síne brú ar chuideachtaí príobháideacha tús áite a thabhairt don “tírghrá” agus disciplín an pháirtí a chomhlíonadh. In 2017, tuairiscíodh go raibh cealla den pháirtí in 70 % den 1,86 milliún cuideachta atá faoi úinéireacht phríobháideach, agus go raibh an brú ag méadú ar eagraíochtaí Pháirtí Cumannach na Síne an focal deiridh a bheith acu maidir leis na cinntí gnó laistigh dá gcuideachtaí faoi seach. Cuirtear na rialacha sin i bhfeidhm go ginearálta ar fud gheilleagar na Síne, i ngach earnáil, lena n-áirítear táirgeoirí slat sreinge agus soláthróirí a gcuid ionchur.

(22)  Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/635 ón gCoimisiún, aithrisí 123-129, agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/508 ón gCoimisiún, aithrisí 133-138.

(23)  Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/635 ón gCoimisiún, aithrisí 130-133, agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/508 ón gCoimisiún, aithrisí 139-142.

(24)  Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/635 ón gCoimisiún aithrisí 134-135 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/508 ón gCoimisiún, aithrisí 143-144.

(25)  Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/635 ón gCoimisiún, aithrisí 136-145, agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/508 ón gCoimisiún, aithrisí 145-154.

(26)  Féach Túir Ghaoithe Chruach ar Scála Fóntais ó Dhaon-Phoblacht na Síne: Cinneadh Críochnaitheach Dearfach maidir le Dleacht Frithchúitimh, 77 FR 75978 (26 Nollaig 2012) agus Meabhrán Saincheisteanna agus Cinnidh le haghaidh Thorthaí Críochnaitheacha an Chéad Athbhreithnithe Bhrostaithe Éaga ar an Ordú um Dhleacht Frithchúitimh ar Thúir Ghaoithe ar Scála Fóntais ó Dhaon-Phoblacht na Síne, https://enforcement.trade.gov/frn/summary/prc/2018-10555-1.pdf.

(27)  Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin maidir le Saobhadh Suntasach i nGeilleagar Dhaon-Phoblacht na Síne chun críocha Imscrúduithe Cosanta Trádála, an 20 Nollaig 2017, SWD(2017) 483 final/2.

(28)  Tuarascáil – Caibidil 14, lch. 358: 51 % de chuideachtaí príobháideacha agus 49 % de chuideachtaí faoi úinéireacht Stáit i dtéarmaí táirgthe, agus 44 % de chuideachtaí faoi úinéireacht Stáit agus 56 % de chuideachtaí príobháideacha i dtéarmaí acmhainneachta.

(29)  Le fáil ag:

www.gov.cn/zhengce/content/2016-02/04/content_5039353.htm (an dáta deireanach ar breathnaíodh air 6 Bealtaine 2021); https://policycn.com/policy_ticker/higher-expectations-for-large-scale-steel-enterprise/?iframe=1&secret=c8uthafuthefra4e (an dáta deireanach ar breathnaíodh air an 6 Bealtaine 2021), agus

www.xinhuanet.com/english/2019-04/23/c_138001574.htm (an dáta deireanach ar breathnaíodh air 6 Bealtaine 2021).

(30)  Le fáil ar http://www.xinhuanet.com/english/2019-04/23/c_138001574.htm (an dáta deireanach ar breathnaíodh air 6 Bealtaine 2021) agus http://www.jjckb.cn/2019-04/23/c_137999653.htm (an dáta deireanach ar breathnaíodh air 6 Bealtaine 2021).

(31)  Faoi mar a tharla i gcás an chumaisc idir Rizhao, cuideachta phríobháideach, agus Shandong Iron and Steel, cuideachta faoi úinéireacht an Stáit, in 2009. Féach an tuarascáil ar chruach Bhéising, lch. 58, agus an leas tromlaigh de China Baowu Steel Group a shealbhaigh Magang Steel i mí an Mheithimh 2019, féach https://www.ft.com/content/a7c93fae-85bc-11e9-a028-86cea8523dc2 (an dáta deireanach ar breathnaíodh air 6 Bealtaine 2021).

(32)  TISCO, “Próifíl cuideachta”, http://en.tisco.com.cn/CompanyProfile/20151027095855836705.html (ar breathnaíodh air go deireanach an 2 Márta 2020).

(33)  Baowu, “Próifíl na cuideachta”, http://www.baowugroup.com/en/contents/5273/102759.html (an dáta deireanach ar breathnaíodh air an 6 Bealtaine 2021).

(34)  http://csscholdings.cssc.net.cn/component_business_scope/index.php?typeid=3

(35)  http://inews.ifeng.com/50078799/news.shtml?&back

(36)  Féach alt ar shuíomh gréasáin Fujian China News, a foilsíodh i mí na Samhna 2019, dar teideal: Fujian Yifan: Party building as an engine to give the enterprise a new momentum [Forbairt an pháirtí mar inneall chun fuinneamh nua a chur san fhiontar], ar fáil ag http://www.fj.chinanews.com/news/fj_hz/2019/2019-11-29/455057.html

(37)  Tuarascáil, Cuid III, Caibidil 14, lch. 346 ar aghaidh.

(38)  Réamhrá le The Plan for Adjusting and Upgrading the Steel Industry. [An Plean chun an Tionscal Cruach a Choigeartú agus a Uasghrádú].

(39)  Tuarascáil, Caibidil 14, lch. 347.

(40)  The 13th Five-Year Plan for Economic and Social Development of the People’s Republic of China (2016-2020) [An 13ú Plean Cúig Bliana maidir leis an bhForbairt Eacnamaíoch agus Shóisialta (2016-2020)], le fáil ar

https://en.ndrc.gov.cn/newsrelease_8232/201612/P020191101481868235378.pdf (an dáta deireanach ar breathnaíodh air an 2 Márta 2020).

(41)  Tuarascáil – Caibidil 14, lch. 349.

(42)  Tuarascáil – Caibidil 14, lch. 352.

(43)  Catalogue for Guiding Industry Restructuring [Catalóg um Athstruchtúrú Tionscail a Threorú] (Leagan 2011) (2013 Leasú) arna eisiúint le hOrdú Uimh. 9 ón gCoimisiún Náisiúnta um Fhorbairt agus um Athchóiriú an 27 Márta 2011, arna leasú i gcomhréir le Cinneadh an Choimisiúin Náisiúnta um Fhorbairt agus um Athchóiriú maidir le Leasú na gClásal Ábhartha den Chatalóg um Athstruchtúrú Tionscail a Threorú (Leagan 2011) arna eisiúint le hOrdú Uimh. 21 ón gCoimisiún Náisiúnta um Fhorbairt agus um Athchóiriú an 16 Feabhra 2013.

(44)  Tuarascáil – Caibidil 14, lgh. 375-376.

(45)  https://oeoc.jou.edu.cn/info/1121/1017.htm.

(46)  Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/635 ón gCoimisiún aithrisí 134-135 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/508 ón gCoimisiún aithrisí 143-144.

(47)  Féach lch. 19 den ghearán.

(48)  Féach Iarscríbhinn R7 (lch. 149 de na hIarscríbhinní) a ghabhann leis an ngearán.

(49)  Féach lch. 29 den ghearán.

(50)  Tuarascáil an Phainéil, An tAontas Eorpach– Modheolaíochtaí Coigeartaithe Costas II (An Rúis), WT/DS494/R, mír 7.76, mír 7.80 agus mír 7.81.

(51)  Ciallaíonn feistis inmheánacha i gcás túr gaoithe gnéithe breise de thúr gaoithe, amhail staighrí, cáblaí leictreachais, aerálaithe, ardaitheoir, soilse agus lasca solais.

(52)  Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin SWD(2020) 242 final, 22.10.2020, atá ar fáil ag https://trade.ec.europa.eu/doclib/docs/2020/october/tradoc_158997.pdf

(53)  Tuarascáil – Caibidil 4, lgh. 41-42, lch. 83.

(54)  Sonraí Oscailte an Bhainc Dhomhanda – Meánioncam Uachtarach, atá le fáil ar https://data.worldbank.org/income-level/upper-middle-income (an dáta deireanach ar breathnaíodh air 12 Aibreán 2021).

(55)  Le fáil ar https://www.dnb.com/ie/products/finance-credit-risk/global-financials.html (an dáta deireanach ar breathnaíodh air an 16 Aibreán 2021).

(56)  Tuarascáil bhliantúil 2019 ar fáil ar https://s2.q4cdn.com/158938184/files/doc_financials/2019/ar/NC10009566-ARCOSA-INC._10K_E-bookproof_2020_V1-(002).pdf (an dáta deireanach ar breathnaíodh air an 16 Aibreán 2021).

(57)  Idem, lch. 15.

(58)  Idem, lch. 19.

(59)  Idem, lgh. 43 agus 44.

(60)  Idem, lch. 47.

(61)  Idem, lgh. 47 agus 60.

(62)  Idem, lgh. 47 agus 60.

(63)  Ar fáil ar https://hulisani.co.za/wp-content/uploads/2020/06/Hulisani-Integrated-Report-2020.pdf (ar breathnaíodh air go deireanach an 6 Márta 2021).

(64)  Idem, lch. 70.

(65)  Ar fáil ar https://www.enka.com/investor-relations/financial-data/ (ar breathnaíodh air go deireanach an 6 Márta 2021).

(66)  Ráitis airgeadais chomhdhlúite don bhliain dar críoch 31 Nollaig 2019 (lch. 21) ar fáil ar https://www.enka.com/investor-relations/financial-data/ (an dáta deireanach ar breathnaíodh air an 6 Márta 2021).

(67)  Idem, lch. 45.

(68)  Idem, lgh. 20-21.

(69)  Tuarascáil bhliantúil 2019 (lch. 14) atá ar fáil ar https://s2.q4cdn.com/158938184/files/doc_financials/2019/ar/NC10009566-ARCOSA-INC._10K_E-bookproof_2020_V1-(002).pdf (an dáta deireanach ar breathnaíodh air an 6 Márta 2021).

(70)  Féach Nótaí leis na Ráitis Airgeadais Chomhdhlúite agus Chomhcheangailte (Nóta 1, lch. 65) den Tuarascáil bhliantúil 2019, atá ar fáil ar https://s2.q4cdn.com/158938184/files/doc_financials/2019/ar/NC10009566-ARCOSA-INC._10K_E-bookproof_2020_V1-(002).pdf (an dáta deireanach ar breathnaíodh air an 4 Deireadh Fómhair 2021).

(71)  Le fáil ar https://qdd.oecd.org/subject.aspx?Subject=ExportRestrictions_IndustrialRawMaterials (an dáta deireanach ar breathnaíodh air an 30 Samhain 2020).

(72)  Le fáil ar https://docs.wto.org/dol2fe/Pages/FE_Search/FE_S_S009-DP.aspx?language=E& CatalogueIdList=247074,246544,245272,244985,243640,241597,240044,239544,238039,237441&CurrentCatalogueIdIndex=3&FullTextHash=&HasEnglishRecord=True&HasFrenchRecord=True&HasSpanishRecord=True (an dáta deireanach ar breathnaíodh air an 16 Márta 2021).

(73)  Le fáil in Official Gazette [Iris Oifigiúil] an 7 Bealtaine 2019 (lch. 17) ar https://www.resmigazete.gov.tr/eskiler/2019/05/20190507.pdf (an dáta deireanach ar breathnaíodh air an 16 Márta 2021).

(74)  Le fáil in Iris Oifigiúil na Cónaidhme ar http://dof.gob.mx/nota_detalle.php?codigo=5555007&fecha=25/03/2019 (an dáta deireanach ar breathnaíodh air an 16 Márta 2021).

(75)  Is féidir an fhaisnéis maidir leis na taraifí ceangailte a aisghabháil ó Shaoráid Íoslódála Tharaifí EDT ar http://tariffdata.wto.org/ReportersAndProducts.aspx (an dáta deireanach ar breathnaíodh air an 16 Márta 2021).

(76)  Tuarascáil bhliantúil CFE 2019 (lch. 82) ar https://www.cfe.mx/finanzas/reportes-financieros/Reportes%20Anuales%20Documentos/Informe%20Anual%202019.pdf?csf=1&e=t8GHzG (an dáta deireanach ar breathnaíodh air an 16 Márta 2021).

(77)  Tuarascáil bhliantúil EÜAŞ 2019 (lch. 18) ar https://www.euas.gov.tr/tr-TR/yillik-raporlar (an dáta deireanach ar breathnaíodh air an 16 Márta 2021).

(78)  Le fáil ar https://tyrkiet.um.dk/~/media/tyrkiet/pdf%20files/wind%20energy%20in%20turkey%202020.pdf?la=en (an dáta deireanach ar breathnaíodh air an 16 Márta 2021).

(79)  Féach lgh. 18-20, atá ar fáil ar https://www.shura.org.tr/wp-content/uploads/2019/01/SHURA_Opportunities-to-strengthen-the-YEKA-auction-model-for-enhancing-the-regulatory-framework-of-Turkeys-power-system.pdf (an dáta deireanach ar breathnaíodh air an 16 Márta 2021).

(80)  Le fáil ar https://qdd.oecd.org/subject.aspx?Subject=ExportRestrictions_IndustrialRawMaterials (an dáta deireanach ar breathnaíodh air an 16 Márta 2021).

(81)  Le fáil ar https://www.macmap.org/en/query/regulatory-requirement (ar breathnaíodh air go deireanach an 16 Márta 2021).

(82)  Le fáil ar https://www.iea.org/reports/renewables-2020/wind (an dáta deireanach ar breathnaíodh air an 1 Meitheamh 2021).

(83)  Féach lch. 10, atá ar fáil ar http://aures2project.eu/wp-content/uploads/2019/12/AURES_II_case_study_ Mexico.pdf (an dáta deireanach ar breathnaíodh air an 1 Meitheamh 2021).

(84)  Le fáil ar https://www.iea.org/reports/renewables-2020/wind (an dáta deireanach ar breathnaíodh air an 1 Meitheamh 2021). Cuir i gcomparáid le https://gwec.net/north-and-latin-america-increased-wind-power-installations-by-62-in-2020/ (an dáta deireanach ar breathnaíodh air an 1 Meitheamh 2021).

(85)  Le fáil ar https://www.iea.org/reports/renewables-2020/wind (an dáta deireanach ar breathnaíodh air an 1 Meitheamh 2021).

(86)  Le fáil ar https://www.iea.org/reports/renewables-2020/wind (an dáta deireanach ar breathnaíodh air an 6 Deireadh Fómhair 2021).

(87)  Le fáil ar https://www.sciencedirect.com/science/article/pii/S2211467X2030122X (ar breathnaíodh air go deireanach an 4 Deireadh Fómhair 2021).

(88)  Le fáil ar http://www.gtis.com/gta/secure/default.cfm (an dáta deireanach ar breathnaíodh air an 28 Bealtaine 2021).

(89)  Le fáil ar https://ilostat.ilo.org/data/ agus ar https://www.oecd-ilibrary.org/sites/3c92e215-en/index.html?itemId=/content/component/3c92e215-en (an dáta deireanach ar breathnaíodh air an 27 Bealtaine 2021).

(90)  Le fáil ar https://app.cfe.mx/Aplicaciones/CCFE/Tarifas/TarifasCREIndustria/Industria.aspx agus ag https://www.globalpetrolprices.com/Mexico/electricity_prices/ (an dáta deireanach ar breathnaíodh air an 27 Bealtaine 2021).

(91)  Le fáil ar https://www.cre.gob.mx/IPGN/index.html (an dáta deireanach ar breathnaíodh air an 27 Bealtaine 2021).

(92)  Cé nár bhain gach táirgeoir onnmhairiúcháin úsáid as na trí ionchur go léir, rinne an Coimisiún meastachán bunaithe ar na sonraí arna soláthar ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin gurbh fhiú níos lú ná 1 % den chostas táirgthe é comhiomlánú na n-ionchur sin.

(93)  Le fáil ar https://stats.oecd.org/Index.aspx?DataSetCode=CIF_FOB_ITIC (an dáta deireanach ar breathnaíodh air an 31 Bealtaine 2021).

(94)  Foraithne ón 5 Meitheamh 2018 atá ar fáil ar http://dof.gob.mx/nota_detalle.php?codigo=5525036&fecha=05/06/2018 (an dáta deireanach ar breathnaíodh air an 31 Bealtaine 2021).

(95)  Foraithne ón 20 Bealtaine 2019 ar fáil ar https://www.dof.gob.mx/nota_detalle.php?codigo=5560685&fecha=20/05/2019 (an dáta deireanach ar breathnaíodh air an 31 Bealtaine 2021).

(96)  Comhráiteas le Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Meicsiceo maidir le Dleachtanna Roinn 232 ar Chruach agus Alúmanam atá ar fáil ar https://ustr.gov/sites/default/files/Joint_Statement_by_the_United_States_and_Mexico.pdf (an dáta deireanach ar breathnaíodh air an 31 Bealtaine 2021).

(97)  Struchtúir (gan foirgnimh réamhdhéanta faoi cheannteideal 9406 a áireamh) agus codanna de struchtúir iarainn nó chruach (mar shampla, droichid agus codanna droichid, geataí loic, túir, crainn laitíse, díonta, creatlacha dín, doirse agus fuinneoga agus a bhfrámaí mar aon le tairseacha doirse, comhlaí, balastráidí, piléir agus colúin); plátaí, slata, uillinneacha, cruthanna, cónaisc, feadáin agus a leithéid arna n-ullmhú lena n-úsáid i struchtúir iarainn nó chruach; Eile.

(98)  Earraí eile iarainn nó cruach; Eile.

(99)  Leagan íogair de thuarascáil CC (lch. 19) arna roinnt leis an gcuideachta, Uimh. Thagartha t21.005413.

(100)  Tábla F.3 – Ceannach Ábhar an cheistneora le haghaidh táirgeoirí onnmhairiúcháin.

(101)  Meastar le hAirteagal 2(7) den bhun-Rialachán nach féidir praghsanna intíre sna tíortha sin a úsáid chun gnáthluach a chinneadh.

(102)  Le fáil ar https://ilostat.ilo.org/data/ (an dáta deireanach ar breathnaíodh air an 27 Bealtaine 2021).

(103)  Le fáil ar https://www.oecd-ilibrary.org/sites/3c92e215-en/index.html?itemId=/content/component/3c92e215-en (an dáta deireanach ar breathnaíodh air an 27 Bealtaine 2021).

(104)  Ar fáil ar https://app.cfe.mx/Aplicaciones/CCFE/Tarifas/TarifasCREIndustria/Industria.aspx (an dáta deireanach ar breathnaíodh air an 28 Márta 2021).

(105)  Le fáil ar https://www.doingbusiness.org/en/doingbusiness (an dáta deireanach ar breathnaíodh air an 27 Bealtaine 2021).

(106)  Le fáil ar https://www.cre.gob.mx/IPGN/index.html (an dáta deireanach ar breathnaíodh air an 27 Bealtaine 2021).

(107)  Le fáil ar https://www.fortisbc.com/about-us/corporate-information/facilities-operations-and-energy-information/how-gas-is-measured (an dáta deireanach ar breathnaíodh air an 27 Bealtaine 2021).

(108)  Tuarascáil bhliantúil 2019 (lch. 47) ar fáil ag https://s2.q4cdn.com/158938184/files/doc_financials/2019/ar/NC10009566-ARCOSA-INC._10K_E-bookproof_2020_V1-(002).pdf (an dáta deireanach ar breathnaíodh air an 27 Bealtaine 2021).

(109)  Le fáil ar https://www.dnb.com/ie/products/finance-credit-risk/global-financials.html (an dáta deireanach ar breathnaíodh air an 27 Bealtaine 2021).

(110)  Tábla G den cheistneoir le haghaidh táirgeoirí onnmhairiúcháin.

(111)  Aithrisí (188) go (190) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1428 ón gCoimisiún an 12 Deireadh Fómhair 2020 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí easbhrúnna alúmanaim ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad (IO L. 336, 13.10.2020, lch. 8).

(112)  Féach Iarscríbhinn R4 a ghabann leis an ngearán.

(113)  Sainaithníodh 23 tháirgeoir ón Aontas sa ghearán, ach tháinig roinnt díobh chun bheith dócmhainneach agus/nó níor tháirg siad dada le linn na tréimhse imscrúdaithe.

(114)  t21.004376.

(115)  Tá WindEurope cláraithe mar pháirtí leasmhar san imeacht seo freisin.

(116)  Inter alia, leathanach 7 den “aighneacht díobhála” agus leathanach 28 de chorp an fhreagra ar an gceistneoir in t20.008818 (Vestas).

(117)  Chun mionsonraí faoi amlínte a fháil, féach leathanaigh 6, 8 agus 9 de t20.007935 (WindEurope). Féadfaidh suas le 4 bliana a bheith i gceist leis an sprioc-am chun tionscadail ar an gcladach a shuiteáil, agus suas le 6 bliana i gcás tionscadail eischósta.

(118)  Wind energy in Europe in 2019 - Trends and statistics, [Fuinneamh gaoithe san Eoraip in 2019 - Treochtaí agus Staitisticí], WindEurope, mí Feabhra 2020, lch. 11. Is féidir an tuarascáil a íoslódáil ó https://windeurope.org/intelligence-platform/product/wind-energy-in-europe-in-2019-trends-and-statistics/

(119)  Scríobh Vestas an méid a leanas ar leathanach 7 dá “aighneacht díobhála” atá ar fáil in t20.008818: “Díoltar tuirbíní gaoithe lena mbaineann dáta seachadta (coimisiúnaithe) 1 bhliain amháin, de ghnáth, i ndiaidh ordú daingean a bheith sínithe.”

(120)  Cheistigh CCCME an difríocht sna huimhreacha sna trí aighneacht ní hamháin maidir le tomhaltas ach i ndáil le roinnt táscairí eile freisin. Cumhdaítear na difríochtaí idir na trí aighneacht ó thaobh táscairí seachas tomhaltas sa mhíniú a chuir an Coimisiún ar fáil san aithris seo.

(121)  t20.005691.

(122)  t21.003247.

(123)  t21.004376.

(124)  t21.004624.

(125)  Mar shampla, féach leathanach 5 de t21.001734 (Vestas).

(126)  https://ec.europa.eu/eurostat/documents/2995521/11563131/3-16062021-AP-EN.pdf/72b7ff6f-1830-8182-a6ae-0d8bb61aaf24?t=1623831696586#:~:text=In%20the%20fourth%20quarter%20of,salaries%20and%20non%2Dwage%20costs.

(127)  Leathanach 5 de t21.000376 (EWTA).

(128)  Leathanach 14 de t20.007935.

(129)  Tar éis an dara seiceáil, rinneadh cuid de na figiúirí san abairt seo agus san abairt roimhe seo a athbhreithniú de bheagán idir an nochtadh deiridh agus foilsiú an Rialacháin seo, ach ní dhéantar leis na hathruithe sin aon athrú ábhartha ar an anailís ná ar na conclúidí.

(130)  Wind energy in Europe – 2020 statistics and the outlook for 2021-2025, WindEurope, Feabhra 2021, leathanach 9 agus leathanaigh 31-32.

(131)  Leathanach 3 de t21.000509.

(132)  Leathanach 6 de t21.000376 (EWTA) agus leathanach 17 de t21.008141 (GE), inter alia.

(133)  Communication from the Commission — Guidelines on State aid for environmental protection and energy 2014-2020 [Teachtaireacht ón gCoimisiún — Treoirlínte maidir le Státchabhair do chosaint an chomhshaoil agus don fhuinneamh 2014-2020] (IO C 200, 28.6.2014, lch. 1–55).

(134)  Mheas EWTA gur túir choincréite agus hibrideacha iad thart ar 6 % den líon iomlán túr a úsáidtear i dtuirbíní gaoithe a úsáidtear in AE27 le linn na tréimhse tagartha, agus nár tháinig aon mhéadú mór air sin i rith na mblianta sin. Thug sé dá aire freisin go mbíonn cuid túir cruach ar bharr gach túir coincréite agus hibridigh agus is leis sin a cheanglaítear an naoisil (t21.004376).

(135)  t21.000144 (EWTA).

(136)  Is é seo meánbhrabús ualaithe na dtáirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais.

(137)  t21.006703, lch 7.

(138)  Gearán, lch. 44.

(139)  Tar éis an nochta deiridh, thug táirgeoir amháin de chuid an Aontais (Windar) dá aire gur cailleadh 73 phost tar éis dhúnadh aon mhonarchan amháin sa Spáinn le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

(140)  Leathanach 7 de t20.007935 (WindEurope).

(141)  Foinsí na meastachán: gearán agus roinn I.3 de fhreagraí táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais ar an gceistneoir.

(142)  Imscrúduithe 701-TA-486 agus 731-TA-1195-1196 (Athbhreithniú) de Choimisiún Trádála Idirnáisiúnta na Stát Aontaithe, ar tháinig deireadh leo an 5 Feabhra 2019, https://usitc.gov/investigations/701731/2018/utility_scale_wind_towers_china_and_vietnam/full_review.htm

(143)  ADRP Report No. 100, Wind Towers exported from the People’s Republic of China and the Republic of Korea, Aibreán 2020, Painéal Athbhreithnithe Frithdhumpála, Cinneadh Rialtas na hAstráile agus an Aire a foilsíodh an 9 Iúil 2020, https://www.industry.gov.au/data-and-publications/anti-dumping-review-panel-past-reviews/wind-towers-exported-from-the-peoples-republic-of-china-and-the-republic-of-korea

(144)  Resolución final de la investigación antidumping sobre las importaciones de torres de viento originarias de la República Popular China, independientemente del país de procedencia, 21.9.2020, Estados Unidos Mexicanos.- ECONOMÍA.- Secretaría de Economía. http://www.dof.gob.mx/nota_detalle.php?codigo=5601838&fecha=05/10/2020

(145)  Leathanach 1 de t20.007935 (WindEurope).

(146)  Barúlacha tar éis an nochta deiridh, ar fáil ar leathanach 6 de t21.006735.

(147)  Tar éis an nochta deiridh, shonraigh SGRE nach raibh sé ar a chumas do thionscal an Aontais freastal ar an éileamh atá ag méadú i gcónaí ar SWTanna ar scála mór. Dúirt an páirtí nach raibh aon acmhainneacht san Aontas faoi láthair chun freastal ar na héilimh ar “thúir ar thoisí XXL”

(148)  Ar leathanach 7 de t20.007935, thug WindEurope dá aire, ar bhonn an mheáin dhomhanda, go raibh breis is 20 % de chostas tuirbín gaoithe (cibé acu ar talamh nó eischósta) i gceist leis na túir.

(149)  t21.001706.

(150)  Vestas Annual Report 2020 – Continued leadership in a challenging year, fógra ón gcuideachta Uimh. 01/2021 ó Vestas Wind Systems A/S, https://www.vestas.com/~/media/vestas/investor/investor%20pdf/financial%20reports/2020/q4/210210_01_company_announcement.pdf

(151)  Ar leathanach 2 de t20.007935, scríobhann WindEurope gur féidir le húsáideoirí seirbhísí bainistíochta tionscadail; innealtóireachta; soláthair; tógála agus suiteála; oibríochtaí agus cothabhála; agus seirbhísí comhiomlánaithe agus trádála fuinnimh tar éis na tógála a ghlacadh.

(152)  Wind energy and Economic recovery in Europe, WindEurope, 2020, leathanach 37, an tríú graf. Ar fáil in t20.007935. Ar leathanach 14 de t20.007935, shonraigh WindEurope go bhfuil tábhacht níos mó ag baint le hoibríochtaí agus cothabháil chun an fás ar ioncam a spreagadh.

(153)  Vestas Annual Report 2020, leathanach 36, https://nozebra.ipapercms.dk/Vestas/investor-relations/annual-report-2020/?page=36

(154)  Wind energy and Economic recovery in Europe, WindEurope, 2020, leathanach 37, graf dar teideal “EBIT margin development by business segments”. Ar fáil in t20.007935.

(155)  Féach t21.006735 (SGRE). In t21.006703, leathanach 17, shonraigh GE go dtuairisceoidh sé brabús diúltach don tréimhse 2021-2022.

(156)  Ar roinnt cúiseanna éagsúla, féach mar shampla barúlacha WindEurope tar éis an nochta deiridh atá ar fáil in t21.006721.

(157)  I mbarúlacha WindEurope tar éis an nochta deiridh atá ar fáil in t21.006721, sonraítear go bhfuil laghdú beagnach 50 % tagtha ar chostas an fhuinnimh gaoithe san Eoraip sna 10 mbliana seo a chuaigh thart.

(158)  Leathanach 33 de t21.006724.

(159)  Meastachán bunaithe ar (20 % x 50 %) x 20 bliain. Mheas EWTA gurbh ionann SWT agus 20 % de thuirbín gaoithe, agus bheadh 50 % de chaiteachas caipitiúil tionscadail i gceist leis an tuirbín. Saolré eacnamaíoch 20 bliain a bheadh ag STW ar talamh go hiondúil.

(160)  Wind energy and Economic recovery in Europe, WindEurope, 2020, fíor 10 ar leathanach 20. Ar fáil in t20.007935.

(161)  Global renewables Outlook, Energy transformation, European Union, IRENA, 2020, https://www.irena.org/-/media/Files/IRENA/Agency/Publication/2020/Apr/IRENA_GRO_R04_European_Union.pdf?la=en&hash=D206134796E3C72CF086657266295C45574B58BC (leathanach 7).

(162)  t21.006735.

(163)  In https://www.welcon.dk/capabilities/facilities/, tuairiscíonn Welcon ar táirgeoir sampláilte de chuid an Aontais é acmhainneachtaí le haghaidh codanna suas le 45 mhéadar ar airde agus 9 méadar ar trastomhas (osclaíodh an leathanach gréasáin den uair dheiridh an 11 Deireadh Fómhair 2021).

(164)  Leathanach 4 de t21.000376.

(165)  Ar leathanach 4 de t21.000509, d’aithin GE go raibh sé ag allmhairiú ón tSín, ina bhfuil roinnt soláthróirí deimhnithe ag GE, agus ón Tuirc agus ón gCóiré Theas.

(166)  Tá an fhaisnéis mhargaidh sin le fáil sa cháschomhad, tagairt doiciméid t20.008013, Iarscríbhinn 2 – Raising Black Swans To Become Golden Eagles, Laplace Conseil, mí Dheireadh Fómhair 2020.

(167)  I “gcás íseal”, tuarann WindEurope suiteáil 15 GW gach bliain idir 2021 agus 2025. Tuartar go suiteálfar níos mó GW sa “chás ionchasach réalaíoch”. Tá sonraí ar na cásanna le fáil in Wind energy in Europe – 2020 statistics and the outlook for 2021-2025, WindEurope, mí Feabhra 2021.

(168)  Féach caibidil 5 (Tairbhí do phobail) den fhoilseachán Wind energy and Economic recovery in Europe, WindEurope, 2020. Tá an chaibidil agus an foilseachán go léir le fáil in t20.007935.

(169)  Wind energy and Economic recovery in Europe, WindEurope, 2020, fíor 10 ar leathanach 20. Ar fáil in t20.007935.

(170)  Wind energy and Economic recovery in Europe, WindEurope, 2020, leathanach 41. Ar fáil in t20.007935.

(171)  An Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht na Trádála, Stiúrthóireacht H, Wetstraat/Rue de la Loi 170, 1040 Brussel/Bruxelles, BELGIË/BELGIQUE.

(172)  Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).

(173)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(174)  Iarscríbhinn I “Ainmníocht Chomhcheangailte” a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha nár sampláladh

Tír

Ainm

Cód breise TARIC

Daon-Phoblacht na Síne

Fujian Fuchuan Yifan New Energy Equipment Manufacturing Co., Ltd.

C729

Daon-Phoblacht na Síne

Shanghai Taisheng Wind Power Equipment Co., Ltd.

C730


Início