Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R2115

    Rialacha agus tacaíocht airgeadais maidir le Pleananna Straitéiseacha CBT

    Rialacha agus tacaíocht airgeadais maidir le Pleananna Straitéiseacha CBT

     

    ACHOIMRE AR:

    Rialachán (AE) 2021/2115 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe

    CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

    Leagtar amach leis comhbheartas talmhaíochta (CBT) nua de chuid an Aontais Eorpaigh (AE) le haghaidh 2023-2027, a bhfuil sé mar aidhm leis bheith níos córa, níos glaise agus bunaithe níos mó ar fheidhmíocht. Féachtar leis le staid feirmeoirí sa slabhra soláthair a neartú agus iomaíochas san earnáil agraibhia a threisiú. Tá sé mar aidhm leis an CBT nua an méid seo a leanas a dhéanamh:

    • feabhas a chur ar an méid a chuireann an talmhaíocht le spriocanna comhshaoil agus aeráide AE;
    • tacaíocht níos spriocdhírithe a thabhairt d’fheirmeacha beaga; agus
    • solúbthacht níos mó a thabhairt do Bhallstáit AE maidir le bearta chur in oiriúint do na dálaí áitiúla.

    Ní mór do 40 % de bhuiséad CBT a bheith ábhartha ó thaobh na haeráide de agus tacaíocht a léiriú don ghealltanas ginearálta 10 % de bhuiséad AE a thabhairt i gcomhair chuspóirí na bithéagsúlachta faoi dheireadh chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027 an Aontais Eorpaigh.

    PRÍOMHPHOINTÍ

    Tá feidhm ag an rialachán maidir le cabhair AE arna maoiniú ón gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) le haghaidh aighneachtaí arna ndéanamh ag na Ballstáit agus arna bhfaomhadh ag an gCoimisiún Eorpach, le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2023 go dtí an 31 Nollaig 2027.

    • Déantar scéimeanna tacaíochta ioncaim d’fheirmeoirí agus do bhearta tacaíochta margaidh (bearta lena dtacaítear leis na margaí talmhaíochta agus lena ndéantar iad a chobhsú) a mhaoiniú ó CERT.
    • Is é CETFT cion an CBT le tacaíocht AE le haghaidh idirghabháil i bhforbairt tuaithe. Maoinítear bearta leis chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
      • feabhas a chur ar iomaíochas talmhaíochta;
      • bainistíocht acmhainní inbhuanaithe agus gníomhú ar son na haeráide a chur chun cinn; agus
      • forbairt chríochach chothrom limistéar tuaithe a bhaint amach.
    • Is iad seo a leanas na leithdháiltí airgeadais a bhaineann leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027:
      • €291.1 billiún le haghaidh CERT; agus
      • €95.5 billiún le haghaidh CETFT.

    CBT níos córa agus níos glaise

    Ba cheart go gcuirfeadh tacaíocht ó CERT agus ó CETFT leis na cuspóirí sonracha seo a leanas:

    • tacaíocht a thabhairt i gcomhair ioncam feirme inmharthana agus athléimneacht na hearnála talmhaíochta ar fud an Aontais Eorpaigh chun slándáil bia fhadtéarmach agus éagsúlacht talmhaíochta a fheabhsú agus chun inbhuanaitheacht eacnamaíoch na talmhaíochta a áirithiú;
    • iomaíochas feirmeacha a mhéadú sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma araon, agus béim níos mó ar thaighde, ar theicneolaíocht agus ar dhigitiú san áireamh;
    • feabhas a chur ar staid feirmeoirí sa slabhra luacha;
    • cur le maolú ar an athrú aeráide agus le hoiriúnú don athrú aeráide, lena n–áirítear trí astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, gabháil agus stóráil carbóin a fheabhsú, agus fuinneamh inbhuanaithe a chur chun cinn;
    • forbairt inbhuanaithe a chothú agus bainistiú éifeachtach a dhéanamh ar acmhainní nádúrtha amhail uisce, ithir agus aer;
    • cur le cailliúint na bithéagsúlachta a stopadh agus a aisiompú, seirbhísí éiceachórais a fheabhsú agus gnáthóga agus tírdhreacha a chaomhnú;
    • glúin úr feirmeoirí a mhealladh agus a choimeád agus forbairt ghnó tuaithe inbhuanaithe a éascú;
    • fostaíocht, fás, comhionannas inscne (rannpháirtíocht na mban san fheirmeoireacht san áireamh), cuimsiú sóisialta agus forbairt áitiúil i limistéir thuaithe a chur chun cinn, lena n–áirítear an bithgheilleagar ciorclach agus foraoiseacht inbhuanaithe;
    • feabhas a chur ar fhreagairt thalmhaíocht AE ar éilimh bhia agus sláinte na sochaí, lena n–áirítear trí bhia inbhuanaithe ardchaighdeáin, sábháilte agus cothaitheach a sholáthar, dramhbhia a laghdú, leas ainmhithe a fheabhsú agus frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha a chomhrac;
    • talmhaíocht agus limistéir thuaithe a nuachóiriú trí chomhroinnt eolais níos leithne, nuálaíocht agus digitiú agus rochtain níos fearr ar thaighde agus ar oiliúint d’ fheirmeoirí;
    • ualach riaracháin a laghdú agus cur chun feidhme CBT a shimpliú.

    Pleananna straitéiseacha CBT

    Ionas go mbeidh siad ábalta tacaíocht a sholáthar d’fheirmeoirí agus do thairbhithe eile ó CERT agus ó CETF, ní mór do na Ballstáit plean straitéiseach CBT ar an leibhéal náisiúnta a fhorbairt, trí réimse idirghabhálacha spriocdhírithe a chur le chéile lena dtabharfar aghaidh ar riachtanais shonracha an Bhallstáit agus a bheidh ábalta cur le cuspóirí ar leibhéal AE, lena n–áirítear an Comhaontú Glas don Eoraip.

    A luaithe a chuirfear na pleananna isteach, ní mór don Choimisiún iad a fhaomhadh roimh a gcur chun feidhme ón 1 Eanáir 2023.

    Déanann an Coimisiún a mheas an gcuireann na pleananna le reachtaíocht agus gealltanais AE nó an bhfuil siad comhsheasmhach le reachtaíocht agus gealltanais AE i ndáil leis an aeráid agus leis an gcomhshaol, lena n–áirítear an straitéis ón bhfeirm go dtí an forc agus an straitéis bhithéagsúlachta. Ní mór do na Ballstáit a bpleananna a thabhairt cothrom le dáta nuair a dhéantar reachtaíocht aeráide agus chomhshaoil a leasú.

    Sna pleananna sin, ní mór do na Ballstáit, i measc nithe eile, an méid seo a leanas a dhéanamh.

    • Riachtanais ioncaim feirmeoirí a mheas agus straitéis athdháileacháin a dhréachtú ina dtugtar aghaidh ar na riachtanais sin. Féadfaidh siad leas a bhaint as raon rialacha agus idirghabhálacha amhail scéim tacaíochta tiomnaithe d’fheirmeoirí beaga, tacaíocht ioncaim athdháilte nó céimlaghdaitheacht/uasteorannú.
    • Measúnú a dhéanamh ar an dóigh ar féidir leo rannpháirtíocht na mban san fheirmeoireacht a mhéadú, dul i ngleic leis na dúshláin ina leith sin agus bearta a áireamh de réir mar is cuí.
    • Córas coinníollachta a chur san áireamh faoina ngearrtar pionós ar fheirmeoirí agus ar thairbhithe a fhaigheann íocaíochtaí díreacha agus a bhaineann leas as bearta forbartha tuaithe áirithe mura gcloíonn siad leis na ceanglais reachtúla um bainistíocht nó leis na caighdeáin maidir le dea–bhail talmhaíochta agus comhshaoil talún (GAEC) arna leagan amach sna pleananna straitéiseacha ina gcumhdaítear:
      • an aeráid agus an comhshaol, lena n–áirítear uisce, ithir agus bithéagsúlacht éiceachórais;
      • sláinte phoiblí agus plandaí;
      • leas ainmhithe.
    • A léiriú faoin 1 Eanáir 2025, go mbeidh feirmeoirí agus faighteoirí eile íocaíochtaí díreacha faoi réir pionós riaracháin má theipeann orthu coinníollacha fostaíochta córa a sholáthar faoi reachtaíocht AE.

    Tacaíonn an Coimisiún leis na Ballstáit tríd an bpróiseas ina bplean straitéiseach a ullmhú chun:

    • go mbainfidh siad lántairbhe as an CBT nua agus as a ionstraimí chun tacú lena gcuid feirmeoirí san aistriú i dtreo inbhuanaitheacht mhéadaithe i gcórais bhia;
    • go gcuimseofar i ngach plean straitéis idirghabhála ina míneofar an dóigh a mbainfidh gach Ballstát úsáid as ionstraimí CBT chun cuspóirí CBT a bhaint amach, i gcomhréir le huaillmhianta an Chomhaontaithe Ghlais.

    Cineálacha idirghabhála faoi íocaíochtaí díreacha CERT

    Tá rialacha mionsonraithe ann a bhaineann leis an méid seo a leanas.

    • Íocaíochtaí díreacha díchúpláilte
      • Tacaíocht ioncaim bhunaidh don inbhuanaitheacht i bhfoirm íocaíocht bhliantúil in aghaidh an heicteáir incháilithe atá dearbhaithe ag feirmeoir gníomhach. Má roghnaíonn Ballstát tacaíocht a chur ar fáil d’fheirmeoirí beaga, féadfaidh sé é sin a dhéanamh trí chnapshuim nó trí mhéid faoi leith in aghaidh an heicteáir. Níor cheart go mbeadh íocaíochtaí bliantúla le feirmeoirí beaga níos mó ná €1,250.
      • Tacaíocht bhreisluacha ioncaim don inbhuanaitheacht – tá 10 % ar a laghad d’íocaíochtaí díreacha le déanamh ar an áis tacaíochta ioncaim athdháilte, chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais ioncaim feirmeacha beaga agus meánmhéide ar bhealach níos fearr. Féadfaidh na Ballstáit eisceachtaí a dhéanamh más féidir leo a léiriú go bhfuil a riachtanais níos ísle nó go bhfuil siad ag baint leas as idirghabhálacha eile chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais ioncaim dá leithéid.
      • Tacaíocht ioncaim chomhlántach d’fheirmeoirí óga, a dheonaítear ar feadh uastréimhse cúig bliana. Is féidir leis an tacaíocht a bheith i bhfoirm íocaíocht bhliantúil díchúpláilte de réir an heicteáir incháilithe nó íocaíocht chnapshuime in aghaidh an fheirmeora óig. Beidh ar na Ballstáit 3 % ar a laghad dá mbuiséad íocaíochtaí díreacha a dháileadh ar fheirmeoirí óga, i bhfoirm tacaíocht ioncaim nó infheistíochta nó cúnamh nuathionscanta.
      • Éiciscéimeanna d’fheirmeoirí a ngabhann orthu féin cloí le cleachtais talmhaíochta atá tairbhiúil don aeráid, don chomhshaol agus do leas ainmhithe, agus frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha a chomhrac; leithdháiltear 25 % ar a laghad den bhuiséad le haghaidh íocaíochtaí díreacha ar éiciscéimeanna.
    • Íocaíochtaí díreacha cúpláilte
      • Tacaíocht ioncaim chúpáilte i bhfoirm íocaíocht bhliantúil, in aghaidh an heicteáir nó in aghaidh an ainmhí, in earnálacha áirithe nó cineálacha feirmeoireachta lena mbaineann tábhacht shocheacnamaíoch nó chomhshaoil.
      • Íocaíocht i leith barr sonrach le haghaidh cadáis sa Bhulgáir, sa Ghréig, sa Phortaingéil agus sa Spáinn.

    Idirghabháil in earnálacha áirithe margaidh

    Tá rialacha mionsonraithe ann maidir le cineálacha idirghabhála sna hearnálacha seo a leanas:

    • torthaí agus glasraí;
    • táirgí talmhaíochta;
    • fíon;
    • leannlusanna;
    • ola olóige agus ológa boird;
    • earnálacha eile arna leagan amach i Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 agus earnálacha atá liostaithe in Iarscríbhinn VI den rialachán seo, Rialachán (AE) 2021/2115.

    Maidir le gach earnáil, leagtar amach cuspóirí sa rialachán agus liostaítear ann na cineálacha idirghabhálacha incháilithe. Ag brath ar an earnáil, d’fhéadfadh an tacaíocht a bheith in aon cheann de na foirmeacha seo a leanas:

    • aisíocaíocht costas incháilithe arna dtabhú go hiarbhír ag tairbhí;
    • costais aonaid;
    • cnapshuimeanna;
    • maoiniú ar ráta comhréidh.

    Cineálacha idirghabhála d’ fhorbairt tuaithe faoin CETFT

    Tá rialacha mionsonraithe ann maidir le híocaíochtaí nó tacaíocht le haghaidh:

    • gealltanais chomhshaoil, gealltanais a bhaineann le foraoisí agus gealltanais bhainistíochta eile;
    • srianta nádúrtha nó srianta eile a bhaineann go sonrach le limistéar;
    • míbhuntáistí a bhaineann go sonrach le limistéar mar thoradh ar cheanglais éigeantacha;
    • infheistíochtaí, lena n–áirítear infheistíochtaí in uisciú;
    • feirmeoirí óga agus feirmeoirí nua agus gnólachtaí nuathionscanta tuaithe a bhunú;
    • uirlisí bainistíochta riosca;
    • comhar (lena n–áirítear comhpháirtíochtaí nuálaíochta Eorpacha agus Leader);
    • malartú eolais agus scaipeadh faisnéise.

    Ní mór 35 % ar a laghad den ranníocaíocht CETFT iomlán le plean straitéiseach CBT a choimeád le haghaidh idirghabhálacha a thacaíonn le cuspóirí sonracha comhshaoil agus sláinte, lena n–áirítear leas ainmhithe.

    Chun forbairt áitiúil a chur chun cinn, ní mór leithdháileadh íosta de 5 % ar a laghad de CETFT a dhéanamh le Leader.

    Feidhmíocht, faireachán agus meastóireacht

    Tugtar isteach leis an rialachán sraith choiteann táscairí mar chuid de chreat nua feidhmíochta, faireacháin agus meastóireachta. Déantar faireachán ar na táscairí trí thuarascálacha bliantúla feidhmíochta agus athbhreithniú leathbhliantúil ar fheidhmíocht pleananna straitéiseacha CBT chun measúnú a dhéanamh ar dhul chun cinn na mBallstát maidir lena spriocanna agus cuspóirí CBT a bhaint amach.

    Cúlchiste airgeadais

    Áirítear leis an rialachán cúlchiste airgeadais le haghaidh idirghabháil géarchéime, arb ionann é agus €450 milliún ar a laghad in aghaidh na bliana.

    Reachtaíocht fhorlíontach

    • Le gníomh tarmligthe, Rialachán (AE) 2022/126, forlíontar Rialachán (AE) 2021/2115 le ceanglais bhreise maidir le cineálacha áirithe idirghabhála arna sonrú ag na Ballstáit ina bpleananna straitéiseacha CBT. Áirítear leis chomh maith rialacha maidir leis an gcóimheas le haghaidh chaighdeán GAEC 1 (maidir le stráicí maoláin feadh sruthchúrsaí a bhunú).
    • Leasaítear le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/648 Iarscríbhinn XI maidir le méid na tacaíochta AE do chineálacha idirghabhála um fhorbairt tuaithe don bhliain airgeadais 2023.
    • Déantar foráil i ngníomh cur chun feidhme, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1317, i leith eisceachtaí maidir le cur i bhfeidhm chaighdeáin GAEC 7 (maidir le uainíocht na mbarr i dtalamh arúil, seachas barra atá ag fás faoi uisce) agus 8 (maidir leis an sciar íosta den limistéar talmhaíochta atá tiomanta do limistéir nó do ghnéithe neamhthalmhaíochta) don bhliain éilimh 2023.

    Reachtaíocht roimhe seo a aisghairm

    Aisghairtear leis an rialachán Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 maidir le forbairt tuaithe agus Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 maidir le híocaíochtaí díreacha le feirmeoirí.

    CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

    Tá feidhm leis an rialachán ón 07 Nollaig 2021. Tá na pleananna straitéiseacha CBT i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2023 i leith.

    CÚLRA

    Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

    PRÍOMHDHOICIMÉAD

    Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n–aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 (IO L 435, 6.12.2021, lgh. 1-186).

    Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) 2021/2115 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

    DOICIMÉID GHAOLMHARA

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1475 ón gCoimisiún an 6 Meán Fómhair 2022 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le meastóireacht ar na Pleananna Straitéiseacha CBT agus a mhéid a bhaineann le faisnéis a sholáthar le haghaidh faireacháin agus meastóireachta (IO L 232, 7.9.2022, lgh. 8-36).

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1317 ón gCoimisiún an 27 Iúil 2022 lena ndéantar foráil maidir le maoluithe ar Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le cur i bhfeidhm chaighdeáin 7 agus 8 maidir le dea–riocht talmhaíochta agus comhshaoil talún (caighdeáin GAEC) le haghaidh na bliana éilimh 2023 (IO L 199, 28.7.2022, lgh. 1-4).

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/129 ón gCoimisiún an 21 Nollaig 2021 lena leagtar síos rialacha maidir le cineálacha idirghabhála a bhaineann le síolta ola, cadás agus seachtháirgí fíonóireachta faoi Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus maidir leis na ceanglais faisnéise, phoiblíochta agus infheictheachta a bhaineann le tacaíocht ón Aontas agus le Pleananna Straitéiseacha CBT (IO L 20, 31.1.2022, lgh. 197-205).

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/126 ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le ceanglais bhreise maidir le cineálacha áirithe idirghabhála arna sonrú ag na Ballstáit ina bPleananna Straitéiseacha CBT le haghaidh na tréimhse 2023 go 2027 faoin Rialachán sin mar aon le rialacha maidir leis an gcóimheas i dtaca le caighdeán 1 maidir leis an dea–riocht talmhaíochta agus comhshaoil (GAEC) (IO L 20, 31.1.2022, lgh. 52-94).

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2289 ón gCoimisiún an 21 Nollaig 2021 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cur i láthair ábhar na bPleananna Straitéiseacha CBT agus maidir leis an gcóras leictreonach um malartú slán faisnéise (IO L 458, 22.12.2021, lgh. 463-485).

    Féach an leagan comhdhlúite.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2290 ón gCoimisiún an 21 Nollaig 2021 lena leagtar síos rialacha maidir leis na modhanna chun na comhtháscairí aschuir agus toraidh a ríomh a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n–aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 (IO L 458, 22.12.2021, lgh. 486-493).

    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Straitéis ón bhFeirm go dtí an Forc le haghaidh córas bia atá cóir, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol (COM(2020) 381 final, 20.5.2020).

    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais do 2030 – An dúlra a thabhairt ar ais inár saol (COM(2020) 380 final, 20.5.2020).

    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – An Comhaontú Glas don Eoraip (COM(2019) 640 final, 11.12.2019).

    Rialachán (AE) Uimh 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n–aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 (IO L 347, 20.12.2013, lgh. 671-854).

    Féach an leagan comhdhlúite.

    Nuashonraithe 01.01.2023

    Barr