This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021R0941
Commission Implementing Regulation (EU) 2021/941 of 10 June 2021 laying down a specific procedure for identifying heavy-duty vehicles certified as vocational vehicles but not registered as such and applying corrections to the annual average specific CO2 emissions of a manufacturer to take those vehicles into account (Text with EEA relevance)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/941 ón gCoimisiún an 10 Meitheamh 2021 lena leagtar síos nós imeachta sonrach um shainaithint feithiclí tromshaothair atá deimhnithe mar fheithiclí seirbhíse ach nach bhfuil cláraithe amhlaidh agus lena gcuirtear i bhfeidhm ceartúcháin maidir le meánastaíochtaí sonracha bliantúla CO2 an mhonaróra chun na feithiclí sin a chur san áireamh (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/941 ón gCoimisiún an 10 Meitheamh 2021 lena leagtar síos nós imeachta sonrach um shainaithint feithiclí tromshaothair atá deimhnithe mar fheithiclí seirbhíse ach nach bhfuil cláraithe amhlaidh agus lena gcuirtear i bhfeidhm ceartúcháin maidir le meánastaíochtaí sonracha bliantúla CO2 an mhonaróra chun na feithiclí sin a chur san áireamh (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2021/4091
IO L 205, 11.6.2021, pp. 77–79
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
11.6.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 205/77 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/941 ÓN gCOIMISIÚN
an 10 Meitheamh 2021
lena leagtar síos nós imeachta sonrach um shainaithint feithiclí tromshaothair atá deimhnithe mar fheithiclí seirbhíse ach nach bhfuil cláraithe amhlaidh agus lena gcuirtear i bhfeidhm ceartúcháin maidir le meánastaíochtaí sonracha bliantúla CO2 an mhonaróra chun na feithiclí sin a chur san áireamh
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 d’fheithiclí nua tromshaothair agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 595/2009 agus (AE) 2018/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 96/53/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 2(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Chun feithiclí tromshaothair atá deimhnithe mar fheithiclí seirbhíse ach nach bhfuil cláraithe amhlaidh a shainaithint, is iomchuí na sonraí a thuairiscigh na monaróirí agus na Ballstáit a úsáid i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2). |
|
(2) |
Chun na neamhréireachtaí sna sonraí arna dtuairisciú maidir le deimhnithe agus clárúcháin i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/956 a réiteach, ba cheart cead a thabhairt do na Ballstáit agus do na monaróirí barúil a thabhairt faoi fhaisnéis nua agus, i gcás inar ghá, faisnéis nua a thuairisciú chun an fhaisnéis a tuairiscíodh roimhe sin a cheartú. |
|
(3) |
I dtaca le ceartúcháin atá mar thoradh ar fheithiclí tromshaothair atá deimhnithe mar fheithiclí seirbhíse ach nach bhfuil cláraithe amhlaidh, agus a chuirtear i bhfeidhm maidir le meánastaíochtaí sonracha bliantúla CO2 an mhonaróra, is gá na ceartúcháin sin a bheith comhréireach agus athchomhairleach, chun dreasú a thabhairt maidir le próiseáil cheart chúramach a dhéanamh ar shonraí agus chun go seachnófar astaíochtaí CO2 a shannadh go mícheart i leith na bhfeithiclí sin, cibé acu le faillí nó le beartaíocht an sannadh sin. |
|
(4) |
I gcás ina measann an Coimisiún gur cheart, an tráth a cláraíodh í, feithicil a clárú mar fheithicil seirbhíse, ba cheart dó na sonraí a thuairiscigh na Ballstáit a cheartú dá réir agus a mheas gur feithicil seirbhíse í an fheithicil chun críocha Airteagal 2(3) de Rialachán (AE) 2019/1242. |
|
(5) |
Dá bhrí sin, chun meánastaíochtaí sonracha CO2 an mhonaróra a ríomh, déantar feithiclí tromshaothair ar sannadh astaíochtaí go mícheart ina leith a mheas agus na hastaíochtaí CO2 a bhaineann leo arna gcinneadh de réir próifílí misin seirbhíse, próifílí arb airde na hastaíochtaí CO2 a shanntar ina leith ná na hastaíochtaí a chinntear i leith próifílí misin de chineál an tseachadta agus, dá réir sin, ar lú is fabhrach iad don mhonaróir ná na hastaíochta a shannfaí dá ndéanfaí ceartdeimhniú ar an bhfeithicil mar fheithicil seachadta tráth a ceadchláraithe. |
|
(6) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Choiste um Athrú Aeráide, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Feithiclí tromshaothair atá deimhnithe mar fheithiclí seirbhíse ach nach bhfuil cláraithe amhlaidh a shainaithint
1. Bunóidh an Coimisiún liosta ar a mbeidh feithiclí tromshaothair a deimhníodh de réir bhrí Airteagal 2(3) de Rialachán (AE) 2019/1242 mar fheithiclí seirbhíse ar bhonn na sonraí a thuairiscigh an monaróir i gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán (AE) 2018/956 ach nár cláraíodh mar fheithiclí seirbhíse ar bhonn na sonraí a thuairiscigh na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (AE) 2018/956.
2. Soláthróidh an Coimisiún na codanna ábhartha den liosta dá dtagraítear i mír 1 do na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 4(2) de Rialachán (AE) 2018/956 agus do na pointí teagmhála arna gceapadh ag an monaróir de bhun Airteagal 5(2) de Rialachán (AE) 2018/956.
3. Féadfaidh údaráis inniúla agus monaróirí soiléirithe maidir le cruinneas na sonraí arna dtuairisciú de bhun Airteagail 4 agus 5 de Rialachán (AE) 2018/956 a sholáthar don Choimisiún laistigh d’aon mhí amháin tar éis dóibh an liosta de bhun mhír 2 a fháil.
4. Ar fháil na soiléirithe sin don Choimisiún nó ar theacht do dheireadh na tréimhse aon mhí amháin dá bhforáiltear i mír 3, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an liosta ar a mbeidh feithiclí tromshaothair dá dtagraítear i mír 1 ar bhonn an tsoiléirithe tuairiscithe dá bhforáiltear de bhun mhír 3, ar bhonn argóintí na bpáirtithe agus, b’fhéidir, ar bhonn roinnt imscrúduithe breise.
5. Má chinneann an Coimisiún, i bhfianaise thoradh an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 4, gur cláraíodh mar ba cheart mar fheithiclí nach feithiclí seirbhíse iad, feithiclí tromshaothair arna sainaithint de bhun mhír 1, cuirfidh an Coimisiún ceartúcháin i bhfeidhm maidir le meánastaíochtaí sonracha bliantúla CO2 an mhonaróra i gcomhréir le hAirteagal 2 chun na feithiclí sin a chur san áireamh.
6. Féadfaidh an Coimisiún, i bhfianaise shaintréithe teicniúla na bhfeithiclí lena mbaineann, deimhniú de chuid na feithicle tromshaothair céanna, ar deimhniú é a dhéanfaidh an monaróir a athríomh, de réir shaintréithe teicniúla na feithicle sin, i ngrúpa feithiclí 4, 5, 9 nó 10 d’Iarscríbhinn I, Tábla 1 a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2400 ón gCoimisiún (3), a chur in ionad an deimhnithe a bhain leis an gcéad-tuairisc ar an bhfeithicil seirbhíse. I gcás den sórt sin, ní chuirfidh an Coimisiún ceartúcháin i bhfeidhm maidir le meánastaíochtaí sonracha bliantúla CO2 an mhonaróra i gcomhréir le hAirteagal 2 chun na feithiclí sin a chur san áireamh ach áireofar na feithiclí sa chinneadh a dhéanfar maidir le hastaíochtaí sonracha CO2 an mhonaróra de réir fhorálacha Rialachán (AE) 2019/1242, go háirithe i gcás ina bhfuil na bearta lena mbeifí ag súil go réasúnach déanta ag an monaróir ionas go dtacófar le cruinneas an dearbhaithe feithicle gur feithicil seirbhíse a bhí i gceist, bunaithe ar an bhfaisnéis a bhí ar fáil tráth an dearbhaithe.
7. Má chinneann an Coimisiún, i bhfianaise thoradh an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 4, gur cheart, nuair a cláraíodh iad, feithiclí tromshaothair arna sainaithint de bhun mhír 1 a chlárú mar fheithiclí seirbhíse, ceartóidh an Coimisiún na sonraí a thuairiscigh an mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (AE) 2018/956 agus cuirfidh sé an Ballstát inar cláraíodh na feithiclí tromshaothair sin ar an eolas faoin gceartúchán sin.
Airteagal 2
Ceartúcháin a chur i bhfeidhm maidir le meánastaíochtaí sonracha CO2
Más ann d’fheithiclí tromshaothair a chomhfhreagraíonn d’fhorálacha Airteagal 1(5), déanfar meánastaíochtaí sonracha bliantúla CO2 an mhonaróra a cheartú mar seo a leanas:
(avgCO2sg)corr = (Vsg x avgCO2sg + Σv CO2Vv ) / (Vsg + Vocsg),
nuair:
is é avgCO2sg meánastaíochtaí sonracha CO2 an mhonaróra mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I, pointe 2.2. a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1242;
is é Vsg líon na bhfeithiclí nua tromshaothair atá ag an monaróir san fhoghrúpa feithiclí sg, gan feithiclí seirbhíse a áireamh, i gcomhréir le hAirteagal 4, pointe (a) den Rialachán (AE) 2019/1242;
is é Σv an tsuim i leith na bhfeithiclí tromshaothair uile atá ag an monaróir san fhoghrúpa feithiclí sg, i gcomhréir le forálacha Airteagal 1(5);
is é CO2Vv meánastaíochtaí CO2 in g/tkm na feithicle seirbhíse v le haghaidh na dteaglamaí difriúla uile de phróifílí misin, de choinníollacha ó thaobh ualaigh de agus de chineálacha breosla, arna dtuairisciú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/956;
is é Vocsg líon na bhfeithiclí tromshaothair atá ag an monaróir san fhoghrúpa feithiclí sg, i gcomhréir le hAirteagal 1(5).
Cuirfear meánastaíochtaí sonracha CO2 ceartaithe an mhonaróra (avgCO2sg)corr in ionad mheánastaíochtaí sonracha CO2 an mhonaróra avgCO2sg chun críocha Rialachán (AE) 2019/1242.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 10 Meitheamh 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 198, 25.7.2019, lch. 202.
(2) Rialachán (AE) 2018/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Meitheamh 2018 maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí CO2 ó fheithiclí nua tromshaothair agus ídiú breosla na bhfeithiclí sin (IO L 173, 9.7.2018, lch.1).
(3) Rialachán (AE) 2017/2400 ón gCoimisiún an 12 Nollaig 2017 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (EC) Uimh. 595/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cinneadh a dhéanamh ar astaíochtaí CO2 agus ar ídiú breosla feithiclí tromshaothair agus lena leasaítear Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 582/2011 ón gCoimisiún (IO L 349, 29.12.2017, lch. 1).