EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D1211

Cinneadh (AE) 2022/1211 ón gComhairle an 12 Iúil 2022 maidir le glacadh an euro ag an gCróit an 1 Eanáir 2023

ST/9867/2022/INIT

IO L 187, 14.7.2022, p. 31–34 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/1211/oj

14.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 187/31


CINNEADH (AE) 2022/1211 ÓN gCOMHAIRLE

an 12 Iúil 2022

maidir le glacadh an euro ag an gCróit an 1 Eanáir 2023

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 140(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don tuarascáil ón gCoimisiún Eorpach (1),

Ag féachaint don tuarascáil ón mBanc Ceannais Eorpach (2),

Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa (3),

Ag féachaint don phlé sa Chomhairle Eorpach,

Ag féachaint don mholadh ó chomhaltaí na Comhairle a dhéanann ionadaíocht do na Ballstáit arb é an euro an t-airgeadra atá acu (4),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Cuireadh tús leis an tríú céim den aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta (“AEA”) an 1 Eanáir 1999. Ag cruinniú sa Bhruiséil an 3 Bealtaine 1998, chinn an Chomhairle, ag teacht le chéile di i dtionól na gCeann Stáit nó Rialtais, gur chomhlíon an Bheilg, an Ghearmáin, an Spáinn, an Fhrainc, Éire, an Iodáil, Lucsamburg, an Ísiltír, an Ostair, an Phortaingéil agus an Fhionlainn na coinníollacha is gá chun an euro a ghlacadh an 1 Eanáir 1999 (5).

(2)

Le Cinneadh 2000/427/CE (6), chinn an Chomhairle gur chomhlíon an Ghréig na coinníollacha is gá chun an euro a ghlacadh an 1 Eanáir 2001. Le Cinneadh 2006/495/CE (7), chinn an Chomhairle gur chomhlíon an tSlóivéin na coinníollacha is gá chun an euro a ghlacadh an 1 Eanáir 2007. Le Cinntí 2007/503/CE (8) agus 2007/504/CE (9), chinn an Chomhairle gur chomhlíon an Chipir agus Málta na coinníollacha is gá chun an euro a ghlacadh an 1 Eanáir 2008. Le Cinneadh 2008/608/CE (10), chinn an Chomhairle gur chomhlíon an tSlóvaic na coinníollacha is gá chun an euro a ghlacadh. Le Cinneadh 2010/416/AE (11), chinn an Chomhairle gur chomhlíon an Eastóin na coinníollacha is gá chun an euro a ghlacadh. Le Cinneadh 2013/387/AE (12), chinn an Chomhairle gur chomhlíon an Laitvia na coinníollacha is gá chun an euro a ghlacadh. Le Cinneadh 2014/509/AE (13), chinn an Chomhairle gur chomhlíon an Liotuáin na coinníollacha is gá chun an euro a ghlacadh.

(3)

I gcomhréir le pointe 1 de Phrótacal Uimh. 16 maidir le forálacha áirithe a bhaineann leis an Danmhairg, atá i gceangal leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh agus leis an gCinneadh arna ghlacadh ag na Cinn Stáit nó Rialtais i nDún Éideann i mí na Nollag 1992, chuir an Danmhairg in iúl don Chomhairle nach mbeidh sí rannpháirteach sa tríú céim AEA. Níor iarr an Danmhairg an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 140(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a thionscnamh.

(4)

De bhua Chinneadh 98/317/CE, is Ballstát í an tSualainn a bhfuil maolú aici de réir bhrí Airteagal 139(1) CFAE. I gcomhréir le hAirteagal 4 d’Ionstraim Aontachais 2003 (14), is Ballstáit ar leith a bhfuil maolú acu de réir bhrí Airteagal 139(1) CFAE iad Poblacht na Seice, an Ungáir agus an Pholainn. I gcomhréir le hAirteagal 5 d’Ionstraim Aontachais 2005 (15), is Ballstáit ar leith iad an Bhulgáir agus an Rómáin a bhfuil maolú acu de réir bhrí Airteagal 139(1) CFAE. I gcomhréir le hAirteagal 5 d’Ionstraim Aontachais 2012 (16), is Ballstát í an Chróit a bhfuil maolú aici de réir bhrí Airteagal 139(1) CFAE.

(5)

Bunaíodh an Banc Ceannais Eorpach (“BCE”) an 1 Iúil 1998. Cuireadh sásra ráta malairte in ionad an Chórais Eorpaigh Airgeadaíochta, córas ar comhaontaíodh é a bhunú leis an Rún ón gComhairle Eorpach maidir le sásra ráta malairte a bhunú sa tríú céim den aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta an 16 Meitheamh 1997 (17). Na nósanna imeachta maidir le sásra ráta malairte i gcéim a trí den aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta (ERM II), leagadh síos iad i gComhaontú an 16 Márta 2006 idir an Banc Ceannais Eorpach agus bainc cheannais náisiúnta na mBallstát atá lasmuigh den limistéar euro, comhaontú lena leagtar síos na nósanna imeachta oibriúcháin le haghaidh sásra ráta malairte i gcéim a trí den aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta (18).

(6)

Le hAirteagal 140(2) CFAE leagtar síos na nósanna imeachta maidir le maoluithe na mBallstát lena mbaineann a aisghairm. Ar a laghad uair amháin gach 2 bhliain nó arna iarraidh sin do Bhallstát a bhfuil maolú aige, tá an Coimisiún agus BCE le tuairisciú don Chomhairle i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 140(1) CFAE.

(7)

Tá an reachtaíocht náisiúnta sna Ballstáit, lena n-áirítear reachtanna na mbanc ceannais náisiúnta, le hoiriúnú de réir mar is gá d’fhonn comhoiriúnacht a áirithiú le hAirteagail 130 agus 131 CFAE agus le Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh (“Reacht CEBC agus BCE”). Leis na tuarascálacha ón gCoimisiún agus ó BCE soláthraítear measúnú mionsonraithe ar chomhoiriúnacht reachtaíocht na Cróite le hAirteagail 130 agus 131 den Chonradh agus le Reacht CEBC agus BCE.

(8)

I gcomhréir le hAirteagal 1 de Phrótacal Uimh. 13 maidir leis an gcritéar um chóineasú atá i gceangal le CFAE, ciallaíonn an critéar um chobhsaíocht praghsanna dá dtagraítear in Airteagal 140(1), an chéad fhleasc, CFAE gurb inbhuanaithe an fheidhmíocht praghsanna atá ag Ballstát agus go bhfuil meánráta boilscithe aige, arna bhreathnú thar thréimhse bliana roimh an scrúdú, nach dtéann níos mó ná aon phointe céatadáin go leith os cionn ráta na dtrí Bhallstát, ar a mhéad, is feidhmiúla maidir le cobhsaíocht praghsanna. Chun críoch an chritéir um chobhsaíocht praghsanna, tomhaistear an boilsciú de réir innéacsanna comhchuibhithe praghsanna do thomhaltóirí a shainítear i Rialachán (AE) 2016/792 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19). Chun an critéar um chobhsaíocht praghsanna a mheas, déantar boilsciú Ballstáit a thomhas leis an athrú céatadáin ar an meán uimhríochtúil de 12 innéacs mhíosúla i gcoibhneas le meán uimhríochtúil 12 innéacs mhíosúla ón tréimhse roimhe sin. Sna tuarascálacha ón gCoimisiún agus ó BCE, úsáideadh luach tagartha arna ríomh mar mheán uimhríochtúil simplí de rátaí boilscithe na dtrí Bhallstát ab fhearr feidhmíocht i dtéarmaí cobhsaíocht praghsanna, móide 1,5 pointe céatadáin. Sa tréimhse bliana dar críoch mí Aibreáin 2022, ríomhadh gurb é 4,9 % an luach tagartha boilscithe, agus is iad an Fhrainc, an Fhionlainn agus an Ghréig na trí Bhallstát ab fhearr feidhmíocht i dtéarmaí cobhsaíocht praghsanna, tíortha ag a raibh rátaí boilscithe 3,2 %, 3,3 % agus 3,6 %, faoi seach. I dtaca leis na tíortha nach féidir a mheas gur tagarmharc fiúntach do Bhallstáit eile a rátaí boilscithe, tá údar leis na tíortha sin a eisiamh ó na tíortha is fearr feidhmíocht. Sainaithníodh na hasluitigh sin san am a chuaigh thart in 2004, 2010, 2013, 2014 agus 2016. Faoi láthair, tá údar le Málta agus an Phortaingéil a eisiamh ó na tíortha is fearr feidhmíocht — in Aibreán 2022, ba iad meánrátaí boilscithe 12 mhí Mhálta agus na Portaingéile 2,1 % agus 2,6 % faoi seach agus limistéar an euro 4,4 %. Chun an luach tagartha a ríomh, cuirtear an Fhionlainn agus an Ghréig in ionad Mhálta agus na Portaingéile, arb iad na chéad Bhallstáit eile is ísle ó thaobh meánrátaí boilscithe.

(9)

I gcomhréir le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 13, leis an gcritéar maidir leis an riocht buiséadach rialtais dá dtagraítear in Airteagal 140(1), an dara fleasc, CFAE ceanglaítear nach mbeidh an Ballstát, tráth an scrúdaithe, faoi réir cinneadh ón gComhairle faoi Airteagal 126(6) CFAE go bhfuil easnamh iomarcach ann.

(10)

I gcomhréir le hAirteagal 3 de Phrótacal Uimh. 13, leis an gcritéar um rannpháirtíocht i meicníocht rátaí malairte an Chórais Eorpaigh Airgeadaíochta dá dtagraítear in Airteagal 140(1), an tríú fleasc, CFAE, ceanglaítear nach mór do Bhallstát na gnáthlamhálacha luaineachta dá bhforáiltear le Meicníocht Rátaí Malairte (ERM) an Chórais Eorpaigh Airgeadaíochta a urramú gan ghéartheannais i rith an 2 bhliain deiridh ar a laghad roimh an scrúdú. Go háirithe, ní fhéadfaidh an Ballstát ráta lárnach déthaobhach airgeadra a thíre a dhíluacháil in aghaidh an euro ar a thionscnamh féin ar feadh na tréimhse céanna. Ó bhí an 1 Eanáir 1999 ann, soláthraíonn ERM II an creat chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh an chritéir ráta malairte. Agus measúnú á dhéanamh ag an gCoimisiún agus ag BCE ina dtuarascálacha ar chomhlíonadh an chritéir sin, scrúdaigh siad an tréimhse 2 bhliain dar críoch an 18 Bealtaine 2022.

(11)

I gcomhréir le hAirteagal 4 de Phrótacal Uimh. 13, ciallaíonn an critéar um chóineasú rátaí úis dá dtagraítear in Airteagal 140(1), an ceathrú fleasc, de CFAE go raibh ag Ballstát, arna bhreathnú thar thréimhse bliana roimh an scrúdú, meánráta ainmniúil fadtéarmach úis nach dtéann níos mó ná dhá pointe céatadáin os cionn ráta na dtrí Bhallstát, ar a mhéad, is feidhmiúla maidir le cobhsaíocht praghsanna. Is é an critéar a úsáideadh chun measúnú a dhéanamh ar chóineasú rátaí úis, rátaí úis inchomparáide ar bhannaí tagarmhairc rialtais 10 mbliana. Chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh an chritéir um rátaí úis, sna tuarascálacha ón gCoimisiún agus ó BCE breithníodh luach tagartha arna ríomh mar mheán uimhríochtúil simplí de rátaí boilscithe na dtrí Bhallstát ab fhearr feidhmíocht i dtéarmaí cobhsaíocht praghsanna, móide dhá phointe céatadáin. Tá an luach tagartha bunaithe ar na rátaí úis fadtéarmacha sa Fhrainc (0,3 %), san Fhionlainn (0,2 %) agus sa Ghréig (1,4 %) agus 2,6 % a bhí sé sa tréimhse bliana dar críoch mí Aibreáin 2022.

(12)

I gcomhréir le hAirteagal 5 de Phrótacal Uimh. 13, chuir Coimisiún na sonraí a úsáideadh chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcritéar um chóineasú ar fáil. Chuir an Coimisiún sonraí buiséadacha ar fáil tar éis do na Ballstáit iad a thuairisciú roimh an 1 Aibreán 2022, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 479/2009 ón gComhairle. (20).

(13)

Ar bhonn tuarascálacha arna gcur i láthair ag an gCoimisiún agus ag BCE maidir le dul chun cinn na Cróite i dtaca le comhlíonadh a hoibleagáidí maidir le haontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta a ghnóthú, is é an chonclúid atá ann go bhfuil reachtaíocht náisiúnta na Cróite, lena n-áirítear reachtanna a bainc ceannais náisiúnta, comhoiriúnach le hAirteagail 130 agus 131 den Chonradh agus le Reacht CEBC agus BCE.

(14)

Ar bhonn tuarascálacha arna dtíolacadh ag an gCoimisiún agus ag BCE maidir leis an dul chun cinn atá déanta ag an gCróit i gcomhlíonadh a hoibleagáidí maidir le gnóthú an aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta, cinntear, maidir leis an gCróit na critéir um chóineasú a luaitear sna ceithre fhleasc d’Airteagal 140(1) CFAE a chomhlíonadh: is é 4,7 % a bhí sa mheánráta boilscithe sa Chróit sa bhliain dar críoch Aibreán 2022, ráta atá faoi bhun an luacha tagartha, agus is dócha go bhfanfaidh sé faoi bhun an luacha tagartha sna míonna amach romhainn; nach bhfuil an Chróit faoi réir cinneadh ón gComhairle maidir le heasnamh iomarcach a bheith ann; tá an Chróit ina ball de ERM II ó bhí an 10 Iúil 2020 ann agus le linn an 2 bhliain roimh an measúnú, ní raibh ráta malairte an kuna (HRK) faoi réir géartheannas agus níor dhíluacháil an Chróit ráta lárnach déthaobhach HRK in aghaidh an euro ar a tionscnamh féin; agus sa bhliain dar críoch Aibreán 2022, is é 0,8 % ar an meán an ráta úis fadtéarmach sa Chróit, ráta atá go mór faoi bhun an luacha tagartha.

(15)

I bhfianaise an mheasúnaithe ar chomhoiriúnacht dhlíthiúil agus ar chomhlíonadh na gcritéar um chóineasú agus na dtosca breise, comhlíonann an Chróit na coinníollacha is gá chun an euro a ghlacadh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Comhlíonann an Chróit na coinníollacha is gá chun an euro a ghlacadh. An maolú dá dtagraítear in Airteagal 5 d’Ionstraim Aontachais 2012, aisghairfear é le héifeacht ón 1 Eanáir 2023.

Airteagal 2

Dírítear an Cinneadh seo chuig na Ballstáit.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 12 Iúil 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

Z. STANJURA


(1)  Tuarascáil an 1 Meitheamh 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Tuarascáil an 1 Meitheamh 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(3)  Tuairim an 5 Iúil 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(4)  IO C 238, 21.6.2022, lch. 1.

(5)  Cinneadh 98/317/CE ón gComhairle an 3 Bealtaine 1998 i gcomhréir le hAirteagal 109j(4) den Chonradh (IO L 139, 11.5.1998, lch. 30).

(6)  Cinneadh 2000/427/CE ón gComhairle an 19 Meitheamh 2000 i gcomhréir le hAirteagal 122(2) den Chonradh maidir le glacadh an airgeadra aonair ag an nGréig an 1 Eanáir 2001 (IO L 167, 7.7.2000, lch. 19).

(7)  Cinneadh 2006/495/CE ón gComhairle an 11 Iúil 2006 i gcomhréir le hAirteagal 122(2) den Chonradh maidir le glacadh an airgeadra aonair ag an tSlóivéin an 1 Eanáir 2007 (IO L 195, 15.7.2006, lch. 25).

(8)  Cinneadh 2007/503/CE ón gComhairle an 10 Iúil 2007 i gcomhréir le hAirteagal 122(2) den Chonradh maidir le glacadh an airgeadra aonair ag an gCipir an 1 Eanáir 2008 (IO L 186, 18.7.2007, lch. 29).

(9)  Cinneadh 2007/504/CE ón gComhairle an 10 Iúil 2007 i gcomhréir le hAirteagal 122(2) den Chonradh maidir le glacadh an airgeadra aonair ag Málta an 1 Eanáir 2008 (IO L 186, 18.7.2007, lch. 32).

(10)  Cinneadh 2008/608/CE ón gComhairle an 8 Iúil 2008 i gcomhréir le hAirteagal 122(2) den Chonradh maidir le glacadh an airgeadra aonair ag an tSlóvaic an 1 Eanáir 2009 (IO L 195, 24.7.2008, lch. 24).

(11)  Cinneadh 2010/416/AE ón gComhairle an 13 Iúil 2010 i gcomhréir le hAirteagal 140(2) den Chonradh maidir le glacadh an euro ag an Eastóin an 1 Eanáir 2011 (IO L 196, 28.7.2010, lch. 24).

(12)  Cinneadh 2013/387/AE ón gComhairle an 9 Iúil 2013 maidir le glacadh an euro ag an Laitvia an 1 Eanáir 2014 (IO L 195, 18.7.2013, lch. 24).

(13)  Cinneadh 2014/509/AE ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le glacadh an euro ag an Liotuáin an 1 Eanáir 2015 (IO L 228, 31.7.2014, lch. 29).

(14)  IO L 236, 23.9.2003, lch. 33.

(15)  IO L 157, 21.6.2005, lch. 203.

(16)  IO L 112, 24.4.2012, lch. 21.

(17)  IO C 236, 2.8.1997, lch. 5.

(18)  IO C 73, 25.3.2006, lch. 21.

(19)  Rialachán (AE) 2016/792 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le hinnéacsanna comhchuibhithe praghsanna do thomhaltóirí agus maidir leis an innéacs praghsanna tithe, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2494/95 ón gComhairle (IO L 135, 24.5.2016, lch. 11).

(20)  Rialachán (CE) Uimh. 479/2009 ón gComhairle an 25 Bealtaine 2009 maidir le cur i bhfeidhm an Phrótacail maidir leis an nós imeachta um easnamh iomarcach atá i gceangal leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh (IO L 145, 10.6.2009, lch. 1).


Top