EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021D2161

Cinneadh (CBES) 2021/2161 ón gComhairle an 6 Nollaig 2021 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/1788 chun tacú le Teach Imréitigh Oirdheisceartagus Oirthear na hEorpa um Rialú Mionarm agus Arm Éadrom (SEESAC)chun cur chun feidhme an Treochláir Réigiúnaigh maidir le gáinneáil aindleathachar airm a chomhrac sna Balcáin Thiar

ST/13904/2021/INIT

IO L 436, 7.12.2021, p. 46–46 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/2161/oj

7.12.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 436/46


CINNEADH (CBES) 2021/2161 ÓN gCOMHAIRLE

an 6 Nollaig 2021

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/1788 chun tacú le Teach Imréitigh Oirdheisceartagus Oirthear na hEorpa um Rialú Mionarm agus Arm Éadrom (SEESAC)chun cur chun feidhme an Treochláir Réigiúnaigh maidir le gáinneáil aindleathachar airm a chomhrac sna Balcáin Thiar

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 28(1) agus Airteagal 31(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 19 Samhain 2018, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2018/1788 (1).

(2)

Foráiltear le Cinneadh (CBES) 2018/1788 do thréimhse cur chun feidhme 36 mhí le haghaidh na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1 den Chinneadh sin, ó dháta thabhairt i gcrích an chomhaontaithe dá dtagraítear in Airteagal 3(3) de.

(3)

D’iarr an comhpháirtí cur chun feidhme, Clár Forbartha na Náisiún Aontaithe, ag gníomhú dó thar ceann Theach Imréitigh Oirdheisceart agus Oirthear na hEorpa um Rialú Mionarm agus Arm Éadrom go gcuirfí síneadh le tréimhse cur chun feidhme Chinneadh (CBES) 2018/1788 go dtí an 17 Deireadh Fómhair 2022, i bhfianaise na moille ar chur chun feidhme gníomhaíochtaí tionscadail faoi Chinneadh (CBES) 2018/1788 mar gheall ar thionchar phaindéim COVID-19.

(4)

Is féidir leanúint de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1 de Chinneadh (CBES) 2018/1788 go dtí an 17 Deireadh Fómhair 2022 a fheidhmiú gan aon iarmhairtí a mhéid a bhaineann le hacmhainní airgeadais.

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart Airteagal 5(2) de Chinneadh (CBES) 2018/1788 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad Airteagal 5(2) de Chinneadh (CBES) 2018/1788:

“2.   Rachaidh an Cinneadh seo in éag an 17 Deireadh Fómhair 2022”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 6 Nollaig 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. CIGLER KRALJ


(1)  Cinneadh (CBES) 2018/1788 ón gComhairle an 19 Samhain 2018 chun tacú le Teach Imréitigh Oirdheisceart agus Oirthear na hEorpa um Rialú Mionarm agus Arm Éadrom (SEESAC) chun cur chun feidhme an Treochláir Réigiúnaigh maidir le gáinneáil aindleathach ar airm a chomhrac sna Balcáin Thiar (IO L 293, 20.11.2018, lch. 11).


Top