EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R0988

Rialachán (AE) 2023/988 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir (AE) 2020/1828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 87/357/CEE ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

PE/79/2022/REV/1

IO L 135, 23.5.2023, p. 1–51 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/988/oj

23.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 135/1


RIALACHÁN (AE) 2023/988 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 10 Bealtaine 2023

maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir (AE) 2020/1828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 87/357/CEE ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), leagtar síos an ceanglas nach mór táirgí tomhaltais a bheith sábháilte agus nach mór d’údaráis um fhaireachas margaidh na mBallstát gníomhaíocht a dhéanamh i gcoinne táirgí contúirteacha agus faisnéis ina leith sin a mhalartú trí Chóras an Aontais um Mearfhaisnéis (RAPEX).

(2)

Is gá Treoir 2001/95/CE a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta i bhfianaise na bhforbairtí a bhaineann le teicneolaíochtaí nua agus díol ar líne, chun comhsheasmhacht a áirithiú le forbairtí i reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú agus sa reachtaíocht um chaighdeánú, chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh aisghairmeacha táirgí ar mhaithe le sábháilteacht ar bhealach níos fearr, agus chun creat níos soiléire a áirithiú le haghaidh táirgí a bhfuil cuma bhia orthu, creat a rialaíodh go dtí seo le Treoir 87/357/CEE ón gComhairle (4). Ar mhaithe le soiléire, ba cheart Treoracha 2001/95/CE agus 87/357/EEC a aisghairm agus an Rialachán seo a chur ina n-ionad.

(3)

Is ionstraim iomchuí dlí é rialachán toisc go bhforchuirtear leis rialacha soiléire agus mionsonraithe nach féidir leis na Ballstáit a thrasuí ar bhealaí éagsúla. Trí rialachán a roghnú seachas treoir, is fearr is féidir an cuspóir a bhaint amach freisin maidir le comhleanúnachas a áirithiú le creat reachtach an fhaireachais margaidh le haghaidh táirgí a thagann faoi raon feidhme reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú, i gcás ina bhfuil an ionstraim dlí is infheidhme ina rialachán freisin, eadhon Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). Ar deireadh, le rogha den sórt sin, laghdófar tuilleadh an t-ualach rialála trí rialacha maidir le sábháilteacht táirgí a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach ar fud an Aontais.

(4)

Is é is aidhm don Rialachán seo rannchuidiú leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 169 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a ghnóthú. Go háirithe, ba cheart é a bheith d’aidhm aige sláinte agus sábháilteacht na dtomhaltóirí a áirithiú agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú a mhéid a bhaineann le táirgí atá beartaithe do thomhaltóirí.

(5)

Ba cheart é a bheith d’aidhm ag an Rialachán seo tomhaltóirí agus a sábháilteacht a chosaint mar cheann de bhunphrionsabail chreat dlí an Aontais agus mar a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’). Is féidir iarmhairtí an-diúltach a bheith ag táirgí contúirteacha do thomhaltóirí agus do shaoránaigh. Tá an ceart ag gach tomhaltóir, lena n-áirítear na tomhaltóirí is leochailí, amhail leanaí, daoine scothaosta nó daoine faoi mhíchumas, táirgí sábháilte a fháil. Ba cheart fáil a bheith ag tomhaltóirí ar mhodhanna leordhóthanacha chun an ceart sin a fhorfheidhmiú agus ba cheart fáil a bheith ag na Ballstáit ar ionstraimí agus bearta leormhaithe chun an Rialachán seo a fhorfheidhmiú.

(6)

D’ainneoin na bhforbairtí atá déanta ar reachtaíocht earnáilsonrach an Aontais um chomhchuibhiú a thugann aghaidh ar na gnéithe sábháilteachta de tháirgí sonracha nó catagóirí sonracha táirgí, níl sé indéanta go praiticiúil dlí an Aontais a ghlacadh i leith gach táirge tomhaltais atá ann cheana nó a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo. Fágann sin go bhfuil gá, dá bhrí sin, le creat reachtach leathan de chineál cothrománach chun bearnaí a líonadh agus chun forálacha i reachtaíocht earnáilsonrach an Aontais um chomhchuibhiú atá ann cheana nó a bheidh ann amach anseo a chomhlánú agus chun ardleibhéal cosanta tomhaltóirí a áirithiú i gcás nach bhfuil sin áirithe ar shlí eile leis an reachtaíocht sin, go háirithe d’fhonn ardleibhéal cosanta do shláinte agus sábháilteacht na dtomhaltóirí a bhaint amach, arna cheangal le hAirteagail 114 agus 169 CFAE.

(7)

San am céanna, maidir le táirgí atá faoi réir reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú, reachtaíocht a bhaineann le hearnálacha sonracha, ba cheart raon feidhme chodanna éagsúla an Rialacháin seo a leagan amach go soiléir chun forálacha forluiteacha a sheachaint agus creat dlí soiléir a áirithiú.

(8)

Cé nár cheart feidhm a bheith ag cuid d’fhorálacha an Rialacháin seo, amhail formhór na n-oibleagáidí atá ar oibreoirí eacnamaíocha, maidir le táirgí a chumhdaítear le reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú atá ann cheana, tá forálacha áirithe eile den Rialachán seo comhlántach le reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú agus ba cheart, dá bhrí sin, feidhm a bheith acu maidir le táirgí den sórt sin. Go háirithe, an ceanglas maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí agus na forálacha a bhaineann leis sin, ba cheart feidhm a bheith acu maidir le táirgí tomhaltais a chumhdaítear le reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú nuair nach gcumhdaítear cineálacha áirithe rioscaí leis an reachtaíocht sin de chuid an Aontais um chomhchuibhiú. Forálacha an Rialacháin seo a bhaineann le hoibleagáidí na soláthraithe margaí ar líne, le hoibleagáidí na n-oibreoirí eacnamaíocha i gcás tionóiscí, leis an gceart chun faisnéise agus chun leighis do thomhaltóirí agus leis na haisghairmeacha táirgí ar mhaithe le sábháilteacht, ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha sin maidir le táirgí a chumhdaítear le reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú a mhéid nach bhfuil aon fhorálacha sonracha ann a bhfuil an cuspóir céanna acu i reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú den sórt sin. Ar an gcaoi chéanna, úsáidtear RAPEX cheana féin chun críocha reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú, dá dtagraítear in Airteagal 20 de Rialachán (AE) 2019/1020: dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha sa Rialachán seo lena rialaítear Safety Gate agus a fheidhmiú maidir le táirgí a chumhdaítear le reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú.

(9)

Táirgí atá ceaptha go heisiach i gcomhair úsáid ghairmiúil, ach a úsáidtear ina dhiaidh sin i margadh na dtomhaltóirí, ba cheart iad a bheith faoi réir an Rialacháin seo de bhrí go bhféadfaidís rioscaí a chothú do shláinte agus sábháilteacht na dtomhaltóirí nuair a dhéantar iad a úsáid faoi dhálaí atá measartha intuartha.

(10)

Tá táirgí íocshláinte faoi réir measúnú réamh-mhargaidh lena n-áirítear anailís riosca agus tairbhe. Ba cheart, dá bhrí sin, na táirgí sin a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo.

(11)

Le dlí an Aontais maidir le bia, beatha agus réimsí gaolmhara, bunaítear córas sonrach lena n-áirithítear sábháilteacht na dtáirgí a chumhdaítear leis an dlí sin. Go deimhin, tá creat dlí sonrach bunaithe le haghaidh táirgí bia agus beatha, go háirithe, le Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). Thairis sin, rialaítear táirgí bia agus beatha freisin le Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), lena n-áirithítear cur chuige comhchuibhithe maidir le rialuithe oifigiúla chun comhlíonadh dlí beatha agus bia, rialacha sláinte ainmhithe agus leasa ainmhithe a fhíorú. Dá bhrí sin, ba cheart táirgí bia agus beatha a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo, cé is moite d’ábhair agus earraí a bheartaítear a bheith i dtadhall le bia a mhéid a bhaineann le rioscaí nach gcumhdaítear le Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) ná le reachtaíocht eile a bhaineann go sonrach le bia agus nach gcumhdaítear léi ach rioscaí ceimiceacha agus bitheolaíocha a bhaineann le bia.

(12)

Tá plandaí beo faoi réir creat dlí sonrach, dá bhforáiltear, go háirithe, le Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) lena gcuirtear san áireamh sainiúlachtaí na dtáirgí sin chun sábháilteacht tomhaltóirí a áirithiú.

(13)

Is ábhair de bhunadh ainmhíoch nach n-itheann daoine iad seachtháirgí ainmhithe. Tá na táirgí sin, amhail beatha, faoi réir creat dlí sonrach, dá bhforáiltear, go háirithe, le Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10).

(14)

Tá táirgí cosanta plandaí, dá ngairtear lotnaidicídí freisin, faoi réir forálacha sonracha maidir lena n-údarú ar an leibhéal náisiúnta, bunaithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), agus ba cheart, dá bhrí sin, iad a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo freisin.

(15)

Tá aerárthaí dá dtagraítear in Airteagal 2(3), pointe (d), de Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) faoi réir rialú rialála na mBallstát, i bhfianaise a riosca theoranta do shábháilteacht na heitlíochta sibhialta. Ba cheart, dá bhrí sin, na haerárthaí sin a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo.

(16)

Ba cheart feidhm a bheith ag na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo maidir le táirgí athláimhe nó táirgí atá deisithe, athriochtaithe nó athchúrsáilte, a théann isteach arís sa slabhra soláthair le linn gníomhaíocht tráchtála, ach amháin i gcás na dtáirgí sin nach féidir leis an tomhaltóir a bheith ag súil go réasúnta leis go gcomhlíonfaidís na caighdeáin sábháilteachta úrscothacha, amhail táirgí a gcuirtear in iúl go follasach go bhfuil siad le deisiú nó le hathriochtú, nó a chuirtear ar fáil ar an margadh mar ítimí inbhailithe a bhfuil tábhacht stairiúil leo.

(17)

Níor cheart seirbhísí a chumhdach leis an Rialachán seo. Mar sin féin, chun sláinte agus sábháilteacht na dtomhaltóirí a chosaint, táirgí a sholáthraítear nó a chuirtear ar fáil do thomhaltóirí mar chuid de sholáthar seirbhísí, lena n-áirítear táirgí a nochtar tomhaltóirí go díreach dóibh agus seirbhís á soláthar, ba cheart do na táirgí sin teacht faoi raon feidhme an Rialacháin seo. Mar sin féin, maidir le trealamh a iompraíonn tomhaltóirí nó a dtaistealaíonn siad air i gcás ina bhfuil trealamh den sórt sin á oibriú go díreach ag soláthraí seirbhíse i gcomhthéacs seirbhís iompair, ba cheart é a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo toisc nach mór déileáil leis i gcomhar le sábháilteacht na seirbhíse arna soláthar.

(18)

Is catagóirí sonracha táirgí iad seandachtaí, amhail saothair ealaíne nó earraí bailitheoirí, nach féidir a bheith ag súil leis ina leith go gcomhlíonfaidh siad na ceanglais sábháilteachta a leagtar síos leis an Rialachán seo, agus dá bhrí sin ba cheart iad a eisiamh óna raon feidhme. Mar sin féin, chun cosc a chur ar tháirgí eile a mheas de dhearmad mar tháirgí a bhaineann leis na catagóirí sin, is gá a chur san áireamh gur táirgí a chruthaítear chun críoch ealaíne amháin iad saothair ealaíne, go bhfuil earraí bailitheoirí ina annamh a ndóthain agus ina ndíol spéise leordhóthanach ó thaobh na staire nó na heolaíochta de chun údar a thabhairt lena mbailiú agus lena gcaomhnú, agus go bhfuil aois urghnách ag seandachtaí, mura rud é gur saothair ealaíne nó earraí bailitheoirí iad cheana féin nó an dá rud. Agus measúnú á dhéanamh i dtaobh an seandacht, amhail saothar ealaíne nó earra bailitheoirí, é táirge, d’fhéadfaí Iarscríbhinn IX a ghabhann le Treoir 2006/112/CE ón gComhairle (13) a chur san áireamh.

(19)

Is é sainmhíniú na hEagraíochta Domhanda Sláinte ar ‘sláinte’ ná staid d’fholláine iomlán fhisiceach, intinne agus shóisialta, agus ní le heaspa galair nó éiglíochta amháin a bhaineann sí.

(20)

Ba cheart an ciandíol, lena n-áirítear díol ar líne, teacht faoi raon feidhme an Rialacháin seo freisin. Tá fás tagtha ar dhíol ar líne ar bhonn leanúnach comhsheasmhach, rud a chruthaigh samhlacha nua gnó, dúshláin nua maidir le sábháilteacht táirgí agus gníomhaithe nua sa mhargadh, amhail soláthraithe margaí ar líne.

(21)

I gcás táirge a tháirgtear lena dhíol ar líne nó trí mhodhanna eile ciandíolacháin, ba cheart a mheas go bhfuil an táirge curtha ar fáil ar an margadh má tá an tairiscint díolacháin dírithe ar thomhaltóirí san Aontas. I gcomhréir leis na rialacha is infheidhme de chuid an Aontais maidir leis an dlí idirnáisiúnta príobháideach, ba cheart anailís de réir an cháis a dhéanamh chun a shuí an bhfuil tairiscint spriocdhírithe ar thomhaltóirí san Aontas. Ba cheart a mheas go bhfuil tairiscint díolacháin spriocdhírithe ar thomhaltóirí san Aontas má dhíríonn an t-oibreoir eacnamaíoch ábhartha a chuid gníomhaíochtaí, trí aon mhodh, ar Bhallstát. Maidir leis na hanailísí de réir an cháis, ba cheart tosca ábhartha, amhail na limistéir gheografacha ar féidir seachadadh chucu, na teangacha atá ar fáil, a úsáidtear don tairiscint nó don ordú, modhanna íocaíochta, úsáid airgeadra an Bhallstáit nó ainm fearainn atá cláraithe i gceann de na Ballstáit a chur san áireamh. I gcás na ndíolachán ar líne, ní leor díreach go mbeadh comhéadan na n-oibreoirí eacnamaíocha nó na soláthraithe margaí ar líne inrochtana sa Bhallstát ina bhfuil an tomhaltóir bunaithe nó ina bhfuil sainchónaí air.

(22)

Faoin gceanglas sábháilteachta ginearálta a leagtar síos sa Rialachán seo, ba cheart oibleagáid a bheith ar oibreoirí eacnamaíocha gan ach táirgí sábháilte a chur ar an margadh. Ba cheart ardleibhéal sábháilteachta den sórt sin a bhaint amach go príomha trí dhearadh agus trí shainghnéithe an táirge, agus úsáid bheartaithe agus intuartha an táirge agus dálaí úsáide beartaithe agus intuartha an táirge á gcur san áireamh. Ba cheart na rioscaí atá fanta, más ann dóibh, a mhaolú trí bhíthin coimircí áirithe, amhail rabhaidh agus treoracha.

(23)

Ba cheart measúnú a dhéanamh ar shábháilteacht táirge agus aird á tabhairt ar ghnéithe ábhartha uile an táirge, go háirithe a shaintréithe, amhail na saintréithe fisiceacha, meicniúla agus ceimiceacha, agus leagan amach an táirge, chomh maith leis na riachtanais shonracha agus na rioscaí sonracha a bhaineann leis an táirge do chatagóirí áirithe tomhaltóirí ar dócha go n-úsáidfidh siad na táirgí, go háirithe leanaí, daoine scothaosta agus daoine faoi mhíchumas. Ar na rioscaí sin, is féidir riosca don chomhshaol a áireamh freisin sa mhéid go mbaineann riosca leis do shláinte agus sábháilteacht na dtomhaltóirí. Ba cheart a chur san áireamh sa mheasúnú sin an riosca don tsláinte a bhaineann le táirgí atá nasctha go digiteach, lena n-áirítear an riosca don mheabhairshláinte, go háirithe i gcás tomhaltóirí leochaileacha, go háirithe leanaí. Dá bhrí sin, agus measúnú á dhéanamh ar shábháilteacht na dtáirgí atá nasctha go digiteach ar dócha go mbeidh tionchar acu ar leanaí, ba cheart do mhonaróirí a áirithiú go gcomhlíonann na táirgí a chuireann siad ar fáil ar an margadh na caighdeáin is airde sábháilteachta, slándála agus príobháideachta trí dhearadh, ar mhaithe le leas leanaí. Thairis sin, má theastaíonn faisnéis shonrach chun táirgí a dhéanamh sábháilte do chatagóir áirithe daoine, ba cheart a chur san áireamh freisin sa mheasúnú ar shábháilteacht na dtáirgí an fhaisnéis sin a bheith ar fáil agus inrochtaineacht na faisnéise sin. Ba cheart measúnú a dhéanamh ar shábháilteacht na dtáirgí ar fad agus aird á tabhairt ar an ngá leis an táirge a bheith sábháilte le linn a shaolré ar fad.

(24)

Ítimí a nascann le hítimí eile nó le hítimí neamhleabaithe eile a mbíonn tionchar acu ar an gcaoi a n-oibríonn ítim eile, is féidir riosca a bheith ag baint leo do shábháilteacht an táirge. Ba cheart aird chuí a thabhairt ar an ngné sin mar bheith ina riosca féideartha. Na naisc agus an t-idirghaol a d’fhéadfadh a bheith ag ítim le hítimí seachtracha, níor cheart dóibh sábháilteacht na hítime sin a chur i mbaol.

(25)

D’fhéadfadh rioscaí nua a bheith ag baint le teicneolaíochtaí nua do shláinte agus sábháilteacht tomhaltóirí, nó d’fhéadfadh teicneolaíochtaí den sórt sin athrú a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfadh na rioscaí atá ann cheana teacht chun cinn, amhail idirghabháil sheachtrach chun an táirge a haiceáil nó a shaintréithe a athrú. D’fhéadfadh teicneolaíochtaí nua an táirge bunaidh a mhodhnú go substaintiúil, mar shampla trí nuashonruithe bogearraí, ar cheart iad a bheith faoi réir measúnú riosca nua más rud é go mbeadh tionchar ag an modhnú substaintiúil sin ar shábháilteacht an táirge.

(26)

Is féidir déileáil le rioscaí sonracha cibearshlándála a dhéanann difear do shábháilteacht tomhaltóirí, agus do phrótacail agus deimhniúcháin, trí bhíthin na reachtaíochta earnálaí. Ba cheart a áirithiú, áfach, i gcásanna nach bhfuil feidhm ag reachtaíocht earnálach den sórt sin, go gcuireann na hoibreoirí eacnamaíocha agus na húdaráis náisiúnta ábhartha rioscaí atá nasctha le teicneolaíochtaí nua san áireamh, agus na táirgí á ndearadh acu agus measúnú á dhéanamh acu orthu faoi seach, chun a áirithiú nach gcuirtear sábháilteacht an táirge i mbaol mar gheall ar athruithe a bheith déanta air.

(27)

Chun cur chun feidhme éifeachtach comhsheasmhach an cheanglais sábháilteachta ghinearálta a leagtar síos sa Rialachán seo a áirithiú, tá sé tábhachtach úsáid a bhaint as caighdeáin Eorpacha lena gcumhdaítear táirgí agus rioscaí áirithe. Caighdeáin Eorpacha a bhfuil tagairtí dóibh foilsithe i gcomhréir le Treoir 2001/95/CE, ba cheart dóibh leanúint de thoimhde a thabhairt go bhfuiltear i gcomhréir leis an gceanglas sábháilteachta ginearálta a leagtar síos sa Rialachán seo. Iarrataí ar chaighdeánú arna n-eisiúint ag an gCoimisiún i gcomhréir le Treoir 2001/95/CE, ba cheart iad a mheas ina n-iarrataí ar chaighdeánú arna n-eisiúint i gcomhréir leis an Rialachán seo. I gcás ina gcumhdaítear rioscaí éagsúla nó catagóirí riosca éagsúla leis an gcaighdeán céanna, thabharfadh comhréireacht táirge leis an gcuid den chaighdeán lena gcumhdaítear an riosca ábhartha nó an chatagóir riosca ábhartha toimhde sábháilteachta don táirge féin a mhéid a bhaineann leis an riosca ábhartha nó leis an gcatagóir riosca ábhartha.

(28)

I gcás ina sainaithníonn an Coimisiún go bhfuil gá le caighdeán Eorpach chun a áirithiú go gcomhlíonann táirgí áirithe an ceanglas sábháilteachta ginearálta a leagtar síos sa Rialachán seo, ba cheart dó forálacha ábhartha Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) a chur i bhfeidhm chun a iarraidh ar eagraíocht Eorpach um chaighdeánú amháin nó níos mó caighdeán a dhréachtú nó a shainaithint, caighdeán a bheadh oiriúnach chun a áirithiú go nglactar leis go bhfuil táirgí a chomhlíonann an caighdeán sin sábháilte.

(29)

D’fhéadfadh rioscaí éagsúla a bheith ag baint le táirgí d’inscní éagsúla agus ba cheart é sin a chur san áireamh le gníomhaíochtaí caighdeánaithe chun neamhréitigh i dtéarmaí sábháilteachta a sheachaint agus, dá bhrí sin, bearna idir na hinscní maidir le sábháilteacht a sheachaint. Leagtar amach sa Dearbhú maidir le Caighdeáin Inscne-Fhreagrúla ó Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip roinnt gníomhaíochtaí ar cheart do chomhlachtaí náisiúnta um chaighdeáin agus d’eagraíochtaí forbartha caighdeán a áireamh ina bplean gníomhaíochta inscne maidir le caighdeáin inscne-fhreagrúla agus forbairt caighdeán, chun caighdeáin atá cothrom ó thaobh inscne de, ionadaíoch agus cuimsitheach a bhaint amach.

(30)

Mar aon le hoiriúnú Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, ba cheart nós imeachta sonrach a thabhairt isteach chun na ceanglais sábháilteachta shonracha a ghlacadh le cúnamh ón gCoiste speisialaithe dá bhforáiltear leis an Rialachán seo.

(31)

In éagmais caighdeán Eorpach, ba cheart do dhlí náisiúnta an Bhallstáit ina gcuirtear an táirge ar fáil ar an margadh lena leagtar síos ceanglais sláinte agus sábháilteachta dlí an Aontais a chomhlíonadh, go háirithe Airteagail 34 agus 36 CFAE.

(32)

Ba cheart oibleagáidí comhréireacha a bheith ar oibreoirí eacnamaíocha as sábháilteacht a dtáirgí, i ndáil leis an ról atá ag gach oibreoir sa slabhra soláthair, ionas go n-áirithítear ardleibhéal sábháilteachta do shláinte agus sábháilteacht na dtomhaltóirí, agus feidhmiú éifeachtúil an mhargaidh inmheánaigh á áirithiú ag an am céanna. Na hoibreoirí eacnamaíocha ar fad a mbíonn ról acu sa slabhra soláthair agus dáilte, ba cheart dóibh gach beart is iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú nach gcuireann siad ar fáil ar an margadh ach táirgí atá sábháilte agus i gcomhréir leis an Rialachán seo. Is gá foráil a dhéanamh maidir le dáileadh soiléir agus comhréireach na n-oibleagáidí a chomhfhreagraíonn do ról gach oibreora sa phróiseas soláthair agus dáilte. Mar shampla, a mhéid a bhaineann leis an bhfíorú i dtaobh an ndearna an monaróir agus, i gcás inarb ábhartha, an t-allmhaireoir a n-oibleagáidí a chomhlíonadh, níor cheart a cheangal ar an dáileoir ach fíoruithe fíriciúla a dhéanamh seachas measúnú a dhéanamh ar an bhfaisnéis a sholáthair siad. Ina theannta sin, d’fhéadfadh na hoibreoirí eacnamaíocha an fhaisnéis faoi shainaithint an táirge agus na n-oibreoirí eacnamaíocha, agus treoracha agus faisnéis faoin tsábháilteacht, a sholáthar i bhfoirm dhigiteach trí bhíthin réitigh leictreonacha, amhail cód QR nó cód maitríse sonraí.

(33)

Ba cheart do mhonaróirí doiciméadacht theicniúil a tharraingt suas maidir leis na táirgí a chuireann siad ar an margadh, ar doiciméadacht í ar cheart an fhaisnéis is gá a bheith inti chun a chruthú go bhfuil na táirgí sin sábháilte. Ba cheart an doiciméadacht theicniúil a bheith bunaithe ar anailís riosca inmheánach arna déanamh ag an monaróir. Ba cheart an méid faisnéise atá le soláthar sa doiciméadacht theicniúil a bheith i gcomhréir le castacht an táirge agus leis na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann arna sainaithint ag an monaróir. Go háirithe, ba cheart do mhonaróirí tuairisc ghinearálta a sholáthar ar an táirge agus ar na heilimintí is gá chun measúnú a dhéanamh ar a shábháilteacht. I gcás táirgí casta nó táirgí a bhféadfadh rioscaí a bheith ag baint leo, d’fhéadfadh go mbeadh tuairisc níos fairsinge ar an táirge de dhíth san fhaisnéis atá le soláthar. I gcásanna den sórt sin, ba cheart a chur san áireamh freisin anailís ar na rioscaí sin agus na modhanna teicniúla a glacadh chun na rioscaí a mhaolú nó chun deireadh a chur leo. I gcás ina gcomhlíonann an táirge caighdeáin Eorpacha nó eilimintí eile a chuirtear i bhfeidhm chun an ceanglas sábháilteachta ginearálta a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh, ba cheart liosta na gcaighdeán Eorpach ábhartha nó na n-eilimintí eile sin a léiriú freisin.

(34)

Maidir le haon duine nádúrtha nó dlítheanach a chuireann táirge ar an margadh faoina n-ainm nó a dtrádmharc féin nó a mhodhnaíonn an táirge go substaintiúil ar dhóigh a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do chomhréireacht le ceanglais an Rialacháin seo, ba cheart a mheas gurb iadsan an monaróir agus ba cheart dóibh sin oibleagáidí an mhonaróra a ghlacadh chucu féin.

(35)

Modhnú a dhéantar ar tháirge, trí mhodhanna fisiciúla nó digiteacha, d’fhéadfadh go mbeadh tionchar aige ar chineál agus saintréithe an táirge ar bhealach nach raibh intuartha sa mheasúnú riosca tosaigh ar an táirge agus a d’fhéadfadh sábháilteacht an táirge a chur i mbaol. Ba cheart, dá bhrí sin, a mheas gur modhnú substaintiúil é modhnú den sórt sin agus, nuair nach ndéanann an tomhaltóir é nó nach ndéantar thar ceann an tomhaltóra é, ba cheart a mheas gur táirge nua ó mhonaróir eile é an táirge. Chun a áirithiú go gcomhlíontar an ceanglas ginearálta sábháilteachta a leagtar síos sa Rialachán seo, ba cheart an duine a dhéanann an modhnú substaintiúil sin a mheas mar an monaróir agus ba cheart don duine sin a bheith faoi réir na n-oibleagáidí céanna. Níor cheart feidhm a bheith ag an gceanglas sin ach amháin maidir leis an gcuid mhodhnaithe den táirge, ar choinníoll nach ndéanann an modhnú difear don táirge ina iomláine. Chun ualach neamhriachtanach díréireach a sheachaint, níor cheart a chur de cheangal ar an duine a bhfuil an modhnú substaintiúil á dhéanamh aige tástálacha a dhéanamh arís agus doiciméadacht nua a chur ar fáil i ndáil le gnéithe den táirge nach bhfuil tionchar ag an modhnú orthu. Ba cheart é a bheith faoin duine a dhéanann an modhnú substaintiúil a léiriú nach bhfuil tionchar ag an modhnú ar an táirge ina iomláine.

(36)

Nósanna imeachta inmheánacha um chomhréireacht, trína n-áirithíonn oibreoirí eacnamaíocha, go hinmheánach, go ndéantar a n-oibleagáidí a chomhlíonadh ar bhealach éifeachtach agus tapa agus na coinníollacha chun gníomhú go tráthúil i gcás táirge contúirteach, ba cheart do na hoibreoirí eacnamaíocha féin na nósanna imeachta sin a chur ar bun.

(37)

Chun cosc a chur ar tháirgí contúirteacha a chur ar an margadh, ba cheart é a bheith éigeantach d’oibreoirí eacnamaíocha próisis inmheánacha lena n-áirithítear comhlíonadh cheanglais ábhartha an Rialacháin seo a áireamh ina ngníomhaíochtaí táirgthe nó margaíochta. Ba cheart do na hoibreoirí eacnamaíocha féin próisis inmheánacha den sórt sin a chinneadh i ndáil lena ról sa slabhra soláthair agus le cineál na dtáirgí lena mbaineann agus is féidir na próisis sin a bheith bunaithe, mar shampla, ar nósanna imeachta eagraíochtúla, ar threoirlínte, ar chaighdeáin nó ar bhainisteoir ad hoc a cheapadh. Ba cheart gurb iad na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha, agus iadsan amháin, a bheadh freagrach as bunú agus formáid próiseas inmheánach den sórt sin.

(38)

Tá comhoibriú ó gach oibreoir eacnamaíoch agus gach soláthraí margaí ar líne leis na húdaráis um fhaireachas margaidh riachtanach chun deireadh a chur le rioscaí do na táirgí ábhartha a chuirtear ar fáil ar an margadh nó chun iad a mhaolú. Mar sin féin, ba cheart na hiarrataí a dhéanann údaráis um fhaireachas margaidh orthu a chur in oiriúint don ról atá acu sa slabhra soláthair agus i ndáil lena n-oibleagáidí dlíthiúla faoi seach.

(39)

Díol díreach a dhéanann oibreoirí eacnamaíocha atá bunaithe lasmuigh den Aontas trí bhealaí ar líne, is rud é sin a chuireann bac ar obair na n-údarás um fhaireachas margaidh agus iad ag dul i ngleic le táirgí contúirteacha san Aontas, toisc gur minic nach bhfuil oibreoirí eacnamaíocha bunaithe san Aontas ná nach bhfuil ionadaí dlíthiúil acu san Aontas. Dá bhrí sin, is gá a áirithiú go bhfuil cumhachtaí agus modhanna leormhaithe ag na húdaráis um fhaireachas margaidh chun dul i ngleic ar bhealach éifeachtach le díol na dtáirgí contúirteacha ar líne. Chun forfheidhmiú éifeachtach an Rialacháin seo a áirithiú, ba cheart an oibleagáid a leagtar amach in Airteagal 4(1), (2) agus (3) de Rialachán (AE) 2019/1020 a leathnú chuig táirgí nach dtagann faoi raon feidhme reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú chun a áirithiú go bhfuil oibreoir eacnamaíoch freagrach bunaithe san Aontas, a gcuirtear de chúram air cúraimí maidir le táirgí den sórt sin, idirghabhálaí a sholáthar d’údaráis um fhaireachas margaidh agus, i gcás inarb iomchuí i ndáil leis na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann a bhaineann le táirge, cúraimí sonracha a dhéanamh go tráthúil chun a áirithiú go bhfuil na táirgí sábháilte. Ba cheart a chur san áireamh sna cúraimí sonracha sin seiceálacha rialta maidir le comhlíonadh na doiciméadachta teicniúla, fhaisnéis an táirge agus an mhonaróra, treorach agus faisnéise sábháilteachta.

(40)

Sonraí teagmhála an oibreora eacnamaíoch atá bunaithe san Aontas agus atá freagrach as táirgí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, ba cheart na sonraí teagmhála sin a léiriú i dteannta an táirge chun seiceálacha a éascú ar fud an tslabhra soláthair.

(41)

Chun go mbeidh oibreoirí eacnamaíocha ar fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) iad, lena n-áirítear micrifhiontair, in ann déileáil leis na hoibleagáidí nua a fhorchuirtear leis an Rialachán seo, ba cheart don Choimisiún treoirlínte praiticiúla agus treoir shaincheaptha a sholáthar, mar shampla bealach díreach le nascadh le saineolaithe i gcás ina bhfuil ceisteanna acu, agus an gá lena n-ualaí riaracháin a shimpliú agus a theorannú á chur san áireamh.

(42)

Trí shainaithint táirgí agus soláthar faisnéise faoin monaróir agus faoi oibreoirí eacnamaíocha ábhartha eile feadh an tslabhra soláthair ar fad a áirithiú, is fusa oibreoirí eacnamaíocha a shainaithint agus, i gcás inarb infheidhme, bearta ceartaitheacha éifeachtacha agus comhréireacha a dhéanamh i gcoinne táirgí contúirteacha, amhail aisghairmeacha spriocdhírithe. Ar an dóigh sin, áirithítear le sainaithint táirgí agus soláthar faisnéise faoin monaróir agus faoi oibreoirí eacnamaíocha ábhartha eile go bhfaigheann tomhaltóirí, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas, agus údaráis um fhaireachas margaidh faisnéis chruinn faoi tháirgí contúirteacha, rud a mhéadaíonn ar an muinín as an margadh agus a sheachnaíonn cur isteach neamhriachtanach ar thrádáil. Dá bhrí sin, ba cheart faisnéis a bheith ar tháirgí lenar féidir iad féin agus an monaróir agus, i gcás inarb infheidhme, an t-allmhaireoir agus oibreoirí eacnamaíocha ábhartha eile a shainaithint. D’fhéadfaí ceanglais den sórt sin a dhéanamh níos déine i gcás cineálacha áirithe táirgí, ar dócha riosca tromchúiseach a bheith ag baint leo do shláinte agus sábháilteacht na dtomhaltóirí, trí bhíthin córas bailithe agus stórála sonraí ionas gur féidir, anuas ar an táirge a shainaithint, a chomhpháirteanna nó na hoibreoirí eacnamaíocha a bhfuil baint acu lena shlabhra soláthair a shainaithint. Níor cheart gur dochar sin do na ceanglais faisnéise a leagtar síos le Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15), a bhaineann le príomhthréithe na n-earraí, a mhéid is iomchuí don mheán agus do chineál na n-earraí. Ba cheart pictiúr a mheas mar ghrianghraf, mar léaráid nó mar eilimint phicteagrafach eile, rud a fhágann gur féidir táirge nó táirge ionchasach a shainaithint go héasca.

(43)

Trína áirithiú go dtugann monaróirí fógra faoi thionóiscí ar táirge a chuir siad ar fáil ar an margadh ba chúis leo, feabhsófar an fhaisnéis atá ar fáil d’údaráis um fhaireachas margaidh agus beifear in ann catagóirí táirgí a d’fhéadfadh a bheith contúirteach a shainaithint ar bhealach níos fearr. Tá rialacha maidir le dliteanas táirgí oibreoirí eacnamaíocha i leith táirgí lochtacha leagtha síos i ndlí sonrach an Aontais agus níor cheart, dá bhrí sin, a mheas gur admháil dliteanais i leith táirge lochtach iad fógraí den sórt sin agus bailiú sonraí den sórt sin ná gur deimhniú dliteanais é faoi dhlí ábhartha an Aontais nó faoin dlí ábhartha náisiúnta.

(44)

Chun a bheith in ann rioscaí nua atá ag teacht chun cinn agus treochtaí eile margaidh a bhaineann le sábháilteacht táirgí a bhrath go luath, ba cheart gach páirtí leasmhar, lena n-áirítear eagraíochtaí tomhaltóirí nó eagraíochtaí gnó, a spreagadh chun faisnéis atá ar fáil dóibh a chur in iúl d’údaráis um fhaireachas margaidh agus don Choimisiún chun sáruithe ar an Rialachán seo a bhrath agus a imscrúdú.

(45)

Tá ról ríthábhachtach ag soláthraithe margaí ar líne sa slabhra soláthair, rud a ligeann d’oibreoirí eacnamaíocha teacht ar líon níos mó tomhaltóirí, agus, dá bhrí sin, tá ról ríthábhachtach acu sa chóras sábháilteachta táirgí freisin.

(46)

Faoi na samhlacha gnó casta nua a bhaineann le díolacháin ar líne, is féidir leis an eintiteas céanna seirbhísí éagsúla a sholáthar. Ag brath ar chineál na seirbhísí a sholáthraítear do tháirge áirithe, is féidir leis an eintiteas céanna teacht faoi chatagóirí éagsúla samhlacha gnó faoin Rialachán seo. Nuair nach soláthraíonn eintiteas ach seirbhísí idirghabhála ar líne le haghaidh táirge áirithe, ní cháileodh sé ansin ach mar sholáthraí margaidh ar líne don táirge sin. I gcás ina soláthraíonn an t-eintiteas céanna seirbhísí margaidh ar líne chun táirge ar leith a dhíol agus go ngníomhaíonn sé freisin mar oibreoir eacnamaíoch faoin Rialachán seo, cháileodh sé freisin mar an t-oibreoir eacnamaíoch ábhartha. I gcás den sórt sin, bheadh ar an eintiteas i gceist, dá bhrí sin, na hoibleagáidí is infheidhme maidir leis an oibreoir eacnamaíoch ábhartha a chomhlíonadh. Mar shampla, má dháileann soláthraí an mhargaidh ar líne táirge freisin, ansin, maidir le díol an táirge a dáileadh, mheasfaí gur dáileoir é. Ar an gcaoi chéanna, dá ndíolfadh an t-eintiteas atá i gceist a tháirgí brandáilte féin, ghníomhódh sé mar mhonaróir agus bheadh air, dá bhrí sin, na ceanglais is infheidhme do mhonaróirí a chomhlíonadh. Chomh maith leis sin, is féidir le roinnt eintiteas cáiliú mar sholáthraithe seirbhíse próiseála orduithe má thairgeann siad seirbhísí próiseála orduithe. Ba ghá, dá bhrí sin, cásanna den sórt sin a mheasúnú ar bhonn cás ar chás.

(47)

I bhfianaise an róil thábhachtaigh atá ag soláthraithe margaí ar líne nuair a dhéantar díol táirgí a idirghabháil idir trádálaithe agus tomhaltóirí, ba cheart níos mó freagrachtaí a bheith ar ghníomhaithe den sórt sin maidir le dul i ngleic le díol táirgí contúirteacha ar líne. I dTreoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16), cuirtear ar fáil an creat ginearálta le haghaidh ríomhthráchtála agus leagtar síos oibleagáidí áirithe le haghaidh ardáin ar líne. Le Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17), rialaítear freagracht agus cuntasacht na soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne i ndáil le hábhair neamhdhleathacha, lena n-áirítear táirgí contúirteacha. Tá feidhm ag an Rialachán sin gan dochar do na rialacha a leagtar síos le dlí an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí agus sábháilteacht táirgí. Dá réir sin, ag cur leis an gcreat dlí cothrománach a chuirtear ar fáil leis an Rialachán sin, ba cheart ceanglais shonracha a thabhairt isteach, ar ceanglais iad atá bunriachtanach chun dul i ngleic ar bhealach éifeachtach le díol táirgí contúirteacha ar líne, i gcomhréir le hAirteagal 2(4), pointe (f), den Rialachán sin. A mhéid a shonraítear sa Rialachán seo na ceanglais, i ndáil le sábháilteacht táirgí, atá le comhlíonadh ag soláthraithe margaí ar líne chun a áirithiú go gcomhlíontar forálacha áirithe de Rialachán (AE) 2022/2065, níor cheart do na ceanglais sin difear a dhéanamh do chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2022/2065, a leanann d’fheidhm a bheith aige maidir le soláthraithe margaí ar líne.

(48)

Leis an nGealltanas um Shábháilteacht Táirgí, a céad-síníodh in 2018 agus a chuaigh roinnt soláthraithe margaí ar líne ina bhun ó shin i leith, foráiltear maidir le roinnt gealltanas deonach maidir le sábháilteacht táirgí. Is léir go bhfuil fiúntas mór ag baint leis an nGealltanas um Shábháilteacht Táirgí chun feabhas a chur ar chosaint tomhaltóirí ar tháirgí contúirteacha a dhíoltar ar líne. Chun cosaint tomhaltóirí a neartú trí dhamáiste dá mbeatha, dá sláinte agus dá sábháilteacht a sheachaint agus chun iomaíocht chothrom a áirithiú sa mhargadh inmheánach, spreagtar soláthraithe margaí ar líne tabhairt faoi na gealltanais dheonacha sin chun cosc a chur ar liostáil táirgí contúirteacha a tarraingíodh siar cheana féin bheith ag teacht chun cinn arís. Trí úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí agus próisis dhigiteacha agus trí na feabhsuithe ar chórais foláirimh, go háirithe an Tairseach Safety Gate, is féidir táirgí contúirteacha ar tugadh fógra ina leith a shainaithint go huathoibríoch agus foláireamh a thabhairt ina leith go huathoibríoch agus seiceálacha randamacha uathoibrithe a dhéanamh i gcoinne na Tairsí Safety Gate.

(49)

Ba cheart do sholáthraithe margaí ar líne gníomhú leis an gcúram is cuí i ndáil leis an ábhar a óstáiltear ar a gcomhéadain ar líne agus a bhaineann le sábháilteacht táirgí, i gcomhréir leis na hoibleagáidí sonracha a leagtar síos sa Rialachán seo. Dá réir sin, ba cheart oibleagáidí díchill chuí a leagan síos sa Rialachán seo do gach soláthraí margaí ar líne maidir leis an ábhar a óstáiltear ar a gcomhéadain ar líne a bhaineann le sábháilteacht táirgí.

(50)

Thairis sin, chun críocha an fhaireachais margaidh éifeachtaigh, ba cheart do sholáthraithe margaí ar líne clárú ar an Tairseach Safety Gate agus an fhaisnéis a bhaineann lena bpointe teagmhála aonair a léiriú sa Tairseach Safety Gate chun comhroinnt faisnéise faoi shaincheisteanna sábháilteachta táirgí a éascú. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go bhfuil an clárú éasca agus soláimhsithe don úsáideoir. D’fhéadfadh gurb ionann an pointe teagmhála aonair faoin Rialachán seo agus an pointe teagmhála faoi Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2022/2065, gan an cuspóir a chur i mbaol arb é fadhbanna a bhaineann le sábháilteacht táirgí a láimhseáil ar bhealach tapa sonrach.

(51)

Ba cheart do sholáthraithe margaí ar líne pointe teagmhála aonair a ainmniú do thomhaltóirí. Ba cheart don phointe teagmhála aonair feidhmiú mar fhuinneog aonair do theachtaireachtaí ó thomhaltóirí maidir le saincheisteanna sábháilteachta táirgí, ar féidir iad a atreorú ansin chuig an aonad seirbhíse cuí i margadh ar líne. Níor cheart don mhéid sin cosc a chur ar phointí teagmhála breise le haghaidh seirbhísí sonracha a chur ar fáil do thomhaltóirí. D’fhéadfadh gurb ionann an pointe teagmhála aonair faoin Rialachán seo agus an pointe teagmhála faoi Airteagal 12 de Rialachán (AE) 2022/2065.

(52)

Ionas go mbeidh siad in ann a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh, go háirithe maidir le horduithe ó údaráis phoiblí a chomhlíonadh go tráthúil agus go héifeachtach, fógraí ó thríú páirtithe eile a phróiseáil, agus comhar le húdaráis um fhaireachas margaidh i gcomhthéacs bearta ceartaitheacha arna n-iarraidh sin, ba cheart sásra inmheánach a bheith ag soláthraithe margaí ar líne chun saincheisteanna a bhaineann le sábháilteacht táirgí a láimhseáil.

(53)

Le hAirteagal 14(4) de Rialachán (AE) 2019/1020, tugtar de chumhacht do na húdaráis um fhaireachas margaidh, i gcás nach bhfuil aon mhodh éifeachtach eile ar fáil chun deireadh a chur le riosca tromchúiseach, chun a cheangal go ndéanfaí ábhar a thagraíonn do na táirgí gaolmhara a bhaint de chomhéadan ar líne nó a cheangal go ndéanfaí rabhadh go follasach d’úsáideoirí deiridh nuair a dhéanann siad comhéadan ar líne a rochtain. Na cumhachtaí a thugtar do na húdaráis um fhaireachas margaidh le hAirteagal 14(4) de Rialachán (AE) 2019/1020, ba cheart feidhm a bheith acu maidir leis an Rialachán seo freisin. Ionas gur féidir faireachas éifeachtach ar an margadh a dhéanamh faoin Rialachán seo agus chun a sheachaint go mbeadh táirgí contúirteacha ar mhargadh an Aontais, ba cheart feidhm a bheith ag na cumhachtaí sin maidir le gach cás atá riachtanach agus comhréireach agus i gcás táirgí freisin a bhfuil riosca nach bhfuil chomh tromchúiseach sin ag baint leo. Tá sé ríthábhachtach go gcomhlíonann soláthraithe margaí ar líne orduithe den sórt sin mar ábhar práinne. Dá bhrí sin, ba cheart a thabhairt isteach leis an Rialachán seo teorainneacha ama ceangailteacha ina leith sin. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) 2022/2065.

(54)

Le horduithe lena gceanglaítear ar sholáthraí margaidh ar líne freisin an t-ábhar comhionann go léir a thagraíonn don tairiscint ar tháirge contúirteach a shonraítear san ordú a bhaint dá chomhéadan ar líne, ba cheart na heilimintí a shainaithint lena gcinnfear soláthraí margaidh ar líne agus lena gceadófar dó tairiscintí comhionanna a bhaint, bunaithe ar an bhfaisnéis arna taispeáint ag na trádálaithe, a mhéid nach gceanglaítear ar sholáthraí margaidh ar líne measúnú neamhspleách a dhéanamh ar an ábhar sin.

(55)

I gcás nach bhfuil aimsitheoir aonfhoirmeach acmhainne cruinn (URL) ná, i gcás inar gá, faisnéis bhreise lenar féidir an t-ábhar a thagraíonn do thairiscint ar tháirge contúirteach a shainaithint san fhaisnéis ón gCóras Mear-Rabhaidh Safety Gate, ba cheart do sholáthraithe margaí ar líne, mar sin féin, an fhaisnéis a tarchuireadh a chur san áireamh, amhail aitheantóirí táirgí, nuair a bhíonn siad ar fáil, agus faisnéis inrianaitheachta eile, i gcomhthéacs aon bhearta arna nglacadh ag soláthraithe margaí ar líne ar a dtionscnamh féin a bhfuil sé d’aidhm acu rochtain ar thairiscintí den sórt sin ar tháirgí contúirteacha ar a gcomhéadan ar líne a bhrath, a shainaithint, a bhaint nó a dhíchumasú, i gcás inarb infheidhme. Mar sin féin, ba cheart an Tairseach Safety Gate a nuachóiriú agus a thabhairt cothrom le dáta chun é a dhéanamh níos éasca do sholáthraithe margaí ar líne táirgí neamhshábháilte a bhrath agus, leis an aidhm sin, ba cheart é a bheith indéanta forálacha an Rialacháin sin a chur chun feidhme maidir le hábhar a thagraíonn do thairiscint ar tháirge contúirteach a bhaint de chomhéadain ar líne trí chóras fógartha arna dhearadh agus arna fhorbairt laistigh den Tairseach Safety Gate.

(56)

Níor cheart do na hoibleagáidí a fhorchuirtear leis an Rialachán seo ar sholáthraithe margaí ar líne a bheith ina n-oibleagáid ghinearálta maidir le faireachán a dhéanamh ar an bhfaisnéis a tharchuireann nó a stórálann siad, ná níor cheart dóibh ceangal a chur ar sholáthraithe margaí ar líne fíorais nó imthosca a lorg go gníomhach lena léirítear gníomhaíocht neamhdhleathach, amhail díol táirgí contúirteacha ar líne. Mar sin féin, chun tairbhe a bhaint as an díolúine ó dhliteanas i leith seirbhísí óstála faoi Threoir 2000/31/CE agus faoi Rialachán (AE) 2022/2065, ba cheart do sholáthraithe margaí ar líne ábhar a thagraíonn do thairiscint ar tháirge contúirteach a bhaint dá gcomhéadain ar líne go tapa, tar éis dóibh eolas iarbhír a fháil nó, i gcás éilimh ar dhamáistí, nuair a thagann siad ar an eolas faoin ábhar a thagraíonn do thairiscint ar tháirge contúirteach, go háirithe i gcásanna inar cuireadh soláthraí an mhargaidh ar líne ar an eolas faoi fhíorais nó imthosca ar ar a mbonn ba cheart d’oibreoir eacnamaíoch dícheallach an neamhdhleathacht atá i gceist a shainaithint. Ba cheart do sholáthraithe margaí ar líne fógraí a phróiseáil a bhaineann le hábhar a thagraíonn do thairiscint ar tháirge contúirteach, fógraí a fhaightear i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) 2022/2065, laistigh de na tréimhsí ama breise a bhunaítear leis an Rialachán seo. Ina theannta sin, spreagtar soláthraithe margaí ar líne táirgí a bhfuil Tairseach Safety Gate acu a sheiceáil sula gcuireann siad ar a gcomhéadan iad.

(57)

Chun críocha Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2022/2065, agus a mhéid a bhaineann le sábháilteacht táirgí a dhíoltar ar líne, ba cheart don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha eagraíochtaí agus comhlachais tomhaltóirí a dhéanann ionadaíocht ar son leasanna tomhaltóirí agus geallsealbhóirí ábhartha eile go háirithe a mheas mar chomharthóirí iontaofa, arna iarraidh sin dóibh, ar choinníoll gur comhlíonadh na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal sin.

(58)

Is rud ríthábhachtach í an inrianaitheacht táirgí chun faireachas margaidh éifeachtach a dhéanamh ar tháirgí contúirteacha agus chun bearta ceartaitheacha a dhéanamh. Ina theannta sin, ba cheart tomhaltóirí a chosaint ar tháirgí contúirteacha ar an gcaoi chéanna sna bealaí díolacháin as líne agus ar líne, lena n-áirítear agus iad ag ceannach táirgí ar mhargaí ar líne. D’fhonn cur le forálacha Rialachán (AE) 2022/2065 a bhaineann le hinrianaitheacht trádálaithe, níor cheart do sholáthraithe margaí ar líne ligean do thairiscint ar tháirge sonrach a bheith liostaithe ar a n-ardán mura rud é gur sholáthair an trádálaí an fhaisnéis ar fad a bhaineann le sábháilteacht agus inrianaitheacht táirgí mar a shonraítear sa Rialachán seo. Ba cheart faisnéis den sórt sin a thaispeáint in éineacht le liostáil an táirge ionas gur féidir le tomhaltóirí leas a bhaint as an bhfaisnéis chéanna a chuirtear ar fáil ar líne agus as líne. Mar sin féin, níor cheart do sholáthraithe margaí ar líne a bheith freagrach as iomláine, cruinneas agus beachtas na faisnéise féin a fhíorú, ós rud é gur ar an trádálaí ábhartha atá an oibleagáid inrianaitheacht táirgí a áirithiú.

(59)

Tá sé tábhachtach freisin go n-oibreodh soláthraithe margaí ar líne i ndlúthchomhar leis na húdaráis um fhaireachas margaidh, le trádálaithe agus leis na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha maidir le sábháilteacht táirgí. Le hAirteagal 7(2) de Rialachán (AE) 2019/1020, forchuirtear oibleagáid ar sholáthraithe seirbhíse sochaí faisnéise comhoibriú le húdaráis um fhaireachas margaidh i ndáil le táirgí a chumhdaítear leis an Rialachán sin. Dá bhrí sin, ba cheart an oibleagáid sin a leathnú chuig gach táirge tomhaltais. Mar shampla, tá na húdaráis um fhaireachas margaidh i gcónaí ag cur feabhas ar na huirlisí teicneolaíochta a úsáideann siad le haghaidh an fhaireachais margaidh ar líne chun táirgí contúirteacha a dhíoltar ar líne a shainaithint. Chun go mbeidh na huirlisí sin oibríochtúil, ba cheart do sholáthraithe margaí ar líne rochtain a thabhairt ar a gcomhéadain. Ina theannta sin, chun críoch na sábháilteachta táirgí, ba cheart an deis a bheith ag na húdaráis um fhaireachas margaidh freisin sonraí a chamchóipeáil ó chomhéadan ar líne ar iarraidh réasúnaithe a fháil i gcás bacainní teicniúla arna gcur i bhfeidhm ag soláthraithe margaí ar líne nó ag díoltóirí ar líne. Ba cheart do sholáthraithe margaí ar líne comhoibriú freisin maidir le haisghairmeacha táirgí agus maidir le tuairisciú tionóiscí.

(60)

An creat dlí le haghaidh faireachas margaidh ar tháirgí a chumhdaítear le reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú agus a leagtar amach i Rialachán (AE) 2019/1020 agus an creat dlí maidir le faireachas margaidh ar tháirgí a chumhdaítear leis an Rialachán seo, ba cheart an dá chreat sin a bheith chomh comhleanúnach agus is féidir. Dá bhrí sin, tá sé riachtanach, a mhéid a bhaineann le gníomhaíochtaí faireachais margaidh, oibleagáidí, cumhachtaí, bearta, agus comhar i measc na n-údarás um fhaireachas margaidh, an dá thacar d’fhorálacha a ailíniú. Chun na críche sin, ba cheart feidhm a bheith ag Airteagal 10, Airteagal 11(1) go (7), Airteagail 12 go 15, Airteagal 16(1) go (5), Airteagail 18 agus 19 agus Airteagail 21 go 24 de Rialachán (AE) 2019/1020 freisin maidir le táirgí a chumhdaítear leis an Rialachán seo.

(61)

De bhun Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18), cuirtear táirgí ó thríú tíortha a bheartaítear a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais nó a bheartaítear lena n-úsáid phríobháideach nó lena dtomhailt phríobháideach laistigh de chríoch chustaim an Aontais faoin nós imeachta custaim darb ainm ‘scaoileadh i saorchúrsaíocht’. Is é is aidhm don nós imeachta sin na foirmiúlachtaí a leagtar síos i ndáil le hallmhairiú na n-earraí a chur i gcrích, lena n-áirítear forfheidhmiú na bhforálacha is infheidhme de dhlí an Aontais, ionas gur féidir na hearraí sin a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais amhail aon táirge a dhéantar san Aontas. A mhéid a bhaineann le sábháilteacht tomhaltóirí, ceanglaítear ar na táirgí sin an Rialachán seo a chomhlíonadh agus, go háirithe, an ceanglas sábháilteachta ginearálta a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh.

(62)

Tá Caibidil VII de Rialachán (AE) 2019/1020, lena leagtar síos rialacha maidir le rialuithe ar tháirgí atá ag teacht isteach i margadh an Aontais, infheidhme go díreach cheana féin maidir le táirgí a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Ba cheart do na húdaráis atá i gceannas ar na rialuithe sin iad a dhéanamh ar bhonn anailís riosca dá dtagraítear in Airteagail 46 agus 47 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, na reachtaíochta cur chun feidhme agus na treorach comhfhreagraí. Dá bhrí sin, ní mhodhnaítear ar dhóigh ar bith leis an Rialachán seo Caibidil VII de Rialachán (AE) 2019/1020 ná an chaoi a n-eagraíonn na húdaráis atá i gceannas ar rialuithe ar tháirgí atá ag teacht isteach i margadh an Aontais iad féin nó a ndéanann siad a gcuid gníomhaíochtaí.

(63)

Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil aon bhearta a dhéanann a n-údaráis inniúla faoin Rialachán seo faoi réir leigheasanna breithiúnacha éifeachtacha i gcomhréir le hAirteagal 47 den Chairt.

(64)

Ba cheart é a chur ar chumas na n-údarás náisiúnta na gníomhaíochtaí traidisiúnta faireachais margaidh atá dírithe ar shábháilteacht táirgí a chomhlánú le gníomhaíochtaí faireachais margaidh atá dírithe ar na nósanna imeachta inmheánacha um chomhréireacht arna gcur ar bun ag oibreoirí eacnamaíocha chun sábháilteacht táirgí a áirithiú. Ba cheart do na húdaráis um fhaireachas margaidh a bheith in ann a cheangal ar an monaróir a léiriú cé na táirgí eile a bhfuil an riosca céanna ag gabháil leo, ar táirgí iad a tháirgtear leis an nós imeachta céanna, a bhfuil na comhpháirteanna céanna iontu a mheastar a mbaineann riosca leo nó atá mar chuid den bhaisc tháirgthe chéanna.

(65)

Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú freisin go bhfuil a ndóthain saineolais agus acmhainní ag na húdaráis um fhaireachas margaidh dá ngníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin ar fad.

(66)

Ba cheart malartú faisnéise idir na Ballstáit agus an Coimisiún maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a bhunú ar bhonn táscairí aschuir lena bhféadfaí éifeachtacht reachtaíocht an Aontais maidir le sábháilteacht táirgí a thomhas.

(67)

Ba cheart malartú faisnéise atá cruinn, éifeachtach agus tapa a bheith ann maidir le táirgí contúirteacha chun a áirithiú go ndéantar bearta iomchuí i ndáil leis na táirgí sin agus ar an gcaoi sin sláinte agus sábháilteacht na dtomhaltóirí a chosaint go hiomlán.

(68)

Ba cheart RAPEX a nuachóiriú chun gur féidir bearta ceartaitheacha níos éifeachtúla a dhéanamh ar fud an Aontais maidir le táirgí a bhfuil riosca ag baint leo, riosca a théann thar chríoch Ballstáit aonair. Is tráthúil an t-ainm giorraithe a athrú ó RAPEX go Safety Gate ar mhaithe le soiléireacht níos fearr agus for-rochtain níos fearr do thomhaltóirí. Tá trí ghné ag baint le Safety Gate: ar an gcéad dul síos, córas mear-rabhaidh maidir le táirgí contúirteacha neamhbhia trínar féidir le húdaráis náisiúnta agus leis an gCoimisiún faisnéis a mhalartú faoi tháirgí den sórt sin (an Córas Mear-Rabhaidh Safety Gate); ar an dara dul síos, tairseach ghréasáin chun an pobal a chur ar an eolas agus chun é a chur ar a gcumas gearáin a thíolacadh (an Tairseach Safety Gate); agus ar an tríú dul síos, tairseach ghréasáin lena gcuirtear ar chumas gnólachtaí a n-oibleagáid a chomhlíonadh maidir le húdaráis agus tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi tháirgí contúirteacha agus faoi thionóiscí (Safety Buisness Gateway). Ba cheart comhéadain a bheith ann idir na heilimintí éagsúla de Safety Gate. Is é an Córas Mear-Rabhaidh Safety Gate an córas inmheánach trína ndéanann údaráis agus an Coimisiún faisnéis a mhalartú maidir le bearta a bhaineann le táirgí contúirteacha, agus ar féidir faisnéis rúnda a bheith ann. Ba cheart sliocht foláireamh a fhoilsiú ar an Tairseach Safety Gate chun an pobal a chur ar an eolas faoi tháirgí contúirteacha. Is é Safety Buisness Gateway an tairseach ghréasáin trína gcuireann gnólachtaí údaráis um fhaireachas margaidh na mBallstát ar an eolas faoi tháirgí contúirteacha agus faoi thionóiscí. Ba cheart don Choimisiún réiteach teicniúil a fhorbairt chun a áirithiú gur féidir an fhaisnéis arna hiontráil ag gnólachtaí in Safety Buisness Gateway atá ceaptha foláireamh a thabhairt do thomhaltóirí a chur ar fáil do thomhaltóirí ar an Tairseach Safety Gate gan moill mhíchuí. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún comhéadan idir-inoibritheach a fhorbairt chun a chur ar chumas soláthraithe margaí ar líne a gcomhéadain a nascadh leis an Tairseach Safety Gate ar bhealach éasca, tapa agus iontaofa.

(69)

Ba cheart do na Ballstáit fógra a thabhairt sa Chóras Mear-Rabhaidh Safety Gate faoi bhearta ceartaitheacha éigeantacha agus deonacha lena gcuirtear cosc agus srian le táirge a d’fhéadfaí a mhargú, nó lena bhforchuirtear coinníollacha sonracha ar mhargú féideartha táirge den sórt sin, mar gheall ar riosca tromchúiseach do shláinte agus sábháilteacht na dtomhaltóirí nó, i gcás táirgí a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2019/1020, do leasanna poiblí ábhartha eile de chuid úsáideoirí deiridh freisin.

(70)

Faoi Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2019/1020, tá údaráis na mBallstát le fógra a thabhairt faoi bhearta a rinneadh i gcoinne táirgí a chumhdaítear leis an Rialachán sin, táirgí a bhfuil riosca nach bhfuil chomh tromchúiseach sin ag baint leo, agus an fógra sin a thabhairt tríd an gcóras faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear san Airteagal sin, ag an am céanna, d’fhéadfaí fógra a thabhairt faoi bhearta ceartaitheacha a rinneadh i gcoinne táirgí a chumhdaítear leis an Rialachán seo a bhfuil riosca nach bhfuil chomh tromchúiseach sin ag baint leo tríd an gCóras Mear-Rabhaidh Safety Gate. Ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún faisnéis maidir le rioscaí tromchúiseacha do shláinte agus sábháilteacht na dtomhaltóirí a bhaineann le táirgí a chur ar fáil don phobal. Tá sé tráthúil do thomhaltóirí agus do ghnólachtaí gur sa Chóras Mear-Rabhaidh Safety Gate atá an fhaisnéis ar fad faoi bhearta ceartaitheacha a rinneadh i gcoinne táirgí a bhfuil riosca tromchúiseach ag baint leo, rud a fhágann gur féidir faisnéis ábhartha faoi tháirgí contúirteacha a chur ar fáil don phobal tríd an Tairseach Safety Gate. Tá sé tábhachtach a áirithiú go mbeidh an fhaisnéis sin ar fad ar fáil i dteanga oifigiúil nó i dteangacha oifigiúla Bhallstát cónaithe an tomhaltóra agus go scríobhtar ar bhealach soiléir intuigthe í. Dá bhrí sin, spreagtar na Ballstáit fógra a thabhairt sa Chóras Mear-Rabhaidh Safety Gate faoi na bearta ceartaitheacha ar fad a bhaineann le táirgí a mbaineann riosca do shláinte agus sábháilteacht na dtomhaltóirí leo.

(71)

I gcás nach mór fógra a thabhairt faoin bhfaisnéis sa chóras faisnéise agus cumarsáide i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/1020, is féidir fógraí den sórt sin a thíolacadh go díreach sa Chóras Mear-Rabhaidh Safety Gate nó is féidir iad a ghiniúint ón gcóras faisnéise agus cumarsáide le haghaidh faireachas margaidh dá bhforáiltear in Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2019/1020. Chun na críche sin, ba cheart don Choimisiún an comhéadan a cuireadh ar bun le haghaidh aistriú faisnéise idir an córas faisnéise agus cumarsáide sin agus an Córas Mear-Rabhaidh Safety Gate a choinneáil ar bun agus a fhorbairt tuilleadh, chun iontráil dhúbailte sonraí a sheachaint agus chun aistriú den sórt sin a éascú.

(72)

Ba cheart don Choimisiún tairseach ghréasáin Safety Buisness Gateway a choinneáil ar bun agus a fhorbairt tuilleadh, rud a chuirfeadh ar chumas oibreoirí eacnamaíocha a n-oibleagáidí a chomhlíonadh maidir le húdaráis um fhaireachas margaidh agus tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi tháirgí contúirteacha atá curtha ar fáil ar an margadh acu. Ba cheart go gcumasódh sé faisnéis a mhalartú go tapa agus go héifeachtúil idir oibreoirí eacnamaíocha agus údaráis náisiúnta, agus go n-éascódh sé d’oibreoirí eacnamaíocha faisnéis a chur ar fáil do thomhaltóirí.

(73)

D’fhéadfadh cásanna a bheith ann inar gá déileáil le riosca tromchúiseach ar leibhéal an Aontais nuair nach féidir an riosca a smachtú go sásúil trí bhearta arna nglacadh ag an mBallstát lena mbaineann nó trí aon nós imeachta eile faoi dhlí an Aontais. D’fhéadfadh sin a bheith i gceist go háirithe a mhéid a bhaineann le rioscaí nua atá ag teacht chun cinn nó iad sin a bhfuil tionchar acu ar thomhaltóirí leochaileacha. Ar an gcúis sin, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann bearta a ghlacadh ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin do na Ballstáit. Ba cheart bearta den sórt sin a chur in oiriúint do thromchúis agus práinn an cháis. Ina theannta sin, is gá foráil a dhéanamh maidir le sásra leormhaith trína bhféadfadh an Coimisiún bearta eatramhacha atá infheidhme láithreach a ghlacadh.

(74)

Tá cinneadh an riosca a bhaineann le táirge agus leibhéal an riosca sin bunaithe ar mheasúnú riosca arna dhéanamh ag na gníomhaithe ábhartha. Agus measúnú riosca den sórt sin á dhéanamh acu, d’fhéadfadh na Ballstáit torthaí éagsúla a bhaint amach a mhéid a bhaineann le riosca a bheith ann nó le leibhéal an riosca sin. D’fhéadfadh sé sin feidhmiú ceart an mhargaidh inmheánaigh agus cothrom iomaíochta do thomhaltóirí agus d’oibreoirí eacnamaíocha araon a chur i mbaol. Dá bhrí sin, ba cheart sásra a bhunú chun lamháil don Choimisiúin tuairim a thabhairt maidir leis an tsaincheist atá faoi dhíospóid.

(75)

Ba cheart don Choimisiún tuarascáil thréimhsiúil a tharraingt suas maidir le cur i bhfeidhm an tsásra faoi Airteagal 29, agus ba cheart an tuarascáil sin a thíolacadh do líonra Eorpach údaráis na mBallstát atá inniúil maidir le sábháilteacht táirgí faoin Rialachán seo (‘Líonra um Shábháilteacht Tomhaltóirí’). Ba cheart a shainaithint sa tuarascáil sin na príomhchritéir a chuireann na Ballstáit i bhfeidhm le haghaidh measúnú riosca agus a dtionchar ar an margadh inmheánach agus ar leibhéal comhionann cosanta do thomhaltóirí, agus é mar aidhm na Ballstáit agus an Coimisiúin a chur ar a gcumas na cineálacha cur chuige agus na critéir le haghaidh measúnú riosca a chomhchuibhiú.

(76)

Leis an Líonra um Shábháilteacht Tomhaltóirí, feabhsaítear an comhar idir na Ballstáit maidir le sábháilteacht táirgí a fhorfheidhmiú. Go háirithe, éascaítear leis gníomhaíochtaí malartaithe faisnéise, eagrú na ngníomhaíochtaí comhpháirteacha faireachais margaidh agus malartú saineolais agus an dea-chleachtas. Ba cheart dó rannchuidiú freisin le comhchuibhiú na modheolaíochtaí chun sonraí a bhailiú maidir le sábháilteacht táirgí, chomh maith le méadú ar an idir-inoibritheacht idir córais faisnéise réigiúnacha, earnálacha, náisiúnta agus Eorpacha le haghaidh sábháilteacht táirgí. Ba cheart ionadaíocht chuí a bheith ag an Líonra um Shábháilteacht Tomhaltóirí agus ba cheart dó páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí comhordúcháin agus comhair de chuid Líonra an Aontais um Chomhlíonadh Táirgí dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2019/1020 nuair is gá comhordú a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí a thagann faoi raon feidhme an dá Rialachán chun a n-éifeachtacht a áirithiú.

(77)

Chun comhleanúnachas an chreata dlí faireachais margaidh a chaomhnú agus, ag an am céanna, comhar éifeachtach a áirithiú idir an Líonra um Shábháilteacht Tomhaltóirí agus Líonra an Aontais um Chomhlíonadh Táirgí, atá dírithe ar chomhordú struchtúrtha agus comhar struchtúrtha idir údaráis forfheidhmiúcháin na mBallstát agus an Coimisiún dá bhforáiltear le Rialachán (AE) 2019/1020, is gá an Líonra um Shábháilteacht Tomhaltóirí a chomhlachú le Líonra an Aontais um Chomhlíonadh Táirgí sna gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagail 11, 12, 13 agus 21 de Rialachán (AE) 2019/1020.

(78)

Ba cheart d’údaráis um fhaireachas margaidh gníomhaíochtaí comhpháirteacha a dhéanamh le húdaráis nó eagraíochtaí eile a dhéanann ionadaíocht thar ceann oibreoirí eacnamaíocha nó tomhaltóirí, d’fhonn sábháilteacht táirgí a chur chun cinn agus táirgí contúirteacha a shainaithint, lena n-áirítear iad sin a thairgtear lena ndíol ar líne. Agus an méid sin á dhéanamh acu, ba cheart do na húdaráis um fhaireachas margaidh agus don Choimisiún a áirithiú, de réir mar is iomchuí, nach gcruthaítear staideanna a d’fhéadfadh an iomaíocht a shaobhadh nó difear a dhéanamh d’oibiachtúlacht, neamhspleáchas agus neamhchlaontacht na bpáirtithe mar gheall ar rogha na dtáirgí agus na dtáirgeoirí chomh maith leis na gníomhaíochtaí a dhéantar. Ba cheart do na húdaráis um fhaireachas margaidh na comhaontuithe maidir le gníomhaíochtaí comhpháirteacha a chur ar fáil don phobal a luaithe is féidir, ar choinníoll nach gcuireann foilsiú den sórt sin éifeachtacht na ngníomhaíochtaí atá le déanamh i mbaol.

(79)

Ba cheart don Choimisiún gníomhaíocht chomhpháirteach a eagrú, ar bhonn rialta, trínar cheart d’údaráis um fhaireachas margaidh cigireachtaí a dhéanamh ar tháirgí arna bhfáil faoi chéannacht cheilte ar líne nó as líne, go háirithe ar na táirgí sin is minice a dtugtar fógra fúthu laistigh den chóras Safety Gate.

(80)

Is é atá i gceist le gníomhaíochtaí rialaithe comhordaithe comhuaineacha (‘scuab-imscrúduithe’) gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin sonracha lena bhféadfaí sábháilteacht táirgí a fheabhsú tuilleadh agus ba cheart, dá bhrí sin, iad a dhéanamh chun sáruithe ar an Rialachán seo ar líne agus as líne a bhrath. Go háirithe, ba cheart scuab-imscrúduithe a dhéanamh i gcás ina dtugtar le tuiscint le treochtaí sa mhargadh, gearáin ó thomhaltóirí nó tásca eile gur minic a mheastar go mbaineann riosca tromchúiseach le táirgí áirithe nó catagóirí áirithe táirgí.

(81)

Ba cheart, mar riail ghinearálta, rochtain phoiblí ar an bhfaisnéis atá ar fáil do na húdaráis faoi shábháilteacht táirgí a áirithiú. Agus faisnéis faoi shábháilteacht táirgí á cur ar fáil don phobal, áfach, ba cheart rúndacht ghairmiúil, amhail dá dtagraítear in Airteagal 339 CFAE, a chosaint ar bhealach atá comhoiriúnach leis an ngá atá le héifeachtacht na ngníomhaíochtaí faireachais margaidh agus na mbeart cosanta a áirithiú.

(82)

Tá gearáin tábhachtach ó thaobh feasacht na n-údarás náisiúnta a ardú maidir le sábháilteacht agus éifeachtacht na ngníomhaíochtaí faireachais agus rialaithe a bhaineann le táirgí contúirteacha. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit an deis a thabhairt do thomhaltóirí agus do pháirtithe leasmhara eile amhail comhlachais tomhaltóirí agus oibreoirí eacnamaíocha gearáin den sórt sin a thíolacadh.

(83)

Le comhéadan poiblí Chóras Mear-rabhaidh Safety Gate, an Tairseach Safety Gate, is féidir an pobal i gcoitinne, lena n-áirítear tomhaltóirí, oibreoirí eacnamaíocha agus soláthraithe margaí ar líne, a chur ar an eolas faoi bhearta ceartaitheacha a dhéantar i gcoinne táirgí contúirteacha atá ar mhargadh an Aontais. Le roinn ar leithligh den Tairseach Safety Gate, cuirtear ar chumas tomhaltóirí an Coimisiún a chur ar an eolas faoi tháirgí atá ar an margadh, ar táirgí iad a bhfuil riosca ag baint leo do shláinte agus sábháilteacht na dtomhaltóirí. I gcás inarb ábhartha, ba cheart don Choimisiún bearta leantacha leormhaithe a dhéanamh, go háirithe trí fhaisnéis den sórt sin a tharchur chuig na húdaráis náisiúnta lena mbaineann. Ba cheart rochtain éasca a bheith ag daoine faoi mhíchumas ar bhunachar sonraí agus suíomh gréasáin Safety Gate.

(84)

Tar éis cruinneas na faisnéise a fhaightear ó thomhaltóirí agus ó pháirtithe leasmhara eile a fhíorú, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go ndéantar obair leantach iomchuí. Go háirithe, ba cheart don Choimisiún an fhaisnéis a chur ar aghaidh chuig na Ballstáit ábhartha ionas gur féidir leis an údarás inniúil um fhaireachas margaidh dul ar aghaidh de réir mar is iomchuí agus is gá. Tá sé tábhachtach go gcuirfí tomhaltóirí agus páirtithe leasmhara eile ar an eolas go cuí maidir le gníomhaíocht an Choimisiúin.

(85)

I gcás inar léir go bhfuil táirge a díoladh le tomhaltóirí cheana féin contúirteach, d’fhéadfadh sé gur ghá é a aisghairm chun tomhaltóirí san Aontas a chosaint. D’fhéadfadh sé nach mbeadh tomhaltóirí ar an eolas go bhfuil táirge aisghairthe acu. Chun cur le héifeachtacht i dtaca le haisghairm táirgí, tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, teacht ar na tomhaltóirí lena mbaineann ar bhealach níos fearr. Is é teagmháil dhíreach an modh is éifeachtaí chun feasacht na dtomhaltóirí a mhéadú maidir le haisghairmeacha agus chun gníomhaíocht a spreagadh. Is é an bealach cumarsáide is fearr le tomhaltóirí é freisin ar fud gach grúpa tomhaltóirí. Chun sábháilteacht na dtomhaltóirí a áirithiú, tá sé tábhachtach iad a chur ar an eolas ar bhealach tapa iontaofa. Ba cheart d’oibreoirí eacnamaíocha agus, i gcás inarb infheidhme, do sholáthraithe margaí ar líne, dá bhrí sin, na sonraí custaiméirí atá ar fáil dóibh a úsáid chun tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi aisghairmeacha agus rabhaidh shábháilteachta a bhaineann le táirgí a cheannaigh siad. Dá bhrí sin, tá gá le hoibleagáid dhlíthiúil chun é a chur de cheangal ar oibreoirí eacnamaíocha agus ar sholáthraithe margaí ar líne úsáid a bhaint as aon sonraí custaiméirí atá ar fáil dóibh cheana féin chun tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi aisghairmeacha agus faoi rabhaidh shábháilteachta. I ndáil leis sin, ba cheart d’oibreoirí eacnamaíocha agus soláthraithe margaí ar líne a áirithiú gur féidir teagmháil dhíreach a dhéanamh le custaiméirí i gcás aisghairme nó rabhadh sábháilteachta a dhéanann difear dóibh trí bhíthin cláir dhílseachta do chustaiméirí agus córais cláraithe táirgí atá ann cheana, ar córais iad trína n-iarrtar ar chustaiméirí, tar éis dóibh táirge a cheannach, roinnt faisnéise amhail a n-ainm, a bhfaisnéis teagmhála, samhail an táirge nó an tsraithuimhir a chur in iúl don mhonaróir ar bhonn deonach. Fiú más amhlaidh go bhfuil aisghairmeacha dírithe ar thomhaltóirí, níor cheart cosc a chur ar oibreoirí eacnamaíocha agus ar sholáthraithe margaí ar líne gach custaiméir a chur ar an eolas faoi fhógra aisghairme táirge ná cosc a chur ar leigheasanna a thairiscint d’úsáideoirí deiridh eile. Ba cheart oibreoirí eacnamaíocha agus soláthraithe margaí ar líne a spreagadh chun gníomhaíochtaí den sórt sin a dhéanamh, go háirithe i gcás micrifhiontair agus fiontair bheaga a ghníomhaíonn ar nós tomhaltóirí.

(86)

Ba cheart tomhaltóirí a spreagadh chun táirgí a chlárú chun faisnéis a fháil faoi aisghairmeacha agus rabhaidh sábháilteachta. Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun a shonrú, i gcás roinnt táirgí sonracha nó catagóirí sonracha táirgí, gur cheart an deis a bheith ag tomhaltóirí i gcónaí táirge a chlárú a cheannaigh siad chun fógra a fháil go díreach faoi aisghairm nó rabhadh sábháilteachta a bhaineann leis an táirge sin. Agus na táirgí sonracha nó catagóirí sonracha táirgí atá faoi réir an cheanglais sin á gcinneadh, ba cheart aird chuí a thabhairt ar shaolré na dtáirgí nó na gcatagóirí táirgí atá i gceist, agus ar na rioscaí a bhaineann leis na táirgí, ar mhinicíocht aisghairmeacha agus ar chatagóir úsáideoirí na dtáirgí, go háirithe tomhaltóirí leochaileacha.

(87)

Leanann an tríú cuid de thomhaltóirí de bheith ag úsáid táirgí contúirteacha d’ainneoin fógra aisghairme a bheith feicthe acu, go háirithe toisc go ndéantar fógraí aisghairme a dhréachtú ar bhealach casta nó go ndéantar an riosca atá i gceist a íoslaghdú leo. Dá bhrí sin, ba cheart don fhógra aisghairme a bheith soiléir, trédhearcach agus ba cheart dó tuairisc shoiléir a dhéanamh ar an riosca atá i gceist, agus aon téarma, nath nó eilimint eile a sheachaint más amhlaidh go bhféadfadh sé an tuiscint atá ag tomhaltóirí ar an riosca a laghdú. Ba cheart do thomhaltóirí a bheith in ann tuilleadh faisnéise a fháil freisin, más gá, trí uimhir theileafóin saor in aisce nó trí mhodh idirghníomhach eile.

(88)

Chun tomhaltóirí a spreagadh chun freagairt d’aisghairmeacha, tá sé tábhachtach freisin go ndéanfaí an ghníomhaíocht is gá do thomhaltóirí a dhéanamh chomh simplí agus is féidir agus go mbeadh na leigheasanna a thairgtear éifeachtach, saor ó chostas agus tráthúil. Le Treoir (AE) 2019/771 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19), cuirtear na leigheasanna conarthacha ar fáil do thomhaltóirí ar leigheasanna iad le haghaidh easpa comhréireachta i ndáil le hearraí fisiceacha, arb easpa í a bhí ann tráth an tseachadta agus a tháinig chun solais laistigh den tréimhse dhliteanais a leag na Ballstáit síos i gcomhréir le hAirteagal 10(3) den Treoir sin. Tá feidhm ag Airteagal 14 de Threoir (AE) 2019/770 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20) freisin maidir leis an meán inláimhsithe, amhail DVDanna, CDanna, méaróga USB agus cártaí cuimhne, a úsáidtear chun ábhar digiteach a iompar. Mar sin féin, le cásanna ina n-aisghairtear táirgí contúirteacha ón margadh, tugtar údar maith le tacar sonrach rialacha a bheith ann ar cheart iad a chur i bhfeidhm gan dochar do leigheasanna conarthacha toisc nach ionann a gcuspóirí. Cé go bhfuil sé d’aidhm ag leigheasanna conarthacha easpa comhréireachta na n-earraí leis an gconradh a leigheas, fónann na leigheasanna i gcás aisghairme chun a áirithiú go gcuirtear deireadh le táirgí contúirteacha ón margadh agus go bhfuil leigheas leormhaith ann don tomhaltóir. Mar thoradh air sin, tá difríochtaí móra idir an dá shraith leigheasanna féideartha: ar an gcéad dul síos, i gcás ina ndéantar táirge a aisghairm faoin Rialachán seo, níor cheart aon teorainn ama a bheith ann chun na leigheasanna a ghníomhachtú; ar an dara dul síos, ba cheart an tomhaltóir a bheith i dteideal leigheasanna a iarraidh ar an oibreoir eacnamaíoch ábhartha, rud nach gá a bheith i gceist i gcás an trádálaí. Thairis sin, i gcás aisghairme, níor cheart go mbeadh ar an tomhaltóir a chruthú go bhfuil an táirge contúirteach.

(89)

I bhfianaise chuspóirí éagsúla na leigheasanna a chuirtear ar fáil i gcás ina ndéantar táirge contúirteach a aisghairm agus i bhfianaise leigheasanna ar neamh-chomhréireacht earraí leis an gconradh, ba cheart do thomhaltóirí an córas a chomhfhreagraíonn don chás ábhartha a úsáid. Mar shampla, má fhaigheann an tomhaltóir fógra aisghairme ina bhfuil tuairisc ar na leigheasanna atá ar fáil don tomhaltóir, ba cheart don tomhaltóir gníomhú de réir na dtreoracha san fhógra aisghairme. Mar sin féin, níor cheart an deis a bhaint de nó di leigheasanna a iarraidh ón díoltóir bunaithe ar neamh-chomhréireacht na n-earraí contúirteacha leis an gconradh.

(90)

A luaithe atá leigheas curtha ar fáil don tomhaltóir mar bheart leantach ar aisghairm, ní fhéadfadh an tomhaltóir a bheith i dteideal leigheas ar neamh-chomhréireacht an earra leis an gconradh ar chúiseanna a bhaineann leis an táirge a bheith contúirteach toisc nach ann don neamh-chomhréireacht a thuilleadh. Ar an gcaoi chéanna, i gcás ina n-agraíonn an tomhaltóir cearta an tomhaltóra leigheas a fháil faoi Threoir (AE) 2019/770 nó (AE) 2019/771, níl an tomhaltóir i dteideal leigheas a fháil faoin Rialachán seo le haghaidh na saincheiste sábháilteachta céanna. Mar sin féin, mura gcomhlíontar ceanglais comhréireachta eile maidir leis an earra céanna, bheadh an díoltóir fós faoi dhliteanas neamh-chomhréireacht an earra leis an gconradh fiú má cuireadh leigheas ar fáil don tomhaltóir tar éis táirge contúirteach a aisghairm.

(91)

Ba cheart d’oibreoirí eacnamaíocha a thionscnaíonn aisghairm táirge dhá rogha ar a laghad a thairiscint do thomhaltóirí idir an táirge aisghairthe a dheisiú nó a athsholáthar nó aisíocaíocht leormhaith a dhéanamh ar luach an táirge, ach amháin i gcás ina bhfuil sé dodhéanta nó díréireach. Trí rogha a thabhairt do thomhaltóirí idir leigheasanna, is féidir éifeachtacht aisghairme a fheabhsú. Ina theannta sin, ba cheart dreasachtaí, amhail lascainí nó dearbháin, a chur chun cinn chun tomhaltóirí a spreagadh chun páirt a ghlacadh in aisghairm chun éifeachtacht na n-aisghairmeacha a mhéadú. Níor cheart a mheas gur leigheas féideartha é deisiú an táirge ach amháin más féidir sábháilteacht an táirge deisithe a áirithiú. Ba cheart méid na haisíocaíochta a bheith comhionann ar a laghad leis an bpraghas a d’íoc an tomhaltóir, gan dochar do chúiteamh breise dá bhforáiltear i ndlíthe náisiúnta. I gcás nach bhfuil cruthúnas ar an bpraghas a íocadh ar fáil, ba cheart aisíocaíocht leormhaith ar luach an táirge aisghairthe a sholáthar fós. I gcás ina n-aisghairtear an meán inláimhsithe le haghaidh ábhar digiteach de réir bhrí Airteagal 2, pointe (1), de Threoir (AE) 2019/770, ba cheart a chumhdach leis an aisíocaíocht na suimeanna uile arna n-íoc ag an tomhaltóir faoin gconradh, dá bhforáiltear in Airteagal 16(1) den Treoir sin. Níor cheart gur dochar aon leigheas do cheart na dtomhaltóirí chun damáistí a fháil faoin dlí náisiúnta.

(92)

Níor cheart do leigheasanna a thairgtear i gcás aisghairm táirge ar mhaithe le sábháilteacht ualach iomarcach a chur ar thomhaltóirí ná iad a chur i mbaol. Má bhaineann diúscairt an táirge aisghairthe leis an leigheas freisin, ba cheart an diúscairt sin a dhéanamh agus aird chuí á tabhairt ar na cuspóirí comhshaoil agus inbhuanaithe arna socrú ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta. Ina theannta sin, níor cheart a mheas gur leigheas féideartha é deisiú ag tomhaltóirí ach amháin más féidir leis an tomhaltóir é a dhéanamh go héasca agus go sábháilte, mar shampla trí cheallra a athsholáthar nó trí iallacha rófhada a ghearradh ar bhall éadaigh do leanaí nuair a fhoráiltear dó sin san fhógra aisghairme. Thairis sin, níor cheart gur dochar an deisiú ag an tomhaltóir do chearta tomhaltóirí faoi Threoracha (AE) 2019/770 agus (AE) 2019/771. Dá bhrí sin, i gcásanna den sórt sin, níor cheart d’oibreoirí eacnamaíocha iallach a chur ar thomhaltóirí táirge contúirteach a dheisiú.

(93)

Leis an Rialachán seo, ba cheart oibreoirí eacnamaíocha agus soláthraithe margaí ar líne a spreagadh freisin chun meabhráin tuisceana dheonacha a dhéanamh le húdaráis inniúla, leis an gCoimisiún nó le heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar thomhaltóirí nó ar oibreoirí eacnamaíocha gealltanais dheonacha a bhaineann le sábháilteacht táirgí a dhéanamh, gealltanais a théann níos faide ná na hoibleagáidí dlíthiúla a leagtar síos i ndlí an Aontais.

(94)

Ba cheart tomhaltóirí a bheith i dteideal a gcearta a fhorfheidhmiú i ndáil leis na hoibleagáidí a fhorchuirtear ar oibreoirí eacnamaíocha nó ar sholáthraithe margaí ar líne faoin Rialachán seo trí chaingne ionadaíocha i gcomhréir le Treoir (AE) 2020/1828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21). Chun na críche sin, ba cheart foráil a dhéanamh leis an Rialachán seo go bhfuil feidhm ag Treoir (AE) 2020/1828 maidir leis na caingne ionadaíocha a bhaineann le sáruithe ar an Rialachán seo a dhéanann díobháil do chomhleasanna tomhaltóirí nó ar féidir leo díobháil a dhéanamh dóibh. Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin a leasú dá réir. Is faoi na Ballstáit atá sé a áirithiú go léirítear an leasú ina mbearta trasuite arna nglacadh i gcomhréir leis an Treoir sin, cé nach bhfuil glacadh na mbeart trasuite náisiúnta i ndáil leis an méid sin mar choinníoll i dtaca le hinfheidhmeacht na Treorach sin maidir leis na caingne ionadaíochta sin. Maidir le hinfheidhmeacht na Treorach sin ar na caingne ionadaíocha a thugtar i gcoinne sáruithe a dhéanann oibreoirí eacnamaíocha nó soláthraithe margaí ar líne ar fhorálacha an Rialacháin seo a dhéanann díobháil do chomhleasanna tomhaltóirí nó ar féidir leo díobháil a dhéanamh dóibh, ba cheart don infheidhmeacht sin tosú ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Go dtí an dáta sin, ba cheart do thomhaltóirí a bheith in ann brath ar infheidhmeacht Threoir (AE) 2020/1828 i gcomhréir le pointe 8 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin.

(95)

Ba cheart don Aontas a bheith in ann comhoibriú le húdaráis rialála tríú tíortha nó eagraíochtaí idirnáisiúnta agus faisnéis a bhaineann le sábháilteacht táirgí a mhalartú leo faoi chuimsiú comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích idir an tAontas agus tríú tíortha nó eagraíochtaí idirnáisiúnta nó faoi chuimsiú socruithe arna dtabhairt i gcrích idir an Coimisiún agus údaráis tríú tíortha nó eagraíochtaí idirnáisiúnta, agus freisin d’fhonn cúrsaíocht táirgí contúirteacha ar an margadh a chosc. Le comhar den sórt sin agus le malartú faisnéise den sórt sin, ba cheart rialacha an Aontais maidir le rúndacht agus cosaint sonraí pearsanta a urramú. Níor cheart sonraí pearsanta a aistriú ach a mhéid is gá malartú den sórt sin chun sláinte nó sábháilteacht tomhaltóirí a chosaint, agus chun na críche sin amháin.

(96)

Ba cheart malartú córasach faisnéise idir an Coimisiún agus tríú tíortha nó eagraíochtaí idirnáisiúnta faoi shábháilteacht táirgí tomhaltais agus faoi bhearta coisctheacha, sriantacha agus ceartaitheacha a bheith bunaithe ar chómhalartacht, lena mbaineann malartú faisnéise atá coibhéiseach ach nach gá gurb ionann é ar mhaithe lena chéile. D’fhéadfadh sé gurb é a bheadh i gceist le malartú faisnéise le tríú tír a tháirgeann earraí atá ceaptha chuig margadh an Aontais faisnéis roghnaithe a sheoladh ón gCóras Mear-Rabhaidh Safety Gate faoi tháirgí de thionscnamh an tríú tír sin. Mar mhalairt air sin, d’fhéadfadh an tríú tír sin faisnéis a sheoladh faoi na bearta leantacha a rinneadh ar bhonn na bhfógraí a fuarthas. Le comhar den sórt sin, d’fhéadfaí rannchuidiú leis an gcuspóir stop a chur le táirgí contúirteacha ag an bhfoinse agus cosc a chur orthu margadh an Aontais a bhaint amach.

(97)

Chun oibreoirí eacnamaíocha agus, i gcás inarb infheidhme, soláthraithe margaí ar líne a dhíspreagadh go héifeachtach ionas nach gcuirfidh siad táirgí contúirteacha ar an margadh, ba cheart do na pionóis a bheith in oiriúint don chineál sáraithe, don leas a d’fhéadadh an t-oibreoir eacnamaíoch nó soláthraí margadh ar líne a bhaint as, agus do chineál agus tromchúis na díobhála a bhain don tomhaltóir. Ba cheart na pionóis a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

(98)

Agus pionóis á ngearradh, ba cheart aird chuí a thabhairt ar chineál, tromchúis agus fad an tsáraithe atá i gceist. Ba cheart forchur na bpionós a bheith comhréireach agus i gcomhréir le dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta, lena n-áirítear na coimircí nós imeachta is infheidhme agus prionsabail Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

(99)

Chun ardleibhéal a chothabháil maidir le sláinte agus sábháilteacht na dtomhaltóirí, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le sainaithint agus inrianaitheacht táirgí a d’fhéadfadh a bheith ina riosca tromchúiseach do shláinte agus sábháilteacht na dtomhaltóirí agus i dtaca le feidhmiú an Chórais Mear-Rabhaidh Safety Gate, go háirithe chun na rialacha mionsonraithe agus na nósanna imeachta a ghlacadh maidir le malartú faisnéise maidir le bearta a chuirtear in iúl tríd an gCóras Mear-Rabhaidh Safety Gate agus critéir chun measúnú a dhéanamh ar an leibhéal riosca. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (22). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(100)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun na ceanglais sábháilteachta shonracha a ghlacadh, chun na táscairí aischuir a chinneadh ar ina leith sin is gá do na Ballstáit sonraí a bhaineann le cur chun feidhme an Rialacháin seo a chur in iúl; chun cúraimí agus róil na bpointí teagmhála náisiúnta aonair a shonrú; chun bearta a ghlacadh a mhéid a bhaineann le gníomhaíocht an Aontais i gcoinne táirgí a bhfuil riosca tromchúiseach ag baint leo; chun na rialacha mionsonraithe a ghlacadh maidir le faisnéis a bheith á seoladh ag tomhaltóirí sa Tairseach Safety Gate; chun cur chun feidhme an chomhéadain idir-inoibrithigh ar an Tairseach Safety Gate a shonrú; chun na ceanglais a leagan amach maidir le táirgí a chlárú chun críoch a bhaineann le haisghairm táirgí ar mhaithe le sábháilteacht; agus chun an teimpléad le haghaidh fógra aisghairme a ghlacadh. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23).

(101)

Ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach a ghlacadh, i gcásanna cuí-réasúnaithe agus nuair is gá sin, i ndáil le sláinte agus sábháilteacht na dtomhaltóirí, ar mhórchúiseanna práinne.

(102)

Ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme na bpionós a leagtar síos faoin Rialachán seo a mhéid a bhaineann lena n-éifeachtacht agus a n-éifeachtaí díspreagthacha, agus, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a ghlacadh i ndáil lena bhforfheidhmiú.

(103)

Ba cheart forálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 a leasú chun sainiúlachtaí an Rialacháin seo a chur san áireamh, agus go háirithe an gá atá ann leis na ceanglais sábháilteachta shonracha faoin Rialachán seo a chinneadh sula seoltar an iarraidh chuig an eagraíocht Eorpach um chaighdeánú.

(104)

Is díol conspóide é an léirmhíniú a d’fhéadfaí a bhaint as Treoir 87/357/CEE, lena gcumhdaítear táirgí tomhaltais nach bia-ábhar iad ach a bhfuil an chuma orthu gurb ea, agus a bhféadfaí iad a thabhairt in amhlachas bia-ábhair sa chaoi go bhféadfadh tomhaltóirí, go háirithe leanaí, iad a chur ina mbéal, iad a dhúil nó iad a ionghabháil, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis, mar shampla, le plúchadh, nimhiú, nó polladh nó bac ar chonair an díleá. Thairis sin, glacadh an Treoir sin tráth a bhí an creat dlí le haghaidh sábháilteacht táirgí tomhaltais an-teoranta ó thaobh raon feidhme de. Ar na cúiseanna sin, ba cheart Treoir 87/357/CEE a aisghairm agus an Rialachán seo a chur ina hionad, go háirithe forálacha an Rialacháin seo lena n-áirithítear, tar éis measúnú riosca, gur cheart a mheas gur táirgí contúirteacha iad táirgí a d’fhéadfadh a bheith díobhálach nuair a chuirtear sa bhéal iad, nuair a dhéantar iad a dhúil nó a ionghabháil agus a bhféadfaí iad a thabhairt in amhlachas bia-ábhair i ngeall ar a gcruth, boladh, dath, cuma, pacáistiú, lipéadú, toirt, méid nó saintréithe eile. Agus a meastóireacht á déanamh acu, ba cheart do na húdaráis um fhaireachas margaidh a chur san áireamh, mar atá curtha san áireamh ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, inter alia, nach gá a léiriú trí shonraí oibiachtúla agus réasúnaithe go bhféadfadh rioscaí amhail plúchadh, nimhiú, nó polladh nó bac ar chonair an díleá, a bheith i gceist le táirgí a bhfuil cuma bhia orthu a chur sa bhéal, a dhúil nó a ionghabháil. Mar sin féin, ba cheart do na húdaráis náisiúnta inniúla measúnú a dhéanamh ar bhonn cás ar chás an bhfuil na táirgí sin contúirteach agus réasúnú a thabhairt i leith an mheasúnaithe sin.

(105)

Chun a dóthain ama a thabhairt d’oibreoirí eacnamaíocha agus do sholáthraithe margaí ar líne oiriúnú do cheanglais an Rialacháin seo, lena n-áirítear ceanglais faisnéise, is gá foráil a dhéanamh d’idirthréimhse leordhóthanach tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo ar lena linn is féidir táirgí a chumhdaítear le Treoir 2001/95/CE atá i gcomhréir leis an Treoir sin a chur ar an margadh fós. Dá bhrí sin, níor cheart do na Ballstáit bac a chur ar tháirgí den sórt sin a chur ar fáil ar an margadh, lena n-áirítear tairiscintí lena ndíol.

(106)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon feabhas a chur ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus ardleibhéal cosanta tomhaltóirí á sholáthar san am céanna, a ghnóthú go leordhóthanach i bhfianaise an ghá atá ann le hardleibhéal comhair agus gníomhaíochta comhleanúnaí idir údaráis inniúla na mBallstát agus le sásra chun faisnéis a mhalartú go tapa agus go héifeachtúil faoi tháirgí contúirteacha san Aontas, ach gur fearr is féidir, de bharr chineál uile-Aontais na faidhbe, é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(107)

Más gá sonraí pearsanta a phróiseáil chun críocha an Rialacháin seo, ba cheart próiseáil den sórt sin a dhéanamh i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta. Tá aon phróiseáil sonraí pearsanta faoin Rialachán seo faoi réir Rialacháin (AE) 2016/679 (24) agus (AE) 2018/1725 (25) agus Threoir 2002/58/CE (26) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, de réir mar is infheidhme. I gcás ina dtuairiscíonn tomhaltóirí táirge sa Tairseach Safety Gate, níor cheart a stóráil ach na sonraí pearsanta sin atá riachtanach chun an táirge contúirteach a thuairisciú agus ar feadh tréimhse nach faide ná 5 bliana tar éis sonraí den sórt sin a iontráil. Níor cheart do mhonaróirí ná d’allmhaireoirí an clár de ghearáin ó thomhaltóirí a choimeád ach amháin fad is gá chun críoch an Rialacháin seo. Ba cheart do mhonaróirí agus d’allmhaireoirí, nuair is daoine nádúrtha iad, a n-ainmneacha a nochtadh chun a áirithiú go bhfuil an tomhaltóir in ann an táirge a shainaithint chun críche inrianaitheachta.

(108)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42 de Rialachán (AE) 2018/1725,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Cuspóir agus ábhar

1.   Is é cuspóir an Rialacháin seo feabhas a chur ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus ardleibhéal cosanta tomhaltóirí á sholáthar ag an am céanna.

2.   Leis an Rialachán seo, leagtar síos rialacha riachtanacha maidir le sábháilteacht táirgí tomhaltais a chuirtear ar an margadh nó a chuirtear ar fáil ar an margadh.

Airteagal 2

Raon feidhme

1.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le táirgí a chuirtear ar an margadh nó a chuirtear ar fáil ar an margadh sa mhéid nach ann d’aon fhorálacha sonracha a bhfuil an cuspóir céanna acu faoi dhlí an Aontais lena rialaítear sábháilteacht na dtáirgí lena mbaineann.

I gcás ina bhfuil táirgí faoi réir ceanglais sábháilteachta shonracha arna bhforchur le dlí an Aontais, níl feidhm ag an Rialachán seo ach maidir leis na gnéithe sin agus na rioscaí sin nó le catagóirí na rioscaí sin nach gcumhdaítear leis na ceanglais sin.

I ndáil le táirgí atá faoi réir ceanglais shonracha arna bhforchur le reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (27):

(a)

níl feidhm ag Caibidil II sa mhéid a bhaineann leis na rioscaí nó le catagóirí na rioscaí a chumhdaítear le reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú;

(b)

níl feidhm ag Caibidil III, Roinn 1, Caibidil V ná Caibidil VII, ná Caibidil IX go XI.

2.   Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine nó le haghaidh úsáid tréidliachta;

(b)

bia;

(c)

beatha;

(d)

plandaí beo agus ainmhithe beo, orgánaigh ghéinmhodhnaithe agus micrea-orgánaigh ghéinmhodhnaithe in úsáid shrianta, chomh maith le táirgí plandaí agus ainmhithe a bhaineann go díreach lena n-atáirgeadh amach anseo;

(e)

seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe;

(f)

táirgí cosanta plandaí;

(g)

trealamh a iompraíonn tomhaltóirí nó a dtaistealaíonn siad air i gcás ina n-oibríonn soláthraí seirbhíse an trealamh sin go díreach i gcomhthéacs seirbhís iompair a sholáthraítear do thomhaltóirí agus nach bhfuil á oibriú ag na tomhaltóirí iad féin;

(h)

aerárthaí dá dtagraítear in Airteagal 2(3), pointe (d), de Rialachán (AE) 2018/1139;

(i)

seandachtaí.

3.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le táirgí a chuirtear ar an margadh nó a chuirtear ar fáil ar an margadh, bíodh siad nua, úsáidte, deisithe nó athchóirithe. Níl feidhm aige maidir le táirgí atá le deisiú nó le hathchóiriú sula n-úsáidtear iad i gcás ina gcuirtear na táirgí sin ar an margadh nó ina gcuirtear ar fáil ar an margadh iad agus iad marcáilte amhlaidh go soiléir.

4.   Ní dochar an Rialachán seo do na rialacha a leagtar síos le dlí an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí.

5.   Cuirfear an Rialachán seo chun feidhme agus aird chuí á tabhairt ar phrionsabal an réamhchúraim.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘táirge’ aon ítim, bíodh sí idirnasctha nó gan a bheith idirnasctha le hítimí eile, a sholáthraítear nó a chuirtear ar fáil, bíodh sin ar chomaoin nó gan bheith ar chomaoin, lena n-áirítear i gcomhthéacs seirbhís a sholáthar, arb ítim í atá beartaithe do thomhaltóirí nó ar dócha go n-úsáidfidh tomhaltóirí í, faoi dhálaí atá measartha intuartha, fiú mura bhfuil sí beartaithe dóibh;

(2)

ciallaíonn ‘táirge sábháilte’ aon táirge nach mbíonn aon riosca ag baint leis, faoi ghnáthdhálaí úsáide nó faoi dhálaí úsáide atá measartha intuartha, lena n-áirítear le linn fhad úsáide iarbhír an táirge, nó nach mbíonn ach na rioscaí is lú ag baint lena úsáid, ar rioscaí iad a mheastar a bheith inghlactha agus ag teacht le hardleibhéal cosanta maidir le sláinte agus sábháilteacht na dtomhaltóirí;

(3)

ciallaíonn ‘táirge contúirteach’ aon táirge nach ‘táirge sábháilte’ é;

(4)

ciallaíonn ‘riosca’ an dóchúlacht go dtarlódh guais lena ndéanfaí díobháil i gcomhcheangal lena thromchúisí is a bheadh an díobháil sin;

(5)

ciallaíonn ‘riosca tromchúiseach’ riosca a meastar, bunaithe ar mheasúnú riosca agus ag cur gnáthúsáid agus úsáid intuartha an táirge san áireamh, go bhfuil idirghabháil mhear ó na húdaráis um fhaireachas margaidh ag teastáil ina leith, lena n-áirítear cásanna nach mbíonn éifeachtaí láithreacha ag an riosca;

(6)

ciallaíonn ‘cur ar fáil ar an margadh’ táirge a sholáthar lena dháileadh, lena thomhailt nó lena úsáid ar mhargadh an Aontais le linn gníomhaíocht tráchtála, bíodh sin ar íocaíocht nó saor in aisce;

(7)

ciallaíonn ‘cur ar an margadh’ táirge a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais den chéad uair;

(8)

ciallaíonn ‘monaróir’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach a mhonaraíonn táirge nó a dhéanann táirge den sórt sin a dhearadh nó a mhonarú, agus a mhargaíonn an táirge sin faoi ainm an duine sin nó faoi thrádmharc an duine sin;

(9)

ciallaíonn ‘ionadaí údaraithe’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe laistigh den Aontas a bhfuil sainordú i scríbhinn faighte aige ón monaróir chun gníomhú thar ceann an mhonaróra sin i ndáil le cúraimí sonraithe maidir le hoibleagáidí an mhonaróra faoin Rialachán seo;

(10)

ciallaíonn ‘allmhaireoir’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe laistigh den Aontas agus a chuireann táirge ó thríú tír ar mhargadh an Aontais;

(11)

ciallaíonn ‘dáileoir’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach sa slabhra soláthair, seachas an monaróir nó an t-allmhaireoir, ar duine é a chuireann táirge ar fáil ar an margadh;

(12)

ciallaíonn ‘soláthraí seirbhíse próiseála orduithe’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach a thairgeann, le linn gníomhaíocht tráchtála, dhá cheann ar a laghad de na seirbhísí seo a leanas: trádstóráil, pacáistiú, seolachán agus seoladh, gan úinéireacht a bheith aige ar na táirgí lena mbaineann, seachas i gcás seirbhísí poist mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Threoir 97/67/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (27), seirbhísí seachadta beartán mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2018/644 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (28), agus aon seirbhís poist nó seirbhís iompair lastais eile;

(13)

ciallaíonn ‘oibreoir eacnamaíoch’ an monaróir, an t-ionadaí údaraithe, an t-allmhaireoir, an dáileoir, an soláthraí seirbhíse próiseála orduithe nó aon duine nádúrtha nó dlítheanach eile atá faoi réir oibleagáidí i ndáil le táirgí a mhonarú nó iad a chur ar fáil ar an margadh i gcomhréir leis an Rialachán seo;

(14)

ciallaíonn ‘soláthraí margaidh ar líne’ soláthraí seirbhíse idirghabhálaí a úsáideann comhéadan ar líne lenar féidir le custaiméirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe chun táirgí a dhíol;

(15)

ciallaíonn ‘comhéadan ar líne’ aon bhogearraí, lena n-áirítear suíomh gréasáin, cuid de shuíomh gréasáin nó feidhmchlár, lena n-áirítear feidhmchláir shoghluaiste;

(16)

ciallaíonn ‘cianchonradh’ cianchonradh mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (7), de Threoir 2011/83/AE;

(17)

ciallaíonn ‘tomhaltóir’ aon duine nádúrtha a ghníomhaíonn chun críoch atá lasmuigh de cheird, gnó, ceardaíocht nó gairm an duine sin;

(18)

ciallaíonn ‘trádálaí’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach, is cuma cé acu faoi úinéireacht phríobháideach nó phoiblí atá sé, atá ag gníomhú, lena n-áirítear trí aon duine atá ag gníomhú faoi ainm an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh sin nó thar ceann an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh sin, chun críoch a bhfuil baint acu le ceird, gnó, ceardaíocht nó gairm an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh sin;

(19)

ciallaíonn ‘caighdeán Eorpach’ caighdeán Eorpach mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012;

(20)

ciallaíonn ‘caighdeán idirnáisiúnta’ caighdeán idirnáisiúnta mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012;

(21)

ciallaíonn ‘caighdeán náisiúnta’ caighdeán náisiúnta mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), pointe (d), de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012;

(22)

ciallaíonn ‘eagraíocht Eorpach um chaighdeánú’ eagraíocht Eorpach um chaighdeánú mar a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012;

(23)

ciallaíonn ‘faireachas margaidh’ na gníomhaíochtaí agus na bearta a dhéanann údaráis um fhaireachas margaidh chun a áirithiú go gcomhlíonann táirgí na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo;

(24)

ciallaíonn ‘údarás um fhaireachas margaidh’ údarás atá ainmnithe ag Ballstát faoi Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2019/1020 le bheith freagrach as an bhfaireachas margaidh a eagrú agus a dhéanamh ar chríoch an Bhallstáit sin;

(25)

ciallaíonn ‘aisghairm’ aon bheart a bhfuil sé d’aidhm aige táirge a cuireadh ar fáil cheana féin don tomhaltóir a fháil ar ais;

(26)

ciallaíonn ‘tarraingt siar’ aon bheart a bhfuil sé d’aidhm aige cosc a chur ar tháirge sa slabhra soláthair a chur ar fáil ar an margadh;

(27)

ciallaíonn ‘reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú’ reachtaíocht an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1020 agus aon reachtaíocht eile de chuid an Aontais lena ndéantar na coinníollacha maidir le margú táirgí a chomhchuibhiú, ar táirgí iad a bhfuil feidhm ag an Rialachán sin ina leith;

(28)

ciallaíonn ‘seandachtaí’ táirgí, amhail earraí bailitheoirí nó saothair ealaíne, nach féidir le tomhaltóirí a bheith ag súil go réasúnta go gcomhlíonann siad caighdeáin sábháilteachta úrscothacha.

Airteagal 4

Ciandíol

Táirgí a thairgtear lena ndíol ar líne nó trí mhodhanna eile ciandíolacháin, measfar go bhfuil siad curtha ar fáil ar an margadh má tá an tairiscint dírithe ar thomhaltóirí san Aontas. Measfar go bhfuil tairiscint díolacháin dírithe ar thomhaltóirí san Aontas má dhíríonn an t-oibreoir eacnamaíoch ábhartha a chuid gníomhaíochtaí, ar aon bhealach, ar Bhallstát amháin nó níos mó.

CAIBIDIL II

CEANGLAIS SÁBHÁILTEACHTA

Airteagal 5

Ceanglas sábháilteachta ginearálta

Ní dhéanfaidh oibreoirí eacnamaíocha ach táirgí sábháilte a chur ar an margadh nó a chur ar fáil air.

Airteagal 6

Gnéithe chun measúnú a dhéanamh ar shábháilteacht táirgí

1.   Agus measúnú á dhéanamh i dtaobh an táirge sábháilte é an táirge, cuirfear na gnéithe seo a leanas, go háirithe, san áireamh:

(a)

saintréithe an táirge, lena n-áirítear a dhearadh, a ghnéithe teicniúla, a chomhdhéanamh, a phacáistíocht, na treoracha maidir lena chóimeáil agus, i gcás inarb infheidhme, lena shuiteáil, lena úsáid agus lena chothabháil;

(b)

an éifeacht ar tháirgí eile, i gcás ina bhfuil sé measartha intuartha go mbeidh an táirge in úsáid le táirgí eile, lena n-áirítear idirnascadh na dtáirgí sin;

(c)

an éifeacht a d’fhéadfadh a bheith ag táirgí eile ar an táirge a bhfuil measúnú le déanamh air, i gcás ina bhfuil sé measartha intuartha go mbeidh an táirge sin in úsáid le táirgí eile, lena n-áirítear éifeacht na n-ítimí neamhleabaithe atá ceaptha an chaoi a n-oibríonn an táirge a bhfuil measúnú le déanamh air a chinneadh, a athrú nó a chomhlánú, ar éifeacht í nach mór a chur san áireamh nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar shábháilteacht an táirge a bhfuil measúnú le déanamh air;

(d)

an chaoi a gcuirtear an táirge i láthair, an lipéadú, lena n-áirítear an lipéadú maidir le hoiriúnacht aoise le haghaidh leanaí, aon rabhadh agus treoir le haghaidh a úsáide sábháilte agus a dhiúscartha sábháilte, agus aon tásc nó faisnéis eile maidir leis an táirge;

(e)

catagóirí na dtomhaltóirí a úsáideann an táirge, go háirithe trí mheasúnú a dhéanamh ar an riosca do thomhaltóirí leochaileacha amhail leanaí, daoine scothaosta agus daoine faoi mhíchumas, chomh maith le tionchar na n-éagsúlachtaí inscne ar an tsláinte agus ar an tsábháilteacht;

(f)

cuma an táirge i gcás inar dócha go n-úsáidfidh tomhaltóirí an táirge ar bhealach atá éagsúil leis an gcaoi ar dearadh é, agus go háirithe:

(i)

i gcás ina bhfuil táirge, cé nach bia-ábhar é, cosúil le bia-ábhar agus inar dócha é a thabhairt in amhlachas bia-ábhair mar gheall ar a chruth, boladh, dath, cuma, pacáistiú, lipéadú, toirt, méid nó saintréithe eile agus go bhféadfadh tomhaltóirí, go háirithe leanaí, é a chur sa bhéal, a dhiúil nó a ionghabháil dá bhrí sin;

(ii)

i gcás inar dócha, cé nach bhfuil sé deartha ná beartaithe lena úsáid ag leanaí, go n-úsáidfidh leanaí táirge nó i gcás ina bhfuil sé cosúil le rud a aithnítear go coitianta mar rud atá tarraingteach do leanaí nó mar rud atá beartaithe lena úsáid ag leanaí mar gheall ar a dhearadh, a phacáistíocht nó a shaintréithe;

(g)

nuair a éilítear sin de bharr chineál an táirge, na gnéithe cibearshlándála iomchuí atá ag teastáil chun an táirge a chosaint ar thionchair sheachtracha, lena n-áirítear tríú páirtithe mailíseacha, i gcás ina bhféadfadh tionchar den sórt sin difear a dhéanamh do shábháilteacht an táirge, lena n-áirítear an chailliúint fhéideartha idirnaisc;

(h)

nuair a éilítear sin de bharr chineál an táirge, feidhmiúlachtaí athraitheacha, foghlama agus réamhaisnéise an táirge.

2.   An fhéidearthacht leibhéil níos airde sábháilteachta a bhaint amach nó infhaighteacht táirgí eile ar lú an riosca a ghabhann leo, ní bheidh siad mar fhorais lena mheas gur táirge contúirteach an táirge.

Airteagal 7

An toimhde go bhfuiltear i gcomhréir leis an gceanglas sábháilteachta ginearálta

1.   Chun críoch an Rialacháin seo, toimhdeofar táirge a bheith i gcomhréir leis an gceanglas sábháilteachta ginearálta a leagtar síos in Airteagal 5 den Rialachán seo sna cásanna seo a leanas:

(a)

má tá sé i gcomhréir leis na caighdeáin Eorpacha ábhartha nó codanna díobh a mhéid a bhaineann leis na rioscaí agus na catagóirí riosca a chumhdaítear leis na caighdeáin sin, ar foilsíodh tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 10(7) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012; nó

(b)

in éagmais aon chaighdeáin Eorpacha ábhartha dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo, tá an táirge i gcomhréir le ceanglais náisiúnta, a mhéid a bhaineann leis na rioscaí agus na catagóirí riosca a chumhdaítear leis na ceanglais sláinte agus sábháilteachta a leagtar síos i ndlí náisiúnta an Bhallstáit ina gcuirtear ar fáil ar an margadh é, ar choinníoll go bhfuil dlí den sórt sin i gcomhréir le dlí an Aontais.

2.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena gcinntear na ceanglais sábháilteachta shonracha atá le cumhdach le caighdeáin Eorpacha chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh na táirgí atá i gcomhréir leis na caighdeáin Eorpacha sin an ceanglas sábháilteachta ginearálta a leagtar síos in Airteagal 5. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 46(3).

3.   Mar sin féin, an toimhde go bhfuiltear i gcomhréir leis an gceanglas sábháilteachta ginearálta faoi mhír 1, ní chuirfidh sí cosc ar na húdaráis um fhaireachas margaidh na bearta iomchuí ar fad a dhéanamh faoin Rialachán seo i gcás ina bhfuil fianaise ann, d’ainneoin toimhde den sórt sin, go bhfuil an táirge contúirteach.

Airteagal 8

Gnéithe breise atá le cur san áireamh chun measúnú a dhéanamh ar shábháilteacht táirgí

1.   Chun críoch Airteagal 6 agus i gcás nach bhfuil feidhm ag toimhde na sábháilteachta faoi Airteagal 7, agus measúnú á dhéanamh an bhfuil táirge sábháilte, cuirfear na gnéithe seo a leanas, go háirithe, san áireamh, nuair atá siad ar fáil:

(a)

caighdeáin Eorpacha seachas na cinn a bhfuil a gcuid tagairtí foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 10(7) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012;

(b)

caighdeáin idirnáisiúnta;

(c)

comhaontuithe idirnáisiúnta;

(d)

scéimeanna deimhniúcháin deonacha nó creataí tríú páirtí um measúnú comhréireachta den chineál céanna, go háirithe na cinn atá ceaptha chun tacú le dlí an Aontais;

(e)

moltaí nó treoirlínte ón gCoimisiún maidir le measúnú ar shábháilteacht táirgí;

(f)

caighdeáin náisiúnta arna dtarraingt suas sa Bhallstát ina gcuirtear an táirge ar fáil;

(g)

an úrscothacht agus an teicneolaíocht, lena n-áirítear tuairimí ó chomhlachtaí eolaíocha aitheanta agus ó choistí saineolaithe;

(h)

cóid sábháilteachta dea-chleachtais táirgí atá i bhfeidhm san earnáil lena mbaineann;

(i)

ionchais réasúnta tomhaltóirí i dtaca le sábháilteacht;

(j)

ceanglais sábháilteachta arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 7(2).

CAIBIDIL III

OIBLEAGÁIDÍ NA N-OIBREOIRÍ EACNAMAÍOCHTA

ROINN 1

Airteagal 9

Oibleagáidí na monaróirí

1.   Nuair a chuireann siad a dtáirgí ar an margadh, áiritheoidh na monaróirí gur dearadh agus gur monaraíodh na táirgí sin i gcomhréir leis an gceanglas sábháilteachta ginearálta a leagtar síos in Airteagal 5.

2.   Sula gcuireann siad a dtáirgí ar an margadh, déanfaidh na monaróirí anailís riosca inmheánach agus tarraingeoidh siad suas doiciméadacht theicniúil ina bhfuil ar a laghad tuairisc ghinearálta ar an táirge agus a shaintréithe riachtanacha atá ábhartha chun a shábháilteacht a mheasúnú.

I gcás inarb iomchuí a mhéid a bhaineann leis na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ag gabháil leis an táirge, beidh an méid seo a leanas sa doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear sa chéad fhomhír freisin, de réir mar is infheidhme:

(a)

anailís ar na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ag gabháil leis an táirge agus na réitigh a glacadh chun deireadh a chur le rioscaí den sórt sin nó chun iad a mhaolú, lena n-áirítear toradh aon tuarascálacha a bhaineann le tástálacha a rinne an monaróir nó páirtí eile thar a cheann; agus

(b)

an liosta d’aon chaighdeáin Eorpacha ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 7(1), pointe (a), nó de na heilimintí eile dá dtagraítear in Airteagal 7(1), pointe (b), nó Airteagal 8, arna gcur i bhfeidhm chun an ceanglas sábháilteachta ginearálta a leagtar síos in Airteagal 5 a chomhlíonadh.

I gcás nár cuireadh aon cheann de na caighdeáin Eorpacha, na ceanglais sláinte agus sábháilteachta nó na heilimintí dá dtagraítear in Airteagal 7(1) nó Airteagal 8 i bhfeidhm ach go páirteach, sainaithneoidh na monaróirí na codanna a cuireadh i bhfeidhm.

3.   Áiritheoidh na monaróirí go bhfuil an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear i mír 2 cothrom le dáta. Coinneoidh siad an doiciméadacht sin ar fáil do na húdaráis um fhaireachas margaidh ar feadh tréimhse 10 mbliana tar éis an táirge a chur ar an margadh agus cuirfidh siad an doiciméadacht sin ar fáil do na húdaráis sin arna iarraidh sin dóibh.

4.   Áiritheoidh na monaróirí go bhfuil nósanna imeachta i bhfeidhm ionas go bhfanfaidh táirgí a tháirgtear i sraith i gcomhréir leis an gceanglas sábháilteachta ginearálta a leagtar síos in Airteagal 5.

5.   Áiritheoidh na monaróirí go léirítear ar a dtáirgí uimhir chineáil, baiscuimhir nó uimhir sraithe nó eilimint eile lenar féidir an táirge a shainaithint agus atá sofheicthe agus soléite do thomhaltóirí, nó, i gcás nach féidir é sin a dhéanamh de bharr mhéid nó chineál an táirge, áiritheoidh siad go soláthraítear an fhaisnéis riachtanach ar an bpacáistíocht nó i ndoiciméad a ghabhann leis an táirge.

6.   Léireoidh na monaróirí a n-ainm, a dtrádainm cláraithe nó a dtrádmharc cláraithe, a seoladh poist agus a seoladh leictreonach agus, i gcás nach ionann iad, seoladh poist nó seoladh leictreonach an phointe teagmhála aonair ar féidir dul i dteagmháil leo. Cuirfear an fhaisnéis sin ar an táirge nó, i gcás nach féidir é sin a dhéanamh, ar a phacáistíocht nó i ndoiciméad a ghabhann leis an táirge.

7.   Áiritheoidh na monaróirí go bhfuil treoracha soiléire agus faisnéis sábháilteachta shoiléir ag gabháil lena dtáirge i dteanga atá sothuigthe ag tomhaltóirí, de réir mar a chinneann an Ballstát ina gcuirtear an táirge ar fáil ar an margadh. Ní bheidh feidhm ag an gceanglas sin i gcás inar féidir an táirge a úsáid go sábháilte agus de réir mar a bhí beartaithe ag an monaróir gan treoracha den sórt sin ná faisnéis sábháilteachta den sórt sin.

8.   I gcás ina measann monaróir nó ina bhfuil cúis aige lena chreidiúint, ar bhonn na faisnéise atá i seilbh an mhonaróra sin, gur táirge contúirteach é an táirge a chuir sé ar an margadh, déanfaidh an monaróir an méid seo a leanas láithreach:

(a)

na bearta ceartaitheacha is gá a dhéanamh chun an táirge a thabhairt chun comhréireachta ar bhealach éifeachtach, lena n-áirítear é a tharraingt siar nó a aisghairm, de réir mar is iomchuí;

(b)

tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi sin, i gcomhréir le hAirteagal 35 nó 36, nó leis an dá Airteagal araon; agus

(c)

údaráis um fhaireachas margaidh na mBallstát inar cuireadh an táirge ar fáil ar an margadh a chur ar an eolas faoi sin trí Safety Buisness Gateway.

Chun críocha phointí (b) agus (c) den chéad fhomhír, tabharfaidh an monaróir mionsonraí, go háirithe, faoin riosca do shláinte agus sábháilteacht na dtomhaltóirí agus faoi aon bheart ceartaitheach atá déanta cheana, agus, má tá na mionsonraí sin ar fáil, faoi chainníocht na dtáirgí atá fós i gcúrsaíocht ar an margadh de réir Ballstáit.

9.   Áiritheoidh an Coimisiún gur féidir leis na monaróirí an fhaisnéis atá ceaptha foláireamh a thabhairt do thomhaltóirí a sholáthar trí Safety Buisness Gateway agus go gcuirtear an fhaisnéis sin ar fáil do thomhaltóirí gan moill mhíchuí ar an Tairseach Safety Gate.

10.   Áiritheoidh na monaróirí go ndéantar oibreoirí eacnamaíocha eile, daoine atá freagrach, agus soláthraithe margaí ar líne sa slabhra soláthair lena mbaineann a choinneáil ar an eolas go tráthúil faoi aon saincheist sábháilteachta atá sainaitheanta acu.

11.   Cuirfidh na monaróirí bealaí teagmhála ar fáil go poiblí amhail uimhir theileafóin, seoladh leictreonach nó roinn thiomnaithe ar a suíomh gréasáin, agus riachtanais inrochtaineachta do dhaoine faoi mhíchumas á gcur san áireamh, rud a chuirfidh ar chumas tomhaltóirí gearáin a thíolacadh agus na monaróirí a chur ar an eolas faoi aon tionóisc a bhain dóibh i ngeall ar tháirge nó aon saincheist sábháilteachta a bhfuil acu leis.

12.   Imscrúdóidh na monaróirí na gearáin arna dtíolacadh, agus faisnéis arna fáil faoi thionóiscí, a bhaineann le sábháilteacht na dtáirgí a chuir siad ar fáil ar an margadh agus a líomhnaigh an gearánaí a bheith contúirteach, agus coimeádfaidh siad clár inmheánach de na gearáin sin agus d’aisghairmeacha táirgí agus aon bhearta ceartaitheacha a rinneadh chun an táirge a thabhairt chun comhréireachta.

13.   Ní stórálfar i gclár inmheánach na ngearán ach na sonraí pearsanta sin is gá chun gur féidir leis an monaróir imscrúdú a dhéanamh ar an ngéarán faoi tháirge a líomhnaítear gur táirge contúirteach atá ann. Ní choinneofar sonraí den sórt sin ach chomh fada agus is gá chun críocha an imscrúdaithe agus, in aon chás, ar feadh tréimhse nach faide ná 5 bliana tar éis iontráil na sonraí.

Airteagal 10

Oibleagáidí na n-ionadaithe údaraithe

1.   Féadfaidh monaróir, trí bhíthin sainordú i scríbhinn, ionadaí údaraithe a cheapadh.

2.   Déanfaidh ionadaí údaraithe na cúraimí a shonraítear sa sainordú a fuarthas ón monaróir. Soláthróidh an t-ionadaí údaraithe cóip den sainordú sin do na húdaráis um fhaireachas margaidh, arna iarraidh sin dó. Leis an sainordú, ligfear don ionadaí údaraithe na cúraimí seo a leanas, ar a laghad, a dhéanamh:

(a)

an fhaisnéis agus an doiciméadacht ar fad is gá chun sábháilteacht an táirge a léiriú, é sin a sholáthar don údarás um fhaireachas margaidh, ar iarraidh réasúnaithe ón údarás sin, i dteanga oifigiúil ar féidir leis a thuiscint;

(b)

i gcás ina measann an t-ionadaí údaraithe nó ina bhfuil cúis aige lena chreidiúint gur táirge contúirteach é an táirge i dtrácht, an monaróir a chur ar an eolas faoi sin;

(c)

na húdaráis inniúla náisiúnta a chur ar an eolas faoi aon ghníomhaíocht a rinneadh chun deireadh a chur leis na rioscaí a bhaineann le táirgí a chumhdaítear lena sainordú trí fhógra a thabhairt in Safety Buisness Gateway, i gcás nár chuir an monaróir an fhaisnéis ar fáil cheana nó ar threoir a fháil chuige sin ón monaróir;

(d)

comhoibriú leis na húdaráis inniúla náisiúnta, arna iarraidh sin dóibh, maidir le haon bheart a rinneadh chun deireadh a chur ar bhealach éifeachtach leis na rioscaí a bhaineann leis na táirgí a chumhdaítear lena sainordú.

Airteagal 11

Oibleagáidí na n-allmhaireoirí

1.   Sula gcuireann siad táirge ar an margadh, áiritheoidh na hallmhaireoirí go bhfuil an táirge i gcomhréir leis an gceanglas sábháilteachta ginearálta a leagtar amach in Airteagal 5 agus gur chomhlíon an monaróir na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 9(2), (5) agus (6).

2.   I gcás ina measann allmhaireoir nó ina bhfuil cúis aige lena chreidiúint, ar bhonn na faisnéise atá i seilbh an allmhaireora sin, nach bhfuil táirge i gcomhréir le hAirteagal 5 agus le hAirteagal 9(2), (5) agus (6), ní chuirfidh an t-allmhaireoir an táirge ar an margadh go dtí go mbeidh an táirge tugtha chun comhréireachta. Thairis sin, i gcás inar táirge contúirteach é an táirge, cuirfidh an t-allmhaireoir an monaróir ar an eolas láithreach faoi sin agus áiritheoidh sé láithreach go gcuirtear na húdaráis um fhaireachas margaidh ar an eolas faoi sin trí Safety Buisness Gateway.

3.   Léireoidh na hallmhaireoirí a n-ainm, a dtrádainm cláraithe nó a dtrádmharc cláraithe, a seoladh poist agus seoladh leictreonach agus, i gcás nach ionann iad, seoladh poist nó seoladh leictreonach an phointe teagmhála aonair ar féidir dul i dteagmháil leo. Cuirfear an fhaisnéis sin ar an táirge nó, i gcás nach féidir é sin a dhéanamh, ar an bpacáistíocht nó i ndoiciméad a ghabhann leis an táirge. Áiritheoidh na hallmhaireoirí nach ndéanann aon lipéad breise aon fhaisnéis a cheanglaítear le dlí an Aontais ar an lipéad a sholáthraíonn an monaróir a cheilt.

4.   Áiritheoidh na hallmhaireoirí go bhfuil treoracha soiléire agus faisnéis sábháilteachta shoiléir ag gabháil leis an táirge a d’allmhairigh siad i dteanga atá sothuigthe ag tomhaltóirí, de réir mar a chinneann an Ballstát ina gcuirtear an táirge ar fáil ar an margadh, ach amháin i gcás inar féidir an táirge a úsáid go sábháilte agus de réir mar a bhí beartaithe ag an monaróir gan treoracha den sórt ná faisnéis sábháilteachta den sórt sin.

5.   Áiritheoidh na hallmhaireoirí, fad atá táirge faoina bhfreagracht, nach ndéantar, mar gheall ar dhálaí stórála nó iompair, a chomhréireacht leis an gceanglas sábháilteachta ginearálta a leagtar síos in Airteagal 5 ná a chomhréireacht le hAirteagal 9(5) agus (6) a chur i mbaol.

6.   Coinneoidh na hallmhaireoirí cóip den doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Airteagal 9(2) ar fáil do na húdaráis um fhaireachas margaidh ar feadh tréimhse 10 mbliana tar éis dóibh an táirge a chur ar an margadh agus áiritheoidh siad gur féidir na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 9(2), de réir mar is infheidhme, a chur ar fáil do na húdaráis sin, arna iarraidh sin dóibh.

7.   Comhoibreoidh na hallmhaireoirí leis na húdaráis um fhaireachas margaidh agus leis an monaróir chun a áirithiú go bhfuil táirge sábháilte.

8.   I gcás ina measann allmhaireoir nó ina bhfuil cúis aige lena chreidiúint, ar bhonn na faisnéise i seilbh an allmhaireora sin, gur táirge contúirteach é an táirge a chuir sé ar an margadh, déanfaidh an t-allmhaireoir an méid seo a leanas láithreach:

(a)

an monaróir a chur ar an eolas faoi sin;

(b)

a áirithiú go ndéantar na bearta ceartaitheacha is gá chun an táirge a thabhairt chun comhréireachta ar bhealach éifeachtach, lena n-áirítear é a tharraingt siar nó a aisghairm, de réir mar is iomchuí; i gcás nach ndearnadh bearta den sórt sin cheana, déanfaidh an t-allmhaireoir láithreach iad;

(c)

a áirithiú go gcuirtear tomhaltóirí ar an eolas faoi sin láithreach i gcomhréir le hAirteagal 35 nó 36, nó leis an dá Airteagal araon; agus

(d)

údaráis um fhaireachas margaidh na mBallstát inar cuireadh an táirge ar fáil ar an margadh a chur ar an eolas faoi sin, trí Safety Buisness Gateway.

Chun críocha phointí (c) agus (d) den chéad fhomhír, tabharfaidh an t-allmhaireoir mionsonraí, go háirithe, faoin riosca do shláinte agus sábháilteacht na dtomhaltóirí agus faoi aon bheart ceartaitheach atá déanta cheana, agus, má tá na mionsonraí sin ar fáil, faoi chainníocht na dtáirgí atá fós i gcúrsaíocht ar an margadh de réir Ballstáit.

9.   Fíoróidh na hallmhaireoirí an bhfuil na bealaí cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 9(11) ar fáil do thomhaltóirí go poiblí, rud a chuirfidh ar a gcumas, ar an gcaoi sin, gearáin a dhéanamh agus aon tionóisc a bhain dóibh i ngeall ar an táirge nó aon saincheist sábháilteachta a bhí acu leis a chur in iúl. Mura bhfuil bealaí den sórt sin ar fáil, déanfaidh na hallmhaireoirí foráil dóibh, agus riachtanais inrochtaineachta do dhaoine faoi mhíchumas á gcur san áireamh.

10.   Imscrúdóidh na hallmhaireoirí na gearáin arna dtíolacadh, agus faisnéis arna fáil faoi thionóiscí, a bhaineann le sábháilteacht na dtáirgí a chuir siad ar fáil ar an margadh agus a líomhnaigh an gearánach a bheith contúirteach, agus comhdóidh siad na gearáin sin, mar aon le haisghairmeacha táirgí agus aon bhearta ceartaitheacha a rinneadh chun an táirge a thabhairt chun comhréireachta, sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 9(12), nó ina gclár inmheánach féin. Coimeádfaidh na hallmhaireoirí an monaróir, na dáileoirí agus, i gcás inarb ábhartha, na soláthraithe seirbhíse próiseála orduithe agus soláthraithe na margaí ar líne ar an eolas go tráthúil faoin imscrúdú arna dhéanamh agus faoi thorthaí an imscrúdaithe.

11.   Ní stórálfar i gclár na ngearán ach na sonraí pearsanta sin is gá chun gur féidir leis an allmhaireoir imscrúdú a dhéanamh ar an ngéarán faoi tháirge a líomhnaítear gur táirge contúirteach atá ann. Ní choinneofar sonraí den sórt sin ach chomh fada agus is gá chun críocha an imscrúdaithe agus, in aon chás, ar feadh tréimhse nach faide ná 5 bliana tar éis iontráil na sonraí.

Airteagal 12

Oibleagáidí na ndáileoirí

1.   Sula gcuireann siad táirge ar fáil ar an margadh, fíoróidh dáileoirí gur chomhlíon an monaróir agus, i gcás inarb infheidhme, an t-allmhaireoir na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 9(5), (6) agus (7) agus in Airteagal 11(3) agus (4), de réir mar is infheidhme.

2.   Áiritheoidh na dáileoirí, fad atá táirge faoina bhfreagracht, nach ndéantar, mar gheall ar dhálaí stórála nó iompair, a chomhréireacht leis an gceanglas sábháilteachta ginearálta a leagtar síos in Airteagal 5 ná a chomhréireacht le hAirteagal 9(5), (6) agus (7) agus Airteagal 11(3) agus (4), de réir mar is infheidhme, a chur i mbaol.

3.   I gcás ina measann dáileoir nó ina bhfuil cúis aige lena chreidiúint, ar bhonn na faisnéise atá i seilbh an dáileora sin, nach bhfuil táirge i gcomhréir le hAirteagal 5, Airteagal 9(5), (6) agus (7), ná Airteagal 11(3) agus (4), de réir mar is infheidhme, ní chuirfidh an dáileoir an táirge ar fáil ar an margadh go dtí go mbeidh an táirge tugtha chun comhréireachta.

4.   I gcás ina measann dáileoir nó ina bhfuil cúis aige lena chreidiúint, ar bhonn na faisnéise atá i seilbh an dáileora sin, gur táirge contúirteach é an táirge a chuir siad ar fáil ar an margadh contúirteach nó nach bhfuil sé i gcomhréir le hAirteagal 9(5), (6) agus (7) ná Airteagal 11(3) agus (4), de réir mar is infheidhme, déanfaidh an dáileoir an méid seo a leanas:

(a)

an monaróir nó an t-allmhaireoir, de réir mar is infheidhme, a chur ar an eolas láithreach faoi sin;

(b)

a áirithiú go ndéantar na bearta ceartaitheacha is gá chun an táirge a thabhairt chun comhréireachta ar bhealach éifeachtach, lena n-áirítear é a tharraingt siar nó a aisghairm, de réir mar is iomchuí; agus

(c)

a áirithiú go gcuirtear údaráis um fhaireachas margaidh na mBallstát inar cuireadh an táirge ar fáil ar an margadh ar an eolas láithreach faoi sin trí Safety Buisness Gateway.

Chun críocha phointí (b) agus (c) den chéad fhomhír, tabharfaidh an dáileoir mionsonraí iomchuí atá ar fáil dó faoin riosca do shláinte agus sábháilteacht na dtomhaltóirí, faoi líon na dtáirgí lena mbaineann agus faoi aon bheart ceartaitheach a rinneadh cheana.

Airteagal 13

Cásanna ina mbíonn feidhm ag oibleagáidí na monaróirí maidir le daoine eile

1.   Measfar duine nádúrtha nó dlítheanach a bheith ina mhonaróir chun críocha an Rialacháin seo agus beidh sé faoi réir oibleagáidí an mhonaróra a leagtar amach in Airteagal 9 i gcás ina gcuireann an duine nádúrtha nó dlítheanach sin táirge ar an margadh faoi ainm nó trádmharc an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh sin.

2.   Duine nádúrtha nó dlítheanach, seachas an monaróir, a dhéanann modhnú substaintiúil ar an táirge, measfar gur monaróir é chun críocha an Rialacháin seo agus beidh sé faoi réir oibleagáidí an mhonaróra a leagtar amach in Airteagal 9 maidir leis an gcuid den táirge a ndéanann an modhnú difear di nó maidir leis an táirge ina iomláine má bhíonn tionchar ag an modhnú substaintiúil ar a shábháilteacht.

3.   Measfar modhnú a dhéantar ar tháirge, trí mhodhanna fisiciúla nó digiteacha, a bheith substaintiúil i gcás ina bhfuil tionchar aige ar shábháilteacht an táirge agus i gcás ina gcomhlíontar na critéir seo a leanas:

(a)

leis an modhnú, athraítear an táirge ar bhealach nár tuaradh sa mheasúnú riosca tosaigh ar an táirge;

(b)

athraíodh cineál na guaise, cruthaíodh guais nua nó méadaíodh an leibhéal riosca mar gheall ar an modhnú; agus

(c)

ní raibh na modhnuithe déanta ag na tomhaltóirí iad féin ná thar a gceann le haghaidh a n-úsáide féin.

Airteagal 14

Próisis inmheánacha maidir le sábháilteacht táirgí

Áiritheoidh na hoibreoirí eacnamaíocha go bhfuil próisis inmheánacha i bhfeidhm acu maidir le sábháilteacht táirgí, rud a ligfeadh dóibh ceanglais ábhartha an Rialacháin seo a chomhlíonadh.

Airteagal 15

Comhar idir oibreoirí eacnamaíocha agus údaráis um fhaireachas margaidh

1.   Comhoibreoidh na húdaráis eacnamaíocha leis na húdaráis um fhaireachas margaidh maidir le gníomhaíochtaí lena bhféadfaí deireadh a chur le rioscaí a bhaineann leis na táirgí a chuir siad sin ar fáil ar an margadh nó lena bhféadfaí iad a mhaolú.

2.   Ar iarraidh ó údarás um fhaireachas margaidh, soláthróidh an t-oibreoir eacnamaíocha an fhaisnéis ar fad is gá, go háirithe an méid seo a leanas:

(a)

tuairisc iomlán ar an riosca a bhaineann leis an táirge, ar ghearáin ghaolmhara agus ar thionóiscí aitheanta; agus

(b)

tuairisc ar aon bheart ceartaitheach a rinneadh chun dul i ngleic leis an riosca.

3.   Arna iarraidh sin, déanfaidh na hoibreoirí eacnamaíocha an fhaisnéis inrianaitheachta ábhartha seo a leanas maidir leis an táirge a shainaithint agus a chur in iúl freisin:

(a)

aon oibreoir eacnamaíoch a sholáthair an táirge, nó páirt, comhpháirt nó aon bhogearra atá leabaithe sa táirge dóibh; agus

(b)

aon oibreoir eacnamaíoch ar sholáthair siad an táirge dó.

4.   Beidh oibreoirí eacnamaíocha in ann an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 a thíolacadh ar feadh tréimhse 10 mbliana tar éis an táirge a sholáthar dóibh nó tar éis dóibh an táirge a sholáthar, de réir mar is infheidhme.

5.   Beidh oibreoirí eacnamaíocha in ann an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 a thíolacadh ar feadh tréimhse 6 bliana tar éis an táirge, nó cuid, comhpháirt nó aon bhogearra atá leabaithe sa táirge, a sholáthar dóibh nó tar éis dóibh an táirge a sholáthar, de réir mar is infheidhme.

6.   Féadfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh a iarraidh ar na hoibreoirí eacnamaíocha tuarascálacha rialta ar dhul chun cinn a chur faoina mbráid agus féadfaidh siad a chinneadh an féidir a mheas go bhfuil an beart ceartaitheach curtha i gcrích, sin nó cathain is féidir a mheas go bhfuil sé curtha i gcrích.

Airteagal 16

An duine atá freagrach as táirgí a chuirtear ar mhargadh an Aontais

1.   Ní chuirfear táirge a chumhdaítear leis an Rialachán seo ar an margadh mura bhfuil oibreoir eacnamaíoch bunaithe san Aontas atá freagrach as na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 4(3) de Rialachán (AE) 2019/1020 i ndáil leis an táirge sin. Beidh feidhm ag Airteagal 4(2) agus (3) den Rialachán sin maidir le táirgí a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Chun críocha an Rialacháin seo, na tagairtí do ‘reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú’ agus do ‘reachtaíocht is infheidhme de chuid an Aontais um chomhchuibhiú’ in Airteagal 4(3) den Rialachán sin, léifear iad mar ‘an Rialachán seo’.

2.   Gan dochar d’aon oibleagáidí atá ar oibreoirí eacnamaíocha faoin Rialachán seo, sa bhreis ar na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 4(3) de Rialachán (AE) 2019/1020, agus chun sábháilteacht an táirge a bhfuil sé freagrach as a áirithiú, i gcás inarb iomchuí maidir leis na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ag baint le táirge, déanfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo an méid seo a leanas a sheiceáil go rialta:

(a)

go gcomhlíonann an táirge an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Airteagal 9(2) den Rialachán seo;

(b)

go gcomhlíonann an táirge na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 9(5), (6) agus (7) den Rialachán seo.

Soláthróidh an t-oibreoir eacnamaíoch dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, arna iarraidh sin do na húdaráis um fhaireachas margaidh, fianaise dhoiciméadaithe ar na seiceálacha a rinneadh.

3.   Ainm, trádainm cláraithe nó trádmharc cláraithe agus sonraí teagmhála an oibreora eacnamaíoch dá dtagraítear i mír 1, lena n-áirítear a sheoladh poist agus a sheoladh leictreonach, léireofar iad ar an táirge nó ar a phacáistíocht, ar an mbeartán nó ar dhoiciméad a ghabhann leis.

Airteagal 17

Faisnéis d’oibreoirí eacnamaíocha

1.   Soláthróidh an Coimisiún faisnéis ghinearálta maidir leis an Rialachán seo saor in aisce d’oibreoirí eacnamaíocha.

2.   Soláthróidh na Ballstáit faisnéis shonrach d’oibreoirí eacnamaíocha, arna iarraidh sin dóibh agus saor in aisce, maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo ar an leibhéal náisiúnta agus rialacha náisiúnta maidir le sábháilteacht táirgí is infheidhme maidir le táirgí a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Chun na críche sin, beidh feidhm ag Airteagal 9(1) agus (4) de Rialachán (AE) 2019/515 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (29).

Glacfaidh an Coimisiún treoirlínte sonracha d’oibreoirí eacnamaíocha, agus aird ar leith á tabhairt ar riachtanais na n-oibreoirí sin a cháilíonn mar FBManna, lena n-áirítear micrifhiontair, maidir le conas na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh.

Airteagal 18

Ceanglais shonracha inrianaitheachta le haghaidh táirgí áirithe, catagóirí nó grúpaí de tháirgí

1.   I gcás táirgí áirithe, catagóirí nó grúpaí de tháirgí ar dócha go mbeidh riosca tromchúiseach ag baint leo i ndáil le sláinte agus sábháilteacht na dtomhaltóirí, bunaithe ar thionóiscí atá cláraithe in Safety Buisness Gateway, ar staidreamh Safety Gate, ar thorthaí na gcomhghníomhaíochtaí i leith sábháilteacht táirgí agus ar tháscairí nó fianaise ábhartha eile, agus tar éis dul i gcomhairle leis an Líonra um Shábháilteacht Tomhaltóirí, le grúpaí saineolaithe ábhartha agus le geallsealbhóirí ábhartha, féadfaidh an Coimisiún córas inrianaitheachta a chur ar bun lena gcloífidh oibreoirí eacnamaíocha a chuireann na táirgí sin ar an margadh agus a chuireann na táirgí sin ar fáil ar an margadh.

2.   Is é a bheidh i gceist leis an gcóras inrianaitheachta sonraí a bhailiú agus a stóráil, lena n-áirítear trí mhodh leictreonach, trínar féidir an táirge, a chomhpháirteanna nó na hoibreoirí eacnamaíocha atá bainteach lena shlabhra soláthair a shainaithint, mar aon le rialacha mionsonraithe chun na sonraí sin a thaispeáint agus rochtain a thabhairt orthu, lena n-áirítear iompróir sonraí a chur ar an táirge, ar a phacáistíocht nó sna doiciméid a ghabhann leis.

3.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun an Rialachán seo a fhorlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 45 tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

na táirgí, na catagóirí nó na grúpaí de tháirgí nó comhpháirteanna a chinneadh, ar táirgí nó comhpháirteanna iad ar dócha go mbeidh riosca tromchúiseach ag baint leo maidir le sláinte agus sábháilteacht na dtomhaltóirí dá dtagraítear i mír 1; sonróidh an Coimisiún sna gníomhartha tarmligthe lena mbaineann más amhlaidh a bhain sé úsáid as an modheolaíocht anailíse riosca dá bhforáiltear i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/417 ón gCoimisiún (30) nó, i gcás nach iomchuí an mhodheolaíocht sin don táirge lena mbaineann, tabharfaidh sé tuairisc mhionsonraithe ar an modheolaíocht a úsáideadh;

(b)

sonrú a dhéanamh ar an gcineál sonraí atá le bailiú agus le stóráil ag oibreoirí eacnamaíocha trí bhíthin an chórais inrianaitheachta dá dtagraítear i mír 2;

(c)

sonrú a dhéanamh ar na rialacha mionsonraithe chun sonraí a thaispeáint agus chun rochtain a thabhairt orthu, lena n-áirítear iompróir sonraí a chur ar an táirge, ar a phacáistíocht nó sa doiciméid a ghabhann leis, amhail dá dtagraítear i mír 2;

(d)

sonrú a dhéanamh ar na gníomhaithe a mbeidh rochtain acu ar na sonraí dá dtagraítear i bpointe (b) agus na sonraí a mbeidh rochtain acu orthu, lena n-áirítear tomhaltóirí, oibreoirí eacnamaíocha, soláthraithe margaí ar líne, údaráis náisiúnta inniúla, an Coimisiún, agus eagraíochtaí leasa phoiblí, nó aon eagraíocht atá ag gníomhú thar a gceann.

4.   Beidh rochtain saor in aisce ag údaráis um fhaireachas margaidh, tomhaltóirí, oibreoirí eacnamaíocha agus gníomhaithe ábhartha eile ar na sonraí dá dtagraítear i mír 3 bunaithe ar a gcearta rochtana faoi seach a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe is infheidhme arna ghlacadh de bhun mhír 3, pointe (d).

5.   Agus na bearta dá dtagraítear i mír 3 á nglacadh aige, cuirfidh an Coimisiún na nithe seo a leanas san áireamh:

(a)

costéifeachtacht na mbeart, lena n-áirítear tionchar na mbeart ar ghnólachtaí, go háirithe FBManna;

(b)

tréimhse ama leormhaith chun go mbeidh oibreoirí eacnamaíocha in ann ullmhú do na bearta sin; agus

(c)

an chomhoiriúnacht agus an idir-inoibritheacht le córais eile inrianaitheachta táirgí atá curtha ar bun cheana ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal idirnáisiúnta.

ROINN 2

Airteagal 19

Oibleagáidí na n-oibreoirí eacnamaíocha i gcás ciandíolachán

I gcás ina gcuireann oibreoirí eacnamaíocha táirgí ar fáil ar an margadh ar líne nó trí mhodhanna eile ciandíolacháin, léireofar an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad go soiléir agus go feiceálach sa tairiscint ar na táirgí sin:

(a)

ainm, trádainm cláraithe nó trádmharc cláraithe an mhonaróra, mar aon leis an seoladh poist agus an seoladh leictreonach inar féidir teagmháil a dhéanamh leis;

(b)

i gcás nach bhfuil an monaróir bunaithe san Aontas, ainm, seoladh poist agus seoladh leictreonach an duine atá freagrach de réir bhrí Airteagal 16(1) den Rialachán seo nó Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2019/1020;

(c)

faisnéis lenar féidir an táirge a shainaithint, lena n-áirítear pictiúr de, a chineál agus aon aitheantóir táirge eile; agus

(d)

aon rabhadh nó faisnéis sábháilteachta atá le greamú ar an táirge nó ar an bpacáistíocht nó atá le háireamh i ndoiciméad a ghabhann leis i gcomhréir leis an Rialachán seo nó le reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú is infheidhme i dteanga atá sothuigthe ag tomhaltóirí, de réir mar a chinneann an Ballstát ina gcuirtear an táirge ar fáil ar an margadh.

Airteagal 20

Oibleagáidí na n-oibreoirí eacnamaíocha i gcás tionóiscí a bhaineann le sábháilteacht táirgí

1.   Áiritheoidh an monaróir, trí Safety Buisness Gateway, go dtabharfar fógra faoi thionóisc ar táirge a cuireadh ar an margadh nó a cuireadh ar fáil ar an margadh ba chúis léi d’údaráis inniúla an Bhallstáit inar tharla an tionóisc gan moill mhíchuí ón nóiméad is eol dó faoin tionóisc. Áireofar san fhógra cineál agus uimhir aitheantais an táirge mar aon le dálaí na tionóisce, más eol sin. Tabharfaidh an monaróir fógra do na húdaráis inniúla, arna iarraidh sin, faoi aon fhaisnéis ábhartha eile.

2.   Chun críoch mhír 1, tabharfaidh an monaróir fógra do na húdaráis inniúla faoi na tarluithe a bhaineann le húsáid táirge a raibh bás duine nó éifeachtaí díobhálacha tromchúiseacha, bídís buan nó sealadach, ar shláinte agus ar shábháilteacht an duine sin mar thoradh uirthi, lena n-áirítear gortuithe, damáiste eile don chorp, tinnis agus éifeachtaí ainsealacha sláinte.

3.   Na hallmhaireoirí agus na dáileoirí atá ar an eolas faoi thionóisc ar táirge a chuir siad ar an margadh nó a chuir siad ar fáil ar an margadh ba chúis léi, cuirfidh siad an monaróir ar an eolas faoi sin gan moill mhíchuí. Tabharfaidh an monaróir an fógra i gcomhréir le mír 1 nó tabharfaidh sé treoir don allmhaireoir nó do cheann de na dáileoirí an fógra a thabhairt.

4.   I gcás nach bhfuil monaróir an táirge bunaithe san Aontas, áiritheoidh an duine atá freagrach de réir bhrí Airteagal 16(1) den Rialachán seo nó Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2019/1020 ag a bhfuil eolas ar thionóisc go dtabharfar an fógra.

Airteagal 21

Faisnéis i bhformáid leictreonach

Gan dochar d’Airteagal 9(5), (6) agus (7), Airteagal 11(3) agus Airteagal 16(3), agus d’fhorálacha ábhartha reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú, féadfaidh oibreoirí eacnamaíocha an fhaisnéis dá dtagraítear sna forálacha sin a chur ar fáil i bhformáid dhigiteach freisin trí bhíthin réitigh theicniúla leictreonacha atá infheicthe go soiléir ar an táirge nó, i gcás nach féidir é sin a dhéanamh, ar a phacáistíocht nó i ndoiciméad a ghabhann leis an táirge. Beidh an fhaisnéis sin i dteanga atá sothuigthe ag tomhaltóirí, de réir mar a chinneann an Ballstát ina gcuirtear an táirge ar fáil ar an margadh, lena n-áirítear i bhformáidí inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas.

CAIBIDIL IV

SOLÁTHRAITHE MARGAÍ AR LÍNE

Airteagal 22

Oibleagáidí sonracha na soláthraithe margaí ar líne a bhaineann le sábháilteacht táirgí

1.   Gan dochar do na hoibleagáidí ginearálta dá bhforáiltear in Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2022/2065, ainmneoidh soláthraithe margaí ar líne pointe teagmhála aonair lena gceadaítear cumarsáid dhíreach a dhéanamh, trí mhodh leictreonach, le húdaráis um fhaireachas margaidh de chuid na mBallstát i ndáil le saincheisteanna sábháilteachta táirgí, go háirithe chun fógra a thabhairt faoi orduithe arna n-eisiúint de bhun mhír 4 den Airteagal seo.

Cláróidh soláthraithe margaí ar líne leis an Tairseach Safety Gate agus léireoidh siad ar an Tairseach Safety Gate an fhaisnéis a bhaineann lena bpointe teagmhála aonair.

2.   Gan dochar do na hoibleagáidí ginearálta dá bhforáiltear in Airteagal 12 de Rialachán (AE) 2022/2065, ainmneoidh soláthraithe margaí ar líne pointe teagmhála aonair chun cur ar chumas tomhaltóirí cumarsáid dhíreach agus thapa a dhéanamh leo maidir le saincheisteanna sábháilteachta táirgí.

3.   Áiritheoidh soláthraithe margaí ar líne go bhfuil próisis inmheánacha i bhfeidhm acu maidir le sábháilteacht táirgí chun ceanglais ábhartha an Rialacháin seo a chomhlíonadh gan moill mhíchuí.

4.   A mhéid a bhaineann leis na cumhachtaí arna dtabhairt ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2019/1020, tabharfaidh na Ballstáit an chumhacht is gá dá n-údaráis um fhaireachas margaidh, a mhéid a bhaineann le hábhar sonrach a thagraíonn do thairiscint ar tháirge contúirteach, ordú a eisiúint lena n-éilítear ar sholáthraithe margaí ar líne ábhar den sórt sin a bhaint dá gcomhéadan ar líne, rochtain air a dhíchumasú nó rabhadh follasach a thaispeáint. Eiseofar orduithe den sórt sin i gcomhréir leis na coinníollacha íosta a leagtar amach in Airteagal 9(2) de Rialachán (AE) 2022/2065.

Déanfaidh soláthraithe margaí ar líne na bearta is gá chun orduithe arna n-eisiúint de bhun na míre seo a fháil agus a phróiseáil agus gníomhóidh siad gan moill mhíchuí, agus in aon chás laistigh de 2 lá oibre ón ordú a fháil. Cuirfidh siad an t-údarás um fhaireachas margaidh a d’eisigh an t-ordú ar an eolas faoin éifeacht a tugadh don ordú trí mhodh leictreonach ag baint úsáid as sonraí teagmhála an údaráis um fhaireachas margaidh a foilsíodh sa Tairseach Safety Gate.

5.   Le horduithe arna n-eisiúint de bhun mhír 4, féadfar a cheangal ar sholáthraithe margaidh ar líne, ar feadh na tréimhse forordaithe, an t-ábhar comhionann go léir a thagraíonn do thairiscint ar an táirge contúirteach i dtrácht a bhaint dá chomhéadan ar líne, rochtain air a dhíchumasú nó rabhadh follasach a thaispeáint, ar choinníoll go bhfuil an cuardach ar an ábhar lena mbaineann teoranta don fhaisnéis a shainaithnítear san ordú agus nach gceanglaítear, leis an gcuardach, ar sholáthraithe margaidh ar líne measúnú neamhspleách a dhéanamh ar an ábhar sin, agus gur féidir le huirlisí uathoibrithe iontaofa an cuardach a dhéanamh agus an t-inneachar a bhaint ar bhealach comhréireach.

6.   Cuirfidh soláthraithe margaí ar líne faisnéis rialta faoi tháirgí contúirteacha ar thug na húdaráis um fhaireachas margaidh fógra fúthu san áireamh i gcomhréir le hAirteagal 26, ar faisnéis í a fhaightear tríd an Tairseach Safety Gate, chun a mbearta deonacha a chur i bhfeidhm arb é is aidhm dóibh an t-ábhar a thagraíonn do thairiscintí ar tháirgí contúirteacha ar a margadh ar líne a bhrath, a shainaithint, a bhaint nó a dhíchumasú, i gcás inarb infheidhme, lena n-áirítear trí úsáid a bhaint as an gcomhéadan idir-inoibritheach chuig an Tairseach Safety Gate i gcomhréir le hAirteagal 34. Cuirfidh siad an t-údarás a thug an fógra chuig an gCóras Mear-Rabhaidh Safety Gate ar an eolas faoi aon bheart arna dhéanamh trí úsáid a bhaint as sonraí teagmhála an údaráis um fhaireachas margaidh a foilsíodh sa Tairseach Safety Gate.

7.   Chun Airteagal 31(3) de Rialachán (AE) 2022/2065 a chomhlíonadh, a mhéid a bhaineann le sábháilteacht táirgí, úsáidfidh soláthraithe margaí ar líne an Tairseach Safety Gate ar a laghad.

8.   Déanfaidh soláthraithe margaí ar líne, gan moill mhíchuí agus in aon chás laistigh de 3 lá oibre ón bhfógra a fháil, na fógraí a bhaineann le saincheisteanna sábháilteachta táirgí a phróiseáil maidir leis an táirge a thairgtear lena dhíol ar líne trína seirbhísí, a fhaightear i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) 2022/2065.

9.   Chun ceanglais Airteagal 31(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2022/2065 a chomhlíonadh a mhéid a bhaineann le faisnéis faoi shábháilteacht táirgí, déanfaidh soláthraithe margaí ar líne a gcomhéadan ar líne a dhearadh agus a eagrú ar bhealach lena gcuirtear ar chumas trádálaithe a thairgeann an táirge an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad a sholáthar i gcomhair gach táirge a thairgtear agus ar bhealach lena n-áirithítear go bhfuil an fhaisnéis ar taispeáint nó go bhfuil rochtain éasca ag tomhaltóirí uirthi ar shlí eile ar liostáil an táirge:

(a)

ainm, trádainm cláraithe nó trádmharc cláraithe an mhonaróra, mar aon leis an seoladh poist agus an seoladh leictreonach teagmhála lenar féidir teagmháil a dhéanamh leis an monaróir;

(b)

i gcás nach bhfuil an monaróir bunaithe san Aontas, ainm, seoladh poist agus seoladh leictreonach an duine atá freagrach de réir bhrí Airteagal 16(1) den Rialachán seo nó Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2019/1020;

(c)

faisnéis lenar féidir an táirge a shainaithint, lena n-áirítear pictiúr de, a chineál agus aon aitheantóir táirge eile; agus

(d)

aon rabhadh nó faisnéis sábháilteachta atá le greamú ar an táirge nó atá le gabháil leis i gcomhréir leis an Rialachán seo nó le reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú is infheidhme i dteanga atá sothuigthe ag tomhaltóirí, de réir mar a chinneann an Ballstát ina gcuirtear an táirge ar fáil ar an margadh.

10.   Áireofar sna próisis inmheánacha dá dtagraítear i mír 3 sásraí lena gcuirtear ar chumas trádálaithe an méid seo a leanas a sholáthar:

(a)

faisnéis i gcomhréir le mír 9 den Airteagal seo lena n-áirítear faisnéis faoin monaróir atá bunaithe san Aontas nó, i gcás inarb infheidhme, faoin duine atá freagrach de réir bhrí Airteagal 16(1) den Rialachán seo nó Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2019/1020; agus

(b)

a bhféindeimhniúchán ina dtugann siad gealltanas gan ach táirgí a chomhlíonann an Rialachán seo a thairiscint agus faisnéis aitheantais bhreise, i gcomhréir le hAirteagal 30(1) de Rialachán (AE) 2022/2065, i gcás inarb infheidhme.

11.   Chun Airteagal 23 de Rialachán (AE) 2022/2065 maidir le sábháilteacht táirgí a chomhlíonadh, déanfaidh soláthraithe margaí ar líne soláthar a gcuid seirbhísí do thrádálaithe a thairgeann táirgí go minic nach gcomhlíonann an Rialachán seo a chur ar fionraí ar feadh tréimhse réasúnta ama agus tar éis réamhfhógra a thabhairt.

12.   Comhoibreoidh soláthraithe margaí ar líne leis na húdaráis um fhaireachas margaidh, le trádálaithe agus le hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha chun éascaíocht a dhéanamh ar aon ghníomhaíocht arna déanamh chun deireadh a chur leis na rioscaí a bhaineann le táirge a thairgtear nó a tairgeadh ar líne trína gcuid seirbhísí nó, mura féidir sin a dhéanamh, chun na rioscaí sin a mhaolú.

Go háirithe, déanfaidh soláthraithe margaí ar líne an méid seo a leanas:

(a)

a áirithiú go gcuireann siad faisnéis iomchuí agus thráthúil ar fáil do thomhaltóirí, lena n-áirítear tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(i)

fógra a thabhairt go díreach do gach tomhaltóir dá ndéantar difear a cheannaigh an táirge ábhartha trína gcomhéadain i gcás aisghairm táirge ar mhaithe le sábháilteacht a bhfuil eolas iarbhír acu ina leith nó i gcás nach mór aird tomhaltóirí a dhíriú ar fhaisnéis áirithe chun úsáid shábháilte táirge a áirithiú (‘an rabhadh sábháilteachta’) i gcomhréir le hAirteagal 35 nó 36, nó leis an dá Airteagal araon;

(ii)

faisnéis faoi aisghairmeacha táirgí ar mhaithe le sábháilteacht a fhoilsiú ar a gcomhéadain ar líne;

(b)

an t-oibreoir eacnamaíoch ábhartha a chur ar an eolas faoin gcinneadh rochtain ar an ábhar a thagraíonn do thairiscint ar tháirge contúirteach a bhaint nó a dhíchumasú;

(c)

comhoibriú le húdaráis um fhaireachas margaidh agus le hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha chun aisghairmeacha táirgí éifeachtacha a áirithiú, lena n-áirítear trí staonadh ó bhac a chur ar aisghairmeacha táirgí;

(d)

údaráis um fhaireachas margaidh na mBallstát inar cuireadh an táirge ábhartha ar fáil ar an margadh a chur ar an eolas láithreach, trí Safety Buisness Gateway, faoi tháirgí contúirteacha a tairgeadh ar a gcomhéadain ar líne, táirgí a bhfuil eolas iarbhír acu orthu, trí na mionsonraí iomchuí atá ar fáil dóibh faoin riosca do shláinte agus sábháilteacht na dtomhaltóirí, faoi chainníocht na dtáirgí atá fós i gcúrsaíocht ar an margadh de réir Ballstáit, má tá na mionsonraí sin ar fáil, agus faoi aon bheart ceartaitheach a rinneadh cheana, go bhfios dóibh, a thabhairt;

(e)

comhoibriú maidir le tionóiscí a dtugtar fógra dóibh ina leith, lena n-áirítear tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(i)

na trádálaithe agus na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha a chur ar an eolas gan mhoill faoin bhfaisnéis a fuair siad maidir le tionóiscí nó saincheisteanna sábháilteachta, i gcás ina bhfuil eolas acu gur thairg na trádálaithe sin an táirge i dtrácht trína gcomhéadain;

(ii)

fógra a thabhairt, gan moill mhíchuí trí Safety Buisness Gateway, faoi aon tionóisc a bhfuil eolas tugtha dóibh ina leith, as a n-eascraíonn riosca tromchúiseach nó damáiste iarbhír do shláinte nó sábháilteacht tomhaltóra, ar táirge a cuireadh ar fáil ar a margadh ar líne ba chúis léi agus an monaróir a chur ar an eolas faoi sin;

(f)

comhoibriú leis na húdaráis forfheidhmithe dlí ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, lena n-áirítear an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF), trí fhaisnéis a mhalartú go tráthrialta agus ar bhealach struchtúrtha faoi na tairiscintí a bhain soláthraithe margaí ar líne ar bhonn an Airteagail seo;

(g)

rochtain ar a gcomhéadain a cheadú do na huirlisí ar líne a oibríonn na húdaráis um fhaireachas margaidh chun táirgí contúirteacha a shainaithint;

(h)

comhoibriú chun slabhra soláthair na dtáirgí contúirteacha a shainaithint, a mhéid is féidir, trí fhreagra a thabhairt ar iarrataí ar shonraí i gcás nach bhfuil an fhaisnéis ábhartha ar fáil go poiblí;

(i)

ar iarraidh réasúnaithe ó na húdaráis um fhaireachas margaidh, nuair atá bacainní teicniúla curtha i bhfeidhm ag soláthraithe margaí ar líne nó díoltóirí ar líne maidir le sonraí a asbhaint óna gcomhéadain ar líne (camchóipeáil sonraí), gan camchóipeáil sonraí den sórt sin a cheadú ach amháin chun críoch sábháilteachta táirgí bunaithe ar pharaiméadair aitheantais arna soláthar ag na húdaráis um fhaireachas margaidh a rinne an iarraidh.

CAIBIDIL V

FAIREACHAS MARGAIDH AGUS CUR CHUN FEIDHME

Airteagal 23

Faireachas margaidh

1.   Beidh feidhm ag Airteagal 10, Airteagal 11(1) go 7, Airteagail 12 go 15, Airteagal 16(1) go (5), Airteagail 18 agus 19 agus Airteagail 21 go 24 de Rialachán (AE) 2019/1020 maidir leis na táirgí a chumhdaítear leis an Rialachán seo.

2.   Chun críoch an Rialacháin seo, beidh feidhm ag Rialachán (AE) 2019/1020 mar a leanas:

(a)

tagairtí do ‘reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú’, ‘reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú is infheidhme’, ‘an Rialachán seo agus le haghaidh chur i bhfeidhm reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú’, ‘reachtaíocht ábhartha an Aontais um chomhchuibhiú’ agus ‘reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú nó an Rialachán seo’ in Airteagail 11, 13, 14, 16, 18 agus 23 den Rialachán sin, léifear iad mar thagairtí don ‘Rialachán seo’;

(b)

an tagairt do ‘an reachtaíocht sin agus an Rialachán seo’ in Airteagail 11(1), pointe (b), den Rialachán sin, léifear í mar thagairt don ‘Rialachán seo’;

(c)

tagairtí do ‘Líonra’ in Airteagail 11 go 13 agus Airteagal 21 den Rialachán sin, léifear iad mar thagairtí do ‘Líonra agus Líonra um Shábháilteacht Tomhaltóirí dá dtagraítear in Airteagal 30 den Rialachán seo’;

(d)

tagairtí do ‘neamhchomhlíonadh’ agus ‘neamhchomhlíontach’ in Airteagal 11, Airteagail 13 go 16, agus Airteagail 22 agus 23 den Rialachán sin, léifear iad mar thagairtí do ‘mainneachtain an Rialachán seo a chomhlíonadh’;

(e)

an tagairt do ‘Airteagal 41’ in Airteagal 14(4), pointe (i), den Rialachán sin, léifear í mar thagairt do ‘Airteagal 44 den Rialachán seo’;

(f)

an tagairt do ‘Airteagal 20’ in Airteagal 19(1) den Rialachán sin, léifear í mar thagairt do ‘Airteagal 26 den Rialachán seo’.

3.   I gcás inar sainaithníodh táirge contúirteach, féadfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh faisnéis a iarraidh ar an monaróir faoi tháirgí eile, arna dtáirgeadh tríd an nós imeachta céanna a úsáid, a bhfuil na comhpháirteanna céanna iontu nó ar cuid den bhaisc táirgthe chéanna iad, ar táirgí iad a bhfuil an riosca céanna ag baint leo.

Airteagal 24

Tuairisciú

1.   Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún, tráth nach déanaí ná 2 bhliain tar éis ghlacadh an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2 agus gach bliain ina dhiaidh sin, sonraí a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Tar éis teachtaireacht a fháil ó na Ballstáit, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil achomair a tharraingt suas gach bliain agus í a chur ar fáil don phobal.

2.   Cinnfidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na táscairí aschuir ar ar a mbonn atá na Ballstáit leis na sonraí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chur in iúl. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 46(3).

CAIBIDIL VI

AN CÓRAS MEAR-RABHAIDH SAFETY GATE AGUS SAFETY BUISNESS GATEWAY

Airteagal 25

An Córas Mear-Rabhaidh Safety Gate

1.   An córas mear-rabhaidh chun faisnéis a mhalartú faoi bhearta ceartaitheacha a bhaineann le táirgí contúirteacha (‘an Córas Mear-Rabhaidh Safety Gate’), déanfaidh an Coimisiún é a fhorbairt, a nuachóiriú agus a chothabháil tuilleadh agus cuirfidh sé feabhas ar a éifeachtúlacht.

2.   Beidh rochtain ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit ar an gCóras Mear-Rabhaidh Safety Gate. Chun na críche sin, ainmneoidh gach Ballstát pointe teagmhála náisiúnta aonair a bheidh freagrach, ar a laghad, as iomláine na bhfógraí a sheiceáil agus as iad a thíolacadh lena mbailíochtú ag an gCoimisiún, agus as cumarsáid a dhéanamh leis an gCoimisiún maidir leis na cúraimí dá bhforáiltear in Airteagal 26(1) go (6).

Glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena sonraítear róil agus cúraimí na bpointí teagmhála náisiúnta aonair. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 46(3).

Airteagal 26

Fógra a thabhairt faoi tháirgí contúirteacha tríd an gCóras Mear-Rabhaidh Safety Gate

1.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra tríd an gCóras Mear-Rabhaidh Safety Gate faoi bhearta ceartaitheacha arna ndéanamh ag a n-údaráis nó ag oibreoirí eacnamaíocha ar bhonn an mhéid seo a leanas:

(a)

forálacha an Rialacháin seo, i ndáil le táirgí contúirteacha a bhfuil riosca tromchúiseach do shláinte agus sábháilteacht na dtomhaltóirí ag baint leo; agus

(b)

Airteagal 20 de Rialachán (AE) 2019/1020.

2.   Féadfaidh na Ballstáit fógra a thabhairt freisin tríd an gCóras Mear-Rabhaidh Safety Gate faoi bhearta ceartaitheacha atá beartaithe i ndáil le táirgí a bhfuil riosca tromchúiseach ag baint leo má mheasann siad gur gá sin maidir leis an bpráinn a bhaineann leis an riosca do shláinte nó do shábháilteacht tomhaltóirí.

3.   Gan dochar do mhír 1 den Airteagal seo, cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi bhearta ceartaitheacha arna ndéanamh ag a n-údaráis nó ag oibreoirí eacnamaíocha ar bhonn an Rialacháin seo, agus cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig na Ballstáit eile. Chun na críche sin, féadfaidh na Ballstáit fógra a thabhairt, tríd an gCóras Mear-Rabhaidh Safety Gate, faoi bhearta ceartaitheacha arna ndéanamh ag a n-údaráis nó ag oibreoirí eacnamaíocha ar bhonn an Rialacháin seo, reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú agus Rialachán (AE) 2019/1020 i ndáil le táirgí a bhfuil riosca nach bhfuil chomh tromchúiseach sin ag baint leo.

4.   Déanfaidh na húdaráis náisiúnta fógraí dá dtagraítear i mír 1 a thíolacadh gan mhoill tríd an gCóras Mear-Rabhaidh Safety Gate agus in aon chás laistigh de 4 lá oibre tar éis an beart ceartaitheach a dhéanamh.

5.   Faoi cheann 4 lá oibre tar éis dó fógra iomlán a fháil, seiceálfaidh an Coimisiún an gcomhlíonann sé an tAirteagal seo agus na ceanglais a bhaineann le hoibriú an Chórais Mear-Rabhaidh Safety Gate arna shainiú ag an gCoimisiún ar bhonn mhír 10. Má chomhlíonann an fógra an tAirteagal seo agus na ceanglais sin, tarchuirfidh an Coimisiún chuig na Ballstáit eile é.

6.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra gan moill mhíchuí tríd an gCóras Mear-Rabhaidh Safety Gate faoi aon nuashonrú nó modhnú ar na bearta ceartaitheacha dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 3 nó faoi aon bhearta ceartaitheacha den sórt sin a tarraingíodh siar.

7.   I gcás ina dtugann Ballstát fógra faoi bhearta ceartaitheacha a rinneadh i ndáil le táirgí a bhfuil riosca tromchúiseach ag baint leo, tabharfaidh na Ballstáit eile fógra tríd an gCóras Mear-Rabhaidh Safety Gate faoi na bearta ceartaitheacha nó na gníomhaíochtaí eile a rinneadh ina dhiaidh sin i ndáil leis na táirgí céanna agus aon fhaisnéis ábhartha eile, lena n-áirítear torthaí aon tástálacha nó anailísí a rinneadh, gan moill mhíchuí agus in aon chás tráth nach déanaí ná 4 lá oibre tar éis na bearta nó na gníomhaíochtaí a dhéanamh.

8.   Má shainaithníonn an Coimisiún, lena n-áirítear ar bhonn faisnéis a fhaightear ó thomhaltóirí nó eagraíochtaí tomhaltóirí, táirgí ar dócha go mbeidh riosca tromchúiseach ag baint leo agus nach bhfuil fógra tugtha ag na Ballstáit ina leith tríd an gCóras Mear-Rabhaidh Safety Gate, cuirfidh sé é sin in iúl do na Ballstáit. Déanfaidh na Ballstáit na fíoruithe iomchuí agus, má ghlacann siad bearta, tabharfaidh siad fógra fúthu tríd an gCóras Mear-Rabhaidh Safety Gate i gcomhréir le mír 1.

9.   Déanfaidh an Coimisiún an comhéadan dá dtagraítear in Airteagal 20(5) de Rialachán (AE) 2019/1020 a chur chun feidhme idir an córas faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 34 den Rialachán sin agus an Córas Mear-Rabhaidh Safety Gate chun go mbeifear in ann dréachtfhógra sa Chóras Mear-Rabhaidh Safety Gate a spreagadh ón gcóras faisnéise agus cumarsáide sin ionas go seachnófaí iontráil dhúbailte sonraí.

10.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 45 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd an méid seo a leanas, go háirithe, a shonrú:

(a)

an rochtain ar an gCóras Mear-Rabhaidh Safety Gate;

(b)

oibriú an Chórais Mear-Rabhaidh Safety Gate;

(c)

an fhaisnéis atá le hiontráil sa Chóras Mear-Rabhaidh Safety Gate;

(d)

na ceanglais nach mór a chomhlíonadh le fógraí; agus

(e)

na critéir chun measúnú a dhéanamh ar an leibhéal riosca.

Airteagal 27

Safety Buisness Gateway

1.   Déanfaidh an Coimisiún tairseach ghréasáin a chothabháil lena gcuirtear ar chumas na n-oibreoirí eacnamaíocha agus na soláthraithe margaí ar líne an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 9(8) agus (9), Airteagal 10(2), pointe (c), Airteagal 11(2) agus (8), Airteagal 12(4), agus Airteagail 20 agus 22 a sholáthar, ar bhealach éasca, do na húdaráis um fhaireachas margaidh agus do thomhaltóirí (‘Safety Buisness Gateway’).

2.   Déanfaidh an Coimisiún treoirlínte a tharraingt suas maidir le cur chun feidhme praiticiúil Safety Buisness Gateway.

CAIBIDIL VII

RÓL AGUS COMHORDÚ FORFHEIDHMIÚCHÁIN AN CHOIMISIÚIN

Airteagal 28

Gníomhaíocht an Aontais i gcoinne táirgí a bhfuil riosca tromchúiseach ag baint leo

1.   Má thagann an Coimisiún ar an eolas faoi tháirge, nó faoi chatagóir shonrach táirgí nó grúpa sonrach táirgí, a bhfuil riosca tromchúiseach ag baint leis nó léi do shláinte agus sábháilteacht na dtomhaltóirí, féadfaidh sé aon bheart iomchuí a dhéanamh, ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin do Bhallstáit, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, ar bearta iad a chuirfear in oiriúint do thromchúis agus práinn an cháis más rud é:

(a)

nach féidir dul i ngleic leis an riosca, i bhfianaise chineál na saincheiste sábháilteachta a bhaineann leis an táirge, le catagóir táirgí nó grúpa táirgí, ar bhealach atá comhoiriúnach le leibhéal tromchúise agus práinne an cháis, faoi nósanna imeachta eile a leagtar síos le dlí sonrach an Aontais is infheidhme maidir leis na táirgí lena mbaineann; agus

(b)

nach féidir deireadh a chur leis an riosca ar bhealach éifeachtach ach amháin trí bhearta iomchuí is infheidhme ar leibhéal an Aontais a ghlacadh, chun leibhéal cosanta atá comhsheasmhach agus ard a áirithiú do shláinte agus sábháilteacht na dtomhaltóirí agus chun feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú.

Féadfar a áireamh sna bearta sin bearta lena dtoirmisctear, lena gcuirtear ar fionraí nó lena sriantar táirgí den sórt sin a chur ar an margadh nó a chur ar fáil ar an margadh nó lena leagtar síos coinníollacha speisialta dá measúnú comhréireachta maidir leis an gceanglas sábháilteachta, de réir mar is infheidhme, nó dá margú, amhail tástáil shamplach ionadaíoch ar na táirgí sin, chun ardleibhéal cosanta le haghaidh shábháilteacht na dtomhaltóirí a áirithiú.

Déanfaidh na Ballstáit, laistigh dá ndlínse, gach beart forfheidhmiúcháin iomchuí is gá chun cur chun feidhme éifeachtach na ngníomhartha cur chun feidhme sin a áirithiú. Cuirfidh údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann an Coimisiún ar an eolas faoi na bearta forfheidhmiúcháin arna ndéanamh.

Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht rialta ar éifeachtúlacht na mbeart forfheidhmiúcháin arna ndéanamh ag na Ballstáit agus cuirfidh sé an Líonra um Shábháilteacht Tomhaltóirí ar an eolas faoi thoradh na meastóireachta sin.

2.   Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 46(3). Sonrófar sna gníomhartha cur chun feidhme sin an dáta a scoirfidh siad d’fheidhm a bheith acu.

3.   Ar mhórchúiseanna cuí-réasúnaithe práinne a bhaineann le sláinte agus sábháilteacht na dtomhaltóirí, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 46(4).

4.   Beidh toirmeasc ar onnmhairiú táirge ón Aontas atá toirmiscthe óna chur ar mhargadh an Aontais nó óna chur ar fáil ar mhargadh an Aontais de bhun beart arna ghlacadh i gcomhréir le mír 1 nó 3, ach amháin má cheadaítear é sin a dhéanamh go sainráite leis an mbeart ar chúiseanna cuí-réasúnaithe.

5.   Féadfaidh aon Bhallstát iarraidh chuí-réasúnaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin chun scrúdú a dhéanamh ar an ngá le beart dá dtagraítear i mír 1 nó 3 a ghlacadh.

Airteagal 29

Iarraidh ar thuairim ón gCoimisiún maidir le héagsúlachtaí sa mheasúnú riosca

1.   Maidir le táirgí a mheastar a bheith contúirteach ar bhonn cinneadh ó údarás um fhaireachas margaidh i mBallstát amháin faoin Rialachán seo, glacfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh sna Ballstáit eile leis go bhfuil siad contúirteach freisin.

2.   I gcás ina dtagann údaráis um fhaireachas margaidh i mBallstáit éagsúla ar chonclúidí éagsúla maidir le sainaithint nó leibhéal an riosca ar bhonn a n-imscrúdaithe agus a measúnaithe riosca féin, féadfaidh aon Bhallstát an t-ábhar a tharchur chuig an gCoimisiún, ag iarraidh a thuairime ar an ábhar agus déanfaidh an Coimisiún, gan moill mhíchuí, tuairim a eisiúint maidir le sainaithint nó leibhéal riosca an táirge ábhartha, de réir mar is iomchuí. I gcás nár tarchuireadh an t-ábhar chuig an gCoimisiún, féadfaidh an Coimisiún, mar sin féin, tuairim a eisiúint ar a thionscnamh féin. Chun tuairim dá dtagraítear sa mhír seo a eisiúint, féadfaidh an Coimisiún faisnéis agus doiciméid ábhartha a iarraidh agus iarrfaidh sé ar na Ballstáit uile a dtuairimí a chur in iúl.

3.   I gcás ina n-eisíonn an Coimisiún tuairim de bhun mhír 2, tabharfaidh na Ballstáit aird chuí uirthi.

4.   Déanfaidh an Coimisiún treoirlínte a tharraingt suas maidir le cur chun feidhme praiticiúil an Airteagail seo.

5.   Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a tharraingt suas go tréimhsiúil maidir le cur i bhfeidhm an Airteagail seo agus déanfaidh sé í a thíolacadh chuig an Líonra um Shábháilteacht Tomhaltóirí.

Airteagal 30

An Líonra um Shábháilteacht Tomhaltóirí

1.   Bunaítear leis seo líonra Eorpach d’údaráis na mBallstát atá inniúil maidir le sábháilteacht táirgí (‘an Líonra um Shábháilteacht Tomhaltóirí’).

Is é a bheidh mar chuspóir don Líonra um Shábháilteacht Tomhaltóirí a bheith mar ardán le haghaidh comhordú struchtúrtha agus comhar struchtúrtha idir údaráis na mBallstát agus an Coimisiún a mhéid a bhaineann le feabhas a chur ar shábháilteacht táirgí san Aontas.

2.   Déanfaidh an Coimisiún oibriú an Líonra um Shábháilteacht Tomhaltóirí a chur chun cinn agus glacfaidh sé páirt ann, go háirithe i bhfoirm comhar riaracháin.

3.   Is iad seo a leanas, go háirithe, na cúraimí a bheidh ar an Líonra um Shábháilteacht Tomhaltóirí:

(a)

éascaíocht a dhéanamh ar mhalartú rialta faisnéise maidir le measúnú riosca, táirgí contúirteacha, modhanna tástála agus torthaí, caighdeáin, modheolaíochtaí chun sonraí a bhailiú, idir-inoibritheacht córas faisnéise agus cumarsáide, forbairtí nua eolaíocha agus úsáid na dteicneolaíochtaí nua chomh maith le gnéithe eile a bhaineann le gníomhaíochtaí rialaithe;

(b)

bunú agus cur i gcrích comhthionscadal faireachais agus tástála a eagrú, lena n-áirítear i gcomhthéacs na ríomhthráchtála;

(c)

malartú saineolais agus dea-chleachtas agus comhar i ngníomhaíochtaí oiliúna a chur chun cinn;

(d)

feabhas a chur ar an gcomhar ar leibhéal an Aontais maidir le táirgí contúirteacha a rianú, a tharraingt siar agus a aisghairm;

(e)

éascaíocht a dhéanamh ar chomhar feabhsaithe agus struchtúrtha idir na Ballstáit maidir le forfheidhmiú sábháilteachta táirgí, go háirithe chun na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 32 a éascú; agus

(f)

cur chun feidhme an Rialacháin seo a éascú.

4.   Déanfaidh an Líonra um Shábháilteacht Tomhaltóirí a ghníomhaíocht a chomhordú le gníomhaíochtaí eile de chuid an Aontais atá ann cheana a bhaineann le faireachas margaidh agus sábháilteacht tomhaltóirí agus, i gcás inarb ábhartha, comhoibreoidh sé le líonraí, grúpaí agus comhlachtaí eile de chuid an Aontais agus malartóidh sé faisnéis leo.

5.   Glacfaidh an Líonra um Shábháilteacht Tomhaltóirí a chlár oibre, lena leagfar amach, inter alia, na tosaíochtaí maidir le sábháilteacht na dtáirgí agus maidir leis na rioscaí a chumhdaítear leis an Rialachán seo, san Aontas.

Tiocfaidh an Líonra um Shábháilteacht Tomhaltóirí le chéile ar bhonn rialta agus, i gcás inar gá, ar iarraidh chuí-réasúnaithe ón gCoimisiún nó ó Bhallstát.

Féadfaidh an Líonra um Shábháilteacht Tomhaltóirí cuireadh a thabhairt do shaineolaithe agus do thríú páirtithe eile, lena n-áirítear eagraíochtaí tomhaltóirí, freastal ar a chuid cruinnithe.

6.   Déanfar ionadaíocht chuí ar an Líonra um Shábháilteacht Tomhaltóirí agus glacfaidh sé páirt go rialta i ngníomhaíochtaí ábhartha Líonra an Aontais um Chomhlíonadh Táirgí a bunaíodh faoi Airteagal 29 de Rialachán (AE) 2019/1020 agus rannchuideoidh sé lena ghníomhaíochtaí i ndáil le sábháilteacht táirgí chun comhordú leormhaith ar ghníomhaíochtaí faireachais margaidh i réimsí comhchuibhithe agus neamh-chomhchuibhithe araon a áirithiú.

Airteagal 31

Gníomhaíochtaí comhpháirteacha maidir le sábháilteacht táirgí

1.   Faoi chuimsiú na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 30(3), pointe (b), féadfaidh údaráis um fhaireachas margaidh comhaontú a dhéanamh le húdaráis ábhartha eile nó le heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht d’oibreoirí eacnamaíocha nó do thomhaltóirí chun gníomhaíochtaí a dhéanamh arb é is aidhm dóibh sábháilteacht agus cosaint shláinte na dtomhaltóirí a áirithiú maidir le catagóirí sonracha táirgí arna gcur ar fáil ar an margadh, go háirithe catagóirí na dtáirgí ar minic a mheastar go mbaineann riosca tromchúiseach do shláinte agus sábháilteacht na dtomhaltóirí leo.

2.   Áiritheoidh na húdaráis ábhartha um fhaireachas margaidh agus na páirtithe dá dtagraítear i mír 1 nach mbeidh iomaíocht éagórach idir oibreoirí eacnamaíocha ann mar thoradh ar an gcomhaontú maidir le gníomhaíochtaí den sórt sin a dhéanamh agus nach ndéanfaidh sé difear d’oibiachtúlacht, neamhspleáchas ná neamhchlaontacht na bpáirtithe sin.

3.   Eagróidh an Coimisiún ar bhonn rialta gníomhaíochtaí comhpháirteacha na n-údarás um fhaireachas margaidh trína ndéanann na húdaráis um fhaireachas margaidh cigireachtaí maidir le táirgí a thairgtear ar líne nó as líne, ar táirgí iad a fuair na húdaráis um fhaireachas margaidh sin faoi chéannacht cheilte.

4.   Féadfaidh údarás um fhaireachas margaidh úsáid a bhaint as aon fhaisnéis a fhaightear de thoradh na ngníomhaíochtaí comhpháirteacha a dhéantar mar chuid d’aon imscrúdú a bhaineann le sábháilteacht táirgí a rinne sé.

5.   Cuirfidh an t-údarás um fhaireachas margaidh lena mbaineann an comhaontú maidir le gníomhaíochtaí comhpháirteacha, lena n-áirítear ainmneacha na bpáirtithe lena mbaineann, ar fáil don phobal agus iontrálfaidh sé an comhaontú sin sa chóras faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2019/1020. Cuirfidh an Coimisiún an comhaontú sin ar fáil ar an Tairseach Safety Gate.

Airteagal 32

Gníomhaíochtaí rialaithe comhordaithe comhuaineacha na n-údarás um fhaireachas margaidh (‘Scuab-imscrúduithe’)

1.   Déanfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh lena mbaineann gníomhaíochtaí rialaithe comhordaithe comhuaineacha (‘scuab-imscrúduithe’) go rialta maidir le táirgí áirithe nó catagóirí áirithe táirgí agus é mar chuspóir leis comhlíontacht leis an Rialachán seo a sheiceáil.

2.   Mura gcomhaontaíonn na húdaráis um fhaireachas margaidh lena mbaineann a mhalairt, is é an Coimisiún a chomhordóidh na scuab-imscrúduithe. Déanfaidh comhordaitheoir an scuab-imscrúdaithe, i gcás inarb iomchuí, na torthaí comhiomlánaithe a chur ar fáil don phobal.

3.   Agus scuab-imscrúduithe á ndéanamh acu, féadfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh lena mbaineann úsáid a bhaint as na cumhachtaí imscrúdúcháin a leagtar amach i gCaibidil V agus as aon chumhacht eile a thugtar dóibh faoin dlí náisiúnta.

4.   Féadfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh a iarraidh ar oifigigh de chuid an Choimisiúin agus ar dhaoine tionlacain eile atá údaraithe ag an gCoimisiún a bheith rannpháirteach i scuab-imscrúduithe.

CAIBIDIL VIII

AN CEART CHUN FAISNÉISE AGUS CHUN LEIGHIS

Airteagal 33

Faisnéis idir údaráis agus an pobal i gcoitinne

1.   Faisnéis atá ar fáil d’údaráis na mBallstát nó don Choimisiún a bhaineann le bearta maidir le táirgí a bhfuil rioscaí do shláinte agus sábháilteacht na dtomhaltóirí ag baint leo, déanfar an fhaisnéis sin a chur ar fáil go ginearálta don phobal, i gcomhréir leis na ceanglais maidir le trédhearcacht agus gan dochar do na srianta a cheanglaítear le haghaidh gníomhaíochtaí faireacháin agus imscrúdúcháin. Beidh rochtain ag an bpobal, go háirithe, ar fhaisnéis faoi shainaithint táirgí, cineál an riosca agus na bearta arna ndéanamh. Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil i bhformáidí inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas freisin.

2.   Déanfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún na bearta uile is gá chun a áirithiú go bhfuil sé de cheangal ar a n-oifigigh agus ar a ngníomhairí an fhaisnéis a fhaightear chun críocha an Rialacháin seo a chosaint. Déileálfar leis an bhfaisnéis sin mar fhaisnéis rúnda i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta.

3.   Mar gheall ar chosaint na rúndachta gairmiúla, ní chuirfear cosc ar scaipeadh faisnéise chuig údaráis inniúla na mBallstát ná chuig an gCoimisiún, ar faisnéis í atá ábhartha chun éifeachtúlacht gníomhaíochtaí faireacháin agus faireachais margaidh a áirithiú. Déanfaidh na húdaráis a fhaigheann faisnéis a chumhdaítear le rúndacht ghairmiúil cosaint na faisnéise sin a áirithiú i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta.

4.   Tabharfaidh na Ballstáit deis do thomhaltóirí agus do pháirtithe leasmhara eile gearáin a chur faoi bhráid na n-údarás inniúil maidir le sábháilteacht táirgí, maidir le gníomhaíochtaí faireachais agus rialaithe a bhaineann le táirgí sonracha agus maidir le cásanna nach bhfuil leigheasanna a thairgtear do thomhaltóirí sásúil i gcás aisghairmeacha táirgí. Déanfar obair leantach ar ghearáin den sórt sin de réir mar is iomchuí. Cuirfidh na húdaráis inniúla faisnéis iomchuí ar fáil don ghearánach faoin obair leantach, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

Airteagal 34

An Tairseach Safety Gate

1.   Chun críoch Airteagal 9(9), Airteagail 20 agus 22, Airteagal 31(5) agus Airteagal 33(1), déanfaidh an Coimisiún Tairseach Safety Gate a chothabháil (an ‘Tairseach Safety Gate’), lena dtugtar rochtain saor in aisce agus oscailte don phobal i gcoitinne ar fhaisnéis roghnaithe ar tugadh fógra ina leith i gcomhréir le hAirteagal 26 (‘an Tairseach Safety Gate’).

2.   Beidh comhéadan ag an Tairseach Safety Gate atá iomasach d’úsáideoirí agus beidh an fhaisnéis a chuirtear ar fáil ar an tairseach sin inrochtana go héasca ag an bpobal, lena n-áirítear ag daoine faoi mhíchumas.

3.   Beidh an deis ag tomhaltóirí agus ag páirtithe leasmhara eile an Coimisiún a chur ar an eolas faoi tháirgí a bhféadfadh riosca do shláinte agus sábháilteacht na dtomhaltóirí a bheith ag baint leo trí roinn ar leithligh den Tairseach Safety Gate. Tabharfaidh an Coimisiún aird chuí ar an bhfaisnéis a fhaightear agus, tar éis a cruinneas a fhíorú, i gcás inarb iomchuí, cuirfidh sé an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig na Ballstáit ábhartha gan moill mhíchuí chun a áirithiú go ndéantar obair leantach iomchuí ar an bhfaisnéis sin. Cuirfidh an Coimisiún tomhaltóirí agus páirtithe leasmhara eile ar an eolas faoina ghníomhaíocht.

4.   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, na rialacha mionsonraithe a ghlacadh maidir le seoladh faisnéise ó thomhaltóirí i gcomhréir le mír 3, agus maidir le faisnéis den sórt sin a tharchur chuig na húdaráis náisiúnta lena mbaineann chun go bhféadfaí obair leantach a dhéanamh ina leith. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 46(3).

5.   Faoin 13 Nollaig 2024, forbróidh an Coimisiún comhéadan idir-inoibritheach lena gcuirtear ar chumas soláthraithe margaí ar líne a gcomhéadain a nascadh leis an Tairseach Safety Gate.

6.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonraítear cur chun feidhme an chomhéadain idir-inoibrithigh ar an Tairseach Safety Gate i gcomhréir le mír 5, go háirithe maidir leis an rochtain ar an gcóras agus maidir le hoibriú an chórais. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 46(3).

Airteagal 35

Faisnéis ó oibreoirí eacnamaíocha agus ó sholáthraithe margaí ar líne do thomhaltóirí faoi shábháilteacht táirgí

1.   I gcás aisghairm táirge ar mhaithe le sábháilteacht, nó i gcás nach mór aird na dtomhaltóirí a dhíriú ar fhaisnéis áirithe chun úsáid shábháilte táirge a áirithiú (‘rabhadh sábháilteachta’), áiritheoidh oibreoirí eacnamaíocha, i gcomhréir lena n-oibleagáidí faoi seach dá bhforáiltear in Airteagail 9, 10, 11 agus 12, agus soláthraithe margaí ar líne i gcomhréir lena n-oibleagáidí dá bhforáiltear in Airteagal 22(12), go dtugtar fógra go díreach agus gan moill mhíchuí do na tomhaltóirí uile dá ndéantar difear agus is féidir a shainaithint. Bainfidh oibreoirí eacnamaíocha agus, i gcás inarb infheidhme, soláthraithe margaí ar líne a bhailíonn sonraí pearsanta a gcustaiméirí úsáid as an bhfaisnéis sin le haghaidh aisghairmeacha agus rabhaidh shábháilteachta.

2.   I gcás ina bhfuil córais cláraithe táirgí nó cláir dhílseachta do chustaiméirí i bhfeidhm ag oibreoirí eacnamaíocha agus ag soláthraithe margaí ar líne lena gcumasaítear sainaithint a dhéanamh ar tháirgí a cheannaíonn tomhaltóirí chun críoch eile seachas teagmháil a dhéanamh lena gcustaiméirí maidir le faisnéis sábháilteachta, tabharfaidh siad an deis dá gcustaiméirí sonraí teagmhála ar leithligh a sholáthar chun críoch a bhaineann le sábháilteacht agus chun na gcríoch sin amháin. Beidh na sonraí pearsanta a bhailítear chun na críche sin teoranta don íosmhéid is gá agus ní dhéanfar na sonraí sin a úsáid ach chun teagmháil a dhéanamh le tomhaltóirí i gcás aisghairme nó rabhadh sábháilteachta.

3.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, ceanglais a leagan amach, le haghaidh táirgí sonracha nó catagóirí sonracha táirgí, ar ceanglais iad atá le comhlíonadh ag oibreoirí eacnamaíocha agus ag soláthraithe margaí ar líne chun an deis a thabhairt do thomhaltóirí táirge a cheannaigh siad a chlárú chun fógra a fháil go díreach i gcás aisghairm táirge ar mhaithe le sábháilteacht nó rabhadh sábháilteachta i ndáil leis an táirge sin, i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 46(3).

4.   I gcás nach féidir dul i dteagmháil leis na tomhaltóirí uile dá ndéantar difear faoi mhír 1, déanfaidh oibreoirí eacnamaíocha agus soláthraithe margaí ar líne, i gcomhréir lena bhfreagrachtaí faoi seach, fógra aisghairme nó rabhadh sábháilteachta atá soiléir agus infheicthe a scaipeadh trí bhealaí iomchuí eile, lena n-áirithítear an rochtain is leithne is féidir lena n-áirítear, i gcás ina bhfuil fáil orthu, suíomh gréasáin na cuideachta, cainéil na meán sóisialta, nuachtlitreacha agus asraonta miondíola agus, de réir mar is iomchuí, fógraí sna mórmheáin agus i gcainéil chumarsáide eile. Beidh an fhaisnéis inrochtana ag daoine faoi mhíchumas.

Airteagal 36

Fógra aisghairme

1.   I gcás ina soláthraítear faisnéis faoi aisghairm táirge ar mhaithe le sábháilteacht do thomhaltóirí i bhfoirm scríofa, i gcomhréir le hAirteagal 35(1) agus (4), is i bhfoirm fógra aisghairme a bheidh sí.

2.   Cuirfear fógra aisghairme atá sothuigthe ag tomhaltóirí ar fáil i dteanga nó teangacha an Bhallstáit nó na mBallstát inar cuireadh an táirge ar fáil ar an margadh agus beidh na heilimintí seo a leanas san áireamh ann:

(a)

ceannlíne ina bhfuil na focail ‘Aisghairm táirge ar mhaithe le sábháilteacht’;

(b)

tuairisc shoiléir ar an táirge aisghairthe, lena n-áirítear:

(i)

pictiúr den táirge agus ainm agus branda an táirge;

(ii)

uimhreacha aitheantais an táirge, amhail baiscuimhir nó sraithuimhir, agus, más infheidhme, tásc grafach den áit a bhfuil siad ar an táirge; agus

(iii)

faisnéis maidir le cathain agus cá háit a díoladh an táirge agus maidir le cé a dhíol é, má tá an fhaisnéis sin ar fáil.

(c)

tuairisc shoiléir ar an nguais a bhaineann leis an táirge aisghairthe, lena seachnaítear aon eilimint a d’fhéadfadh tuiscint na dtomhaltóirí ar an riosca a laghdú, amhail trí úsáid a bhaint as téarmaí agus nathanna amhail ‘deonach’, ‘réamhchúramach’, ‘lánroghnach’, ‘i gcásanna annamha’ nó ‘i gcásanna sonracha’ nó trí léiriú nach raibh aon tionóisc tuairiscithe ina thaobh;

(d)

tuairisc shoiléir ar an ngníomhaíocht ba cheart do thomhaltóirí a dhéanamh, lena n-áirítear treoir chun stop láithreach a chur le húsáid an táirge aisghairthe;

(e)

tuairisc shoiléir ar na leigheasanna atá ar fáil do thomhaltóirí i gcomhréir le hAirteagal 37;

(f)

uimhir shaorghlao nó seirbhís idirghníomhach ar líne, trínar féidir le tomhaltóirí tuilleadh faisnéise a fháil i dteanga oifigiúil ábhartha nó i dteangacha oifigiúla ábhartha de chuid an Aontais; agus

(g)

spreagadh chun an fhaisnéis faoin aisghairm a chomhroinnt le daoine eile, más iomchuí.

3.   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an teimpléad le haghaidh fógra aisghairme a leagan amach, agus forbairtí eolaíocha agus margaidh á gcur san áireamh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 46(2). Cuirfidh an Coimisiún an teimpléad sin ar fáil i bhformáid lena gcuirtear ar chumas oibreoirí eacnamaíocha fógra aisghairme a chruthú go héasca, lena n-áirítear i bhformáidí inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas.

Airteagal 37

Leigheasanna i gcás aisghairm táirge ar mhaithe le sábháilteacht

1.   Gan dochar do Threoracha (AE) 2019/770 agus (AE) 2019/771, i gcás aisghairm táirge ar mhaithe le sábháilteacht arna tionscnamh ag oibreoir eacnamaíoch nó arna hordú ag údarás inniúil náisiúnta, tairgfidh an t-oibreoir eacnamaíoch atá freagrach as an aisghairm táirge ar mhaithe le sábháilteacht leigheas éifeachtach, saor ó chostas agus tráthúil don tomhaltóir.

2.   Gan dochar d’aon leigheasanna eile a fhéadfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch atá freagrach as an aisghairm a thairiscint don tomhaltóir, tairgfidh an t-oibreoir eacnamaíoch an rogha don tomhaltóir idir dhá cheann ar a laghad de na leigheasanna seo a leanas:

(a)

an táirge aisghairthe a dheisiú;

(b)

an táirge aisghairthe a athsholáthar le táirge den chineál céanna atá sábháilte agus atá ar comhluach agus comhchaighdeán ar a laghad leis an táirge aisghairthe; nó

(c)

aisíocaíocht leormhaith ar luach an táirge aisghairthe, ar choinníoll go mbeidh méid na haisíocaíochta cothrom ar a laghad leis an bpraghas a d’íoc an tomhaltóir.

Mar eisceacht ar an gcéad fhomhír, féadfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch leigheas amháin a thairiscint don tomhaltóir i gcás ina mbeadh leigheasanna eile dodhéanta nó, i gcomparáid leis an leigheas atá beartaithe, go gcuirfeadh sé costais dhíréireacha ar an oibreoir eacnamaíoch atá freagrach as an aisghairm táirge ar mhaithe le sábháilteacht, agus na himthosca go léir á gcur san áireamh, lena n-áirítear cibé an bhféadfaí an leigheas malartach a sholáthar gan míchaoithiúlacht shuntasach don tomhaltóir.

Beidh an tomhaltóir i dteideal i gcónaí aisíocaíocht a fháil ar an táirge nuair nach mbeidh an deisiú nó an t-athsholáthar curtha i gcrích ag an oibreoir eacnamaíoch atá freagrach as an aisghairm táirge ar mhaithe le sábháilteacht laistigh de thréimhse réasúnach ama agus gan míchaoithiúlacht shuntasach don tomhaltóir.

3.   Ní mheasfar gur leigheas éifeachtach é deisiú arna dhéanamh ag tomhaltóir ach amháin i gcás inar féidir leis an tomhaltóir é a dhéanamh go héasca agus go sábháilte agus i gcás ina bhfuil sé beartaithe san fhógra aisghairme. I gcásanna den sórt sin, soláthróidh an t-oibreoir eacnamaíoch atá freagrach as an aisghairm táirge ar mhaithe le sábháilteacht do thomhaltóirí na treoracha is gá, páirteanna athsholáthair saor in aisce nó nuashonruithe bogearraí saor in aisce. Mar gheall ar dheisiú arna dhéanamh ag tomhaltóir, ní bhainfear na cearta dá bhforáiltear i dTreoracha (AE) 2019/770 agus (AE) 2019/771 den tomhaltóir.

4.   Ní áireofar diúscairt an táirge ag tomhaltóirí ach amháin sna gníomhaíochtaí atá le déanamh ag tomhaltóirí faoi Airteagal 36(2), pointe (d), i gcás inar féidir leis an tomhaltóir diúscairt den sórt sin a dhéanamh go héasca agus go sábháilte, agus ní dhéanfaidh sé difear do cheart an tomhaltóra aisíocaíocht nó táirge athsholáthair a fháil ar an táirge aisghairthe faoi mhír 1 den Airteagal seo.

5.   Ní bheidh míchaoithiúlacht shuntasach i gceist leis an leigheas don tomhaltóir. Ní íocfaidh an tomhaltóir as na costais a bhaineann leis an táirge a sheoladh nó a chur ar ais ar shlí eile. I gcás táirgí nach bhfuil iniompartha de bharr a gcineáil, is é an t-oibreoir eacnamaíoch a shocróidh bailiú an táirge.

Airteagal 38

Meabhráin tuisceana

1.   Féadfaidh údaráis náisiúnta inniúla agus an Coimisiún meabhráin tuisceana dheonacha a chur chun cinn le hoibreoirí eacnamaíocha nó le soláthraithe margaí ar líne, chomh maith le heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht do thomhaltóirí nó d’oibreoirí eacnamaíocha, arb é is aidhm dóibh gealltanais dheonacha a thabhairt chun sábháilteacht táirgí a fheabhsú.

2.   Ní dochar gealltanais dheonacha faoi mheabhráin tuisceana den sórt sin d’oibleagáidí na n-oibreoirí eacnamaíocha agus na soláthraithe margaí ar líne faoin Rialachán seo agus faoi dhlí ábhartha eile de chuid an Aontais.

Airteagal 39

Caingne ionadaíocha

Beidh feidhm ag Treoir (AE) 2020/1828 maidir leis na caingne ionadaíocha a thugtar i gcoinne sáruithe a dhéanann oibreoirí eacnamaíocha agus soláthraithe margaí ar líne ar fhorálacha an Rialacháin seo a dhéanann díobháil do chomhleasanna tomhaltóirí nó a d’fhéadfadh díobháil a dhéanamh dóibh.

CAIBIDIL IX

COMHAR IDIRNÁISIÚNTA

Airteagal 40

Comhar idirnáisiúnta

1.   Chun feabhas a chur ar leibhéal foriomlán sábháilteachta na dtáirgí a chuirtear ar fáil ar an margadh agus chun cothrom iomaíochta ar an leibhéal idirnáisiúnta a áirithiú, féadfaidh an Coimisiún comhoibriú, lena n-áirítear trí fhaisnéis a mhalartú, le húdaráis tríú tíortha nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta i réimse chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Beidh aon chomhoibriú den sórt sin bunaithe ar chómhalartacht, áireofar ann forálacha maidir le rúndacht a chomhfhreagraíonn do na forálacha sin is infheidhme san Aontas, agus áiritheofar leo go ndéantar aon mhalartú faisnéise i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme. Féadfaidh baint a bheith ag an gcomhoibriú nó ag an malartú faisnéise, inter alia, leis an méid seo a leanas:

(a)

gníomhaíochtaí agus bearta forfheidhmiúcháin a bhaineann le sábháilteacht, d’fhonn freisin cúrsaíocht táirgí contúirteacha a chosc, lena n-áirítear faireachas margaidh;

(b)

modhanna measúnaithe riosca agus tástáil táirgí;

(c)

aisghairmeacha táirgí comhordaithe agus gníomhaíochtaí eile den chineál céanna;

(d)

ábhair eolaíocha, theicniúla agus rialála, arb é is aidhm dóibh feabhas a chur ar shábháilteacht táirgí agus tosaíochtaí coiteanna agus cineálacha coiteanna cur chuige a fhorbairt ar an leibhéal idirnáisiúnta;

(e)

fadhbanna atá ag teacht chun cinn a bhfuil tábhacht shuntasach sláinte agus sábháilteachta ag baint leo;

(f)

úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí nua chun feabhas a chur ar shábháilteacht táirgí agus inrianaitheacht a mhéadú sa slabhra soláthair;

(g)

gníomhaíochtaí a bhaineann le caighdeánú;

(h)

oifigigh a mhalartú agus cláir oiliúna.

2.   Féadfaidh an Coimisiún faisnéis roghnaithe ón gCóras Mear-Rabhaidh Safety Gate a sholáthar do thríú tíortha nó d’eagraíochtaí idirnáisiúnta agus faisnéis ábhartha a fháil faoi shábháilteacht táirgí agus faoi bhearta coisctheacha, sriantacha agus ceartaitheacha arna ndéanamh ag na tríú tíortha nó na heagraíochtaí idirnáisiúnta sin. Roinnfidh an Coimisiún faisnéis den sórt sin leis na húdaráis náisiúnta, i gcás inarb ábhartha.

3.   Féadfaidh an malartú faisnéise dá dtagraítear i mír 2 a bheith i bhfoirm ceachtar den dá ní seo a leanas:

(a)

malartú neamhchórasach, i gcásanna cuí-réasúnaithe sonracha; nó

(b)

malartú córasach, bunaithe ar shocrú riaracháin lena sonraítear an cineál faisnéise atá le malartú agus na rialacha mionsonraithe le haghaidh an mhalartaithe.

4.   Féadfaidh tíortha is iarrthóirí agus tríú tíortha a bheith rannpháirteach go hiomlán sa Chóras Mear-Rabhaidh Safety Gate, ar choinníoll go bhfuil a reachtaíocht ailínithe le dlí ábhartha an Aontais agus go bhfuil siad rannpháirteach sa Chóras Eorpach um Chaighdeánú. Beidh na hoibleagáidí céanna i gceist le rannpháirtíocht den sórt sin agus atá i gcás na mBallstát de réir an Rialachán seo, lena n-áirítear oibleagáidí maidir le fógra a thabhairt agus maidir le bearta leantacha. Beidh rannpháirtíocht iomlán sa Chóras Mear-Rabhaidh Safety Gate bunaithe ar chomhaontuithe idir an tAontas agus na tíortha sin, de réir socruithe a shainítear sna comhaontuithe sin.

5.   Aon mhalartú faisnéise faoin Airteagal seo, a mhéid a bhaineann sé le sonraí pearsanta, déanfar é i gcomhréir le rialacha an Aontais maidir le cosaint sonraí. Ní dhéanfar sonraí pearsanta a aistriú ach a mhéid is gá malartú den sórt sin chun sláinte nó sábháilteacht na dtomhaltóirí a chosaint agus chun na críche sin amháin.

6.   Úsáidfear an fhaisnéis arna malartú de bhun an Airteagail seo chun sláinte nó sábháilteacht na dtomhaltóirí a chosaint agus chun na críche sin amháin.

CAIBIDIL X

FORÁLACHA AIRGEADAIS

Airteagal 41

Gníomhaíochtaí a mhaoiniú

1.   Déanfaidh an tAontas na gníomhaíochtaí seo a leanas a mhaoiniú i ndáil le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo:

(a)

cúraimí an Líonra um Shábháilteacht Tomhaltóirí a dhéanamh;

(b)

forbairt agus oibriú an Chórais Mear-Rabhaidh Safety Gate, lena n-áirítear na réitigh idir-inoibritheachta leictreonacha a fhorbairt le haghaidh sonraí a mhalartú:

(i)

idir an Córas Mear-Rabhaidh Safety Gate agus na córais náisiúnta faireachais margaidh;

(ii)

idir an Córas Mear-Rabhaidh Safety Gate agus na córais chustaim;

(iii)

le córais shrianta ábhartha eile arna n-úsáid ag údaráis um fhaireachas margaidh chun a gcríoch forfheidhmithe;

(c)

forbairt agus cothabháil na Tairsí Safety Gate agus Safety Buisness Gateway, lena n-áirítear comhéadan poiblí neamhshrianta bogearraí chun sonraí a mhalartú le hardáin agus le tríú páirtithe.

2.   Féadfaidh an tAontas na gníomhaíochtaí seo a leanas a mhaoiniú i ndáil le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo:

(a)

ionstraimí comhair idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 40 a fhorbairt;

(b)

rannchuidithe leis na treoirlínte um fhaireachas margaidh agus um shábháilteacht táirgí a tharraingt suas agus a nuashonrú;

(c)

saineolas teicniúil nó eolaíoch a chur ar fáil don Choimisiún chun cúnamh a thabhairt don Choimisiún agus an comhar riaracháin um fhaireachas margaidh á chur chun feidhme aige;

(d)

réamhobair nó obair choimhdeach a dhéanamh i dtaca le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí faireachais margaidh a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo amhail staidéir, cláir, meastóireachtaí, treoirlínte, anailísí comparáideacha, comhchuairteanna frithpháirteacha agus cláir cuairteanna, malartú pearsanra, obair thaighde, bunachair sonraí a fhorbairt agus a chothabháil, gníomhaíochtaí oiliúna, obair shaotharlainne, tástáil inniúlachta, tástálacha idirshaotharlainne agus obair measúnaithe comhréireachta;

(e)

feachtais faireachais margaidh de chuid an Aontais agus gníomhaíochtaí gaolmhara, lena n-áirítear acmhainní agus trealamh, uirlisí TF agus oiliúint;

(f)

gníomhaíochtaí a dhéantar faoi chláir um chúnamh teicniúil, comhar le tríú tíortha agus cur chun cinn agus feabhsú bheartais agus chórais faireachais margaidh an Aontais i measc páirtithe leasmhara ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta, lena n-áirítear gníomhaíochtaí a dhéanann eagraíochtaí tomhaltóirí chun feabhas a chur ar fhaisnéis do thomhaltóirí.

3.   Déanfar cúnamh teicniúil an Aontais do na gníomhaíochtaí faoin Rialachán seo a chur chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (31), go díreach nó go hindíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a tharmligean chuig na heintitis a liostaítear in Airteagal 62(1), pointe (c), den Rialachán sin.

4.   Na leithreasuithe arna leithdháileadh ar na gníomhaíochtaí dá dtagraítear sa Rialachán seo, déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle iad a chinneadh gach bliain laistigh de theorainneacha an chreata airgeadais atá i bhfeidhm.

5.   Féadfar a chumhdach freisin leis na leithreasuithe arna gcinneadh ag Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle chun gníomhaíochtaí faireachais margaidh a mhaoiniú costais a bhaineann le gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchóireachta agus meastóireachta a bhfuil gá leo chun na gníomhaíochtaí de bhun an Rialacháin seo a bhainistiú agus chun a gcuspóirí a bhaint amach; go háirithe, staidéir, cruinnithe saineolaithe, gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, lena n-áirítear cumarsáid chorparáideach maidir le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais a mhéid a bhaineann siad le cuspóirí ginearálta gníomhaíochtaí faireachais margaidh, costais a bhaineann le líonraí teicneolaíochta faisnéise atá dírithe ar phróiseáil agus ar mhalartú faisnéise, mar aon le gach costas eile maidir le cúnamh teicniúil agus riaracháin arna thabhú ag an gCoimisiún chun na gníomhaíochtaí de bhun an Rialacháin seo a bhainistiú.

Airteagal 42

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

1.   Déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí chun a áirithiú, nuair a chuirtear gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin Rialachán seo chun feidhme, go gcosnaítear leasanna airgeadais an Aontais trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne na calaoise, an éillithe agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, trí sheiceálacha éifeachtacha a dhéanamh agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí na méideanna a íocadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis riaracháin agus airgeadais atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach a ghearradh.

2.   Beidh cumhacht ag an gCoimisiún nó ag a ionadaithe agus ag an gCúirt Iniúchóirí iniúchtaí a dhéanamh, ar bhonn doiciméad agus cigireachtaí ar an láthair, ar gach tairbhí deontais, ar gach conraitheoir agus ar gach fochonraitheoir a fuair cistí ón Aontas faoi Chlár an Mhargaidh Aonair agus faoin gclár a thagann i gcomharbacht air i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle (32).

3.   Féadfaidh OLAF imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (33) agus i Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96, d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le comhaontú deontais nó le cinneadh deontais nó le conradh a mhaoinítear faoin gclár.

4.   Gan dochar do mhíreanna 1, 2 agus 3, beidh forálacha i gcomhaontuithe comhair le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, i gconarthaí, i gcomhaontuithe deontais agus i gcinntí deontais a thagann as cur chun feidhme an Rialacháin seo, ar forálacha iad lena dtugtar an chumhacht go sainráite don Choimisiún, don Chúirt Iniúchóirí agus do OLAF iniúchtaí agus imscrúduithe den sórt sin a dhéanamh, i gcomhréir lena gcuid inniúlachtaí faoi seach.

CAIBIDIL XI

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 43

Dliteanas

1.   Aon chinneadh a dhéantar de bhun an Rialacháin seo lena bhforchuirtear srianta maidir le táirge a chur ar an margadh nó táirge a chur ar fáil ar an margadh nó lena n-éilítear an táirge sin a tharraingt siar nó a aisghairm, ní dhéanfaidh an cinneadh sin difear don mheasúnú ar dhliteanas an pháirtí lena mbaineann, i bhfianaise an dlí náisiúnta is infheidhme sa chás atá i gceist.

2.   Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do Threoir 85/374/CEE ón gComhairle (34).

Airteagal 44

Pionóis

1.   Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo a leagan síos, ar forálacha iad lena bhforchuirtear oibleagáidí ar oibreoirí eacnamaíocha agus ar sholáthraithe margaí ar líne, agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

2.   Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

3.   Faoin 13 Nollaig 2024, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha sin agus na bearta sin, i gcás nár tugadh fógra fúthu roimhe sin, agus tabharfaidh siad fógra dó, gan mhoill, faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanann difear dóibh.

Airteagal 45

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 18(3) agus in Airteagal 26(10) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ón 12 Meitheamh 2023.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 18(3) agus in Airteagal 26(10) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 18(3) nó Airteagal 26(10) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 3 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 46

An nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

4.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, i gcomhar le hAirteagal 5 de.

Airteagal 47

Meastóireacht agus athbhreithniú

1.   Faoin 13 Nollaig 2029 déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo. Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil ar na príomhthorthaí a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Déanfar a mheasúnú sa tuarascáil sin cibé an ndearna an Rialachán seo, agus go háirithe Airteagail 18, 22 agus 25, an cuspóir maidir le cosaint tomhaltóirí a fheabhsú i gcoinne táirgí contúirteacha a bhaint amach agus na dúshláin ó theicneolaíochtaí nua agus a thionchar ar ghnólachtaí agus go háirithe ar FBManna á gcur san áireamh.

2.   Faoin 13 Nollaig 2029, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta ar chur chun feidhme Airteagal 16 a tharraingt suas. Déanfar measúnú sa tuarascáil sin, go háirithe, ar raon feidhme, éifeachtaí, agus costais agus tairbhí an Airteagail sin. Beidh togra reachtach, i gcás inarb iomchuí, ag gabháil leis an tuarascáil.

3.   Faoin .13 Nollaig 2027 déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme na bhforálacha maidir le hábhar neamhdhleathach a bhaint de mhargaí ar líne dá dtagraítear in Airteagal 22(4), (5) agus (6) trí bhíthin córas fógartha de chuid an Aontais arna cheapadh agus arna fhorbairt laistigh den Tairseach Safety Gate. Beidh togra reachtach, i gcás inarb iomchuí, ag gabháil le measúnú den sórt sin.

4.   Faoin 13 Nollaig 2026 foilseoidh an Coimisiún tuarascáil maidir le feidhmiú an idirnaisc idir an córas faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2019/1020 agus sa Tairseach Safety Gate dá dtagraítear sa Rialachán seo, lena n-áirítear faisnéis faoina bhfeidhmiúlachtaí faoi seach, feabhsuithe breise nó faoi chomhéadan nua a fhorbairt, más iomchuí.

5.   Faoin 13 Nollaig 2029 déanfaidh an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta ar chur chun feidhme Airteagal 44 a tharraingt suas. Déanfar measúnú sa tuarascáil sin, go háirithe, ar éifeachtacht agus éifeacht dhíspreagthach na bpionós a fhorchuirtear faoin Airteagal sin. Beidh togra reachtach, i gcás inarb iomchuí, ag gabháil leis an tuarascáil.

6.   Arna iarraidh sin, soláthróidh na Ballstáit an fhaisnéis is gá don Choimisiún chun meastóireacht a dhéanamh ar an Rialachán seo.

Airteagal 48

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 10, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘7.   I gcás ina gcomhlíonann caighdeán Eorpach arna dhréachtú chun tacú le Rialachán (AE) 2023/988 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1) an ceanglas sábháilteachta ginearálta a leagtar síos in Airteagal 5 den Rialachán sin agus na ceanglais sábháilteachta shonracha dá dtagraítear in Airteagal 7(2) den Rialachán sin, foilseoidh an Coimisiún tagairt don chaighdeán Eorpach sin gan mhoill in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(*1)  Rialachán (AE) 2023/988 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir (AE) 2020/1828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 87/357/CEE ón gComhairle (IO L 135, 23.5.2023, lch. 1).’;"

(2)

in Airteagal 11, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1, 2 agus 3:

‘1.   Nuair a mheasann Ballstát nó Parlaimint na hEorpa nach gcomhlíonann caighdeán comhchuibhithe nó caighdeán Eorpach arna dhréachtú chun tacú le Rialachán (AE) 2023/988 na ceanglais go hiomlán arb é is aidhm dó iad a chumhdach agus a leagtar amach i reachtaíocht ábhartha an Aontais maidir le comhchuibhiú nó sa Rialachán sin, cuirfidh sé nó sí an Coimisiún ar an eolas faoi sin trí mhíniú mionsonraithe a thabhairt dó. Tar éis dó dul i gcomhairle leis an gcoiste arna chur ar bun le reachtaíocht chomhfhreagrach an Aontais maidir le comhchuibhiú, más ann di, nó leis an gcoiste arna chur ar bun leis an Rialachán sin, nó tar éis cineálacha eile comhairliúcháin le saineolaithe earnálacha, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas a chinneadh:

(a)

na tagairtí don chaighdeán comhchuibhithe nó don chaighdeán Eorpach lena mbaineann arna dhréachtú chun tacú leis an Rialachán sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, nó gan iad a fhoilsiú inti nó iad a fhoilsiú inti faoi shrianta; agus

(b)

na tagairtí don chaighdeán comhchuibhithe nó don chaighdeán Eorpach lena mbaineann arna dhréachtú chun tacú leis an Rialachán sin a choinneáil in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó na tagairtí sin a choinneáil faoi shrianta inti nó iad a tharraingt siar uaithi’.

2.   Foilseoidh an Coimisiún ar a shuíomh gréasáin faisnéis faoi na caighdeáin chomhchuibhithe agus caighdeáin Eorpacha arna ndréachtú chun tacú le Rialachán (AE) 2023/988 ar caighdeáin iad atá faoi réir cinneadh de bhun mhír 1.

3.   Cuirfidh an Coimisiún an eagraíocht Eorpach um chaighdeánú lena mbaineann ar an eolas faoi aon chinneadh a glacadh de bhun mhír 1 agus, más gá, iarrfaidh sé go ndéanfar athbhreithniú ar na caighdeáin chomhchuibhithe nó ar na caighdeáin Eorpacha lena mbaineann arna ndréachtú chun tacú le Rialachán (AE) 2023/988’.

Airteagal 49

Leasú ar Threoir (AE) 2020/1828

In Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/1828, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (8):

‘(8)

Rialachán (AE) 2023/988 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir (AE) 2020/1828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 87/357/CEE ón gComhairle (IO L135,23.5.2023, lch.1).’.

Airteagal 50

Aisghairm

1.   Aisghairtear Treoracha 87/357/CEE agus 2001/95/CE le héifeacht ón 13 Nollaig 2024.

2.   Déanfar tagairtí do na treoracha aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus do Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 51

Foráil idirthréimhseach

Ní chuirfidh na Ballstáit bac ar tháirgí a chur ar fáil ar an margadh, ar táirgí iad a chumhdaítear le Treoir 2001/95/CE, atá i gcomhréir leis an Treoir sin agus a cuireadh ar an margadh roimh an 13 Nollaig 2024.

Airteagal 52

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 13 Nollaig 2024.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 10 Bealtaine 2023.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. ROSWALL


(1)  IO C 105, 4.3.2022, lch. 99.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 30 Márta 2023 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 25 Aibreán 2023.

(3)  Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Nollaig 2001 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí (IO L 11, 15.1.2002, lch. 4).

(4)  Treoir 87/357/CEE ón gComhairle an 25 Meitheamh 1987 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le táirgí a bhfuil cuma mhíthreorach orthu agus ar baol do shláinte nó do shábháilteacht tomhaltóirí iad dá bharr sin (IO L 192, 11.7. 1987, lch. 49).

(5)  Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le faireachas margaidh ar tháirgí agus comhlíonadh táirgí agus lena leasaítear Treoir 2004/42/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 765/2008 agus (AE) Uimh. 305/2011 (IO L 169, 25.6.2019, lch. 1).

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta in ábhair a bhaineann le sábháilteacht bia (IO L 31, 1.2.2002, lch. 1):

(7)  Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (IO L 95, 7.4.2017, lch. 1).

(8)  Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2004 maidir le hábhair agus le hearraí a bheartaítear a bheith i dtadhall le bia, agus lena n-aisghairtear Treoir 80/590/CEE agus Treoir 89/109/CEE (IO L 338, 13.11.2004, lch. 4).

(9)  Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE ón gComhairle (IO L 317, 23.11.2016, lch. 4).

(10)  Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena leagtar síos rialacha sláinte maidir le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe nach bhfuil ceaptha mar bhia don duine agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1774/2002 (Rialachán maidir le seachtháirgí ainmhithe) (IO L 300, 14.11.2009, lch. 1).

(11)  Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/EEC ón gComhairle (IO L 309, 24.11.2009, lch. 1).

(12)  Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta de chuid an Aontais Eorpaigh, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (IO L 212, 22.8.2018, lch. 1).

(13)  Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha a chur san áireamh (IO L 347, 11.12.2006, lch. 1).

(14)  Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 316, 14.11.2012, lch. 12).

(15)  Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 304, 22.11.2011, lch. 64).

(16)  Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe dlíthiúla áirithe de sheirbhísí na sochaí faisnéise, go háirithe tráchtáil leictreonach, sa Mhargadh Inmheánach (‘an Treoir maidir le tráchtáil leictreonach’) (IO L 178, 17.7.2000, lch. 1).

(17)  Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) (IO L 277, 27.10.2022, lch. 1).

(18)  Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).

(19)  Treoir (AE) 2019/771 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí i ndáil le díolacháin earraí, lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2394 agus Treoir 2009/22/CE, agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/44/CE (IO L 136, 22.5.2019, lch. 28).

(20)  Treoir (AE) 2019/770 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí chun ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha a sholáthar (IO L 136, 22.5.2019, lch. 1).

(21)  Treoir (AE) 2020/1828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2020 maidir le caingne ionadaíocha chun comhleasanna tomhaltóirí a chosaint agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/22/CE (IO L 409, 4.12.2020, lch. 1).

(22)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(23)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(24)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(25)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(26)  Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37).

(27)  Treoir 97/67/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 1997 maidir le comhrialacha chun an margadh inmheánach Comhphobail i seirbhísí poist a fhorbairt agus cáilíocht na seirbhíse a fheabhsú (IO L 15, 21.1.1998, lch. 14).

(28)  Rialachán (AE) 2018/644 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Aibreán 2018 maidir le seirbhísí seachadta beartán trasteorann (IO L 112, 2.5.2018, lch. 19).

(29)  Rialachán (AE) 2019/515 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 maidir le haitheantas frithpháirteach earraí atá ar an margadh go dleathach i mBallstát eile agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 764/2008 (IO L 91, 29.3.2019, lch. 1).

(30)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/417 ón gCoimisiún an 8 Samhain 2018 lena leagtar síos treoirlínte maidir le bainistiú Chóras an Aontais um Mearfhaisnéis ‘RAPEX’ arna bhunú faoi Airteagal 12 de Threoir 2001/95/CE maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí agus a chóras fógartha (IO L 73, 15.3.2019, lch. 121).

(31)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(32)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).

(33)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(34)  Treoir 85/374/CEE ón gComhairle an 25 Iúil 1985 maidir le comhfhogasú dhlíthe, rialacháin agus fhorálacha riaracháin na mBallstát a bhaineann le dliteanas i leith táirgí lochtacha (IO L 210, 7.8.1985, lch. 29).


IARSCRÍBHINN

Tábla Comhghaoil

Treoir 87/357/CEE

Treoir 2001/95/CE

Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012

An Rialachán seo

 

Airteagal 1(2)

 

Airteagal 2(1) agus (2)

 

Airteagal 2 seachas pointe (a), an dara fomhír agus pointe (b) an dara fomhír

Airteagal 3

 

Airteagal 2, pointe (a), an dara fomhír

Airteagal 2(2), pointe (i) agus Airteagal 2(3)

 

Airteagal 2, pointe (b), an dara fomhír

Airteagal 6(2)

 

Airteagal 3(1)

Airteagal 5

 

Airteagal 3(2)

Airteagal 7(1)

 

Airteagal 3(3)

Airteagal 8

 

Airteagal 3(4)

Airteagal 7(3)

 

Airteagal 4(1), pointí (a) agus (b)

Airteagal 10(1)

Airteagal 7(2)

 

Airteagal 4(1), pointe (c)

-

-

 

Airteagal 4(1), pointe (d)

-

-

 

Airteagal 4(2), an chéad fhomhír

Airteagal 10(7)

Airteagal 48(1), pointe (a)

 

Airteagal 4(2), an dara fomhír

-

-

 

Airteagal 4(2), an tríú fomhír agus an ceathrú fomhír

Airteagal 11(1), pointe (b)

Airteagal 48(1), pointe (b)

 

Airteagal 5(1), an chéad fhomhír

Airteagal 9(7)

 

Airteagal 5(1), an dara fomhír

-

 

Airteagal 5(1), an tríú fomhír, pointe (a)

Airteagal 9(10), (12) agus (13) agus Airteagal 11(9) agus (10)

 

Airteagal 5(1), an tríú fomhír, pointe (b)

Airteagal 9(8) agus Airteagal 11(8)

 

Airteagal 5(1), an ceathrú fomhír, pointe (a)

Airteagal 9(5) agus (6) agus Airteagal 11(3)

 

Airteagal 5(1), an ceathrú fomhír, pointe (b), an chéad abairt

Airteagal 9(2) agus (3)

 

Airteagal 5(1), an ceathrú fomhír, pointe (b), an dara habairt

Airteagal 9(11), (12) agus (13) agus Airteagal 11(9), (10) agus (11)

 

Airteagal 5(1), an cúigiú fomhír

Airteagal 9(8), pointe (a)

 

Airteagal 5(2)

Airteagal 12(1) agus (3)

 

Airteagal 5(3), an chéad fhomhír

Airteagal 9(8), Airteagal 11(8) agus Airteagal 12(4)

 

Airteagal 5(3), an dara fomhír

-

 

Airteagal 5(4)

Airteagal 15

 

Airteagail 6 go 9

Airteagal 2(2), Airteagail 23 agus 44

 

Airteagal 10(1)

Airteagal 30

 

Airteagal 10(2)

Airteagail 31 agus 32

 

Airteagal 11(1), an chéad fhomhír

Airteagal 26(3)

 

Airteagal 11(1), an dara fomhír

-

 

Airteagal 11(1), an tríú fomhír

Airteagal 26(10)

 

Airteagal 11(2)

Airteagal 26(5)

 

Airteagal 12(1), an chéad fhomhír agus an ceathrú fomhír

Airteagal 26(1) agus (2)

 

Airteagal 12(1), an dara fomhír

-

 

Airteagal 12(1), an tríú fomhír

-

 

Airteagal 12(2)

Airteagal 26(5) agus (7)

 

Airteagal 12(3)

Airteagal 26(10)

 

Airteagal 12(4)

Airteagal 40(2) go (6)

 

Airteagal 13

Airteagal 28

 

Airteagail 14 agus 15

Airteagal 46

 

Airteagal 16(1), an chéad fhomhír

Airteagal 33(1)

 

Airteagal 16(1), an dara fomhír

Airteagal 33(2)

 

Airteagal 16(2)

Airteagal 33(3)

 

Airteagal 17

Airteagal 43(2)

 

Airteagal 18(1) agus (2)

Airteagal 23

 

Airteagal 18(3)

Airteagal 43(1)

 

Airteagal 19(1)

-

 

Airteagal 19(2)

Airteagal 47

 

Airteagal 20

-

 

Airteagal 21

Airteagal 52

 

Iarscríbhinn I, (1)

Airteagal 9(8), Airteagal 10(2), pointe (c), Airteagal 11(8) agus Airteagal 12(4)

 

Iarscríbhinn I, (2) agus (3)

Airteagal 26

 

Iarscríbhinn III

-

 

Iarscríbhinn IV

Iarscríbhinn

Airteagail 1 agus 2

 

Airteagal 6(1), an chéad fhomhír agus Airteagal 6(1)(f), pointe (i)

Airteagail 3 go 7

 

-


Top