Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021D0815

Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2021/815 ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2014/450/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSúdáin

ST/7316/2021/INIT

IO L 180, 21.5.2021, pp. 152–153 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2021/815/oj

21.5.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 180/152


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (CBES) 2021/815 ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Bealtaine 2021

lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2014/450/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSúdáin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 31(2) de,

Ag féachaint do Chinneadh 2014/450/CBES ón gComhairle an 10 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSúdáin agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2011/423/CBES (1), agus go háirithe Airteagal 6 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 10 Iúil 2014, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/450/CBES.

(2)

An 5 Márta 2021, d’fhormheas Coiste Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe arna bhunú de bhun Rún 1591(2005) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe duine amháin a bhaint de liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir bearta sriantacha.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/450/CBES a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/450/CBES mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm dáta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 20 Bealtaine 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. SANTOS SILVA


(1)   IO L 203, 11.7.2014, lch. 106.


IARSCRÍBHINN

Sa liosta a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/450/CBES, scriostar an iontráil a bhaineann leis an duine seo a leanas:

3.

SHAREIF, Adam.


Top