Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Oiriúnú don athrú aeráide

Tá an t-athrú aeráide, athrú suntasach sa ghnáthaimsir thar na scórtha bliain, ina dhúshlán mór don duine agus don domhan. Cé gur féidir tabhairt faoi bhearta áirithe leis an athrú aeráide a mhaolú (le hastaíochtaí gás ceaptha teasa, atá ina chúis le téamh domhanda, a sheachaint agus a laghdú), caithfear tabhairt faoi bhearta eile chun oiriúnú don athrú aeráide.

Chun oiriúint don athrú aeráide caithfimid ár n-iompar agus na bealaí a ndéanaimid rudaí a athrú le hullmhú do rudaí nach féidir a sheachaint, le gur féidir linn muid féin a chosaint, agus an timpeallacht agus an geilleagar a chosaint ó na tionchair a bhaineann leis an athrú aeráide.

I mí Feabhra 2021, d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach straitéis AE maidir le hoiriúnú don aeráid. Is é an aidhm atá léi cur leis na bearta éagsúla a rinne an tAontas Eorpach chun athrú aeráide a mhaolú trí straitéis a mhíniú le hoiriúnú do na tionchair a bhaineann leis an athrú aeráide. Tá sé d’aidhm léi freisin ní hamháin an tAontas Eorpach a dhéanamh aeráidneodrach (le hastaíochtaí gás ceaptha teasa glan–nialasacha) ach é a dhéanamh aeráid-díonach chomh maith faoi 2050.

Tá na ceithre phríomhchuspóir seo a leanas leis an straitéis.

  • Oiriúnú níos cliste. Ni mór bearta a dhéanamh bunaithe ar shonraí agus ar uirlisí measúnaithe riosca láidre a bheidh ar fáil do chách.
  • Oiriúnú níos tapa. Ní mór dúinn oiriúnú níos tapa agus níos cuimsithí agus díriú ar réitigh a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm chun cabhrú le riosca a bhaineann leis an aeráid a laghdú, chun an chosaint ar an aeráid a mhéadú agus an infhaighteacht uisce úir a chosaint.
  • Oiriúnú níos córasaí. Ós rud é go mbeidh tionchair ag an athrú aeráide ag gach leibhéal den tsochaí agus ar fud gach earnála den gheilleagar, ní mór do gach beart a bheith córasach freisin. Tabharfar tacaíocht leis an straitéis le straitéisí agus pleananna oiriúnaithe a fhorbairt agus a chur chun feidhme tuilleadh ar gach leibhéal rialachais agus tabharfaidh sí tús áite d’oiriúnú a chomhtháthú i mbeartas macraifhioscach, do réitigh dúlrabhunaithe do bheart oiriúnaithe agus do bheart oiriúnaithe áitiúil.
  • Dlús a chur le bearta idirnáisiúnta maidir le hoiriúnú don athrú aeráide. É seo a dhéanamh trí airgeadas idirnáisiúnta a mhéadú agus trí rannpháirtíocht dhomhanda níos láidre agus plé ar oiriúnú.

Cuimsítear na sainmhínithe seo a leanas i ngluais an Painéil Idir–Rialtasaigh ar an Athrú Aeráide ó 2018.

  • Oiriúnú. I gcórais dhaonna, an próiseas oiriúnúcháin d’aeráid iarbhír nó d’aeráid ionchasach agus a tionchair, d’fhonn dochar a laghdú nó d’fhonn tairbhe a bhaint as deiseanna tairbhiúla. I gcórais nádúrtha, an próiseas oiriúnúcháin d’aeráid iarbhír agus a tionchair; b’fhéidir go gcabhródh idirghabháil daoine le hoiriúnú don aeráid ionchasach agus dá tionchair.
  • Athléimneacht. An cumas atá ag córais shóisialta, eacnamaíochta agus thimpeallachta déileáil le teagmhas, nó treocht nó cur isteach contúirteach, freagairt nó atheagrú ar dhóigheanna lena gcoimeádtar a bhfeidhm, a bhféiniúlacht nó a struchtúr riachtanach agus san am céanna a choimeádann an cumas oiriúnú, foghlaim agus athrú ó bhonn.

FÉACH FREISIN

Top