Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R2157

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2157 ón gCoimisiún an 6 Nollaig 2021 lena dtionscnaítear athbhreithniú ar Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1266 agus (AE) 2021/1267 lena leathnaítear faoi seach an dleacht frithdhumpála chinntitheach agus an dleacht frithchúitimh chinntitheach ar allmhairí bithdhíosail arna gcur chun bealaigh ó Cheanada a chumhdach, bíodh dearbhú ann gur de thionscnamh Cheanada iad nó ná bíodh, athbhreithniú chun a chinneadh an féidir díolúine ó na bearta sin a thabhairt do tháirgeoir onnmhairiúcháin amháin de chuid Cheanada, lena n-aisghairtear an dleacht frithdhumpála a mhéid a bhaineann le hallmhairí ón táirgeoir onnmhairiúcháin sin agus lena gcuirtear allmhairí ón táirgeoir onnmhairiúcháin sin faoi réir a gcláraithe

    C/2021/8662

    IO L 436, 7.12.2021, p. 28–34 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/2157/oj

    7.12.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 436/28


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/2157 ÓN gCOIMISIÚN

    an 6 Nollaig 2021

    lena dtionscnaítear athbhreithniú ar Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1266 agus (AE) 2021/1267 lena leathnaítear faoi seach an dleacht frithdhumpála chinntitheach agus an dleacht frithchúitimh chinntitheach ar allmhairí bithdhíosail arna gcur chun bealaigh ó Cheanada a chumhdach, bíodh dearbhú ann gur de thionscnamh Cheanada iad nó ná bíodh, athbhreithniú chun a chinneadh an féidir díolúine ó na bearta sin a thabhairt do tháirgeoir onnmhairiúcháin amháin de chuid Cheanada, lena n-aisghairtear an dleacht frithdhumpála a mhéid a bhaineann le hallmhairí ón táirgeoir onnmhairiúcháin sin agus lena gcuirtear allmhairí ón táirgeoir onnmhairiúcháin sin faoi réir a gcláraithe

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (“an bun-Rialachán maidir le frithdhumpáil”) agus go háirithe Airteagal 13(4) agus Airteagal 14(5) de, agus do Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith, ar allmhairí iad ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (2) (“an bun-Rialachán maidir le frith-fhóirdheontas”), agus go háirithe Airteagal 23(6) de,

    Ag féachaint do Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1266 ón gCoimisiún an 29 Iúil 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí bithdhíosail de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá tar éis athbhreithniú éaga a dhéanamh de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 (3), agus do Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1267 ón gCoimisiún an 29 Iúil 2021 lena bhforchuirtear dleachtanna frithchúitimh cinntitheacha ar allmhairí bithdhíosail de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá tar éis athbhreithniú éaga a dhéanamh de bhun Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2016/1037 (4),

    Tar éis na Ballstáit a chur ar an eolas,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    1.   IARRAIDH

    (1)

    Fuair an Coimisiún Eorpach (“an Coimisiún”) iarraidh ar dhíolúine ó na bearta frithdhumpála agus frithchúitimh is infheidhme maidir le hallmhairí bithdhíosail arna gcur chun bealaigh ó Cheanada, bíodh dearbhú ann gur de thionscnamh Cheanada iad nó ná bíodh, a mhéid a bhaineann le Verbio Diesel Canada Corporation (“an t-iarratasóir”), de bhun Airteagal 13(4) den bhun-Rialachán maidir le frithdhumpáil agus Airteagal 23(6) den bhun-Rialachán maidir le frith-fhóirdheontas.

    (2)

    Chuir an t-iarratasóir an iarraidh isteach an 7 Meán Fómhair 2021, ar táirgeoir onnmhairiúcháin bithdhíosail é i gCeanada (“an tír lena mbaineann”).

    2.   AN TÁIRGE FAOI ATHBHREITHNIÚ

    (3)

    Is é atá sa táirge atá faoi athbhreithniú eistir mhona-ailcile aigéid shailligh agus/nó gás-ola phairifíneach a fhaightear ó shintéis agus/nó ó hidreachóireáil, de thionscnamh neamh-iontaise, ar a dtugtar “bithdhíosal” go coitianta, i bhfoirm íon nó i gcumasc ina bhfuil, de réir meáchain, níos mó ná 20 % d’eistir mhona-ailcile aigéid shailligh agus/nó gás-ola phairifíneach a fhaightear ó shintéis agus/nó ó hidreachóireáil, de thionscnamh neamh-iontaise, a chuirtear chun bealaigh ó Cheanada, bíodh dearbhú ann gur de thionscnamh Cheanada iad nó ná bíodh, atá faoi láthair faoi chóid AC ex 1516 20 98 (cód TARIC 1516209821), ex 1518 00 91 (cód TARIC 1518009121), ex 1518 00 99 (cód TARIC 1518009921), ex 2710 19 43 (cód TARIC 2710194321), ex 2710 19 46 (cód TARIC 2710194621), ex 2710 19 47 (cód TARIC 2710194721), ex 2710 20 11 (cód TARIC 2710201121), ex 2710 20 16 (cód TARIC 2710201621), ex 3824 99 92 (cód TARIC 3824999210), ex 3826 00 10 (cóid TARIC 3826001020, 3826001050, 3826001089) agus ex 3826 00 90 (cód TARIC 3826009011).

    3.   BEARTA ATÁ I bhFEIDHM FAOI LÁTHAIR

    (4)

    Is le Rialacháin (CE) Uimh. 598/2009 (5) agus (CE) Uimh. 599/2009 (6) a d’fhorchuir an Chomhairle dleachtanna cinntitheacha frithchúitimh agus frithdhumpála ar allmhairí bithdhíosail de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá.

    (5)

    Leathnaíodh na bearta sin le Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 443/2011 (7) agus (AE) Uimh. 444/2011 (8) ón gComhairle chun allmhairí bithdhíosail arna gcur chun bealaigh ó Cheanada a chumhdach, bíodh dearbhú ann gur de thionscnamh Cheanada iad nó ná bíodh.

    (6)

    Na bearta atá i bhfeidhm faoi láthair, is le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1266 a forchuireadh iad tar éis athbhreithniú éaga a dhéanamh de bhun Airteagal 11(2) den bhun-Rialachán maidir le frithdhumpáil agus le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1267 tar éis athbhreithniú éaga a dhéanamh de bhun Airteagal 18(2) den bhun-Rialachán maidir le frith-fhóirdheontas.

    4.   AN FORAS LEIS AN ATHBHREITHNIÚ

    (7)

    Líomhnaigh an t-iarratasóir nár onnmhairigh sé an táirge atá faoi athbhreithniú chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin a úsáideadh le haghaidh an imscrúdaithe ba chúis leis na bearta leathnaithe arna nglacadh le Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 443/2011 agus (AE) Uimh. 444/2011, is é sin an tréimhse ón 1 Aibreán 2009 go dtí an 30 Meitheamh 2010 (“an tréimhse imscrúdúcháin bhunaidh”). De réir na fianaise a chuir an t-iarratasóir isteach, níor cruthaíodh an t-iarratasóir go dlíthiúil ach in 2019, cé gur tógadh agus gur osclaíodh an gléasra tar éis na tréimhse imscrúdúcháin bunaidh in 2012.

    (8)

    Ina theannta sin, chuir an t-iarratasóir fianaise ar fáil gur fíortháirgeoir é agus líomhnaíodh nach ndeachaigh sé timpeall ar na bearta atá i bhfeidhm faoi láthair.

    (9)

    Ina theannta sin, mhaígh an t-iarratasóir gur onnmhairigh sé an táirge faoi athbhreithniú chuig an Aontas tar éis na tréimhse imscrúdúcháin bunaidh, i mí Iúil 2021.

    5.   NÓS IMEACHTA

    5.1.   Tionscnamh

    (10)

    Rinne an Coimisiún scrúdú ar an bhfianaise agus chinn sé gur leor an fhianaise a bhí ann chun údar cuí a thabhairt le himscrúdú a thionscnamh de bhun Airteagal 13(4) den bhun-Rialachán maidir le frithdhumpáil agus de bhun Airteagal 23(6) den bhun-Rialachán maidir le frith-fhóirdheontas chun a chinneadh an féidir díolúine ó na bearta leathnaithe a thabhairt don iarratasóir.

    (11)

    Tionscal an Aontais arb eol iad a bheith bainteach, cuireadh ar an eolas é faoin iarraidh ar athbhreithniú agus tugadh deis dó a bharúlacha a chur isteach. Ní bhfuarthas aon bharúil.

    (12)

    San imscrúdú a dhéanfaidh an Coimisiún, tabharfaidh sé aird ar leith ar chaidreamh an iarratasóra leis na cuideachtaí atá faoi réir na mbeart atá i bhfeidhm faoi láthair chun a áirithiú nár cuireadh tús leis an gcaidreamh sin chun dul timpeall ar na bearta. Breithneoidh an Coimisiún freisin ar cheart coinníollacha áirithe faireacháin a fhorchur sa chás gurb é conclúid an imscrúdaithe go bhfuil údar maith leis an díolúine a dheonú.

    5.2.   Aisghairm na mbeart frithdhumpála atá i bhfeidhm faoi láthair agus clárú na n-allmhairí

    (13)

    I gcomhréir le hAirteagal 11(4) den bhun-Rialachán maidir le frithdhumpáil, i gcásanna inarb ann d’onnmhaireoirí nua sa tír is onnmhaireoir atá faoi chaibidil, onnmhaireoirí nár onnmhairigh an táirge le linn na tréimhse imscrúdúcháin ar a raibh na bearta bunaithe, ba cheart an dleacht frithdhumpála atá i bhfeidhm a aisghairm maidir le hallmhairí an táirge atá faoi athbhreithniú a tháirgeann agus a dhíolann an t-iarratasóir lena n-onnmhairiú chuig an Aontas.

    (14)

    An tráth céanna, ba cheart na hallmhairí sin a chur faoi réir a gcláraithe i gcomhréir le hAirteagal 14(5) den bhun-Rialachán maidir le frithdhumpáil chun a áirithiú go bhféadfar dleachtanna frithdhumpála a ghearradh ó dháta clárúcháin na n-allmhairí sin más rud é go ndéantar amach san athbhreithniú go ndeachaigh an t-iarratasóir timpeall ar na bearta. Bheadh méid na ndliteanas a d’fhéadfadh a bheith ag an iarratasóir amach anseo comhionann leis an dleacht is infheidhme maidir le “gach cuideachta eile” in Airteagal 1(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1266 (EUR 172,2 in aghaidh an tona).

    5.3.   Bearta frith-fhóirdheontais atá i bhfeidhm faoi láthair

    (15)

    Ós rud é nach bhforáiltear sa bhun-Rialachán maidir le frith-fhóirdheontas maidir le haisghairm na ndleachtanna frithchúitimh i gcásanna nach ndearnadh imscrúdú ar onnmhaireoirí ina n-aonar le linn an imscrúdaithe bunaidh, beidh feidhm ag na bearta sin i gcónaí. Ní dhéanfar na bearta frith-fhóirdheontais atá i bhfeidhm a aisghairm maidir leis an iarratasóir ach amháin más é toradh an athbhreithnithe go bhfuil an t-iarratasóir i dteideal díolúine.

    5.4.   Tréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin

    (16)

    Is imscrúdú é sin a chumhdóidh an tréimhse ón 1 Aibreán 2009 go dtí an 30 Meán Fómhair 2021 (“tréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin”).

    5.5.   Imscrúdú a dhéanamh ar an iarratasóir

    (17)

    Chun an fhaisnéis a mheasann an Coimisiún a bheith riachtanach le haghaidh a imscrúdaithe a fháil, cuirfidh an Coimisiún ceistneoir chuig an iarratasóir. Ní mór don iarratasóir an ceistneoir comhlánaithe a chur isteach laistigh de 37 lá ón dáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm, mura sonraítear a mhalairt, de bhun Airteagal 6(2) den bhun-Rialachán maidir le frithdhumpáil agus de bhun Airteagal 11(2) den bhun-Rialachán maidir le frith-fhóirdheontas.

    5.6.   Aighneachtaí eile i scríbhinn

    (18)

    Faoi réir fhorálacha an Rialacháin seo, iarrtar ar gach páirtí leasmhar a chuid tuairimí a chur in iúl, faisnéis a chur isteach agus fianaise thacaíochta a sholáthar. Mura sonraítear a mhalairt, ní mór an fhaisnéis agus an fhianaise thacaíochta a bheith faighte ag an gCoimisiún laistigh de 37 lá ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

    5.7.   An deis éisteacht a fháil le seirbhísí imscrúdúcháin an Choimisiúin

    (19)

    Féadfaidh gach páirtí leasmhar éisteacht le seirbhísí imscrúdúcháin an Choimisiúin a iarraidh. Aon iarraidh ar éisteacht, ní mór í a dhéanamh i scríbhinn agus ní mór na cúiseanna leis an iarraidh a shonrú inti. Maidir le héisteachtaí a bhaineann le tionscnamh an imscrúdaithe, ní mór an iarraidh a chur isteach laistigh de 15 lá ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Tar éis sin, ní mór iarraidh ar éisteacht a chur isteach laistigh de na sprioc-amanna sonracha a leagann an Coimisiún síos ina theachtaireachtaí chuig na páirtithe.

    5.8.   Treoracha le haghaidh aighneachtaí i scríbhinn a dhéanamh, agus le haghaidh ceistneoirí comhlánaithe agus comhfhreagras a sheoladh

    (20)

    Maidir le faisnéis a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin chun críche imscrúduithe cosanta trádála, beidh an fhaisnéis sin saor ó chóipchirt. Ní mór do pháirtithe leasmhara, sula gcuirfidh siad faisnéis agus/nó sonraí atá faoi réir cóipchearta tríú páirtí faoi bhráid an Choimisiúin, cead a iarraidh go sonrach ar shealbhóir an chóipchirt lena gceadaítear don Choimisiún a) an fhaisnéis agus na sonraí a úsáid chun críoch an nós imeachta cosanta trádála seo agus b) an fhaisnéis agus/nó na sonraí a chur ar fáil do pháirtithe leasmhara san imscrúdú sin i bhfoirm a fhágfaidh go mbeidh siad in ann a gcearta chun cosanta a fheidhmiú.

    (21)

    Cuirfear an lipéad “Íogair” ar gach aighneacht i scríbhinn, lena n-áirítear an fhaisnéis a iarrtar sa Rialachán seo, ar cheistneoirí comhlánaithe agus ar chomhfhreagras arna gcur ar fáil ag páirtithe leasmhara a iarrann gur i modh rúin a chaithfí leo. Páirtithe a chuireann faisnéis isteach le linn an imscrúdaithe sin, iarrtar orthu cúis a thabhairt lena n-iarraidh go gcaithfí i modh rúin leo.

    (22)

    Ní mór do pháirtithe a sholáthraíonn faisnéis “Íogair’” achoimrí neamhrúnda uirthi a chur ar fáil de bhun Airteagal 19(2) den bhun-Rialachán maidir le frithdhumpáil agus Airteagal 29(2) den bhun-Rialachán maidir le frith-fhóirdheontas, achoimrí a gcuirfear lipéad orthu a shonrófar “Lena n-iniúchadh ag na páirtithe leasmhara”. Ba cheart do na hachoimrí sin a bheith mionsonraithe ar bhealach leordhóthanach chun go bhféadfar bunús na faisnéise a cuireadh isteach faoi rún a thuiscint go réasúnta.

    (23)

    Mura féidir leis an bpáirtí a sholáthraíonn faisnéis “Íogair” cúis mhaith a thabhairt lena iarraidh gur i modh rúin a chaithfí léi nó mura dtugann sé achoimre neamhrúnda uirthi san fhormáid agus sa cháilíocht a iarradh, féadfaidh an Coimisiún neamhaird a thabhairt ar an bhfaisnéis sin mura féidir a thaispeáint go sásúil ó fhoinsí iomchuí go bhfuil an fhaisnéis ceart.

    (24)

    Iarrtar ar pháirtithe leasmhara na haighneachtaí agus na hiarrataí uile a dhéanamh trí ríomhphost lena n-áirítear cumhachtaí aturnae scanta agus bileoga deimhniúcháin scanta, cé is moite d’fhreagraí toirtiúla ba cheart a chur isteach ar mheán stórála digití iniompartha (CD-ROM, DVD, flaistiomántán USB) de láimh nó tríd an bpost cláraithe. Trí úsáid a bhaint as ríomhphost, cuireann páirtithe leasmhara in iúl go n-aontaíonn siad leis na rialacha is infheidhme maidir le haighneachtaí leictreonacha atá sa doiciméad dar teideal “CORRESPONDENCE WITH THE EUROPEAN COMMISSION IN TRADE DEFENCE CASES” [COMHFHREAGRAS LEIS AN gCOIMISIÚN EORPACH I gCÁSANNA COSANTA TRÁDÁLA], doiciméad a foilsíodh ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála: http://trade.ec.europa.eu/doclib/docs/2011/june/tradoc_148003.pdf.

    (25)

    Ní mór do na páirtithe leasmhara a n-ainm, a seoladh, a n-uimhir theileafóin agus a seoladh ríomhphoist bailí a thabhairt, agus ba cheart dóibh a áirithiú gur ríomhphost oifigiúil feidhmiúil gnó é an seoladh ríomhphoist a chuirtear ar fáil, seoladh a sheiceáiltear ar bhonn laethúil. Tráth a gcuirfear sonraí teagmhála ar fáil, ní dhéanfaidh an Coimisiún cumarsáid le páirtithe leasmhara ach amháin trí ríomhphost, seachas i gcás ina n-iarrfaidh siad na doiciméid uile ón gCoimisiún a fháil trí mheán eile cumarsáide go sainráite, nó mura rud é gur gá post cláraithe a úsáid mar gheall ar chineál an doiciméid atá le seoladh. Le haghaidh tuilleadh rialacha agus faisnéise maidir le comhfhreagras leis an gCoimisiún, lena n-áirítear prionsabail a bhaineann le haighneachtaí trí ríomhphost, ba cheart do pháirtithe leasmhara féachaint ar na treoracha cumarsáide le páirtithe leasmhara dá dtagraítear thuas.

    Seoladh an Choimisiúin le haghaidh comhfhreagrais:

    An Coimisiún Eorpach

    Ard-Stiúrthóireacht na Trádála

    Stiúrthóireacht G

    Oifig: CHAR 04/039

    1040 Bruxelles/Brussel

    BELGIQUE/BELGIË

    R-phost: TRADE-R752-BIODIESEL-EXEMPTION@ec.europa.eu

    6.   AN DEIS BARÚLACHA A THABHAIRT MAIDIR LE hAIGHNEACHTAÍ PÁIRTITHE EILE

    (26)

    Chun cearta na cosanta a ráthú, ba cheart an deis a bheith ag páirtithe leasmhara barúlacha a thabhairt maidir le faisnéis a chuir páirtithe leasmhara eile isteach. Agus sin á dhéanamh acu, ní fhéadfaidh páirtithe leasmhara aghaidh a thabhairt ach ar na saincheisteanna a ardaítear in aighneachtaí na bpáirtithe leasmhara eile agus ní fhéadfaidh siad saincheisteanna nua a tharraingt anuas. Na barúlacha maidir leis an bhfaisnéis a chuir páirtithe leasmhara eile ar fáil mar fhreagairt ar nochtadh na dtorthaí cinntitheacha, ba cheart iad sin a chur isteach laistigh de 5 lá ón sprioc-am chun tuairim a thabhairt ar na torthaí cinntitheacha, mura sonraítear a mhalairt. Más ann do nochtadh deiridh breise, na barúlacha a rinne páirtithe leasmhara eile mar fhreagairt ar nochtadh eile na dtorthaí cinntitheacha sin, ba cheart iad sin a chur isteach laistigh de 1 lá ón sprioc-am chun tuairim a thabhairt ar an nochtadh breise sin, mura sonraítear a mhalairt. Tá an tráthchlár a leagtar amach gan dochar do cheart an Choimisiúin faisnéis bhreise a iarraidh ar pháirtithe leasmhara i gcásanna a bhfuil údar cuí leo.

    7.   SÍNEADH A CHUR LEIS NA TEORAINNEACHA AMA A SHONRAÍTEAR SA RIALACHÁN SEO

    (27)

    Níor cheart aon síneadh maidir leis na teorainneacha ama dá bhforáiltear sa Rialachán seo a iarraidh ach amháin in imthosca eisceachtúla agus ní dhéanfar é a dheonú ach amháin má tá údar cuí leis agus chúis mhaith léirithe.

    (28)

    I gcás ar bith, beidh teorainn 3 lá de ghnáth le síneadh a chur leis an sprioc-am chun freagra a thabhairt ar cheistneoirí, agus mar riail ghinearálta ní rachaidh sé thar 7 lá.

    (29)

    Teorainneacha ama maidir le faisnéis eile a shonraítear sa Rialachán a chur isteach, beidh teorainn 3 lá leis na síntí ach amháin má léirítear gur ann d’imthosca eisceachtúla.

    8.   NEAMH-CHOMHOIBRIÚ

    (30)

    I gcásanna ina ndiúltaíonn aon pháirtí leasmhar rochtain a thabhairt ar an bhfaisnéis is gá nó mura gcuireann sé an fhaisnéis sin ar fáil laistigh de na teorainneacha ama, nó ina gcuireann sé bac suntasach ar an imscrúdú, féadfar torthaí deimhneacha nó diúltacha a thabhairt ar bhonn na bhfíoras atá ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán maidir le frithdhumpáil agus Airteagal 28 den bhun-Rialachán maidir le frith-fhóirdheontas.

    (31)

    I gcás inar léir gur sholáthair páirtí leasmhar faisnéis bhréagach nó mhíthreorach, féadfar neamhaird a thabhairt ar an bhfaisnéis sin agus féadfar úsáid a bhaint as na fíorais atá ar fáil.

    (32)

    Mura gcomhoibríonn páirtí leasmhar nó mura gcomhoibríonn sé ach i bpáirt agus, dá bhrí sin, má tá na torthaí bunaithe ar fhíorais atá ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán maidir le frithdhumpáil agus Airteagal 28 den bhun-Rialachán maidir le frith-fhóirdheontas, d’fhéadfadh sé nach mbeadh an toradh chomh fabhrach céanna don pháirtí sin agus a bheadh dá mbeadh comhoibriú déanta aige.

    (33)

    Mura dtugtar freagra leictreonach, ní mheasfar gur neamh-chomhoibriú é sin, ar choinníoll go léireoidh an páirtí leasmhar go mbeadh ualach breise nó costas breise mí-réasúnach air mar thoradh ar an bhfreagra a thabhairt ar an mbealach a iarradh é. Ba cheart don pháirtí leasmhar teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún láithreach.

    9.   OIFIGEACH ÉISTEACHTA

    (34)

    Féadfaidh páirtithe leasmhara idirghabháil an Oifigigh Éisteachta in imeachtaí trádála a iarraidh. Gníomhaíonn an tOifigeach Éisteachta mar phointe teagmhála idir na páirtithe leasmhara agus seirbhísí imscrúdúcháin an Choimisiúin. Déanann an tOifigeach Éisteachta athbhreithniú ar na hiarrataí ar rochtain ar an gcomhad, ar dhíospóidí maidir le rúndacht na ndoiciméad, ar iarrataí ar shíneadh teorainneacha ama agus ar iarrataí ó thríú páirtithe ar éisteacht a fháil. Féadfaidh an tOifigeach Éisteachta éisteacht a eagrú le páirtí leasmhar aonair agus idirghabháil a dhéanamh chun a áirithiú go bhfuil cearta cosanta na bpáirtithe leasmhara á bhfeidhmiú go hiomlán. Cuirfidh an tOifigeach Éisteachta deiseanna ar fáil freisin i ndáil le héisteacht leis na páirtithe a reáchtáil, rud a fhorálfaí maidir le tuairimí éagsúla a chur i láthair agus le hargóintí frisnéise a chur chun tosaigh.

    (35)

    Is i scríbhinn ba cheart iarraidh ar éisteacht leis an Oifigeach Éisteachta a dhéanamh agus ba cheart na cúiseanna atá leis an iarraidh a shonrú inti. Maidir le héisteachtaí a bhaineann leis an gcéad chéim den imscrúdú, iarrtar ar na páirtithe a n-iarraidh a chur isteach laistigh de 15 lá ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Chuige sin, na hiarrataí ar éisteacht leis an Oifigeach Éisteachta, cuirfear isteach iad a luaithe is féidir tar éis an teagmhais arb é is údar le hidirghabháil den sórt sin a bheith ann. Déanfaidh an tOifigeach Éisteachta scrúdú ar na cúiseanna le hiarrataí ar idirghabhálacha, ar chineál na saincheisteanna a ardaíodh agus ar thionchar na saincheisteanna sin ar chearta cosanta, ag féachaint go cuí do leasanna an dea-riaracháin agus don imscrúdú a thabhairt chun críche go tráthúil.

    (36)

    Chun tuilleadh faisnéise agus sonraí teagmhála a fháil, féadfaidh páirtithe leasmhara féachaint ar leathanaigh ghréasáin an Oifigigh Éisteachta ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála: http://ec.europa.eu/trade/trade-policy-and-you/contacts/hearing-officer/.

    10.   SCEIDEAL AN IMSCRÚDAITHE

    (37)

    Tabharfar an t-imscrúdú chun críche, de bhun Airteagal 11(5) den bhun-Rialachán maidir le frithdhumpáil agus Airteagal 22(1) den bhun-Rialachán maidir le frith-fhóirdheontas, laistigh de 9 mí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

    11.   PRÓISEÁIL SONRAÍ PEARSANTA

    (38)

    Is i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) a chaithfear le haon sonraí pearsanta a bhaileofar san imscrúdú seo.

    (39)

    Tá fógra cosanta sonraí ar fáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála, fógra a chuireann gach duine ar an eolas faoi phróiseáil sonraí pearsanta faoi chuimsiú ghníomhaíochtaí cosanta trádála an Choimisiúin: http://ec.europa.eu/trade/policy/accessing-markets/trade-defence/,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Allmhairí eistear mona-ailcile aigéid shailligh agus/nó gáis-ola pairifíní a fhaightear ó shintéis agus/nó ó hidreachóireáil, de thionscnamh neamh-iontaise, ar a dtugtar “bithdhíosal” go coitianta, i bhfoirm íon nó i gcumasc ina bhfuil, de réir meáchain, níos mó ná 20 % d’eistir mhona-ailcile aigéid shailligh agus/nó gás-ola phairifíneach a fhaightear ó shintéis agus/nó ó hidreachóireáil, de thionscnamh neamh-iontaise, a chuirtear chun bealaigh ó Cheanada, bíodh dearbhú ann gur de thionscnamh Cheanada iad nó ná bíodh, atá faoi láthair faoi chóid AC ex 1516 20 98 (cód TARIC 1516209821), ex 1518 00 91 (cód TARIC 1518009121), ex 1518 00 99 (cód TARIC 1518009921), ex 2710 19 43 (cód TARIC 2710194321), ex 2710 19 46 (cód TARIC 2710194621), ex 2710 19 47 (cód TARIC 2710194721), ex 2710 20 11 (cód TARIC 2710201121), ex 2710 20 16 (cód TARIC 2710201621), ex 3824 99 92 (cód TARIC 3824999210), ex 3826 00 10 (cóid TARIC 3826001020, 3826001050, 3826001089) agus ex 3826 00 90 (cód TARIC 3826009011), arna dtáirgeadh ag Verbio Diesel Canada Corporation (cód breise TARIC C600), leis seo, tionscnaítear athbhreithniú de bhun Airteagal 13(4) de Rialachán (AE) 2016/1036 agus Airteagal 23(6) de Rialachán (AE) 2016/1037 lena suí ar cheart na hallmhairí sin a bheith faoi réir na mbeart frithdhumpála agus frith-fhóirdheontais arna bhforchur le Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1266 agus (AE) 2021/1267.

    Airteagal 2

    An dleacht frithdhumpála arna forchur le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1266, is leis seo a aisghairtear í a mhéid a bhaineann leis na hallmhairí a shainaithnítear in Airteagal 1 den Rialachán seo.

    Airteagal 3

    Glacfaidh na hÚdaráis Chustaim na céimeanna iomchuí chun na hallmhairí a shainaithnítear in Airteagal 1 den Rialachán seo a chlárú, de bhun Airteagal 14(5) de Rialachán (AE) 2016/1036.

    Rachaidh an clárúchán in éag 9 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

    Airteagal 4

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 6 Nollaig 2021.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.

    (2)  IO L 176, 30.6.2016, lch. 55.

    (3)  IO L 277, 2.8.2021, lch. 34.

    (4)  IO L 277, 2.8.2021, lch. 62.

    (5)  Rialachán (CE) Uimh. 598/2009 ón gComhairle an 7 Iúil 2009 lena bhforchuirtear dleacht frithchúitimh chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar allmhairí bithdhíosail de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá (IO L 179, 10.7.2009, lch. 1).

    (6)  Rialachán (CE) Uimh. 599/2009 ón gComhairle an 7 Iúil 2009 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar allmhairí bithdhíosail de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá (IO L 179, 10.7.2009, lch. 26).

    (7)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 443/2011 ón gComhairle an 5 Bealtaine 2011 lena leathnaítear an dleacht frithchúitimh chinntitheach a fhorchuirtear le Rialachán (CE) Uimh. 598/2009 ar allmhairí bithdhíosail de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá chun allmhairí bithdhíosail arna gcur chun bealaigh ó Cheanada a chumhdach, bíodh dearbhú ann gur de thionscnamh Cheanada iad nó ná bíodh, agus lena leathnaítear an dleacht frithchúitimh chinntitheach a fhorchuirtear le Rialachán (CE) Uimh. 598/2009 chun allmhairí bithdhíosail i gcumasc ina bhfuil, de réir meáchain, 20 % nó níos lú de bhithdhíosal de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá a chumhdach, agus lena bhfoirceanntar an t-imscrúdú i leith allmhairí arna gcur chun bealaigh ó Shingeapór (IO L 122, 11.5.2011, lch. 1).

    (8)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 444/2011 ón gComhairle an 5 Bealtaine 2011 lena leathnaítear an dleacht frithdhumpála chinntitheach a fhorchuirtear le Rialachán (CE) Uimh. 599/2009 ar hallmhairí bithdhíosail de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá chun allmhairí bithdhíosail arna gcur chun bealaigh ó Cheanada a chumhdach, bíodh dearbhú ann gur de thionscnamh Cheanada iad nó ná bíodh, agus lena leathnaítear an dleacht frithdhumpála chinntitheach a fhorchuirtear le Rialachán (CE) Uimh. 599/2009 chun allmhairí bithdhíosail i gcumasc ina bhfuil, de réir meáchain, 20 % nó níos lú de bhithdhíosal de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá a chumhdach, agus lena bhfoirceanntar an t-imscrúdú i leith allmhairí arna gcur chun bealaigh ó Shingeapór (IO L 122, 11.5.2011, lch. 12).

    (9)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE ( IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).


    Top